Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoin Ó Cuilleanáin

Title
Eoin Ó Cuilleanáin
Compiler/Editor
MacErlean, John
Composition Date
1649
Publisher
(Maigh Nuad: Catholic Record Society, 1912)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. Gofraidh Óg Mac an Bhaird cct.a



I.
Táinig tairngire Chiaráin: do fíoradh an finnfhialfháidh
fá chlár tromairt na dtrí magh: gach ní adchonnairc na chodladh.



II.
Lá dár chodail+sion i gCluain: Ciarán i n-eaglais fhionnfhuair
do_chí amhra dob fáth doghra: tarla ag cách an chomhardha.



III.
Do_chonnairc uaidh ann sain: soillsi is dubhadh na deaghaidh
níor thuig féin fáth an fisin: scáth da fhéin a innisin.



IV.
Goirid do na dheaghaidh sa: go dtáinig Breanainn Biorra
do scaoil grian lánghlan linn: ciall ádhbhal na haislinge.



V.
An tsoilse réidh ghrianach gheal: is é ar Ciarán an creideamh
adhbhar cumhadh dár gcoing so: goill an dubhadh dá fhógra.



VI.
Do chách an seal so is é a shuim: bás easpuig chríche Conuill
is pudhar an chiaidh do chuir: dubhadh i ndiaidh an dealruimh



VII.
Do_bhí ar lasadh le a Linn: soilse an chreidimh cúis inghill
mar ghriangha fa chách do chuir: da scáth riaghla da rochtuin.



VIII.
Do mhúch gach locht níor léir coir: an feadh do_bhí na bheathaidh
gan súr feirge le fioghair: gan rún ceilge i gcroidheadhaibh.



IX.
Atá gach laoi da lochtain: imreasáin sna heaglasaibh
na cheo dhoirche na dheaghaidh: lucht ceo choidhche ar chroidheadhaibh.



X.
Do dhúisigh falta fine: do mhúch gach maith poiblidhe
téid súil do chrábhadh ar gceall: is áladh dhúinn a dhilgheann.



XI.
Dúinne an tan sa tharas tuigthe: soilse an chreidimh chathlaigthe
gá doilghe béad do bhunadh: da éag oirne ar n-urdhubhadh.



XII.
Eoin ó Cuileannán cruth sámh: ionann s+mar do chan Ciarán
do chreideamh tolcha an trír ghlain: do_chím an dorcha na dheaghaidh.



XIII.
Teasda an fhéile ar_na oidhidh: do_chuaidh iul fhiafroighidh
beag nah neamhghlóir gach ní anois: seanmóir í ag an eaglais.



XIV.
Ionann chaoinid druim ar dhruim: eoin is ceathra chraoi Chonuill
lór do scáth is daoine: bláth úire da éagcaoine.



XV.
Sé chéad déag bliadhan amháin: naoi is ceathrachadh cúis iomráidh
ó ghin Chríost gá tréad nach dtuig: gan díosc go héag an easpuig.



XVI.
Uaisle ar gcríche cinn ar gcliar: ar n-ollamhain ar aoinrian
fa éagnach mar bhíd i mbraid: a n-éagcruth is tríd tánaig.
Táinig Tairngire.



II. Niall Mac Muireadhaigh cct.
I.
Muime na heagna an umhla: dearbhthar i n-eol úghdardha
bheith da haltrom dí dleaghair: giodh antrom í d'+oileamhain.



II.
Ní leig an eagna as a hucht: muime a hoileamhna an umhlocht
a cíghe do dheol di+se: na eol fíre aici+se.



III.
Ar ghlún íseal na humhla: oiltear eagna fhoghlumdha
le a bhféachann ní da dochar: go ndéanann í d'+ardoíadh.



IV.
An umhla is guire don ghlóir: do_ní sógh d'+iomadh anshóigh
muime na saoireagna sain: naomheagla cuinge an chrábhaidh.



V.
Le a bheith faoi ag fulang dochra: dearbhthar airdhe a umhlochta
na oire da dteagmha trom: croidhe na heagna d'+altrom.



VI.
Aon do chéad thréigeas a thoil: ar iomchur cuinge crábhoidh
nach bí i gcaidreamh a chionadh: s+do_ní a aigneadh d'+íslioghadh.



VII.
Óglaoch díleas dé athar: bhíos da eagna ag umlachadh
nach oir do mhéid a mheanma: le a dtréig toil a thighearna.



VIII.
An t-óglaoch le a mbeirthear breath: easpag Cuileannáin cráibhtheach
grás dé ceanglaidh re a chroidhe: dearbhadh é na eagnoidhe.



IX.
Glún altruim eagna soillsi: umhla an easpaig uasail+si
cuing riaghalta an iuil gan on: na stiuir dhiadhachta do+son.



X.
An t-easpag ó a aois leanuibh: do_ní an eagna d'+oileamhuin
barr díslighthe da urd air: ar lurg íslighthe an uabhair.



XI.
Feacthar an t-aigneadh umhal: le barr n-eagna ealudhan
le coing cleachtuidh an oire: feacthuir an choill chumhroidhe.



XII.
An bogha as a gcaithtear croinn: bhíos umhal d'+fhior a tharroing
fad a ré ar marthuin maraidh: ní blaghthuir é d'+urcharaibh.



XIII.
Ubhall mar lingeas tré loch: re bhfaobhar bhfrithir bhfaobhrach
tar neimh ullmha an fhaobhair ghéir: saoraidh an umhla eiséin.



XIV.
Re huair bhfeadhma fuilngidh lann: da mbé umhlacht na hiarann
do neart dearnuinne a sníomh sin: le gníomh mearbhuille milidh.



XV.
Amhlaidh sin atá a thuigse: fuilngidh eagna an easpuig+se
a sníomh le humhlocht an fhir: go lubhghort ríogh na richidh.



XVI.
Sí ar a scáth na scéith shéanta: do_ní an umhlacht fhíréanta
barr anshógha dho ar_na dháil: mar ró anóra d'+fhagháil.



XVII.
Ní da thruime ní trom air: do bhríogh chalmachta a chrábhaidh
re rodhocra ní ghoibh glonn: do thoil anshocra d'+fhulong.



XVIII.
Tig don umhlacht d'+iomchar lais: cairt aige ar airde fhlaitheis
toil a íslighthe uadh féin: tuar a dhíslighthe dhó+séin.



XIX.
Mar tá an charraig chreidimh: cosnuidh d'+eagna is d'+fhoighidin
meas naomhthochta as buan ar buil: da gruadh maothchorcra míochdhuir.



XX.
Easpag riaghalta Ráith bhoth: urr an chreidimh do chumhdach
d'+uaisle an fhuinn ghaoidhealaigh ghloin: do shaoirfhearaibh fhuinn
Fhionntoin.



XXI.
Do_bhádar cách fá chiaigh thruim: gur las uaidh um crích gConuill
loinnear nach sochaithmhe sin: coinneal chothaighthe an chreidimh,



XXII.
Do dhíbir díobh a ndocra: teacht Eoin i n-am cobhortha
ag seo an ghrian ghealbhruithne ór ghabh: niamh dhealruighthe san dubhadh.



XXIII.
Liog lóghmhar san talamh thoir: dan samhuil soilse a chrábhoidh
méin lasaidh na lí neamhdha: do_ní lasair loinneardha.



XXIV.
Lia aibein an liog sholus: críoch eabhra a mbí a bunodhus
gar do phurt géaglocha gil: re hucht séadshrotha suaithnidh.



XXV.
Samhuil lóchruinn lí a soilsi: giodh ceird don chloich uasoil+si
a bhala a mbí i dtalamh thoir: nach faghar í acht le heolchoibh.



XXVI.
Téid uaithe i n-oidhche dhoirche: soilse a soluis bheannoighthe
míle i gcéin in gach conair: da néimh shidhe shéanomhail.



XXVII.
Ró soilsi ón chloich mar chuirthear: gach taobh di go ndealruighthear
do rolas bha Bhanbha mbreagh: solas a chabhra ód chreideamh.



XXVIII.
Mar théid uait anonn 's anall: soilse an chreidimh i gcomhthrom
do_ní uim lios bhfoirfe bhfuinidh: scrios a ndoirche ó dhiadhuiribh.



XXIX.
Tú cloch dhíbirthe an dubhaidh: t'+eagna an lóchrann lasumhail
le ar foilsigheadh ort re headh: gur soilsigheadh gort Gaedheal.



XXX.
Téid a bhrath cumhdaigh na gceall: míle do mhíltibh céimeann
t'+eagna i gciana ó fhéin Uladh: mar ghréin ndiadha iar ndealrughadh.



XXXI.
Cairt pheinn phápa na Rómha: fuarais le hainm onóra
le+d'+dheaghumhla san tír thoir: do bhríogh t'+ealudhna d'+fhéachoin.



XXXII.
Ainm t'+eagna gé bheith abhus: bhan ríghe na ré sholus
mó is grian san talamh so thall: ag ró_ghasradh fhian n-eachtrann.



XXXIII.
A stiuradh duit ní diombáigh: cuing dé a dhochtúir Cuileannáin
minic gnaoi grianoirir Chuinn: ag diadhoiribh craoi Chonuill.



XXXIV.
A mheic Dhonnchaidh nár chlaon ceart: do chosain d'+fhéile is d'+uaisleacht
mac fialathar do rádh ribh: ag riarachadh dhámh ndoiligh.



XXXV.
Na trí neith le a mbeirthear breath: diadhacht is uaisle is oineach
atáid da n-áirimh oraibh: ag fáidhibh fháid Fhearodhaigh.



XXXVI.
Uaisle fola Éibhir fhinn: sliocht Eoghain mhóir meic Oilill
fréamh úr na ríoghradh reamhuibh: fíorbhun do ghlún ngeinealuigh.




XXXVII.
Scáth cléire críche Connla: lucht iuil eagna th'+ealodhna
sibh re a fagháil is urra: libh anáir a n-urruma.
Muime na heagna



III. Maolmhuire Mac an Bhaird cct.
I.
Oileamhain flatha fuair Eoin: altrom toile gach taidhleoir
i n-ochtaibh ríogh réimh go rath: do_bhíodh an séimh go súgach.



II.
Na áilleagán ochta fear: do_bhíodh ag gasraidh Ghaoidheal
i láibh fleadh dob fhachain áigh: s+gan teagh a athar d'+fhágbháil.



III.
I n-ucht í Dhomhnaill Doire: dar dual ba na bóroimhe
ag rochtain sídhe na sean: s+ar ochtaibh míne míleadh.



IV.
An uair do éirgheadh amach: ó Domhnaill áirseor ultach
do_bhíodh Eoin na leanbán leis: ar leargán eoil an áineis.



V.
Ar thaobh na síthe séimhe: do_bhíodh Eoin na fhírchéile
idir mhacuibh Muighe hAoi: na slatuibh uile ar aonghnaoi.



VI.
Ag cloinn í Dhomhnaill dámhaigh: is breath adhbhair Ioldánaigh
do_bhí ar Eoin na leanamh leamh: i meadhair gleoidh na nGaoidheal.



VII.
Buidhean mhor do chloinn Chuinn: do_chíodh is diorma í Dhomhnuill
i dtoigh a athar fa aoibh: a cathadh gan oil d'+éantaoibh.



VIII.
Fuighle milse bráthar mbocht: is manach aosta i n-umhlocht
do_chluineadh Eoin uair oile: is fuaim cheoil i gcomhnoidhe.



IX.
Do chleacht na ógán gan on: caidreamh easpag is ollomh
i n-adhbhaidh a athar féin: is fachain adhradh fhíréin.



X.
Do_bhí ag suirghe le hEoin án: onóir easpaig na ógán
sul do imthigh tar sál soir: imridh an t-ágh na fhochoir.



XI.
Gur chuibhrigh a haoibh re a ais: leanaidh Eoin ar an eaglais
is maith an fear suirghe soin: san bhean chuibhdhe ler cheangoil.



XII.
Táinig d'+intleacht abaigh Eoin: nár imir éinbheart aineoil
gach beart doirbh dhar hinnleadh air: soirbh do imreadh na haghaidh.



XIII.
Níor shiubhail iath ná innsi: no gur fhill don Éirinn+si
nach bíodh fa lán aoibhe an fhir: daoine da grádh i ngeimhlibh.



XIV.
Ag imbeirt beartán mbúidh: ar thithibh fada fortúin
do_bhí sé ag foirneadh ar fad: gur hoirneadh é na easpag.



XV.
Da measainn méad a anma: uaisle is airde a ealadhna
do_ním d'+udhachta ar a fhuil: a cumhachta gur cubhuidh.



XVI.
Ainm a chlú do chur i bhfad: da mbeith nach biadh na easpag
dual do mhac Dhonnchaidh dhámhaigh: slat an urchair ioldánaigh.



XVII.
Lóchrann lonrach Leithe Chuinn: easpag cáidh chríche Conuill
breo lasta na féile an fear: gléire gasta na nGaoidheal.



XVIII.
An dara fáidh is é Eoin: táinig sonn a hiaith aineoil
do_ní sé aithghníomha an fhir: tré raithbhríogha dé dhúiligh.



XIX.
I ndiaidh Phádruig mhúir Mhacha: ar son Íosa an ardfhlatha
do_ní Eoin imtheacht mar sain: ar inntleacht an Eoin iodhain.



XX.
Mar do beanadh Banbha a bruid: lais an bpríomhfháidh la Pádruig
do bhean Eoin Ulaidh a ceas: neoil a dubhaidh ní díleas.



XXI.
Ceo dorcha fa fhonn Uladh: do_bhí ar chách gan cronughadh
gur scaoil neoil d'+iath Eamhna: le hEoin an ghrian ghlainfheadhma.



XXII.
Fuair Eoin ina athardha féin: badh feidhm ina athchur eiséin
ceo doilbhthe gan caoi croidhe: s+do chnaoi an doirche deamhnoidhe.



XXIII.
Caidhe an t-easpag eile acht Eoin: do_thiocfadh gan tréan dtineoil
do bhaisteadh Uladh re headh: gaisceadh curadh an caingean.



XXIV.
Baisteadh buidhean gach baile: badh cúis adhbhal ionmhaine
do chaomhthach sluaigh mar sain: is saothrach do_fuair obair.



XXV.
Do traochadh tráth gan teannáil: Eoin† cneasta †ó Cuileannáin
do las coigle gach cridhe: snas na hoibre oirdnidhe.



XXVI.
Lóchrann lasamhail crábhaidh: lasaidh d'+aoibhil anáraigh
ar an taoibh thuaidh dhon Bhanbha: gur fhuaigh an aoibh athardha.



XXVII.
Do bheannuigh ar bhfiodh s+ar bhféar: cuiridh aoibh ar an aidhéar
iothmhar gach riasc úr ón fhior: is dlúmh d'+iasc ar gach inbhior.



XXVIII.
Comhar ceoil eidir éanaibh: suan sáimh ar na saighnéanaibh
aoibh eoil ar ghréin s+ar ghealaigh: do réimh Eoin san oileamhain.



XXIX.
Atá an tír na taidhle mhín: is ál óg ag gach ailmhín
is glór gach géisi ar nglanadh: s+a brón déisi ag dathaghadh.



XXX.
d'+fhágaibh Eoin fuighle go fíor: ar mac urraidh is airdríogh
ón taoibh ba thuaidh go Teamhair: is suaire aoibh an oileamhain.
Oileamhain Flatha.



IV. An Fear Céadna cct.
I.
Is iongnadh misi amuigh: ó chléir an easpaig eolaigh
s+nach léigfeadh Eoin sinn mar sin: re linn ceoil agus cuiridh.



II.
Da leanadaois lorg a gcinn: do_dhéandaois eolas innill
oram s+ar gach aon eile: molam an caomh céillidhe.



III.
Uras damh a dhéanamh soin: ní haor me i measc popuil
ar scoradh an sceoil gá dtáim: Eoin do mholadh is mórdháil.



IV.
Dáiltear ó Eoin don uile: i dtigh eoil na hionmhuine
réir a modha for gach fear: s+do réir fhola na n-aoigheadh.



V.
Gér líonmhar cnaoi mo chridhe: san tsliabh uathmhar ainglidhe
d'+éis m'+aistir ní tinn a táimh: is faicsin linn ar leannáin.



VI.
For fuighle milse malla: easpuig fháthaigh fhoghlama
luibh cabhra ar an uile olc: labhra duine gan dásacht.
Is Iongnadh Misi.



V. Conchobhar Óg Mac an Bhaird cct.
I.
Do_chuala fein fada ó shoin: gur hoirneadh i gcrích Caisil
triath do bhar bhfuil+si a dhreach náir: Cormac† cáidh †mac Cuileannáin.



II.
Do móradh an eaglais re a linn: ó Luimneach soir go Duibhlinn
gan fáth baoghail thiar no thoir: tre briathraibh diadha an deighfhir.



III.
Ní d'+iomarbháidh le dreich mbuig: teann me as riaghail easpuig
géag fhíneamhna da fhuil féin: labhram na aghaidh eiséin.



IV.
Tusa ar gCormac a leith Cuinn: tug dia dar gcobhair chuguinn
t'+fhuighle beannuighthe a fhir ghráidh: dúinn ba comartha conáigh.



V.
Geanmnaidheacht eagna agus fuil: ionnaibh mar Chormac Chaisil
is tusa a mhac samhla sain: ag teagasc cháich na gciontaibh.



VI.
Do_chuala féin roimhe so: dá Eoin ar aonréir Íosa
an treas Eoin do shompla cháigh: Eoin† beannuighthe †ó Cuileannáin.
Do Chuala Féin.



VI. Uilliam Óg Mac an Bhaird cct.
I.
Díol fáilte ceann ar gcléire: conáigh gur craobh caoilfreime
ógfhás sonasfhréamh mar soin: solasnéal grás na ngníomhoibh.



II.
Atá ó thús a bheathadh: d'+éis a chéile ag céimnachadh
amhuil dhearbhas sé go se: a deaghbhlas dé agus daoine.



III.
Bíodh nach díoghna a dhearna: da thír is da thigearna
díol a fhiadhoighthe ar a aoi féin: go laoi an chiallfhoir+se chneisréidh.



IV.
Éagcóir ? nár fiadhuighthe dúinn: easpog diadha agus dochtúir
toirbheartach do thír ar sean: an mín oirbheartach ailghean.



V.
Rath don tír da dtáinig sin: níor shuidh na áit re haimsir
meadh a gharma s+a ghrádha: fear a anma a anára.



VI.
Gac<<h>> gairm eagna dá bhfuair thoir: gach chéim ó chathaoir Pheadair
acht giodh teann tairm a n-iomráidh: fearr a ainm ó eisiomláir.



VII.
Badh teoaide an fearus fine: móide gach maith poiblidhe
s+ar gcrábhadh a theacht don tír: badh bádhadh olc is eisídh.



VIII.
Fear ar dteagaisc i dtromdhacht: maighistir san measardhacht
fear miana i maith gach duine: is flaith dhiadha dhaonnuidhe.



IX.
Flaith riaghalta Rátha both: grása an choimhdhe dá chumhdach
go dtáir ceartughadh ar gcion: s+neartughadh cháigh na gcreidiomh.



X.
Fada nach bhfuair a aithghin: rath dé da dhreich mhiondaithghil
méad na foighide fríoth lais: goiride críoch ar gciunais.



XI.
Ar hiomchradh leis agus linn: ón tráth táinig go hÉirinn
do_bhí a bheatha da bhranar: rí an bheatha da bhuanaghadh.



XII.
Fuair Ráth bhoth a breath leannáin: an t-easpog ua Cuileannáin
aithreoghaidh a niamh ar ais: sciamh aithbheoghaidh dar n-eaglais.



XIII.
Crobhaing
Molta an chrobhaing clann Donnchaidh: an chlann diadha dheaghthorthair
ar dheaghthoil ar chlú s+ar choing: toghthar gach cnú don chrobhoing.



XIV.
Cia díobh nár dhearbhtha rath: an chlann+sa fa maith mianach
gan dogh<r>aing gan daoire adchlos: crobhaing is saoire seanchas.



XV.
Sé triatha táinig don chloinn: maith do coimpreadh an chrobhoing
fuair gach cnú don chrobhuing ghlain: clú mar Choluim an chrábhaidh.



XVI.
Cúig habaidh gan chlaon chrábháidh: easpog go méin mórdháláigh
cia na gcoing sin a samhail: do chin dho chloinn chéadfadhaigh.



XVII.
Séamus Brian Eoghan is Eoin: Niall agus Glaisne glaineoil
crobhaing shuadh gan coir colna: ag soin uaim a n-anmanna.



XVIII.
Sósar na mac saor séanta: Eoin an t-easpog fíréanta
géag thoraidh gach aoin d'+fheithimh: caoin ó a bhfaghair fóirithin.



XIX.
Tiagaid uile muin ar mhuin: clann diadha Dhonnchaidh Bhallaigh
isteagh i roloing gach raith: mo_chean don chrobhoing comhmaith.



XX.
Gach aon don chrobhaing chobhraigh: dar ghabh grádh<a> eaglasaigh
do_bhí na chraoibh fhionnbhláith úir: fa caoin iongnáith an fhortúin.



XXI.
Cormac an féinnidh feardha: feadh troda da thighearna
ba laoch neartmhar ag crú gCuinn: an seachtmhadh cnú don chrobhuing.



XXII.
Uaisle ioná ór gach fine: ab nó easpog oirdnidhe
ór na gclann gach duine díobh: an chlann uile gan fhairbríogh.



XXIII.
Mo_chean cuaine ór chein sin: giodh oirdheirc iad s+gach n-aimsir
a dtreoir is téarnamh docra: Eoin an t-éarlamh ionmholta.
Díol Fáilte.



VII. An Fear Céadna cct.
I.
Briocht na seirce i ndiaidh Eoin: airdheanna foirfe fíreoin
mná is fir ag tál a dtoile: do ghrádh fhir na hionmhoine.



II.
Searc na mban grádh gach gille: easpog go n-óigh n-intinne
fear sáimh gan oil gan omhan: gan choir gráidh do ghníomhoghadh.



III.
Go dtairdís ansa a n-anma: ag sin bun mo bharamhla
giodh ní mór uile don fhior: slógh na cruinne do_chithfiodh.



IV.
Is comaoin do chách a ngrádh: d'+fhior na hansa go hiomlán
a ghrádh saor don uile fhior: acht duine claon don chreidiomh.



V.
Ní fearr le haoighidh ól fleadh: da mbiadh gan chuirm do chaitheamh
aithigh le hais aoibhe an fhir: dar lais ní haoine an aimsir.



VI.
Tar éis a shalm mblasda mbinn: mar ghlór toghaidhe tailghinn
fa horgán eoil don uile: comhrádh Eoin iar n-urnuighe.
VII.
Luibh íce d'+fhearaibh óthair: briathra an easpuig órghothaigh
fuighle toghtha an fhir fhéil: fa hothra do chneith chainnséir.



VIII.
Bás a chlainne s+a chéile: easbaidh carad is coigéile
ní léir d'+aon ar dheaghaidh Eoin: an chraobh go gcabhair cineoil.



IX.
do_dhéanadh urlabhra Eoin: ag teagasg aosa an aineoil
da mbeadh fear cumhadh da chrádh: pudhar a chneadh do chlaochládh.



X.
Atáid socair iomdha ann: do_gheibhid cách na cumann
sláinte chuirp a hamharc Eoin: ar adhart fháilte an fhíreoin.



XI.
Sláinte anma is cabhair chuirp: atáid fa leith na labhuirt
beatha anma is coirche ceoil: na labhra fhoirfe fhíreoin.



XII.
Mar chuiris an ghrian a gal: feadh gach tíre na timchiol
cuiridh Eoin teas a thoile: tre o neas eoil na hiommhoine.



XIII.
Mar thairringeas an ghrian gheal: an t-uisce suas ar sileadh
tairngidh glóir ionmhoine air: ionghloine Phóil is Pheadair.



XIV.
Slighe na déisi dallda: atá san fhear fhíreanda
thairngeas grádh an uile air: mar lán tuile na tonnaibh.



XV.
Lorg na n-apstol leantar lais: ar ghrádh Íosa san eaglais
gan deadhail le glóir gloin: i ndeaghaidh Phóil is Pheadair.



XVI.
Grádh na gcomharsan go ceart: is ansa Íosa i n-aoinfheacht
ar congbháil i gcridhe Eoin: slighe cláir an fhíreoil.



XVII.
Atá istigh i ndia na ndúl: an fear garma go nglanrún
mar bhíos Críost san ghille ghlan: gan díosc na inne iodhan.



XVIII.
Tomba chuirp an choimhdhe chain: colann an éarlaimh uasail
mar bhíos na chlí ag iomrádh air: don iomlán iona fhochair.



XIX.
Ní airde an aill le honóir: ní ísle le heasonóir
duine ar toil dé gan deadhail: é ar gach cor don chinneamhain.



XX.
Coimhéadach ar a chuing féin: éarlamh aoibhnis gach oiléin
grádh na n-aingeal aoibh gach fir: nár scaoil daingean an dúilimh.



XXI.
Eoin ó Cuileannáin ciabh thais: réalta iongantach eolais
dochtúir dílios dé nimhe: rílios é don aithrighe.



XXII.
Giodh é searc na n-inghean Eoin: órthoir uaigneach gach uirsceoil
leis ní háir don uile bhean: amháin acht Muire maighdean.



XXIII.
Fírbhriocht seirce ó mhac Mhuire: le hiomad na hionmhuine
fuair Muire mhéarghlan na miocht: don éarlamh uile an t-éinbhriocht.
Briocht na Seirce.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services