Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eoin Ó Cuilleanáin
Title
Eoin Ó Cuilleanáin
Compiler/Editor
MacErlean, John
Composition Date
1649
Publisher
(Maigh Nuad: Catholic Record Society, 1912)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. Gofraidh Óg Mac an Bhaird cct.a I. Táinig tairngire Chiaráin: do fíoradh an finnfhialfháidh fá chlár tromairt na dtrí magh: gach ní adchonnairc na chodladh. II. Lá dár chodail+sion i gCluain: Ciarán i n-eaglais fhionnfhuair do_chí amhra dob fáth doghra: tarla ag cách an chomhardha. III. Do_chonnairc uaidh ann sain: soillsi is dubhadh na deaghaidh níor thuig féin fáth an fisin: scáth da fhéin a innisin. IV. Goirid do na dheaghaidh sa: go dtáinig Breanainn Biorra do scaoil grian lánghlan linn: ciall ádhbhal na haislinge. V. An tsoilse réidh ghrianach gheal: is é ar Ciarán an creideamh adhbhar cumhadh dár gcoing so: goill an dubhadh dá fhógra. VI. Do chách an seal so is é a shuim: bás easpuig chríche Conuill is pudhar an chiaidh do chuir: dubhadh i ndiaidh an dealruimh VII. Do_bhí ar lasadh le a Linn: soilse an chreidimh cúis inghill mar ghriangha fa chách do chuir: da scáth riaghla da rochtuin. VIII. Do mhúch gach locht níor léir coir: an feadh do_bhí na bheathaidh gan súr feirge le fioghair: gan rún ceilge i gcroidheadhaibh. IX. Atá gach laoi da lochtain: imreasáin sna heaglasaibh na cheo dhoirche na dheaghaidh: lucht ceo choidhche ar chroidheadhaibh. X. Do dhúisigh falta fine: do mhúch gach maith poiblidhe téid súil do chrábhadh ar gceall: is áladh dhúinn a dhilgheann. XI. Dúinne an tan sa tharas tuigthe: soilse an chreidimh chathlaigthe gá doilghe béad do bhunadh: da éag oirne ar n-urdhubhadh. XII. Eoin ó Cuileannán cruth sámh: ionann s+mar do chan Ciarán do chreideamh tolcha an trír ghlain: do_chím an dorcha na dheaghaidh. XIII. Teasda an fhéile ar_na oidhidh: do_chuaidh iul fhiafroighidh beag nah neamhghlóir gach ní anois: seanmóir í ag an eaglais. XIV. Ionann chaoinid druim ar dhruim: eoin is ceathra chraoi Chonuill lór do scáth is daoine: bláth úire da éagcaoine. XV. Sé chéad déag bliadhan amháin: naoi is ceathrachadh cúis iomráidh ó ghin Chríost gá tréad nach dtuig: gan díosc go héag an easpuig. XVI. Uaisle ar gcríche cinn ar gcliar: ar n-ollamhain ar aoinrian fa éagnach mar bhíd i mbraid: a n-éagcruth is tríd tánaig. Táinig Tairngire. II. Niall Mac Muireadhaigh cct. I. Muime na heagna an umhla: dearbhthar i n-eol úghdardha bheith da haltrom dí dleaghair: giodh antrom í d'+oileamhain. II. Ní leig an eagna as a hucht: muime a hoileamhna an umhlocht a cíghe do dheol di+se: na eol fíre aici+se. III. Ar ghlún íseal na humhla: oiltear eagna fhoghlumdha le a bhféachann ní da dochar: go ndéanann í d'+ardoíadh. IV. An umhla is guire don ghlóir: do_ní sógh d'+iomadh anshóigh muime na saoireagna sain: naomheagla cuinge an chrábhaidh. V. Le a bheith faoi ag fulang dochra: dearbhthar airdhe a umhlochta na oire da dteagmha trom: croidhe na heagna d'+altrom. VI. Aon do chéad thréigeas a thoil: ar iomchur cuinge crábhoidh nach bí i gcaidreamh a chionadh: s+do_ní a aigneadh d'+íslioghadh. VII. Óglaoch díleas dé athar: bhíos da eagna ag umlachadh nach oir do mhéid a mheanma: le a dtréig toil a thighearna. VIII. An t-óglaoch le a mbeirthear breath: easpag Cuileannáin cráibhtheach grás dé ceanglaidh re a chroidhe: dearbhadh é na eagnoidhe. IX. Glún altruim eagna soillsi: umhla an easpaig uasail+si cuing riaghalta an iuil gan on: na stiuir dhiadhachta do+son. X. An t-easpag ó a aois leanuibh: do_ní an eagna d'+oileamhuin barr díslighthe da urd air: ar lurg íslighthe an uabhair. XI. Feacthar an t-aigneadh umhal: le barr n-eagna ealudhan le coing cleachtuidh an oire: feacthuir an choill chumhroidhe. XII. An bogha as a gcaithtear croinn: bhíos umhal d'+fhior a tharroing fad a ré ar marthuin maraidh: ní blaghthuir é d'+urcharaibh. XIII. Ubhall mar lingeas tré loch: re bhfaobhar bhfrithir bhfaobhrach tar neimh ullmha an fhaobhair ghéir: saoraidh an umhla eiséin. XIV. Re huair bhfeadhma fuilngidh lann: da mbé umhlacht na hiarann do neart dearnuinne a sníomh sin: le gníomh mearbhuille milidh. XV. Amhlaidh sin atá a thuigse: fuilngidh eagna an easpuig+se a sníomh le humhlocht an fhir: go lubhghort ríogh na richidh. XVI. Sí ar a scáth na scéith shéanta: do_ní an umhlacht fhíréanta barr anshógha dho ar_na dháil: mar ró anóra d'+fhagháil. XVII. Ní da thruime ní trom air: do bhríogh chalmachta a chrábhaidh re rodhocra ní ghoibh glonn: do thoil anshocra d'+fhulong. XVIII. Tig don umhlacht d'+iomchar lais: cairt aige ar airde fhlaitheis toil a íslighthe uadh féin: tuar a dhíslighthe dhó+séin. XIX. Mar tá an charraig chreidimh: cosnuidh d'+eagna is d'+fhoighidin meas naomhthochta as buan ar buil: da gruadh maothchorcra míochdhuir. XX. Easpag riaghalta Ráith bhoth: urr an chreidimh do chumhdach d'+uaisle an fhuinn ghaoidhealaigh ghloin: do shaoirfhearaibh fhuinn Fhionntoin. XXI. Do_bhádar cách fá chiaigh thruim: gur las uaidh um crích gConuill loinnear nach sochaithmhe sin: coinneal chothaighthe an chreidimh, XXII. Do dhíbir díobh a ndocra: teacht Eoin i n-am cobhortha ag seo an ghrian ghealbhruithne ór ghabh: niamh dhealruighthe san dubhadh. XXIII. Liog lóghmhar san talamh thoir: dan samhuil soilse a chrábhoidh méin lasaidh na lí neamhdha: do_ní lasair loinneardha. XXIV. Lia aibein an liog sholus: críoch eabhra a mbí a bunodhus gar do phurt géaglocha gil: re hucht séadshrotha suaithnidh. XXV. Samhuil lóchruinn lí a soilsi: giodh ceird don chloich uasoil+si a bhala a mbí i dtalamh thoir: nach faghar í acht le heolchoibh. XXVI. Téid uaithe i n-oidhche dhoirche: soilse a soluis bheannoighthe míle i gcéin in gach conair: da néimh shidhe shéanomhail. XXVII. Ró soilsi ón chloich mar chuirthear: gach taobh di go ndealruighthear do rolas bha Bhanbha mbreagh: solas a chabhra ód chreideamh. XXVIII. Mar théid uait anonn 's anall: soilse an chreidimh i gcomhthrom do_ní uim lios bhfoirfe bhfuinidh: scrios a ndoirche ó dhiadhuiribh. XXIX. Tú cloch dhíbirthe an dubhaidh: t'+eagna an lóchrann lasumhail le ar foilsigheadh ort re headh: gur soilsigheadh gort Gaedheal. XXX. Téid a bhrath cumhdaigh na gceall: míle do mhíltibh céimeann t'+eagna i gciana ó fhéin Uladh: mar ghréin ndiadha iar ndealrughadh. XXXI. Cairt pheinn phápa na Rómha: fuarais le hainm onóra le+d'+dheaghumhla san tír thoir: do bhríogh t'+ealudhna d'+fhéachoin. XXXII. Ainm t'+eagna gé bheith abhus: bhan ríghe na ré sholus mó is grian san talamh so thall: ag ró_ghasradh fhian n-eachtrann. XXXIII. A stiuradh duit ní diombáigh: cuing dé a dhochtúir Cuileannáin minic gnaoi grianoirir Chuinn: ag diadhoiribh craoi Chonuill. XXXIV. A mheic Dhonnchaidh nár chlaon ceart: do chosain d'+fhéile is d'+uaisleacht mac fialathar do rádh ribh: ag riarachadh dhámh ndoiligh. XXXV. Na trí neith le a mbeirthear breath: diadhacht is uaisle is oineach atáid da n-áirimh oraibh: ag fáidhibh fháid Fhearodhaigh. XXXVI. Uaisle fola Éibhir fhinn: sliocht Eoghain mhóir meic Oilill fréamh úr na ríoghradh reamhuibh: fíorbhun do ghlún ngeinealuigh. XXXVII. Scáth cléire críche Connla: lucht iuil eagna th'+ealodhna sibh re a fagháil is urra: libh anáir a n-urruma. Muime na heagna III. Maolmhuire Mac an Bhaird cct. I. Oileamhain flatha fuair Eoin: altrom toile gach taidhleoir i n-ochtaibh ríogh réimh go rath: do_bhíodh an séimh go súgach. II. Na áilleagán ochta fear: do_bhíodh ag gasraidh Ghaoidheal i láibh fleadh dob fhachain áigh: s+gan teagh a athar d'+fhágbháil. III. I n-ucht í Dhomhnaill Doire: dar dual ba na bóroimhe ag rochtain sídhe na sean: s+ar ochtaibh míne míleadh. IV. An uair do éirgheadh amach: ó Domhnaill áirseor ultach do_bhíodh Eoin na leanbán leis: ar leargán eoil an áineis. V. Ar thaobh na síthe séimhe: do_bhíodh Eoin na fhírchéile idir mhacuibh Muighe hAoi: na slatuibh uile ar aonghnaoi. VI. Ag cloinn í Dhomhnaill dámhaigh: is breath adhbhair Ioldánaigh do_bhí ar Eoin na leanamh leamh: i meadhair gleoidh na nGaoidheal. VII. Buidhean mhor do chloinn Chuinn: do_chíodh is diorma í Dhomhnuill i dtoigh a athar fa aoibh: a cathadh gan oil d'+éantaoibh. VIII. Fuighle milse bráthar mbocht: is manach aosta i n-umhlocht do_chluineadh Eoin uair oile: is fuaim cheoil i gcomhnoidhe. IX. Do chleacht na ógán gan on: caidreamh easpag is ollomh i n-adhbhaidh a athar féin: is fachain adhradh fhíréin. X. Do_bhí ag suirghe le hEoin án: onóir easpaig na ógán sul do imthigh tar sál soir: imridh an t-ágh na fhochoir. XI. Gur chuibhrigh a haoibh re a ais: leanaidh Eoin ar an eaglais is maith an fear suirghe soin: san bhean chuibhdhe ler cheangoil. XII. Táinig d'+intleacht abaigh Eoin: nár imir éinbheart aineoil gach beart doirbh dhar hinnleadh air: soirbh do imreadh na haghaidh. XIII. Níor shiubhail iath ná innsi: no gur fhill don Éirinn+si nach bíodh fa lán aoibhe an fhir: daoine da grádh i ngeimhlibh. XIV. Ag imbeirt beartán mbúidh: ar thithibh fada fortúin do_bhí sé ag foirneadh ar fad: gur hoirneadh é na easpag. XV. Da measainn méad a anma: uaisle is airde a ealadhna do_ním d'+udhachta ar a fhuil: a cumhachta gur cubhuidh. XVI. Ainm a chlú do chur i bhfad: da mbeith nach biadh na easpag dual do mhac Dhonnchaidh dhámhaigh: slat an urchair ioldánaigh. XVII. Lóchrann lonrach Leithe Chuinn: easpag cáidh chríche Conuill breo lasta na féile an fear: gléire gasta na nGaoidheal. XVIII. An dara fáidh is é Eoin: táinig sonn a hiaith aineoil do_ní sé aithghníomha an fhir: tré raithbhríogha dé dhúiligh. XIX. I ndiaidh Phádruig mhúir Mhacha: ar son Íosa an ardfhlatha do_ní Eoin imtheacht mar sain: ar inntleacht an Eoin iodhain. XX. Mar do beanadh Banbha a bruid: lais an bpríomhfháidh la Pádruig do bhean Eoin Ulaidh a ceas: neoil a dubhaidh ní díleas. XXI. Ceo dorcha fa fhonn Uladh: do_bhí ar chách gan cronughadh gur scaoil neoil d'+iath Eamhna: le hEoin an ghrian ghlainfheadhma. XXII. Fuair Eoin ina athardha féin: badh feidhm ina athchur eiséin ceo doilbhthe gan caoi croidhe: s+do chnaoi an doirche deamhnoidhe. XXIII. Caidhe an t-easpag eile acht Eoin: do_thiocfadh gan tréan dtineoil do bhaisteadh Uladh re headh: gaisceadh curadh an caingean. XXIV. Baisteadh buidhean gach baile: badh cúis adhbhal ionmhaine do chaomhthach sluaigh mar sain: is saothrach do_fuair obair. XXV. Do traochadh tráth gan teannáil: Eoin† cneasta †ó Cuileannáin do las coigle gach cridhe: snas na hoibre oirdnidhe. XXVI. Lóchrann lasamhail crábhaidh: lasaidh d'+aoibhil anáraigh ar an taoibh thuaidh dhon Bhanbha: gur fhuaigh an aoibh athardha. XXVII. Do bheannuigh ar bhfiodh s+ar bhféar: cuiridh aoibh ar an aidhéar iothmhar gach riasc úr ón fhior: is dlúmh d'+iasc ar gach inbhior. XXVIII. Comhar ceoil eidir éanaibh: suan sáimh ar na saighnéanaibh aoibh eoil ar ghréin s+ar ghealaigh: do réimh Eoin san oileamhain. XXIX. Atá an tír na taidhle mhín: is ál óg ag gach ailmhín is glór gach géisi ar nglanadh: s+a brón déisi ag dathaghadh. XXX. d'+fhágaibh Eoin fuighle go fíor: ar mac urraidh is airdríogh ón taoibh ba thuaidh go Teamhair: is suaire aoibh an oileamhain. Oileamhain Flatha. IV. An Fear Céadna cct. I. Is iongnadh misi amuigh: ó chléir an easpaig eolaigh s+nach léigfeadh Eoin sinn mar sin: re linn ceoil agus cuiridh. II. Da leanadaois lorg a gcinn: do_dhéandaois eolas innill oram s+ar gach aon eile: molam an caomh céillidhe. III. Uras damh a dhéanamh soin: ní haor me i measc popuil ar scoradh an sceoil gá dtáim: Eoin do mholadh is mórdháil. IV. Dáiltear ó Eoin don uile: i dtigh eoil na hionmhuine réir a modha for gach fear: s+do réir fhola na n-aoigheadh. V. Gér líonmhar cnaoi mo chridhe: san tsliabh uathmhar ainglidhe d'+éis m'+aistir ní tinn a táimh: is faicsin linn ar leannáin. VI. For fuighle milse malla: easpuig fháthaigh fhoghlama luibh cabhra ar an uile olc: labhra duine gan dásacht. Is Iongnadh Misi. V. Conchobhar Óg Mac an Bhaird cct. I. Do_chuala fein fada ó shoin: gur hoirneadh i gcrích Caisil triath do bhar bhfuil+si a dhreach náir: Cormac† cáidh †mac Cuileannáin. II. Do móradh an eaglais re a linn: ó Luimneach soir go Duibhlinn gan fáth baoghail thiar no thoir: tre briathraibh diadha an deighfhir. III. Ní d'+iomarbháidh le dreich mbuig: teann me as riaghail easpuig géag fhíneamhna da fhuil féin: labhram na aghaidh eiséin. IV. Tusa ar gCormac a leith Cuinn: tug dia dar gcobhair chuguinn t'+fhuighle beannuighthe a fhir ghráidh: dúinn ba comartha conáigh. V. Geanmnaidheacht eagna agus fuil: ionnaibh mar Chormac Chaisil is tusa a mhac samhla sain: ag teagasc cháich na gciontaibh. VI. Do_chuala féin roimhe so: dá Eoin ar aonréir Íosa an treas Eoin do shompla cháigh: Eoin† beannuighthe †ó Cuileannáin. Do Chuala Féin. VI. Uilliam Óg Mac an Bhaird cct. I. Díol fáilte ceann ar gcléire: conáigh gur craobh caoilfreime ógfhás sonasfhréamh mar soin: solasnéal grás na ngníomhoibh. II. Atá ó thús a bheathadh: d'+éis a chéile ag céimnachadh amhuil dhearbhas sé go se: a deaghbhlas dé agus daoine. III. Bíodh nach díoghna a dhearna: da thír is da thigearna díol a fhiadhoighthe ar a aoi féin: go laoi an chiallfhoir+se chneisréidh. IV. Éagcóir ? nár fiadhuighthe dúinn: easpog diadha agus dochtúir toirbheartach do thír ar sean: an mín oirbheartach ailghean. V. Rath don tír da dtáinig sin: níor shuidh na áit re haimsir meadh a gharma s+a ghrádha: fear a anma a anára. VI. Gac<
> gairm eagna dá bhfuair thoir: gach chéim ó chathaoir Pheadair acht giodh teann tairm a n-iomráidh: fearr a ainm ó eisiomláir. VII. Badh teoaide an fearus fine: móide gach maith poiblidhe s+ar gcrábhadh a theacht don tír: badh bádhadh olc is eisídh. VIII. Fear ar dteagaisc i dtromdhacht: maighistir san measardhacht fear miana i maith gach duine: is flaith dhiadha dhaonnuidhe. IX. Flaith riaghalta Rátha both: grása an choimhdhe dá chumhdach go dtáir ceartughadh ar gcion: s+neartughadh cháigh na gcreidiomh. X. Fada nach bhfuair a aithghin: rath dé da dhreich mhiondaithghil méad na foighide fríoth lais: goiride críoch ar gciunais. XI. Ar hiomchradh leis agus linn: ón tráth táinig go hÉirinn do_bhí a bheatha da bhranar: rí an bheatha da bhuanaghadh. XII. Fuair Ráth bhoth a breath leannáin: an t-easpog ua Cuileannáin aithreoghaidh a niamh ar ais: sciamh aithbheoghaidh dar n-eaglais. XIII. Crobhaing Molta an chrobhaing clann Donnchaidh: an chlann diadha dheaghthorthair ar dheaghthoil ar chlú s+ar choing: toghthar gach cnú don chrobhoing. XIV. Cia díobh nár dhearbhtha rath: an chlann+sa fa maith mianach gan dogh
aing gan daoire adchlos: crobhaing is saoire seanchas. XV. Sé triatha táinig don chloinn: maith do coimpreadh an chrobhoing fuair gach cnú don chrobhuing ghlain: clú mar Choluim an chrábhaidh. XVI. Cúig habaidh gan chlaon chrábháidh: easpog go méin mórdháláigh cia na gcoing sin a samhail: do chin dho chloinn chéadfadhaigh. XVII. Séamus Brian Eoghan is Eoin: Niall agus Glaisne glaineoil crobhaing shuadh gan coir colna: ag soin uaim a n-anmanna. XVIII. Sósar na mac saor séanta: Eoin an t-easpog fíréanta géag thoraidh gach aoin d'+fheithimh: caoin ó a bhfaghair fóirithin. XIX. Tiagaid uile muin ar mhuin: clann diadha Dhonnchaidh Bhallaigh isteagh i roloing gach raith: mo_chean don chrobhoing comhmaith. XX. Gach aon don chrobhaing chobhraigh: dar ghabh grádh
eaglasaigh do_bhí na chraoibh fhionnbhláith úir: fa caoin iongnáith an fhortúin. XXI. Cormac an féinnidh feardha: feadh troda da thighearna ba laoch neartmhar ag crú gCuinn: an seachtmhadh cnú don chrobhuing. XXII. Uaisle ioná ór gach fine: ab nó easpog oirdnidhe ór na gclann gach duine díobh: an chlann uile gan fhairbríogh. XXIII. Mo_chean cuaine ór chein sin: giodh oirdheirc iad s+gach n-aimsir a dtreoir is téarnamh docra: Eoin an t-éarlamh ionmholta. Díol Fáilte. VII. An Fear Céadna cct. I. Briocht na seirce i ndiaidh Eoin: airdheanna foirfe fíreoin mná is fir ag tál a dtoile: do ghrádh fhir na hionmhoine. II. Searc na mban grádh gach gille: easpog go n-óigh n-intinne fear sáimh gan oil gan omhan: gan choir gráidh do ghníomhoghadh. III. Go dtairdís ansa a n-anma: ag sin bun mo bharamhla giodh ní mór uile don fhior: slógh na cruinne do_chithfiodh. IV. Is comaoin do chách a ngrádh: d'+fhior na hansa go hiomlán a ghrádh saor don uile fhior: acht duine claon don chreidiomh. V. Ní fearr le haoighidh ól fleadh: da mbiadh gan chuirm do chaitheamh aithigh le hais aoibhe an fhir: dar lais ní haoine an aimsir. VI. Tar éis a shalm mblasda mbinn: mar ghlór toghaidhe tailghinn fa horgán eoil don uile: comhrádh Eoin iar n-urnuighe. VII. Luibh íce d'+fhearaibh óthair: briathra an easpuig órghothaigh fuighle toghtha an fhir fhéil: fa hothra do chneith chainnséir. VIII. Bás a chlainne s+a chéile: easbaidh carad is coigéile ní léir d'+aon ar dheaghaidh Eoin: an chraobh go gcabhair cineoil. IX. do_dhéanadh urlabhra Eoin: ag teagasg aosa an aineoil da mbeadh fear cumhadh da chrádh: pudhar a chneadh do chlaochládh. X. Atáid socair iomdha ann: do_gheibhid cách na cumann sláinte chuirp a hamharc Eoin: ar adhart fháilte an fhíreoin. XI. Sláinte anma is cabhair chuirp: atáid fa leith na labhuirt beatha anma is coirche ceoil: na labhra fhoirfe fhíreoin. XII. Mar chuiris an ghrian a gal: feadh gach tíre na timchiol cuiridh Eoin teas a thoile: tre o neas eoil na hiommhoine. XIII. Mar thairringeas an ghrian gheal: an t-uisce suas ar sileadh tairngidh glóir ionmhoine air: ionghloine Phóil is Pheadair. XIV. Slighe na déisi dallda: atá san fhear fhíreanda thairngeas grádh an uile air: mar lán tuile na tonnaibh. XV. Lorg na n-apstol leantar lais: ar ghrádh Íosa san eaglais gan deadhail le glóir gloin: i ndeaghaidh Phóil is Pheadair. XVI. Grádh na gcomharsan go ceart: is ansa Íosa i n-aoinfheacht ar congbháil i gcridhe Eoin: slighe cláir an fhíreoil. XVII. Atá istigh i ndia na ndúl: an fear garma go nglanrún mar bhíos Críost san ghille ghlan: gan díosc na inne iodhan. XVIII. Tomba chuirp an choimhdhe chain: colann an éarlaimh uasail mar bhíos na chlí ag iomrádh air: don iomlán iona fhochair. XIX. Ní airde an aill le honóir: ní ísle le heasonóir duine ar toil dé gan deadhail: é ar gach cor don chinneamhain. XX. Coimhéadach ar a chuing féin: éarlamh aoibhnis gach oiléin grádh na n-aingeal aoibh gach fir: nár scaoil daingean an dúilimh. XXI. Eoin ó Cuileannáin ciabh thais: réalta iongantach eolais dochtúir dílios dé nimhe: rílios é don aithrighe. XXII. Giodh é searc na n-inghean Eoin: órthoir uaigneach gach uirsceoil leis ní háir don uile bhean: amháin acht Muire maighdean. XXIII. Fírbhriocht seirce ó mhac Mhuire: le hiomad na hionmhuine fuair Muire mhéarghlan na miocht: don éarlamh uile an t-éinbhriocht. Briocht na Seirce.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services