Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Salfáthóir Gaedhealach

Title
An Salfáthóir Gaedhealach
Author(s)
Ó hAodha, Tomás,
Pen Name
Caoilte Mac Ronáin
Composition Date
1922
Publisher
Gill, M. H. & a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Réamhradh.



I gColáiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhalthaigh
do leagas bun-chloch an leabhair seo deich mbliadhain ó shoin
nuair do chromas ar an dTonic Sal-fá do mhúineadh annsúd
tríd an nGaedhilg.



B'é rud a bhí d'aigne orm ná láimhleabhar oireamhnach
simplidhe, ar mhodh an tSal-fa, do sholáthairt do mhúinteóiribh
na hÉireann in ár dteangain féin; agus do chuireas dúthracht
mo chroidhe go hiomlán ins an obair, mar ba gheal liom i
gcomhnuidhe — agus is geal liom fós — an t-ádhbar léighinn ud,
amhránaidheacht.



Má's fíor gur "as an obair a faghtar an t-eolas" — agus
is fíor is dócha — ba chóir go mbéadh roinnt eolais agam-sa ar
an ngnó so, tar éis a bheith ag múineadh an Tonic Sol-fa im'
scoil féin, agus do bhuidhnibh ceoil taobh amuigh de'n scoil, le
deich mbliadhain is fiche; agus mar thoradh ar mo shaothar tá
Teastaisí agam i gCeol-mhúineadh fé shéala an R.I.A.M., agus
teastaisí tabhachtacha leis, nár bhfuirist iad a ghnóthughadh.



Tá gabhadh mór le leabhar de'n t-sórt so fé láthair, agus tá
súil agam go mbainfidh múinteóirí na hÉireann sochar agus
tairbhe as "An Salfáthóir Gaedhealach" agus go raghaidh na
ceachtanna atá ann i leas ceoil na tíre.



Caithfidh mé mo bhuidheachas do ghabháil do mhuinntir John
Curwen and Sons, Ltd., Berners St., W., London, de thoisc
gur thugadar cead croidheamhail dam na Comharthaidhe Láimhe
agus cuid des na fíoghracha eile, maille le roinnt des na
cleachtthaibh atá ins an "Standard Course," do chur i n-úsáid
ins an leabhar so.



TOMÁS Ó hAODHA.



Baile Átha Cliath, Bealtaine, 1922.


L. 1



AN SALFÁTHÓIR GAEDHHEALACH



TIONNSCNAMH.



FUAMANNA. — Cad is ceol ann? 'Sé rud é ceol: fuamanna
éagsamhla a thagann i ndiaidh a chéile de réir riaghalacha áirithe;
agus taithnigheann fonnmharacht agus gluaiseacht na bhfuamann
úd chomh mór soin leis an gcluais gur mhaith le duine a bheith ag
éisteacht leo. Acht ní fuaim cheolmhar gach fuaim a cloistear.



TONNTRACHA AERDHA. — Sé rud is bun le fuaim ná "tonn-
tracha" a cuirtear ar siubhal san aer go díreach glan mar
cuirtear tonntracha ar siubhal i log uisce nuair caithtear
cloch isteach ann. Is fuirist na "tonntracha aerdha" úd do
chur ar siubhal. Cuirtear ar siubhal iad le buille, nó le béic,
nó le fead. Cuirtear ar siubhal iad le urchur nó le bladhm
tóirnighe. Má cuirtear an t-aer a bhíonn istigh i bpíb ar bogadh —
má séidhtear stoc, cuir i gcás — beidh na tonntracha úd ag
luascadh go fairsing n-ár dtimcheall. Má mhéaruightear téad
bheidhlín cuirfear ar siubhal iad. Acht ní beag soin. Is mó
slighe atá ann chun tonntracha do chur ar siubhal.



GLEO. — Nuair a bhíonn trucail ag imtheacht thar bhóthar gharbh
deineann na rothaidhe an-chuid fothruim acht ní deineann siad
ceol. Caidé an chiall? Tagann na tonntracha aerdha úd go
fairsing ó'n dtrucail, acht ní bhíonn ceol ionnta de bhrigh go
mbíonn siad i n-achrann le n-a chéile, agus go mbriseann siad
go borb agus go mí-ríaghalta ar thráigh na cluaise mar adéarfá.
Ní bhíonn ionnta acht gleo. Is cosamhail le spágaireacht lucht
sochraide na tonntracha aerdha ins an gcás soin — ní bhíonn
éan dá choiscéim ar chomhfhad aca.


L. 2


FUAIM CHEOLMHAR. — Ar nós go mbéadh fuaim cheolmhar
ann, ní mór dos na tonntrachaibh teacht go léardha agus go
comhthrom i ndiaidh a chéile agus roinnt buanais, pé beag mór
é, a bheith ionnta mar a bhíonn i nóta a baintear a téid bheidhlín
nuair bogtar í leis an mboghadh, nó i nóta a baintear a stoc
nuair séidhtear é. Is cosamhail le cóimhlíongadh scata
saighdiúírí na tonntracha a bhíonn i bhfuaim cheolmhar.



ÁRDÚGHADH. — Bíonn éagsamhlacht mhór ins na fuamannaibh
ceolmhara a thugann amhránaidhe nó ceoltóir dúinn. Is fuirist
a thabhairt fé ndeara go mbíonn cuid des na fuamannaibh úd
go hárd agus cuid aca go híseal, gan trácht ar thréithibh eile
a bhíonn ionnta; agus sé an t-ainm a tugtar ar an deifrigheacht
a bhíonn idir aoirde na bhfuamann ná "An t-Árdughadh." 'Sé
rud is bun leis an árdughadh ná an méid des na tonntrachaibh
úd a bhíonn ins an bhfuaim — an méid aca a thagann i ndiaidh a
chéile ar feadh éan-bhuille amháin. A minicidhe is a thagann na
tonntracha i n-diaidh a chéile ar feadh buille, a aoirde agus a
géire 'seadh a bheidh an fhuaim; agus tugtar dúinn fuaim íseal
má thagann na tonntracha go mall i ndiaidh a chéile ar feadh
buille.



GLUAISEACHT AGUS FONNMHARACHT. — 'Siad na tréithe
is tabhachtaighe a bhaineann le ceol ná "Gluaiseacht" agus
"Fonnmharacht." 'Sé rud é an ghluaiseacht ná luas an cheoil
ins an bhfonn, an riarughadh a deintear ar na truimibh, agus an
roinnt a deintear ar na nótaidhibh idir fada agus gairid. Acht
sí an fhonnmharacht smior agus smúsach an cheoil; ní bhéadh ceol
ann i n-ao' chor gan í. Nuair bhíonn sraith fuamanna ceolmhara
ceangailte le n-a chéile fé ríaghalachaibh áirithe agus nuair
bhíonn deifrigheacht eatorra ins an árdughadh tugtar fonnmharacht
ar an mbinneas a bhíonn ionta.



GLÉAS. — Nuair cuirtear na fuamanna úd i ndiaidh a chéile
de réir líonmhaire na dtonntracha aerdha a bhíonn i ngach ceann
aca tugtar "Gléas" nó "Scála" ortha.


L. 3


AN GLÉAS-NÓTA. — Bíonn fuaim nó nóta áirithe n-a cheann-
phort, mar a déarfá, ar na fuamannaibh nó ar na nótaidhibh
eile agus tugtar an "Gléas-nóta" nó an "Bun-nóta" ar
an nóta úd. Sul ar féidir linn fonn nó port do dhéanamh nó
do sheinm ní mór dúinn an bun-nóta a bheith againn i dtosach,
mar is as an nóta úd a fásann na nótaidhe eile. Is ar an
mbun-nóta a bhíonn seasamh na nótaidhe go léir an fhaid a bhíonn
an ceol ar siubhal agus 'sé an taca a bhíonn aca nuair cuirtear
críoch leis an bhfonn.



COMHARTHAIDHE AGUS FUAMANNA. — scríobhtar agus
clódhbhuailtear ceol; acht ba chirte a rádh go gcuirtear síos
comharthaidhe le haghaidh na nótaidhe. Ní mór do'n scoláire
eolas a bheith aige i dtosach ar na fuamannaibh nó ar na
nótaidhibh Sul a mbeidh sé ar a chumas na comharthaidhe a cuirtear
leis na nótaidhibh do chur i bhfeidhm. Ní'l pioc maitheasa i
gcomharthaidhibh mara mbeidh sé i gcumas do'n scoláire an
fhuaim cheart do chur le gach ceann aca; agus dá bhrigh sin 'sé
an chéad chúram a bheidh ar an múinteóir ná cluas agus guth an
scoláire d'ollmhughadh agus do chur i dtreó ar nós go bhféadfadh
sé an fhuaim cheart do chur leis an gcomhartha chlodhbhuailte
nuair cuirtear ós a chomhair é.



MODH AN tSAL-FÁ. — 'Sé rud atá d'aigne orainn a dhéanamh
ins an iarracht so ná a mhíniúghadh do'n mhúinteóir cionnus a
thiocfaidh leis amhránaidheacht a mhúineadh tríd an nGaedhilig
ar an modh soin a tugtar an "Tonic Sal-fá" air. Múintear
an modh so i sé cinn de chéimeannaibh, agus tugtar isteach rud
eicínt nuadh a bhaineann le gluaiseacht nó le fonnmharacht i ngach
céim díobh súd.



COMHAIRLE DON MHÚINTEÓIR. — i dtosach caithfidh an
múinteóir sampla de gach nóta do chasadh dos na scoláiribh
le linn iad do theasbánt dóibh ar an gclár dubh nó ar an
"nDréimire." Ní'l sé ceaduighthe dos na scoláiribh na nótaidhe


L. 4


do chasadh i n-éinfheacht leis an múinteóir. 'Sé rud a chaithfidh
siad a dhéanamh ná "cluas le héisteacht" do chur ortha féin
agus aire mhaith do thabhairt do'n mhúinteóir an fhaid a bheidh na
nótaidhe dá ngabháil aige agus annsoin aithris a dhéanamh ortha
n-a dhiaidh.


L. 5


AN CHÉAD CHÉIM.



FONNMHARACHT. — Nótaidhe Chomharda DOH. — d m s: m s d:
s d' m' — do chasadh pé cóiriughadh a bheidh ortha idir B agus D.



GLUAISEACHT. — Eolas ar Ronnaibh Simplidhe na Gluaiseachta
— Preabanna, Leath-phreabanna, Preabanna ar Leanamhaint,
Méadar an Dá Phreib, agus Méadar na dTrí bPreabann.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



D'ON MHÚINTEÓIR. — Faigh nóta meadháin-íseal — C, D,
nó E — agus cuir an guth "Á" leis. Cas an nóta úd dos na
scoláiribh agus iarr ortha aithris a dhéanamh air go binn agus
go ceolmhar. Cuir iachaibh ortha na beoil agus na fiacla a
oscailt ar nós go raghadh an ordóg isteach go bog ar a leithead
idir na fiaclaibh. Lean ar an nóta do chasadh dhóibh agus deinidís
aithris air go dtí go mbeidh sé ar chumas gach éinne ins an
ranng an nóta do chasadh go ceart agus go ceolmhar. Abair
leo annsoin go bhfuilir chun nóta nuaidh do mhúineadh dhóibh.



Faigh an cúigeadh nóta taobh thuas de'n chéad nóta agus cuir
an guth "Á" leis arís. Cas dos na scoláiribh é, agus deinidís
aithris air. Lean ort ar an gcuma soin go dtí go mbeidh an
fhuaim nuadh ag gach éinne.



Tóg cuaillín id' láimh chlé agus congbhuigh an barr i n-áirde.
Cuir i gcéill dos na scoláiribh go bhfuil an chéad nóta fé mar
a bhéadh se ar crochadh — i riocht cluigín, cuir i gcás — ag bun an
chuaillín agus an tarna nóta fé mar a bhéadh sé ar crochadh ag
barr an chuaillín. Cas dóibh an dá nóta agus dein clingeadh
ar na cluiginibh le peann-luaidhe fé mar a thagann na nótaidhe
ag bun an chuaillín nó ag barr an chuaillín. Cuirfidh an cleachtadh
so i n-umhail dos na scoláiribh go bhfuil an tarna nóta níos
aoirde ná an chéad nóta. Deinidís cleachtadh ar an dá nóta
anois fé mar a teasbánfar dóibh iad ar an gcuaillín.



Innis dos na scoláiribh annsoin go bhfuilir chun na nótaidhe


L. 6


úd do bhaisteadh agus ainmneacha fé leith do chur ortha —
ainmneacha an tSal-fá. "'Sé an t-ainm a bheidh againn feasta
ar an gcéad nóta ná doh agus soh ar an tarna nóta." "Cá
bhfuil doh ar an gcuaillín?" "Cá bhfuil soh?" "Cia aca
is aoirde — doh nó soh?"



Cuir iachaibh ar na scoláiribh an dá nóta do chasadh arís ón
gcuaillín fé mar a teasbánfar dóibh iad agus ainmneacha an
tSal-fá do chur leo.



Dein athrughadh ar an ngléas anois — sé sin le rádh: bíodh an
doh níos aoirde nó níos ísle ná mar do bhí sé agat go dtí seo,
agus deinidís, na scoláiridhe, cleachtadh ar na nótaidhibh arís.



Mínigh annso gurb'é an fáth a múintear soh i n-éinfeacht le
doh, go bhfuil gaol gairid aca le n-a chéile, agus gur b'é
soh an tarna nóta is tabhachtaighe ins an ngléas i ndiaidh an
bhun-nóta, doh.



COMHTHARAIDHE LÁIMHE. — Tá tréithe fé leith ag baint le
gach nóta ins an ngléas — tréithe nach fuirist greim a fhagháil
ortha — agus faghann na scoláiridhe an-chuid conganta le
haghaidh brighe agus feidhme na dtréithe úd do thuigsint agus do
thabhairt leo, má deintear comharthaidhe áirithe leis an láimh lé
linn na nótaidhe do chasadh. Tá comhartha fé leith ag dul le
gach nóta ins an ngléas, agus 'sé
an comhartha a cuirtear le doh ná
"dorn dúnta." Nóta tacamhail
forasta 'seadh doh agus dá bhrigh
sin cuirtear an "Tréan-nóta" mar
thuairisc air. Nuair dúntar an dorn


L. 7


cuirtear neart agus tréine ann, agus bíonn an lámh níos
tacamhla agus níos forasta ar an gcuma soin ná mar do
bhéadh sí ar éan chuma eile, agus cuireann an comhartha so i
n-umhail dúinn go soiléir na tréithe atá ag baint leis an nóta
doh.



'Sé an comhartha a cuirtear le
soh ná lámh oscailte, na méaracha
amach i dtreó na scoláiridhe agus
an ordóg i n-áirde. An "Geal-
nóta" nó an "Nóta Aereach" a
tugtar ar an nóta so. Nóta
breagh meanmnach 'seadh é, agus dá
mbéadh cainnteóir a d'iarraidh a lucht-éisteachta a spreagadh —
dá mbéadh rud eicínt mar so le rádh aige — "Tógaidh bhur
gcroidhthe, glacaidh meanma, mar tá tráth bhur bhfuascalta
buailte libh," do chuirfeadh sé amach a lámh ins an riocht n-a
bhfuil an lámh so thuas línighthe againn. Agus dá mbéadh fáilte
"gheal" dá cur roimh dhuine do cuirfidhe "lámh oscailte"
amach chuige le "meanmain."



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Dein na comharthaidhe láimhe agus cas
na nótaidhe doh agus soh le línn na comharthaidhe do
dhéanamh. Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe do
chasadh leis na comharthaidhibh fé mar a déanfar iad.
Annsoin scríobh ainmneacha na nótaidhe ós cionn a
chéile ar an gclár dubh mar atá siad annso ar thaoibh
na láimhe clé againn.



Teasbán na nótaidhe a bheidh uait dos na scoláiribh
leis an gcuaillín agus deinidís cleachtadh ortha fé
mar a teasbánfar dóibh iad.


L. 8


Dein athrughadh ar an ngléas agus cleachtuigh na nótaidhe
doh agus soh arís.



(a) Ó'n gcuaillín.



(b) Leis na comharthaidhibh láimhe.



(c) Ó'n gclár dubh.



Nuair is féidir leis na scoláiribh soh do chasadh i ndiaidh pé
doh a tugtar dóibh abair leo go bhfuilir chun nóta eile do
mhúineadh dhóibh.



Cas dos na scoláiribh na nótaidhe doh soh doh leis an nguth
"Á" agus deinidís aithris ortha. "Ar tháinigh an nóta nuadh
isteach an uair sin?" "Ní tháinigh." Cas dóibh anois na
nótaidhe doh soh me leis an nguth "Á" agus deinidís aithris
ortha. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach an uair sin?" "Ar
bh'é an chéad nóta é?" "An tarna nóta?" "An tríomhadh
nóta?" Cas dóibh doh me doh; doh me me; agus soh me soh,
leis an nguth "Á" agus deinidís aithris ortha. "bhFuil an nóta
so níos aoirde nó níos ísle ná doh?" "bhFuil sé níos aoirde
nó níos ísle ná soh?" "Ní'l sé chomh hárd le soh acht tá
sé níos aoirde ná doh." Cuir i gcéill dos na scoláiribh go
bhfuil me ar crochadh ar an gcuaillín i riocht cluigín leath-shlighe
idir doh agus soh. Deinidís clingeadh ortha leis an siolla
"lá" fé mar a buailfear iad le peann-luaidhe.
Innis dóibh annsoin go dtugtar me mar ainm
ar an nóta so. Scríobh ainm an nóta nuaidh
ar an gclár dubh idir doh agus soh mar atá
síad annso againn agus dein cleachtadh ortha
ar an gcuma so:



Cas doh me doh soh leis na hainmneachaibh
agus dírigh an cuaillín ar gach nóta le línn é
do chasadh. Iarr ar na scoláiríbh na nótaidhe
chéadna do chasadh dhuit fé mar a teasbánfar
dóibh iad leis an gcuaillín. Annsoin cas
doh soh me soh; doh me me doh, agus rl. Agus
deinidís aithris ortha id' dhiaidh. Congbhuigh an cleachtadh ar


L. 9


siubhal go dtí go mbeidh sé ar chumas gach éinne ins an ranng
na trí nótaidhe do chasadh go ceart ceolmhar pé slighe a
teasbánfar iad.



COMHARTHA AN TRÍOMHAD NÓTA. — 'Sé an comhartha a
cuirtear leis an tríomhadh nóta
de'n ghléas, me, ná lámh
oscailte, cúl na láimhe i
n-áirde, an bas síos agus na
méaracha amach i dtreó na
scoláiridhe. Má cuirtear an
nóta so i gcompráid le doh nó le soh chidhfear nach í an
éifeacht chéadna a bheidh ionnta. Ní'l me chomh tréan nó chomh
tacamhail le doh ná chomh geal ná chomh aereach le soh. 'Siad
na tréithe atá ag baint le me ná ciúineas agus socamhlacht,
agus dá bhrigh sin tugtar an "Ciúin-nóta" mar thuairisc air.
Dá n-éireóchadh éin-ghleó ins an ranng agus dá mbéadh an
múinteóir ag bagairt ar na scoláiribh suaimhneas a ghlacadh do
chuirfeadh sé a lámh amach ins an riocht n-a bhfuil an lámh so
thuas línighthe againn.



LÉIRIGHTHEACHT (LÉIR-CHUR). — Ní cuirtear na nótaidhe ós
cionn a chéile i gcomhnaidhe mar do bhíodar againn go dtí seo.
Nuair scríobhtar amhrán ins an modh so (an Tonic Sal-fá),
cuirtear na nótaidhe i líntidhibh i ndiaidh a chéile mar atá síad
thíos fúinn annso; acht cuirtear comharthaidhe eile n-a bhfochair.
Agus ní call dúinn ainmneacha na nótaidhe do scríobh i n-iomlán
acht an oiread. Ní scríobhfar feasta acht an leitir thosaigh
i n-ainm gach nóta. Cuirfear



d in ionad doh



m in ionad me



s in ional soh



Agus mar Sin de leis na nótaidhibh eile nuair tabharfar isteach
iad.


L. 10


ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cleachtuigh na nótaidhe doh me soh



(a) Ó'n gcuaillín.



(b) Leis na comharthaidhibh láimhe.



(c) Ó'n gclár dubh.



Scríobh na nótaidhe doh me soh ar an gclár dubh i líntidhibh mar
atá siad n-ár ndiaidh annso agus dein cleachtadh ortha siar
agus aniar:



Nuair is féidir leis na scoláiribh na nótaidhe do chasadh siar
agus aniar le hainmneachaibh an tSal-fá deinidís cleachtadh
ortha leis an siolla "lá."



ÉIFEACHT INTINNEACH NA NÓTAIDHE. — Má éistfear go
haireach leis na nótaidhibh do me soh, agus má deintear
breathnughadh agus meabhrughadh ortha nuair a bheidh siad dá
ngabháil, braithfidh an intinn go bhfuil tréithe fé leith ag baint le
gach nóta aca. Nóta tacamhail forasta bunadhasach 'seadh doh.
Nóta ciúin socamhail binn 'seadh me agus nóta breagh geal
aereach 'seadh soh. Sé rud is bun leis na tréithibh úd agus an
éifeacht a bhíonn ionta ná an deifrigheacht a bhíonn eatorra ins
an árdughadh. Réidhtigheann na nótaidhe úd go mór leis an
gcluais nuair cántar iad i ndiaidh a chéile; agus nuair castar
nó seinntear iad i n-éinfheacht, gabhann siad go binn agus go
ceolmhar le na chéile ar nós gur mhaith le duine a bheith ag
éisteacht leis an bhfonnmharacht, leis an gcóimh-cheol agus leis


L. 11


an séis-bhinneas a bhíonn ionta. Cuirtear i n-eol dúinn i
nEaladhain na bhFoghar gur "comhfhogus cáirde" na nótaidhe seo
de bhrigh go mbíonn an mianach céadna ionta. Bíonn cuid des
na tonntrachaibh aerdha a bhíonn i me agus i soh ag coimh-mheascadh
le cuid des na tonntrachaibh a bhíonn ins an mbun-nóta doh.
Is fuirist an caradas agus an aontacht a bhíonn eatorra a
dheimhniughadh agus a chur i n-umhail dos na scoláiribh má seinntear
doh agus soh i n-éinfheacht, annsoin doh agus me n-a dhiaidh sin
me agus soh agus i ndeireadh thiar doh me agus soh i n-éinfheacht
le n-a chéile. I n-éaghmais gléis-cheoil d'féadfadh an múinteóir
an ranng do roinnt i dtrianaibh agus nóta do thabhairt do gach
trian le casadh i n-éinfheacht.



COMHARDA AN BHUN-NÓTA. — Nuair bhíonn trí cinn de
nótaidhe ceangailte i gcaradas ar an gcuma so agus gan
éin-easaontacht a bheith eatorra, tugtar "Comharda" ortha
nuair seinntear iad i n-éinfheacht; agus sé an t-ainm a tugtar
ar doh me soh ná "Comharda an Bhun-Nóta."



AN tOCHTMHADH. — Nuair a thárluigheann sé go mbhíonn a dhá
oiread, nó a leath oiread tonntracha aerdha i nóta ná mar
a bhíonn i nóta eile, meascann na fuamanna chomh dlúth soin le
n-a chéile gur cosamhail le héan-nóta amháin an dá nóta úd,
agus tugtar an t-ainm chéadna ortha araon. Ní bhíonn deifrigh-
eacht ar bith eatorra acht amháin ins an árdughadh. Tagann
siad ins an áit chéadna ins an ngléas i gcompráid leis na
nótaidhibh eile, agus bíonn na tréithe chéadna ag gabháil leo.
Ar an gcuma soin tagann ath-chasadh ar gach nóta de'n ghléas
thíos nó thuas, agus 'sé an t-ainm a tugtar ar an ath-chasadh úd
ná "An tOchtmhadh;" mar, má deintear cómhaireamh ar nótaidhibh
an ghléis ó pé nóta is maith linn go dtí a chéile, thíos nó thuas,
agus an chéad nóta agus an t-ath-chasadh do chur san gcómhaireamh,
chidhfear go mbeidh ocht gcinn (ochtmhadh) de nótaidhibh ann.
Cuirtear an comhartha láimhe chéadna (dorn dúnta) le doh agus
a chéile, acht amháin go nárduightear an lámh chun an ochtmhadh


L. 12


thuas do theasbánt agus go n-íslíghtear í le haghaidh an ochtmhadh
thíos. Agus nuair scríobhtar na nótaidhe cuirtear fíoghair bheag
i n-aice le barr an nóta (d) le haghaidh an ochtmhadh thuas, agus
fíoghair bheag eile i n-aice le bun an nóta (d) le haghaidh an
ochtmhadh thíos. Cuirtear na fíoghracha beaga so leis na nótaidhibh
i gcomhnuidhe ar thaoibh na láimhe deise least thuas nó least thíos
fé mar bhíonn gabhadh leo.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cuir na nótaidhe
s d m s d ar an gclár dubh ós cionn a chéile mar
atá siad annso againn agus dein cleachtadh ortha
mar shompla dos na scoláiribh. Lean ort ar an
gcuma do comharluigheadh duit a leanamhaint
cheana. Cas d s d cuir i gcás, agus deunadh an
rang aithris ortha id' dhiaidh. Cas s d s; d m s;
m s d; agus mar sin de, agus leig dos na
scoláiribh cleachtadh a dhéanamh ortha go dtí go
mbeidh se i gcumas do gach éinne ins an rang
na nótaidhe do chasadh pé slighe a teasbánfar
dóibh iad. Annsoin dein na comharthaidhe láimhe
dos na scoláiribh agus cuiridís na nótaidhe leo.



AN DRÉIMRE. — Nuair cuirtear na nótaidhe
ós cionn a chéile mar atá siad annso thuas
againn sé an t-ainm a tugtar ar an gcóiriughadh
a bhíonn ortha ná "AN Dréimre." Ní'l an dréimre ar fad
annsúd sós, acht cuirfear le chéile í diaidh ar ndiaidh.



ÁDHBHAR CLEACHTADH.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh na nótaidhe céadna atá ins


L. 13


an ndréimre i líntidhibh i ndiaidh a chéile agus deuntar cleachtadh
ortha siar agus aniar:



GLUAISEACHT.



Suas go dtí seo níor deineadh acht nótaidhe ceoil do mhúineadh.
Do cuireadh i n-umhail dos na scoláiribh go mbíonn cuid des na
nótaidhibh úd níos aoirde agus cuid aca níos ísle ná a chéile;
acht ní fhéadfaidhe a rádh go raibh fonn nó port i n-éan-ádhbhar
cleachttha do bhí ar siubhal againn roimhe seo. Is fíor go raibh
fonnmharacht ionnta mar bhí deifrigheacht eatorra ins an
árdughadh; acht ní leor soin chun puirt nó fuinn do dhéanamh
díobh.



MÉADRACHT. — Bíonn méadracht agus rannaidheacht, mar
a déarfá, i bhfonn agus i bport go díreach glan mar a bhíonn i
bhfilidheacht. Cuirtear béim gotha ar shiollaidhibh áirithe ins an
bhfilidheacht agus cuirtear truime ar an nós chéadna ar nótaidhibh
áirithe ins an bhfonn. Níor braitheadh an truime úd ag tuitim
ar éan-nóta do cleachtadh go dtí seo, mar bhí na nótaidhe go
léir ar éan-dul againn — cuireadh an truime chéadna ar gach
nóta.



LUASCADH. — Ní cuirtear an fhaid chéadna ins na nótaidhibh a


L. 14


bhíonn i bhfonn nó i n-amhrán. Bíonn cuid aca fada agus cuid
aca gairid agus ní thagann nóta fada fé'n dtruime i gcomhnuidhe.
'Sé an t-ainm a tugtar ar an éagsamhlacht úd a bhíonn i mbuanas
na nótaidhe ná "Luascadh." Bhí an luascadh úd i n-easnamh
ins na hádhbhairibh cleachttha do bhí againn roimhe seo — bhí an
fhaid chéadna ins na nótaidhibh go léir.



GLUAISEACHT. — Nuair baineann an focal so "gluaiseacht"
le ceol cuirtear i bhfeidhm é i dtrí cinn de shlighthibh:



(a) Tugtar "an ghluaiseacht" ar an deithneas a bhíonn fé'n
gceol i bhfonn nó i n-amhrán. Uaireanta ritheann na nótaidhe
go tapaidh i ndiaidh a chéile agus annsoin deirtear go mbíonn
"an ghluaiseacht" go mear. Uaireanta eile tagann na nótaidhe
go fadálach i ndiaidh a chéile agus annsoin deirtear go mbíonn
"an ghluaiseacht" go mall.



(b)Tugtar "an ghluaiseacht" ar an riarughadh a cuirtear ar
na truimibh ó thúis deireadh an fhuinn nuair deintear trácht ar
"ghluaiseacht dúbalta" "gluaiseacht thríorach" "gluaiseacht
ghnáthach" agus rl. Is ionann "gluaiseacht" agus "méadracht"
annsoin.



(c) Agus tugtar "an ghluaiseacht" ar an riarughadh a
deintear ar na nótaidhibh idir fada agus gairid ins an bhfonn.
Is ionann "gluaiseacht" agus luascadh annsoin, agus cuirtear
an focal so "gluaiseacht" i bhfeidhm nuair deirtear: "Tabhraidh
aire do'n ghluaiseacht," nó "Tá an ghluaiseacht bun ós cionn
agaibh," nó "Seachainidh, tá an ghluaiseacht go crapach annsúd."
agus rl.



Caithfimíd eolas a chur anois ar na tréithibh seo a bhíonn ins
an gceol.



1. MÉADRACHT, nó riarughadh na truime a cuirtear ar
nótaidhibh áirithe ins an bhfonn.



2. LUASCADH, nó riarughadh na nótaidhe de réir an fhaid
agus an bhuanais a bhíonn ionta.



3. GLUAISEACHT, nó luas an cheoil agus riarughadh na
méadrachta agus an luascatha ins an bhfonn.


L. 15


MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh roinnt focal ar an gclár dubh
mbeidh dhá shiolla i ngach ceann aca agus an truime ar an
éad shiolla:



Thógas



Ghreadas



Léimeas



Léigh na focail seo agus méaduigh an truime ar an gcéad shiolla
i ngach focal. Fiafruigh des na scoláiribh ar cuireadh an
truime chéadna ar ghach siolla. "Níor cuireadh." Mínigh
dóibh gur cuireadh trom-thruime ar an gcéad shiolla agus lag-
thruime ar an tarna siolla i ngach focal. Scríobh na focail
chéadna arís ar an gcuma so:



Caidé an chiall ar cuireadh na líntidhe úd agus na stadanna
isteach i bhfochair na bhfocal? Cuireadh líne (teora) roimh an
gcéad shiolla i ngach focal mar chomhartha go gcaithfear trom-
thruime do chur ar an gcéad shiolla; agus cuireadh an eadar-
stad roimh an tarna siolla mar chomhartha go gcaithfear an
Lag-thruime do chur ar an tarna siolla. 'Sé an t-ainm a
cuirfear feasta ar an dteorainn ná an "Trom-chomhartha"
agus cuirfear an "Lag-chomhartha" mar ainm ar an eadar-
stad



Anois scríobh na focail seo a leanas ar an gclár dubh:



Bradán



Casúr



Tomás



Léigh na focail úd agus méaduigh an truime ar an tarna siolla
i ngach focal díobh. Ceistnigh na scoláiribh ar an gcuma so:


L. 16


"Cár thuit an trom-thruime ar an bhfocal "bradán"?" "Cá
gcuirfimíd an teora nó an trom-chomhartha"? "A'mbéadh sé
ceart an trom-chomhartha do chur roimh an gcéad shiolla ins an
bhfocal "bradán"?" "Caidé an chiall?" Agus mar sin de.
Mínigh dos na scoláiribh annsoin ná tuiteann an trom-thruime
gcomhnuidhe ar an gcéad shiolla ins an bhfocal. Scríobh na
focail arís agus cuir isteach comhtharaidhe na dtruime:-



Ceistnigh na scoláiridhe arís a féachaint a' dtuigeann siad gach
éin-nidh i dtaoibh na dtruime agus mínigh dóibh éan-rud go mbeidh
siad dall air.



Anois cuir an líne filidheachta so ar an gclár dubh:



"Beidh mé féin ar bharr an tsléibhe."



Léigh an líne úd dos na scoláiribh agus méaduígh an béim
gotha i ngach siolla ar a thuiteann sé. Tabhairfidh siad fé ndeara
go dtuiteann an béim gotha ar an gcéad shiolla agus ar gach
're siolla n-a dhiaidh sin. Cuirtear trom-thruime ar an gcéad
shiolla, ar an tríomhadh siolla, ar an gcúigeadh siolla, agus ar
an seachtmhadh siolla; cuirtear an lag-thruime ar gach siolla
eile. Tháinig an trom-thruime agus an lag-thruime go léardha
i ndiaidh a chéile ar an gcuma so:



Cas an líne úd anois dos na scoláiribh ar éan-nóta amháin
agus deinidís aithris uirrthi id' dhiaidh. Annsoin mínigh dóibh go
ndeintear riarughadh ar na nótaidhibh a bhíonn i bport nó i
n-amhrán go díreach glan mar do deineadh ar na focalaibh agus
ar na siollaidhibh ins an líne úd thuas.



PREABANNA. — Nuair léightear an líne úd go ceart


L. 17


nádúrtha braithfidh an chluas go gcuireann frioth-bhualadh na
dtruime sórt preabtha ins an léightheóireacht. Samhluigheann sé
dhúinn go dtagann na truime ag preabadh i ndiaidh a chéile
mara déarfá; agus dá bhrigh sin cuirtear "Preab" mar ainm
ar thuitim na truime. Agus i léir-chur an tSal-fá cuirtear
"Preab" mar ainm ar an achar a bhíonn idir throm-chomhartha
nó lag-chomhartha agus an chéad chomhartha eile a thagann n-a
diaidh, bíodh sé trom nó lag. Nuair scríobhtar fonn nó amhrán
ms an modh so cuirtear an fhaid chéadna i ngach achar a bhíonn
fé na preabannaibh. Má cuirtear leath-órdlach fé'n gcéad
phreab caithfear leath-órdlach do chur fé gach preab eile ins
an bhfonn. Tagann na preabanna níos mire i ndiaidh a chéile
i bhfuinnibh thar mar a thagann siad i bhfuinnibh eile — sé sin le
rádh go mbíonn an ghluaiseacht go mear i bhfonn anois agus
go mall i bhfonn eile arís. Acht pé mear nó mall an ghluaiseacht
bíonn an fhaid chéadna i ngach preib ins an bhfonn chéadna.
Bíonn luascadh an chrochadáin níos mire i gclogaibh thar mar
a bhíonn se i gclogaibh eile; acht is ionann gach luascadh le
preab bíodh an luascadh mear nó mall.



MÉADRACHT. — Tagann ath-chasadh léardha ar an dtrom-
thruime i bhfonn nó i n-amhrán ar an gcuma chéadna is a thagann
ath-chasadh ar an mbéim gotha i rann filidheachta. Tuiteann na
trom-thruime an fhaid chéadna ó n-a chéile i gcomhnuidhe, agus
tugtar "Méadar" ar an fhaid a bhíonn idir trom-thruime
agus an chéad throm-thruime eile a thagann n-a dhiaidh nuair
bhíonn an port ar siubhal. Agus i léir-chur an tSal-fá tugtar
"Méadar" ar an achar a bhíonn idir throm-chomhartha agus an
chéad throm-chomhartha eile a thagann n-a dhiaidh. Nuair a thuiteann
an trom-thruime ar an gcéad nóta i bhfonn nó i n-amhrán beidh
an fonn nó an t-amhrán ins an "bPríomh-eagar." Tá an líne
filidheachta so n-ár ndiaidh ins an bPríomh-eagar de bhrigh go
dtuiteann an trom-thruime ar an gcéad shiolla:


L. 18


Acht dá dtuitfeadh an lag-thruime ar an gcéad nóta do bhéadh
an fonn ins an "Eagar Iochtrach." Tá an líne filidheachta so
n-ár ndiaidh ins an eagar iochtrach de thoisc an lag-thruime a
bheith ar an gchéad shiolla:



MÉADAR AN DÁ PHREIB. — Tá dhá phreib i ngach méadar
ins na líntidhibh filidheachta úd thuas agus dá bhrigh sin deirtear
go bhfuil siad i "Méadar an Dá Phreib." Ritheann na truime
i ndiaidh a chéile mar seo: trom, lag; trom, lag; agus mar
sin de, nuair bhíonn an cleachtadh ins an bpríomh-eagar.
Ritheann na truime ar an gcuma chéadna nuair bhíonn an
cleachtadh ins an eagar iochtrach acht amháin go gcuirtear an
lag-thruime ar an gcéad nóta: lag; trom, lag; trom, lag, agus rl.



MÉADAR NA DTRÍ BPREABANN. — Nuair ritheann na
truime mar seo: trom, lag, lag; trom, lag, lag, agus rl., nó
lag; trom, lag, lag; trom, lag, lag, agus rl, beidh "Méadar
na dTrí bPreabann" againn ins an bPríomh-eagar agus ins an
Éagar Iochtrach.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh roinnt focal ar an gclár dubh
go mbeidh trí cinn de shiollaidhibh i ngach focal aca agus an
béim gotha ar an gcéad shiolla:



Buach-aill-ín.



Gall-da chas.



Ceol-air-eacht.



Léig na focal úd dos na scoláiribh agus méaduigh an truime
ar an gcéad shiolla. Annsoin ceistnigh iad mar do dheinis
cheana. "An mó siolla i ngach focal?" "Ar chuireas an
truime chéadna ar gach siolla ins an bhfocal "buachaillín"?"


L. 19


"Cár chuireas an trom-thruime?" "'Seadh do chuireas an
trom-thruime ar an gcéad shiolla i ngach focal agus lag-
thruime ar gach siolla eile." Scríobh na focail arís mar atá
siad annso thíos agus iarr ar na scoláiríbh na comharthaidhe do
mhíniughadh dhuit:



Scríobh an líne seo a leanas ar an gclár dubh agus léigh í
dos na scoláiribh agus annsoin faigh uatha féin í do léigheamh
go nádúrtha:



"Buachaillín mise do shiubhlaigh a lán."



Iarr ar dhuine des na scoláiribh na siollaidhe gur cuireadh
na trom-thruime ortha do theasbánt duit leis an gcuaillín,
agus annsoin cuir isteach na comharthaidhe mar seo:



Ceistnigh na scoláiribh agus faigh uatha féin go bhfuil trí cinn
de phreabannaibh i ngach méadar agus gur ins an bPríomh-eagar
atá an líne úd scríobhtha. Cuir an focal "is" i dtosach na
líne agus beidh sí ins an Éagar Iochtrach — mar seo:



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



Méadar an Dá Phreib — Príomh Eagar:


L. 20


Méadar an Dá Phreib — Eagar Iochtrach.



Méadar na dTrí bPreabann — Príomh Eagar.



Méadar na dTrí bPreabann — Eagar Iochtrach.



SIOLLAIREACHT. — Nuair is féidir leis na scoláiribh ádhbhar
cleachttha do chasadh le siollaidhibh an tSal-fá caithfidh siad é
do chasadh arís agus an siolla "lá" do chur le gach nóta —
caithfidh siad "Siollaireacht" a dhéanamh air.



COMHARTHUGHADH NA GLUAISEACHTA. — Má seinntear suas
port rinnce agus má congbhuightear ar siubhal é go spreagamhail


L. 21


ar feadh tamaill is cosamhail go gcromfaidh na scoláiridhe ar
an urlár do ghreadadh le n-a gcosaibh. Buailfear na cosa ar
an urlár i n-éinfheacht le tuitim gach trom-thruime a bheidh ms
an bport rinnce. 'Sé rud a bheidh á dhéanamh ag na scoláiribh
ná ag comharthughadh na gluaiseachta i ngan fhios dóibh féin. Is
fuirist é sin a dhéanamh nuair cloistear an port; acht gan a
bheith ag duine acht na nótaidhe clodhbhuailte ní thiucfaidh sé
chomh bog san leis an comharthughadh úd a dhéanamh.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh ar an gclár dubh cúpla
méadar go mbeidh dhá phreib i ngach ceann aca mar seo:



Annsoin cuir na ceisteanna so n-ár ndiaidh ar na scoláiribh
agus faigh uatha na freagartha atá fé na gceisteannaibh.



"An mó méadar ar an gclár dubh againn?"



"Dhá cheann."



"An mó preab i ngach méadar?"



"Dhá cheann."



"Cad tugtar ar an líne dhirigh úd atá roimh an gcéad nóta?"



"Comhartha na trom-thruime, nó an trom-chomhartha."



"Caidé an gnó atá ag an trom-chomhartha annsud?"



"Chun a theasbánt dúinn go dtuiteann an trom-thruime ar
an gcéad nóta."



"Cad tugtar ar an eadar-stad?"



"Comhartha na lag-thruime nó an lag-chomhartha."



"Caidé an chiall ar cuireadh an lag-chomhartha annsúd?"



"Chun a theasbhánt dúinn go dtuiteann an lag-thruime ar an
tarna nóta."



"Cad tugtar ar an achar atá idir an trom-chomhartha agus
an lag-chomartha ins an gcéad méadar?"



"Preab."


L. 22


"Cad tugtar ar an achar atá idir throm-chomhartha agus an
chéad throm-chomhartha n-a dhiaidh?"



"Méadar."



"Cá dtuiteann an trom-thruime ins an tarna méadar?"



"Ar an nóta."



"Cionnus a ritheann na truime i ndiaidh a chéile?"



"Trom, lag; trom, lag; agus mar sin de."



"Anois is féidir linn a theasbánt le luascadh na láimhe
cionnus a ritheann na truime i ndiaidh a chéile."



Mínigh anois dos na scoláiribh cionnus a deintear comhar-
thughadh ar an ngluaiseacht leis an láimh i Méadar an Dá Phreib.
Duntar an dorn acht amháin an mhéar thosaigh. Luasctar an
lámh ó chaol na láimhe amach, síos agus suas agus cuirtear an
fhaid chéadna i ngach luascadh. Leigtear síos an lámh le haghaidh
na trom-thruime agus tógtar í le haghaidh na lag-thruime.



DHÁ BHUILLE



Cuir na focail "síos" "suas" fé na nótaidhibh mar seo:



Annsoin iarr ar na scoláiribh an comharthughadh do dhéanamh
agus na focail "síos," "suas," a rádh i n-éinfheacht le gach
luascadh de'n láimh. Nuair is féidir leo é sin a dhéanamh
caithfidh siad na nótaidhe a léigheamh agus an comharthughadh a


L. 23


dhéanamh ins an am chéadna. Agus i ndeireadh thiar caithfidh siad
na nótaidhe do chasadh agus an comharthughadh do dhéanamh le
linn iad do chasadh.



Mínigh dos na scoláiribh anois cionnus a deintear comhar-
thughadh ar an ngluaiseacht i Méadar na dTrí bPreabann.
Leigtear síos an lámh le haghaidh na trom-thruime (an chéad
phreab) annsoin tugtar luascadh beag amach ar thaoibh na láimhe
deise (an tarna preab) agus annsoin tógtar í (an tríomhadh
preab). Tagann na buillidhe i ndiaidh a chéile ar an gcuma so:
síos, deas, suas; síos, deas, suas, agus rl.



Trí Buillidhe.



Cuir na nótaidhe seo a leanas ar an gclár dubh agus scríobh na
focail "sios," "deas," "suas," fútha.



Iarr ar na scoláiribh cleachtadh do dhéanamh ar an gcomhar-
thughadh fé mar do dheineadar air i Méadair an Dá Phreib;


L. 24


acht nuair a bheidh an comharthughadh ar siubhal aca ná leig dóibh
éan-bhall díobh a chorruighe acht amháin an lámh. Annsoin deinidís
comharthughadh ar an ngluaiseacht ins na hádhbhairibh cleachttha do
bhí aca cheana.



CÉIMNIUGHADH NA GLUAISEACHTA. — Dubhradh cheana go
mbíonn deifrigheacht idir na nótaidhibh ins an árdughadh. Bíonn
cuid aca níos aoirde agus cuid aca níos isle ná a chéile; acht
bíonn deifrigheacht eile eatorra. Ní taobh le haon nóta amháin
a bhíonn an phreab i gcomhnuidhe agus ní bhíonn an fhaid chéadna
ins na nótaidhibh go léir. Bíonn cuid aca fada agus cuid aca
gairid, agus is minic a thagann beárna nó sosadh eatorra.
'Sí an cheist atá le réidhteach againn anois — Cionnus a' dtiocfaidh
linn an fhaid cheart do thabhairt do gach nóta agus do gach sosadh
a bheidh ins an bhfonn? Is fuirist é sin a dhéanamh de bhrigh go
bhfuil gléas céimnighthe againn chun gach nóta agus gach sosadh,
pé fada gairid é, do thomhasadh go beacht. Franncach darb'
ainm M. Paris do chuir an gléas so i bhfeidhm i dtosach, agus ba
dheacair caoi níos feidhmeamhla do cheapadh le haghaidh tómhais
na nótaidhe.



SIOLLAIDHE GLUAISEACHTA. — Do thoghaidh M. Paris siollaidhe
áirithe chun a chur i n-umhail dos na scoláiribh an fhaid ba cheart
dóibh do chur ins na nótaidhibh. Ní'l brigh ná ciall leis na
siollaidhibh féin, acht bíonn éifeacht mhór ins an fhaid a cuirtear
ionnta; mar 'sí an fhaid a bheidh ins na nótaidhibh ná an fhaid a
cuirfear ins na siollaidhibh úd. Tá siolla ann le haghaidh lán-
nóta (preab); siolla le haghaidh leath-nóta (leith-phreab);
siolla le haghaidh ceathramha-nóta (ceathramha-phreab), agus mar
sin de. 'Sé an siolla a cuirtear le preib nuair ná bíonn ins
an bpreib acht éan-nóta amháin ná "taa." Tógfaimíd na
siollaidhe so go díreach glan mar do ceapadh iad gan éan-
athrughadh a dhéanamh ortha. 'Sí an fhaid a bheidh ins an bpreib,
nó ins an nóta a cuirfear ins an bpreib ná an fhaid a bheidh ins
an siolla "taa" nuair fuaimnightear é go nádúrtha. 'Sí an


L. 25


fhaid ba chóir do chur ins an siolla "taa" ná an fhaid a cuirtear
ins na focailibh "tá," "lá," nó "má."



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



NA TRUIME.



trom lag



NA PREABANNA.



NA MÉADAIR.



aon dó



COMHTHARUGHADH NA GLUAISEACHTA.



síos suas



CÉIMNIUGHADH NA GLUAISEACHTA.


L. 26


AN CEANGAL. — I léir-chur an tSal-fá cuirtear an
ceangal i dtosach gach líne agus i ndeireadh gach líne nuair
bhíonn níos mó na éin-líne ins an ádhbhar chleachttha nó ins an
bhfonn.



AN TEORA DÚBALTA. Cuirtear an teora dúbalta
i ndeireadh an fhuinn nó i ndeireadh ranna ceoil nuair deintear
ranna de'n bhfonn nó de'n amhrán.



PREABANNA AR LEANAMHAINT. — Tugtar níos mó ná
éin-phreab amháin do nóta go minic. Má leantar ar nóta ar
feadh dhá phreib, cuir i gcas, cuirtear ainm an nóta ins a
gcéad phreib agus líne ar a fhaid ins an tarna phreib mar seo:
d: — chun a theasbánt dúinn go gcongbhuightear fuaim
an nóta úd ar leanamhaint ins an tarna phreib; act pé méid
preabanna a bheidh fé'n nóta ní deintear éan-athrughadh ar an
dtruime, ins an gcás so, agus ní bheidh ins an dá phreib acht
éan-fhuaim amháin.



MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cnag ar an gclár dubh fé dhó leis an
gcuaillín agus cas an siolla "lá" le gach buille (lá, lá).
Fiafruigh des na scoláiribh an mó fuaim do chuirís le gach
uille (aon ceann amháin). Anois cas dóibh an siolla "lá"
éan-uair amháin agus congbhuigh ar siubhal é ar feadh dhá bhuille.
Fiafruigh díobh an mó fuaim d'airgheadar dá ngabháil an uair
sin (éan-fhuaim amhain). "An mó buille?" "Dha cheann." Ní
hamháin gur féidir linn nóta do casadh ar feadh éan-bhuille
amháin acht ar feadh dhá bhuille. Iarr ar na scoláiribh an siolla
"lá" do chasadh fé dh agus buille do ur le gach nóta; agus
"lá" do chasadh éan-uair amháin agus dhá bhuille do chur leis.
Mínigh dóibh ar an gclár dubh cionnus a cuirtear i n-umhail


L. 27


dúinn go gcaithfimíd nóta do chongbháil ar siubhal ar feadh dhá
phreib nó dhá bhuille, mar seo:



Tá nóta ins an gcéad phreib; acht ní'l éan-nóta ins an tarna
preib. Cad tá innti? Ta líne ar a faid innti agus tugtar
"Comhartha an Bhuainis" ar an líne úd mar cuireann sí i
n-umhail dúinn gur cuireadh breis i mbuanas an chéad nóta
agus go bhfuil se ar leanamhaint ins an tarna preib. Ní'l
éan-tsiolla gluaiseachta fé leith le haghaidh preibe ar leana-
mhaint; acht congbhuightear an "taa" ar siubhal ar feadh dhá
bhuille agus scríobhtar mar seo é — "taa-aa" — cé ná bíonn
ann acht éan-fhuaim amháin:



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



GLÉAS C. nó D.


L. 28


LEATH-PHREABANNA. — Suas go dtí seo ní raibh againn acht
éan-nóta amháin i ngach preib; acht is minic a deintear dhá
leath de'n phreib agus cuirtear dhá nóta innti. Chun dhá leath
a dhéanamh dí cuirtear lán-stad i gceart lár na preibe mar
seo:-



'Sé an siolla gluaiseachta a cuirtear le láin-phreib nuair ná
bíonn innti acht éan-nóta amháin na "taa"; acht nuair tharlui-
gheann sé go mbíonn dhá nóta de'n fhaid chéadna ins an bpreib
siad na siollaidhe a cuirtear leo ná "taa-tai." Nuair a
bheidh na siollaidhe "taa" agus "taa-tai" dá léigheamh againn
ní féidir linn breis aimsire do thabhairt dos na siollaidhibh
"taa-tai" thar mar a tugtar do'n tsiolla "taa." Má tugtar
buille do'n tsiolla "taa" caithfimíd taa-tai do chur le buille,
agus caithfimíd an fhaid chéadna do chur i ngach siolla i "taa-
tai," mar dá gcuirfidhe méadughadh ar shiolla nó fadughadh, agus
giorrughadh ar shiolla eile, do bhéadh an céimniughadh agus an
ghluaiseacht bun ós cionn againn.


L. 29


MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cnag ar an gclár dubh fé dhó leis an
gcuaillín agus cas an siolla "lá" le gach buille. "An mó
uair ar chuireas "lá" le gach buille?" "Éan-uair amháin."
Buail an clár-dubh arís fé dhó agus cas "lá" fé dhó leis an
gcéad bhuille (lá-lá, lá). "An raibh acht siolla le gach buille
an uair sin?" "Bhí dhá shiolla leis an gcéad bhuille." Buail
an clár dubh arís fé dhó agus cas "lá" éan-uair amháin leis
an gcéad bhuille agus fé dhó leis an tarna buille (lá, lá-lá).
Ceistnigh na scoláiribh mar do dheinis cheana, agus mínigh dóibh
annsoin ná bíonn an phreab taobh le héan-nóta amháin i gcomh-
nuidhe agus go gcuirtear, ní hamháin dhá nóta ins an bpreib,
acht trí cinn aca agus cheithre cinn aca go minic mar chidhfidh
siad ar ball. Teasbán dóibh ar an gclár dubh cionnus a
scríobhtar dhá nóta ins an bpreib agus tabhair dóibh na siollaidhe
gluaiseachta. Nuair bhíonn dhá nóta de'n fhaid chéadna ins an
bpreib siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leo ná
"taa-tai".



preab dhá leath



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



GLÉASANNA F AGUS G.


L. 30


SALFÚGHADH. — 'Sé rud é "Salfúghadh" na "a casadh na
nótaidhe le hainmneachaibh an tSal-fá." In ionad: "Cuiridh
ainmneacha an tSal-fá leis na nótaidhibh ins an gcleachtadh úd"
is féidir linn a radh: "Deinidh salfúghadh ar an gcleachtadh úd."



TÁTÚGHADH. — 'Sé rud é "Tátúghadh" ná "ag cánadh cleachttha
nó amhráin leis na siollaidhibh gluaiseachta ar éan-nóta amháin."
In ionad: "Cuiridh na siollaidhe gluaiseachta leis an
gcleachtadh úd ar éan-nóta amhain," do bhéadh sé níos deise
agus níos giorra dá ndéarfaidhe "Deinidh tátúghadh ar an
gcleachtadh úd."



CLEACHTADH CLUAISE. — Ba chóir go dtabharfadh an múinteóir
taithighe dos na scoláiribh ó thosach salfúghadh a dhéanamh ar na
nótaidhibh a múintear dóibh, nó na nótaidhe úd d'ainmniúghadh,
nuair cántar iad leis an siolla "lá" agus nuair seinntear
iad ar ghléas cheoil. Tugann sé an-chuid conganta dos na
scoláiribh na nótaidhe do chasadh go ceart agus gan éin-
trioblóid má deintear cluais-chleachtadh go minic ar an
gcuma soin.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Abair leis na scoláíribh go bhfuilir
chun dhá nóta do chasadh dhóibh leis an siolla "lá," agus


L. 31


ceann eile, agus go gcaithfidh siad an tarna nóta d'ainmniúghadh
dhuit no salfúghadh a dhéanamh air. Annsoin cas doh agus soh
dhóibh leis an siolla "lá." Deinidís aithris orrtha i dtosach
leis an siolla "lá" agus annsoin deinidís salfúghadh orrtha.
(doh soh). Cas dóibh na nótaidhe doh me leis an siolla "lá"
arís. Deinidís aithris orrtha leis an siolla "lá" id' dhiaidh
agus annsoin le siollaidhibh an tSal-fá (doh me). Anois
abair leo go bhfuilir chun trí cinn de nótaidhibh do chasadh dhóibh
leis an siolla "lá" agus go mbeidh doh i dtosach arís. Cas
dóibh doh soh doh leis an siolla "lá." Deinidís aithris orrtha
id' dhiaidh leis an siolla "lá" agus annsoin deinidís salfúghadh
orrtha.



Anois dein cluais-chleachtadh ar chéimniughadh na gluaiseachta.
Cas dos na scoláiribh na cleachttha atá r an láimh chlé thios
fúinn annso leis an siolla "lá" agus iarr ortha aithris a
dhéanamh ortha le siollaidhibh na gluaiseachta id' dhiaidh.



An Múinteóir. Na Scoláiridhe.



CHUN AMHRÁIN NÓ CLEACHTTHA NUAIDH D'FHOGHLUIM:



1. Faigh amach méadar an amhráin agus cia aca ins an bPrímh-
eagar nó ins an Eagar Iochtrach atá sé.



2. Dein tátúghadh ar an amhrán ar éan-nóta amháín, agus dein
comharthughadh ar an ngluaiseacht ins an am chéadna.



3. Dein céimniúghadh ar an ngluaiseacht leis an siolla "lá."



4. Dein salfúghadh ar na nótaidhibh.



5. Cas an nótaidhe leis an siolla "lá."



6. Cas na focail leis na nótaidhibh.



Dein cleachtadh ar an bhfonn so a leanas de réír na riaghalacha
úd thuas.


L. 32


ÁDHBHÁR CLEACHTA.



SUAS LEIS AN nGAEDHILIG.



GLÉAS C.



Suas leis an nGaedhilig, Teanga bhinn na hÉir-eann,



Teanga cheolmhar, Teanga ghlórmhar, Beidh sí fós fé réim.



AN TARNA CÉIM.



FONNMHARACHT. — Nótaidhe Chomharda SOH — s t r, s t r —
do chasadh pé cóiriúghadh a cuirfear ortha idir B agus E.



GLUAISEACHT. — An Truime Mheadhánach: Méadar na gCeithre
bPreabann (gluaiseacht gnáthach); An Sosadh; Ceathramha.
Phreabanna.



AN SEACHTMHADH NÓTA DE'N GHLÉAS.- 'Sé an chéad
nóta eile a múinfear ná an seachtmhadh
nóta de'n ghléas. Tugtar te mar
ainm ar an nóta so agus 'siad na
tréithe atá ag baint leis ná
"géireacht" agus "faobhar." Sé
an comhartha láimhe a cuirtear leis
ná méar thosaigh na láimhe deise
dírighthe i n-áirde ins an gcuma 'n-a
bhfuil sí línighthe annso againn. An
"Géar-nóta" tugtar mar thuairisc
ar an nóta.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEOIR. — Iarr ar na scoláiribh salfúghadh a
dhéanamh ar na nótaidhibh d m s d ós na comharthaidhibh láimhe


L. 33


agus 'na dhiaidh sin iad do chasadh leis an siolla "lá." Abair
leo annsoin go bhfuilir chun nóta nuaidh — nóta ná raibh aca
cheana — do mhúineadh dhóibh. Cas dóibh na nótaidhe d m s d leis
an siolla "lá." "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach?" "Ní
tháinigh." Annsoin cas dóibh leis an siolla "lá" arís na
nótaidhe d m s d t d agus méaduigh géireacht an nóta nuaidh.
"Ar tháinigh an nóta nuaidh isteach an uair sin?" "Tháinigh."
"Cár tháinigh se?" "Roimh an nóta deireannach." "bhFuil
an nóta nuadh níos aoirde nó níos ísle ná doh?" "Níos
ísle." "bhFuil sé níos aoirde nó níos isle ná soh?" "Níos
aoirde." "Cad iad na tréithe atá ag baint leis?"
"Géireacht agus faobhar." Mínigh dóibh nach iad
na tréithe chéadna atá ag baint leis an nóta so
atá ag baint leis na nótaidhibh do múineadh
dóibh cheana. Annsoin tabhair dóibh ainm an nóta
nuaidh. "Tugtar te ar an nóta so." Teasbán
dóibh an comhartha láimhe atá ag dul le te. Dein
cleachtadh ar na nótaidhibh d m s t d leis na
comharthaidhibh láimhe agus bíodh an nóta te go
minic ins an gcleachtadh. Annsoin scríobh na
nótaidhibh ós cionn a chéile ar an gclár dubh
mar atá siad annso ar thaoibh na láimhe lé
agus deinidís salfúghadh ortha fé mar a teas-
bánfar dóibh iad leis an gcuaillín. Nuair a bheidh
sé i gcumas dóibh te do chasadh i gceart i
n-éinfheacht leis na nótaidhibh eile scríobh cleachttha
mar iad so a leanas ar an gclár dubh agus
deinidís salfúghadh orrtha siar agus aniar.



GLÉASANNA C agus D.


L. 34


GLÉASANNA F agus G.



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



GLÉAS C.



GLÉAS F.



GLÉAS C.



AN TARNA NÓTA DE'N GHLÉAS. — Tugtar "ray" mar
ainm ar an nóta so agus tagann sé san ngléas, nó ins an
ndréimire, idir doh agus me. Nóta
"spreagamhail" "beodha" seadh ray
nuair bhíonn an t-árdugadh go hárd;
agus má bhíonn an t-árdughadh go híseal
bíonn tréithe eile ag gabháil leis.
Annsoin tugtar an "Guidhe-nóta"
mar thuairisc air. Sé an comhartha
láimhe a cuirtear leis ná lámh oscailte,
an bas amach i dtreo na scoláiridhe.
Cuirtear an lámh ins an riocht so chun bagairt orainn "éirighe"
nó chun beannachta "do ghuidhe" ar dhuine.


L. 35


MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe gur
mhúinís dóibh go dtí seo d' ainmniughadh dhuit — d m s agus t.
Abair leo go bhfuil nóta nuadh eile agat anois le múineadh dhóibh
agus go gcaithfidh siad aire mhaith do thabhairt duit. Deinidís
salfúghadh ar na nótaidhibh d m s d t d ós na comharthaidhibh
láimhe; annsoin iarr ortha iad do chasadh leis an siolla "lá."
Anois cas dóibh na nótaidhe céadna leis an siolla "lá."



"Ar tháinigh an nóta nuadh isteach." "Ní tháinigh." Cas dóibh na
nótaidhe d m s d r d. "Ar tháinigh an nóta nuadh
isteach an uair sin?" "Tháinigh." "Cár tháinigh
sé?" "Roimh an nóta deireannach." Cas dóibh
na nótaidhe d m s d r d arís agus congbhuigh an
nóta nuadh ar siubhal ar feadh tamaill chun
na tréithe atá ann a chur i n-umhail dos na
scoláiribh. "bhFuil an nóta nuadh níos aoirde nó
níos ísle ná d?" agus mar sin de. Mínigh
dóibh gur nóta "spreagamhail" "beodha" an
nóta so nuair bhíonn sé i ngléas árd, agus go
dtugtar an "Guidhe-nóta" air nuair bhíonn sé
i ngléas íseal. Annsoin tabhair dóibh ainm
an nóta nuaidh — ray — agus an comhartha láimhe
atá ag dul leis. Cuir ainm an nóta so ins
an nDréimre idir doh agus me ar an gclár dubh
agus dein cleachtadh air i bhsochair na nótaidhe
eile. Annsoin scríobh na nótaidhe d m s t r i
líntidhibh i ndiaidh a chéile ar an gclár dubh agus
dein cleachtadh ortha siar agus aniar.



GLÉASANNA C AGUS D.


L. 36


GLÉASANNA F AGUS G.



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.
GLÉAS C.



GLÉAS F.



GLÉAS F.



AN SOH-CHOMHARDA. — Cuireadh i n-umhail do'n scoláire ins
an gCéad Chéim go dtugtar "Comharda an Bhun-nóta" ar na


L. 37


nótaidhibh d m s nuair seinntear iad i n-éinfheacht le na chéile.
Tugtar "An Phréamh" ar an nóta is
isle ins an gcomharda agus faghtar
ainm an chomharda ó ainm na préimhe.
Má deintear scrúdughadh ar an ngléas
chidhfear go bhfuil na nótaidhe te agus
ray an fhaid chéadna taobh thuas de'n
nóta soh is go bhfuil na nótaidhe soh
agus te taobh thuas de'n nóta doh;
agus nuair seinntear na nótaidhe s
t agus r i n-éinfheacht gabhann siad go
binn agus go ceolmhar le na chéile,
mar tá mianach comharda ionnta.
Tugtar "An soh-chomharda" ar na
nótaidhibh soh te agus ray mar 'sé an
nóta soh préamh an chomharda úd. Má
seinntear nó má cántar na nótaidhe
d m s, s t r i ndiaidh a chéile
tabharfar fé n-aire an binneas agus an éifeacht atá ins na
comhardaidhibh.



GLÉAS C.



GLÉAS D.


L. 38


GLÉAS É. — CLEACHTADH NA gCOMHARDAIDHE.



GLUAISEACHT.



MÉADAR NA gCEITHRE bPREABANN. — Ní raibh againn
acht dhá phreib nó trí preabanna ins an méadar roimhe seo
acht cuirtear cheithre preabanna ins an méadar go minic. Má
léightear na focail seo thíos go réidh socair agus an fhaid
chéadna do chur i ngach siolla atá ionnta, chidhfear go mbeidh
dhá throm-thruime agus dhá lag-thruime ar gach focal- Beidh
trom-thruime ar an gcéad shiolla agus ar an dtríomhadh siolla,
agus lag-thruime ar na siollaidhibh eile. Acht braithfidh an
chluas go bhfuil deifrigheacht idir na truimibh a cuirtear ar an
gcéad shiolla agus ar an dtríomhadh siolla. Buailtear an chéad
shiolla rud beag níos láidre ná mar buailtear an tríomhadh
siolla; acht buailtear an tríomhadh siolla níos láidre ná mar
buailtear an tarna siolla nó an siolla deireannach:



Cod-ra-mán-ta,



Deilbh-ea-dór-a.



"Meadhán-truime" a cuirtear ar an dtríomhadh siolla agus
ritheann na truime i ndiadh a chéile i ngach focal ar an gcuma
so: trom, lag, meadhán, lag; trom, lag, meadhán, lag; agus
mar sin de.


L. 39


MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Scríobh roinnt focal ar an gclár dubh
go mbeidh cheithre cinn de shiollaidhibh i ngach ceann aca.



Cod-ra-mán-ta



Uair-ea-dóir-idhe.



Léig na focail seo dos na scoláiribh agus cuir an fhaid chéadna
i ngach siolla acht méaduigh an truime ar an gcéad shiolla agus
ar an dtríomhadh siolla "Cá dtuiteann na trom-thruime?"
"Ar an gcéad shiolla agus ar an dtriomhadh siolla." "bhFuil
an truime ar an dtriomhadh siolla chomh láidir leis an dtruime
ar an gcéad shiolla?" "Ní'l, ní'l sé acht meadhánach láidir."
"'Seadh cuirtear meadhán-truime ar an dtríomhadh siolla agus
tá comhartha fé leith le haghaidh na meadhán-truime." Scríobh
na focail arís ar an gclár dubh agus cuir isteach comharthaidhe
na dtruime mar seo:



Mínigh dos na scoláiribh gur b'é an comhartha a cuirtear
roimh an dtríomhadh siolla, chun a theasbánt go dtuiteann an
meadhán-thruime ar an siolla úd, ná líne díreach-líne meadhánach
árd. Ní scríobhtar an líne úd chomh hárd nó chomh teann leis
an dteorainn, nó an líne a cuirtear roimh an gcéad shiolla mar
comhartha go dtuiteann an trom-thruime ar an gcéad shiolla.



Anois scríobh méadar nó dhó ar an gclár dubh agus cuir
isteach nótaidhe i n-ionad na siollaidhe:



Léigh na nótaidhe agus tabhair a cheart féin do gach truime-
Annsoin iarr ar na scoláiribh na nótaidhe do léigheadh ar an
gcuma chéadna agus aire do thabhairt do'n mheadhán-truime.


L. 40


Ná leig dóibh an truime chéadna do chur ar an dtríomhadh siolla
agus ar an gcéad shiolla.



Teasbán dos na scoláiribh anois cionnus a deintear comhar-
thughadh ar an ngluaiseacht i Méadar na gCeithre bPreabann.
Ritheann na truime i ndiaidh a chéile mar seo: trom, lag,
meadhán, lag; trom, lag, meadhán, lag; agus seo mar
deintear an comharthughadh: (1) Leigtear síos an lámh ar an gcéad
phreib. (2) Luasctar isteach an lámh ar thaoibh na láimhe clé
ar an tarna preib. (3) Luasctar amach an lámh ar thaoibh na
láimhe deise ar an dtríomhadh preib; agus (4) togtar an lámh
ar an gceathramhadh preib.



Cheithre Buillidhe.



Iarr ar na scoláiribh cleachtadh a dhéanamh ar an gcomharthughadh
id' dhiaidh agus congbhuigh an cleachtadh ar siubhal go dtí go
mbeidh sé i gcumas do gach éinne ins an ranng an comharthughadh
do dhéanamh go ceart nádúrtha.



Scríobh méadar nó dhó ar an gclár dubh agus cuir na focail
"síos" "clé" "deas" "suas" fé na nótaidhibh.



Síos clé deas suas síos clé deas suas.


L. 41


Iarr ar na scoláiribh an comharthughadh a dhéanamh arís agus na
nótaidhe agus na focail a léigheadh le linn é dhéanamh. Ná leig
dóibh éan-bhall díobh a chorruighe acht an lámh ó chaol na láimhe
amach.



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



COMHARTHUGHADH.



TÁTÚGHADH.



SALFÚGHADH.



GLÉAS D.



MÉADAR NA gCEITHRE bPREABANN INS AN bPRÍOMH
EAGAR.



GLÉAS C.



MÉADAR NA gCEITHRE bPREABANN INS AN EAGAR
IOCHTRACH.



GLÉAS G.



AN SOSADH. — Is minic a bhíonn mainnt ins an gceol i bhfonn


L. 42


nó i n-amhrán fé mar a bhéadh nóta nó cuid des na nótaidhibh
caillte annso agus annsúd. Tagann "Sosadh" ins an gceol
ar feadh tréimse mar a déarfá. Uaireanta bíonn an sosadh úd
fada agus uaireanta eile bíonn sé an-ghairid. Is deacair
an rud aire do thabhairt do'n ghluaiseacht nuair a tharluigheann
sé go mbíonn sosta ins an bhfonn. Acht tá siolla gluaiseachta
ann le haghaidh an sosta agus sé an t-ainm a tugtar air ná
"saa." Is ionann "saa" agus "éist." Nuair bhíonn tátúghadh
ghá dhéanamh ar chleachtadh nó ar amhrán deirtear an siolla
"saa" amach ós árd i dtosach go dtí go mbeidh greim faghta
ag na scoláiribh ar an luascadh. 'Na dhiaidh sin ní deirtear
"saa" acht i siosa; agus annsoin ní deirtear i n-ao'-chor é,
acht tugtar a cheart féin do'n sosadh i gcomharthughadh na
gluaiseachta. Chun an sosta do theasbánt dúinn i léir-chur an tSal-fá
fágtar leith-phreab nó preab, nó dhá phreib follamh de réir
an fhaid a bhíonn ins an sosadh, mar seo:



Tátuigh agus Salfuigh an cleachtadh so:



GLÉAS G.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Mínigh an "Sosad" dos na scoláiribh
ar an gcuma so: Cnag ar an gclár dubh fé dhó leis an gcuaillín
agus cas an siolla "lá" le gach buille. "An mó siolla ar
chuireas le gach buille"? "Aon tsiolla amháin." Iarr ar
na scoláiribh an siolla "lá" do chasadh le gach cnag agus
buail an clár dubh fé dhó dhóibh leis an gcuaillín. Cnag ar an


L. 43


gclár dubh arís fé dhó acht ná cas an siolla "lá" acht leis
an gcéad bhuille. "An mó siolla ar chuireas le gach buille an
uair sin?" "Níor chuiris acht siolla leis an gcéad bhuille."
"'Seadh tháinigh "Sosadh" leis an tarna buille." Iarr ortha
féin an siolla "lá" do chur leis an gcéad bhuille agus le
gach re buille n-a dhiaidh agus lean ar an gcnagadh ar feadh
tamaill.



Anois tabhair dóibh an siolla gluaiseachta("saa") a cuir-
tear leis an Sosadh agus deinidís cleachtadh air i bhfochair:
"taa":



I ndeireadh thiar mínigh dóibh ar an gclár dubh cionnus a
teasbántar dúinn an Sosadh i leir-chur an tSal-fá.



LEATH-PHREABANNA AR LEANAMHAINT. — Nuair cong-
bhuightear nóta ar siubhal ar feadh preibe go leith, agus nuair
thagann nóta go bhfuil leath-phreab ar fhaid ann 'n-a dhiaidh, 'siad
na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an dá nóta ná.
"taa-aatai."


L. 44


ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



Tátuigh agus Salfuigh.



CEATHRAMHA PREABANNA. — Roimhe seo níor deineadh
acht dhá leath de'n phreib; acht roinntear an phreab i gceath-
ramhnaibh go minic agus cuirtear cheithre cinn de nótaidhibh ins
an bpreib. Nuair deintear dhá leath de'n phreib cuir-
tear lán-stad i lár na preibe mar seo:


L. 45


Agus chun ceathramhnaibh do dhéanamh de'n phreib cuirtear
ponnc i lar gach leithe mar seo:



Nuair roinntear preab i gceathramhnaibh 'sé an t-ainm
gluaiseachta a tugtar ar an bpreib ná "ta-fa-te-fe." Tá
cheithre cinn de shiollaidhibh de'n fhaid chéadna ins an ainm seo;
acht fuaimnightear iad go tapaidh i ndiaidh a chéile agus ní
caithtear le fuaimniughadh an fhocail "tafatefe" acht an t-am
céadna a caithtear leis an siolla "taa." Ní tugtar do'n
siolla acht buille agus caithfear an t-ainm "tafatefe"
do chur le buille.



MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cnag ar an gclár dubh fé dhó agus
cas an focal "lá" le linn gach buille do bhuaileadh. "An
mó siolla ar chuireas le gach buille?" "Aon tsiolla amháin."
Cnag ar an gclár dubh arís fé dhó agus cuir siolla leis an
gcéad bhuille agus dhá shiolla leis an tarna buille, agus
ceistnigh na scoláiridhe i dtaoibh na mbuillidhe agus na
siollaidhe mar do dheinis cheana. Cnag ar an gclár dubh fé
dhó arís agus cuir siolla leis an gcéad bhuille agus cheithre
cinn de shiollaidhibh leis an tarna bhuille.



"An mó siolla ar chuireas leis an gcéad bhuille?" "Leis an
tarna buille?" agus rl. Iarr ar na scoláiribh na siollaidhe


L. 46


do chur leis na cnagaibh — ceann leis an gcéad chnag agus
cheithre cinn leis an tarna cnag — agus congbhuigh an cleachtadh
ar siubhal ar feadh tamaill.



Annsoin tabhair dóibh an t-ainm gluaiseachta "tafatefe" agus
deinidís cleachtad air i n-éinfheacht le "taa."



Annsoin mínigh dóibh ar an gclár dubh cionnus a deintear
ceathramhna de'n phreib agus deinidís tátúghadh agus salfúghadh
ar mhéadar nó dhó. Fuaimnigh an focal "tafatefe" dóibh agus
deinidís aithris air id' dhiaidh. Mara mbeidh gach siolla de
chomhfhadh aca beidh an luascadh agus an ghluaiseacht bun ós cionn.



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



Tátuigh agus Salfuigh.


L. 47


AN TRÍOMHADH CÉIM.



FONNMHARACHT. — Nótaidhe Chomharda fah — f l d, f l d —
do chasadh pé cóirughadh a cuirfear ortha idir B agus F.



GLUAISEACHT.- Sosadh Leath-phreibe; taafe; taatefe;
tafataí, agus rl.



AN CEATHRAMHADH NÓTA DE'N GHLÉAS. — Tagann an
nóta so idir me agus soh ins an
ngléas agus 'sé an t-ainm a tugtar
air ná fah. Nóta trom, dúr, gruamdha
'seadh fah agus 'sé an comhartha láimhe
a cuirtear leis ná méar thosaigh na
láimhe deise dírighthe síos i dtreo an
urláir mar atá sí línighthe annso
againn. Tugtar an "Dubh-Nóta"
mar thuairisc ar an nóta fah. "Tá
an mhéar so dírighthe ar an uaigh."



MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Iarr ar na scoláiribh na nótaidhe
d m s d; d s m d; d m s; s t r; r t s; s m d do chasadh
ós na comharthaidhibh láimhe, agus annsoin innis dóibh go bhfuilir
chun nóta nuaidh do mhúineadh dhóibh — nóta nár mhúinís dóibh
cheana. Cas dóibh anois leis an siolla "lá" na nótaidhe.
d m d s s m. "Ar tháinigh an nóta nuadh isteach?" "Ní
tháinigh. Cas dóibh na nótaidhe d m d s f m leis an siolla
"lá" arís. "Ar tháinigh an nóta nuaidh isteach an uair sin?"
"Tháinigh." "Cár tháinigh sé?" "Roimh an nóta deireannach."
"bhFuil an nóta nuadh níos aoirde nó níos ísle ná soh?"
"Níos ísle." "Níos aoirde nó níos ísle ná me?" "Níos


L. 48


aoirde." "An nóta aereach e?" "Ní headh." "Cad iad na
tréithe atá ag baint leis?" "Tromdhacht agus sollamhantacht."



Anois tabhair ainm an nóta nuaidh dos na
scoláiribh agus teasbán dóibh an comhartha láimhe
a cuirtear leis. Deinidís cleachtadh ar an
nóta fah i bhfochair na nótaidhe eile ós na
comharthaidhibh láimhe, agus annsoin cuir fah ins
an nDréimre idir me agus soh agus deinidís
cleachtadh air mar do dheineadar leis na
nótaidhibh eile. Congbhuigh an cleachtadh ar
siubhal go dtí go mbeidh sé i gcumas do'n ranng
an nóta fah do chasadh pé beag mór an léim a
tógfar chuige. I ndeireadh thiar scríobh na
nótaidhe d r m f s t i líntidhibh i ndiaidh a chéile
ar an gclár dubh agus cuir pé cóiriúghadh is
maith leat ortha agus iarr ar na scoláiribh
salfúghadh do dhéanamh ortha siar agus aniar
agus annsoin iad do chasadh leis an siolla
"lá."



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



GLÉAS E.



AN SEISEADH NÓTA DE'N GHLÉAS. — Tagann an nóta so
ins an ngléas idir soh agus te agus tugtar lah mar ainm
air. Nóta dubhach brónach 'seadh lah
agus 'sé an comhartha láimhe a cuir-
tear leis ná an lámh dheas ar síleadh
ins an gcuma 'n-a bhfuil sí línighthe
annso againn. Ní'l neart ná brigh
ná beodhacht ins an láimh nuair bhíonn
sí ins an gcuma so. Tá "cuma
an bhróin" uirthi mar a Déarfá,
Tugtar an "Gol-Nóta" mar thuairisc ar an nóta lah.


L. 49


MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Abair leis na scoláiribh ná fuil agat
anois acht éan nóta amháin eile le múineadh dhóibh agus nuair a
bheidh sé in a gcumas an nóta sin do chasadh go ceart i bhfochair na
nótaidhe eile go mbeidh an gléas ar fad aca. Iarr ortha na
nótaidhe d r m f s t do chasadh ós na comharthaidhibh láimhe pé
cóiriughadh a cuirfear ortha, agus annsoin cas dóibh go réidh
socair na nótaidhe s m d s l s leis an siolla "lá" agus méaduigh
caointeamhlacht an nóta lah chun na tréithe atá ag baint leis
do chur i n-umhail dos na scoláiribh. "Ar
tháinigh an nóta nuadh isteach an uair sin?"
"Tháinigh." "Cár tháinigh sé?" "Roimh an
nóta deireannach." Cas dóibh arís na nótaidhe
d t d s l s; d m s d l s, agus mar sin de,
agus ceistnigh iad ar an gcuma chéadna. Faigh uatha
féin cá bhfuil luighe an nóta nuaidh ins an ngléas
agus cad iad na tréithe atá ag baint leis.
Annsoin tabhair dóibh ainm an nóta nuaidh agus
teasbán dóibh an comhartha láimhe a cuirtear
leis. Deinidís cleachtadh ar lah i bhfochair na
nótaidhe eile ós na comharthaidhibh láimhe.
Annsoin cuir an nóta lah ins an nDréimre
idir soh agus te agus deinidís cleachtadh air i
bhfochair na nótaidhe eile. I ndeireadh thiar
scríobh nótaidhe an ghléis i líntidhibh i ndiaidh a
chéile ar an gclár dubh agus deinidís salfúghadh
ortha siar agus aniar agus annsoin iarr ortha
iad do chasadh leis an siolla "lá."



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.


L. 50


CAIRT NA gCOMHARDAIDHE.



An FAH-CHOMH-
ARDA. — Nuair seinn-
tear na nótaidhe d m s
i n-éinfheacht le na
chéile tugtar an
"DOH-Chomharda" ortha
agus tugtar an "SOH-
Chomharda" ar na
nótaidhibh s t r nuair
seinntear iad i n-éin-
fheacht. Anois tá ádhbhar
comharda eile againn
ins na nótaidhibh f agus
l má cuirtear d isteach
leo mar ghabhann na
nótaidhe f l d go binn
agus go ceolmhar le na
chéile agus dá bhrigh
sin tugtar an FAH-
Chomharda ar na nó-
taidhibh f l d.


L. 51


ÁDHBHAR CLEACHTTHA.


L. 52


AN Greim nó AN STAD. — Cuireann an comhartha so


L. 53


i n-umhail do'n amhránaidhe go bhfuil sé ceaduighthe dhó an nóta
atá fé'n gcomhartha (d) do chongbháil ar siubhal pé fhaid is
maith leis.



AN GLÉAS. — Tá stuidéar déanta anois againn ar Bhun-
nóta nó ar Ghléas-nóta agus ar na nótaidhibh atá snaidhmthe i
gcaradas leis. Nuair cuirtear seacht gcinn de nótaidhibh le
na chéile ar an gcuma so tugtar "Gléas" ortha. 'Síad
nótaide an ghléis i ndiaidh a chéile ó'n mbun-nóta suas ná
d r m f s l t d; agus anuas d t l s f m r d. Roinntear
nótaidhe an ghléis idir tréan-nótaidhibh (d m s)agus lag-nótaidhibh
(t r f l) acht tá t agus f níos laige ná r nó l. Tá an-bháidh
ag t le d agus ba mhaith le t an nóta d do bheith mar thaca aige
Claoidheann f le m ar an gcuma chéadna. Tugtar an "Triath-
nóta" ar te.



AN DRÉIMRE. — Nuair clodhbhuailtear nótaidhe an ghléis ós
cionn a chéile ar chairt tugtar "An Dreimre" ortha. Tá
Dréimre curtha le chéile anois againn agus caithfidh an múinteóir
an-chuid taithighe do thabhairt dos na scoláiribh ar chasadh na
nótaidhe ó'n nDréimre.



MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Bíodh cleachtadh agat ar an nDréimre
ar feadh cúig nóiminte, nó mar sin, i dtosach gach ceachta agus
bíodh sé d'intinn agat oideachas nó eolas eicínt áirithe do
thabhairt dos na scoláiribh i ngach cleachtadh. Cuir na cleachttha
i gcóir roimh ré agus bíodh siad oireamhnach do gach ranng. Má
bhíonn na cleachttha ro-dheacair i dtosach ní dhéanfaidh siad pioc
maitheasa; agus má bhíonn siad ró-shimplidhe ins na hárd-
ranngaibh ní bhainfidh na scoláiridhe an iomarca tairbhe asta.
Nuair a bheidh cleachtadh ar siubhal agat ar an nDréimre, seachain


L. 54


agus ná téighir ag snághadh go mall agus go spadánta ó nóta go
nóta leis an gcuaillín. Cuir beodhacht agus spreagamhlacht
ins an gcleachtadh agus dírigh an cuaillín go tapaidh ar na
nótaidhibh a bheidh uait. Cuir an méid éagsamhlachta 'sis féidir
leat ins na cleachtaibh agus ná bíodh dhá cheann aca ar éan-dul
agat dá dtabharfá céad cleachtadh le déanamh. Ná cuir ar
na scoláiribh léimeanna móra do thabhairt ó nóta go nóta,
cuir i gcás ó t go d nó ó l go r; agus ins an ranng is aoirde
féin, ná bíodh agat ins an léim is mó acht ochtmhadh. Tosnuigh
leis na léimeannaibh is féidir a thabhairt taobh istig de gach
comharda acht gan an ochtmhadh do chur i n-éin léim i dtosach. Ba
mhaith an rud é na nótaidhe eile do thabhairt isteach go céimseach
idir na léimeannaibh anois agus arís. Seo samplaidhe dhuit:



Ins na cleachtaibh seo ar an nDréimre bíodh ceann de nótaidhibh
an doh-chomharda agat i gcomhnuidhe i dtosach, agus ceann eile
i ndeireadh gach cleachttha.



ÉIFEACHT INTINNEACH.- Dubhradh cheana go mbraitheann an
intinn go bhfuil tréithe áirithe ag baint le gach nóta de'n ghléas
agus tugadh míniughadh ar na tréithibh úd diaidh ar ndiaidh. Anois,
de bhrigh go bhfuil an gléas ar fad curtha le chéile againn beidh
sé i gcumas dúinn stuidéar níos cruinne do dhéanamh ar éifeacht
intinneach na nótaidhe. Tugann an achar atá idir dhá nóta
roinnt conganta dhúinn nuair bhíonn sé orainn an fhuaim cheart
do bhaint amach; acht má deintear meabhrughadh ar na tréithibh
atá ag baint leis an nóta atá uainn, beidh sé n-ár gcumas an
nóta úd a aimsiughadh go beacht agus go muinighneach ar an
gcéad iarracht, agus é do chonghbháil ar siubhal pé cuir isteach a


L. 55


bheidh ag fuamannaibh eile air. Anois i gcaoi go bhféadfaidhe
éifeacht agus tréithe na nótaidhe go léir do chur i gcompráid,
agus stuidéar níos cruinne do dhéanamh ortha ná mar do
dheineadh roimhe seo, tabharfar tuairisc annso ar an ngabháil a
cruthuightear ins an intinn le gach nóta; agus i bhfochair sin
cuirfear síos an t-ainm ealadhanta a tugtar ar gach nóta de'n
ghléas.



NÓTAIDHE AN GHLÉIS AGUS A DTRÉITHE.



Ainm An t-Sal-fá.



Ainm Ealadhanta.



An
Treoiruidhe
nó an Triath-nóta.



An
Fó-mheadhan-
nóta.



An Ceannaire.



An
Fó-cheannaire.



An
Meadhan-nóta.



An Fár-bhun-
nóta.



An Bun-nóta

an Gléas-nóta.



Tuairisc.



An
Géar-nóta.



An
Gol-nóta.



An
Geal-nóta

an Nóta Aerach.



An Dubh-nóta.



An Ciúin-nóta.



An
Nóta Spreagtha

an Guidhe-nóta.



An
Tréan-nóta.



Éifeacht Intinneach.



Géar, mothuightheach,
faobhrach.



Brónach, caointeach,
gearánach.



Meanmnach, aereach,
álainn, geal.



Trom, dubh, gruamdha,
sollamhanta.



Caoin, ciúin,
socamhail.



Spreagamhail, beodha,
dóchasach, impidheach.



Tacamhail, forasta,
láidir.


L. 56


Ní mór do'n amhránaidhe greim daingean do bheith aige ar an
ngléas i dtosach agus annsoin na nótaidhe do chasadh go réidh
socair chun na tréithe atá ionnta do thabhairt amach. Cuirtear
athrughadh go minic ar na tréithibh úd leis an riarughadh a deintear
ar na nótaidhibh i ndiaidh a cheile. Cuir i gcás má thagann f
ndiaidh t mar seo —



braithfear géireacht an nóta go soiléir agus é ag teannadh
le d, agus braithfear dubhachas agus sollamhantacht an nóta
f agus dúil mhór aige ins an nóta m acht má thagann f agus t
isteach go céimseach ní bheidh a dtréithe chomh láidir soin:



Má tógtar cleachtadh go mbeidh f agus l ann go minic, agus
má castar an cleachtadh úd go sár-mhall i dtosach agus annsoin
go tapaidh agus go beodha, chidhfear go dtagann athrughadh mór i
n-éifeacht intinneach na nótaidhe nuair géaruightear luas na
gluaiseachta. Ní bheidh gruaim ná brón ins na nótaidhibh f agus l
annsoin; acht beidh siad go soilbhir agus go spleódrach i gcaoi
go gcuirfeadh siad fonn gáiridhe ar dhuine.



SAMPLAIDHE.



GLÉAS G. Go mall.


L. 57


GLÉAS G. Go mear.



Cuirtear athrughadh ar éifeacht na nótaide eile ar an gcuma
chéadna de réir an riaruighthe a deintear ortha ins an
ngluaiseacht.



SOSADH LEATH-PHREIBE. — Uaireanta tagann Sosadh ins an
gcéad leath de'n phreib, agus uaireanta eile tagann sé ins
an tarna leath. Nuair cuirtear dhá nóta de'n fhaid chéadna
ins an bpreib 'siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis
an bpreib ná taa tai.



Anois nuair fágtar amach an chéad nóta — nuair fágtar an
chéad leath de'n phreib follamh — bíonn Sosadh Leath-phreibe
againn agus 'siad na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis
an bpreib ins an gcás soin na saatai.



Agus nuair fágtar amach an tarna nóta — nuair a thagann an
Sosadh ins an tarna leath de'n phreib — siad na Siollaidhe
Gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib ná taasai.



GLÉAS F. Tátuigh agus Salfuigh.


L. 58


NÓTA TRÍ CEATHRAMHNA. — Roinntear an phreabh go minic
idir nóta trí ceathramhna agus ceathramhna nóta. 'Siad na
siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib annsoin ná
taafe. Nuair deintear dhá leath de'n phreib cuirtear lán-
stad i lár na preibe agus nuair roinntear an phreab idir
nóta trí ceathramhna agus ceathramhna nóta cuirtear ponnc i
ndiaidh an lán-staid mar seo:



GLÉAS E. Tátuigh agus Slafuigh.


L. 59


LEATH-NÓTA AGUS DHÁ CHEATHRAMHA. — Nuair roinntear
an phreab ar an gcuma so 'siad na siollaidhe gluaiseachta a
cuirtear leis an bpreab ná. Seo mar roinntear an
phreab.



GLÉAS D. Tátuigh agus Salfuigh.


L. 60


DHÁ CHEATHRAMHA AGUS LEATH. — Síad na siollaidhe
gluaiseachta a cuirtear leis an bpreib nuair roinntear í ar
an gcuma so ná tafatai, agus seo mar teasbántar an roinnt
seo dúinn:



GLÉAS D. Tátuigh agus Salfuigh.



CEATHRAMHA AGUS TRÍ CEATHRAMHA. — I gceol na
hÉireann agus i gceol na hAlban roinntear an phreab go minic
ar an gcuma so, agus cuireann an riarughadh so luascadh neamh-
ghnáthach ins an gceol. 'Síad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear
leis an bpreib nuair roinntear í mar seo ná tafa-ai (tafay)
agus seo mar teasbántar dúinn an roinnt a deintear ar an
bpreib:


L. 61


GLÉAS F. Tátuigh agus Salfuigh.



De thoisc a minicidhe is a castar an luascadh so, tafa-ai
orainn i gceol na hAlban tugtar an "Snap Albanach" air
Acht uaireanta bíonn cuma níos leithne air mar seo:



GLÉAS E go mall.



GLÉAS RIAGHALTA AN ÁRDUIGHTHE. — Suas go dtí seo
tugadh an Gléas-nóta nó an Bun-nóta dos na scoláiribh nuair
do theastuigh uatha fonn nó cleachtadh do chasadh; acht beidh
sé ortha feasta an Gléas-nóta a fhagháil dóibh féin. Is féidir
linn pé fuaim is maith linn a thoghadh mar Bhun-nóta agus
éirgheochaidh na nótaidhe eile agus na comhardaidhe go nadúrtha


L. 62


as an nóta úd — baileóchaidh a "chairde-gaoil" n-a thimcheall
mar a déarfá. Acht tá socruighthe ag ceoltóiridhibh ar éin-ghléas
riaghalta amháin agus tógtar an t-árdugadh i gcomhnuidhe ó
nótaidhibh an ghléis úd. Do toghadh nóta a tugtar C Meadhán
air mar bhun-nóta an ghléis seo agus tugtar "Gléas Riaghalta
an Árduighthe" ar an ngléas féin. Ní mór do 256 des na
tonntrachaibh úd gur dheineamar trácht cheana ortha do theacht
i ndiaidh a chéile ar feadh buille, chun an nóta úd do chur ar
siubhal. Faghtar ochtmhadh an bhun-nóta úd C (512 tonntracha)
ó cheol-ghabhal le haghaidh amhránaidheachta.



AN CHAOI 'N-A FAGHTAR AN tÁRDUGHADH.-
Buail an ceol-ghabhal agus cas leitreacha an
ghléis síos go dtí an leitir atá uait. Congbhuigh
fuaim na leitre úd ar siubhal ar feadh
tamaillín, agus annsoin cuir an t-ainm doh ar
fuaim na leithre



Cuir i gcás go dteastuigheann uait amhrán do
chasadh i ngléas G: Cas na leitreacha C B A G
(s'tls) congbhuigh an G ar siubhal go mbheidh sé
go daingean ar do chluais agat agus annsoin
cuir an t-ainm doh i n-ionad an G, acht leis an
bhfuaim chéadna, agus beidh bun-nóta Gléis G agat.



AG TOSNUGHADH FUINN. — Ní féidir tosnughadh a dhéanamh
ar amhrán do chasadh gan socrughadh a dhéanamh i dtosach ar an
ngléas agus ar luas na gluaiseachta. Fuaimnightear an
gléasnóta agus an comharda agus annsoin deintear comharthughadh
ar mhéadar, nó ar na preabannaibh a beidh i n-easnamh san
méadar, má bhíonn an t-amhrán san eagar-iochtrach. Seo mar
tosnuightear nuair bhíonn an t-amhrán ins an bprímh-eagar:-



síos clé deas suas.


L. 63


Agus nuair bhíonn an t-amhrán ins an eagar iochtrach seo mar
tosnuightear:-



AN CEATHRAMHADH CÉIM.



FONNMHARACHT. — Foirgneamh an Ghléis; Athrughadh Gléis;
na Leat-nótaidhe fe agus ta; An chaoi 'n-a faghtar gléas-nóta
amhráin nó fuinn. (Cleachttha idir A agus F.)



GLUAISEACHT. — An Phreab i dTrianaibh; Méadar na Sé
bPreabann.



FONNMHARACHT.



FOIRGNEAMH AN GHLÉIS. — Tá eolas curtha againn anois
ar an ngléas gnáthach ar fad; agus do cuireadh i n-umhail dos
na scoláiribh go mbraitheann an intinn go bhfuil brigh áirithe
agus éifeacht áirithe ag baint le gach nóta ins an ngléas úd
mar gheall ar an ngaol atá aca le n-a chéile. Anois má
cuirtear na hachair atá idir na nótaidhibh i gcompráid le n-a
chéile cidhfhear ná fuil na hachair de chomhfad, acht go bhfuil
deifrigheacht eatorra annso agus annsúd. Má seinntear na
nótaidhe d m s f m f m f m agus annsoin na nótaidhe d m s s
f s f s f braithfidh an chluas ná fuil an t-achar atá idir f agus m
chomh leathan leis an achar atá idir s agus f. Má seinntear
na nótaidhe d m s d t d t d t d agus annsoin d m s d t l t l t l
cloisfear an deifrigheacht chéadna idir t d agus t l mar beidh
an t-achar idir t l níos leithne ná an t-achar idir t d. Tá
deifrigheacht i gcuid des na céimeannaibh eile, acht is deacair
i thabhairt fé ndeara. Is cinnte go bhfuil d r, f s agus l t rud
beag níos fuide ó n-a chéile ins an árdughadh ná r m agus s l.
Dá bhrigh sin roinntear nótaidhe an ghléis ar an gcuma so:-



Na Céimeanna Móra



d r, f s, l t



Na Céimeanna Meadhánacha



r m, s l



Tugtar "Mór-Nótaidhe"
"Lán Nótaidhe" nó
"Nótaidhe" ortha so.


L. 64


Na Céimeanna Beaga
Tugtar "Leath-nótaidhe"
ortha so.



An GLÉAS



Sórt
Céime



Beag



Mór



Meadh-
ánach



Mór



Beag



Mheadh
ánach



Mhór



An Gnáth
-ainm.



Leath-nóta



Lán-nóta



Lán-nóta



Lán-nóta



Leath-nóta



Lán-nóta



Lán-nóta



Is tabhachtach an mianach iad na céimeanna beaga i bhfoirgneamh
an ghléis. 'Sé rud é an Gléas-nóta ná fuaim go bhfuil céim


L. 65


bheag nó leath-nóta fúithe agus dhá lán-nóta ós a chionn agus
leath-nóta taobh thuas díobh súd arís. Tugtar "Lán-cheath-
ramha" ar cheithre cinn de nótaidhibh a thagann le na chéile ar
an gcuma so. Tugtar
"Cúigeadh" ar an achar
atá idir t agus f, mar
má cuirtear t agus f ins
an áireamh ainmnightear
cúig cinn de nótaidhibh
t d r m f. Ins an
gcúigeadh so tá dhá lán-
nóta agus dhá leath-nóta
acht i ngach cúigeadh eile
ins an ngléas tá trí
cinn de lán-nótaidhibh agus
leath-nóta. Tugtar ceath-
ramha ar an achar atá
idir f agus t (f s l t)
agus tá trí cinn de lán-nótaidhibh ann; acht i ngach ceathramha
eile ins an ngléas níl acht dhá lán-nóta agus leath-nóta. Chidhfear
go bhfuil cheithre cinn de chéimeannaibh idir t agus f agus ní'l
acht trí cinn idir f agus t; act tá cosamhlacht ag an achar atá
idir t agus f leis an achar atá idir f agus t ins an árdúghadh
cé nách mar a chéile iad de bhrigh go bhfuil dhá lán-nóta agus dhá
leath-nóta idir t agus f agus tá trí cinn de lán-nótaidhibh
idir f agus t, agus is leithne dhá leath-nóta ná éan-lán-nóta
amháin. Dá bhrigh sin tá f agus t ar na nótaidhibh is tréitheamhala
ins an ngléas agus má cuirtear f i n-ionad t nó t i n-ionad f
déanfar athrughadh mór ar an ngléas.



Nuair bhíonn trí cinn
de lán-nótaidhe ins
an gceathramha tug-
tar Lán-cheathramha
air.



Nuair bhíonn dhá lán-
nóta agus dhá leath-
nóta ins an gcúig-
eadh tugtar Dhíoth-
chúigeadh air.



ATHRUGHADH GLÉIS.-Ní leanann an ceol i gcomhnuidhe ins
an ngléas chéadna. Uaireanta i rith fuinn nó amhráin
samhluigheann sé go dtoghann na nótaidhe gléas nóta nuadh agus
go mbailigheann siad timcheall air fé'n riarughadh chéadna is a


L. 66


bhailigheadar timcheall an chéad ghléas-nóta. Nuair a thagann
athrughadh mar é sin bíonn gabhadh le nóta nuadh nó b'fhéidir le
cúpla ceann ná raibh ins an tsean-ghléas.



DÚIL ATHRUIGHTHE. — Má castar an cleachtadh
so 'n-ar ndiaidh braithfidh an chluas fur mio-
nádurtha an nóta an úd go bhfuil an comhartha
so* ós a chionn:-



Má castar an tarna leath de'n chleachtadh arís
leis an siolla "lá" ó'n gcomhartha† chidhfear go
mbeidh fonn ar an gcluais an fhuaim gur mhaith léí
féin a bheith ann do chur isteach i n-ionadh f. Má
leantar ar na nótaidhibh céadna do chasadh ar feadh tamaill
braithfear go bhfuil siad an-chosamhail le m r d t d. 'Siad na
nótaidhe m r d t d atá ann anois go cinnte mar deineadh athrughadh
ar an ngléas. Tá an a bhí sa sean-ghléas mar bhun-nóta (d) ins
an ngléas nuadh anois, agus sí an fhuaim a bhí i n-easnamh ag* ná
an t nuadh. Is féidir an t-athrughadh so a mhíniúghadh ar an
nDréimre Dúbalta má castar an chéad leath de'n chleachtadh ar
an nDréimre atá ar thaoibh na láime clé, agus an tarna leath
ar an nDréimre atá ar thaoibh na láimhe deise, ag déanamh an
athruighthe ar an nóta te. Castar "te-me" go tapaidh i ndiaidh
a chéile ar an árdughadh chéadna agus faghtar greim ar an
ngléas nuadh ar an gcuma soin. D'éirigh an dúil athruighthe
sin de bhrigh go bhfuil taithighe mhór ag an gcluais ar na lán
nótaidhibh úd m-r-d ag dul síos go dtí an Bun-nóta agus pé
uair a bhraitheann an chluas go bhfuil dhá lán-nóta fé'n riarughadh
chéadna b'fhearr léithe m-r-d a dhéanamh díobh.


L. 67


Má deintear scrúdughadh ar an t-aon achar amháin eile ins
an ngléas go bhfuil dhá lán-nóta ann, f-s-l chidhfear go bhfuil
an dúil chéadna ag an gcluais m-r-d a dhéanamh díobh.



Braitheann an chluas go bhfuil t as an mbealach
ins an gcleachtadh so. Ba mhaith léithe triath-nóta
a bheith ós cionn an nóta l a rithfeadh leis mar a
ritheann f le m agus dá bhrigh sin deineann sí
d r m des na nótadhibh f s l mar tá fonn uirthi
m f s a dhéanamh de l t l. Is féidir an t-athrughadh
so a mhíniúghadh ar an nDréimre Dúbalta má
castar an chéad leath de'n chleachtadh ar an
nDréimre atá ar thaoibh na láimhe deise agus
má tugtar léim go dtí an Dréimre eile ag an
gcomhartha ag casadh ar an árdughadh
chéadna.



GLÉASANNA COMHGRACHA FÉ ATHRUGHADH. — Nuair dein-
tear doh den nóta son deirtear go n-aistrigheann an ceol go
dtí an "Chéad Ghéir-ghléas," agus nuair deintear de'n
nóta fah deirtear go n-aistrigheann an ceol go dtí an "Chéad
Mhaoil-ghléas."



LÉIR-CHUR AN ATHRUIGHTHE. — Teasbántar dúinn an
t-athrughadh a deintear ó ghléas go gléas ar an gcuma so:
Tugtar ainm dúbalta ar nóta eicínt a thagann roimh an triath-
nóta. Fuaimnightear an sean-ainm go bog agus an t-ainm


L. 68


nuadh go láidir mar so: s'doh, m'mah d'fah. Tugtar "Cuing-
nótaidhe" ar na nótaidhibh dúbalta úd agus scríobhtar mar so
iad. sd, ml, df.



AINMNIUGHADH AN ATHRUIGHTHE. Cuirtear ainm an ghléis
nuaidh ó's cionn gach athruighthe. Má's géir-ghléas é .i. gléas
ar thaoibh na láimhe deise ar an nDréimre, cuirtear ainm an
nóta nuaidh i ndiaidh ainme an ghléis ar thaoibh na láimhe deise
mar so:- G.t. má's maoil-ghléas é cuirtear ainm an nóta
nuaidh roimh ainm an ghléis ar thaoibh na láimhe clé mar so:- f.C.



Sampla.



ATHRUGHADH GO DTÍ AN CHÉAD GHÉIR-GHLÉAS.


L. 69


ATHRUGHADH GO DTÍ AN CHÉAD MHAOIL-GHLÉAS.



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



Tátuigh agus Salfuigh.


L. 70


DATH-NÓTAIDHE. — Nuair tugtar isteach nóta nuadh ná fuil
san ngléas a bhíonn i bhfeidhm, tagann fonn
athruighthe ar an gceol; acht nuair filltear ar
an sean nóta arís láithreach gan a leigint do'n
nóta iasachta an lámh-uachtar a fhagháil, tugtar
"dathughadh" ar an ngearr-athrughadh so agus
tugtar "Dath-nóta" nó "Nóta Tuitimeach" ar
an nóta iasachta. Cuireann na dath-nótaidhe seo
snas agus spreagadh ins an gceol ná béadh ann
gan iad. Anois caithfimid ainmneacha fé leith
do chur ar na dath-nótaidhíbh úd. 'Sé an t-ainm
a tugtar ar an nóta a thagann idir agus
ná "fe" — 'sé sin an nuadh a bhéadh ann dá
ndéanfaidhe athrughadh go dtí an chéad ghéir-
ghléas.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cas na nótaidhe d m s fe s; d m s l fe s;
d r m r fe s; agus rl. do's na scoláiribh agus deinidís aithris


L. 71


ortha ón nDréimre. Mínigh dóibh gurb' ionann s fe s agus d t d
ar an árdughadh chéadna, gurb' ionann l fe s agus r t d agus
mar sin de. Annsoin cas dóibh d t d agus tugaidís freagra
ort le s fe s. Cas dóibh s fe s agus deinidís aithris ar na
nótaidhibh úd le d t d. Cas dóibh s t d agus tugaidís r fe s
mar fhreagra ort. Lean ort ar an gcuma soin go dtí go
mbeidh sé i gcumas dos na scoláiribh fe a chasadh go ceart pé
léim a tugtar chuige; acht ná bíodh na léimeanna ro-mhór i
dtosach. Annsoin tabhair cleachtadh dhóibh ar an nDréimre gan
aon-chongnamh do thabhairt dóibh. Má deintear dearmhad ar an
nóta fe a bhaint amach éan-uair cuir ar na scoláiribh an dearmhad
soin a cheartughadh ar Dhréimre an Chéad Ghéir-ghléis. Scríobh na
cleachttha so a leanas ar an gclár dubh agus iarr ortha iad do
shalfúghadh dhuit agus annsoin iad do chasadh leis an siolla
"lá." Má deintear dearmhad ceartuigh an dearmhad soin ar
an nDréimre.


L. 72


TÁTUIGH AGUS SALFUIGH



Sé an t-ainm a tugtar ar an nóta a thagann idir t agus l
ná "ta" nuair deintear dath-nóta dhe — sé sin an f nuadh a
bhéadh ann dá ndéanfaidhe athrughadh go dtí an chéad mhaoil-
ghléas.


L. 73


MÓDH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Cas na nótaidhe d s d ta k t d;
d l ta l t r d; d s ta l s t d agus rl. dos na
scoláiribh agus deinidís aithris ortha ó'n nDréimre.
Mínigh dóibh gurb' ionann d ta l agus s f m ar an
árdughadh chéadna, gurb' ionann l ta l agus m f m,
gurb' ionann s ta l agus r f m agus mar sin de.
Annsoin cas dóibh s f m agus deinidís aithris
ar na nótaidhibh úd le d ta l. Cas dóibh m f m
agus tugaidís l ta l mar fhreagra ort. Lean
ort ag cleachtadh an nóta ta ar an gcuma a
comharluigheadh dhuit an nóta fe a chleachtadh, go
dtí go mbeidh sé i gcumas dos na scoláiribh
an nóta ta a chasadh pé léim a tugtar chuige.
Scríobh na cleachttha so a leanas ar an gclár
dubh agus deinidís salfúghadh ortha agus annsoin
iarr ar an rang na nótaidhe do chasadh leis an
siolla "lá."


L. 74


TÁTUIGH AGUS SALFUIGH.


L. 75


GLUAISEACHT.



AN PHREAB I dTRIANAIBH. — Nuair roinntear an phreab
i dtrianaibh 'siad na siollaidhe gluaiseachta a cuirtear leo na.
"taataitee" Chaithfear an fhaid chéadna do chur i ngach trian, acht
bíonn deifrigheacht ins na truimibh a cuirtear ortha. Cuirtear
an trom-thruime ar an gcéad thrian; acht bíonn an tarna trian
níos laige ná an chéad cheann agus an tríomhadh trian níos
laige ná an tarna ceann. Ainmnightear na sosta agus na
triana a bhíonn ar leanamhaint ins an gcuma n-ar ainmnigheadh
cheana iad. Seo nar teasbántar dúinn an roinnt a deintear
ar an bpreib i léir-chur an tSal-fá:



TÁTUIGH AGUS SALFUIGH.


L. 76



L. 77


MÉADAR NA SÉ bPREABANN. — Bíonn an ghluaiseacht
go mear nách mór i gcomhnuidhe i Méadar na Sé bPreabann
agus is deacair buille do chur le gach phreib nuair deintear
comharthughadh ar an ngluaiseacht. I n-ionad buille do chur le
gach preib cuirtear buille le gach leith-méadar mar so:



Deintear comharthughadh agus céimniughadh ar an ngluaiseacht i
Méadar na Sé bPreabann nuair bhíonn an ghluaiseacht go mear
go díreach glan mar dheintear i Méadar an Dá Phreib nuair
bhíonn na preabanna i dtrianaibh. Nuair comharthuightear an
ghluaiseacht ar an gcuma so i Méadar na Sé bPreabann tugtar
fógra dhúinn gan acht dhá buille do chur leis an méadar.



FONN I MÉADAR NA SÉ bPREABANN.



GLÉAS F (dhá bhuille)


L. 78


AN FONN CÉADNA I MÉADAR AN DÁ PHREIB.



ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



GLÉAS F. (dhá bhuille)


L. 79


GLÉAS C. (dhá bhuille).



LEITH-PHREABANNA I MÉADAR NA SÉ bPREABANN. —



Uaireanta deintear dhá leath de chuid des na preabannaibh i
Méadar na Sé bPreabann. Cuirfear síos annso gach roinnt a
deintear agus na Siollaidhe Gluaiseachta a cuirtear leis na
preabannaibh.



DHÁ LEATH.



LEITH-PHREAB AR LEANAMHAINT.-



GLÉAS D (dhá bhuille).


L. 80


FONNMHARACHT. — An Gléas Beag, nó an Modh Beag.



GLUAISEACHT. — Cíorrbhadh, Sosadh Ceathramhadh Preibe agus rl.



FONNMHARACHT.



AN GLÉAS BEAG. — I ngach cleachtadh agus i ngach fonn do
bhí againn go dtí seo bhí an nóta d i gcomhnuidhe mar bhun-nóta ins
an ngléas. I gceol ársa na hEórpa do-ghníthí bun-nóta de
gach nóta de'n ghléas agus dá bhrigh sin bhíodh seacht gcinn de
ghléasannaibh ann; acht i gceol an lae indiu ní'l againn acht
dhá ghléas nó dhá mhodh — an gléas go bhfuil d mar bhun-nóta
aige agus an gléas go bhfuil mar l bhun-nóta aige. Sé an
t-ainm a tugtar ar an ngléas go bhfuil l mar bhun-nóta aige
ná "An Gléas Beag."



Nuair seinntear go mall é, siad na tréithe
a bhaineann leis an gceol ná truagh-mhairg
agus sollamhantacht. Cuirfidh na cleachttha
so n-ár ndhiaidh na tréithe úd i n-umhail dos
na scoláiribh.



GLÉAS C go mall.


L. 81


Ceann des na sean-ghléasannaibh do chuir an Pápa Gréagóir
Mór le n-a chéile 'seadh an gléas go bhfuil mar l bhun-nóta
aige, agus tá an-chuid de shean-amhráinibh na hÉireann fé'n
ngléas so; acht tá deifrigheacht mhór idir an nGléas Beag
Ársa agus an Gléas Beag atá i bhfeidhm anois.



AN GLÉAS BEAG NUADH. — Tógadh an gléas beag nuadh ar
an ngléas bheag ársa. Má cuirtear an gléas go bhfuil d
mar bhun-nóta aige-sé sin an Gléas Mór — i gcompráid leis
an nGléas Beag Ársa chidhfear nách é an riarughadh céadna atá
ar na céimeannaibh atá idir na
nótaidhibh. Ní'l idir an
seachtmhadh nóta t agus an
ochtmhadh d ins an nGléas Mór
acht céim bheag nó leáth-nóta;
acht tá céim mhór nó lán-nóta
idir an seachtmhadh nóta s agus
an ochtmhadh l ms an nGléas
Bheag. An fhaid do bhí an
riarughadh sin ar na céimeannaibh
ba dheacair an Gléas Beag
Ársa do chur fé'n gcóimh-cheol
do leathnuigheadh le rith na
haimsire; agus dá bhrigh sin deineadh
riarughadh eile ortha agus tugadh
isteach nótaidhe ná raibh ins an
sean-ghléas i n-ao'-chor i dtosach.



An Gléas beag ársa.



An Gléas beag nuadh.



AN NÓTA se. — Mínigheadh cheana an gabhadh atá le triath-
nóta ins an Móir-ghléas. Ba mhaith leis an nóta l — bun-nóta
an Ghléis Bhig-triath-nóta a bheith aige ins an gcuma chéadna,
agus chun na dúile sin do shásamh do tugadh isteach fuaim nuadh
agus tá an fhuaim sm leath-nóta níos aoirde ná S agus ní'l
idir í féin agus l acht leith-chéim. Má castar an cleachtadh so —


L. 82


braithfear gur mhaith leis an gcluais fuaim eile a bheith ann
i n-ionad s — fuaim go mbéadh cosamhlacht aici leis an le úd
go bhfuil an comhartha so† ós a chionn. Tugtar se mar ainm
ar an nóta nuadh so. Is ar éigin go bhfuil deifrigheacht ar bith
idir d t d agus l se l acht amháin go bhfuil l se l níos brónaighe
agus níos caointighe ná d t d.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Is fuirist an nóta se do mhúineadh.
Ní'l le déanamh agat acht a chur i n-umhail
dos na scoláiribh go bhfuil an se seo ins an
nGléas Bheag an-chosamhail le ins an nGléas
Mhór. Chas dóibh na nótaidhe d t d agus deinidís
aithris ortha le l se l; cas dóibh r t d agus
tugaidís freagra ort le t se l; m t d —
d se l; t r d — se t l agus mar sin de.
Annsoin cleachtuigh an nóta se i bhfochair na
nótaidhe eile ar an nDréimre agus 'na dhiaidh
sin scríobh na nótaidhe seo i líntidhibh ar an
gclár dubh agus deinidís cleachtadh ortha.



GLÉASANNA D agus E.


L. 83


ÁDHBHAR CLEACHTTHA.



TÁTUIGH AGUS SALFUIGH.



GLÉAS E.



GLÉAS D.



AN NÓTA — Nuair "ba" cuireadh an nóta
se i n-ionad s tháinigh beárna mhór ghránna
ins an ngléas idir f agus seo. B'fhuath
leis an gcluais an bheárna úd, agus
chun na cluaise do shásamh baineadh amach
an f agus cuireadh isteach fuaim nuadh
atá leath nóta níos aoirde ná f. Tugtar
"ba" mar ainm ar an nóta nuadh so. Tá
na nótaidhe m ba se l ins an nGléas Bheag an-
choshamhail leis na nótaidhibh s l t d ins an
nGléas Mhór.



MODH MÚINTEÓIREACHTA.



DO'N MHÚINTEÓIR. — Mínigh dos na
scoláiribh gur chosamhail le na chéile na
nótaidhe d t l s l t d agus l se ba m ba se l.



"Tá deifrigheacht idir an chéad chuid agus an
tarna chuid ins an árdughadh agus ins na


L. 84


tréithibh atá ag baint leis na nótaidhibh, acht tagann siad i
ndiaidh a chéile ar an gcuma chéadna." Iarr ar na scoláiribh
na nótaidhe d s l t d do chasadh ó'n nDréimre agus annsoin l
m ba se l; annsoin d s l s l t d agus l m ba m ba se l agus
mar sin de. Scríobh na nótaidhe seo a leanas ar an gclár
dubh i líntidhibh agus deinidís cleachtadh ortha:



GLÉASANNA C. agus D.



GLÉASANNA B beag



GLUAISEACHT.



CÍORRBHADH. — Tugtar cíorrbhadh ar an athrughadh a deintear
ar na ngluaiseacht nuair buailtear an trom-thruime roimh sé —
nuair cuirtear trom-thruime i n-ionad lag-thruime agus lag-
thruime i n-ionad trom-thruime ar dhá nóta a thagann i n-diaidh a
chéile. Cuireann an t-athrughadh so luascadh neamh-ghnáthach ins
an ngluaiseacht, agus toisc go dtagann sé mar bhréagnughadh
ar an nidh go mbíonn súil leis, is deacair a ceart féin do
thabhairt do gach truime. Deintear mar so go minic: buail-


L. 85


tear an trom-thruime nuadh acht ní cuirtear lag-thruime i
n-ionad an trom-thruime a thagann i ndiaidh an trom-thruime
nuaidh mar ba chóir. Cuirfear brígh agus éifeacht an chíorr-
baidhthe ar neimh-nidh má deintear dearmhad dá leitheid siúd.
"Rag-time" a tugtar ar an ngluaiseacht so anois.



SAMPLAIDHE DE'N CHÍORRBHADH.



TÁTUIGH AGUS SALFUIGH.



GLÉAS C.



GLÉAS C.



AN COMHARTHA >. — Cuirtear an comhartha so ós cionn
nóta chun a theasbánt do'n amhránaidhe go gcaithfidh sé trom-
thruime níos tréine ná mar is gnáthach do chur ar an nóta úd.



SOSADH CEATHRAMHA PREIBE. — Ainmnightear an Sosadh
so mar ainmnightear na sosta eile; acht i n-ionad scríobhtar
nó agus fágtar na ceathramhna follamh chun na sosta do
theasbánt dúinn, mar so:


L. 86


An nós go bhfuigheadh gach sosadh a cheart féin is ceaduighthe do'n
amhránaidhe giorrughadh a dhéanamh ar an nóta a thagann roimh an
sosadh fé mar a bhéadh "Comhartha an Ghiorruighthe" ós cionn an
nóta úd.



COMHARTHA AN GHIORRUIGHTHE. — Sé rud é comhartha an
ghiorruighthe ná ponnc a cuirtear ós cionn nóta (d) mar
chomhartha go gcaithfear an nóta sin a ghiorrughadh agus é do
chasadh fé mar a bhéadh sosadh n-a dhiaidh ins an bpreib chéadna.



Is ionann



agus



GLÉAS D.



GLÉAS D.



GLÉAS C.



GLÉAS G.



GLÉAS F.


L. 87


An Seiseadh Céim.



FONNMHARACHT. — Athrughadh go dtí na gléasanna eile.
Dhath-nótaidhe eile.



Ní fuirist amhránaidheacht a dhéanamh i n-éin-ghléas taobh
amuigh de'n chéad ghéar-ghléas nó an chéad mhaoil-ghléas
agus de bhrigh ná fuil call ins na scoileannaibh iochtardha le
cruaidh-cheol ní tabharfar isteach na gléasanna eile ins an
gcéim seo. Ní déanfar acht na dath-nótaidhe nár tugadh isteach
roimhe seo do thabhairt isteach agus a mhíniughadh.



Mínigheadh cheana cad is Dath-nóta ann. Anois tá dath-nóta
"géar" agus dath-nóta "maol" idir nótaidhibh gach moir-
chéime ins an n-gléas — idir d agus r; r agus m; f agus s;
s agus l; l agus t; acht ní'l éan-mhaol-nóta fé leith idir agus
mar deintear géar-nóta agus maol-nóta de'n Dath-nóta fe do
bhí againn cheana. Scríobhtar na Daith-ghléasanna mar so:



Suas



Anuas



Gabhann na dath-nótaidhe géara de re fe se le leis na nótaidhibh
atá taobh thuas díobh go díreach glan mar a ghabhann t le d.
Is ionann r de r agus d t d má tógtar d agus r ar an árdughadh
chéadna. Is ionann m re m agus d t d agus mar sin de.
Gabhann na dath-nótaidhe maola ta la ma ra leis na nótaidhibh
atá taobh thuas díobh mar a ghabhann m le f. Is ionann l ta l
agus m f m má tógtar l agus m ar an árdughadh chéadna. Is
ionann r ma r agus m f m, agus mar sin de, leis na maol
nótaidhibh eile.


L. 88


GLÉAS C.



GLÉAS C.



AN DRÉIMRE LEATHADACH. — Ba chóir go mbéadh cairt
de'n Dhréimre Leathadach sa scoil ag gach múinteóir amhráin-
eachta ar nós go bhfaigheadh sé taithighe do thabhairt go minic dos
na scoláiribh ins na hÁrd-rangaibh ar athrughadh do dhéanamh ó
Ghléas C go dtí gach Géir-ghléas agus gach Maoil-ghléas ar an
nDréimre nuair do bhéadh Ceol-chaisidhe ar siubhal aige.


L. 89


AGUISÍN



CAINNT MÚINTEÓIREACHTA.



Beidh ceacht amhránaidheachta againn anois.



Caithfidh sibh cleachta análuighthe a dhéanamh i dtosach.



Dúnaidh na beoil go dlúth. Cuiridh an anál amach tré bhealach
na sróine. Tógaidh an anál isteach tríd an tsróin arís, agus
congbhuighidh istig í go ceann cúig buillidhe nó mar sin. Annsoin
scaoilidh amach an anál go mall réidh tré bhealach na sróine.
Deinidh an cleachtadh sin fó-thrí.



Faighidh an nóta F ón gceol-ghabhal mar so: C — BAGF — doh.
d m s d d s m d.



Seasaidh suas go díreach.



Cuimhnighidh anois nách screadghail atá uaim acht ceol.



Oscailidh na beoil go leathan.



Casaidh na nótaidhe go binn ceolmhar.



Déanfaimíd cleachtadh ar an nDréimire anois.



Cuiridh an siolla "lá" leis na nótaidhíbh.



Tá cuid agaibh as gléas.



Tá an fonn caillte agaibh.



Tá sibh ag dul i maoile. Tá an ceol ag dul i maoile orraibh.



Tá maolughadh tagaithe ar an amhránaidheacht.



Seachainidh na nótaidhe tuitimeacha.



Cionnus a castar s fe s?



Is ionainn iad agus dt, d ar an árdughadh chéadna.



Cad tugtar ar an achar atá idir d agus s ar an nDréimire?



Cúigeadh a tugtar air.



Casaidh nótaidhe an ghléis leis an siolla "cú"; leis an
siolla "lá."



Cionnus a castar d ta l?


L. 90


Is ionainn iad agus s f m ar an árdúghadh chéadna.



Éistidh leis an nóta so (d) agus casaidh f 'na dhiaidh.



Éistidh leis an nóta so (m) agus casaidh l 'na dhiaidh.



Éistidh leis na nótaidhibh seo (m fe s) agus casaidh na nótaidhe
a ritheann leo ins an gCead Ghéir-ghléas (l, t, d).



Éistidh leis na nótaidhibh seo (l ta d) agus casaidh na nótaidhe
a ritheann leo ins an gCéad Mhaoil-ghléas (m f s).



Cionnus a deintear comharthugadh ar an ngluaiseacht i
Méadar an Dá Phreib?



Síos, suas.



I Méadar na dTrí bPreabann?



Síos, deas, suas.



I Méadar na gCeithre bPreabann?



Sios, clé deas, suas.



Cé'n fhaid atá ins an gcéad nóta ins an gcleachtadh úd
thuas (d)?



Láin-phreab.



Ins an tarna nóta (r)?



Leith-phreibe.



Ins an gceathramhadh nóta (s)?



Dhá phreib.



Ins an gcúigeadh nóta (l)?



Trí ceathramhna.



Ins an seiseadh nóta (s)?



Ceathramha preibe.



Ins an ochtmhadh nóta (m)?



Preab go leith.



Céimnighidh an ghluaiseacht ins an gcleachtadh úd thuas.



Deinidh tátúghadh ar an gcleachtadh úd.



Deinidh salfúghadh air.


L. 91


Cuiridh an siolla "lá" leis na nótaidhibh.



Caidé an t-ainm gluaiseachta atá ag dul leis an gcéad
phreib ins an dtríomhadh méadar?.



Tógaidh an nóta so (F) agus congbhuighidh ar siubhal é ar feadh
trí buillidhe.



Casaidh nóta gairid dam anois (F).



Casaidh an nóta so (E).



Anois casaidh an t-ochtmhadh thuas.



Deinidh an comhartha láime atá ag dul le r, le f, le t.



Caidé an sórt nóta é d?



Nóta forasta, tacamhail, láidir.



Cad tugtar ar an nóta so.



An Tréan-Nóta.



Caidé an sórt nóta é r? agus rl.



Cionnus a teasbántar Sosadh Preibe?



Fágtar an phreab follamh.



A' gcuirtear acht éan-nóta amháin ins an bpreib i gcomhnuidhe



Cuirtear dhá cheann, agus trí cinn, agus cheithre cinn ins an
bpreib go minic.



Deinidh na comharthaidhe láime atá ag dul leis na nótaidhibh
seo: m l s.



Casaidh na nótaidhe seo leis an siolla "lá." (Abair na
nótaidhe dos na scoláiribh.)



Cé rud é preab?



Cé rud é méadar?



Casaidh nótaidhe an Ghléis dam leis na guthanna Ú Á É Í go
bog ceolmhar mar so. Éistidh!



Tá an cleachtadh sin ro-mhall agaibh; cuiridh rud beag
beodhachta ann.


L. 92


Tá an amhránaidheacht úd an-gharbh; tá an iomarca fuinnimh
á chur ins na nótaidhibh agaibh.



Ní'l cuid agaibh ag tabhairt aire; féachaidh ar an nDréimire
agus leanaidh an cuaillín.



Tuaiplis gránda 'seadh é sin; casaidh na nótaidhe úd arís.
Ná bídh ag sliobarnaigh ó nóta go nóta ar an gcuma soin; is
olc an gnás é.



Tógaidh na nótaidhe go glan ar an gcéad iarracht.



Aistrighidh go dtí Gléas G ar an nóta m Gléas C. Tógaidh
an d uaim.



Cad tugtar ar an nóta m ins an gcás soin?



Cuing-nóta a tugtar air.



Aistrighidh go dtí Gléas F ar an nóta f Gléas C. Tógaidh
an d uaim.



Casaidh nótaidhe Chomharda DOH; nótaidhe Chomharda SOH agus rl.



Cad tugtar ar na nótaidhe a teasbántar ar an nDréimire
nuair bhíonn cleachtadh ar siubhal?



Ceol-chaise.



Beidh Ceol-chaise againn ánois ar nDréimire Leathadach.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services