Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Salfáthóir Gaedhealach
Title
An Salfáthóir Gaedhealach
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Pen Name
Caoilte Mac Ronáin
Composition Date
1922
Publisher
Gill, M. H. & a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Réamhradh. I gColáiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhalthaigh do leagas bun-chloch an leabhair seo deich mbliadhain ó shoin nuair do chromas ar an dTonic Sal-fá do mhúineadh annsúd tríd an nGaedhilg. B'é rud a bhí d'aigne orm ná láimhleabhar oireamhnach simplidhe, ar mhodh an tSal-fa, do sholáthairt do mhúinteóiribh na hÉireann in ár dteangain féin; agus do chuireas dúthracht mo chroidhe go hiomlán ins an obair, mar ba gheal liom i gcomhnuidhe — agus is geal liom fós — an t-ádhbar léighinn ud, amhránaidheacht. Má's fíor gur "as an obair a faghtar an t-eolas" — agus is fíor is dócha — ba chóir go mbéadh roinnt eolais agam-sa ar an ngnó so, tar éis a bheith ag múineadh an Tonic Sol-fa im' scoil féin, agus do bhuidhnibh ceoil taobh amuigh de'n scoil, le deich mbliadhain is fiche; agus mar thoradh ar mo shaothar tá Teastaisí agam i gCeol-mhúineadh fé shéala an R.I.A.M., agus teastaisí tabhachtacha leis, nár bhfuirist iad a ghnóthughadh. Tá gabhadh mór le leabhar de'n t-sórt so fé láthair, agus tá súil agam go mbainfidh múinteóirí na hÉireann sochar agus tairbhe as "An Salfáthóir Gaedhealach" agus go raghaidh na ceachtanna atá ann i leas ceoil na tíre. Caithfidh mé mo bhuidheachas do ghabháil do mhuinntir John Curwen and Sons, Ltd., Berners St., W., London, de thoisc gur thugadar cead croidheamhail dam na Comharthaidhe Láimhe agus cuid des na fíoghracha eile, maille le roinnt des na cleachtthaibh atá ins an "Standard Course," do chur i n-úsáid ins an leabhar so. TOMÁS Ó hAODHA. Baile Átha Cliath, Bealtaine, 1922.
AN SALFÁTHÓIR GAEDHHEALACH TIONNSCNAMH. FUAMANNA. — Cad is ceol ann? 'Sé rud é ceol: fuamanna éagsamhla a thagann i ndiaidh a chéile de réir riaghalacha áirithe; agus taithnigheann fonnmharacht agus gluaiseacht na bhfuamann úd chomh mór soin leis an gcluais gur mhaith le duine a bheith ag éisteacht leo. Acht ní fuaim cheolmhar gach fuaim a cloistear. TONNTRACHA AERDHA. — Sé rud is bun le fuaim ná "tonn- tracha" a cuirtear ar siubhal san aer go díreach glan mar cuirtear tonntracha ar siubhal i log uisce nuair caithtear cloch isteach ann. Is fuirist na "tonntracha aerdha" úd do chur ar siubhal. Cuirtear ar siubhal iad le buille, nó le béic, nó le fead. Cuirtear ar siubhal iad le urchur nó le bladhm tóirnighe. Má cuirtear an t-aer a bhíonn istigh i bpíb ar bogadh — má séidhtear stoc, cuir i gcás — beidh na tonntracha úd ag luascadh go fairsing n-ár dtimcheall. Má mhéaruightear téad bheidhlín cuirfear ar siubhal iad. Acht ní beag soin. Is mó slighe atá ann chun tonntracha do chur ar siubhal. GLEO. — Nuair a bhíonn trucail ag imtheacht thar bhóthar gharbh deineann na rothaidhe an-chuid fothruim acht ní deineann siad ceol. Caidé an chiall? Tagann na tonntracha aerdha úd go fairsing ó'n dtrucail, acht ní bhíonn ceol ionnta de bhrigh go mbíonn siad i n-achrann le n-a chéile, agus go mbriseann siad go borb agus go mí-ríaghalta ar thráigh na cluaise mar adéarfá. Ní bhíonn ionnta acht gleo. Is cosamhail le spágaireacht lucht sochraide na tonntracha aerdha ins an gcás soin — ní bhíonn éan dá choiscéim ar chomhfhad aca.
FUAIM CHEOLMHAR. — Ar nós go mbéadh fuaim cheolmhar ann, ní mór dos na tonntrachaibh teacht go léardha agus go comhthrom i ndiaidh a chéile agus roinnt buanais, pé beag mór é, a bheith ionnta mar a bhíonn i nóta a baintear a téid bheidhlín nuair bogtar í leis an mboghadh, nó i nóta a baintear a stoc nuair séidhtear é. Is cosamhail le cóimhlíongadh scata saighdiúírí na tonntracha a bhíonn i bhfuaim cheolmhar. ÁRDÚGHADH. — Bíonn éagsamhlacht mhór ins na fuamannaibh ceolmhara a thugann amhránaidhe nó ceoltóir dúinn. Is fuirist a thabhairt fé ndeara go mbíonn cuid des na fuamannaibh úd go hárd agus cuid aca go híseal, gan trácht ar thréithibh eile a bhíonn ionnta; agus sé an t-ainm a tugtar ar an deifrigheacht a bhíonn idir aoirde na bhfuamann ná "An t-Árdughadh." 'Sé rud is bun leis an árdughadh ná an méid des na tonntrachaibh úd a bhíonn ins an bhfuaim — an méid aca a thagann i ndiaidh a chéile ar feadh éan-bhuille amháin. A minicidhe is a thagann na tonntracha i n-diaidh a chéile ar feadh buille, a aoirde agus a géire 'seadh a bheidh an fhuaim; agus tugtar dúinn fuaim íseal má thagann na tonntracha go mall i ndiaidh a chéile ar feadh buille. GLUAISEACHT AGUS FONNMHARACHT. — 'Siad na tréithe is tabhachtaighe a bhaineann le ceol ná "Gluaiseacht" agus "Fonnmharacht." 'Sé rud é an ghluaiseacht ná luas an cheoil ins an bhfonn, an riarughadh a deintear ar na truimibh, agus an roinnt a deintear ar na nótaidhibh idir fada agus gairid. Acht sí an fhonnmharacht smior agus smúsach an cheoil; ní bhéadh ceol ann i n-ao' chor gan í. Nuair bhíonn sraith fuamanna ceolmhara ceangailte le n-a chéile fé ríaghalachaibh áirithe agus nuair bhíonn deifrigheacht eatorra ins an árdughadh tugtar fonnmharacht ar an mbinneas a bhíonn ionta. GLÉAS. — Nuair cuirtear na fuamanna úd i ndiaidh a chéile de réir líonmhaire na dtonntracha aerdha a bhíonn i ngach ceann aca tugtar "Gléas" nó "Scála" ortha.
AN GLÉAS-NÓTA. — Bíonn fuaim nó nóta áirithe n-a cheann- phort, mar a déarfá, ar na fuamannaibh nó ar na nótaidhibh eile agus tugtar an "Gléas-nóta" nó an "Bun-nóta" ar an nóta úd. Sul ar féidir linn fonn nó port do dhéanamh nó do sheinm ní mór dúinn an bun-nóta a bheith againn i dtosach, mar is as an nóta úd a fásann na nótaidhe eile. Is ar an mbun-nóta a bhíonn seasamh na nótaidhe go léir an fhaid a bhíonn an ceol ar siubhal agus 'sé an taca a bhíonn aca nuair cuirtear críoch leis an bhfonn. COMHARTHAIDHE AGUS FUAMANNA. — scríobhtar agus clódhbhuailtear ceol; acht ba chirte a rádh go gcuirtear síos comharthaidhe le haghaidh na nótaidhe. Ní mór do'n scoláire eolas a bheith aige i dtosach ar na fuamannaibh nó ar na nótaidhibh Sul a mbeidh sé ar a chumas na comharthaidhe a cuirtear leis na nótaidhibh do chur i bhfeidhm. Ní'l pioc maitheasa i gcomharthaidhibh mara mbeidh sé i gcumas do'n scoláire an fhuaim cheart do chur le gach ceann aca; agus dá bhrigh sin 'sé an chéad chúram a bheidh ar an múinteóir ná cluas agus guth an scoláire d'ollmhughadh agus do chur i dtreó ar nós go bhféadfadh sé an fhuaim cheart do chur leis an gcomhartha chlodhbhuailte nuair cuirtear ós a chomhair é. MODH AN tSAL-FÁ. — 'Sé rud atá d'aigne orainn a dhéanamh ins an iarracht so ná a mhíniúghadh do'n mhúinteóir cionnus a thiocfaidh leis amhránaidheacht a mhúineadh tríd an nGaedhilig ar an modh soin a tugtar an "Tonic Sal-fá" air. Múintear an modh so i sé cinn de chéimeannaibh, agus tugtar isteach rud eicínt nuadh a bhaineann le gluaiseacht nó le fonnmharacht i ngach céim díobh súd. COMHAIRLE DON MHÚINTEÓIR. — i dtosach caithfidh an múinteóir sampla de gach nóta do chasadh dos na scoláiribh le linn iad do theasbánt dóibh ar an gclár dubh nó ar an "nDréimire." Ní'l sé ceaduighthe dos na scoláiribh na nótaidhe
do chasadh i n-éinfheacht leis an múinteóir. 'Sé rud a chaithfidh siad a dhéanamh ná "cluas le héisteacht" do chur ortha féin agus aire mhaith do thabhairt do'n mhúinteóir an fhaid a bheidh na nótaidhe dá ngabháil aige agus annsoin aithris a dhéanamh ortha n-a dhiaidh.
AN CHÉAD CHÉIM. FONNMHARACHT. — Nótaidhe Chomharda DOH. — d m s: m s d: s d' m' — do chasadh pé cóiriughadh a bheidh ortha idir B agus D. GLUAISEACHT. — Eolas ar Ronnaibh Simplidhe na Gluaiseachta — Preabanna, Leath-phreabanna, Preabanna ar Leanamhaint, Méadar an Dá Phreib, agus Méadar na dTrí bPreabann. MODH MÚINTEÓIREACHTA. D'ON MHÚINTEÓIR. — Faigh nóta meadháin-íseal — C, D, nó E — agus cuir an guth "Á" leis. Cas an nóta úd dos na scoláiribh agus iarr ortha aithris a dhéanamh air go binn agus go ceolmhar. Cuir iachaibh ortha na beoil agus na fiacla a oscailt ar nós go raghadh an ordóg isteach go bog ar a leithead idir na fiaclaibh. Lean ar an nóta do chasadh dhóibh agus deinidís aithris air go dtí go mbeidh sé ar chumas gach éinne ins an ranng an nóta do chasadh go ceart agus go ceolmhar. Abair leo annsoin go bhfuilir chun nóta nuaidh do mhúineadh dhóibh. Faigh an cúigeadh nóta taobh thuas de'n chéad nóta agus cuir an guth "Á" leis arís. Cas dos na scoláiribh é, agus deinidís aithris air. Lean ort ar an gcuma soin go dtí go mbeidh an fhuaim nuadh ag gach éinne. Tóg cuaillín id' láimh chlé agus congbhuigh an barr i n-áirde. Cuir i gcéill dos na scoláiribh go bhfuil an chéad nóta fé mar a bhéadh se ar crochadh — i riocht cluigín, cuir i gcás — ag bun an chuaillín agus an tarna nóta fé mar a bhéadh sé ar crochadh ag barr an chuaillín. Cas dóibh an dá nóta agus dein clingeadh ar na cluiginibh le peann-luaidhe fé mar a thagann na nótaidhe ag bun an chuaillín nó ag barr an chuaillín. Cuirfidh an cleachtadh so i n-umhail dos na scoláiribh go bhfuil an tarna nóta níos aoirde ná an chéad nóta. Deinidís cleachtadh ar an dá nóta anois fé mar a teasbánfar dóibh iad ar an gcuaillín. Innis dos na scoláiribh annsoin go bhfuilir chun na nótaidhe
úd do bhaisteadh agus ainmneacha fé leith do chur ortha — ainmneacha an tSal-fá. "'Sé an t-ainm a bheidh againn feasta ar an gcéad nóta ná doh agus soh ar an tarna nóta." "Cá bhfuil doh ar an gcuaillín?" "Cá bhfuil soh?" "Cia aca is aoirde — doh nó soh?" Cuir iachaibh ar na scoláiribh an dá nóta do chasadh arís ón gcuaillín fé mar a teasbánfar dóibh iad agus ainmneacha an tSal-fá do chur leo. Dein athrughadh ar an ngléas anois — sé sin le rádh: bíodh an doh níos aoirde nó níos ísle ná mar do bhí sé agat go dtí seo, agus deinidís, na scoláiridhe, cleachtadh ar na nótaidhibh arís. Mínigh annso gurb'é an fáth a múintear soh i n-éinfeacht le doh, go bhfuil gaol gairid aca le n-a chéile, agus gur b'é soh an tarna nóta is tabhachtaighe ins an ngléas i ndiaidh an bhun-nóta, doh. COMHTHARAIDHE LÁIMHE. — Tá tréithe fé leith ag baint le gach nóta ins an ngléas — tréithe nach fuirist greim a fhagháil ortha — agus faghann na scoláiridhe an-chuid conganta le haghaidh brighe agus feidhme na dtréithe úd do thuigsint agus do thabhairt leo, má deintear comharthaidhe áirithe leis an láimh lé linn na nótaidhe do chasadh. Tá comhartha fé leith ag dul le gach nóta ins an ngléas, agus 'sé an comhartha a cuirtear le doh ná "dorn dúnta." Nóta tacamhail forasta 'seadh doh agus dá bhrigh sin cuirtear an "Tréan-nóta" mar thuairisc air. Nuair dúntar an dorn
cuirtear neart agus tréine ann, agus bíonn an lámh níos tacamhla agus níos forasta ar an gcuma soin ná mar do bhéadh sí ar éan chuma eile, agus cuireann an comhartha so i n-umhail dúinn go soiléir na tréithe atá ag baint leis an nóta doh. 'Sé an comhartha a cuirtear le soh ná lámh oscailte, na méaracha amach i dtreó na scoláiridhe agus an ordóg i n-áirde. An "Geal- nóta" nó an "Nóta Aereach" a tugtar ar an nóta so. Nóta breagh meanmnach 'seadh é, agus dá mbéadh cainnteóir a d'iarraidh a lucht-éisteachta a spreagadh — dá mbéadh rud eicínt mar so le rádh aige — "Tógaidh bhur gcroidhthe, glacaidh meanma, mar tá tráth bhur bhfuascalta buailte libh," do chuirfeadh sé amach a lámh ins an riocht n-a bhfuil an lámh so thuas línighthe againn. Agus dá mbéadh fáilte "gheal" dá cur roimh dhuine do cuirfidhe "lámh oscailte" amach chuige le "meanmain." MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Dein na comharthaidhe láimhe agus cas na nótaidhe doh agus soh le línn na comharthaidhe do dhéanamh. Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe do chasadh leis na comharthaidhibh fé mar a déanfar iad. Annsoin scríobh ainmneacha na nótaidhe ós cionn a chéile ar an gclár dubh mar atá siad annso ar thaoibh na láimhe clé againn. Teasbán na nótaidhe a bheidh uait dos na scoláiribh leis an gcuaillín agus deinidís cleachtadh ortha fé mar a teasbánfar dóibh iad.
Dein athrughadh ar an ngléas agus cleachtuigh na nótaidhe doh agus soh arís. (a) Ó'n gcuaillín. (b) Leis na comharthaidhibh láimhe. (c) Ó'n gclár dubh. Nuair is féidir leis na scoláiribh soh do chasadh i ndiaidh pé doh a tugtar dóibh abair leo go bhfuilir chun nóta eile do mhúineadh dhóibh. Cas dos na scoláiribh na nótaidhe doh soh doh leis an nguth "Á" agus deinidís aithris ortha. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach an uair sin?" "Ní tháinigh." Cas dóibh anois na nótaidhe doh soh me leis an nguth "Á" agus deinidís aithris ortha. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach an uair sin?" "Ar bh'é an chéad nóta é?" "An tarna nóta?" "An tríomhadh nóta?" Cas dóibh doh me doh; doh me me; agus soh me soh, leis an nguth "Á" agus deinidís aithris ortha. "bhFuil an nóta so níos aoirde nó níos ísle ná doh?" "bhFuil sé níos aoirde nó níos ísle ná soh?" "Ní'l sé chomh hárd le soh acht tá sé níos aoirde ná doh." Cuir i gcéill dos na scoláiribh go bhfuil me ar crochadh ar an gcuaillín i riocht cluigín leath-shlighe idir doh agus soh. Deinidís clingeadh ortha leis an siolla "lá" fé mar a buailfear iad le peann-luaidhe. Innis dóibh annsoin go dtugtar me mar ainm ar an nóta so. Scríobh ainm an nóta nuaidh ar an gclár dubh idir doh agus soh mar atá síad annso againn agus dein cleachtadh ortha ar an gcuma so: Cas doh me doh soh leis na hainmneachaibh agus dírigh an cuaillín ar gach nóta le línn é do chasadh. Iarr ar na scoláiríbh na nótaidhe chéadna do chasadh dhuit fé mar a teasbánfar dóibh iad leis an gcuaillín. Annsoin cas doh soh me soh; doh me me doh, agus rl. Agus deinidís aithris ortha id' dhiaidh. Congbhuigh an cleachtadh ar
siubhal go dtí go mbeidh sé ar chumas gach éinne ins an ranng na trí nótaidhe do chasadh go ceart ceolmhar pé slighe a teasbánfar iad. COMHARTHA AN TRÍOMHAD NÓTA. — 'Sé an comhartha a cuirtear leis an tríomhadh nóta de'n ghléas, me, ná lámh oscailte, cúl na láimhe i n-áirde, an bas síos agus na méaracha amach i dtreó na scoláiridhe. Má cuirtear an nóta so i gcompráid le doh nó le soh chidhfear nach í an éifeacht chéadna a bheidh ionnta. Ní'l me chomh tréan nó chomh tacamhail le doh ná chomh geal ná chomh aereach le soh. 'Siad na tréithe atá ag baint le me ná ciúineas agus socamhlacht, agus dá bhrigh sin tugtar an "Ciúin-nóta" mar thuairisc air. Dá n-éireóchadh éin-ghleó ins an ranng agus dá mbéadh an múinteóir ag bagairt ar na scoláiribh suaimhneas a ghlacadh do chuirfeadh sé a lámh amach ins an riocht n-a bhfuil an lámh so thuas línighthe againn. LÉIRIGHTHEACHT (LÉIR-CHUR). — Ní cuirtear na nótaidhe ós cionn a chéile i gcomhnaidhe mar do bhíodar againn go dtí seo. Nuair scríobhtar amhrán ins an modh so (an Tonic Sal-fá), cuirtear na nótaidhe i líntidhibh i ndiaidh a chéile mar atá síad thíos fúinn annso; acht cuirtear comharthaidhe eile n-a bhfochair. Agus ní call dúinn ainmneacha na nótaidhe do scríobh i n-iomlán acht an oiread. Ní scríobhfar feasta acht an leitir thosaigh i n-ainm gach nóta. Cuirfear d in ionad doh m in ionad me s in ional soh Agus mar Sin de leis na nótaidhibh eile nuair tabharfar isteach iad.
ÁDHBHAR CLEACHTTHA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cleachtuigh na nótaidhe doh me soh (a) Ó'n gcuaillín. (b) Leis na comharthaidhibh láimhe. (c) Ó'n gclár dubh. Scríobh na nótaidhe doh me soh ar an gclár dubh i líntidhibh mar atá siad n-ár ndiaidh annso agus dein cleachtadh ortha siar agus aniar: Nuair is féidir leis na scoláiribh na nótaidhe do chasadh siar agus aniar le hainmneachaibh an tSal-fá deinidís cleachtadh ortha leis an siolla "lá." ÉIFEACHT INTINNEACH NA NÓTAIDHE. — Má éistfear go haireach leis na nótaidhibh do me soh, agus má deintear breathnughadh agus meabhrughadh ortha nuair a bheidh siad dá ngabháil, braithfidh an intinn go bhfuil tréithe fé leith ag baint le gach nóta aca. Nóta tacamhail forasta bunadhasach 'seadh doh. Nóta ciúin socamhail binn 'seadh me agus nóta breagh geal aereach 'seadh soh. Sé rud is bun leis na tréithibh úd agus an éifeacht a bhíonn ionta ná an deifrigheacht a bhíonn eatorra ins an árdughadh. Réidhtigheann na nótaidhe úd go mór leis an gcluais nuair cántar iad i ndiaidh a chéile; agus nuair castar nó seinntear iad i n-éinfheacht, gabhann siad go binn agus go ceolmhar le na chéile ar nós gur mhaith le duine a bheith ag éisteacht leis an bhfonnmharacht, leis an gcóimh-cheol agus leis
an séis-bhinneas a bhíonn ionta. Cuirtear i n-eol dúinn i nEaladhain na bhFoghar gur "comhfhogus cáirde" na nótaidhe seo de bhrigh go mbíonn an mianach céadna ionta. Bíonn cuid des na tonntrachaibh aerdha a bhíonn i me agus i soh ag coimh-mheascadh le cuid des na tonntrachaibh a bhíonn ins an mbun-nóta doh. Is fuirist an caradas agus an aontacht a bhíonn eatorra a dheimhniughadh agus a chur i n-umhail dos na scoláiribh má seinntear doh agus soh i n-éinfheacht, annsoin doh agus me n-a dhiaidh sin me agus soh agus i ndeireadh thiar doh me agus soh i n-éinfheacht le n-a chéile. I n-éaghmais gléis-cheoil d'féadfadh an múinteóir an ranng do roinnt i dtrianaibh agus nóta do thabhairt do gach trian le casadh i n-éinfheacht. COMHARDA AN BHUN-NÓTA. — Nuair bhíonn trí cinn de nótaidhe ceangailte i gcaradas ar an gcuma so agus gan éin-easaontacht a bheith eatorra, tugtar "Comharda" ortha nuair seinntear iad i n-éinfheacht; agus sé an t-ainm a tugtar ar doh me soh ná "Comharda an Bhun-Nóta." AN tOCHTMHADH. — Nuair a thárluigheann sé go mbhíonn a dhá oiread, nó a leath oiread tonntracha aerdha i nóta ná mar a bhíonn i nóta eile, meascann na fuamanna chomh dlúth soin le n-a chéile gur cosamhail le héan-nóta amháin an dá nóta úd, agus tugtar an t-ainm chéadna ortha araon. Ní bhíonn deifrigh- eacht ar bith eatorra acht amháin ins an árdughadh. Tagann siad ins an áit chéadna ins an ngléas i gcompráid leis na nótaidhibh eile, agus bíonn na tréithe chéadna ag gabháil leo. Ar an gcuma soin tagann ath-chasadh ar gach nóta de'n ghléas thíos nó thuas, agus 'sé an t-ainm a tugtar ar an ath-chasadh úd ná "An tOchtmhadh;" mar, má deintear cómhaireamh ar nótaidhibh an ghléis ó pé nóta is maith linn go dtí a chéile, thíos nó thuas, agus an chéad nóta agus an t-ath-chasadh do chur san gcómhaireamh, chidhfear go mbeidh ocht gcinn (ochtmhadh) de nótaidhibh ann. Cuirtear an comhartha láimhe chéadna (dorn dúnta) le doh agus a chéile, acht amháin go nárduightear an lámh chun an ochtmhadh
thuas do theasbánt agus go n-íslíghtear í le haghaidh an ochtmhadh thíos. Agus nuair scríobhtar na nótaidhe cuirtear fíoghair bheag i n-aice le barr an nóta (d) le haghaidh an ochtmhadh thuas, agus fíoghair bheag eile i n-aice le bun an nóta (d) le haghaidh an ochtmhadh thíos. Cuirtear na fíoghracha beaga so leis na nótaidhibh i gcomhnuidhe ar thaoibh na láimhe deise least thuas nó least thíos fé mar bhíonn gabhadh leo. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cuir na nótaidhe s d m s d ar an gclár dubh ós cionn a chéile mar atá siad annso againn agus dein cleachtadh ortha mar shompla dos na scoláiribh. Lean ort ar an gcuma do comharluigheadh duit a leanamhaint cheana. Cas d s d cuir i gcás, agus deunadh an rang aithris ortha id' dhiaidh. Cas s d s; d m s; m s d; agus mar sin de, agus leig dos na scoláiribh cleachtadh a dhéanamh ortha go dtí go mbeidh se i gcumas do gach éinne ins an rang na nótaidhe do chasadh pé slighe a teasbánfar dóibh iad. Annsoin dein na comharthaidhe láimhe dos na scoláiribh agus cuiridís na nótaidhe leo. AN DRÉIMRE. — Nuair cuirtear na nótaidhe ós cionn a chéile mar atá siad annso thuas againn sé an t-ainm a tugtar ar an gcóiriughadh a bhíonn ortha ná "AN Dréimre." Ní'l an dréimre ar fad annsúd sós, acht cuirfear le chéile í diaidh ar ndiaidh. ÁDHBHAR CLEACHTADH. DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh na nótaidhe céadna atá ins
an ndréimre i líntidhibh i ndiaidh a chéile agus deuntar cleachtadh ortha siar agus aniar: GLUAISEACHT. Suas go dtí seo níor deineadh acht nótaidhe ceoil do mhúineadh. Do cuireadh i n-umhail dos na scoláiribh go mbíonn cuid des na nótaidhibh úd níos aoirde agus cuid aca níos ísle ná a chéile; acht ní fhéadfaidhe a rádh go raibh fonn nó port i n-éan-ádhbhar cleachttha do bhí ar siubhal againn roimhe seo. Is fíor go raibh fonnmharacht ionnta mar bhí deifrigheacht eatorra ins an árdughadh; acht ní leor soin chun puirt nó fuinn do dhéanamh díobh. MÉADRACHT. — Bíonn méadracht agus rannaidheacht, mar a déarfá, i bhfonn agus i bport go díreach glan mar a bhíonn i bhfilidheacht. Cuirtear béim gotha ar shiollaidhibh áirithe ins an bhfilidheacht agus cuirtear truime ar an nós chéadna ar nótaidhibh áirithe ins an bhfonn. Níor braitheadh an truime úd ag tuitim ar éan-nóta do cleachtadh go dtí seo, mar bhí na nótaidhe go léir ar éan-dul againn — cuireadh an truime chéadna ar gach nóta. LUASCADH. — Ní cuirtear an fhaid chéadna ins na nótaidhibh a
bhíonn i bhfonn nó i n-amhrán. Bíonn cuid aca fada agus cuid aca gairid agus ní thagann nóta fada fé'n dtruime i gcomhnuidhe. 'Sé an t-ainm a tugtar ar an éagsamhlacht úd a bhíonn i mbuanas na nótaidhe ná "Luascadh." Bhí an luascadh úd i n-easnamh ins na hádhbhairibh cleachttha do bhí againn roimhe seo — bhí an fhaid chéadna ins na nótaidhibh go léir. GLUAISEACHT. — Nuair baineann an focal so "gluaiseacht" le ceol cuirtear i bhfeidhm é i dtrí cinn de shlighthibh: (a) Tugtar "an ghluaiseacht" ar an deithneas a bhíonn fé'n gceol i bhfonn nó i n-amhrán. Uaireanta ritheann na nótaidhe go tapaidh i ndiaidh a chéile agus annsoin deirtear go mbíonn "an ghluaiseacht" go mear. Uaireanta eile tagann na nótaidhe go fadálach i ndiaidh a chéile agus annsoin deirtear go mbíonn "an ghluaiseacht" go mall. (b)Tugtar "an ghluaiseacht" ar an riarughadh a cuirtear ar na truimibh ó thúis deireadh an fhuinn nuair deintear trácht ar "ghluaiseacht dúbalta" "gluaiseacht thríorach" "gluaiseacht ghnáthach" agus rl. Is ionann "gluaiseacht" agus "méadracht" annsoin. (c) Agus tugtar "an ghluaiseacht" ar an riarughadh a deintear ar na nótaidhibh idir fada agus gairid ins an bhfonn. Is ionann "gluaiseacht" agus luascadh annsoin, agus cuirtear an focal so "gluaiseacht" i bhfeidhm nuair deirtear: "Tabhraidh aire do'n ghluaiseacht," nó "Tá an ghluaiseacht bun ós cionn agaibh," nó "Seachainidh, tá an ghluaiseacht go crapach annsúd." agus rl. Caithfimíd eolas a chur anois ar na tréithibh seo a bhíonn ins an gceol. 1. MÉADRACHT, nó riarughadh na truime a cuirtear ar nótaidhibh áirithe ins an bhfonn. 2. LUASCADH, nó riarughadh na nótaidhe de réir an fhaid agus an bhuanais a bhíonn ionta. 3. GLUAISEACHT, nó luas an cheoil agus riarughadh na méadrachta agus an luascatha ins an bhfonn.
MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh roinnt focal ar an gclár dubh mbeidh dhá shiolla i ngach ceann aca agus an truime ar an éad shiolla: Thógas Ghreadas Léimeas Léigh na focail seo agus méaduigh an truime ar an gcéad shiolla i ngach focal. Fiafruigh des na scoláiribh ar cuireadh an truime chéadna ar ghach siolla. "Níor cuireadh." Mínigh dóibh gur cuireadh trom-thruime ar an gcéad shiolla agus lag- thruime ar an tarna siolla i ngach focal. Scríobh na focail chéadna arís ar an gcuma so: Caidé an chiall ar cuireadh na líntidhe úd agus na stadanna isteach i bhfochair na bhfocal? Cuireadh líne (teora) roimh an gcéad shiolla i ngach focal mar chomhartha go gcaithfear trom- thruime do chur ar an gcéad shiolla; agus cuireadh an eadar- stad roimh an tarna siolla mar chomhartha go gcaithfear an Lag-thruime do chur ar an tarna siolla. 'Sé an t-ainm a cuirfear feasta ar an dteorainn ná an "Trom-chomhartha" agus cuirfear an "Lag-chomhartha" mar ainm ar an eadar- stad Anois scríobh na focail seo a leanas ar an gclár dubh: Bradán Casúr Tomás Léigh na focail úd agus méaduigh an truime ar an tarna siolla i ngach focal díobh. Ceistnigh na scoláiribh ar an gcuma so:
"Cár thuit an trom-thruime ar an bhfocal "bradán"?" "Cá gcuirfimíd an teora nó an trom-chomhartha"? "A'mbéadh sé ceart an trom-chomhartha do chur roimh an gcéad shiolla ins an bhfocal "bradán"?" "Caidé an chiall?" Agus mar sin de. Mínigh dos na scoláiribh annsoin ná tuiteann an trom-thruime gcomhnuidhe ar an gcéad shiolla ins an bhfocal. Scríobh na focail arís agus cuir isteach comhtharaidhe na dtruime:- Ceistnigh na scoláiridhe arís a féachaint a' dtuigeann siad gach éin-nidh i dtaoibh na dtruime agus mínigh dóibh éan-rud go mbeidh siad dall air. Anois cuir an líne filidheachta so ar an gclár dubh: "Beidh mé féin ar bharr an tsléibhe." Léigh an líne úd dos na scoláiribh agus méaduígh an béim gotha i ngach siolla ar a thuiteann sé. Tabhairfidh siad fé ndeara go dtuiteann an béim gotha ar an gcéad shiolla agus ar gach 're siolla n-a dhiaidh sin. Cuirtear trom-thruime ar an gcéad shiolla, ar an tríomhadh siolla, ar an gcúigeadh siolla, agus ar an seachtmhadh siolla; cuirtear an lag-thruime ar gach siolla eile. Tháinig an trom-thruime agus an lag-thruime go léardha i ndiaidh a chéile ar an gcuma so: Cas an líne úd anois dos na scoláiribh ar éan-nóta amháin agus deinidís aithris uirrthi id' dhiaidh. Annsoin mínigh dóibh go ndeintear riarughadh ar na nótaidhibh a bhíonn i bport nó i n-amhrán go díreach glan mar do deineadh ar na focalaibh agus ar na siollaidhibh ins an líne úd thuas. PREABANNA. — Nuair léightear an líne úd go ceart
nádúrtha braithfidh an chluas go gcuireann frioth-bhualadh na dtruime sórt preabtha ins an léightheóireacht. Samhluigheann sé dhúinn go dtagann na truime ag preabadh i ndiaidh a chéile mara déarfá; agus dá bhrigh sin cuirtear "Preab" mar ainm ar thuitim na truime. Agus i léir-chur an tSal-fá cuirtear "Preab" mar ainm ar an achar a bhíonn idir throm-chomhartha nó lag-chomhartha agus an chéad chomhartha eile a thagann n-a diaidh, bíodh sé trom nó lag. Nuair scríobhtar fonn nó amhrán ms an modh so cuirtear an fhaid chéadna i ngach achar a bhíonn fé na preabannaibh. Má cuirtear leath-órdlach fé'n gcéad phreab caithfear leath-órdlach do chur fé gach preab eile ins an bhfonn. Tagann na preabanna níos mire i ndiaidh a chéile i bhfuinnibh thar mar a thagann siad i bhfuinnibh eile — sé sin le rádh go mbíonn an ghluaiseacht go mear i bhfonn anois agus go mall i bhfonn eile arís. Acht pé mear nó mall an ghluaiseacht bíonn an fhaid chéadna i ngach preib ins an bhfonn chéadna. Bíonn luascadh an chrochadáin níos mire i gclogaibh thar mar a bhíonn se i gclogaibh eile; acht is ionann gach luascadh le preab bíodh an luascadh mear nó mall. MÉADRACHT. — Tagann ath-chasadh léardha ar an dtrom- thruime i bhfonn nó i n-amhrán ar an gcuma chéadna is a thagann ath-chasadh ar an mbéim gotha i rann filidheachta. Tuiteann na trom-thruime an fhaid chéadna ó n-a chéile i gcomhnuidhe, agus tugtar "Méadar" ar an fhaid a bhíonn idir trom-thruime agus an chéad throm-thruime eile a thagann n-a dhiaidh nuair bhíonn an port ar siubhal. Agus i léir-chur an tSal-fá tugtar "Méadar" ar an achar a bhíonn idir throm-chomhartha agus an chéad throm-chomhartha eile a thagann n-a dhiaidh. Nuair a thuiteann an trom-thruime ar an gcéad nóta i bhfonn nó i n-amhrán beidh an fonn nó an t-amhrán ins an "bPríomh-eagar." Tá an líne filidheachta so n-ár ndiaidh ins an bPríomh-eagar de bhrigh go dtuiteann an trom-thruime ar an gcéad shiolla:
Acht dá dtuitfeadh an lag-thruime ar an gcéad nóta do bhéadh an fonn ins an "Eagar Iochtrach." Tá an líne filidheachta so n-ár ndiaidh ins an eagar iochtrach de thoisc an lag-thruime a bheith ar an gchéad shiolla: MÉADAR AN DÁ PHREIB. — Tá dhá phreib i ngach méadar ins na líntidhibh filidheachta úd thuas agus dá bhrigh sin deirtear go bhfuil siad i "Méadar an Dá Phreib." Ritheann na truime i ndiaidh a chéile mar seo: trom, lag; trom, lag; agus mar sin de, nuair bhíonn an cleachtadh ins an bpríomh-eagar. Ritheann na truime ar an gcuma chéadna nuair bhíonn an cleachtadh ins an eagar iochtrach acht amháin go gcuirtear an lag-thruime ar an gcéad nóta: lag; trom, lag; trom, lag, agus rl. MÉADAR NA DTRÍ BPREABANN. — Nuair ritheann na truime mar seo: trom, lag, lag; trom, lag, lag, agus rl., nó lag; trom, lag, lag; trom, lag, lag, agus rl, beidh "Méadar na dTrí bPreabann" againn ins an bPríomh-eagar agus ins an Éagar Iochtrach. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh roinnt focal ar an gclár dubh go mbeidh trí cinn de shiollaidhibh i ngach focal aca agus an béim gotha ar an gcéad shiolla: Buach-aill-ín. Gall-da chas. Ceol-air-eacht. Léig na focal úd dos na scoláiribh agus méaduigh an truime ar an gcéad shiolla. Annsoin ceistnigh iad mar do dheinis cheana. "An mó siolla i ngach focal?" "Ar chuireas an truime chéadna ar gach siolla ins an bhfocal "buachaillín"?"
"Cár chuireas an trom-thruime?" "'Seadh do chuireas an trom-thruime ar an gcéad shiolla i ngach focal agus lag- thruime ar gach siolla eile." Scríobh na focail arís mar atá siad annso thíos agus iarr ar na scoláiríbh na comharthaidhe do mhíniughadh dhuit: Scríobh an líne seo a leanas ar an gclár dubh agus léigh í dos na scoláiribh agus annsoin faigh uatha féin í do léigheamh go nádúrtha: "Buachaillín mise do shiubhlaigh a lán." Iarr ar dhuine des na scoláiribh na siollaidhe gur cuireadh na trom-thruime ortha do theasbánt duit leis an gcuaillín, agus annsoin cuir isteach na comharthaidhe mar seo: Ceistnigh na scoláiribh agus faigh uatha féin go bhfuil trí cinn de phreabannaibh i ngach méadar agus gur ins an bPríomh-eagar atá an líne úd scríobhtha. Cuir an focal "is" i dtosach na líne agus beidh sí ins an Éagar Iochtrach — mar seo: ÁDHBHAR CLEACHTTHA. Méadar an Dá Phreib — Príomh Eagar:
Méadar an Dá Phreib — Eagar Iochtrach. Méadar na dTrí bPreabann — Príomh Eagar. Méadar na dTrí bPreabann — Eagar Iochtrach. SIOLLAIREACHT. — Nuair is féidir leis na scoláiribh ádhbhar cleachttha do chasadh le siollaidhibh an tSal-fá caithfidh siad é do chasadh arís agus an siolla "lá" do chur le gach nóta — caithfidh siad "Siollaireacht" a dhéanamh air. COMHARTHUGHADH NA GLUAISEACHTA. — Má seinntear suas port rinnce agus má congbhuightear ar siubhal é go spreagamhail
ar feadh tamaill is cosamhail go gcromfaidh na scoláiridhe ar an urlár do ghreadadh le n-a gcosaibh. Buailfear na cosa ar an urlár i n-éinfheacht le tuitim gach trom-thruime a bheidh ms an bport rinnce. 'Sé rud a bheidh á dhéanamh ag na scoláiribh ná ag comharthughadh na gluaiseachta i ngan fhios dóibh féin. Is fuirist é sin a dhéanamh nuair cloistear an port; acht gan a bheith ag duine acht na nótaidhe clodhbhuailte ní thiucfaidh sé chomh bog san leis an comharthughadh úd a dhéanamh. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh ar an gclár dubh cúpla méadar go mbeidh dhá phreib i ngach ceann aca mar seo: Annsoin cuir na ceisteanna so n-ár ndiaidh ar na scoláiribh agus faigh uatha na freagartha atá fé na gceisteannaibh. "An mó méadar ar an gclár dubh againn?" "Dhá cheann." "An mó preab i ngach méadar?" "Dhá cheann." "Cad tugtar ar an líne dhirigh úd atá roimh an gcéad nóta?" "Comhartha na trom-thruime, nó an trom-chomhartha." "Caidé an gnó atá ag an trom-chomhartha annsud?" "Chun a theasbánt dúinn go dtuiteann an trom-thruime ar an gcéad nóta." "Cad tugtar ar an eadar-stad?" "Comhartha na lag-thruime nó an lag-chomhartha." "Caidé an chiall ar cuireadh an lag-chomhartha annsúd?" "Chun a theasbhánt dúinn go dtuiteann an lag-thruime ar an tarna nóta." "Cad tugtar ar an achar atá idir an trom-chomhartha agus an lag-chomartha ins an gcéad méadar?" "Preab."
"Cad tugtar ar an achar atá idir throm-chomhartha agus an chéad throm-chomhartha n-a dhiaidh?" "Méadar." "Cá dtuiteann an trom-thruime ins an tarna méadar?" "Ar an nóta." "Cionnus a ritheann na truime i ndiaidh a chéile?" "Trom, lag; trom, lag; agus mar sin de." "Anois is féidir linn a theasbánt le luascadh na láimhe cionnus a ritheann na truime i ndiaidh a chéile." Mínigh anois dos na scoláiribh cionnus a deintear comhar- thughadh ar an ngluaiseacht leis an láimh i Méadar an Dá Phreib. Duntar an dorn acht amháin an mhéar thosaigh. Luasctar an lámh ó chaol na láimhe amach, síos agus suas agus cuirtear an fhaid chéadna i ngach luascadh. Leigtear síos an lámh le haghaidh na trom-thruime agus tógtar í le haghaidh na lag-thruime. DHÁ BHUILLE Cuir na focail "síos" "suas" fé na nótaidhibh mar seo: Annsoin iarr ar na scoláiribh an comharthughadh do dhéanamh agus na focail "síos," "suas," a rádh i n-éinfheacht le gach luascadh de'n láimh. Nuair is féidir leo é sin a dhéanamh caithfidh siad na nótaidhe a léigheamh agus an comharthughadh a
dhéanamh ins an am chéadna. Agus i ndeireadh thiar caithfidh siad na nótaidhe do chasadh agus an comharthughadh do dhéanamh le linn iad do chasadh. Mínigh dos na scoláiribh anois cionnus a deintear comhar- thughadh ar an ngluaiseacht i Méadar na dTrí bPreabann. Leigtear síos an lámh le haghaidh na trom-thruime (an chéad phreab) annsoin tugtar luascadh beag amach ar thaoibh na láimhe deise (an tarna preab) agus annsoin tógtar í (an tríomhadh preab). Tagann na buillidhe i ndiaidh a chéile ar an gcuma so: síos, deas, suas; síos, deas, suas, agus rl. Trí Buillidhe. Cuir na nótaidhe seo a leanas ar an gclár dubh agus scríobh na focail "sios," "deas," "suas," fútha. Iarr ar na scoláiribh cleachtadh do dhéanamh ar an gcomhar- thughadh fé mar do dheineadar air i Méadair an Dá Phreib;
acht nuair a bheidh an comharthughadh ar siubhal aca ná leig dóibh éan-bhall díobh a chorruighe acht amháin an lámh. Annsoin deinidís comharthughadh ar an ngluaiseacht ins na hádhbhairibh cleachttha do bhí aca cheana. CÉIMNIUGHADH NA GLUAISEACHTA. — Dubhradh cheana go mbíonn deifrigheacht idir na nótaidhibh ins an árdughadh. Bíonn cuid aca níos aoirde agus cuid aca níos isle ná a chéile; acht bíonn deifrigheacht eile eatorra. Ní taobh le haon nóta amháin a bhíonn an phreab i gcomhnuidhe agus ní bhíonn an fhaid chéadna ins na nótaidhibh go léir. Bíonn cuid aca fada agus cuid aca gairid, agus is minic a thagann beárna nó sosadh eatorra. 'Sí an cheist atá le réidhteach againn anois — Cionnus a' dtiocfaidh linn an fhaid cheart do thabhairt do gach nóta agus do gach sosadh a bheidh ins an bhfonn? Is fuirist é sin a dhéanamh de bhrigh go bhfuil gléas céimnighthe againn chun gach nóta agus gach sosadh, pé fada gairid é, do thomhasadh go beacht. Franncach darb' ainm M. Paris do chuir an gléas so i bhfeidhm i dtosach, agus ba dheacair caoi níos feidhmeamhla do cheapadh le haghaidh tómhais na nótaidhe. SIOLLAIDHE GLUAISEACHTA. — Do thoghaidh M. Paris siollaidhe áirithe chun a chur i n-umhail dos na scoláiribh an fhaid ba cheart dóibh do chur ins na nótaidhibh. Ní'l brigh ná ciall leis na siollaidhibh féin, acht bíonn éifeacht mhór ins an fhaid a cuirtear ionnta; mar 'sí an fhaid a bheidh ins na nótaidhibh ná an fhaid a cuirfear ins na siollaidhibh úd. Tá siolla ann le haghaidh lán- nóta (preab); siolla le haghaidh leath-nóta (leith-phreab); siolla le haghaidh ceathramha-nóta (ceathramha-phreab), agus mar sin de. 'Sé an siolla a cuirtear le preib nuair ná bíonn ins an bpreib acht éan-nóta amháin ná "taa." Tógfaimíd na siollaidhe so go díreach glan mar do ceapadh iad gan éan- athrughadh a dhéanamh ortha. 'Sí an fhaid a bheidh ins an bpreib, nó ins an nóta a cuirfear ins an bpreib ná an fhaid a bheidh ins an siolla "taa" nuair fuaimnightear é go nádúrtha. 'Sí an
fhaid ba chóir do chur ins an siolla "taa" ná an fhaid a cuirtear ins na focailibh "tá," "lá," nó "má." ÁDHBHAR CLEACHTTHA. NA TRUIME. trom lag NA PREABANNA. NA MÉADAIR. aon dó COMHTHARUGHADH NA GLUAISEACHTA. síos suas CÉIMNIUGHADH NA GLUAISEACHTA.
AN CEANGAL. — I léir-chur an tSal-fá cuirtear an ceangal i dtosach gach líne agus i ndeireadh gach líne nuair bhíonn níos mó na éin-líne ins an ádhbhar chleachttha nó ins an bhfonn. AN TEORA DÚBALTA. Cuirtear an teora dúbalta i ndeireadh an fhuinn nó i ndeireadh ranna ceoil nuair deintear ranna de'n bhfonn nó de'n amhrán. PREABANNA AR LEANAMHAINT. — Tugtar níos mó ná éin-phreab amháin do nóta go minic. Má leantar ar nóta ar feadh dhá phreib, cuir i gcas, cuirtear ainm an nóta ins a gcéad phreib agus líne ar a fhaid ins an tarna phreib mar seo: d: — chun a theasbánt dúinn go gcongbhuightear fuaim an nóta úd ar leanamhaint ins an tarna phreib; act pé méid preabanna a bheidh fé'n nóta ní deintear éan-athrughadh ar an dtruime, ins an gcás so, agus ní bheidh ins an dá phreib acht éan-fhuaim amháin. MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cnag ar an gclár dubh fé dhó leis an gcuaillín agus cas an siolla "lá" le gach buille (lá, lá). Fiafruigh des na scoláiribh an mó fuaim do chuirís le gach uille (aon ceann amháin). Anois cas dóibh an siolla "lá" éan-uair amháin agus congbhuigh ar siubhal é ar feadh dhá bhuille. Fiafruigh díobh an mó fuaim d'airgheadar dá ngabháil an uair sin (éan-fhuaim amhain). "An mó buille?" "Dha cheann." Ní hamháin gur féidir linn nóta do casadh ar feadh éan-bhuille amháin acht ar feadh dhá bhuille. Iarr ar na scoláiribh an siolla "lá" do chasadh fé dh agus buille do ur le gach nóta; agus "lá" do chasadh éan-uair amháin agus dhá bhuille do chur leis. Mínigh dóibh ar an gclár dubh cionnus a cuirtear i n-umhail
dúinn go gcaithfimíd nóta do chongbháil ar siubhal ar feadh dhá phreib nó dhá bhuille, mar seo: Tá nóta ins an gcéad phreib; acht ní'l éan-nóta ins an tarna preib. Cad tá innti? Ta líne ar a faid innti agus tugtar "Comhartha an Bhuainis" ar an líne úd mar cuireann sí i n-umhail dúinn gur cuireadh breis i mbuanas an chéad nóta agus go bhfuil se ar leanamhaint ins an tarna preib. Ní'l éan-tsiolla gluaiseachta fé leith le haghaidh preibe ar leana- mhaint; acht congbhuightear an "taa" ar siubhal ar feadh dhá bhuille agus scríobhtar mar seo é — "taa-aa" — cé ná bíonn ann acht éan-fhuaim amháin: ÁDHBHAR CLEACHTTHA. GLÉAS C. nó D.
LEATH-PHREABANNA. — Suas go dtí seo ní raibh againn acht éan-nóta amháin i ngach preib; acht is minic a deintear dhá leath de'n phreib agus cuirtear dhá nóta innti. Chun dhá leath a dhéanamh dí cuirtear lán-stad i gceart lár na preibe mar seo:- 'Sé an siolla gluaiseachta a cuirtear le láin-phreib nuair ná bíonn innti acht éan-nóta amháin na "taa"; acht nuair tharlui- gheann sé go mbíonn dhá nóta de'n fhaid chéadna ins an bpreib siad na siollaidhe a cuirtear leo ná "taa-tai." Nuair a bheidh na siollaidhe "taa" agus "taa-tai" dá léigheamh againn ní féidir linn breis aimsire do thabhairt dos na siollaidhibh "taa-tai" thar mar a tugtar do'n tsiolla "taa." Má tugtar buille do'n tsiolla "taa" caithfimíd taa-tai do chur le buille, agus caithfimíd an fhaid chéadna do chur i ngach siolla i "taa- tai," mar dá gcuirfidhe méadughadh ar shiolla nó fadughadh, agus giorrughadh ar shiolla eile, do bhéadh an céimniughadh agus an ghluaiseacht bun ós cionn againn.
MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cnag ar an gclár dubh fé dhó leis an gcuaillín agus cas an siolla "lá" le gach buille. "An mó uair ar chuireas "lá" le gach buille?" "Éan-uair amháin." Buail an clár-dubh arís fé dhó agus cas "lá" fé dhó leis an gcéad bhuille (lá-lá, lá). "An raibh acht siolla le gach buille an uair sin?" "Bhí dhá shiolla leis an gcéad bhuille." Buail an clár dubh arís fé dhó agus cas "lá" éan-uair amháin leis an gcéad bhuille agus fé dhó leis an tarna buille (lá, lá-lá). Ceistnigh na scoláiribh mar do dheinis cheana, agus mínigh dóibh annsoin ná bíonn an phreab taobh le héan-nóta amháin i gcomh- nuidhe agus go gcuirtear, ní hamháin dhá nóta ins an bpreib, acht trí cinn aca agus cheithre cinn aca go minic mar chidhfidh siad ar ball. Teasbán dóibh ar an gclár dubh cionnus a scríobhtar dhá nóta ins an bpreib agus tabhair dóibh na siollaidhe gluaiseachta. Nuair bhíonn dhá nóta de'n fhaid chéadna ins an bpreib siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leo ná "taa-tai". preab dhá leath ÁDHBHAR CLEACHTTHA. GLÉASANNA F AGUS G.
SALFÚGHADH. — 'Sé rud é "Salfúghadh" na "a casadh na nótaidhe le hainmneachaibh an tSal-fá." In ionad: "Cuiridh ainmneacha an tSal-fá leis na nótaidhibh ins an gcleachtadh úd" is féidir linn a radh: "Deinidh salfúghadh ar an gcleachtadh úd." TÁTÚGHADH. — 'Sé rud é "Tátúghadh" ná "ag cánadh cleachttha nó amhráin leis na siollaidhibh gluaiseachta ar éan-nóta amháin." In ionad: "Cuiridh na siollaidhe gluaiseachta leis an gcleachtadh úd ar éan-nóta amhain," do bhéadh sé níos deise agus níos giorra dá ndéarfaidhe "Deinidh tátúghadh ar an gcleachtadh úd." CLEACHTADH CLUAISE. — Ba chóir go dtabharfadh an múinteóir taithighe dos na scoláiribh ó thosach salfúghadh a dhéanamh ar na nótaidhibh a múintear dóibh, nó na nótaidhe úd d'ainmniúghadh, nuair cántar iad leis an siolla "lá" agus nuair seinntear iad ar ghléas cheoil. Tugann sé an-chuid conganta dos na scoláiribh na nótaidhe do chasadh go ceart agus gan éin- trioblóid má deintear cluais-chleachtadh go minic ar an gcuma soin. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Abair leis na scoláíribh go bhfuilir chun dhá nóta do chasadh dhóibh leis an siolla "lá," agus
ceann eile, agus go gcaithfidh siad an tarna nóta d'ainmniúghadh dhuit no salfúghadh a dhéanamh air. Annsoin cas doh agus soh dhóibh leis an siolla "lá." Deinidís aithris orrtha i dtosach leis an siolla "lá" agus annsoin deinidís salfúghadh orrtha. (doh soh). Cas dóibh na nótaidhe doh me leis an siolla "lá" arís. Deinidís aithris orrtha leis an siolla "lá" id' dhiaidh agus annsoin le siollaidhibh an tSal-fá (doh me). Anois abair leo go bhfuilir chun trí cinn de nótaidhibh do chasadh dhóibh leis an siolla "lá" agus go mbeidh doh i dtosach arís. Cas dóibh doh soh doh leis an siolla "lá." Deinidís aithris orrtha id' dhiaidh leis an siolla "lá" agus annsoin deinidís salfúghadh orrtha. Anois dein cluais-chleachtadh ar chéimniughadh na gluaiseachta. Cas dos na scoláiribh na cleachttha atá r an láimh chlé thios fúinn annso leis an siolla "lá" agus iarr ortha aithris a dhéanamh ortha le siollaidhibh na gluaiseachta id' dhiaidh. An Múinteóir. Na Scoláiridhe. CHUN AMHRÁIN NÓ CLEACHTTHA NUAIDH D'FHOGHLUIM: 1. Faigh amach méadar an amhráin agus cia aca ins an bPrímh- eagar nó ins an Eagar Iochtrach atá sé. 2. Dein tátúghadh ar an amhrán ar éan-nóta amháín, agus dein comharthughadh ar an ngluaiseacht ins an am chéadna. 3. Dein céimniúghadh ar an ngluaiseacht leis an siolla "lá." 4. Dein salfúghadh ar na nótaidhibh. 5. Cas an nótaidhe leis an siolla "lá." 6. Cas na focail leis na nótaidhibh. Dein cleachtadh ar an bhfonn so a leanas de réír na riaghalacha úd thuas.
ÁDHBHÁR CLEACHTA. SUAS LEIS AN nGAEDHILIG. GLÉAS C. Suas leis an nGaedhilig, Teanga bhinn na hÉir-eann, Teanga cheolmhar, Teanga ghlórmhar, Beidh sí fós fé réim. AN TARNA CÉIM. FONNMHARACHT. — Nótaidhe Chomharda SOH — s t r, s t r — do chasadh pé cóiriúghadh a cuirfear ortha idir B agus E. GLUAISEACHT. — An Truime Mheadhánach: Méadar na gCeithre bPreabann (gluaiseacht gnáthach); An Sosadh; Ceathramha. Phreabanna. AN SEACHTMHADH NÓTA DE'N GHLÉAS.- 'Sé an chéad nóta eile a múinfear ná an seachtmhadh nóta de'n ghléas. Tugtar te mar ainm ar an nóta so agus 'siad na tréithe atá ag baint leis ná "géireacht" agus "faobhar." Sé an comhartha láimhe a cuirtear leis ná méar thosaigh na láimhe deise dírighthe i n-áirde ins an gcuma 'n-a bhfuil sí línighthe annso againn. An "Géar-nóta" tugtar mar thuairisc ar an nóta. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEOIR. — Iarr ar na scoláiribh salfúghadh a dhéanamh ar na nótaidhibh d m s d ós na comharthaidhibh láimhe
agus 'na dhiaidh sin iad do chasadh leis an siolla "lá." Abair leo annsoin go bhfuilir chun nóta nuaidh — nóta ná raibh aca cheana — do mhúineadh dhóibh. Cas dóibh na nótaidhe d m s d leis an siolla "lá." "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach?" "Ní tháinigh." Annsoin cas dóibh leis an siolla "lá" arís na nótaidhe d m s d t d agus méaduigh géireacht an nóta nuaidh. "Ar tháinigh an nóta nuaidh isteach an uair sin?" "Tháinigh." "Cár tháinigh se?" "Roimh an nóta deireannach." "bhFuil an nóta nuadh níos aoirde nó níos ísle ná doh?" "Níos ísle." "bhFuil sé níos aoirde nó níos isle ná soh?" "Níos aoirde." "Cad iad na tréithe atá ag baint leis?" "Géireacht agus faobhar." Mínigh dóibh nach iad na tréithe chéadna atá ag baint leis an nóta so atá ag baint leis na nótaidhibh do múineadh dóibh cheana. Annsoin tabhair dóibh ainm an nóta nuaidh. "Tugtar te ar an nóta so." Teasbán dóibh an comhartha láimhe atá ag dul le te. Dein cleachtadh ar na nótaidhibh d m s t d leis na comharthaidhibh láimhe agus bíodh an nóta te go minic ins an gcleachtadh. Annsoin scríobh na nótaidhibh ós cionn a chéile ar an gclár dubh mar atá siad annso ar thaoibh na láimhe lé agus deinidís salfúghadh ortha fé mar a teas- bánfar dóibh iad leis an gcuaillín. Nuair a bheidh sé i gcumas dóibh te do chasadh i gceart i n-éinfheacht leis na nótaidhibh eile scríobh cleachttha mar iad so a leanas ar an gclár dubh agus deinidís salfúghadh orrtha siar agus aniar. GLÉASANNA C agus D.
GLÉASANNA F agus G. ÁDHBHAR CLEACHTTHA. GLÉAS C. GLÉAS F. GLÉAS C. AN TARNA NÓTA DE'N GHLÉAS. — Tugtar "ray" mar ainm ar an nóta so agus tagann sé san ngléas, nó ins an ndréimire, idir doh agus me. Nóta "spreagamhail" "beodha" seadh ray nuair bhíonn an t-árdugadh go hárd; agus má bhíonn an t-árdughadh go híseal bíonn tréithe eile ag gabháil leis. Annsoin tugtar an "Guidhe-nóta" mar thuairisc air. Sé an comhartha láimhe a cuirtear leis ná lámh oscailte, an bas amach i dtreo na scoláiridhe. Cuirtear an lámh ins an riocht so chun bagairt orainn "éirighe" nó chun beannachta "do ghuidhe" ar dhuine.
MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe gur mhúinís dóibh go dtí seo d' ainmniughadh dhuit — d m s agus t. Abair leo go bhfuil nóta nuadh eile agat anois le múineadh dhóibh agus go gcaithfidh siad aire mhaith do thabhairt duit. Deinidís salfúghadh ar na nótaidhibh d m s d t d ós na comharthaidhibh láimhe; annsoin iarr ortha iad do chasadh leis an siolla "lá." Anois cas dóibh na nótaidhe céadna leis an siolla "lá." "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach." "Ní tháinigh." Cas dóibh na nótaidhe d m s d r d. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach an uair sin?" "Tháinigh." "Cár tháinigh sé?" "Roimh an nóta deireannach." Cas dóibh na nótaidhe d m s d r d arís agus congbhuigh an nóta nuadh ar siubhal ar feadh tamaill chun na tréithe atá ann a chur i n-umhail dos na scoláiribh. "bhFuil an nóta nuadh níos aoirde nó níos ísle ná d?" agus mar sin de. Mínigh dóibh gur nóta "spreagamhail" "beodha" an nóta so nuair bhíonn sé i ngléas árd, agus go dtugtar an "Guidhe-nóta" air nuair bhíonn sé i ngléas íseal. Annsoin tabhair dóibh ainm an nóta nuaidh — ray — agus an comhartha láimhe atá ag dul leis. Cuir ainm an nóta so ins an nDréimre idir doh agus me ar an gclár dubh agus dein cleachtadh air i bhsochair na nótaidhe eile. Annsoin scríobh na nótaidhe d m s t r i líntidhibh i ndiaidh a chéile ar an gclár dubh agus dein cleachtadh ortha siar agus aniar. GLÉASANNA C AGUS D.
GLÉASANNA F AGUS G. ÁDHBHAR CLEACHTTHA. GLÉAS C. GLÉAS F. GLÉAS F. AN SOH-CHOMHARDA. — Cuireadh i n-umhail do'n scoláire ins an gCéad Chéim go dtugtar "Comharda an Bhun-nóta" ar na
nótaidhibh d m s nuair seinntear iad i n-éinfheacht le na chéile. Tugtar "An Phréamh" ar an nóta is isle ins an gcomharda agus faghtar ainm an chomharda ó ainm na préimhe. Má deintear scrúdughadh ar an ngléas chidhfear go bhfuil na nótaidhe te agus ray an fhaid chéadna taobh thuas de'n nóta soh is go bhfuil na nótaidhe soh agus te taobh thuas de'n nóta doh; agus nuair seinntear na nótaidhe s t agus r i n-éinfheacht gabhann siad go binn agus go ceolmhar le na chéile, mar tá mianach comharda ionnta. Tugtar "An soh-chomharda" ar na nótaidhibh soh te agus ray mar 'sé an nóta soh préamh an chomharda úd. Má seinntear nó má cántar na nótaidhe d m s, s t r i ndiaidh a chéile tabharfar fé n-aire an binneas agus an éifeacht atá ins na comhardaidhibh. GLÉAS C. GLÉAS D.
GLÉAS É. — CLEACHTADH NA gCOMHARDAIDHE. GLUAISEACHT. MÉADAR NA gCEITHRE bPREABANN. — Ní raibh againn acht dhá phreib nó trí preabanna ins an méadar roimhe seo acht cuirtear cheithre preabanna ins an méadar go minic. Má léightear na focail seo thíos go réidh socair agus an fhaid chéadna do chur i ngach siolla atá ionnta, chidhfear go mbeidh dhá throm-thruime agus dhá lag-thruime ar gach focal- Beidh trom-thruime ar an gcéad shiolla agus ar an dtríomhadh siolla, agus lag-thruime ar na siollaidhibh eile. Acht braithfidh an chluas go bhfuil deifrigheacht idir na truimibh a cuirtear ar an gcéad shiolla agus ar an dtríomhadh siolla. Buailtear an chéad shiolla rud beag níos láidre ná mar buailtear an tríomhadh siolla; acht buailtear an tríomhadh siolla níos láidre ná mar buailtear an tarna siolla nó an siolla deireannach: Cod-ra-mán-ta, Deilbh-ea-dór-a. "Meadhán-truime" a cuirtear ar an dtríomhadh siolla agus ritheann na truime i ndiadh a chéile i ngach focal ar an gcuma so: trom, lag, meadhán, lag; trom, lag, meadhán, lag; agus mar sin de.
MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh roinnt focal ar an gclár dubh go mbeidh cheithre cinn de shiollaidhibh i ngach ceann aca. Cod-ra-mán-ta Uair-ea-dóir-idhe. Léig na focail seo dos na scoláiribh agus cuir an fhaid chéadna i ngach siolla acht méaduigh an truime ar an gcéad shiolla agus ar an dtríomhadh siolla "Cá dtuiteann na trom-thruime?" "Ar an gcéad shiolla agus ar an dtriomhadh siolla." "bhFuil an truime ar an dtriomhadh siolla chomh láidir leis an dtruime ar an gcéad shiolla?" "Ní'l, ní'l sé acht meadhánach láidir." "'Seadh cuirtear meadhán-truime ar an dtríomhadh siolla agus tá comhartha fé leith le haghaidh na meadhán-truime." Scríobh na focail arís ar an gclár dubh agus cuir isteach comharthaidhe na dtruime mar seo: Mínigh dos na scoláiribh gur b'é an comhartha a cuirtear roimh an dtríomhadh siolla, chun a theasbánt go dtuiteann an meadhán-thruime ar an siolla úd, ná líne díreach-líne meadhánach árd. Ní scríobhtar an líne úd chomh hárd nó chomh teann leis an dteorainn, nó an líne a cuirtear roimh an gcéad shiolla mar comhartha go dtuiteann an trom-thruime ar an gcéad shiolla. Anois scríobh méadar nó dhó ar an gclár dubh agus cuir isteach nótaidhe i n-ionad na siollaidhe: Léigh na nótaidhe agus tabhair a cheart féin do gach truime- Annsoin iarr ar na scoláiribh na nótaidhe do léigheadh ar an gcuma chéadna agus aire do thabhairt do'n mheadhán-truime.
Ná leig dóibh an truime chéadna do chur ar an dtríomhadh siolla agus ar an gcéad shiolla. Teasbán dos na scoláiribh anois cionnus a deintear comhar- thughadh ar an ngluaiseacht i Méadar na gCeithre bPreabann. Ritheann na truime i ndiaidh a chéile mar seo: trom, lag, meadhán, lag; trom, lag, meadhán, lag; agus seo mar deintear an comharthughadh: (1) Leigtear síos an lámh ar an gcéad phreib. (2) Luasctar isteach an lámh ar thaoibh na láimhe clé ar an tarna preib. (3) Luasctar amach an lámh ar thaoibh na láimhe deise ar an dtríomhadh preib; agus (4) togtar an lámh ar an gceathramhadh preib. Cheithre Buillidhe. Iarr ar na scoláiribh cleachtadh a dhéanamh ar an gcomharthughadh id' dhiaidh agus congbhuigh an cleachtadh ar siubhal go dtí go mbeidh sé i gcumas do gach éinne ins an ranng an comharthughadh do dhéanamh go ceart nádúrtha. Scríobh méadar nó dhó ar an gclár dubh agus cuir na focail "síos" "clé" "deas" "suas" fé na nótaidhibh. Síos clé deas suas síos clé deas suas.
Iarr ar na scoláiribh an comharthughadh a dhéanamh arís agus na nótaidhe agus na focail a léigheadh le linn é dhéanamh. Ná leig dóibh éan-bhall díobh a chorruighe acht an lámh ó chaol na láimhe amach. ÁDHBHAR CLEACHTTHA. COMHARTHUGHADH. TÁTÚGHADH. SALFÚGHADH. GLÉAS D. MÉADAR NA gCEITHRE bPREABANN INS AN bPRÍOMH EAGAR. GLÉAS C. MÉADAR NA gCEITHRE bPREABANN INS AN EAGAR IOCHTRACH. GLÉAS G. AN SOSADH. — Is minic a bhíonn mainnt ins an gceol i bhfonn
nó i n-amhrán fé mar a bhéadh nóta nó cuid des na nótaidhibh caillte annso agus annsúd. Tagann "Sosadh" ins an gceol ar feadh tréimse mar a déarfá. Uaireanta bíonn an sosadh úd fada agus uaireanta eile bíonn sé an-ghairid. Is deacair an rud aire do thabhairt do'n ghluaiseacht nuair a tharluigheann sé go mbíonn sosta ins an bhfonn. Acht tá siolla gluaiseachta ann le haghaidh an sosta agus sé an t-ainm a tugtar air ná "saa." Is ionann "saa" agus "éist." Nuair bhíonn tátúghadh ghá dhéanamh ar chleachtadh nó ar amhrán deirtear an siolla "saa" amach ós árd i dtosach go dtí go mbeidh greim faghta ag na scoláiribh ar an luascadh. 'Na dhiaidh sin ní deirtear "saa" acht i siosa; agus annsoin ní deirtear i n-ao'-chor é, acht tugtar a cheart féin do'n sosadh i gcomharthughadh na gluaiseachta. Chun an sosta do theasbánt dúinn i léir-chur an tSal-fá fágtar leith-phreab nó preab, nó dhá phreib follamh de réir an fhaid a bhíonn ins an sosadh, mar seo: Tátuigh agus Salfuigh an cleachtadh so: GLÉAS G. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Mínigh an "Sosad" dos na scoláiribh ar an gcuma so: Cnag ar an gclár dubh fé dhó leis an gcuaillín agus cas an siolla "lá" le gach buille. "An mó siolla ar chuireas le gach buille"? "Aon tsiolla amháin." Iarr ar na scoláiribh an siolla "lá" do chasadh le gach cnag agus buail an clár dubh fé dhó dhóibh leis an gcuaillín. Cnag ar an
gclár dubh arís fé dhó acht ná cas an siolla "lá" acht leis an gcéad bhuille. "An mó siolla ar chuireas le gach buille an uair sin?" "Níor chuiris acht siolla leis an gcéad bhuille." "'Seadh tháinigh "Sosadh" leis an tarna buille." Iarr ortha féin an siolla "lá" do chur leis an gcéad bhuille agus le gach re buille n-a dhiaidh agus lean ar an gcnagadh ar feadh tamaill. Anois tabhair dóibh an siolla gluaiseachta("saa") a cuir- tear leis an Sosadh agus deinidís cleachtadh air i bhfochair: "taa": I ndeireadh thiar mínigh dóibh ar an gclár dubh cionnus a teasbántar dúinn an Sosadh i leir-chur an tSal-fá. LEATH-PHREABANNA AR LEANAMHAINT. — Nuair cong- bhuightear nóta ar siubhal ar feadh preibe go leith, agus nuair thagann nóta go bhfuil leath-phreab ar fhaid ann 'n-a dhiaidh, 'siad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an dá nóta ná. "taa-aatai."
ÁDHBHAR CLEACHTTHA. Tátuigh agus Salfuigh. CEATHRAMHA PREABANNA. — Roimhe seo níor deineadh acht dhá leath de'n phreib; acht roinntear an phreab i gceath- ramhnaibh go minic agus cuirtear cheithre cinn de nótaidhibh ins an bpreib. Nuair deintear dhá leath de'n phreib cuir- tear lán-stad i lár na preibe mar seo:
Agus chun ceathramhnaibh do dhéanamh de'n phreib cuirtear ponnc i lar gach leithe mar seo: Nuair roinntear preab i gceathramhnaibh 'sé an t-ainm gluaiseachta a tugtar ar an bpreib ná "ta-fa-te-fe." Tá cheithre cinn de shiollaidhibh de'n fhaid chéadna ins an ainm seo; acht fuaimnightear iad go tapaidh i ndiaidh a chéile agus ní caithtear le fuaimniughadh an fhocail "tafatefe" acht an t-am céadna a caithtear leis an siolla "taa." Ní tugtar do'n siolla acht buille agus caithfear an t-ainm "tafatefe" do chur le buille. MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cnag ar an gclár dubh fé dhó agus cas an focal "lá" le linn gach buille do bhuaileadh. "An mó siolla ar chuireas le gach buille?" "Aon tsiolla amháin." Cnag ar an gclár dubh arís fé dhó agus cuir siolla leis an gcéad bhuille agus dhá shiolla leis an tarna buille, agus ceistnigh na scoláiridhe i dtaoibh na mbuillidhe agus na siollaidhe mar do dheinis cheana. Cnag ar an gclár dubh fé dhó arís agus cuir siolla leis an gcéad bhuille agus cheithre cinn de shiollaidhibh leis an tarna bhuille. "An mó siolla ar chuireas leis an gcéad bhuille?" "Leis an tarna buille?" agus rl. Iarr ar na scoláiribh na siollaidhe
do chur leis na cnagaibh — ceann leis an gcéad chnag agus cheithre cinn leis an tarna cnag — agus congbhuigh an cleachtadh ar siubhal ar feadh tamaill. Annsoin tabhair dóibh an t-ainm gluaiseachta "tafatefe" agus deinidís cleachtad air i n-éinfheacht le "taa." Annsoin mínigh dóibh ar an gclár dubh cionnus a deintear ceathramhna de'n phreib agus deinidís tátúghadh agus salfúghadh ar mhéadar nó dhó. Fuaimnigh an focal "tafatefe" dóibh agus deinidís aithris air id' dhiaidh. Mara mbeidh gach siolla de chomhfhadh aca beidh an luascadh agus an ghluaiseacht bun ós cionn. ÁDHBHAR CLEACHTTHA. Tátuigh agus Salfuigh.
AN TRÍOMHADH CÉIM. FONNMHARACHT. — Nótaidhe Chomharda fah — f l d, f l d — do chasadh pé cóirughadh a cuirfear ortha idir B agus F. GLUAISEACHT.- Sosadh Leath-phreibe; taafe; taatefe; tafataí, agus rl. AN CEATHRAMHADH NÓTA DE'N GHLÉAS. — Tagann an nóta so idir me agus soh ins an ngléas agus 'sé an t-ainm a tugtar air ná fah. Nóta trom, dúr, gruamdha 'seadh fah agus 'sé an comhartha láimhe a cuirtear leis ná méar thosaigh na láimhe deise dírighthe síos i dtreo an urláir mar atá sí línighthe annso againn. Tugtar an "Dubh-Nóta" mar thuairisc ar an nóta fah. "Tá an mhéar so dírighthe ar an uaigh." MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe d m s d; d s m d; d m s; s t r; r t s; s m d do chasadh ós na comharthaidhibh láimhe, agus annsoin innis dóibh go bhfuilir chun nóta nuaidh do mhúineadh dhóibh — nóta nár mhúinís dóibh cheana. Cas dóibh anois leis an siolla "lá" na nótaidhe. d m d s s m. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach?" "Ní tháinigh. Cas dóibh na nótaidhe d m d s f m leis an siolla "lá" arís. "Ar tháinigh an nóta nuaidh isteach an uair sin?" "Tháinigh." "Cár tháinigh sé?" "Roimh an nóta deireannach." "bhFuil an nóta nuadh níos aoirde nó níos ísle ná soh?" "Níos ísle." "Níos aoirde nó níos ísle ná me?" "Níos
aoirde." "An nóta aereach e?" "Ní headh." "Cad iad na tréithe atá ag baint leis?" "Tromdhacht agus sollamhantacht." Anois tabhair ainm an nóta nuaidh dos na scoláiribh agus teasbán dóibh an comhartha láimhe a cuirtear leis. Deinidís cleachtadh ar an nóta fah i bhfochair na nótaidhe eile ós na comharthaidhibh láimhe, agus annsoin cuir fah ins an nDréimre idir me agus soh agus deinidís cleachtadh air mar do dheineadar leis na nótaidhibh eile. Congbhuigh an cleachtadh ar siubhal go dtí go mbeidh sé i gcumas do'n ranng an nóta fah do chasadh pé beag mór an léim a tógfar chuige. I ndeireadh thiar scríobh na nótaidhe d r m f s t i líntidhibh i ndiaidh a chéile ar an gclár dubh agus cuir pé cóiriúghadh is maith leat ortha agus iarr ar na scoláiribh salfúghadh do dhéanamh ortha siar agus aniar agus annsoin iad do chasadh leis an siolla "lá." ÁDHBHAR CLEACHTTHA. GLÉAS E. AN SEISEADH NÓTA DE'N GHLÉAS. — Tagann an nóta so ins an ngléas idir soh agus te agus tugtar lah mar ainm air. Nóta dubhach brónach 'seadh lah agus 'sé an comhartha láimhe a cuir- tear leis ná an lámh dheas ar síleadh ins an gcuma 'n-a bhfuil sí línighthe annso againn. Ní'l neart ná brigh ná beodhacht ins an láimh nuair bhíonn sí ins an gcuma so. Tá "cuma an bhróin" uirthi mar a Déarfá, Tugtar an "Gol-Nóta" mar thuairisc ar an nóta lah.
MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Abair leis na scoláiribh ná fuil agat anois acht éan nóta amháin eile le múineadh dhóibh agus nuair a bheidh sé in a gcumas an nóta sin do chasadh go ceart i bhfochair na nótaidhe eile go mbeidh an gléas ar fad aca. Iarr ortha na nótaidhe d r m f s t do chasadh ós na comharthaidhibh láimhe pé cóiriughadh a cuirfear ortha, agus annsoin cas dóibh go réidh socair na nótaidhe s m d s l s leis an siolla "lá" agus méaduigh caointeamhlacht an nóta lah chun na tréithe atá ag baint leis do chur i n-umhail dos na scoláiribh. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach an uair sin?" "Tháinigh." "Cár tháinigh sé?" "Roimh an nóta deireannach." Cas dóibh arís na nótaidhe d t d s l s; d m s d l s, agus mar sin de, agus ceistnigh iad ar an gcuma chéadna. Faigh uatha féin cá bhfuil luighe an nóta nuaidh ins an ngléas agus cad iad na tréithe atá ag baint leis. Annsoin tabhair dóibh ainm an nóta nuaidh agus teasbán dóibh an comhartha láimhe a cuirtear leis. Deinidís cleachtadh ar lah i bhfochair na nótaidhe eile ós na comharthaidhibh láimhe. Annsoin cuir an nóta lah ins an nDréimre idir soh agus te agus deinidís cleachtadh air i bhfochair na nótaidhe eile. I ndeireadh thiar scríobh nótaidhe an ghléis i líntidhibh i ndiaidh a chéile ar an gclár dubh agus deinidís salfúghadh ortha siar agus aniar agus annsoin iarr ortha iad do chasadh leis an siolla "lá." ÁDHBHAR CLEACHTTHA.
CAIRT NA gCOMHARDAIDHE. An FAH-CHOMH- ARDA. — Nuair seinn- tear na nótaidhe d m s i n-éinfheacht le na chéile tugtar an "DOH-Chomharda" ortha agus tugtar an "SOH- Chomharda" ar na nótaidhibh s t r nuair seinntear iad i n-éin- fheacht. Anois tá ádhbhar comharda eile againn ins na nótaidhibh f agus l má cuirtear d isteach leo mar ghabhann na nótaidhe f l d go binn agus go ceolmhar le na chéile agus dá bhrigh sin tugtar an FAH- Chomharda ar na nó- taidhibh f l d.
ÁDHBHAR CLEACHTTHA.
AN Greim nó AN STAD. — Cuireann an comhartha so
i n-umhail do'n amhránaidhe go bhfuil sé ceaduighthe dhó an nóta atá fé'n gcomhartha (d) do chongbháil ar siubhal pé fhaid is maith leis. AN GLÉAS. — Tá stuidéar déanta anois againn ar Bhun- nóta nó ar Ghléas-nóta agus ar na nótaidhibh atá snaidhmthe i gcaradas leis. Nuair cuirtear seacht gcinn de nótaidhibh le na chéile ar an gcuma so tugtar "Gléas" ortha. 'Síad nótaide an ghléis i ndiaidh a chéile ó'n mbun-nóta suas ná d r m f s l t d; agus anuas d t l s f m r d. Roinntear nótaidhe an ghléis idir tréan-nótaidhibh (d m s)agus lag-nótaidhibh (t r f l) acht tá t agus f níos laige ná r nó l. Tá an-bháidh ag t le d agus ba mhaith le t an nóta d do bheith mar thaca aige Claoidheann f le m ar an gcuma chéadna. Tugtar an "Triath- nóta" ar te. AN DRÉIMRE. — Nuair clodhbhuailtear nótaidhe an ghléis ós cionn a chéile ar chairt tugtar "An Dreimre" ortha. Tá Dréimre curtha le chéile anois againn agus caithfidh an múinteóir an-chuid taithighe do thabhairt dos na scoláiribh ar chasadh na nótaidhe ó'n nDréimre. MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Bíodh cleachtadh agat ar an nDréimre ar feadh cúig nóiminte, nó mar sin, i dtosach gach ceachta agus bíodh sé d'intinn agat oideachas nó eolas eicínt áirithe do thabhairt dos na scoláiribh i ngach cleachtadh. Cuir na cleachttha i gcóir roimh ré agus bíodh siad oireamhnach do gach ranng. Má bhíonn na cleachttha ro-dheacair i dtosach ní dhéanfaidh siad pioc maitheasa; agus má bhíonn siad ró-shimplidhe ins na hárd- ranngaibh ní bhainfidh na scoláiridhe an iomarca tairbhe asta. Nuair a bheidh cleachtadh ar siubhal agat ar an nDréimre, seachain
agus ná téighir ag snághadh go mall agus go spadánta ó nóta go nóta leis an gcuaillín. Cuir beodhacht agus spreagamhlacht ins an gcleachtadh agus dírigh an cuaillín go tapaidh ar na nótaidhibh a bheidh uait. Cuir an méid éagsamhlachta 'sis féidir leat ins na cleachtaibh agus ná bíodh dhá cheann aca ar éan-dul agat dá dtabharfá céad cleachtadh le déanamh. Ná cuir ar na scoláiribh léimeanna móra do thabhairt ó nóta go nóta, cuir i gcás ó t go d nó ó l go r; agus ins an ranng is aoirde féin, ná bíodh agat ins an léim is mó acht ochtmhadh. Tosnuigh leis na léimeannaibh is féidir a thabhairt taobh istig de gach comharda acht gan an ochtmhadh do chur i n-éin léim i dtosach. Ba mhaith an rud é na nótaidhe eile do thabhairt isteach go céimseach idir na léimeannaibh anois agus arís. Seo samplaidhe dhuit: Ins na cleachtaibh seo ar an nDréimre bíodh ceann de nótaidhibh an doh-chomharda agat i gcomhnuidhe i dtosach, agus ceann eile i ndeireadh gach cleachttha. ÉIFEACHT INTINNEACH.- Dubhradh cheana go mbraitheann an intinn go bhfuil tréithe áirithe ag baint le gach nóta de'n ghléas agus tugadh míniughadh ar na tréithibh úd diaidh ar ndiaidh. Anois, de bhrigh go bhfuil an gléas ar fad curtha le chéile againn beidh sé i gcumas dúinn stuidéar níos cruinne do dhéanamh ar éifeacht intinneach na nótaidhe. Tugann an achar atá idir dhá nóta roinnt conganta dhúinn nuair bhíonn sé orainn an fhuaim cheart do bhaint amach; acht má deintear meabhrughadh ar na tréithibh atá ag baint leis an nóta atá uainn, beidh sé n-ár gcumas an nóta úd a aimsiughadh go beacht agus go muinighneach ar an gcéad iarracht, agus é do chonghbháil ar siubhal pé cuir isteach a
bheidh ag fuamannaibh eile air. Anois i gcaoi go bhféadfaidhe éifeacht agus tréithe na nótaidhe go léir do chur i gcompráid, agus stuidéar níos cruinne do dhéanamh ortha ná mar do dheineadh roimhe seo, tabharfar tuairisc annso ar an ngabháil a cruthuightear ins an intinn le gach nóta; agus i bhfochair sin cuirfear síos an t-ainm ealadhanta a tugtar ar gach nóta de'n ghléas. NÓTAIDHE AN GHLÉIS AGUS A DTRÉITHE. Ainm An t-Sal-fá. Ainm Ealadhanta. An Treoiruidhe nó an Triath-nóta. An Fó-mheadhan- nóta. An Ceannaire. An Fó-cheannaire. An Meadhan-nóta. An Fár-bhun- nóta. An Bun-nóta nó an Gléas-nóta. Tuairisc. An Géar-nóta. An Gol-nóta. An Geal-nóta nó an Nóta Aerach. An Dubh-nóta. An Ciúin-nóta. An Nóta Spreagtha nó an Guidhe-nóta. An Tréan-nóta. Éifeacht Intinneach. Géar, mothuightheach, faobhrach. Brónach, caointeach, gearánach. Meanmnach, aereach, álainn, geal. Trom, dubh, gruamdha, sollamhanta. Caoin, ciúin, socamhail. Spreagamhail, beodha, dóchasach, impidheach. Tacamhail, forasta, láidir.
Ní mór do'n amhránaidhe greim daingean do bheith aige ar an ngléas i dtosach agus annsoin na nótaidhe do chasadh go réidh socair chun na tréithe atá ionnta do thabhairt amach. Cuirtear athrughadh go minic ar na tréithibh úd leis an riarughadh a deintear ar na nótaidhibh i ndiaidh a cheile. Cuir i gcás má thagann f ndiaidh t mar seo — braithfear géireacht an nóta go soiléir agus é ag teannadh le d, agus braithfear dubhachas agus sollamhantacht an nóta f agus dúil mhór aige ins an nóta m acht má thagann f agus t isteach go céimseach ní bheidh a dtréithe chomh láidir soin: Má tógtar cleachtadh go mbeidh f agus l ann go minic, agus má castar an cleachtadh úd go sár-mhall i dtosach agus annsoin go tapaidh agus go beodha, chidhfear go dtagann athrughadh mór i n-éifeacht intinneach na nótaidhe nuair géaruightear luas na gluaiseachta. Ní bheidh gruaim ná brón ins na nótaidhibh f agus l annsoin; acht beidh siad go soilbhir agus go spleódrach i gcaoi go gcuirfeadh siad fonn gáiridhe ar dhuine. SAMPLAIDHE. GLÉAS G. Go mall.
GLÉAS G. Go mear. Cuirtear athrughadh ar éifeacht na nótaide eile ar an gcuma chéadna de réir an riaruighthe a deintear ortha ins an ngluaiseacht. SOSADH LEATH-PHREIBE. — Uaireanta tagann Sosadh ins an gcéad leath de'n phreib, agus uaireanta eile tagann sé ins an tarna leath. Nuair cuirtear dhá nóta de'n fhaid chéadna ins an bpreib 'siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib ná taa tai. Anois nuair fágtar amach an chéad nóta — nuair fágtar an chéad leath de'n phreib follamh — bíonn Sosadh Leath-phreibe againn agus 'siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib ins an gcás soin na saatai. Agus nuair fágtar amach an tarna nóta — nuair a thagann an Sosadh ins an tarna leath de'n phreib — siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib ná taasai. GLÉAS F. Tátuigh agus Salfuigh.
NÓTA TRÍ CEATHRAMHNA. — Roinntear an phreabh go minic idir nóta trí ceathramhna agus ceathramhna nóta. 'Siad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib annsoin ná taafe. Nuair deintear dhá leath de'n phreib cuirtear lán- stad i lár na preibe agus nuair roinntear an phreab idir nóta trí ceathramhna agus ceathramhna nóta cuirtear ponnc i ndiaidh an lán-staid mar seo: GLÉAS E. Tátuigh agus Slafuigh.
LEATH-NÓTA AGUS DHÁ CHEATHRAMHA. — Nuair roinntear an phreab ar an gcuma so 'siad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an bpreab ná. Seo mar roinntear an phreab. GLÉAS D. Tátuigh agus Salfuigh.
DHÁ CHEATHRAMHA AGUS LEATH. — Síad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib nuair roinntear í ar an gcuma so ná tafatai, agus seo mar teasbántar an roinnt seo dúinn: GLÉAS D. Tátuigh agus Salfuigh. CEATHRAMHA AGUS TRÍ CEATHRAMHA. — I gceol na hÉireann agus i gceol na hAlban roinntear an phreab go minic ar an gcuma so, agus cuireann an riarughadh so luascadh neamh- ghnáthach ins an gceol. 'Síad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib nuair roinntear í mar seo ná tafa-ai (tafay) agus seo mar teasbántar dúinn an roinnt a deintear ar an bpreib:
GLÉAS F. Tátuigh agus Salfuigh. De thoisc a minicidhe is a castar an luascadh so, tafa-ai orainn i gceol na hAlban tugtar an "Snap Albanach" air Acht uaireanta bíonn cuma níos leithne air mar seo: GLÉAS E go mall. GLÉAS RIAGHALTA AN ÁRDUIGHTHE. — Suas go dtí seo tugadh an Gléas-nóta nó an Bun-nóta dos na scoláiribh nuair do theastuigh uatha fonn nó cleachtadh do chasadh; acht beidh sé ortha feasta an Gléas-nóta a fhagháil dóibh féin. Is féidir linn pé fuaim is maith linn a thoghadh mar Bhun-nóta agus éirgheochaidh na nótaidhe eile agus na comhardaidhe go nadúrtha
as an nóta úd — baileóchaidh a "chairde-gaoil" n-a thimcheall mar a déarfá. Acht tá socruighthe ag ceoltóiridhibh ar éin-ghléas riaghalta amháin agus tógtar an t-árdugadh i gcomhnuidhe ó nótaidhibh an ghléis úd. Do toghadh nóta a tugtar C Meadhán air mar bhun-nóta an ghléis seo agus tugtar "Gléas Riaghalta an Árduighthe" ar an ngléas féin. Ní mór do 256 des na tonntrachaibh úd gur dheineamar trácht cheana ortha do theacht i ndiaidh a chéile ar feadh buille, chun an nóta úd do chur ar siubhal. Faghtar ochtmhadh an bhun-nóta úd C (512 tonntracha) ó cheol-ghabhal le haghaidh amhránaidheachta. AN CHAOI 'N-A FAGHTAR AN tÁRDUGHADH.- Buail an ceol-ghabhal agus cas leitreacha an ghléis síos go dtí an leitir atá uait. Congbhuigh fuaim na leitre úd ar siubhal ar feadh tamaillín, agus annsoin cuir an t-ainm doh ar fuaim na leithre Cuir i gcás go dteastuigheann uait amhrán do chasadh i ngléas G: Cas na leitreacha C B A G (s'tls) congbhuigh an G ar siubhal go mbheidh sé go daingean ar do chluais agat agus annsoin cuir an t-ainm doh i n-ionad an G, acht leis an bhfuaim chéadna, agus beidh bun-nóta Gléis G agat. AG TOSNUGHADH FUINN. — Ní féidir tosnughadh a dhéanamh ar amhrán do chasadh gan socrughadh a dhéanamh i dtosach ar an ngléas agus ar luas na gluaiseachta. Fuaimnightear an gléasnóta agus an comharda agus annsoin deintear comharthughadh ar mhéadar, nó ar na preabannaibh a beidh i n-easnamh san méadar, má bhíonn an t-amhrán san eagar-iochtrach. Seo mar tosnuightear nuair bhíonn an t-amhrán ins an bprímh-eagar:- síos clé deas suas.
Agus nuair bhíonn an t-amhrán ins an eagar iochtrach seo mar tosnuightear:- AN CEATHRAMHADH CÉIM. FONNMHARACHT. — Foirgneamh an Ghléis; Athrughadh Gléis; na Leat-nótaidhe fe agus ta; An chaoi 'n-a faghtar gléas-nóta amhráin nó fuinn. (Cleachttha idir A agus F.) GLUAISEACHT. — An Phreab i dTrianaibh; Méadar na Sé bPreabann. FONNMHARACHT. FOIRGNEAMH AN GHLÉIS. — Tá eolas curtha againn anois ar an ngléas gnáthach ar fad; agus do cuireadh i n-umhail dos na scoláiribh go mbraitheann an intinn go bhfuil brigh áirithe agus éifeacht áirithe ag baint le gach nóta ins an ngléas úd mar gheall ar an ngaol atá aca le n-a chéile. Anois má cuirtear na hachair atá idir na nótaidhibh i gcompráid le n-a chéile cidhfhear ná fuil na hachair de chomhfad, acht go bhfuil deifrigheacht eatorra annso agus annsúd. Má seinntear na nótaidhe d m s f m f m f m agus annsoin na nótaidhe d m s s f s f s f braithfidh an chluas ná fuil an t-achar atá idir f agus m chomh leathan leis an achar atá idir s agus f. Má seinntear na nótaidhe d m s d t d t d t d agus annsoin d m s d t l t l t l cloisfear an deifrigheacht chéadna idir t d agus t l mar beidh an t-achar idir t l níos leithne ná an t-achar idir t d. Tá deifrigheacht i gcuid des na céimeannaibh eile, acht is deacair i thabhairt fé ndeara. Is cinnte go bhfuil d r, f s agus l t rud beag níos fuide ó n-a chéile ins an árdughadh ná r m agus s l. Dá bhrigh sin roinntear nótaidhe an ghléis ar an gcuma so:- Na Céimeanna Móra d r, f s, l t Na Céimeanna Meadhánacha r m, s l Tugtar "Mór-Nótaidhe" "Lán Nótaidhe" nó "Nótaidhe" ortha so.
Na Céimeanna Beaga Tugtar "Leath-nótaidhe" ortha so. An GLÉAS Sórt Céime Beag Mór Meadh- ánach Mór Beag Mheadh ánach Mhór An Gnáth -ainm. Leath-nóta Lán-nóta Lán-nóta Lán-nóta Leath-nóta Lán-nóta Lán-nóta Is tabhachtach an mianach iad na céimeanna beaga i bhfoirgneamh an ghléis. 'Sé rud é an Gléas-nóta ná fuaim go bhfuil céim
bheag nó leath-nóta fúithe agus dhá lán-nóta ós a chionn agus leath-nóta taobh thuas díobh súd arís. Tugtar "Lán-cheath- ramha" ar cheithre cinn de nótaidhibh a thagann le na chéile ar an gcuma so. Tugtar "Cúigeadh" ar an achar atá idir t agus f, mar má cuirtear t agus f ins an áireamh ainmnightear cúig cinn de nótaidhibh t d r m f. Ins an gcúigeadh so tá dhá lán- nóta agus dhá leath-nóta acht i ngach cúigeadh eile ins an ngléas tá trí cinn de lán-nótaidhibh agus leath-nóta. Tugtar ceath- ramha ar an achar atá idir f agus t (f s l t) agus tá trí cinn de lán-nótaidhibh ann; acht i ngach ceathramha eile ins an ngléas níl acht dhá lán-nóta agus leath-nóta. Chidhfear go bhfuil cheithre cinn de chéimeannaibh idir t agus f agus ní'l acht trí cinn idir f agus t; act tá cosamhlacht ag an achar atá idir t agus f leis an achar atá idir f agus t ins an árdúghadh cé nách mar a chéile iad de bhrigh go bhfuil dhá lán-nóta agus dhá leath-nóta idir t agus f agus tá trí cinn de lán-nótaidhibh idir f agus t, agus is leithne dhá leath-nóta ná éan-lán-nóta amháin. Dá bhrigh sin tá f agus t ar na nótaidhibh is tréitheamhala ins an ngléas agus má cuirtear f i n-ionad t nó t i n-ionad f déanfar athrughadh mór ar an ngléas. Nuair bhíonn trí cinn de lán-nótaidhe ins an gceathramha tug- tar Lán-cheathramha air. Nuair bhíonn dhá lán- nóta agus dhá leath- nóta ins an gcúig- eadh tugtar Dhíoth- chúigeadh air. ATHRUGHADH GLÉIS.-Ní leanann an ceol i gcomhnuidhe ins an ngléas chéadna. Uaireanta i rith fuinn nó amhráin samhluigheann sé go dtoghann na nótaidhe gléas nóta nuadh agus go mbailigheann siad timcheall air fé'n riarughadh chéadna is a
bhailigheadar timcheall an chéad ghléas-nóta. Nuair a thagann athrughadh mar é sin bíonn gabhadh le nóta nuadh nó b'fhéidir le cúpla ceann ná raibh ins an tsean-ghléas. DÚIL ATHRUIGHTHE. — Má castar an cleachtadh so 'n-ar ndiaidh braithfidh an chluas fur mio- nádurtha an nóta an úd go bhfuil an comhartha so* ós a chionn:- Má castar an tarna leath de'n chleachtadh arís leis an siolla "lá" ó'n gcomhartha† chidhfear go mbeidh fonn ar an gcluais an fhuaim gur mhaith léí féin a bheith ann do chur isteach i n-ionadh f. Má leantar ar na nótaidhibh céadna do chasadh ar feadh tamaill braithfear go bhfuil siad an-chosamhail le m r d t d. 'Siad na nótaidhe m r d t d atá ann anois go cinnte mar deineadh athrughadh ar an ngléas. Tá an a bhí sa sean-ghléas mar bhun-nóta (d) ins an ngléas nuadh anois, agus sí an fhuaim a bhí i n-easnamh ag* ná an t nuadh. Is féidir an t-athrughadh so a mhíniúghadh ar an nDréimre Dúbalta má castar an chéad leath de'n chleachtadh ar an nDréimre atá ar thaoibh na láime clé, agus an tarna leath ar an nDréimre atá ar thaoibh na láimhe deise, ag déanamh an athruighthe ar an nóta te. Castar "te-me" go tapaidh i ndiaidh a chéile ar an árdughadh chéadna agus faghtar greim ar an ngléas nuadh ar an gcuma soin. D'éirigh an dúil athruighthe sin de bhrigh go bhfuil taithighe mhór ag an gcluais ar na lán nótaidhibh úd m-r-d ag dul síos go dtí an Bun-nóta agus pé uair a bhraitheann an chluas go bhfuil dhá lán-nóta fé'n riarughadh chéadna b'fhearr léithe m-r-d a dhéanamh díobh.
Má deintear scrúdughadh ar an t-aon achar amháin eile ins an ngléas go bhfuil dhá lán-nóta ann, f-s-l chidhfear go bhfuil an dúil chéadna ag an gcluais m-r-d a dhéanamh díobh. Braitheann an chluas go bhfuil t as an mbealach ins an gcleachtadh so. Ba mhaith léithe triath-nóta a bheith ós cionn an nóta l a rithfeadh leis mar a ritheann f le m agus dá bhrigh sin deineann sí d r m des na nótadhibh f s l mar tá fonn uirthi m f s a dhéanamh de l t l. Is féidir an t-athrughadh so a mhíniúghadh ar an nDréimre Dúbalta má castar an chéad leath de'n chleachtadh ar an nDréimre atá ar thaoibh na láimhe deise agus má tugtar léim go dtí an Dréimre eile ag an gcomhartha ag casadh ar an árdughadh chéadna. GLÉASANNA COMHGRACHA FÉ ATHRUGHADH. — Nuair dein- tear doh den nóta son deirtear go n-aistrigheann an ceol go dtí an "Chéad Ghéir-ghléas," agus nuair deintear de'n nóta fah deirtear go n-aistrigheann an ceol go dtí an "Chéad Mhaoil-ghléas." LÉIR-CHUR AN ATHRUIGHTHE. — Teasbántar dúinn an t-athrughadh a deintear ó ghléas go gléas ar an gcuma so: Tugtar ainm dúbalta ar nóta eicínt a thagann roimh an triath- nóta. Fuaimnightear an sean-ainm go bog agus an t-ainm
nuadh go láidir mar so: s'doh, m'mah d'fah. Tugtar "Cuing- nótaidhe" ar na nótaidhibh dúbalta úd agus scríobhtar mar so iad. sd, ml, df. AINMNIUGHADH AN ATHRUIGHTHE. Cuirtear ainm an ghléis nuaidh ó's cionn gach athruighthe. Má's géir-ghléas é .i. gléas ar thaoibh na láimhe deise ar an nDréimre, cuirtear ainm an nóta nuaidh i ndiaidh ainme an ghléis ar thaoibh na láimhe deise mar so:- G.t. má's maoil-ghléas é cuirtear ainm an nóta nuaidh roimh ainm an ghléis ar thaoibh na láimhe clé mar so:- f.C. Sampla. ATHRUGHADH GO DTÍ AN CHÉAD GHÉIR-GHLÉAS.
ATHRUGHADH GO DTÍ AN CHÉAD MHAOIL-GHLÉAS. ÁDHBHAR CLEACHTTHA. Tátuigh agus Salfuigh.
DATH-NÓTAIDHE. — Nuair tugtar isteach nóta nuadh ná fuil san ngléas a bhíonn i bhfeidhm, tagann fonn athruighthe ar an gceol; acht nuair filltear ar an sean nóta arís láithreach gan a leigint do'n nóta iasachta an lámh-uachtar a fhagháil, tugtar "dathughadh" ar an ngearr-athrughadh so agus tugtar "Dath-nóta" nó "Nóta Tuitimeach" ar an nóta iasachta. Cuireann na dath-nótaidhe seo snas agus spreagadh ins an gceol ná béadh ann gan iad. Anois caithfimid ainmneacha fé leith do chur ar na dath-nótaidhíbh úd. 'Sé an t-ainm a tugtar ar an nóta a thagann idir agus ná "fe" — 'sé sin an nuadh a bhéadh ann dá ndéanfaidhe athrughadh go dtí an chéad ghéir- ghléas. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cas na nótaidhe d m s fe s; d m s l fe s; d r m r fe s; agus rl. do's na scoláiribh agus deinidís aithris
ortha ón nDréimre. Mínigh dóibh gurb' ionann s fe s agus d t d ar an árdughadh chéadna, gurb' ionann l fe s agus r t d agus mar sin de. Annsoin cas dóibh d t d agus tugaidís freagra ort le s fe s. Cas dóibh s fe s agus deinidís aithris ar na nótaidhibh úd le d t d. Cas dóibh s t d agus tugaidís r fe s mar fhreagra ort. Lean ort ar an gcuma soin go dtí go mbeidh sé i gcumas dos na scoláiribh fe a chasadh go ceart pé léim a tugtar chuige; acht ná bíodh na léimeanna ro-mhór i dtosach. Annsoin tabhair cleachtadh dhóibh ar an nDréimre gan aon-chongnamh do thabhairt dóibh. Má deintear dearmhad ar an nóta fe a bhaint amach éan-uair cuir ar na scoláiribh an dearmhad soin a cheartughadh ar Dhréimre an Chéad Ghéir-ghléis. Scríobh na cleachttha so a leanas ar an gclár dubh agus iarr ortha iad do shalfúghadh dhuit agus annsoin iad do chasadh leis an siolla "lá." Má deintear dearmhad ceartuigh an dearmhad soin ar an nDréimre.
TÁTUIGH AGUS SALFUIGH Sé an t-ainm a tugtar ar an nóta a thagann idir t agus l ná "ta" nuair deintear dath-nóta dhe — sé sin an f nuadh a bhéadh ann dá ndéanfaidhe athrughadh go dtí an chéad mhaoil- ghléas.
MÓDH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Cas na nótaidhe d s d ta k t d; d l ta l t r d; d s ta l s t d agus rl. dos na scoláiribh agus deinidís aithris ortha ó'n nDréimre. Mínigh dóibh gurb' ionann d ta l agus s f m ar an árdughadh chéadna, gurb' ionann l ta l agus m f m, gurb' ionann s ta l agus r f m agus mar sin de. Annsoin cas dóibh s f m agus deinidís aithris ar na nótaidhibh úd le d ta l. Cas dóibh m f m agus tugaidís l ta l mar fhreagra ort. Lean ort ag cleachtadh an nóta ta ar an gcuma a comharluigheadh dhuit an nóta fe a chleachtadh, go dtí go mbeidh sé i gcumas dos na scoláiribh an nóta ta a chasadh pé léim a tugtar chuige. Scríobh na cleachttha so a leanas ar an gclár dubh agus deinidís salfúghadh ortha agus annsoin iarr ar an rang na nótaidhe do chasadh leis an siolla "lá."
TÁTUIGH AGUS SALFUIGH.
GLUAISEACHT. AN PHREAB I dTRIANAIBH. — Nuair roinntear an phreab i dtrianaibh 'siad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leo na. "taataitee" Chaithfear an fhaid chéadna do chur i ngach trian, acht bíonn deifrigheacht ins na truimibh a cuirtear ortha. Cuirtear an trom-thruime ar an gcéad thrian; acht bíonn an tarna trian níos laige ná an chéad cheann agus an tríomhadh trian níos laige ná an tarna ceann. Ainmnightear na sosta agus na triana a bhíonn ar leanamhaint ins an gcuma n-ar ainmnigheadh cheana iad. Seo nar teasbántar dúinn an roinnt a deintear ar an bpreib i léir-chur an tSal-fá: TÁTUIGH AGUS SALFUIGH.
MÉADAR NA SÉ bPREABANN. — Bíonn an ghluaiseacht go mear nách mór i gcomhnuidhe i Méadar na Sé bPreabann agus is deacair buille do chur le gach phreib nuair deintear comharthughadh ar an ngluaiseacht. I n-ionad buille do chur le gach preib cuirtear buille le gach leith-méadar mar so: Deintear comharthughadh agus céimniughadh ar an ngluaiseacht i Méadar na Sé bPreabann nuair bhíonn an ghluaiseacht go mear go díreach glan mar dheintear i Méadar an Dá Phreib nuair bhíonn na preabanna i dtrianaibh. Nuair comharthuightear an ghluaiseacht ar an gcuma so i Méadar na Sé bPreabann tugtar fógra dhúinn gan acht dhá buille do chur leis an méadar. FONN I MÉADAR NA SÉ bPREABANN. GLÉAS F (dhá bhuille)
AN FONN CÉADNA I MÉADAR AN DÁ PHREIB. ÁDHBHAR CLEACHTTHA. GLÉAS F. (dhá bhuille)
GLÉAS C. (dhá bhuille). LEITH-PHREABANNA I MÉADAR NA SÉ bPREABANN. — Uaireanta deintear dhá leath de chuid des na preabannaibh i Méadar na Sé bPreabann. Cuirfear síos annso gach roinnt a deintear agus na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis na preabannaibh. DHÁ LEATH. LEITH-PHREAB AR LEANAMHAINT.- GLÉAS D (dhá bhuille).
FONNMHARACHT. — An Gléas Beag, nó an Modh Beag. GLUAISEACHT. — Cíorrbhadh, Sosadh Ceathramhadh Preibe agus rl. FONNMHARACHT. AN GLÉAS BEAG. — I ngach cleachtadh agus i ngach fonn do bhí againn go dtí seo bhí an nóta d i gcomhnuidhe mar bhun-nóta ins an ngléas. I gceol ársa na hEórpa do-ghníthí bun-nóta de gach nóta de'n ghléas agus dá bhrigh sin bhíodh seacht gcinn de ghléasannaibh ann; acht i gceol an lae indiu ní'l againn acht dhá ghléas nó dhá mhodh — an gléas go bhfuil d mar bhun-nóta aige agus an gléas go bhfuil mar l bhun-nóta aige. Sé an t-ainm a tugtar ar an ngléas go bhfuil l mar bhun-nóta aige ná "An Gléas Beag." Nuair seinntear go mall é, siad na tréithe a bhaineann leis an gceol ná truagh-mhairg agus sollamhantacht. Cuirfidh na cleachttha so n-ár ndhiaidh na tréithe úd i n-umhail dos na scoláiribh. GLÉAS C go mall.
Ceann des na sean-ghléasannaibh do chuir an Pápa Gréagóir Mór le n-a chéile 'seadh an gléas go bhfuil mar l bhun-nóta aige, agus tá an-chuid de shean-amhráinibh na hÉireann fé'n ngléas so; acht tá deifrigheacht mhór idir an nGléas Beag Ársa agus an Gléas Beag atá i bhfeidhm anois. AN GLÉAS BEAG NUADH. — Tógadh an gléas beag nuadh ar an ngléas bheag ársa. Má cuirtear an gléas go bhfuil d mar bhun-nóta aige-sé sin an Gléas Mór — i gcompráid leis an nGléas Beag Ársa chidhfear nách é an riarughadh céadna atá ar na céimeannaibh atá idir na nótaidhibh. Ní'l idir an seachtmhadh nóta t agus an ochtmhadh d ins an nGléas Mór acht céim bheag nó leáth-nóta; acht tá céim mhór nó lán-nóta idir an seachtmhadh nóta s agus an ochtmhadh l ms an nGléas Bheag. An fhaid do bhí an riarughadh sin ar na céimeannaibh ba dheacair an Gléas Beag Ársa do chur fé'n gcóimh-cheol do leathnuigheadh le rith na haimsire; agus dá bhrigh sin deineadh riarughadh eile ortha agus tugadh isteach nótaidhe ná raibh ins an sean-ghléas i n-ao'-chor i dtosach. An Gléas beag ársa. An Gléas beag nuadh. AN NÓTA se. — Mínigheadh cheana an gabhadh atá le triath- nóta ins an Móir-ghléas. Ba mhaith leis an nóta l — bun-nóta an Ghléis Bhig-triath-nóta a bheith aige ins an gcuma chéadna, agus chun na dúile sin do shásamh do tugadh isteach fuaim nuadh agus tá an fhuaim sm leath-nóta níos aoirde ná S agus ní'l idir í féin agus l acht leith-chéim. Má castar an cleachtadh so —
braithfear gur mhaith leis an gcluais fuaim eile a bheith ann i n-ionad s — fuaim go mbéadh cosamhlacht aici leis an le úd go bhfuil an comhartha so† ós a chionn. Tugtar se mar ainm ar an nóta nuadh so. Is ar éigin go bhfuil deifrigheacht ar bith idir d t d agus l se l acht amháin go bhfuil l se l níos brónaighe agus níos caointighe ná d t d. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Is fuirist an nóta se do mhúineadh. Ní'l le déanamh agat acht a chur i n-umhail dos na scoláiribh go bhfuil an se seo ins an nGléas Bheag an-chosamhail le ins an nGléas Mhór. Chas dóibh na nótaidhe d t d agus deinidís aithris ortha le l se l; cas dóibh r t d agus tugaidís freagra ort le t se l; m t d — d se l; t r d — se t l agus mar sin de. Annsoin cleachtuigh an nóta se i bhfochair na nótaidhe eile ar an nDréimre agus 'na dhiaidh sin scríobh na nótaidhe seo i líntidhibh ar an gclár dubh agus deinidís cleachtadh ortha. GLÉASANNA D agus E.
ÁDHBHAR CLEACHTTHA. TÁTUIGH AGUS SALFUIGH. GLÉAS E. GLÉAS D. AN NÓTA — Nuair "ba" cuireadh an nóta se i n-ionad s tháinigh beárna mhór ghránna ins an ngléas idir f agus seo. B'fhuath leis an gcluais an bheárna úd, agus chun na cluaise do shásamh baineadh amach an f agus cuireadh isteach fuaim nuadh atá leath nóta níos aoirde ná f. Tugtar "ba" mar ainm ar an nóta nuadh so. Tá na nótaidhe m ba se l ins an nGléas Bheag an- choshamhail leis na nótaidhibh s l t d ins an nGléas Mhór. MODH MÚINTEÓIREACHTA. DO'N MHÚINTEÓIR. — Mínigh dos na scoláiribh gur chosamhail le na chéile na nótaidhe d t l s l t d agus l se ba m ba se l. "Tá deifrigheacht idir an chéad chuid agus an tarna chuid ins an árdughadh agus ins na
tréithibh atá ag baint leis na nótaidhibh, acht tagann siad i ndiaidh a chéile ar an gcuma chéadna." Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe d s l t d do chasadh ó'n nDréimre agus annsoin l m ba se l; annsoin d s l s l t d agus l m ba m ba se l agus mar sin de. Scríobh na nótaidhe seo a leanas ar an gclár dubh i líntidhibh agus deinidís cleachtadh ortha: GLÉASANNA C. agus D. GLÉASANNA B beag GLUAISEACHT. CÍORRBHADH. — Tugtar cíorrbhadh ar an athrughadh a deintear ar na ngluaiseacht nuair buailtear an trom-thruime roimh sé — nuair cuirtear trom-thruime i n-ionad lag-thruime agus lag- thruime i n-ionad trom-thruime ar dhá nóta a thagann i n-diaidh a chéile. Cuireann an t-athrughadh so luascadh neamh-ghnáthach ins an ngluaiseacht, agus toisc go dtagann sé mar bhréagnughadh ar an nidh go mbíonn súil leis, is deacair a ceart féin do thabhairt do gach truime. Deintear mar so go minic: buail-
tear an trom-thruime nuadh acht ní cuirtear lag-thruime i n-ionad an trom-thruime a thagann i ndiaidh an trom-thruime nuaidh mar ba chóir. Cuirfear brígh agus éifeacht an chíorr- baidhthe ar neimh-nidh má deintear dearmhad dá leitheid siúd. "Rag-time" a tugtar ar an ngluaiseacht so anois. SAMPLAIDHE DE'N CHÍORRBHADH. TÁTUIGH AGUS SALFUIGH. GLÉAS C. GLÉAS C. AN COMHARTHA >. — Cuirtear an comhartha so ós cionn nóta chun a theasbánt do'n amhránaidhe go gcaithfidh sé trom- thruime níos tréine ná mar is gnáthach do chur ar an nóta úd. SOSADH CEATHRAMHA PREIBE. — Ainmnightear an Sosadh so mar ainmnightear na sosta eile; acht i n-ionad scríobhtar nó agus fágtar na ceathramhna follamh chun na sosta do theasbánt dúinn, mar so:
An nós go bhfuigheadh gach sosadh a cheart féin is ceaduighthe do'n amhránaidhe giorrughadh a dhéanamh ar an nóta a thagann roimh an sosadh fé mar a bhéadh "Comhartha an Ghiorruighthe" ós cionn an nóta úd. COMHARTHA AN GHIORRUIGHTHE. — Sé rud é comhartha an ghiorruighthe ná ponnc a cuirtear ós cionn nóta (d) mar chomhartha go gcaithfear an nóta sin a ghiorrughadh agus é do chasadh fé mar a bhéadh sosadh n-a dhiaidh ins an bpreib chéadna. Is ionann agus GLÉAS D. GLÉAS D. GLÉAS C. GLÉAS G. GLÉAS F.
An Seiseadh Céim. FONNMHARACHT. — Athrughadh go dtí na gléasanna eile. Dhath-nótaidhe eile. Ní fuirist amhránaidheacht a dhéanamh i n-éin-ghléas taobh amuigh de'n chéad ghéar-ghléas nó an chéad mhaoil-ghléas agus de bhrigh ná fuil call ins na scoileannaibh iochtardha le cruaidh-cheol ní tabharfar isteach na gléasanna eile ins an gcéim seo. Ní déanfar acht na dath-nótaidhe nár tugadh isteach roimhe seo do thabhairt isteach agus a mhíniughadh. Mínigheadh cheana cad is Dath-nóta ann. Anois tá dath-nóta "géar" agus dath-nóta "maol" idir nótaidhibh gach moir- chéime ins an n-gléas — idir d agus r; r agus m; f agus s; s agus l; l agus t; acht ní'l éan-mhaol-nóta fé leith idir agus mar deintear géar-nóta agus maol-nóta de'n Dath-nóta fe do bhí againn cheana. Scríobhtar na Daith-ghléasanna mar so: Suas Anuas Gabhann na dath-nótaidhe géara de re fe se le leis na nótaidhibh atá taobh thuas díobh go díreach glan mar a ghabhann t le d. Is ionann r de r agus d t d má tógtar d agus r ar an árdughadh chéadna. Is ionann m re m agus d t d agus mar sin de. Gabhann na dath-nótaidhe maola ta la ma ra leis na nótaidhibh atá taobh thuas díobh mar a ghabhann m le f. Is ionann l ta l agus m f m má tógtar l agus m ar an árdughadh chéadna. Is ionann r ma r agus m f m, agus mar sin de, leis na maol nótaidhibh eile.
GLÉAS C. GLÉAS C. AN DRÉIMRE LEATHADACH. — Ba chóir go mbéadh cairt de'n Dhréimre Leathadach sa scoil ag gach múinteóir amhráin- eachta ar nós go bhfaigheadh sé taithighe do thabhairt go minic dos na scoláiribh ins na hÁrd-rangaibh ar athrughadh do dhéanamh ó Ghléas C go dtí gach Géir-ghléas agus gach Maoil-ghléas ar an nDréimre nuair do bhéadh Ceol-chaisidhe ar siubhal aige.
AGUISÍN CAINNT MÚINTEÓIREACHTA. Beidh ceacht amhránaidheachta againn anois. Caithfidh sibh cleachta análuighthe a dhéanamh i dtosach. Dúnaidh na beoil go dlúth. Cuiridh an anál amach tré bhealach na sróine. Tógaidh an anál isteach tríd an tsróin arís, agus congbhuighidh istig í go ceann cúig buillidhe nó mar sin. Annsoin scaoilidh amach an anál go mall réidh tré bhealach na sróine. Deinidh an cleachtadh sin fó-thrí. Faighidh an nóta F ón gceol-ghabhal mar so: C — BAGF — doh. d m s d d s m d. Seasaidh suas go díreach. Cuimhnighidh anois nách screadghail atá uaim acht ceol. Oscailidh na beoil go leathan. Casaidh na nótaidhe go binn ceolmhar. Déanfaimíd cleachtadh ar an nDréimire anois. Cuiridh an siolla "lá" leis na nótaidhíbh. Tá cuid agaibh as gléas. Tá an fonn caillte agaibh. Tá sibh ag dul i maoile. Tá an ceol ag dul i maoile orraibh. Tá maolughadh tagaithe ar an amhránaidheacht. Seachainidh na nótaidhe tuitimeacha. Cionnus a castar s fe s? Is ionainn iad agus dt, d ar an árdughadh chéadna. Cad tugtar ar an achar atá idir d agus s ar an nDréimire? Cúigeadh a tugtar air. Casaidh nótaidhe an ghléis leis an siolla "cú"; leis an siolla "lá." Cionnus a castar d ta l?
Is ionainn iad agus s f m ar an árdúghadh chéadna. Éistidh leis an nóta so (d) agus casaidh f 'na dhiaidh. Éistidh leis an nóta so (m) agus casaidh l 'na dhiaidh. Éistidh leis na nótaidhibh seo (m fe s) agus casaidh na nótaidhe a ritheann leo ins an gCead Ghéir-ghléas (l, t, d). Éistidh leis na nótaidhibh seo (l ta d) agus casaidh na nótaidhe a ritheann leo ins an gCéad Mhaoil-ghléas (m f s). Cionnus a deintear comharthugadh ar an ngluaiseacht i Méadar an Dá Phreib? Síos, suas. I Méadar na dTrí bPreabann? Síos, deas, suas. I Méadar na gCeithre bPreabann? Sios, clé deas, suas. Cé'n fhaid atá ins an gcéad nóta ins an gcleachtadh úd thuas (d)? Láin-phreab. Ins an tarna nóta (r)? Leith-phreibe. Ins an gceathramhadh nóta (s)? Dhá phreib. Ins an gcúigeadh nóta (l)? Trí ceathramhna. Ins an seiseadh nóta (s)? Ceathramha preibe. Ins an ochtmhadh nóta (m)? Preab go leith. Céimnighidh an ghluaiseacht ins an gcleachtadh úd thuas. Deinidh tátúghadh ar an gcleachtadh úd. Deinidh salfúghadh air.
Cuiridh an siolla "lá" leis na nótaidhibh. Caidé an t-ainm gluaiseachta atá ag dul leis an gcéad phreib ins an dtríomhadh méadar?. Tógaidh an nóta so (F) agus congbhuighidh ar siubhal é ar feadh trí buillidhe. Casaidh nóta gairid dam anois (F). Casaidh an nóta so (E). Anois casaidh an t-ochtmhadh thuas. Deinidh an comhartha láime atá ag dul le r, le f, le t. Caidé an sórt nóta é d? Nóta forasta, tacamhail, láidir. Cad tugtar ar an nóta so. An Tréan-Nóta. Caidé an sórt nóta é r? agus rl. Cionnus a teasbántar Sosadh Preibe? Fágtar an phreab follamh. A' gcuirtear acht éan-nóta amháin ins an bpreib i gcomhnuidhe Cuirtear dhá cheann, agus trí cinn, agus cheithre cinn ins an bpreib go minic. Deinidh na comharthaidhe láime atá ag dul leis na nótaidhibh seo: m l s. Casaidh na nótaidhe seo leis an siolla "lá." (Abair na nótaidhe dos na scoláiribh.) Cé rud é preab? Cé rud é méadar? Casaidh nótaidhe an Ghléis dam leis na guthanna Ú Á É Í go bog ceolmhar mar so. Éistidh! Tá an cleachtadh sin ro-mhall agaibh; cuiridh rud beag beodhachta ann.
Tá an amhránaidheacht úd an-gharbh; tá an iomarca fuinnimh á chur ins na nótaidhibh agaibh. Ní'l cuid agaibh ag tabhairt aire; féachaidh ar an nDréimire agus leanaidh an cuaillín. Tuaiplis gránda 'seadh é sin; casaidh na nótaidhe úd arís. Ná bídh ag sliobarnaigh ó nóta go nóta ar an gcuma soin; is olc an gnás é. Tógaidh na nótaidhe go glan ar an gcéad iarracht. Aistrighidh go dtí Gléas G ar an nóta m Gléas C. Tógaidh an d uaim. Cad tugtar ar an nóta m ins an gcás soin? Cuing-nóta a tugtar air. Aistrighidh go dtí Gléas F ar an nóta f Gléas C. Tógaidh an d uaim. Casaidh nótaidhe Chomharda DOH; nótaidhe Chomharda SOH agus rl. Cad tugtar ar na nótaidhe a teasbántar ar an nDréimire nuair bhíonn cleachtadh ar siubhal? Ceol-chaise. Beidh Ceol-chaise againn ánois ar nDréimire Leathadach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services