Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuntaisíocht
Title
Cuntaisíocht
Author(s)
Ó Cadhlaigh, Cormac,
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Nóláin
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúntaisíocht. 1. An té bhíonn i mbun gnótha d'aon tsórd, an ceannuighe, an siopadóir, nó an feirmeóir féin, ní mór dó a bheith ar a chumas a innsint aon uair conus atáthar aige, 'sé sin, cad é an méid airgid atá ar a sheilbh féin aige 'san oifig ('san tsiopa), nó 'san bhangc, cad é luach na n-earraí atá ar stór aige, cad iad na fiacha atá aige ar dhaoinibh eile, agus na fiacha atá ag daoinibh eile air féin. As an eólas san go léir, is féidir dó a innsint ciaca atá sé go saidhbhir acfuinneach, nó go beó bocht agus é sáidhte i bhfiachaibh. Chun an eólais sin a dhéanamh amach dó féin, coimeádann sé leabhair 'na gcuireann sé síos ionnta cúntas ar gach beart a bhaineann le cúrsaíbh a ghnótha. Agus is é ainm a tugtar ar an ealadhain sin aige ná "cúntais a choimeád" nó "cúntaisíocht." 2. Sidiad na leabhair is gnáth a choimeád:- (a) Leabhar an Airgid. (b) Leabhar na gCeannach. (c) Leabhar na Reac. (d) An Leabhar Conganta. (e) An Leabhar Mór. Leabhair an Airgid. 3. Is ar leabhar an Airgid a dhéanfad trácht ar dtúis, mar níl aon ghnó ná baineann airgead leis. Ins an leabhar san an Airgid iseadh choim- eádthar eólas ar gach pinginn a gheibheann an fear gnótha agus ar gach pinginn a íocann (dhíolann) sé. An t-airgead a bhíonn aige fear nuair a thos- nuíonn sé ar ghnó dhéanamh, is Gustal é. Caitheann sé an t-airgead nó an gustal san ar iliomad slighte. Ceannuigheann sé siopa nó oifig chun a ghnótha dhéanamh, agus trosgán is gach cóir oibre eile nach mór a bheith aige 'san tsiopa nó 'san oifig, agus ceannuigheann sé stór earraí de shaghas éigin chun iad do dhíol leis an bpobal d'fhonn sochair a bhaint asta. An Bhangc. 4. Is a amh anois a choimeádann fear gnótha a chuid go léir fé iadh an tighe aige féin 'na shiopa ná 'na oifig. Is amhlaidh a chuireann sé an chuid is mó de'n airgead a bhíonn aige 'san bhangc isteach' mar is ann is fearr a choimeádfar é, agus is ann is
lugha baoghal dó gadaithe agus bithiúnaigh. Cuireann lucht an bhaingc an tairgead chucha go haireach agus tugaid dhá leabhar do'n fhear gnótha (do'n tiúsgalaidhe), leabhar baingc agus leabhrín d'fhuirmíbh seice. Leabhar cúntais is eadh an leabhar baingc 'na gcuireann lucht an bhaingc innsint ar gach pinginn airgid a curtar i gcoimeád 'san bhangc agus ar gach pinginn a baintear as. Seic. 5. Is é rud é seic ná órdú sgríobhtha, gan chol gan choinghíll, ó dhuine áirithe do bhangcaeir áirithe, oir- ead áirithe airgid d'íoc le duine áirithe an túisge iarrann sé é. Sidí an fhuirm a bhíonn ar an seic:- Uir. 21751 Corcaigh. Banc na Mumhan agus Laighean, Tta. Íoc le nó Órdú. Stampa Dhá Phinginn. 6. Ní mór chúig neithe chur ins gach seic, dá líonadh, mar atá:- (a) An lá agus an mhí. (b) Ainm an té lena n-íocthar an t-airgead. (c) An méid airgid nach mór a íoc leis. (d) Ainm an té thug an tseic (órdú an airgid d'íoc. (e) Stampa dhá phinginn. (a) Ní mór an lá agus an mhí do chur síos, mar ní thabhar- faidh an bangcaeir an t-airgead uaidh sé mhí taréis na seice sgríobhadh. (b) Ní gádh aon mhíniú thabhairt air sin. (c) Ní mór an tsuim airgid do chur síos san tseic dhá uair i bhfoclaibh agus i bhfigiúiríbh. Agus má bhíonn deifríocht idir an dá shuim, ní dhíolann an bangcaeir an tseic gan í chur i gcomhairle an té sgríobh í. (d) Níor bh'órdú i n-aon chor an tseic gan duine do chur a ainme léi, agus mar sin, siné ní is gátaraighe. (e) Cáin leis an Rialtas is eadh an stampa dhá phinginn ar gach seic. 7. Bíonn comhdhuille le gach seic ar a mbíonn uimhir na seice féin, agus sgríobhthar air sin an méid airgid do híocadh
agus ainm an té le nar íocadh é, i dtreó gurab usaide, ar ball, cúntas na seice do chur i leabhar an Airgid. Nó má ráinigheann an tseic do chailliúint nó do ghoid, is féidir gach eólas 'na taobh d'fhághail agus rabhadh thabhairt do'n bhangc gan í dh'íoc. 8. Is maith an tseift í an tseic do'n tiúsgalaidhe, mar i n-inead mála mhóir airgid a thabhairt leis ar aonach nó ar mhargadh, agus é bheith i gcontabhairt bháis ó bhithiúnachaibh, níl aige ach an leabhrín beag úd de sheiceannaibh do chur chuige, agus siné ar a chumas dó pé méid airgid is mian leis d'íoc. Agus ní hé sin amháin, ach is féidir dó aon tsuim airgid is mian leis a chur na mílte slighe ó bhaile. 9. An té le na níocthar seic ó dhuine eile, níl aige ach a ainm (fé mar atá sí sgríobhtha ar aghaidh na seice) do sgríobhadh ar chúl na seice agus í shíneadh chun an bhangcaera agus gheobhaidh sé an t-airgead. Forsgríobhadh a tugtar ar ainm an duine féin do sgríobhadh ar chúl na seice. Forsgríobhadh lom a tugtar air leis. Forsgríobhadh ar leithligh a tugtar air nuair a curtar aguisín leis, dhá íoc le duine eile, mar seo, cuir i gcás: Íoc le Seán mac Séamuis nó Órdú. Tomás mac Eóin. Siné brígh bhíonn leis an bhfocal úd "nó órdú," gur féidir do'n té le na níocthar an tseic í dh'íoc le duine eile ar bith le na órdú féin mar a deintear leis an bhforsgríobhadh ar leithligh. Seic Dhiúltuighthe. 10. Dá ráineóchadh ná beadh an tseic sgríobhtha 'na ceart nó ná beadh airgead na seice 'sa bhangc age fear na seice sgríobhadh, ní díolfaí airgead na seice leis an té shínfeadh chun an bhangcaera í. Sgríobhfaí ar chúinne de'n tseic na leitreacha seo C/T (cuir a tuairisg le fear na seice do sgríobhadh) nó N/A (ní acfuinn d'fhear na seice do sgríobhadh an oiread san d íoc). Deineann lucht an bhaingc diúltú do'n tseic, agus mar sin, "seic dhiúltuighthe" a tugtar mar ainm uirthi. Crosadh Seice. 11. Ó na fuil aon teóra le gastacht bhithiúnach, agus ar eagla go ngoidfeadh duine an tseic agus go dtiocfadh leis airgead na seice dh'fhághail ó'n mbangc, ghá rádh gurbh 'é féin an té gur cheart an t-airgead d'íoc leis, téigh- thear i muinighin chomharthaí áirithe d'fhonn na seice do chur ó bhaoghal a íoctha le duine nár bh' í a chuid le ceart í.
Sidiad na Comharthaí:- (a) (b) Agus a gCuid (c) Bangc na hÉireann agus a gCuid. (d) Neamhiontráchtála. Bangc na hÉireann agus a gCuid. a gcúnntas
Féin. Crosadh seice gach ceann des na comharthaíbh sin. (a) agus (b) - crosadh coitcheann. (c) agus (d) - crosadh fé leith. Má bhíonn na comharthaí (a) nó (b) ar sheic, ní díolfar airgead na seice ach ó bhangcaeir gurab aithnid dó an té le na ndubhradh a híoc. Má's é an comhartha (c) a bhíonn ar an tseic, ní íocfar airgead na seice ach ó lucht an bhaingc do luadhadh 'sa chrosadh. Nuair a bhíonn "a gcúntas féin," agus rl., ar sheic, is éigean do lucht an bhaingc an t-airgead do chur le cúntas na ndaoine (an té) le nar deineadh iníoctha í. 12. Is é brigh atá leis an bhfocal "neamhiontráchtála" ná nach fearr teidiol an té gheibheann an tseic ná teidiol an té thug dó í. 'Sé sin, má's le goid a fuair an chéad duine an tseic, ná beadh ach ceart an ghadaidhe chúichi ag an té fuair an tseic ó'n ngadaidhe. Ní crosadh i naon chor é, ach is foláramh é do chách bheith ar a sheachaint ar eagla gur ó ghadaidhe gheobhthaí í. Mar dá mb' amhlaidh a goidfí í, do bheadh d'fhiachaibh ar an té, go mbeadh sí aige, í thabhairt thar n-ais do'n té gur leis í le ceart. Ach an duine go mbeadh seic ná beadh an focal san sgríobhtha uirthi aige, ní sháróchadh an saoghal a cheart chúichi, maran le calaois a fuair sé seilbh uirthi. 13. Cóir iontráchtála de ghnáth is eadh seic. Is é ní é cóir iontráchtála ná rud go bhfaghann duine seilbh air bona fide, a deaghmhuinighin, agus ar luach áirithe, go bhfuil ceart agus teidiol aige chuige, pé aineamh ná easba a bhíonn ar theidiol an té ó na bhfuair sé é. Sidiad comharthaí gach córach iontráchtála:- (a) Imthigheann seilbh ann ó dhuine go chéile le na thráchtáil.
(b) An té gheibheann seilbh air 'san tráchtáil, ní féidir a cheart san chuige do shárú tré aon locht ab fhéidir a bheith i gceart éinne eile chuige sar a bhfaghadh sé féin ch. (c) Is cuma dhó san aon locht dob 'fhéidir a bheith i gceart. duine eile go mbeadh sé aige roimhe sin, mar atá, calaois ná beadh aon pháirtaige féin innte ná aon bhaint aige léi. Seic Iardháta. 14. Tá ní eile a bhaineann le seic, seic iardháta, 'sé sin, lá éigin badh dhéanaighe ná an lá do sgríobhadh an tseic do chur uirthi mar dháta. Cuir i gcás, seic do sgríobhfaí an dara lá fichead de Mhárta agus go gcuirfí an naomhadh lá fichead de Mhárta mar dháta uirthi. Deintear a leithéid sin chun cáirde thabhairt d'fhear na seice sgríobhadh ar airgead na seice d'íoc a dh'fhághail roimh dháta na seice. Uaireanta cuireann ceannuightheóir seic iardháta d'iarraidh earraí i dtreó, mar a mbeadh na hearraí chun a shástachta, gur bh'fhéidir dó rabhadh thabhairt do'n bhangc gan é dh'íoc. 'Na leithéid sin de chás, do b'éigean do'n cheannuightheóir a dheimhniú ná fuair sé na hearraí dh'orduigh sé. Locáiste. 15. Tá ní eile a bhaineann le cúrsaíbh airgid d'fhághail agus d'íoc, 'sésin, locáiste. Nuair a íocthar airgead síos, nó, nuair a íocthar airgead fé cheann tréimhse áirithe aimsire, go tráthúil, bain- tear oireadh áirithe fé'n gcéad d'iomláine na bhfiach; locáiste a tugtar ar an siom airgid sin a mhaithtear mar gheall ar íoc i dtráth. An dá innsint. 16. Sar a dtosnuighead ar chaint i dtaobh cúntais nó leabhair an airgid, ní misde beagán focal a rádh i dtaobh ní atá ag baint le gach cúntas. Is é ní é sin ná an dá innsint nach mór a dhéanamh ar gach beart gnótha a bhaineann Le cúrsaíbh airgid nó le cúrsaíbh earraí do dhíol agus do cheannach, agus gach ní eile mar sin. Is fáltas agus is díoluíacht 'san am gcéadna gach beart gnótha. Is fáltas é ag an té gheibheann, agus is díoluíacht ag an té thugann. Mar sin, nuair a cheannuigheann Seán Ó Briain earraí ó Chonn mac Cormaic, is fáltas age Seán ó Conn iad agus is díoluíacht age Conn le Seán. Ar an gcuma gcéadna, nuair a curtar airgead isteach 'san bhangc, is fáltas ag an mbangc an t-airgead san, agus is díoluíacht ag an Oifig. Agus ní mór san do thaisbeáint ins na leabhraibh nó ins na cúntasaíbh le dhá innsint a thabhairt ortha.
Tarrac. 17. Nuair a curtar airgead 'san bhangc nó nuair a baintear as é, caithtear leis an ngnó é de ghnáth; ach uaireanta deintear roinnt airgid do tharrac as an mbangc nó as airgead na hoifige d'fhonn é chaitheamh ar shult nó ar chothú an tiúsgalaidhe féin ar leithligh. Díoluíacht é sin ag an mbangc nó ag an Oifig, do réir mar is as an mbangc nó as an Oifig a deintear é tharrac, agus is fáltas é ag an nGustal, ag cuid an duine féin (ag Cúntas na dTarrac). 18. Sidiad na neithe nach mór a thaisbeáint i leabhar an Airgid:- Éirim an Sgéil. (a) Cathain a fuaradh nó a íocadh an t-airgead; (b) Cé uaidh go bhfuaradh é, nó cé leis gur íocadh é; (c) Cad é an méid airgid a fuaradh nó a íocadh; (d) Ciaca le hairgead as an Oifig nó le hairgead as an mbangc a dh'íocadh suim an airgid. (e) Ciaca 'san Oifig a coimeádadh an t-airgead a fuaradh, nó an amhlaidh a cuireadh 'san bhangc isteach láithreach é. N.B.- Má curtar aon tsuim airgid isteach 'san bhangc an lá céadna a gheibhtear é, is fáltas ag an mbangc é. (f) An locáiste a ghabhann le híoc thráthúil. (g) An leathanach de'n Leabhar Mhór 'na bhfuil an cúntas le fáil. 19. Dá bhrigh sin, bíonn gach leabhar airgid roinnte 'na chodaibh mar seo ar an dá thaobh:- Leabhar an Airgid. An Bhliain. Lch. An Locáiste. An Oifig. An Bangc. Mí. Lá.
Taobh na bhFáltas a tugtar ar an dtaobh chlé, agus is ann a curtar gach ní is fáltas. Fls. a sgríobhthar 'na nod. Taobh na nDíoluíacht a tugtar ar an dtaobh dheas, agus is ann a curtar gach ní is díoluíacht. Dlt. a sgríobhthar 'na nod. 20. Samhlaíd ar Leabhar an Airgid. 1914. Mí na Nodlag 1. Airgead ar láimh age Seán Ó Briain i dtosach 2. Chuir sé isteach 'san bhangc 4. Cheannuigh sé earraí ó Eóin mhac Énna, agus d'íoc sé asta le seic Leigeadh 'na locáiste leis 11. Cheannuigh sé earraí ar airgead síos 15. Bhain sé as an mbangc 16. Dhíol sé Tuarastail-Airgead 17. Dhíol sé Cíos-Airgead 18. Dhíol sé earraí ar airgead síos 19. Chuir sé 'san bhangc 21. Dhíol sé le Séamus Ó hUiginn - seic agus leigeadh 'na locáiste leis 22. Fuair sé ó Thomás mhac Ghabhann agus leig sé 'na locáiste leis 23. Dhíol sé a hIomchar Earraí - Airgead 24. Dhíol sé Tuarasdail - Airgead 25. Dhíol sé Earraí ar airgead síos 26. Bhain sé as an mbangc dó féin 28. Seic i gcóir Mionchostas 29. Fuair sé ó Mhuiris Ó Chuill, agus chuir isteach 'san bhangc 30. Dhíol sé Cáin agus Sreatha le hairgead
Teagasg agus Comhairle. Is í céad cheist nach foláir a chur i gcómhnuidhe i dtaobh gach birt ghnótha ná ciaca fáltas nó díoluíacht é age lucht an ghnótha, agus ansan cé uaidh go bhfhuaradh nó cé leis gur díoladh. An chéad bheart anso - £350 ar láimh i dtosach bárra - fáltas aisgid é sin as a Ghustal, agus mar sin curfar ar thaobh na bhfáltas é, mar seo:- Ó'n nGustal £350 Gach aon am curtar airgead 'sa bhangc nó a baintear as é, ní foláir a chuimhneamh gur fáltas agus díoluíacht ag an am gcéadna é - tá san fíor i dtaobh gach birt (§ 16)- ach ó tá cúntas an air gid 'san oifig agus cúntas an airgid 'sa bhangc i dteannta a chéile i Leabhar an Airgid, ní foláir an dá innsint do thabhairt ar gach beart de'n tsaghas san. Cúrsaí airgid amháin a bhíonn i Leabhar an Airgid agus, mar sin, má cheannuightear earraí ar airgead, tugtar an t-airgead, agus, dá bhrigh sin, is díoluíacht ag Leabhar an Airgid an ní is gáltas ag Cúntas na nEarraí. Agus ar an gcuma gcéadna, an ní is gáltas ag Leabhar an Airgid, nuais a díoltar earraí ar airgead síos, is díoluíacht é ag Cúntas na nEarraí. Gach díoluíacht a deintear le seic is díoluíacht ag an mbangc í, agus, mar sin, ní foláir an suim airgid a chur i gcolúin an bhaingc ar thaobh na ndíoluíacht. Gach seic a gheibhtear, ní foláir an suim airgid a chur i gcolúin an airgid ar thaobh na bhFáltas, ach amháin nuair a curtar 'sa bhangc an lá céadna a gheibhtear é, nuair is 'sa bhangc a curtar é. Nuair a bhíonn na birt go léir curtha síos i Leabhar an Airgid, ní foláir an dá thaobh do chothromú leis an ndifríocht eatortha do chur leis an taobh is lugha airgead. An Fuighlach a tugtar mar ainm ar an ndifríocht san.
CLEACHTADH. 1. Leabhar Airgid do sgríobhadh ag taisbeáint cúntais airgid Sheáin mhic Eóin ó'n eólas seo síos:- Nodlaig 1. Airgead ar láimh 1. Airgead 'sa bhangc 4. Dhíol sé Earraí ar Airgead síos 6. D'íoc sé Tuarasdal as an Airgead 7. Bhain sé as an mbangc do'n ghnó 7. D'íoc sé a hIomchar Earraí le seic 8. Fuair sé seic ó Mhuinntir Dhuibhir Leig sé leó 'na locáiste 9. Cuireadh seic Mhuinntir Dhuibhir 'sa bhangc 12. Do híocadh seic le Tomás mac Séamuis ag glanadh a chúntais Leigeadh 'na locáiste 2. Cuir na bearta seo síos i Leabhar Airgid agus dein an cúntas do chothromú mar a bhí an deichmhadh lá fichead de Mheadhon Foghmhair, 1917:- Meadh. Fogh. 1. Airgead ar láimh 1. Airgead 'sa bhangc 2. Baineadh as an mbangc 3. Do híocadh airgead as Earraíbh 3. Do híocadh le Tadhg Ó Ruadháin 5. Do díoladh Earraí ar Airgead síos 6. Cuireadh isteach 'sa bhangc 10. Fuaradh seic ó Chormac Ó Bhriain agus leigeadh leis 'na locáiste 15. Do híocadh Airgead - Tuarasdal 17. Do híocadh seic le Muinntir Thuama agus do leigeadh 'na locáiste uatha 19. Do baineadh as an mbangc 23. Do híocadh seic ar Chíos 27. Do híocadh Airgead ar Earraíbh 28. Do híocadh seic le Seán Ó Cuinn 29. Fuaradh Airgead ar Earraíbh a díoladh 30. Do híocadh costais na hOifige le hairgead 30. Do baineadh as an mbangc 30. Do cuireadh isteach 'sa bhangc
3. Cuir na bearta so síos i Leabhar an Airgid:- Meith. 1. Airgead ar láimh £. s. d. 1. Airgead 'sa bhangc 4. Do híocadh airgead ar Iomchar Earraí 6. Fuaradh seic ó Mhuinntir Liatháin 6. Cuireadh isteach 'sa bhangc í; leigeadh 'na locáiste leó 8. Do híocadh Airgead ar Earraíbh 10. Díoladh Tuarasdal le hAirgead 15. Fuaradh airgead ar Earraíbh 18. Baineadh as an mbangc 20. Díoladh an Cíos le hairgead 23. Tugadh seic do Mhuinntir Stiopháin; Leigead 'na locáiste uatha 25. Fuaradh seic ó Mhuinntir Liatháin agus cuireadh 'sa bhangc í 26. Díoladh Earraí ar Airgead síos 28. Baineadh as an mbangc 30. Fuaradh seic ar Earraíbh a díoladh agus cuireadh 'sa bhangc í 4. Ó'n eólas so síos déan Leabhar an Airgid do sgríobhadh:- £ s. d. Márta 1. Tosnuigheadh an tiúsgal le hAirgead 3. Cuireadh 'sa bhangc 6. Fuaradh seic ó Shéamus mhac Sheáin agus cuireadh 'sa bhangc í Leigeadh leis 'na locáiste 7. Fuaradh seic ó Risteárd mac Canna agus cuireadh 'sa bhangc í 9. Do híocadh Airgead ar Earraíbh 10. Fuaradh Airgead ó Sheán mhac Eóin 12. Cuireadh 'sa bhangc 14. Do híocadh seic le T. mac Risteáird 18. Baineadh as an mbangc 20. Díoladh Earraí ar Airgead síos 22. Cuireadh 'sa bhangc 25. Fuaradh seic ó Chormac mhac Dhiarmuda agus cuireadh 'sa bhangc í 30. Do híocadh Airgead - Tuarasdal
5. Leabhar na Airgid do dhéanamh amach ó'n eólas so síos:- £. s. d. Meitheamh 1. Airgead ar láimh 1. Airgead sa bhangc 4. Tugadh seic do Mhuinntir Chárthaigh agus leigeadh 'na locáiste uatha 5. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos 9. Fuaradh airgead ó Eóin Ó Briain agus leigeadh leis 'na locáiste 10. Fuaradh seic ó Liam mhac Dhuibh agus leigeadh leis 'na locáiste 12. Cuireadh isteach 'sa bhangc 15. Sgríobhadh seic i gcóir na hoifige 6. Leabhar an Airgid do sgríobhadh ó'n eólas £. s. d. Ean. 2. Airgead ar láimh 2. Airgead 'sa bhangc 4. Fuaradh Airgead ó Liam mhac Ghabhann agus leigeadh 'na locáiste leis 5. Díoladh Earraí ar Airgead 6. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead 7. Fuaradh seic ó Mhuinntir Chaoimh agus leigeadh 'na locáiste leó 9. Cuireadh isteach 'sa bhangc 10. Baineadh as an mbangc 15. Díoladh Tuarasdal le hairgead 16. Tugadh seic do Phól Ó Dhochartaigh 16. Agus do leigeadh 'na locáiste uaidh 18. Díoladh Earraí ar Airgead 19. Cuireadh 'sa bhangc 23. Do híocadh Iomchar Earraí le hAirgead 24. Do híocadh Tuarasdal le hAirgead 27. Baineadh as an mbangc dam féin 28. Sgríobh seic i gcóir an Mhionairgid 28. D'íoc an Cíos le seic 29. Fuaradh seic ó Liam mhac Chóda agus cuir- eadh 'sa bhangc í 30. Do híocadh Cáin Ioncuim le seic 31. Do híocadh Tuarasdail Oifige le hAirgead
7. Leabhar an Airgid do dhéanamh amach i gcóir na mbeart so síos:- Márta 1. Airgead ar láimh £. s. d. 1. Airgead 'sa bhangc 2. Díoladh Tuarasdail le hAirgead as an Oifig 3. Tugadh seic do Mhuinntir Dhomhnaill agus leigead 'na locáiste uatha 5. Fuaradh ó Thadhg Ó Cheallaigh agus cuir- eadh 'sa bhangc Leigeadh leis 'na locáiste 6. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos 7. Cuireadh isteach 'sa bhangc 8. Tugadh do Shéamus Ó Chorbáin - seic agus leigeadh 'na locáiste uaidh 9. Fuaradh ó Mhuinntir Mhaoileóin 11. Cuireadh 'sa bhangc 12. Fuaradh seic ó Chonn Ó Fhloinn agus cuireadh isteach 'sa bhangc í 13. Fuaradh seic uí Fhloinn ó'n mbangc mar do diúltuigheadh di 14. Fuaradh ó Chonn Ó Fhloinn - airgead tirm 8. Dein an Cúntas do chothromú:- Abrán 1. Airgead ar láimh 2. Cuireadh 'sa bhangc 4. Dhíol Earraí ar Airgead síos 5. Díoladh a Fograíbh 6. Do híocadh seic le Máirtín is a gCuid Locáiste 8. Fuaradh ó Mhuinntir Bhreathnaigh agus cuireadh 'sa bhangc Locáiste 9. Fuaradh ó Bhriain mhac Chába Locáiste 11. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos 13. Fuaradh ó Chathal mhac Chormaic Locáiste 15. Ceannuigheadh Gual ar Airgead síos 18. Baineadh as an mbangc 'na chóir féin 23. Fuaradh ó Sheán Ó Chathail Locáiste
Abrán 23. Díoladh ar Airgead síos Earraí 23. Cuireadh an dá airgead san 'sa bhangc 26. Do híocadh le Muinntir Dhomhnaill 28. Do baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige 29. Do híocadh seic le Tomás Ó Duinn Locáiste 30. Do híocadh iolchostais 9. Leabhar an Airgid do sgríobhadh ó'n eólas so síos:- Ean. 2. Airgead ar láimh. 'sa bhangc 3. Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige 4. Do híocadh le Bóthar an Oirthir, Airgead 4. Do híocadh seic le Peadar Mac Seóin Locáiste 5. Fuaradh Ó Bhriain mhac Ghregóir seic a cuir- eadh 'sa bhangc (locáiste 15s. 6d.) 6. Do híocadh págh an lucht oibre le hAirgead Oifige 6. Tugadh airgead do chustomaeir ar sheic, a cuireadh 'sa bhangc 7. Fuaradh Airgead ó Éamonn Mhac Ghabhann 10. Dein amach Leabhar an Airgid i gcóir na mbeart so síos:- Ean. 1. Airgead ar láimh, £49 18s. 4d.; Airgead 'sa bhangc, 1. D'íoc Art Mac Cuinn a chúntas (£125) lughaide locáiste 5 fé'n gcéad. 1. Cuireadh 'sa bhangc, 4. Do híocadh le Brian Ó Mathúna a raibh aige orm ach locáiste 2½ fé'n gcéad. 6. Do híocadh Tuarasdail, 8. Do mhalartuigh B/T ag an mbangc, £300. Locáiste baingc, 8. Do híocadh Premium Urrúis, 10. Do híocadh B/Í ag an mbangc, 13. Bainead as an mbangc i gcóir na hOifige,
Ean. 13. Do híocadh Tuarasdail, 18. Do díoladh Earraí ar Airgead síos, 18. Do híocadh Tuarasdail, 23. Do híocadh le seic a raibh ag Mícheál Ó Ceallaigh orm, Lughaide locáiste 5 fé'n gcéad. 27 Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige, 27. Do híocadh Tuarasdail, 31. Do bhain fear an ghnótha as an bhangc 'na chóir féin, 31. Do híocadh le hAirgead iolchostais ghnótha, CEISTEANNA. 1. Cad chuige go ndeintear cúntais do choimeád? 2. Cad é an ní é "cúntaisíocht"? 3. Cad é an leabhar is tábhachtaighe ar leabhraibh cúntais an tiúsgalaidhe? Cad 'na thaobh san? Tabhair tuairisg air. 4. Abair trí leabhair eile a bhíonn le haghaidh na gcúntas do choimeád. 5. Tabhair tuairisg ar aon cheann díobh. 6. Cad é an t-eólas a gheibhtear a Leabhar an Airgid? 7. Cad é an ní é "gustal"? Conus a caithtear é? Ar chiallmhar an rud do dhuine é go léir do chaitheamh? Cad 'na thaobh san? 8. Cad 'na thaobh go gcuireann tiúsgalaidhe roinnt dá chuid airgid 'sa bhangc? 9. Cad a gheibheann sé ó'n mbangcaeir nuair a chuireann sé airgead 'sa bhangc do'n chéad uair? Cad chuige go bhfaghann? 10. Cad is seic ann? 11. Cad é brigh na bhfocal "gan chol gan choinghill"? 12. Cad e an difríocht atá idir "duine áirithe" agus "duine éigin"? 13. Innis cad iad na neithe nach mór a chur ins gach seic, agus cad 'na thaobh?
14. Sgríobh seic iníoctha le Diarmuid mac Cormaic ar £4 6s. 8d. Dein féin an fhuirm do dhéanamh a blúire páipéir agus sgríobh i gcinn-litreachaibh gach focal a bhíonn clóbhuailte ar an ngnáthfhuirm. 15. Cad a chialluigheann "seic a dáta," agus "seic iardháta." 16. Cad iad na buadha ag seic le híoc a dhéanamh thar airgead? 17. Conus a deintear seic slán ó bhaoghal a ghoidthe? 18. An mó slighe 'nar féidir sin do dhéanamh? 19. Cad is crosadh coitcheann ann? Crosadh se leith? Ciaca crosadh dhíobh is fearr, dar leat? Cad 'na thaobh san? 20. Cad é an bhrigh atá le "neamhiontráchtála"? 21. Cad is "cóir iontráchtála" ann? Cad iad cómharthaí gach córach iontráchtála? Ainmnigh dhá chóir iontráchtála eile seachas seic. 22. Cad é an bhrigh atá le "bona fide"? 23. Cad nach niór a dhéanamh chun airgid seice dh'fhághail? 24. Cad é feidhm na bhfocal so ar an seic: a gcúntas féin, a chúntas féin, a cúntas féin? Cathain a dh'úsáidthear gach focal fé leith dhíobh? 25. Mínigh: cómhdhuille seice; forsgríobhadh; forsgríobhadh lom; forsgríobhadh ar leithligh. 26. Cad is locáiste ann? Cathain a leigtear le duine é? 27. Cad iad an dá innsint nach foláir a thabhairt ar gach beart gnótha ins na leabhraibh cúntais? Cad 'na thaobh san? Tabhair samhlaíd ar an ní sin, an méid a bhaineann le Leabhar an Airgid. 28. Cad is tarrac ann? Tabhair cúntas ar an dá ní seo mar a bheídis i Leabhar an Airgid: (a) Do bhain Seán Ó Séaghdha £10 as an mbangc dó féin chun báid do cheannach; (b) chun tuarasdal na bhfear oibre d'íoc. 29. Cad iad na neithe nach mór a thaisbeáint i Leabhar an Airgid? 30. Dein fuirm Leabhair an Airgid do thaisbeáint ar do pháipéar agus cuir isteach chúig bearta ar gach taobh. 31. Cad is fáltas ann? Cad is díoluíacht ann? Cad iad na nuid a sgríobhthar i ninead na bhfocal san? 32. Cad a chialluigheann: ceannach ar cáirde; díol ar cáirde: cáirde fhada 33. Cad is acfuinn ann? Acfuinn bhuan; acfuinn sealadach?
34. "Is minic a bhíonn ní 'na acfuinn bhuan age duine agus an ní céadna 'na acfuinn sealadach age duine eile." Conus san? 35. Mínigh na nuid seo Fls.; Dlt.; N/A; C/T. 36. Cad a chialluigheann: "airgead síos." 37. Cad a chialluigheann: cúntaisíoct an dá innsint? 38. Cad is "seic dhiúltuighthe" ann? 39. Sidiad na gnáthbhearta a dheineann lucht tiúsgail: Earraí do dhíol agus do cheannach ar airgead síos; air- gead d'fhághail is do thabhairt ag glanadh fiacha; locáistí a leigint leó agus uatha; gnáthchostais iomchair earraí; airgead do chur isteach 'sa bhangc agus do bhaint as. Dein fuirm Leabhair Airgid a dh'oiriunóchadh a leithéidí agus cuir síos ann beart de gach saghas dhá thaisbeáint go dtuigir an sgéal.
Cothromú an Dá Cúntas. 21. Coimeádann lucht an bhaingc cúntas ar gach aon phinginn airgid a chuireann an tiúsgalaidhe isteach 'sa bhangc, agus ar gach aon phinginn a bhaineann sé as. Cothromú an dá Chúntas. Coimeádann an tiúsgalaidhe cúntas ar gach díoluíacht a dheineann sé le seic, 'sé sin, ar gach díol- uíacht tríd an mbangc, agus ar gach aon phinginn a chuireann sé isteach ann. Ar an gcuma san, is féidir dó, i ndeire aon tréimhse, cúntas an airgid 'sa bhangc, do réir lucht an bhaingc, do fhromhadh leis an gcúntas a choimeádann sé féin air i Leabhar an Airgid. Ní ghabhann an dá chúntas le chéile i gcomhnuidhe; mar an tseic a dhíolfadh an tiúsgalaidhe, b'fhéidir ná hiarrfaí airgead uirthi go ceann seachtmhaine tar éis deire na tréimhse, agus dá bhrigh sin, ní bheadh aon chúntas uirthi i gcóir na tréimhse sin ag lucht an bhaingc, agus, mar sin, ní bainfí airgead na seice sin de chuid an tiúsgalaidhe 'sa bhangc. Mar an gcéadna, an tseic a chuirfeadh an tiúsgalaidhe 'sa bhangc, tar éis í dh'fhághail ó dhuine eile, b'fhéidir ná baileófí airgead na seice, dá mna ar bhangc eile a bheadh íoc na seice, roimh dheire na tréimhse, agus, mar gheall air sin ná curfí airgead na seice sin le cuid an tiúsgalaidhe 'sa bhangc. D'fhágfadh san difríocht idir an dá chúntas, ní nach iongna. Níor mhór do'n tiúsgalaidhe an dá chúntas a thabhairt le chéile ansan. Cothromú an dá chúntas a tugtar ar an dtabhairt le chéile sin. Seo samhlaíd ar an gcothromú san adeirim:- An Fuighlach do réir leabhair an bhaingc Seiceanna nár bailigheadh a chur leis sin:- Seán Ó Sirriaim Liamh Ó Broin Seiceanna nár íocadh a bhaint de:- Muinntir Mhaoileóin Tadhg Mac Cormaic Fuighlach do réir Leabhair an Airgid
22. Bíonn a lán mionchostas ag baint le gach aon ghnó, pé . beag mór é, agus díoltar iad a suim áirithe airgid a curtar ar leathtaoibh d'aonghnó chuige sin. Leabhar an Mhionairgid. Ní hé cléireach na leabhar gcúntas, fear na leabhar do choimeád a dheineann an t-airgead san do bhainistighe i n-aon chor, ach fóchléireach éigin. Is amhlaidh a tugtar suim airgid dó san i dtosach tréimhse agus bíonn air cúntas do choimeád ar gach pinginn a caithtear ar mhionchostasaíbh, mar atá, iomchar earraí, páipéar sgríobhtha, postacht leit- reach, díoluíacht a turasaibh gearra a deintear tar cheann lucht an tiúsgail nuair is gádh an deithineas, agus aon mhíonchostais eile mar sin a bhainfeadh le gnáthobair an lae. I ndeire na tréimhse, taisbeántar an leabhar san an mhionairgid do'n chúntasóir agus pé méid a bhíonn caithte de'n tsuim airgid a tugadh do chléireach na mionchostas i dtosach, tugtar an méid sin dó arís i dtreó go dtosnuigheann sé gach tréimhse leis an oiread chéadna airgid. Ní foláir adhmháil, nó deimhne, ar gach airgead do caitheadh, do bheith ag fear an mhionairgid le taisbeáint d'fhear na gcúntas do choimeád. Chuige sin, tugtar leabhrín beag d'fhuirmíbh admhála dhó, agus aon airgead a thugann sé uaidh. Ní foláir dó'n té gheibheann é a ainm do chur le fuirm díobh mar fhiadhnaise ar fhírinne an chaithteachais. Ní foláir uimhir na hadmhála do chur síos i gcúntas an mhion- airgid i naghaidh gach caithteachais go bhfuil admháil air.
23. Seo samhlaid ar Leabhar an Mhionairgid:- Samhlaid ar Leabhar an Mhionairgid.
Cuir na neithe seo síos i Leabhar an Mhionairgid:- 1. Nlg. 1, Fuighlach ar láimh; Nlg. 2, Do híocadh an bheantighe; Nlg. 3, Ceannuígheadh Stampaí; 4, Fuaradh ó'n gCisteóir; Nlg. 5, Fuaradh a díol se andeisge; Nlg. 6, Taisteal ar tram, ilneithe; bioth; telegráma. 2. 1911, Nlg. 31, Fuighach ar láimh; 1912, Ean. 1, Fuaradh an difríocht idir sin agus; Ean. 2, Ceannuigheadh stampaí; Ean. 3, Do híocadh a hiomchar traidín, Do híocadh costas taistil; Ean. 4, Ceannuigheadh adhbhar pacála; Ceannuigheadh Páipéarachas; Ean. 5, Do híocadh le fear oibre; Ean. 6, Ceannuigheadh earraí ar mhargadh, 3. 1923. £ s. d. Feabhra 5. Mionairgead ar láimh 5. Seic do fuair fear an Mhionairgid ar íocaíochtaíbh le linn na seachtmhaine roimhe 5. Do híocadh ar Stampaíbh puist 6. Do híocadh a hIomchar 7. Do híocadh a páipéaracas 10. Do híocadh a stampaíbh puist; a hiomchar; a taisteal, 8s. 9d. Tabhair anuas an Fuighlach, mar a bhí an dara lá déag d'Feabhra. CLEACHTADH. 1. Dein fáisnéis fhuirmiúil a thabharfaidh Leabhar an Airgid agus Leabhar an Bhaingc le chéile ó'n eólas so síos:- £ s. d. Nlg. 31. An Fuighlach do réir Leabhair an Bhaingc Seiceanna do sgríobhadh roimh deire Mí na Nodlag ach nár cuireadh fé bhrághaid an bhaingc go dtí grod 'san Eanair: Tadhg Mac Suibhne Seán Ó Conaill Seiceanna do cuireadh 'sa bhangc roimh dheire Mí na Nodlag ach nár bailigheadh go dtí an chúigmhadh lá d'Eanair: Muiris Ó Catháin Seán Ó Laoghaire Fuighlach i Leabhar an Airgid
2. An t-aonmhadh lá triochad de Mhí na Nodlag, 1903, do dhein lucht an bhaingc do chúntas aca do chothromú agus bhí d'fhuighlach agat ann dá réir. Ach do réir mar do dheinis féin amach é i Leabhar an Airgid, fuairis ná raibh agat ann ach. Cad do dhéanfá chun teacht ar an ndifríocht san idir an dá chúntas do mhíníú. 3. An t-aonmhadh lá déag ar fichid de Mhí na Nodlag, do bhí age Liam Mac Eóin 'sa bhangc do réir Leabhair an Bhaingc. Chonnaic sé, ámh, taréis é dh'infhiuchadh ná raibh aon innsint ann ar na seiceannaibh seo do thug sé uaidh an dá lá deiridh de'n mhí:- Liam Mac Guidhir agus a Chuid- eachta Seán Ó Séaghdha Mathún Ó Tuama Simeón Ó Ceallaigh agus ní lugha ná mar a bhí innsint ar sheic do fuair sé lá nó dhó roimhe sin ó Mhícheál Mac Amhlaoibh ar. Má choinghibh sé féin a Leabhar Airgid 'na cheart innis cad é fuighlach a bhí 'sa bhangc aige dá réir. Cad fé ndear an difríocht san 'sa dá chúntas? CEISTEANNA. 1. Conus is féidir fírinne an Leabhair Bhaingc do fhromhadh? 2. Cad 'na thaobh ná bíonn Leabhar an Bhaingc agus Leabhar an Airgid ar aon fhuighlach, go minic? 3. Cad deineann an tiúsgalaidhe chun an dá chúntas do thabhairt le chéile? 4. Cad nach foláir do'n tiúsgalaidhe chríochnúil a dhéanamh, mar sin, gach aon uair a sgríobhann sé seic? 5. Cad í an difríocht atá idir Leabhar an Airgid agus Leabhar an Mhionairgid? 6. Conus is fearr is féidir cúrsaí na mionchostas do riaradh? 7. Dein fuirm a riaradh chun na mionchostas ba ghnáth i siopa lóin a thaisbeáint. 8. Cá gádh Leabhar Mionairgid do choimeád i naon chor? 9. An té ná beadh aon chúntas i Leabhar an Airgid ar na seiceannaibh d'íoc sé le linn tréimhse áirithe, conus a dheanfadh sé taobh na ndíoluíacht i Leabhar an Bhaingc do fhromhadh?
Leabhar na gCeannach. 24. Nuair a ceannuightear earraí ní foláir cúntas do choimeád ar:- Leabhar na gCeannach. (a) cathain a ceannuigheadh iad; (b) cé uaidh (uatha) gur ceannuigheadh iad; (c) an méid earraí a ceannuigheadh d'aon iarracht; (d) an tairgead a bhí ar gach saghas earra fé leith agus ar na hearraíbh go léir i dteannta a chéile. (e) aon chostas eile a dh'árdóchadh fiacha na nearraí, mar atá: costas na mbosgaí nó na gcanfás a bheadh um na hearraíbh, costas a niomchair, costas a nurradhais ar bhaoghal a gcaillte nó a millte; (f) aon ní a bhainfeadh ó na bhfiacha mar atá, locásite gnótha, 'sé sin, oiread áirithe fé'n gcéad a bhaint d fhiachaibh earraí nuair a díoltar 'na gcodaibh móra iad le lucht an aon ghnótha. Allú ntas breise ar an locáiste airgid é sin. Nuair a curtar earraí ó cheannuidhe go chéile, curtar fuirm, "an Réamheólas" amach an lá céadna curtar na hearraí ar bóthar, ag tabhairt gach eólais 'na dtaobh. Cuireann an tiús- galaidhe an fhuirm sin chuige i gcumhdach, agus nuair a thagann na hearraí chun baile deineann sé iad d'infhiúchadh do réir an "Réamheólais" agus an órduighthe dhein sé féin dá niarraidh, agus ansan sgríobhann sé macsamhail de'n "Réamheólas" i leabhar fé leith 'na gcoimeádann sé gach fuirm dá saghas. Leabhar na gCeannach a tugtar ar an leabhar san. 25. Sidé an riaradh a bhíonn ar an Leabhar san na gCeannach:
1. An bhliain; 2. an mhí; 3. an lá de'n mhí; 4. an mhuinntir ó nar ceannuigheadh na hearraí, agus na hearraí, go léir do ceannuighead; 5. an leathanach de'n leabhar mhór 'na bhfuil cúntas an duine ó nar ceannuigheadh na hearraí; 6. an t-airgead a bhí ar gach saghas earra fé leith; 7. iomlán fiacha na nearraí do fuaradh d'aon bheart ó'n nduine gcéadna. Baintear an locáiste gnótha d'fhiacha na nearraí sar a gcurtar i gcolúin a 6 iad, agus mar sin is minic a bhíonn colúin 'sa bhreis 'sa leabhar. 26. Samhlaíd ar Leabhar na gCeannach. 1910. Eanair 1. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bhriain, Át Cliath: 3 dosaon hataí ar £5 an dosaon 3 dosaon caipíní ar 20s. an dosaon 3. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Mhurchadha, Át Luain: 25 slat éadaigh ar 7s. 6d. an tslat 49 slat éadaigh ar 12s. an tslat 6. Ceannuigheadh ó Mhuinntir aodha, Doire: 40 slat línéadaigh ar 3s. an tslat 8 dosaon bónaí ar 4s. 6d. an dosaon. Seo mar a cuirfí cúntas air sin i Leabhar na gCeannach: 1910. Ean. Muinntir Bhriain, Áth cliath 3 dos. hataí ar £5 an dos. 3 dos. caipíní ar 20s. an dos. Muinntir Mhurchadha, Áth Luain 25 sl. éadaigh ar 7s. 6d. an tslat 49 sl. éadaigh ar 12s. an tslat Muinntir Aodha. Doire. 40 slat línéadaigh ar 3s. 8 dos. bónaí ar 4s. 6d.
Cleachtadh. 1. Leabhar na gCeannach age Maitiú Ó Conaill do sgríobhadh ó'n eólas so síos:- Bealtaine 1. Ceannuigheadh ó Labhrás Ó Loingsigh, Áth Cliath: 55 slat éadaigh ar 6s. 3d. an tslat, agus 48 slat éadaigh ar 7s. 6d. an tslat. 7. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Mhurchadha, Corcaigh: 210 slat éadaigh ar 8s. 9d. an tslat, agus 115 slat éadaigh ar 8s. an tslat. 8. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bheóláin, Doire: 120 slat de línéadach ar 38s. an tslat, agus 50 slat de línéadach ar 40s. an tslat 2. Leabhar Ceannach do sgríobhadh ó'n eólas seo síos:- Meadh. Fogh. 2. Ceannuigheadh ó Shéamus Mhac Dhubhghaill, Glaschú: 180 slat de línéadach ar 12s. 8d. an tslat. 43 slat de línéadach ar 10s. 8d. an tslat. 5. Ceannuigheadh ó Thomás Mhac eóin, Lonndain: 200 slat de línéadach ar 15s. 9d. an tslat. 100 slat de línéadach ar 16s. 3d. an tslat. 10. Ceannuigheadh ó liam Mhac Stiabhna, Manchuin: 190 slat éadaigh ar 10s. 6d. an tslat. 75 slat éadaigh ar 14s. an tslat. 15. Ceannuigheadh ó Shéamus Mhac Dhubhghaill, Glaschú: 200 slat éadaigh ar 16s. an slat. 30. Ceannuigheadh ó Liam Mhac Stiabhna, Manchuin: 175 slat éadaigh ar 14s. 6d. an tslat. 3. Leabhar ceannach do sgríobhadh ó'n eólas so síos:- Feabhra 1. Ceannuigheadh ó Chumann Mianach an Tuaiscirt 1000 tonna de ghual mhór ghaile ar 35s. an tonna. 2. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Dhálaigh, 3000 tonna de ghual mhór ghaile ar 37s. 6d. an tonna, lughaide 5 fé'n gcéad 'na locáiste gnótha. 5. Ceannuigheadh ó'n gCumann cois Sionainne 850 tonna de ghual mhór ar 32s. 9d. an tonna, lughaide 5 fé'n gcéad locáiste gnótha, agus 350 tonna de ghual bheag ar 25s. 4d. an tonna lughaide 7 fé'n gcéad locáiste gnótha.
Reaca. Miondealú ar Leabhar Ceannach. 27. I ngnóthaíbh móra, a roinntear do réir na nearraí a bhíonn dá ndíol, deintear miondealú ar Leabhar na gCeannach nó ar Leabhar na Reac, chun go bhfeictear de stracfhéachaint cad é luach na nearraí do ceannuigheadh nó do díoladh ins gach roinn fé leath de'n ghnó. Mar seo, cuir i gcás: 1924. T. Ó Briain, Corcaigh. C. Mac Guidhir, Áth Luain. Muinntir Longáin, Luimneach Eóin Ó Dubhghaill, Tráighlí. Leabhar na Reac. 28. An tiúsgalaidhe críochnúil a bhíonn ag díol earraí 'na gcodaibh móra lc daoinibh eile, coimeádann sé cúntas ar na hearraíbh a dhíolann sé, fé mar a coimeádthar ar na hearraíbh a ceannuightear. Ó's é an t-eólas céadna a bhíonn ann a bhíonn i leabhar na gCeannach, is í fuirm Leabhair na gCeannach a bhíonn ar leabhar na Reac (§ 25), agus mar sin, ní gádh samhlaoidí thabhairt ar fhuirm ná ar úsáid an leabhair sin. Leabhair na n-Aiseag. 29. An "Réamheólas" úd a dubhradh a curtar chun an cheannuighe, lá nó dhó sar a sroiseann na hearraí é, ní mór tuairisg agus fiacha na nearraí ansúd agus 'san órdú, a cuireadh d'iarraidh na n-earraí, a chur i gcomparáid le chéile, féachaint an mar a chéile iad; agus, ansan arís, nuair a thagann na hearraí chun baile, na hearraí féin do sgrúdadh is d'infhiúchadh go maith, féachaint an bhfuil aon locht a ganfhios ortha, nó féachaint an bhfuilid do réir a dtuair- isge 'san Réamheólas agus 'san órdú. Mara bhfuilid, an méid díobh ná fuil chun sástachta an cheannuighe, curtar thar nais iad chun an té (na ndaoine) ó nar thángadar. Bíonn dá leabhar ag gach tiúsgalaidhe a cheannuigheann agus a dhíolann earraí 'na gcodaibh móra i gcóir neithe de'n tsórd san. "Leabhar na nAiseag Amach" a tugtar ar an leabhar 'na gcoimeádann sé cúntas ar na hearraíbh a chuireann sé thar
nais chun an té (na ndaoine) ó nar ceannuigheadh iad toisg lochtaí bheith ionnta, nó toisg aon chúis eile. "Leabhar na n-Aiseag Isteach" a tugtar ar an leabhar 'na gcoimeádann s cúntas ar na hearraíbh a curtar thar nais chuige féin ós na daoinibh le nar dhíol sé iad toisg gan iad do bheith chun a sástachta. Neósfar ar ball nuair a bheidh teacht thar an leabhar mór cad na thaobh go gcoimeádthar na cúntais sin. Ceisteanna. 1. Cad é an t-eólas a gheibhtear a "Leabhar na gCeannach " agus a "Leabhar na Reac"? 2. Dein fuirm an dá leabhar san do chu síos ad leabhar agus cuir isteach ann innsint ar chúig beartaibh gnótha a cuirfí ionnta. 3. Mínig "miondealú ar leabhar na gCeannach." Cad 'na thaobh go ndeintear an miondealú san? 4. Miondealuigh Leabhar Ceannach a bheadh oiriúnach do ghach gnó díobh so síos agus cuir i ngach miondealú chúig bhearta gnótha:-(a) Gnó siopa lóin; (b) gnó tabhairne; (c) gnó éadaigh do dhíol; (d) gnó tobac. 5. Cad í an dífríocht atá idir "locáiste airgid" agus "locáiste gnótha." 6. Cad is "Réamheólas" ann? 7. Cad nár mhór don tiúsgalaidhe chiallmhar a dhéanamh nuair a shroiseann beart earraí é? 8. Sgríobh leitir ag órdú beart earraí i gcóir gnó éadaigh. 9. Cad chuige go gcoimeádthar "Leabhar na n-Aiseag isteach " agus "Leabhar na n-Aiseag Amach"? 10. Sgríobh leitir a chuirfeá chun lucht gnótha le linn duit earraí do chur chucha thar nais toisg gan iad do bheith chun do shástachta. 11. Innis trí neithe eile seachas luach na nearraí féin a dh'árdóchadh a bhfiacha. Cleachtadh. 1. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Mhuinntir Chiasóg is Seóighe, leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, is Leabhar na Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an Airgid do chothromú
agus iomlán na gCeannach is na Reac do dhéanamh amach in a leabhraibh cearta féin:- 1923. Ean. 1. Cuireadh £700 sa bhangc i gcóir an ghnótha do tiús- galadh an lá san. 1. Ceannuigheadh leabhrín Seiceanna, 16s. 8d., a baineadh dá gcúntas 'sa bhangc. 1. Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige, £30. 3. Tugadh seic ar Throsgán Oifige, £75. 4. Ceannuigheadh ar cáirde ó: Sheán Mhac Gharaigh, 2 chd. de mhairtfheóil ar 55s. an céad, Bhrian is a Mhac, 2 chaoirigh ar £6 an ceann. 5. Díoladh ar cáirde leis "an teaghlach":- ½chd. de mhairtfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 28 bpúnt de chaoirfheóil ar 1s. 3d. an púnt. 6. Sgríobh seic chun tuarasdal d'íoc £7. Mionchostais £4. 6. Díoladh le "Teaghlach na nGarsún":- 50 púnt de chaoirfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 8. Díoladh 'sa tsiopa ar airgead síos:- 90 púnt de mhairtfheóil ar 1s. 3d. an púnt. 30 púnt de chaoirfheóil ar 1s. 4d. an púnt. Ilneithe, £2 10s. 9. Ceannuigheadh ar cáirde. ó:- Phádruig Ó Thuathail, 4 chéad de mhairtfheóil ar 54s. an céad. Éamonn Ó Dubhghaill, caora ar £5 15s. 10. Díoladh ar cáirde leis an "tigh oibre":- 3 chd. de mhairtfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 56 phúnt de chaoirfheóil ar 1s. 2d. an púnt. 11. Díoladh 'sa tsiopa ar airgead síos:- Ilneithe, £2. 12. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 13. Sgríobhadh seic ag díol tuarasdal £9; Iolchostas, 15. Fuaradh seic ó'n "teaglach" ag glanadh an chúntais; leigeadh locáiste leó 5%. 16. Cuireadh seiceanna chun Seáin Mhic Garaigh agus chun Bhriain agus a Mhic ag lánghlanadh a gcúntas. leigeadh locáiste uatha san 2½ fé' n gcéad.
1923. Ean. 17. Fuaradh seic ó "Theaghlach na nGarsún" ag lánghlanadh an chúntais. 18. Díoladh ar airgead síos, ilneithe 19. Cuireadh seieeanna chun Éamuinn Uí Dhubhghaill agus chun Phádruig uí Thuathail ag glanadh a gcúntas. Leigeadh locáiste uatha san 5 fé'n gcéad. 19. Fuaradh seic ó'n "tigh oibre" ag glanadh an chúntais. 20. Sgríobhadh seic ag díol:- Tuarasdal, £9 10s. iolchostas, £4. 20. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 2. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Shéamuis Mhic Suibhne, Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, is Leabhar na Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an airgid do chothromú, agus iomlán na gCeannach is na Reac do thaisbeáint ina leabhraibh cearta féin:- 1921. Márta. 1. Fuighlach an airgid 'sa bhangc, £35. 1. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £35. 2. Ceannuigheadh ó Séamus Mhac Liam, 5 chd. de thapióc ar 17s. an céad. 3. Díoladh ar cáirde le Bean Uí Cheannuidhe:- 5 púnt de thapióc ar 1s. 1d. an púnt. 6 púnt de thé ar 3s. 6d. an púnt. ½chloch de shiúcra ar 10d. an oúnt. 4. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £40. 5. Díoladh na tuarasdail le seic, £6. 6. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 8. Cuireadh seic chun Séamuis Mhic Liam, £2 0s. 4d. Locáiste leigeadh uaidh 2s. 2d. 8. Díoladh le hArd-sgoil na mBan nÓg:- 6 clocha de shiúcra ar 10d. an púnt. 2 chloich de thé ar 3s. an púnt. 3 clocha de thapióc ar 1s. 1d. an púnt,
1923. Márta 9. Do dhíol Bean Uí Cheannuidhe as na neithibh a cheannuigh sí an trímhadh lá de'n mhí; leigeadh locáiste 2 fé'n gcéad léi. 12. Díoladh na tuarasdail le seic £6 10s. 13. Cuireadh seic chun an tighearna talmhan ar chíos leithbhliana go dtí an t-aonmhadh lá déag ar fhichid d'Iúl, £60. 13. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 15. Fuaradh seic ó Árd-sgoil na mBan nÓg ag glanadh fiacha na neithe do ceannuigheadh an t-ochtmhadh lá. de'n mhí; leigeadh locáiste 5 fé'n gcéad leó. 15. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £20. 16. Do ceannuigheadh ó Lucht an tSolátair:- 2 chd. de chriostal-shiúcra na nIndiacha Thiar ar 71s. an céad. 1 chd. de bhán-siúcra Mhauritius ar 80s. an céad. 17. Do híocadh le seic a páipéar sgríobhtha, £4 10s. 18. Do díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £25. 19. Do híocadh na tuarasdail le seic, £6. 19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 3. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Risteáird uí Mhathúna, Leabhar an airgid, Leabhar na gCeannach agus Leabhar na Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an airgid do chothromú agus iomlán na gCeannach agus na Reac do thaisbeáint ina leabh- raibh cearta féin:- 1921. Feabhra 1. Fuighlach an airgid 'san Oifig, £25. 1. Fuighlach an airgid 'san bhangc, £600 2. Ceannuigheadh ó Chumann Guail Bhreatan Theas:- 100 tonna de ghual ar 40s. an tonna. Ó Chumann an Gheasa: 200 tonna de chóc ar 35s. an tonna. 3. Díoladh ar cáirde le Sgoil na nGarsún: 10 tonna de ghual ar £2 10s. an tonna. 15 tonna de chóc ar £2 7s. 6d. an tonna,
1921. Feabhra. 4. Do híocadh tuarasdail £10, Mionchostais £2, le seic. 6. Díoladh ar airgead síos 5 tonna de ghual ar £2 8s. an tonna 7. Cuireadh seic chun Cumainn Guail bhreatan Theai. ag glanadh cúntais, £190. Leigeadh 'na locáiste uatha, £10. 9. Tugadh seic do'n tighearna talmhan ar chíos na leathbhliana, £50. 10. Díoladh ar cáirde le Cumann an Déantúis: 50 tonna de ghual ar £2 8s. an tonna. 100 tonna de chóc ar £2 6s. an tonna. 11. Do híocadh tuarasdail £9, agus Mionchostais £1 10s., le seic. 11. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 13. Cuireadh seic chun Cumainn an Gheasa ag lánghlanadh an chúntais, £332 10s. Locáiste a leigeadh uatha £17 10s. 14. Fuaradh seic ó Chumann an Déantúis £332 10s. (Locáiste a leigeadh leó £17 10 s.) 15. Fuaradh seic ó Sgoil na nGarsún, £57 11s. 11d. Locáiste a leigeadh leó, £3 0. 7d. 16. Ceannuigheadh ó chumainn Guail Bhreatan Theas: 150 tonna de ghual ar 40s. 6d. an tonna. 16. Díoladh ar airgead síos, 7 dtonna de ghual ar 48s. an tonna, agus 10 dtonna de chóc ar 47s. an tonna. 17. Díoladh ar cáirde le Sgoil na gCailíní:- 20 tonna de ghual ar £2 10s. an tonna. 3 tonna de chóc ar £2 7s. 6d. an tonna. 18. Díoladh a páipéar sgríobhta le seic, £6 10s. Díoladh tuarasdail £12, Mionchostais £5, le seic. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.
An Leabhar Conganta. 30. An Leabhar Laethúil nó an Leabhar i naghaidh an Lae a tugtar ar an leabhar san uaireanta, mar 'sa tseanaimsir do coimeádthaí innsint ar gach beart gnótha, fé mar thárluigheadh, ins an leabhar san. Do hínnstí i dtaobh gach birt, cé hé an duine nó cad é an cúntas do gheibheadh, agus cé hé an duine nó cad é an cúntas do thugadh, sé sin, do hínnstí i dtaobh gach birt cad é an cúntas 'nar bh'fháltas é agus cad é an cúntas 'nar dhíoluíacht é. 31. Mar seo, féach: £ s. d. Ean. 3. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Néill, Earraí 3. Ceannuigheadh ó Sheán Ó Dhubháin, Earraí 11. Cuireadh thar nais chun Sheáin Uí Dhubháin Earraí 13. Díoladh le hÉamonn Mac Eóin, Earraí 15. Díoladh Earraí ar airgead síos 18. Do híocadh seic le Seán Ó Dubháin 19. Do fuaradh ó Éamonn Mac Eóin airgead agus leigeadh leis 'na locáiste 25. Cuireadh isteach 'sa bhangc Seo mar do cuirfí síos ar na beartaibh sin 'san Leabhar Chonganta:- An Leabhar Conganta. Lch. Fáltas. Díoluíacht. Cúntas na nEarraí fls. ó Chts. Mhuinntir Néill Cúntas na nEarraí fls. ó Chts. Sheáin Uí Dhubháin Cts. Sheáin Uí Dhubháin fls. ó Chts. na nEarraí Cts. Éamuinn Mhic Eóin fls. ó Chts. na nEarraí Cts. an Airgid fls. ó Chts. na nEarraí Cts. Sheáin Uí Dhubháin fls. ó Chts. an bhaingc Cts. an Airgid fls. ó Chts. Éamuinn Mhic Eóin ó Chts. an locáiste Cts. an Bhaingc fls. ó Chts. an Airgid
Cleachtadh. 1. Na gnóthaí seo síos ag Muinntir Mhic Ghabhann le linn an Mheithimh, 1914, do chur síos 'sa Leabhar Laethúil:- 1914. Meitheamh. 2. Cuireadh Earraí thar nais chun Sheáin Mhic Mhuiréig 5. Ilneithe do díoladh ar airgead síos 10. Díoladh Earraí le Seán Mac Craith 17. Cuireadh Earraí thar nais chun Mhuinntir Eóin 19. Leigeadh locáiste le Risteárd Ó Broin 21. Cuireadh Earraí thar nais ó Sheán Mhac Chraith 24. Do híocadh Tuarasdail Oifige le seic 30. Díoladh Earraí ar sheic a cuireadh isteach 'sa bhangc 30. Tugadh seic do Thomás Ó Chathail ag glanadh a chúntais agus do leigeadh locáiste uaidh. 2. Cad é an t-eólas a ghéibhtear ós na hinnsintí seo síos 'sa Leabhar Laethúil:- Fls. Dlt. Cts. an Airgid ó Chts. an Ghustail Cts. Sheáin Mhic Gabhann ó Chts. na nEarraí Cts. an Airgid ó chts. Sheáin Mhic gabhann Cts. an Bhaingc ó Chts. an Airgid Cts. Shéamuis Uí Bhriain ó Chts. an Bhaingc ó Chts. an locáiste Cts. an Airgid Cts. an locáiste ó Chts. Pheadair Uí Fháilbhe
3. Ins an Leabhar Chonganta age Pádruig Breathnach, do bhí na hinnsintí seo síos le linn na Nodlag, 1914. Dein gach ceann díobh do mhíniú go cruinn:- 1914 Nlg. Drochfhiacha ó Liam Ó hUaithnín Costais Gnótha ó Mhionairgead Locáiste ó Chts. Sochair agus Dochair Iomchar Earraí ó Mhuinntir Eóin (lucht Iomchair) Stór Earraí ó Chts. na nEarraí Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. na Ghustail 32. Ach anois ní coimeádthar 'sa leabhar san aon chúntas ar bheartaibh airgid ná ar bheartaibh earraí do dhíol is do cheannach, ná ar aon bheart eile go bhfuil leabhar fé leith 'na chóir; ach, is amhlaidh a curtar ann innsint ar bheartaibh ná fuil aon leabhar fé leith 'na gcóir i dtreó gurab é ainm is oiriúnaighe dhó ná an Leabhar Conganta Sidiad na neithe ar a gcoimeádthar cúntas ortha ins an Leabhar Chonganta:- (a) Innsint do thabhairt ar Staid Ghnótha idir dhá linn; (b) Drochfhiacha do luadh; (c) Ús ar fhiachaibh; (d) Cailliúint; (e) Tuathail do cheartú; (f) Ús ar Ghustal; (g) Innsintí do chur a cúntas isteach i gcúntas eile agus rl. (h) Buillí sguir. 33. I ndeire gach tréimhse, pé fada gairid í, deintear amach ós na leabhraibh cúntais conus atáthar age lucht an ghnótha, 'sé sin, cad é an méid airgid atá ar sheilbh an lucht gnótha, cad é luach na nearraí atá ar stór aca, cad é luach a gcórach oibre go léir, cad iad na fiacha atá aca ar dhaoinibh eile, agus na fiacha atá ortha féin (an sochar nó an dochar a tháinig as tráchtáil na tréimhse), agus annsan méid a nGustail,
Seo mar a taisbeáinfí Staid Ghnótha idir dhá linn:- Fiachaisí Fiacha ag:- Murt Ó Conaill Tadhg Ó Briain Gustal Acfuinn Airgead ar láimh Airgead 'sa bhangc Stór Earraí Cóir Oibre is Trosgán Fiacha ar: M. Ó hAodha P. Mac Énrí "Clár na bhFuighlach" a tugtar ar an bhfuirm sin ag táisbeáint Staide an Ghnótha. Acfuinn. 34. Is é rud Acfuinn ná aon airgead, earraí, nó sealbhas eile a bhíonn age lucht gnótha le nar féidir dóibh fiacha do ghlanadh. Mar sin, áirmhighthear na fiacha, a bhíonn ag an lucht tiúsgail ar dhaoinibh eile, ar an Acfuinn. Tá dhá shaghas acfuinne ann, acfuinn bhuan agus acfuinn shealadach. Acfuinn bhuan a tugtar ar na neithibh ná téigheann diobh leis an bhfeidhm a baintear asta chun an tiúsgail do dhéanamh agus do choimeád ar siubhal, mar atá: foirgnimh, meaisíní, córacha oibre, agus rudaí eile de'n tsórd san. Acfuinn shealadach a tugtar ar na neithibh go dtéigheann díobh an túisge baintear feidhm asta i gcúrsaibh an ghnótha, mar atá: airgead, agus na hearraí a díoltar chun sochair a dhéanamh, agus aon ní eile mar sin. Gustal. 35. Adubhradh cheana (§ 3) gurab é ní an Gustal ná an méid airgid a bhíonn age lucht tiúsgail nuair a tosnuightear ar ghnó a dhéanamh. Ach, caithtear a bheag nó a mhór de'n airgead san ar earraíbh agus ar neithibh eile nach foláir a bheith age tiúsgalaidhe chun an gnótha do choimeád ar siubhal, i dtreó, i gceann tamaill, go n-áirmhighthear ar an nGustal na hearraí sin go léir a bhíonn gan díol, agus luach gach córach eile oibre i dteannta an airgid thirm a bhíonn age lucht tiúsgail gan caitheamh. Rud eile dhe, is gnáthach do lucht gnótha díol agus ceannach ar cáirde; ach, nuair a thagann an cáirde, caithtear na fiacha ghlanadh, agus, mar sin, is móide Gustal an tiús- galaidhe na fiacha a bhíonn aige ar dhaoinibh eile, agus is lughaide
a Ghustal na fiacha a bhíonn age daoinibh eile air féin. Dá bhrigh sin, ó' s chun sochair a bhaint a tráchtáil a chuireann daoine chun gnótha do dhéanamh, is móide a nGustal pé sochar a thagann dóibh as an ngnó, agus is lughaide é an dochar. A Fhaid ar a ghiorracht, is é ní an Gustal, nuair a bhíonn an tiúsgal fé lán tseóil, ná an difríocht idir an Acfuinn agus na Fiachaisí. 36. Is léir ó'n méid sin nach foláir na leabhair chúntais go léir do dhúnadh, 'sé sin, na cúntais go léir do chothromú, sarar féidir an t-eólas a bhíonn ins an Staid Ghnótha dh'Fhághail. Agus sara dtosnuightear ar an aththréimhse, gach suim airgid a taisbeántar ins an Staid Ghnótha mar acfuinn nó mar fhiachas. é chur ina chúntas cheart féin; agus chuige sin, taisbeántar ar dtúis ins an Leabhar Chonganta ciaca fuighlach fáltais nó fuighlach díoluíachta gach suim airgid díobh san. 37. Seo mar a taisbeánfí ins an Leabhar Chonganta an Staid Gnótha úd ó chianaibh (§ 33):- An Leabhar Conganta. Cts. an Airgid Cts. an bhaingc Cts. na nEarraí Cts. Mh. Uí Aodha Cts. Ph. Mhic Énrí Cts. na gCórach Óibre ó Chts. Mhuirt Uí Chonaill ó Cts. Thaidhg Uí Bhriain ó Cts. an Ghustail N.B. - Cuimhnigh go maith gur fáltas gach acfuinn agus gur díoluíacht gach fiacha. Is ionann an Gustal agus an difríocht idir an acfuinn agus na fiachaisí. Cleachtadh. Staid an Ghnótha ins gach cás díobh so síos d'innsint 'sa Leabhar Chonganta:- 1. Lá Coille, 1924, do bhí aige Liam de Barra, airgead; Earraí; Fearaistí Gnotha; Fiacha ar
Thadhg Ó Mhurchadha; agus ar Chonn Ó Mhaolcatha. Do bhí d'fhiachaibh air ag Muiris Ó Faoláin; agus ag Tomás Ó hAodha. 2. Lá 'le Brighde, do bhí ag Art Ó Laoghaire airgead; Earraí; Fiacha ar Séamus Ó Corbáin; Cóir Ghnótha. 3. Lá Lughnasa, 1924, do bhí ag Tomás Ó Flathartaigh airgead 'san Oifig; Airgead 'sa bhangc; Earraí; Capall is Trucail; Fiacha ar Thadhg Ó Sheanáin; agus ar Dháith Ó Chaoimh. Do bhí d'Fhiachaibh air ag Muinntir Cheallaigh; agus ag Muinntir Liatháin. 4. Sidiad síos Acfuinn is Fiachaisí an ghnótha pháirtíochta age Seán is Séamus Ó Coileáin an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag, 1916; Airgead 'sa bhangc, Fiacha aca; Fiacha ortha. Stór Earraí. Meaisíní. Foirgnimh, Fiacha Cíosa. Dein an difríocht do roinnt ar an dá bhráthair, dhá dtrian ar Seán agus an trian eile ar Shéamus. Drochfhiacha. 38. Drochfhiacha a tugtar mar ainm ar na fiachaibh nách féidir a bhailiú. Má bhíonn ag tiúsgalaidhe ar dhuine eile, agus go dtéigheann d'acfuinn an duine sin i dtreó nach féidir dó thar a leath, fé'n bpúnt, do ghlanadh, is drochFhiacha ag an dtiúsgalaidhe an méid a dh'fhanann gan díol. Nó, má imthigheann duine gan bith a thuairisge, agus a lán fiacha a Fhágaint 'na dhiaidh gan glanadh, is drochfhiacha iad, toisg ná bhíonn aon tsúil go bráth ag an lucht éilimh le hiad d'íoc. 39. Seo samhlaíd air sin:- Do chuaidh d'acfuinn Eóin Mhic Thomáis agus níor dhíol sé ach fé'n bpúnt d'á fhiachaibh. An Leabhar Conganta. Cts. Drochfhiacha Fls. ó Chts. Eóin Mhic Thomáis nó D'imthigh Seán Mac Fáin gan bith a thuairisge agus dob' éigean na fiacha a bhí air d'áireamh mar dhrochfhiacha. An Leabhar Conganta. Cts. Drochfhiacha Fls. ó Chts. Seáin Mhic Fháin Ins an chéad shamhlaíd díobh san tuas, do glacadh ó Eóin Mhac Thomáis 'na lánchúiteamh ar na fiacha go léir a bhí air; do maitheadh an chuid eile dhó. Ach ó nár bh'fhéidir a rádh
le figiúiríbh gur bh'ionann an méid a díoladh agus na fiacha go léir a bhí air, tugadh drochFhiacha ar an méid a dh'fan gan díol agus do cuireadh an méid sin i gcúntas Eóin Mhic Thomáis leis an méid a díoladh ag glanadh na bhfiacha go léir a bhí air ag an dtiúsgalaidhe. Ins an dara samhlaíd tuas, ó bhí Seán Mac Fáin imthighthe agus gan aon teacht ar an airgead a ghlanfadh na fiacha do bhí air, agus ó nár bh'fhéidir do'n tiúsgalaidhe a rádh go raibh fiacha aige air feasta, nuair do chuir sé a shúil d'á nglanadh, dob' éigean dó an cúntas san Sheáin Mhic Fháin do dhúnadh leis an méid chéadna do chur ag cúiteamh na bhfiacha, agus drochfhiacha do thabhairt mar ainm ar an méid le nar cúitigheadh na fiacha. Taisbeánfar ar ball (§ 67) conus do taisbeánfí na himtheachta san 'sa Leabhar Mór i gcúntas Eóin Mhic Tomáis agus i gcúntas Sheáin Mhic Fháin. Ús ar Fhiachaibh. 40. Do hinnseadh cheana (§ 15) conus mar a baintear oiread áirithe fé'n gcéad d'iomláine na bhfiacha a bhíonn ar dhuine mar gheall ar íoc fé cheann aimsire áirithe go tráthúil. Nuair a bhíonn duine go mall righin ag glanadh na bhfiacha a bhíonn air bíonn "a chonách san" air leis. Curtar oiread áirithe fé'n gcéad 'sa bhreis leis na fiachaibh a bhíonn cheana féin air mar gheall ar an righneas díoluíochta san aige. Tugtar cáirde áirithe chun na bhfiacha do ghlanadh, agus an túisge bhíonn an cháirde caithte caithtear na fiacha dh'íoc, nó, neachtar aca, caitheann an té (na daoine) go mbíonn na fiacha air (ortha) ús do dhíol ar na fiachaibh dh'fanúint amuigh gan glanadh. An té gheibheann airgead ar iasacht ó dhuine eile, caitheann sé díol as úsáid an airgid iasachta; mar an gcéadna do lucht fiach, caitheann siad díol as an gcáirde 'sa bhreis. 41. Seo samhlaídí ar an ús san ar fhiachaibh:- (a) Cuireadh ús le fiachaibh Sheáin Mhic Leadráin: An Leabhar Conganta. Cts. Seáin Mhic Leadráin Fls. ó Chts. an Úis. (b) Má's ar fhear na leabhar féin a curtar an t-ús do dhíol: An leabhar Conganta. Cts. an Úis. Fls. ó Chts. Seáin Uí Dhuinéigin Is é cúis go náirimhighthear an t-ús úd ar a fhiachaibh ar fháltasaíbh
Sheáin Mhic Leadráin mar go bhfaghann sé luach an úis, 'sé sin, an cháirde 'sa bhreis. Agus 'san dára cás, tugann Seán Ó Duinéigin an cháirde agus, mar sin, is díoluíacht aige a luach, 'sé sin, an t-ús. Cailliúint. 42. Ní foláir do'n tiúsgalaidhe gach ní a thaisbeáint 'na leabhraibh cúntais a chuirfeadh le sochar nó le dochar an ghnótha. Ins an Leabhar Chonganta a coimeádthar cúntas ar aon ní de'n tsórd san lasmuigh des na gnáthrudaíbh, mar atá: cúrsaí airgid d'Fhághail is d'íoc, cúrsaí earraí do cheannach is do dhíol, agus rl. Uaireannta ráinigheann tré dhrochsheans éigin go gcailltear roinnt de chuid an tiúsgalaidhe le dóighteán nó le briseadh luinge nó le capall do thuitim marbh nó le h-aon mhíádh eile mar sin. Aon tiúsgalaidhe ciallmhar fadaraidhneach, dhéanfadh sé urrús ar a chuid i dtreó, dá dtuitfeadh aon bhá rthan anuas air, ná beadh sé síos leis. Ach, ráinigheann go minic ná beadh urrús ar an ní do caillfí, nó dá mbeadh, b'fhéidir ná beadh urrús iomlán ar an luach go léir do caillfí. Ní foláir an chailliúint do thiocfadh as an bhfaillighe sin do thaisbeáint ins an Leabhar Conganta. 43. Seo samhlaíd ar ní de'n tsórd san:- Dóighteán i dtigh stóir le tiúsgalaidhe, agus do dóghadh luach d'earraíbh agus gan urrús ach ar luach díobh. An Leabhar Conganta. Cts. Cailliúint le Dóighteán Fls. ó Chts. na nEarraí Do cailleadh luach £100 ar fad, ach, má 's eadh, do fuaradh 'na dhiaidh sin ó'n gCumann um urrús ar Dóighteán, ach d'imthigh luach leis an gcailliúint, 'sé sin, tugadh an luach san d'earraíbh do'n chailliúint, agus mar sin, is díoluíacht ag Cúntas na nEarraí é. Dála an sgéil, conus do taisbeáinfí ins na Leabhraibh Cúntais go bhfuaradh 'na eineachlann? Ús ar Ghustal. 44. An té go mbíonn breis agus dóithin a chothuighthe féin d'airgead aige, cuireann sé cuid de ar taisce 'sa bhangc, nó cuireann sé amach ar breis i dtiúsgalaibh eile é, agus gheibheann sé oiread áirithe fé'n gcéad ar iasacht a choda airgid ó lucht an bhaingc nó ó lucht an tiúsgail go mbíonn tairbhe an airgid aca. Dá bhrigh sin, ní misde dho'n tiúsgalaidhe ús d'iarraidh ar an airgead nó ar an nGustal a bhíonn aige le cothú a ghnótha féin seachas an sochar a bheadh
ag dul dó as an ngnó do thabhairt chun críche. Rud eile, tar éis an úis sin ar a Ghustal, a cúig fé'n gcéad is gnáth, do bhaint a prafíd an ghnótha, is féidir dó a fheisgint an fiú dhó leanúint de'n obair a bhíonn idir lámhaibh aige. Seo samhlaíd air sin:- Cuireadh Ús 5 fé'n gcéad ar an nGustal An Leabhar Conganta. Cts. an Úis Fls. ó'n nGustal 45. Tá trácht ar cheartú na dtuathal le fághail i nalt a 81, is ar innsintíbh d'aistriú a cúntas go cúntas eile i nalt a 85, 80, agus ar na builíbh sguir i nalt a 85, 86, do réir mar a deintear na neithe sin insan Leabhar Conganta.
An Leabhar Mór. 46. Leabhair na Prímhinnsinte a tugtar mar ainm ar na leabhraibh gur deineadh trácht ortha go dtí so, mar atá: Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, Leabhar na Reac, Leabhar na nAiseag Amach, Leabhar na nAiseag Isteach, agus an Leabhar Conganta. Deintear dealú ar na beartaibh gnótha ins na leabhraibh sin chun gurab usaide dho'n chúntasóir iad do chur isteach 'na gcúntasaíbh cearta féin ar ball ins an Leabhar Mhór. Siné leabhar ceart na gCúntas, agus is as an leabhar san a gheibhtear an t-eólas úd go léir a dubhradh, a gheibhtear a cúntaisíocht, ins an chéad alt de'n tráchtas so. 47. Seo mar a bhíonn gach leathanach de'n Leabhar Mhór:- An Leabhar Mór. Cúntas. Féach go mbíonn an cúntas ar an aon leathanach amháin, ní hionann agus Leabhar an Airgid (§ 19). Gach fáltas ar an dtaobh chlé, agus gach díoluíacht ar an dtaobh dheas. (1) An bhliain 'na raibh an cúntas ar siubhal; (2) an mhí; (3) an lá de'n mhí; (4) an ní do b'fháltas nó ba dhíoluíacht; (5) an prímhleabhar 'na bhfuaradh eólas an sgéil i roinnt a 4; (6) méid an airgid. Sidiad na nuid a d'úsáidthear: L/A, Leabhar an Airgid; L/C, Leabhar na gCeannach: L/R, Leabhar na Reac; L/Ca, an Leabhar Conganta; A/A, Leabhar na nAiseag Amach; A/I, Leabhar na nAiseag Isteach. 48. Sidiad na cúntais a bhíonn ins an Leabhar Mhór de ghnáth: Cúntas an Ghustail; Cúntas na dTarrac; Cúntais na bPearsan na mbionn déighleáil gnótha ag lucht an tiúsgail leó; Cúntas na nEarraí do cheannach is do dhíol; Cúntais na nAcfuinn, mar atá: Trosgán, Fearaistí, Córacha, Tighthe,
Foirgnimh, Meaisíní agus gach acfuinn bhuan eile dá leith- éidíbh sin; Cúntaisí Caithteachais is Cúitimh, mar atá, Droch- fhiacha is Ús ar fhiachaibh, Ús ar Ghustal, Cailiúint tré dhroch- sheans, agus gach ní eile mar sin, Cúntas na Tráchtála; agus an Cúntas Sochair agus Dochair. Cúntas an Ghustail. 49. Is é an Gustal a thugann beatha agus cothú do'n ghnó go léir agus mar sin is ar thaobh na ndíol- uíacht a bhíonn méid an Ghustail i gcomh- nuidhe. Do taisbeánadh cheana gurab ó'n nGustal gheibhtear an t-airgead le na gcur- tar tiúsgal ar bun. Ins an samhlaíd ar leabhar an Airgid (§ 20) do hinnseadh san mar seo: Ó'n nGustal ar thaobh na bhfáltas 'sa leabhar san. Agus ó bhaineann fághail agus tabhairt le gach beart gnótha (§ 16), an ní is fáltas age cúntas, is díoluíacht age cúntas eile é. Mar sin, is ar thaobh na ndíoluíacht a bheadh innsint ar an mbeart san i gcúntas an Ghustail, mar seo: leis an Airgead, Agus i ndeire na dála nuair a bheifí ag innsint an tsochair a tháinig as an ngnó is ar thaobh na ndíoluíacht a cuirfí é sin leis, ag cur leis an nGustal. Agus ar an dtaobh eile, má's dochar a thiocfadh as déanamh an ghnótha, is ar taobh na bhfáltas a cuirfí méid an dochair. Cúntas na dTarrach. 50. Do taisbeánadh cheana (§ 35) go bhfoluigheann an Gustal a lán eile seachas airgead tirm, Gach ní a baintear ó'n nGustal ar mhaithe leis an dtiúsgalaidhe féin chun chothuighthe nó chun suilt is caithimh aimsire, is tarrac é. Má thógann sé earraí as a shiopa chun iad do chaitheamh 'na thig féin, nó má bhaineann sé airgead as an oifig nó as an mbangc chun neithe cheannach dó féin nó dá mhuinntir nó chun iad do chaith- eamh ar aon chuma lasmuigh de chúrsaíbh a ghnótha, is tarrac é. Is díoluíacht an tarrac ag an gcúntas a bhaineann leis an ní do tharraing sé. 51. Ins an samhlaíd ar Leabhar an Airgid (§ 2o) do bhain an tiúsgalaidhe as an mbangc dó féin, Do hínnseadh san i Leabhar an Airgid ar thaobh na ndíoluíacht, mar seo: le Tarrac. Do réir dlighe an dá innsint, do bheadh innsint air i gCúntas na dTarrac ar thaobh na bhFáltas, 'sa Leabhar Mór, mar seo: Ó'n mbangc, Ar an gcuma gcéadna, dá mba Earraí a tógfaí amach do
chum úsáide an tiúsgalaidhe, do déanfí innsint air 'sa Leabhar Mór i gCúntas na nEarraí ar thaobh na ndíoluíacht, agus i gCúntas na dTarrac ar thaobh na bhFaltas. (Ceist- Cá ndéanfí an phrímhinnsint air sin mar bheart?) Cúntais na bPearsan. 52. D'fhonn eólais a bheith aige ar cé hiad na daoine go bhfuil fiacha aige ortha nó go bhfuil fiacha aca air, bíonn cúntas ins an Leabhar Mhór i gcóir gach duine (lucht, cumainn) go mbíonn aon deighleáil ag an bhfear gnótha leis (leó), ag díol earraí leó nó ag ceannach earraí uatha, agus ag fághail airgid uatha nó ag íoc airgid leó. Gheibhtear prímhinnsint ar na beartaibh sin i leabhraibh na Reac is na gCeannach agus ins an dá Leabhar Aiseag, agus i Leabhar an Airgid, agus ins an Leabhar Chonganta. 53. Mar shamhlaíd air sin, féach, sidé an gnó a dhein SéamuI' Ó Néill le Seán Ó Conaill le linn mí na Nodlag, 1923. 1. Dhíol sé earraí le Seán Ó Conaill 4. Chuir Seán Ó Conaill roinnt des na hearraíbh thar nais toisg gan iad do bheith chuna shástachta 6. Dhíol Seán Ó Conaill cuid de'n chúntas 10. Chuir Seán Ó Néill seic chuige ag glanadh an chúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de'n mhéid do bhí ag dul dó an ceath- ramhadh lá de'n mhí. (Deintear lominnsint mar sin i siopaíbh gnótha go minic ar gach beart gnótha do réir a chéile fé mar a thuiteann amach gan dealú do dhéanamh ortha, fé mar a deintear i Leabhraibh na Prímhinnsinte. "Cinn lae" a tugtar ar an Leabhar na mbíonn an innsint sin.) Do cuirfí an t-eólas san as an gCinn lae isteach i Leabhar an Airgid, i Leabhar na Reac agus i Leabhar na nAiseag isteach, agus ansan 'na dhiaidh sin 'sa Leabhar Mhór, mar seo: An Leabhar Mór. Cúntas Sheáin Uí Chonaill. Fls. Dlt. Nlg. Ó Cts. Earraí. Le Cts. Earraí Le Cts. Airgid Le Cts. Airgid Le Cts. Locáiste
CLEACHTADH. 1. Do bhí an deighleáil seo síos ag Peadair Ó Faoláin, Baile bhfad siar le Muiris Mac Peadair, Baile an Phréacháin, le linn na Samhna, 1915:- Samhain 2 Díoladh le Muiris Mac Peadair, Baile an Phréacháin:- 175 slat d'éadach ar an tslat. 200 slat d'éadach ar an tslat. 5 Díoladh le Muiris Mac Peadair:- 200 slat de shról ar an tslat. 7 Chuir Muiris Mac Peadair thar nais 55 slat de'n éadach a díoladh leis an dara lá de'n mhí ar an tslat. 10 D'íoc Muiris Mac Peadair cuid de'n chúntas. 30 D'íoc Muiris Mac Peadair fuighlach an chúntais le seic, tar éis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. Ní foláir leabhair chúntais Pheadair Uí Fhaoláin do sgríobhadh agus cúntas Mhuiris Mhic Pheadair i Leabhar Mór Uí Fhaoláin do thaisbeáint. 2. An chéad lá d'Iúl do dhíol Seán Ó Dighe luach d'earraíbh le Liam Ó Ceallaigh, agus an cúigmhadh lá déag a thuille earraí, luach. An seachtmhadh lá déag d'Iúl do chuir ó Ceallaigh seic chun Sheáin Uí Dhighe ag glanadh fiacha na nearraí a díoladh leis an chéad lá de'n mhí, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint díobh. Ní foláir cúntas Uí Cheallaigh i Leabhar Mór Sheáin Uí Dhighe do sgrí0bhadh. 3. An chéad lá d'Eanair 1916 do dhíol Tadhg Mac Airt luach d'earraíbh le Colmán Ó Cuill, agus an lá ar na bhárach do chuir Colmán chuige. Fé cheann na bliana, ámh, do chuaidh d'acfuinn Cholmáin Uí Chuill agus dob' éigean dul ar chomairce na ndaoine go raibh fiacha aca air, agus do réidh- tigh sé leó ar i naghaidh an phúint d'íoc 'na lánchúiteamh ar a fhiachaibh. Taisbeáin Cúntas Cholmáin Uí Chuill mar a bheadh sé i Leabhar Mór Thaidhg Mhic Airt an lá deiridh de'n bhliain sin. 4. Do dhíol Deaglán Ó Floinn luach d'earraíbh le Colm Mac Finn an chéad lá de Lughnasa, 1916. An taonmhadh lá triochad de Lughnasa d'íoc Colm agus an taonmhadh lá triochad de dheire Foghmhair d'íoc sé an fuighlach, taréis
locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de'n iomlán. Sgríobh Cúntas Chuilm Mhic Fhinn mar a bheadh sé i leabhar Mór Dheagláin Uí Fhloinn. 5. Atá ós cionn cúntais i Leabhar Mhór Sheáin Mhic Chraith, na focail seo: Cúntas Phádruig Mhic Aodha. Ar an dtaobh chlé de'n chúntas san atá: "Ean. 2. Ó Earraíbh," agus ar an dtaobh dheas atá: "Ean. 16. le hAirgead." (a) Mínigh go cruinn baileach cad é brigh na nínnsintí sin go léir. (b) Sgríobh síos an cúntas a bheadh i Leabhar Mhór Phádruig Mhic Aodha ar na neithibh sin. (c) Sgríobh síos gach innsint a déanfí ar na beartaibh gnótha sin a bheadh i leabhraibh na beirte. 6. Tabhair innsint ar na beartaibh seo síos i leabhraibh Liam Mhic Énrí:- 1922. Aibreán 3. Do dhíol Liam Mac Énrí luach d'earraibh le Risteárd Ó Séaghdha. 24. Fuair Mac Énrí seic ag glanadh an chúntais lughaide locáiste 28. Cuireadh an seic thar nais ó'n mbangc chun Liam Mhic Énrí mar gur diultuigeadh dí. Taréis tuairisge Uí Sheághdha do chur, do fuaradh go raibh sé imthighthe gan bith a thuairisge, agus mar sin i ndeire an mhí, do sgriosadh na fiacha amach mar dhroch fhiacha. Cúntas na nEarraí. 54. Gheibhtear amach ó Chúntas na nEarraí ciaca praifíd nó cailliúint a tháinig a gnó na nearraí do cheannach is do dhíol, 'sé sin, an mó bheadh lucht an ghnótha bertha nó caillte le díol is le ceannach na nearraí. Ar thaobh na bhFáltas curtar na ceannaigh go léir lughaide na haisig amach, agus an stór earraí a bheadh ag an lucht tiúsgail i dtosach bárra; agus ar thaobh na ndíoluíacht, curtar na reaca go léir, lughaide na haisig isteach' agus an stór earraí a bheadh ag an lucht tiúsgail i ndeire bárra. Mar sin, curtar an stór tosaigh, agus suim Iomlán Leabhair na gCeannach lughaide suim iomlán Leabhair na nAIseag amach, ar thaobh na bhFáltas. Curtar suim iomlán Leabhair na Reac lughaide suim iomlán leabhaIr na nAiseag isteach agus an fuighlach earraí ar stór I ndeire bárra ar an dtaobh eile.
Má's mó taobh na bhFáltas ná taobh na nDíoluíacht bíonn lucht an ghnótha caillte leis na hearraíbh do dhíol is do cheannach; ach, má's mó taobh na ndíoluíacht, is amhlaidh a bhíonn siad bertha leis, mar ghnó. 55. I dtiúsgalaibh móra deintear Cúntas na nEarraí do bhriseadh na chodaibh fé leith, agus mar sin, bíonn cúntas fé leith i gcóir an Stóir tosaigh, ceann eile le haghaidh na gCeannach, ceann eile le haghaidh na Reac, ceann i gcóir na nAiseag amach, ceann i gcóir na nAiseag Isteach, agus ceann i gcóir an stóir deiridh; agus ansan, curtar fuighlaigh na gcúntas san go léir, le fuighlaigh a cúntasaíbh áirithe eile, i dteannta a cheile i gcúntas na Tráchtála. 56. Seo samhlaíd ar Chúntas na nEarraí: Ó'n eólas seo síos, taisbeáin Cúntas na nEarraí agus dein é chothromú:- Suim iomlán Leabhair na gCeannach Suim iomlán Leabhair na Reac Stór Earraí i ndeire bárra An Leabhar Mór Cúntas na nEarraí. Ó Leabhar Ceannach Ó Praifíd Le Leabhar Reac Le Stór Earraí Nó, do réir ailt a 55, seo mar a sgríobhfaí na cúntais go léir a mbaineann leis na hearraíbh ó'n eólas so síos:- Eanair 1 Luach na nEarraí ar stór Nlg. 31 Luach na nEarraí do ceannuigheadh Luach na nEarraí do díoladh Leabhar na nAiseag amach Leabhar na nAiseag Isteach Luach na nEarraí ar stór
Fls. Cts. Stóir na nEarraí Dlt. Ó'n bhFuighlach Le Cts. Tráchtála L/Ca Cúntas na gCeannach Ó Ilneithe Le Cts. Tráchtála L/Ca Cúntas na Reac Ó Chts. Tráchtála L/Ca Le Ilneithe Cúntas na nAiseag Isteach Ó Ilneithe Le Cts. Tráchtála L/Ca Cúntas na nAiseag Amach Ó Chts. Tráchtála L/Ca Le Ilneithe Cúntas na Tráchtála Ó Chts. Stóir L/Ca Ó Cts. Ceannach L/Ca Ó Cts. Aiseag Isteach Ó Praifíd Le Cts. na Reac L/Ca Le Cts. Aiseag Amach Le Cts. an Stóir Féach §85 i gcóir Gnótha an Leabhar Chonganta sa sgéal. Luacháil na nEarraí. 57. Cuid ana thábhachtach de ghnó an tiúsgalaidhe is eadh luacháil na nEarraí ar stór aige. "Is mairg doghní deimhin dá dhóchas" adeir an sean- fhocal, agus is dá mhairg an tiúsgalaidhe a chuireann luach ró árd ar a mbíonn d'earraíbh ar stór aige, mar ní fios dó ó ló go chéile cad é an t-atharú a thiocfadh ar an marga a bhainfeadh go mór de luach a choda, dá aoirde é. B'é ba cheart dó a dhéanamh ná luach na nEarraí do luigheadú níos túisge ná mar a dhéanfadh sé iad do mhéadú ar luach. B'fhéidir dá ndéanfadh sé luach ró árd a chur ar a stór Earraí gurab amhlaidh a bheadh sé beag- bheann ar neithibh eile, agus dá bhrigh sin, ní foláir togha an
aireachais do thabhairt do'n obair sin. An luach do bhí ortha nuair a ceannuigheadh iad, nó a luach ar marga le linn na luachála, peaca luach is lugha, is é ba cheart a chur ortha. Mar sin, na hearraí gur tugadh ortha dá gceannach, agus ná faghfí ortha le linn na luachála ach is é luach ba cheart a chur ortha, ins an luacháil, ná 'sé sin, an luach is lugha. Dá ráineóchadh, ámh, go bhfaghfí ortha ar marga an uair sin, ba cheart a chur ortha mar luach, 'sé sin, an luach is lugha de'n dá luach san. Módh na Luachála. 58. Obair mhall righin is eadh obair na luachála agus niar sin níor mhisde í roinnt, mar is fearrde agus is miride agus is cirtede an luacháil í roinnt ar mhórán daoine. Duine dá innsint an mó earra de gach sórt atá ann; duine eile do chur na dtuairisgí sin ar pháipéar; duine eile do chur a luach leó do réir na réamheólas a bhain leó, nó do réir mar a gheóbhthaí ortha ar marga, péaca luach dob' ísle; duine eile dá suimiú; agus duine eile fós dhá léigheamh, dá gceartú. Agus, 'na theannta san, níor mhór do gach duine go raibh páirt aige 'san obair a ainm do chur le pé sgríbhinn a dhein sé. Gach réamheólas a bhainfeadh leis na hearraíbh dá luacháil, níor mhór é bheith ar láimh i dtreó go ndéanfí an obair 'sa cheart, agus aon earraí nár cuireadh innsint 'na dtaobh ins na leabhraibh toisg gan an réamheólas do shroisint chun naile, níor cheart iad do luadh ins an luacháil. Ach, ar an dtaobh eile, dá dtagadh an réamheólas agus gan na hearraí do bheith ar láimh fós, ba cheart na hearraí sin do luacháil mar "earraí ar bóthar" agus iad d'áireamh ar an stór earraí ar láimh. Mar an gcéadna, aon earraí ar láimh le linn na luachála, ach iad do bheith díolta cheana féin le daoinibh áirithe, níor mhór aireachas do thabhairt ar gan iad d'áireamh ar an stór earraí ag an dtiúsgalaidhe. Agus ag an am gcéadna; aon earraí a bheadh ag an mbóthar iarainn, nó ages na dugaíbh, nó ar stór fé bhannaíbh, níor mhór féachaint chuige go raibh an réamheólas ortha ins na prímhleabhraibh innsinte agus gur cuir- eadh síos 'na dtaobh aon chostais fé leith a bhain leó go dtí sin. Dímeas na nAcfuinn mBuan. 59. Baineann obair mar sin leis an Acfuinn bhuan leis, mar níl aon rud, dá bhuaine, ná tagann caitheamh air. Agus ní taise do'n Trosgán ná dos na Córachaibh a bhaineann le tiúgsal. Ní foláir do'n tiúsgalaidhe an caitheamh san do chúiteamh le hoiread áirithe fé'n gcéad do bhaint de
luach na nacfuinn i naghaidh na bliana, i dtreó, nuair a bhíonn siad "i ndeire a nanama," gan mhaith gan bhrigh, ná luighfidh a nathbhunú ar aon bhliain amháin fé leith ach gurab amhlaidh a dhíolfaidh gach bliain fé leith as an gcaitheamh a tháinig ar na córachaibh oibre le linn na bliana sin. "Dímheas," a tugtar ar an luigheadú luacha san a dheineann an tiúsgalaidhe ar na hacfuinníbh i naghaidh na bliana. Is sofheicse do chách an caitheamh agus an cur ar neamhní sin do bheith ag luighe anuas ar chóracaib i gcomhnuidhe, péaca beag mór é. An gluaisteán a ceannuightear i dtosach na bliana chun earraí dh'iomchar ó áit go háit, ní féidir a rádh i ndeire na bliana go bhfuil sé chomh luachmhar an uair sin agus do bhí, nuair a ceannuigheadh é. Mar sin, chun fírinne sgéil na hacfuinne age tiúsgalaidhe d'innsint - agus siné bun agus bárr na cúntaisíochta, agus fios fátha a sgéil go léir - ní foláir oiread áirithe a bhaint dá luach tosaigh mar gheall ar an obair a baineadh as lc linn na bliana. Is amhlaidh sin do gach cóir eile a dh'úsáidthear chun gnóthaí an tiúsgail do dhéanamh. Ach ní mar a chéile an caitheamh a bhíonn ar gach cóir. Is sia an saoghal a bhíonn ag cuid aca ná mar a bhíonn ag cuid eile. Ó'n dtaithighe fhada atá ag lucht tiúsgail ar a leithéidíbh, tá oiread áirithe dímheasa socair aca le baint de gach cóir oibre do réir mar is fios dóibh cad é an caitheamh agus an cur ar neamhní a thagann air i ndiaidh a chéile ó'n síormheilt, de Throsgán; Fearaistí is Meaisíní;Bithdhílis Foirgneamh; Innil is Coirí; ach is é dlighe is fearr a leanúint ná an dímheas do chomháireamh do réir saoghail na córach oibre. Módha an Dímeasa. 60. Tá a ceathair nó a chúig de shlighte ar a ndeintear an dímheas so adeirim: (a) Oiread áirithe fé'n gcéad dá luach bhunaidh do bhaint de luach córach i naghaidh na bliana, i dtreó, i gcionn tréimhse áirithe, nuair a bheadh saoghal na córach caithte, go mbeadh a luach ar ncamhní nó geall leis. Seo samhlaíd ar an médh san dímheasa:- Meaisíní do ceannuigheadh i dtosach na bliana 1914, agus do comhairigheadh go mairfidís go ceann deich mblian. Mar sin, do socaruigheadh ar 10% dá luach bhunaidh do bhaint dá luach i naghaidh na bliana.
Seo mar a taisbeánfí a chúntas san 'sa leabhar Mhór:- An Leabhar Mór. Cúntas na Meaisíní Ó Chts. Airgid Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó'n bhFuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó'n bhFuighlach anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó'n bhFuighlach anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Agus mar sin dó go mbeadh luach na meaisíní ídighthe. 61. (b) I ninead an mhéid chéadna do bhaint de luach ne córach i naghaidh bliana, oiread áirithe fé'n gcéad do bhaint de luach na córach fé mar a bheadh an chóir féin dá chaitheamh agus ag dul ar neamhní. Dá mba ar an gcuma san a déanfí dímheas ar na meaisíní úd a ceannuigheadh ar, go raibh saoghal deich mblian ionta do réir lucht an tiúsgail, seo mar a bheadh an cúntas 'sa Leabhar Mhór.
Cúntas na Meaisíní Ó Chts. Airgid Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Ó Fuigh. anuas Le Dímeas Le Fuighlach síos Agus mar sin dó go dtí ná beadh de luach ar na meaisíníbh ach a luach mar sheaniarann. 62. (c) Tá slighe eile chun dímheasa dh'áireamh, ach ní gnáth é dh'úsáid i dtaobh córacha oibre, ach curtar i bhfeidhm é, nuair is mian cur i gcóir léas do dhul as le himtheacht aimsire. Is amhlaidh a deintear amach ó tháibhlíbh lucht áirimh cad é an méid nach mór a bhaint de luach an léis i naghaidh na bliana taréis suim áirithe úis do chur le luach an léis do réir mar a bíonn sé ag dul i míluachmhaire. 63. (d) Curtar ar breis lasmuigh de'n ghnó féin oiread agus a baintear mar dhímheas de luach na córach i naghaidh na bliana, i dtreó, nuair a bhíonn luach na córach féin ar neamhní, go mbeidh oireadh eile saothruighthe ag an méid ar breis agus a cheannóchaidh cóir nuadh ar a chomhluach. 64. (e) Nó deintear urús ar an gcóir i dtreó nuair a bheidh a luach ar neamhní i ndeire a shaoghail go mbeidh oiread eile le fághail as an urús.
CEISTEANNA. 1. Cathain ba cheart do'n tiúsgalaidhe na hearraí ar stór aige do luacháil? 2. Cad é an luach ba cheart dó chur ortha? 3. Cá bhfaghaidh sé eólas ar cad a thug sé ortha? 4. Conus ba cheart an luacháil do dhéanamh? 5. Nuair a bhí tiúsgalaidhe ag áireamh a stóir earraí lá Coille, 1914, do chuir sé luach a gceannuighthe ortha agus do bhain sé 5 fé'n gcéad dá luach go léir i naghaidh a raibh díobh caithte seanda. An bhliain 'na dhiaidh sin, nuair a bhí sé ghá náireamh arís, níor dhein sé aon allúntas i gcóir an dímheasa. Cad é an éifeacht a bheadh aige sin ar Shochar na bliana? 6. Nuair a bhí ceannuidhe ag áireamh a stóir earraí i ndeire na bliana, do b'é a dhearmhad luach dá earraíbh a shágaint gan áireamh. Cad é an éifeacht a bheadh ag an ndearmhad san ar na cúntasaíbh a bhí aige dhá ullmhú? 7. Cá gádh an stór earraí d'áireamh i naon chor, dar leat? Innis cuid dcs na hiarsmaíbh a leanann (a) an stór earraí do luacháil thar a luach agus (b) an stór earraí do luacháil fé bhun a luacha, le linn an stóir d'áireamh? 8. An mó slighe ar a ndeintear dímheas ar chórachaibh gnótha? Tabhair do mheas ar gach ceann aca. CLEACHTADH. (Dímheas ar Mheaisínibh, agus rl.) 1. Lá Coille 'sa bhliain 1914 do ceannuigheadh Meaisíní ar. Do baineadh mar dhímheas dá luach go ceann cheithre mblian de' n luach bhunaidh. Do caitheadh ansan ar fheabhas do chur leis na seanmheaisíníbh, agus ar feadh trí mblian 'na dhiaidh sin, do baineadh díobh mar dhímheas dá luach i naghaidh na bliana do réir mar bhí sé ag luighdiú. Do díoladh na meaisíní ansan ar. Taisbeán Cúntas na Meaisíní mar a bheadh sé 'sa Leabhar Mhór. 2. Do cheannuigh tiúsgalaidhe meaisíní an chéad lá d'Eanair, 1900 ar; an chéad lá d'Iúl 'sa bhliain 1901 do cheannuig sé meaisíní nuadha ar; agus an lá deiridh de'n bhliain sin do dhíol sé ar meaisíní gur thug sé ortha lá Coille 1900. An chéad lá d'Abrán 'sa bhliain 1902, cheannuigh sé meaisíní nuadha arís ar, agus do dhíol sé, an chéad lá
de Mheadhon Foghmhair 'sa bhliain 1903, ar meaisíní gur thug sé ortha an chéad lá d'Iúl, 1901. Gach bliain do dheineadh sé dímheas ar na meaisíníbh i ndeire na bliana ar ráta 5 fé'n gcéad de'n luach bhunaidh. I ndeire na bliana 1904, tháinig sé ar mhalairt aigne, agus dhein sé dul siar ar chúntas na Meaisíní, agus i ninead oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach bhunaidh a bhaint dá luach i naghaidh na bliana mar dhímheas, do shocruigh sé ar fé'n gcéad do bhaint dá luach i naghaidh na bliana do réir mar a bhí a luach ag luighdiú. Dein an dá chúntas do sgríobhadh ag taisbeáint na difríochta eatortha. 3. Clódóirí a cheannuigh trí cinn de mheaisíníbh clóbhuailt ar an ceann. Adubhradh leó go mairfeadh na meaisíní go ceann deich mblian ach aireachas thabhairt dóibh agus féachaint chucha go maith a tugtar ar a leithéidíbh de mheaisíníbh i gcionn deich mblian. Abair dhá shlighe 'nar bhFhéidir cur i gcóir caitheamh na meaisíní, agus abair ciaca slighe dhíobh dob' fhearr leatsa agus cad 'na thaobh. 4. Fear a cheannuigh gluaisteán niór chun ualaighe dh'iomchar, an chéad lá de'n bhliain 1923, ar mhíle púnt. Dubhairt fear eólgaiseach leis ná beadh aon mhaith ann chun a ghnótha i gcionn Cheithre mblian agus gur dhócha ná faghfí ach cheithre chéad púnt air an uair sin. Tabhair dhá shlighe 'na gcuirfí i gcóir na huaire sin, agus abair ciaca ceann díobh a mholfá-sa do'n fhear do cheannuigh an gluaisteán. 5. Tabhair innsint ins an Leabhar Chonganta ar an nDímheas do deineadh mar so: 5 fé'n gcéad ar mheaisíní is feairistí, fé'n gcéad ar Úirlisíbh, agus 5 fé'n gcéad ar Trosgán Oifige. 6. Lá Coille 'sa bhliain 1921, do chuir Muinntir Chearbhaill is a gCuid. Feairistí nuadha 'na monarchain ar ar thugadar Do mhairfeadh na feairistí sin go ceann deich mblian, dar leó. Lá Coille, 1922, d'íocadar ar a thuille feairistí, agus do cuireadh meaisíní eile i náirde lá Coille, 1923, ar ar tugadh. Taisbeáin Cúntas na Meaisíní is na bhFeairistí agus Cúntas an Dímheasa ag an gCuideachtain i gcóir na dtrí mblian san, do réir:- (a) Oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach bhunaidh.
(b) Oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach i dtosach bliana do bhaint mar dímeas ar luach na córach i naghaidh na bliana. Abair ciaca ceann is fearr, dar leat, agus cad 'na thaobh. 65. Ins na cúntaisibh ceathteachais is cúitimh, curtar gach caithteachas a luigheann ar lucht an tiúsgail leis an ngnó do choimeád ar siubhal mar atá: Drochfhiacha, Ús ar Ghustal, locáistí a leigtear leis na daoinibh a íocann airgead le lucht an tiúsgail. Bíonn cúntas fé leith i gcóir gach ní díobh sin. Ar thaobh na bhFaltas a cúrtar gach caithteachas, agus ar thaobh na ndíoluíocht curtar gach cúiteamh. 66. Seo samhlaíd air sin:- Cúntas na locáistí do réir leabhair an Airgid (§ 20). Tá cúntais na bPearsan ann leis d'fhonn an dá innsint ins gach cás do thaisbeáint: Cúntas na Locáistí. Ó Mhac Gabhan L/A Le Mac Énna Le Ó hUiginn Cúntas Thomáis Mhic Ghabhann Le hAirgead Le Locáiste Cúntas Eóin Mhic Énna Ó Bangc Ó Locáiste Cúntas Shéamuis Uí Uiginn Ó'n mBangc Ó'n Locáiste
Gheibhtear eólas ar na caithteachais sin. Leabhar an Airgid nó ins an Leabhar COnganta. Gach beart is muirear ar an ngnó, curtar ar thaobh na bhfáltas ina chúntas cheart féin é, agus gach beart is cúiteamh, mar atá, ús ar fhiachaibh, curtar ar thaobh na ndíoluíocht ina chuntas cheart féin é. 67. Samhlaíd ar Chúntas na nDrochfhiacha agus ar gach Chúntas a ghabhann leis: Díoladh luach d'earraíbh le hEóin Mac Tomáis, agus 'na dhiaidh sin do chuaidh dá acfuinn agus níor fhéad sé ach fé'n bpúnt d'íoc. Do cuirfí an phrímhinnsint ar seic na nearraí i Leabhar na Reac. Do bheadh cúntas ar na drochfhiachaibh 'sa Leabhar Chonganta mar atá age § 39. Seo mar a bheadh na bearta san ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór agus i Leabhar an Airgid. Leabhar an Airgid. An Oifig Ó É. Mhac Tomáis Cúntas na nEarraí Le E. Mac Tomáis. Cúntas Eóin Mhic Thomáis. Ó na hEarraíbh Le hAirgead Le Drochfhiacha Cúntas na nDrochfhiacha Ó E. Mhac Thomáis.
Glaoidhte agus Íocaíochtaí roimhré. 68. Sar a ndeintear na cúntais do dhúnadh ná Riaradh na bhFuighlach (§ 78) do dhéanamh, ní foláir féachaint chuige, aon chaithteachas ba cheart a chur 'na mhuirir ar shochar na tréimhse, ná himtheóchadh sé ó'n áireamh; agus, ar an dtaobh eile, aon airgead do híocfaí i rith na tréimhse, gan ach an méid de do bhain le caithteachas na tréimhse sin do chur mar mhuirir ar shochar na tréimhse. Siúd é an t-urús, cuir i geás. Sin íocaíocht a deintear roimhré i gcomhnuidhe; ach, má 'seadh, níor chóir an íocaíocht go léir do chur mar mhuirir ar an dtréimhse 'nar íocadh í, ach a cuid féin do chur ar an aith-thréimhse. Mar an gcéadna do'n chíos, má íocthar roimhré é. Agus ar an dtaobh eile, ní íocthar págh an lucht oibre go deire seachtmhaine agus b'fhéidir go ráineóchadh roinnt lá oibre curtha isteach ages na fearaibh agus b'shin deire na bliana caithte; agus níor cheart cuid na tréimhse caithte do chur ar an aith-thréimhse. Mar an gcéadna dos na Sraithibh, agus do'n íocaíocht a Solus Geasa nó a Solus Aibhlighe. Do bheadh na caithteachais sin ag glaodhach ar an lucht gnótha i ndeire na tréimhse agus ní íocfaí iad go ceann tamaill 'na dhiaidh sin, péaca fada gairid é. Ní foláir do lucht tiúsgail innsint do dh éanamh ar na híocaíochtaíbh sin roimhré agus ar na glaoidhtibh, mar an gcéadna, ins an Leabhar Conganta, agus ansan cúntais do choimeád ortha ins an Leabhar Mhór. Samhlaídí (a) Glaoidhte. 69. I ndeire na bliana 1923, sar ar dúnadh na leabhair, do bhí na glaoidhte seo ar Séamus Ó Briain: Cíos leithbhliana; págh an lucht Óibre; Cúntas an tSoluis Aibhlighe. Seo mar tugtar innsint ar na glaoidhtibh sin ins an Leabhar Chonganta uaireanta:- Cúntas an Chíosa (1923) óCúntas an Chíosa (1924) Págh an Lucht Oibre (1923) ó Phágh an Lucht Oibre (1924) Cúntas an tSoluis Aibhlighe (1923) óChts. an tSoluis Aibhlighe (1924)
Seo mar a bheadh na cúntais sin 'sa leabhar mór:- Cúntas pagh an lucht oibre. 1923 Nlg. 29 Ó Chts. an Airgid 31 Ó Ghlaodhach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair 1924 Ean. 1 Le Glaodhach anuas Cúntas an chíosa. Meith. 30 Ó Chts. an Airgid Nlg. 31 Ó Ghlaodhach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair 1924 Ean. 1 Le Glaodhach anuas Cúntas an tSoluis Aibhlighe. 1923 Márta, 31 Ó Chts. an Airgid. Meith. 30 Ó Chts. an Airgid. M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid. Nlg. 31 Ó Glaodhach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair 1924 Ean. 1 Le Glaodhach anuas Taisbeántar na Glaoidhte sin, na fuighlaigh díoluíachta i gCúntasaíbh na gCostas Gnótha i gClár na bhFuighlach ar na Fiachaisíbh. Ar ball, nuair a díoltar an págh, nó an cíos, curtar an íocaíocht airgid ar thaobh na bhFáltas ina chúntas cheart féin, agus glantar "an glaodhach anuas." Samhlaíd (b) Íocaíocht roimh ré. 70. Do díoladh Urús i gcóir bliana, roimh ré, 30/9/23 Seo mar a táisbeábfaí sin 'sa Leabhar Chonganta: Cts. an Urúis (1924) ó Chts. an Urúís (1923)
Agus sidé an cúntas a bhéadh ar an roimhíoc 'sa Leabhar Mhór: Cúntas an Urúis. 1923 M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid 1924 Ean. 1 Ó Roimhíoc anuas 1923 Nlg. 31 Le Roimhíoc síos 31 Le Chts Sochair agus Dochair Taisbeántar an roimhíoc san, an Fuighlach fáltais i gCts. an Urúis, i gClár na bhFuighlach ar an Acfuinn. Ar ball, nuair a bhíonn sé an Urúis Istigh, bíonn an innsint ann i bhfiadhnaise íochtha an airgid roimh ré. 71. Uaireanta i ninead na nglaoidhte agus na roimhíoc do thaisbeáint mar sin is amhlaidh a deintear cúntas nuadh amach, "Cúntas Coinne," agus tugtar innsint ar na glaoidhtibh agus ar na híocaíochtaíbh roimh ré mar seo 'sa Leabhar Chonganta? 72. (a) Glaoidhte (Feic na samhlaídí i nalt 69). Cúntas an Chíosa Págh an Lucht Oibre Cúntas an tSoluis Aibhlighe. ó Chúntas Coinne Glaoidhte (b) Íocaíocht roimh ré (Féach an tsamhlaíd i nalt 70) Cúntas Coinne Roimhíoc ó Chts. an Urúis Agus seo mar a bheadh cúntas ortha ins an Leabhar Mhór: Cúntas an Chíosa. 1923 Meith. 30 Ó Chts. an Airgid Nlg. 31 Ó Chts. Coinne Glaoidhte 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair.
Cúntas Págh an Lucht Oibre 1923 Nlg. 29 Ó Chts. an Airgid 31 Ó Chts, Coinne Glaoidhte. 1923 Nlg. 31 Le Cts. Sochair Dochair. Cúntas an tSoluis Aibhlighe. 1923 Márta. 31 Ó Chts. an Airgid Meith. 30 Ó Chts. an Airgid M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid Nlg. 31 Ó Chts. an Coinne Glaoidhte 1923 Nlg. 31 Le Sochair agus Dochair Cúntas COinne Glaoidhte 1923. Nlg. 31 Ó Fuighlach síos 1923 Nlg. 31 Le Cts. an Chíosa 31 Le Cts. Págh an Lucht Oibre 31 Le Cts. an tSoluis Aibhlighe Ean. 1924 1 Le Fuighlach anuas Cúntas an Urúis 1923 M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airigid 1923 Nlg. 31 Le Cts. COinne Roimhíoc 31 Le Cts. Sochair agus Dochair.
Cúntas Coinne Roimhíoc 1923 Nlg. 31 Ó Chts Urúis 1924 Ean. 1 Ó Fuighlach anuas 1923 Nlg. 31 Le Fuiglach síos 73. Ar ball, nuair a híocthar an Cíos agus págh an lucht oibre, agus rl., curtar an t-airgead ar thaobh na ndíoluíacht i Leabhar an Airgid, agus an dara innsint ar an íocaíocht ar thaobh na bhFáltas ins an Chúntas Choinne Ghlaoidhte. Nuair a bhíonn ré an Urúis, do híocadh roimh ré, caithte, curtar innsint air mar seo 'sa Leabhar Chonganta: Cúntas an Urúis Fls. ó Chts. Coinne Roimhíoch. Agus ansan curtar an dá innsint ins an dá chúntas san 'sa Leabhar Mhór. Is fearr agus is saoráidighe go mór an dara modh chun cuimhne choimeád ar ghlaoidhtibh is ar íocaíochtaíbh roimh ré, agus is é is ionmholta. Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha agus rl. 74. Tá neithe eile, mar sin, nach foláir cuimhne coimeád ortha agus cur 'na gcóir. Mar atá: droch- fhiacha, locáistí a leigtear leis na daoinibh go bhfuil fiacha ortha ag an lucht gnótha, agus na locáistí a leigtear le lucht an ghnótha féin. Mar a dubhradh cheana, "is mairg doghní deimhin dá dhóchas," agus i ndeire tréimhse, nuair a bhíonn lucht gnótha ag luacháil na nearraí ar stór aca, agus ag ullmhúchán i gcóir Clár na bhFuighlach do thaisbeáint, níor mhór dóibh na fiacha atá aca do sgrúdadh agus d'infhiúchadh go maith ar eagla go n-áireóchaidís drochfhiacha ar a nAcfuinn. Dálta luachála na nEarraí (§ 57) is fearr bheith ar thaobh na fothana i dtaobh na bhfiacha leis, agus roinnt áirithe dhíobh do chur ar leathtaoibh mar dhrochfhiachaibh. Oiread áirithe fé'n gcéad do bhaint díobh mar bhunchúil i gcoinnibh drochfhiacha. 75. Samhlaíd. 1905. Ean. 1 Do bhí bunchúil i gcoinne Drochfhiacha, i leabhraibh Mhuinntir Bhriain. Nlg. 31 Drochfhiacha i rith na bliana. 31 Deineadh Cúntas an Bhunchúil do shocarú i dtreó go dtaisbeánfadh sé bunchúil i gcoinne 7½ fé'n gcéad des na fiachaibh aca.
1906. Nlg. 31 I rith na bliana sin do bhí Drochfhiacha. 31 Deineadh Cúntas an Bhunchúil do shocarú i dtreó gur thaisbeáin sé bunchúil i gcoinne 7½ fé'n gcéad des na fiachaibh aca. Déanfí innsint ar na neithibh sin ar dtúis ins an Leabhar Conganta mar seo: An Leabhar Conganta ag Muinntir Bhriain Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha Ó Chts. na nDrochfhiacha (Aistriú Fuighlaigh an bhunchúil) Cts. na nDrochfhiacha ó Fhiachaibh againn (Drochfhiacha thárla i rith na bliana) Cts. na nDrochfhiacha ó Chts. bunchúil i gcoinne Drochfhiacha (an méid a cuireadh ar leathtaoibh i gcoinne Drochfhiaca.) Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. na nDrochfhiacha (Aistriú fuighlaigh Chts. na nDrochfhiacha) Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha ó Cts. na nDrochfhiacha Cts. na nDrochfhiacha ó Fhiachaibh againn Cts. na nDrochfhiacha ó Chts. bunchúil i gcoinne Drochfhiacha Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. na nDrochfhiacha. Agus ansan 'sa Leabhar Mhór mar seo: Cúntas an Bhunchúil i gcoinne drochfhiacha Nlg. 31 Ó Cúntas na nDrochfhiacha Ó Fuighlach síos Ó Chts. na nDrochfhiacha Ean. Le Fuighlach anuas Le Cts. Drochfhiacha Le Fuighlach anuas Le Cts. Drochfhiacha.
Ó Fhiachaibh againn Ó Chts. an bhunchúil Ó Fhiachaibh againn Ó Chts. an bhunchúil Le Cts. an bhunchúil Le Cts. Sochair agus Dochair Le Cts. an bhunchúil Le Cts. Sochair agus Dochair Cúntas Sochair agus Dochair Ó Chts na nDrochfhiacha Ó Chts na nDrochfhiacha Nó tabharfí láninnsint ar conus do tánathas ar an ndochar go léir 'na dtaobh mar seo:- Cúntas Sochair agus Dochair, 1905 ó Chts. na ndrochfhiacha móide Bunchúil Lughaide bunchúil, 1/1/'05 76. Bíodh gur fuighlach díoluíachta fuighlach an bhunchúil i gcoinne Drochfhiacha, agus gur ar measg na bhfuighlach ndíolu- íachta a bheadh sé ar Riaradh na bhfuighlach, ní ar thaobh na bhFiacaisí a taisbeánfí é i gClár na bhfuighlach; ach is amhlaidh a bainfí ó shuim na bhFiacha a bheadh ag an lucht gnótha. Mar seo a taisbeáinfí i gClár na bhFuighlach age Muinntir Bhriain iad i ndeire na bliana 1905, féach: Fiacha againn Lughaide Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha
Agus mar seo i ndeire na bliana 1906: Fiacha againn Lughaide Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha 77. Deintear Cúntas an Bhunchúil i gcoinne locáistí amach ar an gcuma gcéadna, má's gádh é dhéanamh amach; agus taisbeántar ins an Chlár Fuighlach é ar an gcuma gcéadna leis. An bunchúil i gcoinne locáistí a leigtear le daoinibh eile do bhaint ó shuim na bhfiacha ag an lucht gnótha, agus an bunchúil i gcoinne locáistí a leigtear le lucht an gnótha féin do bhaint de shuim na bhfiacha ortha. Ceisteanna 1. Uaireanta do chífí "cúntas Coinne" ar Chlár na bhfuighlach age lucht Gnótha. Cad é an bhrigh atá leis an gcúntas san, dar leat? 2. Conus a thaisbeánfadh tiúsgalaidhe na glaoidhte a bheadh air le linn na gcúntas do dhúnadh i ndeire tréimhse? 3. Dá mbeadh B/F age tiúsgalaidhe malartuighthe ar locáiste roimh tráth a níoctha le linn Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach, agus nár taisbeánadh san ann, cad nár mhór a dhéanamh, dar leatsa, chun gach ní i dtaobh an tiúsgail do thaisbeáint 'na cheart? 4. Tiúsgalaidhe go raibh fiacha amuigh aige ar dhaoinibh eile, agus gur mhian leis bunchúil i gcoinne Drochfhiacha a dhéanamh ar ráta 5 fé'n gcéad des na fiachaibh amuigh aige, taisbeáin an innsint do déanfí air 'sa Leabhar Conganta? 5. Fiacha a bhí age Muinntir Laoghaire ar Sheán Ó Dhrisceóil agus do chuaidh de acfuinn Sheáin i dtreó gur chúitigh Muinntir Laoghaire na Drochfhiacha leis an mbunchúil i gcoinne Drochfhiacha a bhí aca. Ach bliain 'na dhiaidh sin, d'íoc Seán fé'n bpúnt dá ghiachaibh. Taisbeáin an innsint a bheadh i leabhraibh Laoghaire ar an bhfáltas airgid ó Sheán Ó Dhriseeóil. 6. Cad chuige "Cúntas bunchúil i gcoinne Drochfhiacha"? Taisbeáin cad é an éifeacht a bheadh ar a leithéid de Chúntas ages na neithibh seo síos:
1920. Ean. 1 Fuighlach 'sa Chúntas bunchúil i gcoinne Droch- fhiacha. Drochfhiacha a thárla i rith na bliana darab deire 31/12/1920. Do socaruigheadh an fuighlach 'sa Chúntas bhunchúil do bheith chomh hárd le 5 fé'n gcéad des na Fiachaibh amuigh, na Fiacha san 31/12/20. 7. 'sa bhliain an cíos atá ar thigh ghnótha agus é le híoc dhá uair 'sa bhliain, 30/6 agus 31/12. Do híocadh cíos na leathbhliana roimhe sin an cúigmhadh lá d'Iúl, ach nuair do bhítheas ag déanamh Clár na bhFuighlach amach i ndeire na hliana, 31/12, ní raibh cíos na leathbhliana roimhe sin íoctha. Táisbeáin conus a bheadh Cúntas an Chíosa taréis Clár na bhFuighlach mar a bhí an t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag. 8. I ndeire na bliana do bhí d'fhiachaibh amuigh age lucht gnótha, agus ó bhí na ndroch- fhiachaibh aca i rith na bliana sin do cheapadar bunchúil i gcoinne drochfhiacha do dhéanamh ar ráta 5% des na fiachaibh aca. Taisbeáin na hinnsintí do bheadh air sin sa Leabhar Chonganta, sa Leabhar Mhór, sa Chúntas Sochair agus Dochair, agus i gClár na bhFuighlach.
Na Buillí Sguir. Riaradh na bhFuighlach. 78. Nuair a bhíonn na cúntais go léir 'sa Leabhar Mhór lán, 'sé sin, nuair a bhíonn gach beart do luadhadh i leabhraibh na prímhinnsinte curtha isteach ina gcúntasaíbh cearta féin, 'sa Leabhar Mhór, deintear ceart na hoibre do fhromhadh leis na fuighlachaibh ins na cúntasaíbh do chur i gcoinnibh a chéile, na fuighlaigh fáltais ar thaobh agus na fuigh- laigh díoluíachta ar an dtaobh eile. (Nuair is mó na fáltais ná na díoluíachta i gcúntas, tugtar fuighlach fáltais ar an difríocht idir an dá thaobh. Nuair is mó taobh na ndíoluíacht, tugtar fuighlach díoluíachta ar an ndifríocht.) Mar a dubhradh cheana, do réir dlighe an dá innsint, bíonn gach beart ar thaobh na bhfáltas i gcúntas agus ar thaobh na ndíoluíacht i gcúntas eile. Dá bhrigh sin, má bhíonn suim an dá shaghas fuighlaigh ar cothrom, sin comhartha gur deineadh an dá innsint ar gach beart, do réir an dlighe sin. 79. Sidé anso síos Riaradh na bhFuighlach a bhí i Leabhraibh Sheáin Uí Néill an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain 1919. 1. Stór Earraí 1. Gustal Sheáin Uí Néill 31. Ceannaigh agus Reaca 31. Aisig isteach agus amach 31. Iomchar Earraí 31. Tuarasdail agus Págh 31. Iolchaithteachais 31. Cíos agus Sraithe 31. Ús a fuaradh 31. Locáistí 31. Tighthe 31. Páipéar sgríobhtha agus Clódóireacht 31. Airgead 'sa Bhangc 31. Airgead ar taisce 31. Fiacha
Ceartú na dTuathal. 80. "Taréis chítear gach beart," adeir an seanfhocal, agus, mar sin, ní mór togha an aireachais do thabhairt "ó thúis an chluiche go deire na sgríbe" ins an obair seo na cúntaisíochta, mar cailltear a lán ama ag iarraidh na dtuathal d'aimsiú nuair a gheibhtear amach ó Riaradh na bhFuighlach go bhfuilid ann. Seo síos roinnt des na tuathalaibh do b'fhéidir a dhéanamh amach ó Riaradh na bhFuighlach:- (a) Faillighe do thabhairt i mbeart do chur ó Leabhar an Airgid isteach 'sa chúntas eile a ghabhann leis 'sa Leabhar Mhór; mar seo, cuir i gcás: Fáltas ó Sheán Ó Gallchobhair i Leabhar an Airgid agus gan aon innsint air i gCúntas Sheáin Uí Ghallchobhair. Ní bheadh le déanamh ach an cúntas do thabhairt air, mar seo: le Cts. an Airgid. (b) Innsint ar bheart do chur ar an dtaobh tuathail de chúntas, mar atá: Ceannach luach d'earraíbh do bheith i Leabhar na gCeannach agus ar an dtaobh cheart de Chuntas na nEarraí nó de Chúntas na gCeannach, ach é do chur ar thaobh na bhFáltas de chúntas an duine ó nar ceannuigh- eadh iad. Ní bheadh le déanamh ach innsint mar seo do chur ar thaobh na ndíoluíacht: le fáltas tuathail agus ansan an innsint cheart do chur síos mar seo: le hEarraíbh. (c) An suim airgid do chur síos go neamhcheart i gcúntas taréis é bheith 'na cheart i Leabhar an Airgid nó i naon leabhar nó cúntas eile, mar atá: Fáltas ó Dhiarmuid Mhac Chormaic i Leabhar an Airgid do chur síos mar i gcúntas Dhiarmuda féin. Ní bheadh le déanamh ach innsint mar seo do chur síos ar thaobh na bhfáltas 'na chúntas: le díoluíacht tuathail agus ansan an innsint cheart do chur síos: Le hAirgead (d) Dhá innsint do dhéanamh ar an mbeart chéadna 'sa chúntas, mar atá: Díoluíacht Chíosa, do chur síos dhá uair ar thaobh na bhFáltas i gcúntas an Chíosa. Ní bheadh le déanamh ach innsint do chur síos ar thaobh na ndíoluíacht i gCúntas an Chíosa, mar seo: Le fáltas tuathail. N.B. - Ní gádh dul i muinighin an Leabhair Chonganta chun a leithéidí siúd de thuathalaibh do cheartú.
Ceartú Tuathal leis an Leabhar Conganta. 81. Ach ní fromhadh críochnuighthe ar fhírinne na gcúntas Riaradh na bhFuighlach, mar dob' fhéidir dear- maidh agus tuathail do dhéanamh i sgríobhadh na gcúntas ná haimseochadh an Riaradh i noan chór. Mar sin ní foláir dúbailt aireachais ó thosach. Seo roinnt des na tuathalaibh a raghadh de'n Riaradh a thaisbeáint: (a) suim airgid do chur 'sa chúntas tuathail; (b) iomrall áirimh do dhéanamh i sgríobhadh na bhfigiúirí; (c) cúpla tuathal a dhéanamh a chúit- eóchadh le chéíle, mar atá; i ninead do chur i gcúntas, agus i ninead do chur i gcúntas eile. Ní foláir dul i muinnghin an Leabhar Chonganta chun gach tuathal de'n tsórt sin do thaisbeáint agus ansan nuadhinnsint do dhéanamh ins na cúntasaibh cearta as an Leabhar Chonganta. Samhlaídí. 82. Le linn na bhfuighlach do riaradh, cítear gur deineadh na tuathail seo:- (a) a díoladh ar Throsgán 'san Oifig, cuireadh i gCúntas na gCaithteachas é; (b) Ceannuigheadh luach d'earraibh ó Mhuinntir Dhuibhir do réir Réamheóluis 3/2/23, agus ní raibh aon chúntas ortha ins na leabhraibh; (c) Seic a fuaradh ó Dhiarmuid Mhac Chormaic agus cuireadh síos ins na cúntasaibh; (d) do híocadh mar chíos tighe chómhnuighthe an tiúsgalaidhe agus do cuireadh síos i gCúntas an Cíosa é. An Leabhar Conganta. Cúntas an Trosgán ó Chúntas na gCostas Bshin airgead a cuireadh i leith ne gCostas tré dhearmad Cúntas na gCeannach ó Chúntas Mhuinntir Dhuibhir Faillighe a tugadh 'sa beart san do chur ins na leabhraibh, Réamheólas 3/2/23. Cúntas an Airgid ó Chuntas Dhiarmuda Mhic Chormaic a cuireadh isteach ins na leabhraibh i ninead. Cúntas na dTarrac ó Chúntas na gCostas Cíos an tighe chomhnuighthe do cuireadh síos mar Chostas an Ghnótha.
Cleachtadh. Ní foláir a innsint i dtaobh gach dearmhaid is tuathail díobh so síos conus a ceartófí é 'sa Leabhar Chonganta agus 'na chúntas cheart féin, agus cad í an éifeacht a bheadh aige ar Shochar an Ghnótha agus ar Chlár Fuighlach an Ghnótha 'nar deineadh gach tuathal díobh. 1. do chur i gCts. na gCeannach i ninead a bhí i Leabhar na gCeannach. 2. do híocadh mar chíos tighe chómhnuidhte an tiúsgalaidhe do chur síos i gcúntas na nIolchaithteachas. 3. Fáltas ó Chormac Mhac Chárthaigh i Leabhar an Airgid, agus gan aon luadh air i gCts. Chormaic féin. 4. Tugadh mar bhreis ghustail do'n ghnó i rith na bliana ó'n dtiúsgalaidhe féin, Seán Ó Séaghdha, ach do cuireadh innsint air i leabhar an Airgid, mar a bheadh fáltas ó Sheán Ó Shéaghdha agus a chlann mhac. 5. Deineadh dearmhadh ar luach d'earraíbh do chomhair- eamh ar na hearraíbh ar stór age tiúsgalaidhe. 6. Do cuireadh síos i Leabhar na gCeannach luach de Throsgán a cheannuigh an tiúsgalaidhe i gcóir a thighe chomhnuidhthe féin. 7. Do cuireadh mar luach ar na hearra bh, luach a bhí 20% ní b'aoirde ná mar a tugadh ortha. 8. Do cuireadh síos i Leabhar na Reac stórais leis an dtiúsgalaidhe féin dob' fhiú. 9. Bhain an tiúsgalaidhe luach d'earraíbh as a shiopa i rith na bliana leahghaidh a líntighe féin agus níor deineadh aon innsint ortha ins na leabhraibh. 10. Tá fiacha mar gheall ar phágh do'n lucht oibre, agus fiacha mar gheall ar Urús, ar an ngnó. 11. Do cuireadh earraí thar nais ó Philib Ó Cobhthaigh a luach, agus gan aon luadh ortha ins na leabhraibh. 12. Do híocadh Tuarasdail agus do cuireadh i gCts. na Sraithe é. 13. Do díoladh luach d'earraibh le Seán Mac Gabhann agus do cuireadh luadh air i gCts. na gCaithteachas. 14. Fáltas Airgid, ó Liam Brún, agus a cuireadh síos.
15. do híocadh mar gheall ar Chaithteachas Gnótha, agus do cuireadh i gCts. na Cánach é. 16. Luach d'earraíbh a díoladh ar airgead síos, agus do cuireadh an dara innsint air i gCts. na nIolchaithteachas. 17. Luach a díoladh le Muinntir Fhlannagáin agus cuireadh slos i gCts. Mhuinntir Laoghaire iad. 18. Díoladh luach d'earraíbh le duine agus a cuireadh síos i Leabhar na Reac. 19. Airgead, do bhain an tiúsgalaidhe as an mbangc. dó féin ar leith agus do cuireadh i gCúntas an Tuarasdail é. 20. Deisiúchán a chosain a deineadh ar na meaisíníbh agus do cuireadh i gcúntas na Measíní é. 21. Páipéar sgríobhtha a ceannuigheadh do'n Oifig agus do cuireadh síos i Leabhar na gCeannach é. 22. Aisig amach, luach, a cuireadh síos i leabhar na Reac. 23. Luach d'earraíbh a cuireadh thar nais ó Shéamus Ó Briain agus do comhairigheadh ar na hEarraíbh ar Stór, ach gan aon luadh ortha i Leabhar na nAiseag isteach go dtí an chéad mhí de'n athbhliain. 24. Luach d'earraíbh a díoladh le Seán Mac Coitir do réir Leabhair na Reac, agus a cuireadh síos 'na chúntas. 25. Luach d'earraíbh a ceannuigheadh agus do comhairgheadh ar stór, ach gan aon chúntas ortha ins na leabhraibh. 26. Meaisíní, luach, a díoladh, agus do cuireadh síos i Leabhar an Airgid mar seo: Fáltas ó Earraíbh a díoladh ar airgead síos. Dúnadh na gCúntas. 83. Taréis n a bhfuighlach do riaradh agus na gcúntas is na leabhar go léir do sgrúdadh, agus taréis na ndearmhad is na dtuathal, má bhíodar ann, do cheartú, is féidir cur chun na gcúntas do dhúnadh. Is féidir cúntais na bPearsan do dhúnadh gan a thuille moille. Cúntas na Tráchtála. 84. Sar ar féidir cúntas na nEarraí do dhúnadh, ní foláir na hearraí do luacháil, agus luach stóir na nearraí ar láimh i ndeire na tréimhse do chur ar thaobh na ndíoluíacht, féachaint ciaca praifíd nó cailliúint a tháinig as ceannach is díol na nEarraí (§ 54). Ach, má bhíonn cúntas fé
leith i gcóir Stór na nEarraí ar tosach, agus cúntas fé leith i gcóir na nearraí do ceannuigheadh, agus rl. (§ 55), curtar fuigh- laigh gach cúntais fé leith dhíobh sin i dteannta a chéile i gCúntas na Tráchtála, na fáltais agus na díoluíachta do bheith mar a bheidís i gCúntas na nEarraí. Ach, i gCúntas na Tráchtála, curtar ar thaobh na bhfáltas gach muirear a dhéanfadh luach na nEarraí do ceannuigheadh a dh'árdú, mar atá: costas iomchair na nearraí isteach chun an tiúsgalaidhe, an cháin a díoltar ar earraí ag teacht isteach ó thíorthaibh iasachta, agus má's adhbhar déantúis na hearraí a ceannuightear, págh an lucht oibre a dheineann an t-adhbhar déantúis ullamh chun a ndíolta taréis iad d'oibriú agus do chríochnú. Ní curtar tuarasdail an thaobh na bhfáltas i naon chor mar is dóichighe go mbainid siad san leis na hearraíbh do chur amach agus do chraobhsgaoileadh. 85. Seo mar a bheadh Cúntas na Tráchtála age Seán Ó Néill do réir na bhfuighlach a bhí na leabhraibh 31/12/19. Luach d'earraíbh a bhí ar stór aige i ndeire na bliana céadna. (Feic § 79.) Chun an chúntais sin na tráchtála do thaisbeáint, is é céad rud nach foláir a dhéanamh ná innsintí do thabhairt 'sa Leabhar Chonganta ar na fuighlachaibh go léir a bhaineann leis na hEarraíbh do chur as a gcúntasaíbh féin istcach i gCúntas na Tráchtála. Sidiad na hinnsintí a bheadh ins an Leabhar Chonganta:- Cúntas na Tráchtála ó Chts. an Stóir Tosaigh ó Chts na gCeannach ó Chts na nAiseag Isteach ó Chts an Iomchair ó Chts Tuarasdail agus Págh B'shin fuighlaigh a cuireadh i gCts. na Tráchtála. Cúntas na Reac Cúntas na nAiseag amach Cúntas an Stóir Dheiridh ó Chúntas na Tráchtála B'shin fuighlaigh a cuireadh i gCts. na Tráchtála.
Maidir leis na hAisig isteach is na hAisig amach, is fearr iad do bhaint ó luach na nearraí do díoladh agus do ceannuigh- eadh, i ninead iad do chur ar thaobh na bhfaltas agus ar thaobh na ndíoluíacht, mar 'dh eadh gur ceannaigh agus gur reaca iad ó bhunús, nuair is amhlaidh a diúltuigheadh dóibh mar reaca nó mar ceannaigh, toisg locht éigin a bheith ionnta. Seo mar do bheadh Cúntas na Tráchtála ansan:- Ó'n Stóir Earraí Cts. Ceannach Lughaide Aisig amach Ó'n Iomchar isteach Ó'n Págh agus Tuarasdail Praifíd Le Cts. Reac Lughaide Aisig Isteach Leis an Stóir Deiridh. Cúntas Sochair agus Dochair. 86. Curtar chun an Chúntais Sochair agus Dochair do dhéanamh amach ansan le gach muirear ar an ngnó, mar atá: Cíos, Cáin, Sraithe, Ús ar Ghustal, Drocfhiacha, Tuarasdail, agus na hIolchaithteachais eile do chur ar thaobh na bhFáltas agus ar an dtaobh eile aon ní a chuireann le Sochar an ghnótha, mar atá: ús ar fhiachaibh, praifíd Cúntais na Tráchtála, agus rl. Dála Cúntais na Tráchtála, caithtear fuighlaigh chúntas na gcaithteachas do chur isteach ins an Chúntas Sochair agus Dochair, agus innsintí a thabhairt ar an aistriú ins an Leabhar Mhór; curtar Praifíd an Chúntais Tráchtála ins an Chúntas Sochair agus Dochair leis.
Sidiad na hinnsintí a bheadh ins an Leabhar Chonganta:- An Leabhar Conganta Cúntas Sochair agus Dochair ó Chts, na nIolchaithteachas ó Chts. Cíosa is Sreatha ó Chts Locáistí Leigeadh ó Chts. Clódóireacht, agus rl. B'shin aistriú na bhfuighlach i gCúntasaíbh na gCostas. Cúntas na Tráchtála Cúntas an Úis Cúntas na locáistí fuaradh ó Chúntas Sochair agus Dochair B'shin aistriú na bhfuighlach i gCúntas na Tráchtála agus i gcúntasaíbh na gCúiteamh. Seo mar do bheadh an Cúntas Sochair agus Dochair ansan:- Cúntas Sochair agus Dochair. Ó Chts. na nIolchaithteachas Ó Chts. Cíosa is Sreath. Ó Chts. Locáistí Ó Chts. Clódóireacht Le Práifíd Le Cts. an Úis Le Cts. Locáistí Le Dochair. 87. Ní bheadh ach aon chúntas amháin ins an Leabhar Mhór le dúnadh ansan, 'sé sin, Cúntas an Ghustail. An Gustal bunaidh is é bheadh ar thaobh na ndíoluíacht (§ 49). Agus ní eile mar bhreis ghustail a cuirfí 'sa ghnó le linn na tréimhse nó aon trochas a dh'éireóchadh as an ngnó, is ar thaobh na ndíoluíacht a cuirfí iad, ag cur leis an nGustal bhunaidh. Ach, aon ní a bhainfeadh ó'n nGustal mar atá: tarrac airgid nó earraí nó caithteachais phríobháideacha do chur mar mhuirear ar an ngnó féin nó an dochar a thiocfadh as an dtiúsgal le linn na
tréimhse, is ar thaobh na bhfáltas a cuirfí é. Dála an dá chúntas eile, Cúntas na Tráchtála agus an Cúntas Sochair agus Dochair, níor bhfoláir a innsint ins an Leabhar Chonganta ar dtúis conus mar do haistrigheadh fuighlach a chúntas eile isteach i gcúntas an Ghustail leis. Dá bhrigh sin, sidí an innsint a bheadh ar aistriú an Dochair anso go taobh na bhFáltas i gcúntas an Ghustail: Cúntas an Ghustail ó Chts. Sochair agus Dochair Seo mar a bheadh Cúntas an Ghustail ansan:- Ó'n nDochar Ó'n bhFuighlach Leis an bhFuigh. 88. Taréis na leabhar do chríochnú mar sin agus na cúntais go léir do dhúnadh is féidir Stáid an Ghnótha do thaisbeáint le Clár na bhFuighlach mar seo. Clár na nbhFuighlach. Do réir mar taisbeánadh i Leabhraibh Sheáin Uí Néill 31/12/1919. Fiachaisí Fiacha air Gustal. Acfuinn Airgead 'sa bhangc Airgead ar Taisce Stór Earraí Tighthe Fiacha aige Nó taisbeántar an Gustal mar seo i gClár na bhFuighlach gan Cúntas an Ghustail féin do bhac: Gustal Lughaide Dochair.
89. Samhlaíd iomlán ar na cúntasaíbh go dtí seo:- An chéad lá d'Eanair. 1912, seo mar a bhíothas age Cormac Mac Airt. Airgead 'san Oifig; Airgead 'sa Bhangc, Stór Earraí ar láimh; Fiacha aige ar Aindrias Ó Fhloinn, ar Bhrian Ó Chonaill, ar Chathal Ó Chéin, ar Dhiarmuid Mhac Chormaic, Fiacha air féin age Éamonn Mac Guidhir, age Feidhlim Ó Tuathail. Sid iad na bearta ghnótha dhein sé i rith mí Eanair: Ean. 1. Cuireadh Ús ar fhiachaibh ar A. Ó Floinn 1. Ceannuigheadh Earraí le seic 2. Fuaradh seic ó Dhiarmuid Mhac Chormaic ag glanadh a chúntais. [Do háirmhigheadh an fuighlach mar dhrochfhiacha.] 3. Fuaradh seic ó Aindrias Ó Fhloinn 4. Cheannuigh Aindrias Ó Floinn Earraí uaidh Do hiocadh a Muirear Iomchair na nEarraí sin le hairgead 5. Fuaradh seic ó Aindrias Ó Fhloinn 6. Díoladh le hAindrias Ó Floinn Earraí 6. Do híocadh Págh na bhFear le hAirgead 8. Fuaradh seic ó Bhrian Ó Chonaill Leigeadh na locáiste leis 9. Díoladh Earraí le Brian Ó Conaill Do híochadh an Cíos le seic 10. Ceannuigheadh ó Chathal Ó Chéin, Earraí
Ean. 11. Fuaradh seic ó Chathal ó Chéin Leigeadh na locáiste leis 12. Cheannuigh Cathal Ó Céin Earraí 13. Do híocadh Sraithe le hAirgead 13. Fuaradh seic ar Earraíbh 15. Fuaradh Airgead ar Sheandrochfhiacha 16. Cuireadh seic chun Éamuinn Mhic Ghuidhir 16. Fuaradh 'na locáiste uaidh 17. Ceannuigheadh Earraí ó Éamonn Mhac Ghuidhir Baineadh seic na chóir féin 18. Tugadh seic d'Éamonn Mhac Ghuidhir 19. Ceannuigheadh Earraí ó Éamonn Mhac Ghuidhir 2o. Do híocadh Pág na bhfear le hAirgead 22. Cheannuigh Feidhlim Ó Tuathail Earraí 23. Cuireadh seic chun Feidhlim Uí Thuathail Fuaradh na locáiste uaidh 24. Ceannuigheadh ó Fheidhlim Ó Thuathail Earraí 25. Ceannuigheadh Earraí ó Mhícheál Ó Mhathúna 26. Cuireadh seic chun Mhíchíl Uí Mhathúna 27. Cheannuigh Labhrás Ó Laoghaire Earraí uaidh 29. Cuireadh Airgead sa Bhangc 31. Ús ar Ghustal Stór Earraí ar Láimh Cuireadh gach seic isteach sa Bhangc an lá do fuaradh é.
Ansan Leabhar an Airgid. Ná dearmhad gan na fuighlaigh ins an Oifig agus insan Bhangc do chur síos ar dtúis. Leabhar an Airgid. Lch. Locáiste Oifig Bangc Ó'n bhfuighlach anuas Ó Chts. Dhiarmuda Mhic Chormaic. Ó Chts. Aindrias Uí Fhloinn Ó Chts. Aindrias Uí Fhloinn Ó Chts. Bhriain Uí Chonaill Ó Chts. Chathail Uí Chéin Ó Chts. na Reac Ó Chts. na nDrochfhiacha Ó Chts. na Airgid Ó'n bhFuighlach anuas
Leabhar an Airgid Lch. Locáiste Oifig Bangc Le Cts. na gCeannach Le Cts. Aindrias Uí Fhloinn (Iomchar) Le Cts. Págh na bhFear Le Cts. an Chíosa Le Cts. na Sraithe Le Cts. Éamuinn Mhic Guidhir Le Cts. na dTarrac Le Cts. Éamuinn Mhic Guidhir Le Cts. Págh na bhFear Le Cts. Fheidhlim Uí Thuathail Le Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna Le Cts. an Bhangc Le Fuighlach síos
An Leabhar Conganta ag Cormac Mac Airt Cts. Airgid 'san Oifig Cts. Airgid 'san Bhangc Cts. Stór Earraí Cts. Aindrias Uí Fhloinn Cts. Bhriain Uí Chonaill Cts. Chathal Uí Chéin Cts. Dhiarmuda Mhic Chormaic Cts. ó Chts. Éamuinn Mhic Guidhir Cts. ó Chts. Fheidhlim Uí Thuathail Cts. ó Chts. an Ghustail Cts. Aindrias Uí Fhloinn ó Chts. an Úis Cts. na nDrochfhiacha ó Chts. Dhiarmuda Mhic Chormaic Cts. an Úis ó Chts. an Gustail Anonn An Leabhar Conganta (Na Buillí Sguir) Anall Cts. na Tráchtála ó Chts. an Stóir Earraí ó Chts. na gCeannach ó Chts. Págh na bhFear Cts. na Reac Cts. an Stóir Earraí (ar láimh) ó Chts. na Tráchtála Cts. Sochair agus Dochair ó Chts. an Úis ó Chts. na nDrochfhiacha ó Chts. an Chíosa ó Chts. na Sreath ó Chts. na Locáistí ó Chts. na Tráchtála Cts. an Ghustail ó Chts. Sochair agus Dochair ó Chts. na dTarrac
Leabhar na Reac age Cormac Mac Airt Aindrias Ó Floinn Aindrias Ó Floinn Brian Ó Conaill Cathal Ó Céin Feidhlim Ó Tuathail Labhrás Ó Laoghaire Leabhar na gCeannach ag Cormac Mac Airt Cathal Ó Céin Eamonn Mac Guidhir Eamonn Mac Guidhir Feidhlim Ó Tuathail Micheál Ó Mathúna An Leabhar Mór age Cormac Mac Airt [Leathanach fé leith do gach cúntas mar 'dheadh. Siné cúis na nuimhreacha.] Cts. an Ghustail Ó Chts. S/D Ó Chts. na dTarrac Ó'n bhFuighlach síos Le Fuighlach anuas Le Cts. an Úis. I bFuighlach anuas
Cts. na dTarrac Ó Chts. an Bhaingc Le hAistriú i gCts. an Ghustail Cts. an Stóir Earraí Ó'n bhFuighlach Ó'n Stóir Le hAistriú i gCts. na Tráchtála Cts. na gCeannach Ó'n mBangc Ó Ioldaoine Le hAistriú i gCts. na Tráchtála Cts. na Reac Ó Aistriú i gCts. na Tráchtála Le Cts. Airgid Le hIoldaoine L/R
Cts. Aindrias Uí Fhloinn Ó'n bhFuighlach Ó Cts. an Úis Ó Chts. na Reac Ó Mhuirear Iomchair Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas. Le Cts. an Baingc Le Cts. an Bhaingc Le Fuighlach síos Cts. Bhriain Uí Chonaill Ó'n bhFuighlach Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas Le Cts. an Bhaingc Le Cts. na Locáistí Le Fuighlach síos Cts. Chathail Uí Chéin Ó'n bhFuighlach Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas Le Cts. na gCeannach Le Cts. an Bhaingc Le Cts. na Locáistí Le Fuighlach síos
Cts Fheidhlim Uí Thuathail Ó Chts. na Reac Ó Chts. an Bhaingc Ó Chts. na Locáistí Ó'n bhFuighlach síos Le Fuighlach Le Cts na gCeannach Le Fuighlach anuas Cts. Labhráis Uí Laoghaire Ó Chts. na Reac Ó'n bhFuighlach anuas Le bhFuighlach síos Cts. Éamuinn Mhic Ghuidhir Ó Chts. an Bhaingc Ó Chts. na Locáistí Ó Chts. an Bhaingc Ó'n bhFuighlach síos Le Fuighlach Le Cts. na gCeannach Le Cts. na gCeannach Le Fuighlach anuas
Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna Ó Chts. an Bhaingc Ó'n bhFuighlach síos Le Cts. na gCeannach Le Fuighlach anuas Cts. Dhiarmuda Mhic Chormaic Ó'n bhFuighlach Le Cts. an Bhaingc Le Cts. na nDrochfhiacha Cts. an Úis Ó Chts an Ghustail Le Cts. A. Uí Fhloinn Le hAistriú i gCts. S/D Cts. na nDrochfhiacha Ó Chts. Dh. Mhic Chormaic Le Cts. an Airgid Le hAistriú Cts. S/D
Cts. Págh na bhFear Ó Chts an Airgid Ó Chts an Airgid Le hAistriú i gCts. na Tráchtála Cts. an Chíosa Ó Chts. an Bhaingc Le hAistriú Cts. S/D Cts. na Sreath Ó Chts. an Airgid Le hAistriú Cts. S/D Cts. na Locáistí Ó Chts. Bh. Uí Chonaill Ó Chts. Ch. Uí Chéin Le Cts. E. Mhic Ghuidhir Le Cts. Fh. Uí Thuathail Le hAistriú Cts. S/D
Riaradh na bhFuighlach I Leabhraibh Chormaic Mhic Airt. Cts. an Airgid Cts. an Bhaingc Cts. an Ghustail Cts. na dTarrac Cts. an Stóir Earraí Cts. na gCeannach Cts. na Reac Cts. Aindrias Uí Fhloinn Cts. Bhriain Uí Chonaill Cts. Chathail Uí Chéin Cts. Fheidhlim Uí Thuathail Cts. Labhráis Uí Laoghaire Cts. Éamuinn Mhic Ghuidhir Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna Cts. an Úis Cts. na nDrochfhiacha Cts. Págh na bhFear Cts. an Chíosa Cts. na Sreath Cts. na Locáistí Cúntas na Tráchtála Ó Chts. an Stóir Ó Chts na gCeannach Ó Chts Págh na bhFear Le Cts. na Reac Le Stóir Deiridh Le Cailliúint S/D Cúntas Sochair agus Dochair Ó Chts. an Úis Ó Chts. na nDrochfhiacha Ó Chts. an Chíosa Ó Chts. na Sreath Ó Chts. na Locáistí Ó Cailliúint
Clár na bhFuighlach Fiacha ag Feidhlim Ó Tuathail Éamonn Mac Guidhir Mícheál Ó Mathúna Gustal Airgead san Oifig Airgead san Bhaingc Stóir Earraí ar láimh Fiacha ar Aindrias Ó Floinn Bhrian Ó Chonaill Chathal Ó Chéin Labhrás Ó Laoghaire
Cleachtadh. 1. Na bearta seo síos age Liam Ó hEachthigheirn do chur isteach i Leabhar na gCeannach, i Leabhar na Reac, i Leabhar an Airgid, agus asta san 'sa Leabhar Mhór, na cúntais go léir do chothromú, agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh: 1921. Márta 1. D'osgail Liam Ó hEachthigheirn siopa lóin le Gustal Cuir sé an tairgead san isteach sa Bhangc i leith a ghnótha. Fuair sé leabhrín de chaoga seic ansan agus leis sin do bhain sé as an mBhangc i gcóir an tsiopa. 2. Tugadh isteach mar stór earraí na neithe seo síos do cheannuigh sé ó Lucht an tSoláthair Mhóir- 2 chéad de dhonnsiúcra ar an céad. 3 chéad de bhánsiúcra ar an céad. céad de chaifé ar an púnt. 2 chéad de thé ar an púnt. céad de thé ar 3s. an púnt. ó Chumann na gCoilíní, Tta.- 3 chéad de rís ar an púnt. 2 chéad de thapióc ar an púnt. ó Mhuinntir Lughaidh, Eoin is a gCuid.- Ilneithe, go luach. 3. Sgríobh sé seiceanna le híoc as Fearaistí is Córacha. Cíos-leithbhliana darab críoch lughnasa, 31, 1921. Iolchaithteachais. Caithteachais Dlighe. 4. Díoladh ar airgead síos, Ilneithe. 5. D'osgail cúntas le hArdsgoil na mbuachaillí, agus do hórduigheadh. 2 chloich de bhánsiúchra ar an púnt. chloch de dhonnsiúcra ar an púnt. chloc de thé ar an púnt. Ilneithe. Bhain airgead as an mBhangc chun págh na bhfear noibre do dhíol.
Márta 7. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin ins an bhangc. 8. Cuireadh seic chun lucht an tSoláthair Mhóir ag glanadh an chúntais taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 9. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe. 10. Fuaradh seic ó Ardsgoil na mbuachaillí ag glanadh an chúntais taréis locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de. 11. Díoladh le bean Uí Ghuithín-ar cáirde, ½ chloch de rís ar an púnt. ½ chloch de thapióc ar an púint. 5 púint de thé ar an púnt. 2 phúnt de shiúcra ar an púnt. 12. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre d'íoc. Chuir gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 14. Tharraing as an mBhangc dó féin ar leithligh. 15. Cuireadh seic chun Cumann na bhFógraí do dhéanamh. 16. Díoladh ar cáirde le hÁrdsgoil na mbuachaillí - Ilneithe. 17. Cuireadh seic chun Cumann na gCoilíní ag glanadh an chúntais taréis 5 fé'n gcéad do bhaint de 'na locáiste. 18. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe. 19. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre d'íoc. 19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc. 21. Ceannuigheadh ó lucht an tSoláthair Mhóir-Earraí, 22. Sgríobh seic le biolchaithteachais d'íoc. 23. Díoladh ar cáirde le hÁrus na Seanóirí, Ilneithe, 26. Cuireadh seic ag glanadh leath an chúntais. 28. Fuaradh ó Árus na Seanóirí seic. 29. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe. 31. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 2. Na bearta seo síos age Tomás Ó Mangaire do chur isteach i Leabhar na Reac, i Leabhar na gCeannach agus i Leabhar an Airgid, agus asta san isteach 'sa Leabhar Mhór, na cúntais go léir do chothromú agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh:
1922. Beal. 1. D'osgail Tomás Ó Mangaire siopa chun Ilneithe dhíol agus do chuir a ghustal isteach 'sa Bhangc. Fuair sé leabhrín de chaoga seic agus ansan d'íoc sé le seiceannaibh as na neithibh seo: Cíos. Fearaistí agus Córacha. Atharuighthe agus Deisiúcháin. Iolchaithteachais. Coingibh sé sa tsiopa i gcóir an ghnótha. 2. Ceannuigheadh ar cáirde ó Mhuinntir Mharcaigh is a gCuid. Luach d'Ilneithibh. Lucht díoltha guail Lancaisír, tonna guail ar an tonna. Muinntir Mhainchín agus a gCuid- 6 chéad de shiúcra ar an céad. 3 chéad de thé ar an púnt. céad de chaifé ar an púnt. Ilneithe. 3. Díoladh ar cáirde na hearraí seo- Leis an Muileann Tuirisg, 10 dtonna de ghual ar an tonna. Le Bean Uí Uaithnín cloch de rís ar an púnt. 3 púint de thé ar an púnt. 2 chloich de shiúcra ar an púnt. 5 púint de bhriosgaíbh ar an púnt. 2 phúnt de shubh ar an púnt. Le lucht an Éadaigh do dhíol 2 thonna de ghual ar an tonna. Lón bídh. 4. Cuireadh seic chun Muinntir Mharcaigh. Locáiste. 6. Díoladh ar airgead síos go dtí sin, luach. Díoladh Págh an lucht oibre. Do bhain sé as an mBhangc 'na chóir féin ar leithligh. 8. Do híocadh Mionchaithteachais. 9. Fuaradh seic ó lucht an Éadaigh do dhíol, ag glanadh cúntas leigeadh locáiste leó 5 fé'n gcéad. 11. Cuireadh seic chun lucht díolta guail Lancaisír Locáiste. 12. Fuaradh seic ó'n Muileann Tuirisg Locáiste.
Beal. 13. Fáltas airgid go dtí sin. Do híocadh Págh an lucht oibre. 15. Cuireadh sa Bhangc gach fáltas airgid go dtí sin. 16. Díoladh ar cáirde le lucht an Éadaigh do dhíol, earraí, 17. Dhíol Bean Uí Uaithnín a cúntas lughaide locáiste 5 fé'n gcéad. 18. Díoladh ar cáirde le Bean Uí Uaithnín, lón bídh, Tonna Guail. 19. Bhain sé as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 20. Luach d'Earraíbh a díoladh go dtí sin. Do híocadh Págh an lucht oibre. 22. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 23. Cuireadh seic chun Muinntir Mharcaigh ag glanadh a gcúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 24. Do hórduigheadh ó Mhuinntir Mharcaigh luach d'earraíbh. 25. Díoladh dtonna de ghual leis an Muileann Tuirisg ar an tonna. 27. Do híocadh Págh an lucht oibre. 27. luach d'earraíbh a díoladh go dtí sin, ar airgead 29. Do bhain sé as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 30. Luach d'earraíbh a díoladh ar airgead síos go dtí sin. 31. Cuireadh 'sa Bhangc gach fáltas airgid go dtí sin. 3. Seo mar a bhí an sgéal age gnó Muinntir Bhriain is Chathail an chéad lá d'Eanair, 1923:- Do bhí 'sa Bhangc aca; san Oifig; luach dearraíbh ar stór aca: Luach de Throsgán is Fearaistíbh; Bhí aca ar Sheán Mhac Chuarta, agus age Séanius Ó Cuanáin ortha féin; de Ghustal age Brian agus de Ghustal age Cathal. Ní mór sin do thaisbeáint i leabhraibh na beirte agus na gnóthaí seo síos do chur isteach i Leabhar na Reac, i Leabhar na gCeannach, agus i Leabhar an Airgid a bhí aca, agus asta san isteach ins an Leabhar Mór, agus na cúntais ansúd do chothrumú agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh, mar a bhíodar an fichmhadh lá d'Eanair, 1923.
Ean. 2. Ceannuigheadh ó Mhaolmhuire Ó Chatháin:- 2,000 slat de bhicúna ar an tslat. 3,000 slat de shíric ar an tslat. agus ó Mhuinntir Ghuaire. 1000 slat de chanfás ar an tslat. Ilneithe. 3. Díoladh ar cáirde le Tomás Mac Artaigh:- slat de bicúna ar an tslat. 600 slat de shíric ar an tslat. 4. Cuireadh seic chun Séamuis Mhic Chuanáin ag glanadh a chúntais. Leigeadh locáiste fé'n gcéad leó. 5. Díoladh ar airgead síos Ilneithe. 6. Sgríobh seic le págh an lucht oibre d'íoc. Iolchaith- teachais. 6. Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Shéamus Ó Chuanáin. 8. Díoladh ar cáirde le Muinntir Néill is Niocaill- 700 slat de chanfás ar an tslat. 9. Díoladh ar airgead síos Ilneithe. 9. Fuaradh seic ó Sheán Mhac Chuarta, ag glanadh 50 fé'n gcéad dá chúntas. 10. Fuaradh seic ó Thomás Mhac Artaigh ag glanadh leath a chúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 11. Do híocadh le Maolmhuire Ó Catháin. 12. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 13. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre dh'íoc. Iolchostais. 15. Bhain Brian as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 15. Bhain Cathal as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh. 16. D'íoc Muinntir Néill is Niocaill a gcúntas taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de. 17. Díoladh ar airgead síos Ilneithe. 18. Ceannuigheadh rothar do'n teachtaire le seic. 18. Cuireadh seic chun Muinntir Ghuaire. 19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc. 20. Sgríobh seic le págh an lucht oibre dh'íoc Iolchaithteachais.
Ins gach cleachtadh dhíobh seo, ní foláir na bearta gnótha do chur ins na Leabhraibh seo; Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, Leabhar na Reac, Leabhair na nAiseag, an Leabhar Conganta, agus asta san isteach ins an Leabhar Mhór. Dein na fuighlaigh do riaradh, agus ansan dein amach an Cúntas Tráchtála, an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach. 1. An chéad lá de Nodlaig, 1918, seo mar a bhí an sgéal age Eóghan Ó Luasa:- Acfuinn:-Airgead ar láimh; Airgead 'sa Bhangc; Stór Earraí; Trosgán Oifige agus córacha. Fiacha aige ar Liam Ó Deabhaidh; ar Sheán Ó Chaisín. Fiachaisí: - Fiacha air ag Liam Ó Duibhir: ag Pól Ó Murchadha; Sidiad na bearta gnótha a bhí aige le linn na Nodlag:- (N.B.-Cuireadh gach seic 'sa Bangc an lá do fuaradh é.) Nlg. 1. Ceannuigheadh ó Liam Ó Duibhir, 17 dtonna de phrátaíbh ar an tonna. 2. Díoladh le Tighthe Osta an Iarthair, Tta., 12 thonna de phrátaíbh ar an tonna. 5. Fuaradh Allúntas ó Liam Ó Dhuibhir ar phrátaíbh millte. 6. Do chuir Liam Ó Deabhaidh seic chuige ag glanadh a chúntais, lughaide locáiste airgid 2½ fé'n gcéad. 7. Do híocadh le seic a hIasacht Sac. 8. Díoladh le Seán Ó Caisín, 11 chéad de phrátaíbh ar an céad. 11. Bhain sé as an mBangc 'na chóir féin. 12. Do híocadh a hIomchar le seic. 13. Díoladh le Liam Ó Deabhaidh, chéad de phrátaíbh ar an céad. 15. Fuaradh ó Sheán Ó Chaisín, seic locáiste leigeadh leis. 17. Cuireadh chun Liam Uí Dhuibhir, seic; locáiste. 18. Do híocadh le hAirgead Oifige a Trucailleacht is lucht Iomchair. 20. Ceannuigheadh ó Phól Ó Mhurchadha, 19 dtonna de phrátaíbh ar an tonna.
Nlg. 22. Díoladh le Liam Ó Deabhaidh 15 thonna phrátaíbh ar an tonna. 27. Cuireadh chun Póil Uí Mhurchadha seic, locáiste. 31. Reaca ar airgead síos le linn an mhí. 31. Mionchaithteachais i rith an mhí, do híocadh le hAirgead Oifige. 31. Págh an Lucht Oibre i rith an mhí do híocadh le hAirgead Oifige. 31. An t-Airgead a cuireadh isteach 'sa Bangc i rith an mhí. Luach na bprátaí ar Stór i ndeire an mhí. 2. An chéad lá d'Iúl, 1912, thosnuigh Seán Mac Seóin ar ghnó dhéanamh mar cheannuidhe plúir. Do chuir sé 'sa Bhangc, agus do choingibh sé san oifig i gcóir mionchaithteachas. Do cuireadh gach airgead 'sa Bangc fé mar a fuaradh é. Iúl. 1. D'íoc sé le seic a Córachaibh is Fearaistíbh. 2. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bhotha is Darsaigh, 200 mála phlúr ar an mála. 3. Do híocadh a hIomchar an phlúir a mionairgead 4. Díoladh le M. Mac Simeóin, 3 mhála phlúr ar an mála. 5. Ceannuigheadh Capall is Trucaill ar do híocadh le seic. 5. Díoladh le Séamus Ó Luasa, 19 mála de phlúr ar an mála, agus fuaradh seic uaidh ar chúig giní. 6. Do híocadh a Tonna ghual le hairgead. 8. Díoladh le M. Mac Simeóin 8 mála phlúr ar. an mála 9. Díoladh le Liam Mac Muireadhaigh, 20 mála phlúr, ar an mála. 10. Ceannuigheadh ó mhuinntir de Bhál, Béal Feirsde, mála phlúr, ar an mála. 11. Fuaradh seic ó Shéamus ó Luasa. 12. Do híocadh a hIomchar an phlúir as an mionairgead, 13. Do híocadh le muinntir Bhotha is Darsaigh (seic). 15. Díoladh le Liam Mac Muireadhaigh, 18 mála phlúr ar an mála.
Iúl. 20. Fuaradh seic ó Mh. Mhac Shimeóin. 25. Do híocadh seic le Muinntir de Bhál. 26. Do baineadh as an mBangc i gcóir na hÓifige. 27. Do híocadh a hIomchar plúir le hairgead ó'n Óifig, 29. Díoladh le M. Mac Simeóin, 25 mhála phlúr ar an mála. 29. Díoladh le Séamus Ó Luasa, 20 mála phlúr ar. an mála. 31. Fuaradh ó Liam Ó Mhuireadhaigh, seic. 31. Mionchaithteachais i rith an mhí. Luach an phlúir ar stór i ndeire an mhí. 3. An chéad lá de Mheitheamh, 1908, do bhí na fuighlaigh seo i leabhraibh Sheáin Uí Néill: Airgead ar láimh; Airgead 'sa Bhangc; Stór Earraí; Meaisíní; Trosgán is Feairistí; Fiacha ar Risteárd Mhac Dhomhnaill. Phádruig Ó Dhuilleáin; Fiacha ag Stióphán Mac Énna; Réamonn Breathnach; Gustal. Meith. 1. Ceannuigheadh ó Stiophán Mhac Énna, 8 dtonna d'Iarann ar an tonna. 2. Do híocadh seic le Mac Énna, locáiste, 4. Díoladh le Muiris Ó Catháin, 3 rollaí de Chrédhumha ar an rolla. 6. Díoladh le Pádruig Ó Duilleáin 10 dtonna de ráilíbh ar an tonna. 9. Fuaradh seic ó Risteárd Mhac Dhomhnaill, locáiste. 10. Ceannuigheadh ó Stiophán Mhac Énna 150 tonna de sheaniarann ar an tonna. 11. Díoladh ar airgead síos 70 tonna de bhróintibh ar an tonna. 11. Cuireadh isteach 'sa Bhangc. 12. Do híocadh le seic cúntas príobháideach. 14. Fuaradh ó Phádruig Ó Duilleáin, airgead locáiste. Leigeadh leis mar gheall ar earraíbh gan mhaith. 15. Ceannuigheadh ó Réamonn Bhreathnach, 80 tonna de thinnlbh, an tonna,
Meith. 16. Do híocadh le hairgead a hIomchar an iarainn sin 19. Cuireadh isteach 'sa Bhangc, 19. Do híocadh seic le Réamonn Breathnach, locáiste. 21. Díoladh le Risteárd Mac Domhnaill, 70 tonna de Ráillíbh an tonna. 24. Do híocadh Cíos an Chlóis le seic. 26. Fuaradh seic ó Phádruig Ó Dhuilleáin locáiste 26. Agus cuireadh isteach 'sa Bhangc é. 28. Bhain as an mBhangc i gcóir na hÓifige. 28. Do híocadh Págh na bhfear noibre le hairgead oifige. 28. Caithteachais ghnótha. 28. Iomchar an Iarainn. 28. Bhain Seán Ó Néill as an mBangc 'na chóir féin. 30. Stór ar láimh. 4. Do bhí Tigh Ósta age Seán Ó Broin agus seo mar a bhí aige an chéad lá d'Eanair 'sa bhliain 1893: Luach bíthdhílse an Tighe Ósta; Airgead 'sa Bhangc. Airgead 'sa tigh aige; Trosgán is Feairistí; Fíonta, biotáille, leann, agus rl; Tobac; Feóil, éanlaith, agus rl.; Lón bídh; Stórais eile ar láimh; Fiacha aige ar oidhthibh. Do bhí d'fiachaibh air age Seán Ó Conaill; Conn Ó Gríobhtha; Liam Ó Muircheartaigh; Séamus Ó Súilleabháin; Daoine eile. Ean. 1. Fuaradh airgead ó aoidhthibh 1. Cuireadh isteach 'sa Bhangc 2. Do híocadh seic le Liam Ó Muirche- artaigh 4. Ceannuigheadh ó Dhonchadh Mhac Chárthaigh brathtacha úrláir 5. Do híocadh seic le Séamus Ó Súille- abháin 5. Do fuaradh ó Sheán Smiot a ceapadh anuiridh ba dhrochfhiacha
Ean. 6. Do híocadh seic le Seán Ó Conaill Fuaradh 'na locáiste uaidh 6. Ceannuigheadh iolstórais ó Mhuiris Ó Dhálaigh Do híocadh airgead síos leis, agus do fuaradh locáiste uaidh 7 Do híocadh seic le Conn Ó Gríobhtha 8. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seomra na mBilliard 9. Do cuireadh isteach 'sa Bhangc 11. Do híocadh Sraithe le seic 11. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin 13. Fuaradh táille na gCaráistí dos na haoidhthibh Ó Thomás Ó Shéadhgha 13. Do híocadh seic le Donchadh Mac Cárthaigh 14. Tugadh airgead ar sheic d'aoidhe agus ansan do cuireadh an tseic isteach 'sa Bangc 15. Ceannuigheadh Trosgán ó Liam Ó Dhuinn 15. Fuaradh allúntas ó Liam Ó Dhuinn ar sheantrosgán 15. Do híocadh airgead ar Ilneithibh 16. Do híocadh airgead a Nígheachán i gcóir aoidhthe 16. Ceannuigheadh ó Sheán Ó Chonaill, fíon fé bhanna 16. Do híocadh as an gcáin ar an bhFíon, le hairgead 16. Do ceannuigheadh tobac ó Chonn Ó Ghríobhtha Locáiste gnótha 2½ fé'n gcéad 18. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra na mBilliard 19. Do híocadh as an nGeas le hairgead 19. Do híocadh seic le Liam Ó Duinn 20. Do híocadh seic le Conn Ó Gríobhtha 20. Ceannuigheadh ó Liam Ó Mhuircheartaigh, éanlaith, agus rl. 22. Ceannuigheadh ó Shéamus Ó Súilleabháin, lón bídh 22. Do híocadh a nIlneithe le hairgead 23. Fuaradh táille na gCaráistí dos na haoidhthibh ó Thomás Ó Shéadhgha
Ean. 23. Tugadh seic dó 25. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin Fuaradh 'na locáiste uaidh 25. Do híocadh seic le Liam Ó Muircheartaigh Fuaradh 'na locáiste uaidh 26. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra na mBilliard 28. Ceannuigheadh ar airgead síos Ilneithe 29. Ceannuigheadh leann ó Sheán Ó Chonaill Tugadh seic dó Fuaradh 'na locáiste uaidh 30. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra na mBilliard Airgead do fuaradh i rith an mhí ós na haoidhthibh agus do cuiread isteach 'sa Bhangc Ús ar Ghustal Págh agus Tuarasdal ag glaodhach Dímheas ar Trosgán Fiacha ar Aoidhthibh Stór ar láimh: Fíonta, biotáille, leann, agus rl., Tobac, Feóil, Éanlaith, agus rl. Lón bídh Iolstórais 90. Samhlaíd ar conus Cúntas na Tráchtála, an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó Riaradh na bhFuighlach. Ó'n eólas so síos do fuaradh i leabhraibh É. agus S. Mhic Liam (a bhí le-ath i bpáirt), déan amach Riaradh na bhFuighlach agus Cúntas na Tráchtála agus an Cúntas Sochair agus Dochair. Sgríobh Clár na bhFuighlach, mar a bhí an t-aonmhadh lá déag ar ghichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain, 1922. Ní foláir a thaisbeáint ins an Chúntas Tráchtála toradh na tráchtála ins gach roinn de'n ghnó. Ní mór na caithteachais go léir, a bhain leis an dtiúsgal, do roinnt ar gach Roinn do
réir iomláine na Reac i dtreó gur féidir an Sochar glan ins gach Roinn do dhéanamh amach agus do thaisbeáint ins an Chúntas Sochair agus Dochair:- Córacha is Feairistí, Tighthe, Stór Earraí mar a bhí 1/1/'22. Roinn A. B. Ceannaigh A. B. Reaca ar cáirde A. B. Reaca ar airgead síos A. B. Aisig isteach A. B. Aisig amach A. B. Caithteachais choitcheanna:- Tuarasdail agus Págh Sraithe agus Cáin Íocaíocht ar Urús Coimisiún a híocadh le Timthiríbh Fógruíocht Locáiste a leigeadh Locáiste a fuaradh Ús agus Muirear Baingc Ilchaithteachais Fiacha aca Fiacha ortha Airgead 'san Bhangc Airgead 'san Oifig Cúntais na nGustal:- E. Mac Liam S. Mac Liam Cúntais na dTarrac:- E. Mac Liam S. Mac Liam Stór Earraí 31/12/'22, Roinn A. B.
Ní foláir cur i gcóir na neithe seo síos:- (a) Drochfhiacha d'áireamh. (b) Bunchúil i naghaidh Drochfhiacha ar ráta 2½ fé'n gcéad des na Fiacaibh aca. (c) Do híocadh a sraithibh is Cáin go dtí 31/3/'23. (d) Do híocadh as an Urús go dtí 30/4/'23. (e) Ús ar Ghustal d'áireamh ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. (f) Dímheas ar Thighthibh ar ráta 2½ fé'n gcéad. (g) Dímheas ar Chorácha is feairistí ar ráta 7½ fé'n gcéad. Riaradh na bFuighlach i leabhraibh E. agus S. Mhic Liam I gcóir na bliana darab deire 31 xii., 1922. Córacha is Fearaistí Tighthe Stór earraí 1/1/'22, Roinn. A. Stór Earral 1/1/'22. B. Ceannaigh A. Ceannaigh B. Reaca ar cáirde A. Reaca ar cáirde B. Reaca ar airgead síos A. Reaca ar airgead síos B. Aisig isteach A. Aisig isteach B. Aisig amach A. Aisig amach B. Tuarastail agus Págh Sraithe agus cáin íocaíocht ar Urús Coimisiúin a hÍocadh le Timthiríbh Fogruíocht locáiste a leigeadh Locáiste a fuaradh Ús agus Muirear Baingc ilchaithteachais Fiacha aca Fiacha ortha Airgead san bhangc Airgead san Oifig Gustal E. Mhic Liam Gustal S. Mhic Liam Tarraca E. Mhic Liam Tarraca S. Mhic Liam
Cúntas na Tráchtála Roinn A. Roinn B. Ó Chts. na Stóir. Ó Chts. na gCeannach Lughaide Aisig Ó Chts. Sochair Le Cts. na Reac Lughaide Aisig Le Stór deiridh
Cúntas Sochair agus Dochair Roinn A Roinn B Ó Chts. Tuarastail is Págh Ó Chts. Sraithe is Cánach Lughaide Roimhíoc Ó Chts. Urúis Lughaide Roimhíoc Ó Chts. Coimisiúin Timthiribh Ó Chts. Foghruíochta Ó Chts. Locáiste Ó Chts. Úis is Muirear Baingc Ó Chts. Ilchaithteachas Ó Chts. na ndrochfhiacha móide Bunchúil Ó Chts. Úis ar Ghustal Ó Chts. Dímheas ar Thighthibh Ó Chts. Dímheas ar Chóir is Feairistí Ó'n Sochair nglan Roinn A Roinn B Le Sochar Le Cts. Locáiste
Clár na bhFuighlach i Leabhraibh E. agus S. Mhic Liam, 31/12/'22. Fiachaisí Fiacha ortha Gustal E. Mhic Liam Móide Ús ar Ghustal Móide ½ Sochar Lughaidhe Tarrac Gustal S. Mhic Liam Móide Ús ar Ghustal Móide ½ Sochar Lughaidhe Tarrac Acfuinn Airgead san Oifig Airgead san Bhangc Stór Earraí Roinn A Stór Earraí Roinn B Córacha is Feairistí Lughaide Dímheas 7½% Tighthe Lughaide Dímheas 2½% Fiacha aca Lughaide Drochfhiacha Lughaide Bunchúil 2½% Roimhíoc Sreath is Cánach Roimhíoc Urúis
Cleachtadh. 1. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár Fuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh cúntais Mhuinntir Dhubháin is a gCuideachtan an t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 1914:- Stór Earraí ar Láimh 31/12/1913 Ceannaigh Costasaí Tráchtála Reaca ar cáirde Reaca ar airgead síos Págh Tuarasdail Cíos, Sraithe, cáin, agus Urús iomchar Earraí Billí le híoc iasacht ó'n mBangc Cts. an Ghustail Trosgán. Fearaistí. agus córacha Tighthe Fiacha aca Fiacha ortha Stór na nEarraí ar láimh i ndeire na bliana. 2. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus clár Fuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir mar a taisbeánadh leis na Fuighlachaibh i leabhraibh Cúntais Hannraoi de Faoite 31/12/1914:- Reaca ar Cáirde Ceannaigh Ilchaithteachais Ghnótha Reaca ar airgead síos Stór Earraí ar láimh 31/12/1913 Págh Tuarasdal Tighthe Fiacha aige
Billí le híoc Fiacha air Billí le fághail Trosgan, fearaistí agus Córacha Oibre Cts. an Ghustail Airgead 'sa Bhangc Luach na nEarraí ar Stór aige i ndeire na bliana. 3. Cúntas Tráchtála agus Cúntas Sochair agus Dochair do dhéanamh amach ós na fuighlachaibh seo síos i leabhraibh Sheáin Uí Choilleáin i gcóir na leithbhliana darab deire an deichmhadh lá ficheadh de Mheitheamh, 1919:- Reaca ar cáirde Locáistí a leigeadh uaidh Locáistí a leigeadh leis Reaca ar airgead síos Caithteachais choitcheanna Págh na bhFear noibre Ceannaigh Tuarasdail Iomchar earraí isteach Cíos, Sraithe agus Cáin Ús a díoladh leis an mBangc Drochfhiacha Deisiúcháin Stór na nEarraí 30/6/1919 4. Ós na fuighlachaibh seo síos i leabhraibh Thaidhg Mhic Taidhg, Riaradh na bhfuighlach do dhéanamh, agus an Cúntas Tráchtála is an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do thaisbeáint, 31/12/1917:- Stór Earraí 1/1/1917 Gustal Aisig isteach Aisig amach Reaca Ceannaigh Locáistí a leigeadh leis Ceannaigh ar airgead síos
Págh an lucht oibre Deisiúcháin Iolchaithteachais Cíos agus Sraithe Fiacha aige Fiacha air Drochfhiacha Airgead ar láimh Airgead 'sa Bhangc Stór Earraí. 31/12/'17 Tá d'fhiachaibh cíosa leithbhliana air. Díoladh de'n úd thuas ar Shreathaibh roimhré. 5. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas so síos, do réir mar a thaisbeánadh le Riaradh an bhFuighlach i leabhraibh Pheadar Uí Néill, 31/12/1914. Gustal Pheadar Uí Néill Stór Earraí 1/1/'14 Ceannaigh Reaca Aisig isteach is amach Cíos agus Sreatha Urudhas Locáistí Drochfhiacha Págh an Lucht Oibre Tuarasdail Ús do'n Bhangc Fiacha air Fiacha aige Airgead ar láimh Tarrac Iasacht ó'n mBangc. Stór Earraí, 31/12/'14 Le cur ar leathtaobh i gcoinnibh Drochfhiacha, 2½% des na fiachaibh aige.
6. Ó'n eólas so síos a baineadh a leabhraibh Chonchubhair Uí Cheannuidhe, dein amach Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leithbliana darab deire 31/12/'14. Stór Earraí Gustal Ceannaigh Reaca Págh an lucht oibre Tuarasdail Oifige Cíos agus Cáin Iolchaithteachais Ionichar Earraí isteach Locáistí Córacha is Fearaistí Meaisíní Fiacha air Fiacha aige Iasacht ó'n mBangc Ús ar iasacht ó'n mBangc Stór na nEarraí 31/12/'14. Bain 5 fé'n gcéad de luach na gCórach is na bhFeairistí mar dhímheas. Bain 10 fé'n gcéad de luach na Meaisíní is na bhFeairistí mar dhímheas. Cuir ar leathtaoibh i gcóir Drochfhiacha. 7. Ó'n eólas so síos, mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Thomáis Mhic Phúint, dein amach Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leithbhliana darab deire an deichmhadh lá fichead de Mheitheamh, 'sa bliain 1916: Gustal, 1/1/'16 Ceannaigh Reaca-ar cáirde Reaca-ar airgead síos Stór Earraí 1/1/'16 Foirgnimh Meaisíní Deisiúcháin
Trosgán Óifige Págh an lucht oibre Tuarasdail Fiacha air Locáistí Fiacha aige Sraithe agus Cáin Iolchaithteachais Stór Earraí an deichmhadh lá fichead de Mheitheamh, 1916, Bain mar dhímheas de Mheaisíníbh 10 fé'n gcéad dá luach, agus 2½ fé'n gcéad de luach na bhFoirgneamh mar dhímheas. Abair ciaca saidhbhir acfuinneach nó briste atá Tomás Mac Púint. 8. Sidé Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Dháith Uí Ghaimbín an deichmhadh lá ar fhichid de Mheitheamh, 1924: Stór Earraí, 1/1/'14 Ceannaigh Billí le fághail Reaca Billí le híoc Fiacha air Aisig amach Gustal Fiacha aige Aisig isteach Págh an lucht oibre Iomchar Earraí Tuarasdail Sraithe agus Cáin Eleictreachas Caithteachais Taistil Urudhas Ús do'n Bhangc Locáistí Airgead ar láimh Airgead 'sa Bhangc Meaisíní Foirgnimh
Ús ar Mhorgáiste Tarrac Morgáiste Stór Earraí, 30/6/'14, Bain mar dhímheas de Mheaisíní 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana dá luach, agus des na Foirgnimh 2½ fé'n gcéad dá luach (i naghaidh na bliana). Díoladh Sraithe agus Cáin, agus Urús i gcóir tréimhse ná raibh caithte i ndeire na bliana. Dein amach an Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhfuighlach. 9. Sidiad síos na fuighlaigh a bhí i leabhraibh Seáin Uí Cholmáin an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain 1914, i gcionn bliana trádála:- Billí le fághail Reaca Airgead 'sa Bhangc Airgead ar láimh Fiacha aige Ús Coimisiún Ceannaigh Stór Earraí 1/1/'14 Págh an lucht oibre Cíos, Cáin, agus Urús Caithteachais bhuana Caithteachais Dlighe Billí le híoc Drochfhiacha Airgead ar Taisge Gustal, 1/1/'14 Seán Ó Colmáin-Tarrac Iolchostais Locáistí Stór Earraí, 31/12/'14. Airimh Ús ar Taisge ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Sgríobh Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair agus Clár na bhFuighlach,
CEISTEANNA. 1. Do thárla na bearta so i ngnó Mhuinntir Mhurchadha le linn na bliana, 1923:-(a) Díoladh Earraí ar cáirde le Cathal Ó Céin; (b) Leigeadh ina locáiste le Tadhg Ó Duinnín; (c) Fuaradh seic ó Mháirtín Bhreathnach; (d) Cuireadh seic Mháirtín Bhreathnach 'sa Bhangc; (e) Do híocadh airgead le Liam Brún; (f) Tógadh as an mBangc i gcóir an ghnótha; (g) Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Mhuinntir Laoghaire; (h) Leigeadh 'na ocáiste leó ó Mhuinntir Aodha; (i) Do híocadh ar Chlódóireacht; (l) Mionchostas; (m) Cuireadh Earraí thar nais chun Muinntir Dhuibhir; (n) Cuireadh 'sa Bhangc; (o) Tugadh seic do Sheán Ó Cheallaigh. Abair cad iad na leabhair 'na mbeadh cúntas ar gach beart díobh san. 2. Díolann lucht plúir a dhéanamh a hiomchar na cruithneachta chucha anall, ciaca i gCúntas na Tráchtála nó i gCúntas Sochair agus Dochair a chuirfeá an mhuirear san? Cad 'na thaobh? 3. Cad í an difríocht atá idir Chúntas Tráchtála agus Cúntas Sochair agus Dochair? 4. Ciaca taobh de Chlár na bhFuighlach na mbeadh na neithe seo síos:-(a) Fiacha ag an lucht gnótha; (b) Fiacha ar an lucht gnótha; (c) Feairistí agus Meaisíní; (d) Stór na nEarraí; (e) Iasacht ó'n mBangc. 5. Cad í an difríocht atá idir Riaradh na bhFuighlach agus Clár na bhFuighlach? 6. Má bhíonn suim an dá shaghas Fuighlach i Riaradh na bhFuighlach ar cothrom, cad iad na dearmhaid is féidir fós do bheith ann? 7. Ciaca des na fuighlachaibh ins na cúntasaíbh seo síos a bheadh i gCúntas na Tráchtála agus ciaca aca. bheadh i gCúntas Sochair agus Dochair, agus i gClár na bhFuighlach: (a) Locáistí a leigfí le lucht an ghnótha Féin; (b) Fiacha ag an lucht gnótha ar dhaoinibh eile; (c) Stór na nEarraí ar láimh; (d) Págh an lucht oibre; (e) Tuarasdail na hOifige? Cad 'na thaobh? 8. Cad chuige Cúntas Earraí agus conus a deintear é chothromú? 9. An bhfuil aon difríocht idir Cúntas Earraí agus Cúntas Tráchtála?
10. Mínigh go cruinn baileach: Fuighlach fáltais; Fuighlach díoluíachta; Dímheas; Drochfhiacha; Ús ar fhiachaibh. 11. Conus d'aithneófá ar chúntas pearsan 'sa Leabhar Mhór ciaca bheadh fiacha ag lucht an ghnótha air nó aige sin ar lucht an ghnótha? 12. Cad deintear chun ceart na leabhar gcúntais do ghromhadh? An fromhadh críochnuighthe é? Cad 'na thaobh san? 13. Ciaca cúntas nar fáltas na Drochfhiacha agus ciaca cúntas nar díoluíacht iad. 14. Cad chuige Cúntas na dTarrac, agus ciaca cÚntas na naistrighthear é nuair a deintear na cúntais go léir do chothroinú? 15. Ciaca leabhair 'na gcurtar na bearta so síos ionnta: (a) Reaca ar cáirde; (b) Reaca ar airgead síos; (c) Earraí do cuireadh thar nais? 16. Abair i dtaobh gach birt ghnótha dhíobh so síos ciaca leabhar 'na gcuirfí prímhinnsint air, agus cad 'na thaobh. (a) Tosnuigheadh tiúsgal le agus cuireadh é go léir 'sa Bhangc; (b) Ceannuigheadh ó Mhuinntir Éilighe Trosgán Oifige ar le seic; (c) Baineadh as an mBangc i gcóir costas an ghnótha; (d) Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Mhuinntir Dhonnchadha; (e) Cuir. eadh thar nais luach d'earraíbh chun Taidhg Uí Bhrosnáin; (f) D'imthigh Seán Ó Gríobhtha gan bith a thuairisge agus agam-sa air; (g) Do dóigheadh mo ghluaisteán orm indiu, luach. D'éiligheas a luach go léir ar Chumann an Urrúis agus ní bhfuaireas ach; (h) Fuaireas 25 fé'n gcéad d'fhiachaibh Chormaic Uí Chathail agam air. 17. Ciaca cúntais 'sa Leabhar Mhór is dhóigh leat go gcuirfí innsint ar na beartaibh seo a leabhraibh na prímhinnsinte: (a) Do híocadh págh na seachtmhaine leis an lucht oibre; (b) Ceannuigheadh Meaisín Clódóireachta le seic; (c) Fuaradh seic ó Chonn Ó Chaoimh agus leigeadh leis 'na locáiste; (d) Do diultuigheadh do'n tseic a fuaradh ó Thomás Ó Domhnaill. 18. Conus a dhéanfá Leabhar na gCeannach do chur isteach 'sa Leabhar Mhór?
Páirtíocht. 91. Is gnáth, nuair a bhíonn an tiúsgal nó an gnó ana mhór, chomh mór san go dtéigheann sé thar cumas an duine aonair féin é stiúradh ná é thabhairt i gcrích, go dtéigheann daoine i bpáirtíocht le chéile 'sa tiúsgal nó 'sa ghnó d'fhonn sochair a bhaint as, ach gan níos mó ná fiche duine 'sa pháirtíocht, agus gan thar deichneabhar do bheith 'sa pháirtíocht má's gnó Baingc a ghabhaid idir lámhaibh. Páirtnéir a tugtar ar gach duine go mbíonn ceangal na páirtíochta air. Bíonn connradh idir na páirtnéiríbh, mar seo:- (a) Gach duine aca do chur oirid áirithe gustail 'sa ghnó. (b) Roinnt áirithe de'n Sochar nó de'n Dochar, pé'ca aca san é, do bheith ag gach páirtnéir fá seach. (c) Ráta áirithe úis do bheith ag gach páirtnéir de bhárr an ghustail aige ins an Pháirtíocht. (d) Ráta áirithe úis do bheith ar gach páirtnéir d'íoc as a mbaineann sé (as a tharrac) i rith na bliana. (e) An tuarasdal a bheidh ag dul do ghach éinne fé seach, nó d'éinne fé leith des na páirtnéiríbh, de bhárr na hoibre fé leith a dheineann sé ar son na páirtíochta. (f) Faid na páirtíochta. (g) Na cúiseanna a sgaoilfidh an pháirtíocht; agus (h) An nós 'na roinnfear Acfuinn na páirtíochta ar na sgaoileadh. Gustal na bPáirtnéirí. 92. Toisg go mbíonn roinnt áirithe ghustail ag gach páirt- néir fé leith ins an pháirtíocht, ní foláir cúntas gustail do dhéanamh amach i gcóir gach páirtnéara fé leith, agus cúntas fé leith i gcóir na dTarrac a bhaineann gach páirtnéir fé leith as an ngnó. Bíonn gach cúntas eile ag baint leis an bPáirtíocht ar aon dul díreach leis na cúntasaíbh i ngnó an duine aonair, ach amháin, is gnáth a thaisbeáint ins an Chúntas Sochair agus Dochair conus a deineadh an sochar nó an dochar do roinnt ar na páirtnéiríbh fé seach, do réir connartha na páirtíochta.
93. Tá A, B, agus C, i bpáirtíocht. Tá gustal ag A, ag B, agus ag C. Seo mar a roinntear an Sochar; a leath ag A, a thrian ag B, agus a shémhad cuid ag C, taréis Úis ar Ghustal fé'n gcéad i naghaidh na bliana, agus tuarasdail 'sa bhliain a thabhairt do gach páirtnéir. Do bhí de shochar aca le roinnt ortha mar sin. Taisbeáin an roinnt, agus dein amach cúntais a nGustail, taréis cúntais do dhéanamh air gur bhain gach duine aca as an ngnó 'na chóir féin i rith na bliana. Cúntas Sochair agus Dochair Ó Thuarasdal Ó Ús ar Gustal Ó Sochar glan: Le Sochar Nó mar seo: Cúntas as Sochair agus Dochair Ó Thuarasdail Ó Ús ar Ghustal Ó' Sochar glan síos Ó Ghustal A. Ó Ghustal B. Ó Ghustal C. Le Sochar Le Sochar glan anuas
Cúntas Gustail A. Ó Tharrac Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Tuarasdal Le hÚs ar Gustal Le Sochar (½) Cúntas Gustail B. Ó Tarrac Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Tuarasdal Le hÚs ar Ghustal Le Sochair (1/3) Cúntas Gustail C. Ó Tarrac Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Tuarasdal Le hÚs ar Ghustal Le Sochair (1/6) Cleachtadh (Cúntas an Ghustail). 1. An dá cúntas Ghustail age Seán Ó Ceallaigh is ag Diarmuid Ó Seaghdha do sgríobhadh, mar a bheidís, 31/12/'15, as an eólas so síos: Sochar na Páirtíochta i gcóir na bliana 1915, Ús ar Ghustal, 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana; Us ar Mhorgáiste, 4 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Seán Ó Ceallaigh-Gustal 1/1/'15 Diarmuid Ó Séaghdha-Gustal 1/1/'15 Morgáiste 1/1/'15 An sochar do roinnt do réir an Ghustail a bhí ag gach duine é seach. 2. Bhí Seán Ó Míodhcháin is Tomás Ó Súilleabháin i bpáir- tíocht, agus i dtosach na bliana 1920 do bhí Gustail
'sa ghnó ó Sheán Ó Mhíodhcháin agus ó Thomás Ó Shúilleabháin. Do bhí Sochar aca i ndeire na bliana céadna. As an sochar san, níor mhór Ús ar an dá shuim Ghustail ar 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana do bhaint, agus ansan an fuighlach do roinnt ar na páirtnéiríbh: a thrian ar Sheán Ó Mhíodhcháin agus a dhá dtrian ar Tomás Ó Súilleabháin. Taisbeáin an dá chúntas Ghustail mar a bheidís 'sa Leabhar Mhór. 3. 31/12/'21 do bhí an Gustal so i ngnó Mhuinntir Dhuinn: Séamus Ó Duinn; Liam Ó Duinn; Brian Ó Duinn. Curtar Ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana le gustal na bpáirtnéirí. Do bhí Sochar ag an ngnó 'sa bhliain 1922. Meitheamh 30, 1922, do tharraing Séamus 'na chóir féin. Meitheamh 30, 1922, do tharraing Liam 'na chóir féin. Meitheamh 30, 1922, do tharraing Brian 'na chóir féin. Curtar Ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana le gach tarrac. Roinntear an Sochar mar seo; a shémhadh cuid ar Shéamus, a thrian ar Liam, agus a leath ar Bhrian. Taisbeáin Cúntas Gustail gach duine de'n triúr mar a bheadh sé taréis innsint ar na neithibh sin go léir do chur istcach ionnta. 4. Bhí Art, Conn agus Donnchadh i bpáirtíocht agus na Gustail seo aca fé seach: agus connradh eatortha an sochar do roinnt do réir an ghustail a bhí ag gach duine aca. 'Sa bhliain 1921, do bhí an sochar so as an ngnó, Agus do tharraing Art Conn Donnchadh Taisbeáin cúntais Ghustail an trír i ndeire na bliana sin. 5. Tá Conn, Tadg, agus Diarmuid. i bpáirtíocht ag roinnt Sochair agus Dochair mar seo: Conn a shémhadh cuid; Tadhg, a thrian, agus Diarmuid a leath. Sidiad na Gustail a bhí aca a dtriúr, fé seach, 1/1/'21: Conn; Tadhg; Diarmuid. Ús ar Ghustal ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Do bhí fuighlach fáltais i gCts. Sochair agus Dochair i gcóir na leithbhliana roimh an Ús ar Ghustal do chur 'na mhuirear ar an ngnó. Agus le linn na tréimhse do tharraing gach duine aca, fé seach, 'na chóir féin:. Taisbeáin cúntais an Ghústail aca mar a bheidís 'na leabh- raibh, 30/6/'21.
6. Stiofán, Murt agus Colm a bhí i bpáirtíocht mar mhuil- neóirí agus na Gustail seo aca fá seach: Do réir Connartha na páirtíochta gheobhadh gach páirt- néir 5 fé'n gcéad mar ús ar a Ghustal agus Tuarasdal 'sa bhliain. Níor tharraing éinne aca as an ngnó i rith na bliana ach a thuarasdal. Roimh ús ar ghustal ná tuarasdal páirtnéirí do chur i gcúntas, do bhí sochar i gcóir na bliana aca. Do roinneadh sochar an ghnótha mar seo: 3/6 age Stiophán, 2/6 age Murt, agus 1/6 age Colm. Dein an Cúntas Sochair agus Dochair, agus sgríobh Cúntais ghustail an Trír. 7. Do bhí agus Ghustal age Peadar is ag Pól i ngnó páirte, agus iad ag roinnt Sochair is Dochair do réir a ngustail. Do bhí mar Shochar. Do bhí, ag dul do Phól mar bhainisteóir ar an ngnó, agus 5 fé n gcéad mar ús ar Ghustal. Do tharraing Peadar agus Pól as an ngnó i rith na bliana. Dein amach an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Cúntais Ghustail na beirte. 8. Pádruig, Fionán, agus Domhnall a tá i bpáirtíocht agus an chéad lá d'Eanair 1909, do bhí na gustail seo aca fá seach, Gheibheann Pádruig tuarasdal agus Domhnall tuarasdal 'sa bhliain roimh Sochar an ghnótha do roinnt. Geibhtear 5 fé'n gcéad mar ús ar Ghustal ach ní iarrtar ús ar Tharrac. De'n sochar ghlan le roinnt, gheibheann Pádruig 40% de'n chéad, 35 fé'n gcéad age Fionán, agus 25 fé'n gcéad de age Domhnall. Os,a chionn sini deintear an sochar do roinnt go cothrom. B é sochar na bliana 1909, taréis tuarasdal na bpáirtnéirí do chur i gcúntas ach roimh ús ar Ghustal d'áireamh agus do tharraing gach páirtnéir díobh i gcoinne tuarasdail, úis ar ghustal, agus sochair. Dein an Cts. Sochair agus Dochair do dhúnadh, agus sgríobh Cts. Gustail na bPáirtnéirí i gcóir na bliana. 9. Sidé síos Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Cheallacháin Bráithre, 31/12/'16, dein amach an Cúntas Trachtála, an Cúntas Sochair agus Dochair agus Clár na bhFuighlach, i gcóir na bliana 1916.
Eóin Ó Ceallacháin - Gustal 1/1/'16 Liam Ó Ceallacháin - Gustal 1/1/'16 Stór Earraí, 1/1/'16 Airgead ar Láimh Airgead 'sa Bhangc Ceannaigh Aisig isteach Págh an lucht oibre Tuarasdail Sraithe agus Cáin Urús Iolchaithteachais Reaca Locáistí Fiacha ortha Drochfhiacha Meaisíní Fiacha aca Ús ó'n mBangc Tarrac - Eóin Ó Ceallacháin Tarrac - Liam Ó Ceallacháin Stór Earraí, 31/12/'16. Cuir 5 fé'n gcéad mar Ús ar Tharrac le cúiteamh leis an ngnó. Cuir 5 fé'n gcéad mar Ús ar Ghustal mar mhuirear ar an gnó. Bain 5 fé'n gcéad de luach na Meaisíní mar dhímheas ortha. 10. Bhí Art Mac Cormaic agus Brian Mac Cinnéide i bpáirtíocht le chéile i ngnó agus é sochair eatortha dhá dtrian an tsochair do bheith ag Brian agus an trian eile ag Art. Seo mar a bhí an sgéal aca do réir Riaradh na bhFuighlach ina leabh- raibh, 30/6/'16. Dein amach Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leathbhliana darab deire 30/6/'16, taréis fé'n gcéad i naghaidh na bliana a bhaint de luach na Meaisíní mar dhímheas, agus Ús
ar Ghustal 5 Fé'n gcéad i naghaidh na bliana do chur mar mhuirear ar Shochar an ghnótha. 11. Bhí Séamus Ó hUiginn agus Liam Mac Raghnaill i bpáirtíocht le chéile, agus é socair eatortha trí cheathramhna de'n SOchar do bheith age ó hUiginn agus a cheathramha age Mac Raghnaill. Ó'n eólas seo síos do taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach ina leabhraibh, ní foláir an Cúntas Tráchtála,
an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Cúntais a nGustail araon fé leith, do dhéanamh: Riaradh na bhFuighlach, 31/12/1914. Séamus Ó hUiginn - Gustal Séanius Ó hUiginn - Tarrac agus Ús air Liam Mac Raghnaill - Gustal Liam Mac Raghnaill - Tarrac agus Ús air Stór Earraí, 31/12/'14. Cuir chun creidiúna Gustail gach páirtnéara Ús ar an nGustal ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. 12. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do
réir mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Ailpín is Millín, 30/6/1914. Ailpín - Cúntas a Ghustail Millín - Cúntas a Ghustail Stór Earraí, 1/1/'14 Ceannaigh Págh an lucht oibre Tuarasdail Reaca Cíos Sraithe Deisiúcháin Coimisiún Geas Drochfhiacha Iolchaithteacchais Trosgán na hOifige Fiacha aige Fiacha air Meaisíní Aisig isteach Airgead 'sa Bhangc Ailpín - Tarrac Millín - Tarrac Stór na nEarraí 30/6/'14. Bain ús 5 fé'n gcéad ar an nGustal, agus roinn an sochar go cothrom ar an dá pháirtnéir. Deighmhéinn. 94. Nuair a bhíonn fear tiúsgalach dicheallach i mbun gnótha ar feadh tamaill bíonn triall a lán daoine air ag ceannach uaidh agus níl aon lá ná tagann daoine nuadha chuige le feabhas na nearraí a bhíonn aige dhá dhíol agus leis an ainm mhór a bhíonn air féin le macántacht. Ní féidir do'n fhear gnótha, mar sin féin, a rádh gur fiú mórán airgid an buidhchas san ag an bpobal air; ach dá mbeadh sé ag éirghe a gnó do dhéanamh, éinne a bheadh ar tí an ghnótha cheannach, ba thoil leis roinnt airgid thar luach an inid ghnótha féin agus na gcórach
go léir ann a thabhairt le súil go leanfadh an pobal de'n tseanáit cheannuíachta. Agus cé ná fuil 'sa tsúil sin ag an té ar tí cheannuighthe ach dóchas nó súil le breith a feabhas an duine a bhí ann roimhe, an gnó mór a dheineann tiúsgalaidhe i náit, árduigheann sé go mór luach na háite sin nuair a bhítear ghá dhíol. Mar sin, nuair a tugtar breis is a lomluach ar inead ghnótha deirtear gur ar "Dheighmhéinn" an ghnótha a tugtar an bhreis. Comhairighthear luach na deighmhéinne sin do réir sochair an ghnótha le na trí nó a ceathair de bhliana sar a ndíoltar é. Má's luachmhar an deighmhéinn ar an gcuma san, nuair a éirigheann as an té chuir an gnó go léir ar bun agus a tharraing an pobal go léir chuige; cá hiongna, nuair éiligheann Fear luighe isteach i bpáirt leis an tiúsgalaidhe gur éirigh leis ann, cá hiongna go mbeadh sé go lántoilteanach premium a thabhairt ar an bpáirtíocht. 95. Agus is mar sin do pháirtnéiríbh, leis, nuair iarrann fear eile é leigint isteach 'sa ghnó i bpáirt leó, iarraid ar an nduine nuadh síntiús a thabhairt dóibh ar an gcead san. Coimeádthar nó ní choimeádthar sa pháirtíocht an t-airgead úd a gheibhtear ó'n nduine nuadh, do réir mar is áil leis na seanpháirtnéiríbh. Má choimeádthar é roinntear é ar Ghustal na seanpháirtnéirí, do réir mar a roinntear sochar an ghnótha de ghnáth; agus sin mar is Fearr do'n pháirtnéir nuadh, mar bíonn an méid sin gustail 'sa bhreis chun an tiúsgail d'oibriú. Mara gcoimeádthar 'sa ghnó é, ní dheinid na seanpháirtnéirí ach é chur chucha síos 'na spaga dhóibh féin. 96. D'éaghmais an airgid thugann an páirtnéir nuadh mar síntiús nó premium dos na seanpháirtnéiríbh ar é leigint isteach 'sa pháirtíocht, tugann sé airgead eile isteach mar Ghustal, agus gheibheann sé roinnt de shochar an ghnótha do réir an chonnartha a deintear leis, d'éaghmais an Úis ar Ghustal is gnáth a thabhairt do pháirtnéiríbh. 97. Uaireanta eile, i ninead síntiúis d'iarraidh ar an bpáirtnéir nuadh, i dteannta an airgid a thugann sé isteach mar ghustal, is amhlaidh a curtar luach áirithe ar an ndeighmhéinn, agus roinntear luach na deighmhéinne ar ghustal na seanpháirt- néirí, do réir mar a roinntear sochar an ghnótha de ghnáth. Is inóide gustal na seanpháirtnéirí an bhreis sin ó'n nDeighmhéinn, agus, mar sin, is móide, dá réir, a sochar as an dtiúsgal i ngach slighe.
98. (a) Sidé Clár na bhFuighlach do réir mar a bhíodar i leabhraibh Eóin Mhic Chormaic, 31/12/'23. Do thoiligh sé chun Tomáis Mhic Ghearailt do ghlacadh mar pháirtnéir 'na ghnó, ach Tomás do dhíol ar an trímhadh cuid de shochar an ghnótha a bheith aige, agus 'na theannta san Gustal do thabhairt 'sa ghnó. Do thoiligh Eóin an míle púnt ar an ndeighmhéinn do choimeád 'sa ghnó. Seo mar a neósfí an sgéal san 'sa Leabhar Chonganta: Airgead Fls. Ó Ghustal Eóin Mhic Chormaic Ó Ghustal Thomáis Mhic Ghearailt B'shin thug Tomás ar an trímhadh cuid de shochar an ghnótha a bheith aige agus thug sé isteach 'sa ghnó mar Ghustal. Agus seo mar a bheadh Clár na bhFuighlach ages na páirt- néiríbh ansan:
99. (b) Do bhí Mícheál Ó Cathail agus Seán de Búrca i bpáirtíocht, leath ar leath, agus sidé a gClár Fuighlach: Do thoiligheadar cun Pádruig Uí Éigcartaigh do ghlacadh mar pháirtnéir, ach Deighmhéinn an ghnótha do luacháil ar agus Pádruig do thabhairt isteach mar ghustal, agus an ceathramha cuid de'n sochar do bheith aige feasta. An chuid eile do roinnt ar na seanpháirtnéiríbh do réir mar a roinntí cheana iad. Seo mar do neósfí san 'sa Leabhar Chonganta: Cúntas na Deighmhéinne Fls. Ó Chts. Gustail Mhíchíl Ó Chts. Gustail Sheáin B'shin é luach na deighmhéinne do réir an chonnartha le Pádruig. Airgead Fls. Ó Chts. Gustail Phádruig Méid an Ghustail do thug Pádruig isteach do réir an chonnartha. Agus seo mar do bheadh a gClár Fuighlach ansan: 100. (c) Uaireanta iarrann an páirtnéir nuadh dímheas do dhéanamh ar cuid d'acfuinn na seanpháirtnéirí tar cheann
an Ghustail a thugann sé isteach agus na deighmhéinne a ghabhann leis an ngnó. Mar seo féach: Do bhí Murchadh Ó Briain agus Cormac Mac Cárthaigh i bpáirtíocht le chéile, dhá dtrian de'n sochar age Murchadh agus an trian eile age Cormac. Do thoiligheadar chun Cholmáin Mhic Suibhne do ghlacadh mar pháirtnéir ar na coingíollachaibh seo: an Deighmhéinn do luacháil ar; 10 fé'n gcéad do bhaint mar dhímheas des na fiachaibh aca; 7½ fé'n gcéad do bhaint de luach na Meaisíní agus na nEarraí ar stór aca; 2½ fé'n gcéad do bhaint de luach na bhFoirgneamh; agus Colmán do thabhairt isteach mar ghustal. Seo mar do neósfí sin 'sa Leabhar Chonganta:- Cts. na Deighmhéinne Fls. ó Chts. Gustail Mhurchadh Uí Briain ó Chts. Gustail Chormaic Mhic Chárthaigh B'shiné luach na Deighmhéinne do réir an Chonnartha. Gustal Mhurchadh Uí Bhriain Fls. Gustal Chormaich Mhic Chárthaigh Fls. ó Dhímheas ar Fhiachaibh ó Dhímheas ar Mheaisíníbh ó Dhímheas ar Earraíbh ó Dhímheas ar Fhoirgnimh
B'siné an dímheas do toiligheadh a dhéanamh ar an Acfuinn. Airgead ó Chts. Gustail Cholmáin Mhic Suibhne B'shiné an Gustal a thug Colmán isteach 'sa páirtíocht. Réidhteach cúntais Gustail Mhurchadh Uí Bhriain. Ó Dhímheas Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Dighmhéinn Réidhteach Cúntais Chormaic Mhic Chárthaigh. Ó Dhímheas Ó Fuighlach Le Fuighlach Le Dighmhéinn Cúntas na bhFiacha aca. Ó Dhímheas Le Drochfhiacha Le Fuighlach Cúntas na nEarraí Ó Fuighlach Le Dímheas Le Fuighlach Cúntas na Meaisíní Ó Fuighlach Le Dímheas Le Fuighlach
Cúntas na bhFoirgneamh Ó Fuighlach Le Dímheas Le Fuighlach Agus sidé Clár no bhFuighlach a bheadh ag an bpáirtíocht nuadh: 101. (d) Uaireanta, téigheann daoine i bpáirtíocht le chéile chun gnótha cheannach. Mar seo, féach:- Do chuaidh Seán Ó Dubháin agus Liam Ó Finn i bpáirtíocht, leath ar leath, chun tiusgail Mhuiris Uí Mhadagáin do cheannach. Do ceannuigheadh é ar bhás Uí Mhadagáin agus sidé Clár na bhFuighlach ag taisbeáint Staide an Ghnótha nuair a cailleadh an seantiúsgalaidhe:- Do toiligheadh chun a thabhairt ar an ngnó ghá cheannach, a leath ó Sheán Ó Dhubháin agus a leath ó Liam Ó Fhinn. 'Na theannta san, do chuir an bheirt pháirtnéirí an duine isteach 'sa Bhangc i gcóir Gustail oibre an ghnótha do cheannuigh- eadar, agus do socaruigheadh de thoil a chéile luach na bhFeair- istí do luighdiú de, Stór na nEarraí do luighdiú de agus Trosgán na hÓifige do luighdiú de.
Dein na hinnsintí nach foláir a chur síos i leabhraibh an chumainn nuaidh agus déin amach Clár na bhFuighlach ag tais- beáint Staid an Ghnótha age Seán Ó Dubháin agus ag Liam Ó Finn i dtosach na páirtíochta. Seo mar a taisbeáinfhí ceannach an ghnótha ins an Leabhar Chonganta:- Bithdhílis Foirgneamh ó Sheiceadúirí Úi Mhadagáin ó Bhunchúil i gcoinne Drochfhiacha N.B. - Dob' fhiú an gnó, fé mar a sheasaimh sé, nuair a caill- eadh Madagán, 'sé sin, an difríocht idir luach Acfuinne an ghnótha agus méid na bhFiachaisí. Ach do tugadh air, mar sin dob' fhiú an deighmhéinn. Airgead ó Seán Ó Dubháin ó Liam Ó Finn Tugadh an méid sin airgid uatha araon 'sa Bhangc. Seiceadúirí Úí Mhadagáin ó Airgead B'shiné an t-airgead a tugadh ar cheannach an ghnótha. Deighmhéinn ó Feairistí ó Stór na nEarraí ó Trosgán Oifige Feach, ó's fiú an deighmhéinn an difríocht idir luach ceann. uighthe an ghnótha móide méid na bhFiachaisí agus luach na hAcfuinne, (Deighmhéinn = [luach ceannuighthe an ghnótha + méid na bhfiachaisí] — luach na hAcfuinne.)
Leanann de sin, má deintear luighdiú ar luach na hAcfuinne, go ndeintear méadú ar luach na deighmhéinne. Agus siné a chúis go gcurtar an dímheas a deineadh ar chuidh de'n Acfuinn mar bhreis leis an nDeighmhéinn. Sidé Clár Fuighlach na páirtíochta taréis na mbearta san:- Sgaoileadh Páirtíochta. 102. Nuair a théigheann daoine i bpáirtíocht mar sin d'fhonn praifíde a bhaint a gnó, leanann an pháirt- íocht an ghaid do socaruigheadh do réir Connartha na páirtíochta, nó deintear í sgaoileadh tré bhás, nó tré ghealtacht nó tré dhul d'acfuinn duinE des na páirtnéiríbh, i dtreó nach féidir dó a chuid fiacha do ghlanadh. Nó sgaoiltear an pháirt- íocht d'aon toil na bpáirtnéirí féin. Pé uair a sgaoiltear an Pháirtíocht, is gnáth acfuinn na páirtíochta do dhíol, agus toradh a díolta do chur chun fiacha na Páirtíochta do ghlanadh ar an gcéad dul síos, agus ansan, má bhíonn aon ghuighlach airgid ar láimh, na hiasachtaí a fuaradh ós na páirtnéiríbh (lasmuigh de'n Ghustal) do dhíol, Gustal na bPáirtnéirí do dhíol, agus ansan an fuighlach do roinnt ar na páirtnéiríbh do réir mar do roinntí sochar agus dochar na Páirtíochta. Má's amhlaidh a cailltear leis an ndíol, dein- tear "an chreach do roinnt" ar na páirtnéiríbh do réir Connartha na Páirtíochta, agus mara mbíonn a dhóithin Ghustail ag aon duine des na páirtnéiríbh ins an Pháirtíocht chun a
chion de'n dochar do shlánú, ní foláir dó breis airgid do thabhairt isteach 'sa ghnó chuige sin. Agus má bhíonn duine aca gan ghustal ar bith, ní foláir dos na páirtnéiríbh eile, ní hamháin a gcion féin de'n dochar do sheasamh, ach cion an duine gan ghustal chomh maith, do réir an Ghustail bheadh aca sa Pháirtíocht. Má théigheann d'acfuinn na Páirtíochta i dtreó nach féidir dóibh a bhfiacha do ghlanadh, ní tugtar aon áird ar na fiachaibh a bhíonn ag dul dos na páirtnéiríbh féin de bhárr iasachtaí do'n pháirtíocht, ach caithfear na fiacha age daoinibh eile ortha do dhíol do réir toradh díolta acfuinne na páirtíochta, agus aon ghiacha a bheadh ortha de bhárr iasachta go ndíoltaí ús air do réir sochair an ghnótha, curtar ceart a néilimh siúd ar gcúl go mbíonn gach éileamh eile sásta. Samhlaíd. 103. (a) Do bhí Pádruig Ó Raghallaigh agus Conall Ó Fair- cheallaigh i bpáirtíocht, leath ar leath; agus d'aontuigheadar éirghe as an ngnó a bhí aca agus an tiúsgal do dhíol fé mar a sheasaimh sé an t-aonmhadh lá déag ar ghichid de Nodlaig, 1903. Seo mar a bhí Clár na bhFuighlach aca an uair sin:- Do díolad an léas agus na Feairistí ar Do bail- igheadh na fiacha aca agus do fuaireadar. Do díoladh na hEarraí ar cheant agus do fuaradh, taréis gach costais a dh'íoc. Do díoladh na fiacha a bhí ortha agus leigeadh leó 'na locáiste. Do bhí costas díolta ortha. Sidiad na Cúntais nár mhór a dhéanamh amach chun na mbeart san do thaisbeáint: Cúntas an Díolta, Cúntas na bhFiacha
ar an ngnó; Cúntais Ghustail na bpáirtnéirí, Cúntas an Airgid. Cuirfead síos anso le hinnsintíbh 'sa Leabhar Conganta cad iad na neithe a cuirfí ins gach cúntas díobh san. Cúntas an Díolta Fls. ó gach Acfuinn (ach an tAirgead). Cúntas an Airgid Fls. Ó Chúntas an Díolta (An méid do fuaradh a díol na nAcfuinn). Cúntas an Díolta Fls. Ó Chúntas an Airgid (An Costas a bhain le díol na nAcfuinn). Cúntas na bhFiacha ar an nGnó Fls. Ó Chts. an Díolta (An locáiste a leigeadh de bhárr na bhfiacha dhíol). Má's fuighlach díoluíachta an fuighlach i gCts. an Díolta, sin sochar. Má's fuighlach fáltais an fuighlach i gCts. an Díolta, sin dochar. Roinntear an sochar nó an dochar ar Ghustalaibh na bpáirt- néirí do réir mar do roinntí sochar agus dochar an ghnótha de ghnáth. Curtar an sochar ar thaobh na ndíoluíacht agus an dochar ar thaobh na bhfáltas. Cúntas na bhFiacha ar an ngnó Fls. Ó Chts. an Airgid (An tAirgead do híocadh ag glanadh na bhFiacha). Cúntais na bpáirtnéirí Fls. Ó Chts. an Airgid (An Fuighlach airgid i gCts. an Airgid is é dhéanfaidh cúntais an Ghustail cothrom.) Sidiad na Cúntais a ghabhann leis an samhlaíd thuas:- Cúntas an Díolta. Ó'n Acfuinn Ó Chostas Díolta ó Ghustal Phádruig Ó Ghustal Chonaill Le hAcfuinn: Léas is Feairistí Fiacha aca Stór Earraí le Locáiste
Cúntas na bhFiacha ar an nGnó. Ó Chts. an Airgid Ó Locáiste Le Fuighlach Cúntas Gustail Phádruig Uí Raghallaigh Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Le Cts. an Díolta Cúntas Gustail Chonaill Uí Fhairceallaigh Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Le Chts. an Díolta Cúntas an Airgid Ó Fuighlach Ó Chts. an Díolta Le Fiacha Le Costas Díolta Le Cts. na nGustal Feach gur mar a chéile suim an Airgid 'na ghuighlach i gCts. an Airgid agus suim an dá ghustal. 104. (b) Mathún Ó Tuama, Tadhg Ó Mathúna, agus Éamonn Ó Glasáin a bhí i bpáirtíocht agus i ndeire ré na páirtíochta sidé Clár na bhFuighlach a bhí aca:-
Do díoladh an gnó, agus do fuaradh des na Fiachaibh aca do bhailiú; do fuaradh ar an Stór Earraí; do fuaradh ar na Meaisínibh; agus ar na Taisgíbh. Do bhí costas ortha 'sa díol. Do réir Connartha na páirtíochta do roinnidís gach sochar is dochar mar seo: cheithre roinn do bheith age Mathún Ó Tuama, trí roinn age Tadhg Ó Mathúna agus dhá roinn ag Éamonn Ó Glasáin. Seo mar a bheadh na cúntais i dtaobh díolta na hAcfuinne agus ghá thaisbeáint conus do roinneadh an chreach eatortha. Cúntas an Díolta Ó'n Acfuinn Ó Chostas Díolta Ó Dhochair anuas Le Fiacha aca Le Stór Earraí Le Meaisíní Le Taisgí Le Dochas síos Le Gustal Uí Thuama Le Gustal Uí Mhathúna Le Gustal Uí Ghlasáin Cúntas na bhFiacha ortha Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Mhathúin Uí Thuama Ó Chts. an Díolta Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach
Cúntas Gustail Thaidhg Uí Mhathúna Ó Chts an Díolta Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Éamuinn Uí Ghlasáin Ó Chts. an Díolta Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas an Airgid Ó Fuighlach Ó Chts. an Díolta Le Fiacha Le Costas Díolta Le Cts. na nGustal Saghsanna Páirtíochta. 105. Féach go ndeintear Gustal na bPáirtnéirí do luighdiú leis an nDochar a thagann a díol acfuinne páirtíochta. Dá ráineóch go gcaillfí leis an ndíol breis agus an Gustal go léir do bheadh age páirtnéir i dtiúsgal páirt- íochta do bheadh air an bhreis sin do dhíol as a mhaoin phríobháid- cach. Siné dálta gach páirtíochta i gcoitchinne. Páirtíocht choitcheann a tugtar ar an saghas san páirtíochta, Is féidir do dhuine, ámh, suim áirithe airgid do chur i dtiúsgal pháirtíochta d fhonn cuid de shochar an ghnótha pháirtíochta do bheith aige, agus gan aon éileamh fiacha do bheith air (an páirtnéir teóranta) thar an méid atá curtha aige. Ach, má gheibheann sé aon chuid dá ghustal thar nais, díreach ná neamhdhireach, as an bpáirtíocht, beidh an méid a fuair sé thar nais thíos le fiacha na páirtíochta chomh maith leis an gcuid dá Ghustal do fágadh 'sa ghnó. Agus, má ghabhann sé aon pháirt i mbainistighe an ghnótha, beidh sé thíos le fiacha an ghnótha ar nós aon pháirtnéara choitchinn. Maidir le cúntasaíbh páirtnéara teóranta, ní foláir nóta chur le Cúntas a Ghustail gur páirtnéir teóranta é. Agus aon tsochar nó ús ar Ghustal is leis, ba chóir é chur 'na chúntas
phearsanta ('na chúntas reatha) agus gan é chur i gcúntas a ghustail. Ní foláir, nuair a bhíonn páirtnéirí teóranta i bpáirtíocht, duine ar a luighead do bheith 'sa pháirtíocht a bheidh thíos le gach éileamh fiacha a bhaineann leis an bpáirtíocht. 106. (c) Do bhí Aodhagán de Barra agus Donnchadh Ó Floinn i bpáirtíocht, leath ar leath, gustal ag Aodhagán agus gustal age Donnchadh. Do bhí d'fhiachaibh ortha. Dhíoladar an gnó agus fuaradar ar an acfuinn. N.B.-Acfuinn = Fiacha móide Gustal; mar sin Acfuinn (do réir na leabhar) = Seó mar a taisbeánfí an díol agus a thoradh ina leabhraibh: Cúntas an Díolta. Ó Acfuinn Le hAcfuinn Le Chts. na nGustal Cúntas na bhFiacha ortha Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Aodhagáin de Barra Ó Chts. Díolta (Dochar) Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Dhonnchadh Uí Fhloinn Ó Chts. Díolta (Dochar) Le Fuighlach Le hAirgead
Cúntas an Airgid Ó Chts. an Díolta Le Chts. na bhFiacha Ó Chts. Ghustail Uí Fhloinn. le Chts. Gustail de Barra Féach gur bh'éigean d' Ó Floinn do thabhairt isteach 'sa pháirtíocht chun a choda féin de'n Dochar do shlánú. 107. (d) Dithneas, Deabhadh, agus Díobháil a bhí i bpáirtíocht le chéile, ag roinnt sochair agus dochair mar seo: a leath age Dithneas, a thrian age Deabhadh, agus an sémhadh cuid age Díobháil. D'éirigheadar as an bpáirtíocht nuair do chuaidh d'acfuinn Díobháil ar fad. Seo mar a bhí Clár na bhFuighlach aca an uair sin:- Do dhíoladar an acfuinn, agus fuaireadar ar na fiachaibh aca, agus ar an Stór Earraí. Seo mar do taisbeánadh an díol agus a thoradh ina leabhraibh: Cúntas an Díolta Ó'n Acfuinn Le fiacha aca le Stór earraí le Dochar síos Ó'n dochar anuas Le Gustal Dithneas le Gustal Deabhadh Le Gustal Díobháil
Cúntas na bhFiacha ortha Ó Chts. an Airgid Le Fuighlach Cúntas Gustail Dithneas Ó Chts. an Díolta (Dochar) Le Fuighlach Ó Dhochar Díobháil (3/4) Ó Chts. an Airgid Cúntas Gustail Deabhadh Ó Chts. an Díolta (Dochar) Le Fuighlach Ó Dhochar Díobháil (1/4) Ó Chts. an Airgid Cúntas Gustail Díobháíl Ó'n easnamh Le Gustal Dithneas Ó Chts. an Díolta (Dochar) Le gustal Deabhadh Cúntas an Airgid Ó'n bhFuighlach Le Fiacha ortha Ó Chts. an Díolta Le Gustal Dithneas Le Gustal Deabhadh Féach gur deineadh easnamh Díobháil agus ar luigh de'n Dochar air do réir Connartha na Páirtíochta, gur deineadh iad do roinnt ar Ghustalaibh Díthneas agus Deabhadh, do réir a raibh de Ghustal ag an mbeirt sin 'sa pháirtíocht.
Cleachtadh (Páirtíocht). 1. Do bhí Cathaoir Ó Dochartaigh agus Eóin Ó Néill i bpáirt- íocht, leath i bpáirt i ngach sochar agus dochar. Sidé Clár na bhFuighlach aca, 31/12/'14. Sguireadar an pháirtíocht. Fuaradar ar an Acfuinn go léir a bhí aca. Dein réidhteach idir an dá pháirtnéir. 2. Chuaidh Bruadar, Smiot, is Glinn i bpáirtíocht chothrom, d'fhonn gnótha Sheáin Mhic Ghiolla do thógaint idir lámhaibh. Do socaruigheadh an gnó do cheannach, mar a bhí sé 31/12/'14 do réir Clár na bhFuighlach age Seán: Do socaruigheadh do thabhairt do Sheán Mhac Ghiolla ag ceannach an ghnótha. Agus do díoladh isteach 'sa Bhangc ó'n gCumann nuadh, mar seo: ó Bhruadar; ó Smiot; agus Ó Ghlinn. Roimh osgailt leabhar an Chumainn nuaidh, do socaruigheadh an bun cúil le dímheas do chur i gCts. na bhFeairistí is Meaisíní. Dein na gnóthaí sin do thaisbeáint ins na leabhraibh nuadha agus ullmhuigh Clár na bhFuighlach a thaisbeán staid na bpáirtnéirí nuair do thosnuigheadar ar an dtiúsgal nuadh.
3. Do bhí Bruid, Guid, agus Fuadach i bpáirtíocht agus nuair a bhí deire leis an ré pháirtíochta, seo mar a bhí an sgéal aca:- Do socaruigheadh éirghe as an ngnó agus é dhíol. Bailigheadh des na fiachaibh a bhí aca ar dhaoinibh eile; fuaradar ar na taisgíbh a bhí aca, agus fuaradar ar na Feairistíbh is Meaisíníbh. Do réir connartha na Páirtíochta, do luighfeadh gach Sochar is Dochar a Tráchtáil nó a Díol na nAcfuinn, péaca aca san é, ar gach páirtnéir do réir an Ghustail a bheadh aige 'sa ghnó. Do bhain costas le díol an ghnótha, agus rl. Ó'n eólas san, ullmhuigh Cúntas an díolta, agus Cúntas Gustail na bPáirtnéirí. 4. Do bhí Dicheall agus Dúthracht i bpáirtíocht; Gustal age Dicheall, agus Gustal age Dúthracht, Ghlacadar de thoil a chéile an tríomhadh páirtnéir, Díograis le; a cheathramha san le háireamh mar dhíoluíacht a Deighmhéinn le cur leis an nGustal, a bhí aca araon 'sa ghnó cheana, do réir a raibh aca, fá seach, mar Ghustal. Conus a dhéanfí Sochar an ghnótha do roinnt, i dtreó go bhfaghadh gach páirtnéir a chion féin de do réir an Ghustail a bhí aige ann? 5. Do chuaidh Mac Aodha i bpáirtíocht le hÓ Briain is Mac Craith, agus do thoiligh sé chun do dhíol ar an nDeigh- mhéinn, ar choinghill go bhfágfaí an t-airgead 'sa ghnó, agus 'na theannta san, chuir sé 'sa ghnó mar Ghustal. Páirt- néirí leath i bpáirt dob' eadh Ó Néill is Mac Craith, agus seo
mar a bhí Clár na bhFuighlach aca, nuair a ghabh Mac Aodha páirt leó:- Níor bh'fholáir le Mac Aodha an Stór Earraí do luacháil ar agus dímheas 10 fé'n gcéad agus 5 fé'n gcéad a bhaint de luach Feairistí is Meaisíní agus Bithdhílse na bhFoirgneamh, fá seach, agus an oiread céadna do bhaint dá luach san araon ar an ráta gcéadna i naghaidh na bliana feasta. Thoiligheadar Ó Néill agus Mac Craith chuige sin ach buncúil i naghaidh na nDrochfhiacha do chur síos mar rud gur thoiligh Mac Aodha chuige. Taisbeáin Clár na bhFuighl ach ag an bPáirtíocht nuadh agus abair cad í an roinnt de'n Sochar nó de'n Dochar a gheobhadh Mac Aodha. 6. Sid é Clár na bhFuighlach a leabhraibh Chonchubhair Uí Loingsigh agus Mhichíl Uí Bhaoighill a bhí i bpáirtíocht le chéile:- Sgaoilid an pháirtíocht agus bainid a díol na hAcfuinne. Ullmhuigh cúntas a thaisbeánfaidh cad a bhí aca de bhárr na páirtíochta do sgaoileadh.
7. Ruaidhrí Ó Seachnasaigh agus Art Mac Giolla Muire a bhí i bpáirtíocht, trí roinn age Pádruig agus dhá roinn ag Art de'n Sochar agus de'n Dochar. D'aontuigheadar éirghe as an bpáirtíocht agus an acfuinn do dhíol. Sidé Clár na bhFuighlach aca do réir a leabhar: Ní bhfuaradh ach ar an Acfuinn eile agus ar an nDeighmhéinn 'sa Díol; agus do bhain costas leis. Taisbeáin na cúntais go léir a bhaineann le sgaoileadh na páirtíochta. 8. Do bhí Tadhg agus Domhnall Ó Bruic i bpáirtíocht, agus d'aontuigheadar éirghe aisti. Do fuaradh ar an Acfuinn nuair a díoladh í. Do bhí Gustal age Tadhg agus Gustal age Domhnall. Do thug Domhnall ar iasacht do'n pháirtíocht leis; agus atá fiacha ortha. Gheibheann Tadhg trí ceathramhna de'n sochar agus Domhnall an chuid eile. Taisbeáin na cúntais go léir a bhainfeadh le sgaoileadh na páirtíochta. 9. Do ghlac Diarmuid Cróchán mar pháirtnéir i dtosach na bliana. D'aontuigheadar de thoil a chéile na luacha so síos do chur ar Acfuinn an ghnótha a bhí age Diarmuid roimhe sin: Bithdhílis na bhFoirgneamh Feairistí is Trosgán Stór Earraí Fiacha aca Airgead ar láimh Do bhí d'fhiachaibh ar an ngnó agus fiacha ag an mBangc air. Do réir Connartha na páirtíochta, do dhíol
Cróchán leis an mBangc, agus cuireadh de chun creidiúna Dh@rmuda, mar cheannach ar leith na deighmhéinne. Tabhair innsint ar na bearta san 'sa Leabhar Chonganta agus taisbeáin an Clár Fuighlach a deineadh amach ansan. 10. Do chu@dh Tomás Ó Cúáin agus Gearóid Ó Caoimh i bpáirtíocht le chéile lá Coille, 1905; do bhí mar GhustaL age Tomás agus gan aon rud age Gearóid. Do réir Connartha na Páirtíochta, do socaruigheadh go bhfaghadh Tomás Ó Cúáin 5 fé'n gcéad mar Ús ar a Ghustal roimh an sochar do roinnt eatortha, trí roinn age Tomás agus dhá roinn ag Gearóid. An t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na No@lag, 1909, d'aontuigheadar de thoil a chéile éirghe as an bPáirtíocht, agus seo mar a bhí an gnó:- Fiachaisí Acfuinn Fiacha ortha Fiacha aca Iasacht Airgid Stór Earraí Fuighlach Cts. Sochair agus Dochar Meaisíní, agus rl. Cúntais na dTarrac: Sochar na bliana Tomás Ó Cúáin Gustal Thomáis Gearóid Ó Caoimh Níor cuireadh aon ús le gustal Thomáis ó thosach na páirt- íochta. Ní gádh aon ús ar tharrac ná ar shochar nár roinneadh d'áireamh. a bailigheadh des na fiachaibh aca; fuaradh ar an Stór Earraí; agus fuaradh ar na Meaisíníbh. Do fuaradh ar Dheighmhéinn an Tiúsgail. Do bhí costas ar dhíol an ghnótha, agus do glanadh na f@cha go léir. Ní foláir an t-ús ar ghustal Thomáis do chomhaireamh ar a Ghustal bun@dh ach ní gádh ús ar ús do chur 'sa chúntas. Dein amach gach cúntas a bhaineann le sgaoileadh na páirt- íochta.
11. Do bhí Piaras Mac Gearailt, Conn Ó Coileáin agus Gearóid Ó Muirthile i bpáirtíocht; dhá roinn de'n Sochar nó de'n Dochar (péaca aca san é) age Piaras, dhá roinn age Conn agus roinn age Gearóid. Do sgaoileadh an pháirtíocht, 31/12/1909, agus sidé Clár na bhFuighlach aca an lá san:- Fiachaisí Acfuinn Gustal Mhic Ghearailt Uí Choileáin Fiacha aca ar Ó Mhuirthile ar dhaoinibh eile Iasachtaí Mic Gearailt Uí Choileáin Gach Acfuinn Airgead ar láimh Fiacha ortha Iasacht ó'n mBangc Do bhain costas le sgaoileadh na páirtíochta. Do cheannuigh Mac Gearailt an gnó, agus thug sé ar an Acfuinn, agus ar an nDeighmhéinn. Dein amach gach cúntas a bhaineann le sgaoileadh na páirt íochta. 12. Do ghlach Seanán Mac Conmara agus Partholán Mac Uaith bainisteoir a dtiúsgail, Murchadh Ó Briain, mar pháirt- néir. Roinn chothrom leó féin do bheith aige i sochar agus i ndochar an ghnótha, ach gan é do thabhairt aon ghUstail isteach 'sa ghnó, agus, i gcás na páirtíochta do sgaoileadh, gan aon teidiol aige i dtaobh na deighmhéinne, ach an teidiol go léir chúichí sin do bheith ages na seanpháirtnéiríbh, leath ar leath.
Do toiligheadh d'aon aontadh an tiúsgal do dhíol agus sidé Clár na bhFuighlach do deineadh ag taisbeáint staid an ghnótha: Fiachaisí Acfuinn Fiacha ortha Sealbhas is Córacha Cúntais Gustail Mac Conmara Fiacha aca Stór Earraí Mac Uaith Airgead agus billí Cúntais phearsanta na bPáirtnéirí ar Ús nár baineadh agus ar Sochar: Mac Conmara Mac Uaith Ó Briain Do díoladh an gnó mar a sheasaimh sé, agus do sgaoileadh an pháirtíocht. Do fuair an ceannuidhtheóir an Acfuinn go léir, agus do ghabh sé air féin na fiacha ar an ngnó do dhíol agus d'íoc leis na páirtnéiríbh air. Ins an díol do tógadh luach an tSealbhais agus na gCóracha ar an Acfuinn eile mar a dubhradh i gClár na bhFuighlach agus an chuid eile de'n airgead a tugadh ar an nDeighmhéinn. Dein amach na cúntais go léir le díol na páirtíochta. 13. Seán, Domhnall, Diarmuid agus MíCheál a bhí i bpáirtíocht, agus na gustail seo aca fá seach, agus 7/25 dé'n Sochar is Dochar age Seán, 4/25 age Domhnall, 6/25 age Diarmuid, agus 8/25 age Mícheál. Do sgaoileadh an pháirtíocht agus taréis a bhfiacha (fiacha na páirtíochta) d'íoc, do díoladh Acfuinn an tiúsgail agus do fuaradh ortha. Do bhí Domhnall go beó bocht agus gan aon acfuinn dá Chuid féin i naon chor aige. Dein amach na cúntais go léir a bhain le sgaoileadh na páirtíochta.
14. An t-aonmhadh lá déag ar ghichid de mhí na Nodlag do bhí an Acfuinn seo age Diarmuid Ó Síothcháin. Fiacha aige; Trosgán agus feairistí; Airgead 'sa Bhangc, Do bhí d'fhiachaibh air. Do ghlach sé Séamus Ó Riain mar pháirtnéir agus do thug sé dhó an trimhadh cuid de'n Sochar is Dochar ar na coinghíollachaibh seo:- (a) Cead do bheith age Diarmuid Ó Síothcháin do tharrac as an ngnó 'na chóir féin; agus go dtí go ndéanfadh amhlaidh an méid sin airgid d'áireamh mar iasacht ag an bpáirtíocht. (b) Deighmhéinn do luacháil ar. (c) Séamus Ó Riain d'íoc mar ghustal 'sa ghnó. Tabhair innsint ar an socarú san 'sa Leabhar Chonganta, agus sgríobh síos Clár na bhfuighlach mar a bheidís i dtosach na páirtíochta, nuair a bheadh na íocta isteach 'na Ghustal age Séamus. 15. Séafraidh Ó Conaill, Deaglán Paor agus Colm Ó Máille a bhí i bpáirtíocht agus na gustail seo aca fá seach Do réir Connartha na Páirtíochta do leigtí 5 fé'n gcéad mar ús ar ghustal aca, agus do deintí Sochar agus Dochar an ghnótha do roinnt mar seo: Ó Conaill 1/2 an, Paorach, 1/3, agus Ó Máille 1/6. Thug Ó Conaill iasacht do'n pháirtíocht ar ús 6 fé'n gcéad, agus thug an Paorach iasacht ar an ráta gcéadna. Tá an tús ar Ghustal agus ar iasachtaíbh ó pháirtnéiribh díolta. Do haontuigheadh an pháirtíocht do sgaoileadh 30/6/1910. Seo mar do bhí na fiachaisí (seachas a raibh ag dul dos na páirtnéiríbh) agus an Acfuinn aca an uair sin Do díoladh an tiúsgal mar do bhí sé taréis dímheas do bhaint de'n Acfuinn mar seo: Meaisíní, 10%; Úirlisí, 20%; Fiacha aca, 15%; ach do cuireadh luach ar an ndeighmhéinn. Dein na cúntais go léir a bhaineann le díol an tiúsgail.
16. Feargus Ó Conchubhair agus Amhlaoibh Ó Bruadair a bhí i bpáirtíocht ag díol is ag ceannach olna, agus na Gustail seo aca fá seach. D'aontuigheadar cliamhain Fhearguis Uí Chonchubair, Liam Ó Ríordáin (a bhí i mbun ghnótha dá chuid féin), do ghlacadh mar pháirtnéir, agus an triúr aca do bheith ar cothrom 'sa pháirtíocht ar na coinghíollachaibh seo: (a) Gnó Uí Ríordáin do ghabhail taréis a Stóir Earraí do luacháil ar; Trosgán Oifige; agus bithdhílis Foirgneamh. (b) Ó Conchubhair do thabhairt oirid dá chliamhain ó na Ghustal féin agus a dhéanfaidh gustal a chliamhna agus gustal Uí Bhruadair cothrom. (c) Ó Bruadair agus Ó Ríordáin do thabhairt seiceanna dó Conchubhair a dhéanfadh gustal gach duine de'n triúr cothrom. Tabhair innsint ar na coinghíollachaibh sin 'sa Leabhar Chon- ganta agus dein amach Cúntais Ghustal an Trír. 17. Tá Liam Ó Duinnshléibhe agus Séamus Ó Briain i bpáirtíocht ag díol guail, Sochar agus Dochar an ghnótha dá roinnt ortha go cothrom. 31/12/'07, do bhí ag Ó Duinnshléibhe gustal agus ag Ó Briain Gustal 'sa ghnó, do bhí ag an uair gcéadna na fiachaisí agus an acfuinn seo: Trosgán Oifige agus Córacha; Trucaillí; Fiacha ortha; Airgead 'sa Bhangc; Cairtí, Feairistí, is Capaill; Fiacha aca; Airgead ar láimh; Stór Guail. D'aontuigheadar Tomás Ó Tuama do ghlacadh mar pháirtnéir ar na coinghíollachaibh seo:- (a) Sochar agus Dochar na páirtíochta do roinnt mar seo: Ó Duinnshléibhe 2/5, Briain 2/5, agus Ó Tuama 1/5. (b) Ó Tuama do thabhairt isteach 'sa páirtíocht na bhfiacha a bhí aige ar dhaoinibh eile (ach 5 fé'n gcéad a bhaint díobh i gcoinne drochfhiacha). (c) Deighmhéinn ghnótha Uí Thuama do luacháil ar. (d) Gustal do bheith ag Ó Tuama 'sa pháirtíocht (agus luach na hAcfuinne a bhí aige d'áireamh), agus é do thabhairt an fhuighlaigh isteach nuair a bheadh sé ag síghneáil Connartha na páirtíochta an chéad lá d'Eanair. Do haontuigheadh leis idir Ó Duinnshléibhe, Ó Briain agus
Ó Tuama na hathruithe seo do dhéanamh ins an Clár Fuighlach ages na seanpháirtnéiríbh:- (a) Na Trucaillí do lUacháil ar, agus na Cairtí, Feairistí is Capaill ar. (b) 7½ fé'n gcéad do bhaint des na fiachaibh aca i gcoinne Drochfhiacha. (c) Deighmhéinn na seanpháirtíochta do luacháil ar. (d) Oiread do íoc le Liam Ó Duinnshléibhe as an Airgead 'sa Bhangc ag an seanpháirtíocht agus do dhéanfadh Gustail na seanpháirtnéirí cothrom. Tabhair innsint 'sa Leabhar Chonganta ar na coinghíollachaibh sin, agus Dein Clár Fuighlach amach a thaisbeánfaidh staid na páirtíochta nuaidhe 1/1/'08. 18. Éamonn Ó Luacháin agus Mathúin Ó Conaire a bhí i bpáirtíocht, an Sochar agus an Dochar dá roinnt mar seo: dhá dtrian ag Éamonn agus trian ag Mathún. Seo mar a bhí an sgéal aca 31/12/'08:- 1/1/1909, do ghlacadar Cormac Mac Diarmuda mar pháirtnéir ar na coinghíollachaibh seo:- (a) Sochar agus Dochar do roinnt mar seo: 3/6 ag Éamonn, 2/6 ag Mathún, 1/6 age Cormac. (b) Cormac do thabhairt isteach mar ghustal. (c) Deighmhéinn na seanpháirtíochta do luacháil ar chun creidiúna na seanpháirtnéirí. (d) Neart do bheith do Éamonn d'á ghustal do tharrac lá Coille, 1909. (e) Cormac d'ghághail 'sa bhliain mar thuarasdal as Sochar an ghnótha. (f) Ús ar Ghustal ag gach páirtnéir 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. (g) Gan aon ús ar Tharrac d'iarraidh.
(h) Neart do bheith do ghach páirtnéir an mhí do tharrac i gcoinne sochair an ghnótha (i gcás Chormaic, an tarrac san do bheith i gcoinne sochair agus tuarasdail). Do bhí Sochar 'sa bhliain 1909 roimh Thuarasdal Chormaic ná ús ar Ghustalaibh do chur i gCúntas. Tabhair innsint ar Chonnradh na Páirtíochta nuaidhe 'sa Leabhar Chonganta; dein amach Clár Fuighlach a thaisbeánfaidh Staid na Páirtíochta nuaidhe 1/1/'09, agus taisbeáin Cúntais Ghustail na bPáirtnéirí go léir i ndeire na bliana 1909. 19. Do bhí Seán Mac Seóin i ndeire a choda agus d'ullmhuigh sé an fháisnéis seo síos ar staid a ghnótha:- Do ghabh Séamus Ó Briain páirt leis ar na coinghíollachaibh seo:- An Stór Earraí do luacháil ar; na lorrithe ar; na Fiacha ag dul dó chomhaireamh ar; Ó Briain do dhíol 'na phremium ar theacht isteach 'sa pháirtíocht le Mac Seóin, agus an t-airgead d'fhanúint 'sa tiúsgal mar ghustal age Mac Seóin; Ó Briain do thabhairt isteach 'sa ghnó mar ghustal aige féin Do híocadh an iasacht ó A. B. agus de'n iasacht ó'n mBangc. Dein an Clár Fuighlach a thaisbeánfadh staid na páirtíochta taréis na gcoinghíollacha seo do chóimhlíonadh. 20. Ó Fiannachta, Ó Séaghdha is Ó Súilleabháin a bhí i bpáirt- íocht, ag roinnt sochair is dochair mar seo: cheithre roinn age Ó Fiannachta, trí roinn ag Ó Séaghdha is aon roinn amháin ag Ó Súilleabháin. Do chuaidh an bheirt eile i nurús air le hó Súilleabháin go bhfaghadh sé ar a luighead a sochar an ghnótha. Anuiridh do bhí sochar aca. Taisbeáin le cúntas cad do fuair gach páirtnéir fé leith dhíobh.
21. Do bhí Liam Mac Gabhann is Tomás Mac Seóin i bpáirt- íocht, dhá dtrian de'n sochar age Mac Gabhann agus an trian eile age Mac Seóin. D'aontuigheadar éirghe as an ngnó an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag. Sidé Clár na bhFuighlach a bhí aca an lá san. Do dhíoladar an Acfuinn mar seo: Stór Earraí ar; Meaisíní ar; agus bailigheadh des na fiacha a bhí aca ar dhaoinibh eile. Do bhí fiachaisí ortha de bhárr cíosa is neithe eile nár áirmhigheadh i gClár na bhFuighlach thuas, Do bhí chostas ag baint leis an ndíol. Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an ndíol agus taisbeáin cúntais ghustal na bpáirtnéirí.
Fionntar Páirte. 108. Uaireanta i ninead dul i bpáirt i gcúrsaíbh gnótha go coitcheann, téigheann beirt nó triúr nó níos mhó i bpáirt d'fhonn sochair a bhaint a beart áirithe gnótha. Chíd uatha go mbeid éileamh thar bárr ar earra áirithe i náit éigin fé cheann i bhfad, cuir i gcás, agus mar sin, ó tá a lán de'n earra sin le fághail saor i láthair na huaire sin, téighid i bpáirt le chéile chun bertha ar úrla ar an uain, agus chun sochair an bhirt do bhaint amach dóibh féin: nó ceannuighid sgaranna i gcuallacht nuadh, agus díolaid iad ar an margadh is aoirde; nó gheibhid smacht ar loingeas go ceann tamaill chun luighte isteach ar thráchtáil idir dhá thír; nó deinid aon ní eile mar sin chun sochair a bhaint as. Deinid an sochar nó an dochar (má's amhlaidh sin dó) agus na costais go léir a bhainfeadh leis do roinnt ar a chéile do réir coinghíollacha áirithe. Bíonn iaracht de chontabhairt i na leithéid de ghnó i gcomhnuidhe, agus, dá bhrigh sin, tugtar "Fionntar Páirte" ar an gcúrsa. Ní ghanann an pháirt ach le linn an fhionntair, agus, mar sin, ní tugtar "páirtíocht" ar an gceangal gnótha eatortha; ach, bíonn a rogha aca na cúntais a bhaineann leis an bhfionntar páirte do chur síos, (a) Mar a déanfí le cúntasaíbh páirtíochta, nó, neachtar aca, (b) Mar a déanfí le cúntasaíbh an duine aonair. 109. (a) Cuirid suim áirithe airgid leis an ngnó mar a cuirfí Gustal leis an bpáirtíocht, agus do bheadh na cúntais seo aca: Cúntas Gustail i gcóir gach duine 'sa bhFionntar, cúntas fé leith do'n Fhionntar féin, Cúntas an Airgid pháirte 'sa bhfionntar. I na leithéid sin de chás, bheadh leabhair fé leith i gcóir an Fhionntair Pháirte. Agus seo mar a déanfí na cúntais sin do sgríobhadh: Cúntas Airgid An Fhionntair Pháirte Fls. Ó Chúntasaíbh Gustail lucht an Fhionntair. An méid airgid a chuireann gach duine aca 'sa bhFionntar.) Cúntas an Fhionntair Pháirte Fls. (1.) ó Chts. Airgid an Fhionntair Pháirte. (11.) ó Chts. Gustail gach duine de lucht an Fhionntair.
(1. Ceannach na nearraí; 11. Na costais do dhíol gach duine fé leith de lucht an Fhionntair.) Cúntas Airgid na Páirte Fls. Ó Chúntas an Fhionntair Pháirte. (Toradh díolta an Fhionntair). Cts. an Fhionntair Pháirte Fls. Ó Chúntasaíbh Gustail lucht an Fhionntair. (Roinnt Sochair an Fhionntair ar lucht an Fhionntair do réir mar socruigheadh). Cúntais Ghustail lucht an Fhionntair Fls. Ó Chúntas an Fhionntair Pháirte. (Roinnt Dochair an Fhionntair ar lucht an Fhionntair do réir mar socruigheadh). Cúntais GhUstail lucht an Fhionntair Fls. Ó Chúntas Airgid an Fhionntair Pháirte. (Aisíoc an airgid do chuir gach duine de lucht an Fhionntair i dtosach agus an fuighlach airgid do bhí ann de bhárr an Fhionntair, aisíoc an airgid sin go léir ar lucht an Fhionntair fá seach.) 110. (b) Na daoine ghabhann páirt 'sa bhFionntar, ní thughaid aon airgead isteach ann, 'sé sin, ní bhíonn aon "Chúntas Airgid i bpáirt" aca; ach, is, amhlaidh a dheinid cúrsaí an Fhionntar do roinnt, cuid de'n cheannac is de'n díol dhá dhéanamh age gach duine aca, nó, b'fhéidir, an ceannach go léir age duine, agus an díol go léir age duine eile; agus gach duine dhíobh ag díol na gcostas a bhaineann le na chuid féin de'n ghné. Coimeádann gach duine aca cúntas ar gach pinginn a chaitheann sé leis an bhFionntar agus ar gach pinginn a gheibheann sé dá bhárr; agus, ar ball, nuair a bhíonn deire leis' mar ghnó, tagaid go léir le chéile agus deinid cúntas an Fhionntair do sgríobhadh ós na cúntasaíbh do choimeád gach duine aca' fá seach, ina leabhar féin, agus roinnid an s-ochar nó an dochar do réir mar a socaruigheadh eatortha ar dtuis. Coimeádann gach duine aca na cúntais seo 'na leabhraibh féin:- Cúntas an Fhionntair le na leithéid seo (le na leithéidibh seo); agus Cúntas le haghaidh gach duine do bhí ins an bhFionntar leis.
Seo mar do sgríobhfaí na cúntais sin:- Cúntas an Fhionntair Fls. Ó Chts. an Airgid (Ceannach adhbhair an Fhionntair nó costas an Fhionntair., Cts. an Airgid Fls. Ó Chts. an Fhionntair. (Torad díolta adhbair an Fhionntair.) Cúntas éinne eile a bhí 'sa bhfionntar Fls. Ó Chts. an Airgid, (Aon Airgead a tabharfaí dhó.) Cts. an Airgid Fls. Ó Chts. éinne eile a bhí 'sa bhFionntar. (Aon airgead a gheobhfaí uaidh.) Seachas na cúntais áirmhighthear ins na haltaibh sin (109, 110) do bheadh cúntais eile, dá mba ar cáirde a déanfaí. ceannach agus díol adhbhair an ghionntair, agus i leabhraibh an Fionntair Pháirte, nuair a coimeádthar iad do bheadh cúntais fé leith i gcóir na gcostas, chun an dá innsint do thabhairt ortha, rud nach foláir a dhéanamh i gcomhnuidhe. Samhlaíd. 111. Conn Ó Cinnéide agus Ciarán Ó Floinn a chuaidh i bhFionntar Páirte d'fhonn last adhmaid a cheannach is a dhíol. Do chuireadar araon isteach 'sa Bhangc i gCúntas páirte, agus trí lá 'na dhiaidh sin do cheannuigh Ó Floinn an t-adhmad ar le seic ar an gCúntas páirte, agus do dhíol sé as a phóca féin na costais seo: taisteal; Iomchar an adhmaid abhaile ó'n luing; postacht, agus rl; coimisiún, Do díoladh an t-adhmad go léir ar. Sidiad na cúntais do bheadh ar an ngnó aca:- Cúntas an Fhionntar Páirte. Ó Cheannach an Adhmaid d Ó Chostas Taistil Ó Chostas iomchair Ó Phostacht Ó Choimisiún Ó Sochar chumn Ó Sochar Chiaráin Le díol an Adhmaid
Cúntas Gustail Chuinn Uí Chinnéide. Ó'n mBangc Le Bangc Le Sochar Cúntas Gustail Chiaráin Uí Fhloinn Ó'n mBangc Le Bangc Le Costas Fionntair Le Sochar Cúntas an Airgid Pháirte 'sa Bhangc Ó Ghustal Uí Chinnéide Ó Ghustal Uí Fhloinn Ó Dhíol an Fhionntair Le ceannach Adhmaid Le Fuighlach N.B. - Féach gurab ionann Fuighlach cúntais an Airgid Pháirte agus suim an dá ghuighlach ins na cúntasáibh Gustail. 112. Do chuaidh Liam Ó Dálaigh agus Tadhg Ó Braonáin leath i bpáirt chun fíonta do cheannach age ceant agus sochar a bhaint as a ndíol. Do cheannuigh Liam iad ar agus d'íoc sé táillí an cheantóra. Do thug Tadhg dó ansan. Do bhí seaneólas age Tadhg ar ghnó na bhfíonta dhíol agus mar sin, do ghabh sé air féin iad do dhíol ar choimisiún 2½ fé'n gcéad. D'íoc sé na costais seo: Iomchar an fhíona abhaile; fograíocht; postacht. Do dhíol sé na fíonta go léir ar. Taisbeáin na cúntais do choimeád gach duine aca ar an ngnó agus an Cúntas do deineadh amach ar an bhfionntar pháirte.
Seo mar a bheadh na cúntais:- I Leabhraibh Liam Uí Dhálaigh. Cúntas an Fhionntar Pháirte le Tadhg Ó Bráonáin Ó Cheannach Fíonta Ó Tháillíbh Ceantóra *Ó Chostais Uí Bhráonáin *Ó Sochar Uí Bhráonáin *Ó Sochar agam féin *Le Díol na bhFionta Cúntas Thaidhg Uí Bhráonáin *Ó Dhíol na bhFíonta Le hAirgead *Le Costais an Fhionntair *Le Sochar an Fhionntair Le Fuighlach (an móid airgid le fághail uaidh) I Leabhraibh Thaidhg Uí Bhráonáin Cúntas an Fhionntar le Liam Ó Dálaigh Ó Iomchar na bhFíonta Ó Fhógraíocht Ó Phostacht Ó Coimisiún *Ó Cheannach Fíonta *Ó Tháillíbh Ceantóra *Ó Sochair Uí Dhálaigh *Ó Sochair agam féin Le Díol na bhFíonta
Cúntas Liam Uí Dhálaigh Ó Airgead Ó Fuighlach (an méid air- gid atá le tabhairt dó) Ó Cheannach na bhFíonta Ó Tháillíbh Ceantóra Ó Iomchar na bhFíonta Ó Fógraíocht Ó Coimisiún Ó Phostacht Ó Sochar Uí Dhálaigh Ó Sochar Uí Bhráonáin *Le Ceannach na bhFíonta *Le Táillíbh Ceantóra *Le Sochar an Fhionntair Le Díol na bhFíonta *Sidé Cúntas an Fhionntair Pháirte mar a dhéanfí amach é 'sa deire. Cleachtadh. 1. Do cheannuigh Séamus agus Fionán i bpáirt sgar i gCuallacht ar an ceann, móide costais Chuir Séamus trian agus Fionán dhá dtrian de'n airgead i gCúntas Airgid Pháirte a bhí aca 'sa Bhangc. Do díoladh 600 sgar ar an ceann lughaide costais agus do díoladh ar lughaide costais. Do roinneadar eatortha ar fhan aca gan díol des na sgarannaibh, agus sochar/dochar an fhionntair do réir an airgid chuireadar 'sa cheannach i dtosach. Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an bhFionntar pháirte. 2. Do bhí Aindrias agus Brian i bpáirt 'sa sgéin, seo, dhá dtrian de'n sochar do bheith age Aindrias agus an trian eile age Brian. Do thoiligheadar dul i nurrús ar sgar i gCuideachtain do dhíol ar pár, ar an sgar, ar choinghíll go bhfaighdís féin ó'n gCuideachtain sgar i naisge. Thug Aindrias an tairgead i gcóir na gcostas so: Clárú agus Táillí; Fógraíocht; Clódóireacht agus Fáisnéisí Thug Brian an tairgead i gcóir na gcostas so: Cíos Oifige; Rúnaidhe; Mionairgead agus Ilneithe; Stampaí; Dligheadóirí.
Níor díoladh sgar dhe'n chéad míle sgar a ghcalladar a dhíol, agus do réir mar do bhí socair aca,, d'íoc Brian as an méid nár díoladh. Fuaireadar sgar ó n gCuideachtain. Do dhíol Aindrias agus Brian na sgaranna go léir ar an sgar lughaide muirear an sgar. Fuair Brian an toradh glan a agus fuair Aindrias an chuid eile. Dein amach na cúntais go léir a bhain leis an bhfionntar Pháirte, agus taisbeáin an méid do dhíol Aindrias le Brian 'sa deire ag cothromú an sgéil. 3. Do cheannuigh Mathún, Eóin agus Seán' tonna d'iarann ar an tonna. Do thug Mathún; do thug Eóin a ghlacadh le bille trí mhí ar, agus do malartuigheadh an bille ar locáiste; do thug Seán an fuighlach i nair- gead. Fuair gach duine 'sa bhfionntar ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana ar an airgead a chuir sé 'sa bhfionntar go dtí go raibh deire leis an bhfionntar páirte. Do socaruigheadh Sochar/Dochar an ghionntair do roinnt (taréis an úis ar an airgead Úd d'íoc) eatortha do réir an airgid do chuir gach duine aca 'sa ghnó i dtosach. Choimeádadar an t-iarann go ceann sé mhí, agus ansan do dhíoladar é ar. Dein amach na cúntais a bhaineann leis an bhfionntar do réir Conn- artha an ghionntair. 4. Do shocruigh Seán Ó Dubháin agus Éamonn Mac Gearailt ar adhmad do cheannach i dtír na Lochlann agus é thabhairt anso isteach dá dhíol. D'osgladar 1/5/'14 Cúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc, 'nar chuir ó Dubháin, agus Éamonn Mac Gearailt. Do thoiligheadar an sochar nó an dochar do roinnt do réir an airgid do chuireadar 'sa bhFionntar Chuireadar chun a dtimthire ansúd chun díol as an adhmad do ceannuigheadh ann, agus 'na dhiaidh sin céad púnt eile ag glanadh a chúntais sin. Do híocadh costas iomchair is urrúis is muirear a churtha i dtír, i bhfus. 31/12/'04, do bhí glan fachta aca as reic an adhmaid i dtreó go bhfuaradar araon thar nais (gan ús d'áireamh) an t-airgead a chuireadar 'sa bhfionntar lá Bealtaine. Chun deire chur le gnó ann Fhionntair ansan, do ghabh Ó Dubháin chuige féin ar fhan de'n adhmad gan díol ar agus do íoc sé seic ar an méid sin isteach 'sa Chúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc aca. An mór d'ghág san aca le roinnt mar shochar, agus conus do roinneadh é idir an bheirt do réir an chonnartha eatortha?
5. Do chuaidh Seán Ó Duinn agus Cróchán Ó Murchadha leath i bpáirt d'fhonn innil d'fhéabhsú le hionchas go ndíolfaí é le Cuallacht. Do socaruigheadh eatortha gan aon ús ar Ghustal do dhíol roimh thoradh an fhionntair do roinnt. Thug Ó Duinn agus Ó Murchadha le haghaidh costas na bhféachaint; do thoiligh Ó Murchadha oibriú i naisge. Taréis na bhféachaint, ba ghádh a dhéanamh, fuaradh gur caitheadh le costas na hoibre. Do thug Ó Duinn eile ansan, agus d'íoc ó Murchadha a táillíbh páitinte, agus rl. Do díoladh an t-inncall le Cuallacht ar airgid, agus ar sgar púint 'sa Chuallacht. Nuair do sgaoileadh an pháirt, do thoiligh Ó Murchadha an stór adhbhair do thógaint ar an luach agus aon fhiachaisí ar an bpáirt d'íoc. Do thoiligh Ó Duinn na sgaranna do thógaint ar. Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an bhFionntar Páirte. R.S.A. 6. Do chuaidh Mac Sainnte agus Ó Dothail i bpáirt i bhFionntar le té do cheannach is do dhíol. An sochar do roinnt mar seo: a dhá dtrian age Mac Sainnte agus an trian ag Ó Dothail. Ús 5 fé'n gcéad le linn an Fhionntair do thabhairt ar an airgead a thabharfadh gach duine de'n bhcirt 'sa bhFionntar. Lá Coille, 1916, do chuir Mac Sainnte i gCúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc, agus do thíig Ó Dothail a ghlacadh le bille dhá mhí ar a malartuigheadh ar locáiste 6 fé'n gcéad. Do ceannuigheadh té an trímhadh lá d'Eanair, luach Do cuireadh last de, luach, go Nuadh-Eabhrach, 5/1/1916, agus do híocadh air a muirearaibh seólta, agus rl., is urrús. Do dhíol a dtimthire thall i nAmcrica an t-ualach san ar lughaide muireara, agus coimisiún 2½ fé'n gcéad. Do fuaradh bille iníoctha ar amharc i gCorcaigh an deichmhadh Lá d'Feabhra ar an méid sin. Do cuireadh ar fhan de'n té gan díol aca anonn go hAmerica, 21/1/1916, agus do bhí costas urrúis is uile. air. Do cuireadh an long go tóin puill le torpédó agus do cailleadh a raibh ar bórd uirthi. An tochtmhadh lá fichead de Fheabhra, do fuaradh an t-urrús ar an dté, agus ansan do dúnadh leabhair an Fhionntair Pháirte. Dein amach na cúntais go léir a bhaineann leis an bhfionntar Pháirte. R.S.A.
7. An dara lá de mhí na Nodlag, cheannuigh Muinntir Bhillington is a gclann mhac (i bpáirt le Muinntir Thuathaigh) Ó Chumann Tráchtála na Lochlann, Stabhanger, last adhmaid ar glan. Nlg. 4. Fuair Muinntir Bhillington Ó Mhuinntir Thuathaigh, seic ar a gcion san de chostas an adhmaid. 5. Thug Muinntir Bhillington an tseic do thimthire an Chumainn Tráchtála, agus ghlacadar bille mí ar an bhFuighlach. 15. Dhíol Muinntir Bhillington an t-adhmad go léir le Cuallacht Tighthe dhéanamh ar glan (an t-airgead d'ioc i gcionn 14 lá). 15. D'íocadar le hairgead caithteachais a bhain leis an bhFionntar Páirte. 29. Fuair Muinntir Bhillington an tseic úd ar. 31. Chuir Muinntir Bhillington is a gclann mhac le Muinntir Thuathaigh a gcion de chostas an adhniaid i dteannta a gcoda de shochar na páirte. Ní foláir na bearta san d'innsint ins an Leabhar Chonganta, i Leabhar an Airgid, agus ins an Lcabhar Mór agc Muinntir Bhillington agus na cúntais 'sa Leabhar Mhór do dhúnadh.
Billí Tráchtála. 113. Ba ghnáth dhúinn 'sa tseanaimsir ar sgoil nuair do bhuadhaimís cluiche ar airgead gan luach buadha an chluiche d'éileamh láithreach, ach is amhlaidh dh'fhanaimís go mbuadhfaí orainn féin, agus ansan deiriniís leis an té, go mbíodh fiacha againn air, an t-airgead d'íoc leis an té bhí taréis buachtaint orainn féin. Do bhí féith an tiúsgalaidhe, ní foláir, ins an duine a cheap an tseift sin; mar sin nós atá ag lucht tiúsgail ar fud an domhain uile. Ní deintear fiacha do ghlanadh chomh saoráideach san ar fad, ámh, i gcúrsaíbh gnótha; ach, mara mbeadh déine is diongmhál- tacht an órduighthe age lucht tiúsgail is í an tseift chéadna í. Mar tugann an tiúsgalaidhe "órdú sgríobhtha, gan chol gan choinghíll, do dhuine (dhaoinibh) áirithe ghá iarraidh air (ortha) suim áirithe airgid d'íoc, lá áirithe (i gcionn tréimhse áirithe) nó ar éileamh, leis féin nó le duine (daoinibh) eile ar bith gur mhian leis an t-airgead do thabhairt dó (dóibh) nó le na (n) órdú." Bille Tráchtála a tugtar mar ainm ar a leithéid sin d'órdú. 114. Sidí an fhuirm a bhíonn ar Bhille Tráchtála:-
Buadha an Bhille Tráchtála. 115. Is mó tiúsgalaidhe go mbíonn a lán fiacha amuigh aige ar dhaoinibh eile agus, mar sin féin, ná beadh puinn airgid thirm ar láimh aige chun a fhiacha féin do ghlanadh, agus, b'fhéidir, a lán glaodhach air féin ó dhaoinibh go mbeadh fiacha aca air, níl aige ach a leithéid sin d'órdú thabhairt do dhuine dá fheicheamhnachaibh agus siní an adhb réidhtighthe aige. Cuir i gcás go mbeadh glaodhach air, agus go raibh duine dá fheicheamhnachaibh agus breis agus an méid sin d'fhiachaibh aige féin air, d'fhéadfadh sé bille tráchtála de'n tsórt san a chur chuige, 'sé sin, órdú na bhfiacha san d'íoc, chun glacadh leis. Seo mar do beadh an bille aige. Uir. 422. Áth Cliath. Meitheamh 16, 1924. Trí mhí ó'n lá so, íoc le m' órdú Céad agus trí púint déag ar fhichid, seacht sgilling déag agus raol ar luach áirithe. Do Sheán Mhac Righnis 5, Sráid an Phobail, Baile an Óir. Tadhg Ó Deabhaidh. Glacadh leis Seán MacRighnis Féach gur tugadh trí mhí do Sheán chun an bhille dh'íoc, agus is gnáthach trí lá cáirde a leigint leis sin i gcomhnuidhe; dá bhrigh sin, do bheadh ar Sheán an bille "thógaint" nó dh'íoc an naomhadh lá déag de Mheadhon Foghmhair. Nuair do gheobhadh Seán an bille, dá mbeadh sé sásta le téarmaíbh an bhille do ghlacfadh sé leis, 'sé sin, do sgríobhfadh sé ar aghaidh an bhille "glacadh leis" agus do chuirfeadh sé a ainm leis an nglacadh. Agus do chuirfeadh sé thar nais chun Taidhg arís é. 116. Do bheadh a rogha de thrí cúrsaíbh le gabháil age Tadhg, nuair a gheobhadh sé an bille nó "an glacadh" (mar siné ainm a tugtar ar bhille tráchtála nuair a dhearbhuigheann duine go
nglacann sé leis an órdú ann). D'fhéadfadh sé é chur chuige agus é choimeád go mbeadh ré an bhille istigh agus ansan do gheobhadh sé an t-airgead a luadhadh 'sa bhille ó Sheán. Nó, d'fhéadfadh sé é chur chun duine éigin go mbeadh fiacha aige air féin ag glanadh an mhéid sin fiacha, é chur i "dtráchtáil," mar is cóir iontráchtála bille de'n tsórd san, agus níl age duine ach a ainm do chur ar a chúl agus é íoc le duine eile, díreac ar nós na seice (§ 9). Uaireanta téigheann bille mar sin i bhfad ó bhaile, agus bíonn oiread san forsgríobhadh ar a chúl nach foláir "aguisín" a chur leis d'fhonn slighe thabhairt dos na daoinibh a bhíonn ghá thráchtáil chun a nainmneacha do sgríobhadh ar a chúl. Nó d'fhéadfadh sé é thabhairt chun Baingc nó chun lucht billí mhalartú, agus airgead síos d'fhághail air, ach locáiste leigint le lucht an Bhaingc nó le lucht na mbillí mhalartú, ar é dh'íoc sar a mbíonn tráth an bhille dh'íoc tagaithe. Ach, féach, má theipeann ar an té, ghlac leis an mbille, airgead an bhille dh'íoc, nuair a bhíonn sé aibidh, 'sé sin, nuair a bhíonn a ré caithte, tá sé d'fhiachaibh ar an té "tarraing" nó do sgríobh an bille agus gach duine fuair 'sa tráchtáil é sar ar shrois sé an duine deirineach, tá íoc an bhille d'fhiachaibh ar gach duine aca. 117. Admháil do réir dlighe is eadh an glacadh leis an órdú ins an bhille, admháil ar an airgead atá d'fhiachaibh a dhíol agus ar thráth a dhíolta, i dtreó nach féidir é shéanadh ná é chur ar cáirde a thuille, gan cead ó'n nduine iarrann a íoc. Agus is féidir an t-airgead fiachais a bhaint amach go diair le dlighe. Ní gádh d'fhear an órduighthe sgríobhadh fiadhnaise thabhairt ar luach na nearraí a díoladh le fear an órduighthe ghlacadh, ach amháin ar gheallúint an fheicheamhnaigh; agus siúd í ansúd aige í breacaithe ar phár an bhille. 118. Tá áise ann leis do'n té go mbíonn easba airgid air i láthair uaire áirithe, agus a chíonn margadh maith mór le fághail ach "cá bhfuil an phinginn le fághail?" Níl aige ach sgríobhadh chun lucht na nearraí do dhíol agus a dheimhniú dhóibh le rsgríbhinn go nglacfadh sé le bille trí mhí, agus ansan gheobhaidh sé na hearraí ar an mbille, agus i gcionn na dtrí mí, beidh sé ar a chumas, le congnamh Dé, fiacha na nearraí do ghlanadh. 119. Is iontuigthe ó na bhfuil ráidhte thuas, mar sin, go ndeineann an bille tráchtála gnó an airgid, agus, dá bhrígh
sin, ins an chúntasíocht áirimhighthear é 'na airgead. Is féidir do'n tiúsgalaidhe bille ghághail agus bille thabhairt; ach amháin, ná háirimhighthear na billí le fághail (na billí go bhfaghfar air- gead ortha nuair a bheidh a dtrátha istigh) ar an airgead ar láimh ach ar an acfuinn ar nós na nghnáthghiacha a bhíonn amuiGh age tiúsgalaidhe; agus is fiachas gach bille le híoc, 'sé sin, gach glacadh a thug an tiúsgalaidhe agus nár íocadh, toisg gan a dtráth do theacht roimh dheire na tréimhse fé iniúchadh ag an dtiúsgalaidhe. 120. Dála an Airgid, agus na gCeannach is na Reac ar cáirde, bíonn leabhair fé leith chun cúntais do dhéanamh ar na billí tráchtála sar a gcurtar isteach 'na gcúntasaíbh cearta féin iad ins an Leabhar Mhór. Na billí le fághail i leabhar agus na billí le híoc i leabhar eile.
Sidí an fhuirm a bhíonn ar leabhar na mBillí le fághail:- Uimhir an Bhille. Cathain a Fuaradh. Do Fuaradh ó. Do Sgríobh. Do ghlac. Íocfar ag. An lá Sgríobhadh an Bille. Ré an Bhille. Tráth a Íoctha. Leath 'sa Leabhar Mhór. Suim an Bhille. Cad Deineadh leis. agus is ionann fuirm do leabhar na mbillí le híoc, ach amháin i ninead "cathain a fuaradh" bíonn "cathain a tugadh"; i ninead "do fuaradh ó" bíonn "do tugadh do"' i ninead
"do ghlac" bíonn "íocfar le." Is ionfheicse ó'n bhfuirm sin go mbíonn gach eólas i dtaobh na mbillí ins an dá leabhar san. 121. Bíonn "dlighe an dá innsint" ar na billíbh leis. Bíonn cúntas fé leith ag na billí le fághail, agus cúntas eile i gcóir na mbillí le híoc. Ar thaobh na bhFáltas i gcúntas na mbillí le fághail, innstear cé uaidh (uatha) go bhfaghtar iad; ar thaobh na ndíoluíacht curtar an t-airgead a gheibhtear ortha, nuair a thagann tráth a níoctha. Ar thaobh na ndíoluíacht i gCts. na mbillí le híoc, a innstear cé dhó (dhóibh) ar tugadh iad, agus ar thaobh na bhFaltas a curtar an t-airgead a tugadh ortha tráth a níoctha. Ceist: Cá mbíonn an dara innsint ar gach ceann des na hinnsintíbh sin? Nó curtar suim iomlán na mbillí isteach ina gcúntasaíbh cearta féin i ndeire na tréimhse 'na bhfuaradh nó 'nar tugadh iad, agus curtar 'na gcoinnibh thall an méid airgid a fuaradh nó a tugadh ortha tráth a níoctha. 122. Fé mar a dubhradh cheana (§ 32), ní choimeádthar aon chúntas ins an Leabhar Conganta ach ar bheartaibh ná fuil aon leabhar fé leith 'na gcóir, agus, mar sin, ní gnáth prímhinnsint do dhéanamh ar bhillíbh 'sa leabhar san. Mar sin féin, ó's féidir a innsint go cruinn beacht soiléir leis an Leabhar Conganta cad é an cúntas'nar fáltas agus cad é an cúntas 'nar díoluíacht gach beart gnótha a deintear, neósfar anso síos leis an Leabhar Chonganta conus a deintear innsint 'sa Leabhar Mhór ar bheartaibh a bhaineann le Billíbh Tráchtála. Billí le fághail (B/F). (a) Nuair a gheibhtear glacadh ó dhuine:- Cts. na mbillí le fághail Fls. Ó Chts. an duine (ó na bhfuaradh é). Curtar prímhinnsint air sin i leabhar na mB/F. Marsin, i ngnáthobair na cúntasíochta, ní gádh innsinnt do thabhairt air 'sa Leabhar Chonganta. N.B. - Suim iomlán leabhar na mB/F ar thaobh na bhFáltas i gCts. na mB/F. Gach bille fé léith ar Dlt. Cts. na bPearsan a ghlac é.
(b) Nuair a thagann tráth íoctha an bhille agus go bhfaghthar airgead air: Cts. an Airgid nó an Bhaingc Fls. Ó Chts. na mB/F. Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid. (c) Nuair a tugtar an bille do dhuine éigin eile mar íocuíacht: Cts. an duine (dár tugadh an bille) Fls. Ó Chts. na mB/F. (d) Nuair a deintear an bille (B/T) do mhalartú ar airgead roimh thráth a íoctha, agus go leigtear locáiste le fear (lucht) a mhalartuighthe: Airgead Fls. Locáiste Fls. Ó Chts. na mB/F. Ach, má's é an Bangc a dheineann é mhalartú:- Bangc Fls. Ó Chts. na mB/F. agus Cts. na locáistí ar B/F Fls. Ó Chts. an bhaingc. Prímhinnsint ar na neithibh sin i Leabhar an Airgid. (e) Má theipeann ar an nduine, ghlac an bille, é dh'íoc tráth a íoctha, agus má's uaidh sin díreach a fuaradh é:- Cts. an duine Fls. Ó Chts. na mB/F. Ó Chts. an Airgid (nodaireacht). Mar is gnáth, ina leithéid sin de chás, a iarraidh ar nodaire (dligheadóir) a chur i nú-il d'ghear an bhille ghlacadh is d'íoc nár tógadh an bille i dtráth; agus, ansan, curtar costas na nodaireachta san ar ghear an bhille ghlacadh. (1.) Má's amhlaidh a fuaradh an bille i gcúrsa tráchtála: Cts. an duine (ó na bhfuaradh é) Fls. Ó Chts. na mB/F. Ó Chts. an Airgid (nodaireacht). Prímhinnsint ar chostas na nodaireachta i Leabhar an Airgid. (11.) Is gnáth, nuair a thagann tráth íoctha B/F, é thabhairt do bhangcaeir dá bhailiú. Bíonn innsint air sin mar seo, Cts. an Bhaingc Fls. Ó Chts. na mB/F.
Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid. Mar sin, má theipeann ar fhear an bhille ghlacadh é dh'íoc i dtráth a íoctha. Cts. an duine. ó Chts. an Bhaingc Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid. (III.) Má deintear an bille do mhalartú ar locáiste roimhe sin; nó, má tugadh do dhuine eile é i gcúrsa tráchtála: Cts. an duine (ghlac an bille) ó Chts. an duine (dhein é mhalartú, nó dár tugadh é). (f) Nuair a deintear athnuadhchaint ar bhille. Mar, nuair a theipeann ar dhuine bille dh'íoc i dtráth a íoctha, is minic a iarrann sé an seanbhille ar bhille nuadh (a bheadh chomh mór leis an seanbhille féin agus ús air 'na theannta). Tugann san cáirde dhó chun an airgid do sholáthar agus d'íoc. Cts. an duine ó Chts. na mB/F. (luach an tseanbhille) ó Chts. an Úis (mar gheall ar an athnuadhchaint). agus Cts. na mB/F ó Chts. an duine Siné luach an bhille nuaidh. Billí le híoc (B/Í). (a) Nuair a ghlacann duine bille:- Cts. an duine (sgríobh an bille) Fls. ó Chts. na mB/Í. Prímhinnsint i Leabhar na mBillí le híoc. N.B. - Suim iomlán na mB/Í ar thaobh na ndíoluíocht i gCts. na mB/Í. Gach B/Í fé leith ar thaobh na bhFáltas i gCts. na bPearsan do sgríobh é. (b) Nuair a híoctar an B/Í:- Cts. na mB/Í ó Chts. an Airgid nó an Bhaingc. Prímhinnsint i Leabhar an Airgid.
(c) Nuair a íoctar bille roimh ré, 'sé sin, roimh thráth a íoctha. Ó na leithéíd sin de chás, gheibhtear locáiste ar an íoc roimhré. Cúntas na mB/Í Fls. ó Chts. an Airgid (nó an Bhaingc) ó Chts. an Locáiste. Prímhinnsint i Leabhar an Airgid. 123. Tá cóir eile íocaíochta ar aon dul díreach i gcúrsaíbh cúntasíochta leis an mbille Tráchtála, 'sé sin, an Banna Geallúna. Agus is é ní é sin ná "geallúint, gan chol gan choingill, i sgríbhinn fé ainm an té (ná ndaoine) thugann, suim áirithe airgid d'íoc le duine (daoinibh) áirithe nó le na (n) órdú, lá áirithe (i gceann tréimhse áirithe) nó ar éileamh." Sidí an fhuirm a bhíonn ar an mBanna Geallúna (B/G). Corcaigh, 19 Ó'n lá so, Geallaim d'íoc le nó le órdú ar luach áirithe. Is féidir na focail seo chur le "geallaim" 'sa bhfuirm:- -se, -íd, -íd i bpáirt is i naonar, 'sé sin, "geallaimse" nó "geallaimíd" nó "geallaimíd i bpáirt is i naonar" do dhéanamh de'n "geallaim" atá 'sa bhanna cheana. Nuair a bhíonn "geallaimíd i bpáirt is i naonar" sgríobtha ar an mbanna, má theipeann ar dhuine de lucht na geallúna, bíonn fiachas an airgid ar gach duine eile i bpáirt agus i naonar. Stampa ar Bhillíbh. 124. Ní foláir stampa buailte bheith ar gach B/T agus ar gach B/G, ach amháin ar bhillíbh tráchtála le híoc "ar éileamh" nó "ar radharc" nó "i gceann trí lá" ó amharc dh'fhaghail ortha. Stampa dhá phinginn ortha san i gcomhnuidhe agus is féidir é ghreamú de'n bhille.
Do réir suim an airgid 'sa bhille nó sa bhanna iseadh bíonn an stampa:- Stampa 2d. ar bhille ná fuil ós cionn ós cionn agus ós cionn ar gach agus ar gach cuid de Bille Comaoine. 125. Uaireanta nuair is mian le duine comaoin do chur ar dhuine eile glacann sé bille uaidh, ar luach áirithe, mar dh'eadh, chun gur féidir an bille mhalartú ar locáiste agus airgead tirm d'fhághail. Ar ball, nuair a bhíonn ré an bhille caithte, íocann fear an bhille tharrang fear an bhille ghlachadh. "Bille comaoine" a tugtar mar ainm ar an saghas san bille. Slighe áiseach is eadh é chun iasachta air- gid d'fhághail ó charaid nuair a bhíonn an cara féin ar bheagán airgid. Billí thar Lear. 126. Deintear úsáid de Bhillíbh Tráchtála leis chun fiacha do ghlanadh idir tiúsgalaidhthibh i dtíorthaibh i bhfad i gcéin ó chéile. Is féidir, gan dabht, na fiacha san do ghlanadh le hór, ach baineann a lán costais agus contabhartha le hair- gead do chur ó áit go chéile, agus mar sin, téighthear i muinighin Billí Tráchtála, i dtreó nach gádh aon airgead do chur ó bhaile ach deintear na billí do thráchtáil amuigh nó i mbaile i dtreó go ndíoltar na fiacha ag Ameiriceánach, cuir i gcás, ar dhuine 'sa tír seo le duine eile anso go mbíonn fiacha aige ar Ameiriceánach thall nó vice versa. "Bille thar lear" a tugtar mar ainm ar an saghas san bille, a sgríobhthar i bhfus (thall) agus a glacthar is a íocthar thall (i bhfus). "Bille cois baile" a tugtar ar an mbille a sgríobhthar agus a glacthar agus a íocthar i bhfus. 127. Ach i gcás na mbillí thar lear, "ó's mó long a cailleadh láimh le cuan" agus "ó's í an bheart siúrálta nár chaill riamh," deintear trí chóip do dhéanamh de gach bille thar lear, agus iad do chur anonn i ndiaidh a chéile, i dtreó, má imthigheann
ceann aca amú tré thionóisg, nach baoghal ná go sroisfidh ceann des na trí billíbh, a sgríobhadh, an baile slán. Is gnáth, leis, bille cois baile do bheith iníoctha i gcionn tréimhse áirithe ó lá airithe (§ 114) ach ó nach féidir a rádh le deimhne cathain a shroisfidh long cuan agus caladhphort, curtar ar na billíbh thar lear "oiread áirithe lá d'éis amhairc." 128. Sidí an fhuirm a bhíonn ar na billíbh thar lear:- Baile Átha Cliath, 6mhadh lá d'Iúl, 1924. Seasca lá d'éis amhairc, íoc an chéad bhille seo (an tarna agus an trímhadh bille ar an méid céadna agus ó'n lá gcéadna gan íoc) le hórdú Hannraoi Uí Fhuaráin míle dolaer, ar luach áirithe. Chun Cathail Mhic Chormaic, 246' an Bóthar Leathan, Nua Eabhrach. Seán Ó Briain. Ceisteanna. 1. Conus a deintear Cúntas na mbillí le híoc amach ins an Leabhar Mhór, agus cad iad na bearta ar gach taobh de? 2. Ciaca leabhar de leabhraibh na prímhinnsinte 'nar dhóich go bhfaghaí deimhne ar fhuighlach cúntais na mB/Í i ndeire tréimhse? 3. Mínigh na focail seo chomh fada is bhainid le Billí Tráchtála (a) ar amharc; (b) ar éileamh; (c) trí mhí ó'n lá so; (d) laethe cáirde. 4. Cad í an difríocht atá idir "bille cois baile" agus "bille thar lear " 5. Cad is Bhille Tráchtála ann? Banna geallúna? Cad í an difríocht atá eatortha? 6. Tabhair na nuid Úsáidthear i ninead; Bhille Tráchtála; Bille le Fághail; Bille le hÍoc; Banna Geallúna.
7. Má dheineann tiúsgalaidhe prímhinnsint ar a "Bhillíbh le Fághail" agus ar a "Bhillíbh le hÍoc" i Leabhar an Airgid, fé mar a gheibheann sé airgead nó thugann sé airgead ortha, an dóich leat gur maith an plan é? An bhfuil fhios agat aon phlan is fearr ná san? Cad 'na thaobh? 8. Innis cuid de bhuadhaibh an Bhille Tráchtála i gcúrsaíbh tráchtála amuigh agus i mbaile. 9. Cad is "Bille Comaoine" ann? 10. Dá mbeadh na Billí le Fághail age lucht tiúsgail malar- tuighthe ar locáiste uair an Chláir Fuighlach do dhéanamh amach agus gan aon tuairisg air sin i gClár na bhFuigh- lach, cad a mholfá-sa mar bhreis le Clár na bhFuighlach dá mbeitheá ag iniúchadh a gcúntas? 11. Cad é an brigh atá le "Bille Ghlacadh"? Conus a deintear é? 12. Cad is "Cóir Iontráchtála" ann? Mínigh do chaint maidir le Billíbh Tráchtála. An eól duit aon chóir iontráchtala eile? 13. Cad é an brigh atá le "Aibiúlacht Bille"? "Athnuadhchaint Bille"? "Malartú Bille"? "Tógaint Bille"? 14. Cuir seic agus Bille TráchtáLa i gcomparáid le chéile, 15. An mó slighe 'na bhféadfá airgead a chur chun tiúsgalaidhe ins na hIndiachaibh thoir? 16. Cad iad na stampaí nach mór bheith ar Bhillíbh Tráchtála do réir a luacha? 17. Cathain a deintear "Nodaireacht" ar Bille Tráchtála? 18. Mínigh go cruinn baileach "geallúint i bpáirt is i naonar." Cleachtadh. 1. An chéad lá de Mheitheamh do tharraing Seán Ó Duibhir bille, ar Thomás Mhac Ghuidhir, an bille do bheith iníoctha i gceann trí mhí ó'n lá san. Sgríobh an bille mar a bheadh sé, agus taisbeáin air gur ghlac Tomás é. Innis cathain a bheidh ar Thomás é dh'íoc. 2. Do bhí na gnóthaí seo le billíbh age Liam Ó Seanáin is a Cht. le linn an Abráin:- Abrán 1. Fuaradh ó Shéamus Mhac Liam a Ghlacadh le bille dhá mhí ar. 7. Glacadh ó Mháirtín Breathnach bille cheithre mhí ar.
Abrán 18. Fuaradh glacadh Chormaic Mhic Dhiarmuda le billE dhá mhí ar. 20. Glacadh ó Chaoimhghin Ó Chainnigh bille mhí ar. Dein amach leabhar B/F. agus leabhar B/Í, agus innis na gnóthaí sin ionnta. Innis idtaobh gach bille dhíobh cathain a íocfar é. 3. An cúigmhadh lá de Lúghnasa, do dhíol Domhnall Ó Ceallacháin luach d'earraíbh le Diarmuid Ó Tuama; agus an naomhadh lá déag, do ghlac Diarmuid bille trí mhí ar an méid sin do tharraing Domhnall air. Taisbeáin cúntas Uí Thuama i leabhraibh Uí Cheallacháin. 4. Do ghlach Seán Mac Tola bille trí mhí ar ó Thadhg Mhac Éigin an dara lá de Mheitheamh, 1924, agus dá mhí 'na dhiaidh sin do mhalartuigh Seán é ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana i mBangc na nDéise. Nuair do hiarradh a íoc, níor tógadh é. Sgríobh na cúntais go léir a bhainfeadh leis na beartaibh gnótha san, mar a bheidís i leabhraibh Thaidhg Mhic Éigin. 5. Do bhí na bearta gnótha so idir Mhuinntir Néill, Baile na bPréachán, agus Seán Ó Séaghdha, Lios na bPúcaí:- 1916. Meith. 30. Fuighlach age Muinntir Néill ar Sheán Ó Shéaghdha, Iúl 15. Dhíol Muinntir Néill le Seán luach d'earraíbh ar cáirde. 31. Ghlac Ó Séaghdha bille trí mhí ar ó Mhuinntir Néill. Lugh. 6. Chuir Seán Ó Séaghdha seic chun Muinntir Néill ag glanadh an chúntais. Taisbeáin na cúntais mar a bheidís i leabhraibh Mhuinntir Néill. 6. Tabhair innsintí ar na beartaibh gnótha seo síos id leabhraibh cúntaisíochta:- Nlg. 20. Dhíolais luach d'earraíbh le Piaras Ó hIcéadha. Ean. 1. Ghlac Piaras le bille dhá mhí uait ar an méid sin agat air. 11. Mhalartuighis an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. 7. Tabhair innsint i gcúntasaíbh an Leabhair Mhóir ar na beartaibh gnótha so:-
1920. Abrán 1. Díoladh luach d'earraíbh le Peadar Ó hUaithnín. 18. Glac Ó hUaithnín bille trí mhí ar. 21. Malartuigheadh an bille ar 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. Iúl 21. Do hairigheadh ó'n mBangc gur theip ar Ó hUaithnín abille d'íoc. 8. Tabhair i nnsint ar na beartaibh seo i leabhraibh Bhriain is Mhathúna:- 1922. Márta 20. Cheannuighis luach d'earraíbh uatha. 24. Ghlacais bille triochad lá uatha ar an méid a bhí aca ort. 27. Mhalartuigh Briain is Mathúna an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana. 9. Tabhair innsint ar na beartaibh gnótha seo síos i Leabhar an Airgid agus ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór age León ó Róis:- 1921. Ean. 2. Cheannuigheas luach d'earraíbh uaidh. 4. Ghlacas bille triochad lá uaidh ar. 6. Do mhalartuigh León Ó Róis an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana Tráth a íoctham chuireas i núil do León Ó Róis nár féadas é dh'íoc, agus shocaruigheas leis bille eile ghlacadh ar an méid a bhí aige orm, bille tríochadh lá, agus ús mí ar an ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana ar do chur leis. D'íocas an bille sin 'na thráth féin. 10. Tabhair innsint ar na beartaibh seo mar a bheidís i Leabhraibh Uí Uaithnín:- 1922. Ean. 1. Cheannuigh an Faoiteach luach d'earraíbh ó Sheán Ó hUaithnín, agus do ghlac bille trí mhí ar an méid sin. 4. Mhalartuigh Ó hUaithnín an bille ag á Bhangc ar locáiste 5 fe'n gcéad i naghaidh na bliana.
I dtráth íoctha an bhille, chuir an Bangc i núil d' Ó hUaithnín nár íocadh an bille, agus gur cuireadh méid an bhille agus costas nodaireachta, deich sgilling, mar mhuirir ar a Chúntas, dá bhárr. Abrán 5 Thug an Faoiteach airgid d' Ó hUaithnín, agus ghlac sé bille mí ar an bhfuighlach aige air, agus ús 10 fé'n gcéad i naghaidh na bliana go ceann mí ar. Do híocadh an bille tráth a íoctha. 11. An taonmhadh lá déag ar fhichid d'Eanair, 1923, ghlac Stiophán Ó Cearnaigh bille dhá mhí ar i bhfabhar Thaidhg Uí Ruanaigh ag glanadh cúntais. Do dhein Ó Ruanaigh an bille do mhalartú ar locáiste 6 fé'n gcéad i naghaidh na bliana, an trímhadh lá d'Fheabhra. Do theip ar Ó Cearnaigh an bille d'íoc tráth a íoctha, agus, mar sin, do shocruigh sé trí billí nuadha do ghlacadh, ó'n dtrímhadh lá de Mhárta, 1923, mar seo: (a) bille i gceann mí, (b) i gceann dá mhí, (c) bille trí mhí ar an bhfuighlach, agus ús 10 fé'n gcéad i naghaidh na bliana ar feadh sé mhí ar an bhFuighlach bunaidh. Do híocadh na billí sin go léir i dtráth a níoctha. Taisbeáin na bearta san mar a bheidís i Leabhar an Airgid agus ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór age Ó hUaithnín. 12. Lá coille, 1924, cheannuigh Tomás Ó Néill gluaisteán Ó Chumann na nGluaisteán cois Life le airgead síos d'íoc agus bille trí mhí ó Lá Coille do ghlacadh ar an bhfuighlach, Do mhalartuigh Cumann na nGluaisteán an bille ar locáiste ar; ach nuair a tháinig tráth íoctha an bhille, do chuaidh de Thomás é dh'íoc, a bhí mar mhuirear nodair- eachta. Taisbeáin na hinnsintí bhí ar an sgéal i Leabhraibh an Chumainn.
Tiomantais. 129. Is minic i ninead earraí do dhíol díreach le ceannuidhthibh nó leis an bpobal, is amhlaidh a dheineann an tiúsgalaidhe iad do thiomáint chun duine eile i náit 'na nibeadh éileamh ar an saghas san earraí chun iad do dhíol thar a cheann. "Tiomantas" a tugtar ar na beartaibh earraí a curtar mar sin ó dhuine (an tiománuidhe) chun an duine eile (an timthire) chun iad do dhíol ar an margadh is fearr, agus ar an bpinginn is aoirde, mar gheibheann an timthire coimisiún do réir an airgid a gheibh- eann sé as iad do dhíol ar an margadh. Nuair a bhíonn an tiomantas go léir nó cuid de díolta ag an dtinithire cuir- eann sé "cúntas na reice," 'sé sin, cúntas ar an airgead go léir a fuair sé ar an dtiomantas agus ar na caithteachais go léir a bhain leis. Cuireann fear na nearraí do chur 'na dtiomantas réamheólas "pro forma" chun an timthire, mar mhéirín eólais dó ar cad ba cheart dó éileamh ar na hearraíbh ar an margadh. Coimeádann an tioniánuidhe eólas ar an dtiomantas a chuireann sé chun bóthair 'na leabhraibh cúntais- íochta; ach coimeádann an timthire cúntas ortha i leabhraibh fé leith, mar ní leis féin i naon chor iad, ach is amhlaidh a bhíonn sé ghá ndíol tar cheann an tiománuidhe. 130. Ó's é an timthire a dhíolann na hearraí, tabharfar ínn- sint ar an méid a bhaineann leis sin, ar dtúis. (a) Nuair a gheibheann an timthire an tiomantas, ní chuir- eann sé aon innsint air 'na leabhraibh cúntaisíochta féin, ach i leabhar fé leith, Leabhar na dTiomantas; agus má bhíonn aon roinnt de n tiomantas gan díol i ndeire na tréimhse, nuair a dhúnann sé a leabhair féin, ní thugann sé aon chúntas ar an dtiomantas ar an stór earraí atá ar láimh aige féin mar acfuinn. (b) Aon chaithteachas (costas) a bhaineann le stóras nó le hiomchar nó le hurrús an tiomantais:- Cts. an Tiománuidhe Fls. Ó Chts. an Airgid. (c) Má dhíolann sé na hearraí ar airgead síos:- Cts. an Airgid Fls. Ó Chts. an Tiománuidhe.
(d) Má dhíolann sé ar cáirde le daoinibh áirithe iad:- Cts. na ndaoine áirithe (le nar díoladh an tiomantas) Fls. Ó Chts. an Tiománuidhe. (e) Nuair a bhíonn an tiomantas díolta aige:- Cts. an Toimánuidhe Fls. Ó Chts. an Choimisiúin. Taisbeánann an fuighlach i gCts. an Tioniánuidhe an méid atá ag dul dó ó'n dTimthire. Má chuireann an timthire seic nó bille chuige ansan:- Cts. an Tiománuidhe Fls. Ó Chts. an Bhaingc (nó Chts. na mB/Í). 131. Sidé an cúntas a choimeádann an tiománuidhe ar an ngnó:- (a) Nuair a chuireann sé an tioniantas ar bóthar:- Cts. an Tiomantais Fls. Ó Chts. na nEarraí (b) Nuair a íocann sé aon chaithteachas a bhaineann le hiomchar an tiomantais, nó le na urrús, agus rl. Cúntas an Tiomantais Fls. Ó Chts. an Airgid (an Bhaingc) nó ó Chts. duine áirithe (marar íoc sé an t-airgead). (c) Nuair a gheibheann sé cúntas na reice ó'n dtimthire:- Cts. an Timthire Fls. Ó Chts. an Tiomantais. (Siné an t-airgead go léir a fuaradh ar an dtiomantas nuair a dhíol an timthire é tar cheann an tiománuidhe.) (d) Cts. an Tiomantais Fls. Ó Chts. an Timthire. (Siné suim iomlán caithteachas an timthire tar cheann an tiománuidhe ag díol an tiomantais.) Is féidir dó a dhéanamh amach uaidh sin (ó'n méid sin eólais ins na hinnsintíbh sin, a-d) ciaca rug sé nó chaill sé leis an ngnó. (e) Is é méid atá aige ar an dtimthire ná fuighlach a chúntais sin. Má chuireann an timthire seic nó bille chuige ansan: Cts. an Airgid (nó Cts. na mB/F). Fls. Ó Chts. an Timthire. Agus sin deire leis mar ghnó.
132. Nuair a théigheann an timthire i nurrús air go níocfar as na hearraíbh a dhíolann sé tar cheann an tiománuidhe, tugtar coimisiún 'sa bhreis dó ar an urrús, agus "coimisiún del credere" a tugtar ar an gcoimisiún sin a gheibheann sé. Samhlaíd. 133. An dara lá déag de Lughnasa, 1917, do chuir Muinntir Fhoghludha chun Seáin Mhic Ghabhann 'na thiomantas, 15o cás de bhioth, meadhchaint 196 chéad, 2 cheathramha, 17 bpúnt ar 17s. 6d. an céad. An seachtmhadh lá déag de mhí na Nodlag, 1917, fuaireadar cúntas na reice, dátaithe 11/11/1917, ghá thais- beáint gur díoladh na hearraí ar an céad, agus gur caitheadh an t-airgead so leó ar an gcuma so síos:- Iomchar Stóras cois calaithe Ús ar Iomchar, 30 lá Ús ar stóras cois calaithe, lá Urrús i naghaidh teine Coimisiún del credere ar 1½ fé'n gcéad Coimisiún ar 2 fé'n gcéad Chuir Seán Mac Gabhann bille trí mhí chúcha ar an bhfuighlach Na Leabhar Chúntais age Seán Mac Gabhann Leabhar an Airgid
An Leabhar Conganta Muinntir Fhoghludha Ó Chts. Úis Ó Chts. an Choimisiúin Cúntas Mhuinntir Fhoghludha. Smhn. - 1917. Ó Iomchar Tiom- antais. Ó Stóras Tiom- antais. Ó Chts. an Úis Ó Chts. an Choimisiúin Ó Chts. an Urrúis. Ó Chts. na mB/Í. Smhn. - 1917. Le Díol Tiom- antais. Cúntas na mBillí le híoc Smhn. Le Muinntir Fhoghludha. Cúntas an Úis Smhn. - 1917. Le Muinntir Fhoghludha
Cúntas an Choimisiúin. Smhn. - 1917 Le Muinntir Fhoghludha. Cúntas an Urrúis. Smhn. - 1917. Le Muinntir Fhoghludha Na Leabhar Chúntais age Muinntir Fhoghludha. An Leabhar Conganta Lugh. - 1917. Cúntas an Tiomantais. ó chts. na nEarraí (An Tiomantas do Bhioth a cuireadh chun Seáin Mhic Ghabhann) Cuntas Sheáin Mhic Ghabhann ó Chts. an Tiomantais. (Díol an Tiomantais do réir Cts. na Reice) Cts. an Tiomantais ó Chts. Sheáin Mhic Ghabhann Iomchar Stóras Urrús Ús Coimisiún Cúntas na nEarraí Lugh. - 1917. Le Cts. an Tiom- antais.
Cúntas an Tiomantais Smhn. - 1917. Le Cts. Mhic Ghabhann: Díol an Tiom- antais *Do cuirfí an Sochar san as an dTiomantas ar thaobh na nDlt. i gCts. na nEarraí nó ins an Chts. Tráchtála na dhiaidh sin. Cts. Sheáin Mhic Gabhann Smhn. - 1917 Ó Chts. an Tiom- antais Smhn. - 1917 Le Cts. Tiom- antais (mionsgéala an- súd) Nlg. - 1917 Le Cts. B/F. Cúntas na mBillí le fághail Nlg. - 1917 Ó Chts. Mhic Ghabhann Cleachtadh. 1. Fuair Pádruig Ó Loingsigh ar tiomantas ó Mhuinntir Dhuilleáin 600 bairille de phlúr ar an bairille. D'íoc sé as iomchar an phlúir; urrúis; agus stóras. Do dhíol se bairille ar an ceann agus an chuid eile ar
an ceann, agus d'iarr sé coimisiún 2½ fé'n gcéad ar toradh na reac ar Mhuinntir Dhuilleáin. Ansan do chuir sé B/T iníoctha i gceann trí mhí chúcha. Taisbeáin na cúntais ar na gnóthaíbh sin, mar a bheidís i leabhair Phádruig Uí Loingsigh agus i lcabhair Mhuinntir Dhuilleáin. I.S. 2. Do chuir Cuallacht Thullaigh an iarainn 135 thonna de bharraíbh cruaidhe mar thiomantas amach chun na hAstraoilc go dtí Muinntir Laoghaire i Sidní. D'íoc Muinntir Laoghaire na muireara so: Cur i dtír; I omchar abhaile; Stóras; Urrús; Fógraíocht. Lá Lughnasa, 1922, dhíoladar an chruaidh ar ceant mar seo: 25 thonna ar an tonna; 30 tonna ar an tonna; 30 tonna ar; agus 40 tonna ar an tonna. D'iarradar coimisiún 5 fé'n gcéad. Taisbeáin cúntas na reice do chuir Muinntir Laoghaire chun Cuallachta Thulaigh an Iarainn, ag taisbeáint an fhuighlaigh ag dul do' n Chuallacht. Do chuir muinntir Laoghaire billc chúcha abhaile ar an bhfuighlach iníoctha 30 lá taréis amhairc. Taisbcáin na cúntais a bhí i leabhraibh na Cuallachta ar an ngnó go léir, niá chuireadar luach ar gach tonna dc'n chruaidh. 3. Do chuir Cuallacht na Mianach ins na hAodhairíbh tonna d'umha anonn go dtí an Bhreatain chun Seóin Mhac Thomáis i gCathair Dáibhí, an tonna do réir an réamheólais aca. Dhíoladar féin gach costas a bhain leis an ualach.. Do dhíol Mac Toniáis an t-ualach ar an tonna. Dcin amach Cúntas an Tiomantais. 4. Deire Foghmhair 15, 1909, do chuir Bráithrc Delniáin, i Lonndain Shasana, chun Clann Domhnaill i bPort Eilíse, cás d'earraíbh measgtha, agus réamheólas pro fornia lcó ar an cás. Sidiad na costais d'íoc na bráithre féin i Lonndain: urrús; Iomchar; Muircara eile. Sidiad na costais d'íoc Clann Domhnaill ortha 'san Aifric Theas: Stóras; Cur i dtír; Urrús. Nlg. 15. Do dhíol Clann Domhnaill 30 cás des na hearraíbh ar an cás. chás ar an cás, agus
Nlg. 19. An chuid eile de'n tiomantas ar an cás. Do díoladh na hearraí go léir ar airgead síos. D'iarr Clann Domhnaill coimisiún 2 fé'n gcéad ar na reacaíbh go léir agus coimisiún del credcre 'na theannta san, 1½ fé'n gcéad. Lá Samhna do chuir Bráithre Delmáin B/T. chun Clann Domhnaill ar agus do glacadh é. Sgríobh Cúntas na Reice do cuireadh chun Bráithre Delmáin, agus sgríobh na cúntais ar an dtiomantas mar a bheidís 'na leabhraibh sin. 5. Do chuir Seán Mac Muiris luach d'earraíbh chun a dtimthire i mBuenos Aires, agus do íocadar as iomchar is urrús is costais eile agus ag an am gcéadna chuireadar B/T. iníoctha 60 lá taréis amhairc ar. Do mhalartuigheadar an bille ag an mBangc ar locáiste. Do díoladh na hearraí ar lughaide coimisiún an timthire, agus rl., agus ag an am gcéadna do chuir a dtimthire chúcha bille Baingc ar an bhfuighlach. Sgríobh na cúntais ar an dtiomantas mar a bheidís i leabhraibh Mhic Mhuiris. 6. Do chuir Mícheál Ó Ríordáin luach d'earraíbh mar thiomantas chun a thimthire, Séarlas Mac Stiobhaird, i mBaile an Dóchais, an chéad lá de Mheadhon Foghmhair, 1904, agus do dhíol na costais le na gcur ar luing, iomchar, agus urrús. Deire Foghmhair 28, do chuir Séarlas Mac Stiobhaird cúntas reice chuige, gur díoladh cuid des na hearraíbh ar agus go raibh costas air, agus d'iarr sé coimisiún agus do chuir sé bille Baingc chuige ar an bhfuighlach. D'fan luach (do réir an réamheólais pro forma agus na gcostas a bhain leó) des na hearraíbh gan díol. An dara lá de mhí na Samhna, chuir sé cúntas reice eile chun Mhíchíl, a thaisbeáin gur díoladh an chuid eile des na hearraíbh ar; d'iarr Séarlas coimisiún agus taréis na gcostas a bhain leis an ndíol, do bhaint d'airgead na nearraí i dteannta an choimisiúin, do chuir sé abhaile chun Mhíchíl B/T ar an bhfuighlach iníoctha i gceann trí mhí. Taisbeáin na cúntais ar an dtiomantas, mar a bheidís i leabhraibh Mhíchíl Uí Ríordáin. R.S.A. 7. Fuair Muinntir Bhrúin is a gCuid., Tta., tiomantas earraí ó L. Pansa, Airfic Theas. a luach. Sidiad na bearta
a bhain leis eatortha 'na dhiaidh sin: (a) Coimisiún Timthire, 5 fé'n gcéad ar gach reic; (b) Coimisiún del credere 2½ fé'n gcéad ar na reacaibh ar cáirde; (c ) D'íoc Muinntir Bhrúin as na neithibh seo; Custom; Muirear a churtha i dtír agus a iomchair; Urrús i naghaidh teine, Do chuireadar bille baingc chun L. Pansa, mar roimhíoc. Do díoladh cuid de'n Tiomantas le Liam Ó Riain ar agus cuid de ar airgead síos, agus thógadar cuid de a luach, chúcha féin mar stór. D'íoc- adar a timthireacht, 1½ fé'n gcéad. Cuireadh Cúntas na Reac agus bille 60 lá iar namharc ar an bhfuighlach ag dul dó chun L. Pansa. luach na nearraí gan díol ar stór. Taisbeáin na hínnsintí ba ghádh ins an Leabhar Conganta, agus sgríobh na cúntais i Leabhar Mór Bhrúin is a gCuideachtan. 8. An trímhadh lá d'Eanair, 1923, do fuair Muinntir Deaghdhuine is a gCuid. ó Mhuinntir Rénsí is a gCuid., Rio de Ianeiro, tiomantas earraí, deich gcás agus an comhartha so ar gach ceann díobh R.R. as an ngaltán "America Theas." Do cuireadh luach ar na hearraíbh do réir an réamheólais pro forma. An dara lá déag d'Eanair, do díoladh leath an tioniantais le Muinntir Robinson is a gCuid. ar, air- gcad síos, i gcionn seacht lá. An ceathramhadh lá déag d'Eanair, d'íoc Muinntir Deaghdhuine airgead síos ar dhiútéithibh dogaí ar an dtiomantas, agus an cúigmhadh lá déag, do dhíoladar fuighlach an tiomantais le Cuallacht an Chlóibhir, Tta., ar sheic, a cuireadh 'sa Bhangc an lá céadna. Ean. 16. Do híocadh a Muirear Stórais le hairgead. 19. Fuaradh seic ó Mhuinntir Robinson agus cuireadh 'sa Bhangc í. 20. Cuireadh Cúntas na Reac chun Muinntir Rensí agus a gCuid., agus do hiarradh coimisiún 2½ fé'n gcéad. Ní mór na bearta san d'innsint ins an Leabhar Conganta, i Leabhar an Airgid, agus ins an Leabhar Mhór age Muinntir Deaghdhuine, agus Cúntas na Reac d'ullmhú.
9. Ní foláir innsint do thabhairt ar na beartaibh gnótha so síos, (a) i leabhraibh prímhinnsinte, (b) 'sa Leabhar Mhór, agus (c) Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh. 31/12/1907, do bhí age Seán Ó Droighneáin an acfuinn seo: Airgead ar láimh; Airgead 'sa Bangc; Stór Earraí; Trosgán is Feairistí; Billí le fághail; ar Art Ó Chuinnm 9/1/'08; ar Bhriain Mhac Chinnéide, 10/1/'08; Fiacha aige ar Amhlaoibh Ó Shuilleabháin; ar Sheán Mhac Ghabhann; ar Art Mhac Chuinn; ar Bhrian Mhac Chinnéide; ar Mhícheál Réamonn. Fiachaisí: - Fiacha air age Peadar Ó Mórdha; ag Murt Ó Conaill; Billí le hÍoc le SéamUs Ó Briain, 6/1/'08; le Proinnsias Ó Riain, 8/1/'08. Do thoiligh Seán Ó Droighneáin Mícheál Réamonn do ghlachadh mar pháirtnéir ar choinghíll go níocfadh sé an méid a bhí aige air 31/12/'07, agus, ag an am gcéadna, go dtabharfadh sé isteach 'sa ghnó oiread airgid agus do bhí de Gustal ag Seán an lá san; leath an Airgid sin d'íoc 'na phremium le Seán Ó Droighneáin, agus do thaisbeáint i leabhraibh na páirtíochta mar Dheighmhéinn. Deinead san Lá Coille, 1908. Ean. 1. Ceannuigheadh dosaon frámai- rothair ar 15s. an ceann ó Pheadar Ó Meádhra; ceannuigheadh ar airgead sios 4 dhosaon cróitíní ar an ceann. 2. Díoladh ar cáirde le hAmhlaoibh Ó Suilleabháin 3 rothair ar an ceann; cuireadh ceann aca thar nais lá ar na bhárach. 3. Ghlan Seán Mac Gabhann a chu-ntas taréis a bhaint de mar gheall ar rothar do loiteadh ar bóthar. 3. Díoladh ar cáirde le Brian Mac Cinnéide 2 rothar ar an ceann, agus an dá chróitín ar an ceann. 3. Ceannuigheadh ó Mhurt Ó Chonaill 6 phéire roth ar 30s. an phéire, agus roinnt áisí ar 4. Do híocadh tuarasdail agus págh le seic; do tharraing gach páirtnéir 'na chóir féin, airgead. 6. Do híocadh seic le Murt Ó Conaill; do híocadh ag an mBangc indiu an bille le híoc le Séamus Briain; do díoladh le Seán Mac Gabhann rothar ar ar dhíol sé.
Ean. 7. Ceannuigheadh ar airgead dhá sheanrothar ar an ceann, agus do díoladh ceann aca an lá céadna ar, tharraing as an mBangc i gcóir na hoifige. 8. Do híocadh ag an mBangc an bille le híoc le Proinsias Ó Riain; ghlan Brian Mac Cinnéide a chúntas go léir indiu taréis locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de, rud nár leigeadh leis. 9. Níor tógadh an B/F ó Art Mhac Chuinn indiu; ghlac sé bille nuadh (bille mí) ar a Chúntas go léir. Díoladh le Brian Mac Cinnéide 20 cosgán ar an ceann agus 6 lampaí ar an ceann; Ceannuigheadh ó Phroinsias Ó Riain 6 dhosaon lampaí ar 3s. an ceann. 10. Tógadh an B/F ó Bhrian Mhac Chinnéide; díoladh le hArt Mac Cuinn seanrothar ar 11. Do híocadh Tuarasdail agus págh le seic; Tharraing gach páirtnéir airgead, 'na chóir féin; Do ghlac Amhlaoibh Ó Súilleabháin bille trí mhí ar a raibh d'fhiachaibh air an lá san. Buidhchas Mór Le Dia.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services