Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Úbhla de'n Chraoibh

Title
Úbhla de'n Chraoibh
Author(s)
De hÍde, Dubhghlas,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An
Composition Date
1900
Publisher
Gill agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Roimhrádh.



Do cuireadh i gcló na h-abhráin agus na dánta so
leanas ann san bh Freeman Seachtmhaineamhail, cuid
aca go déigheannach agus cuid eile aca na bliadhanta
ó shoin. Do chuir muinntir an Freeman i mbuan-chló
iad, chongbhuigheadar na plátaí agus thugadar damh-sa,
tamall beag ó shoin, iad. Ar bhfághail na bpláta
dham, tháinig sé ann mo cheann leabhairín beag do
dhéanamh díobh, agus ag so é!



Ni h-iad na h-abhráin do b'fhearr liom féin, ná na
dánta is mó do thaithnigh liom féin, atá ann so, acht
amháin na h-abhráin a bhfuil a bplataí agam-sa fós,
óir do cailleadh cuid mhór de phlátaibh eile orm, agus
ní'l ann so acht ar mhair dhíobh.



Tá faitchios orm gur ab iomdha lochd-cló atá
ionnta, acht ní mise atá ionntach leis sin. Is
nádúrdha nach mbeidheadh siad saor ó lochdaibh-cló,
agus iad clóbhuailte mar do bhíodar, go réidh agus


L. iv


go deifireach, i bpáipéar seachtmhaineamhail, agus
gan a bheith ar chumas an úghdair a leasughadh i gceart,
sul rinneadh na plátaí. Nuair cuireadh an chuid is
mó de na dántaibh seó i gcló, ni raibh an ceathramhadh
cuid de'n tsuim ann san teangaidh ann a sgríobhthar
iad, agus atá andiú, buidheachas le Dia. Na briathra
do chuir mé síos i n-Iotáilís ar an duilleóig eile,
do sgríobh an t-úghdar clúdhamhail Alfieri iad, céad
bliadhan ó shoin, acht mínigheann siad m'inntinn féin
go díreach, agus mínigheann siad í chomh maith sin go
gcuirfidh mé síos ann so i nGaedheilg iad. "Ní
féidir," ar seisean, "mo chongbháil ó grádh do
thabhairt do'n nidh atá fíor agus do'n nidh atá áluinn
óir b'fhearr liom go mór (agus glacaim h-uile ocáid
le n-a rádh go follusach) b'fhearr liom-sa go mór
adeirim, sgríobhadh i dteangaidh atá, thig liom
a rádh, leath-mharbh, agus an son náisiúin leath-
mhairbh, (cidh go bhfeicfinn mé féin, mar gheall
air sin, curtha ann san uaigh roimh cheart-uair mo
bháis), 'ná do bheith ag sgríobhadh ann sna teangthaibh
balbha mi-bhinne sin, an Fhraincís agus an Sacs-
Bhéarla, cidh gur mór ann san bhfáisiún iad féin agus
riaghla a litireachta." Is mar sin liom féin


L. v


B'fhearr liom aon rann binn amháin do thabhairt uaim
ann san teangaidh atá mé d'á sgríobh anois, 'ná lán
leabhair de bhéarsaigheacht do chumadh ann san mbéarla.
Oir dá mbeidheadh aon mhaith ann mo bhéarsaigheacht
Béarla, ní do mo mháthair Eire do rachadh sé i dtairbhe,
acht do mo leas-mháthair Sacsana.



Thug mé "Úbhla de'n Chraoibh" ar an leabhairín
seó. Acht go deimhin tá droch-shnuadh ar mo chuid
úbhall. Ní 'l siad dearg ná dathamhail, agus ní'l
siad cóirighthe go bláthamhail blasta ar mhéis áluinn
mar budh mhian liom. Acht má 's milis iad le cor
bheul, ann so no ann súd, (agus sin rud nach bhfuil
me dána go leór le súil do bheith agam leis) b'éidir
go mbainfidh mé am éigin eile tuilleadh úbhall de'n
chrann céadna, agus tá súil agam go gcóireóchaidh
mé iad ar phláta níos sleachtmhaire 'ná an pláta
bocht so.



Mise



An Chraoibhín Aoibhinn.


L. 3


An Dibirteach.



Do casadh orm díbirteach
S an bhFrainc, ar easbhuidh béile,
Is caithte bhí a fhalaing-sean,
Is tana bhí a léine,
Bhí leis féin ag gluasacht
Anonn agus anall.
Ar bhruach fuar glas na fairrge
'Sa shúile ar an talamh,
Trom, tuirseach, brúighte, buaidheartha,
Bhí deóra goirt' 'gá dhalladh
Budh lag do bhí a ghluasacht,
Budh lag, agus budh mhall.



Do shéid an ghaoth go colgach,
Do bhí an talamh reóidhte,
Budh léir dham, nuair chonnairceas
An duine brúighte breóidhte,
Go raibh se ann a dhíbirteach
Gan fosgadh os a cheann
Gur fear bhí ann bhí dibirte
Do tháinig trasna sáile,
Gan mhaoin, gan ór, gan airgiod,
Gan dada acht a mhála,
'S é ag cuimhniughadh ar an h-áiteachaibh
'Na raibh sé, trá, faoi ghreann.



Dubhairt mé liom féin, "is Pólandéir
An duine bocht, dá ríribh,
B'éidir gur ruaig na Rúiseannaigh
Go nimhneach as a thír é,


L. 4


Mar gheall ar chaint no ar ghníomhtharthaibh
Anaghaidh a n-éagcór'.
B'éidir gur Montinegrin é,
Do díbreadh ag na Túrcaibh
Laibheóraidh mé go bhfeicfidh mé
A ainm a's a chúrsa;
'S go bhfeicfidh mé an t-ádhbhar
Faoi a ngoileann sé chomh mór.



As Fhraincís labhair mise leis,
Ach d'fhreagair sé i nGaédheilg,
A's dubhairt sé liom, "is duine mé
Tá díbirte as Éirinn,
Is námhad mé do Shacsana,
(Béidh mé mar sin go bráth),
Le mórán de mo mhuinntir-se
Do rinne mé mo dhíthchioll
Le sgrios do thabhairt, dá bféadfainn é,
Do Shacsanaigh' 's do thighearnaibh,
Go deimhin duit, 's geur d'íoc mé
As sin, ó shoin, faoi chrádh.



Do briseadh ar na "fínínibh"
Bhí mise im' fhear marcálta,
Bhí mé - a's tá mé, - cúmhachtach
'Na measg go dtí an lá so,
Acht ann san oidhche thangadar
Saighdiúraidh chum mo thighe;
Do leagadar mo dhoras-sa
A's nuair bhí sé briste


L. 5


Amach óm' leabuidh-chodalta
Do streachail siad mise,
Go brúideamhail, go cúmhachtach,
Om' chlainn agus óm' mhnaoi,



Do bhí mo lámha ceangailte
Go cruaidh caol le rópa,
Acht ghlac mé lasadh feirge,
Reub mé é ar an móimid,
Do bhí an oidhche dorcha
Le fearrtham a's le gaoith;
Acht b'eólach mé ar na h-áiteachaibh,
Do léim mé thar an mballa,
Do sgiorr mé tre na páirceannaibh
'S an tóir sin le mo shálaibh.
Acht mhéadaigh neart na stoirme,
Budh dhoiligh dóib-sean rith.



Cuimhneóchaidh mé an oidhche sin!
Do shnámh mé thar an tSionnain,
Rith mise a's rith siad-san,
Comh maith agus bhí ionnainn,
An saighdúirín bhí ag breith orm
Le dorn do leag mé é.
Acht d'imthigh mise uatha-san,
Fá dheireadh, ann san oidhche,
Tháinig mé chum na fairrge,
A's fuair mé Loingín bhuighdeach
Do bhí le dul go Sacsana
Le h-éirghe geal an laé.


L. 6


A's tháinig mé go Sacsana,
Acht ni raibh mé sabhálta;
Chuadhas ar loing, a's tháinig mé
Go dti an Fhrainc, thar sáile,
(Bhí faire ar na longaibh sin
Bhí dul go 'mericá).
Fanfad go mbéidh an stoirm sin
Do dhíbir mé ó'n mbaile
Séidte tharm a's críochnuighthe
Mar beidh si i gcionn tamaill.
'S muna bhfágh' mé bás de'n ocarus
Fillfead go tír mo ghradh.



Dubhairt mise leis, "a dhuine bhoicht
O tá tu 'nois gan dídionn,
Tar liom asteach go gcaithfidh tu
Im' lóistín féin an oidhche.
Is námhaid mé do Shacsana
Chomh geur a's tá tu féin."
Tháinig sé liom go toilteanach
A's chaith sé bliadhain go léir ann,
Go bhfuair mé slighe go h-ádhamhail
Le n-a chur ar ais go h-Éirinn,
An uair d'eug "Coercion Bill,"
Agus d'imthigh uaidh a sgéin.


L. 7


Bhí mé tra sona.



Bhí mé trá sona
'S súgach leis sin,
Nois táim go dona
Tuirseach a's tinn;



'g cuimhninghadh ar chailín
D'oidhche 's do lá,
Caillte le cailín
Gonnta le grádh.



Amharc a súile,
Binneas a glóir,
Sé sin do bhuail
A's d'fhág mé gan treóir.



Tá sí ró áluinn
Sgiamhach deas,
Ní bhfuil le fághail ann
Cneas mar a cneas.



Cailín mar ise
Ní'l ann san tsaoghal,
Agus d'fhág sise
Mise gan céill.



Cailín mar ise
Ni'l ann san domhan;
Cuisle mo chroidhe-se
Thug mé de roghain.


L. 8


Ní'l ann san tsaoghal
Sgiamh chomh mór,
O! ni beag baoghal
Óig-fhir 'na cómhair.



'S gile 'ná sneachta
Láimhín mo ghrádh
D'fhág sí sinn creachta
Agus ar fán.



Tá mé gan fóirigin
D'oidhche 's do lá
Snuadh mo stóirín
Rinne mo chrádh



Tá mé le ráithe
Beag-nach i m' luidhe,
Le na saighead saighte
A's croidhte i m'chroidhe.



A Dé na ngrása
Éist le m' impidhe,
Tabhair m mo bhas-sa,
No tabhair 'm í.



Feuch mo chaointe
Agus mo dheóir
Nach bhfuil mo smuaínte
Ort-sa a stóir?


L. 9


Feuch mo chaointe
Éist liom a rúin
Tá mé mar chaora
Caora gan uan!



Mbéidh tu chomh cruaidh
Cailín chomh ciúin
Mbéidh tú gan truaigh
Orrainn go buan?



Éist liom a Noírín
Éist liom a rúin,
Cuir chugam fóirighin
O do bheul ciúin;



Tá mé' san mbóithrín
Dorcha 's cúmhang,
Bóithrín do threóruigh
Mílte chum suain.


L. 10


Mo leun nach bhfuil mise.



Mo leun nach bhfuil mise mo Lachain Bhig Bháin,
Agus shnámhfainn thar sáile go Frainc no go
Spáin,
Ní fhanfainn i n-Éirinn aon tseachtmhain amháin
Gan ithe gan ól gan crúisgín lán.



Gan crúisgín lán, gan ithe, gan ól.
Gan séasta le fághail, gan fion, gan feóil,
Gan ringceannaibh árda, gan cáil, gan ceól
Is ocarach táim, ar fán, go fóil.



Mo leun nach bhfuil mise mo shean-phréachan,
Go shuidhfinn le tamall ar shean-gheugán,
Sháróchainn m'ocarus, ni mar táim,
Le grána coirce no práta bán.



Mo leun gan mé mo shionnach ruadh,
Ag léimnigh ar shléibhtibh go láidir luath,
Ag ithe na gcoileach 's na gcearc gan truaigh,
Ar lacain a's gé do bhéarfainn buaidh.



Mo leun gan mé mo bhradán bán.
Ag dul 'san uisge luath lán,
Ag gabhail go glic na bhfeilliocán,
Ag snámh ar feabhas 's ag snámh ar fán.



No mo leun gan mé im' fheilliocán
I Mi-mheadhon-shamhraidh go ró bhreágh,
Ó phlúr go plúr, ó bhláth go bláth,
Gan brón ná buaidhreadh, creach ná crádh.


L. 11


Go mo leun mé féin im' chineál báird,
B'fhearr liom mo bheith im' charraig áird,
Im' chloich, no im' chrann, no im' luibh, no im'
bhláth,
No im' rud ar bith acht im' rud mar táim.



Nach dtig liom siubhal.



Tá mé ag breathnughadh ar mo ghamhnaibh ag diuil
Cia thusa do chuirfeadh mé as mo sheun?
Nach dtig liom siúbhal, a's nach dtig liom siúbhal,
Nach dtig liom siúbhal ar mo pháirc-se féin!



Ní rachfaidh mise go bráth ar gcúl,
Má's éigin bheith úmhall duit, 's mór mo leun,
Muna dtig liom siúbhal, muna dtig liom siúbhal,
Muna dtig liom siúbhal ar mo pháirc-se féin.



Is beag mo shuim 'gus is beag mo dhúil,
Ann do chóta gorm 's do chleite éin,
Nach dtig liom siúbhal, a's nach dtig liom
siúbhal,
Nach dtig liom siúbhal ar mo pháirc-se féin?



Tá an lá ag teacht, mar is léir dom' shúil,
Nach mbéidh 'n ár measg-na bhur leithéid bréun
A's béidh cách ag siúbhal a's béidh cách ag siúbhal
Mar a mbéidh a dhúil a's a thoil-sean féin.


L. 12


Braon de'n ól.



Ni'l ameasg na ndaóine 'nois
Cláirseach cruit ná ceól,
Támaoid cráidhte faoi gach sgrios,
Dibirte 's deireóil,
Acht ceurd é an nidh, ceurd é,
Chuirfeas greann orrainn go réidh?
Is é sin braon de'n ól,
ar sé,
Is é sin braon de'n ól.



Tá i n-Éirinn corp gan croidhe,
Corp gan fuil gan feóil,
Cosgadh glór an Londuibh, bhí
Shoir i ngleann na smól.
Acht má támaoid bocht gan spré,
Dearmad, dearmad, dearmad é,
A's glaodh ar bhraon de'n ól,
Ar sé,
O glaodh ar bhraon de'n ól.



Ghuidh sibh, agus guidhidhe libh,
('S guidhfidh sibh go fóil)
Colam, Pádraig h-uile naomh,
Peadar agus Pol.
'S na dhearmódamaoid an té
Bheidheas le fághail, le congnamh Dé,
Is é sin braon de'n ól,
ar sé,
Is é sin braon de'n ol.


L. 13


Támaoid cosmhúil le sean-loing
Agus í, faoi seól,
Óir chomh fad a's béidh sí 'g snámh
Béidh sí béidh sí 'g ól,
Olfamaoid a's cuirfidh sé
Neart a's meisneach ann 's gach féith,
A's glaodh ar bhraon de'n ól,
Ar sé,
O! glaodh ar Bhraon de'n ól.



Siúbhal na móna.



Is í do chrádh mo chroidhe im' lár
Siúbhal na móna, siúbhal na móna
Is dí amháin do thug mé grádh
Siúbhal na móna sléibhe,
Cúl na coille, taobh na coille
Cúl na coille craobhaighe,
Budh h-í amháin mo mhian 's mo ghrádh
Oidh d'fhág sí mé i ngéibhionn.



Trá casadh í ar dtús i m' shlighe
Siúbhal na móna, siúbhal na móna,
Trá casadh í ar dtús i m' shlighe,
Siúbhal na móna sléibhe,
Las mo chroidhe i m' chorp astigh
Mar splanc i lár mo chléibh-se,
Budh h-í amháin mo mhian 's mo gradh
Cidh d'fhág sí mé i n-éibhionn.


L. 14


Ní hé sin amháin.



Ní h-é sin amháin go bhfuil sneacht 'ar an bhfear
Go bhfuil geimhreadh i láthair 's neart seaca 'san
spéir
'S nach bhfuil séideadh, lá Márta, na gaoithe chomh
geur
A's atá sé anois,
Ni h-é sin dar ndóigh d'fhág mise faoi chrá
'S mo chroidhe-se go brónach gan sochamhail
d'fhágail,
Acht mallacht go deó agus brón ar an ngrádh;
Is é sin do rinne mo sgrios.



A stóirín a Mháire, do chrádhaigh go mór mé
Gan trócaire d'fhág tu ná sláinte ná sógh mé,
Is budh chaill ar fán, a's lán mire, go deó me,
A Mháire bheag bhinn;
Is ceusta mo chroidhe-se ag reubadh i m' lár,
Ach éist le mo chaoineadh a's feuch mo chás,
An t-eug na bhfuighim budh léan leat an cas,
Béidh tusa ag caoineadh ann sin.



Dar fhírinn an Bhíobla tá sgríobhtha gan lochtaibh
Ni caoinfead go síorruidhe sínte faoi 'n riocht-sa
Ag iarraidh an nidh sin nach bhfuighfead go socair,
Acht tabhair dam Glaine le n ól?
Is truagh mar rugadh mé riamh, mo leun!
Mar d'fhuig tu gan cúmhacht mo chroidhe-se faoi
phéin
'S mar thug nu dham diúltadh faoi aoibhneas a's
seun
O deunfaidh me cleas maith go fóil!


L. 15


An dubhan-alla águs an
mhíóltog.



Sé adubhairt dubhán-alla
Le míoltóig, trá,
"O tarr liom a-bhaile
A chréutúirín bhreágh,
Tá grian gheal an tsamhraidh
Ag damhsa ar mo theach,
Tá ithe is ól ann,
Nach dtiucfá asteach?



Dubhairt an créutúir mí-chéillidhe
Ag dearcadh asteach,
"Is tu croidhe na féile,
Is breágh é do theach,
Acht deirid go mbíonn tu
'g ithe 's ag ól
Mioltóigín mar mise,
'Dir fuil agus feóil."



Dubhairt an dubhán-alla
(Is é do bhí glic!)
"Is bréagh mhor, dar m' anam,
Is bréag sin a mhic.
Tá caoir-fheoil, tá mairt-fheoil,
Tá branndaigh ann so,
A's an té do bhí marbh
Do dheunfaidís beó!"


L. 16


Bhí an creutúirín meallta
Le cómhrádh mar sin,
Dubhairt-sí, "tá mé sásta
atá tu chomh binn,
Acht ni fhanfad acht móimid"
Do chuaidh sí 'steach,
A's ní chualas go fóil
Go dtáinig amach.



Na Tri Diabhail.



Tá tri diabhail bhreágh' ag ithe mo chroidhe,
D'fhág siad mise, mo chrádh gan nidh
Rinn an Easláinte a's rinne an Grádh
Le pócha-folamh mo chreach 's mo chrádh.
D'fhág an Bochtanas mé gan leíne
Am' dhonán cos-nochta gan bhróig gan é adhaigh!
D'fhág an Easláinte mo cheann go tinn
'S mo chorp go cráidhte - rud gránna sin!
D'fhág an grádh mé mar ghual ar lár
Mar fhód leath-dhóighte gan múchadh d'fhághail,
Níos measa 'ná 'n chasacht 's 'ná 'n fiabhras
féin;
Níos measa 'ná mallacht ar bith faoi 'n ngréin
Níos measa 'ná bochtanas mór, atá
An Diabhal air a nglaodhaid na daoine an
"grádh."
'S dá mbeidhinn arís am' ógánach óg
Ní ghlacfainn ni thiubhrainn ni iarrfainn póg!


L. 17


Báicottálta.



A Phádraig Ui Cheallaidh
Ní'l corrán ná speal a'
Baint leat o mhaidin go h-oidhche
Acht ag obair leat féin
O h-éirghe na gréin'
Go dtí an trathnóna ar luidhe dí.



A Phádraig Ui Cheallaidh,
Is sinne bhí meallta
Leat-sa, a bhodaigh ró ghránna,
'S níor shaoileas go h-eug
Go bhfágfá an "leug"
'S níor chreideas go dtréigfeá an
náisiún.



Is ait an rud é,
Agus sgannraigh sé mé,
Ní b'fuighfidh sé forán ná fáilte,
Ní maith leis an tír
E, soir ná síar
Tá Padaidh bocht báicottálta



Ni b'fuighfibh sé corrná,
Ná congnaimh, ná forán,
O Thulasg go dti Cam-áilte,
Is mór an rud é,
Agus sgannraigh sé mé,
Mo chómharsa bheith báicottálta.


L. 18


Do b'feárr dhó án t-eug
'Ná fágbháil an "léag"
Is é bhí ar buile, 'gur dallta.
Do thuill sé pionnús
Agus feuch a chúis!
Tá Padaidh bocht báicottálta.



Uaigneach.



Fuar-fheadghaoil gheur
Na gaoithe géire fuaire.
Síor-shéideadh ar an spéir,
Och, liom-sa b'uaigneach.



Árd-thoran na dtonn
Anaghaidh na tráighe ag bualadh
An gharbh-gháir áidhbheul throm
Och liom-sa b'uaigneach,



An faoileán eudtrom 'san aér
Ag geur-sgreadghaoil trasna cuantaibh,
Sgread agus glaodh na n-éan
Le mo chroidhe féin, och b'uaigneach!



Guth na gaoithe sna taoide
Ag síor-throid le cogadh cúmhachtach,
Muir, tír, spéir, séideadh na gaoithe
Och! uile go léir is uaigneach!


L. 19


Maidin Earraigh.



Tá 'n mhaidin breágh
A's nach dtiucfá
A rúin 'sa ghrádh 'g spaisdeóracht
Gan stad gan sgith
Go Bóthar-buidhe
'S an abhann mhór shiar o'n mbóthar.



Tá cearca-fraoich
Ann sin ag glaodhach
A's tá gach nidh go h-aérach
Ta 'n abhann ag rith
Thar ghaineamh mín,
'S a bruach fíor-dheas feurmhar.



Tá cuilleann ann
Sailleóg a's coll
Ag fás go trom le chéile,
Béidh áit-chómhrádh
Againn 'na sgáth
'Nár suighe a grádh linn féin ann.



Tá glaodh ó'n gcuaich
Ar thaoibh na gcruach
A's ise ag cur ort fáilte
A's tá 'n fhuiseóg
Ar maidin óig
Ag seinm ceóil galánta.


L. 20


Tá "créic-créic" geur
As gach moinfheúr
O n traghn' 'san bhfeur ag glaodhach,
Tá 'n meirrliún mór
Dul thart ar tóir
'S an fhilbin óg ag sgríoch.



Ar chaisearbhán
'S ar nóinín bán
S ar h-uile bhláth tá drúcht geal,
Tá 'n mhaidin ciúin
O fág do shuan
A's tar a rúin ag siúbhal liom.



Níór sgar an ghrian
Go fóil aon bhraon
De'n drúcht ar bhárr na páirce,
Budh mhór an chaill
Dá, mbeidhtheá mall
A's h-uile bhall chomh breágh sin.



Tá iasgairidh
Ag iarraidh
A líonta do tharranigt,
Tá fuaim na rámh
Ag teacht go sáimh
Ameasg na n-áill 's na gcarraig


L. 21


Nach fearr fá dhó
Aon amharc de'n cheó
Ag éirighe ó na sléibhtibh
Ná síor-chrónán
Na gcearc 's na n-ál
A's fuaim na gcárt ag géimnigh.



O tar a rúin
A'sh fág do shuan,
Eirigh a rúin 's a stóirin,
Ta'n mhaidin mhoch
'S tá abhann a's loch
Ag soillsiughadh 'nois mar ór-bhuidhe.


L. 22


Riaghail Eireannach i
n-Éirinn.



Nois inneósaidh mé an fhírinn',
Tá aon rud go fóil le fághail,
"Riaghail Éireannach i n-Éirinn"
Sin an rud atá teastál,
Sin an rud atá teastál uainn.
Easbhuidhe mhór i n-Éirinn áluinn
Acht ni féidir a chongbhail uainn,
O ni féidir a chongbháil.



Riaghail Éireannach i n-Éirinn,
Sin an focal 's milis linn,
Focal a bhfuil éifeacht géar ann
Focal bríoghmhar, focal binn,
Oir 'sé Sacsana do chráidh sinn,
'Sé do scrios a's do robáil sinn,
'Sé do mhaslaigh a's do cháin sinn;
'S gearr go gcosgfamaoid-ne sin?



Riaghail Éireannach i n-Éirinn!
Focal tógas h-uile chroidhe,
H-Uile fód dí a bhfuil féar ann,
Béidh sé ag na h-Éireannaigh'.
Béid sé uile ag na daoinibh
Tá le fad ar fán d'á ndíbirt;
Nuair fillfidh siad thar taoide
Béidh na Sacsanaigh gan bhrigh.


L. 23


Tá na néallta troma ag
bagairt.



Tá na néallta troma ag bagairt,
'S beag-nach baint le bárr an tighe,
Tá an toirneach throm ag freagairt
Gach aon splanc de'n teinntigh bhuidhe,
Liom-sa féin astigh am' rúma
Caol, beag, teith, tá mé mo-shuidhe,
Dearcaim ar na spéarthaibh gruama
Agus éistim leis an ngaoith.



Bhí mé eudtrom aéreach beódha
Ar an maidin óig andé
Acht nuair tháinig an tráthnóna
Súd, mar dhuine marbh, mé!
Ni'l aon tsúil agam le dadaidh
Acht le leabuidh ann san gcré,
'S cuma liom-sa bás no beatha,
Feasta, ó'n bhfocal chualaidh me.



Géim a thoirrneach, léim a theinnteach
Ni chorróchad cnámh ná féith,
Sguaib anuas as na sléibhtibh,
Tuitidh orm a's brúighidh mé.
Pléasg a thoirrneach, taodhm a fhearthain,
Báith an domhan as folaigh é,
D'imthigh seun a's sonas tharm,
'S cuma liom an bás ó 'ndé.


L. 24


An Seachránuidhe.



An fraoch fliuch fuar is é mo theach,
Is é mo leabuidh an charraig liath,
Atá modheóir agam mar deoch,
Tá faitchios mór agam mar bhiadh,
Ta fead na n-éan agam mar cheól,
A's gáir an easa dul le fánuidh,
Mo lámh is í mo chorn le h-ól,
Is iad mo smuaíntidhe mo chompánaigh.



Atá, anocht, mo chóta mór
Mar phlud, mar bhraithlín, a's mar léine,
Aon chróin amháin is é mo stór,
Acht fós, ni chaithfighthear liom féin í,
Oir dá mbeidh' agam maoin an righ
Budh bheag an gar é do sheachránuidhe,
Ar phunta mine bheurfainn í
Le m' ocarus ró mhór do shásugh'.



Dá bhfeicfeadh m'athair mar tá me
Is é gan bhréig do bheidh go brónach
A's beidh' mo mháthair gol go géar
Dá dtuigfeadh sí mar tá a stóirin.
Acht och! dá bhfeicfeadh Máire mé
An uair seó féin, a righ na ngrásta!
B'fhearr léithi Eoghan ann san gcré
Ná ag fulaing geur-chráidh mar atá sé.



Cuirfidh mé deireadh le mo ghol,
Tá'n ghaoth aniar go géar ag séideadh,
A's le gach focal tá sí dul
Ag méadughadh agus ag síor-mhéadugh'


L. 25


O séid a ghaoth a's réab a ghaoth
A's pléasg na spéartha as a chéile,
Seó rómhad an croidhe nach sgannróchaidhe
Dá leagfá air, na cnoic 's na sleíbhte.



Fear Maith , acht é lom.



Fear, acht é lom
'S a shaidhbhreas bheith gann
Ní éistfighthear leis
Aon uair ná am,
Acht déarfaid gur cam
An fear é, 's gur fann,
'S go mbudh dual athar é
Go mbudh suarach an chlann.



Acht tuigidhe, an té
(Cia bé ar bith é)
A bhfuil aige saidhbhreas
A's maoin a's spré,
Go mbéidh (no go dtéidh
An fear sin 'san gcré),
Meas agus onóir air,
M anam go mbéidh!


L. 26


Bocht, tréigte.



O! dá mbeidh' ar an tsaoghal so
Aon bhall beag bán,
Do bheith liom fein, liom féin go deó,
Liom féin amháin,
Budh mhór an seun, budh mhór an sógh,
Thar mar atáim,
Gan áit 'san tsaoghal is féidir liom
"Is liom sin" do rádh.



Is truagh fios do bheith
Ag duine, 's is crádh,
Nach bhfuil ann san saoghal, air,
Gean ná lámh,
Nach bhfuil ann san tsaoghal aige
Croidhe ná lámh,
Do bhéarfadh dhó congnamh
Go bruinne an bhráth'.



Is geur agus crúaidh
agus goirt an leun
Is donas, is truagh,
Do bheith leat féin,
Is cuma mar bhéidheas tu
Le gach aon,
Is cuma, fá dheireadh, é,
Leat-sa féin.


L. 27


Éire mo mhúirnín slán leat
go bráth.

's fuar í an ghaoth orm, cruadh-lá Márta,
Éire mo múirnín, slán leat go bráth;
agus mise ag triall anonn thar an tsáile.
Anonn thar an tsáile, mo chreach! mo chrá!
O tá mé ag triall uait, a mhúirnín dhileaas,
Beannacht agus fiche ort, a rúin om' chroidhe-stigh,
Beannacht ort go buan, och beannacht agus míle,
'Sa Éire 's a mhúirnín slán leat go bráth.



O Anntruim go Corcaigh ta brón ar na daoinibh
Tá sgaptha, sgannraiththe, dul an fá ,
Ní'l baile ná sráid, ann nach gcluinfidh tu
caoineadh,
"Éire mo mhúirnín slán leat go bráth."
Is fada uainn an solus, is dorcha an oidhche,
Is mór atamoid sgaptha, is fad atámaoid
sgaoilte,
Na fir agus na mná agus na páistidhe d'á ndíbirt
'Sa Éire mo mhúirnín slán leat go brát.



Is fuar orm, géar orm, saobhar na gaoithe,
Ta an tsioc ar na sléibhtibh réoidhte bán
Acht is fuaire 'ná sioc a's 'ná stoirm mo chroide-s
A's mise ag caoineadh, "slán leat go bráth."
Slán leat, a's slán leat, a choidhche a Éire,
Slán le do ghleanntaibh, do thráigh, a's do shléibhte
Le do mhuinntir 's do chlainn-se, uile go léir
uaim,
Slán leat agus leó-san, arís, go bráth.


L. 28


Le h-ais na taoide.



Do sheas 's do shuidh mé le h-ais na taoide
Ar charraig ísill, le muinéal crom,
Ag deunamh smaointe 's go síor ag caoineadh
Na ndaoine díleas bhí, trá, liom ann.
A Mhuire dhíleas! cad fáth nach gcaoinfinn
An uair smaoinighim ar an uaith loim?
An trá chuimhnighim, mo chrádh! ar daoinibh
Atá 'nois rince faoi chreafóig throim



Ní'l áit le fághail ann san tsaoghal lár
A thógas crádh agus brón de m' chroidhe,
Acht amharc na fairrge glaise gairbhe
O bhárr carraige, 's nach ró bhreagh í!
Is ann sin tagann i m' chuimhne chráidhte
An t-am bh'áluinn, an t-am do bhí,
Nuair bhí mé snasta, aigiontach, gasta,
Misneamhail, láidir le siúbhal no rith.



Glas-choillte tiugha, no purtaigh dubha,
No bruach an locha, mo moinfhéar bán,
No an baile-mór, no an tsráid, no an bóthar,
No teach-an-ósta na gcrúiscín lán,
Ní féidir leó-san baint díom mo bhróin-se,
(A's m'inntinn shóchamhail dul le fán,)
Acht amharc na fairrge buaidheartha gairge
Toranaighe gairbhe móire, amháin.


L. 29


Go fíor a's go dearbh is rud ro shearbh
Cuimhniughadh ar na mairbh, gan maith gan fáth,
Ar aimsir gheanamhail, comrádh greannamhail
Breugadh banamhail, gean a's gradh,
Acht O! is brónaighe na aon rud chómhairigh me
Thu do bheith eólach go raibh tu, trá,
Spórtamhail, eudtrom, aigeantach, seunmhar,
- 'S anois, go bhfuil tu gan seun gan ádh!


L. 30


An rud atá faoi do láimh.



An rud atá faoi do láimh,
An rud atá faoi do láimh,
Nach ndeunfaidh tu é
Go socair 's go réidh?
Is fearr do bheith socair sáimh.



D'obair ó lá go lá,
D'obair ó lá go lá,
Ó is éigin duit féin
A leanamaint go treun,
Nár bhfearr dhuit a leanamhaint le grádh?



Is cuma liom léighean ró mhór,
Is cuma liom léighean ró mhór,
Ní h-é acht do leabhar
O bhfágh' tu do chabhair,
Ma ghoidtear é, 's beag do stór!



Ma tá tu an-mhúinte, féin
Má tá tu an-mhúinte, féin
An gcosgfaidh sé sin
Do chroidhe ó bheith tinn?
Méadóchaidh sé, fós, do leun.



Tá eólas tre d' cheann ag rith,
Tá eólas tre d' cheann ag rith
Acht mur bhfágh' tu leis biadh,
Dar m'anam, 's dar fiadh,
Bfhearr tu gan eólas ar bith!


L. 31


Clú gan tairbhe buan,
Clú gan tairbhe buan,
Is brionglóid na hoidhche é,
Is dinéar de'n gaoith é,
Is focal beir bean le cluain.


L. 32


Druim-an-Óir.



Ar lorg dáin le "Dreoilín."



Tá gaoth an gheimhridh sgallta fuar
Thart timchioll Droma-'n-óir,
Acht ann san halla taobh-astig
Tá síothchán ann go leór.
Tá gach sean duilleóg dul ar crith,
Acht is óg an beanglán thu,
Seinnfimid lóithín, ló, ló, lán,
Lóithín, a's lul, la, lú.



Nár thig aon droch-rud idir mé,
'S mo naoidheanán gan bhrón,
Nár thig aon tais ó'n Abhain Duibh,
Ná Bean-sidhe Chlainne Eóghain;
Tá Muire máthair os ár gcionn
Ag iarraidh grása dúinn,
Seinnfimid lóithín, ló, ló, lán,
Lóithín, a's lul, la, lú.



A róis mo chroidhe, a shlaitín úr.
As ghárrdha Droma-'n-óir
Bí ag fás go mbéidh gach cleite beag
Mar sgiathán iolra mhóir;
A's léim ann sin ar fud an tsaoghail.
Oibrigh a's saothruigh clú,
Seinnfimid lóithín, ló, ló, lán,
Lóithín, a's lul, la, lú.


L. 33


Deireadh Fir Mhoir



Cliabhán óir fút, a's tu óg,
Máthair chóir dhuit, a's neart póg.



Capall aéreach, a's tu d'ógánach,
Sgol agus léighean, a's dlúth-chompánach.



Bean áluinn, a's tu id' fhear,
Teach fairsing, 's gach nidh do bh'fearr.



Bean mhín, páistidhe, séada,
Bath, maoin, táinte, tréada.



Áit le suide, áit le luidhe,
Neart bidh, agus neart dighe,



Fá dheóidh, do seanóir ameasg seanóir,
Ort-sa, tá meas agus onóir.



Id cheann ar choiste, ar chúirt, ar chómhairle,
'S ní miste thu na seanóiridhe.



Deireadh laétheadh, 's an bás, ann sin
An t-aiséadach, an clár, 's an chill.



- Cad é tá 'gad de bhárr anocht
Ar Éamonn-na-Déirce no Seághan Bocht!


L. 34


An Corcaigheach ag ol.



mB'l'athcliath an Bhéarla
Cia chasfaidhe orm, lá,
Acht an Corcaigheach aéreach,
Fear Gaedheilge breágh.



Chuadhmar le chéile
A's shuigheamar síos,
Gan fhocal acht Gaédheilg
Ag ceachtar de'n dís



Nuair ólamar cáirt,
Agus pionnta air sin,
B'fhiú éisteacht le breághthacht
Na Gaedheilge binn'!



Nuair ólamar cáirt
Agus pionnt' ag gach aén,
B'fiú éisteacht le láidreacht
Mo Ghaedheilge féin!



Acht mo leun, a's mo bhrón,
A's nach truaigh é sin!
An méad do bhí ólta
Níor éirigh sé linn.



Do thuit an Corcaigheach
A's mise araon,
Agus briseadh a chloigionn
'S mo chloigionn-sa féin!


L. 35


An dair, 's an traithnín.



Má's fíor, mar deir tu liom ar uairibh,
Gur feárr do'n láidir 'ná do'n lag,
'S fíor fós, má tá an aimsir buaidhrighthe,
Nach olc an rud bheith ísioll beag.
Dair do bhí ag fás go flaitheas,
Leagadh í le neart na gaoithe;
Deir an traithnín "ní bhéidh faithchios
Orm-sa roimh an stoirm choidche"!


L. 36


An t-óigfhear cráibhtheach.



Tabac ni chaithim, a's deoch ní ólaim,
Is ag fághail bháis tá mé le méad mo mhaithis,
Cárda ni imrim, a's bean ni phógaim,
Ni oireann áit dam acht lár na bhflaitheas!



Leabhar ni leíghim acht leabhar diadha,
Ni ghabhaim abhrán acht abhrán cóir,
Adeir mo cháirde gur mór an t-iongnadh,
'S dar m'anam adeirim féin gur mór.



Ní chaithim tabac, mar is nimhneach m'fhiacla,
Ní ólaim deoch, mar is tinn mo chroidhe,
Ni imirim cárda, mar táim gan airgiod,
'S an bhean do phógfainn is fad uaim í.



Fuair mé mé féin ar an mbóthar caol sin,
Agus lean mé dó le sásadh mór.
- Leabhar ni léighim acht leabhar diadha,
'S ni ghabhaim abhrán acht abhrán cóir.


L. 37


Caoineadh an Dhómhnallaigh le
n-a dhearbhráthair.



Ochón! anois, mar tá an tréin-fhear crochta
Gan trócaire le fághail,
Deir siad linn gur mór a choir 's a lochta,
Acht 's fíor-ghlan linn-ne a cháil.



An uair do bhí an fealltóir bréagach tollta
'Na ucht le do pheiléar,
Do rinne tu an gníomh do bhí molta
Ar feadh an domhain go léir.



I n-Aifric, fad ó Éirinn, ag an gCápa
Chuir tu an fealltóir síos,
Sdá mbeidhtheá, mar budh chóir duit, ann, tri-
álta.
Do sgaoilfidhe thu arís.



Acht rugadh thu go Sacsana, gan feitheamh,
Go cúirt do námhad géar,
Budh námhaid duit an coiste a's an breitheamh,
'S na Lonndonaigh go léir!



Ann sin, ni leigfidhe do'n Americánach
Do chuireamar anonn.
Do'n fhear-dhlighe cliste, abalta, galánta,
Aon rud do labhairt ann.



A's sul shuidh breitheamh ort, no cúirt, no coiste
Le breathnughadh ar do chás,
B'é inntinn gach aon fhir bhí ar an liosta,
- "An Gaodhal chur chum báis."


L. 38


Nois ann san uaigh fhuair, ó tá tu sínte,
Go saoraigh Dia thu,
Is buaidheartha brónach bocht atá mo smaointe,
Is brónach mé andiú.


L. 39


Tar eis an chatha.



An uair a smaoinim ar chás na h-Éireann
Bionn mo chroidhe ann mo lár ag reubadh.



An uair chuimhnighim ar bhás na ndaoine
Do chosain Éire go dána díleas,



Tá siad sínte ar thaoibh an tsléibhe,
go ró ísioll le na chéile.



Folaighthe faoi fheur a's faoi luibheannaibh árda,
Fada ó charad, ó chabhair, ó cháiraibh



Ní'l aon chlann ná bean 'na láthair,
Ní'l sagart ann le fághail, ná bráthair,



Acht tá fiach an tsléibhe 's an fiolar fionn
Dul thart ann sna spéarthaibh os a gcionn.



Gan dídionn 'san lá, roimh lasadh na gréine,
'San oidhche gan sgáth roimh sileadh na spéire,



Is iomdha deagh-shaighdiúr, súgach a's binn,
A bhfuil a bheul meadhrach dúnta ann sin.



Is iomdha ceann dualach, 's poll an t-shaorail
ann,
No é sgoilte a's roinnte le faobhar an iarainn.



Is iomdha óg-brollach ann, tollta le poll,
An poillín beag dubh sin, 'bhfuil bás duine ann.


L. 40


Ann sin tá fir bhochta 'gus sgathfairidhe treuna,
A bhfuil a gcorp nochta gan bheiste gan léine.



An t-óigfhear bhí státamhail áluinn aréir
Nuair d'fhág an bhean ghrádaigh sé, póg ar a
bheul.



Tá anois i n-áit loirg na póige - mo leun!
An fhuil dubh ag brúchtadh amach thar a bheul.



Is iomdha fear-píce a's gaisgidheach cliste,
Do chonnairc mé sínte 's a súile geal' briste.



Ta fuil ar an lann, 's ar an láimh bhí dá stiúradh,
Ni'l aon le n-a triomughadh, ni'l aon le n-a
sgiúradh.



Is iomdha bean-phósta, a's leanbh 'na h-ucht,
Gan céile, ná athair d'a paiste, anocht.



'S iomdha caisleán gan tighearna, a's tighearna
gan tigh,
Agus bothán beag tréigthe gan aon duine faoi.



Is iomdha óg-mhaighdean bhfuil deór ar a gruaidh
Mar gheall ar an saighdiúr nach bhfillfidh ó'n uaigh.



Is iomdha teach sona do chaill fear-an-tighe.
Is iomdha each-cogaidh 'bhfuil fear marbh faoi.



Tá gáir agus sgread ann, tá deóir agus
caointe,
Agus geur-ghol mar gheall orra sin atá sínte.


L. 41


Do chonnairc mé sionnach ag fágbháil a phruch-
lais
Ag iarraidh cuirp do shásóchadh a ocruis.



Tá mac-tíre garg ar Charraig-Ui-Néill
A bhfuil fuil ar a theangaidh, a's fuil ar a bheul



Do chonnairc mé iad, a's chualaidh mé guth
Na bpréachán-gcearc a's na bpreachán dub'



Teach gan teine fuair mé 'san oidhche,
Acht ni raibh duine le fághail san tigh sin.



Ag bárr na glinne - chonnairc mé sin -
An teallach gan teine, 's an teahc gan binn.



Ag bonn an gháirdín - is fíor é seó -
Bhí an fear galanta, acht gan é beó.



Do baineadh an ceann d'á mhuinéal bán,
Agus ni raibh annacht an corp amháin.



Ochón! nach bhfuil fearg ar Aon-mhac Dé!
Ochón! an fhuil dhearg bhí dóirte andé.


L. 42


Tá athrughadh ag teacht.



Tá athrughadh ag teacht, 'sé an t-athrughadh mór,
Agus ní bhéidh brigh i maoin ná i stór,
Éireóchaidh an té bhí beag go leór,
Agus tuitfidh anuas an té bhí mór.



Tiucfaidh an uair, 's ni bhfad uainn í,
Nach bhfágfaidh neart i seacht ná i ndlighe,
Agus cromfaidh an muinéal nach raibh crom,
An uair a dtiucfaidh sé, tuicfaidh sé trom.



An uair a dtiucfaidh sé tiucfaidh sé trom,
Béidh sé ramhar an té bhí lom,
A's béidh sé lom an té bhí ramhar,
Gan fosgadh d'á cheann gan greann gan cabhair.



Árdóchar an t-Ísioll, adeir an bárd,
Ísleóchar arís an nidh bhí árd,
Athróchar an domhan ó bhárr go bonn,
An uair a dtiucfaidh sé tiucfaidh sé trom.



Má chidh tu féin an nidh sin teacht,
S an tír gan seun, gan dlighe, gan reacht
Sguaptha le stoirm, gan fhios, gan bhrigh,
Cuimhnigh orm 's ná bris do chroidhe.



Tá an Saoghal so mar long
'S mór a bhaoghal ar an dtonn
Seal go ciúin a's seal faoi stoirm,
Amúgha ameasg na dtonntrach gorm.


L. 43


Tá an Saoghal so 'na chrann
Bárr-ghlas, craobh-bhog, cairt-mhín, sleamhan,
Acht tá péistin ann go dlúth
h-uile lá ag diúil a shúgh,



Acht ó'n tsean-chrann seargtha, fuar,
Fásfaidh aníos plannda úr,
Geobhaidh an sean-domhan bás gan truagh,
Acht fásfaidh an domhan óg as a uaigh.


L. 44


D'irisleabhar na Gaedheilge



Tá bliadhain 'nois imthighthe, 's mór an rud é,
O cuireadh ár leabhar ar bonn,
O thosaigh ar mbád beag le bánughadh an Laé
Ag sgoltadh go dána na dtonn.
Bhi an fhairrge 'g at, bhí an stoirm ag séideadh,
Bhí an t-uisge ag fiuchadh 's na tonnta ag
méadughadh.
Acht is cuma linn buaidhreadh bagairt no
reubadh
Na spéartha dubh gorm no donn.



Tigidhe le chéile, a chroidhthe na féile,
Árdóchamaoid seól ar na gcrann,
Ar ball béidh si gleusta faoi anairt bhreágh
ghlégil
go h-éadtrom ó cheann dí go ceann.
Ag léimnigh mar éinín, ag rincge 's ag gáire,
Ag snámh mar an eala go h-aéreach, go
h-áluinn,
Ag treabhadh na dtonn go doimhin a's go dána,
Is ionann dí cnoc agus gleann.



Huí! Huí! a dhaoine, a Laighnigh 's a Mhuimhnigh,
A Ulltaigh, 's a Chonnachtaigh buan'.
Tarraing na rópaidh, a's árdaigh na seólta,
agus teannam le ceól thar an gcuan.
Teastuigheann uainn congnamh gach duine i
n-Éirinn,
Ni bhéidhmid-ne sásta go mbéidhmid le chéile,
Go mbéidhmid-ne cruinnighthe uile go léir ann,
ar aon fhocal, inntinn, a's rún.


L. 45


An pháirc air a dtroidmid, is páipéar é,
Agus ní'l ann ár gcloidheamh acht peann
Ní'l ann ár loing-cogaidh acht bád beag glé,
Ag iomchar na mbárd 's na rann;
'Sé mór-chuid de bhreacadh ar pháipéar bán,
An t-abhrán, an rann, an sgeul, a's an dán
Do líon ár long o bhonn go bárr,
Ár long atá láidir teann.



Sul ar rinneadh ár long ó bhonn go bárr,
Bhí ádhmad le leagadh ar dtús,
Bhí crainn d'á ngearradh, le deunamh clár,
Budh mhór ár ngádh a's ár nguais!
Bhi uirlis le fághail, a's bhí saoir le fághail,
Ag gearradh 's ag cumadh na seol-chrann árd,
Ag sgapadh an dorchadais ceó, agus sgáil,
Do bhi le fad ar ár gcúis.



Acht cuirimid fáilte anois roimh an dream
Tá ag díbirt na sgáile 's an cheo,
Do bhí ar oileáinín na sliabh ' s na ngleann,
Do bhí ádhamhail séanmhar fad ó.
Tá séideadh na spéire ag deunamh ceóil
Thart thimchioll na loing', tá faoi shíoda 's fao
shról,
O! congbhuigh, O! congbhuigh, mar tá sí, faoi seól
O! congbhuigh faoi seól í go deó.


L. 46


Agus guidhim, a's guidhfead arís ó mo chroidhe,
Go raibh bliadhain lán séin agus ádh,
A leithéid dhe bhliadhain 's budh mhian linn í,
Ar thobar na Gaedheilge breágh.
Agus guidhim a Thighearna go gcuirfidh tu seun
Ar dtús ar ár leabhar, ann sin orrainn féin,
I n-Éirinn, 's i n-Albain, i mbaile, 's i gcéin,
agus beannacht libh uile go bráth.


L. 47


Maol-Chnuic Chláir.



Cidh, a bh-fad atáim ó Eirinn, bháin, agus brón
am' chroidhe,
Léim mé andiu thar uisge an tsroth' tá eadrain
a's í;
Agus shiubhlas í arís am' chroidhe, ó bhonn go
bárr,
Ag dul ar strae nó go d-táinig mé go Maol-
Chnuic Chláir.



Bhí an t-sláinte am' chomhair a's misneach mór
'san aimsir sin,
Agus ní raibh fuiseóg ar an móin do bhí chomh
binn;
Budh ghairdeach bhí, ar feadh gach ní, mo chroidhe
in mo lár,
Go d-táinig baoghal, a's bás a's neull go Maol-
Chnuic Chláir.



A's dar liom féin, budh díleas, treun, mo
cháirde annsin;
Agus sgap mé ór orra a's stór, mar uisge ar
linn;
Go d-táinig uair 'n a bh-fuair mé buaidhreadh,
brón, a's táir;
'S níor sheas mo cháirde le m' thaobh an lá sin
ar Mhaol-Chnuic Chláir.



Bhí maighdean óg annsin, 's a póg mar fhíon nó
beóir,
Dá d-tug mé searc, a's greann nár thearc, a's
grádh ró-mhór:


L. 48


Acht thug sí í fein do bhodach treun, a raibh ór 'n
a laimh;
'S cheil mé mo bhrón ar chách san domhan acht ar
Mhaol-Chnuic Chláir.



Ar easbhuidh óir, gan spré, gan stór, gan dóthchas,
gan grádh,
Níor fhulaing mé annsin do bheith in áit mo
chráidh,
Acht bhris mo chroidhe nuair d fhágas í, mo thost
gan gáir,
A's teip mo shiubhal nuair chuir mé cúl le Maol-
Chnuic Chláir.



Tá mé anois nó aosta, a's bhris mo neart a's
mo lúth,
Tá sgáile an bháis i g-cómhnuidhe ag fás 's ag
teacht go dlúth;
Acht guidhim, a Dhé, nár síntear mé i g-cómhra
ná 'g-clár
Nó go luighfead síos 'n bhur measg aris, a
Mhaol-Chnuic Chláir.


L. 49


Lá i n-Éirinn.



Ceithre speal' geura ag siúbhal le chéile,
Ag dul i n-eudan an mhóinfheir mhóir,
Ceathrar fear láidir le lúth 'ná lámhaibh
Ag buaint na m-báidhe* glas os a g-cómhair
Mise an ceathramhadh duine de'n dream sin,
Agus mo speal-sa ag dul gan sgith,
'S ní raibh mo speal-sa im' láimh an trath sin
Acht mar bheidh' traithnín no coinlín tuighe.



A Righ na glóire nach athrughadh mór é
O bhí mé i m'óigfhear, fad, fad ó,
Agus teas na gréine ag lasadh m' eudain
Ag baint an fhéir sin, lá breágh gan ceó;
Cailínidh bána ag deunamh gáire
Ar feadh na páirce ag rácáil féir,
As iad go súgach 'san maidin chúbhartha,
A's fuaim a nguth már bheidh' ceól san aér.



Do bhídheadh na beacha ar tóir na meala
'Gá tabhairt d'á neadaibh ameasg an fhéir,
Ag eitioll 'n ár n-aghaidh-ne go mear 's go
meadhrach,
'S ag dul as radharc le srann beag geur.
A's na féiliocáin ar na fothanánaibh,
'S ar na buachalánaibh 's ó bhláth go bláth,
Ar sgiathán eudtrom ag luidhe 's ag éirighe,
'S ag siúbhal 's na spéarthaibh - is iad bhí
breágh.



* Báidhe = slaod féir baintear le buille
speile.


L. 50


Bhí an lon 's an smólach i gcoill na g-cnó
beag
Ag deunamh ceóil bhinn mar cheól na m-bárd
'S an fhuiseóg aérach 's abhrán 'n a béilín
'G á luasgadh féin ann san speir go h-árd.
Bhí an ceirseach aoibhinn ar bhárr na craoibhe
'S a phíobán sínte le port go binn.
A's a Dhé na ngrása is é bhí breágh, bheith
I n-Éirinn áluinn 'san aimsir sin.


L. 51


Do'n bhas.



Is námhaid mór, is carad mór,
Beannacht a's mallacht, thu, a Bháis!
Is leat an speal a Spealadóir
Nach bhfágann plannda fad ag fás!



Bíonn faitchios rómhad' bíonn fáilte rómhad,
Bíonn aoibhneas rómhad agus bíonn brón,
Castar anois 'san mbaile-mór
'S castar arís thu ar an móin.



Ort sa ní féidir buaidh 'bhreith
Is treun do sheirbhisigh gach uair,
Searbhfóghanta dhuit an teine theith,
Searbhfhóghanta dhuit an t-uisge fuar.



Searbhfóghantaidh dhuit i lár an chroidhe
An brón án Imnidhe a's an Fhearg,
'S an Phláigh a thigeas ar an ngaoidh,
Searbhfóghanta dhuit an Cogadh Dearg.



Buailteór thu d'oidhche a's de lá,
A Bháis atá do shúiste trom,
Buaileann tu buile ar bhuile orrainn
Mar phunnainn ar an urlár lom.



Tig le gach bliadhain fóghmhar punnann
(Punnainn tá ionnainn, fear a's bean)
Tá an domhan iomlán mar aon sgioból
Ann a mbuaileann tu an t-óg 'san sean.


L. 52


Cuma leat gráineamhlacht no sgiamh
Cuma leat fírinne no bréag,
Cruthaigheann tu do'n righ gur b'é
'Na dhuine tréith lag, úmhall do'n éag.



Chonnairc ár n-aithreacha righ mór,
Le 'r beag go leór an saoghal iomlán,
'S bud shásta é tar eís a ghlóir'
Le cúpla fód 's le cúpla clár.



Ní bhéidh a shamhail ann go deó;
Níor chongbhuigh Eóraip 's Aria é,
Acht 's beag an toirt bhí ann, an lá
Do caitheadh air, aon tsluasad chré.



Deirid go bhfuair sé míle buaidh
Ar gach aon tsluaigh 'san domhan iomlán
Acht chuir tu é ag líonadh uaigh'
Mar giolla truaighe no bochtán.



A bháis is tu nach gcromann ceann
Go faon-lag fann i gcúirt an righ,
Cia bé an áit a rachas tu
Is máighistir thu atá gan dlighe.



Nár chaillidh tu go bráth do chlú,
S na baintear dhíot do shúiste trom,
Ni fhacas aon chomráid acht thu
Bhi leis an ramhar mar leis an lom.


L. 53


Óid do'n Oireachtas mór i
mBaile-Ath-Cliath, 1897.



Éireochamaoid feasta, tá'n lá geal ag teacht
A's ni bhéidhmid faoi smacht mar atámaoid,
Ag sméirle gan bhrigh no lucht Béarla gan
croidhe,
Acht bhéarfamaoid aghaidh ar an námhaid.
A chladhaire an Bhéarla, luidh síos go deó,
Tá an fíor-spiorad beó anns na daoinibh,
Ní'l meas ar do shórt ar do chleas ná do spórt
Ag ógánaibh cneasta na tíre.



Bhí an Béarla mar smúid ar an spéir anns gach
clúid,
Agus dhall sé na h-Éireannaigh fíora,
Acht tá sibh ann so go láidir 's go beó
Go dtógfaidh sibh ceó dubh na tíre.
Anns an áird-teangaidh bhí ag bórd agus saoi
Cuirim rómhaibh-se na naoi míle fáilte,
Roimh mór agus beag, roimh óg agus sean,
Roimh fear agus bean agus páiste.



Ta cláirseach na h-Éireann le fada faoi bhrón
Agus lionn-dubh, ochón! ar a téadaibh,
An cláirseach do bhi 'ná lúthgháire do'n chroidhe
Atá sí gan bhrigh, a's í réabtha.
Acht sgeithfidh sí ceól anns na spéarthaibh go fóil,
Béidh guth anns gach téad do bhí briste,
Imtheóchaidh droch-fhíon, soillseóchaidh an ghrian
Ar shlóightibh na bhFiann bhí sgriosta.


L. 54


Do fuaireas an focal ó éan ar an gcuan
Agus dubhairt sé nach buan a's nach síorruidhe
An sglábhuidheacht d'fhág an tsean-mháthair faoi
chrádh,
A's go bhfuighimid a bhfuilmid d'á iarraidh.
Ag feadóig an tsléibhe do chaulaidh mé sgeul
go gcuirfidhear an Gaodhal i n-áirde.
Lucht Béarla faoi cheó a's faoi náire go deó,
Agus sonas a's sógh ar ár gcáirdibh.



Cá bhfuil na daoine de mhuinntir Ui Néill
Nach gcamfadh a bheul leis an mBéarla?
No sliocht na ríogh mór, Clann Conaill, Clann
Eóghain,
A's Gearóid bhí i Laighnibh 'na iarla.
O Conchúbhair bhí i n-Éirinn 'na righ,
Ar thréig siad teanga a máthar,
Ar chaith siad díobh an diallaid d'á ndruim
Le dul gan aon tsuim faoi an tsráthar!



Árdóchamaoid teanga na h-Éireann le bród,
Ár sonas ár seód a's ár bpéarla,
A's cuirfidh sí ruaig a's béarfaidh sí buaidh
Ar ghlafarnaigh chruaidh an Bhéarla.
Ni bhfuighidh sí bás, acht béidh sí ag fás
Ann a chrann breágh craobhamhail áluinn,
Agus sgapaidh an sgeul ó bheul go beul
Go mbéidh saoirse 'gus seun le fághail ann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services