Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Úbhla de'n Chraoibh
Title
Úbhla de'n Chraoibh
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An
Composition Date
1900
Publisher
Gill agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Roimhrádh. Do cuireadh i gcló na h-abhráin agus na dánta so leanas ann san bh Freeman Seachtmhaineamhail, cuid aca go déigheannach agus cuid eile aca na bliadhanta ó shoin. Do chuir muinntir an Freeman i mbuan-chló iad, chongbhuigheadar na plátaí agus thugadar damh-sa, tamall beag ó shoin, iad. Ar bhfághail na bpláta dham, tháinig sé ann mo cheann leabhairín beag do dhéanamh díobh, agus ag so é! Ni h-iad na h-abhráin do b'fhearr liom féin, ná na dánta is mó do thaithnigh liom féin, atá ann so, acht amháin na h-abhráin a bhfuil a bplataí agam-sa fós, óir do cailleadh cuid mhór de phlátaibh eile orm, agus ní'l ann so acht ar mhair dhíobh. Tá faitchios orm gur ab iomdha lochd-cló atá ionnta, acht ní mise atá ionntach leis sin. Is nádúrdha nach mbeidheadh siad saor ó lochdaibh-cló, agus iad clóbhuailte mar do bhíodar, go réidh agus
go deifireach, i bpáipéar seachtmhaineamhail, agus gan a bheith ar chumas an úghdair a leasughadh i gceart, sul rinneadh na plátaí. Nuair cuireadh an chuid is mó de na dántaibh seó i gcló, ni raibh an ceathramhadh cuid de'n tsuim ann san teangaidh ann a sgríobhthar iad, agus atá andiú, buidheachas le Dia. Na briathra do chuir mé síos i n-Iotáilís ar an duilleóig eile, do sgríobh an t-úghdar clúdhamhail Alfieri iad, céad bliadhan ó shoin, acht mínigheann siad m'inntinn féin go díreach, agus mínigheann siad í chomh maith sin go gcuirfidh mé síos ann so i nGaedheilg iad. "Ní féidir," ar seisean, "mo chongbháil ó grádh do thabhairt do'n nidh atá fíor agus do'n nidh atá áluinn óir b'fhearr liom go mór (agus glacaim h-uile ocáid le n-a rádh go follusach) b'fhearr liom-sa go mór adeirim, sgríobhadh i dteangaidh atá, thig liom a rádh, leath-mharbh, agus an son náisiúin leath- mhairbh, (cidh go bhfeicfinn mé féin, mar gheall air sin, curtha ann san uaigh roimh cheart-uair mo bháis), 'ná do bheith ag sgríobhadh ann sna teangthaibh balbha mi-bhinne sin, an Fhraincís agus an Sacs- Bhéarla, cidh gur mór ann san bhfáisiún iad féin agus riaghla a litireachta." Is mar sin liom féin
B'fhearr liom aon rann binn amháin do thabhairt uaim ann san teangaidh atá mé d'á sgríobh anois, 'ná lán leabhair de bhéarsaigheacht do chumadh ann san mbéarla. Oir dá mbeidheadh aon mhaith ann mo bhéarsaigheacht Béarla, ní do mo mháthair Eire do rachadh sé i dtairbhe, acht do mo leas-mháthair Sacsana. Thug mé "Úbhla de'n Chraoibh" ar an leabhairín seó. Acht go deimhin tá droch-shnuadh ar mo chuid úbhall. Ní 'l siad dearg ná dathamhail, agus ní'l siad cóirighthe go bláthamhail blasta ar mhéis áluinn mar budh mhian liom. Acht má 's milis iad le cor bheul, ann so no ann súd, (agus sin rud nach bhfuil me dána go leór le súil do bheith agam leis) b'éidir go mbainfidh mé am éigin eile tuilleadh úbhall de'n chrann céadna, agus tá súil agam go gcóireóchaidh mé iad ar phláta níos sleachtmhaire 'ná an pláta bocht so. Mise An Chraoibhín Aoibhinn.
An Dibirteach. Do casadh orm díbirteach S an bhFrainc, ar easbhuidh béile, Is caithte bhí a fhalaing-sean, Is tana bhí a léine, Bhí leis féin ag gluasacht Anonn agus anall. Ar bhruach fuar glas na fairrge 'Sa shúile ar an talamh, Trom, tuirseach, brúighte, buaidheartha, Bhí deóra goirt' 'gá dhalladh Budh lag do bhí a ghluasacht, Budh lag, agus budh mhall. Do shéid an ghaoth go colgach, Do bhí an talamh reóidhte, Budh léir dham, nuair chonnairceas An duine brúighte breóidhte, Go raibh se ann a dhíbirteach Gan fosgadh os a cheann Gur fear bhí ann bhí dibirte Do tháinig trasna sáile, Gan mhaoin, gan ór, gan airgiod, Gan dada acht a mhála, 'S é ag cuimhniughadh ar an h-áiteachaibh 'Na raibh sé, trá, faoi ghreann. Dubhairt mé liom féin, "is Pólandéir An duine bocht, dá ríribh, B'éidir gur ruaig na Rúiseannaigh Go nimhneach as a thír é,
Mar gheall ar chaint no ar ghníomhtharthaibh Anaghaidh a n-éagcór'. B'éidir gur Montinegrin é, Do díbreadh ag na Túrcaibh Laibheóraidh mé go bhfeicfidh mé A ainm a's a chúrsa; 'S go bhfeicfidh mé an t-ádhbhar Faoi a ngoileann sé chomh mór. As Fhraincís labhair mise leis, Ach d'fhreagair sé i nGaédheilg, A's dubhairt sé liom, "is duine mé Tá díbirte as Éirinn, Is námhad mé do Shacsana, (Béidh mé mar sin go bráth), Le mórán de mo mhuinntir-se Do rinne mé mo dhíthchioll Le sgrios do thabhairt, dá bféadfainn é, Do Shacsanaigh' 's do thighearnaibh, Go deimhin duit, 's geur d'íoc mé As sin, ó shoin, faoi chrádh. Do briseadh ar na "fínínibh" Bhí mise im' fhear marcálta, Bhí mé - a's tá mé, - cúmhachtach 'Na measg go dtí an lá so, Acht ann san oidhche thangadar Saighdiúraidh chum mo thighe; Do leagadar mo dhoras-sa A's nuair bhí sé briste
Amach óm' leabuidh-chodalta Do streachail siad mise, Go brúideamhail, go cúmhachtach, Om' chlainn agus óm' mhnaoi, Do bhí mo lámha ceangailte Go cruaidh caol le rópa, Acht ghlac mé lasadh feirge, Reub mé é ar an móimid, Do bhí an oidhche dorcha Le fearrtham a's le gaoith; Acht b'eólach mé ar na h-áiteachaibh, Do léim mé thar an mballa, Do sgiorr mé tre na páirceannaibh 'S an tóir sin le mo shálaibh. Acht mhéadaigh neart na stoirme, Budh dhoiligh dóib-sean rith. Cuimhneóchaidh mé an oidhche sin! Do shnámh mé thar an tSionnain, Rith mise a's rith siad-san, Comh maith agus bhí ionnainn, An saighdúirín bhí ag breith orm Le dorn do leag mé é. Acht d'imthigh mise uatha-san, Fá dheireadh, ann san oidhche, Tháinig mé chum na fairrge, A's fuair mé Loingín bhuighdeach Do bhí le dul go Sacsana Le h-éirghe geal an laé.
A's tháinig mé go Sacsana, Acht ni raibh mé sabhálta; Chuadhas ar loing, a's tháinig mé Go dti an Fhrainc, thar sáile, (Bhí faire ar na longaibh sin Bhí dul go 'mericá). Fanfad go mbéidh an stoirm sin Do dhíbir mé ó'n mbaile Séidte tharm a's críochnuighthe Mar beidh si i gcionn tamaill. 'S muna bhfágh' mé bás de'n ocarus Fillfead go tír mo ghradh. Dubhairt mise leis, "a dhuine bhoicht O tá tu 'nois gan dídionn, Tar liom asteach go gcaithfidh tu Im' lóistín féin an oidhche. Is námhaid mé do Shacsana Chomh geur a's tá tu féin." Tháinig sé liom go toilteanach A's chaith sé bliadhain go léir ann, Go bhfuair mé slighe go h-ádhamhail Le n-a chur ar ais go h-Éirinn, An uair d'eug "Coercion Bill," Agus d'imthigh uaidh a sgéin.
Bhí mé tra sona. Bhí mé trá sona 'S súgach leis sin, Nois táim go dona Tuirseach a's tinn; 'g cuimhninghadh ar chailín D'oidhche 's do lá, Caillte le cailín Gonnta le grádh. Amharc a súile, Binneas a glóir, Sé sin do bhuail A's d'fhág mé gan treóir. Tá sí ró áluinn Sgiamhach deas, Ní bhfuil le fághail ann Cneas mar a cneas. Cailín mar ise Ní'l ann san tsaoghal, Agus d'fhág sise Mise gan céill. Cailín mar ise Ni'l ann san domhan; Cuisle mo chroidhe-se Thug mé de roghain.
Ní'l ann san tsaoghal Sgiamh chomh mór, O! ni beag baoghal Óig-fhir 'na cómhair. 'S gile 'ná sneachta Láimhín mo ghrádh D'fhág sí sinn creachta Agus ar fán. Tá mé gan fóirigin D'oidhche 's do lá Snuadh mo stóirín Rinne mo chrádh Tá mé le ráithe Beag-nach i m' luidhe, Le na saighead saighte A's croidhte i m'chroidhe. A Dé na ngrása Éist le m' impidhe, Tabhair m mo bhas-sa, No tabhair 'm í. Feuch mo chaointe Agus mo dheóir Nach bhfuil mo smuaínte Ort-sa a stóir?
Feuch mo chaointe Éist liom a rúin Tá mé mar chaora Caora gan uan! Mbéidh tu chomh cruaidh Cailín chomh ciúin Mbéidh tú gan truaigh Orrainn go buan? Éist liom a Noírín Éist liom a rúin, Cuir chugam fóirighin O do bheul ciúin; Tá mé' san mbóithrín Dorcha 's cúmhang, Bóithrín do threóruigh Mílte chum suain.
Mo leun nach bhfuil mise. Mo leun nach bhfuil mise mo Lachain Bhig Bháin, Agus shnámhfainn thar sáile go Frainc no go Spáin, Ní fhanfainn i n-Éirinn aon tseachtmhain amháin Gan ithe gan ól gan crúisgín lán. Gan crúisgín lán, gan ithe, gan ól. Gan séasta le fághail, gan fion, gan feóil, Gan ringceannaibh árda, gan cáil, gan ceól Is ocarach táim, ar fán, go fóil. Mo leun nach bhfuil mise mo shean-phréachan, Go shuidhfinn le tamall ar shean-gheugán, Sháróchainn m'ocarus, ni mar táim, Le grána coirce no práta bán. Mo leun gan mé mo shionnach ruadh, Ag léimnigh ar shléibhtibh go láidir luath, Ag ithe na gcoileach 's na gcearc gan truaigh, Ar lacain a's gé do bhéarfainn buaidh. Mo leun gan mé mo bhradán bán. Ag dul 'san uisge luath lán, Ag gabhail go glic na bhfeilliocán, Ag snámh ar feabhas 's ag snámh ar fán. No mo leun gan mé im' fheilliocán I Mi-mheadhon-shamhraidh go ró bhreágh, Ó phlúr go plúr, ó bhláth go bláth, Gan brón ná buaidhreadh, creach ná crádh.
Go mo leun mé féin im' chineál báird, B'fhearr liom mo bheith im' charraig áird, Im' chloich, no im' chrann, no im' luibh, no im' bhláth, No im' rud ar bith acht im' rud mar táim. Nach dtig liom siubhal. Tá mé ag breathnughadh ar mo ghamhnaibh ag diuil Cia thusa do chuirfeadh mé as mo sheun? Nach dtig liom siúbhal, a's nach dtig liom siúbhal, Nach dtig liom siúbhal ar mo pháirc-se féin! Ní rachfaidh mise go bráth ar gcúl, Má's éigin bheith úmhall duit, 's mór mo leun, Muna dtig liom siúbhal, muna dtig liom siúbhal, Muna dtig liom siúbhal ar mo pháirc-se féin. Is beag mo shuim 'gus is beag mo dhúil, Ann do chóta gorm 's do chleite éin, Nach dtig liom siúbhal, a's nach dtig liom siúbhal, Nach dtig liom siúbhal ar mo pháirc-se féin? Tá an lá ag teacht, mar is léir dom' shúil, Nach mbéidh 'n ár measg-na bhur leithéid bréun A's béidh cách ag siúbhal a's béidh cách ag siúbhal Mar a mbéidh a dhúil a's a thoil-sean féin.
Braon de'n ól. Ni'l ameasg na ndaóine 'nois Cláirseach cruit ná ceól, Támaoid cráidhte faoi gach sgrios, Dibirte 's deireóil, Acht ceurd é an nidh, ceurd é, Chuirfeas greann orrainn go réidh? Is é sin braon de'n ól, ar sé, Is é sin braon de'n ól. Tá i n-Éirinn corp gan croidhe, Corp gan fuil gan feóil, Cosgadh glór an Londuibh, bhí Shoir i ngleann na smól. Acht má támaoid bocht gan spré, Dearmad, dearmad, dearmad é, A's glaodh ar bhraon de'n ól, Ar sé, O glaodh ar bhraon de'n ól. Ghuidh sibh, agus guidhidhe libh, ('S guidhfidh sibh go fóil) Colam, Pádraig h-uile naomh, Peadar agus Pol. 'S na dhearmódamaoid an té Bheidheas le fághail, le congnamh Dé, Is é sin braon de'n ól, ar sé, Is é sin braon de'n ol.
Támaoid cosmhúil le sean-loing Agus í, faoi seól, Óir chomh fad a's béidh sí 'g snámh Béidh sí béidh sí 'g ól, Olfamaoid a's cuirfidh sé Neart a's meisneach ann 's gach féith, A's glaodh ar bhraon de'n ól, Ar sé, O! glaodh ar Bhraon de'n ól. Siúbhal na móna. Is í do chrádh mo chroidhe im' lár Siúbhal na móna, siúbhal na móna Is dí amháin do thug mé grádh Siúbhal na móna sléibhe, Cúl na coille, taobh na coille Cúl na coille craobhaighe, Budh h-í amháin mo mhian 's mo ghrádh Oidh d'fhág sí mé i ngéibhionn. Trá casadh í ar dtús i m' shlighe Siúbhal na móna, siúbhal na móna, Trá casadh í ar dtús i m' shlighe, Siúbhal na móna sléibhe, Las mo chroidhe i m' chorp astigh Mar splanc i lár mo chléibh-se, Budh h-í amháin mo mhian 's mo gradh Cidh d'fhág sí mé i n-éibhionn.
Ní hé sin amháin. Ní h-é sin amháin go bhfuil sneacht 'ar an bhfear Go bhfuil geimhreadh i láthair 's neart seaca 'san spéir 'S nach bhfuil séideadh, lá Márta, na gaoithe chomh geur A's atá sé anois, Ni h-é sin dar ndóigh d'fhág mise faoi chrá 'S mo chroidhe-se go brónach gan sochamhail d'fhágail, Acht mallacht go deó agus brón ar an ngrádh; Is é sin do rinne mo sgrios. A stóirín a Mháire, do chrádhaigh go mór mé Gan trócaire d'fhág tu ná sláinte ná sógh mé, Is budh chaill ar fán, a's lán mire, go deó me, A Mháire bheag bhinn; Is ceusta mo chroidhe-se ag reubadh i m' lár, Ach éist le mo chaoineadh a's feuch mo chás, An t-eug na bhfuighim budh léan leat an cas, Béidh tusa ag caoineadh ann sin. Dar fhírinn an Bhíobla tá sgríobhtha gan lochtaibh Ni caoinfead go síorruidhe sínte faoi 'n riocht-sa Ag iarraidh an nidh sin nach bhfuighfead go socair, Acht tabhair dam Glaine le n ól? Is truagh mar rugadh mé riamh, mo leun! Mar d'fhuig tu gan cúmhacht mo chroidhe-se faoi phéin 'S mar thug nu dham diúltadh faoi aoibhneas a's seun O deunfaidh me cleas maith go fóil!
An dubhan-alla águs an mhíóltog. Sé adubhairt dubhán-alla Le míoltóig, trá, "O tarr liom a-bhaile A chréutúirín bhreágh, Tá grian gheal an tsamhraidh Ag damhsa ar mo theach, Tá ithe is ól ann, Nach dtiucfá asteach? Dubhairt an créutúir mí-chéillidhe Ag dearcadh asteach, "Is tu croidhe na féile, Is breágh é do theach, Acht deirid go mbíonn tu 'g ithe 's ag ól Mioltóigín mar mise, 'Dir fuil agus feóil." Dubhairt an dubhán-alla (Is é do bhí glic!) "Is bréagh mhor, dar m' anam, Is bréag sin a mhic. Tá caoir-fheoil, tá mairt-fheoil, Tá branndaigh ann so, A's an té do bhí marbh Do dheunfaidís beó!"
Bhí an creutúirín meallta Le cómhrádh mar sin, Dubhairt-sí, "tá mé sásta atá tu chomh binn, Acht ni fhanfad acht móimid" Do chuaidh sí 'steach, A's ní chualas go fóil Go dtáinig amach. Na Tri Diabhail. Tá tri diabhail bhreágh' ag ithe mo chroidhe, D'fhág siad mise, mo chrádh gan nidh Rinn an Easláinte a's rinne an Grádh Le pócha-folamh mo chreach 's mo chrádh. D'fhág an Bochtanas mé gan leíne Am' dhonán cos-nochta gan bhróig gan é adhaigh! D'fhág an Easláinte mo cheann go tinn 'S mo chorp go cráidhte - rud gránna sin! D'fhág an grádh mé mar ghual ar lár Mar fhód leath-dhóighte gan múchadh d'fhághail, Níos measa 'ná 'n chasacht 's 'ná 'n fiabhras féin; Níos measa 'ná mallacht ar bith faoi 'n ngréin Níos measa 'ná bochtanas mór, atá An Diabhal air a nglaodhaid na daoine an "grádh." 'S dá mbeidhinn arís am' ógánach óg Ní ghlacfainn ni thiubhrainn ni iarrfainn póg!
Báicottálta. A Phádraig Ui Cheallaidh Ní'l corrán ná speal a' Baint leat o mhaidin go h-oidhche Acht ag obair leat féin O h-éirghe na gréin' Go dtí an trathnóna ar luidhe dí. A Phádraig Ui Cheallaidh, Is sinne bhí meallta Leat-sa, a bhodaigh ró ghránna, 'S níor shaoileas go h-eug Go bhfágfá an "leug" 'S níor chreideas go dtréigfeá an náisiún. Is ait an rud é, Agus sgannraigh sé mé, Ní b'fuighfidh sé forán ná fáilte, Ní maith leis an tír E, soir ná síar Tá Padaidh bocht báicottálta Ni b'fuighfibh sé corrná, Ná congnaimh, ná forán, O Thulasg go dti Cam-áilte, Is mór an rud é, Agus sgannraigh sé mé, Mo chómharsa bheith báicottálta.
Do b'feárr dhó án t-eug 'Ná fágbháil an "léag" Is é bhí ar buile, 'gur dallta. Do thuill sé pionnús Agus feuch a chúis! Tá Padaidh bocht báicottálta. Uaigneach. Fuar-fheadghaoil gheur Na gaoithe géire fuaire. Síor-shéideadh ar an spéir, Och, liom-sa b'uaigneach. Árd-thoran na dtonn Anaghaidh na tráighe ag bualadh An gharbh-gháir áidhbheul throm Och liom-sa b'uaigneach, An faoileán eudtrom 'san aér Ag geur-sgreadghaoil trasna cuantaibh, Sgread agus glaodh na n-éan Le mo chroidhe féin, och b'uaigneach! Guth na gaoithe sna taoide Ag síor-throid le cogadh cúmhachtach, Muir, tír, spéir, séideadh na gaoithe Och! uile go léir is uaigneach!
Maidin Earraigh. Tá 'n mhaidin breágh A's nach dtiucfá A rúin 'sa ghrádh 'g spaisdeóracht Gan stad gan sgith Go Bóthar-buidhe 'S an abhann mhór shiar o'n mbóthar. Tá cearca-fraoich Ann sin ag glaodhach A's tá gach nidh go h-aérach Ta 'n abhann ag rith Thar ghaineamh mín, 'S a bruach fíor-dheas feurmhar. Tá cuilleann ann Sailleóg a's coll Ag fás go trom le chéile, Béidh áit-chómhrádh Againn 'na sgáth 'Nár suighe a grádh linn féin ann. Tá glaodh ó'n gcuaich Ar thaoibh na gcruach A's ise ag cur ort fáilte A's tá 'n fhuiseóg Ar maidin óig Ag seinm ceóil galánta.
Tá "créic-créic" geur As gach moinfheúr O n traghn' 'san bhfeur ag glaodhach, Tá 'n meirrliún mór Dul thart ar tóir 'S an fhilbin óg ag sgríoch. Ar chaisearbhán 'S ar nóinín bán S ar h-uile bhláth tá drúcht geal, Tá 'n mhaidin ciúin O fág do shuan A's tar a rúin ag siúbhal liom. Níór sgar an ghrian Go fóil aon bhraon De'n drúcht ar bhárr na páirce, Budh mhór an chaill Dá, mbeidhtheá mall A's h-uile bhall chomh breágh sin. Tá iasgairidh Ag iarraidh A líonta do tharranigt, Tá fuaim na rámh Ag teacht go sáimh Ameasg na n-áill 's na gcarraig
Nach fearr fá dhó Aon amharc de'n cheó Ag éirighe ó na sléibhtibh Ná síor-chrónán Na gcearc 's na n-ál A's fuaim na gcárt ag géimnigh. O tar a rúin A'sh fág do shuan, Eirigh a rúin 's a stóirin, Ta'n mhaidin mhoch 'S tá abhann a's loch Ag soillsiughadh 'nois mar ór-bhuidhe.
Riaghail Eireannach i n-Éirinn. Nois inneósaidh mé an fhírinn', Tá aon rud go fóil le fághail, "Riaghail Éireannach i n-Éirinn" Sin an rud atá teastál, Sin an rud atá teastál uainn. Easbhuidhe mhór i n-Éirinn áluinn Acht ni féidir a chongbhail uainn, O ni féidir a chongbháil. Riaghail Éireannach i n-Éirinn, Sin an focal 's milis linn, Focal a bhfuil éifeacht géar ann Focal bríoghmhar, focal binn, Oir 'sé Sacsana do chráidh sinn, 'Sé do scrios a's do robáil sinn, 'Sé do mhaslaigh a's do cháin sinn; 'S gearr go gcosgfamaoid-ne sin? Riaghail Éireannach i n-Éirinn! Focal tógas h-uile chroidhe, H-Uile fód dí a bhfuil féar ann, Béidh sé ag na h-Éireannaigh'. Béid sé uile ag na daoinibh Tá le fad ar fán d'á ndíbirt; Nuair fillfidh siad thar taoide Béidh na Sacsanaigh gan bhrigh.
Tá na néallta troma ag bagairt. Tá na néallta troma ag bagairt, 'S beag-nach baint le bárr an tighe, Tá an toirneach throm ag freagairt Gach aon splanc de'n teinntigh bhuidhe, Liom-sa féin astigh am' rúma Caol, beag, teith, tá mé mo-shuidhe, Dearcaim ar na spéarthaibh gruama Agus éistim leis an ngaoith. Bhí mé eudtrom aéreach beódha Ar an maidin óig andé Acht nuair tháinig an tráthnóna Súd, mar dhuine marbh, mé! Ni'l aon tsúil agam le dadaidh Acht le leabuidh ann san gcré, 'S cuma liom-sa bás no beatha, Feasta, ó'n bhfocal chualaidh me. Géim a thoirrneach, léim a theinnteach Ni chorróchad cnámh ná féith, Sguaib anuas as na sléibhtibh, Tuitidh orm a's brúighidh mé. Pléasg a thoirrneach, taodhm a fhearthain, Báith an domhan as folaigh é, D'imthigh seun a's sonas tharm, 'S cuma liom an bás ó 'ndé.
An Seachránuidhe. An fraoch fliuch fuar is é mo theach, Is é mo leabuidh an charraig liath, Atá modheóir agam mar deoch, Tá faitchios mór agam mar bhiadh, Ta fead na n-éan agam mar cheól, A's gáir an easa dul le fánuidh, Mo lámh is í mo chorn le h-ól, Is iad mo smuaíntidhe mo chompánaigh. Atá, anocht, mo chóta mór Mar phlud, mar bhraithlín, a's mar léine, Aon chróin amháin is é mo stór, Acht fós, ni chaithfighthear liom féin í, Oir dá mbeidh' agam maoin an righ Budh bheag an gar é do sheachránuidhe, Ar phunta mine bheurfainn í Le m' ocarus ró mhór do shásugh'. Dá bhfeicfeadh m'athair mar tá me Is é gan bhréig do bheidh go brónach A's beidh' mo mháthair gol go géar Dá dtuigfeadh sí mar tá a stóirin. Acht och! dá bhfeicfeadh Máire mé An uair seó féin, a righ na ngrásta! B'fhearr léithi Eoghan ann san gcré Ná ag fulaing geur-chráidh mar atá sé. Cuirfidh mé deireadh le mo ghol, Tá'n ghaoth aniar go géar ag séideadh, A's le gach focal tá sí dul Ag méadughadh agus ag síor-mhéadugh'
O séid a ghaoth a's réab a ghaoth A's pléasg na spéartha as a chéile, Seó rómhad an croidhe nach sgannróchaidhe Dá leagfá air, na cnoic 's na sleíbhte. Fear Maith , acht é lom. Fear, acht é lom 'S a shaidhbhreas bheith gann Ní éistfighthear leis Aon uair ná am, Acht déarfaid gur cam An fear é, 's gur fann, 'S go mbudh dual athar é Go mbudh suarach an chlann. Acht tuigidhe, an té (Cia bé ar bith é) A bhfuil aige saidhbhreas A's maoin a's spré, Go mbéidh (no go dtéidh An fear sin 'san gcré), Meas agus onóir air, M anam go mbéidh!
Bocht, tréigte. O! dá mbeidh' ar an tsaoghal so Aon bhall beag bán, Do bheith liom fein, liom féin go deó, Liom féin amháin, Budh mhór an seun, budh mhór an sógh, Thar mar atáim, Gan áit 'san tsaoghal is féidir liom "Is liom sin" do rádh. Is truagh fios do bheith Ag duine, 's is crádh, Nach bhfuil ann san saoghal, air, Gean ná lámh, Nach bhfuil ann san tsaoghal aige Croidhe ná lámh, Do bhéarfadh dhó congnamh Go bruinne an bhráth'. Is geur agus crúaidh agus goirt an leun Is donas, is truagh, Do bheith leat féin, Is cuma mar bhéidheas tu Le gach aon, Is cuma, fá dheireadh, é, Leat-sa féin.
Éire mo mhúirnín slán leat go bráth. 's fuar í an ghaoth orm, cruadh-lá Márta, Éire mo múirnín, slán leat go bráth; agus mise ag triall anonn thar an tsáile. Anonn thar an tsáile, mo chreach! mo chrá! O tá mé ag triall uait, a mhúirnín dhileaas, Beannacht agus fiche ort, a rúin om' chroidhe-stigh, Beannacht ort go buan, och beannacht agus míle, 'Sa Éire 's a mhúirnín slán leat go bráth. O Anntruim go Corcaigh ta brón ar na daoinibh Tá sgaptha, sgannraiththe, dul an fá , Ní'l baile ná sráid, ann nach gcluinfidh tu caoineadh, "Éire mo mhúirnín slán leat go bráth." Is fada uainn an solus, is dorcha an oidhche, Is mór atamoid sgaptha, is fad atámaoid sgaoilte, Na fir agus na mná agus na páistidhe d'á ndíbirt 'Sa Éire mo mhúirnín slán leat go brát. Is fuar orm, géar orm, saobhar na gaoithe, Ta an tsioc ar na sléibhtibh réoidhte bán Acht is fuaire 'ná sioc a's 'ná stoirm mo chroide-s A's mise ag caoineadh, "slán leat go bráth." Slán leat, a's slán leat, a choidhche a Éire, Slán le do ghleanntaibh, do thráigh, a's do shléibhte Le do mhuinntir 's do chlainn-se, uile go léir uaim, Slán leat agus leó-san, arís, go bráth.
Le h-ais na taoide. Do sheas 's do shuidh mé le h-ais na taoide Ar charraig ísill, le muinéal crom, Ag deunamh smaointe 's go síor ag caoineadh Na ndaoine díleas bhí, trá, liom ann. A Mhuire dhíleas! cad fáth nach gcaoinfinn An uair smaoinighim ar an uaith loim? An trá chuimhnighim, mo chrádh! ar daoinibh Atá 'nois rince faoi chreafóig throim Ní'l áit le fághail ann san tsaoghal lár A thógas crádh agus brón de m' chroidhe, Acht amharc na fairrge glaise gairbhe O bhárr carraige, 's nach ró bhreagh í! Is ann sin tagann i m' chuimhne chráidhte An t-am bh'áluinn, an t-am do bhí, Nuair bhí mé snasta, aigiontach, gasta, Misneamhail, láidir le siúbhal no rith. Glas-choillte tiugha, no purtaigh dubha, No bruach an locha, mo moinfhéar bán, No an baile-mór, no an tsráid, no an bóthar, No teach-an-ósta na gcrúiscín lán, Ní féidir leó-san baint díom mo bhróin-se, (A's m'inntinn shóchamhail dul le fán,) Acht amharc na fairrge buaidheartha gairge Toranaighe gairbhe móire, amháin.
Go fíor a's go dearbh is rud ro shearbh Cuimhniughadh ar na mairbh, gan maith gan fáth, Ar aimsir gheanamhail, comrádh greannamhail Breugadh banamhail, gean a's gradh, Acht O! is brónaighe na aon rud chómhairigh me Thu do bheith eólach go raibh tu, trá, Spórtamhail, eudtrom, aigeantach, seunmhar, - 'S anois, go bhfuil tu gan seun gan ádh!
An rud atá faoi do láimh. An rud atá faoi do láimh, An rud atá faoi do láimh, Nach ndeunfaidh tu é Go socair 's go réidh? Is fearr do bheith socair sáimh. D'obair ó lá go lá, D'obair ó lá go lá, Ó is éigin duit féin A leanamaint go treun, Nár bhfearr dhuit a leanamhaint le grádh? Is cuma liom léighean ró mhór, Is cuma liom léighean ró mhór, Ní h-é acht do leabhar O bhfágh' tu do chabhair, Ma ghoidtear é, 's beag do stór! Ma tá tu an-mhúinte, féin Má tá tu an-mhúinte, féin An gcosgfaidh sé sin Do chroidhe ó bheith tinn? Méadóchaidh sé, fós, do leun. Tá eólas tre d' cheann ag rith, Tá eólas tre d' cheann ag rith Acht mur bhfágh' tu leis biadh, Dar m'anam, 's dar fiadh, Bfhearr tu gan eólas ar bith!
Clú gan tairbhe buan, Clú gan tairbhe buan, Is brionglóid na hoidhche é, Is dinéar de'n gaoith é, Is focal beir bean le cluain.
Druim-an-Óir. Ar lorg dáin le "Dreoilín." Tá gaoth an gheimhridh sgallta fuar Thart timchioll Droma-'n-óir, Acht ann san halla taobh-astig Tá síothchán ann go leór. Tá gach sean duilleóg dul ar crith, Acht is óg an beanglán thu, Seinnfimid lóithín, ló, ló, lán, Lóithín, a's lul, la, lú. Nár thig aon droch-rud idir mé, 'S mo naoidheanán gan bhrón, Nár thig aon tais ó'n Abhain Duibh, Ná Bean-sidhe Chlainne Eóghain; Tá Muire máthair os ár gcionn Ag iarraidh grása dúinn, Seinnfimid lóithín, ló, ló, lán, Lóithín, a's lul, la, lú. A róis mo chroidhe, a shlaitín úr. As ghárrdha Droma-'n-óir Bí ag fás go mbéidh gach cleite beag Mar sgiathán iolra mhóir; A's léim ann sin ar fud an tsaoghail. Oibrigh a's saothruigh clú, Seinnfimid lóithín, ló, ló, lán, Lóithín, a's lul, la, lú.
Deireadh Fir Mhoir Cliabhán óir fút, a's tu óg, Máthair chóir dhuit, a's neart póg. Capall aéreach, a's tu d'ógánach, Sgol agus léighean, a's dlúth-chompánach. Bean áluinn, a's tu id' fhear, Teach fairsing, 's gach nidh do bh'fearr. Bean mhín, páistidhe, séada, Bath, maoin, táinte, tréada. Áit le suide, áit le luidhe, Neart bidh, agus neart dighe, Fá dheóidh, do seanóir ameasg seanóir, Ort-sa, tá meas agus onóir. Id cheann ar choiste, ar chúirt, ar chómhairle, 'S ní miste thu na seanóiridhe. Deireadh laétheadh, 's an bás, ann sin An t-aiséadach, an clár, 's an chill. - Cad é tá 'gad de bhárr anocht Ar Éamonn-na-Déirce no Seághan Bocht!
An Corcaigheach ag ol. mB'l'athcliath an Bhéarla Cia chasfaidhe orm, lá, Acht an Corcaigheach aéreach, Fear Gaedheilge breágh. Chuadhmar le chéile A's shuigheamar síos, Gan fhocal acht Gaédheilg Ag ceachtar de'n dís Nuair ólamar cáirt, Agus pionnta air sin, B'fhiú éisteacht le breághthacht Na Gaedheilge binn'! Nuair ólamar cáirt Agus pionnt' ag gach aén, B'fiú éisteacht le láidreacht Mo Ghaedheilge féin! Acht mo leun, a's mo bhrón, A's nach truaigh é sin! An méad do bhí ólta Níor éirigh sé linn. Do thuit an Corcaigheach A's mise araon, Agus briseadh a chloigionn 'S mo chloigionn-sa féin!
An dair, 's an traithnín. Má's fíor, mar deir tu liom ar uairibh, Gur feárr do'n láidir 'ná do'n lag, 'S fíor fós, má tá an aimsir buaidhrighthe, Nach olc an rud bheith ísioll beag. Dair do bhí ag fás go flaitheas, Leagadh í le neart na gaoithe; Deir an traithnín "ní bhéidh faithchios Orm-sa roimh an stoirm choidche"!
An t-óigfhear cráibhtheach. Tabac ni chaithim, a's deoch ní ólaim, Is ag fághail bháis tá mé le méad mo mhaithis, Cárda ni imrim, a's bean ni phógaim, Ni oireann áit dam acht lár na bhflaitheas! Leabhar ni leíghim acht leabhar diadha, Ni ghabhaim abhrán acht abhrán cóir, Adeir mo cháirde gur mór an t-iongnadh, 'S dar m'anam adeirim féin gur mór. Ní chaithim tabac, mar is nimhneach m'fhiacla, Ní ólaim deoch, mar is tinn mo chroidhe, Ni imirim cárda, mar táim gan airgiod, 'S an bhean do phógfainn is fad uaim í. Fuair mé mé féin ar an mbóthar caol sin, Agus lean mé dó le sásadh mór. - Leabhar ni léighim acht leabhar diadha, 'S ni ghabhaim abhrán acht abhrán cóir.
Caoineadh an Dhómhnallaigh le n-a dhearbhráthair. Ochón! anois, mar tá an tréin-fhear crochta Gan trócaire le fághail, Deir siad linn gur mór a choir 's a lochta, Acht 's fíor-ghlan linn-ne a cháil. An uair do bhí an fealltóir bréagach tollta 'Na ucht le do pheiléar, Do rinne tu an gníomh do bhí molta Ar feadh an domhain go léir. I n-Aifric, fad ó Éirinn, ag an gCápa Chuir tu an fealltóir síos, Sdá mbeidhtheá, mar budh chóir duit, ann, tri- álta. Do sgaoilfidhe thu arís. Acht rugadh thu go Sacsana, gan feitheamh, Go cúirt do námhad géar, Budh námhaid duit an coiste a's an breitheamh, 'S na Lonndonaigh go léir! Ann sin, ni leigfidhe do'n Americánach Do chuireamar anonn. Do'n fhear-dhlighe cliste, abalta, galánta, Aon rud do labhairt ann. A's sul shuidh breitheamh ort, no cúirt, no coiste Le breathnughadh ar do chás, B'é inntinn gach aon fhir bhí ar an liosta, - "An Gaodhal chur chum báis."
Nois ann san uaigh fhuair, ó tá tu sínte, Go saoraigh Dia thu, Is buaidheartha brónach bocht atá mo smaointe, Is brónach mé andiú.
Tar eis an chatha. An uair a smaoinim ar chás na h-Éireann Bionn mo chroidhe ann mo lár ag reubadh. An uair chuimhnighim ar bhás na ndaoine Do chosain Éire go dána díleas, Tá siad sínte ar thaoibh an tsléibhe, go ró ísioll le na chéile. Folaighthe faoi fheur a's faoi luibheannaibh árda, Fada ó charad, ó chabhair, ó cháiraibh Ní'l aon chlann ná bean 'na láthair, Ní'l sagart ann le fághail, ná bráthair, Acht tá fiach an tsléibhe 's an fiolar fionn Dul thart ann sna spéarthaibh os a gcionn. Gan dídionn 'san lá, roimh lasadh na gréine, 'San oidhche gan sgáth roimh sileadh na spéire, Is iomdha deagh-shaighdiúr, súgach a's binn, A bhfuil a bheul meadhrach dúnta ann sin. Is iomdha ceann dualach, 's poll an t-shaorail ann, No é sgoilte a's roinnte le faobhar an iarainn. Is iomdha óg-brollach ann, tollta le poll, An poillín beag dubh sin, 'bhfuil bás duine ann.
Ann sin tá fir bhochta 'gus sgathfairidhe treuna, A bhfuil a gcorp nochta gan bheiste gan léine. An t-óigfhear bhí státamhail áluinn aréir Nuair d'fhág an bhean ghrádaigh sé, póg ar a bheul. Tá anois i n-áit loirg na póige - mo leun! An fhuil dubh ag brúchtadh amach thar a bheul. Is iomdha fear-píce a's gaisgidheach cliste, Do chonnairc mé sínte 's a súile geal' briste. Ta fuil ar an lann, 's ar an láimh bhí dá stiúradh, Ni'l aon le n-a triomughadh, ni'l aon le n-a sgiúradh. Is iomdha bean-phósta, a's leanbh 'na h-ucht, Gan céile, ná athair d'a paiste, anocht. 'S iomdha caisleán gan tighearna, a's tighearna gan tigh, Agus bothán beag tréigthe gan aon duine faoi. Is iomdha óg-mhaighdean bhfuil deór ar a gruaidh Mar gheall ar an saighdiúr nach bhfillfidh ó'n uaigh. Is iomdha teach sona do chaill fear-an-tighe. Is iomdha each-cogaidh 'bhfuil fear marbh faoi. Tá gáir agus sgread ann, tá deóir agus caointe, Agus geur-ghol mar gheall orra sin atá sínte.
Do chonnairc mé sionnach ag fágbháil a phruch- lais Ag iarraidh cuirp do shásóchadh a ocruis. Tá mac-tíre garg ar Charraig-Ui-Néill A bhfuil fuil ar a theangaidh, a's fuil ar a bheul Do chonnairc mé iad, a's chualaidh mé guth Na bpréachán-gcearc a's na bpreachán dub' Teach gan teine fuair mé 'san oidhche, Acht ni raibh duine le fághail san tigh sin. Ag bárr na glinne - chonnairc mé sin - An teallach gan teine, 's an teahc gan binn. Ag bonn an gháirdín - is fíor é seó - Bhí an fear galanta, acht gan é beó. Do baineadh an ceann d'á mhuinéal bán, Agus ni raibh annacht an corp amháin. Ochón! nach bhfuil fearg ar Aon-mhac Dé! Ochón! an fhuil dhearg bhí dóirte andé.
Tá athrughadh ag teacht. Tá athrughadh ag teacht, 'sé an t-athrughadh mór, Agus ní bhéidh brigh i maoin ná i stór, Éireóchaidh an té bhí beag go leór, Agus tuitfidh anuas an té bhí mór. Tiucfaidh an uair, 's ni bhfad uainn í, Nach bhfágfaidh neart i seacht ná i ndlighe, Agus cromfaidh an muinéal nach raibh crom, An uair a dtiucfaidh sé, tuicfaidh sé trom. An uair a dtiucfaidh sé tiucfaidh sé trom, Béidh sé ramhar an té bhí lom, A's béidh sé lom an té bhí ramhar, Gan fosgadh d'á cheann gan greann gan cabhair. Árdóchar an t-Ísioll, adeir an bárd, Ísleóchar arís an nidh bhí árd, Athróchar an domhan ó bhárr go bonn, An uair a dtiucfaidh sé tiucfaidh sé trom. Má chidh tu féin an nidh sin teacht, S an tír gan seun, gan dlighe, gan reacht Sguaptha le stoirm, gan fhios, gan bhrigh, Cuimhnigh orm 's ná bris do chroidhe. Tá an Saoghal so mar long 'S mór a bhaoghal ar an dtonn Seal go ciúin a's seal faoi stoirm, Amúgha ameasg na dtonntrach gorm.
Tá an Saoghal so 'na chrann Bárr-ghlas, craobh-bhog, cairt-mhín, sleamhan, Acht tá péistin ann go dlúth h-uile lá ag diúil a shúgh, Acht ó'n tsean-chrann seargtha, fuar, Fásfaidh aníos plannda úr, Geobhaidh an sean-domhan bás gan truagh, Acht fásfaidh an domhan óg as a uaigh.
D'irisleabhar na Gaedheilge Tá bliadhain 'nois imthighthe, 's mór an rud é, O cuireadh ár leabhar ar bonn, O thosaigh ar mbád beag le bánughadh an Laé Ag sgoltadh go dána na dtonn. Bhi an fhairrge 'g at, bhí an stoirm ag séideadh, Bhí an t-uisge ag fiuchadh 's na tonnta ag méadughadh. Acht is cuma linn buaidhreadh bagairt no reubadh Na spéartha dubh gorm no donn. Tigidhe le chéile, a chroidhthe na féile, Árdóchamaoid seól ar na gcrann, Ar ball béidh si gleusta faoi anairt bhreágh ghlégil go h-éadtrom ó cheann dí go ceann. Ag léimnigh mar éinín, ag rincge 's ag gáire, Ag snámh mar an eala go h-aéreach, go h-áluinn, Ag treabhadh na dtonn go doimhin a's go dána, Is ionann dí cnoc agus gleann. Huí! Huí! a dhaoine, a Laighnigh 's a Mhuimhnigh, A Ulltaigh, 's a Chonnachtaigh buan'. Tarraing na rópaidh, a's árdaigh na seólta, agus teannam le ceól thar an gcuan. Teastuigheann uainn congnamh gach duine i n-Éirinn, Ni bhéidhmid-ne sásta go mbéidhmid le chéile, Go mbéidhmid-ne cruinnighthe uile go léir ann, ar aon fhocal, inntinn, a's rún.
An pháirc air a dtroidmid, is páipéar é, Agus ní'l ann ár gcloidheamh acht peann Ní'l ann ár loing-cogaidh acht bád beag glé, Ag iomchar na mbárd 's na rann; 'Sé mór-chuid de bhreacadh ar pháipéar bán, An t-abhrán, an rann, an sgeul, a's an dán Do líon ár long o bhonn go bárr, Ár long atá láidir teann. Sul ar rinneadh ár long ó bhonn go bárr, Bhí ádhmad le leagadh ar dtús, Bhí crainn d'á ngearradh, le deunamh clár, Budh mhór ár ngádh a's ár nguais! Bhi uirlis le fághail, a's bhí saoir le fághail, Ag gearradh 's ag cumadh na seol-chrann árd, Ag sgapadh an dorchadais ceó, agus sgáil, Do bhi le fad ar ár gcúis. Acht cuirimid fáilte anois roimh an dream Tá ag díbirt na sgáile 's an cheo, Do bhí ar oileáinín na sliabh ' s na ngleann, Do bhí ádhamhail séanmhar fad ó. Tá séideadh na spéire ag deunamh ceóil Thart thimchioll na loing', tá faoi shíoda 's fao shról, O! congbhuigh, O! congbhuigh, mar tá sí, faoi seól O! congbhuigh faoi seól í go deó.
Agus guidhim, a's guidhfead arís ó mo chroidhe, Go raibh bliadhain lán séin agus ádh, A leithéid dhe bhliadhain 's budh mhian linn í, Ar thobar na Gaedheilge breágh. Agus guidhim a Thighearna go gcuirfidh tu seun Ar dtús ar ár leabhar, ann sin orrainn féin, I n-Éirinn, 's i n-Albain, i mbaile, 's i gcéin, agus beannacht libh uile go bráth.
Maol-Chnuic Chláir. Cidh, a bh-fad atáim ó Eirinn, bháin, agus brón am' chroidhe, Léim mé andiu thar uisge an tsroth' tá eadrain a's í; Agus shiubhlas í arís am' chroidhe, ó bhonn go bárr, Ag dul ar strae nó go d-táinig mé go Maol- Chnuic Chláir. Bhí an t-sláinte am' chomhair a's misneach mór 'san aimsir sin, Agus ní raibh fuiseóg ar an móin do bhí chomh binn; Budh ghairdeach bhí, ar feadh gach ní, mo chroidhe in mo lár, Go d-táinig baoghal, a's bás a's neull go Maol- Chnuic Chláir. A's dar liom féin, budh díleas, treun, mo cháirde annsin; Agus sgap mé ór orra a's stór, mar uisge ar linn; Go d-táinig uair 'n a bh-fuair mé buaidhreadh, brón, a's táir; 'S níor sheas mo cháirde le m' thaobh an lá sin ar Mhaol-Chnuic Chláir. Bhí maighdean óg annsin, 's a póg mar fhíon nó beóir, Dá d-tug mé searc, a's greann nár thearc, a's grádh ró-mhór:
Acht thug sí í fein do bhodach treun, a raibh ór 'n a laimh; 'S cheil mé mo bhrón ar chách san domhan acht ar Mhaol-Chnuic Chláir. Ar easbhuidh óir, gan spré, gan stór, gan dóthchas, gan grádh, Níor fhulaing mé annsin do bheith in áit mo chráidh, Acht bhris mo chroidhe nuair d fhágas í, mo thost gan gáir, A's teip mo shiubhal nuair chuir mé cúl le Maol- Chnuic Chláir. Tá mé anois nó aosta, a's bhris mo neart a's mo lúth, Tá sgáile an bháis i g-cómhnuidhe ag fás 's ag teacht go dlúth; Acht guidhim, a Dhé, nár síntear mé i g-cómhra ná 'g-clár Nó go luighfead síos 'n bhur measg aris, a Mhaol-Chnuic Chláir.
Lá i n-Éirinn. Ceithre speal' geura ag siúbhal le chéile, Ag dul i n-eudan an mhóinfheir mhóir, Ceathrar fear láidir le lúth 'ná lámhaibh Ag buaint na m-báidhe* glas os a g-cómhair Mise an ceathramhadh duine de'n dream sin, Agus mo speal-sa ag dul gan sgith, 'S ní raibh mo speal-sa im' láimh an trath sin Acht mar bheidh' traithnín no coinlín tuighe. A Righ na glóire nach athrughadh mór é O bhí mé i m'óigfhear, fad, fad ó, Agus teas na gréine ag lasadh m' eudain Ag baint an fhéir sin, lá breágh gan ceó; Cailínidh bána ag deunamh gáire Ar feadh na páirce ag rácáil féir, As iad go súgach 'san maidin chúbhartha, A's fuaim a nguth már bheidh' ceól san aér. Do bhídheadh na beacha ar tóir na meala 'Gá tabhairt d'á neadaibh ameasg an fhéir, Ag eitioll 'n ár n-aghaidh-ne go mear 's go meadhrach, 'S ag dul as radharc le srann beag geur. A's na féiliocáin ar na fothanánaibh, 'S ar na buachalánaibh 's ó bhláth go bláth, Ar sgiathán eudtrom ag luidhe 's ag éirighe, 'S ag siúbhal 's na spéarthaibh - is iad bhí breágh. * Báidhe = slaod féir baintear le buille speile.
Bhí an lon 's an smólach i gcoill na g-cnó beag Ag deunamh ceóil bhinn mar cheól na m-bárd 'S an fhuiseóg aérach 's abhrán 'n a béilín 'G á luasgadh féin ann san speir go h-árd. Bhí an ceirseach aoibhinn ar bhárr na craoibhe 'S a phíobán sínte le port go binn. A's a Dhé na ngrása is é bhí breágh, bheith I n-Éirinn áluinn 'san aimsir sin.
Do'n bhas. Is námhaid mór, is carad mór, Beannacht a's mallacht, thu, a Bháis! Is leat an speal a Spealadóir Nach bhfágann plannda fad ag fás! Bíonn faitchios rómhad' bíonn fáilte rómhad, Bíonn aoibhneas rómhad agus bíonn brón, Castar anois 'san mbaile-mór 'S castar arís thu ar an móin. Ort sa ní féidir buaidh 'bhreith Is treun do sheirbhisigh gach uair, Searbhfóghanta dhuit an teine theith, Searbhfhóghanta dhuit an t-uisge fuar. Searbhfóghantaidh dhuit i lár an chroidhe An brón án Imnidhe a's an Fhearg, 'S an Phláigh a thigeas ar an ngaoidh, Searbhfóghanta dhuit an Cogadh Dearg. Buailteór thu d'oidhche a's de lá, A Bháis atá do shúiste trom, Buaileann tu buile ar bhuile orrainn Mar phunnainn ar an urlár lom. Tig le gach bliadhain fóghmhar punnann (Punnainn tá ionnainn, fear a's bean) Tá an domhan iomlán mar aon sgioból Ann a mbuaileann tu an t-óg 'san sean.
Cuma leat gráineamhlacht no sgiamh Cuma leat fírinne no bréag, Cruthaigheann tu do'n righ gur b'é 'Na dhuine tréith lag, úmhall do'n éag. Chonnairc ár n-aithreacha righ mór, Le 'r beag go leór an saoghal iomlán, 'S bud shásta é tar eís a ghlóir' Le cúpla fód 's le cúpla clár. Ní bhéidh a shamhail ann go deó; Níor chongbhuigh Eóraip 's Aria é, Acht 's beag an toirt bhí ann, an lá Do caitheadh air, aon tsluasad chré. Deirid go bhfuair sé míle buaidh Ar gach aon tsluaigh 'san domhan iomlán Acht chuir tu é ag líonadh uaigh' Mar giolla truaighe no bochtán. A bháis is tu nach gcromann ceann Go faon-lag fann i gcúirt an righ, Cia bé an áit a rachas tu Is máighistir thu atá gan dlighe. Nár chaillidh tu go bráth do chlú, S na baintear dhíot do shúiste trom, Ni fhacas aon chomráid acht thu Bhi leis an ramhar mar leis an lom.
Óid do'n Oireachtas mór i mBaile-Ath-Cliath, 1897. Éireochamaoid feasta, tá'n lá geal ag teacht A's ni bhéidhmid faoi smacht mar atámaoid, Ag sméirle gan bhrigh no lucht Béarla gan croidhe, Acht bhéarfamaoid aghaidh ar an námhaid. A chladhaire an Bhéarla, luidh síos go deó, Tá an fíor-spiorad beó anns na daoinibh, Ní'l meas ar do shórt ar do chleas ná do spórt Ag ógánaibh cneasta na tíre. Bhí an Béarla mar smúid ar an spéir anns gach clúid, Agus dhall sé na h-Éireannaigh fíora, Acht tá sibh ann so go láidir 's go beó Go dtógfaidh sibh ceó dubh na tíre. Anns an áird-teangaidh bhí ag bórd agus saoi Cuirim rómhaibh-se na naoi míle fáilte, Roimh mór agus beag, roimh óg agus sean, Roimh fear agus bean agus páiste. Ta cláirseach na h-Éireann le fada faoi bhrón Agus lionn-dubh, ochón! ar a téadaibh, An cláirseach do bhi 'ná lúthgháire do'n chroidhe Atá sí gan bhrigh, a's í réabtha. Acht sgeithfidh sí ceól anns na spéarthaibh go fóil, Béidh guth anns gach téad do bhí briste, Imtheóchaidh droch-fhíon, soillseóchaidh an ghrian Ar shlóightibh na bhFiann bhí sgriosta.
Do fuaireas an focal ó éan ar an gcuan Agus dubhairt sé nach buan a's nach síorruidhe An sglábhuidheacht d'fhág an tsean-mháthair faoi chrádh, A's go bhfuighimid a bhfuilmid d'á iarraidh. Ag feadóig an tsléibhe do chaulaidh mé sgeul go gcuirfidhear an Gaodhal i n-áirde. Lucht Béarla faoi cheó a's faoi náire go deó, Agus sonas a's sógh ar ár gcáirdibh. Cá bhfuil na daoine de mhuinntir Ui Néill Nach gcamfadh a bheul leis an mBéarla? No sliocht na ríogh mór, Clann Conaill, Clann Eóghain, A's Gearóid bhí i Laighnibh 'na iarla. O Conchúbhair bhí i n-Éirinn 'na righ, Ar thréig siad teanga a máthar, Ar chaith siad díobh an diallaid d'á ndruim Le dul gan aon tsuim faoi an tsráthar! Árdóchamaoid teanga na h-Éireann le bród, Ár sonas ár seód a's ár bpéarla, A's cuirfidh sí ruaig a's béarfaidh sí buaidh Ar ghlafarnaigh chruaidh an Bhéarla. Ni bhfuighidh sí bás, acht béidh sí ag fás Ann a chrann breágh craobhamhail áluinn, Agus sgapaidh an sgeul ó bheul go beul Go mbéidh saoirse 'gus seun le fághail ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services