Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Diadha

Title
Duanaire Diadha
Author(s)
Cumann Gaedhealach na h-Eaglaise,
Composition Date
1920
Publisher
Cumann Gaedhalach na h-Eaglaise

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fógradh.



Is éigin dúinn an duanaire do chur i gcló arís,
mar tá an chéad shraith tar éis a dhul as cló agus
tá tuilleadh duan againn anois ba mhaith linn do
chur ann. Fuaireamar an chuid is mó díobh ó Úna
Ní Ógáin, agus támuid buidheach dí ar a son.



Chítear dhúinn gur maith an rud Oifig bheag an
Chumainn do chur ann chomh maith, agus roinnt paid-
reacha ar son na tíre, agus roinnt eile bainte
ós na sean leabhraibh Seirbhíse.


L. 4



L. 5


Lúireach Phádraig.



I.



Ó’n tsean-Ghaedhilg. An Craoibhín.



1. Éirighim indiu
‘Neart tréan, tréan-ghuidhe na Trionóide,
Is creideamh tréanmhar ins an Triúr,
Faoisidin úmhall glan do’n Aondacht
Cruthuightheóir árd na n-uile ndúl.



2. Éirighim indiu
‘Neart beirthe Chríosta, neart a bhaisde,
Neart a chrochta, neart a uaigh’,
Neart agus brigh a dheasgabhála,
Neart a dhul-síos ag breith na mbuadh



3. Éirighim indiu
Neart Ord-na-n-Iruphin i n-áirde
I n-úmhlacht do na h-ainglibh thuas,
I bhfreastal ar árd-ainglibh órdha,
Ag súil le h-eiseirghe go luath.



4. Éirighim indiu
I n-urnuighthibh na n-aitreach n-uasal,
I dtairngireachtaibh na sean-fháidh,
I mbriathraibh dílse gach seanmóra
Ó bhéal na n-abstal - comhrádh cáidh.


L. 6


5. Éirighim indiu
I neamh-urchóid na n-inghean naomhtha,
I gcreideamh ceart na gcoinfeasóir,
I ngníomharthaibh na ndaoine gcreidmheach,
I mbeartaibh fós na bhfíréan gcóir.



6. Éirighim indiu
Mór-neart neimhe, soillse gréine,
Gile gealaighe, teine thréanmhar,
Déine teinntighe, doimhneacht mara,
Luathas gaoithe, seasmhacht talaimh.



7. Glan-neart Dé dom stiúradh,
Cúmhacht Dé dom’ cheartú,
Ciall Dé im’ thimhchioll,
Súile Dé dom’ dhearcadh.



8. Focal Dé im’ labhairt,
Cluasa Dé dom’ éisteacht,
Lámha Dé dom’ chosnamh
Smaointe Dé dom’ éidiugh.’



9. Sluaighte Dé dom’ chosaint,
Sgiatha Dé dom’ dhídean,
Ar na deamhnaibh glice,
Ar gach duailce fíor-dhubh.



10. Ar droch-chlaonadh aigne,
Ar gach námhaid claonta,
A bhfad uaim ‘s i bhfogus,
Fá’n sluagh, nó im’ aonar.


L. 7


11. Eadraim féin agus gach droch-bheart
Cuirim tréan-neart dílis Dé,
Do mo chosaint (corp a’s anam)
Ar gach gádh ionnsóchas mé.



12. Neart éadtrócaireach na námhad,
Ráidhte fáidheadh chanas bréág,
Dlighthe dubha na bpágánach,
Eiricigh na n-inntleacht saobh.



13. Draoidheacht gabhann, ban, a’s druadh,
Adhradh deamhan agus íodhal,
Agus gach droch-eólas coirpthe
Do ghní corp a’s anam críon.



14. Críost indiú dom’ dhídean
Ar nimh, ar losgadh,
Ar bháthadh, ar ghonadh,
Go bhfaghadh a luach lán-aoibhinn.



15. Críost liom, Críost rómham, Críost im’ dhiaigh,
Críost os mo chionn-sa, agus Críost fúm,
Críost i n-a chómhnuidhe in mo chroidhe-se,
Críost, fós, o dheas díom, Críost o thuaith.



16. Críost ar fad a’s Críost ar leithead,
Críost annso a’s Críost annsúd,
Críost i gcroidhe gach uile dhuine
Bhéas ag smaoineadh orm indiú.



17. Gach aon duine de na daoinibh
Labhras liomsa - Críost ‘na bhéal!
Críost i súil gach uile dhuine
Dhearcfas orm-sa feadh an laé.


L. 8


18. Críost i gcluasaibh gach aon duine
Do na daoinibh chloisfeas mé,
Eirighim, creidim, agus glaodhaim
Ar an Trionóid, Triúr ‘na n-Aon.



19. Ó’n Tighearna tig slánughadh
Ó’n Tighearna tig slánughudh
Go raibh do shlánughadh, a Thighearna,
‘Nár measg go saoghal na saoghal.



II.



Ó Ghaedhilic na h-Albann. Feardorcha Ua
Conaill. Sagart.



1. A Dhia bheo! a Rí na nglóir!
Tabhair cluas!
Beannuigh clanna Ádhaimh
Suidhigh síth, díbir fíoch
Is fuath.
Líon gach croidhe le grádh.



2. A Dhia mhóir! a Rí na slógh!
Tabhair cluas!
Beannuigh Inis Fáil.
Ísligh uaill. Is daoine truagha
Tóg suas.
Bain-se leó le báidh.



3. A Dhia naoimh! a Athair chaoimh!
Tabhair cluas!
Beannuigh sinn do ghnáth.
Bí linn dlúth in gach cúis
Is uair.
Riaraigh orainn do ghrás.


L. 9


III.

Úna bean Earnáin Ui Dhiosca.



1. Ó Éist linn, a Dhia,
‘S’ ár dtír dhílis saor,
Ar Fáil mhúirneach aoibhinn
Scaoil beannacht ó’n spéir.
Go raibh Éire arís
In a h-Inis na naomh,
‘S gach olc mallaighthe claoite
Dhá dhíbirt i gcéin.



2. A’s Eaglais na h-Éireann
Do sheirbhíseach umhal -
Stiúruigh í, a Dhé dhíl
Ó éagcóir is duadh.
Gach cloch is ceap tuislidh
Bain dise go luath,
Go raibh sí ar shlighe cheart
Na fírinne ag siubhal.



3. Gan Tusa d’ár n-gárdadh
Is fánach ár n-gnó.
Gan cabhair ó d’ láimh-se
Ní fhuil neart i n-ár slógh.
Beannuigh ár ngníomhartha
‘Dir oidhche is ló
Las Do sholus ‘nár gcroidhthibh
A Thighearna go deó.


L. 10


IV.



Ón Sacsbhéarla. Seóirse Rudha.



1. Tá gairm chum catha dhá séideadh,
Is tiugh ‘s is tréan an námhaid;
A’s naoimh fá’n altóir ag iarraidh
Ca fhada, a Thighearna, an lá?
Tógann fir mhisnigh ‘s dhilseacht’
Brathach a Righ i-n’ áird’
As gluaisid chum na h-iorghaile
Le “Íosa linn go bráth.”



2. Ní h-e seo an t-am chum suaimhnis
Ná suidhe ar thaoibh an róid;
Tiucfaidh sos dúinn ‘san oidhche
Ach obair rómhainn sa ló:
Síor-obair mar rinne Íosa
Ó bhí sé mín a’s óg
Cum aithne Dé ‘chóimhlíonadh,
Óir b’é sin riamh a ghnó.



3. Ar son chreidimh ár sinnsear
Nach rachaidh siar go deo;
Ar son na h-Eaglais’ fír-chirt’
Ár ndún geal seasmhach beo;
Maraon le Críost ár Rí breágh
Beidh an bhuaidh againn ‘san ngleo
Ar smaointidh chlaon’ na h-intinn’
S’ ar choirthibh cholnach’ mhór’.


L. 11


4. A Íosa, bhíos ag toirbhirt
Na craoibh’ do d’ ghaiscighibh tréan’
Go mbeannuigh’ Tú an saothar
Do d’ dhaoinibh dhílse féin.
Go dtigidh tú ‘n’ ár gcroidhthibh
Id rí onórach, glé:
A’s tógfamuid led’ naomhaibh
Gáir mhaoidhte Dhuit-se, a Dhé.



V.



1. Áluinn Dún Mhic Mhuire,
An dún is gloine bláth;
Aoibhneas ann agus ceol,
Ní fhaicthear brón go bráth.



2. Ní fhaicthear ann ceann crom.
Tuirse trom nó cás;
Ní fhaicthear cúis ná coir
Ar aoinneach ann go bráth.



3. Do chidhtear ann do shíor
Aoibhneas Rígh na ngrás;
Do chidhtear sin san dún
Soillse nach múchann smál.



4. An Spiorad Naomh go taitneamhach
Mar gaoithibh siubhlach’ gréine,
Is É ag scaoileadh go ceathannach
Grása Righ na Féile.


L. 12


5. Gorta ‘s íota ‘s ocras
‘S gach uile galar claoidhte,
Aon deoch as tobar na trócaire
D’fhóirfeadh iad sin choidhche.



6. Iompuighmíd ar ár n-ais arís
Go bhfeicmid Rí na ngrásta,
Is iarrmaoid ar ár nglúinibh
Ár leigean ‘san Dún is áilne.



VI.



Trathnóna.



1. A Dhé dhealbhaigh gach ní
S dárbh cúram fós dídean cháich,
Ar ndul dhúinn chum suain anocht
Gabh ár gcúmhdach ort do láimh.



2. Taidhbhsí oidhche noch bhíos saith *
‘S cealg Shátain, nach maith le luadh,
‘S gach siabhra ‘fhásas dá dtaobh siúd,
Cuir iad ar gcúl a bhfad uainn.



3. Árd-Athair na n-uile bhuaidh,
Íosa milis, uaidh do ghin,
‘S an Spioraid sherc shnadhmhas Íad,
A n-iarrmuid sonn, déanaidh sin.



* = Atá olc.


L. 13


VII.



Tráthnóna.



1. Paidir mhilis thrócaireach
Atá lán de ghrása,
Cuirimid-ne chugad-sa
D’ár gcaomhaint ar ár námhaid.



2. Ag luighe dhúinn anocht,
Is ag éirighe dhúinn amárach,
I n-onóir na Trionóide,
‘S i síothcháin na páise.



3. A Íosa mhilis thrócairigh,
A Mhic na h-Óighe cúmhra,
Sabháil inn ar na piantaibh
‘Tá íochtarach dorcha dúnta.



4. Leat a ghnímid ár ngearán
Óir is agad ‘tá ar bhfóirithin;
Seachan inn ar an tseachrán
Is cuir inn ar an eólas.



VIII.



1. Bí a Íosa im’ chroidh-se, i gcuimhne gach uair,
Bí a Íosa im’ chroidhe-se, le h-aithrighe go luath,
Bí a Íosa im’ chroidhe-se, le cumann go buan,
Ó a Íosa, Dhé dhílis, ná sgar, Thusa, uaim.


L. 14


2. Gan Íosa mo smaointe ní thaithnigheann liom
féin;
Gan Íosa mo scríbhinn, nó foghar mo bhéil;
Gan Íosa mo ghníomh-sa ní maith in san t-saoghal,
Ó a Íosa, Dhé dhílis, bí rómham a’s mo dhéidh.



3. ‘Sé Íosa mo Rí-se, mo chara a’s mo ghrádh.
‘Sé Íosa mo dhídean ar pheacaidh a’s ar bhás.
‘Sé Íosa mo aoibhneas, mo sgáthán do ghnáth;
A’s a Íosa, Dhé dhílis ná sgar uaim go bráth.



4. Bí a Íosa go síorraidhe im’ chroidhe a’s im’ bhéal,
Bí a Íosa go síorraidhe im’ thuigse mar an
gcéadn,’
Bí a Íosa go síorraidhe im’ mheabhair mar
Léigheann
‘S Ó a Íosa, Dhé dhílis, ná fág mé liom féin.



IX.



Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunna († 1755).



1. A Íosa, a Naoimh-Spioraid, a Athair, is a Uain
Thug fíor-fhuil do chroidhe dhil d’ár gceannach
go cruaidh,
Bí am dhíon-sa, bí am chuimhdeacht, bí am aice
gach uair,
Má’s luighe dham, má’s suidhe dham, má’s
seasamh, má’s suan.


L. 15


2. Ó ísligh mo dhíoghaltas, is m’fhearg is m’fhuath,
Is díbir na smaointe mallaighthe uaim;
Leig braon beag ó d’Naom-Spioraid beann-
uighthe anuas
A sgaoilfeas mo chroidhe-se tá ‘na charraig le
cruadhas.



3. Tabhair tionnsgaint do m’ ghníomhartha i d’ainm
go buan,
Is críochnuigh le fíor-cheart do ghnáth mo uaill,
I ndúil do bhfuighinn-se a theacht ó gach cealg
is cluain,
A Rí-Mhic, ‘s go bhfuighinn-se bheith ‘g amharc
ort shuas.



X.



Tadhg Gaedhealach Ó Súilleabháin († 1795).



1. Gile mo chroidhe Do chroidhe-se, a Shlánuightheóir
Is ciste mo chroidhe do chroidhe-se d’fhágháil im
chómhair;
Ó’s follas gur líon Do chroidhe de m’ ghrádh-
sa, a Stóir.
I gcochall mo chroidhe Do chroidhe-se fág i
gcómhad.



2. An fhulaingis trínn-ne, a Rí ghil árd na gcómhacht,
Ní thigeann im smaointe a shuidheamh ná a thrácht
i gcóir;
‘S gur b’é goradh-ghoin nimhe Do chroidhe ‘s do
chneádh-sa, a Stóir,
Do bhrostuigh na mílte saoi go sámh fé choróin.


L. 16


3. A Athair, is a Íosa dhíon led’ bhás mé beo,
‘S do dhealbh mo ghnaoi gan chríochnadh ceárd id
chlódh,
Nach danardha an gníomh, a Chríost, nár ghrádhas-
sa fós,
Acht gach uile nídh ‘na mbíodh do ghráin do’n
tsórt.



4. Ar fán cé bhís-se, a Rí ghil naomhtha, ó neamh,
Go cráidhte trínn-ne i slighe nach léir a
mheas,
Do ghrádh-sa, a Chríost, níor mhaoidhis, gur
réab an tsleagh,
Árus dín id chroidhe don tsaoghal ar fad.



XI.



Seán de h-Órtha († 1750).



1. A Mhic Mhuire na ngrás, do cuireadh chum báis,
‘s d’fhuiling an pháis pheannuideach
Do cheannuigh Síol Ádhaimh le h-allus do chnámh,
Le d’fhuil agus cneadha dearga
Freagair mé ‘ghrádh; beir m’anam i dtráth
go Parrthas lán-ghradamach,
Ag caitheamh an tsóláis fhada ghil bhreágh, ‘dir
Apstail is árd-aingealaibh.


L. 17


2. Freagair mé a Chríost, a chara mo chroidhe,
An charraig seo ‘m chlí, corruigh í;
‘S óm’ dhearca leig síos na srotha aithrighe,
Do bhéarfas go críoch Flathais mé.
Mar ‘is peacac mé bhi scannalach síor, droich
bheartach fíor-mhalluighthe,
‘S ná tarair-se baois bheartach an tsaoghail
Ar m’anam le linn sgartha liom.



3. Ní lia le rádh gainimh ar thráigh, nó drúcht ar
bhárr glasra,
‘Ná peaca le suidheamh ar m-anam, fairíor!
Ceangailte ‘om’ chroidhe calcaighthe.
Cidh mór é a dtrian rómham san tSliabh, ní
fhóghnann ciach eagla,
‘S gur mó iad le léigheadh grása Mhic Dé, ‘na
a ndearna an saoghal d’ainbhfios.



XII.



1. A Rí na n-uile fuair tuirse agus péin go docht,
Ná smaoin ár gcionnta, as ná tuig-se go léir
ár locht.
Acht cuimhnigh, a Chumainn, gur fhuilingis céasadh
i gcroich
As ná bhí am ‘choinne lá cruinnighthe an t-saoghail
bhoicht.


L. 18


2. A Mhaoin ‘s a Ghile ó’s deimhin gur clé mo
thoisg,
‘Snach smaoinighim Sibhse do chruthuigh do’n chré
mo chorp,
Mo chroidhe is mo chumann gur thugas do’n
tsaoghal thort,
‘S is gnaoi liom tuitim go minic go faon i
n-olc.



3. A Rí na cruinne ná h-imir do réir ár n-olc,
Do ghním ad choinne le h-iomarca géille ‘on
chorp,
Acht díon-sa mise ar smaointighthibh claona ‘s
ar choir,
Do bhrígh na croise le dtugais Síol Éabha a
broid.



XIII.



Ó “Aithrighe an tSeóighthigh.”



1. A Rí tá ‘r neamh, ná h-agair m’uaill,
Acht coinnigh uaim-se uair mo bháis,
Go n’acluighe an aithrighe an sean-chroidhe
cruaidh
Failligheach fuar tá ann mo lár!



2. Éist mo ghuidhe ‘s ná stop Do chluas
Acht fliuch mo ghruaidhe as sruth na ngrás;
Féach ar an bpeacach bocht i nguais,
‘S gan fear a thruaighe acht Tusa amháin.


L. 19


3. Dóthchas m’anma as Do ghealladh,
Tá mo sheasamh ar Do Láimh;
Is mó Do thrócaire, a bhuidh’chas leat-sa,
Ioná coir pheacaidh shíl Ádhaimh.



4. Taobhaim leat, a Rí na bhfeart,
Gach uile bheathadh ‘s gach uile bhás,
Ná féach, a Thighearna, i ndiaidh mo locht
A’s ní bhéad bocht ó ‘nocht go bráth.



5. A Íosa ‘céasadh ar an gCrois
A’s d’fhulaing tairngidhe, cos as lámh,
Iompuigh liom, a’s iompóchad leat,
‘S nár iompuighead uait arís go bráth.



6. A Rí na righthe, a Rí na cruinne,
A Rí a bhí, a bhéas, ‘s atá,
Go maithir dúinne ‘gur dá bhfuil uile;
- Gabh mo ghuidhe, a Rí na ngrás.



XIV.



1. A Rí nimhe do bhí roimhe, bhéas is tá,
An Naoidhin-leinbh a gclí Mhuire, a Ghéag na
ngrás,
A fhíor-Dhuine do ghnídh tuile tréan do
thráigh,
D’aoin-bhuille sgaoil uile ár n-éagnach tráith.


L. 20


2. Do dhall an rae claon-so mo chroidhe tá am
chliabh,
Is do mheall an saoghal bréagach mo ghnaoi
dá mhian;
Ar an-toil baoth éadrom na clí tá am dhíon
Cabhruigh mé a dhíl-Dhé do bhí, tá is bhias.



3. A Chríost, do cheannuigh ár gceana le céasadh
an Chrainn
Mínigh t’fhearg le Banba an chléir ghluin
chaoin.
Díon is neartuigh ar pheacadh ar feadh féar-
ghuirt Floinn
An fuigheall beag mhaireas ‘n a mbeatha d’fhuil
Éibhir Fhinn.



XV.



An Chomaoin Naomhtha.



Ó’n Laidin i sean-Duanaire Éireannach. An Craoibhín.



1. Tigidh ‘fhíréana, a’s corp Chríosta glacaigidh,
Ólaidh an naomh-fhuil, an fhuil naomh do cheannuigh
sinn.



2. Sibh-se do shlánuigh fuil a’s feoil an Tighearna,
Neartuigheas sinne, glóir do Dhia canaigidh.



3. ‘Sí an tSacramaint-se, A fheóla a’s A fhola-
san
Tharringeas daoine saor ó ifrionn fhoscailte.


L. 21


4. Bronntóir na Saoirse, Críost Mac Dé ar
dTighearna, --
An domhan caillte, Tré na fhuil do cheannuigh
Sé.



5. Ar son gach éinne do marbhadh ar dTighearna,
Ba é an Sagart a’s ba é an íodhbhairt É.



6. D’órduigh an sean-reacht dúinn-ne, ofráil
íodhbartha
(Sómpla nó sgáile na rúindiamhair diadha.)



7. Bronntóir an tSoluis, Slánuightheoir gach
anama,
Thug Sé don fhíréan, tar gach cuimse, bronn-
tanas.



8. Bronnfaidh ár nGárda (ó is É is Stiúruightheoir
Na beatha suthaine) tabhartas do na creid-
mheachaibh.



9. Bheir Sé an t-arán neamhdha do lucht ocaruis,
‘S ó’n tobar shíor-bheó, do lucht-tarta,
deochanna.



10. Alpha ‘s Oméga É féin, Críost ár dTighearna,
Tháinig a’s thiucfas chum ma breithe síorruidhe.


L. 22


XVI.



An Chomaoin Naomhtha.



Aongas Ó Dála Fionn .i. Aongas na Diadhachta
(† 1570).



1. Fáilte rót, a Rí na n-aingeal,
Déis do chaithmhe a chuirp an Rígh,
Ag seo an chlí nar cóir do ghuidhe;
Fóir, a Rí, gach duine dhínn.



2. Dia do bheatha, a Thighearna uasail,
A Íosa Chríost, a chruith shoirbh.
Dia do bheatha, a bhláth an fhaoillidh,
Gnáth beatha gach aoin-fhir oirbh.



3. Dia do bheatha, a bhláth an lile,
A leinbh óig, is ársa aois;
Dia do bheatha, a Chnú mo chroidhe,
‘s tú an bheatha is gloine gaois.



4. Dia do bheatha, a Oighre ‘n Áird-Rígh,
Do airg ifrionn, uaimh na locht;
Dia do bheatha, i gclí d’ár gcabhair,
A Rí an bheatha, i n-aghaidh m’olc.


L. 23


XVII



Tiomna Cholmcille.



1. Comhnuigh, a Chríost, am’ criodhe,
A Choimhdhe, a Mhic Mhuire,
Gach Sáthairn tar, a Bhráthair,
Agus áitigh am’ chroidhe.



2. Ná déan siubhal na saoire
Do nós na ndaoine eile,
A Mhic Dé, tar gach Dómhnach
Agus comhnaigh an chroidhe.



3. Dia Luain insan áit chéadna
A Réalta eóil ár n-anmann,
Comhnuigh, a Chríost, am’ chroidhe,
A Rí nimhe is talmhan.



4. Gach Máirt go lá mo éaga –
Tearc dar déanta a ndearnadh –
Líon mo chroidhe dod’ ró-thoil,
A Oighre an Athar neamhdha.



5. Dia Céadaoin’ a Dhia naomhtha,
Déis ár saortha aroile
Go gcríochnuigh’ Críost an cogadh,
Tar do chodladh am’ chroidhe.



6. Diardaoin a Aoin-Mhic Mhuire
Tar am’ chroidhe led’ ghrásaibh;
Saor mé, a liaigh na cruinne,
A Dhearbhráthair cloine Ádhaimh.


L. 24


7. Tar am’ chroidhe Dia h-Aoine,
A Naomh-Chara, a Mhic Mhuire,
A Liaigh leighis gach anma,
A Lámh cabhra na cruinne.



8. Tar am’ chosa s’ am’ lámhaibh,
Éist, a Bhráthair, mo ghuidhe,
Tar am’ bhéal a’s am’ shúilibh,
Tar, a Dhúilimh, am’ chroidhe.



9. Tar am cheann a’s am chluasaibh,
A Rí uasail an Domhnaigh;
Déis an saortha aroile
Tar am’ chroidhe agus cómhnaigh.



XVIII.



Ó’n Laidin. An Craoibhín.



1. Go moltar thú go síorraidh’
A Chríost, a fhuaisgealtóir,
Do fuair ó bhéalaibh óga
Árd-urraim agus glóir.



2. Rí Israel thú, do tháinig
Ó Dháibhí – mór a chlú –
I n-ainm árd an Tighearna
Is beannuighthe thagann tú.



3. Atáid na sluaighte aingeal
Dod’ mholadh thall go beó;
Béidh an domhan agus na daoine
Dod mholadh ‘bhus go deó.


L. 25


4. Tháinig an pobal Iúdaidhe,
Le craobhachaibh id’ chómh’r,
Le h-immun duit ‘s le h-urnaighth’
Támaoid anois ann seo.



5. Sul chuadais chum do pháise
Thugadar-san duit glóir,
Anois – a’s tú id’ árd-rí –
Cuirimid amhrán rómh’d.



6. Do thaithnigh siad-san leat-sa,
Go dtaithnighmís-ne leat!
A Rí is caoine míne
‘Bhfuil dúil agad san Maith.



XIX.



An Cháisg.



1. Molaimís go léir an t-Aon-Mhac Críost
Do cheannaigh go daor ar an gCrois céasta sinn,
A thiocfas gan baoghal dár saoradh arís,
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



2. Do ghluais an triúr bhan g-cúilfhionn gcaomh,
Bláth na bhfionn mban múinte séimh,
Fé ionnsuidhe thuamb’ Chuirp shuairc Mhic Dé;
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!


L. 26


3. Bhí aingeal gan bréag i mbréithribh fíor
Dá aithris do bhéithibh maordha mín’,
“I nGailílía ‘s eadh tá bhúr Rí.”
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



4. Ar maidin ba séimh iad tréith’ an Triath,
‘Gus na h-easbail naomhtha ag téacht go dian
D’ionnsuidhe thuamba naomh-chuirp Críost;
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



5. ‘Sé dúbhairt an Saoradóir naomhtha linn,
Nuair a tháinig Sé chum A thréid gan teimheal,
“Síothchán Dé n’ bhúr gcaomhnus bíodh!”
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



6. Ní chreidfeadh Tomás go bráth gurbh É
Chun go bhfeicfeadh gan spás le n-a dhá sorc
féin
Rian na sleighe a’s na dtairngí géar’:
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



7. ‘Sé dúbhairt an Rí glan, Críost glan cáim:
“Féach go cruinn ó do chroidhe ar Mo chneadhaibh,
Is tuighte daoibh gur Sinn a fuair an Pháis.”
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



8. Nuair do chonnairc Tomás ann Árd-Fhuil
Críost
A chosa gan cháim a’s A lámha gan teimheal
“Aithnighim É, a’s is É mo Rí!”
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!


L. 27


9. “Is beannuighth’ an té nár ghéar-dhearc Sinn,
A’s a chreidfeadh ó’n gcléir Ár scéalta fíor’;
Flaitheas geal Dé gheobhfaidh sé mar dhíol:
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



10. Míle bhuidheachas leat, a Aoin-Mhic Dé
Do céasadh, a Rí is naomhtha dlighe,
‘S do tháinig saor ó’n éag arís.
Glóir do Dhia ‘s na h-árdaibh!



XX.



Donnchadh Mór Ó Dálaigh († 1244).



1. Naomhtha ceardcha Mhic Mhuire,
Naomhtha ó thus A trócaire;
Naomhtha grian is neoil nimhe,
Dá fhiadh eoil na h-aimsire.



2. Naomhtha a bhfuil thall n-A thigh,
Naoimtha gach dúil dá dhúilibh;
Naomtha an ré agus na réaltain,
Naomtha an Té ó dtaisbéantar.



3. Naomhtha na síonta saobha,
Naomhtha an fhearthain Abraona,
Naomhtha an t-soineann go ngné ghil,
Naomhtha doineann Dé dúiligh.


L. 28


4. Naomhtha na coillte fá chnaibh,
Naomhtha an fhíneamhain abaidh,
Naomhtha gach toradh dá dtig,
Naomhtha an talamh ó a dtáinig.



5. Naomhtha an tráigh is an tuile,
Naomhtha fás na fiodhbhaidhe;
Gníomha naomhtha learg is luibh,
Naomhtha an Ceard do chruthuigh.



6. Naomhtha fós foghar na dtonn,
Naomhtha siubhal na srothann,
Naomhtha an riasc fraochda ‘s an féar,
Naomhtha an t-iasg san aigéan.



XXI.



An Foghmhar.



1. Tá’n fóghmhar-so go h-aerach, céad baodhchas
le h-Íosa,
Tá eorna ‘n a slaoda is caomh-chruinneacht
tíortha;
Tá cnó buidhe ‘r na craobhaibh, is sméar ar na
bhfír-dhrís,'
Is céad glóire do’n Aon Mhac le déantar
Gach nidh aca.


L. 29


2. Ógh-Fhlaith breágh tréitheach is léigheanta ‘s is
líomhtha,
Is cómhachtaigh’ ‘s is tréine, is féile ‘s is fíre;
Tá ceól ag na h-éanlaith, gan traochadh dá
innsinn
Gur le m’ Stór-sa is breith’ baodhchais do’n
tsaoghal uile timcheall.



3. ‘S É sheólann na réalta, teacht gréine is
taoide,
Bheir neóla na spéire an ghaoth a’s na síonta,
Eoin bhinne an aeir uile, is éisg insan mhíon-
mhuir,
Is fós chuireann féar glas chun tréada na
dtíortha.



XXII.



An Nodlaig.



Ó’n Laidin, Adeste Fideles. Seóirse Rudha



1. Tigidhe, a fhíréana,
Tigidhe go luathgháireach,
Tigidhe, Ó tigidhe go Betlethem,
Ar na bhreith – féachaidh –
Rí na n-aingeal nglórmhar.
Ó tigimís go n-adhram,
Ó tigimís go n-adhram,
Ó tigimís go n-adhram an Tighearna, ár Rí.


L. 30


2. Fíor-Dhia ó fhíor-Dhia,
Solus ó sholus,
Ó bhroinn Óighe ceannsa rugadh é.
Sé Dia féin
Do geineadh a’s nach ndearnadh.
Ó tigimís, srl.



3. Seinnidh a aingle
In bhur sluaighthibh ceolmhara
Go líontar dún neimhe le binneas bhur
gceoil.
Glóire do Dhia,
Do Dhia ins na h-árdaibh.
Ó tigimís, srl.



4. Mar sin ó rugadh Thú
A Íosa ar an lá so
Go dtugtar dhuit moladh a’s glóir mar
is dual.
Briathar an Athar
‘Nois i gcolainn dhaonna
Ó tigimís, srl.



XXIII.



An Nodlag.



1. Le croidhe shoilbhir seinnimid fáilte
Le Mac Mhuire do rugadh san stábla,
Is muna mbeadh turas an Leinbh an lá sin
Dó bhíomar-ne uile 'n a dhorn ag Sátan.



2. Briathar Shíorruidhe an Ghrian-Righe Ghrásaigh,
Do chum an domhan d'aon-fhonn 'sa álmhach,
Aingeal na cómhairle móire anáiride
Anois a gcrios-cheangal, is banaltra 'g tál air.


L. 31


3. Seinnid na h-aingil do'n leanbh-sa fáilte
Go follus do'n tsaoghal san spéar faoi lánghuith,
Glóir gan ciach do Dhia 's na h-árdaibh,
Is síothcháín feasda do mhaithibh Chlainn' Ádhaimh.



4. Ní chuala Caesar tréan nó a ghárda,
Nó'n duairc-Rí Héarod thug éag do na gárlaigh',
Acht badh clos d'aodharaibh faon-luighe fásaigh
Gáir na n-aingeal ag agall an Áird-Mhic.



5. A Thobair na h-aithne, a Mhaise Phuirt Phárrthais,
'San chruinne uile fádh' chumas mar áitreabh,
Créd fá fá'r thógais mar rógha an stábla
Acht gráin ar uaill na n-uaibhreach sásta?



6. Maitheas na cruinne 's a h-ionnmhas áirmheach
Giodh madh leat uile fé chumas Do lámha,
Do cheapais boichte gan doiche dod' cháirdibh
Seach an saidhbhreas taibhseach lánmhar.



7. A Mhic na Banaltra, is fearr do tháinig,
Ós d'ár gceannach mar mhargadh tháingis,
Maith ár gcionta, cé fada le h-áiriomh,
Is beir ár n-anma go flaitheas do d'árus.



XXIV.
An Nodlaig.



Aodh Mac Aingil, Árd-Easbog, († 1626).



1. Dia do bheatha, a Naoidhe naoimh,
‘San mainséar do chlaon Do chorp,
Gé meadhrach is saidhbhir Tú
‘S glórmhar id Dhún féin anocht.


L. 32


2. A Naoidhe bhig atá mór,
A leanbháin óig atá sean,
‘S an mainséar ní chuire a lán,
Cé nach fagha áit ar neamh.



3. Dibh gan máthair (ann) ariamh,
Gan athair annso anocht,
Id Dhia ariamh atá Tú,
Is Do Dhuine ar tús anocht.



4. I gcrois ceangal acht cé taoi,
Gluaise mar ghaoi ós gach spéir;
Déantóir na n-uile is na ndúl,
Iongnadh déanta go h-úr É.



5. Do bhéar uisge liom go moch,
Sguabfad úrlár bocht Mhic Dé,
Do dhéan teine 'san anam fhuar
‘S tréigfead tré dhúthracht mo chorp claon.



6. Míle fáilte anocht i gclí
Le mo chroidhe dom Rígh fhial;
I n-ar nádúir ó do chuaidh
Póg is fáilte uaim do Dhia.



< L 33>
Oifig an Chumainn.



Cantar duan agus léightear soiscéal an lae, nó léigheann
eile ó’n Scriobtúir Naomhtha; agus annsin déarfaidh
an léightheoir, agus na daoine uile, ‘na seasamh.



† I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh. Amén.



Léightheóir – A Dhé, dean deifir agus saor sinn.



Freagra – A Thighearna, brostuigh agus fóir
orrainn.



L. – Glóir do’n Athair agus do’n Mhac agus
do’n Spiorad Naomh.



F. – Mar do bhí ar dtúis, atá anois, agus
bhéas go bráth, go saoghal na saoghal. Amén.



Annsin cantar nó deirtear,



Aintifón : Iompaigh sinn, a Dhé na sluagh.



Salm a 80.



1. A Aodhaire Ísrael, tabhair éisteacht, tusa
threóruigheas Ióseph mar tréad : deall-
ruighse amach tusa shuidheas ar an chearui-
bínibh.


L. 34


2. Roimhe Ephraim agus Bheiniamin agus Mhanasseh :
corruigh suas do neart, agus tárrthaigh sinn.



3. Iompuidh sinn, a Dhé : soillsigh orrainn le
d'aghaidh agus béimíd slán.



4. A Thighearna, a Dhé na sluagh : ca fhad bhéas
tú feargach a n-aghaidh urnuighe do dhaoine?



5. Do bheathuigh tú iad le h-arán na ndeór :
do thugais orra deóra le n-ól go fairsing.



6. Do ghní tú ádhbhar imseasáin dhínn d’ár gcomhar-
sanaibh : agus do ghní ár náimhde magadh
eatorra féin.



7. Iompaigh sinn, a Dhé na sluagh : soillsigh
orrainn le d’aghaidh agus béimíd slán.



8. Thug tú fíneamhain as an Éigipt : do theilgis
amach na cineadhacha agus do chuir tú í.



9. Do sholáthair tú ionad roimpe : agus do
phréamhaigh go doimhin, agus do lion sí an
talamh.



10. Do clúduigheadh na sléibhte le na scáile : agus
ba mar chrainn mhóra shéadair a géaga.



11. Do chuir sí amach a géaga go dtí an mhuir :
Agus a gabhláin go dtí an abhainn.



12. Créad fá’ r bhrisis síos a fálta : a dtreo
go sgothaidh í gach a ngabhann an tslighe.


L. 35


13. Tochlann fiadh-chullach na coilleadh í : agus
itheann beathaidheacht allta an mhagha suas í.



14. A Dhé na sluagh, iompuidh anois, féach ó neamh :
amharc agus fiosruigh an fíneamhain so:



15. Agus an stoc do phlannduigh do lámh dheas :
agus an beangán do rinne tú chomh láidir
sin duit féin.



16. Atá sí dóighte le teine, atá sí gearrtha síos :
meathaid said le h-achmhusán do ghnúise.



17. Bíodh do lámh ar fhear do láimhe deise : ar
mhac an duine, do rinnis chomh láidir sin
duit féin.



18. Agus ní racham ar gcúl uaitse : beodhuigh
sinn agus gairfeann ar d’Ainm.



19. A Thighearna Dia na sluagh, iompuidh sinn :
taisbeán d’aghaidh dhúinn agus béimíd slán.



Glóir do’n Athair, agus do’n Mhac : agus do’n
Spiorad Naomh.



Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus bhéas
go bráth : go saoghal na saoghal. Amén.



Aintifón : Iompuidh sinn, a Dhé na sluagh, féach
ó neamh : amharc agus fiosruigh an fhíneamhain
seo.



Léightheoir : Aon Thighearna, aon chreideamh, aon
bhaiste, aon Dia agus Athair na n-uile, atá
ó’s cionn na n-uile, agus tréis na h-uile,
agus ionnaibh-se uile. (Ep. xiv., 5, 6).


L. 36


Freagra : Buidheachas le Dia



Téidheann an pobal ar a n-glúinibh.



L. – A Thighearna, maireann do bhriathar:



F. – I bhflaitheas go deo.



L. – Agus seasann d’fhírinne ó shliocht go sliocht :



F. – I bhflaitheas go deo.



L. – Glóir do’n Athair, agus do’n Mhac agus do’n
Spiorad Naomh.



F. – Mar do bhí ar dtús, atá anois, agus bhéas
go bráth, go saoghal na saoghal. Amén.



L. – A Thighearna, maireann do bhriathar :



F. – I bhflaitheas go deo.



L. – Is é an Tighearna m’ aodhaire:



F. – Ní bhéidh easbaidh orm.



L. – Beathóchaidh sé:



F. – Ar thalamh mhín mé.



L. – Go raibh an Tighearna libh.



F. - Go raibh sé le do spiorad féin.



Déanamaois úrnuidhe.
Paidir an Tighearna.



Ár n-Athair, atá ar neamh: Naomhthar d’ainm:
Tigeadh do ríoghacht: Déantar do thoil ar an
dtalamh mar ghnithear ar neamh. Ar n-arán


L. 37


laetheamhail tabhair dhúinn indiú : Agus maith
dhúinn ár bhfiacha mar mhaithimíd-ne d’ár bhféi-
cheamhnaibh féin. Agus ná léig sinn i gcathughadh
acht saor sinn ó olc. Amén.



Annsin féadtar ceann nó níos mó de na paidreachaibh
a leanas do rádh.



L. – Go raibh an Tighearna libh.



F. – Go raibh sé le do spiorad féin.



L. – Molamuid an Tighearna.



F. – Buidheachas le Dia. Amén.


L. 38


Paidreacha fá Leith.
Urnuighthe ar son na h-Éireann.



A Dhia, saor Éire. Is eól duit-se stáid
na tíre seo, baoghal na tíre seo, agus méid an
pheacaidh in a bhfuil sí cionntach.



Ná fág í i n-íochtar, tóg í as an láthaigh, glan
agus árduigh í : measg na náisiún; cuir leigheas
ar a galar, cneasuigh a cneadha, agus dean team-
pull naomhtha duit féin dí, as a n-éireóchaidh
agus a leathnóchaidh sruthannta sóláis agus eagna
ar fud an domhain.



A Dhia, beannuigh sinne go léir; iompuigh ár
gcroidhthe Chugat-sa i n-aithrighe agus i bhfíor-
umhluigheacht; maith dúinn ár gcionnta, agus
deónuigh dúinn tré chúmhacht Do Naoimh-Spioraid
bheith 'nár muinntir dhiadha dhílis, a mbéidh firéan-
tacht, comhthrom agus fíor spiorad na Saoirse
'n-ár measg i gcómhnuidhe.



Beannuigh na daoine uile atá ag obair dáríríbh
ar son na tíre; stiúruigh iad insan t-slighe atá
ceart; díbir uatha fuath agus formad, tabhair
do gach duine aca breis eagna, foighde agus car-
thannachta; neartuigh a lámha, agus tabhair dóibh
a leithéid sin de bhuaidh go radhaidh sé chum méad-
uighthe Do ghlóire féin agus chum onóra na h-Éireann;
rud a támaoid d'iarraidh Ort ar son ár Slánuigh-
theóra Íosa Críost. – Amén.


L. 39


A Dhé uilechumhachtaigh, thug ár dtír chum com-
aoine do naoimh-eaglaise lé mineastrálacht fear
naomhtha i n-allóid, móramaoid Th'ainm glórmhar,
ar son an tabharthais neamhchoimrighthe so : mola-
maoid agus adhramaoid Thú; agus guidhimíd
Thú, ná tóg T'fhábhar dhúinn, acht ceartaigh a
bhfuil go lochtach, tabhair dhúinn a bhfuil d'uireas-
baidh orainn, agus réidhtigh a bhfuil easaonta :
ionnus go mbéarfamaois toradh uainn chum
Th'onóra agus Do ghlóire, tré Íosa Críost ár
dTighearna. – Amén.



A Dhé uilechumhachtaigh, do thogh do shearbhfhogh-
anta Pádraig chum bheith 'n-a Apstal ag pobal
na hÉireann, ionnus go dtabharfadh sé chum an
fhír-sholais agus chum fíreólais an lucht do bhí ar
earráid agus ar seachrán i ndorchadas, deó-
naigh dhúinn-ne siúbhal ins an solas sin, ionnus go
dtiocfamaois fá dheóidh chum solais na beathadh
síorraidhe tré luaidheacht Íosa Críost, do mhic-se,
ár dTighearna. – Amén.



Ó a Dé, do las teas-ghrádh an chreidimh i gcroidhe
do shearbhfhóghanta Pádraig ionnus gur chraobhsgaoil
sé do shoisgéal go dána ins an tír seo, gan suim
do chur i bpéin chorpardha ná i n-anró, deónuigh
dúinn-ne ár gcúl do thabhairt do'n pheachadh agus
ar n-aghaidh do thabhairt ar do Ghrádh-sa, ar nós go
rithimíd go h-úmhall go dtí Thú, ughdar na beatha
agus príomh-thobar an uile mhaithis, tré thrócaire
agus eadarghuidhe d'Éin-mhic Íosa Críost. -
Amén.


L. 40


Úrnuighthe ó Aintifónaire Beannchor
(a.d. 680-691)



A Thighearna naomhtha, a shoíllse agus a dhídin
láidir do gach uile dhuine chreideas ionnat, a
eiséirghe neamhdha, soilligh ar gcroidhthe, go mba
fiú sinn, tré eólas na Trionóide, agus tré aithne
na h-Aondachta, bheith i n-ár macaibh soluis agus
i n-ár mballaibh Críosta, agus i n-ár dteampall
do'n Spiorad Naomh, atá id' Rígh go saoghal na
saoghal. Amén.



Orrtha.



A Naoimh imeasg na naomh, a Uain gan locht, atá
glórmhar ar neamh, atá iongantach ar thalamh,
tabhair dhúinn, a Thighearna, tré do mhór-thrócaire
na neithe atámaoid d'iarraidh, Tusa atá id' Rígh
go saoghal na saoghal. – Amén.



Ar Maidin.



A Chríost, atá ins na h-árdaibh ar neamh, agus
fhéachas na h-ísle ar an dtalamh, ins an fhairrge,
agus ins na h-áitibh íochtaracha uile, guidhmíd ó
lár ár gcroidhe thú go neartuighe tú ár lámha chum
catha agus ár méaranna chum cogaidh, i dtreó
go bhféadamaois peacaidhe uile ár dtíre do sgrios
agus go mba fiú sinn bheith i n-ár dteampall
naomhtha dhuit-se a Chríost, atá id' Rígh go saoghal
na saoghal. – Amén.


L. 41


Urnuighthe eile.



A Dhia, do shoillsigh croidhthe na bhfíréan le
lonnradh an Spiorad Naoimh; tabhair dúinn an
Naomh-Spiorad céadna chum go mblaisfimís mil-
seacht do dhlighe chirt féin, agus go mbeadh síor-
gháirdeachas orainn in a shólás san : tré Iósa
Críost ár dTighearna. – Amén.



A Dhe uile-chumhachdaigh shíorraidhe, atá níos réidhe
chum éisteacht ná táimídne chum guidhe, agus lér
gnáth níos mó do thabhairt dúinn ná iarramaoid nó
thuillimíd ; dóirt anuas orainn iomad do'd thró-
caire, ag maitheamh na neithe fá a bhfuil eagla
ar ár gcoinsias, agus ag tabhairt na neithe maithe
sin dúinn nach fiú sinn d'iarraidh, acht tré luai-
dheacht agus eadarghuidhe Íosa Críost do Mhic ár
dTighearna. – Amen.



A Dhia Shíorruidhe, Uile-chúmhachdaigh! Tabhair
dhúinn breis chreidimh, dhóthchais, agus charthanachta;
agus chum go bhfaghamaois toradh do naomh-gheal-
lamhna, tabhair dhúinn grása chum d' aitheanta do
grádhughadh agus do chóimhlíonadh ; Trí Íosa Críost,
ár dTighearna. – Amén.


L. 42


Liodán.



Aistrighthe ó Laidin "Missale Stouense"
(Leabhar Aifrinn sean-Eaglaise na h-Éireann),
cóirighthe le h-aghaidh úsáide na h-aimsire
fá láthair.



Paidir an Tighearna : - Ár n-Athair &rl.



L. – Glóir do'n Athair, agus do'n Mhac,
agus do'n Spiorad Naomh.



F. – Mar do bhí ar dtúis, atá anois, agus
bhéas go brath; go saoghal na saoghal. Amén.



Léightheóir agus pobal. – A Thighearna, éist
linn, agus déan trócaire orrainn.



Léightheóir. – A Dhé, fhéachas ar an dtalamh
uile.



Freagra. – Guidhmíd thú, éist linn agus
déan trócaire orrainn.



L. – Ar son síothchána agus suaimhnis
ár n-aimsire, agus ar son na h-Eaglaise
Caitilicighe uile, atá ó chríochaibh go h-imeal-
laibh an domhain.



F. – Guidhmíd thú, a Thighearna.



L. Ar son ár n-aodhaire (N.), Ár n-easpuig
(N.), ar son na n-easpog, na sagart, agus
na ndeocán uile, agus ar son na cléire go
léir :



F. Guidhmíd thú, a Thíghearna.


L. 43


Ar son na h-áite seo agus a bhfuil 'na
gcomhnuidhe ann, agus ar son ár n-uachtarán
agus na Stáite ar fad :



Guidhmíd thú, a Thighearna.



Ar son a bhfuil i n-oifigibh uaisle, agus
ar son na n-óige, na mbaintreabhach, agus na
ndílleachtaidhe :



Guidhmíd thú, a Thighearna.



Ar son a bhfuil ar aisdear, ar son a
bhfuil ag taisdeal tíre nó mara, ar son
a bhfuil lag i n-intinn nó i gcorp, agus
ar son naoidheadhnán agus macléighinn.



Guidhmíd thú, a Thighearna.



Ar son na ndaoine do bheir déirc agus
tortha eile na trócaire id' Eaglais Naomhtha :



Guidhmíd thú, a Thighearna.



A Thighearna, a Rí na ndúl, éist le n-Ár
n-úrnuidhthibh, guidhmíd thú, go mbeidh buan-
chuimhne againn ar na h-easpalaibh naomhtha,
ar na mairtíreachaibh, augs ar na naomhaibh,
go mba fiú sinn, le cuiduighadh a n-úrnuidhthe,
do ghrása d'fhághail:



Guidhmíd thú, éist linn, agus déan tró-
caire orrainn.



Iarrmaoid ort bás Críostaidhe suaimhneasach
do thabhairt dúinn :


L. 44


Saor sinn, a Thighearna, saor sinn.



Iarramaoid ort, a Thighearna Naomhtha,
ceangal diadha an ghrádha do chongmháil
orrainn :



Saor sinn, A Thighearna, saor sinn.



Iarrmaoid ort naomhthacht agus glaine an
chreidimh Chaitilicigh do chumhdach :



Saor sinn, A Thighearna, saor sinn.



Go raibh síothcháin agus comaoin le do
naomhaibh maille linne go bráth, a Chríost.



Saor sinn, a Thighearna, anois agus go bráth
Amén.


L. 45


Nótaí.



Leathanach 11. Dán V. - Tá an mheadaracht measgtha go
mór insan dán so. D'éidir go mbaineann an dara leath
le dán eile, ó cheart.



Leathanach 12. VI - "Rannaigheacht Mhór" is ainm do'n
mheadaracht so. Tá seacht siollaí ins gach líne, agus
críochnuighthear gach líne le focal aoin-shiolla.



Leathanach 13. VII. - "Ae Freslige" is ainm do
mheadaracht an chéad-rainn nó "cumasg idir Chasbhairdne
agus Rannaigheacht Bheag." Tá seacht siollaí ins gach
líne agus críochnuighthear an chéad agus an treas líne
le focal trí-shiolla, agus críochnuighthear an dara agus
an ceathramhadh líne le focal dhá-shiolla. Tá na rainn
eile truaillighthe go mór.



Leathanach 16, an dara líne. Ní léir cad is ciall do
"gan críochnadh ceard." B'éidir gurab é seo is ciall
do'n líne .i. do rinne Tú agus do chum Tú mé cosmhail leat
féin, acht ní cosmhail ar fad, níor chuir Tú críoch chear-
damhail ar D'obair.



Leathanach 16. XI. - Ba ghabha dubh agus file i gcondae an
Chláir Seán de hÓrtha (no "Do hÓra").



Leathanach 18. XIII. - Tá an dán iomlán le fághail
n-Amhráin Diadha chúige Connacht, Leabar II. leath. 88.
Deirtear gur dithreabhach do bhí i sléibhtibh Phartraighe,
i gCondaé Mhuigh Eó, do cheap é, agus gur sgríobh
sgoláire bocht ó n-a bheál féin é, nuair bhí sé ag fághail
bháis. Rann 1, líne 3. acluigh = déan bog agus solúbtha.



Leathanach 22. XVI. - "Séadna" is ainm don mhead-
aracht so. Ta ocht siollaí ins an chéad agus san treas


L. 46


líne, agus seacht siollaí insan dara agus san gceathramhadh
líne. Críochnuighthear na línte a bhfuil ocht siollaí ionnta
le focal dhá-shiolla, agus na línte eile le focal aoin-
shiolla. Tugadh an léightheoir fá deara chomh ceardamhail
ealadhanta agus bhíonn "cómhad" (dhá líne deiridh) gach
rainn.



Leathanach 23. XVIII. - "Rannaigheacht Bheag" meadar-
acht an dáin seo. Seacht siollaí ins gach líne, agus críoch-
nuighthear gach líne le focal dhá-shiolla. Rann 5, líne 3
"go n-iocaigh Críóst an cogadh" san MS. acht ní léir
sin, agus d'athruigheamar "íocaigh" go "críochnuigh."



Leathanach 26, rann 5. - Labhair "teimheal" már "tial."



Leathanach 27, XX. - "Deibhidhe" is ainm do'n mheadaracht
so. Tá seacht siollaí ins gach líne 7 críochnuighthear an
dara agus an ceathramhadh líne le focal a bhfuil siolla níos
mó ann 'ná san bhfocal chríochnuigheas an chéad agus an treas
líne. Bíonn an cómhad (an dá líne deiridh) a bhfad
níos críochnuighthe 'ná an "seoladh", an da líne tosaigh.



Is ionann "dhá fhiadh eóil" agus "dhá fhiadhnuise do bheir
eólus." Rann 4, líne 1. Cnaibh = cnáibh = cnó-áibh. Líne 3,
do sgríobh an file "taradh" i n-ionad "toradh" chum
"comhardadh" nó comh-fhuaim Ghaedhealach do dhéanamh le
"talamh" san líne leanas.



Leathanach 29, dán XXI. Rann 2, an chéad líne. - "Breágh
thréigthe" do bhí san láimhsgríbhinn. D'athruigheamar é agus
chuireamar "tréitheach" n-áit "thréighthe."



Leathanach 31, dán XXIV. - Aodh Mac Cathmhaoil do b'ainm
do'n úghdar so. Bhí sé 'na shagart d'Ord San Phroinsiais.
Is é do sgríobh an leabhar gann sin "Sgáthán Sacraméinte


L. 47


na h-Aithrighe" do cuireadh i gcló i Lobháin san bhFraic
san mbliadhain 1618. Tugadh Aodh Mac Aingil air nuair
bhí sé 'na bhráthair. Rinneadh Áird-easbog Árd-macha dé.
"Rannaigheacht Mhór" meadaracht an dáin seo. Seacht
siollaí ins gac líne agus críochnuighthear gach líne le focal
aoin-shiolla, óir ní chomhairighthear "anocht" "anois,"
"ariamh" etc, mar dhá shiolla acht mar "a nocht" "a
ois," "a riamh" etc. Ní fíor-Rannuigheacht Mhór é
seo acht "Óglachas" no aithris gharbh air. Rann 2, líne 3.
ni chuire = ní chuirir. Líne 4. Fagha = faghair Rann 4.
"Gluaise mar ghaoi" = "gluaisir mar ghath gréine."
Rann 5. "Do bhéar," "do dhéan" = "bhéarfad" "déan-
fad." Milleann "teine" an mheadaracht, is dóigh gur
"teas" budh cheart a bheith ann, agus gur sgríobh an file san
chéad líne eile "agus tréigfead mo chorp claon."



Críoch.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services