Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuntaisíocht

Title
Cuntaisíocht
Author(s)
Ó Cadhlaigh, Cormac,
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Nóláin

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúntaisíocht.



1. An té bhíonn i mbun gnótha d'aon tsórd, an ceannuighe,
an siopadóir, nó an feirmeóir féin, ní mór dó a bheith ar a
chumas a innsint aon uair conus atáthar aige, 'sé sin, cad
é an méid airgid atá ar a sheilbh féin aige 'san oifig ('san
tsiopa), nó 'san bhangc, cad é luach na n-earraí atá ar stór
aige, cad iad na fiacha atá aige ar dhaoinibh eile, agus na fiacha
atá ag daoinibh eile air féin. As an eólas san go léir, is
féidir dó a innsint ciaca atá sé go saidhbhir acfuinneach, nó
go beó bocht agus é sáidhte i bhfiachaibh. Chun an eólais sin a
dhéanamh amach dó féin, coimeádann sé leabhair 'na gcuireann
sé síos ionnta cúntas ar gach beart a bhaineann le cúrsaíbh
a ghnótha. Agus is é ainm a tugtar ar an ealadhain sin aige
ná "cúntais a choimeád" nó "cúntaisíocht."



2. Sidiad na leabhair is gnáth a choimeád:-



(a) Leabhar an Airgid.
(b) Leabhar na gCeannach.
(c) Leabhar na Reac.
(d) An Leabhar Conganta.
(e) An Leabhar Mór.



Leabhair an Airgid.



3. Is ar leabhar an Airgid a dhéanfad trácht ar dtúis, mar
níl aon ghnó ná baineann airgead leis.
Ins an leabhar san an Airgid iseadh choim-
eádthar eólas ar gach pinginn a gheibheann
an fear gnótha agus ar gach pinginn a íocann
(dhíolann) sé. An t-airgead a bhíonn aige fear nuair a thos-
nuíonn sé ar ghnó dhéanamh, is Gustal é. Caitheann sé an
t-airgead nó an gustal san ar iliomad slighte. Ceannuigheann
sé siopa nó oifig chun a ghnótha dhéanamh, agus trosgán is
gach cóir oibre eile nach mór a bheith aige 'san tsiopa nó 'san
oifig, agus ceannuigheann sé stór earraí de shaghas éigin chun
iad do dhíol leis an bpobal d'fhonn sochair a bhaint asta.



An Bhangc.



4. Is a amh anois a choimeádann fear gnótha a chuid go léir
fé iadh an tighe aige féin 'na shiopa ná 'na
oifig. Is amhlaidh a chuireann sé an chuid
is mó de'n airgead a bhíonn aige 'san bhangc
isteach' mar is ann is fearr a choimeádfar é, agus is ann is


L. 2


lugha baoghal dó gadaithe agus bithiúnaigh. Cuireann lucht an
bhaingc an tairgead chucha go haireach agus tugaid dhá leabhar
do'n fhear gnótha (do'n tiúsgalaidhe), leabhar baingc agus
leabhrín d'fhuirmíbh seice.



Leabhar cúntais is eadh an leabhar baingc 'na gcuireann
lucht an bhaingc innsint ar gach pinginn airgid a curtar i
gcoimeád 'san bhangc agus ar gach pinginn a baintear as.



Seic.



5. Is é rud é seic ná órdú sgríobhtha, gan chol gan choinghíll,
ó dhuine áirithe do bhangcaeir áirithe, oir-
ead áirithe airgid d'íoc le duine áirithe
an túisge iarrann sé é.



Sidí an fhuirm a bhíonn ar an seic:-



Uir. 21751
Corcaigh.
Banc na Mumhan agus Laighean, Tta.
Íoc le nó Órdú.
Stampa Dhá Phinginn.



6. Ní mór chúig neithe chur ins gach seic, dá líonadh, mar atá:-



(a) An lá agus an mhí.
(b) Ainm an té lena n-íocthar an t-airgead.
(c) An méid airgid nach mór a íoc leis.
(d) Ainm an té thug an tseic (órdú an airgid d'íoc.
(e) Stampa dhá phinginn.



(a) Ní mór an lá agus an mhí do chur síos, mar ní thabhar-
faidh an bangcaeir an t-airgead uaidh sé mhí taréis
na seice sgríobhadh.



(b) Ní gádh aon mhíniú thabhairt air sin.



(c) Ní mór an tsuim airgid do chur síos san tseic dhá uair
i bhfoclaibh agus i bhfigiúiríbh. Agus má bhíonn deifríocht
idir an dá shuim, ní dhíolann an bangcaeir an tseic
gan í chur i gcomhairle an té sgríobh í.



(d) Níor bh'órdú i n-aon chor an tseic gan duine do chur a
ainme léi, agus mar sin, siné ní is gátaraighe.



(e) Cáin leis an Rialtas is eadh an stampa dhá phinginn ar
gach seic.



7. Bíonn comhdhuille le gach seic ar a mbíonn uimhir na
seice féin, agus sgríobhthar air sin an méid airgid do híocadh


L. 3


agus ainm an té le nar íocadh é, i dtreó gurab usaide, ar
ball, cúntas na seice do chur i leabhar an Airgid. Nó má
ráinigheann an tseic do chailliúint nó do ghoid, is féidir gach
eólas 'na taobh d'fhághail agus rabhadh thabhairt do'n bhangc
gan í dh'íoc.



8. Is maith an tseift í an tseic do'n tiúsgalaidhe, mar i
n-inead mála mhóir airgid a thabhairt leis ar aonach nó ar
mhargadh, agus é bheith i gcontabhairt bháis ó bhithiúnachaibh, níl
aige ach an leabhrín beag úd de sheiceannaibh do chur chuige,
agus siné ar a chumas dó pé méid airgid is mian leis d'íoc.
Agus ní hé sin amháin, ach is féidir dó aon tsuim airgid is
mian leis a chur na mílte slighe ó bhaile.



9. An té le na níocthar seic ó dhuine eile, níl aige ach a
ainm (fé mar atá sí sgríobhtha ar aghaidh na seice) do sgríobhadh
ar chúl na seice agus í shíneadh chun an bhangcaera agus gheobhaidh
sé an t-airgead. Forsgríobhadh a tugtar ar ainm an duine
féin do sgríobhadh ar chúl na seice. Forsgríobhadh lom a tugtar
air leis. Forsgríobhadh ar leithligh a tugtar air nuair a curtar
aguisín leis, dhá íoc le duine eile, mar seo, cuir i gcás:



Íoc le Seán mac Séamuis nó Órdú.
Tomás mac Eóin.



Siné brígh bhíonn leis an bhfocal úd "nó órdú," gur féidir
do'n té le na níocthar an tseic í dh'íoc le duine eile ar bith
le na órdú féin mar a deintear leis an bhforsgríobhadh ar
leithligh.



Seic Dhiúltuighthe.



10. Dá ráineóchadh ná beadh an tseic sgríobhtha 'na ceart
nó ná beadh airgead na seice 'sa bhangc
age fear na seice sgríobhadh, ní díolfaí
airgead na seice leis an té shínfeadh chun
an bhangcaera í. Sgríobhfaí ar chúinne de'n
tseic na leitreacha seo C/T (cuir a tuairisg le fear na seice
do sgríobhadh) nó N/A (ní acfuinn d'fhear na seice do sgríobhadh
an oiread san d íoc). Deineann lucht an bhaingc diúltú do'n
tseic, agus mar sin, "seic dhiúltuighthe" a tugtar mar ainm
uirthi.



Crosadh Seice.



11. Ó na fuil aon teóra le gastacht bhithiúnach, agus ar eagla
go ngoidfeadh duine an tseic agus go
dtiocfadh leis airgead na seice dh'fhághail
ó'n mbangc, ghá rádh gurbh 'é féin an té
gur cheart an t-airgead d'íoc leis, téigh-
thear i muinighin chomharthaí áirithe d'fhonn na seice do chur ó
bhaoghal a íoctha le duine nár bh' í a chuid le ceart í.


L. 4


Sidiad na Comharthaí:-
(a)
(b) Agus a gCuid
(c) Bangc na hÉireann agus a gCuid.
(d) Neamhiontráchtála.
Bangc na hÉireann agus a gCuid.
a gcúnntas <cúntas, cúntas> Féin.



Crosadh seice gach ceann des na comharthaíbh sin.



(a) agus (b) - crosadh coitcheann.
(c) agus (d) - crosadh fé leith.



Má bhíonn na comharthaí (a) nó (b) ar sheic, ní díolfar airgead
na seice ach ó bhangcaeir gurab aithnid dó an té le na ndubhradh
a híoc. Má's é an comhartha (c) a bhíonn ar an tseic, ní íocfar
airgead na seice ach ó lucht an bhaingc do luadhadh 'sa chrosadh.
Nuair a bhíonn "a gcúntas féin," agus rl., ar sheic, is éigean do
lucht an bhaingc an t-airgead do chur le cúntas na ndaoine
(an té) le nar deineadh iníoctha í.



12. Is é brigh atá leis an bhfocal "neamhiontráchtála" ná
nach fearr teidiol an té gheibheann an tseic ná teidiol an té
thug dó í. 'Sé sin, má's le goid a fuair an chéad duine an
tseic, ná beadh ach ceart an ghadaidhe chúichi ag an té fuair an
tseic ó'n ngadaidhe. Ní crosadh i naon chor é, ach is foláramh
é do chách bheith ar a sheachaint ar eagla gur ó ghadaidhe gheobhthaí
í. Mar dá mb' amhlaidh a goidfí í, do bheadh d'fhiachaibh ar an
té, go mbeadh sí aige, í thabhairt thar n-ais do'n té gur leis
í le ceart. Ach an duine go mbeadh seic ná beadh an focal
san sgríobhtha uirthi aige, ní sháróchadh an saoghal a cheart chúichi,
maran le calaois a fuair sé seilbh uirthi.



13. Cóir iontráchtála de ghnáth is eadh seic. Is é ní é cóir
iontráchtála ná rud go bhfaghann duine seilbh air bona fide,
a deaghmhuinighin, agus ar luach áirithe, go bhfuil ceart agus
teidiol aige chuige, pé aineamh ná easba a bhíonn ar theidiol
an té ó na bhfuair sé é.



Sidiad comharthaí gach córach iontráchtála:-



(a) Imthigheann seilbh ann ó dhuine go chéile le na thráchtáil.


L. 5


(b) An té gheibheann seilbh air 'san tráchtáil, ní féidir
a cheart san chuige do shárú tré aon locht ab fhéidir a
bheith i gceart éinne eile chuige sar a bhfaghadh sé féin ch.



(c) Is cuma dhó san aon locht dob 'fhéidir a bheith i gceart.
duine eile go mbeadh sé aige roimhe sin, mar atá, calaois
ná beadh aon pháirtaige féin innte ná aon bhaint aige léi.



Seic Iardháta.



14. Tá ní eile a bhaineann le seic, seic iardháta, 'sé sin,
lá éigin badh dhéanaighe ná an lá do sgríobhadh
an tseic do chur uirthi mar dháta. Cuir i
gcás, seic do sgríobhfaí an dara lá fichead
de Mhárta agus go gcuirfí an naomhadh
lá fichead de Mhárta mar dháta uirthi. Deintear a leithéid
sin chun cáirde thabhairt d'fhear na seice sgríobhadh ar airgead
na seice d'íoc a dh'fhághail roimh dháta na seice. Uaireanta
cuireann ceannuightheóir seic iardháta d'iarraidh earraí i
dtreó, mar a mbeadh na hearraí chun a shástachta, gur bh'fhéidir
dó rabhadh thabhairt do'n bhangc gan é dh'íoc. 'Na leithéid sin
de chás, do b'éigean do'n cheannuightheóir a dheimhniú ná fuair
sé na hearraí dh'orduigh sé.



Locáiste.



15. Tá ní eile a bhaineann le cúrsaíbh airgid d'fhághail agus
d'íoc, 'sésin, locáiste. Nuair a íocthar airgead
síos, nó, nuair a íocthar airgead fé cheann
tréimhse áirithe aimsire, go tráthúil, bain-
tear oireadh áirithe fé'n gcéad d'iomláine na bhfiach; locáiste
a tugtar ar an siom airgid sin a mhaithtear mar gheall ar íoc
i dtráth.



An dá innsint.



16. Sar a dtosnuighead ar chaint i dtaobh cúntais nó leabhair
an airgid, ní misde beagán focal a rádh
i dtaobh ní atá ag baint le gach cúntas.
Is é ní é sin ná an dá innsint nach mór a
dhéanamh ar gach beart gnótha a bhaineann Le cúrsaíbh airgid
nó le cúrsaíbh earraí do dhíol agus do cheannach, agus gach ní
eile mar sin.



Is fáltas agus is díoluíacht 'san am gcéadna gach beart
gnótha. Is fáltas é ag an té gheibheann, agus is díoluíacht ag
an té thugann. Mar sin, nuair a cheannuigheann Seán Ó Briain
earraí ó Chonn mac Cormaic, is fáltas age Seán ó Conn iad
agus is díoluíacht age Conn le Seán. Ar an gcuma gcéadna,
nuair a curtar airgead isteach 'san bhangc, is fáltas ag an
mbangc an t-airgead san, agus is díoluíacht ag an Oifig.
Agus ní mór san do thaisbeáint ins na leabhraibh nó ins na
cúntasaíbh le dhá innsint a thabhairt ortha.


L. 6


Tarrac.



17. Nuair a curtar airgead 'san bhangc nó nuair a baintear
as é, caithtear leis an ngnó é de ghnáth;
ach uaireanta deintear roinnt airgid do
tharrac as an mbangc nó as airgead na
hoifige d'fhonn é chaitheamh ar shult nó ar chothú an tiúsgalaidhe
féin ar leithligh. Díoluíacht é sin ag an mbangc nó ag an
Oifig, do réir mar is as an mbangc nó as an Oifig a deintear
é tharrac, agus is fáltas é ag an nGustal, ag cuid an duine
féin (ag Cúntas na dTarrac).



18. Sidiad na neithe nach mór a thaisbeáint i leabhar an
Airgid:-



Éirim an Sgéil.



(a) Cathain a fuaradh nó a íocadh an t-airgead;
(b) Cé uaidh go bhfuaradh é, nó cé leis gur
íocadh é;
(c) Cad é an méid airgid a fuaradh nó a
íocadh;
(d) Ciaca le hairgead as an Oifig nó le hairgead as
an mbangc a dh'íocadh suim an airgid.
(e) Ciaca 'san Oifig a coimeádadh an t-airgead a fuaradh,
nó an amhlaidh a cuireadh 'san bhangc isteach láithreach é.



N.B.- Má curtar aon tsuim airgid isteach 'san bhangc
an lá céadna a gheibhtear é, is fáltas ag an mbangc é.



(f) An locáiste a ghabhann le híoc thráthúil.



(g) An leathanach de'n Leabhar Mhór 'na bhfuil an cúntas le
fáil.



19. Dá bhrigh sin, bíonn gach leabhar airgid roinnte 'na
chodaibh mar seo ar an dá thaobh:-



Leabhar an Airgid.
An Bhliain.
Lch.
An Locáiste.
An Oifig.
An Bangc.
Mí.
Lá.


L. 7


Taobh na bhFáltas a tugtar ar an dtaobh chlé, agus is ann
a curtar gach ní is fáltas. Fls. a sgríobhthar 'na nod.



Taobh na nDíoluíacht a tugtar ar an dtaobh dheas, agus is
ann a curtar gach ní is díoluíacht. Dlt. a sgríobhthar 'na nod.



20. Samhlaíd ar Leabhar an Airgid.



1914.
Mí na Nodlag 1. Airgead ar láimh age Seán Ó
Briain i dtosach
2. Chuir sé isteach 'san bhangc
4. Cheannuigh sé earraí ó Eóin mhac
Énna, agus d'íoc sé asta le
seic
Leigeadh 'na locáiste leis
11. Cheannuigh sé earraí ar airgead
síos
15. Bhain sé as an mbangc
16. Dhíol sé Tuarastail-Airgead
17. Dhíol sé Cíos-Airgead
18. Dhíol sé earraí ar airgead síos
19. Chuir sé 'san bhangc
21. Dhíol sé le Séamus Ó hUiginn
- seic agus leigeadh 'na
locáiste leis
22. Fuair sé ó Thomás mhac Ghabhann
agus leig sé 'na locáiste
leis
23. Dhíol sé a hIomchar Earraí -
Airgead
24. Dhíol sé Tuarasdail - Airgead
25. Dhíol sé Earraí ar airgead síos
26. Bhain sé as an mbangc dó féin
28. Seic i gcóir Mionchostas
29. Fuair sé ó Mhuiris Ó Chuill,
agus chuir isteach 'san bhangc
30. Dhíol sé Cáin agus Sreatha le
hairgead


L. 8


Teagasg agus Comhairle.



Is í céad cheist nach foláir a chur i gcómhnuidhe i dtaobh gach
birt ghnótha ná ciaca fáltas nó díoluíacht é age lucht an ghnótha,
agus ansan cé uaidh go bhfhuaradh nó cé leis gur díoladh.



An chéad bheart anso - £350 ar láimh i dtosach bárra -
fáltas aisgid é sin as a Ghustal, agus mar sin curfar ar
thaobh na bhfáltas é, mar seo:-



Ó'n nGustal £350



Gach aon am curtar airgead 'sa bhangc nó a baintear as é,
ní foláir a chuimhneamh gur fáltas agus díoluíacht ag an am
gcéadna é - tá san fíor i dtaobh gach birt (§ 16)- ach ó tá
cúntas an air gid 'san oifig agus cúntas an airgid 'sa bhangc
i dteannta a chéile i Leabhar an Airgid, ní foláir an dá innsint
do thabhairt ar gach beart de'n tsaghas san.



Cúrsaí airgid amháin a bhíonn i Leabhar an Airgid agus, mar
sin, má cheannuightear earraí ar airgead, tugtar an t-airgead,
agus, dá bhrigh sin, is díoluíacht ag Leabhar an Airgid an ní
is gáltas ag Cúntas na nEarraí. Agus ar an gcuma gcéadna,
an ní is gáltas ag Leabhar an Airgid, nuais a díoltar earraí
ar airgead síos, is díoluíacht é ag Cúntas na nEarraí. Gach
díoluíacht a deintear le seic is díoluíacht ag an mbangc í,
agus, mar sin, ní foláir an suim airgid a chur i gcolúin an
bhaingc ar thaobh na ndíoluíacht. Gach seic a gheibhtear, ní foláir
an suim airgid a chur i gcolúin an airgid ar thaobh na bhFáltas,
ach amháin nuair a curtar 'sa bhangc an lá céadna a gheibhtear
é, nuair is 'sa bhangc a curtar é.



Nuair a bhíonn na birt go léir curtha síos i Leabhar an Airgid,
ní foláir an dá thaobh do chothromú leis an ndifríocht eatortha
do chur leis an taobh is lugha airgead. An Fuighlach a tugtar
mar ainm ar an ndifríocht san.



<Táibhle>


L. 9



L. 10


CLEACHTADH.



1. Leabhar Airgid do sgríobhadh ag taisbeáint cúntais
airgid Sheáin mhic Eóin ó'n eólas seo síos:-



Nodlaig 1. Airgead ar láimh
1. Airgead 'sa bhangc
4. Dhíol sé Earraí ar Airgead síos
6. D'íoc sé Tuarasdal as an Airgead
7. Bhain sé as an mbangc do'n ghnó
7. D'íoc sé a hIomchar Earraí le seic
8. Fuair sé seic ó Mhuinntir Dhuibhir
Leig sé leó 'na locáiste
9. Cuireadh seic Mhuinntir Dhuibhir 'sa
bhangc
12. Do híocadh seic le Tomás mac Séamuis
ag glanadh a chúntais
Leigeadh 'na locáiste



2. Cuir na bearta seo síos i Leabhar Airgid agus dein
an cúntas do chothromú mar a bhí an deichmhadh lá fichead de
Mheadhon Foghmhair, 1917:-



Meadh. Fogh. 1. Airgead ar láimh
1. Airgead 'sa bhangc
2. Baineadh as an mbangc
3. Do híocadh airgead as Earraíbh
3. Do híocadh le Tadhg Ó Ruadháin
5. Do díoladh Earraí ar Airgead síos
6. Cuireadh isteach 'sa bhangc
10. Fuaradh seic ó Chormac Ó Bhriain
agus leigeadh leis 'na locáiste
15. Do híocadh Airgead - Tuarasdal
17. Do híocadh seic le Muinntir Thuama
agus do leigeadh 'na locáiste uatha
19. Do baineadh as an mbangc
23. Do híocadh seic ar Chíos
27. Do híocadh Airgead ar Earraíbh
28. Do híocadh seic le Seán Ó Cuinn
29. Fuaradh Airgead ar Earraíbh a
díoladh
30. Do híocadh costais na hOifige le
hairgead
30. Do baineadh as an mbangc
30. Do cuireadh isteach 'sa bhangc


L. 11


3. Cuir na bearta so síos i Leabhar an Airgid:-



Meith. 1. Airgead ar láimh £. s. d.
1. Airgead 'sa bhangc
4. Do híocadh airgead ar Iomchar Earraí
6. Fuaradh seic ó Mhuinntir Liatháin
6. Cuireadh isteach 'sa bhangc í; leigeadh
'na locáiste leó
8. Do híocadh Airgead ar Earraíbh
10. Díoladh Tuarasdal le hAirgead
15. Fuaradh airgead ar Earraíbh
18. Baineadh as an mbangc
20. Díoladh an Cíos le hairgead
23. Tugadh seic do Mhuinntir Stiopháin;
Leigead 'na locáiste uatha
25. Fuaradh seic ó Mhuinntir Liatháin agus
cuireadh 'sa bhangc í
26. Díoladh Earraí ar Airgead síos
28. Baineadh as an mbangc
30. Fuaradh seic ar Earraíbh a díoladh agus
cuireadh 'sa bhangc í



4. Ó'n eólas so síos déan Leabhar an Airgid do
sgríobhadh:-



£ s. d.



Márta 1. Tosnuigheadh an tiúsgal le hAirgead
3. Cuireadh 'sa bhangc
6. Fuaradh seic ó Shéamus mhac Sheáin agus
cuireadh 'sa bhangc í
Leigeadh leis 'na locáiste
7. Fuaradh seic ó Risteárd mac Canna
agus cuireadh 'sa bhangc í
9. Do híocadh Airgead ar Earraíbh
10. Fuaradh Airgead ó Sheán mhac Eóin
12. Cuireadh 'sa bhangc
14. Do híocadh seic le T. mac Risteáird
18. Baineadh as an mbangc
20. Díoladh Earraí ar Airgead síos
22. Cuireadh 'sa bhangc
25. Fuaradh seic ó Chormac mhac Dhiarmuda
agus cuireadh 'sa bhangc í
30. Do híocadh Airgead - Tuarasdal


L. 12


5. Leabhar na Airgid do dhéanamh amach ó'n eólas so
síos:-



£. s. d.



Meitheamh 1. Airgead ar láimh
1. Airgead sa bhangc
4. Tugadh seic do Mhuinntir Chárthaigh
agus leigeadh 'na locáiste uatha
5. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos
9. Fuaradh airgead ó Eóin Ó Briain
agus leigeadh leis 'na locáiste
10. Fuaradh seic ó Liam mhac Dhuibh
agus leigeadh leis 'na locáiste
12. Cuireadh isteach 'sa bhangc
15. Sgríobhadh seic i gcóir na hoifige



6. Leabhar an Airgid do sgríobhadh ó'n eólas



£. s. d.



Ean. 2. Airgead ar láimh
2. Airgead 'sa bhangc
4. Fuaradh Airgead ó Liam mhac Ghabhann
agus leigeadh 'na locáiste leis
5. Díoladh Earraí ar Airgead
6. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead
7. Fuaradh seic ó Mhuinntir Chaoimh
agus leigeadh 'na locáiste leó
9. Cuireadh isteach 'sa bhangc
10. Baineadh as an mbangc
15. Díoladh Tuarasdal le hairgead
16. Tugadh seic do Phól Ó Dhochartaigh
16. Agus do leigeadh 'na locáiste uaidh
18. Díoladh Earraí ar Airgead
19. Cuireadh 'sa bhangc
23. Do híocadh Iomchar Earraí le hAirgead
24. Do híocadh Tuarasdal le hAirgead
27. Baineadh as an mbangc dam féin
28. Sgríobh seic i gcóir an Mhionairgid
28. D'íoc an Cíos le seic
29. Fuaradh seic ó Liam mhac Chóda agus cuir-
eadh 'sa bhangc í
30. Do híocadh Cáin Ioncuim le seic
31. Do híocadh Tuarasdail Oifige le hAirgead


L. 13


7. Leabhar an Airgid do dhéanamh amach i gcóir na mbeart
so síos:-



Márta 1. Airgead ar láimh



£. s. d.



1. Airgead 'sa bhangc
2. Díoladh Tuarasdail le hAirgead as an Oifig
3. Tugadh seic do Mhuinntir Dhomhnaill
agus leigead 'na locáiste uatha
5. Fuaradh ó Thadhg Ó Cheallaigh agus cuir-
eadh 'sa bhangc
Leigeadh leis 'na locáiste
6. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos
7. Cuireadh isteach 'sa bhangc
8. Tugadh do Shéamus Ó Chorbáin - seic
agus leigeadh 'na locáiste uaidh
9. Fuaradh ó Mhuinntir Mhaoileóin
11. Cuireadh 'sa bhangc
12. Fuaradh seic ó Chonn Ó Fhloinn agus
cuireadh isteach 'sa bhangc í
13. Fuaradh seic uí Fhloinn ó'n mbangc mar
do diúltuigheadh di
14. Fuaradh ó Chonn Ó Fhloinn - airgead tirm



8. Dein an Cúntas do chothromú:-



Abrán 1. Airgead ar láimh
2. Cuireadh 'sa bhangc
4. Dhíol Earraí ar Airgead síos
5. Díoladh a Fograíbh
6. Do híocadh seic le Máirtín is a gCuid
Locáiste
8. Fuaradh ó Mhuinntir Bhreathnaigh agus
cuireadh 'sa bhangc
Locáiste
9. Fuaradh ó Bhriain mhac Chába
Locáiste
11. Ceannuigheadh Earraí ar Airgead síos
13. Fuaradh ó Chathal mhac Chormaic
Locáiste
15. Ceannuigheadh Gual ar Airgead síos
18. Baineadh as an mbangc 'na chóir féin
23. Fuaradh ó Sheán Ó Chathail
Locáiste


L. 14


Abrán 23. Díoladh ar Airgead síos Earraí
23. Cuireadh an dá airgead san 'sa bhangc
26. Do híocadh le Muinntir Dhomhnaill
28. Do baineadh as an mbangc i gcóir na
hOifige
29. Do híocadh seic le Tomás Ó Duinn
Locáiste
30. Do híocadh iolchostais



9. Leabhar an Airgid do sgríobhadh ó'n eólas so síos:-



Ean. 2. Airgead ar láimh. 'sa bhangc
3. Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige
4. Do híocadh le Bóthar an Oirthir, Airgead
4. Do híocadh seic le Peadar Mac Seóin
Locáiste
5. Fuaradh Ó Bhriain mhac Ghregóir seic a cuir-
eadh 'sa bhangc (locáiste 15s. 6d.)
6. Do híocadh págh an lucht oibre le hAirgead
Oifige
6. Tugadh airgead do chustomaeir ar sheic, a
cuireadh 'sa bhangc
7. Fuaradh Airgead ó Éamonn Mhac Ghabhann



10. Dein amach Leabhar an Airgid i gcóir na mbeart so
síos:-



Ean. 1. Airgead ar láimh, £49 18s. 4d.; Airgead 'sa bhangc,
1. D'íoc Art Mac Cuinn a chúntas (£125) lughaide
locáiste 5 fé'n gcéad.
1. Cuireadh 'sa bhangc,
4. Do híocadh le Brian Ó Mathúna a raibh aige orm ach
locáiste 2½ fé'n gcéad.
6. Do híocadh Tuarasdail,
8. Do mhalartuigh B/T ag an mbangc, £300. Locáiste
baingc,
8. Do híocadh Premium Urrúis,
10. Do híocadh B/Í ag an mbangc,
13. Bainead as an mbangc i gcóir na hOifige,


L. 15


Ean. 13. Do híocadh Tuarasdail,
18. Do díoladh Earraí ar Airgead síos,
18. Do híocadh Tuarasdail,
23. Do híocadh le seic a raibh ag Mícheál Ó Ceallaigh
orm,
Lughaide locáiste 5 fé'n gcéad.
27 Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige,
27. Do híocadh Tuarasdail,
31. Do bhain fear an ghnótha as an bhangc 'na chóir féin,
31. Do híocadh le hAirgead iolchostais ghnótha,



CEISTEANNA.



1. Cad chuige go ndeintear cúntais do choimeád?



2. Cad é an ní é "cúntaisíocht"?



3. Cad é an leabhar is tábhachtaighe ar leabhraibh cúntais an
tiúsgalaidhe?
Cad 'na thaobh san? Tabhair tuairisg air.



4. Abair trí leabhair eile a bhíonn le haghaidh na gcúntas
do choimeád.



5. Tabhair tuairisg ar aon cheann díobh.



6. Cad é an t-eólas a gheibhtear a Leabhar an Airgid?



7. Cad é an ní é "gustal"? Conus a caithtear é? Ar
chiallmhar an rud do dhuine é go léir do chaitheamh? Cad
'na thaobh san?



8. Cad 'na thaobh go gcuireann tiúsgalaidhe roinnt dá chuid
airgid 'sa bhangc?



9. Cad a gheibheann sé ó'n mbangcaeir nuair a chuireann sé
airgead 'sa bhangc do'n chéad uair? Cad chuige go
bhfaghann?



10. Cad is seic ann?



11. Cad é brigh na bhfocal "gan chol gan choinghill"?



12. Cad e an difríocht atá idir "duine áirithe" agus "duine
éigin"?



13. Innis cad iad na neithe nach mór a chur ins gach seic, agus
cad 'na thaobh?


L. 16


14. Sgríobh seic iníoctha le Diarmuid mac Cormaic ar £4 6s. 8d.
Dein féin an fhuirm do dhéanamh a blúire páipéir agus
sgríobh i gcinn-litreachaibh gach focal a bhíonn clóbhuailte
ar an ngnáthfhuirm.



15. Cad a chialluigheann "seic a dáta," agus "seic iardháta."



16. Cad iad na buadha ag seic le híoc a dhéanamh thar airgead?



17. Conus a deintear seic slán ó bhaoghal a ghoidthe?



18. An mó slighe 'nar féidir sin do dhéanamh?



19. Cad is crosadh coitcheann ann? Crosadh se leith? Ciaca
crosadh dhíobh is fearr, dar leat? Cad 'na thaobh san?



20. Cad é an bhrigh atá le "neamhiontráchtála"?



21. Cad is "cóir iontráchtála" ann? Cad iad cómharthaí gach
córach iontráchtála? Ainmnigh dhá chóir iontráchtála
eile seachas seic.



22. Cad é an bhrigh atá le "bona fide"?



23. Cad nach niór a dhéanamh chun airgid seice dh'fhághail?



24. Cad é feidhm na bhfocal so ar an seic: a gcúntas féin,
a chúntas féin, a cúntas féin? Cathain a dh'úsáidthear
gach focal fé leith dhíobh?



25. Mínigh: cómhdhuille seice; forsgríobhadh; forsgríobhadh
lom; forsgríobhadh ar leithligh.



26. Cad is locáiste ann? Cathain a leigtear le duine é?



27. Cad iad an dá innsint nach foláir a thabhairt ar gach beart
gnótha ins na leabhraibh cúntais? Cad 'na thaobh san?
Tabhair samhlaíd ar an ní sin, an méid a bhaineann le
Leabhar an Airgid.



28. Cad is tarrac ann? Tabhair cúntas ar an dá ní seo mar
a bheídis i Leabhar an Airgid: (a) Do bhain Seán Ó
Séaghdha £10 as an mbangc dó féin chun báid do
cheannach; (b) chun tuarasdal na bhfear oibre d'íoc.



29. Cad iad na neithe nach mór a thaisbeáint i Leabhar an
Airgid?



30. Dein fuirm Leabhair an Airgid do thaisbeáint ar do
pháipéar agus cuir isteach chúig bearta ar gach taobh.



31. Cad is fáltas ann? Cad is díoluíacht ann? Cad iad na
nuid a sgríobhthar i ninead na bhfocal san?



32. Cad a chialluigheann: ceannach ar cáirde; díol ar cáirde:
cáirde fhada



33. Cad is acfuinn ann? Acfuinn bhuan; acfuinn sealadach?


L. 17


34. "Is minic a bhíonn ní 'na acfuinn bhuan age duine agus
an ní céadna 'na acfuinn sealadach age duine eile."
Conus san?



35. Mínigh na nuid seo Fls.; Dlt.; N/A; C/T.



36. Cad a chialluigheann: "airgead síos."



37. Cad a chialluigheann: cúntaisíoct an dá innsint?



38. Cad is "seic dhiúltuighthe" ann?



39. Sidiad na gnáthbhearta a dheineann lucht tiúsgail:



Earraí do dhíol agus do cheannach ar airgead síos; air-
gead d'fhághail is do thabhairt ag glanadh fiacha; locáistí
a leigint leó agus uatha; gnáthchostais iomchair earraí;
airgead do chur isteach 'sa bhangc agus do bhaint as.



Dein fuirm Leabhair Airgid a dh'oiriunóchadh a leithéidí
agus cuir síos ann beart de gach saghas dhá thaisbeáint
go dtuigir an sgéal.


L. 18


Cothromú an Dá Cúntas.



21. Coimeádann lucht an bhaingc cúntas ar gach aon phinginn
airgid a chuireann an tiúsgalaidhe isteach 'sa bhangc, agus
ar gach aon phinginn a bhaineann sé as.



Cothromú an dá Chúntas.



Coimeádann an tiúsgalaidhe cúntas ar gach díoluíacht a
dheineann sé le seic, 'sé sin, ar gach díol-
uíacht tríd an mbangc, agus ar gach aon
phinginn a chuireann sé isteach ann. Ar
an gcuma san, is féidir dó, i ndeire aon
tréimhse, cúntas an airgid 'sa bhangc, do réir lucht an bhaingc,
do fhromhadh leis an gcúntas a choimeádann sé féin air i Leabhar
an Airgid. Ní ghabhann an dá chúntas le chéile i gcomhnuidhe;
mar an tseic a dhíolfadh an tiúsgalaidhe, b'fhéidir ná hiarrfaí
airgead uirthi go ceann seachtmhaine tar éis deire na tréimhse,
agus dá bhrigh sin, ní bheadh aon chúntas uirthi i gcóir na tréimhse
sin ag lucht an bhaingc, agus, mar sin, ní bainfí airgead na
seice sin de chuid an tiúsgalaidhe 'sa bhangc. Mar an gcéadna,
an tseic a chuirfeadh an tiúsgalaidhe 'sa bhangc, tar éis í
dh'fhághail ó dhuine eile, b'fhéidir ná baileófí airgead na seice,
dá mna ar bhangc eile a bheadh íoc na seice, roimh
dheire na tréimhse, agus, mar gheall air sin ná curfí airgead
na seice sin le cuid an tiúsgalaidhe 'sa bhangc. D'fhágfadh
san difríocht idir an dá chúntas, ní nach iongna.



Níor mhór do'n tiúsgalaidhe an dá chúntas a thabhairt le
chéile ansan. Cothromú an dá chúntas a tugtar ar an dtabhairt
le chéile sin.



Seo samhlaíd ar an gcothromú san adeirim:-



An Fuighlach do réir leabhair an bhaingc



Seiceanna nár bailigheadh a chur leis sin:-



Seán Ó Sirriaim
Liamh Ó Broin



Seiceanna nár íocadh a bhaint de:-
Muinntir Mhaoileóin
Tadhg Mac Cormaic



Fuighlach do réir Leabhair an Airgid


L. 19


22. Bíonn a lán mionchostas ag baint le gach aon ghnó, pé .
beag mór é, agus díoltar iad a suim áirithe airgid a curtar
ar leathtaoibh d'aonghnó chuige sin.



Leabhar an Mhionairgid.



Ní hé cléireach na leabhar gcúntas, fear na leabhar do
choimeád a dheineann an t-airgead san do
bhainistighe i n-aon chor, ach fóchléireach
éigin. Is amhlaidh a tugtar suim airgid dó
san i dtosach tréimhse agus bíonn air cúntas
do choimeád ar gach pinginn a caithtear ar mhionchostasaíbh,
mar atá, iomchar earraí, páipéar sgríobhtha, postacht leit-
reach, díoluíacht a turasaibh gearra a deintear tar cheann lucht
an tiúsgail nuair is gádh an deithineas, agus aon mhíonchostais
eile mar sin a bhainfeadh le gnáthobair an lae. I ndeire na
tréimhse, taisbeántar an leabhar san an mhionairgid do'n
chúntasóir agus pé méid a bhíonn caithte de'n tsuim airgid
a tugadh do chléireach na mionchostas i dtosach, tugtar an
méid sin dó arís i dtreó go dtosnuigheann sé gach tréimhse
leis an oiread chéadna airgid. Ní foláir adhmháil, nó deimhne,
ar gach airgead do caitheadh, do bheith ag fear an mhionairgid
le taisbeáint d'fhear na gcúntas do choimeád. Chuige sin,
tugtar leabhrín beag d'fhuirmíbh admhála dhó, agus aon airgead
a thugann sé uaidh. Ní foláir dó'n té gheibheann é a ainm do
chur le fuirm díobh mar fhiadhnaise ar fhírinne an chaithteachais.
Ní foláir uimhir na hadmhála do chur síos i gcúntas an mhion-
airgid i naghaidh gach caithteachais go bhfuil admháil air.


L. 20


23. Seo samhlaid ar Leabhar an Mhionairgid:-



Samhlaid ar Leabhar an Mhionairgid.


L. 21


Cuir na neithe seo síos i Leabhar an Mhionairgid:-



1. Nlg. 1, Fuighlach ar láimh; Nlg. 2, Do híocadh
an bheantighe; Nlg. 3, Ceannuígheadh Stampaí;
4, Fuaradh ó'n gCisteóir; Nlg. 5,
Fuaradh a díol se andeisge; Nlg. 6, Taisteal ar
tram, ilneithe; bioth; telegráma.



2. 1911, Nlg. 31, Fuighach ar láimh; 1912, Ean. 1,
Fuaradh an difríocht idir sin agus; Ean. 2, Ceannuigheadh
stampaí; Ean. 3, Do híocadh a hiomchar traidín,
Do híocadh costas taistil; Ean. 4,
Ceannuigheadh adhbhar pacála; Ceannuigheadh
Páipéarachas; Ean. 5, Do híocadh le fear oibre;
Ean. 6, Ceannuigheadh earraí ar mhargadh,



3. 1923. £ s. d.
Feabhra 5. Mionairgead ar láimh
5. Seic do fuair fear an Mhionairgid
ar íocaíochtaíbh le linn na seachtmhaine
roimhe
5. Do híocadh ar Stampaíbh puist
6. Do híocadh a hIomchar
7. Do híocadh a páipéaracas
10. Do híocadh a stampaíbh puist; a
hiomchar; a taisteal, 8s. 9d.



Tabhair anuas an Fuighlach, mar a bhí an dara lá déag
d'Feabhra.



CLEACHTADH.



1. Dein fáisnéis fhuirmiúil a thabharfaidh Leabhar an Airgid
agus Leabhar an Bhaingc le chéile ó'n eólas so síos:-



£ s. d.
Nlg. 31. An Fuighlach do réir Leabhair an Bhaingc
Seiceanna do sgríobhadh roimh deire Mí
na Nodlag ach nár cuireadh fé
bhrághaid an bhaingc go dtí grod 'san
Eanair:



Tadhg Mac Suibhne
Seán Ó Conaill
Seiceanna do cuireadh 'sa bhangc roimh
dheire Mí na Nodlag ach nár bailigheadh
go dtí an chúigmhadh lá d'Eanair:
Muiris Ó Catháin
Seán Ó Laoghaire
Fuighlach i Leabhar an Airgid


L. 22


2. An t-aonmhadh lá triochad de Mhí na Nodlag, 1903, do
dhein lucht an bhaingc do chúntas aca do chothromú agus bhí
d'fhuighlach agat ann dá réir. Ach do réir
mar do dheinis féin amach é i Leabhar an Airgid, fuairis ná
raibh agat ann ach. Cad do dhéanfá chun teacht
ar an ndifríocht san idir an dá chúntas do mhíníú.



3. An t-aonmhadh lá déag ar fichid de Mhí na Nodlag, do bhí
age Liam Mac Eóin 'sa bhangc do réir Leabhair an Bhaingc.



Chonnaic sé, ámh, taréis é dh'infhiuchadh ná raibh aon innsint
ann ar na seiceannaibh seo do thug sé uaidh an dá lá deiridh
de'n mhí:-



Liam Mac Guidhir agus a Chuid-
eachta
Seán Ó Séaghdha
Mathún Ó Tuama
Simeón Ó Ceallaigh



agus ní lugha ná mar a bhí innsint ar sheic do fuair sé lá nó
dhó roimhe sin ó Mhícheál Mac Amhlaoibh ar.



Má choinghibh sé féin a Leabhar Airgid 'na cheart innis cad
é fuighlach a bhí 'sa bhangc aige dá réir. Cad fé ndear an
difríocht san 'sa dá chúntas?




CEISTEANNA.



1. Conus is féidir fírinne an Leabhair Bhaingc do fhromhadh?



2. Cad 'na thaobh ná bíonn Leabhar an Bhaingc agus Leabhar
an Airgid ar aon fhuighlach, go minic?



3. Cad deineann an tiúsgalaidhe chun an dá chúntas do
thabhairt le chéile?



4. Cad nach foláir do'n tiúsgalaidhe chríochnúil a dhéanamh,
mar sin, gach aon uair a sgríobhann sé seic?



5. Cad í an difríocht atá idir Leabhar an Airgid agus
Leabhar an Mhionairgid?



6. Conus is fearr is féidir cúrsaí na mionchostas do
riaradh?



7. Dein fuirm a riaradh chun na mionchostas ba ghnáth i siopa
lóin a thaisbeáint.



8. Cá gádh Leabhar Mionairgid do choimeád i naon chor?



9. An té ná beadh aon chúntas i Leabhar an Airgid ar na
seiceannaibh d'íoc sé le linn tréimhse áirithe, conus a dheanfadh
sé taobh na ndíoluíacht i Leabhar an Bhaingc do fhromhadh?


L. 23


Leabhar na gCeannach.



24. Nuair a ceannuightear earraí ní foláir cúntas do
choimeád ar:-



Leabhar na gCeannach.



(a) cathain a ceannuigheadh iad;
(b) cé uaidh (uatha) gur ceannuigheadh iad;
(c) an méid earraí a ceannuigheadh d'aon
iarracht;



(d) an tairgead a bhí ar gach saghas earra fé leith agus ar na
hearraíbh go léir i dteannta a chéile.



(e) aon chostas eile a dh'árdóchadh fiacha na nearraí, mar
atá: costas na mbosgaí nó na gcanfás a bheadh um na
hearraíbh, costas a niomchair, costas a nurradhais ar
bhaoghal a gcaillte nó a millte;



(f) aon ní a bhainfeadh ó na bhfiacha mar atá, locásite gnótha,
'sé sin, oiread áirithe fé'n gcéad a bhaint d fhiachaibh earraí
nuair a díoltar 'na gcodaibh móra iad le lucht an aon
ghnótha. Allú ntas breise ar an locáiste airgid é sin.



Nuair a curtar earraí ó cheannuidhe go chéile, curtar fuirm,
"an Réamheólas" amach an lá céadna curtar na hearraí ar
bóthar, ag tabhairt gach eólais 'na dtaobh. Cuireann an tiús-
galaidhe an fhuirm sin chuige i gcumhdach, agus nuair a thagann
na hearraí chun baile deineann sé iad d'infhiúchadh do réir
an "Réamheólais" agus an órduighthe dhein sé féin dá niarraidh,
agus ansan sgríobhann sé macsamhail de'n "Réamheólas"
i leabhar fé leith 'na gcoimeádann sé gach fuirm dá saghas.
Leabhar na gCeannach a tugtar ar an leabhar san.



25. Sidé an riaradh a bhíonn ar an Leabhar san na gCeannach:


L. 24


1. An bhliain; 2. an mhí; 3. an lá de'n mhí; 4. an mhuinntir
ó nar ceannuigheadh na hearraí, agus na hearraí, go léir do
ceannuighead; 5. an leathanach de'n leabhar mhór 'na bhfuil
cúntas an duine ó nar ceannuigheadh na hearraí; 6. an
t-airgead a bhí ar gach saghas earra fé leith; 7. iomlán fiacha
na nearraí do fuaradh d'aon bheart ó'n nduine gcéadna.



Baintear an locáiste gnótha d'fhiacha na nearraí sar a
gcurtar i gcolúin a 6 iad, agus mar sin is minic a bhíonn
colúin 'sa bhreis 'sa leabhar.



26. Samhlaíd ar Leabhar na gCeannach.



1910.



Eanair 1. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bhriain, Át Cliath:
3 dosaon hataí ar £5 an dosaon
3 dosaon caipíní ar 20s. an dosaon



3. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Mhurchadha, Át Luain:
25 slat éadaigh ar 7s. 6d. an tslat
49 slat éadaigh ar 12s. an tslat



6. Ceannuigheadh ó Mhuinntir aodha, Doire:
40 slat línéadaigh ar 3s. an tslat
8 dosaon bónaí ar 4s. 6d. an dosaon.



Seo mar a cuirfí cúntas air sin i Leabhar na gCeannach:



1910.



Ean.



Muinntir Bhriain, Áth cliath
3 dos. hataí ar £5 an dos.
3 dos. caipíní ar 20s. an dos.



Muinntir Mhurchadha, Áth Luain
25 sl. éadaigh ar 7s. 6d. an tslat
49 sl. éadaigh ar 12s. an tslat



Muinntir Aodha. Doire.
40 slat línéadaigh ar 3s.
8 dos. bónaí ar 4s. 6d.


L. 25


Cleachtadh.



1. Leabhar na gCeannach age Maitiú Ó Conaill do sgríobhadh
ó'n eólas so síos:-



Bealtaine 1. Ceannuigheadh ó Labhrás Ó Loingsigh, Áth Cliath:
55 slat éadaigh ar 6s. 3d. an tslat, agus
48 slat éadaigh ar 7s. 6d. an tslat.



7. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Mhurchadha, Corcaigh:
210 slat éadaigh ar 8s. 9d. an tslat, agus
115 slat éadaigh ar 8s. an tslat.



8. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bheóláin, Doire:
120 slat de línéadach ar 38s. an tslat, agus
50 slat de línéadach ar 40s. an tslat



2. Leabhar Ceannach do sgríobhadh ó'n eólas seo síos:-



Meadh. Fogh. 2. Ceannuigheadh ó Shéamus Mhac Dhubhghaill, Glaschú:
180 slat de línéadach ar 12s. 8d. an tslat.
43 slat de línéadach ar 10s. 8d. an tslat.



5. Ceannuigheadh ó Thomás Mhac eóin, Lonndain:
200 slat de línéadach ar 15s. 9d. an tslat.
100 slat de línéadach ar 16s. 3d. an tslat.



10. Ceannuigheadh ó liam Mhac Stiabhna, Manchuin:
190 slat éadaigh ar 10s. 6d. an tslat.
75 slat éadaigh ar 14s. an tslat.



15. Ceannuigheadh ó Shéamus Mhac Dhubhghaill, Glaschú:
200 slat éadaigh ar 16s. an slat.



30. Ceannuigheadh ó Liam Mhac Stiabhna, Manchuin:
175 slat éadaigh ar 14s. 6d. an tslat.



3. Leabhar ceannach do sgríobhadh ó'n eólas so síos:-
Feabhra 1. Ceannuigheadh ó Chumann Mianach an Tuaiscirt
1000 tonna de ghual mhór ghaile ar 35s. an tonna.



2. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Dhálaigh, 3000 tonna
de ghual mhór ghaile ar 37s. 6d. an tonna,
lughaide 5 fé'n gcéad 'na locáiste gnótha.



5. Ceannuigheadh ó'n gCumann cois Sionainne 850
tonna de ghual mhór ar 32s. 9d. an tonna,
lughaide 5 fé'n gcéad locáiste gnótha, agus
350 tonna de ghual bheag ar 25s. 4d. an tonna
lughaide 7 fé'n gcéad locáiste gnótha.


L. 26


Reaca.



Miondealú ar Leabhar Ceannach.



27. I ngnóthaíbh móra, a roinntear do réir na nearraí a
bhíonn dá ndíol, deintear miondealú ar
Leabhar na gCeannach nó ar Leabhar na Reac,
chun go bhfeictear de stracfhéachaint cad
é luach na nearraí do ceannuigheadh nó do
díoladh ins gach roinn fé leath de'n ghnó. Mar seo, cuir i gcás:



1924.
T. Ó Briain, Corcaigh.
C. Mac Guidhir, Áth Luain.
Muinntir Longáin, Luimneach
Eóin Ó Dubhghaill, Tráighlí.



Leabhar na Reac.



28. An tiúsgalaidhe críochnúil a bhíonn ag díol earraí 'na
gcodaibh móra lc daoinibh eile, coimeádann
sé cúntas ar na hearraíbh a dhíolann sé,
fé mar a coimeádthar ar na hearraíbh a
ceannuightear. Ó's é an t-eólas céadna
a bhíonn ann a bhíonn i leabhar na gCeannach, is í fuirm Leabhair
na gCeannach a bhíonn ar leabhar na Reac (§ 25), agus mar
sin, ní gádh samhlaoidí thabhairt ar fhuirm ná ar úsáid an
leabhair sin.



Leabhair na n-Aiseag.



29. An "Réamheólas" úd a dubhradh a curtar chun an
cheannuighe, lá nó dhó sar a sroiseann na
hearraí é, ní mór tuairisg agus fiacha na
nearraí ansúd agus 'san órdú, a cuireadh
d'iarraidh na n-earraí, a chur i gcomparáid
le chéile, féachaint an mar a chéile iad; agus, ansan arís,
nuair a thagann na hearraí chun baile, na hearraí féin do
sgrúdadh is d'infhiúchadh go maith, féachaint an bhfuil aon locht
a ganfhios ortha, nó féachaint an bhfuilid do réir a dtuair-
isge 'san Réamheólas agus 'san órdú. Mara bhfuilid, an
méid díobh ná fuil chun sástachta an cheannuighe, curtar thar
nais iad chun an té (na ndaoine) ó nar thángadar. Bíonn dá
leabhar ag gach tiúsgalaidhe a cheannuigheann agus a dhíolann
earraí 'na gcodaibh móra i gcóir neithe de'n tsórd san.
"Leabhar na nAiseag Amach" a tugtar ar an leabhar 'na
gcoimeádann sé cúntas ar na hearraíbh a chuireann sé thar


L. 27


nais chun an té (na ndaoine) ó nar ceannuigheadh iad toisg
lochtaí bheith ionnta, nó toisg aon chúis eile. "Leabhar na
n-Aiseag Isteach" a tugtar ar an leabhar 'na gcoimeádann
s cúntas ar na hearraíbh a curtar thar nais chuige féin ós
na daoinibh le nar dhíol sé iad toisg gan iad do bheith chun
a sástachta.



Neósfar ar ball nuair a bheidh teacht thar an leabhar mór
cad na thaobh go gcoimeádthar na cúntais sin.



Ceisteanna.



1. Cad é an t-eólas a gheibhtear a "Leabhar na gCeannach "
agus a "Leabhar na Reac"?



2. Dein fuirm an dá leabhar san do chu síos ad leabhar
agus cuir isteach ann innsint ar chúig beartaibh gnótha
a cuirfí ionnta.



3. Mínig "miondealú ar leabhar na gCeannach." Cad 'na
thaobh go ndeintear an miondealú san?



4. Miondealuigh Leabhar Ceannach a bheadh oiriúnach do ghach
gnó díobh so síos agus cuir i ngach miondealú chúig
bhearta gnótha:-(a) Gnó siopa lóin; (b) gnó tabhairne;
(c) gnó éadaigh do dhíol; (d) gnó tobac.



5. Cad í an dífríocht atá idir "locáiste airgid" agus
"locáiste gnótha."



6. Cad is "Réamheólas" ann?



7. Cad nár mhór don tiúsgalaidhe chiallmhar a dhéanamh nuair
a shroiseann beart earraí é?



8. Sgríobh leitir ag órdú beart earraí i gcóir gnó éadaigh.



9. Cad chuige go gcoimeádthar "Leabhar na n-Aiseag isteach "
agus "Leabhar na n-Aiseag Amach"?



10. Sgríobh leitir a chuirfeá chun lucht gnótha le linn duit
earraí do chur chucha thar nais toisg gan iad do bheith
chun do shástachta.



11. Innis trí neithe eile seachas luach na nearraí féin a
dh'árdóchadh a bhfiacha.



Cleachtadh.



1. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Mhuinntir Chiasóg is
Seóighe, leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, is Leabhar na
Reac do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an Airgid do chothromú


L. 28


agus iomlán na gCeannach is na Reac do dhéanamh amach in a
leabhraibh cearta féin:-



1923.



Ean. 1. Cuireadh £700 sa bhangc i gcóir an ghnótha do tiús-
galadh an lá san.



1. Ceannuigheadh leabhrín Seiceanna, 16s. 8d., a baineadh
dá gcúntas 'sa bhangc.



1. Baineadh as an mbangc i gcóir na hOifige, £30.



3. Tugadh seic ar Throsgán Oifige, £75.



4. Ceannuigheadh ar cáirde ó:
Sheán Mhac Gharaigh, 2 chd. de mhairtfheóil ar 55s. an
céad, Bhrian is a Mhac, 2 chaoirigh ar £6 an ceann.



5. Díoladh ar cáirde leis "an teaghlach":-
½chd. de mhairtfheóil ar 1s. 2d. an púnt.
28 bpúnt de chaoirfheóil ar 1s. 3d. an púnt.



6. Sgríobh seic chun tuarasdal d'íoc £7. Mionchostais £4.



6. Díoladh le "Teaghlach na nGarsún":-
50 púnt de chaoirfheóil ar 1s. 2d. an púnt.



8. Díoladh 'sa tsiopa ar airgead síos:-
90 púnt de mhairtfheóil ar 1s. 3d. an púnt.
30 púnt de chaoirfheóil ar 1s. 4d. an púnt.
Ilneithe, £2 10s.



9. Ceannuigheadh ar cáirde. ó:-
Phádruig Ó Thuathail, 4 chéad de mhairtfheóil ar 54s.
an céad.
Éamonn Ó Dubhghaill, caora ar £5 15s.



10. Díoladh ar cáirde leis an "tigh oibre":-
3 chd. de mhairtfheóil ar 1s. 2d. an púnt.
56 phúnt de chaoirfheóil ar 1s. 2d. an púnt.



11. Díoladh 'sa tsiopa ar airgead síos:-
Ilneithe, £2.



12. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.



13. Sgríobhadh seic ag díol tuarasdal £9; Iolchostas,



15. Fuaradh seic ó'n "teaglach" ag glanadh an chúntais;
leigeadh locáiste leó 5%.



16. Cuireadh seiceanna chun Seáin Mhic Garaigh agus chun
Bhriain agus a Mhic ag lánghlanadh a gcúntas.
leigeadh locáiste uatha san 2½ fé' n gcéad.


L. 29


1923.



Ean. 17. Fuaradh seic ó "Theaghlach na nGarsún" ag lánghlanadh
an chúntais.



18. Díoladh ar airgead síos, ilneithe



19. Cuireadh seieeanna chun Éamuinn Uí Dhubhghaill agus
chun Phádruig uí Thuathail ag glanadh a gcúntas.
Leigeadh locáiste uatha san 5 fé'n gcéad.



19. Fuaradh seic ó'n "tigh oibre" ag glanadh an chúntais.



20. Sgríobhadh seic ag díol:-
Tuarasdal, £9 10s.
iolchostas, £4.



20. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.



2. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Shéamuis Mhic Suibhne,
Leabhar an Airgid, Leabhar na gCeannach, is Leabhar na Reac do
sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an airgid do chothromú, agus
iomlán na gCeannach is na Reac do thaisbeáint ina leabhraibh
cearta féin:-



1921.



Márta.



1. Fuighlach an airgid 'sa bhangc, £35.



1. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £35.



2. Ceannuigheadh ó Séamus Mhac Liam, 5 chd. de
thapióc ar 17s. an céad.



3. Díoladh ar cáirde le Bean Uí Cheannuidhe:-
5 púnt de thapióc ar 1s. 1d. an púnt.
6 púnt de thé ar 3s. 6d. an púnt.
½chloch de shiúcra ar 10d. an oúnt.



4. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £40.



5. Díoladh na tuarasdail le seic, £6.



6. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.



8. Cuireadh seic chun Séamuis Mhic Liam, £2 0s. 4d.
Locáiste leigeadh uaidh 2s. 2d.



8. Díoladh le hArd-sgoil na mBan nÓg:-
6 clocha de shiúcra ar 10d. an púnt.
2 chloich de thé ar 3s. an púnt.
3 clocha de thapióc ar 1s. 1d. an púnt,


L. 30


1923.



Márta 9. Do dhíol Bean Uí Cheannuidhe as na neithibh a cheannuigh
sí an trímhadh lá de'n mhí; leigeadh locáiste 2
fé'n gcéad léi.



12. Díoladh na tuarasdail le seic £6 10s.



13. Cuireadh seic chun an tighearna talmhan ar chíos
leithbhliana go dtí an t-aonmhadh lá déag ar fhichid
d'Iúl, £60.



13. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.



15. Fuaradh seic ó Árd-sgoil na mBan nÓg ag glanadh
fiacha na neithe do ceannuigheadh an t-ochtmhadh lá.
de'n mhí; leigeadh locáiste 5 fé'n gcéad leó.



15. Díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £20.



16. Do ceannuigheadh ó Lucht an tSolátair:-
2 chd. de chriostal-shiúcra na nIndiacha Thiar
ar 71s. an céad.
1 chd. de bhán-siúcra Mhauritius ar 80s. an céad.



17. Do híocadh le seic a páipéar sgríobhtha, £4 10s.



18. Do díoladh ar airgead síos-Ilneithe, £25.



19. Do híocadh na tuarasdail le seic, £6.



19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.



3. Ó'n eólas seo síos ar ghnóthaíbh Risteáird uí Mhathúna,
Leabhar an airgid, Leabhar na gCeannach agus Leabhar na Reac
do sgríobhadh. Ní foláir Leabhar an airgid do chothromú agus
iomlán na gCeannach agus na Reac do thaisbeáint ina leabh-
raibh cearta féin:-



1921.



Feabhra 1. Fuighlach an airgid 'san Oifig, £25.



1. Fuighlach an airgid 'san bhangc, £600



2. Ceannuigheadh ó Chumann Guail Bhreatan Theas:-
100 tonna de ghual ar 40s. an tonna.
Ó Chumann an Gheasa:
200 tonna de chóc ar 35s. an tonna.



3. Díoladh ar cáirde le Sgoil na nGarsún:
10 tonna de ghual ar £2 10s. an tonna.
15 tonna de chóc ar £2 7s. 6d. an tonna,


L. 31


1921.



Feabhra. 4. Do híocadh tuarasdail £10, Mionchostais £2, le seic.



6. Díoladh ar airgead síos 5 tonna de ghual ar
£2 8s. an tonna



7. Cuireadh seic chun Cumainn Guail bhreatan Theai.
ag glanadh cúntais, £190. Leigeadh 'na locáiste
uatha, £10.



9. Tugadh seic do'n tighearna talmhan ar chíos na
leathbhliana, £50.



10. Díoladh ar cáirde le Cumann an Déantúis:
50 tonna de ghual ar £2 8s. an tonna.
100 tonna de chóc ar £2 6s. an tonna.



11. Do híocadh tuarasdail £9, agus Mionchostais
£1 10s., le seic.



11. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.



13. Cuireadh seic chun Cumainn an Gheasa ag lánghlanadh
an chúntais, £332 10s. Locáiste a leigeadh
uatha £17 10s.



14. Fuaradh seic ó Chumann an Déantúis £332 10s.
(Locáiste a leigeadh leó £17 10 s.)



15. Fuaradh seic ó Sgoil na nGarsún, £57 11s. 11d.
Locáiste a leigeadh leó, £3 0. 7d.



16. Ceannuigheadh ó chumainn Guail Bhreatan Theas:
150 tonna de ghual ar 40s. 6d. an tonna.



16. Díoladh ar airgead síos, 7 dtonna de ghual ar
48s. an tonna, agus 10 dtonna de chóc ar
47s. an tonna.



17. Díoladh ar cáirde le Sgoil na gCailíní:-
20 tonna de ghual ar £2 10s. an tonna.
3 tonna de chóc ar £2 7s. 6d. an tonna.



18. Díoladh a páipéar sgríobhta le seic, £6 10s.
Díoladh tuarasdail £12, Mionchostais £5, le seic.
Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.


L. 32


An Leabhar Conganta.



30. An Leabhar Laethúil nó an Leabhar i naghaidh an Lae a
tugtar ar an leabhar san uaireanta, mar
'sa tseanaimsir do coimeádthaí innsint
ar gach beart gnótha, fé mar thárluigheadh,
ins an leabhar san. Do hínnstí i dtaobh gach
birt, cé hé an duine nó cad é an cúntas do gheibheadh, agus
cé hé an duine nó cad é an cúntas do thugadh, sé sin, do
hínnstí i dtaobh gach birt cad é an cúntas 'nar bh'fháltas é
agus cad é an cúntas 'nar dhíoluíacht é.



31. Mar seo, féach: £ s. d.
Ean. 3. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Néill, Earraí
3. Ceannuigheadh ó Sheán Ó Dhubháin, Earraí
11. Cuireadh thar nais chun Sheáin Uí Dhubháin
Earraí
13. Díoladh le hÉamonn Mac Eóin, Earraí
15. Díoladh Earraí ar airgead síos
18. Do híocadh seic le Seán Ó Dubháin
19. Do fuaradh ó Éamonn Mac Eóin airgead
agus leigeadh leis 'na locáiste
25. Cuireadh isteach 'sa bhangc



Seo mar do cuirfí síos ar na beartaibh sin 'san Leabhar
Chonganta:-



An Leabhar Conganta.



Lch.
Fáltas.
Díoluíacht.



Cúntas na nEarraí fls.
ó Chts. Mhuinntir Néill
Cúntas na nEarraí fls.
ó Chts. Sheáin Uí Dhubháin
Cts. Sheáin Uí Dhubháin fls.
ó Chts. na nEarraí
Cts. Éamuinn Mhic Eóin fls.
ó Chts. na nEarraí
Cts. an Airgid fls.
ó Chts. na nEarraí
Cts. Sheáin Uí Dhubháin fls.
ó Chts. an bhaingc
Cts. an Airgid fls.
ó Chts. Éamuinn Mhic Eóin
ó Chts. an locáiste
Cts. an Bhaingc fls.
ó Chts. an Airgid


L. 33


Cleachtadh.



1. Na gnóthaí seo síos ag Muinntir Mhic Ghabhann le linn
an Mheithimh, 1914, do chur síos 'sa Leabhar Laethúil:-



1914.



Meitheamh. 2. Cuireadh Earraí thar nais chun Sheáin
Mhic Mhuiréig
5. Ilneithe do díoladh ar airgead síos
10. Díoladh Earraí le Seán Mac Craith
17. Cuireadh Earraí thar nais chun
Mhuinntir Eóin
19. Leigeadh locáiste le Risteárd Ó
Broin
21. Cuireadh Earraí thar nais ó Sheán
Mhac Chraith
24. Do híocadh Tuarasdail Oifige le
seic
30. Díoladh Earraí ar sheic a cuireadh
isteach 'sa bhangc
30. Tugadh seic do Thomás Ó Chathail ag
glanadh a chúntais agus do
leigeadh locáiste uaidh.



2. Cad é an t-eólas a ghéibhtear ós na hinnsintí seo síos
'sa Leabhar Laethúil:-



Fls.
Dlt.
Cts. an Airgid
ó Chts. an Ghustail
Cts. Sheáin Mhic Gabhann
ó Chts. na nEarraí
Cts. an Airgid
ó chts. Sheáin Mhic gabhann
Cts. an Bhaingc
ó Chts. an Airgid
Cts. Shéamuis Uí Bhriain
ó Chts. an Bhaingc
ó Chts. an locáiste
Cts. an Airgid
Cts. an locáiste
ó Chts. Pheadair Uí Fháilbhe


L. 34


3. Ins an Leabhar Chonganta age Pádruig Breathnach, do
bhí na hinnsintí seo síos le linn na Nodlag, 1914. Dein gach
ceann díobh do mhíniú go cruinn:-



1914
Nlg.
Drochfhiacha
ó Liam Ó hUaithnín
Costais Gnótha
ó Mhionairgead
Locáiste
ó Chts. Sochair agus Dochair
Iomchar Earraí
ó Mhuinntir Eóin (lucht Iomchair)
Stór Earraí
ó Chts. na nEarraí
Cts. Sochair agus Dochair
ó Chts. na Ghustail



32. Ach anois ní coimeádthar 'sa leabhar san aon chúntas
ar bheartaibh airgid ná ar bheartaibh earraí do dhíol is do
cheannach, ná ar aon bheart eile go bhfuil leabhar fé leith 'na
chóir; ach, is amhlaidh a curtar ann innsint ar bheartaibh ná
fuil aon leabhar fé leith 'na gcóir i dtreó gurab é ainm is
oiriúnaighe dhó ná an Leabhar Conganta



Sidiad na neithe ar a gcoimeádthar cúntas ortha ins an
Leabhar Chonganta:-



(a) Innsint do thabhairt ar Staid Ghnótha idir dhá linn;
(b) Drochfhiacha do luadh;
(c) Ús ar fhiachaibh;
(d) Cailliúint;
(e) Tuathail do cheartú;
(f) Ús ar Ghustal;
(g) Innsintí do chur a cúntas isteach i gcúntas eile agus rl.
(h) Buillí sguir.



33. I ndeire gach tréimhse, pé fada gairid í, deintear amach
ós na leabhraibh cúntais conus atáthar
age lucht an ghnótha, 'sé sin, cad é an méid
airgid atá ar sheilbh an lucht gnótha, cad é
luach na nearraí atá ar stór aca, cad é
luach a gcórach oibre go léir, cad iad na
fiacha atá aca ar dhaoinibh eile, agus na fiacha atá ortha féin
(an sochar nó an dochar a tháinig as tráchtáil na tréimhse), agus
annsan méid a nGustail,


L. 35


Seo mar a taisbeáinfí Staid Ghnótha idir dhá linn:-



Fiachaisí
Fiacha ag:-
Murt Ó Conaill
Tadhg Ó Briain
Gustal



Acfuinn
Airgead ar láimh
Airgead 'sa bhangc
Stór Earraí
Cóir Oibre is Trosgán
Fiacha ar:
M. Ó hAodha
P. Mac Énrí



"Clár na bhFuighlach" a tugtar ar an bhfuirm sin ag
táisbeáint Staide an Ghnótha.



Acfuinn.



34. Is é rud Acfuinn ná aon airgead, earraí, nó sealbhas
eile a bhíonn age lucht gnótha le nar féidir
dóibh fiacha do ghlanadh. Mar sin, áirmhighthear
na fiacha, a bhíonn ag an lucht tiúsgail ar
dhaoinibh eile, ar an Acfuinn.



Tá dhá shaghas acfuinne ann, acfuinn bhuan agus acfuinn
shealadach. Acfuinn bhuan a tugtar ar na neithibh ná téigheann
diobh leis an bhfeidhm a baintear asta chun an tiúsgail do
dhéanamh agus do choimeád ar siubhal, mar atá: foirgnimh,
meaisíní, córacha oibre, agus rudaí eile de'n tsórd san.
Acfuinn shealadach a tugtar ar na neithibh go dtéigheann díobh
an túisge baintear feidhm asta i gcúrsaibh an ghnótha, mar
atá: airgead, agus na hearraí a díoltar chun sochair a
dhéanamh, agus aon ní eile mar sin.



Gustal.



35. Adubhradh cheana (§ 3) gurab é ní an Gustal ná an
méid airgid a bhíonn age lucht tiúsgail
nuair a tosnuightear ar ghnó a dhéanamh.
Ach, caithtear a bheag nó a mhór de'n airgead
san ar earraíbh agus ar neithibh eile nach foláir a bheith age
tiúsgalaidhe chun an gnótha do choimeád ar siubhal, i dtreó,
i gceann tamaill, go n-áirmhighthear ar an nGustal na hearraí
sin go léir a bhíonn gan díol, agus luach gach córach eile oibre
i dteannta an airgid thirm a bhíonn age lucht tiúsgail gan
caitheamh. Rud eile dhe, is gnáthach do lucht gnótha díol agus
ceannach ar cáirde; ach, nuair a thagann an cáirde, caithtear
na fiacha ghlanadh, agus, mar sin, is móide Gustal an tiús-
galaidhe na fiacha a bhíonn aige ar dhaoinibh eile, agus is lughaide


L. 36


a Ghustal na fiacha a bhíonn age daoinibh eile air féin. Dá
bhrigh sin, ó' s chun sochair a bhaint a tráchtáil a chuireann daoine
chun gnótha do dhéanamh, is móide a nGustal pé sochar a thagann
dóibh as an ngnó, agus is lughaide é an dochar.
A Fhaid ar a ghiorracht, is é ní an Gustal, nuair a bhíonn an
tiúsgal fé lán tseóil, ná an difríocht idir an Acfuinn agus
na Fiachaisí.



36. Is léir ó'n méid sin nach foláir na leabhair chúntais go
léir do dhúnadh, 'sé sin, na cúntais go léir do chothromú,
sarar féidir an t-eólas a bhíonn ins an Staid Ghnótha dh'Fhághail.
Agus sara dtosnuightear ar an aththréimhse, gach suim airgid
a taisbeántar ins an Staid Ghnótha mar acfuinn nó mar fhiachas.
é chur ina chúntas cheart féin; agus chuige sin, taisbeántar
ar dtúis ins an Leabhar Chonganta ciaca fuighlach fáltais nó
fuighlach díoluíachta gach suim airgid díobh san.



37. Seo mar a taisbeánfí ins an Leabhar Chonganta an
Staid Gnótha úd ó chianaibh (§ 33):-



An Leabhar Conganta.



Cts. an Airgid
Cts. an bhaingc
Cts. na nEarraí
Cts. Mh. Uí Aodha
Cts. Ph. Mhic Énrí
Cts. na gCórach Óibre
ó Chts. Mhuirt Uí Chonaill
ó Cts. Thaidhg Uí Bhriain
ó Cts. an Ghustail



N.B. - Cuimhnigh go maith gur fáltas gach acfuinn agus gur
díoluíacht gach fiacha. Is ionann an Gustal agus an difríocht
idir an acfuinn agus na fiachaisí.



Cleachtadh.



Staid an Ghnótha ins gach cás díobh so síos d'innsint 'sa
Leabhar Chonganta:-



1. Lá Coille, 1924, do bhí aige Liam de Barra, airgead;
Earraí; Fearaistí Gnotha; Fiacha ar


L. 37


Thadhg Ó Mhurchadha; agus ar Chonn Ó Mhaolcatha.
Do bhí d'fhiachaibh air ag Muiris Ó Faoláin; agus
ag Tomás Ó hAodha.



2. Lá 'le Brighde, do bhí ag Art Ó Laoghaire airgead;
Earraí; Fiacha ar Séamus Ó Corbáin; Cóir Ghnótha.



3. Lá Lughnasa, 1924, do bhí ag Tomás Ó Flathartaigh airgead
'san Oifig; Airgead 'sa bhangc; Earraí;
Capall is Trucail; Fiacha ar Thadhg Ó Sheanáin;
agus ar Dháith Ó Chaoimh. Do bhí d'Fhiachaibh air ag Muinntir
Cheallaigh; agus ag Muinntir Liatháin.



4. Sidiad síos Acfuinn is Fiachaisí an ghnótha pháirtíochta
age Seán is Séamus Ó Coileáin an taonmhadh lá déag ar
fhichid de mhí na Nodlag, 1916; Airgead 'sa bhangc,
Fiacha aca; Fiacha ortha. Stór Earraí.
Meaisíní. Foirgnimh, Fiacha Cíosa. Dein
an difríocht do roinnt ar an dá bhráthair, dhá dtrian ar Seán
agus an trian eile ar Shéamus.



Drochfhiacha.



38. Drochfhiacha a tugtar mar ainm ar na fiachaibh nách féidir
a bhailiú. Má bhíonn ag tiúsgalaidhe
ar dhuine eile, agus go dtéigheann d'acfuinn
an duine sin i dtreó nach féidir dó thar
a leath, fé'n bpúnt, do ghlanadh, is drochFhiacha ag an
dtiúsgalaidhe an méid a dh'fhanann gan díol. Nó, má imthigheann
duine gan bith a thuairisge, agus a lán fiacha a Fhágaint 'na
dhiaidh gan glanadh, is drochfhiacha iad, toisg ná bhíonn aon
tsúil go bráth ag an lucht éilimh le hiad d'íoc.



39. Seo samhlaíd air sin:-



Do chuaidh d'acfuinn Eóin Mhic Thomáis agus níor dhíol sé
ach fé'n bpúnt d'á fhiachaibh.



An Leabhar Conganta.



Cts. Drochfhiacha Fls.
ó Chts. Eóin Mhic Thomáis





D'imthigh Seán Mac Fáin gan bith a thuairisge agus dob'
éigean na fiacha a bhí air d'áireamh mar dhrochfhiacha.



An Leabhar Conganta.



Cts. Drochfhiacha Fls.
ó Chts. Seáin Mhic Fháin



Ins an chéad shamhlaíd díobh san tuas, do glacadh
ó Eóin Mhac Thomáis 'na lánchúiteamh ar na fiacha go léir a bhí
air; do maitheadh an chuid eile dhó. Ach ó nár bh'fhéidir a rádh


L. 38


le figiúiríbh gur bh'ionann an méid a díoladh agus na fiacha go
léir a bhí air, tugadh drochFhiacha ar an méid a dh'fan gan díol
agus do cuireadh an méid sin i gcúntas Eóin Mhic Thomáis
leis an méid a díoladh ag glanadh na bhfiacha go léir a bhí air
ag an dtiúsgalaidhe.



Ins an dara samhlaíd tuas, ó bhí Seán Mac Fáin imthighthe
agus gan aon teacht ar an airgead a ghlanfadh na fiacha do bhí
air, agus ó nár bh'fhéidir do'n tiúsgalaidhe a rádh go raibh fiacha
aige air feasta, nuair do chuir sé a shúil d'á nglanadh, dob'
éigean dó an cúntas san Sheáin Mhic Fháin do dhúnadh leis an
méid chéadna do chur ag cúiteamh na bhfiacha, agus drochfhiacha
do thabhairt mar ainm ar an méid le nar cúitigheadh na fiacha.



Taisbeánfar ar ball (§ 67) conus do taisbeánfí na
himtheachta san 'sa Leabhar Mór i gcúntas Eóin Mhic Tomáis
agus i gcúntas Sheáin Mhic Fháin.



Ús ar Fhiachaibh.



40. Do hinnseadh cheana (§ 15) conus mar a baintear oiread
áirithe fé'n gcéad d'iomláine na bhfiacha
a bhíonn ar dhuine mar gheall ar íoc fé cheann
aimsire áirithe go tráthúil. Nuair a bhíonn
duine go mall righin ag glanadh na bhfiacha
a bhíonn air bíonn "a chonách san" air leis. Curtar oiread
áirithe fé'n gcéad 'sa bhreis leis na fiachaibh a bhíonn cheana
féin air mar gheall ar an righneas díoluíochta san aige. Tugtar
cáirde áirithe chun na bhfiacha do ghlanadh, agus an túisge
bhíonn an cháirde caithte caithtear na fiacha dh'íoc, nó, neachtar
aca, caitheann an té (na daoine) go mbíonn na fiacha air (ortha)
ús do dhíol ar na fiachaibh dh'fanúint amuigh gan glanadh.



An té gheibheann airgead ar iasacht ó dhuine eile, caitheann
sé díol as úsáid an airgid iasachta; mar an gcéadna do
lucht fiach, caitheann siad díol as an gcáirde 'sa bhreis.



41. Seo samhlaídí ar an ús san ar fhiachaibh:-



(a) Cuireadh ús le fiachaibh Sheáin Mhic Leadráin:
An Leabhar Conganta.
Cts. Seáin Mhic Leadráin Fls.
ó Chts. an Úis.



(b) Má's ar fhear na leabhar féin a curtar an t-ús do dhíol:
An leabhar Conganta.
Cts. an Úis. Fls.
ó Chts. Seáin Uí Dhuinéigin



Is é cúis go náirimhighthear an t-ús úd ar a fhiachaibh ar fháltasaíbh


L. 39


Sheáin Mhic Leadráin mar go bhfaghann sé luach an úis, 'sé
sin, an cháirde 'sa bhreis. Agus 'san dára cás, tugann Seán
Ó Duinéigin an cháirde agus, mar sin, is díoluíacht aige a
luach, 'sé sin, an t-ús.



Cailliúint.



42. Ní foláir do'n tiúsgalaidhe gach ní a thaisbeáint 'na
leabhraibh cúntais a chuirfeadh le sochar
nó le dochar an ghnótha. Ins an Leabhar
Chonganta a coimeádthar cúntas ar aon
ní de'n tsórd san lasmuigh des na gnáthrudaíbh, mar atá:
cúrsaí airgid d'Fhághail is d'íoc, cúrsaí earraí do cheannach
is do dhíol, agus rl. Uaireannta ráinigheann tré dhrochsheans
éigin go gcailltear roinnt de chuid an tiúsgalaidhe le
dóighteán nó le briseadh luinge nó le capall do thuitim
marbh nó le h-aon mhíádh eile mar sin. Aon tiúsgalaidhe
ciallmhar fadaraidhneach, dhéanfadh sé urrús ar a chuid i dtreó,
dá dtuitfeadh aon bhá rthan anuas air, ná beadh sé síos leis.
Ach, ráinigheann go minic ná beadh urrús ar an ní do caillfí,
nó dá mbeadh, b'fhéidir ná beadh urrús iomlán ar an luach
go léir do caillfí. Ní foláir an chailliúint do thiocfadh as
an bhfaillighe sin do thaisbeáint ins an Leabhar Conganta.



43. Seo samhlaíd ar ní de'n tsórd san:-



Dóighteán i dtigh stóir le tiúsgalaidhe, agus do dóghadh
luach d'earraíbh agus gan urrús ach ar luach díobh.



An Leabhar Conganta.



Cts. Cailliúint le Dóighteán Fls.
ó Chts. na nEarraí



Do cailleadh luach £100 ar fad, ach, má 's eadh, do fuaradh
'na dhiaidh sin ó'n gCumann um urrús ar Dóighteán, ach
d'imthigh luach leis an gcailliúint, 'sé sin, tugadh an luach
san d'earraíbh do'n chailliúint, agus mar sin, is díoluíacht
ag Cúntas na nEarraí é. Dála an sgéil, conus do taisbeáinfí
ins na Leabhraibh Cúntais go bhfuaradh 'na eineachlann?



Ús ar Ghustal.



44. An té go mbíonn breis agus dóithin a chothuighthe féin
d'airgead aige, cuireann sé cuid de ar
taisce 'sa bhangc, nó cuireann sé amach
ar breis i dtiúsgalaibh eile é, agus gheibheann
sé oiread áirithe fé'n gcéad ar iasacht a
choda airgid ó lucht an bhaingc nó ó lucht an tiúsgail go
mbíonn tairbhe an airgid aca. Dá bhrigh sin, ní misde dho'n
tiúsgalaidhe ús d'iarraidh ar an airgead nó ar an nGustal
a bhíonn aige le cothú a ghnótha féin seachas an sochar a bheadh


L. 40


ag dul dó as an ngnó do thabhairt chun críche. Rud eile, tar
éis an úis sin ar a Ghustal, a cúig fé'n gcéad is gnáth, do
bhaint a prafíd an ghnótha, is féidir dó a fheisgint an fiú dhó
leanúint de'n obair a bhíonn idir lámhaibh aige.



Seo samhlaíd air sin:-



Cuireadh Ús 5 fé'n gcéad ar an nGustal
An Leabhar Conganta.
Cts. an Úis Fls.
ó'n nGustal



45. Tá trácht ar cheartú na dtuathal le fághail i nalt a 81,
is ar innsintíbh d'aistriú a cúntas go cúntas eile i nalt a
85, 80, agus ar na builíbh sguir i nalt a 85, 86, do réir mar
a deintear na neithe sin insan Leabhar Conganta.


L. 41


An Leabhar Mór.



46. Leabhair na Prímhinnsinte a tugtar mar ainm ar na
leabhraibh gur deineadh trácht ortha go dtí
so, mar atá: Leabhar an Airgid, Leabhar
na gCeannach, Leabhar na Reac, Leabhar
na nAiseag Amach, Leabhar na nAiseag
Isteach, agus an Leabhar Conganta. Deintear dealú ar na
beartaibh gnótha ins na leabhraibh sin chun gurab usaide dho'n
chúntasóir iad do chur isteach 'na gcúntasaíbh cearta féin
ar ball ins an Leabhar Mhór.



Siné leabhar ceart na gCúntas, agus is as an leabhar san
a gheibhtear an t-eólas úd go léir a dubhradh, a gheibhtear a
cúntaisíocht, ins an chéad alt de'n tráchtas so.



47. Seo mar a bhíonn gach leathanach de'n Leabhar Mhór:-



An Leabhar Mór.
Cúntas.



Féach go mbíonn an cúntas ar an aon leathanach amháin, ní
hionann agus Leabhar an Airgid (§ 19). Gach fáltas ar an
dtaobh chlé, agus gach díoluíacht ar an dtaobh dheas. (1) An
bhliain 'na raibh an cúntas ar siubhal; (2) an mhí; (3) an lá
de'n mhí; (4) an ní do b'fháltas nó ba dhíoluíacht; (5) an
prímhleabhar 'na bhfuaradh eólas an sgéil i roinnt a 4; (6)
méid an airgid. Sidiad na nuid a d'úsáidthear: L/A, Leabhar
an Airgid; L/C, Leabhar na gCeannach: L/R, Leabhar na Reac;
L/Ca, an Leabhar Conganta; A/A, Leabhar na nAiseag Amach;
A/I, Leabhar na nAiseag Isteach.



48. Sidiad na cúntais a bhíonn ins an Leabhar Mhór de ghnáth:
Cúntas an Ghustail; Cúntas na dTarrac; Cúntais na
bPearsan na mbionn déighleáil gnótha ag lucht an tiúsgail
leó; Cúntas na nEarraí do cheannach is do dhíol; Cúntais
na nAcfuinn, mar atá: Trosgán, Fearaistí, Córacha, Tighthe,


L. 42


Foirgnimh, Meaisíní agus gach acfuinn bhuan eile dá leith-
éidíbh sin; Cúntaisí Caithteachais is Cúitimh, mar atá, Droch-
fhiacha is Ús ar fhiachaibh, Ús ar Ghustal, Cailiúint tré dhroch-
sheans, agus gach ní eile mar sin, Cúntas na Tráchtála; agus
an Cúntas Sochair agus Dochair.



Cúntas an Ghustail.



49. Is é an Gustal a thugann beatha agus cothú do'n ghnó
go léir agus mar sin is ar thaobh na ndíol-
uíacht a bhíonn méid an Ghustail i gcomh-
nuidhe. Do taisbeánadh cheana gurab ó'n
nGustal gheibhtear an t-airgead le na gcur-
tar tiúsgal ar bun. Ins an samhlaíd ar leabhar an Airgid
(§ 20) do hinnseadh san mar seo: Ó'n nGustal ar thaobh
na bhfáltas 'sa leabhar san. Agus ó bhaineann fághail agus
tabhairt le gach beart gnótha (§ 16), an ní is fáltas age cúntas,
is díoluíacht age cúntas eile é. Mar sin, is ar thaobh na
ndíoluíacht a bheadh innsint ar an mbeart san i gcúntas an
Ghustail, mar seo: leis an Airgead,



Agus i ndeire na dála nuair a bheifí ag innsint an tsochair
a tháinig as an ngnó is ar thaobh na ndíoluíacht a cuirfí é sin
leis, ag cur leis an nGustal. Agus ar an dtaobh eile, má's
dochar a thiocfadh as déanamh an ghnótha, is ar taobh na bhfáltas
a cuirfí méid an dochair.



Cúntas na dTarrach.



50. Do taisbeánadh cheana (§ 35) go bhfoluigheann an Gustal
a lán eile seachas airgead tirm, Gach ní
a baintear ó'n nGustal ar mhaithe leis an
dtiúsgalaidhe féin chun chothuighthe nó chun
suilt is caithimh aimsire, is tarrac é. Má
thógann sé earraí as a shiopa chun iad do chaitheamh 'na thig féin,
nó má bhaineann sé airgead as an oifig nó as an mbangc chun
neithe cheannach dó féin nó dá mhuinntir nó chun iad do chaith-
eamh ar aon chuma lasmuigh de chúrsaíbh a ghnótha, is tarrac
é. Is díoluíacht an tarrac ag an gcúntas a bhaineann leis an
ní do tharraing sé.



51. Ins an samhlaíd ar Leabhar an Airgid (§ 2o) do bhain
an tiúsgalaidhe as an mbangc dó féin, Do hínnseadh
san i Leabhar an Airgid ar thaobh na ndíoluíacht, mar seo:
le Tarrac.



Do réir dlighe an dá innsint, do bheadh innsint air i gCúntas
na dTarrac ar thaobh na bhFáltas, 'sa Leabhar Mór, mar seo:
Ó'n mbangc,



Ar an gcuma gcéadna, dá mba Earraí a tógfaí amach do


L. 43


chum úsáide an tiúsgalaidhe, do déanfí innsint air 'sa
Leabhar Mór i gCúntas na nEarraí ar thaobh na ndíoluíacht,
agus i gCúntas na dTarrac ar thaobh na bhFaltas. (Ceist-
Cá ndéanfí an phrímhinnsint air sin mar bheart?)



Cúntais na bPearsan.



52. D'fhonn eólais a bheith aige ar cé hiad na daoine go
bhfuil fiacha aige ortha nó go bhfuil fiacha
aca air, bíonn cúntas ins an Leabhar Mhór
i gcóir gach duine (lucht, cumainn) go
mbíonn aon deighleáil ag an bhfear gnótha
leis (leó), ag díol earraí leó nó ag ceannach earraí uatha,
agus ag fághail airgid uatha nó ag íoc airgid leó. Gheibhtear
prímhinnsint ar na beartaibh sin i leabhraibh na Reac is na
gCeannach agus ins an dá Leabhar Aiseag, agus i Leabhar an
Airgid, agus ins an Leabhar Chonganta.



53. Mar shamhlaíd air sin, féach, sidé an gnó a dhein SéamuI'
Ó Néill le Seán Ó Conaill le linn mí na Nodlag, 1923.



1. Dhíol sé earraí le Seán Ó Conaill
4. Chuir Seán Ó Conaill roinnt des na hearraíbh
thar nais toisg gan iad do bheith chuna shástachta
6. Dhíol Seán Ó Conaill cuid de'n chúntas
10. Chuir Seán Ó Néill seic chuige ag glanadh an
chúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do
bhaint de'n mhéid do bhí ag dul dó an ceath-
ramhadh lá de'n mhí.



(Deintear lominnsint mar sin i siopaíbh gnótha go minic
ar gach beart gnótha do réir a chéile fé mar a thuiteann amach
gan dealú do dhéanamh ortha, fé mar a deintear i Leabhraibh
na Prímhinnsinte. "Cinn lae" a tugtar ar an Leabhar na
mbíonn an innsint sin.)



Do cuirfí an t-eólas san as an gCinn lae isteach i Leabhar
an Airgid, i Leabhar na Reac agus i Leabhar na nAiseag
isteach, agus ansan 'na dhiaidh sin 'sa Leabhar Mhór, mar seo:



An Leabhar Mór.
Cúntas Sheáin Uí Chonaill.
Fls.
Dlt.
Nlg.
Ó Cts. Earraí.
Le Cts. Earraí
Le Cts. Airgid
Le Cts. Airgid
Le Cts. Locáiste


L. 44


CLEACHTADH.



1. Do bhí an deighleáil seo síos ag Peadair Ó Faoláin,
Baile bhfad siar le Muiris Mac Peadair, Baile an
Phréacháin, le linn na Samhna, 1915:-



Samhain 2 Díoladh le Muiris Mac Peadair, Baile an
Phréacháin:-
175 slat d'éadach ar an tslat.
200 slat d'éadach ar an tslat.
5 Díoladh le Muiris Mac Peadair:-
200 slat de shról ar an tslat.
7 Chuir Muiris Mac Peadair thar nais 55 slat de'n
éadach a díoladh leis an dara lá de'n mhí ar
an tslat.
10 D'íoc Muiris Mac Peadair cuid de'n chúntas.
30 D'íoc Muiris Mac Peadair fuighlach an chúntais
le seic, tar éis locáiste 5 fé'n gcéad do
bhaint de.



Ní foláir leabhair chúntais Pheadair Uí Fhaoláin do sgríobhadh
agus cúntas Mhuiris Mhic Pheadair i Leabhar Mór Uí Fhaoláin
do thaisbeáint.



2. An chéad lá d'Iúl do dhíol Seán Ó Dighe luach
d'earraíbh le Liam Ó Ceallaigh, agus an cúigmhadh lá déag a
thuille earraí, luach. An seachtmhadh lá déag d'Iúl do
chuir ó Ceallaigh seic chun Sheáin Uí Dhighe ag glanadh fiacha na
nearraí a díoladh leis an chéad lá de'n mhí, taréis locáiste
5 fé'n gcéad do bhaint díobh.
Ní foláir cúntas Uí Cheallaigh i Leabhar Mór Sheáin Uí
Dhighe do sgrí0bhadh.



3. An chéad lá d'Eanair 1916 do dhíol Tadhg Mac Airt
luach d'earraíbh le Colmán Ó Cuill, agus an lá ar na
bhárach do chuir Colmán chuige. Fé cheann na bliana, ámh,
do chuaidh d'acfuinn Cholmáin Uí Chuill agus dob' éigean dul
ar chomairce na ndaoine go raibh fiacha aca air, agus do réidh-
tigh sé leó ar i naghaidh an phúint d'íoc 'na lánchúiteamh
ar a fhiachaibh. Taisbeáin Cúntas Cholmáin Uí Chuill mar a
bheadh sé i Leabhar Mór Thaidhg Mhic Airt an lá deiridh de'n
bhliain sin.



4. Do dhíol Deaglán Ó Floinn luach d'earraíbh le Colm
Mac Finn an chéad lá de Lughnasa, 1916. An taonmhadh lá
triochad de Lughnasa d'íoc Colm agus an taonmhadh lá
triochad de dheire Foghmhair d'íoc sé an fuighlach, taréis


L. 45


locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint de'n iomlán. Sgríobh
Cúntas Chuilm Mhic Fhinn mar a bheadh sé i leabhar Mór
Dheagláin Uí Fhloinn.



5. Atá ós cionn cúntais i Leabhar Mhór Sheáin Mhic Chraith,
na focail seo: Cúntas Phádruig Mhic Aodha. Ar an dtaobh
chlé de'n chúntas san atá: "Ean. 2. Ó Earraíbh," agus
ar an dtaobh dheas atá: "Ean. 16. le hAirgead."



(a) Mínigh go cruinn baileach cad é brigh na nínnsintí
sin go léir.



(b) Sgríobh síos an cúntas a bheadh i Leabhar Mhór Phádruig
Mhic Aodha ar na neithibh sin.



(c) Sgríobh síos gach innsint a déanfí ar na beartaibh
gnótha sin a bheadh i leabhraibh na beirte.



6. Tabhair innsint ar na beartaibh seo síos i leabhraibh Liam
Mhic Énrí:-



1922.
Aibreán 3. Do dhíol Liam Mac Énrí luach d'earraibh
le Risteárd Ó Séaghdha.
24. Fuair Mac Énrí seic ag glanadh an chúntais
lughaide locáiste
28. Cuireadh an seic thar nais ó'n mbangc chun Liam
Mhic Énrí mar gur diultuigeadh dí.



Taréis tuairisge Uí Sheághdha do chur, do fuaradh go raibh
sé imthighthe gan bith a thuairisge, agus mar sin i ndeire an
mhí, do sgriosadh na fiacha amach mar dhroch fhiacha.



Cúntas na nEarraí.



54. Gheibhtear amach ó Chúntas na nEarraí ciaca praifíd nó
cailliúint a tháinig a gnó na nearraí do
cheannach is do dhíol, 'sé sin, an mó
bheadh lucht an ghnótha bertha nó caillte
le díol is le ceannach na nearraí. Ar
thaobh na bhFáltas curtar na ceannaigh go léir lughaide na
haisig amach, agus an stór earraí a bheadh ag an lucht
tiúsgail i dtosach bárra; agus ar thaobh na ndíoluíacht,
curtar na reaca go léir, lughaide na haisig isteach' agus an
stór earraí a bheadh ag an lucht tiúsgail i ndeire bárra.



Mar sin, curtar an stór tosaigh, agus suim Iomlán Leabhair
na gCeannach lughaide suim iomlán Leabhair na nAIseag amach,
ar thaobh na bhFáltas. Curtar suim iomlán Leabhair na Reac
lughaide suim iomlán leabhaIr na nAiseag isteach agus an
fuighlach earraí ar stór I ndeire bárra ar an dtaobh eile.


L. 46


Má's mó taobh na bhFáltas ná taobh na nDíoluíacht bíonn
lucht an ghnótha caillte leis na hearraíbh do dhíol is do cheannach;
ach, má's mó taobh na ndíoluíacht, is amhlaidh a bhíonn siad bertha
leis, mar ghnó.



55. I dtiúsgalaibh móra deintear Cúntas na nEarraí do
bhriseadh na chodaibh fé leith, agus mar sin, bíonn cúntas fé
leith i gcóir an Stóir tosaigh, ceann eile le haghaidh na
gCeannach, ceann eile le haghaidh na Reac, ceann i gcóir na
nAiseag amach, ceann i gcóir na nAiseag Isteach, agus
ceann i gcóir an stóir deiridh; agus ansan, curtar fuighlaigh
na gcúntas san go léir, le fuighlaigh a cúntasaíbh áirithe
eile, i dteannta a cheile i gcúntas na Tráchtála.



56. Seo samhlaíd ar Chúntas na nEarraí:



Ó'n eólas seo síos, taisbeáin Cúntas na nEarraí agus
dein é chothromú:-



Suim iomlán Leabhair na gCeannach
Suim iomlán Leabhair na Reac
Stór Earraí i ndeire bárra



An Leabhar Mór



Cúntas na nEarraí.



Ó Leabhar Ceannach
Ó Praifíd



Le Leabhar Reac
Le Stór Earraí



Nó, do réir ailt a 55, seo mar a sgríobhfaí na cúntais go
léir a mbaineann leis na hearraíbh ó'n eólas so síos:-



Eanair 1 Luach na nEarraí ar stór
Nlg. 31 Luach na nEarraí do ceannuigheadh
Luach na nEarraí do díoladh
Leabhar na nAiseag amach
Leabhar na nAiseag Isteach
Luach na nEarraí ar stór


L. 47


Fls.
Cts.
Stóir na nEarraí
Dlt.



Ó'n bhFuighlach
Le Cts. Tráchtála L/Ca



Cúntas na gCeannach
Ó Ilneithe
Le Cts. Tráchtála L/Ca



Cúntas na Reac
Ó Chts. Tráchtála L/Ca
Le Ilneithe



Cúntas na nAiseag Isteach
Ó Ilneithe
Le Cts. Tráchtála L/Ca



Cúntas na nAiseag Amach
Ó Chts. Tráchtála L/Ca
Le Ilneithe



Cúntas na Tráchtála
Ó Chts. Stóir L/Ca
Ó Cts. Ceannach L/Ca
Ó Cts. Aiseag Isteach
Ó Praifíd



Le Cts. na Reac L/Ca
Le Cts. Aiseag Amach
Le Cts. an Stóir



Féach §85 i gcóir Gnótha an Leabhar Chonganta sa sgéal.



Luacháil na nEarraí.



57. Cuid ana thábhachtach de ghnó an tiúsgalaidhe is eadh
luacháil na nEarraí ar stór aige. "Is mairg
doghní deimhin dá dhóchas" adeir an sean-
fhocal, agus is dá mhairg an tiúsgalaidhe
a chuireann luach ró árd ar a mbíonn
d'earraíbh ar stór aige, mar ní fios dó ó ló go chéile cad é
an t-atharú a thiocfadh ar an marga a bhainfeadh go mór de
luach a choda, dá aoirde é. B'é ba cheart dó a dhéanamh ná
luach na nEarraí do luigheadú níos túisge ná mar a dhéanfadh
sé iad do mhéadú ar luach. B'fhéidir dá ndéanfadh sé luach
ró árd a chur ar a stór Earraí gurab amhlaidh a bheadh sé beag-
bheann ar neithibh eile, agus dá bhrigh sin, ní foláir togha an


L. 48


aireachais do thabhairt do'n obair sin. An luach do bhí ortha
nuair a ceannuigheadh iad, nó a luach ar marga le linn na luachála,
peaca luach is lugha, is é ba cheart a chur ortha. Mar sin, na
hearraí gur tugadh ortha dá gceannach, agus ná faghfí
ortha le linn na luachála ach is é luach ba cheart a chur ortha,
ins an luacháil, ná 'sé sin, an luach is lugha. Dá ráineóchadh,
ámh, go bhfaghfí ortha ar marga an uair sin, ba cheart
a chur ortha mar luach, 'sé sin, an luach is lugha de'n dá luach san.



Módh na Luachála.



58. Obair mhall righin is eadh obair na luachála agus niar
sin níor mhisde í roinnt, mar is fearrde
agus is miride agus is cirtede an luacháil
í roinnt ar mhórán daoine. Duine dá
innsint an mó earra de gach sórt atá ann;
duine eile do chur na dtuairisgí sin ar pháipéar; duine eile
do chur a luach leó do réir na réamheólas a bhain leó, nó do
réir mar a gheóbhthaí ortha ar marga, péaca luach dob' ísle;
duine eile dá suimiú; agus duine eile fós dhá léigheamh, dá
gceartú. Agus, 'na theannta san, níor mhór do gach duine
go raibh páirt aige 'san obair a ainm do chur le pé sgríbhinn
a dhein sé. Gach réamheólas a bhainfeadh leis na hearraíbh dá
luacháil, níor mhór é bheith ar láimh i dtreó go ndéanfí an obair
'sa cheart, agus aon earraí nár cuireadh innsint 'na dtaobh
ins na leabhraibh toisg gan an réamheólas do shroisint chun
naile, níor cheart iad do luadh ins an luacháil. Ach, ar an
dtaobh eile, dá dtagadh an réamheólas agus gan na hearraí
do bheith ar láimh fós, ba cheart na hearraí sin do luacháil mar
"earraí ar bóthar" agus iad d'áireamh ar an stór earraí
ar láimh. Mar an gcéadna, aon earraí ar láimh le linn na
luachála, ach iad do bheith díolta cheana féin le daoinibh áirithe,
níor mhór aireachas do thabhairt ar gan iad d'áireamh ar an
stór earraí ag an dtiúsgalaidhe. Agus ag an am gcéadna;
aon earraí a bheadh ag an mbóthar iarainn, nó ages na dugaíbh,
nó ar stór fé bhannaíbh, níor mhór féachaint chuige go raibh an
réamheólas ortha ins na prímhleabhraibh innsinte agus gur cuir-
eadh síos 'na dtaobh aon chostais fé leith a bhain leó go dtí
sin.



Dímeas na nAcfuinn mBuan.



59. Baineann obair mar sin leis an Acfuinn bhuan leis,
mar níl aon rud, dá bhuaine, ná tagann
caitheamh air. Agus ní taise do'n Trosgán
ná dos na Córachaibh a bhaineann le tiúgsal.
Ní foláir do'n tiúsgalaidhe an caitheamh
san do chúiteamh le hoiread áirithe fé'n gcéad do bhaint de


L. 49


luach na nacfuinn i naghaidh na bliana, i dtreó, nuair a bhíonn
siad "i ndeire a nanama," gan mhaith gan bhrigh, ná luighfidh a
nathbhunú ar aon bhliain amháin fé leith ach gurab amhlaidh a
dhíolfaidh gach bliain fé leith as an gcaitheamh a tháinig ar na
córachaibh oibre le linn na bliana sin. "Dímheas," a tugtar
ar an luigheadú luacha san a dheineann an tiúsgalaidhe ar na
hacfuinníbh i naghaidh na bliana.



Is sofheicse do chách an caitheamh agus an cur ar neamhní sin
do bheith ag luighe anuas ar chóracaib i gcomhnuidhe, péaca
beag mór é. An gluaisteán a ceannuightear i dtosach na
bliana chun earraí dh'iomchar ó áit go háit, ní féidir a rádh i
ndeire na bliana go bhfuil sé chomh luachmhar an uair sin agus
do bhí, nuair a ceannuigheadh é. Mar sin, chun fírinne sgéil
na hacfuinne age tiúsgalaidhe d'innsint - agus siné bun
agus bárr na cúntaisíochta, agus fios fátha a sgéil go léir
- ní foláir oiread áirithe a bhaint dá luach tosaigh mar gheall
ar an obair a baineadh as lc linn na bliana. Is amhlaidh sin do
gach cóir eile a dh'úsáidthear chun gnóthaí an tiúsgail do dhéanamh.
Ach ní mar a chéile an caitheamh a bhíonn ar gach cóir. Is sia an
saoghal a bhíonn ag cuid aca ná mar a bhíonn ag cuid eile.
Ó'n dtaithighe fhada atá ag lucht tiúsgail ar a leithéidíbh, tá
oiread áirithe dímheasa socair aca le baint de gach cóir oibre
do réir mar is fios dóibh cad é an caitheamh agus an cur ar
neamhní a thagann air i ndiaidh a chéile ó'n síormheilt, de
Throsgán; Fearaistí is Meaisíní;Bithdhílis
Foirgneamh; Innil is Coirí; ach is é dlighe is fearr
a leanúint ná an dímheas do chomháireamh do réir saoghail na
córach oibre.



Módha an Dímeasa.



60. Tá a ceathair nó a chúig de shlighte ar a ndeintear an
dímheas so adeirim: (a) Oiread áirithe
fé'n gcéad dá luach bhunaidh do bhaint de
luach córach i naghaidh na bliana, i dtreó,
i gcionn tréimhse áirithe, nuair a bheadh
saoghal na córach caithte, go mbeadh a luach ar ncamhní nó
geall leis.



Seo samhlaíd ar an médh san dímheasa:-



Meaisíní do ceannuigheadh i dtosach na bliana 1914, agus
do comhairigheadh go mairfidís go ceann deich mblian. Mar
sin, do socaruigheadh ar 10% dá luach bhunaidh do bhaint dá
luach i naghaidh na bliana.


L. 50


Seo mar a taisbeánfí a chúntas san 'sa leabhar Mhór:-



An Leabhar Mór.



Cúntas na Meaisíní



Ó Chts. Airgid
Le Dímeas
Le Fuighlach síos
Ó'n bhFuigh. anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Ó'n bhFuighlach anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Ó'n bhFuighlach anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Agus mar sin dó go mbeadh luach na meaisíní ídighthe.



61. (b) I ninead an mhéid chéadna do bhaint de luach ne
córach i naghaidh bliana, oiread áirithe fé'n gcéad do bhaint
de luach na córach fé mar a bheadh an chóir féin dá chaitheamh
agus ag dul ar neamhní.



Dá mba ar an gcuma san a déanfí dímheas ar na meaisíní
úd a ceannuigheadh ar, go raibh saoghal deich mblian
ionta do réir lucht an tiúsgail, seo mar a bheadh an cúntas
'sa Leabhar Mhór.


L. 51


Cúntas na Meaisíní



Ó Chts. Airgid
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Ó Fuigh. anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Ó Fuigh. anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Ó Fuigh. anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Ó Fuigh. anuas
Le Dímeas
Le Fuighlach síos



Agus mar sin dó go dtí ná beadh de luach ar na meaisíníbh
ach a luach mar sheaniarann.




62. (c) Tá slighe eile chun dímheasa dh'áireamh, ach ní gnáth
é dh'úsáid i dtaobh córacha oibre, ach curtar i bhfeidhm é, nuair
is mian cur i gcóir léas do dhul as le himtheacht aimsire.
Is amhlaidh a deintear amach ó tháibhlíbh lucht áirimh cad é an
méid nach mór a bhaint de luach an léis i naghaidh na bliana
taréis suim áirithe úis do chur le luach an léis do réir mar
a bíonn sé ag dul i míluachmhaire.



63. (d) Curtar ar breis lasmuigh de'n ghnó féin oiread
agus a baintear mar dhímheas de luach na córach i naghaidh na
bliana, i dtreó, nuair a bhíonn luach na córach féin ar neamhní,
go mbeidh oireadh eile saothruighthe ag an méid ar breis agus
a cheannóchaidh cóir nuadh ar a chomhluach.



64. (e) Nó deintear urús ar an gcóir i dtreó nuair a bheidh
a luach ar neamhní i ndeire a shaoghail go mbeidh oiread eile
le fághail as an urús.


L. 52


CEISTEANNA.



1. Cathain ba cheart do'n tiúsgalaidhe na hearraí ar stór
aige do luacháil?



2. Cad é an luach ba cheart dó chur ortha?



3. Cá bhfaghaidh sé eólas ar cad a thug sé ortha?



4. Conus ba cheart an luacháil do dhéanamh?



5. Nuair a bhí tiúsgalaidhe ag áireamh a stóir earraí lá Coille,
1914, do chuir sé luach a gceannuighthe ortha agus do
bhain sé 5 fé'n gcéad dá luach go léir i naghaidh a raibh
díobh caithte seanda. An bhliain 'na dhiaidh sin, nuair
a bhí sé ghá náireamh arís, níor dhein sé aon allúntas i
gcóir an dímheasa. Cad é an éifeacht a bheadh aige sin
ar Shochar na bliana?



6. Nuair a bhí ceannuidhe ag áireamh a stóir earraí i ndeire
na bliana, do b'é a dhearmhad luach dá earraíbh
a shágaint gan áireamh. Cad é an éifeacht a bheadh ag an
ndearmhad san ar na cúntasaíbh a bhí aige dhá ullmhú?



7. Cá gádh an stór earraí d'áireamh i naon chor, dar leat?
Innis cuid dcs na hiarsmaíbh a leanann (a) an stór
earraí do luacháil thar a luach agus (b) an stór earraí
do luacháil fé bhun a luacha, le linn an stóir d'áireamh?



8. An mó slighe ar a ndeintear dímheas ar chórachaibh gnótha?
Tabhair do mheas ar gach ceann aca.



CLEACHTADH. (Dímheas ar Mheaisínibh, agus rl.)
1. Lá Coille 'sa bhliain 1914 do ceannuigheadh Meaisíní ar.
Do baineadh mar dhímheas dá luach go ceann cheithre
mblian de' n luach bhunaidh. Do caitheadh ansan ar
fheabhas do chur leis na seanmheaisíníbh, agus ar feadh trí
mblian 'na dhiaidh sin, do baineadh díobh mar dhímheas dá
luach i naghaidh na bliana do réir mar bhí sé ag luighdiú. Do
díoladh na meaisíní ansan ar. Taisbeán Cúntas na
Meaisíní mar a bheadh sé 'sa Leabhar Mhór.



2. Do cheannuigh tiúsgalaidhe meaisíní an chéad lá d'Eanair,
1900 ar; an chéad lá d'Iúl 'sa bhliain 1901 do cheannuig
sé meaisíní nuadha ar; agus an lá deiridh de'n bhliain
sin do dhíol sé ar meaisíní gur thug sé ortha lá Coille
1900. An chéad lá d'Abrán 'sa bhliain 1902, cheannuigh sé
meaisíní nuadha arís ar, agus do dhíol sé, an chéad lá


L. 53


de Mheadhon Foghmhair 'sa bhliain 1903, ar meaisíní gur
thug sé ortha an chéad lá d'Iúl, 1901.



Gach bliain do dheineadh sé dímheas ar na meaisíníbh i ndeire
na bliana ar ráta 5 fé'n gcéad de'n luach bhunaidh.



I ndeire na bliana 1904, tháinig sé ar mhalairt aigne, agus
dhein sé dul siar ar chúntas na Meaisíní, agus i ninead
oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach bhunaidh a bhaint dá luach
i naghaidh na bliana mar dhímheas, do shocruigh sé ar fé'n
gcéad do bhaint dá luach i naghaidh na bliana do réir mar a
bhí a luach ag luighdiú.



Dein an dá chúntas do sgríobhadh ag taisbeáint na difríochta
eatortha.



3. Clódóirí a cheannuigh trí cinn de mheaisíníbh clóbhuailt
ar an ceann. Adubhradh leó go mairfeadh na meaisíní
go ceann deich mblian ach aireachas thabhairt dóibh agus féachaint
chucha go maith a tugtar ar a leithéidíbh de mheaisíníbh
i gcionn deich mblian. Abair dhá shlighe 'nar bhFhéidir cur i gcóir
caitheamh na meaisíní, agus abair ciaca slighe dhíobh dob' fhearr
leatsa agus cad 'na thaobh.



4. Fear a cheannuigh gluaisteán niór chun ualaighe dh'iomchar,
an chéad lá de'n bhliain 1923, ar mhíle púnt. Dubhairt fear
eólgaiseach leis ná beadh aon mhaith ann chun a ghnótha i gcionn
Cheithre mblian agus gur dhócha ná faghfí ach cheithre chéad púnt
air an uair sin. Tabhair dhá shlighe 'na gcuirfí i gcóir na huaire
sin, agus abair ciaca ceann díobh a mholfá-sa do'n fhear do
cheannuigh an gluaisteán.



5. Tabhair innsint ins an Leabhar Chonganta ar an nDímheas
do deineadh mar so: 5 fé'n gcéad ar mheaisíní is feairistí,
fé'n gcéad ar Úirlisíbh, agus 5 fé'n gcéad
ar Trosgán Oifige.



6. Lá Coille 'sa bhliain 1921, do chuir Muinntir Chearbhaill
is a gCuid. Feairistí nuadha 'na monarchain ar ar thugadar
Do mhairfeadh na feairistí sin go ceann deich mblian,
dar leó.



Lá Coille, 1922, d'íocadar ar a thuille feairistí,
agus do cuireadh meaisíní eile i náirde lá Coille, 1923, ar
ar tugadh.



Taisbeáin Cúntas na Meaisíní is na bhFeairistí agus Cúntas
an Dímheasa ag an gCuideachtain i gcóir na dtrí mblian san,
do réir:-



(a) Oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach bhunaidh.


L. 54


(b) Oiread áirithe fé'n gcéad de'n luach i dtosach bliana
do bhaint mar dímeas ar luach na córach i naghaidh na bliana.
Abair ciaca ceann is fearr, dar leat, agus cad 'na thaobh.



65. Ins na cúntaisibh ceathteachais is cúitimh, curtar gach
caithteachas a luigheann ar lucht an tiúsgail leis an ngnó do
choimeád ar siubhal mar atá: Drochfhiacha, Ús ar Ghustal,
locáistí a leigtear leis na daoinibh a íocann airgead le lucht
an tiúsgail. Bíonn cúntas fé leith i gcóir gach ní díobh sin.
Ar thaobh na bhFaltas a cúrtar gach caithteachas, agus ar thaobh
na ndíoluíocht curtar gach cúiteamh.



66. Seo samhlaíd air sin:-



Cúntas na locáistí do réir leabhair an Airgid (§ 20). Tá
cúntais na bPearsan ann leis d'fhonn an dá innsint ins gach
cás do thaisbeáint:



Cúntas na Locáistí.



Ó Mhac Gabhan
L/A
Le Mac Énna
Le Ó hUiginn



Cúntas Thomáis Mhic Ghabhann
Le hAirgead
Le Locáiste



Cúntas Eóin Mhic Énna
Ó Bangc
Ó Locáiste



Cúntas Shéamuis Uí Uiginn
Ó'n mBangc
Ó'n Locáiste


L. 55


Gheibhtear eólas ar na caithteachais sin. Leabhar an Airgid
nó ins an Leabhar COnganta. Gach beart is muirear ar an
ngnó, curtar ar thaobh na bhfáltas ina chúntas cheart féin é,
agus gach beart is cúiteamh, mar atá, ús ar fhiachaibh, curtar
ar thaobh na ndíoluíocht ina chuntas cheart féin é.



67. Samhlaíd ar Chúntas na nDrochfhiacha agus ar gach
Chúntas a ghabhann leis: Díoladh luach d'earraíbh
le hEóin Mac Tomáis, agus 'na dhiaidh sin do chuaidh dá
acfuinn agus níor fhéad sé ach fé'n bpúnt d'íoc.



Do cuirfí an phrímhinnsint ar seic na nearraí i Leabhar na
Reac.



Do bheadh cúntas ar na drochfhiachaibh 'sa Leabhar Chonganta
mar atá age § 39.



Seo mar a bheadh na bearta san ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar
Mhór agus i Leabhar an Airgid.



Leabhar an Airgid.



An Oifig
Ó É. Mhac Tomáis



Cúntas na nEarraí
Le E. Mac Tomáis.



Cúntas Eóin Mhic Thomáis.
Ó na hEarraíbh
Le hAirgead
Le Drochfhiacha



Cúntas na nDrochfhiacha
Ó E. Mhac Thomáis.


L. 56


Glaoidhte agus Íocaíochtaí roimhré.



68. Sar a ndeintear na cúntais do dhúnadh ná Riaradh na
bhFuighlach (§ 78) do dhéanamh, ní foláir
féachaint chuige, aon chaithteachas ba cheart
a chur 'na mhuirir ar shochar na tréimhse, ná
himtheóchadh sé ó'n áireamh; agus, ar an
dtaobh eile, aon airgead do híocfaí i rith
na tréimhse, gan ach an méid de do bhain le caithteachas na
tréimhse sin do chur mar mhuirir ar shochar na tréimhse. Siúd
é an t-urús, cuir i geás. Sin íocaíocht a deintear roimhré
i gcomhnuidhe; ach, má 'seadh, níor chóir an íocaíocht go léir
do chur mar mhuirir ar an dtréimhse 'nar íocadh í, ach a cuid
féin do chur ar an aith-thréimhse. Mar an gcéadna do'n chíos,
má íocthar roimhré é.



Agus ar an dtaobh eile, ní íocthar págh an lucht oibre go
deire seachtmhaine agus b'fhéidir go ráineóchadh roinnt lá
oibre curtha isteach ages na fearaibh agus b'shin deire na bliana
caithte; agus níor cheart cuid na tréimhse caithte do chur
ar an aith-thréimhse. Mar an gcéadna dos na Sraithibh, agus
do'n íocaíocht a Solus Geasa nó a Solus Aibhlighe. Do bheadh
na caithteachais sin ag glaodhach ar an lucht gnótha i ndeire
na tréimhse agus ní íocfaí iad go ceann tamaill 'na dhiaidh
sin, péaca fada gairid é.



Ní foláir do lucht tiúsgail innsint do dh éanamh ar na
híocaíochtaíbh sin roimhré agus ar na glaoidhtibh, mar an
gcéadna, ins an Leabhar Conganta, agus ansan cúntais do
choimeád ortha ins an Leabhar Mhór.



Samhlaídí (a) Glaoidhte.



69. I ndeire na bliana 1923, sar ar dúnadh na leabhair, do
bhí na glaoidhte seo ar Séamus Ó Briain: Cíos leithbhliana;
págh an lucht Óibre; Cúntas an tSoluis Aibhlighe.



Seo mar tugtar innsint ar na glaoidhtibh sin ins an Leabhar
Chonganta uaireanta:-



Cúntas an Chíosa (1923)
óCúntas an Chíosa (1924)
Págh an Lucht Oibre (1923)
ó Phágh an Lucht Oibre (1924)
Cúntas an tSoluis Aibhlighe (1923)
óChts. an tSoluis Aibhlighe (1924)


L. 57


Seo mar a bheadh na cúntais sin 'sa leabhar mór:-



Cúntas pagh an lucht oibre.



1923
Nlg. 29 Ó Chts. an Airgid
31 Ó Ghlaodhach síos



1923
Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair



1924
Ean. 1 Le Glaodhach anuas



Cúntas an chíosa.



Meith. 30 Ó Chts. an Airgid
Nlg. 31 Ó Ghlaodhach síos



1923
Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair



1924
Ean. 1 Le Glaodhach anuas



Cúntas an tSoluis Aibhlighe.



1923
Márta, 31 Ó Chts. an Airgid.
Meith. 30 Ó Chts. an Airgid.
M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid.
Nlg. 31 Ó Glaodhach síos



1923
Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair



1924
Ean. 1 Le Glaodhach anuas



Taisbeántar na Glaoidhte sin, na fuighlaigh díoluíachta i
gCúntasaíbh na gCostas Gnótha i gClár na bhFuighlach ar na
Fiachaisíbh. Ar ball, nuair a díoltar an págh, nó an cíos,
curtar an íocaíocht airgid ar thaobh na bhFáltas ina chúntas
cheart féin, agus glantar "an glaodhach anuas."




Samhlaíd (b) Íocaíocht roimh ré.



70. Do díoladh Urús i gcóir bliana, roimh ré, 30/9/23



Seo mar a táisbeábfaí sin 'sa Leabhar Chonganta:
Cts. an Urúis (1924)
ó Chts. an Urúís (1923)


L. 58


Agus sidé an cúntas a bhéadh ar an roimhíoc 'sa Leabhar Mhór:



Cúntas an Urúis.
1923
M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid



1924
Ean. 1 Ó Roimhíoc anuas



1923
Nlg. 31 Le Roimhíoc síos
31 Le Chts Sochair agus Dochair



Taisbeántar an roimhíoc san, an Fuighlach fáltais i gCts.
an Urúis, i gClár na bhFuighlach ar an Acfuinn. Ar ball, nuair
a bhíonn sé an Urúis Istigh, bíonn an innsint ann i bhfiadhnaise
íochtha an airgid roimh ré.



71. Uaireanta i ninead na nglaoidhte agus na roimhíoc do
thaisbeáint mar sin is amhlaidh a deintear cúntas nuadh amach,
"Cúntas Coinne," agus tugtar innsint ar na glaoidhtibh agus
ar na híocaíochtaíbh roimh ré mar seo 'sa Leabhar Chonganta?



72. (a) Glaoidhte (Feic na samhlaídí i nalt 69).



Cúntas an Chíosa
Págh an Lucht Oibre
Cúntas an tSoluis Aibhlighe.
ó Chúntas Coinne Glaoidhte
(b) Íocaíocht roimh ré (Féach an tsamhlaíd i nalt 70)
Cúntas Coinne Roimhíoc
ó Chts. an Urúis



Agus seo mar a bheadh cúntas ortha ins an Leabhar Mhór:



Cúntas an Chíosa.



1923
Meith. 30 Ó Chts. an Airgid
Nlg. 31 Ó Chts. Coinne Glaoidhte



1923
Nlg. 31 Le Cts. Sochair agus Dochair.


L. 59


Cúntas Págh an Lucht Oibre
1923
Nlg. 29 Ó Chts. an Airgid
31 Ó Chts, Coinne Glaoidhte.



1923
Nlg. 31 Le Cts. Sochair Dochair.



Cúntas an tSoluis Aibhlighe.
1923
Márta. 31 Ó Chts. an Airgid
Meith. 30 Ó Chts. an Airgid
M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airgid
Nlg. 31 Ó Chts. an Coinne Glaoidhte
1923
Nlg. 31 Le Sochair agus Dochair



Cúntas COinne Glaoidhte
1923.
Nlg. 31 Ó Fuighlach síos



1923
Nlg. 31 Le Cts. an Chíosa
31 Le Cts. Págh an Lucht Oibre
31 Le Cts. an tSoluis Aibhlighe



Ean. 1924
1 Le Fuighlach anuas



Cúntas an Urúis
1923
M. Fogh. 30 Ó Chts. an Airigid



1923
Nlg. 31 Le Cts. COinne Roimhíoc
31 Le Cts. Sochair agus Dochair.


L. 60


Cúntas Coinne Roimhíoc
1923
Nlg. 31 Ó Chts Urúis



1924
Ean. 1 Ó Fuighlach anuas



1923
Nlg. 31 Le Fuiglach síos



73. Ar ball, nuair a híocthar an Cíos agus págh an lucht
oibre, agus rl., curtar an t-airgead ar thaobh na ndíoluíacht i
Leabhar an Airgid, agus an dara innsint ar an íocaíocht ar
thaobh na bhFáltas ins an Chúntas Choinne Ghlaoidhte. Nuair a bhíonn
ré an Urúis, do híocadh roimh ré, caithte, curtar innsint air
mar seo 'sa Leabhar Chonganta:



Cúntas an Urúis Fls.
ó Chts. Coinne Roimhíoch.



Agus ansan curtar an dá innsint ins an dá chúntas san 'sa
Leabhar Mhór.



Is fearr agus is saoráidighe go mór an dara modh chun
cuimhne choimeád ar ghlaoidhtibh is ar íocaíochtaíbh roimh ré,
agus is é is ionmholta.



Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha agus rl.



74. Tá neithe eile, mar sin, nach foláir cuimhne coimeád
ortha agus cur 'na gcóir. Mar atá: droch-
fhiacha, locáistí a leigtear leis na daoinibh
go bhfuil fiacha ortha ag an lucht gnótha,
agus na locáistí a leigtear le lucht an
ghnótha féin. Mar a dubhradh cheana, "is
mairg doghní deimhin dá dhóchas," agus i ndeire tréimhse, nuair
a bhíonn lucht gnótha ag luacháil na nearraí ar stór aca, agus
ag ullmhúchán i gcóir Clár na bhFuighlach do thaisbeáint, níor
mhór dóibh na fiacha atá aca do sgrúdadh agus d'infhiúchadh go
maith ar eagla go n-áireóchaidís drochfhiacha ar a nAcfuinn.
Dálta luachála na nEarraí (§ 57) is fearr bheith ar thaobh na
fothana i dtaobh na bhfiacha leis, agus roinnt áirithe dhíobh do
chur ar leathtaoibh mar dhrochfhiachaibh. Oiread áirithe fé'n
gcéad do bhaint díobh mar bhunchúil i gcoinnibh drochfhiacha.



75. Samhlaíd.



1905.
Ean. 1 Do bhí bunchúil i gcoinne Drochfhiacha, i leabhraibh
Mhuinntir Bhriain.
Nlg. 31 Drochfhiacha i rith na bliana.
31 Deineadh Cúntas an Bhunchúil do shocarú i dtreó go
dtaisbeánfadh sé bunchúil i gcoinne 7½ fé'n gcéad
des na fiachaibh aca.


L. 61


1906.
Nlg. 31 I rith na bliana sin do bhí Drochfhiacha.
31 Deineadh Cúntas an Bhunchúil do shocarú i dtreó gur
thaisbeáin sé bunchúil i gcoinne 7½ fé'n gcéad
des na fiachaibh aca.



Déanfí innsint ar na neithibh sin ar dtúis ins an Leabhar
Conganta mar seo:



An Leabhar Conganta ag Muinntir Bhriain



Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha
Ó Chts. na nDrochfhiacha
(Aistriú Fuighlaigh an bhunchúil)



Cts. na nDrochfhiacha
ó Fhiachaibh againn
(Drochfhiacha thárla i rith na bliana)



Cts. na nDrochfhiacha
ó Chts. bunchúil i gcoinne Drochfhiacha
(an méid a cuireadh ar leathtaoibh i
gcoinne Drochfhiaca.)
Cts. Sochair agus Dochair
ó Chts. na nDrochfhiacha
(Aistriú fuighlaigh Chts. na nDrochfhiacha)



Bunchúil i gcoinne Drochfhiacha
ó Cts. na nDrochfhiacha
Cts. na nDrochfhiacha
ó Fhiachaibh againn
Cts. na nDrochfhiacha
ó Chts. bunchúil i gcoinne Drochfhiacha
Cts. Sochair agus Dochair
ó Chts. na nDrochfhiacha.



Agus ansan 'sa Leabhar Mhór mar seo:



Cúntas an Bhunchúil i gcoinne drochfhiacha



Nlg. 31 Ó Cúntas na nDrochfhiacha



Ó Fuighlach síos



Ó Chts. na nDrochfhiacha



Ean. Le Fuighlach anuas



Le Cts. Drochfhiacha



Le Fuighlach anuas



Le Cts. Drochfhiacha.


L. 62


Ó Fhiachaibh againn
Ó Chts. an bhunchúil



Ó Fhiachaibh againn



Ó Chts. an bhunchúil



Le Cts. an bhunchúil



Le Cts. Sochair agus Dochair



Le Cts. an bhunchúil



Le Cts. Sochair agus Dochair



Cúntas Sochair agus Dochair



Ó Chts na nDrochfhiacha



Ó Chts na nDrochfhiacha



Nó tabharfí láninnsint ar conus do tánathas ar an ndochar
go léir 'na dtaobh mar seo:-
Cúntas Sochair agus Dochair, 1905
ó Chts. na ndrochfhiacha
móide Bunchúil




Lughaide bunchúil, 1/1/'05



76. Bíodh gur fuighlach díoluíachta fuighlach an bhunchúil i
gcoinne Drochfhiacha, agus gur ar measg na bhfuighlach ndíolu-
íachta a bheadh sé ar Riaradh na bhfuighlach, ní ar thaobh na
bhFiacaisí a taisbeánfí é i gClár na bhfuighlach; ach is amhlaidh
a bainfí ó shuim na bhFiacha a bheadh ag an lucht gnótha. Mar
seo a taisbeáinfí i gClár na bhFuighlach age Muinntir Bhriain
iad i ndeire na bliana 1905, féach:



Fiacha againn
Lughaide Bunchúil i gcoinne
Drochfhiacha


L. 63


Agus mar seo i ndeire na bliana 1906:
Fiacha againn
Lughaide Bunchúil i gcoinne
Drochfhiacha




77. Deintear Cúntas an Bhunchúil i gcoinne locáistí amach
ar an gcuma gcéadna, má's gádh é dhéanamh amach; agus
taisbeántar ins an Chlár Fuighlach é ar an gcuma gcéadna
leis. An bunchúil i gcoinne locáistí a leigtear le daoinibh
eile do bhaint ó shuim na bhfiacha ag an lucht gnótha, agus an
bunchúil i gcoinne locáistí a leigtear le lucht an gnótha féin
do bhaint de shuim na bhfiacha ortha.




Ceisteanna



1. Uaireanta do chífí "cúntas Coinne" ar Chlár na bhfuighlach
age lucht Gnótha. Cad é an bhrigh atá leis an gcúntas
san, dar leat?



2. Conus a thaisbeánfadh tiúsgalaidhe na glaoidhte a bheadh
air le linn na gcúntas do dhúnadh i ndeire tréimhse?



3. Dá mbeadh B/F age tiúsgalaidhe malartuighthe ar locáiste
roimh tráth a níoctha le linn Clár na bhFuighlach do
dhéanamh amach, agus nár taisbeánadh san ann, cad
nár mhór a dhéanamh, dar leatsa, chun gach ní i dtaobh
an tiúsgail do thaisbeáint 'na cheart?



4. Tiúsgalaidhe go raibh fiacha amuigh aige ar dhaoinibh
eile, agus gur mhian leis bunchúil i gcoinne Drochfhiacha
a dhéanamh ar ráta 5 fé'n gcéad des na fiachaibh amuigh
aige, taisbeáin an innsint do déanfí air 'sa Leabhar
Conganta?



5. Fiacha a bhí age Muinntir Laoghaire ar Sheán Ó Dhrisceóil
agus do chuaidh de acfuinn Sheáin i dtreó gur chúitigh
Muinntir Laoghaire na Drochfhiacha leis an mbunchúil
i gcoinne Drochfhiacha a bhí aca. Ach bliain 'na dhiaidh
sin, d'íoc Seán fé'n bpúnt dá ghiachaibh. Taisbeáin
an innsint a bheadh i leabhraibh Laoghaire ar an bhfáltas
airgid ó Sheán Ó Dhriseeóil.



6. Cad chuige "Cúntas bunchúil i gcoinne Drochfhiacha"?
Taisbeáin cad é an éifeacht a bheadh ar a leithéid de
Chúntas ages na neithibh seo síos:


L. 64


1920. Ean. 1 Fuighlach 'sa Chúntas bunchúil i gcoinne Droch-
fhiacha. Drochfhiacha a thárla i rith na
bliana darab deire 31/12/1920. Do
socaruigheadh an fuighlach 'sa Chúntas bhunchúil
do bheith chomh hárd le 5 fé'n gcéad des na
Fiachaibh amuigh, na Fiacha san 31/12/20.



7. 'sa bhliain an cíos atá ar thigh ghnótha agus é le híoc
dhá uair 'sa bhliain, 30/6 agus 31/12. Do híocadh cíos
na leathbhliana roimhe sin an cúigmhadh lá d'Iúl, ach
nuair do bhítheas ag déanamh Clár na bhFuighlach amach
i ndeire na hliana, 31/12, ní raibh cíos na leathbhliana
roimhe sin íoctha. Táisbeáin conus a bheadh Cúntas an
Chíosa taréis Clár na bhFuighlach mar a bhí an t-aonmhadh
lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag.



8. I ndeire na bliana do bhí d'fhiachaibh amuigh
age lucht gnótha, agus ó bhí na ndroch-
fhiachaibh aca i rith na bliana sin do cheapadar bunchúil
i gcoinne drochfhiacha do dhéanamh ar ráta 5% des na
fiachaibh aca. Taisbeáin na hinnsintí do bheadh air sin
sa Leabhar Chonganta, sa Leabhar Mhór, sa Chúntas
Sochair agus Dochair, agus i gClár na bhFuighlach.


L. 65


Na Buillí Sguir.



Riaradh na bhFuighlach.



78. Nuair a bhíonn na cúntais go léir 'sa Leabhar Mhór
lán, 'sé sin, nuair a bhíonn gach beart do
luadhadh i leabhraibh na prímhinnsinte curtha
isteach ina gcúntasaíbh cearta féin, 'sa
Leabhar Mhór, deintear ceart na hoibre
do fhromhadh leis na fuighlachaibh ins na cúntasaíbh do chur i
gcoinnibh a chéile, na fuighlaigh fáltais ar thaobh agus na fuigh-
laigh díoluíachta ar an dtaobh eile. (Nuair is mó na fáltais
ná na díoluíachta i gcúntas, tugtar fuighlach fáltais ar an
difríocht idir an dá thaobh. Nuair is mó taobh na ndíoluíacht,
tugtar fuighlach díoluíachta ar an ndifríocht.)



Mar a dubhradh cheana, do réir dlighe an dá innsint, bíonn
gach beart ar thaobh na bhfáltas i gcúntas agus ar thaobh na
ndíoluíacht i gcúntas eile. Dá bhrigh sin, má bhíonn suim an
dá shaghas fuighlaigh ar cothrom, sin comhartha gur deineadh an
dá innsint ar gach beart, do réir an dlighe sin.



79. Sidé anso síos Riaradh na bhFuighlach a bhí i Leabhraibh
Sheáin Uí Néill an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag
'sa bhliain 1919.



1. Stór Earraí
1. Gustal Sheáin Uí Néill
31. Ceannaigh agus Reaca
31. Aisig isteach agus amach
31. Iomchar Earraí
31. Tuarasdail agus Págh
31. Iolchaithteachais
31. Cíos agus Sraithe
31. Ús a fuaradh
31. Locáistí
31. Tighthe
31. Páipéar sgríobhtha agus
Clódóireacht
31. Airgead 'sa Bhangc
31. Airgead ar taisce
31. Fiacha


L. 66


Ceartú na dTuathal.



80. "Taréis chítear gach beart," adeir an seanfhocal, agus,
mar sin, ní mór togha an aireachais do
thabhairt "ó thúis an chluiche go deire na
sgríbe" ins an obair seo na cúntaisíochta,
mar cailltear a lán ama ag iarraidh na
dtuathal d'aimsiú nuair a gheibhtear amach ó Riaradh na
bhFuighlach go bhfuilid ann.



Seo síos roinnt des na tuathalaibh do b'fhéidir a dhéanamh
amach ó Riaradh na bhFuighlach:-



(a) Faillighe do thabhairt i mbeart do chur ó Leabhar an
Airgid isteach 'sa chúntas eile a ghabhann leis 'sa Leabhar
Mhór; mar seo, cuir i gcás: Fáltas ó Sheán Ó
Gallchobhair i Leabhar an Airgid agus gan aon innsint
air i gCúntas Sheáin Uí Ghallchobhair. Ní bheadh le déanamh
ach an cúntas do thabhairt air, mar seo: le Cts. an
Airgid.



(b) Innsint ar bheart do chur ar an dtaobh tuathail de chúntas,
mar atá: Ceannach luach d'earraíbh do bheith i Leabhar
na gCeannach agus ar an dtaobh cheart de Chuntas na
nEarraí nó de Chúntas na gCeannach, ach é do chur ar
thaobh na bhFáltas de chúntas an duine ó nar ceannuigh-
eadh iad. Ní bheadh le déanamh ach innsint mar seo do
chur ar thaobh na ndíoluíacht: le fáltas tuathail
agus ansan an innsint cheart do chur síos mar seo:
le hEarraíbh.



(c) An suim airgid do chur síos go neamhcheart i gcúntas
taréis é bheith 'na cheart i Leabhar an Airgid nó i naon
leabhar nó cúntas eile, mar atá: Fáltas ó
Dhiarmuid Mhac Chormaic i Leabhar an Airgid do chur
síos mar i gcúntas Dhiarmuda féin. Ní bheadh
le déanamh ach innsint mar seo do chur síos ar thaobh
na bhfáltas 'na chúntas: le díoluíacht tuathail
agus ansan an innsint cheart do chur síos: Le hAirgead



(d) Dhá innsint do dhéanamh ar an mbeart chéadna 'sa chúntas,
mar atá: Díoluíacht Chíosa, do chur síos dhá uair
ar thaobh na bhFáltas i gcúntas an Chíosa. Ní bheadh le
déanamh ach innsint do chur síos ar thaobh na ndíoluíacht
i gCúntas an Chíosa, mar seo: Le fáltas tuathail.



N.B. - Ní gádh dul i muinighin an Leabhair Chonganta chun
a leithéidí siúd de thuathalaibh do cheartú.


L. 67


Ceartú Tuathal leis an Leabhar Conganta.



81. Ach ní fromhadh críochnuighthe ar fhírinne na gcúntas
Riaradh na bhFuighlach, mar dob' fhéidir dear-
maidh agus tuathail do dhéanamh i sgríobhadh
na gcúntas ná haimseochadh an Riaradh i
noan chór. Mar sin ní foláir dúbailt
aireachais ó thosach. Seo roinnt des na
tuathalaibh a raghadh de'n Riaradh a thaisbeáint: (a) suim airgid
do chur 'sa chúntas tuathail; (b) iomrall áirimh do dhéanamh
i sgríobhadh na bhfigiúirí; (c) cúpla tuathal a dhéanamh a chúit-
eóchadh le chéíle, mar atá; i ninead do chur i gcúntas,
agus i ninead do chur i gcúntas eile.



Ní foláir dul i muinnghin an Leabhar Chonganta chun gach
tuathal de'n tsórt sin do thaisbeáint agus ansan nuadhinnsint
do dhéanamh ins na cúntasaibh cearta as an Leabhar Chonganta.



Samhlaídí.



82. Le linn na bhfuighlach do riaradh, cítear gur deineadh
na tuathail seo:-



(a) a díoladh ar Throsgán 'san Oifig, cuireadh i gCúntas
na gCaithteachas é;



(b) Ceannuigheadh luach d'earraibh ó Mhuinntir Dhuibhir
do réir Réamheóluis 3/2/23, agus ní raibh aon chúntas
ortha ins na leabhraibh;



(c) Seic a fuaradh ó Dhiarmuid Mhac Chormaic agus
cuireadh síos ins na cúntasaibh;



(d) do híocadh mar chíos tighe chómhnuighthe an tiúsgalaidhe
agus do cuireadh síos i gCúntas an Cíosa é.



An Leabhar Conganta.



Cúntas an Trosgán
ó Chúntas na gCostas
Bshin airgead a cuireadh i leith ne gCostas
tré dhearmad
Cúntas na gCeannach
ó Chúntas Mhuinntir Dhuibhir
Faillighe a tugadh 'sa beart san do chur ins
na leabhraibh, Réamheólas 3/2/23.
Cúntas an Airgid
ó Chuntas Dhiarmuda Mhic Chormaic
a cuireadh isteach ins na leabhraibh i
ninead.
Cúntas na dTarrac
ó Chúntas na gCostas
Cíos an tighe chomhnuighthe do cuireadh síos mar
Chostas an Ghnótha.


L. 68


Cleachtadh.
Ní foláir a innsint i dtaobh gach dearmhaid is tuathail díobh
so síos conus a ceartófí é 'sa Leabhar Chonganta agus 'na
chúntas cheart féin, agus cad í an éifeacht a bheadh aige ar
Shochar an Ghnótha agus ar Chlár Fuighlach an Ghnótha 'nar deineadh
gach tuathal díobh.



1. do chur i gCts. na gCeannach i ninead
a bhí i Leabhar na gCeannach.



2. do híocadh mar chíos tighe chómhnuidhte an tiúsgalaidhe
do chur síos i gcúntas na nIolchaithteachas.



3. Fáltas ó Chormac Mhac Chárthaigh i Leabhar an Airgid,
agus gan aon luadh air i gCts. Chormaic féin.



4. Tugadh mar bhreis ghustail do'n ghnó i rith na bliana
ó'n dtiúsgalaidhe féin, Seán Ó Séaghdha, ach do cuireadh innsint
air i leabhar an Airgid, mar a bheadh fáltas ó Sheán Ó Shéaghdha
agus a chlann mhac.



5. Deineadh dearmhadh ar luach d'earraíbh do chomhair-
eamh ar na hearraíbh ar stór age tiúsgalaidhe.



6. Do cuireadh síos i Leabhar na gCeannach luach de
Throsgán a cheannuigh an tiúsgalaidhe i gcóir a thighe chomhnuidhthe
féin.



7. Do cuireadh mar luach ar na hearra bh, luach a bhí
20% ní b'aoirde ná mar a tugadh ortha.



8. Do cuireadh síos i Leabhar na Reac stórais leis an
dtiúsgalaidhe féin dob' fhiú.



9. Bhain an tiúsgalaidhe luach d'earraíbh as a shiopa
i rith na bliana leahghaidh a líntighe féin agus níor deineadh
aon innsint ortha ins na leabhraibh.



10. Tá fiacha mar gheall ar phágh do'n lucht oibre, agus
fiacha mar gheall ar Urús, ar an ngnó.



11. Do cuireadh earraí thar nais ó Philib Ó Cobhthaigh a
luach, agus gan aon luadh ortha ins na leabhraibh.



12. Do híocadh Tuarasdail agus do cuireadh i gCts.
na Sraithe é.



13. Do díoladh luach d'earraibh le Seán Mac Gabhann
agus do cuireadh luadh air i gCts. na gCaithteachas.



14. Fáltas Airgid, ó Liam Brún, agus a cuireadh
síos.


L. 69


15. do híocadh mar gheall ar Chaithteachas Gnótha, agus
do cuireadh i gCts. na Cánach é.



16. Luach d'earraíbh a díoladh ar airgead síos, agus
do cuireadh an dara innsint air i gCts. na nIolchaithteachas.



17. Luach a díoladh le Muinntir Fhlannagáin agus
cuireadh slos i gCts. Mhuinntir Laoghaire iad.



18. Díoladh luach d'earraíbh le duine agus a
cuireadh síos i Leabhar na Reac.



19. Airgead, do bhain an tiúsgalaidhe as an mbangc.
dó féin ar leith agus do cuireadh i gCúntas an Tuarasdail é.



20. Deisiúchán a chosain a deineadh ar na meaisíníbh
agus do cuireadh i gcúntas na Measíní é.



21. Páipéar sgríobhtha a ceannuigheadh do'n Oifig agus do
cuireadh síos i Leabhar na gCeannach é.



22. Aisig amach, luach, a cuireadh síos i leabhar na Reac.



23. Luach d'earraíbh a cuireadh thar nais ó Shéamus Ó
Briain agus do comhairigheadh ar na hEarraíbh ar Stór, ach
gan aon luadh ortha i Leabhar na nAiseag isteach go dtí an
chéad mhí de'n athbhliain.



24. Luach d'earraíbh a díoladh le Seán Mac Coitir
do réir Leabhair na Reac, agus a cuireadh síos
'na chúntas.



25. Luach d'earraíbh a ceannuigheadh agus do comhairgheadh
ar stór, ach gan aon chúntas ortha ins na leabhraibh.



26. Meaisíní, luach, a díoladh, agus do cuireadh síos
i Leabhar an Airgid mar seo: Fáltas ó Earraíbh a díoladh ar
airgead síos.



Dúnadh na gCúntas.



83. Taréis n a bhfuighlach do riaradh agus na gcúntas is na
leabhar go léir do sgrúdadh, agus taréis
na ndearmhad is na dtuathal, má bhíodar
ann, do cheartú, is féidir cur chun na
gcúntas do dhúnadh. Is féidir cúntais
na bPearsan do dhúnadh gan a thuille moille.



Cúntas na Tráchtála.



84. Sar ar féidir cúntas na nEarraí do dhúnadh, ní foláir
na hearraí do luacháil, agus luach stóir
na nearraí ar láimh i ndeire na tréimhse
do chur ar thaobh na ndíoluíacht, féachaint
ciaca praifíd nó cailliúint a tháinig as
ceannach is díol na nEarraí (§ 54). Ach, má bhíonn cúntas fé


L. 70


leith i gcóir Stór na nEarraí ar tosach, agus cúntas fé leith
i gcóir na nearraí do ceannuigheadh, agus rl. (§ 55), curtar fuigh-
laigh gach cúntais fé leith dhíobh sin i dteannta a chéile i gCúntas
na Tráchtála, na fáltais agus na díoluíachta do bheith mar a
bheidís i gCúntas na nEarraí. Ach, i gCúntas na Tráchtála,
curtar ar thaobh na bhfáltas gach muirear a dhéanfadh luach na
nEarraí do ceannuigheadh a dh'árdú, mar atá: costas iomchair
na nearraí isteach chun an tiúsgalaidhe, an cháin a díoltar ar
earraí ag teacht isteach ó thíorthaibh iasachta, agus má's adhbhar
déantúis na hearraí a ceannuightear, págh an lucht oibre a
dheineann an t-adhbhar déantúis ullamh chun a ndíolta taréis
iad d'oibriú agus do chríochnú. Ní curtar tuarasdail an thaobh
na bhfáltas i naon chor mar is dóichighe go mbainid siad san
leis na hearraíbh do chur amach agus do chraobhsgaoileadh.



85. Seo mar a bheadh Cúntas na Tráchtála age Seán Ó Néill
do réir na bhfuighlach a bhí na leabhraibh 31/12/19. Luach
d'earraíbh a bhí ar stór aige i ndeire na bliana céadna. (Feic
§ 79.)



Chun an chúntais sin na tráchtála do thaisbeáint, is é céad
rud nach foláir a dhéanamh ná innsintí do thabhairt 'sa Leabhar
Chonganta ar na fuighlachaibh go léir a bhaineann leis na
hEarraíbh do chur as a gcúntasaíbh féin istcach i gCúntas na
Tráchtála.



Sidiad na hinnsintí a bheadh ins an Leabhar Chonganta:-



Cúntas na Tráchtála
ó Chts. an Stóir Tosaigh
ó Chts na gCeannach
ó Chts na nAiseag Isteach
ó Chts an Iomchair
ó Chts Tuarasdail agus Págh
B'shin fuighlaigh a cuireadh i gCts.
na Tráchtála.
Cúntas na Reac
Cúntas na nAiseag amach
Cúntas an Stóir Dheiridh
ó Chúntas na Tráchtála
B'shin fuighlaigh a cuireadh i gCts.
na Tráchtála.


L. 71


Maidir leis na hAisig isteach is na hAisig amach, is fearr
iad do bhaint ó luach na nearraí do díoladh agus do ceannuigh-
eadh, i ninead iad do chur ar thaobh na bhfaltas agus ar thaobh
na ndíoluíacht, mar 'dh eadh gur ceannaigh agus gur reaca
iad ó bhunús, nuair is amhlaidh a diúltuigheadh dóibh mar
reaca nó mar ceannaigh, toisg locht éigin a bheith ionnta.



Seo mar do bheadh Cúntas na Tráchtála ansan:-



Ó'n Stóir Earraí
Cts. Ceannach
Lughaide Aisig amach
Ó'n Iomchar isteach
Ó'n Págh agus Tuarasdail
Praifíd



Le Cts. Reac
Lughaide Aisig Isteach
Leis an Stóir Deiridh.



Cúntas Sochair agus Dochair.



86. Curtar chun an Chúntais Sochair agus Dochair do dhéanamh
amach ansan le gach muirear ar an ngnó,
mar atá: Cíos, Cáin, Sraithe, Ús ar
Ghustal, Drocfhiacha, Tuarasdail, agus na
hIolchaithteachais eile do chur ar thaobh na
bhFáltas agus ar an dtaobh eile aon ní a
chuireann le Sochar an ghnótha, mar atá: ús ar fhiachaibh,
praifíd Cúntais na Tráchtála, agus rl.



Dála Cúntais na Tráchtála, caithtear fuighlaigh chúntas na
gcaithteachas do chur isteach ins an Chúntas Sochair agus Dochair,
agus innsintí a thabhairt ar an aistriú ins an Leabhar Mhór;
curtar Praifíd an Chúntais Tráchtála ins an Chúntas Sochair
agus Dochair leis.


L. 72


Sidiad na hinnsintí a bheadh ins an Leabhar Chonganta:-



An Leabhar Conganta



Cúntas Sochair agus Dochair
ó Chts, na nIolchaithteachas
ó Chts. Cíosa is Sreatha
ó Chts Locáistí Leigeadh
ó Chts. Clódóireacht, agus rl.
B'shin aistriú na bhfuighlach i gCúntasaíbh na gCostas.
Cúntas na Tráchtála
Cúntas an Úis
Cúntas na locáistí fuaradh
ó Chúntas Sochair agus Dochair
B'shin aistriú na bhfuighlach i
gCúntas na Tráchtála agus i
gcúntasaíbh na gCúiteamh.



Seo mar do bheadh an Cúntas Sochair agus Dochair ansan:-



Cúntas Sochair agus Dochair.
Ó Chts. na nIolchaithteachas
Ó Chts. Cíosa is Sreath.
Ó Chts. Locáistí
Ó Chts. Clódóireacht



Le Práifíd
Le Cts. an Úis
Le Cts. Locáistí
Le Dochair.



87. Ní bheadh ach aon chúntas amháin ins an Leabhar Mhór le
dúnadh ansan, 'sé sin, Cúntas an Ghustail. An Gustal bunaidh
is é bheadh ar thaobh na ndíoluíacht (§ 49). Agus ní eile mar
bhreis ghustail a cuirfí 'sa ghnó le linn na tréimhse nó aon
trochas a dh'éireóchadh as an ngnó, is ar thaobh na ndíoluíacht
a cuirfí iad, ag cur leis an nGustal bhunaidh. Ach, aon ní a
bhainfeadh ó'n nGustal mar atá: tarrac airgid nó earraí
nó caithteachais phríobháideacha do chur mar mhuirear ar an
ngnó féin nó an dochar a thiocfadh as an dtiúsgal le linn na


L. 73


tréimhse, is ar thaobh na bhfáltas a cuirfí é. Dála an dá chúntas
eile, Cúntas na Tráchtála agus an Cúntas Sochair agus
Dochair, níor bhfoláir a innsint ins an Leabhar Chonganta ar
dtúis conus mar do haistrigheadh fuighlach a chúntas eile
isteach i gcúntas an Ghustail leis.



Dá bhrigh sin, sidí an innsint a bheadh ar aistriú an Dochair
anso go taobh na bhFáltas i gcúntas an Ghustail:



Cúntas an Ghustail
ó Chts. Sochair agus Dochair



Seo mar a bheadh Cúntas an Ghustail ansan:-



Ó'n nDochar
Ó'n bhFuighlach



Leis an bhFuigh.



88.
Taréis na leabhar do chríochnú mar sin agus na cúntais
go léir do dhúnadh is féidir Stáid an Ghnótha do thaisbeáint
le Clár na bhFuighlach mar seo.



Clár na nbhFuighlach.



Do réir mar taisbeánadh i Leabhraibh Sheáin Uí Néill
31/12/1919.



Fiachaisí



Fiacha air Gustal.



Acfuinn
Airgead 'sa bhangc
Airgead ar Taisce
Stór Earraí
Tighthe
Fiacha aige



Nó taisbeántar an Gustal mar seo i gClár na bhFuighlach
gan Cúntas an Ghustail féin do bhac:



Gustal
Lughaide Dochair.


L. 74


89. Samhlaíd iomlán ar na cúntasaíbh go dtí seo:-
An chéad lá d'Eanair. 1912, seo mar a bhíothas age Cormac
Mac Airt. Airgead 'san Oifig; Airgead 'sa Bhangc,
Stór Earraí ar láimh; Fiacha
aige ar Aindrias Ó Fhloinn, ar Bhrian Ó Chonaill,
ar Chathal Ó Chéin, ar Dhiarmuid
Mhac Chormaic, Fiacha air féin age Éamonn Mac
Guidhir, age Feidhlim Ó Tuathail.



Sid iad na bearta ghnótha dhein sé i rith mí Eanair:



Ean. 1. Cuireadh Ús ar fhiachaibh ar A. Ó Floinn
1. Ceannuigheadh Earraí le seic
2. Fuaradh seic ó Dhiarmuid Mhac Chormaic
ag glanadh a chúntais. [Do háirmhigheadh
an fuighlach mar dhrochfhiacha.]
3. Fuaradh seic ó Aindrias Ó Fhloinn
4. Cheannuigh Aindrias Ó Floinn Earraí
uaidh
Do hiocadh a Muirear Iomchair na nEarraí
sin le hairgead
5. Fuaradh seic ó Aindrias Ó Fhloinn
6. Díoladh le hAindrias Ó Floinn Earraí
6. Do híocadh Págh na bhFear le hAirgead
8. Fuaradh seic ó Bhrian Ó Chonaill
Leigeadh na locáiste leis
9. Díoladh Earraí le Brian Ó Conaill
Do híochadh an Cíos le seic
10. Ceannuigheadh ó Chathal Ó Chéin, Earraí


L. 75


Ean. 11. Fuaradh seic ó Chathal ó Chéin
Leigeadh na locáiste leis
12. Cheannuigh Cathal Ó Céin Earraí
13. Do híocadh Sraithe le hAirgead
13. Fuaradh seic ar Earraíbh
15. Fuaradh Airgead ar Sheandrochfhiacha
16. Cuireadh seic chun Éamuinn Mhic Ghuidhir
16. Fuaradh 'na locáiste uaidh
17. Ceannuigheadh Earraí ó Éamonn Mhac
Ghuidhir
Baineadh seic na chóir féin
18. Tugadh seic d'Éamonn Mhac Ghuidhir
19. Ceannuigheadh Earraí ó Éamonn Mhac
Ghuidhir
2o. Do híocadh Pág na bhfear le hAirgead
22. Cheannuigh Feidhlim Ó Tuathail Earraí
23. Cuireadh seic chun Feidhlim Uí Thuathail
Fuaradh na locáiste uaidh
24. Ceannuigheadh ó Fheidhlim Ó Thuathail
Earraí
25. Ceannuigheadh Earraí ó Mhícheál Ó Mhathúna
26. Cuireadh seic chun Mhíchíl Uí Mhathúna
27. Cheannuigh Labhrás Ó Laoghaire Earraí uaidh
29. Cuireadh Airgead sa Bhangc
31. Ús ar Ghustal
Stór Earraí ar Láimh



Cuireadh gach seic isteach sa Bhangc an lá do fuaradh é.


L. 76


Ansan Leabhar an Airgid. Ná dearmhad gan na fuighlaigh
ins an Oifig agus insan Bhangc do chur síos ar dtúis.



Leabhar an Airgid.



Lch.
Locáiste
Oifig
Bangc



Ó'n bhfuighlach anuas
Ó Chts. Dhiarmuda Mhic Chormaic.
Ó Chts. Aindrias Uí Fhloinn
Ó Chts. Aindrias Uí Fhloinn
Ó Chts. Bhriain Uí Chonaill
Ó Chts. Chathail Uí Chéin
Ó Chts. na Reac
Ó Chts. na nDrochfhiacha
Ó Chts. na Airgid



Ó'n bhFuighlach anuas


L. 77


Leabhar an Airgid



Lch.
Locáiste
Oifig
Bangc



Le Cts. na gCeannach
Le Cts. Aindrias Uí Fhloinn (Iomchar)
Le Cts. Págh na bhFear
Le Cts. an Chíosa
Le Cts. na Sraithe
Le Cts. Éamuinn Mhic Guidhir
Le Cts. na dTarrac
Le Cts. Éamuinn Mhic Guidhir
Le Cts. Págh na bhFear
Le Cts. Fheidhlim Uí Thuathail
Le Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna
Le Cts. an Bhangc
Le Fuighlach síos


L. 78


An Leabhar Conganta ag Cormac Mac Airt



Cts. Airgid 'san Oifig
Cts. Airgid 'san Bhangc
Cts. Stór Earraí
Cts. Aindrias Uí Fhloinn
Cts. Bhriain Uí Chonaill
Cts. Chathal Uí Chéin
Cts. Dhiarmuda Mhic Chormaic
Cts. ó Chts. Éamuinn Mhic Guidhir
Cts. ó Chts. Fheidhlim Uí Thuathail
Cts. ó Chts. an Ghustail



Cts. Aindrias Uí Fhloinn
ó Chts. an Úis
Cts. na nDrochfhiacha
ó Chts. Dhiarmuda Mhic Chormaic
Cts. an Úis
ó Chts. an Gustail



Anonn



An Leabhar Conganta



(Na Buillí Sguir)
Anall
Cts. na Tráchtála
ó Chts. an Stóir Earraí
ó Chts. na gCeannach
ó Chts. Págh na bhFear



Cts. na Reac
Cts. an Stóir Earraí (ar láimh)



ó Chts. na Tráchtála
Cts. Sochair agus Dochair
ó Chts. an Úis
ó Chts. na nDrochfhiacha
ó Chts. an Chíosa
ó Chts. na Sreath
ó Chts. na Locáistí
ó Chts. na Tráchtála
Cts. an Ghustail
ó Chts. Sochair agus Dochair
ó Chts. na dTarrac


L. 79


Leabhar na Reac age Cormac Mac Airt



Aindrias Ó Floinn
Aindrias Ó Floinn
Brian Ó Conaill
Cathal Ó Céin
Feidhlim Ó Tuathail
Labhrás Ó Laoghaire



Leabhar na gCeannach ag Cormac Mac Airt



Cathal Ó Céin
Eamonn Mac Guidhir
Eamonn Mac Guidhir
Feidhlim Ó Tuathail
Micheál Ó Mathúna



An Leabhar Mór age Cormac Mac Airt



[Leathanach fé leith do gach cúntas mar 'dheadh. Siné cúis
na nuimhreacha.]



Cts. an Ghustail



Ó Chts. S/D
Ó Chts. na dTarrac
Ó'n bhFuighlach síos



Le Fuighlach anuas
Le Cts. an Úis.



I bFuighlach anuas


L. 80


Cts. na dTarrac



Ó Chts. an Bhaingc



Le hAistriú
i gCts. an Ghustail



Cts. an Stóir Earraí



Ó'n bhFuighlach



Ó'n Stóir



Le hAistriú i
gCts. na Tráchtála



Cts. na gCeannach



Ó'n mBangc
Ó Ioldaoine



Le hAistriú
i gCts. na
Tráchtála



Cts. na Reac



Ó Aistriú i
gCts. na
Tráchtála



Le Cts. Airgid
Le hIoldaoine L/R


L. 81


Cts. Aindrias Uí Fhloinn



Ó'n bhFuighlach
Ó Cts. an Úis
Ó Chts. na Reac
Ó Mhuirear
Iomchair
Ó Chts. na Reac



Ó'n bhFuighlach anuas.



Le Cts. an Baingc
Le Cts. an Bhaingc
Le Fuighlach síos



Cts. Bhriain Uí Chonaill



Ó'n bhFuighlach
Ó Chts. na Reac



Ó'n bhFuighlach anuas



Le Cts. an Bhaingc
Le Cts. na Locáistí
Le Fuighlach síos



Cts. Chathail Uí Chéin



Ó'n bhFuighlach
Ó Chts. na Reac



Ó'n bhFuighlach anuas



Le Cts. na gCeannach
Le Cts. an Bhaingc
Le Cts. na Locáistí
Le Fuighlach síos


L. 82


Cts Fheidhlim Uí Thuathail



Ó Chts. na Reac
Ó Chts. an Bhaingc
Ó Chts. na Locáistí
Ó'n bhFuighlach síos



Le Fuighlach
Le Cts na gCeannach



Le Fuighlach anuas



Cts. Labhráis Uí Laoghaire



Ó Chts. na Reac



Ó'n bhFuighlach anuas



Le bhFuighlach síos



Cts. Éamuinn Mhic Ghuidhir



Ó Chts. an Bhaingc
Ó Chts. na Locáistí
Ó Chts. an Bhaingc
Ó'n bhFuighlach síos



Le Fuighlach
Le Cts. na gCeannach
Le Cts. na gCeannach



Le Fuighlach anuas


L. 83


Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna



Ó Chts. an Bhaingc
Ó'n bhFuighlach síos



Le Cts. na gCeannach



Le Fuighlach anuas



Cts. Dhiarmuda Mhic Chormaic



Ó'n bhFuighlach



Le Cts. an Bhaingc
Le Cts. na nDrochfhiacha



Cts. an Úis



Ó Chts an Ghustail



Le Cts. A.
Uí Fhloinn
Le hAistriú i
gCts. S/D



Cts. na nDrochfhiacha



Ó Chts. Dh.
Mhic Chormaic



Le Cts. an Airgid
Le hAistriú
Cts. S/D


L. 84


Cts. Págh na bhFear



Ó Chts an Airgid
Ó Chts an Airgid



Le hAistriú
i gCts. na
Tráchtála



Cts. an Chíosa



Ó Chts. an Bhaingc



Le hAistriú
Cts. S/D



Cts. na Sreath



Ó Chts. an Airgid



Le hAistriú
Cts. S/D



Cts. na Locáistí



Ó Chts. Bh.
Uí Chonaill



Ó Chts. Ch.
Uí Chéin



Le Cts. E.
Mhic Ghuidhir
Le Cts. Fh.
Uí Thuathail
Le hAistriú
Cts. S/D


L. 85


Riaradh na bhFuighlach
I Leabhraibh Chormaic Mhic Airt.



Cts. an Airgid
Cts. an Bhaingc
Cts. an Ghustail
Cts. na dTarrac
Cts. an Stóir Earraí
Cts. na gCeannach
Cts. na Reac
Cts. Aindrias Uí Fhloinn
Cts. Bhriain Uí Chonaill
Cts. Chathail Uí Chéin
Cts. Fheidhlim Uí Thuathail
Cts. Labhráis Uí Laoghaire
Cts. Éamuinn Mhic Ghuidhir
Cts. Mhíchíl Uí Mhathúna
Cts. an Úis
Cts. na nDrochfhiacha
Cts. Págh na bhFear
Cts. an Chíosa
Cts. na Sreath
Cts. na Locáistí



Cúntas na Tráchtála



Ó Chts. an Stóir
Ó Chts na gCeannach
Ó Chts Págh na bhFear
Le Cts. na Reac
Le Stóir Deiridh
Le Cailliúint S/D



Cúntas Sochair agus Dochair



Ó Chts. an Úis
Ó Chts. na nDrochfhiacha
Ó Chts. an Chíosa
Ó Chts. na Sreath
Ó Chts. na Locáistí
Ó Cailliúint


L. 86


Clár na bhFuighlach



Fiacha ag
Feidhlim Ó Tuathail



Éamonn Mac Guidhir



Mícheál Ó Mathúna
Gustal



Airgead san Oifig
Airgead san Bhaingc
Stóir Earraí ar láimh
Fiacha ar
Aindrias Ó Floinn
Bhrian Ó Chonaill
Chathal Ó Chéin
Labhrás Ó Laoghaire


L. 87


Cleachtadh.



1. Na bearta seo síos age Liam Ó hEachthigheirn do chur
isteach i Leabhar na gCeannach, i Leabhar na Reac, i Leabhar
an Airgid, agus asta san 'sa Leabhar Mhór, na cúntais go
léir do chothromú, agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh:



1921.
Márta 1. D'osgail Liam Ó hEachthigheirn siopa lóin le Gustal
Cuir sé an tairgead san isteach sa Bhangc
i leith a ghnótha. Fuair sé leabhrín de chaoga seic
ansan agus leis sin do bhain sé as an
mBhangc i gcóir an tsiopa.



2. Tugadh isteach mar stór earraí na neithe seo síos
do cheannuigh sé
ó Lucht an tSoláthair Mhóir-
2 chéad de dhonnsiúcra ar an céad.
3 chéad de bhánsiúcra ar an céad.
céad de chaifé ar an púnt.
2 chéad de thé ar an púnt.
céad de thé ar 3s. an púnt.
ó Chumann na gCoilíní, Tta.-
3 chéad de rís ar an púnt.
2 chéad de thapióc ar an púnt.
ó Mhuinntir Lughaidh, Eoin is a gCuid.-
Ilneithe, go luach.



3. Sgríobh sé seiceanna le híoc as
Fearaistí is Córacha.
Cíos-leithbhliana darab críoch lughnasa, 31, 1921.
Iolchaithteachais.
Caithteachais Dlighe.



4. Díoladh ar airgead síos, Ilneithe.



5. D'osgail cúntas le hArdsgoil na mbuachaillí,
agus do hórduigheadh.
2 chloich de bhánsiúchra ar an púnt.
chloch de dhonnsiúcra ar an púnt.
chloc de thé ar an púnt.
Ilneithe.
Bhain airgead as an mBhangc chun págh na bhfear
noibre do dhíol.


L. 88


Márta 7. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin ins an
bhangc.
8. Cuireadh seic chun lucht an tSoláthair Mhóir ag
glanadh an chúntais taréis locáiste 5 fé'n gcéad
do bhaint de.
9. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe.
10. Fuaradh seic ó Ardsgoil na mbuachaillí ag glanadh
an chúntais taréis locáiste 5 fé'n gcéad a
bhaint de.
11. Díoladh le bean Uí Ghuithín-ar cáirde,
½ chloch de rís ar an púnt.
½ chloch de thapióc ar an púint.
5 púint de thé ar an púnt.
2 phúnt de shiúcra ar an púnt.
12. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre d'íoc.
Chuir gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc.
14. Tharraing as an mBhangc dó féin ar leithligh.
15. Cuireadh seic chun Cumann na bhFógraí do dhéanamh.
16. Díoladh ar cáirde le hÁrdsgoil na mbuachaillí
- Ilneithe.
17. Cuireadh seic chun Cumann na gCoilíní ag glanadh
an chúntais taréis 5 fé'n gcéad do bhaint de
'na locáiste.
18. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe.
19. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre d'íoc.
19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa bhangc.
21. Ceannuigheadh ó lucht an tSoláthair Mhóir-Earraí,
22. Sgríobh seic le biolchaithteachais d'íoc.
23. Díoladh ar cáirde le hÁrus na Seanóirí, Ilneithe,
26. Cuireadh seic ag glanadh leath an chúntais.
28. Fuaradh ó Árus na Seanóirí seic.
29. Díoladh ar airgead síos - Ilneithe.
31. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc.



2. Na bearta seo síos age Tomás Ó Mangaire do chur
isteach i Leabhar na Reac, i Leabhar na gCeannach agus i Leabhar
an Airgid, agus asta san isteach 'sa Leabhar Mhór, na cúntais
go léir do chothromú agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh:


L. 89


1922.
Beal. 1. D'osgail Tomás Ó Mangaire siopa chun Ilneithe
dhíol agus do chuir a ghustal isteach 'sa Bhangc.
Fuair sé leabhrín de chaoga seic agus ansan d'íoc
sé le seiceannaibh as na neithibh seo:
Cíos.
Fearaistí agus Córacha.
Atharuighthe agus Deisiúcháin.
Iolchaithteachais.
Coingibh sé sa tsiopa i gcóir an ghnótha.
2. Ceannuigheadh ar cáirde ó
Mhuinntir Mharcaigh is a gCuid. Luach d'Ilneithibh.
Lucht díoltha guail Lancaisír, tonna guail ar
an tonna.
Muinntir Mhainchín agus a gCuid-
6 chéad de shiúcra ar an céad.
3 chéad de thé ar an púnt.
céad de chaifé ar an púnt.
Ilneithe.
3. Díoladh ar cáirde na hearraí seo-
Leis an Muileann Tuirisg, 10 dtonna de ghual
ar an tonna.
Le Bean Uí Uaithnín
cloch de rís ar an púnt.
3 púint de thé ar an púnt.
2 chloich de shiúcra ar an púnt.
5 púint de bhriosgaíbh ar an púnt.
2 phúnt de shubh ar an púnt.
Le lucht an Éadaigh do dhíol
2 thonna de ghual ar an tonna.
Lón bídh.
4. Cuireadh seic chun Muinntir Mharcaigh.
Locáiste.
6. Díoladh ar airgead síos go dtí sin, luach.
Díoladh Págh an lucht oibre.
Do bhain sé as an mBhangc 'na chóir féin ar leithligh.
8. Do híocadh Mionchaithteachais.
9. Fuaradh seic ó lucht an Éadaigh do dhíol, ag
glanadh cúntas leigeadh locáiste leó 5 fé'n gcéad.
11. Cuireadh seic chun lucht díolta guail Lancaisír
Locáiste.
12. Fuaradh seic ó'n Muileann Tuirisg Locáiste.


L. 90


Beal. 13. Fáltas airgid go dtí sin.
Do híocadh Págh an lucht oibre.
15. Cuireadh sa Bhangc gach fáltas airgid go dtí sin.
16. Díoladh ar cáirde le lucht an Éadaigh do dhíol, earraí,
17. Dhíol Bean Uí Uaithnín a cúntas lughaide locáiste
5 fé'n gcéad.
18. Díoladh ar cáirde le Bean Uí Uaithnín, lón bídh,
Tonna Guail.
19. Bhain sé as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh.
20. Luach d'Earraíbh a díoladh go dtí sin.
Do híocadh Págh an lucht oibre.
22. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc.
23. Cuireadh seic chun Muinntir Mharcaigh ag glanadh a
gcúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de.
24. Do hórduigheadh ó Mhuinntir Mharcaigh luach
d'earraíbh.
25. Díoladh dtonna de ghual leis an Muileann Tuirisg
ar an tonna.
27. Do híocadh Págh an lucht oibre.
27. luach d'earraíbh a díoladh go dtí sin, ar airgead
29. Do bhain sé as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh.
30. Luach d'earraíbh a díoladh ar airgead síos go
dtí sin.
31. Cuireadh 'sa Bhangc gach fáltas airgid go dtí sin.



3. Seo mar a bhí an sgéal age gnó Muinntir Bhriain is
Chathail an chéad lá d'Eanair, 1923:-



Do bhí 'sa Bhangc aca; san Oifig; luach
dearraíbh ar stór aca: Luach de Throsgán is Fearaistíbh;
Bhí aca ar Sheán Mhac Chuarta, agus age Séanius
Ó Cuanáin ortha féin; de Ghustal age Brian agus
de Ghustal age Cathal.



Ní mór sin do thaisbeáint i leabhraibh na beirte agus na
gnóthaí seo síos do chur isteach i Leabhar na Reac, i Leabhar
na gCeannach, agus i Leabhar an Airgid a bhí aca, agus asta
san isteach ins an Leabhar Mór, agus na cúntais ansúd do
chothrumú agus Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh, mar a bhíodar
an fichmhadh lá d'Eanair, 1923.


L. 91


Ean. 2. Ceannuigheadh ó Mhaolmhuire Ó Chatháin:-
2,000 slat de bhicúna ar an tslat.
3,000 slat de shíric ar an tslat.
agus ó Mhuinntir Ghuaire.
1000 slat de chanfás ar an tslat.
Ilneithe.
3. Díoladh ar cáirde le Tomás Mac Artaigh:-
slat de bicúna ar an tslat.
600 slat de shíric ar an tslat.
4. Cuireadh seic chun Séamuis Mhic Chuanáin ag glanadh
a chúntais.
Leigeadh locáiste fé'n gcéad leó.
5. Díoladh ar airgead síos Ilneithe.
6. Sgríobh seic le págh an lucht oibre d'íoc. Iolchaith-
teachais.
6. Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Shéamus Ó Chuanáin.
8. Díoladh ar cáirde le Muinntir Néill is Niocaill-
700 slat de chanfás ar an tslat.
9. Díoladh ar airgead síos Ilneithe.
9. Fuaradh seic ó Sheán Mhac Chuarta, ag glanadh
50 fé'n gcéad dá chúntas.
10. Fuaradh seic ó Thomás Mhac Artaigh ag glanadh leath
a chúntais, taréis locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de.
11. Do híocadh le Maolmhuire Ó Catháin.
12. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc.
13. Sgríobh seic le págh na bhfear noibre dh'íoc.
Iolchostais.
15. Bhain Brian as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh.
15. Bhain Cathal as an mBangc 'na chóir féin ar leithligh.
16. D'íoc Muinntir Néill is Niocaill a gcúntas taréis
locáiste 5 fé'n gcéad do bhaint de.
17. Díoladh ar airgead síos Ilneithe.
18. Ceannuigheadh rothar do'n teachtaire le seic.
18. Cuireadh seic chun Muinntir Ghuaire.
19. Cuireadh gach fáltas airgid go dtí sin 'sa Bhangc.
20. Sgríobh seic le págh an lucht oibre dh'íoc
Iolchaithteachais.


L. 92


Ins gach cleachtadh dhíobh seo, ní foláir na bearta gnótha
do chur ins na Leabhraibh seo; Leabhar an Airgid, Leabhar na
gCeannach, Leabhar na Reac, Leabhair na nAiseag, an Leabhar
Conganta, agus asta san isteach ins an Leabhar Mhór. Dein
na fuighlaigh do riaradh, agus ansan dein amach an Cúntas
Tráchtála, an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na
bhFuighlach.



1. An chéad lá de Nodlaig, 1918, seo mar a bhí an sgéal
age Eóghan Ó Luasa:-



Acfuinn:-Airgead ar láimh; Airgead 'sa
Bhangc; Stór Earraí; Trosgán
Oifige agus córacha. Fiacha aige ar Liam Ó
Deabhaidh; ar Sheán Ó Chaisín.
Fiachaisí: - Fiacha air ag Liam Ó Duibhir: ag
Pól Ó Murchadha; Sidiad na bearta gnótha
a bhí aige le linn na Nodlag:-



(N.B.-Cuireadh gach seic 'sa Bangc an lá do fuaradh é.)



Nlg. 1. Ceannuigheadh ó Liam Ó Duibhir, 17 dtonna de phrátaíbh
ar an tonna.
2. Díoladh le Tighthe Osta an Iarthair, Tta., 12 thonna de
phrátaíbh ar an tonna.
5. Fuaradh Allúntas ó Liam Ó Dhuibhir ar
phrátaíbh millte.
6. Do chuir Liam Ó Deabhaidh seic chuige ag glanadh a
chúntais, lughaide locáiste airgid 2½ fé'n gcéad.
7. Do híocadh le seic a hIasacht Sac.
8. Díoladh le Seán Ó Caisín, 11 chéad de phrátaíbh ar
an céad.
11. Bhain sé as an mBangc 'na chóir féin.
12. Do híocadh a hIomchar le seic.
13. Díoladh le Liam Ó Deabhaidh, chéad de phrátaíbh
ar an céad.
15. Fuaradh ó Sheán Ó Chaisín, seic locáiste
leigeadh leis.
17. Cuireadh chun Liam Uí Dhuibhir, seic;
locáiste.
18. Do híocadh le hAirgead Oifige a Trucailleacht is
lucht Iomchair.
20. Ceannuigheadh ó Phól Ó Mhurchadha, 19 dtonna de
phrátaíbh ar an tonna.


L. 93


Nlg. 22. Díoladh le Liam Ó Deabhaidh 15 thonna phrátaíbh ar
an tonna.
27. Cuireadh chun Póil Uí Mhurchadha seic,
locáiste.
31. Reaca ar airgead síos le linn an mhí.
31. Mionchaithteachais i rith an mhí, do híocadh le hAirgead
Oifige.
31. Págh an Lucht Oibre i rith an mhí do híocadh le hAirgead
Oifige.
31. An t-Airgead a cuireadh isteach 'sa Bangc i rith an
mhí.
Luach na bprátaí ar Stór i ndeire an mhí.



2. An chéad lá d'Iúl, 1912, thosnuigh Seán Mac Seóin ar
ghnó dhéanamh mar cheannuidhe plúir. Do chuir sé 'sa Bhangc,
agus do choingibh sé san oifig i gcóir mionchaithteachas.
Do cuireadh gach airgead 'sa Bangc fé mar a fuaradh é.



Iúl. 1. D'íoc sé le seic a Córachaibh is Fearaistíbh.
2. Ceannuigheadh ó Mhuinntir Bhotha is Darsaigh, 200
mála phlúr ar an mála.
3. Do híocadh a hIomchar an phlúir a mionairgead
4. Díoladh le M. Mac Simeóin, 3 mhála phlúr ar
an mála.
5. Ceannuigheadh Capall is Trucaill ar do híocadh
le seic.
5. Díoladh le Séamus Ó Luasa, 19 mála de phlúr ar
an mála, agus fuaradh seic uaidh ar chúig giní.
6. Do híocadh a Tonna ghual le hairgead.
8. Díoladh le M. Mac Simeóin 8 mála phlúr ar.
an mála
9. Díoladh le Liam Mac Muireadhaigh, 20 mála phlúr,
ar an mála.
10. Ceannuigheadh ó mhuinntir de Bhál, Béal Feirsde,
mála phlúr, ar an mála.
11. Fuaradh seic ó Shéamus ó Luasa.
12. Do híocadh a hIomchar an phlúir as an mionairgead,
13. Do híocadh le muinntir Bhotha is Darsaigh (seic).
15. Díoladh le Liam Mac Muireadhaigh, 18 mála phlúr ar
an mála.


L. 94


Iúl. 20. Fuaradh seic ó Mh. Mhac Shimeóin.
25. Do híocadh seic le Muinntir de Bhál.
26. Do baineadh as an mBangc i gcóir na hÓifige.
27. Do híocadh a hIomchar plúir le hairgead ó'n Óifig,
29. Díoladh le M. Mac Simeóin, 25 mhála phlúr ar
an mála.
29. Díoladh le Séamus Ó Luasa, 20 mála phlúr ar.
an mála.
31. Fuaradh ó Liam Ó Mhuireadhaigh, seic.
31. Mionchaithteachais i rith an mhí.
Luach an phlúir ar stór i ndeire an mhí.
3. An chéad lá de Mheitheamh, 1908, do bhí na fuighlaigh seo
i leabhraibh Sheáin Uí Néill: Airgead ar láimh;
Airgead 'sa Bhangc; Stór Earraí;
Meaisíní; Trosgán is Feairistí;
Fiacha ar Risteárd Mhac Dhomhnaill.
Phádruig Ó Dhuilleáin; Fiacha ag Stióphán
Mac Énna; Réamonn Breathnach;
Gustal.



Meith. 1. Ceannuigheadh ó Stiophán Mhac Énna, 8 dtonna
d'Iarann ar an tonna.
2. Do híocadh seic le Mac Énna, locáiste,
4. Díoladh le Muiris Ó Catháin, 3 rollaí de Chrédhumha
ar an rolla.
6. Díoladh le Pádruig Ó Duilleáin 10 dtonna de
ráilíbh ar an tonna.
9. Fuaradh seic ó Risteárd Mhac Dhomhnaill,
locáiste.
10. Ceannuigheadh ó Stiophán Mhac Énna 150 tonna
de sheaniarann ar an tonna.
11. Díoladh ar airgead síos 70 tonna de bhróintibh ar
an tonna.
11. Cuireadh isteach 'sa Bhangc.
12. Do híocadh le seic cúntas príobháideach.
14. Fuaradh ó Phádruig Ó Duilleáin, airgead
locáiste.
Leigeadh leis mar gheall ar earraíbh gan mhaith.
15. Ceannuigheadh ó Réamonn Bhreathnach, 80 tonna de
thinnlbh, an tonna,


L. 95


Meith. 16. Do híocadh le hairgead a hIomchar an iarainn sin



19. Cuireadh isteach 'sa Bhangc,
19. Do híocadh seic le Réamonn Breathnach,
locáiste.
21. Díoladh le Risteárd Mac Domhnaill, 70 tonna
de Ráillíbh an tonna.
24. Do híocadh Cíos an Chlóis le seic.
26. Fuaradh seic ó Phádruig Ó Dhuilleáin locáiste
26. Agus cuireadh isteach 'sa Bhangc é.
28. Bhain as an mBhangc i gcóir na hÓifige.
28. Do híocadh Págh na bhfear noibre le hairgead
oifige.
28. Caithteachais ghnótha.
28. Iomchar an Iarainn.
28. Bhain Seán Ó Néill as an mBangc 'na chóir
féin.
30. Stór ar láimh.



4. Do bhí Tigh Ósta age Seán Ó Broin agus seo mar a bhí
aige an chéad lá d'Eanair 'sa bhliain 1893: Luach bíthdhílse
an Tighe Ósta; Airgead 'sa Bhangc.
Airgead 'sa tigh aige; Trosgán is Feairistí;
Fíonta, biotáille, leann, agus rl; Tobac;
Feóil, éanlaith, agus rl.; Lón bídh;
Stórais eile ar láimh; Fiacha
aige ar oidhthibh.
Do bhí d'fiachaibh air age Seán Ó Conaill;
Conn Ó Gríobhtha; Liam Ó Muircheartaigh;
Séamus Ó Súilleabháin; Daoine
eile.



Ean. 1. Fuaradh airgead ó aoidhthibh
1. Cuireadh isteach 'sa Bhangc
2. Do híocadh seic le Liam Ó Muirche-
artaigh
4. Ceannuigheadh ó Dhonchadh Mhac Chárthaigh
brathtacha úrláir
5. Do híocadh seic le Séamus Ó Súille-
abháin
5. Do fuaradh ó Sheán Smiot a
ceapadh anuiridh ba dhrochfhiacha


L. 96


Ean. 6. Do híocadh seic le Seán Ó Conaill
Fuaradh 'na locáiste uaidh
6. Ceannuigheadh iolstórais ó Mhuiris Ó
Dhálaigh
Do híocadh airgead síos leis,
agus do fuaradh locáiste
uaidh
7 Do híocadh seic le Conn Ó Gríobhtha
8. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seomra
na mBilliard
9. Do cuireadh isteach 'sa Bhangc
11. Do híocadh Sraithe le seic
11. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin
13. Fuaradh táille na gCaráistí dos na
haoidhthibh Ó Thomás Ó Shéadhgha
13. Do híocadh seic le Donchadh Mac
Cárthaigh
14. Tugadh airgead ar sheic d'aoidhe agus
ansan do cuireadh an tseic isteach
'sa Bangc
15. Ceannuigheadh Trosgán ó Liam Ó Dhuinn
15. Fuaradh allúntas ó Liam Ó Dhuinn ar
sheantrosgán
15. Do híocadh airgead ar Ilneithibh
16. Do híocadh airgead a Nígheachán i gcóir
aoidhthe
16. Ceannuigheadh ó Sheán Ó Chonaill, fíon
fé bhanna
16. Do híocadh as an gcáin ar an bhFíon,
le hairgead
16. Do ceannuigheadh tobac ó Chonn Ó Ghríobhtha
Locáiste gnótha 2½ fé'n gcéad
18. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra
na mBilliard
19. Do híocadh as an nGeas le hairgead
19. Do híocadh seic le Liam Ó Duinn
20. Do híocadh seic le Conn Ó Gríobhtha
20. Ceannuigheadh ó Liam Ó Mhuircheartaigh,
éanlaith, agus rl.
22. Ceannuigheadh ó Shéamus Ó Súilleabháin,
lón bídh
22. Do híocadh a nIlneithe le hairgead
23. Fuaradh táille na gCaráistí dos na
haoidhthibh ó Thomás Ó Shéadhgha


L. 97


Ean. 23. Tugadh seic dó
25. Do híocadh seic le Séamus Ó Súilleabháin
Fuaradh 'na locáiste uaidh
25. Do híocadh seic le Liam Ó Muircheartaigh
Fuaradh 'na locáiste uaidh
26. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra
na mBilliard
28. Ceannuigheadh ar airgead síos Ilneithe
29. Ceannuigheadh leann ó Sheán Ó Chonaill
Tugadh seic dó
Fuaradh 'na locáiste uaidh
30. Fuaradh 'sa Tabhairne agus i Seómra
na mBilliard
Airgead do fuaradh i rith an mhí ós na
haoidhthibh agus do cuiread isteach 'sa
Bhangc
Ús ar Ghustal
Págh agus Tuarasdal ag glaodhach
Dímheas ar Trosgán
Fiacha ar Aoidhthibh
Stór ar láimh:
Fíonta, biotáille, leann, agus rl.,
Tobac,
Feóil, Éanlaith, agus rl.
Lón bídh
Iolstórais



90. Samhlaíd ar conus Cúntas na Tráchtála, an Cúntas
Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach do dhéanamh
amach ó Riaradh na bhFuighlach.



Ó'n eólas so síos do fuaradh i leabhraibh É. agus S. Mhic
Liam (a bhí le-ath i bpáirt), déan amach Riaradh na bhFuighlach
agus Cúntas na Tráchtála agus an Cúntas Sochair agus
Dochair. Sgríobh Clár na bhFuighlach, mar a bhí an t-aonmhadh
lá déag ar ghichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain, 1922.



Ní foláir a thaisbeáint ins an Chúntas Tráchtála toradh na
tráchtála ins gach roinn de'n ghnó. Ní mór na caithteachais
go léir, a bhain leis an dtiúsgal, do roinnt ar gach Roinn do


L. 98


réir iomláine na Reac i dtreó gur féidir an Sochar glan ins
gach Roinn do dhéanamh amach agus do thaisbeáint ins an
Chúntas Sochair agus Dochair:-



Córacha is Feairistí,
Tighthe,
Stór Earraí mar a bhí 1/1/'22. Roinn A.
B.
Ceannaigh A.
B.
Reaca ar cáirde A.
B.
Reaca ar airgead síos A.
B.
Aisig isteach A.
B.
Aisig amach A.
B.



Caithteachais choitcheanna:-



Tuarasdail agus Págh
Sraithe agus Cáin
Íocaíocht ar Urús
Coimisiún a híocadh le Timthiríbh
Fógruíocht
Locáiste a leigeadh
Locáiste a fuaradh
Ús agus Muirear Baingc
Ilchaithteachais
Fiacha aca
Fiacha ortha
Airgead 'san Bhangc
Airgead 'san Oifig
Cúntais na nGustal:-
E. Mac Liam
S. Mac Liam
Cúntais na dTarrac:-
E. Mac Liam
S. Mac Liam
Stór Earraí 31/12/'22, Roinn A.
B.


L. 99


Ní foláir cur i gcóir na neithe seo síos:-



(a) Drochfhiacha d'áireamh.
(b) Bunchúil i naghaidh Drochfhiacha ar ráta 2½ fé'n gcéad
des na Fiacaibh aca.
(c) Do híocadh a sraithibh is Cáin go dtí 31/3/'23.
(d) Do híocadh as an Urús go dtí 30/4/'23.
(e) Ús ar Ghustal d'áireamh ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh
na bliana.
(f) Dímheas ar Thighthibh ar ráta 2½ fé'n gcéad.
(g) Dímheas ar Chorácha is feairistí ar ráta 7½ fé'n gcéad.



Riaradh na bFuighlach i leabhraibh E. agus S. Mhic Liam
I gcóir na bliana darab deire 31 xii., 1922.



Córacha is Fearaistí
Tighthe
Stór earraí 1/1/'22, Roinn. A.
Stór Earral 1/1/'22. B.
Ceannaigh A.
Ceannaigh B.
Reaca ar cáirde A.
Reaca ar cáirde B.
Reaca ar airgead síos A.
Reaca ar airgead síos B.
Aisig isteach A.
Aisig isteach B.
Aisig amach A.
Aisig amach B.
Tuarastail agus Págh
Sraithe agus cáin
íocaíocht ar Urús
Coimisiúin a hÍocadh le Timthiríbh
Fogruíocht
locáiste a leigeadh
Locáiste a fuaradh
Ús agus Muirear Baingc
ilchaithteachais
Fiacha aca
Fiacha ortha
Airgead san bhangc
Airgead san Oifig
Gustal E. Mhic Liam
Gustal S. Mhic Liam
Tarraca E. Mhic Liam
Tarraca S. Mhic Liam


L. 100


Cúntas na Tráchtála
Roinn A.
Roinn B.



Ó Chts. na Stóir.
Ó Chts. na gCeannach
Lughaide Aisig
Ó Chts. Sochair



Le Cts. na Reac
Lughaide Aisig
Le Stór deiridh




L. 101


Cúntas Sochair agus Dochair
Roinn A
Roinn B



Ó Chts. Tuarastail is Págh
Ó Chts. Sraithe
is Cánach
Lughaide
Roimhíoc



Ó Chts. Urúis
Lughaide
Roimhíoc



Ó Chts. Coimisiúin Timthiribh
Ó Chts. Foghruíochta
Ó Chts. Locáiste
Ó Chts. Úis is Muirear Baingc
Ó Chts. Ilchaithteachas
Ó Chts. na
ndrochfhiacha
móide
Bunchúil



Ó Chts. Úis ar Ghustal
Ó Chts. Dímheas ar Thighthibh
Ó Chts. Dímheas ar Chóir is
Feairistí
Ó'n Sochair nglan



Roinn A
Roinn B



Le Sochar
Le Cts. Locáiste


L. 102


Clár na bhFuighlach i Leabhraibh E. agus S. Mhic Liam, 31/12/'22.



Fiachaisí
Fiacha ortha
Gustal E. Mhic Liam
Móide Ús ar Ghustal
Móide ½ Sochar



Lughaidhe Tarrac



Gustal S. Mhic Liam
Móide Ús ar Ghustal
Móide ½ Sochar



Lughaidhe Tarrac



Acfuinn
Airgead san Oifig
Airgead san Bhangc



Stór Earraí Roinn A
Stór Earraí Roinn B



Córacha is Feairistí
Lughaide Dímheas 7½%



Tighthe
Lughaide Dímheas 2½%



Fiacha aca
Lughaide Drochfhiacha
Lughaide Bunchúil 2½%



Roimhíoc Sreath is Cánach
Roimhíoc Urúis


L. 103


Cleachtadh.



1. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus
Clár Fuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir
mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh cúntais
Mhuinntir Dhubháin is a gCuideachtan an t-aonmhadh lá déag
ar fhichid de mhí na Nodlag 1914:-



Stór Earraí ar Láimh 31/12/1913
Ceannaigh
Costasaí Tráchtála
Reaca ar cáirde
Reaca ar airgead síos
Págh
Tuarasdail
Cíos, Sraithe, cáin, agus Urús
iomchar Earraí
Billí le híoc
iasacht ó'n mBangc
Cts. an Ghustail
Trosgán. Fearaistí. agus córacha
Tighthe
Fiacha aca
Fiacha ortha



Stór na nEarraí ar láimh i ndeire na bliana.



2. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus
clár Fuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do réir
mar a taisbeánadh leis na Fuighlachaibh i leabhraibh Cúntais
Hannraoi de Faoite 31/12/1914:-



Reaca ar Cáirde
Ceannaigh
Ilchaithteachais Ghnótha
Reaca ar airgead síos
Stór Earraí ar láimh 31/12/1913
Págh
Tuarasdal
Tighthe
Fiacha aige


L. 104


Billí le híoc
Fiacha air
Billí le fághail
Trosgan, fearaistí agus Córacha Oibre
Cts. an Ghustail
Airgead 'sa Bhangc
Luach na nEarraí ar Stór aige i ndeire na
bliana.



3. Cúntas Tráchtála agus Cúntas Sochair agus Dochair
do dhéanamh amach ós na fuighlachaibh seo síos i leabhraibh
Sheáin Uí Choilleáin i gcóir na leithbhliana darab deire an
deichmhadh lá ficheadh de Mheitheamh, 1919:-



Reaca ar cáirde
Locáistí a leigeadh uaidh
Locáistí a leigeadh leis
Reaca ar airgead síos
Caithteachais choitcheanna
Págh na bhFear noibre
Ceannaigh
Tuarasdail
Iomchar earraí isteach
Cíos, Sraithe agus Cáin
Ús a díoladh leis an mBangc
Drochfhiacha
Deisiúcháin
Stór na nEarraí 30/6/1919



4. Ós na fuighlachaibh seo síos i leabhraibh Thaidhg Mhic Taidhg,
Riaradh na bhfuighlach do dhéanamh, agus an Cúntas Tráchtála
is an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach
do thaisbeáint, 31/12/1917:-



Stór Earraí 1/1/1917
Gustal
Aisig isteach
Aisig amach
Reaca
Ceannaigh
Locáistí a leigeadh leis
Ceannaigh ar airgead síos


L. 105


Págh an lucht oibre
Deisiúcháin
Iolchaithteachais
Cíos agus Sraithe
Fiacha aige
Fiacha air
Drochfhiacha
Airgead ar láimh
Airgead 'sa Bhangc
Stór Earraí. 31/12/'17



Tá d'fhiachaibh cíosa leithbhliana air.
Díoladh de'n úd thuas ar Shreathaibh roimhré.



5. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus
Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas so síos, do
réir mar a thaisbeánadh le Riaradh an bhFuighlach i leabhraibh
Pheadar Uí Néill, 31/12/1914.



Gustal Pheadar Uí Néill
Stór Earraí 1/1/'14
Ceannaigh
Reaca
Aisig isteach is amach
Cíos agus Sreatha
Urudhas
Locáistí
Drochfhiacha
Págh an Lucht Oibre
Tuarasdail
Ús do'n Bhangc
Fiacha air
Fiacha aige
Airgead ar láimh
Tarrac
Iasacht ó'n mBangc.



Stór Earraí, 31/12/'14



Le cur ar leathtaobh i gcoinnibh Drochfhiacha, 2½% des na
fiachaibh aige.


L. 106


6. Ó'n eólas so síos a baineadh a leabhraibh Chonchubhair Uí
Cheannuidhe, dein amach Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair
agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leithbliana
darab deire 31/12/'14.



Stór Earraí
Gustal
Ceannaigh
Reaca
Págh an lucht oibre
Tuarasdail Oifige
Cíos agus Cáin
Iolchaithteachais
Ionichar Earraí isteach
Locáistí
Córacha is Fearaistí
Meaisíní
Fiacha air
Fiacha aige
Iasacht ó'n mBangc
Ús ar iasacht ó'n mBangc



Stór na nEarraí 31/12/'14.



Bain 5 fé'n gcéad de luach na gCórach is na bhFeairistí mar
dhímheas.



Bain 10 fé'n gcéad de luach na Meaisíní is na bhFeairistí
mar dhímheas.



Cuir ar leathtaoibh i gcóir Drochfhiacha.



7. Ó'n eólas so síos, mar a taisbeánadh le Riaradh na
bhFuighlach i leabhraibh Thomáis Mhic Phúint, dein amach Cúntas
na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus Clár na
bhFuighlach i gcóir na leithbhliana darab deire an deichmhadh lá
fichead de Mheitheamh, 'sa bliain 1916:



Gustal, 1/1/'16
Ceannaigh
Reaca-ar cáirde
Reaca-ar airgead síos
Stór Earraí 1/1/'16
Foirgnimh
Meaisíní
Deisiúcháin


L. 107


Trosgán Óifige
Págh an lucht oibre
Tuarasdail
Fiacha air
Locáistí
Fiacha aige
Sraithe agus Cáin
Iolchaithteachais



Stór Earraí an deichmhadh lá fichead de Mheitheamh, 1916,



Bain mar dhímheas de Mheaisíníbh 10 fé'n gcéad dá luach,
agus 2½ fé'n gcéad de luach na bhFoirgneamh mar dhímheas.



Abair ciaca saidhbhir acfuinneach nó briste atá Tomás
Mac Púint.



8. Sidé Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Dháith Uí Ghaimbín
an deichmhadh lá ar fhichid de Mheitheamh, 1924:
Stór Earraí, 1/1/'14



Ceannaigh
Billí le fághail
Reaca
Billí le híoc
Fiacha air
Aisig amach
Gustal
Fiacha aige
Aisig isteach
Págh an lucht oibre
Iomchar Earraí
Tuarasdail
Sraithe agus Cáin
Eleictreachas
Caithteachais Taistil
Urudhas
Ús do'n Bhangc
Locáistí
Airgead ar láimh
Airgead 'sa Bhangc
Meaisíní
Foirgnimh


L. 108


Ús ar Mhorgáiste
Tarrac
Morgáiste



Stór Earraí, 30/6/'14,



Bain mar dhímheas de Mheaisíní 5 fé'n gcéad i naghaidh na
bliana dá luach, agus des na Foirgnimh 2½ fé'n gcéad dá luach
(i naghaidh na bliana). Díoladh Sraithe agus Cáin, agus
Urús i gcóir tréimhse ná raibh caithte i ndeire na bliana.
Dein amach an Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair,
agus Clár na bhfuighlach.



9. Sidiad síos na fuighlaigh a bhí i leabhraibh Seáin Uí Cholmáin
an taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag 'sa bhliain
1914, i gcionn bliana trádála:-



Billí le fághail
Reaca
Airgead 'sa Bhangc
Airgead ar láimh
Fiacha aige
Ús
Coimisiún
Ceannaigh
Stór Earraí 1/1/'14
Págh an lucht oibre
Cíos, Cáin, agus Urús
Caithteachais bhuana
Caithteachais Dlighe
Billí le híoc
Drochfhiacha
Airgead ar Taisge
Gustal, 1/1/'14
Seán Ó Colmáin-Tarrac
Iolchostais
Locáistí



Stór Earraí, 31/12/'14.



Airimh Ús ar Taisge ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana.
Sgríobh Cúntas na Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair
agus Clár na bhFuighlach,


L. 109


CEISTEANNA.
1. Do thárla na bearta so i ngnó Mhuinntir Mhurchadha le
linn na bliana, 1923:-(a) Díoladh Earraí ar cáirde
le Cathal Ó Céin; (b) Leigeadh ina locáiste le
Tadhg Ó Duinnín; (c) Fuaradh seic ó Mháirtín
Bhreathnach; (d) Cuireadh seic Mháirtín Bhreathnach 'sa
Bhangc; (e) Do híocadh airgead le Liam Brún;
(f) Tógadh as an mBangc i gcóir an ghnótha; (g)
Ceannuigheadh luach d'earraíbh ó Mhuinntir Laoghaire;
(h) Leigeadh 'na ocáiste leó ó Mhuinntir Aodha;
(i) Do híocadh ar Chlódóireacht; (l) Mionchostas;
(m) Cuireadh Earraí thar nais chun Muinntir
Dhuibhir; (n) Cuireadh 'sa Bhangc; (o) Tugadh
seic do Sheán Ó Cheallaigh. Abair cad iad na leabhair
'na mbeadh cúntas ar gach beart díobh san.



2. Díolann lucht plúir a dhéanamh a hiomchar na cruithneachta
chucha anall, ciaca i gCúntas na Tráchtála nó i gCúntas
Sochair agus Dochair a chuirfeá an mhuirear san? Cad
'na thaobh?



3. Cad í an difríocht atá idir Chúntas Tráchtála agus Cúntas
Sochair agus Dochair?



4. Ciaca taobh de Chlár na bhFuighlach na mbeadh na neithe seo
síos:-(a) Fiacha ag an lucht gnótha; (b) Fiacha ar an lucht
gnótha; (c) Feairistí agus Meaisíní; (d) Stór na
nEarraí; (e) Iasacht ó'n mBangc.



5. Cad í an difríocht atá idir Riaradh na bhFuighlach agus Clár
na bhFuighlach?



6. Má bhíonn suim an dá shaghas Fuighlach i Riaradh na bhFuighlach
ar cothrom, cad iad na dearmhaid is féidir fós do
bheith ann?



7. Ciaca des na fuighlachaibh ins na cúntasaíbh seo síos a
bheadh i gCúntas na Tráchtála agus ciaca aca. bheadh i
gCúntas Sochair agus Dochair, agus i gClár na bhFuighlach:
(a) Locáistí a leigfí le lucht an ghnótha Féin; (b) Fiacha
ag an lucht gnótha ar dhaoinibh eile; (c) Stór na nEarraí
ar láimh; (d) Págh an lucht oibre; (e) Tuarasdail na
hOifige? Cad 'na thaobh?



8. Cad chuige Cúntas Earraí agus conus a deintear é
chothromú?



9. An bhfuil aon difríocht idir Cúntas Earraí agus Cúntas
Tráchtála?


L. 110


10. Mínigh go cruinn baileach: Fuighlach fáltais; Fuighlach
díoluíachta; Dímheas; Drochfhiacha; Ús ar fhiachaibh.



11. Conus d'aithneófá ar chúntas pearsan 'sa Leabhar Mhór
ciaca bheadh fiacha ag lucht an ghnótha air nó aige sin ar
lucht an ghnótha?



12. Cad deintear chun ceart na leabhar gcúntais do ghromhadh?
An fromhadh críochnuighthe é? Cad 'na thaobh san?



13. Ciaca cúntas nar fáltas na Drochfhiacha agus ciaca cúntas
nar díoluíacht iad.



14. Cad chuige Cúntas na dTarrac, agus ciaca cÚntas na
naistrighthear é nuair a deintear na cúntais go léir
do chothroinú?



15. Ciaca leabhair 'na gcurtar na bearta so síos ionnta:
(a) Reaca ar cáirde; (b) Reaca ar airgead síos; (c)
Earraí do cuireadh thar nais?



16. Abair i dtaobh gach birt ghnótha dhíobh so síos ciaca leabhar
'na gcuirfí prímhinnsint air, agus cad 'na thaobh.
(a) Tosnuigheadh tiúsgal le agus cuireadh é go
léir 'sa Bhangc; (b) Ceannuigheadh ó Mhuinntir Éilighe
Trosgán Oifige ar le seic; (c) Baineadh as
an mBangc i gcóir costas an ghnótha; (d) Ceannuigheadh
luach d'earraíbh ó Mhuinntir Dhonnchadha; (e) Cuir.
eadh thar nais luach d'earraíbh chun Taidhg Uí Bhrosnáin;
(f) D'imthigh Seán Ó Gríobhtha gan bith a thuairisge agus
agam-sa air; (g) Do dóigheadh mo ghluaisteán orm
indiu, luach. D'éiligheas a luach go léir ar Chumann
an Urrúis agus ní bhfuaireas ach; (h) Fuaireas
25 fé'n gcéad d'fhiachaibh Chormaic Uí Chathail agam
air.



17. Ciaca cúntais 'sa Leabhar Mhór is dhóigh leat go gcuirfí
innsint ar na beartaibh seo a leabhraibh na prímhinnsinte:
(a) Do híocadh págh na seachtmhaine leis an lucht oibre;
(b) Ceannuigheadh Meaisín Clódóireachta le seic;
(c) Fuaradh seic ó Chonn Ó Chaoimh agus leigeadh
leis 'na locáiste; (d) Do diultuigheadh do'n tseic
a fuaradh ó Thomás Ó Domhnaill.



18. Conus a dhéanfá Leabhar na gCeannach do chur isteach 'sa
Leabhar Mhór?


L. 111


Páirtíocht.



91. Is gnáth, nuair a bhíonn an tiúsgal nó an gnó ana mhór,
chomh mór san go dtéigheann sé thar cumas
an duine aonair féin é stiúradh ná é thabhairt
i gcrích, go dtéigheann daoine i bpáirtíocht
le chéile 'sa tiúsgal nó 'sa ghnó d'fhonn sochair a bhaint as, ach
gan níos mó ná fiche duine 'sa pháirtíocht, agus gan thar
deichneabhar do bheith 'sa pháirtíocht má's gnó Baingc a ghabhaid
idir lámhaibh. Páirtnéir a tugtar ar gach duine go mbíonn
ceangal na páirtíochta air.



Bíonn connradh idir na páirtnéiríbh, mar seo:-



(a) Gach duine aca do chur oirid áirithe gustail 'sa ghnó.
(b) Roinnt áirithe de'n Sochar nó de'n Dochar, pé'ca aca
san é, do bheith ag gach páirtnéir fá seach.
(c) Ráta áirithe úis do bheith ag gach páirtnéir de bhárr an
ghustail aige ins an Pháirtíocht.
(d) Ráta áirithe úis do bheith ar gach páirtnéir d'íoc as a
mbaineann sé (as a tharrac) i rith na bliana.
(e) An tuarasdal a bheidh ag dul do ghach éinne fé seach, nó
d'éinne fé leith des na páirtnéiríbh, de bhárr na
hoibre fé leith a dheineann sé ar son na páirtíochta.
(f) Faid na páirtíochta.
(g) Na cúiseanna a sgaoilfidh an pháirtíocht; agus
(h) An nós 'na roinnfear Acfuinn na páirtíochta ar na
sgaoileadh.



Gustal na bPáirtnéirí.



92. Toisg go mbíonn roinnt áirithe ghustail ag gach páirt-
néir fé leith ins an pháirtíocht, ní foláir
cúntas gustail do dhéanamh amach i gcóir
gach páirtnéara fé leith, agus cúntas fé
leith i gcóir na dTarrac a bhaineann gach
páirtnéir fé leith as an ngnó. Bíonn gach cúntas eile ag
baint leis an bPáirtíocht ar aon dul díreach leis na cúntasaíbh
i ngnó an duine aonair, ach amháin, is gnáth a thaisbeáint ins
an Chúntas Sochair agus Dochair conus a deineadh an sochar
nó an dochar do roinnt ar na páirtnéiríbh fé seach, do réir
connartha na páirtíochta.


L. 112


93. Tá A, B, agus C, i bpáirtíocht. Tá gustal ag A,
ag B, agus ag C. Seo mar a roinntear an
Sochar; a leath ag A, a thrian ag B, agus a shémhad cuid ag C,
taréis Úis ar Ghustal fé'n gcéad i naghaidh na bliana, agus
tuarasdail 'sa bhliain a thabhairt do gach páirtnéir. Do
bhí de shochar aca le roinnt ortha mar sin.



Taisbeáin an roinnt, agus dein amach cúntais a nGustail,
taréis cúntais do dhéanamh air gur bhain gach duine aca
as an ngnó 'na chóir féin i rith na bliana.



Cúntas Sochair agus Dochair



Ó Thuarasdal
Ó Ús ar Gustal



Ó Sochar glan:




Le Sochar



Nó mar seo: Cúntas as Sochair agus Dochair



Ó Thuarasdail
Ó Ús ar Ghustal
Ó' Sochar glan síos



Ó Ghustal A.
Ó Ghustal B.
Ó Ghustal C.



Le Sochar



Le Sochar glan anuas


L. 113


Cúntas Gustail A.



Ó Tharrac
Ó Fuighlach



Le Fuighlach
Le Tuarasdal
Le hÚs ar Gustal
Le Sochar (½)



Cúntas Gustail B.



Ó Tarrac
Ó Fuighlach



Le Fuighlach
Le Tuarasdal
Le hÚs ar Ghustal
Le Sochair (1/3)



Cúntas Gustail C.



Ó Tarrac
Ó Fuighlach



Le Fuighlach
Le Tuarasdal
Le hÚs ar Ghustal
Le Sochair (1/6)



Cleachtadh (Cúntas an Ghustail).



1. An dá cúntas Ghustail age Seán Ó Ceallaigh is ag
Diarmuid Ó Seaghdha do sgríobhadh, mar a bheidís, 31/12/'15,
as an eólas so síos:



Sochar na Páirtíochta i gcóir na bliana 1915,
Ús ar Ghustal, 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana; Us ar
Mhorgáiste, 4 fé'n gcéad i naghaidh na bliana.
Seán Ó Ceallaigh-Gustal 1/1/'15
Diarmuid Ó Séaghdha-Gustal 1/1/'15
Morgáiste 1/1/'15



An sochar do roinnt do réir an Ghustail a bhí ag gach duine
é seach.



2. Bhí Seán Ó Míodhcháin is Tomás Ó Súilleabháin i bpáir-
tíocht, agus i dtosach na bliana 1920 do bhí Gustail


L. 114


'sa ghnó ó Sheán Ó Mhíodhcháin agus ó Thomás
Ó Shúilleabháin. Do bhí Sochar aca i ndeire na bliana
céadna. As an sochar san, níor mhór Ús ar an dá shuim
Ghustail ar 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana do bhaint, agus
ansan an fuighlach do roinnt ar na páirtnéiríbh: a thrian ar
Sheán Ó Mhíodhcháin agus a dhá dtrian ar Tomás Ó Súilleabháin.



Taisbeáin an dá chúntas Ghustail mar a bheidís 'sa Leabhar
Mhór.



3. 31/12/'21 do bhí an Gustal so i ngnó Mhuinntir Dhuinn:



Séamus Ó Duinn; Liam Ó Duinn; Brian
Ó Duinn.



Curtar Ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana le gustal na
bpáirtnéirí.



Do bhí Sochar ag an ngnó 'sa bhliain 1922.



Meitheamh 30, 1922, do tharraing Séamus 'na chóir féin.
Meitheamh 30, 1922, do tharraing Liam 'na chóir féin.
Meitheamh 30, 1922, do tharraing Brian 'na chóir féin.



Curtar Ús 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana le gach tarrac.



Roinntear an Sochar mar seo; a shémhadh cuid ar Shéamus,
a thrian ar Liam, agus a leath ar Bhrian.



Taisbeáin Cúntas Gustail gach duine de'n triúr mar a bheadh sé
taréis innsint ar na neithibh sin go léir do chur istcach ionnta.



4. Bhí Art, Conn agus Donnchadh i bpáirtíocht agus na
Gustail seo aca fé seach: agus connradh
eatortha an sochar do roinnt do réir an ghustail a bhí ag gach
duine aca. 'Sa bhliain 1921, do bhí an sochar so as an ngnó,
Agus do tharraing Art Conn Donnchadh
Taisbeáin cúntais Ghustail an trír i ndeire na bliana sin.



5. Tá Conn, Tadg, agus Diarmuid. i bpáirtíocht ag roinnt
Sochair agus Dochair mar seo: Conn a shémhadh cuid; Tadhg,
a thrian, agus Diarmuid a leath. Sidiad na Gustail a bhí aca
a dtriúr, fé seach, 1/1/'21: Conn; Tadhg;
Diarmuid. Ús ar Ghustal ar ráta 5 fé'n gcéad i
naghaidh na bliana.



Do bhí fuighlach fáltais i gCts. Sochair agus Dochair
i gcóir na leithbhliana roimh an Ús ar Ghustal do chur 'na
mhuirear ar an ngnó. Agus le linn na tréimhse do tharraing
gach duine aca, fé seach, 'na chóir féin:.



Taisbeáin cúntais an Ghústail aca mar a bheidís 'na leabh-
raibh, 30/6/'21.


L. 115


6. Stiofán, Murt agus Colm a bhí i bpáirtíocht mar mhuil-
neóirí agus na Gustail seo aca fá seach:
Do réir Connartha na páirtíochta gheobhadh gach páirt-
néir 5 fé'n gcéad mar ús ar a Ghustal agus Tuarasdal
'sa bhliain. Níor tharraing éinne aca as an ngnó i rith na
bliana ach a thuarasdal. Roimh ús ar ghustal ná tuarasdal
páirtnéirí do chur i gcúntas, do bhí sochar i gcóir na
bliana aca. Do roinneadh sochar an ghnótha mar seo: 3/6
age Stiophán, 2/6 age Murt, agus 1/6 age Colm.



Dein an Cúntas Sochair agus Dochair, agus sgríobh Cúntais
ghustail an Trír.



7. Do bhí agus Ghustal age Peadar is ag
Pól i ngnó páirte, agus iad ag roinnt Sochair is Dochair do
réir a ngustail. Do bhí mar Shochar. Do bhí, ag
dul do Phól mar bhainisteóir ar an ngnó, agus 5 fé n gcéad
mar ús ar Ghustal. Do tharraing Peadar agus Pól
as an ngnó i rith na bliana. Dein amach an Cúntas Sochair
agus Dochair, agus Cúntais Ghustail na beirte.



8. Pádruig, Fionán, agus Domhnall a tá i bpáirtíocht agus
an chéad lá d'Eanair 1909, do bhí na gustail seo aca fá seach,
Gheibheann Pádruig tuarasdal
agus Domhnall tuarasdal 'sa bhliain roimh Sochar an
ghnótha do roinnt. Geibhtear 5 fé'n gcéad mar ús ar Ghustal
ach ní iarrtar ús ar Tharrac. De'n sochar ghlan le roinnt,
gheibheann Pádruig 40% de'n chéad, 35 fé'n gcéad
age Fionán, agus 25 fé'n gcéad de age Domhnall. Os,a
chionn sini deintear an sochar do roinnt go cothrom. B é
sochar na bliana 1909, taréis tuarasdal na bpáirtnéirí do
chur i gcúntas ach roimh ús ar Ghustal d'áireamh agus
do tharraing gach páirtnéir díobh i gcoinne tuarasdail,
úis ar ghustal, agus sochair. Dein an Cts. Sochair agus Dochair
do dhúnadh, agus sgríobh Cts. Gustail na bPáirtnéirí i gcóir
na bliana.



9. Sidé síos Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh Cheallacháin
Bráithre, 31/12/'16, dein amach an Cúntas Trachtála, an
Cúntas Sochair agus Dochair agus Clár na bhFuighlach, i gcóir
na bliana 1916.


L. 116


Eóin Ó Ceallacháin - Gustal 1/1/'16
Liam Ó Ceallacháin - Gustal 1/1/'16
Stór Earraí, 1/1/'16
Airgead ar Láimh
Airgead 'sa Bhangc
Ceannaigh
Aisig isteach
Págh an lucht oibre
Tuarasdail
Sraithe agus Cáin
Urús
Iolchaithteachais
Reaca
Locáistí
Fiacha ortha
Drochfhiacha
Meaisíní
Fiacha aca
Ús ó'n mBangc
Tarrac - Eóin Ó Ceallacháin
Tarrac - Liam Ó Ceallacháin



Stór Earraí, 31/12/'16.



Cuir 5 fé'n gcéad mar Ús ar Tharrac le cúiteamh leis an
ngnó.



Cuir 5 fé'n gcéad mar Ús ar Ghustal mar mhuirear ar an
gnó.



Bain 5 fé'n gcéad de luach na Meaisíní mar dhímheas ortha.



10. Bhí Art Mac Cormaic agus Brian Mac Cinnéide i
bpáirtíocht le chéile i ngnó agus é sochair eatortha dhá dtrian
an tsochair do bheith ag Brian agus an trian eile ag Art. Seo
mar a bhí an sgéal aca do réir Riaradh na bhFuighlach ina leabh-
raibh, 30/6/'16. Dein amach Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair
agus Dochair, agus Clár na bhFuighlach i gcóir na leathbhliana
darab deire 30/6/'16, taréis fé'n gcéad i naghaidh na
bliana a bhaint de luach na Meaisíní mar dhímheas, agus Ús


L. 117


ar Ghustal 5 Fé'n gcéad i naghaidh na bliana do chur mar
mhuirear ar Shochar an ghnótha.



11. Bhí Séamus Ó hUiginn agus Liam Mac Raghnaill i
bpáirtíocht le chéile, agus é socair eatortha trí cheathramhna
de'n SOchar do bheith age ó hUiginn agus a cheathramha age
Mac Raghnaill. Ó'n eólas seo síos do taisbeánadh le Riaradh
na bhFuighlach ina leabhraibh, ní foláir an Cúntas Tráchtála,


L. 118


an Cúntas Sochair agus Dochair, agus Cúntais a nGustail
araon fé leith, do dhéanamh:



Riaradh na bhFuighlach, 31/12/1914.



Séamus Ó hUiginn - Gustal
Séanius Ó hUiginn - Tarrac agus Ús air
Liam Mac Raghnaill - Gustal
Liam Mac Raghnaill - Tarrac agus Ús air



Stór Earraí, 31/12/'14.



Cuir chun creidiúna Gustail gach páirtnéara Ús ar an
nGustal ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana.



12. Cúntas Tráchtála, Cúntas Sochair agus Dochair, agus
Clár na bhFuighlach do dhéanamh amach ó'n eólas seo síos do


L. 119


réir mar a taisbeánadh le Riaradh na bhFuighlach i leabhraibh
Ailpín is Millín, 30/6/1914.



Ailpín - Cúntas a Ghustail
Millín - Cúntas a Ghustail
Stór Earraí, 1/1/'14
Ceannaigh
Págh an lucht oibre
Tuarasdail
Reaca
Cíos
Sraithe
Deisiúcháin
Coimisiún
Geas
Drochfhiacha
Iolchaithteacchais
Trosgán na hOifige
Fiacha aige
Fiacha air
Meaisíní
Aisig isteach
Airgead 'sa Bhangc
Ailpín - Tarrac
Millín - Tarrac



Stór na nEarraí 30/6/'14.



Bain ús 5 fé'n gcéad ar an nGustal, agus roinn an sochar
go cothrom ar an dá pháirtnéir.



Deighmhéinn.



94. Nuair a bhíonn fear tiúsgalach dicheallach i mbun gnótha
ar feadh tamaill bíonn triall a lán daoine air ag ceannach
uaidh agus níl aon lá ná tagann daoine nuadha chuige le
feabhas na nearraí a bhíonn aige dhá dhíol agus leis an ainm
mhór a bhíonn air féin le macántacht. Ní féidir do'n fhear
gnótha, mar sin féin, a rádh gur fiú mórán airgid an buidhchas
san ag an bpobal air; ach dá mbeadh sé ag éirghe a gnó do
dhéanamh, éinne a bheadh ar tí an ghnótha cheannach, ba thoil leis
roinnt airgid thar luach an inid ghnótha féin agus na gcórach


L. 120


go léir ann a thabhairt le súil go leanfadh an pobal de'n
tseanáit cheannuíachta. Agus cé ná fuil 'sa tsúil sin ag an
té ar tí cheannuighthe ach dóchas nó súil le breith a feabhas an
duine a bhí ann roimhe, an gnó mór a dheineann tiúsgalaidhe
i náit, árduigheann sé go mór luach na háite sin nuair a bhítear
ghá dhíol. Mar sin, nuair a tugtar breis is a lomluach ar
inead ghnótha deirtear gur ar "Dheighmhéinn" an ghnótha a
tugtar an bhreis. Comhairighthear luach na deighmhéinne sin do
réir sochair an ghnótha le na trí nó a ceathair de bhliana sar
a ndíoltar é. Má's luachmhar an deighmhéinn ar an gcuma san,
nuair a éirigheann as an té chuir an gnó go léir ar bun agus
a tharraing an pobal go léir chuige; cá hiongna, nuair éiligheann
Fear luighe isteach i bpáirt leis an tiúsgalaidhe gur éirigh
leis ann, cá hiongna go mbeadh sé go lántoilteanach premium
a thabhairt ar an bpáirtíocht.



95. Agus is mar sin do pháirtnéiríbh, leis, nuair iarrann
fear eile é leigint isteach 'sa ghnó i bpáirt leó, iarraid ar
an nduine nuadh síntiús a thabhairt dóibh ar an gcead san.
Coimeádthar nó ní choimeádthar sa pháirtíocht an t-airgead
úd a gheibhtear ó'n nduine nuadh, do réir mar is áil leis na
seanpháirtnéiríbh. Má choimeádthar é roinntear é ar Ghustal
na seanpháirtnéirí, do réir mar a roinntear sochar an ghnótha
de ghnáth; agus sin mar is Fearr do'n pháirtnéir nuadh, mar
bíonn an méid sin gustail 'sa bhreis chun an tiúsgail d'oibriú.
Mara gcoimeádthar 'sa ghnó é, ní dheinid na seanpháirtnéirí
ach é chur chucha síos 'na spaga dhóibh féin.



96. D'éaghmais an airgid thugann an páirtnéir nuadh mar
síntiús nó premium dos na seanpháirtnéiríbh ar é leigint
isteach 'sa pháirtíocht, tugann sé airgead eile isteach mar
Ghustal, agus gheibheann sé roinnt de shochar an ghnótha do réir
an chonnartha a deintear leis, d'éaghmais an Úis ar Ghustal
is gnáth a thabhairt do pháirtnéiríbh.



97. Uaireanta eile, i ninead síntiúis d'iarraidh ar an
bpáirtnéir nuadh, i dteannta an airgid a thugann sé isteach
mar ghustal, is amhlaidh a curtar luach áirithe ar an ndeighmhéinn,
agus roinntear luach na deighmhéinne ar ghustal na seanpháirt-
néirí, do réir mar a roinntear sochar an ghnótha de ghnáth. Is
inóide gustal na seanpháirtnéirí an bhreis sin ó'n nDeighmhéinn,
agus, mar sin, is móide, dá réir, a sochar as an dtiúsgal
i ngach slighe.


L. 121


98. (a) Sidé Clár na bhFuighlach do réir mar a bhíodar i
leabhraibh Eóin Mhic Chormaic, 31/12/'23.



Do thoiligh sé chun Tomáis Mhic Ghearailt do ghlacadh mar
pháirtnéir 'na ghnó, ach Tomás do dhíol ar an trímhadh
cuid de shochar an ghnótha a bheith aige, agus 'na theannta san
Gustal do thabhairt 'sa ghnó. Do thoiligh Eóin an míle
púnt ar an ndeighmhéinn do choimeád 'sa ghnó.



Seo mar a neósfí an sgéal san 'sa Leabhar Chonganta:



Airgead Fls.
Ó Ghustal Eóin Mhic Chormaic
Ó Ghustal Thomáis Mhic Ghearailt



B'shin thug Tomás ar an trímhadh cuid de shochar an
ghnótha a bheith aige agus thug sé isteach 'sa ghnó mar
Ghustal.



Agus seo mar a bheadh Clár na bhFuighlach ages na páirt-
néiríbh ansan:


L. 122


99. (b) Do bhí Mícheál Ó Cathail agus Seán de Búrca i
bpáirtíocht, leath ar leath, agus sidé a gClár Fuighlach:



Do thoiligheadar cun Pádruig Uí Éigcartaigh do ghlacadh mar
pháirtnéir, ach Deighmhéinn an ghnótha do luacháil ar agus
Pádruig do thabhairt isteach mar ghustal, agus an
ceathramha cuid de'n sochar do bheith aige feasta. An chuid eile
do roinnt ar na seanpháirtnéiríbh do réir mar a roinntí
cheana iad.



Seo mar do neósfí san 'sa Leabhar Chonganta:



Cúntas na Deighmhéinne Fls.
Ó Chts. Gustail Mhíchíl
Ó Chts. Gustail Sheáin



B'shin é luach na deighmhéinne do réir an chonnartha le Pádruig.
Airgead Fls.
Ó Chts. Gustail Phádruig



Méid an Ghustail do thug Pádruig isteach do réir an chonnartha.
Agus seo mar do bheadh a gClár Fuighlach ansan:



100. (c) Uaireanta iarrann an páirtnéir nuadh dímheas
do dhéanamh ar cuid d'acfuinn na seanpháirtnéirí tar cheann


L. 123


an Ghustail a thugann sé isteach agus na deighmhéinne a ghabhann
leis an ngnó. Mar seo féach:



Do bhí Murchadh Ó Briain agus Cormac Mac Cárthaigh i
bpáirtíocht le chéile, dhá dtrian de'n sochar age Murchadh agus
an trian eile age Cormac.



Do thoiligheadar chun Cholmáin Mhic Suibhne do ghlacadh mar
pháirtnéir ar na coingíollachaibh seo: an Deighmhéinn do
luacháil ar; 10 fé'n gcéad do bhaint mar dhímheas des
na fiachaibh aca; 7½ fé'n gcéad do bhaint de luach na Meaisíní
agus na nEarraí ar stór aca; 2½ fé'n gcéad do bhaint de
luach na bhFoirgneamh; agus Colmán do thabhairt isteach
mar ghustal.



Seo mar do neósfí sin 'sa Leabhar Chonganta:-



Cts. na Deighmhéinne Fls.
ó Chts. Gustail Mhurchadh Uí
Briain
ó Chts. Gustail Chormaic Mhic
Chárthaigh



B'shiné luach na Deighmhéinne do réir an Chonnartha.



Gustal Mhurchadh Uí Bhriain Fls.
Gustal Chormaich Mhic Chárthaigh Fls.
ó Dhímheas ar Fhiachaibh
ó Dhímheas ar Mheaisíníbh
ó Dhímheas ar Earraíbh
ó Dhímheas ar Fhoirgnimh


L. 124


B'siné an dímheas do toiligheadh a dhéanamh ar an Acfuinn.



Airgead
ó Chts. Gustail Cholmáin Mhic
Suibhne



B'shiné an Gustal a thug Colmán isteach 'sa páirtíocht.



Réidhteach cúntais Gustail Mhurchadh Uí Bhriain.



Ó Dhímheas
Ó Fuighlach



Le Fuighlach
Le Dighmhéinn



Réidhteach Cúntais Chormaic Mhic Chárthaigh.



Ó Dhímheas
Ó Fuighlach



Le Fuighlach
Le Dighmhéinn



Cúntas na bhFiacha aca.



Ó Dhímheas



Le Drochfhiacha
Le Fuighlach



Cúntas na nEarraí



Ó Fuighlach



Le Dímheas
Le Fuighlach



Cúntas na Meaisíní



Ó Fuighlach



Le Dímheas
Le Fuighlach


L. 125


Cúntas na bhFoirgneamh



Ó Fuighlach



Le Dímheas
Le Fuighlach



Agus sidé Clár no bhFuighlach a bheadh ag an bpáirtíocht nuadh:



101. (d) Uaireanta, téigheann daoine i bpáirtíocht le chéile
chun gnótha cheannach. Mar seo, féach:-



Do chuaidh Seán Ó Dubháin agus Liam Ó Finn i
bpáirtíocht, leath ar leath, chun tiusgail Mhuiris Uí Mhadagáin
do cheannach. Do ceannuigheadh é ar bhás Uí Mhadagáin agus
sidé Clár na bhFuighlach ag taisbeáint Staide an Ghnótha nuair
a cailleadh an seantiúsgalaidhe:-



Do toiligheadh chun a thabhairt ar an ngnó ghá cheannach,
a leath ó Sheán Ó Dhubháin agus a leath ó Liam Ó Fhinn. 'Na
theannta san, do chuir an bheirt pháirtnéirí an duine
isteach 'sa Bhangc i gcóir Gustail oibre an ghnótha do cheannuigh-
eadar, agus do socaruigheadh de thoil a chéile luach na bhFeair-
istí do luighdiú de, Stór na nEarraí do luighdiú de
agus Trosgán na hÓifige do luighdiú de.


L. 126


Dein na hinnsintí nach foláir a chur síos i leabhraibh an
chumainn nuaidh agus déin amach Clár na bhFuighlach ag tais-
beáint Staid an Ghnótha age Seán Ó Dubháin agus ag Liam
Ó Finn i dtosach na páirtíochta.



Seo mar a taisbeáinfhí ceannach an ghnótha ins an Leabhar
Chonganta:-



Bithdhílis Foirgneamh
ó Sheiceadúirí Úi Mhadagáin
ó Bhunchúil i gcoinne Drochfhiacha



N.B. - Dob' fhiú an gnó, fé mar a sheasaimh sé, nuair a caill-
eadh Madagán, 'sé sin, an difríocht idir luach
Acfuinne an ghnótha agus méid na bhFiachaisí. Ach do tugadh
air, mar sin dob' fhiú an deighmhéinn.



Airgead
ó Seán Ó Dubháin
ó Liam Ó Finn
Tugadh an méid sin airgid uatha araon 'sa Bhangc.
Seiceadúirí Úí Mhadagáin
ó Airgead
B'shiné an t-airgead a tugadh ar cheannach an ghnótha.



Deighmhéinn
ó Feairistí
ó Stór na nEarraí
ó Trosgán Oifige



Feach, ó's fiú an deighmhéinn an difríocht idir luach ceann.
uighthe an ghnótha móide méid na bhFiachaisí agus luach na
hAcfuinne,



(Deighmhéinn = [luach ceannuighthe an ghnótha + méid na
bhfiachaisí] — luach na hAcfuinne.)


L. 127


Leanann de sin, má deintear luighdiú ar luach na hAcfuinne,
go ndeintear méadú ar luach na deighmhéinne.



Agus siné a chúis go gcurtar an dímheas a deineadh ar chuidh
de'n Acfuinn mar bhreis leis an nDeighmhéinn.



Sidé Clár Fuighlach na páirtíochta taréis na mbearta san:-



Sgaoileadh Páirtíochta.



102. Nuair a théigheann daoine i bpáirtíocht mar sin d'fhonn
praifíde a bhaint a gnó, leanann an pháirt-
íocht an ghaid do socaruigheadh do réir
Connartha na páirtíochta, nó deintear
í sgaoileadh tré bhás, nó tré ghealtacht nó
tré dhul d'acfuinn duinE des na páirtnéiríbh, i dtreó nach
féidir dó a chuid fiacha do ghlanadh. Nó sgaoiltear an pháirt-
íocht d'aon toil na bpáirtnéirí féin.



Pé uair a sgaoiltear an Pháirtíocht, is gnáth acfuinn na
páirtíochta do dhíol, agus toradh a díolta do chur chun fiacha
na Páirtíochta do ghlanadh ar an gcéad dul síos, agus ansan,
má bhíonn aon ghuighlach airgid ar láimh, na hiasachtaí a fuaradh
ós na páirtnéiríbh (lasmuigh de'n Ghustal) do dhíol, Gustal
na bPáirtnéirí do dhíol, agus ansan an fuighlach do roinnt
ar na páirtnéiríbh do réir mar do roinntí sochar agus dochar
na Páirtíochta. Má's amhlaidh a cailltear leis an ndíol, dein-
tear "an chreach do roinnt" ar na páirtnéiríbh do réir
Connartha na Páirtíochta, agus mara mbíonn a dhóithin Ghustail
ag aon duine des na páirtnéiríbh ins an Pháirtíocht chun a


L. 128


chion de'n dochar do shlánú, ní foláir dó breis airgid do
thabhairt isteach 'sa ghnó chuige sin. Agus má bhíonn duine aca
gan ghustal ar bith, ní foláir dos na páirtnéiríbh eile, ní
hamháin a gcion féin de'n dochar do sheasamh, ach cion an duine
gan ghustal chomh maith, do réir an Ghustail bheadh aca sa
Pháirtíocht.



Má théigheann d'acfuinn na Páirtíochta i dtreó nach féidir
dóibh a bhfiacha do ghlanadh, ní tugtar aon áird ar na fiachaibh
a bhíonn ag dul dos na páirtnéiríbh féin de bhárr iasachtaí do'n
pháirtíocht, ach caithfear na fiacha age daoinibh eile ortha do
dhíol do réir toradh díolta acfuinne na páirtíochta, agus
aon ghiacha a bheadh ortha de bhárr iasachta go ndíoltaí ús air
do réir sochair an ghnótha, curtar ceart a néilimh siúd ar gcúl
go mbíonn gach éileamh eile sásta.



Samhlaíd.



103. (a) Do bhí Pádruig Ó Raghallaigh agus Conall Ó Fair-
cheallaigh i bpáirtíocht, leath ar leath; agus d'aontuigheadar
éirghe as an ngnó a bhí aca agus an tiúsgal do dhíol fé mar a
sheasaimh sé an t-aonmhadh lá déag ar ghichid de Nodlaig, 1903.



Seo mar a bhí Clár na bhFuighlach aca an uair sin:-



Do díolad an léas agus na Feairistí ar Do bail-
igheadh na fiacha aca agus do fuaireadar. Do díoladh
na hEarraí ar cheant agus do fuaradh, taréis gach costais a
dh'íoc. Do díoladh na fiacha a bhí ortha agus leigeadh
leó 'na locáiste. Do bhí costas díolta ortha.



Sidiad na Cúntais nár mhór a dhéanamh amach chun na mbeart
san do thaisbeáint: Cúntas an Díolta, Cúntas na bhFiacha


L. 129


ar an ngnó; Cúntais Ghustail na bpáirtnéirí, Cúntas an
Airgid.



Cuirfead síos anso le hinnsintíbh 'sa Leabhar Conganta
cad iad na neithe a cuirfí ins gach cúntas díobh san.
Cúntas an Díolta Fls.
ó gach Acfuinn (ach an tAirgead).
Cúntas an Airgid Fls.
Ó Chúntas an Díolta
(An méid do fuaradh a díol na nAcfuinn).
Cúntas an Díolta Fls.
Ó Chúntas an Airgid
(An Costas a bhain le díol na nAcfuinn).
Cúntas na bhFiacha ar an nGnó Fls.
Ó Chts. an Díolta
(An locáiste a leigeadh de bhárr na bhfiacha dhíol).
Má's fuighlach díoluíachta an fuighlach i gCts. an Díolta,
sin sochar.
Má's fuighlach fáltais an fuighlach i gCts. an Díolta, sin
dochar.
Roinntear an sochar nó an dochar ar Ghustalaibh na bpáirt-
néirí do réir mar do roinntí sochar agus dochar an ghnótha
de ghnáth.
Curtar an sochar ar thaobh na ndíoluíacht agus an dochar ar
thaobh na bhfáltas.
Cúntas na bhFiacha ar an ngnó Fls.
Ó Chts. an Airgid
(An tAirgead do híocadh ag glanadh na bhFiacha).
Cúntais na bpáirtnéirí Fls.
Ó Chts. an Airgid
(An Fuighlach airgid i gCts. an Airgid is é dhéanfaidh cúntais
an Ghustail cothrom.)
Sidiad na Cúntais a ghabhann leis an samhlaíd thuas:-



Cúntas an Díolta.



Ó'n Acfuinn
Ó Chostas Díolta
ó Ghustal Phádruig
Ó Ghustal Chonaill



Le hAcfuinn:
Léas is Feairistí
Fiacha aca
Stór Earraí
le Locáiste


L. 130


Cúntas na bhFiacha ar an nGnó.



Ó Chts. an Airgid
Ó Locáiste



Le Fuighlach



Cúntas Gustail Phádruig Uí Raghallaigh



Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach
Le Cts. an Díolta



Cúntas Gustail Chonaill Uí Fhairceallaigh



Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach
Le Chts. an Díolta



Cúntas an Airgid



Ó Fuighlach
Ó Chts. an Díolta



Le Fiacha
Le Costas Díolta
Le Cts. na nGustal



Feach gur mar a chéile suim an Airgid 'na ghuighlach i gCts.
an Airgid agus suim an dá ghustal.



104. (b) Mathún Ó Tuama, Tadhg Ó Mathúna, agus Éamonn
Ó Glasáin a bhí i bpáirtíocht agus i ndeire ré na páirtíochta
sidé Clár na bhFuighlach a bhí aca:-


L. 131


Do díoladh an gnó, agus do fuaradh des na Fiachaibh
aca do bhailiú; do fuaradh ar an Stór Earraí; do
fuaradh ar na Meaisínibh; agus ar na Taisgíbh.
Do bhí costas ortha 'sa díol. Do réir Connartha na
páirtíochta do roinnidís gach sochar is dochar mar seo: cheithre
roinn do bheith age Mathún Ó Tuama, trí roinn age Tadhg
Ó Mathúna agus dhá roinn ag Éamonn Ó Glasáin.



Seo mar a bheadh na cúntais i dtaobh díolta na hAcfuinne
agus ghá thaisbeáint conus do roinneadh an chreach eatortha.



Cúntas an Díolta



Ó'n Acfuinn
Ó Chostas Díolta



Ó Dhochair anuas



Le Fiacha aca
Le Stór Earraí
Le Meaisíní
Le Taisgí
Le Dochas síos



Le Gustal Uí Thuama
Le Gustal Uí Mhathúna
Le Gustal Uí Ghlasáin



Cúntas na bhFiacha ortha



Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach



Cúntas Gustail Mhathúin Uí Thuama



Ó Chts. an Díolta
Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach


L. 132


Cúntas Gustail Thaidhg Uí Mhathúna



Ó Chts an Díolta
Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach



Cúntas Gustail Éamuinn Uí Ghlasáin



Ó Chts. an Díolta
Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach



Cúntas an Airgid



Ó Fuighlach
Ó Chts. an Díolta



Le Fiacha
Le Costas Díolta
Le Cts. na nGustal



Saghsanna Páirtíochta.



105. Féach go ndeintear Gustal na bPáirtnéirí do luighdiú
leis an nDochar a thagann a díol acfuinne
páirtíochta. Dá ráineóch go gcaillfí leis
an ndíol breis agus an Gustal go léir
do bheadh age páirtnéir i dtiúsgal páirt-
íochta do bheadh air an bhreis sin do dhíol as a mhaoin phríobháid-
cach. Siné dálta gach páirtíochta i gcoitchinne. Páirtíocht
choitcheann a tugtar ar an saghas san páirtíochta, Is féidir
do dhuine, ámh, suim áirithe airgid do chur i dtiúsgal pháirtíochta
d fhonn cuid de shochar an ghnótha pháirtíochta do bheith aige,
agus gan aon éileamh fiacha do bheith air (an páirtnéir teóranta)
thar an méid atá curtha aige. Ach, má gheibheann sé aon chuid
dá ghustal thar nais, díreach ná neamhdhireach, as an bpáirtíocht,
beidh an méid a fuair sé thar nais thíos le fiacha na páirtíochta
chomh maith leis an gcuid dá Ghustal do fágadh 'sa ghnó. Agus,
má ghabhann sé aon pháirt i mbainistighe an ghnótha, beidh sé thíos
le fiacha an ghnótha ar nós aon pháirtnéara choitchinn. Maidir
le cúntasaíbh páirtnéara teóranta, ní foláir nóta chur le
Cúntas a Ghustail gur páirtnéir teóranta é. Agus aon
tsochar nó ús ar Ghustal is leis, ba chóir é chur 'na chúntas


L. 133


phearsanta ('na chúntas reatha) agus gan é chur i gcúntas a
ghustail.



Ní foláir, nuair a bhíonn páirtnéirí teóranta i bpáirtíocht,
duine ar a luighead do bheith 'sa pháirtíocht a bheidh thíos le gach
éileamh fiacha a bhaineann leis an bpáirtíocht.



106. (c) Do bhí Aodhagán de Barra agus Donnchadh Ó Floinn
i bpáirtíocht, leath ar leath, gustal ag Aodhagán agus
gustal age Donnchadh. Do bhí d'fhiachaibh ortha.
Dhíoladar an gnó agus fuaradar ar an acfuinn.



N.B.-Acfuinn = Fiacha móide Gustal; mar sin Acfuinn
(do réir na leabhar) =



Seó mar a taisbeánfí an díol agus a thoradh ina leabhraibh:



Cúntas an Díolta.



Ó Acfuinn
Le hAcfuinn
Le Chts. na nGustal



Cúntas na bhFiacha ortha



Ó Chts. an Airgid
Le Fuighlach



Cúntas Gustail Aodhagáin de Barra



Ó Chts. Díolta (Dochar)
Ó Chts. an Airgid



Le Fuighlach



Cúntas Gustail Dhonnchadh Uí Fhloinn



Ó Chts. Díolta (Dochar)



Le Fuighlach
Le hAirgead


L. 134


Cúntas an Airgid



Ó Chts. an Díolta
Le Chts. na bhFiacha
Ó Chts. Ghustail Uí
Fhloinn.
le Chts. Gustail de
Barra



Féach gur bh'éigean d' Ó Floinn do thabhairt isteach 'sa
pháirtíocht chun a choda féin de'n Dochar do shlánú.



107. (d) Dithneas, Deabhadh, agus Díobháil a bhí i bpáirtíocht
le chéile, ag roinnt sochair agus dochair mar seo: a leath age
Dithneas, a thrian age Deabhadh, agus an sémhadh cuid age
Díobháil. D'éirigheadar as an bpáirtíocht nuair do chuaidh
d'acfuinn Díobháil ar fad. Seo mar a bhí Clár na bhFuighlach
aca an uair sin:-



Do dhíoladar an acfuinn, agus fuaireadar ar na
fiachaibh aca, agus ar an Stór Earraí.
Seo mar do taisbeánadh an díol agus a thoradh ina leabhraibh:



Cúntas an Díolta



Ó'n Acfuinn
Le fiacha aca
le Stór earraí
le Dochar síos



Ó'n dochar anuas
Le Gustal Dithneas
le Gustal Deabhadh
Le Gustal Díobháil


L. 135


Cúntas na bhFiacha ortha



Ó Chts. an Airgid
Le Fuighlach



Cúntas Gustail Dithneas



Ó Chts. an Díolta (Dochar)
Le Fuighlach



Ó Dhochar Díobháil (3/4)
Ó Chts. an Airgid



Cúntas Gustail Deabhadh



Ó Chts. an Díolta (Dochar)
Le Fuighlach
Ó Dhochar Díobháil (1/4)
Ó Chts. an Airgid



Cúntas Gustail Díobháíl



Ó'n easnamh
Le Gustal Dithneas
Ó Chts. an Díolta (Dochar)
Le gustal Deabhadh



Cúntas an Airgid



Ó'n bhFuighlach
Le Fiacha ortha
Ó Chts. an Díolta
Le Gustal Dithneas
Le Gustal Deabhadh



Féach gur deineadh easnamh Díobháil agus ar luigh de'n
Dochar air do réir Connartha na Páirtíochta, gur deineadh
iad do roinnt ar Ghustalaibh Díthneas agus Deabhadh, do réir
a raibh de Ghustal ag an mbeirt sin 'sa pháirtíocht.


L. 136


Cleachtadh (Páirtíocht).



1. Do bhí Cathaoir Ó Dochartaigh agus Eóin Ó Néill i bpáirt-
íocht, leath i bpáirt i ngach sochar agus dochar. Sidé Clár
na bhFuighlach aca, 31/12/'14.



Sguireadar an pháirtíocht. Fuaradar ar an Acfuinn
go léir a bhí aca. Dein réidhteach idir an dá pháirtnéir.



2. Chuaidh Bruadar, Smiot, is Glinn i bpáirtíocht chothrom,
d'fhonn gnótha Sheáin Mhic Ghiolla do thógaint idir lámhaibh.
Do socaruigheadh an gnó do cheannach, mar a bhí sé 31/12/'14
do réir Clár na bhFuighlach age Seán:



Do socaruigheadh do thabhairt do Sheán Mhac Ghiolla
ag ceannach an ghnótha. Agus do díoladh isteach 'sa
Bhangc ó'n gCumann nuadh, mar seo: ó Bhruadar;
ó Smiot; agus Ó Ghlinn. Roimh osgailt leabhar
an Chumainn nuaidh, do socaruigheadh an bun cúil le dímheas
do chur i gCts. na bhFeairistí is Meaisíní.



Dein na gnóthaí sin do thaisbeáint ins na leabhraibh nuadha
agus ullmhuigh Clár na bhFuighlach a thaisbeán staid na
bpáirtnéirí nuair do thosnuigheadar ar an dtiúsgal nuadh.


L. 137


3. Do bhí Bruid, Guid, agus Fuadach i bpáirtíocht agus
nuair a bhí deire leis an ré pháirtíochta, seo mar a bhí an sgéal
aca:-



Do socaruigheadh éirghe as an ngnó agus é dhíol. Bailigheadh
des na fiachaibh a bhí aca ar dhaoinibh eile; fuaradar
ar na taisgíbh a bhí aca, agus fuaradar ar na
Feairistíbh is Meaisíníbh. Do réir connartha na Páirtíochta,
do luighfeadh gach Sochar is Dochar a Tráchtáil nó a Díol na
nAcfuinn, péaca aca san é, ar gach páirtnéir do réir an
Ghustail a bheadh aige 'sa ghnó. Do bhain costas le díol
an ghnótha, agus rl.



Ó'n eólas san, ullmhuigh Cúntas an díolta, agus Cúntas
Gustail na bPáirtnéirí.



4. Do bhí Dicheall agus Dúthracht i bpáirtíocht; Gustal
age Dicheall, agus Gustal age Dúthracht,
Ghlacadar de thoil a chéile an tríomhadh páirtnéir, Díograis
le; a cheathramha san le háireamh mar dhíoluíacht a
Deighmhéinn le cur leis an nGustal, a bhí aca araon 'sa ghnó
cheana, do réir a raibh aca, fá seach, mar Ghustal.



Conus a dhéanfí Sochar an ghnótha do roinnt, i dtreó go
bhfaghadh gach páirtnéir a chion féin de do réir an Ghustail a
bhí aige ann?



5. Do chuaidh Mac Aodha i bpáirtíocht le hÓ Briain is Mac
Craith, agus do thoiligh sé chun do dhíol ar an nDeigh-
mhéinn, ar choinghill go bhfágfaí an t-airgead 'sa ghnó, agus
'na theannta san, chuir sé 'sa ghnó mar Ghustal. Páirt-
néirí leath i bpáirt dob' eadh Ó Néill is Mac Craith, agus seo


L. 138


mar a bhí Clár na bhFuighlach aca, nuair a ghabh Mac Aodha
páirt leó:-



Níor bh'fholáir le Mac Aodha an Stór Earraí do luacháil
ar agus dímheas 10 fé'n gcéad agus 5 fé'n gcéad a
bhaint de luach Feairistí is Meaisíní agus Bithdhílse na
bhFoirgneamh, fá seach, agus an oiread céadna do bhaint
dá luach san araon ar an ráta gcéadna i naghaidh na bliana
feasta. Thoiligheadar Ó Néill agus Mac Craith chuige sin ach
buncúil i naghaidh na nDrochfhiacha do chur síos mar
rud gur thoiligh Mac Aodha chuige. Taisbeáin Clár na bhFuighl ach
ag an bPáirtíocht nuadh agus abair cad í an roinnt de'n
Sochar nó de'n Dochar a gheobhadh Mac Aodha.



6. Sid é Clár na bhFuighlach a leabhraibh Chonchubhair Uí Loingsigh
agus Mhichíl Uí Bhaoighill a bhí i bpáirtíocht le chéile:-



Sgaoilid an pháirtíocht agus bainid a díol na
hAcfuinne. Ullmhuigh cúntas a thaisbeánfaidh cad a bhí aca
de bhárr na páirtíochta do sgaoileadh.


L. 139


7. Ruaidhrí Ó Seachnasaigh agus Art Mac Giolla Muire a
bhí i bpáirtíocht, trí roinn age Pádruig agus dhá roinn ag
Art de'n Sochar agus de'n Dochar. D'aontuigheadar éirghe
as an bpáirtíocht agus an acfuinn do dhíol. Sidé Clár na
bhFuighlach aca do réir a leabhar:



Ní bhfuaradh ach ar an Acfuinn eile agus ar
an nDeighmhéinn 'sa Díol; agus do bhain costas leis.
Taisbeáin na cúntais go léir a bhaineann le sgaoileadh
na páirtíochta.



8. Do bhí Tadhg agus Domhnall Ó Bruic i bpáirtíocht, agus
d'aontuigheadar éirghe aisti. Do fuaradh ar an
Acfuinn nuair a díoladh í. Do bhí Gustal age Tadhg
agus Gustal age Domhnall. Do thug Domhnall
ar iasacht do'n pháirtíocht leis; agus atá fiacha ortha.
Gheibheann Tadhg trí ceathramhna de'n sochar agus Domhnall
an chuid eile. Taisbeáin na cúntais go léir a bhainfeadh le
sgaoileadh na páirtíochta.



9. Do ghlac Diarmuid Cróchán mar pháirtnéir i dtosach
na bliana. D'aontuigheadar de thoil a chéile na luacha so síos
do chur ar Acfuinn an ghnótha a bhí age Diarmuid roimhe sin:



Bithdhílis na bhFoirgneamh
Feairistí is Trosgán
Stór Earraí
Fiacha aca
Airgead ar láimh



Do bhí d'fhiachaibh ar an ngnó agus fiacha ag
an mBangc air. Do réir Connartha na páirtíochta, do dhíol


L. 140


Cróchán leis an mBangc, agus cuireadh de chun
creidiúna Dh@rmuda, mar cheannach ar leith na deighmhéinne.



Tabhair innsint ar na bearta san 'sa Leabhar Chonganta
agus taisbeáin an Clár Fuighlach a deineadh amach ansan.



10. Do chu@dh Tomás Ó Cúáin agus Gearóid Ó Caoimh i
bpáirtíocht le chéile lá Coille, 1905; do bhí mar GhustaL
age Tomás agus gan aon rud age Gearóid. Do réir Connartha
na Páirtíochta, do socaruigheadh go bhfaghadh Tomás Ó Cúáin
5 fé'n gcéad mar Ús ar a Ghustal roimh an sochar do roinnt
eatortha, trí roinn age Tomás agus dhá roinn ag Gearóid.
An t-aonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na No@lag, 1909,
d'aontuigheadar de thoil a chéile éirghe as an bPáirtíocht, agus
seo mar a bhí an gnó:-



Fiachaisí
Acfuinn
Fiacha ortha
Fiacha aca
Iasacht Airgid
Stór Earraí
Fuighlach Cts. Sochair
agus Dochar
Meaisíní, agus rl.
Cúntais na dTarrac:
Sochar na bliana
Tomás Ó Cúáin
Gustal Thomáis
Gearóid Ó Caoimh



Níor cuireadh aon ús le gustal Thomáis ó thosach na páirt-
íochta. Ní gádh aon ús ar tharrac ná ar shochar nár roinneadh
d'áireamh. a bailigheadh des na fiachaibh aca; fuaradh
ar an Stór Earraí; agus fuaradh ar na
Meaisíníbh. Do fuaradh ar Dheighmhéinn an Tiúsgail. Do
bhí costas ar dhíol an ghnótha, agus do glanadh na f@cha
go léir. Ní foláir an t-ús ar ghustal Thomáis do chomhaireamh
ar a Ghustal bun@dh ach ní gádh ús ar ús do chur 'sa
chúntas.



Dein amach gach cúntas a bhaineann le sgaoileadh na páirt-
íochta.


L. 141


11. Do bhí Piaras Mac Gearailt, Conn Ó Coileáin agus
Gearóid Ó Muirthile i bpáirtíocht; dhá roinn de'n Sochar nó
de'n Dochar (péaca aca san é) age Piaras, dhá roinn age Conn
agus roinn age Gearóid. Do sgaoileadh an pháirtíocht,
31/12/1909, agus sidé Clár na bhFuighlach aca an lá san:-



Fiachaisí
Acfuinn
Gustal
Mhic Ghearailt
Uí Choileáin
Fiacha aca ar
Ó Mhuirthile
ar dhaoinibh eile



Iasachtaí
Mic Gearailt
Uí Choileáin



Gach Acfuinn
Airgead ar láimh



Fiacha ortha
Iasacht ó'n mBangc



Do bhain costas le sgaoileadh na páirtíochta. Do
cheannuigh Mac Gearailt an gnó, agus thug sé ar an
Acfuinn, agus ar an nDeighmhéinn.



Dein amach gach cúntas a bhaineann le sgaoileadh na páirt
íochta.



12. Do ghlach Seanán Mac Conmara agus Partholán Mac
Uaith bainisteoir a dtiúsgail, Murchadh Ó Briain, mar pháirt-
néir. Roinn chothrom leó féin do bheith aige i sochar agus i
ndochar an ghnótha, ach gan é do thabhairt aon ghUstail isteach
'sa ghnó, agus, i gcás na páirtíochta do sgaoileadh, gan aon
teidiol aige i dtaobh na deighmhéinne, ach an teidiol go léir
chúichí sin do bheith ages na seanpháirtnéiríbh, leath ar leath.


L. 142


Do toiligheadh d'aon aontadh an tiúsgal do dhíol agus sidé
Clár na bhFuighlach do deineadh ag taisbeáint staid an ghnótha:



Fiachaisí
Acfuinn
Fiacha ortha
Sealbhas is Córacha
Cúntais Gustail
Mac
Conmara
Fiacha aca
Stór Earraí
Mac Uaith
Airgead agus billí
Cúntais phearsanta na
bPáirtnéirí ar Ús
nár baineadh agus ar
Sochar:
Mac Conmara
Mac Uaith
Ó Briain



Do díoladh an gnó mar a sheasaimh sé, agus do sgaoileadh
an pháirtíocht. Do fuair an ceannuidhtheóir an Acfuinn go
léir, agus do ghabh sé air féin na fiacha ar an ngnó do dhíol
agus d'íoc leis na páirtnéiríbh air. Ins an díol do
tógadh luach an tSealbhais agus na gCóracha ar an
Acfuinn eile mar a dubhradh i gClár na bhFuighlach agus an
chuid eile de'n airgead a tugadh ar an nDeighmhéinn.



Dein amach na cúntais go léir le díol na páirtíochta.



13. Seán, Domhnall, Diarmuid agus MíCheál a bhí i
bpáirtíocht, agus na gustail seo aca fá seach,
agus 7/25 dé'n Sochar is Dochar age
Seán, 4/25 age Domhnall, 6/25 age Diarmuid, agus 8/25
age Mícheál. Do sgaoileadh an pháirtíocht agus taréis a
bhfiacha (fiacha na páirtíochta) d'íoc, do díoladh Acfuinn
an tiúsgail agus do fuaradh ortha. Do bhí Domhnall
go beó bocht agus gan aon acfuinn dá Chuid féin i naon
chor aige.



Dein amach na cúntais go léir a bhain le sgaoileadh na
páirtíochta.


L. 143


14. An t-aonmhadh lá déag ar ghichid de mhí na Nodlag do
bhí an Acfuinn seo age Diarmuid Ó Síothcháin. Fiacha aige;
Trosgán agus feairistí; Airgead 'sa Bhangc,
Do bhí d'fhiachaibh air. Do ghlach sé Séamus Ó Riain
mar pháirtnéir agus do thug sé dhó an trimhadh cuid de'n
Sochar is Dochar ar na coinghíollachaibh seo:-



(a) Cead do bheith age Diarmuid Ó Síothcháin do tharrac
as an ngnó 'na chóir féin; agus go dtí go ndéanfadh amhlaidh
an méid sin airgid d'áireamh mar iasacht ag an bpáirtíocht.



(b) Deighmhéinn do luacháil ar.



(c) Séamus Ó Riain d'íoc mar ghustal 'sa ghnó.
Tabhair innsint ar an socarú san 'sa Leabhar Chonganta,
agus sgríobh síos Clár na bhfuighlach mar a bheidís i dtosach
na páirtíochta, nuair a bheadh na íocta isteach 'na
Ghustal age Séamus.



15. Séafraidh Ó Conaill, Deaglán Paor agus Colm Ó
Máille a bhí i bpáirtíocht agus na gustail seo aca fá seach
Do réir Connartha na Páirtíochta
do leigtí 5 fé'n gcéad mar ús ar ghustal aca, agus do deintí
Sochar agus Dochar an ghnótha do roinnt mar seo: Ó Conaill
1/2 an, Paorach, 1/3, agus Ó Máille 1/6. Thug Ó Conaill iasacht
do'n pháirtíocht ar ús 6 fé'n gcéad, agus thug an Paorach
iasacht ar an ráta gcéadna. Tá an tús ar Ghustal agus
ar iasachtaíbh ó pháirtnéiribh díolta. Do haontuigheadh an
pháirtíocht do sgaoileadh 30/6/1910. Seo mar do bhí na fiachaisí
(seachas a raibh ag dul dos na páirtnéiríbh) agus an Acfuinn
aca an uair sin



Do díoladh an tiúsgal mar do bhí sé taréis dímheas do
bhaint de'n Acfuinn mar seo: Meaisíní, 10%; Úirlisí, 20%;
Fiacha aca, 15%; ach do cuireadh luach ar an ndeighmhéinn.



Dein na cúntais go léir a bhaineann le díol an tiúsgail.


L. 144


16. Feargus Ó Conchubhair agus Amhlaoibh Ó Bruadair
a bhí i bpáirtíocht ag díol is ag ceannach olna, agus na Gustail
seo aca fá seach. D'aontuigheadar cliamhain
Fhearguis Uí Chonchubair, Liam Ó Ríordáin (a bhí i mbun ghnótha
dá chuid féin), do ghlacadh mar pháirtnéir, agus an triúr aca
do bheith ar cothrom 'sa pháirtíocht ar na coinghíollachaibh seo:



(a) Gnó Uí Ríordáin do ghabhail taréis a Stóir Earraí
do luacháil ar; Trosgán Oifige; agus bithdhílis
Foirgneamh.



(b) Ó Conchubhair do thabhairt oirid dá chliamhain ó na Ghustal
féin agus a dhéanfaidh gustal a chliamhna agus gustal Uí
Bhruadair cothrom.



(c) Ó Bruadair agus Ó Ríordáin do thabhairt seiceanna
dó Conchubhair a dhéanfadh gustal gach duine de'n triúr
cothrom.



Tabhair innsint ar na coinghíollachaibh sin 'sa Leabhar Chon-
ganta agus dein amach Cúntais Ghustal an Trír.



17. Tá Liam Ó Duinnshléibhe agus Séamus Ó Briain
i bpáirtíocht ag díol guail, Sochar agus Dochar an ghnótha dá
roinnt ortha go cothrom. 31/12/'07, do bhí ag Ó Duinnshléibhe
gustal agus ag Ó Briain Gustal 'sa ghnó, do
bhí ag an uair gcéadna na fiachaisí agus an acfuinn seo:
Trosgán Oifige agus Córacha; Trucaillí; Fiacha
ortha; Airgead 'sa Bhangc; Cairtí, Feairistí,
is Capaill; Fiacha aca; Airgead ar láimh;
Stór Guail. D'aontuigheadar Tomás Ó Tuama do
ghlacadh mar pháirtnéir ar na coinghíollachaibh seo:-



(a) Sochar agus Dochar na páirtíochta do roinnt mar seo:
Ó Duinnshléibhe 2/5, Briain 2/5, agus Ó Tuama 1/5.



(b) Ó Tuama do thabhairt isteach 'sa páirtíocht na bhfiacha
a bhí aige ar dhaoinibh eile (ach 5 fé'n gcéad a bhaint díobh i
gcoinne drochfhiacha).



(c) Deighmhéinn ghnótha Uí Thuama do luacháil ar.



(d) Gustal do bheith ag Ó Tuama 'sa pháirtíocht (agus
luach na hAcfuinne a bhí aige d'áireamh), agus é do thabhairt
an fhuighlaigh isteach nuair a bheadh sé ag síghneáil Connartha na
páirtíochta an chéad lá d'Eanair.



Do haontuigheadh leis idir Ó Duinnshléibhe, Ó Briain agus


L. 145


Ó Tuama na hathruithe seo do dhéanamh ins an Clár Fuighlach
ages na seanpháirtnéiríbh:-



(a) Na Trucaillí do lUacháil ar, agus na Cairtí,
Feairistí is Capaill ar.



(b) 7½ fé'n gcéad do bhaint des na fiachaibh aca i gcoinne
Drochfhiacha.



(c) Deighmhéinn na seanpháirtíochta do luacháil ar.



(d) Oiread do íoc le Liam Ó Duinnshléibhe as an Airgead
'sa Bhangc ag an seanpháirtíocht agus do dhéanfadh Gustail
na seanpháirtnéirí cothrom. Tabhair innsint 'sa Leabhar
Chonganta ar na coinghíollachaibh sin, agus Dein Clár Fuighlach
amach a thaisbeánfaidh staid na páirtíochta nuaidhe 1/1/'08.



18. Éamonn Ó Luacháin agus Mathúin Ó Conaire a bhí i
bpáirtíocht, an Sochar agus an Dochar dá roinnt mar seo:
dhá dtrian ag Éamonn agus trian ag Mathún. Seo mar a bhí
an sgéal aca 31/12/'08:-



1/1/1909, do ghlacadar Cormac Mac Diarmuda mar
pháirtnéir ar na coinghíollachaibh seo:-



(a) Sochar agus Dochar do roinnt mar seo: 3/6 ag Éamonn,
2/6 ag Mathún, 1/6 age Cormac.



(b) Cormac do thabhairt isteach mar ghustal.



(c) Deighmhéinn na seanpháirtíochta do luacháil ar
chun creidiúna na seanpháirtnéirí.



(d) Neart do bheith do Éamonn d'á ghustal do tharrac
lá Coille, 1909.



(e) Cormac d'ghághail 'sa bhliain mar thuarasdal as
Sochar an ghnótha.



(f) Ús ar Ghustal ag gach páirtnéir 5 fé'n gcéad i naghaidh
na bliana.



(g) Gan aon ús ar Tharrac d'iarraidh.


L. 146


(h) Neart do bheith do ghach páirtnéir an mhí do tharrac
i gcoinne sochair an ghnótha (i gcás Chormaic, an tarrac san
do bheith i gcoinne sochair agus tuarasdail).



Do bhí Sochar 'sa bhliain 1909 roimh Thuarasdal Chormaic
ná ús ar Ghustalaibh do chur i gCúntas.



Tabhair innsint ar Chonnradh na Páirtíochta nuaidhe 'sa
Leabhar Chonganta; dein amach Clár Fuighlach a thaisbeánfaidh
Staid na Páirtíochta nuaidhe 1/1/'09, agus taisbeáin Cúntais
Ghustail na bPáirtnéirí go léir i ndeire na bliana 1909.



19. Do bhí Seán Mac Seóin i ndeire a choda agus d'ullmhuigh
sé an fháisnéis seo síos ar staid a ghnótha:-



Do ghabh Séamus Ó Briain páirt leis ar na coinghíollachaibh
seo:-



An Stór Earraí do luacháil ar; na lorrithe ar;
na Fiacha ag dul dó chomhaireamh ar;
Ó Briain do dhíol 'na phremium ar theacht isteach 'sa pháirtíocht
le Mac Seóin, agus an t-airgead d'fhanúint 'sa
tiúsgal mar ghustal age Mac Seóin; Ó Briain do thabhairt
isteach 'sa ghnó mar ghustal aige féin



Do híocadh an iasacht ó A. B. agus de'n iasacht ó'n
mBangc.



Dein an Clár Fuighlach a thaisbeánfadh staid na páirtíochta
taréis na gcoinghíollacha seo do chóimhlíonadh.



20. Ó Fiannachta, Ó Séaghdha is Ó Súilleabháin a bhí i bpáirt-
íocht, ag roinnt sochair is dochair mar seo: cheithre roinn age
Ó Fiannachta, trí roinn ag Ó Séaghdha is aon roinn amháin ag
Ó Súilleabháin. Do chuaidh an bheirt eile i nurús air le hó
Súilleabháin go bhfaghadh sé ar a luighead a sochar an
ghnótha. Anuiridh do bhí sochar aca. Taisbeáin le cúntas
cad do fuair gach páirtnéir fé leith dhíobh.


L. 147


21. Do bhí Liam Mac Gabhann is Tomás Mac Seóin i bpáirt-
íocht, dhá dtrian de'n sochar age Mac Gabhann agus an trian
eile age Mac Seóin. D'aontuigheadar éirghe as an ngnó an
taonmhadh lá déag ar fhichid de mhí na Nodlag.
Sidé Clár na bhFuighlach a bhí aca an lá san.



Do dhíoladar an Acfuinn mar seo: Stór Earraí ar;
Meaisíní ar; agus bailigheadh des na fiacha a
bhí aca ar dhaoinibh eile. Do bhí fiachaisí ortha de bhárr cíosa
is neithe eile nár áirmhigheadh i gClár na bhFuighlach thuas,
Do bhí chostas ag baint leis an ndíol.



Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an ndíol agus
taisbeáin cúntais ghustal na bpáirtnéirí.


L. 148


Fionntar Páirte.



108. Uaireanta i ninead dul i bpáirt i gcúrsaíbh gnótha go
coitcheann, téigheann beirt nó triúr nó níos
mhó i bpáirt d'fhonn sochair a bhaint a beart
áirithe gnótha. Chíd uatha go mbeid éileamh
thar bárr ar earra áirithe i náit éigin fé
cheann i bhfad, cuir i gcás, agus mar sin, ó tá a lán de'n earra
sin le fághail saor i láthair na huaire sin, téighid i bpáirt le
chéile chun bertha ar úrla ar an uain, agus chun sochair an bhirt
do bhaint amach dóibh féin: nó ceannuighid sgaranna i gcuallacht
nuadh, agus díolaid iad ar an margadh is aoirde; nó gheibhid
smacht ar loingeas go ceann tamaill chun luighte isteach ar
thráchtáil idir dhá thír; nó deinid aon ní eile mar sin chun
sochair a bhaint as.



Deinid an sochar nó an dochar (má's amhlaidh sin dó) agus
na costais go léir a bhainfeadh leis do roinnt ar a chéile do
réir coinghíollacha áirithe. Bíonn iaracht de chontabhairt i na
leithéid de ghnó i gcomhnuidhe, agus, dá bhrigh sin, tugtar
"Fionntar Páirte" ar an gcúrsa. Ní ghanann an pháirt ach le
linn an fhionntair, agus, mar sin, ní tugtar "páirtíocht" ar
an gceangal gnótha eatortha; ach, bíonn a rogha aca na
cúntais a bhaineann leis an bhfionntar páirte do chur síos,



(a) Mar a déanfí le cúntasaíbh páirtíochta, nó, neachtar aca,
(b) Mar a déanfí le cúntasaíbh an duine aonair.



109. (a) Cuirid suim áirithe airgid leis an ngnó mar a
cuirfí Gustal leis an bpáirtíocht, agus do bheadh na cúntais
seo aca: Cúntas Gustail i gcóir gach duine 'sa bhFionntar,
cúntas fé leith do'n Fhionntar féin, Cúntas an Airgid pháirte
'sa bhfionntar. I na leithéid sin de chás, bheadh leabhair fé leith
i gcóir an Fhionntair Pháirte.



Agus seo mar a déanfí na cúntais sin do sgríobhadh:



Cúntas Airgid An Fhionntair Pháirte Fls.
Ó Chúntasaíbh Gustail lucht an Fhionntair.



An méid airgid a chuireann gach duine aca 'sa bhFionntar.)



Cúntas an Fhionntair Pháirte Fls.
(1.) ó Chts. Airgid an Fhionntair Pháirte.
(11.) ó Chts. Gustail gach duine de lucht an Fhionntair.


L. 149


(1. Ceannach na nearraí; 11. Na costais do dhíol gach duine
fé leith de lucht an Fhionntair.)



Cúntas Airgid na Páirte Fls.
Ó Chúntas an Fhionntair Pháirte.
(Toradh díolta an Fhionntair).
Cts. an Fhionntair Pháirte Fls.
Ó Chúntasaíbh Gustail lucht an Fhionntair.



(Roinnt Sochair an Fhionntair ar lucht an Fhionntair do réir
mar socruigheadh).



Cúntais Ghustail lucht an Fhionntair Fls.
Ó Chúntas an Fhionntair Pháirte.



(Roinnt Dochair an Fhionntair ar lucht an Fhionntair do réir
mar socruigheadh).



Cúntais GhUstail lucht an Fhionntair Fls.
Ó Chúntas Airgid an Fhionntair Pháirte.



(Aisíoc an airgid do chuir gach duine de lucht an Fhionntair
i dtosach agus an fuighlach airgid do bhí ann de bhárr an
Fhionntair, aisíoc an airgid sin go léir ar lucht an Fhionntair
fá seach.)



110. (b) Na daoine ghabhann páirt 'sa bhFionntar, ní thughaid
aon airgead isteach ann, 'sé sin, ní bhíonn aon "Chúntas
Airgid i bpáirt" aca; ach, is, amhlaidh a dheinid cúrsaí an
Fhionntar do roinnt, cuid de'n cheannac is de'n díol dhá
dhéanamh age gach duine aca, nó, b'fhéidir, an ceannach go léir
age duine, agus an díol go léir age duine eile; agus gach
duine dhíobh ag díol na gcostas a bhaineann le na chuid féin
de'n ghné.



Coimeádann gach duine aca cúntas ar gach pinginn a
chaitheann sé leis an bhFionntar agus ar gach pinginn a gheibheann
sé dá bhárr; agus, ar ball, nuair a bhíonn deire leis' mar
ghnó, tagaid go léir le chéile agus deinid cúntas an Fhionntair
do sgríobhadh ós na cúntasaíbh do choimeád gach duine aca'
fá seach, ina leabhar féin, agus roinnid an s-ochar nó an dochar
do réir mar a socaruigheadh eatortha ar dtuis.



Coimeádann gach duine aca na cúntais seo 'na leabhraibh
féin:-



Cúntas an Fhionntair le na leithéid seo (le na leithéidibh
seo); agus Cúntas le haghaidh gach duine do bhí ins an
bhFionntar leis.


L. 150


Seo mar do sgríobhfaí na cúntais sin:-
Cúntas an Fhionntair Fls.
Ó Chts. an Airgid
(Ceannach adhbhair an Fhionntair nó costas an Fhionntair.,
Cts. an Airgid Fls.
Ó Chts. an Fhionntair.
(Torad díolta adhbair an Fhionntair.)
Cúntas éinne eile a bhí 'sa bhfionntar Fls.
Ó Chts. an Airgid,
(Aon Airgead a tabharfaí dhó.)
Cts. an Airgid Fls.
Ó Chts. éinne eile a bhí 'sa bhFionntar.
(Aon airgead a gheobhfaí uaidh.)



Seachas na cúntais áirmhighthear ins na haltaibh sin (109, 110)
do bheadh cúntais eile, dá mba ar cáirde a déanfaí. ceannach
agus díol adhbhair an ghionntair, agus i leabhraibh an Fionntair
Pháirte, nuair a coimeádthar iad do bheadh cúntais fé leith
i gcóir na gcostas, chun an dá innsint do thabhairt ortha, rud
nach foláir a dhéanamh i gcomhnuidhe.



Samhlaíd.



111. Conn Ó Cinnéide agus Ciarán Ó Floinn a chuaidh i
bhFionntar Páirte d'fhonn last adhmaid a cheannach is a dhíol.
Do chuireadar araon isteach 'sa Bhangc i gCúntas páirte,
agus trí lá 'na dhiaidh sin do cheannuigh Ó Floinn an t-adhmad
ar le seic ar an gCúntas páirte, agus do dhíol sé as a
phóca féin na costais seo: taisteal; Iomchar an adhmaid
abhaile ó'n luing; postacht, agus rl; coimisiún,



Do díoladh an t-adhmad go léir ar.



Sidiad na cúntais do bheadh ar an ngnó aca:-



Cúntas an Fhionntar Páirte.



Ó Cheannach an Adhmaid d
Ó Chostas Taistil
Ó Chostas iomchair
Ó Phostacht
Ó Choimisiún
Ó Sochar chumn
Ó Sochar Chiaráin
Le díol an Adhmaid
<l 151>
Cúntas Gustail Chuinn Uí Chinnéide.



Ó'n mBangc
Le Bangc
Le Sochar



Cúntas Gustail Chiaráin Uí Fhloinn



Ó'n mBangc
Le Bangc
Le Costas Fionntair
Le Sochar



Cúntas an Airgid Pháirte 'sa Bhangc



Ó Ghustal Uí Chinnéide
Ó Ghustal Uí Fhloinn
Ó Dhíol an Fhionntair



Le ceannach Adhmaid
Le Fuighlach



N.B. - Féach gurab ionann Fuighlach cúntais an Airgid Pháirte agus suim
an dá ghuighlach ins na cúntasáibh Gustail.



112. Do chuaidh Liam Ó Dálaigh agus Tadhg Ó Braonáin leath
i bpáirt chun fíonta do cheannach age ceant agus sochar a
bhaint as a ndíol. Do cheannuigh Liam iad ar agus
d'íoc sé táillí an cheantóra. Do thug Tadhg
dó ansan. Do bhí seaneólas age Tadhg ar ghnó na bhfíonta
dhíol agus mar sin, do ghabh sé air féin iad do dhíol ar choimisiún
2½ fé'n gcéad. D'íoc sé na costais seo: Iomchar an fhíona
abhaile; fograíocht; postacht.



Do dhíol sé na fíonta go léir ar.



Taisbeáin na cúntais do choimeád gach duine aca ar an
ngnó agus an Cúntas do deineadh amach ar an bhfionntar
pháirte.


L. 152


Seo mar a bheadh na cúntais:-



I Leabhraibh Liam Uí Dhálaigh.



Cúntas an Fhionntar Pháirte le Tadhg Ó Bráonáin



Ó Cheannach Fíonta
Ó Tháillíbh Ceantóra
*Ó Chostais Uí Bhráonáin
*Ó Sochar Uí Bhráonáin
*Ó Sochar agam féin



*Le Díol na bhFionta



Cúntas Thaidhg Uí Bhráonáin



*Ó Dhíol na bhFíonta



Le hAirgead
*Le Costais an Fhionntair
*Le Sochar an Fhionntair
Le Fuighlach (an móid
airgid le fághail uaidh)



I Leabhraibh Thaidhg Uí Bhráonáin



Cúntas an Fhionntar le Liam Ó Dálaigh



Ó Iomchar na bhFíonta
Ó Fhógraíocht
Ó Phostacht
Ó Coimisiún
*Ó Cheannach Fíonta
*Ó Tháillíbh Ceantóra
*Ó Sochair Uí Dhálaigh
*Ó Sochair agam féin



Le Díol na bhFíonta


L. 153


Cúntas Liam Uí Dhálaigh



Ó Airgead
Ó Fuighlach (an méid air-
gid atá le tabhairt dó)



Ó Cheannach na bhFíonta
Ó Tháillíbh Ceantóra
Ó Iomchar na bhFíonta
Ó Fógraíocht
Ó Coimisiún
Ó Phostacht
Ó Sochar Uí Dhálaigh
Ó Sochar Uí Bhráonáin



*Le Ceannach na bhFíonta
*Le Táillíbh Ceantóra
*Le Sochar an Fhionntair



Le Díol na bhFíonta



*Sidé Cúntas an Fhionntair Pháirte mar a dhéanfí amach é 'sa deire.



Cleachtadh.



1. Do cheannuigh Séamus agus Fionán i bpáirt sgar
i gCuallacht ar an ceann, móide costais Chuir
Séamus trian agus Fionán dhá dtrian de'n airgead i gCúntas
Airgid Pháirte a bhí aca 'sa Bhangc.



Do díoladh 600 sgar ar an ceann lughaide costais
agus do díoladh ar lughaide costais. Do
roinneadar eatortha ar fhan aca gan díol des na sgarannaibh,
agus sochar/dochar an fhionntair do réir an airgid chuireadar
'sa cheannach i dtosach.



Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an bhFionntar
pháirte.



2. Do bhí Aindrias agus Brian i bpáirt 'sa sgéin, seo, dhá
dtrian de'n sochar do bheith age Aindrias agus an trian eile
age Brian. Do thoiligheadar dul i nurrús ar sgar
i gCuideachtain do dhíol ar pár, ar an sgar, ar choinghíll
go bhfaighdís féin ó'n gCuideachtain sgar i naisge.
Thug Aindrias an tairgead i gcóir na gcostas so: Clárú
agus Táillí; Fógraíocht; Clódóireacht agus
Fáisnéisí Thug Brian an tairgead i gcóir na gcostas
so: Cíos Oifige; Rúnaidhe; Mionairgead agus
Ilneithe; Stampaí; Dligheadóirí.


L. 154


Níor díoladh sgar dhe'n chéad míle sgar a ghcalladar
a dhíol, agus do réir mar do bhí socair aca,, d'íoc Brian as
an méid nár díoladh. Fuaireadar sgar ó n gCuideachtain.
Do dhíol Aindrias agus Brian na sgaranna go léir ar
an sgar lughaide muirear an sgar. Fuair Brian an
toradh glan a agus fuair Aindrias an chuid eile.



Dein amach na cúntais go léir a bhain leis an bhfionntar
Pháirte, agus taisbeáin an méid do dhíol Aindrias le Brian
'sa deire ag cothromú an sgéil.



3. Do cheannuigh Mathún, Eóin agus Seán' tonna
d'iarann ar an tonna. Do thug Mathún; do thug
Eóin a ghlacadh le bille trí mhí ar, agus do malartuigheadh
an bille ar locáiste; do thug Seán an fuighlach i nair-
gead. Fuair gach duine 'sa bhfionntar ús 5 fé'n gcéad i
naghaidh na bliana ar an airgead a chuir sé 'sa bhfionntar go
dtí go raibh deire leis an bhfionntar páirte. Do socaruigheadh
Sochar/Dochar an ghionntair do roinnt (taréis an úis ar an
airgead Úd d'íoc) eatortha do réir an airgid do chuir gach
duine aca 'sa ghnó i dtosach. Choimeádadar an t-iarann go
ceann sé mhí, agus ansan do dhíoladar é ar. Dein
amach na cúntais a bhaineann leis an bhfionntar do réir Conn-
artha an ghionntair.



4. Do shocruigh Seán Ó Dubháin agus Éamonn Mac Gearailt
ar adhmad do cheannach i dtír na Lochlann agus é thabhairt anso
isteach dá dhíol. D'osgladar 1/5/'14 Cúntas Airgid Pháirte
'sa Bhangc, 'nar chuir ó Dubháin, agus Éamonn Mac
Gearailt. Do thoiligheadar an sochar nó an dochar do
roinnt do réir an airgid do chuireadar 'sa bhFionntar
Chuireadar chun a dtimthire ansúd chun díol as an adhmad
do ceannuigheadh ann, agus 'na dhiaidh sin céad púnt eile ag
glanadh a chúntais sin. Do híocadh costas iomchair is urrúis
is muirear a churtha i dtír, i bhfus. 31/12/'04, do bhí
glan fachta aca as reic an adhmaid i dtreó go bhfuaradar
araon thar nais (gan ús d'áireamh) an t-airgead a chuireadar
'sa bhfionntar lá Bealtaine. Chun deire chur le gnó ann
Fhionntair ansan, do ghabh Ó Dubháin chuige féin ar fhan de'n
adhmad gan díol ar agus do íoc sé seic ar an méid sin
isteach 'sa Chúntas Airgid Pháirte 'sa Bhangc aca.



An mór d'ghág san aca le roinnt mar shochar, agus conus
do roinneadh é idir an bheirt do réir an chonnartha eatortha?


L. 155


5. Do chuaidh Seán Ó Duinn agus Cróchán Ó Murchadha leath
i bpáirt d'fhonn innil d'fhéabhsú le hionchas go ndíolfaí é le
Cuallacht. Do socaruigheadh eatortha gan aon ús ar Ghustal
do dhíol roimh thoradh an fhionntair do roinnt. Thug Ó Duinn
agus Ó Murchadha le haghaidh costas na bhféachaint;
do thoiligh Ó Murchadha oibriú i naisge. Taréis na bhféachaint,
ba ghádh a dhéanamh, fuaradh gur caitheadh le costas na
hoibre. Do thug Ó Duinn eile ansan, agus d'íoc ó Murchadha
a táillíbh páitinte, agus rl. Do díoladh an t-inncall le
Cuallacht ar airgid, agus ar sgar púint 'sa
Chuallacht. Nuair do sgaoileadh an pháirt, do thoiligh Ó Murchadha
an stór adhbhair do thógaint ar an luach agus aon fhiachaisí
ar an bpáirt d'íoc. Do thoiligh Ó Duinn na sgaranna do
thógaint ar.



Sgríobh na cúntais go léir a bhaineann leis an bhFionntar
Páirte. R.S.A.



6. Do chuaidh Mac Sainnte agus Ó Dothail i bpáirt i
bhFionntar le té do cheannach is do dhíol. An sochar do roinnt
mar seo: a dhá dtrian age Mac Sainnte agus an trian ag
Ó Dothail. Ús 5 fé'n gcéad le linn an Fhionntair do thabhairt
ar an airgead a thabharfadh gach duine de'n bhcirt 'sa bhFionntar.
Lá Coille, 1916, do chuir Mac Sainnte i gCúntas
Airgid Pháirte 'sa Bhangc, agus do thíig Ó Dothail a ghlacadh
le bille dhá mhí ar a malartuigheadh ar locáiste 6 fé'n
gcéad. Do ceannuigheadh té an trímhadh lá d'Eanair, luach
Do cuireadh last de, luach, go
Nuadh-Eabhrach, 5/1/1916, agus do híocadh air a muirearaibh
seólta, agus rl., is urrús.



Do dhíol a dtimthire thall i nAmcrica an t-ualach san ar
lughaide muireara, agus
coimisiún 2½ fé'n gcéad. Do fuaradh bille iníoctha ar amharc
i gCorcaigh an deichmhadh Lá d'Feabhra ar an méid sin.



Do cuireadh ar fhan de'n té gan díol aca anonn go hAmerica,
21/1/1916, agus do bhí costas urrúis is uile.
air. Do cuireadh an long go tóin puill le torpédó agus
do cailleadh a raibh ar bórd uirthi. An tochtmhadh lá fichead de
Fheabhra, do fuaradh an t-urrús ar an dté, agus ansan
do dúnadh leabhair an Fhionntair Pháirte.



Dein amach na cúntais go léir a bhaineann leis an bhfionntar
Pháirte. R.S.A.


L. 156


7. An dara lá de mhí na Nodlag, cheannuigh Muinntir
Bhillington is a gclann mhac (i bpáirt le Muinntir Thuathaigh)
Ó Chumann Tráchtála na Lochlann, Stabhanger, last adhmaid
ar glan.



Nlg. 4. Fuair Muinntir Bhillington Ó Mhuinntir Thuathaigh,
seic ar a gcion san de chostas an adhmaid.
5. Thug Muinntir Bhillington an tseic do thimthire an
Chumainn Tráchtála, agus ghlacadar bille mí ar
an bhFuighlach.
15. Dhíol Muinntir Bhillington an t-adhmad go léir
le Cuallacht Tighthe dhéanamh ar glan (an
t-airgead d'ioc i gcionn 14 lá).
15. D'íocadar le hairgead caithteachais a bhain leis an
bhFionntar Páirte.
29. Fuair Muinntir Bhillington an tseic úd ar.
31. Chuir Muinntir Bhillington is a gclann mhac le
Muinntir Thuathaigh a gcion de chostas an adhniaid
i dteannta a gcoda de shochar na páirte.



Ní foláir na bearta san d'innsint ins an Leabhar Chonganta,
i Leabhar an Airgid, agus ins an Lcabhar Mór agc Muinntir
Bhillington agus na cúntais 'sa Leabhar Mhór do dhúnadh.


L. 157


Billí Tráchtála.



113. Ba ghnáth dhúinn 'sa tseanaimsir ar sgoil nuair do
bhuadhaimís cluiche ar airgead gan luach
buadha an chluiche d'éileamh láithreach, ach
is amhlaidh dh'fhanaimís go mbuadhfaí orainn
féin, agus ansan deiriniís leis an té, go
mbíodh fiacha againn air, an t-airgead d'íoc leis an té bhí
taréis buachtaint orainn féin. Do bhí féith an tiúsgalaidhe, ní
foláir, ins an duine a cheap an tseift sin; mar sin nós atá
ag lucht tiúsgail ar fud an domhain uile.



Ní deintear fiacha do ghlanadh chomh saoráideach san ar fad,
ámh, i gcúrsaíbh gnótha; ach, mara mbeadh déine is diongmhál-
tacht an órduighthe age lucht tiúsgail is í an tseift chéadna
í. Mar tugann an tiúsgalaidhe "órdú sgríobhtha, gan chol gan
choinghíll, do dhuine (dhaoinibh) áirithe ghá iarraidh air (ortha)
suim áirithe airgid d'íoc, lá áirithe (i gcionn tréimhse áirithe)
nó ar éileamh, leis féin nó le duine (daoinibh) eile ar bith gur
mhian leis an t-airgead do thabhairt dó (dóibh) nó le na (n)
órdú." Bille Tráchtála a tugtar mar ainm ar a leithéid sin
d'órdú.



114. Sidí an fhuirm a bhíonn ar Bhille Tráchtála:-


L. 158


Buadha an Bhille Tráchtála.



115. Is mó tiúsgalaidhe go mbíonn a lán fiacha amuigh aige
ar dhaoinibh eile agus, mar sin féin, ná
beadh puinn airgid thirm ar láimh aige chun
a fhiacha féin do ghlanadh, agus, b'fhéidir,
a lán glaodhach air féin ó dhaoinibh go mbeadh
fiacha aca air, níl aige ach a leithéid sin d'órdú thabhairt do
dhuine dá fheicheamhnachaibh agus siní an adhb réidhtighthe aige.



Cuir i gcás go mbeadh glaodhach air, agus
go raibh duine dá fheicheamhnachaibh agus breis agus an méid
sin d'fhiachaibh aige féin air, d'fhéadfadh sé bille tráchtála
de'n tsórt san a chur chuige, 'sé sin, órdú na bhfiacha san d'íoc,
chun glacadh leis.



Seo mar do beadh an bille aige.



Uir. 422. Áth Cliath. Meitheamh 16, 1924.



Trí mhí ó'n lá so, íoc le m' órdú



Céad agus trí púint déag ar fhichid, seacht
sgilling déag agus raol
ar luach áirithe.
Do Sheán Mhac Righnis
5, Sráid an Phobail,
Baile an Óir.
Tadhg Ó Deabhaidh.



Glacadh leis Seán MacRighnis



Féach gur tugadh trí mhí do Sheán chun an bhille dh'íoc, agus
is gnáthach trí lá cáirde a leigint leis sin i gcomhnuidhe; dá
bhrigh sin, do bheadh ar Sheán an bille "thógaint" nó dh'íoc an
naomhadh lá déag de Mheadhon Foghmhair. Nuair do gheobhadh
Seán an bille, dá mbeadh sé sásta le téarmaíbh an bhille do
ghlacfadh sé leis, 'sé sin, do sgríobhfadh sé ar aghaidh an bhille
"glacadh leis" agus do chuirfeadh sé a ainm leis an nglacadh.
Agus do chuirfeadh sé thar nais chun Taidhg arís é.



116. Do bheadh a rogha de thrí cúrsaíbh le gabháil age Tadhg,
nuair a gheobhadh sé an bille nó "an glacadh" (mar siné ainm
a tugtar ar bhille tráchtála nuair a dhearbhuigheann duine go


L. 159


nglacann sé leis an órdú ann). D'fhéadfadh sé é chur chuige
agus é choimeád go mbeadh ré an bhille istigh agus ansan do
gheobhadh sé an t-airgead a luadhadh 'sa bhille ó Sheán. Nó,
d'fhéadfadh sé é chur chun duine éigin go mbeadh fiacha aige
air féin ag glanadh an mhéid sin fiacha, é chur i "dtráchtáil,"
mar is cóir iontráchtála bille de'n tsórd san, agus níl age
duine ach a ainm do chur ar a chúl agus é íoc le duine eile,
díreac ar nós na seice (§ 9). Uaireanta téigheann bille mar
sin i bhfad ó bhaile, agus bíonn oiread san forsgríobhadh ar a
chúl nach foláir "aguisín" a chur leis d'fhonn slighe thabhairt
dos na daoinibh a bhíonn ghá thráchtáil chun a nainmneacha do
sgríobhadh ar a chúl. Nó d'fhéadfadh sé é thabhairt chun Baingc
nó chun lucht billí mhalartú, agus airgead síos d'fhághail air,
ach locáiste leigint le lucht an Bhaingc nó le lucht na mbillí
mhalartú, ar é dh'íoc sar a mbíonn tráth an bhille dh'íoc tagaithe.
Ach, féach, má theipeann ar an té, ghlac leis an mbille, airgead
an bhille dh'íoc, nuair a bhíonn sé aibidh, 'sé sin, nuair a bhíonn
a ré caithte, tá sé d'fhiachaibh ar an té "tarraing" nó do
sgríobh an bille agus gach duine fuair 'sa tráchtáil é sar ar
shrois sé an duine deirineach, tá íoc an bhille d'fhiachaibh ar
gach duine aca.



117. Admháil do réir dlighe is eadh an glacadh leis an órdú
ins an bhille, admháil ar an airgead atá d'fhiachaibh a dhíol agus
ar thráth a dhíolta, i dtreó nach féidir é shéanadh ná é chur ar
cáirde a thuille, gan cead ó'n nduine iarrann a íoc. Agus
is féidir an t-airgead fiachais a bhaint amach go diair le dlighe.
Ní gádh d'fhear an órduighthe sgríobhadh fiadhnaise thabhairt ar
luach na nearraí a díoladh le fear an órduighthe ghlacadh, ach
amháin ar gheallúint an fheicheamhnaigh; agus siúd í ansúd
aige í breacaithe ar phár an bhille.



118. Tá áise ann leis do'n té go mbíonn easba airgid air
i láthair uaire áirithe, agus a chíonn margadh maith mór le
fághail ach "cá bhfuil an phinginn le fághail?" Níl aige ach
sgríobhadh chun lucht na nearraí do dhíol agus a dheimhniú dhóibh
le rsgríbhinn go nglacfadh sé le bille trí mhí, agus ansan
gheobhaidh sé na hearraí ar an mbille, agus i gcionn na dtrí
mí, beidh sé ar a chumas, le congnamh Dé, fiacha na nearraí do
ghlanadh.



119. Is iontuigthe ó na bhfuil ráidhte thuas, mar sin, go
ndeineann an bille tráchtála gnó an airgid, agus, dá bhrígh


L. 160


sin, ins an chúntasíocht áirimhighthear é 'na airgead. Is féidir
do'n tiúsgalaidhe bille ghághail agus bille thabhairt; ach amháin,
ná háirimhighthear na billí le fághail (na billí go bhfaghfar air-
gead ortha nuair a bheidh a dtrátha istigh) ar an airgead ar láimh
ach ar an acfuinn ar nós na nghnáthghiacha a bhíonn amuiGh age
tiúsgalaidhe; agus is fiachas gach bille le híoc, 'sé sin, gach
glacadh a thug an tiúsgalaidhe agus nár íocadh, toisg gan a
dtráth do theacht roimh dheire na tréimhse fé iniúchadh ag an
dtiúsgalaidhe.



120. Dála an Airgid, agus na gCeannach is na Reac ar
cáirde, bíonn leabhair fé leith chun cúntais do dhéanamh ar
na billí tráchtála sar a gcurtar isteach 'na gcúntasaíbh cearta
féin iad ins an Leabhar Mhór. Na billí le fághail i leabhar
agus na billí le híoc i leabhar eile.


L. 161


Sidí an fhuirm a bhíonn ar leabhar na mBillí le fághail:-



Uimhir an Bhille.
Cathain a Fuaradh.
Do Fuaradh ó.
Do Sgríobh.
Do ghlac.
Íocfar ag.
An lá Sgríobhadh an Bille.
Ré an Bhille.
Tráth a Íoctha.
Leath 'sa Leabhar Mhór.
Suim an Bhille.
Cad Deineadh leis.



agus is ionann fuirm do leabhar na mbillí le híoc, ach amháin
i ninead "cathain a fuaradh" bíonn "cathain a tugadh"; i
ninead "do fuaradh ó" bíonn "do tugadh do"' i ninead


L. 162


"do ghlac" bíonn "íocfar le." Is ionfheicse ó'n bhfuirm
sin go mbíonn gach eólas i dtaobh na mbillí ins an dá leabhar
san.



121. Bíonn "dlighe an dá innsint" ar na billíbh leis. Bíonn
cúntas fé leith ag na billí le fághail, agus cúntas eile i gcóir
na mbillí le híoc. Ar thaobh na bhFáltas i gcúntas na mbillí
le fághail, innstear cé uaidh (uatha) go bhfaghtar iad; ar thaobh
na ndíoluíacht curtar an t-airgead a gheibhtear ortha, nuair
a thagann tráth a níoctha. Ar thaobh na ndíoluíacht i gCts. na
mbillí le híoc, a innstear cé dhó (dhóibh) ar tugadh iad, agus
ar thaobh na bhFaltas a curtar an t-airgead a tugadh ortha tráth
a níoctha.



Ceist: Cá mbíonn an dara innsint ar gach ceann des na
hinnsintíbh sin?



Nó curtar suim iomlán na mbillí isteach ina gcúntasaíbh
cearta féin i ndeire na tréimhse 'na bhfuaradh nó 'nar tugadh
iad, agus curtar 'na gcoinnibh thall an méid airgid a fuaradh
nó a tugadh ortha tráth a níoctha.



122. Fé mar a dubhradh cheana (§ 32), ní choimeádthar aon
chúntas ins an Leabhar Conganta ach ar bheartaibh ná fuil aon
leabhar fé leith 'na gcóir, agus, mar sin, ní gnáth prímhinnsint
do dhéanamh ar bhillíbh 'sa leabhar san. Mar sin féin, ó's féidir
a innsint go cruinn beacht soiléir leis an Leabhar Conganta
cad é an cúntas'nar fáltas agus cad é an cúntas 'nar díoluíacht
gach beart gnótha a deintear, neósfar anso síos leis an
Leabhar Chonganta conus a deintear innsint 'sa Leabhar Mhór
ar bheartaibh a bhaineann le Billíbh Tráchtála.



Billí le fághail (B/F).



(a) Nuair a gheibhtear glacadh ó dhuine:-
Cts. na mbillí le fághail Fls.
Ó Chts. an duine (ó na bhfuaradh é).



Curtar prímhinnsint air sin i leabhar na mB/F. Marsin,
i ngnáthobair na cúntasíochta, ní gádh innsinnt do thabhairt
air 'sa Leabhar Chonganta.



N.B. - Suim iomlán leabhar na mB/F ar thaobh na bhFáltas
i gCts. na mB/F. Gach bille fé léith ar Dlt. Cts. na
bPearsan a ghlac é.


L. 163


(b) Nuair a thagann tráth íoctha an bhille agus go bhfaghthar
airgead air:
Cts. an Airgid nó an Bhaingc Fls.
Ó Chts. na mB/F.
Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid.
(c) Nuair a tugtar an bille do dhuine éigin eile mar íocuíacht:
Cts. an duine (dár tugadh an bille) Fls.
Ó Chts. na mB/F.
(d) Nuair a deintear an bille (B/T) do mhalartú ar airgead
roimh thráth a íoctha, agus go leigtear locáiste le fear
(lucht) a mhalartuighthe:
Airgead Fls.
Locáiste Fls.
Ó Chts. na mB/F.
Ach, má's é an Bangc a dheineann é mhalartú:-
Bangc Fls.
Ó Chts. na mB/F.
agus
Cts. na locáistí ar B/F Fls.
Ó Chts. an bhaingc.
Prímhinnsint ar na neithibh sin i Leabhar an Airgid.
(e) Má theipeann ar an nduine, ghlac an bille, é dh'íoc tráth
a íoctha, agus má's uaidh sin díreach a fuaradh é:-
Cts. an duine Fls.
Ó Chts. na mB/F.
Ó Chts. an Airgid (nodaireacht).
Mar is gnáth, ina leithéid sin de chás, a iarraidh ar nodaire
(dligheadóir) a chur i nú-il d'ghear an bhille ghlacadh is d'íoc
nár tógadh an bille i dtráth; agus, ansan, curtar costas
na nodaireachta san ar ghear an bhille ghlacadh.



(1.) Má's amhlaidh a fuaradh an bille i gcúrsa tráchtála:
Cts. an duine (ó na bhfuaradh é) Fls.
Ó Chts. na mB/F.
Ó Chts. an Airgid (nodaireacht).
Prímhinnsint ar chostas na nodaireachta i Leabhar an
Airgid.



(11.) Is gnáth, nuair a thagann tráth íoctha B/F, é thabhairt
do bhangcaeir dá bhailiú. Bíonn innsint air sin mar seo,
Cts. an Bhaingc Fls.
Ó Chts. na mB/F.


L. 164


Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid.



Mar sin, má theipeann ar fhear an bhille ghlacadh é dh'íoc
i dtráth a íoctha.



Cts. an duine.
ó Chts. an Bhaingc
Prímhinnsint air sin i Leabhar an Airgid.



(III.) Má deintear an bille do mhalartú ar locáiste roimhe
sin; nó, má tugadh do dhuine eile é i gcúrsa tráchtála:



Cts. an duine (ghlac an bille)
ó Chts. an duine (dhein é mhalartú, nó dár tugadh é).



(f) Nuair a deintear athnuadhchaint ar bhille.



Mar, nuair a theipeann ar dhuine bille dh'íoc i dtráth
a íoctha, is minic a iarrann sé an seanbhille ar bhille
nuadh (a bheadh chomh mór leis an seanbhille féin agus ús
air 'na theannta). Tugann san cáirde dhó chun an airgid
do sholáthar agus d'íoc.



Cts. an duine
ó Chts. na mB/F. (luach an tseanbhille)
ó Chts. an Úis (mar gheall ar an athnuadhchaint).
agus
Cts. na mB/F
ó Chts. an duine
Siné luach an bhille nuaidh.



Billí le híoc (B/Í).



(a) Nuair a ghlacann duine bille:-
Cts. an duine (sgríobh an bille) Fls.
ó Chts. na mB/Í.
Prímhinnsint i Leabhar na mBillí le híoc.



N.B. - Suim iomlán na mB/Í ar thaobh na ndíoluíocht i
gCts. na mB/Í. Gach B/Í fé leith ar thaobh na bhFáltas
i gCts. na bPearsan do sgríobh é.



(b) Nuair a híoctar an B/Í:-
Cts. na mB/Í
ó Chts. an Airgid nó an Bhaingc.
Prímhinnsint i Leabhar an Airgid.


L. 165


(c) Nuair a íoctar bille roimh ré, 'sé sin, roimh thráth a íoctha.
Ó na leithéíd sin de chás, gheibhtear locáiste ar an íoc
roimhré.



Cúntas na mB/Í
Fls.
ó Chts. an Airgid (nó an Bhaingc)
ó Chts. an Locáiste.
Prímhinnsint i Leabhar an Airgid.



123. Tá cóir eile íocaíochta ar aon dul díreach i gcúrsaíbh
cúntasíochta leis an mbille Tráchtála, 'sé sin, an Banna
Geallúna. Agus is é ní é sin ná "geallúint, gan chol gan
choingill, i sgríbhinn fé ainm an té (ná ndaoine) thugann, suim
áirithe airgid d'íoc le duine (daoinibh) áirithe nó le na (n) órdú,
lá áirithe (i gceann tréimhse áirithe) nó ar éileamh."



Sidí an fhuirm a bhíonn ar an mBanna Geallúna (B/G).



Corcaigh, 19
Ó'n lá so, Geallaim
d'íoc le
nó le órdú ar luach áirithe.



Is féidir na focail seo chur le "geallaim" 'sa bhfuirm:-
-se, -íd, -íd i bpáirt is i naonar, 'sé sin, "geallaimse" nó
"geallaimíd" nó "geallaimíd i bpáirt is i naonar" do
dhéanamh de'n "geallaim" atá 'sa bhanna cheana.



Nuair a bhíonn "geallaimíd i bpáirt is i naonar" sgríobtha
ar an mbanna, má theipeann ar dhuine de lucht na geallúna,
bíonn fiachas an airgid ar gach duine eile i bpáirt agus i
naonar.



Stampa ar Bhillíbh.



124. Ní foláir stampa buailte bheith ar gach B/T agus ar
gach B/G, ach amháin ar bhillíbh tráchtála le
híoc "ar éileamh" nó "ar radharc" nó
"i gceann trí lá" ó amharc dh'fhaghail ortha.
Stampa dhá phinginn ortha san i gcomhnuidhe
agus is féidir é ghreamú de'n bhille.


L. 166


Do réir suim an airgid 'sa bhille nó sa bhanna iseadh bíonn
an stampa:-



Stampa 2d. ar bhille
ná fuil ós cionn
ós cionn
agus ós cionn ar gach agus ar gach cuid de



Bille Comaoine.



125. Uaireanta nuair is mian le duine comaoin do chur
ar dhuine eile glacann sé bille uaidh, ar
luach áirithe, mar dh'eadh, chun gur féidir
an bille mhalartú ar locáiste agus airgead
tirm d'fhághail. Ar ball, nuair a bhíonn
ré an bhille caithte, íocann fear an bhille tharrang fear an
bhille ghlachadh. "Bille comaoine" a tugtar mar ainm ar
an saghas san bille. Slighe áiseach is eadh é chun iasachta air-
gid d'fhághail ó charaid nuair a bhíonn an cara féin ar bheagán
airgid.



Billí thar Lear.



126. Deintear úsáid de Bhillíbh Tráchtála leis chun fiacha
do ghlanadh idir tiúsgalaidhthibh i dtíorthaibh
i bhfad i gcéin ó chéile. Is féidir, gan dabht,
na fiacha san do ghlanadh le hór, ach baineann
a lán costais agus contabhartha le hair-
gead do chur ó áit go chéile, agus mar sin, téighthear i muinighin
Billí Tráchtála, i dtreó nach gádh aon airgead do chur ó bhaile
ach deintear na billí do thráchtáil amuigh nó i mbaile i dtreó
go ndíoltar na fiacha ag Ameiriceánach, cuir i gcás, ar
dhuine 'sa tír seo le duine eile anso go mbíonn fiacha aige
ar Ameiriceánach thall nó vice versa.



"Bille thar lear" a tugtar mar ainm ar an saghas san
bille, a sgríobhthar i bhfus (thall) agus a glacthar is a íocthar
thall (i bhfus). "Bille cois baile" a tugtar ar an mbille
a sgríobhthar agus a glacthar agus a íocthar i bhfus.



127. Ach i gcás na mbillí thar lear, "ó's mó long a cailleadh
láimh le cuan" agus "ó's í an bheart siúrálta nár chaill riamh,"
deintear trí chóip do dhéanamh de gach bille thar lear, agus
iad do chur anonn i ndiaidh a chéile, i dtreó, má imthigheann


L. 167


ceann aca amú tré thionóisg, nach baoghal ná go sroisfidh
ceann des na trí billíbh, a sgríobhadh, an baile slán. Is gnáth,
leis, bille cois baile do bheith iníoctha i gcionn tréimhse áirithe
ó lá airithe (§ 114) ach ó nach féidir a rádh le deimhne cathain
a shroisfidh long cuan agus caladhphort, curtar ar na billíbh
thar lear "oiread áirithe lá d'éis amhairc."



128. Sidí an fhuirm a bhíonn ar na billíbh thar lear:-



Baile Átha Cliath, 6mhadh lá d'Iúl, 1924.
Seasca lá d'éis amhairc, íoc an chéad bhille seo (an
tarna agus an trímhadh bille ar an méid céadna agus ó'n
lá gcéadna gan íoc) le hórdú Hannraoi Uí Fhuaráin míle
dolaer, ar luach áirithe.



Chun Cathail Mhic Chormaic,
246' an Bóthar Leathan,
Nua Eabhrach.
Seán Ó Briain.



Ceisteanna.



1. Conus a deintear Cúntas na mbillí le híoc amach ins
an Leabhar Mhór, agus cad iad na bearta ar gach taobh
de?



2. Ciaca leabhar de leabhraibh na prímhinnsinte 'nar dhóich go
bhfaghaí deimhne ar fhuighlach cúntais na mB/Í i ndeire
tréimhse?



3. Mínigh na focail seo chomh fada is bhainid le Billí Tráchtála
(a) ar amharc; (b) ar éileamh; (c) trí mhí ó'n lá
so; (d) laethe cáirde.



4. Cad í an difríocht atá idir "bille cois baile" agus
"bille thar lear "



5. Cad is Bhille Tráchtála ann? Banna geallúna? Cad í
an difríocht atá eatortha?



6. Tabhair na nuid Úsáidthear i ninead; Bhille Tráchtála;
Bille le Fághail; Bille le hÍoc; Banna Geallúna.


L. 168


7. Má dheineann tiúsgalaidhe prímhinnsint ar a "Bhillíbh le
Fághail" agus ar a "Bhillíbh le hÍoc" i Leabhar an
Airgid, fé mar a gheibheann sé airgead nó thugann sé
airgead ortha, an dóich leat gur maith an plan é? An
bhfuil fhios agat aon phlan is fearr ná san? Cad 'na
thaobh?



8. Innis cuid de bhuadhaibh an Bhille Tráchtála i gcúrsaíbh
tráchtála amuigh agus i mbaile.



9. Cad is "Bille Comaoine" ann?



10. Dá mbeadh na Billí le Fághail age lucht tiúsgail malar-
tuighthe ar locáiste uair an Chláir Fuighlach do dhéanamh
amach agus gan aon tuairisg air sin i gClár na bhFuigh-
lach, cad a mholfá-sa mar bhreis le Clár na bhFuighlach
dá mbeitheá ag iniúchadh a gcúntas?



11. Cad é an brigh atá le "Bille Ghlacadh"? Conus a deintear é?



12. Cad is "Cóir Iontráchtála" ann? Mínigh do chaint maidir
le Billíbh Tráchtála. An eól duit aon chóir iontráchtala
eile?



13. Cad é an brigh atá le "Aibiúlacht Bille"? "Athnuadhchaint
Bille"? "Malartú Bille"? "Tógaint Bille"?



14. Cuir seic agus Bille TráchtáLa i gcomparáid le chéile,



15. An mó slighe 'na bhféadfá airgead a chur chun tiúsgalaidhe
ins na hIndiachaibh thoir?



16. Cad iad na stampaí nach mór bheith ar Bhillíbh Tráchtála
do réir a luacha?



17. Cathain a deintear "Nodaireacht" ar Bille Tráchtála?



18. Mínigh go cruinn baileach "geallúint i bpáirt is i naonar."



Cleachtadh.



1. An chéad lá de Mheitheamh do tharraing Seán Ó Duibhir
bille, ar Thomás Mhac Ghuidhir, an bille do
bheith iníoctha i gceann trí mhí ó'n lá san. Sgríobh an bille mar
a bheadh sé, agus taisbeáin air gur ghlac Tomás é.
Innis cathain a bheidh ar Thomás é dh'íoc.



2. Do bhí na gnóthaí seo le billíbh age Liam Ó Seanáin is a
Cht. le linn an Abráin:-
Abrán 1. Fuaradh ó Shéamus Mhac Liam a Ghlacadh le bille
dhá mhí ar.
7. Glacadh ó Mháirtín Breathnach bille cheithre mhí ar.


L. 169


Abrán 18. Fuaradh glacadh Chormaic Mhic Dhiarmuda le billE
dhá mhí ar.
20. Glacadh ó Chaoimhghin Ó Chainnigh bille mhí ar.



Dein amach leabhar B/F. agus leabhar B/Í, agus innis na
gnóthaí sin ionnta. Innis idtaobh gach bille dhíobh cathain a
íocfar é.



3. An cúigmhadh lá de Lúghnasa, do dhíol Domhnall Ó
Ceallacháin luach d'earraíbh le Diarmuid Ó Tuama;
agus an naomhadh lá déag, do ghlac Diarmuid bille trí mhí ar
an méid sin do tharraing Domhnall air. Taisbeáin cúntas
Uí Thuama i leabhraibh Uí Cheallacháin.



4. Do ghlach Seán Mac Tola bille trí mhí ar ó Thadhg
Mhac Éigin an dara lá de Mheitheamh, 1924, agus dá mhí 'na
dhiaidh sin do mhalartuigh Seán é ar ráta 5 fé'n gcéad i naghaidh
na bliana i mBangc na nDéise. Nuair do hiarradh a íoc, níor
tógadh é.
Sgríobh na cúntais go léir a bhainfeadh leis na beartaibh
gnótha san, mar a bheidís i leabhraibh Thaidhg Mhic Éigin.



5. Do bhí na bearta gnótha so idir Mhuinntir Néill, Baile
na bPréachán, agus Seán Ó Séaghdha, Lios na bPúcaí:-
1916.
Meith. 30. Fuighlach age Muinntir Néill ar Sheán Ó Shéaghdha,
Iúl 15. Dhíol Muinntir Néill le Seán luach d'earraíbh
ar cáirde.
31. Ghlac Ó Séaghdha bille trí mhí ar ó Mhuinntir Néill.
Lugh. 6. Chuir Seán Ó Séaghdha seic chun Muinntir Néill ag
glanadh an chúntais.



Taisbeáin na cúntais mar a bheidís i leabhraibh Mhuinntir
Néill.



6. Tabhair innsintí ar na beartaibh gnótha seo síos id
leabhraibh cúntaisíochta:-
Nlg. 20. Dhíolais luach d'earraíbh le Piaras Ó hIcéadha.
Ean. 1. Ghlac Piaras le bille dhá mhí uait ar an méid sin
agat air.
11. Mhalartuighis an bille ar locáiste 5 fé'n gcéad
i naghaidh na bliana.



7. Tabhair innsint i gcúntasaíbh an Leabhair Mhóir ar na
beartaibh gnótha so:-


L. 170


1920.
Abrán 1. Díoladh luach d'earraíbh le Peadar Ó hUaithnín.
18. Glac Ó hUaithnín bille trí mhí ar.
21. Malartuigheadh an bille ar 5 fé'n gcéad i naghaidh
na bliana.
Iúl 21. Do hairigheadh ó'n mBangc gur theip ar Ó hUaithnín
abille d'íoc.



8. Tabhair i nnsint ar na beartaibh seo i leabhraibh Bhriain
is Mhathúna:-



1922.
Márta 20. Cheannuighis luach d'earraíbh uatha.
24. Ghlacais bille triochad lá uatha ar an méid a bhí
aca ort.
27. Mhalartuigh Briain is Mathúna an bille ar locáiste
5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana.



9. Tabhair innsint ar na beartaibh gnótha seo síos i Leabhar
an Airgid agus ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór age León
ó Róis:-



1921.
Ean. 2. Cheannuigheas luach d'earraíbh uaidh.
4. Ghlacas bille triochad lá uaidh ar.
6. Do mhalartuigh León Ó Róis an bille ar locáiste
5 fé'n gcéad i naghaidh na bliana



Tráth a íoctham chuireas i núil do León Ó Róis nár féadas
é dh'íoc, agus shocaruigheas leis bille eile ghlacadh ar an méid
a bhí aige orm, bille tríochadh lá, agus ús mí ar an ráta 5 fé'n
gcéad i naghaidh na bliana ar do chur leis.



D'íocas an bille sin 'na thráth féin.



10. Tabhair innsint ar na beartaibh seo mar a bheidís i
Leabhraibh Uí Uaithnín:-



1922.
Ean. 1. Cheannuigh an Faoiteach luach d'earraíbh ó Sheán
Ó hUaithnín, agus do ghlac bille trí mhí ar an méid
sin.
4. Mhalartuigh Ó hUaithnín an bille ag á Bhangc ar
locáiste 5 fe'n gcéad i naghaidh na bliana.


L. 171


I dtráth íoctha an bhille, chuir an Bangc i núil d' Ó hUaithnín
nár íocadh an bille, agus gur cuireadh méid an bhille agus
costas nodaireachta, deich sgilling, mar mhuirir ar a Chúntas,
dá bhárr.



Abrán 5 Thug an Faoiteach airgid d' Ó hUaithnín, agus
ghlac sé bille mí ar an bhfuighlach aige air, agus
ús 10 fé'n gcéad i naghaidh na bliana go ceann
mí ar.



Do híocadh an bille tráth a íoctha.



11. An taonmhadh lá déag ar fhichid d'Eanair, 1923, ghlac
Stiophán Ó Cearnaigh bille dhá mhí ar i bhfabhar Thaidhg
Uí Ruanaigh ag glanadh cúntais. Do dhein Ó Ruanaigh an bille
do mhalartú ar locáiste 6 fé'n gcéad i naghaidh na bliana, an
trímhadh lá d'Fheabhra. Do theip ar Ó Cearnaigh an bille d'íoc
tráth a íoctha, agus, mar sin, do shocruigh sé trí billí nuadha
do ghlacadh, ó'n dtrímhadh lá de Mhárta, 1923, mar seo:
(a) bille i gceann mí, (b) i gceann dá mhí, (c) bille
trí mhí ar an bhfuighlach, agus ús 10 fé'n gcéad i naghaidh na
bliana ar feadh sé mhí ar an bhFuighlach bunaidh. Do híocadh na
billí sin go léir i dtráth a níoctha.



Taisbeáin na bearta san mar a bheidís i Leabhar an Airgid
agus ins na cúntasaíbh 'sa Leabhar Mhór age Ó hUaithnín.



12. Lá coille, 1924, cheannuigh Tomás Ó Néill gluaisteán
Ó Chumann na nGluaisteán cois Life le airgead síos
d'íoc agus bille trí mhí ó Lá Coille do ghlacadh ar an bhfuighlach,
Do mhalartuigh Cumann na nGluaisteán an bille ar
locáiste ar; ach nuair a tháinig tráth íoctha an bhille, do
chuaidh de Thomás é dh'íoc, a bhí mar mhuirear nodair-
eachta. Taisbeáin na hinnsintí bhí ar an sgéal i Leabhraibh an
Chumainn.


L. 172


Tiomantais.



129. Is minic i ninead earraí do dhíol díreach le ceannuidhthibh
nó leis an bpobal, is amhlaidh a dheineann
an tiúsgalaidhe iad do thiomáint chun duine
eile i náit 'na nibeadh éileamh ar an saghas
san earraí chun iad do dhíol thar a cheann. "Tiomantas"
a tugtar ar na beartaibh earraí a curtar mar sin ó dhuine
(an tiománuidhe) chun an duine eile (an timthire) chun iad do
dhíol ar an margadh is fearr, agus ar an bpinginn is aoirde,
mar gheibheann an timthire coimisiún do réir an airgid a gheibh-
eann sé as iad do dhíol ar an margadh. Nuair a bhíonn an
tiomantas go léir nó cuid de díolta ag an dtinithire cuir-
eann sé "cúntas na reice," 'sé sin, cúntas ar an airgead
go léir a fuair sé ar an dtiomantas agus ar na caithteachais
go léir a bhain leis. Cuireann fear na nearraí do chur 'na
dtiomantas réamheólas "pro forma" chun an timthire, mar
mhéirín eólais dó ar cad ba cheart dó éileamh ar na hearraíbh
ar an margadh. Coimeádann an tioniánuidhe eólas ar an
dtiomantas a chuireann sé chun bóthair 'na leabhraibh cúntais-
íochta; ach coimeádann an timthire cúntas ortha i leabhraibh
fé leith, mar ní leis féin i naon chor iad, ach is amhlaidh a bhíonn
sé ghá ndíol tar cheann an tiománuidhe.



130. Ó's é an timthire a dhíolann na hearraí, tabharfar ínn-
sint ar an méid a bhaineann leis sin, ar dtúis.



(a) Nuair a gheibheann an timthire an tiomantas, ní chuir-
eann sé aon innsint air 'na leabhraibh cúntaisíochta féin, ach
i leabhar fé leith, Leabhar na dTiomantas; agus má bhíonn aon
roinnt de n tiomantas gan díol i ndeire na tréimhse, nuair
a dhúnann sé a leabhair féin, ní thugann sé aon chúntas ar an
dtiomantas ar an stór earraí atá ar láimh aige féin mar
acfuinn.



(b) Aon chaithteachas (costas) a bhaineann le stóras nó
le hiomchar nó le hurrús an tiomantais:-
Cts. an Tiománuidhe Fls.
Ó Chts. an Airgid.



(c) Má dhíolann sé na hearraí ar airgead síos:-
Cts. an Airgid Fls.
Ó Chts. an Tiománuidhe.


L. 173


(d) Má dhíolann sé ar cáirde le daoinibh áirithe iad:-
Cts. na ndaoine áirithe (le nar díoladh an tiomantas) Fls.
Ó Chts. an Tiománuidhe.



(e) Nuair a bhíonn an tiomantas díolta aige:-
Cts. an Toimánuidhe Fls.
Ó Chts. an Choimisiúin.
Taisbeánann an fuighlach i gCts. an Tioniánuidhe an méid
atá ag dul dó ó'n dTimthire. Má chuireann an timthire seic
nó bille chuige ansan:-
Cts. an Tiománuidhe Fls.
Ó Chts. an Bhaingc (nó Chts. na mB/Í).



131. Sidé an cúntas a choimeádann an tiománuidhe ar an
ngnó:-



(a) Nuair a chuireann sé an tioniantas ar bóthar:-
Cts. an Tiomantais Fls.
Ó Chts. na nEarraí



(b) Nuair a íocann sé aon chaithteachas a bhaineann le hiomchar
an tiomantais, nó le na urrús, agus rl.
Cúntas an Tiomantais Fls.
Ó Chts. an Airgid (an Bhaingc)
nó ó Chts. duine áirithe (marar íoc sé an t-airgead).



(c) Nuair a gheibheann sé cúntas na reice ó'n dtimthire:-
Cts. an Timthire Fls.
Ó Chts. an Tiomantais.
(Siné an t-airgead go léir a fuaradh ar an dtiomantas
nuair a dhíol an timthire é tar cheann an tiománuidhe.)



(d) Cts. an Tiomantais Fls.
Ó Chts. an Timthire.
(Siné suim iomlán caithteachas an timthire tar cheann an
tiománuidhe ag díol an tiomantais.)
Is féidir dó a dhéanamh amach uaidh sin (ó'n méid sin eólais
ins na hinnsintíbh sin, a-d) ciaca rug sé nó chaill sé leis an
ngnó.



(e) Is é méid atá aige ar an dtimthire ná fuighlach a chúntais
sin. Má chuireann an timthire seic nó bille chuige ansan:
Cts. an Airgid (nó Cts. na mB/F). Fls.
Ó Chts. an Timthire.
Agus sin deire leis mar ghnó.


L. 174


132. Nuair a théigheann an timthire i nurrús air go níocfar
as na hearraíbh a dhíolann sé tar cheann an
tiománuidhe, tugtar coimisiún 'sa bhreis
dó ar an urrús, agus "coimisiún del
credere" a tugtar ar an gcoimisiún sin a gheibheann sé.



Samhlaíd.



133. An dara lá déag de Lughnasa, 1917, do chuir Muinntir
Fhoghludha chun Seáin Mhic Ghabhann 'na thiomantas, 15o cás de
bhioth, meadhchaint 196 chéad, 2 cheathramha, 17 bpúnt ar 17s. 6d.
an céad. An seachtmhadh lá déag de mhí na Nodlag, 1917,
fuaireadar cúntas na reice, dátaithe 11/11/1917, ghá thais-
beáint gur díoladh na hearraí ar an céad, agus gur
caitheadh an t-airgead so leó ar an gcuma so síos:-



Iomchar
Stóras cois calaithe
Ús ar Iomchar, 30 lá
Ús ar stóras cois calaithe, lá
Urrús i naghaidh teine
Coimisiún del credere ar 1½ fé'n gcéad
Coimisiún ar 2 fé'n gcéad
Chuir Seán Mac Gabhann bille trí mhí chúcha ar an
bhfuighlach



Na Leabhar Chúntais age Seán Mac Gabhann



Leabhar an Airgid


L. 175


An Leabhar Conganta



Muinntir Fhoghludha
Ó Chts. Úis
Ó Chts. an Choimisiúin



Cúntas Mhuinntir Fhoghludha.



Smhn. - 1917.



Ó Iomchar Tiom-
antais.



Ó Stóras Tiom-
antais.



Ó Chts. an Úis
Ó Chts. an Choimisiúin
Ó Chts. an Urrúis.
Ó Chts. na mB/Í.



Smhn. - 1917.



Le Díol Tiom-
antais.



Cúntas na mBillí le híoc



Smhn.
Le Muinntir
Fhoghludha.



Cúntas an Úis



Smhn. - 1917.
Le Muinntir
Fhoghludha


L. 176


Cúntas an Choimisiúin.



Smhn. - 1917
Le Muinntir Fhoghludha.



Cúntas an Urrúis.



Smhn. - 1917.



Le Muinntir
Fhoghludha



Na Leabhar Chúntais age Muinntir Fhoghludha.



An Leabhar Conganta



Lugh. - 1917.



Cúntas an Tiomantais.
ó chts. na nEarraí
(An Tiomantas do Bhioth a cuireadh chun
Seáin Mhic Ghabhann)



Cuntas Sheáin Mhic Ghabhann
ó Chts. an Tiomantais.
(Díol an Tiomantais do réir Cts.
na Reice)
Cts. an Tiomantais
ó Chts. Sheáin Mhic Ghabhann



Iomchar
Stóras
Urrús
Ús
Coimisiún



Cúntas na nEarraí



Lugh. - 1917.
Le Cts. an Tiom-
antais.


L. 177


Cúntas an Tiomantais



Smhn. - 1917.
Le Cts. Mhic Ghabhann:
Díol an Tiom-
antais



*Do cuirfí an Sochar san as an dTiomantas ar thaobh na nDlt. i gCts.
na nEarraí nó ins an Chts. Tráchtála na dhiaidh sin.



Cts. Sheáin Mhic Gabhann



Smhn. - 1917
Ó Chts. an Tiom-
antais



Smhn. - 1917
Le Cts. Tiom-
antais
(mionsgéala an-
súd)



Nlg. - 1917



Le Cts. B/F.



Cúntas na mBillí le fághail



Nlg. - 1917
Ó Chts. Mhic
Ghabhann



Cleachtadh.



1. Fuair Pádruig Ó Loingsigh ar tiomantas ó Mhuinntir
Dhuilleáin 600 bairille de phlúr ar an bairille. D'íoc sé
as iomchar an phlúir; urrúis; agus stóras. Do dhíol
se bairille ar an ceann agus an chuid eile ar


L. 178


an ceann, agus d'iarr sé coimisiún 2½ fé'n gcéad ar toradh
na reac ar Mhuinntir Dhuilleáin. Ansan do chuir sé B/T iníoctha
i gceann trí mhí chúcha.



Taisbeáin na cúntais ar na gnóthaíbh sin, mar a bheidís i
leabhair Phádruig Uí Loingsigh agus i lcabhair Mhuinntir
Dhuilleáin. I.S.



2. Do chuir Cuallacht Thullaigh an iarainn 135 thonna de bharraíbh
cruaidhe mar thiomantas amach chun na hAstraoilc go dtí
Muinntir Laoghaire i Sidní. D'íoc Muinntir Laoghaire na
muireara so: Cur i dtír; I omchar abhaile; Stóras;
Urrús; Fógraíocht. Lá Lughnasa, 1922,
dhíoladar an chruaidh ar ceant mar seo: 25 thonna ar an
tonna; 30 tonna ar an tonna; 30 tonna ar;
agus 40 tonna ar an tonna. D'iarradar
coimisiún 5 fé'n gcéad.



Taisbeáin cúntas na reice do chuir Muinntir Laoghaire
chun Cuallachta Thulaigh an Iarainn, ag taisbeáint an fhuighlaigh
ag dul do' n Chuallacht. Do chuir muinntir Laoghaire billc
chúcha abhaile ar an bhfuighlach iníoctha 30 lá taréis amhairc.
Taisbcáin na cúntais a bhí i leabhraibh na Cuallachta ar an
ngnó go léir, niá chuireadar luach ar gach tonna dc'n
chruaidh.



3. Do chuir Cuallacht na Mianach ins na hAodhairíbh
tonna d'umha anonn go dtí an Bhreatain chun Seóin Mhac Thomáis
i gCathair Dáibhí, an tonna do réir an réamheólais aca.
Dhíoladar féin gach costas a bhain leis an ualach.. Do
dhíol Mac Toniáis an t-ualach ar an tonna. Dcin
amach Cúntas an Tiomantais.



4. Deire Foghmhair 15, 1909, do chuir Bráithrc Delniáin,
i Lonndain Shasana, chun Clann Domhnaill i bPort Eilíse,
cás d'earraíbh measgtha, agus réamheólas pro fornia lcó
ar an cás. Sidiad na costais d'íoc na bráithre féin
i Lonndain: urrús; Iomchar; Muircara
eile.



Sidiad na costais d'íoc Clann Domhnaill ortha 'san Aifric
Theas: Stóras; Cur i dtír; Urrús.



Nlg. 15. Do dhíol Clann Domhnaill 30 cás des na hearraíbh
ar an cás.
chás ar an cás, agus


L. 179


Nlg. 19. An chuid eile de'n tiomantas ar an cás. Do
díoladh na hearraí go léir ar airgead síos. D'iarr
Clann Domhnaill coimisiún 2 fé'n gcéad ar na
reacaíbh go léir agus coimisiún del credcre 'na
theannta san, 1½ fé'n gcéad.



Lá Samhna do chuir Bráithre Delmáin B/T. chun Clann
Domhnaill ar agus do glacadh é.



Sgríobh Cúntas na Reice do cuireadh chun Bráithre
Delmáin, agus sgríobh na cúntais ar an dtiomantas mar
a bheidís 'na leabhraibh sin.



5. Do chuir Seán Mac Muiris luach d'earraíbh chun
a dtimthire i mBuenos Aires, agus do íocadar as iomchar is
urrús is costais eile agus ag an am gcéadna chuireadar
B/T. iníoctha 60 lá taréis amhairc ar. Do mhalartuigheadar
an bille ag an mBangc ar locáiste. Do díoladh na hearraí
ar lughaide coimisiún an timthire, agus rl., agus ag an
am gcéadna do chuir a dtimthire chúcha bille Baingc ar an
bhfuighlach. Sgríobh na cúntais ar an dtiomantas mar a
bheidís i leabhraibh Mhic Mhuiris.



6. Do chuir Mícheál Ó Ríordáin luach d'earraíbh mar
thiomantas chun a thimthire, Séarlas Mac Stiobhaird, i mBaile
an Dóchais, an chéad lá de Mheadhon Foghmhair, 1904, agus do
dhíol na costais le na gcur ar luing, iomchar, agus
urrús. Deire Foghmhair 28, do chuir Séarlas Mac
Stiobhaird cúntas reice chuige, gur díoladh cuid des na
hearraíbh ar agus go raibh costas air, agus d'iarr
sé coimisiún agus do chuir sé bille Baingc chuige ar an
bhfuighlach. D'fan luach (do réir an réamheólais pro
forma agus na gcostas a bhain leó) des na hearraíbh gan díol.
An dara lá de mhí na Samhna, chuir sé cúntas reice eile chun
Mhíchíl, a thaisbeáin gur díoladh an chuid eile des na hearraíbh
ar; d'iarr Séarlas coimisiún agus taréis na
gcostas a bhain leis an ndíol, do bhaint d'airgead na
nearraí i dteannta an choimisiúin, do chuir sé abhaile chun
Mhíchíl B/T ar an bhfuighlach iníoctha i gceann trí mhí.



Taisbeáin na cúntais ar an dtiomantas, mar a bheidís i
leabhraibh Mhíchíl Uí Ríordáin. R.S.A.



7. Fuair Muinntir Bhrúin is a gCuid., Tta., tiomantas earraí
ó L. Pansa, Airfic Theas. a luach. Sidiad na bearta


L. 180


a bhain leis eatortha 'na dhiaidh sin: (a) Coimisiún Timthire,
5 fé'n gcéad ar gach reic; (b) Coimisiún del credere 2½
fé'n gcéad ar na reacaibh ar cáirde; (c ) D'íoc Muinntir
Bhrúin as na neithibh seo; Custom; Muirear
a churtha i dtír agus a iomchair; Urrús i naghaidh
teine, Do chuireadar bille baingc chun L. Pansa,
mar roimhíoc. Do díoladh cuid de'n Tiomantas le Liam
Ó Riain ar agus cuid de ar airgead síos, agus
thógadar cuid de a luach, chúcha féin mar stór. D'íoc-
adar a timthireacht, 1½ fé'n gcéad. Cuireadh Cúntas na
Reac agus bille 60 lá iar namharc ar an bhfuighlach ag dul dó
chun L. Pansa. luach na nearraí gan díol ar stór.



Taisbeáin na hínnsintí ba ghádh ins an Leabhar Conganta,
agus sgríobh na cúntais i Leabhar Mór Bhrúin is a gCuideachtan.



8. An trímhadh lá d'Eanair, 1923, do fuair Muinntir
Deaghdhuine is a gCuid. ó Mhuinntir Rénsí is a gCuid., Rio de
Ianeiro, tiomantas earraí, deich gcás agus an comhartha so
ar gach ceann díobh R.R. as an ngaltán "America Theas."
Do cuireadh luach ar na hearraíbh do réir an réamheólais
pro forma. An dara lá déag d'Eanair, do díoladh leath an
tioniantais le Muinntir Robinson is a gCuid. ar, air-
gcad síos, i gcionn seacht lá.



An ceathramhadh lá déag d'Eanair, d'íoc Muinntir Deaghdhuine
airgead síos ar dhiútéithibh dogaí ar an dtiomantas,
agus an cúigmhadh lá déag, do dhíoladar fuighlach an
tiomantais le Cuallacht an Chlóibhir, Tta., ar sheic, a
cuireadh 'sa Bhangc an lá céadna.



Ean. 16. Do híocadh a Muirear Stórais le hairgead.
19. Fuaradh seic ó Mhuinntir Robinson agus
cuireadh 'sa Bhangc í.
20. Cuireadh Cúntas na Reac chun Muinntir Rensí agus
a gCuid., agus do hiarradh coimisiún 2½ fé'n
gcéad.



Ní mór na bearta san d'innsint ins an Leabhar Conganta,
i Leabhar an Airgid, agus ins an Leabhar Mhór age Muinntir
Deaghdhuine, agus Cúntas na Reac d'ullmhú.


L. 181


9. Ní foláir innsint do thabhairt ar na beartaibh gnótha so
síos, (a) i leabhraibh prímhinnsinte, (b) 'sa Leabhar Mhór, agus
(c) Riaradh na bhFuighlach do dhéanamh. 31/12/1907, do bhí age
Seán Ó Droighneáin an acfuinn seo: Airgead ar láimh;
Airgead 'sa Bangc; Stór Earraí; Trosgán
is Feairistí; Billí le fághail; ar Art Ó Chuinnm 9/1/'08;
ar Bhriain Mhac Chinnéide, 10/1/'08; Fiacha aige
ar Amhlaoibh Ó Shuilleabháin; ar Sheán Mhac Ghabhann;
ar Art Mhac Chuinn; ar Bhrian Mhac Chinnéide; ar
Mhícheál Réamonn. Fiachaisí: - Fiacha air age Peadar
Ó Mórdha; ag Murt Ó Conaill; Billí le hÍoc le
SéamUs Ó Briain, 6/1/'08; le Proinnsias Ó Riain,
8/1/'08.



Do thoiligh Seán Ó Droighneáin Mícheál Réamonn do ghlachadh
mar pháirtnéir ar choinghíll go níocfadh sé an méid a bhí aige
air 31/12/'07, agus, ag an am gcéadna, go dtabharfadh sé
isteach 'sa ghnó oiread airgid agus do bhí de Gustal ag Seán
an lá san; leath an Airgid sin d'íoc 'na phremium le Seán
Ó Droighneáin, agus do thaisbeáint i leabhraibh na páirtíochta
mar Dheighmhéinn. Deinead san Lá Coille, 1908.



Ean. 1. Ceannuigheadh dosaon frámai- rothair ar 15s. an ceann
ó Pheadar Ó Meádhra; ceannuigheadh ar airgead
sios 4 dhosaon cróitíní ar an ceann.
2. Díoladh ar cáirde le hAmhlaoibh Ó Suilleabháin 3
rothair ar an ceann; cuireadh ceann aca
thar nais lá ar na bhárach.
3. Ghlan Seán Mac Gabhann a chu-ntas taréis a bhaint
de mar gheall ar rothar do loiteadh ar bóthar.
3. Díoladh ar cáirde le Brian Mac Cinnéide 2 rothar
ar an ceann, agus an dá chróitín ar
an ceann.
3. Ceannuigheadh ó Mhurt Ó Chonaill 6 phéire roth ar 30s.
an phéire, agus roinnt áisí ar
4. Do híocadh tuarasdail agus págh le seic;
do tharraing gach páirtnéir 'na chóir féin,
airgead.
6. Do híocadh seic le Murt Ó Conaill; do híocadh
ag an mBangc indiu an bille le híoc le Séamus
Briain; do díoladh le Seán Mac Gabhann rothar
ar ar dhíol sé.


L. 182


Ean. 7. Ceannuigheadh ar airgead dhá sheanrothar ar an
ceann, agus do díoladh ceann aca an lá céadna
ar, tharraing as an mBangc i gcóir na
hoifige.
8. Do híocadh ag an mBangc an bille le híoc le Proinsias
Ó Riain; ghlan Brian Mac Cinnéide a chúntas go
léir indiu taréis locáiste 5 fé'n gcéad a bhaint
de, rud nár leigeadh leis.
9. Níor tógadh an B/F ó Art Mhac Chuinn indiu; ghlac
sé bille nuadh (bille mí) ar a Chúntas go léir.
Díoladh le Brian Mac Cinnéide 20 cosgán ar
an ceann agus 6 lampaí ar an ceann;
Ceannuigheadh ó Phroinsias Ó Riain 6 dhosaon
lampaí ar 3s. an ceann.
10. Tógadh an B/F ó Bhrian Mhac Chinnéide; díoladh
le hArt Mac Cuinn seanrothar ar
11. Do híocadh Tuarasdail agus págh le seic;
Tharraing gach páirtnéir airgead, 'na chóir
féin; Do ghlac Amhlaoibh Ó Súilleabháin bille
trí mhí ar a raibh d'fhiachaibh air an lá san.



Buidhchas Mór Le Dia.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services