Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tíreóluidhe ar Éirinn
Title
Tíreóluidhe ar Éirinn
Author(s)
Tóibín, Seán,
Pen Name
Fear Faire, An / Lúgh Mac Céin / Seán na
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Ó Nualáin, Tta.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TÍREÓLUIDHE AR ÉIRINN REUMH-FHOCAL. Is féidir rud mór suime a dheunamh de Thír-Eólas na h-Éireann. Níl, dar liom, aon abhar eile léighinn chó mór suim leis don lucht foghluma — má ceangaltar suas an Stair-Sheanchus leis. Tá cothrom don mhúinteóir Stair- Sheanchus an Náisiúin agus Beul-Sheanchus na Paróiste agus gnóthaí na ndúl do léiriú ar chuma dheas réidh (ón léirscáil) agus gheobhaidh na scoláirí taithneamh ann. Más in a rud tur gan taithneamh a múineadh Tír-Eólas na h-Éireann go dtí so, b'é sin leis dála a lán abhar eile nách é. Daoine thar lear agus daoine gan mórán suime acu i scoluíocht, is iad a cheapadh réim oibre na bliana. Tá deire feasta leis an sórt san mar gabhan an Seanchus agus an Tír-Eólas in aonacht len a chéile anois, le hórdú ó Aire Oidis na Dála. Iaracht ar an “tur-eólas gan taitneamh” a sheachaint is eadh an TÍREÓLUIDHE seo. Táid leabhair scoile an Bheurla lán den tsórt san. Ó bheith ag siubhal na Mumhan le fiche bliain agus ó bheith ag cainnt le Gaedhilgeóirí ó dhúichíbh eile seadh fuair- eas furmhór an tSeanchuis Gaedhal atá anso. Agus do léigheas cuid mhaith leabhar in a raibh Tír-Eólas ar Éirinn. Tá canúint gach Gaedhaltacht sa' tír anso istigh, in a ceart-ionad fhéin. FOCAL BUIDHEACHAIS. Táim buidheach de sna cáirde a thug comhairle agus focail bheaga eólais dom san obair seo, agus tá comaoin mhór go léir curtha ag Riseárd Ó Foghludha (“Fiachra Éilgeach”) orm mar is é ghlan an láimhscribhinn dom i gcóir an chlódóra — agus níor ghlanadh go dtí é. Má thá aon ní neamh-chruinn anso istigh ní h-eisean is cionntach leis.
I. — TÍREÓLAS NA h-ÉIREANN. ÉIRE AR AN LÉIRSCÁIL MHÓR. Feuch ar an léirscáil agus chífir gur oileán Éire agus gurb í an tír is sia siar san Eóraip í. Lastoir d'Éirinn tá oileán a bhfuil trí tír ann mar atá: an Bhreatain Bheag, Sasana agus Alba. Níl ach taisteal uair a chluig ar an loing idir Éire agus an Bhreatain Bheag. Laisteas d'Éirinn tá an Fhrainnc agus an Spáinn. Taisteal lae ann (ar an loing) go dtí an Fhrainnc agus taisteal trí lá go dtí an Spáinn. Níl aon tír i gcomhgar na h-Éireann ar an dtaobh thiar, mar tá America an-fhada ó bhaile. Tá taisteal seachtaine nó mar sin ar an loing ó Éirinn go dtí an tír mhór sin. Lastuaidh de thír na h-Éireann tá oileán eile; é níos mó ná Éire. Inis Tuile an ainm atá air sin. Is fánach a bhfuil de dhaoine ansúd mar tá sé an-fhuar ann. Do théighdís naoimh ó Éirinn go dtí an tír sin sa tsean-aimsir. AGHAIDH NA TÍRE. Dá dtéighthá in áirde sa spéir ar aer-loing agus dá bhfeudtá Éire go léir a thabhairt leat
d'aon fheuchaint amháin (rud nách féidir) is mar seo a bheadh ceannacha (nó aghaidh) na tíre: 1. Abha mhór fhada — abha na Sionna — mar theorainn idir dhá dhúthaigh. Sléibhte móra ar an dtaobh thiar de'n teorainn sin (i gConnach- taibh). 2. Abha fhada eile — an Abha Mhór — treasna na Mumhan (ó Chiarraighe Luachra go talamh Déise); agus dhá abhainn eile laisteas (an Laoi agus an Bhannda) — iad ar chomh-chúrsa leis an Abha Mhór. Sraith sléibhte i gcomhgar gach abhann acu- san (Sliabh gCrot agus an Gaibhlte eile; na Bagracha agus Cnoic Dhoire na Sagart; Sléibhte Bhéara agus Chairbre). Agus laistiar de thobar gach abhann acu-san tá sraith eile sléibhte (na Cruacha Dubha agus na sléibhte eile atá i gcomharsanacht Chíll Áirne). 3. Tá cheithre sruth eile uisce le tabhairt fé ndeara ón aer-loing; iad go léir sa dúthaigh cheudna agus cúrsa gach abhann acu fé dhéin na faraige ceudna. (A n-ainmeacha san: an tSláinghe, an Bhearbha, an Fheóir agus an tSiúir.) 4. Chífeá lear leathan uisce sa taobh thuaidh (Loch n-Eachach i gCúige Uladh) agus sléibhte árda lastuaidh agus laisteas de. 5. Agus gné eile a bheadh soiléir duit — sléibhte fan imeal na tíre timpal, agus machaire mór íseal in a lár istigh. An tír uile ar deunamh garbh-mhéise, mar adeurfí. 6. Chífeá go bhfuil an cósta thiar an-bheárnach, ranna annspianta talmhan ar nós méireana do lámh, ag gobadh amach sa mhuir, agus cuanta
fada caola taobh leó. Talamh báite iseadh gach cuan acu-san, mar do bhrúig uisce na faraige isteach ar an dtalamh, agus bhí an talamh féin ag dul in ísle agus i maoile diaidh ar ndiaidh. Agus tá an-chuid oileán le h-ais an chósta. Carnáin tailimh a gearradh amach ón míntír is eadh na h-oileáin sin mar d'ísligh nó do shearg an talamh eile agus tháinig uisce na mara aníos air. (Feuch cósta thiar na h-Alban agus na Norga ar an gcuma gceudna.) 7. Chífeá ná fuil an cósta thoir chó h-aimh- réidh sin ar chor ar bith. Níl na cuanta fada caola ann, 'ná na h-oileáin. 8. Agus dá mbeadh teudán treasna adtuaidh ó bhun Locha Feabhail in Inis Eoghain i gCúige Uladh go bun tSionna siar i gCúige Mumhan chífeá gur lastoir agus laisteas den líne sin atá cathracha agus bailtí móra na h-Éireann. LÉIRSCÁIL NA h-ÉIREANN. Feuch ar léirscáil na h-Éireann go bhfeicir a faid agus a leithiod, agus an chuma in ar roinneadh amach in a cúigíbh í. Ó Charn Uí Néid sa Mhumhain go dtí Beann Mhór i gCúige Uladh tá taisteal dhá lá ar ghluaisteán mhall — tímpal dhá cheud míle is dachad (240). Agus ó Bheann Éadair i gCúige Laighean go dtí Ceann Léime i gConnachtaibh tá taisteal lae ar an mótar — tímpal ceud míle agus dachad (140). Tá
mórán cuan agus bágh ar imeal-bhórd na h-Éireann agus tá, dá bhrí sin, a lán ar fad den talamh in aice na faraige. Tá chúig cúigí in Éirinn, mar atá: cúige Mumhan sa' taobh theas; cúige Uladh sa taobh thuaidh; cúige Laighean sa taobh thoir; cúige Connacht sa taobh thiar, agus cúige na Midhe i lár baill. AER NA h-ÉIREANN. Tá gaoth na h-Éireann bog i gcompáraid le gaoth na h-Eórpa. Ní bhíon an Samhradh ró- bhrothalach ná an Geimhreadh ró-fhuar in Éirinn; agus ní gá do sna feirmóirí na beithígh do chur isteach sa chró ach anois is arís sa Gheimhreadh; ach i dtíorthaibh eile bídh na beithígh sa chró an Geimhreadh ar fad. Cé ná fuil mórán fuachta ná mórán brothail in Éirinn tá an-chuid fliuchra ann. Is ón bhfaraige mhór aniar a thagan an ghaoth coitianta agus gaoth a bhíon bog fliuch í sin. Is mó den fhearthainn a thuitean in iarthar na h-Éireann 'ná sa chuid eile mar is goire don bhfaraige é agus buailean an ghaoth aniar é cruinn díreach agus tá mórán sléibhte ann. Tuiteann níos mó 'ná trí fichid órlach fear- thanna (60) in aghaidh na bliana i gConnamara agus níos mó 'ná cheithre fichid órlach (80) i gCíll Áirne sa Mhumhain; ach ní thuitean níos mó 'na deich n-órlach fichead (30) i mBaile Átha Cliath agus i mBrí Cualann agus i nUibh Failghe i gCúige Laighean.
Is rialta go mór mar a thuitean an bháisteach in Éirinn ná in Albain agus 'ná i Sasana. Níl aon áit sa tír seo chó fliuch le h-iarthar Gharbh- Chríche na h-Alban (na “Highlands”) 'ná le dúthaigh na sliabh sa Bhreatain Bheag. Agus ní bhíon aon bhrothal marbhthach riamh sa' tír seo mar a bhíon in East Anglia i Sasana. Agus ní bhíon puinn fuachta 'san aer ag Cóbh Chorcaighe sa gheimhre' — é chó bog le h-aer Ribhiera na h-Iodáile, beagnách. Fásaid planndaí agus luibheana in áiteanaibh sa Mhumhain agus is í an Spáinn is talamh dúchais dóibh. Planndaí síor-ghréine iad ná fásan fiain i dtíorthaibh atá lastuaidh den Iodáil. Cuirean sé iongna ar dhaoine iasachta iad fheicsint ag fás fiáin fén aer mar sin in Éirinn. Tá an- chuid den Singirlín (Fuchsia Macrostemon globosa) agus den Bhéarónach (Veronica Speciosa) in áiteanaibh sa Mhumhain .i. Oileán Cléire agus in Oileán Dairbhre agus tá an Slán Iomaire (Centranthus Ruber — den treibh Valer- iana) luibh iongantach a mhairean ar an ngaoith. É go flúirseach ar dhá thaobh na Laoi idir Chor- caigh agus an Cóbh, agus timpal Cionn tSáile i gCineál Aodha, agus in Eóchaill cois Abha Móire. Agus an crann áluinn ar an mbídh na caora cróndearga .i. an Crann Caithne (Arbutus
Unedo) fásann sé-sin go flúirseach agus go borb ar bruach Locha Léin i Magh gCoiniche sa Mhumhain. I ndeire an Fhomhair a bhíon na h-ubhla caithne ar na crannaibh agus is áluinn an radharc ansan iad. Tá mórán féir ghlais le feicsint in Éirinn i gcaitheamh na bliana ar fad, de bhárr na báistighe. Uime sin a dubhairt an file an focal: “talamh iath ghlas Éireann.” Do mheas daoine, tráth, go raibh an Sruthán Té úd .i. The Gulf Stream, ag bualadh ar chósta na h-Éireann ag déanamh aer na tíre bog, ach ní creidtear é sin anois. Is é an ghaoth bhog aniar andeas ón bhfaraige a dhéinean an t-aer chó bog san. Is mór an bhail orainn go bhfuil gaoth na hÉireann bog mar sin. Ní h-ionnan saoghal dúinn-ne agus do sna h-Éireannaigh a chuaidh go h-America agus go dtí an Ástraoil agus go dtí an Aifric Theas. Má chasann duine acu- san ar a pharóiste féin, cuir ceist air i dtaobh brothail an t-Samhraidh agus fuacht an Gheimhridh ins an tír úd in a raibh sé féin. SAIBHREAS NA hÉIREANN. Aon tír in a bhfuil an talamh go maith méith bu cheart don tír sin bheith saibhir. Agus tá Éire saibhir go maith, agus bheadh sí níos saibhre go mór dá mbeadh an tír saor ó gach smacht thar
lear. Nuair a bheidh dlí cheart Ghaedhlach againn ní baoghal go bhfágfar an oiread tailimh díomh- aoin agus a fágtar anois — gan aon rud ag fás air ach Buachalán Buidhe agus Feóchadáin. Thall sa Bheilg agus sa'n Olónt (Tír fó Thuinn) agus san Eilbhéis ní bhíon aon talamh gan toradh. Náisiúin bheaga eile iad san. Is saibhre go mór talamh na hÉireann ná talamh na dtíortha san. Coirce agus prátaí an dá bharra is fearr le feirmeóirí na h-Éireann. Cuirtar mórán ime agus bagúin agus uibhe go Sasana gach bliain ach tá tosnaithe ar na rudaí sin do chur don Fhrainnc agus don Spáinn le déanaighe ó briseadh an ceangal dian a bhí ag Sasana ar Éirinn — ó bhliain a 1920 anuas. Fadó, nuair a bhí crainn ag fás go flúirseach in Éirinn ní raibh an talamh ná an t-aer chó fliuch agus atá anois. Thugadh an talamh cruithneacht go maith an uair úd. Agus do bhíodh na caora fíniúna ag fás amuich fe'n spéir. Dubhairt Professor Tyndall (ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath) dá gcuirtí na crainn arís i lár na h-Éireann go mbeadh aer na h-Éireann mar atá aer Dheiscirt na Frainnce agus go dtabharfadh an talamh caora fíniúna mar a dheinean sa bhFrainnc. Bheidís le fáil fiáin in Éirinn ansan, mar bhíon na smeura dubha. BRÍ NA LÉIRSCÁILE. Breithniú Beag — Ós oileán Éire is soléire a cuma ar an léirscail 'ná aon tír atá i lár na h-Eórpa. Tá teóra an-shoiléir le h-Éirinn .i. an fharaige mhór. Ní mar a cheile í agus tíortha
beaga na h-Eórpa atá gan aon rud i bhfuirm teórann soiléire leó. Feuch ar an léirscáil agus aimsigh t'ionad comhnuithe féin agus leanadh do mhéar go dtí an bóthar iarainn is goire dhó. Dá dtéighthá ar an dtraen as san go Baile Átha Cliath chífeá aibhnte agus bailte móra agus sléibhte, &c. (Feuch cad iad na h-aibhnte a chífeá dá dtéighthá mar sin ód' stáisiún féin go Baile Átha Cliath.) Dá mbeadh long ag féitheamh leat i mBaile Átha Cliath agus í do dhul timpal na h-Éireann do chífeá na cuanta so: AR CHÓSTA CHÚIGE LAIGHEAN: Cuan Átha Cliath agus Cuan Loch Garman. AR CHÓSTA CHÚIGE MUMHAN: Loch Dá Chaoch mar a mbuailean an tSiúir leis an sáile, Cuan na Trá' Móire, agus Cuan Garbhán, Cuan Eochaille mar a dtagan an Abha Mhór isteach sa mhuir, Cuan Chorcaighe, Cuan Chionn tSáile, Cuan Chúirt Mhic Shéafraidh, Cuan Chlanna Caoilte, Cuan Dor, Loch Treasnach, Cuan Chruacháin, Cuan Dún Mhaonais, agus Inbhear Scéine idir Bhéara agus Uíbh Ráthach; Cuan Bhaile na Scealg, Bágh an Daingin agus Cuan Bréanann agus Cuan “Tráighlí.” Tá faid mhór uisce ann go dtugtar Inbhear na Sionna air, ach ní cuan ceart mara é sin. AR CHÓSTA CHÚIGE CHONNACHT. Idir Chlár Mumhan agus Connachta, tá cuan mór .i. Cuan na Gaillimhe. Tá an Chaolsháile idir Dhúiche Seóigheach agus Muirisc. Lastuaidh de sin tá Cuan Modh agus Cuan an Fhoid Duibh; an t-Inbhear Mór, agus Cuan Chill Alaidh; agus óthuaidh atá aghaidh Chuain Shligigh.
AR CHÓSTA CHÚIGE ULADH. Cuan na nGall, Cuan na Long agus Loch Súilighe i dTír Conaill; Loch Feabhail idir Thír Conaill agus Tír Eóghain, agus i dTír Eoghain atá Tonn Tuaighe. Tá Cuan Bhaile Chaisleáin agus an Cuan Ruadh ar chósta Dhál Riada. I nDál nAraidhe atá Loch Ollarbha. Idir Dhál bhFiatach agus Dhál nAraidhe atá Loch Laoigh. Ar imeal-bhórd Dhál bhFiatach atá Loch Cuan agus Tonn Rudhraighe; agus idir Oirgheala agus Dál nÁraidhe atá uisce na Cáirlinne. Agus laisteas de sin tá Cuan Sráid-Bhaile Dhúndealgan. Is léir ón méid sin gur rud iongantach léirscáil, agus gur féidir eólas na slí do chur agus cuma na tíre fheicsint ach feuchaint go cruinn ar an léirscáil. Agus is léir uaithe, leis, an treó uainn 'na bhfuil tíortha eile agus an fada uainn iad, agus gach áit 'na mbuailean an mhuir agus an tír le chéile; agus chímíd mar a ghabhaid na bóithre agus na h-aibhnte atá againn chun earraí do bhreith ó áit go h-áit. Tá slí eile anois ann chun dul ó áit go h-áit — 'sé sin ar aer-loing. Agus is léir dúinn gach áit in a bhfuil cnoic nó sléibhte agus is iad san a threorigheann na h-aibhnte. Tá mórán sráideana agus bailtí móra ann ná beadh ann in aon chor muna mbeadh go bhfuil aibhnte sa duthaigh. Níorbh fhéidir dúinn puinn tír-eólais fhoghluim gan léirscáil. Nuair a bhíon leabhar 'á léigheamh agat agus ainmneacha bailte móra agus locha agus sléibhte ann, feuch a bhféadfá na h-áiteana san d'aimsiú ar an léirscáil.
Aon uair a théighean tú sa traen nó ar an loing feuch ar an léirscáil roimré, agus beidh rud foghlumtha agat de bhárr do thurais. Turas Eile. — Dá dtéighthá ar bórd loinge mar a dheinis cheana agus gabháil timpal na h-Éireann arís dféadfá níos mó fhoghluim an tarna turas. Thabharfá fé ndeara “inter alia” gur sa taobh thiar atá furmhór na gcuanta. An ghaoth mhór aniar agus leadairt na faraige agus briseadh na dtonn a rinn. Cuan Átha Cliath. — Isteach go Baile Átha Cliath a thagan loingeas ó Shasana agus ón bhFrainnc agus an duine a thagan isteach go h-Éirinn mar sin cuirean Cuan Átha Cliath aoibhneas croidhe air. Tá cnuic áilne ós cionn an Chuain agus mórán crann, den uile shaghas, ag fás ar gach port de. Agus anso agus ansúd ameasc na gcrann tá tighthe deasa comhnuithe. Ar an dtaobh thuaidh den chuan tá Beann Éadair, áit go dtugaid muinntir Bhaile Átha Cliath cuaird air go minic sa tSamhradh. Dein- tar a lán iascaireacht sa chuan san. Nuair a fheuchfá ódheas chífeá an Dún Mór .i. Brí Cualann. Tá tráigh an-mhór ansan agus téighid muinntir na Cathrach in a sluaitibh ann sa tsaosúr. Comgarach don áit sin atá Cill Inghean Leinín agus Deilg-Inis dhá bhruachbhaile dheasa. Cuanta Chúige Uladh. — Lastuaidh, in Oir- gheala, tá uisce na Cáirlinne agus na sléibhte
breátha úd .i. Beanna Bóirche i gcomhgar an Chuain. Téighean a lán daoine ansan ag caitheamh na h-aimsire scuir sa tSamhradh. Dá dtéighthá go Port Ruis i dTír Eoghain chífeá Tonn Tuaighe agus i ngar don chuan san atá an clochán iongantach úd .i. “Clochán na bhFomorach.” Deir an sean-sceul gur fathach a bhí i Cúige Uladh fadó agus chuir sé chun bóthar a dheunamh sall go h-Albain ach nár chríochnuigh sé é. Is iongantach an radharc an Clochán san. Tá colúna móra cloiche i ndiaidh a chéile isteach sa mhuir. Iad go dlúth len a chéile, cuid acu ceud troigh ar aoirde agus cuid acu fé bhun slaite. Tá cuma sé-éadanach ar gach colúin acu; agus iad go léir chó córach san go gceapfá gur saothar lámh iad. Tá cuid acu anso agus ansúd agus deinid siad radharc fé leith: carn ar a dtugtar “Cathaoir an Fhathaigh” agus ceann eile ar a nglaodhtar “Túirne an Fhathaigh.” Tá rudaí eile timpal na háite sin agus iad chó hiongantach leis an gClochán féin. Tá pluais mhór ag Port a' Chuain agus gabhan an sáile ann. Í céad go leith slat ar fhaid agus fiche slat ar leithiod, agus í ar déanamh teampail mhóir istigh. Is féidir dul isteach innte i mbád agus is maith is fiú í fheicsint. Tá pluais den tsórt cheudna comhgarach do Bhaile Mhistéala sa Mhumhain. Fear a bhí ag baint cloch i gcoiréal, do tháinig sé ar an uaimh sin. Tá sí an-iongantach ar fad istigh. Tá Coinnle Reó de'n “stalactite” anuas ón ndíon, agus amach ó sna fallaí. Nuair a lastar an uaimh le tóirsí níl aon treó ach a breáthacht — le scáileana aisdeacha agus le solus agus datha.
Ar na cuantaibh eile atá thuaidh tá Loch Súilighe agus slí ann do sna ceudtaibh long; ach níl sé chó breá de radharc le Cuan Bhinn Éadair. Cuanta na Mumhan. — I gCúige Mumhan atá Cuan Chorcaighe, “Cuan na gcuanta,” mar a dtagan abha na Laoi sa mhuir. Tá baile mór ar bruach an chuain sin go dtugtar an Cóbh mar ainm air, agus ó bhárr an Chóibh sin tá an radharc is taithneamhaighe in iarthar na h-Eórpa. An tslí isteach sa chuan sin, tá sí caol — níl ach míle slí treasna — ach téighean an cuan i leithne ansan, agus tá cuma locha air le h-ais a' Chóibh. Tá trí oileáin ann agus i gceann acu san — in oileán Spíc a bhí Seán Mistéal fé ghlas ag Gallaibh i mbliain a 1848. Isteach sa chuan san a thagann na longa móra atá ag déanamh trachtála idir Shasana agus America. Táthar chun feabhas do chur ar an gcuan, idir cala-phoirt agus baill anncair- eacht agus nuair a bheidh an obair sin deunta bu chóir go mbeadh cuan Chorcaighe chó breá de chuan le h-aon áit i Sasana Nua. Tá cuan breá eile sa Mhumhain: Cuan Baoi agus cnoic an-árda ós a chionn agus cúpla oileán mór ann. Le h-ais cuais den chuan san atá an Gleann Garbh — áit an-áluinn.
II. — NA SLÉIBHTE. Sléibhte na Mumhan. — I gcomhgar na faraige is eadh tá na sléibhte is aoirde sa tír, agus is sa Mhumhain atá furmhór na sléibhte móra. In aice Chill Áirne sa' Mhumhain atá na Cruacha Dubha; agus orra-san tá Corrán Tuathail: an cnoc is aoirde in Éirinn atá 3,414 troigh ós clár na mara. Láimh le Loch Léin atá an “Mhangarta mhong-rua” (2,756). Tá radharc iongantach le feicsint ar bharra Mangartan mar tá loch i lár an chúim istigh. Feuch leat an cursíos ar Mhangartain atá ag an Athair Peadar sa leabhar úd “Mo Sceul Féin.” Ar chliathán an chnoic tá tobar “agus an Fíon Spáinneach Féin ní blasta é ná uisce an tobair sin.” Lámh le Mangartain atá Torc (1,764) — cnoc áluinn craobhach agus eas mór uisce fan a chliatháin síos isteach i Loch Léin. Tá an Fia-Rua (Cervus Elaphus) go fairsing ar na slébhtibh sin — go mór mór ar Thorc agus ar Chnoc an Fhiolair. Siar óthuaidh uatha-san, i gCorca Dhuibhne, atá Cnoc Bréanainn (3,127) agus ar a bharra- san a bhíodh Bréanann Naofa ag paidreóiracht. Sé Bréanann san a rinn an turas faraige siar chun “talamh iarthar an domhain” naoi gceud bliain sul ar aimsigh Columbus an Domhan Tiar; agus do thagair Columbus do thurus Bhréanainn nuair a bhí sé ag plé a scéil féin os comhair Ferdinando Rí na Spáinne i mbliain a 1492. Seann-sceul breá is eadh “Iomramh Bhréanainn.” Do riaraigh Bréanann gnóthaí na hEaglaise ó Chiarraighe Luachra óthuaidh go Cluain Feirt
Bhréanainn in Uíbh Maine (anonn thar Sionna ó Bheannachar). Tá a dó nó a trí 'shléibhtibh eile in iarthar Chorca Dhuibhne .i. Binn ós Gaoith (2,713); agus An Chonair agus radharc áluinn go deó uaidh sin amach, an té raghadh ann lá breá. Dfheudfá sléibhte Mhuirisc i gConnachtaibh — nó Cruach Pádraig féin — 'fheicsint ó árd an chasáin sléibhe sin. I gCorca Dhuibhne leis comhgarach do Thráighlí atá Sliabh Mis agus sa cheanntar cheudna atá Bárr Trí gCom (2,796) agus Cathair Conraí (2,715). Tá sceul ag Gaedhilgeóiri Chorca Dhuibhne i dtaobh conus mar a dhéin Fianna Éireann an chathair do Chonraí ar an gcnoc san. In Uíbh Ráthach agus comhgarach don mhuir — do Bhágh an Daingin — atá Cnoc na dTobar (2,266), agus Cnoc na Druinge (2,104). Tá sraith sliabh i Magh gCoiniche agus i Múscraí — timpal Dhoire na Sagart, agus leath slí idir an Ráth Mhór agus Baile Mhúirne atá an sliabh is aoirde acu: an Chathair Bheárnach (2,239). Siar uaidh sin tá dhá bhárr chruinne, taobh le taobh: Dhá Chích Dhanann (2,268). In Urumhain (agus ins na Déisibh) atá na Gaibhlte agus orra-san tá Sliabh gCrot 3,015 troigh ar aoirde. Ag bun an tsléibhe sin tá Gleann Eatharla mar ar chomhnaigh an t-Athair Seathrún Céitinn, Dochtúir Diachta agus Léighinn, ar feadh tamail nuair a bhí sé ar a theiche ó Ghallaibh (um bhliain a 1620). Eisean a scríobh an leabhar stair-sheanchuis: “Foras Feasa ar Éirinn.” Tá pluais in aice le Cathair Dhúin
Iascaigh ar a dtugtar an Poll Gránda agus deirtar gur chaith an Céitinneach suim aimsire ansan. I gCaiseal na Rí' agus i gColáiste na Tríonóide cois Life, a rinn sé furmhór a scríbh- nóireacht' seanchuis. I nDúthaigh Déise, leis, atá Cnoc Maol Domhnaigh (2,609), agus sléibhte an Chomraigh. Sliabh sidhe is eadh Sliabh na mBan bhFionn (2,364). Mag Feimhean is ainm don mhachaire mhór a bhfuil Sliabh na mBan i lár baill ann agus “machaire sidhe” ab eadh é. Nuair a buadhadh ar Thuatha Dé Danann chuadar chun cómhnaithe i gcúm a' tsléibhe sin — deir na seana-sceulta. Agus le linn ceóigh agus le linn gealaighe téighid siad de sciúrd anuas ó Shliabh na mBan chó fada ó bhaile le Carraig Chlíodna in aice le Mainistir na Mórna i Múscraí mar agcomhnuigheadh Clíodna, banrín sidhe. Tá sceul ann i dtaobh “Sliabh na mBan bhFionn tré theine”; agus tá abhrán binn ag Déisigh i dtaobh eirighe amach a 1798 agus “Sliabh na mBan” is teidiol dó. Idir “Chluain gheal Meala” agus Coill Mhic Thomáisín atá sléibhte an Chomaraigh agus is é Cnoc an Aifrinn (2,478) an cnoc is mó orra. Tá an focal so in amhrán an Chomaraigh — “Plúr na nDéise” — i dtaobh na sruthán atá le hais a' tsléibhe: “An Mhachain thall, is abhus an Tae ghil, Mar mhionáin gabhair le spórt is scléipsult, Ag snámh anonn ód' bhonn go treun-mhuir, A Chomaraigh aoibhinn ó …”
Amhrán tíréolais agus amhrán molta dúiche é sin. Le hais Chluain Fhia Paorach athá Cruachán Paorach agus comhgarach don Chruachán san athá Baile an Fhaoitigh agus tá fhios ag gach Gaedhil- geóir ins na Déisibh cad a thárla do “Cháit Bhocht” ansúd maidin tseaca: “Olc a' ceart atá i mBaile an Fhaoithigh: Clocha ceangailte — agus madraí scaoilte! Agus Cáit bhocht d'á leagadh Chó mear is eirighean sí!” Idir an Abha Mhór agus an Laoi atá Sléibhte an Bhagraigh agus 'sé “Muisire an cheoig” (2,119) an bheann is aoirde acu. Tá trácht ar Mhuisire i “Séadna.” I mBéara atá Sléibhte Ceachain agus orra san tá Cnoc Eoin (2,169); é lastuaidh de Eadargóil. Agus Cnoc Osta (2,251) laistiar de Eadargóil, agus Cnoc Daod (1,887) las- toir. Siar, ag ceann na dúthaige ceudna, tá Sliabh Mioscaise (1,272), agus a lán cnoc eile i ngar dó. Níl aon tsliabh i nDál gCais ach an cnoc árd ar a nglaodhtar Sliabh Callán (1,282). Uime sin an leath-rann: “Tá Ciarraighe theas agus ceudta cnoc in a lár. Agus gan ach Sliabh Callán i nduthaigh spéir Ghlan Chláir.” Tá cnocán ar mhagh Adhair, gairid d'Inis, agus is ar an gcnocán sain a deineadh rí de Bhrian Bóraimhe agus de gach uile thaoiseach eile a bhí mar rí ar Thuadh-Mhumhain. Sléibhte Chonnacht — Cúige atá an-chnocach
is eadh Cúige Chonnacht. Dúthaigh cnoc is loch is eadh Connamara agus is ann atá Mám Torc (2,307), agus Breacán (2,193). Tá sléibhte eile ar a nglaodhtar Beanna Beola, agus 'sí an Bheann Bhán (2,395) an ceann is aoirde den dá bheann deug sin. Lastuaidh den Chaolsháile tá Sléibhte Mhuirisc agus orra sin tá Maol Riabhach (2,688) agus Beann Burraidh (2,610) agus an Bheann Ghorm (2,303). Tá radharc áluinn ó Mhaoil Riabhach ódheas ar an gCaolsháile: coillte áilne ar gach taobh den uisce sin; agus Coill Mhór, áit aoibhinn uisce agus crann. Gairid do Chuan Modh agus i bhfogus Chathair na Mart tá Cruach Pádhraic (2,510) an cruc mór ar a mbíodh Pádraig Naofa ag guidhe chun Dé. Déintar turas go bárr an chnoic sin uair sa mbliain agus léightar an t-Aifreann ar fhíor-bhárr na binne. Tá séipéal beag thuas ann agus is i málaíbh, ar ghuailnibh daoine, a beireadh suas na clocha atá i bhfallaí an tséipéil sin. Tá siubhal sé uair a chloig ó bhun go bárr na Cruaiche agus déinean na mílte duine é sin uair sa mbliain. Tá radharc rí-bhreá ó bárr Chruach Pádhraic anuas ar Chuan Modh an cuan in a bhfuil Inis Cliara — agus na ceudta mion-oileán gairid di: “ceann acub sin in aghaidh an uile lá dhen mbliain.” Ar phlána Mhuighe Eó atá Sliabh Pártraighe agus tamal uaidh sin atá Mám Treasna (2,207) agus Beann Bhuidhe (2,309). Gairid do Shliabh Pártraighe atá coláiste Gaedhilge Thúr Mhic Éide. Micheál Breathnach (nách mairean) an cheud mhaigistir a bhí ansin — Connachtach óg
deigh-mheabhrach a rinn árd-obair ameasc Gaedhal i Lonndain Shasana gur bhris ar a shláinte, de dheascaibh na h-oibre sin. Chuaidh sé san Éilbheis (i mbliain a 1906) ag iarraidh sláinte ach ní dheárna an turas mórán tairbhe dhó. Scríobh sé cúntas an-deas ar an dtír úd. Seo focal as (a' “Seilg i measc na nAlp”): “Feuch na h-Alpa móra. Nách fada é a saoghal. Nách mór dfheudfidís innseacht. Chonnacadar Gáll agus Columbánus ag craobhscaoileadh Soiscéil Dé. Chon- nacadar Daithí Rí ar a thuras deireanach tráth ar mhar- bhuigh an teine gealáin é fá n-a mbun. Táid ansin ag dearcadh uatha ó thús a' domhain. Nach fada é a stair agus a seanchus. Nách dtiocfadh leób a rádh liom-sa mar a deir an bhócna mhór leis an mbraon fíor-uisge a bhíos ag sileadh as taobh na h-aille: “Smaoinigheas nách bhfuil ‘i saoghal an duine ach ceó’ — mar a deireas na sean-Ghaedhilgeóirí — i gcomórtas leis an síoruidheacht atá rómhainn agus gur beag suarach í obair an duine i gcomórtas le h-oibreacha móra Dé …” (lch. a 31). Bhí aithmheula an-mhór ar gach uile Ghaedhilgeóir faoi bhás Mhichíl Breathnach agus chaoin na filí le chéile é: “… Tá coláiste Chonnacht gan a h-ollamh léigheanta. Is an chúige ar fad gan an mac bu thréine; Ach ní h-iad amháin atá ad’ chaoi, a thréin-fhir Ach clanna Gaedhal ar fuid na h-Éireann …” Bhí an fia rua le feiceál ameasc na sliabh in Iarthar Chonnacht go dtí fiche bliain ó shin. Níl sé in áit ar bith sa tír anois ach amháin i ndúthaigh Locha Léin sa Mhumhain.
Ar an dtaobh thiar de Loch Con i dTír Amh- laighe atá Néifinn (2,646), agus Néifinn Bheag (2,065). 'Sa scéilín úd “Taidhbhse an Chrainn,” tá trácht ar Néifinn ann. 'Sa dúthaigh cheudna atá Sliabh Ceara (2,369). Amuich ar Oileán Acla tá dhá shliabh — Sliabh Mór (2,294), agus Cruachán (2,192) agus bu mhór an áit fiolar gach sliabh acu-sin, uair. Dob éigean do mhuinntir an oileáin nimh a thabhairt dóibh-tha, bhí oiread sin éirligh 'á dheunamh acub ar uanaibh óga. I dTír Fhiachrach atá Sliabh Gamh agus Cnoc na Loinge (1,778). Ar an dtaobh theas de Bhaile an Mhóta atá an Corr Shliabh mar ar buaileadh an cath i mbliain a 1599 in ar bhuaidh Aodh Rua' Ó Dómhnail ar na Sasanaigh. Is ann a treascaradh Sir Conyers Clifford an taoiseach gallda. Bhí an-mheas ag Gaedhlaibh air-sin agus chuireadar sa tsliabh sin é agus thógadar leacht ós a chionn. Lastuaidh de Shligeach atá an Trosc Mór (2,113). Tá cnoic lastoir de Loch Gile i mBréifne Uí Ruairc ar a dtugtar Cnoic-leacach, agus i gceanntar Locha Ailinne atá Sliabh an Iarainn. Ar a aghaidh sin anonn, ar an dtaobh eile den loch, atá mianach Airigne mar a mbaintar gual maith. I mBréifne atá Sliabh Cuilceach (2,188) agus is in a chomhgar sin atá tobar na Sionna. CNOC CHÚIGE NA MIDHE. Níl aon rud i bhfuirm sléibhe i gCúige na Midhe ach is ann atá na cnoic agus na h-áird go mbainean árd-sheanchus uasal Gaedhal leó, mar atá — Teamhair na Rí': Cnoc Ríoga Gaedhal
mar a ndeintí dlithe an náisiúin. Is é meid a bhí sa Teach Midh-Chuarta ann (.i. Halla na Fleidhe) 'ná — trí cheud slat (300) ar fhaid, agus ceud slat (100) ar leithiod. Ní fada ó Abha na Bóinne atá an Teamhair sin — agus Cnoc Sláinghe, agus Tlachta (“Cnoc a' Bháird”), leis. Tamal siar ó Loch Ainil tá Cnoc Uisneach na mór-sceulta — lár baíll h-Éireann mar a raibh Aill na Míreann cloch theórann na gceithre ranna — Ulaidh, Connachta, Laighin agus Mumha — sul a ndeárnadh Cúige na Midhe (um bhliain a 140). SLÉIBHTE CHÚIGE ULADH. Tír beann agus gleann is eadh Tír Chonaill — Gaedhaltacht mhór Uladh — agus is ann a mhair Cineal cróga Chonaill agus orra-sin bhí Domh- nalaigh go bhfuil trácht fós thar lear orra. Díobh sin Duc de Tetuan sa Spáinn. Agus is i Valladolid sa tír sin atá Aodh Ruadh Ó Domhnaill fén bhfód. Bhí deichniúr de chineal Chonail in a n-árdritibh ar Éirinn ó am go h-am. Lastuaidh de shráid Dhún na nGall atá an Chruach Ghorm (2,219) agus siar ó thuaidh ó Leitir Cheannainn atá Aireagal (2,466). Sa dúthaigh sin atá an coláiste Gaedhilge — ag Cloch Cinn Fhaolaidh mar a mbídh na céadta ag foghluim gach tsamhradh. Soir ó Loch Súilighe in Inis Eóghain atá Sliabh Sneachta. Soir ón Srath Bán i dTír Eoghain atá Sabhal (2,240) agus na Speiríní. In aice le Baile
an Mhullaigh (“Dún Ghaimhein”) atá Carn Tochair (1,521). Dál Riada agus Dál nAraidhe na dúichí is líonmhaire gleann in Éirinn agus tá mórán cnoc ionnta. Talamh an-árd is eadh an dúthaigh le chéile ó Bheul Feirste go Beann Mhór. Is ann atá Sliabh Mis (1,457) mar ar chaith Pádraig Naofa sé bliana dá shaoghal ag aodhaireacht muc agus caorach agus é in a dhaor ag Miolchú; idir an Baile Meadhonach agus Latharna atá. Soir ó Bhaile Muine atá an bheann is aoirde i nDál Riada — Trostán (1,817). I gcomhgar Bheul Feirste atá cnoc Dubhais (1,567); agus Beann Mhadáin (1,196) len a mbainean stair ó bhliain an eirighe amach, bliain a 1798. Sa dúthaigh úd idir Chois Abhann Dála agus an Bheann Mhór atá Cnoc Léid (1,695), agus an Carn Mór (1,254). Tá mórán gleann íseal i nDál Riada. Tá Gleann Airibh (le hais a' chósta) an-doimhinn; é míle troigh síos in áiteachaibh. Chífeá mórán cineál carraige idir Latharna agus Beann Mhór ar bhóthar na haille: grian- chloch dhubh agus cloch gheal chailce agus rua- chloch ghainimhe agus slinn-chloch liath-ghorm agus eile. In nDál bhFiatach — sé sin an tsean-dúthaigh atá laisteas de Loch Laoigh — atá Beanna Bóirche agus orra-sin tá Sliabh Bingeáin (2,449), agus Cnoc an Iolair (2,084) agus Sliabh Domhangart ar a mbíodh Naomh Domhangart ag moladh Dé — 2,796 troigh suas
ón dtalamh. Agus i ngar don Chaisteal Rua' atá an Sliabh Bán; ar an sliabh sin atá an charraig mhór aonair ar a nglaodhtar an Chloch Mhór. Ins an áit a bhfuil tobar Abhann a' Lagáin atá Sliabh Crúb (1,775). In Óirghialla tamal lastuaidh de Dhún Deal- gan atá Sliabh gCuilinn (1,893). Agus soir ón sliabh sin, gairid do Iubhar Cinn Trágha, atá Sliabh Camlocha (1,385). In Ultaibh leis atá Sliabh Cáirlinne (1,935) agus sléibhte eile Chuailngne (“Chuaile”). Sa' dúthaigh sin a thárla an “Táin Bó.” Tá sceul na Tána agus “Chuchulainn an áigh” ar na seann-sceula is breátha ar domhan. Gabhaid sleasa na gcnoc in Ó Méith Mara anuas go tráigh. Tá sceirí agus carraigeacha báite i mbeul Chuain Cháirlinne agus Fíórd ceart .i. cúm faraige is eadh an cuan san. SLÉIBHTE LAIGHEAN. Cnoc a bhfuil seanchus ag baint leis is eadh Beann Éadair (600) i gcomhgar Átha Cliath. Tá radharc áluinn uaidh óthuaidh agus ódheas. Tá mórán cnoc eile mór-thímpal Átha Cliath — An Sliabh Rua', Beannach Mór, Carraig Ollachair, Beann Damhais, Maol-Ghleann agus Drom Deire. Táid eiscir in a lán áit i Laghnaibh agus
i gcúige Midhe. Dromana gainimhe iad san a bhfuil a sleasa go réidh feurmhar. Sé miniú lucht cloch-eolais orra 'ná gur ins na háitea- naibh sin a bhí na srutháin uisce ag gluaiseacht fén leacoighir sa Ré Oighreata, na mílte bliain ó shin. Tá a lán eiscear beag idir Chlárach agus an Tulach Mór in Ua bhFailghe. Agus tá eiscear fada beárnnach treasna na hÉireann le chéile .i. Eiscear Riada ó Áth Cliath Laighean go hÁth Cliath Mearaighe gairid do Ghaillimh) mar theórainn idir an dá sheann- dúthaigh úd, Leath Chuinn agus Leath Mhogha. I gCuala — siar ó Bhrí Cualann atá an sliabh ar a dtugtar Cip Iubhair (2,473). Tá gleann áluinn sa cheanntar san, Gleann Criatha; é seacht míle ar fhaid. Lastuaidh de Chip Iubhair tá an bóthar sléibhe in a bhfuil an Scealp agus gabhan an-sheanchus leis sin. Sa' duthaigh laisteas de seadh a bhí Micheál O Duibhir agus a chuid fear ag troid na Sasanach i mbliain 1798. Tamal laisteas de Ghleann Dá Loch tá sliabh áluinn .i. Log na gCoileach (3,039), agus clúdach breá crann air, rud ná feictar ar mhórán eile sliabh. É sin agus Cnoc Tuirc cois Léin-Locha, táid siad deallrathach len a chéile ar an nós san. Soir ó Log na gCoileach, ag Ráth Droma Deirc, seadh chomhnuigh Seurlas Páirnéil, fear cinn poluitíochta a cailleadh i mbliain a 1891. Eisean a dubhairt (i gCorcaigh) an focal: “Níl ceadaithe d' aon fhear teóra a chur le gluaiseacht Náisiúin chun Saoirse.” Tá mórán cnoc eile agus sliabh sa dúthaigh
cheudna, agus gleannta áilne — mar Ghleann Dá Loch agus Gleann Maoiliúra agus Gleann Airt, &rl. Ar fuid na tuaithe sin bhí réim agus comhacht ag Fiach Mac Aodha an taoiseach treun úd de Shíol mBroin. Agus i nduthaigh sin Cualann athá an limis- téir ghrian-chloiche is fairsinge sa' tír (nó in iarthar na hEórpa, bfhéidir) agus is ann atá an bóthar is aoirde de bhóithribh árda na hÉireann: ó Chill Achaidh i gcomhursanacht Átha Cliath go Gleann Criatha' agus as san go dtí Ghleann Mac Neasa (mar a bhfuil eas breá uisce) agus as san go Láthrach agus Gleann Maoiliúra agus Gleann Dá Loch agus ódheas go hAcha Bheannach mar ar chomhnuigh an Réamonach fear cinn poluitíochta (ná mairean); agus as san go Mainistir an Bhealaigh. Tá furmhór an bóthair sin breis is míle troigh (1,000') ós cionn clár mara. Tá sean-bhearaicí gallda in uachtar gach gleanna ann ón uair úd a bhí Síol mBroin agus Duibhirigh go mí-dhílis do rí Shasana. Tá tobar cúpla mór-abhann sa dúthaigh sliabh san. Agus fan an dosaon míle slí ó Chill Achaidh ódheas is uaigneach fiáin an dúthaigh fraoigh í — gan ann ach tigh fánach. Soir ó Bhuirgheas Ua nDróna atá Suidhe Laighean (2,610); agus an Staidhre Dubh (2,409) soir ó Ghráig na Manach. Agus ag bun cnoic eile: Cruachán Cinnsealach (1,937) seadh baintí an t-ór, tráth. Cnapán garbh óir a fuarthas sa chnoc san i mbliain a 1795 bhí dhá únsa fichead (22) de mheáchaint ann.
Deirid lucht cloch-eólais go bhfuil an cineál ceart cloiche ansúd chun ór a bheith in áit éigin fós ann. DO CHOMPARÁID ANSO. Nílid sléibhte na h-Éireann árd i gcomórtas le sléibhte an Domhain Toir ná le h-Alpa na h-Eilbhéise. Tá cuid acu-san ón a chúig uaire go dtí n-a hocht n-uaire níos aoirde ná Corrán Tuathail sa Mhumhain — atá 3,414 troigh ar aoirde. Feuch a n-aoirde seo: Mont Blanc na nAlp (ar theórainn na hIodáile) — 15,784 troigh. Sliabh Elburas (i gCácuis na Rúise) — 18,526 troigh. Agus Sliabh Éibheres an bheann is aoirde des na hImiléithibh (ins na h-India- chaibh Thoir) — 29,000 troigh ar aoirde!
III. — NA hAIBHNTE. AN tSIONNA. I mBréifne in aice le Sliabh Cuilceach, atá tobar na Sionna. Amach a' linn bheag a thagan an abha mhór san. Ódheas atá a cúrsa go dtí an áit in a ndéinean loch di — Loch Ailinne, agus ar bruach an locha san atá Airigne agus mianach guail in a chomhgar. Tamal maith ón mball san déinean dhá loch eile dhi: Loch Bó Deirge agus Loch na Foraoise agus d'éis achair eile déinean loch mór áluinn di — Loch Ríbh agus in a fhíor-chomhgar san atá Áth Luain agus easach deas uisce ann. Rinneadh gníomh mór ar son na hÉireann ar Dhroichead Áth Luain in aimsir an tSáir- séalaigh nuair a choingibh Pádraig Costún an namhaid amach ón sráid. Marbhuigheadh é féin agus a dheichniúr comrádaithe ar an ndroichead. Aimsir “Tháin Bó Chuailgne” is ansan a scaoil Donn Cuailgne luan nó más a namhad (Fia-Bheannach) uaidh. Agus de sin an ainm: Áth Luain. Áit gur mhór le rádh é i gcúrsaí cogaidh ab eadh é ós ann a bhí an t-Áth Mór mar a gabhtí treasna na Sionna agus mar a bhfuil sean-dún daingean fós. Ar gach taobh de Áth Luain tá an dúthaigh an- íseal ach amháin theas ar fad mar a bhfuil srath árd-chnoc (i dtreó Chill Dá Lua); agus is fé dhéin na gcnoc san a ghabhan an tSionna i slí go measfá gur suas in aghaidh fánaidh atá a trial. Aimsighean sí beárna ansúd agus tá
sí mear-chéimeach as san go Luimneach; tuitim ocht dtroigh (8') i ngach míle slí aici — in ionad an leath-troigh (1/2') sa mhíle slí mar atá idir Chill Dá Lua agus Liatruim. Tá a lán oileán i Loch Ríbh, agus radharc áluinn ó gach bruach de. Sa cheanntar san a dhein Maol-Sheachlainn an margadh síochána le Brian Bóraimhe i mbliain a 999. Bu mhór uasal an gníomh a rinn Maol-Sheachlainn an lá úd nuair do bhronn sé ríge na hÉireann ar Bhrian. Laisteas de Áth Luain atá Cluain Mhic Nois mar a raibh an scoil mhór-cháile ag Ciarán Naofa, tuairim bliain a 550. Bhí daoine ó gach áird den Eóraip ar an scoil sin. Tá cuid den scoil agus den mhainistir le feicsint fós agus a rian ann gur tighthe an-bhreátha a bhí ar Chluain Mhic Nois an uair úd — míle go leith bliain ó shin, geall leis. Ó Phort Omna go Cill Dá Lua tá an tSionna in a loch arís — Loch Deirg-Dheirc. Ar bruach thiar an locha san atá an talamh a bhí tráth i seilbh Iarla Clannriocaird. Tá tighthe gan fuinneóig gan díon le feicsint ansan. Cuireadh na tionóntaithe amach asta agus leagadh na tighthe, nuair a bhí an tiarna gallda san suas. Tá tigh acu-san ar a nglaodhtar “Dún Saingil” agus do chimeád muinntir an tighe sin seacht gceud fear (700) den arm ghallda amach a' seilbh na h-áite ar feadh deich lá. Laisteas tá cuan beag ar a nglaodhtar cuan Eóchaill Ara agus tá coiréal (coiléar) slinne in a chomhgar san. Tá cuan eile in-aice na Scairbhe agus is ann atá Inis Cealltra — oileán ar a raibh scoil mhór agus tighthe Eaglaise ag
Naomh Cuimín (um bhliain a 650), agus mar ar mhair Donátus, an té bhí in a easbog ar Fíesóle na h-Iodáile. Tá go leór fothracha ann fós agus cloig-chill atá deich dtroigh is trí fichid (70) ar aoirde. Sa bhFiacail a chuir Brian Merriman “Cúirt a' Mheodhain Oíche” in a suidhe. File binn fonóide ab eadh eisean. Tá cur síos áluinn sa dán san ar aoibhneas gacha radhairc sa dúthaigh sin: “Taitneamhacht aoibhinn suidheamh na sléibhte Ag bagairt a gcinn tar druim a chéile.” Áit an-dheas ar bruach na Sionna is eadh Cill Dá Lua agus bu mhór le rádh é, tráth, i gcúrsaí eaglaise agus scoluíochta. Tá mórchuid de iarsmaí na sean-aimsire le feicsint fós ann agus cill an stua' ghreanta a bhí ag Naomh Lua (um an sémhú ceud — 600) tá sí le feicsint fós ann. Ansúd, leis, a bhí dhún ríoga Bhriain Bóraimhe ag Ceann Cora. Tá oibreacha marmair 'a ndeunamh i gCill Dá Lua acht tá imithe go mór den ghnó le roinnt bhlianta anuas. Baintar slinn sa chomharsanacht, leis. Tá coillte breátha ar gach taobh den loch san ag Cill Dá Lua agus níl in Éirinn áit is deise radharc le linn dul-fé don ghréin. San áitsin agus ag Caisleán Ó gConaing tá árd-iascach breac agus bradán. Tá dian- sruth agus easach san abhainn ag Caisleán gConaing, agus ag Dún Easa.
Ar bruach theas na Sionna atá cathair Luimnigh ach tá cúinne dhi — Geata Thuamhan — ar an mbruach thuaidh. Sean-chathair go bhfuil stair- sheanchus mór ag baint léithe is eadh Luimneach. Minic a chítar céimaghra sa tSionna siar ó Luimneach: long ar snámh idir spéir agus talamh; nó tír-fó-thuinn (dála “Chill Stifín” in-aice Charraig a' Cobhaltaigh). Tá mór-chuid sceulta ag sna daoine i dtaobh na radharcana san. Mínighid lucht ealadhan an sceul ar a gcuma féin 'á rádh gur camscáil agus aer soillseach is bun leis an radharc. Tá tír fó thuinn — “Cill Stifín” — sa tSionna (idir Charraig a' Chobhaltaigh agus Baile Bhuinneána') agus innsid Gaedhilgeóirí Chorca Bhaiscinn mórchuid sceulta 'na taobh. Gach seachtú bliain a chítear í agus tuar mí-áidh í don té a chíon. Níl sa tír áit is iongantaighe spéir 'ná Bun tSionna, oíche ghealaighe agus scamal. An sáile atá in Inbhear na Sionna ó Luimneach siar. Aibhnte Cabhrach na Sionna. Sid iad na h-aibhnte cabhrach atá ag an Sionna. An Eithne atá i ndúthaigh na Midhe, agus a bun i Loch Ríbh. An Bhrosnach athá sa dúthaigh cheudna agus a bun cúpla míle lastuaidh de Bheannachar. Abha na Suca i gConnachtaibh agus a bun-san lastuaidh de bhun Brosnaighe. Gairid don abhainn sin (in Uíbh Maine) atá Each-Dhruim mar ar marbhuigheadh San Ruth
(taoiseach ón bhFrainnc) agus mar ar briseadh ar arm an Stiobhairt (1691). Tré Thuamhain a ghabhan an Fhorgus agus isteach sa tSionna laisteas d'Inis. Tá inbhear leathan oileánach ag an bhForguis, ach tá sé crampánach láibeach. Tá dóib ann a fheilean d'obair bhrící. An Mháig, agus a bun timpal fiche míle ó Luimneach. Sa dúthaigh sin a mhair an dá fhile: Seán Ó Tuama “an ghrinn,” agus Aindrias Mag Craith — “An Mangaire Súgach” (1770). Ar bruach na Máighe atá Croma “an tsubhchais” mar a raibh comhnaí ar an dTuamach. Tá dhá amhrán bhinne i ndiaidh na bhfilí sin: “Slán le Máigh” agus “Mo Shlán go h-eug.” In Áth Dara, comhgarach do Chroma, a bhí dún ag Gearaltaigh Dheasmumhan — “daoine cróga ná raibh beann acu ar bhás 'ná ar bheatha.” Sa dúthaigh sin, leis, a lonnaigh na Pailitínigh, na daoine iasachta a tháinig ó Phailitinéid na Gearmáine i mbliain a 1709. Bhronn Sasana talamh, saor ó chíos, orra; agus gunna chun a chosanta ar gach fear acu. Tá a síolrach- san fós ann — iad ar mhalairt nós agus deallraimh len a gcomhursanaibh. Ar an dtaobh thiar de bhun Máighe tá Cill Díoma áit a raibh Tomás Mac Curtáin in a mhúinteoir Gaedhilge (in a “mhúinteoir taistil”) tamal dá shaoghal (1906). Marbhuigheadh i mbliain a 1920 é agus é in a Árd-Mhéara ar Chorcaigh. Sa' dúthaigh cheudna atá an Daoil — “an Daoil Ghorm,” a ndubhairt Dáithí Ó Bruadair, file
— agus is len a h-ais sin atá Eas Géitinne, áit sheannda in a bhfuil fothrach mainistreach agus caisleáin. Tré Chiarraighe Luachra andeas (ón a bun i nDúth 'Alla) a ghluaisighean an Fhéil. Tá Lios Tuathail agus Mainistir na Féile len a h-ais sin. Dúthaigh filí dob eadh Sliabh Luachra an ceanntar atá laisteas do Thobar na Féile. Do chomhnaigh Aodhgan Ó Raithile an té cheap an líric áluinn: “Gile na Gile,” agus Dáithí Ó Bruadair, agus Eoghan Rua Ó Súilea- bháin, tamal sa' dúthaigh sin. Tá tuairim a naoi scór míle (180) de fhaid sa tSionna. Is í an abha is sia in Éirinn í, agus níl aon abha in Albain ná i Sasana chó fada léi. Tagan an mhuir aníos chó fada le cathair Luimnigh — breis agus dá fhichid (40) míle ó bhun na h-abhann agus tá paistí den inbhear san an-leathan. An mó sruthán le chéile (den tsórt is goire dhod' ionad comhnaithe-se) a bheadh chó leathan le h-inbhear na Sionna idir Bhaile an Bhuineánaigh (i gCiarraighe Luachra) agus Cill Chriodáin (i gClár Mumhan)? Bain éirim as an scáil-thomhus. Tá dhá chanáil déanta ó bhruach Sionna go Baile Átha Cliath. I gCúige Mídhe atá ceann acu-san, agus tré Chuirreach Chill Dara i gCúige Laighean a ghabhan an ceann eile.
AN ÉIRNE. I gCúige Uladh atá abha na hÉirne. Amach a' Loch Gamhna ar theórainn Chúige Midhe a thagann an Éirne agus gabhan sí tré Bhréifne Uí Raghalaigh mar a ndéinean loch di — Loch Uachtair. Siar ó thuaidh a ghluaisighean sí ansan agus isteach i gCuan na nGall. Déineann loch áluinn di i ndhúthaigh bhFear Monach ar a dtugtar Loch Éirne; é sin in a dhá leith agus Inis Ceith- leann (baile mór) eadartha istigh. Tá mór-chuid oileán ins na lochaibh sin; iad go feur-ghlas agus go craobhach. Is ansúd atá Duibh-Inis — áit a bhfuil an chloigchill is áilne agus is buaine ar chloigchealla na sean-aimsire. Is minic a luadhtar an Éirne ins na h-amhránaibh. (Feuch leat: “Loch Léin,” agus “Bhí bean uasal seal dá luadh liom” agus an “Rós Geal Dubh,” &rl.) AN FEABHAL. Ní dócha go bhfuil aon abhainn eile sa tír is mó a bhfuil cumeasc uisce innti ná an Feabhal. Tagan an tSrúil ó Thír Eoghain agus Abha na Deirge ó Thír Chonaill agus do-ghníd abha eile .i. an Mhodharn. Agus buailean sí sin um abhainn eile .i. an Fhinn (nó abha na Cloiche Finne) ag Leithbhear agus is é cumasc an dá uisce sin a dhéinean an Feabhal. Isteach i Loch Feabhail a théighean bun Feabhail. Tá uisce na mara san' abhainn féin — tamal mór adtuaidh, freisin. Abha mhear an Feabhal agus abha mhall an Éirne.
Ar bruach Feabhail, sa' taobh theas de Inis Eoghain, atá an chathair áluinn .i. Doire Cholm- cille mar ar chomhnaigh an naomh iongantach úd — an duine a bhí borb uallach le linn a óige; níos mó den fhiolar ann ná den “cholm.” Ach nuair a tháinig solus an scéil do — t'réis na mílte bheith marbh ar pháirc an chatha d'á dheascaibh — do smachtaigh sé é féin. Bhuaidh sé ar a bhuirbe — go h-iomlán; agus sin é gníomh is mó d'á mhór-ghníomhraibh. Níl innsint scéil go brách ar a ndeárna Colmcille ar son léighinn agus creidimh i gCúige Uladh agus in Albain — go mór mór in oileánaibh fiáine Alban. Tá a ainm fós ar oileán acu san — Í Cholmcille — agus tá árd-bháidh leis ar an dtaobh thall de Shruth na Maoile — in “Alba an iomad caol” — mar a bhfuil mórán teampal in onóir dó. Oileán bu dh'eadh Doire in aimsir Cholmcille. Tamal siar ón sráid tá sean-dún ríoga Chinéil Chonail ar a dtugtar Aileach, mar ar tógadh mórán laoch a rinn gaisce fé “Lámh Dhearg Ua Néill.” Agus i gcúm an chnoic sin tá an ghasra marcach in a suan, adeir an sean- sceul — iad fé arm is fé éide ag feitheamh le sceul fuascalta Gaedhal. AN RUAIDH. Tá abhainn bheag i ndúthaigh sheannda Eoghain ar an nglaodhtar an Ruaidh agus is i Loch Feabhail atá a bun. Ar bruach na Ruaidhe atá Léim a' Mhadaidh agus gairid do sin atá Drom Ceat mar ar dhéin Colmcille an chainnt bhríomhar, lá na Dála, ag cosaint na bhfilí agus ar lorg
cirt (ó'n Árd Rí) don náisiún beag Gaedhal a bhí fé riar Dhomhnail, rí Earra Gaidheal Alban. LOCH N-EACHACH AGUS A CUID AIBHNTE. Lear mór uisce is eadh Loch nEachach agus a bruacha ag baint leis na sean-dúichí seo: Dál nAraidhe, Tír Eoghain agus Óirghialla. É seacht míle Gaedhlach treasna, an áit is caoile é. Gabhan an Abha Mhór atá tuairim dá fhichid míle Gaedhlach (40) ar fhaid — tré Thír Eoghain agus isteach i Loch nEachach. Ar a bruach sin a buaileadh cath mór Bheul an Átha Buidhe in ar bhuaidh an Niallach ar Ghallaibh. Abha an-fhada is eadh an Bhanna (63 mhíle Gaedhlach). A tobar ag Beanna Bóirche i nDál bhFiatach agus a bun i dTonn Tuaidhe, lastuaidh de Chúil Rathain i gCineál Eoghain. Tá easach deas san abhainn ag Cúl Rathain. Uisce na Banna is mó a dhéinean an loch mór. Cuid den abhainn sin is eadh an loch, fé mar is cuid den tSionna Loch úd Ríbh. Cois uachtair na Banna atá Port a' Dúnáin sráid in a mbíon gleó ag an “gClann Odhar” go minic. Móin (in ionad guail) a bhíon acu i bPort a' Dúnáin chun gasa soluis a dheunamh. Do tugtí oiread san aire de ghnóthaí iascaigh na Banna tráth gur gabhadh trí cheud agus fiche (320) tonna bradán innte in aon bhliain amháin — i mbliain a 1754. (Tuairim caogad míle bradán (50,000).
ABHA AN LAGÁIN. Sa' taobh thoir de Chúige Uladh athá Abha an Lagáin (38 míle Gaedhlach). A tobar sin i Sliabh Crúb agus a cúrsa fan an ghleanna is áilne agus is méithe i gCúige Uladh. Isteach i Loch Laoigh a ghabhan a bun. Len a h-ais sin tá an Drom Mór agus Lios na gCearbhach agus Beul Feirste — sráid-bhailte na muilne móra lín. Tá an-chuid leaba long i mBeul Feirste ar bruach Locha Laoigh — dugana móra in a ndeintar an loingeas is mó agus is bréatha ar muir. ABHA NA BÓINNE. Lámh le h-Eudan Doire in Ua bhFailghe i Laighnibh athá tobar na Bóinne agus t’réis caogad míle Gaedhlach den tslí (50) a chur di téighean sí sa mhuir, idir bhruacha gainimhe, lámh le Droichead Átha. Ón áit sin a thagan an mhin choirce a bhfuil árd-éiliomh uirre sa Mhumhain. Tagan abha eile — Abha Mhór na Mídhe adtuaidh ó Loch Muin Ramhair agus téighean sí isteach sa Bhóinn lámh leis an Uaimh. Ós dúthaigh chothrom íseal Cúige Mídhe tá gluaiseacht an- mhall fén mBóinn. Tá go leór coillte fan an dá bhruach agus fothracha sean-caisleán agus sean-teampall go tiubh ann. Bu mhór le rádh í an Bhóinn sa tseanaimsir mar is ar a bruachaibh a bhí dún Árd-Rí Éireann — Teamhair na Rí — agus is ar faiche na Teamhrach san a deintí gach feis agus oireachtas agus gach cruinniú mór d'á mbíodh ag uaislibh Éireann. An chloch ar a suídís na ríthe le linn
a gcróinnithe — an Lia Fáil — tá sí sa Teamhair fós. Ach deineadh leac cuimhne dhi i mbliain a 1798 do sna fearaibh a thuit ansúd san Eirighe Amach. Sean-roilig rí-iongantach is eadh Brugh na Bóinne — lios an té úd a bhí mar rí ar shlóitibh sídhe na h-Éireann — Aenghus Draoi; agus dia adhanta an ghrá, dar le sean-Ghaedhlaibh. Coluim bhána a bhíodh mar theachtairí ag Aenghus nuair is saighde a bhíodh ag Cúpid úd .i. Érós na Gréige. I ngar do Dhroichead na Bóinne is eadh thárla “Briseadh na Bóinne” nuair a bhuaidh Uilliam a III, rí gallda ar an dara Seumas rí gallda eile. Tá sceul an chatha san in a abhar achrainn idir Chaitilicí agus Protastún- taigh i gCúige Uladh riamh ó shin, go mór mhór an tarna lá deug de mhí Iúil gach samhradh nuair a chomóraid an “Chlann Odhar” lá cuimhnimh an bhuaidh. Gairid do Áth Truim a chomhnaigh Wellington .i. diúc agus duine gallda a raibh gráin mhill- teach aige ar Ghaedhlaibh. Taoiseach in Arm Shasana ab eadh é agus árd-shaighdiúir ar fad. ABHA NA LIFE. Timpal na faide ceudna atá sa' Life agus sa' Bhóinn (55 mhíle Gaedhlach) ach déinean an Life cúrsa an-chasta trí ghleanntaibh cama aoibhne, agus timpal bun cnoc agus sléibhte (atá go fairsing i ndúthaigh sin Cualann). Soir ó Chip Iúbhair athá tobar na Life agus i mBaile Átha Cliath atá a bun. Mar a dhéinean an
priachán an sciúrd — cruinn díreach — níl de thaisteal ón a tobar go dtí n-a bun ach deich míle. Tá easach uisce ag Poll a' Phúca agus is maith is fiú dul 'a fheuchaint. Tá aibhnte eile sa' dúthaigh sin, seandúthaigh Cualann; tá an Deargail a ghabhan trí cheanntar rí-aoibhinn agus isteach sa mhuir ag Brí Cualann; Abha bhFear Tíre go bhfuil a tobar i sléibhte Cualann agus a bun in Inbhear Dé, cuan de chuantaibh na Mara Meann, lámh le Cill Mann- tán. Ón abhainn sin a gheibhid muinntir Bhaile Átha Cliath a gcuid uisce. Tá loch taisce, ag an dTóchar chun uisce a chimeád leis an gcathair. Ó Ghleann Dá Loch, ball áluinn, a thagan an Abha Mhór. Fraoch is aiteann atá in uachtar an Ghleanna san, mar is talamh bocht grian-chloiche é. Agus bánta féir agus coillte tiubha i mbun gleanna, mar is talamh fónta slinn-chloiche é. Agus is amhla san, freisin, d'á lán gleann eile i gCuala agus i ndúiche Ua bhFaoláin: do Ghleann Mac Neasa agus do Ghleann Maoiliúra, &rl; agus Ó Ghleann Maoiliúra a thagan an Abha Bheag agus teagamhuíd siad le chéile i nGleann na h-Abhann Bige. Tá an radharc san molta thar fóir ag filí Beurla. I nGleann Maoiliúra a fuair an Niallach óg agus an Domhnalach óg foithin agus biadh t'réis éaló dhóibh a' Caisleán na nGall in Áth Cliath i mbliain a 1591. Cois na n-aibhnte sin i ndúthaigh Cualann agus Ua bhFaoláin neaduighean an rí-iascaire éin úd ar a nglaodhtar an Cruitín [Alcedo ipsida — (“Kingfisher”)] agus gnáthuighean an Cat Crainn (Sciurus vulgaris) na coillte ann.
“AN TRIÚR.” Trí h-aibhnte atá go maith fada — gach abhainn acu ós cionn trí fichid míle Gaedhlach (60) — is eadh an Bhearbha, an Fheóir agus an tSiúir, agus de bhrí go ngabhaid siad cúrsa na dúiche ceudna glaodhtar an “Triúr” mar nua-ainm orra. AN TSIÚIR. I mBeárnain Éile sa' Mhumhain atá tobar na Siúire agus ódheas a ghabhan sí go dtí Cluain Meala mar a dhéinean sí casadh soir tré sna Déisibh agus isteach i Loch Dá Caoch le h ais Phortláirge. Tá a lán sráid-bhailte cois na Siúire — An Teampal Mór, Durlas Éile, Cath- air Dhúin Iascaigh, Cluain Meala áit a bhfuil tagairt go minic dó i sean-amhránaibh na Mumhan — “Raghainn leat go Caiseal nó go Cluain gheal Meala nó go Carraig na Siúire thar m'eolas”; Carraig na Siúire mar ar chomhnaigh an t-Athair Micheul Ó h-Icidhe, sagart ná mairean a dhéin mór-chuid saothair ar son na Gaedhilge; Port Cládhach mar a rugadh Risteird de h-Indeberg, sagart. Oide Gaedh- ilge agus ceoltóir binn bu dh'eadh eisean. Ag bun Siúire atá Portláirge mar a dtáinig Normanaigh agus Sasanaigh i dtír i mbliain i 1172. Tá ansúd Caisleán Raghnail (Dún Lochlannach) mar ar pósadh Strongbó ridire gallda agus Aoife inghean rí Laighean — Diar- muid na nGall, an duine iarr ar Normanaigh teacht. Bhí dorta fola ar sráideana Phort- láirge agus an dís sin d'á bpósadh.
AN BHEARBHA. Ag bun Shliabh Bladhma atá tobar na Bearbha agus a bun i Loch Dhá Chaoch. Sid iad na bailtí móra atá ar bruach na Bearbha: Áth h-í mar a mbíon margadh mór arbhair; Ceatharlach áit a bhfuil deuntúsachán bróg; Leith-Ghlinn agus an Mhuine Bheag; Ros Mhic Treóin mar ar buaileadh cath i mbliain a 1798 — cath dian euchtach gur lean gnó gránda é. Ní maith an cúram atá déanta d'aibhnte na tíre ón lá a rinneadh na bóithre iarainn. Ní féidir do bhádaibh móra an abha do ghabháil indiu idir Cheatharlach agus Gráig na Manach toisc meall talmhan a bheith 'á dhéanamh den chré silte anso is ansúd — go mór mór idir Cloch-Ghrianán agus Ceatharlach. Déintar stalca ag Gráig na Manach (fé mar a déintar i nGleann Maghair lámh le Corcaigh). Idir an Bhearbha agus an Fheóir .i. i Laighis agus in Osraighe fásan luibh neamh-choitianta — an Plúrán Clog (Campanula trachelium) go fairsing. Gaol don Mheuracán Gorm (Cam- panula rotundifolia) é. Déanamh na Neann- tóige atá ar an bplannda. AN FHEÓIR. Lámh le Beárnain Éile sa Mhumhain atá Tobar na Feórach agus ag Cumar na dTrí nUisce in Osraighe atá a bun mar a dtéighean sí isteach sa Bhearbha. I gCúige Laighean atá furmhór a cúrsa agus is len a h-ais atá Móin Rátha agus Mainistir Laoise i sean-dúthaigh Laighse; Cill Chainnigh mar a mbaintar an
dubh-mharmar, agus an gual-gan-lasair ar a nglaodhtar “Anthracite” — gual atá oiriúnach do mhuilnibh agus do dheuntúsacháin. Ag Baile Mhic Anndáin a cheap an Páirlimint Gallda an dlí i gcoinnibh nós agus teangan Gaedhal i mbliain a 1367. “The Statute of Kilkenny” a thugadar mar ainm uirre. Agus tamal ón áit sin atá Carraig Seabhac mar ar cuireadh suas árd-troid i gcoinnibh na bPró- cadóirí i mbliain a 1832. Agus rud a chuireann iongna ar lucht cloch- eólais é seo: gur ísle é an dúthaigh in a bhfuil toibreacha na n-abhann san (an tSiúir an Fheóir is an Bhearbha) 'ná an dúthaigh in a bhfuil deire cúrsa acu. Do réir gach comhartha is siar go Sionna bu cheart go ngeóbhaidís, nó soir go hÁth Cliath. Níl de mhíniú ar an sceul ach amháin go mb'fhéidir gur aoirde a bhí talamh Laighse (log na dtobar) tráth 'ná mar athá indiu. AN tSLÁINGHE. I Log na gCoileach i ndúthaigh áluinn Ghleann Dá Loch atá tobar na Sláinghe — “Sláinghe na Gainimhe” — Ódheas trí Uíbh Cinnsealaigh atá a cúrsa agus í an-shaor ó charraigeachaibh. Ag Loch Garman a théighean sí sa mhuir agus tá talamh gainimhe agus tráigh gainimhe ar gach taobh di ó shráid Loch Garman go dtí n-a bun. “Fíórd” nó cúm faraige ab eadh an áit sin cúpla míle bliain ó shin ach líon gairbhéal agus gainimh na mara é.
Cois Sláinghe atá Mainistir a' Bhealaigh agus Tulach Ua bhFéilim; Agus Bun Clóidige mar ar deineadh troid i mbliain a 1831 i gcoinnibh Phrócadóirí na nDeachamha; agus Inis Choirthe atá comhgarach do Fíodh na gCaor áit n-ar buaileadh ardchath ar son na Saoirse i mbliain a 1798. Ag bun Sláinghe atá Sráid Locha Garman agus laisteas de sin atá Barúntacht Fotharta agus Uí Bairche — dhá cheanntar in a bhfuil furmhór na ndaoine den bhfuil iasachta agus a rian san orra, in a nósaibh agus in a ndeallramh. Déinid cuid acu “siesta” (gearra-chodla tréis dinnéir) mar a dhéinid daoine ar Roinn na h-Eórpa. Bhí Béarlagar, nó “patois,” dá gcuid féinig acu — an yóla — go dti bliain a 1850 nó mar sin; meascán Pléimionaise agus Gaedhilge agus sean-Bheurla bu dh'eadh é. “É ar déanamh Bheurla Chaucer agus Spencer” adubhairt Tomás Mag Aoidh, fear staire. Dúthaigh áluinn mhéith atá ón mBearbha soir go dtí an mhuir — “Fothart an arbhair” agus “Ua bhFéilim aoibhinn” agus “Síol mBroin na gcrann áluinn” agus “Críoch na gCineál atá ar dhúichí aoibhne an domhain.” Comhgarach do bhun Sláinghe atá an calaphort nua Ros Láire áit is stad-phort don loingeas a bhíon anonn is anall idir an ball san agus Abergwaen na Breataine Bige.
ABHA MHÓR NA MUMHAN. Is í an Abha Mhór an abha is breátha sa Mhumhain Comhgarach do Shliabh Luachra atá a tobar-san agus ón áit sin go dtí n-a bun i gcuan Eoch- aille, tá dhá bhruach na h-Abha' Móire go rí- áluinn; coillte glasa, talamh méith, agus caisleáin ar gach taobh di i nDuthalla, i bhFeara Muighe Féinne agus isna Déisibh. Tá trácht ar fuid a tsaoghail ar abhainn úd na Ríne sa' Ghearmáin, agus daoine a chonnaic an dá abhainn deirid siad go gcuirfadh an Ríne sin an Abha Mhór i gcuimhne dhuit. Idir Eóchaill agus Ceapach Chuinn iseadh is áilne í. Sruth a théighean isteach 'san Abhainn Mhóir ag Baile Caisleáin a' Roistigh is eadh an Abha Bheag agus comhgarach don abhainn sin (ag Cill Col- mán, lastuaidh de Dhún ar Aill) a bhí an caisleán ag Edmund Spencer an file gallda. Fuair sé-sin a 12,000 acra tailimh sa Mhumhain ó rialtas Shasana — talamh a baineadh de Ghaedh- laibh. Chuaidh sé chun cómhnaithe i gcaisleán Chill Colmán — bu dhún ag Gearaltaigh Dhea- sumhan — i mbliain a 1586. Ana-thaca do rialtas Gall sa tír seo ab eadh Spencer sin ach dhóghadar Gaedhil an caisleán anuas air sa deire agus b'éigean do teiche len a anam; agus bás don ghorta a fuair sé i Lonndain Shasana. Tá Magh Alla (“Malla”) ar an stad traen- ach is mó le rádh sa Mhumhain. Is ann atá ceangal na mbóithre iarainn atá idir Bhaile Átha Cliath agus bailtí móra na Mumhan:
Corcaigh, Tráigh Lí agus Port Láirge. Agus is ann a tógadh Tomás Dáibhios (1814-1845) fear a rinn sár-obair ar son an Náisiúntais. Eisean a scríobh an focal: “… Is mó le rádh teanga an Náisiúin 'ná teórainn an Náisiúin. Is éifeachtaighe an chosaint í ná dún d'á dhaingine agus is soiléire an teóra í ná abhainn d'á mhéid.” An droichead breá a bhí thar an abhainn do pleuscadh é aimsir na Sparainne Poluitíochta — i mbliain a 1922; agus loisceadh tigh an stáisiúin. Bhí Spá te i Magh Alla tráth. Tamal laisteas de Mhagh Alla in aice Mhainistir na Mórna atá carraig na sídheóg — Carraig Chlíodna — ar a dtráchtaid filí, agus a ainm- nigheadh i ndiaidh Chlíodna an tsidhe-bhean a áitigh í. Is é Mainistir Fhear Muighe an sráid- bhaile is mó atá i bhFearaibh Muighe Féinne agus is ann a thosnaigh an t-arm gallda ar raobadh na mbailtí móra i mbliain a 1919. Sa' chomhursanacht san a baintar an marmar cruaidh dearg ar a nglaodhtar marmar Muighe Féinne. I ngar don Mhainistir atá an Bán Árd mar ar chomhnaigh na Ceanntaigh: líontighe a chuir suas troid i gcoinnibh ciapadóirí na ndaoine in aimsir an Éirighe Amach (1916). Treascaradh duine acu (Risteárd) sa troid agus cuireadh duine eile (Tomás) chun báis i ndhaingean na nGall i gCorcaigh. Laisteas den Mhainistir atá Caisleán Ua Liatháin mar ar chomhnaigh an tAthair Peadar Ó Laoghaire scríobhnóir mór na gnáth-Ghaedhilge
— an scríobhnóir a dhein teanga litríochta de “chainnt na ndaoine” fé mar a dhein Dante (file mór na h-Iodáile) in a aimsir féin. Bhí an t-Athair Peadar ós cionn trí fichid bliain nuair a chuir sé chun na scríobhnóir- eachta. Ní raibh beartaithe aige ach leabair scoile do scríobhadh; iad do scríobadh “i gcainnt choitianta na ndaoine” in ionad na cainnte crua' casta a bhí 'á scríobhadh ó aimsir Chéitinn anuas go dtí san (1900). Ach litríocht cheart is eadh mór-chuid d'á shaothar. Is ansúd ag Caisleán Ua Liatháin a scríobh sé “Seádna” agus “Niamh;” agus is ann, leis, a dhein sé tionntó go Gaedhilg ar an mBíobla. Cúpla míle laisteas den abhainn atá Tulaigh an Iarainn (ins na Déisibh) mar a rugadh Seán Ó hÓgáin (1800-1858) .i. an dealbhóir ion- gantach cloiche. Chúig bliana fichead (25) d'á shaoghal a chaith sé-sin sa Róimh ag foghluim a chéirde! Eirighe amach san Iodáil a thug abhaile é. Eisean a rinn “CRÍOST in A Mharbh” agus “an tAingeal in a Luighe” .i. dhá íomhá éachtach atá i gCorcaigh mar ar oileadh ar dtúis é; agus mórán dealbh breá i mBaile Átha Cliath — ar a bhfuil “CRÍOST in A mharbh” (in eaglais San Toiréasa), agus dealbh de Thomás Dáibhios agus “Fána an Mheisce.” Bhí árd-scoil léighinn sa tsean-aimsir ag Lios Mór Mochuda ar bruach Abha' Móire agus thagadh uaisle na tíre agus uaisle thar lear ar cuaird ann. Ar na daoine chaith tamal ann bhí Aldfrid Rí Northumbria.
Gairid do Cheapach Chuinn atá an mhainistir mhór ag Órd La Trappe — Mainistir Mellerí. Áit áluinn chraobhach anois ann, in ionad an talamh sléibhe a bhí ann roim theacht an Úird sin. Soir atá cúrsa na h-Abha Móire ón a tobar go dtí Ceapach Chuinn i ndúthaigh Déise, agus do réir cuma an ghleanna in a bhfuil is fé dhéin Chuain Garbhán bu cheart dí gabháil ach tá iompó obann ódheas innte ag Ceapach Chuinn. Bainean stair-sheanchus fé leith le hEochaill. Bu dhún cosanta ar leithligh ag an ndream gallda é anuas go dtí 1840, agus is minic a bhíodh ar Chaitilicí dul lasmach de gheataí na sráide i gcóir na h-oíche. Is ann a chomhnaigh Walter Raleigh ridire gallda — an té thug an tobac agus na prátaí go h-Éirinn ar dtúis. In Eóchaill is eadh fhás an cheud phráta d'ár fhás in Éirinn riamh (um bhliain a 1590). Deineadh biadh coitianta de sna prátaibh diaidh ar ndiaidh (ón uair sin i leith) agus is minic a lean gannachúis agus gorta san. An-áit chun iascaigh bradán is eadh Eóchaill cé go bhfuil ag dul den iascach le déanaighe (1922). Ach is minic cheana a chuaidh de go mór agus gur dhein sé téarnamh arís. Gabhan boutaí gannachúise agus boutaí flúirse le hiascaireacht. Tá cáin mhór don diúc gallda ar chead iascaigh.
AN LAOI. Is áluinn an abhainn an Laoi, ón a tobar i ngleanntán i Múscraí go dtí n-a bun i gCuan Chorcaighe. Comhgarach do Ghúgán Barra atá tobar na Laoi agus ar a bhfuil d'áiteana suainis agus sosa in Éirinn níl sárú an Ghúgáin sin. Agus is é a thoghaibh Barra Naofa chun ceall mhanaigh um bliain a 580. (? “Guagán.”) Tá Tuamba Cuimhne, nó Cenotaph, ar bruach an locha don Challanánach .i. file Beurla a rinn dán molata don Ghúgán. Sa Phoirtingéil atá sé-sin curtha. Ar bruach na Laoi athá Beul Átha an Ghaorthaidh áit in ar cuireadh an cheud nua- choláiste Gaedhilge ar bun (1904). Bhí baint ag an Athair Seumas Ó Ceallacháin le hobair an Choláiste sin. Mhairbh na Gaill an sagart séimh sin i lár na hóiche i gCorcaigh um Chingcís a 1921. Láimh leis an áit sin atá Eachrais mar ar chaith Domhnal Ó Súileabháin Béara agus a shlua an chéad oíche ar a dturas fada annróch óthuaidh go Bréifne Uí Ruairc. Déinean locha beaga den Laoi idir an áit sin agus Ínse Geimhleach. Bítar ag bádóireacht agus ag iascach i Loch a Lua. Sa' dúthaigh sin a chomhnuigh “Art Ó Laoghaire an oinigh,” fear treun a bhí in a oifigeach in arm na h-Austaire. Mhairbh duine den treibh ghallda é; agus dhéin a bhean Eibhlín Dubh Ní Chonaill caoine rí- iongantach do, “Caoine Airt Uí Laoghaire.”
Tá an dán san de ghlanmheabhair ag Gaedhil- geóirí an cheanntair. Lámh leis an nGúgán tá beul, nó gleanntán caol fada — Céim an Fhia' — mar ar buaileadh “cath.” Dhein Máire Bhuidhe Ní Laoghaire, file, árd-amhrán binn fén gcath san: “Cois abhann Ghleanna an Cheuma in Uíbh Laoghaire seadh bhím-se, Mar a dtéighean an fiadh 'san oíche chun síor-chodla sóghail,” &rl. Sráid i gcomhgar na Laoi go bhfuil a lán stair-sheanchuis ag baint léi is eadh Magh Chromtha. Tá cuid de-sin le léigheamh ins na leabhraibh a rinn an t-Athair Peadar Ó Laoghaire .i. “Mo Sceul Féin” agus “Séadna.” Mairid filí fíor-chearta Gaedhilge i Magh Chromtha fós (1922) agus i mBaile Mhúirne agus ar fuid Mhúscraí go léir — ach fóríor ná cuirid lucht stiúrtha an oidis aon spéis i rí-cheárd na bhfilí sin. Cúpla míle laisteas den Laoi atá Ínse Uí Raithile nó an Baile Gallda, agus láimh leis sin atá Beul na mBláth mar ar marbhuigheadh Micheál Ó Coileáin i mí Lúnasa, bliain a 1922. Eisean a bhí mar cheann ar Arm agus ar “Rialtas Sealadach na h-Éireann.” Dhein sé sár-obair chun réim an Airm Ghallda a bhriseadh ó bhliain a 1916 go dtí bliain a 1921 nuair a cuireadh stad le h-éirleach na “Black and Tans.”
Sean-mhainistir an-bhreá is eadh Cill Chré cois na Bríde agus is ann atá uaigh Airt Uí Laoghaire. “An Leac ar chó-fhaid agus ar chó leithiod leis an laoch féin.” Isteach sa' Laoi a ghabhan an Bhríd, ag Inis Cartha. Ar an ínse sin is eadh bhí an campa armála i mbliain a 1600 ag Ó Néill Uladh a bhí an uair sin ag buachtaint ar Ghallaibh. Tá árd-chéim sa talamh aníos ó Chorcaigh go dtí an Bhlárna agus is fén gcnoc (tré tholla mór) a ghabhan an bóthar iarainn an cheud leath-mhíle. Tá eirighe mór ansan .i. troigh ins an trí fichid (1–60) agus ní foláir dhá inneal a bheith fén dtraen aníos go dtí an Bhlárna. Cathair an-áluinn “cois Laoi na slím-bharc” is eadh Corcaigh. Í ann ó aimsir Bharra Naofa. Daoine léire geala-chainnte a muinntir. Iad tugtha do chaitheam-aimsire agus do pholu- itíocht agus do chúrsaí argóna. Le linn na troda ar son na Saoirse (1920-1921) deineadh gníomhara móra i gCorcaigh agus ar gach taobh di. Mhairbh seirbhísigh Shasana an Curtánach Árd- Mhéara i mbliain a 1920. Agus an Suibhneach, Árd-Mhéara eile, fuair sé bás ar son na h-Éireann t'réis troscadh trí lá deug agus trí fichid (73) a dheunamh i bpríosún Brixton Shasana an bhliain chéadna. Tá fás iongantach fé Chorcaigh ó bhliain a 1900, agus tá focal tairingireacht' ann á rádh gurb í Corcaigh a bheidh mar chathair chinn ar Éirinn fós: “I Luimneach bhí, i mBaile Átha Cliath tá, ach i gCorcaigh a bheidh.” Tá samplaí maithe de sna marmaraibh Gaedh-
lacha (ó gach áird) le feicsint i gCorcaigh — ins na hárusaibh seo: Bannc na Mumhan, Teampall mór Barra agus Ceárd-Scoil Cráford. Agus aol-chloch an-bhreá ón gCarraig Mhór (soir ón gcathair) atá i dTigh na Cúirte agus i mBannc na bPinginí. I ngleann bhreá fairsing — gleann áluinn craobhach — atá Corcaigh. Tá árd-drom theas agus árd-drom thuaidh mar theórainn leis an ngleann san — ó Mhagh Chromtha go Cobh, tríocha míle slí. Soir thar bráid an Chalatha a ghabhan an Laoi. Tá duga agus leaba long sa tsráidín sin; agus duga eile anonn ó Bhaile an Mhanaigh (nó Baile h-Abha Nua). Ódheas atá cúrsa na h-abhann t'réis dul thar Cóbh Chorcaighe dhí. Radharc an-aoibhinn do lucht loingeas (a thagan beul a' chuain isteach) is eadh an Chóbh. Sráid nua ar thaobh an chnoic é. Teampal maorga órnáideach go n-a spuaic chaol chúmtha in uachtar an bhaile, agus uisce na faraige agus na Laoi ag bun a' bhaile. An casadh ceudna ódheas athá sa' Laoi ag an gCóbh agus athá san Abha Mhór ag Ceapach Chuinn. Cúpla míle ón gCóbh atá bun Laoi, ag bun a' Táirne, agus áit sáile Cros tSeáin 4 taobh leis. Gabhan Abha na Baoi isteach sa Laoi ag an áit sin. Suas an abha bheag san a ghaibh Drake
aimiréil ó Shasana nuair a bhí sé ar a theice ón Spáinneach (1587). Níor thuig an Spáinneach go bhfeudfadh long cogaidh an abhainnín sin a ghabháil. Tobar a' Bháid an ainm atá ar chuaisín di. Soir ó bhun Laoi, ag Baile an Chuainín tá rian sean-chladaigh le feicsint .i. clár talmhan atá slat níos aoirde 'ná an tráigh. Tá an sórt san le feicsint anso is ansúd ó Rinn an Chairn in Uibh Cinnsealaigh siar go Dún na Seud, i gCairbre. ABHA NA BANNDAN. Tré dhúthaigh Chairbre atá furmhór Chúrsa na Banndan. Tamal ó Dhún Maon-Mhuighe a deineadh an ambuis mhór ar “Black and Tans” Shasana i mbliain a 1920, ag Cill Mhichíl, agus bu mhór an ceanntar catha an uair chéadna Droichead na Banndan agus an dúthaigh timpal air. Lámh le Cionn tSáile athá bun Banndan. Ón lá a briseadh ar Niallach Uladh agus ar arm Gaedhal ansúd, i mbliain a 1602, tá Éire ag fulang catha mar seo nó mar siúd. Feuch sa Bhanndain ag Cionn tSáile an casadh ceudna atá sa Laoi ag an gCóbh agus san Abha Mhór ag Ceapach Chuinn. (Scrúdaigh arís cúrsa na dtrí sruth san, agus feuch na sléibhte atá idir gach dhá abhainn acu. Léigh ainmneacha agus ionad na sléibhte sin, ar an léirscáil.
AN AIDHLE. Ar bruach na h-Aidhleann atá an Sciobairín, áit in ar chomhnaigh an Fíníneach do-chlaoite Diarmuid Ó Donnabháin — “Ó Donnabháin Rosa.” Sa chomhursanacht san a rugadh Seán Ó Coileáin — an file a rinn an dán caointe ar Thigh Molaga: “Oíche dhom go doilig duairc Cois faraige na dtonn dtreun,” agus rl. Dubhairt Dubhghlas de h-Íde, Dochtúir Litríochta, go bhfuil “Machtnamh” san an Choileánaigh chó maith le Gray's Elegy .i. an dán caointe is fearr sa Bheurla. D'imeóchadh ainm an fhile sin a' cuimhne daoine mara mbeadh an obair a dhein oidí Choláiste Chairbre i gCuan Dor. Chuireadar-san leacht ar a uaigh i roilig Mhidhe-Rois agus chuireadar ath-chló ar a chuid dánta. Adtuaidh atá cúrsa na h-Aidhleann, ón gceanntar cheudna in a bhfuil tobar na Banndan. Tá mórán mion-aibhnte ansúd in iarthar Chair- bre: abha Chúm-Sheóla; an Abhainn Bheag; an Abha Mheádhoin; an Mhiathlach; Abhainn Saobh- Nós; Abhainn Átha an Chrainn Duibh; agus an Mhómharach sa' Ghleann Garbh. AN FHLEISC. Abhainn bheag go bhfuil gluaiseacht an-mhear fúithi is eadh An Fhleisc (“atá cnómhar craobhach”); agus i Loch Léin atá a bun. Tá cromleac
ársa ag Lios Uí Bhigín (lámh le Cill-Áirne) i bhfoirm fáinne drua'-chloch. AN LEAMHAIN. Is í “an Leamhain mhall” a bheirean an t-uisce breise amach as Loch Léin agus steach i dTonn Tóime (i mBágh an Daingin) — comhgarach do sráid Chill Orglan. Í mar theórainn le Paróiste na Tuatha — áit n-ar mhair muinntir an rí-scéilín úd “Tadhg Gabha.” Sa pharóiste sin atá Beárna an Chuimín agus Dún Ló — gleanntán craigeach, trí mhíle ar fhaid, a chuirfadh iongna agus aoibhneas ort. (Cuardaigh an léirscáil ar lorg aibhnte eile na gcúig gcúigí ná fuil aon trácht anso orra.) AN MACHAIRE MÓR. I lár na h-Éireann istigh seadh tá an talamh is ísle. Dá bhrí sin, na h-aibhnte atá i lár na h-Éireann tá siad an-mhall 'na ngluais- eacht; agus déinean locha dhíobh anso agus ansúd. NA PORTACHA. Aon áit 'na mbíon na h-aibhnte go mall bíon a lán talamh portaigh ann, agus tá a lán den tsórd san tailimh in Éirinn. Sé rud é portach ná talamh 'na bhfuil mórán lus agus luibhna agus féir 'á lobhadh; agus sé an ainm a tugtar ar an gcré dhóbach ná Móin. Bain- tar an Mhóin sin mar abhar teine agus sé an t-abhar teine is mó atá ag muinntir na tuaithe é.
CANÁLACHA. Tá aibhnte eile (a dhein daoine) ar an dtalamh íseal agus glaodhtar Canálacha orra. Ó Bhaile Átha Cliath siar go Béal Átha na Sluaighe (i gConnachtaibh) a rinneadh an Chanáil Mhór, agus ó Mhóin Almhan ódheas go Baile Átha h-Í mar a dtéighean sí isteach sa Bhearbha. Ó Bhaile Átha Cliath siar-óthuaidh thar Muileann Ceárr (i gCúige Midhe) go Sionna atá an Chanáil Ríoga. Tá ocht gcanáil eile sa tír, ach níl aon cheann acu i gCúige Mumhan. Ainmneacha Abhann. — Tá ainmneacha na n-abhann an-sheannda — cuid acu trí mhíle bliain d'aois, deirtar. Níor mhínigh ollamh ar bith fós dúinn cad is bun le h-ainmneacha mar an Life, an Laoi, an tSiúir, &rl. &rl.
IV. — CINN TÍRE AGUS RINNÍ. I gCúige Uladh — Lastuaidh de Chuan na nGall atá Ceann Eoghain agus lastuaidh de sin atá Cnoc Fola agus Corrán Binne agus Rinn Mhór. Agus is é Rinn Mhálainn an rinn is sia óthuaidh in Éirinn. I dTír Chonaill atá na cinn sin uiligh. Rinn mhór tíre idir Loch Súilighe agus Loch Feabhail is eadh Inis Eoghain agus is ann atá Ceann Ínse Eoghain. Oileán bu dh'eadh Inis Eoghain sin céad bliain ó shin ach líonadh suas an caolas uisce. Idir Loch Feabhail agus Tonn Tuaidhe i ndúthaigh Eoghain atá Rinn Mhag Giollagáin; agus is sa taobh sin atá Clochán na bhFomorach (Feuch leat lch. a II). Ar chósta Dhál Riada atá Beann Gabhar; agus Beann Mhór ón a n-áirimhítar faid na h-Éireann. Soir ón mBágh Ruadh atá Ceann Gearráin. Rinn is eadh Inis Mhic Aoidh atá idir Loch Ollarbha agus Sruth na Maoile. Tá árd-cháil ar a muinntir-sin chun loingseóire- acht agus píolóideacht. Lámh le Loch Laoigh atá an Dubh-Cheann. Lastoir de Loch Cuan i nDál bhFiatach atá an tairbeart mór — Árd Uladh agus insa rinn sin atá an poinnte is fuide soir in Éirinn; Ceann Beara. Tá Rinn Lis (nó Ceann Árd) laisteas de Loch Cuan. Droch-chósta ar fad don loingseóracht is eadh Árd Uladh, agus is mó long a báthadh ann ó am go h-am. Soir ó Bheanna Bóirche agus ó Thonn Rúraighe atá Rinn Eóin. Agus tamal lastuaidh den rinn
sin (ar an Árd Glas i Leith Chathail) atá Caisleán tSeán: daingean atá ann ó aimsir Sheáin an Díomais. É ar an ndul cheudna indiu agus a bhí aimsir an Niallaigh sin — idir chathaoireacha agus leabthacha agus dóirse is eile. An té gur leis é indiu (an Bigearach) is é a rinn an t-ath- ghléasadh sin air. I ndúthaigh Chiannacht na Midhe atá Rinn Dúin Ana agus Ceann Clochair. I gCúige Laighean — Níl mórán ceann i gCúige Laighean ach amháin sa taobh theas de Uibh Cinnsealaigh. Soir ó Áth Cliath atá Beann Éadair agus a rinn fhada tíre. I sean-dhúthaigh Cualann atá An Dún Mór (Ceann Brí) agus Árd an Aodhaire (lámh le Cill Manntán). Ar chósta Uí Cinnsealaigh atá Rinn na Cathaoire agus Rinn a' Chairn; agus 'sé Rinn Dubháin atá mar áit teórann le Loch Dá Chaoch. I gCúige Mumhan — Ins na Déisibh atá Ceann hEilbhic — i bParóiste na Rinne mar a bhfuil ana-choláiste Gaedhilge. Tá an-chuid ceann fan cósta na Mumhan, ó Eóchaill go Tráighlí. I mbeul cuain Eóchaille atá Cnoc a' Dúin; é comhgarach do Bhaile Mhac Códa. Tá cáil ar mhuinntir an cheanntair sin chun léighinn Gaedhilge agus chun filíochta. Agus is ann a chomhnuigh Peadar (Niallach) Ó Crualaoich an fear a dhein troid aonair ar son na h-Éireann i gcoill Chill Cluana lámh le Baile Mhistéala i mbliain a 1867. Marbhuigheadh sa' troid é.
Laisteas de Chionn tSáile atá Dún Cearma. Agus i ndúthaigh Chairbre atáid na cinn tíre seo: Na Seacht gCeanna ar an dtaobh thoir de chuan Chlanna Chaoilte; Dún Déide ar a' dtaobh thoir de Thonn Clíodna agus Ceann Tuatha ar an dtaobh eile dhi idir Bhaile Chaisleáin Chairbre agus Dún na Seud (nó Baile Tighe Móir). Ó Charn Uí Néid a áirimhítar faid na h-Éireann. Tá Ceann Amhlaoibh i Muinntir Bháire idir Chuan Dún Mhaonuis agus Cuan Baoi. I mBéara atá Ceann Priachán agus Ceann Truisc. Tá morán ceann in Uibh Ráthach — Ceann Glas an Uain laisteas de Chathair Domhnal, agus Ceann Bólus atá comhgarach do Sceilg Mhichíl; Brí an ainm atá ar an bpoinnte is sia siar in Oileán Dairbhre, agus lastuaidh den Oileán san atá Ceann Dólus. Dúthaigh in a bhfuil an-chuid rinní agus ceann is eadh Corca Dhuibhne. Tá ann Ceann Sléibhe, gairid don Oileán Tiar (an ríocht bheag fhíor- Ghaedhlach); agus Dún Mór an ceann tíre is sia siar in Éirinn; agus Ceann Sibil atá comhgarach do Dhún an Óir mar ar básuigheadh na Spáinnigh agus na h-Iodálaigh i mbliain a 1580. In iarthar Chorca Dhuibhne, leis, atá Ceann Bréanann. I gCiarraighe Luachra atá Ceann Chiarraighe agus tá inbhear na Sionna idir é agus Ceann Léime i gClár Mumhan. Comhgarach do Cheann Léime atá Cill Bheathach (áit Gaedhilge) agus an
Áirc Bheag istigh sa tséipeul ann. San Áirc sin — bothán adhmaid — a léightí an t-Aifreann ar imeal na trágha nuair a dhún Súipéirí na h-áite an séipeul ar na daoine (1850?). Tá an-chuid faillte árda diana idir Cheann Caillighe agus Rinn Bóirne i gCorcamrua. Ansúd atá Aill Mhór an Mhothair — í sé cheud troigh (600) ós cionn mara. Talamh árd maol craigeach atá sa cheanntar in a bhfuil Rinn Bóirne. I gcúige Connacht. — Tá rinn eile i gConnamara ar a nglaodhtar Ceann Léime, freisin, agus ón ait sin áirimhítar leithiod na h-Éireann. Insa dúthaigh cheudna atá Ceann Imligh. Amuigh in Acail tá ceann árd carraige ar a dtugtar Ceann Acla. Ar thairbeart Iorruis atá Ceann Iorruis agus an tsráid bheag .i. Béal an Mhuírthid, an áit is fuide ó bhóthar iarainn in Éirinn (i mbliain seo a 1922). Tá leath cheud míle Gaedhlach (50) ó stáisiún Bhéal an Átha go dtí an áit sin. Ar an dtaobh thuaidh de sin tá dhá cheann eile — Beann Bhuidhe; agus Dún Pádhraic (i dTír Amhlaighe).
V. — NA h-OILEÁIN. ATÁ TAOBH LE CÚIGE LAIGHEAN. Amach ó thalamh Fine Gall (lastuaidh de Áth Cliath) atá an t-oileán úd Reachra Brea'- Mhuighe mar a raibh mainistir ag bráithre Cholmcille. Ansúd a tháinig na Fionn-Lochlan- naigh i dtír nuair a chreachadar bailte cuain Laighean don cheud-uair (i mbliain a 795). Ar aghaidh Bheann Eudair atá an t-oileán beag ná cómhnuighean aonne air: Inis Mac Neasáin. Tá gasra oileán comhgarach do chósta Uí Cinnsealaigh ar a nglaodhtar “Oileáin a' tSalainn.” Níl a thuile oileán mór fan imeal-bhúird Laighean. TAOBH LE CÚIGE MUMHAN. Tá roinnt oileán istigh i gCuan Chorcaighe mar atá Inis Spíc mar a raibh príosún mór (do Ghaedhlaibh) ag an rialtas Gallda, tráth. I mbliain 1687 dubhairt an file an focal so fé: “In oileán Spíc na mílte i gcarcar ann, Uireasba bídh is dighe is leaba orra,” agus d'oir an focal ceudna i mbliain a 1920! Ansúd a bhí Éamonn Breatnach ag múine' scoile. Scoláire Gaedhilge a rinn filíocht a'
Beurla ab eadh é sin. Tá mianach Gaedhlach ins na h-abhránaibh a dhein sé: “Mo Chraoibhín Cnó” agus “Brídín Bhan Mo Stór” agus “Mo Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.” Briseadh amach as an scoil é toisc lámh a chrotha le Seán Misteul nuair a bhí seisean in a phríosúnach ann i mbliain a 1848. In a chomhgar san atá Inis Creaga an t-árus púdair a bhí ag Sasanaigh; agus is ar Inis Cathail a bhí an duga mór ag cabhlach cogaidh Shasana. Cuid den mhín-tír, beagnach, is eadh Oileán Árda Neimhidh. I Loch Machain ar an Laoi atá. Is ansan a cailleadh Clann Neimhidh den phláig sa tsean-aimsir. (Ainm eile ar an áit sin 'seadh Oileán Mór a' Bharraigh.) Tá oileán beag laistir de sin agus gan ach sruth caol sáile 'dir é agus an mín-tír. Inse Rátha a ainm sin. Áit Ghaedhilge i ndúthaigh Chairbre is eadh Oileán Cléire. Íascaireacht is mó a dhéinid fir an oileáin sin. Téighean bád mótair amach ann (ó Dhún na Seud) cúpla uair sa tseachtain. Ní h-áit ró-fhuar sa gheimhre Oileán Cléire mar chífá toir agus blátha o dhúicíbh síor-ghréine ag fás go flúirseach agus go borb ann — an Siongirlín (Fuchsia Macrostemon) agus an Bhéarónach (Veronica Speciosa). Ar Oileán Cléire a bhí Ciarán Naofa, duine de sna naoimh a raibh an Creideamh acu roim aimsir Phádraig: “Colmán Cluana, Diaglán Déise agus Ciarán Cléire.
Táid na h-ainmneacha baistidhe sin ins na dúichibh ceudna fós, agus tá ainm naoimh eile — “Fachtna” — coitianta i gCléire agus ar fuid Chairbre, fé mar atá “Seanán” i gClár Mumhan, agus “Fionnbarra” cois Laoi. Oileáin atá lamh leis an mín-tír iad so: Inis Orcán, Oileán Uí Dhrisceóil agus Rinn Garróige. Tá suas le fiche mionoileán eile sa chuan cheudna — Cuan Chruacháin. I gCuan Baoi — dosaon míle amach ó Bheanntraighe — atá Oileán Béara, agus ó bhanphrionnsa Spáinneach a h-ainmnigheadh é. Is ann a bhí na h-Éireannaigh a raibh amhras ag Rialtas Sasana orra (agus gur eirigh leó iad a ghabháil) fé ghlas i mbliain a 1920 agus a 1921; agus is ann a chríochnaig An Seabhac an scéilín seó g úd “Jimín Mháire Thaidhg.” Le hais Bheanntraighe atá Faoide agus tháinig cuid den chabhlach Franncach gairid don áit sin i mbliain a 1798. B'é Wolfe Tone a mheall Napoleon Mór chun iaracht a dhéanamh ar son saoirse na h-Éireann ach chuir an stoirm an fán fada ar an loingeas. Thrácht Wellington (namhaid mhór do mhuinntir na h-Éireann) ar an iaracht san agus ar Tone: an fear a bhog Impire na bhFranncach mar sin — “Tone,” ar seisean, “an fear is eagsúla d'ár casadh riamh orm.” Tá tigh soluis agus gleus sceula-gan- srainng ar Charraig Aonair atá timpal deich míle amach ó Charn Uí Néid. Cúpla uair sa mhí a théighean long amach le biadh chun an cheathrair fear a chomhnaighean ann. Níl an
t-oileán san leath cheud slat treasna, an áit is leithne é, agus téighid na tonnta móra de dhruim an tighe soluis (ceud troigh ar aoirde) go minic sa gheimhre'. Sé an t-oileán san an stáisiún sceula loingeas is mó le rádh san Eóraip. Oileán is eadh an chuid is sia siar de dhúthaigh Bhéara agus Baoi Bhéara a ghlaodhtar air. Timpal deich míle soir uaidh-sin atá Dún Baoi áit a raibh caisleán ag Domhnal Mór O Súileabhain Bhéara “an té a raibh an grá mór aige d'á mhuinntir is d'á chine.” Níl ar sceultaibh armála na h-Eórpa aon sceul chó mór fulang agus tréanpháis agus misniúlacht le “Cois-imeacht Uí Shúileabháin Bhéara ó Dhún Baoi go Bréifne.” Amach ó Uibh Ráthach atá an lom-charraig árd san Sceilg Michíl. Bhíodh manaigh ag déanamh a n-anma ar an áit scéirde sin sa tsean-aimsir; agus téighid daoine amach ann ag tabhairt turais um Fhéil Mhichíl. Cuid de Uibh Ráthach is eadh Oileán Dairbhre agus is ann atá ceann tsoir an Chábla Mhóir. Sin é cábla a bheirean sceula idir Éire agus Sasana Nua. An talamh is sia siar i gCorca Dhuibhne ghlaodhtar an tOileán Tiar mar ainm air. Áit Ghaedhilge é ná deaghaidh ach fíor-bheagán de nósa an nua-shaoghail isteach ann fós. Is ann atáid na daoine a bhfuil dlúth-bhaint acu i gcomhnaí le sean-shaoghal Gaedhal. Níor bhailigh Rialtas Sasana aon scilling chíosa — d'aon tsórt — ó mhuinntir an oileáin sin riamh. Duine acu féin is rí orra — An Cathánach. Tá file agus scríbhnóir acu: Ó Criomhthain (1922).
Téighean an sagart amach ann i naomhóg (currach) cúpla Domhnach sa mhí chun Aifreann a léighe. Níl thar ceud duine in a gcomhnaí ar an oileán. Chaith ollaimh léighinn ó thíorthaibh eile teurma ann ag foghluim na Gaedhilge. Orra-san do bhi Carl Marstrander ó Iolscoil Cristiana na Norga. Le h-ais an Oileáin i mbhliain a 1909 do bádhadh Eibhlín Nic Niocaill, óig-bhean uasal léigheanta ó Bhaile Átha Cliath. D'iaraidh cailín óg ón Oileán a shaoradh ó bhás báite a bhí nuair a bádhadh í féin. Bhí sochraid mhór ón Oileán don Daingean (agus as san go Cois Life) agus mná caointe ann ag canadh dánta bróin agus trua' in onóir don mharbh uasal. Tá cúpla oileán beag ar chomhgar an Oileáin Tiar gan aoinne in a chomhnaí orra. An Tiarthacht a ghlaodhtar ar cheann acu-san. LÁMH LE CÚIGE CHONNACHT. I gcuan na Gaillimhe tá an ghasra oileán is mó athá againn: Oileáin Árainne mar atá Inis Mór, Inis Meádhoin, agus Inis Thiar. Tá rian an tsean-shaoghail léigheanta go tiubh ar na h-oileánaibh sin — idir shean-teampail agus sean-mhainistreacha agus sean-tighthe scoile agus eile. Bhí an léigheann faoi réim ansúd (agus ar fuid na h-Éireann le chéile) nuair ná raibh teach ar bith i Lonndain Shasana — agus muinntir Shasana féin ag imtheacht leótha in a bPágánaigh allta. Naomh Éanda a chuir an cheud scoil ar bun in Árainn. Ar nós Cholmcille bu fear óg borb é féin i dtosach a shaoghail. Tháinic sé chuig Inis Meádhoin le mainistir a chur ar bun ann agus
rinn Corbán, ceann cine, iaracht ar é mharbhu. Ach rinn Éanda cainnt leis agus ghéill Corbán chó mór sin gur bhronn sé an áit le chéile ar an naomh. Ar na fearaibh móra léighinn a fuair scoluíocht ó Éanda in Árainn bhí Colmcille féin agus Bréanann máirneulach agus Ciarán Chluain Mhic Nois agus Iarfhlaith Thuama agus Caoimhein Ghlinn Dá Loch agus Cárthach ó Lios Mór na nDéise. Ní h-iongna ar bith gur glaodhadh “Árainn na Naomh” ar an áit, mar tá suas le ceud naomh curtha sa roilig bheag atá ag Cill Éanda. Go dtí gairid ó shin do ghnídís muinntir Árainne gach uile shórt i bhfuirm eudaigh dóibhtha féin. Caithid na fir an “báinín” fós (an chasóg phlainín); agus cótaí glé-dhearga a bhíos ar na mnáibh tighe. Talamh an-chraigeach atá in Árainn agus, dá bhrí sin, is bróga úr-leathair (“úrléir”) — nó “pampútaí” — a chaithid na daoine ach amháin an uair a bhíos obair ramhainne á déanamh acub. Chonnacathas ó am go h-am an radharc ion- gantach úd — an céimaghrá — ó ailltibh Árainne: é de ghnáth i bhfuirb “chathair-fó-thuinn”: Is in Árainn fhoghluim an t-ollamh teangacha úd ón Danmarg — an t-Ollamh Holger Pedersen — is ann fhoghluim sé Gaedhilg. Tá canúint chainnte na n-Árannach chó binn sin gur mhol an t-ollamh an Ghaedhilg thar a gcualaidh sé ariamh: “Is í an Ghaedhilg an teanga is binne ar domhan,” arsa sé.
Tá dhá oileán laisteas de Chonamara ar a dtugtar Garomna agus Leitir Mhór. Áit an-bhocht is eadh an Leitir Mhor agus bhíodh gorta agus éagcruas go h-an-mhinic ann nuair a bhí an rialtas Gallda insa tír seo. Ar Gharomna a mhair Colm a' Bhailís, file. Siar ó Umhall Uí Mháille agus ó Thír Fhiachrach tá mórán oileán agus 'sé Acail an ceann is mó dhíobh-tha agus is é an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann, freisin, é. Tá aillte an-mhóra ann, agus furmhór na talmhan go bocht. Níl ach an cúigiú cuid (1/5) den oileán gur féidir feilméiracht ar bith a dheunamh ann. Tá clochar agus scoil ar an oileán ag mná rialta d'Órd na Toirbheirte. Ar an Sliabh Mór tá mór- chuid bláth-lus ná fásan a leithéidí ach go h-annamh i Roinn na h-Eórpa (“Adelanthus,” “Bazzania,” agus “Marsupella”). Lámh leis-sin tá Acail Bheag. Agus gairid d'á cheile atá na trí h-oileáin seo: Inis Tuirc, Inis Bó Finne agus Inis Airc. Áit mhór iascaireacht is eadh Inis Bó Finne mar tá cuan maith agus calaphort ann, rud is annamh san iarthar sin. Ar oileán Cliara i gCuan Modh a bhí an dún cosanta ag “Gráinne Mhaol.” — ban-laoch de mhuinntir Mháille go n-innstear mórán eachtraí in a taobh. Tá sean-teampal ann go ndeárnadh é dhathú istigh ann i mbliain a 1480 agus is annamh a chítar aon rud i bhfuirm pínteála i sean-teampallaibh. Ar Inis Géidhe a chomhnaigh an ban-naomh sa tsean-aimsir agus ón lá a cailleadh í níor
lonnaigh duine 'ná ainmhidhe ann. Ach tá éan aonair ann, corriasc, agus é insa tsaoghal ó aimsir an naoimh. Ní dhéinean sé caidreamh ar bith le h-eunlaith eile — 'ná ní thigid siad sin in a aice, agus deir na daoine go mbeidh corriasc Inis Géidhe ann go dtí deireadh an tsaoghail. Míle siar ó Iorras tá oileán beag dá ngairmthear Inis Gluaire, agus tráchtar air-sin insa tsean-sceul úd “Oidhe Chlainne Lir.” Roilig ar fad bu dh'eadh an áit sin míle bliain ó shin, agus corp ar bith a cuirtí ann ní thagadh aon mheath air. Anuas ar an bhfód a fágtaí na cuirp. Níl aon bhuadh mar sin ar an oileán anois ach tá an sean-chúnntas sin ag na daoine go fóil. LÁMH LE CÚIGE ULADH. Siar ós na Rosaibh i dTír Chonail tá oileán go dtugtar Árain air, agus lastuaidh de Thír Conail atá Oileán Toraighe agus ar nós Thír Conail fhéin is áit mhór Gaedhilge é. Chan fhuil mórán de nósaibh an nua-shaoghail ar an oileán go fóil. Iascaireacht an tslí bheatha atá ag furmhór na bhfear ann agus tá báid mhaithe mhóra acu. Tá cloigchill, agus fotharacha eile ann. Tá daoine ar an oileán nách raibh ariamh ar an mín-tír (agus mórán daoine ar mhín-tír Thir Chonail nách raibh ariamh ar an oileán). Sceul é seo a innstear i dTuamhain faoi
Oileán Árainn i gConnachtaibh agus faoi Oileán Toraighe (agus mórán eile oileán, b'fhéidir). Iascairí gur imigh a mbád le gaoith agus le mór-fharaige orra, agus i gcionn trí lá agus trí oíche do thángadar gairid d' oileán éigin árd-aille. Do labhair fear ón oileán chúca anuas á fhiafruighe dhíobh ciarbh iad agus cárbh as dóibh. Agus d' fhreagair lucht an bháid: “Daoine bochta ó Éirinn sinn-ne. Caith chugainn a' teud, agus beannacht Dé dhuit.” Mheasadar gur i dtír in America bhíodar! Tamal lastuaidh de Inis Eoghain atá Inis Trá' Thall agus gairid do Dhál Riada atá Oileán Reachrann (nó Reachra Dhál Riada) mar ar chaith An Brúsach, rí Albanach, scathamh d'á shaoghal sul ar thosaigh sé ar Éire do bhaint amach d'á dhearbhráthair. Canúint de Ghaedhilg Alban a labhartar ar Oileán Reachrann (agus ar Oileán Toraighe, fosta).
VI. — NA LOCHA. Is é rud é Loch 'ná roinn uisce go bhfuil talamh ar gach taobh de. Aníos ó thobar (fé'n loch) a thagan an t-uisce — nuair nách uisce ón abhainn é, fé mar atá i lochaibh na Sionna agus na h-Éirne. LOCH N-EACHACH. Loch an-bhreá is eadh Loch nEachach i nDál nAra dhe agus i dTír Eoghain i gCúige Uladh agus tá sé suas le seacht míle treasna an áit is caoile é. (Is mó fé thrí é 'ná Loch Leamhan an loch is mó in Albain — “tír na loch.”) Deir an beul-oideas gurab amhlaidh a scéidh tobar draíochta amach, nuair nár coinnigheadh an clár dúnta air, gur dhéin Loch nEachach. Níl cead iascaigh ag muinntir na trágha ansúd, gan toil tiarnaí gallda. Bhí caibidiol dlí insa chúirt Ghallda fá dtaobh de sin timpal bliain a 1914 ach buadhadh ar na h-iascairíbh. Tá mianach fé leith in uisce Loch n-Eachach a chruadhan rudaí boga. Má fágtar adhmad cúpla bliain san uisce déinean cloch de, adeirtar. Agus ar an gcuma gceudna déinean iarann de chloich má fágtar fada go leór san uisce í. LOCH ÉIRNE. Déinean dhá loch áluinn de abhainn na h-Éirne i ndúthaig bhFear Monach i gCúige Uladh agus tá iarsmaí den tsean-shaoghal uasal ar Dhuibh- Inis lámh le h-Inis Ceithleann. Is ann atá an
chloigchill is buaine agus is breátha in Éirinn. Siar ó Loch Éirne i mBréifne atá Baile Uí Chonaill. Do himirigheadh fóiréigean ar mhuinntir na háite sin sa' Sparainn Pholuití- ochta, 1923. Do marbhuigheadh an Crathach múinteóir Gaedhilge ann. LOCH DEIRG-DHEIRC. Cuid de uisce na Sionna is eadh Loch Deirg- Dheirc ar theóra Urmhumhan. Agus is é an lear uisce is mó sa Mhumhain é, agus neaduighean mórán sórt éin ar a bruachaibh: an Gobadán (Totanus hypoleucus) agus an Circín Trá' (Totanus calidris), &c. LOCH LÉIN. Is geall le tír sidhe an dúthaigh atá timpal ar Chill Áirne, cois Léin-Locha, in Eoghanacht Uí Dhonnchadha. An chuid de Loch Léin atá i gcomhgar “Mhuc-Ros na gcraobh” tá sé go h-áluinn amuigh is amach. I mainistir Mhuc-Rois a cuireadh Eoghan Ruadh Ó Súileabháin file — an té scríobh “Ag taisteal na Blárnan lá is me ag machtnamh.” Oileán ar a raibh mainistir agus scoil léighinn is eadh Inis Faithleann. Dála na loch mór i gConnachtaibh aol-chloch is eadh bruach thoir an locha agus slinn-chloch (nó seann-chloch d'á saghas) is eadh an bruach eile. Tá an bruach aol-cloiche go híseal agus an bruach eile go hárd. Níl aon rud i bhfuirm áilneacht dúthaighe ná fuil le feiscint i gceanntar Locha Léin — sléibhte, oileáin, rosa, coillte, aibhnte, sruth- áin agus easaigh. Agus an Crann Caithne
(Arbutus unedo) ar a mbíd na h-‘ubhla’ cróndearga, tá sé sin go fairsing ann. Bhí an raithineach áluinn úd Raithineach Cilláirne (Trichomanes radicans) le fáil le hais Loch' Léin tráth, ach bhailigh lucht bile 'gus bláth a raibh ann de. Gheibhtar fothphlannda dhe i gcoilltibh Ó bhFeidhlim (i gcomhursanacht Cheatharlaigh) i Laighnaibh fos. Táid na Raithineacha agus na Cúnlaigh go tiubh i ngach gleann sa Mhumhain — go mór mór i nDeasumhain — ach is i gCill Áirne agus sa Ghleann Gharbh is deise iad. Minic a tháinig lucht feuchana dúichí abhaile go mí-shásta ó Loch Leamhan agus ó Ghleann Comhan na h-Alban agus ó bhruachaibh na Sionna ach riamh ní thárla san i dtaobh Locha Léin. Magh gCoiniche na loch is na ngleann cuirean sé áthas croidhe ar an uile dhuine a thugan cuaird air. LOCH MEASCA AGUS LOCH COIRB, &C. Tá dhá loch mhóra i gConnachtaibh agus sruthán faoi thalamh ó cheann acu .i. ó Loch Measc go dtí an ceann eile .i. Loch Coirb. Abhainn bheag (an Choirb) a bheirean an t-uisce breise ódheas go Cuan na Gaillimhe. Idir an dá loch sin atá Conga. Tá órnáid áluinn againn ón seanaimsir — am úd rí-chultúir Gaedhal — agus Cros Conga a glaodhtar uirri. Tá obair euchtach Cheilteach ar an gcrois bh g sin (2½') agus ór agus airgead agus clocha bua in a deuntús. Tá stair-chúntas na croise scríobhtha go mion agus go soiléir (i Laidin)
ar a cliathánaibh. I mbliain a 1123 a rinn Maol Íosa mac Bratáin Mic Aodhgáin í — “do Ó Conchubhair Rí Connacht mar chlúdach do bhlodh de Chrois Cheusta ár dTiarna.” Níl ach casán caol talmhan idir an dá loch atá i dTír Fhiachrach .i. Loch Con agus Loch Cuilinn; agus bheirean an Mhuaidh an t-uisce breise ó Loch Con óthuaidh go Cuan Ch ll Alaidh .i. an cuan in a dtáinig Humbert agus a chuid Franncach i dtír “i mbliain a seacht gceud deug, a hocht is nocha” (1798). LOCHA NA MIDHE. Tá mórán loch i gCúige Midhe agus timpal na loch san atá an talamh is méithe in Éirinn; talamh in a mbíon “feur go glún fir” i gcómhnaí ann — murab ionann agus an talamh fuar ar a mairid Gaedhil Chonnamara agus Dúiche Sheóigheach! Bulláin atá ar thalamh san na Midhe in ionad daoine. Lastuaidh de Mhuileann Cearr atá Loch Uail, mar ar imir Maol Sheachlainn bás báite ar Thuirgéis (nó Torcal) .i. Lochlannach an éirligh. Glas-Uisce glan atá sa loch san mar is toibreacha fior-uisce a chothuighean é, agus i mbun an phoill atháid siad. Lastuaidh de sin atá Loch Dairbhreach agus Loch Síleann. Ar an dtaobh theas de Mhuileann Cearr atá Loch Ainill. Amach a' Loch Iarainn a ghabhan an abhainn bheag — an Eithne — agus bu mhór an dúthaig muilne a dhá bruach san, tráth. Ach áiteana suain do sna cinn cait agus do sna na priachánaibh iseadh na muilne sin anois — agus tá locha na Midhe ag cimeád uisce leis
an Eithne chun ceól caointe a dheunamh don rath atá imithe. Is 'mó áit in Inis Fódhla a dhéinean sruthán an port ceudna caointe. Có-sceul do Ghleann Maghair lámh le Corcaigh agus do dhúthaigh sin Eithne, maidir le muilnibh díomhaoine. Ar theórainn na Midhe atá Loch Saighleann. Agus tá loch de lochaibh na Sionna mar theórainn idir Chúige na Midhe agus Cúige Chonnacht. LOCH DONN. Áit an-áluinn is eadh an gleann úd Gleann Dá Loch mar ar lonnaigh Caoimhein Naofa. Tamal Lastuaidh de sin tá loch an- dheas .i. Loch Donn. É thuas ameasc na gcnoc, mar atá gach Loch eile sa dúthaigh grian-chloiche sin. Agus tá cúpla tráigh gainimhe agus aillte crua-chloiche taobh leis, i dtreó is gur mó sórt talamh-scéimhe ann. (Cuardaigh an léirscáil feuchaint cad iad na locha eile (go mór mór id' chúige fhéin) ná fuil luaithe sa' leabhar so.)
CEARTUIGH, MÁS GÁ. Don mhúinteóir. Is cruinne, ní nách iongna, atá eólas na háite in a mbír agat féin 'ná ag an té scríobh an Tíreóluidhe seo. Aon ní (dála ainm áite nó ainm duine nó seanchus paróiste nó teóra seandúiche) ná fuil cruinn anso ceartuigh chun do thola féin é, led' thoil. Ar nós mórán eile leabhar scoile gheobhair eolas anso istigh atá thar cumas an scoláire, ach feudfir é stiúradh saor ón sórt san nuair is gá leat é. Múin ainmneacha na seandúichi atá ad' thaobh-sa den tír; agus dá ndeinteá léirscáil mhór díobh agus í chur in áirde sa scoil bu mhaith an congnamh é chun Éire a dhéanamh Gaedhlach arís. — S.T.
ROINN A DÓ.
VII. — AN T-AM CLOIG. Roim aimsir an Chogaidh Mhóir d' áirimhítí an t-am cloig in Éirinn chúig nómantaí fichead (25) níos déanaighe 'ná am a' chloig i nGreenwich Shasana. Nuair a bhíodh sé a h-aon a chlog thall (1.0) ní bhíodh sé ach chúig nómantaí fichead chun a h-aon, abhus (12.35). Ach chuir dlí Shasana an clog anso ar aon-bhuille leis an gclog thall agus mar sin atá fós (1922). Dlí eile a cuireadh i bhfeidhm: Am Cloig an tSamhraidh a bheith uair a chloig mear (tapaidh, grod) ar Am Cloig an Gheimhridh. Cuirtar snáthaidí an chloig ar aghaidh (chun cinn) um Bhealtaine agus cuirtar siar arís iad um Meadhon Fómhair. MIOSÚR AN MHÍLE SLÍ. D'réir an tomhais ghallda is eadh a áirimhítar faid an bhóthair ins na bailtí móra anois, ach is d'réir an tomhuis dúchais a déintar amuigh ar an dtuaith é. Fé mar is giorra a chúig go leith (5½) 'ná a seacht (7) is eadh is giorra na míltí gallda 'ná na míltí Gaedhlacha.
VIII. — TLACHT-EÓLAS. NA CARRAIGREACHA. Tá saghas carraige ann ar a dtugtar Carraig “Aqueous” nó Carraig-ó-Uisce. Do dhéin an sórd san carraige den lathaigh agus den draoib a tháinig anuas ó sna sléibhte sa t-sean aimsir. Do chruaidh an lathach san agus tháinig sraith eile agus chruaidh sin agus tháinig sraith eile agus do chruaidh san; agus gach sraith dhe anuas ar an gceann a tháinig roimis. Is minic a chímíd blúiríní de shliogánaibh éisc i lár carraige nó i lár cloiche, agus is leór na sliogáin sin mar chomhartha gur ón muir a tháinig abhar na carraige sin an cheud lá. Is é sampla den Charraig-ó-Uisce is mó a chítar sa tír seo 'ná Cloch Aoil nó Cloch Cailce. Agus bun faraige, tráth, ab' eadh gach áit a bhfuil an sórt san cloiche le fáil ann. Tá saghas eile Charraig-ó-Uisce ann ar a dtugtar an tSean Rua'-Chloch air. Is i lár 'na h-Éireann is mó a chítar an Chloch Aoil agus tá an tSean Rua-Chloch le fáil cois na faraige i gConnachtaibh agus i dTír Chonaill, agus in áiteanaibh sa Mhumhain. Tá saghas eile carraige ann go dtugtar Carraig “Igneous” nó Carraig-ó-Theine air, agus is ó sna seana-steallairí teine — a tháinig an sórt san. Do séideadh an t-abhar carraige aníos tríd an dtalamh in a lionn
leaghte nó “lábha.” Is é is steallaire teine ann: scoilt nó poll ó bhárr na talmhan síos go dtí lár na cruinne, áit atá árd-the ar fad. Níl mórán carraige den tsórd san le feicsint in Éirinn ach amháin sa taobh thoir do chúige Uladh .i. i nDál Riada. Is ansúd atá Clochán na bhFomorach ar a bhfuil cur síos ar leathanach a 11. BUNÚS NA SLÉIBHTE. Ó tá an méid sin ráite againn i dtaobh Cloch-Eólais, ní misde beagán a rádh i dtaobh bunús na sléibhte. Isé an ní ceudna is cúis le sléibhte agus le Carraigeacha-ó-Theine. Do brughadh aníos clúdach na talmhan, mar a deurfá, de bhárr an teasa mhóir a bhí thíos, uair; ach níor bhris an clúdach, ach chuaidh sé in áirde mar sin gur dhéin sléibhte dhe. AN CHRÉ. Isé rud é Cré 'ná na blúiríní a thuiteann anuas de sna carraigeacha ó bhliain go bliain, do bhárr báistighe agus do bhárr seaca; agus meascan an brus sin ar luaithreán na lus agus an fhéir mhairbh go ndéinean Cré dhíobh. CÓRÚ NA nAIBHNTE. An focail a dubhramar i dtaobh deunamh na méise a bheith ar Éirinn ní gá a rádh nách mias cheart é mar dá mb'eadh ní fhéadfadh na h-aibhnte gabháil amach sa' bhfaraige, mar nách féidir le h-uisce dul i gcoinnibh an chnoic. Tá gach
aon abhainn ar domhan ag dul le fánaigh síos, cé gur minic ná ceapfá san. Aimsighean an t-uisce an áit is ísle i gcomh- naí agus sin é 'chuirean an abha ag síor-shiubhal go dtí go n-aimsighean sí an mhuir agus sí an mhuir an áit is ísle. Na h-aibhnte atá i lár na h-Éireann — an Bhóinn agus an Éirne, &c. — ar a slí chun na faraige dhóibh gabhaid siad timpal cnuic anso agus ansúd, agus isteach i ngleann, agus amach ar an dtalamh réidh arís mar a leathaid siad amach go ndéinean locha dhíobh. Ach leanaid siad orra go dtí go sroisid siad an fharaige fá dheóidh. TÚS NA NABHANN. An fhearthainn a thuitean ar aon talamh árd ritheann sí le fánaigh 'na sruthaibh. Ach súghtar a lán de síos sa' chré agus nuair a bhuailean an t-uisce sin le carraig nó le márla buidhe ní féidir leis dul níos sia síos. Cruinnigheann an t-uisce len a chéile ansan agus brúghan sé amach nó fáscan sé aníos tríd an dtalamh arís agus siné rud go dtugtar “Tobar” air, agus is ó thobar den sórd san a thagaid na h-aibhnte, nó a bhfurmhór. THAR N-AIS ARÍS. Má tá an t-uisce go léir ag dul isteach sa bhfaraige i gcómhnaí cad na thaobh ná líonan an fharaige suas? Agus 'dé chúis na scéidhean sí aníos ar an dtalamh agus an talamh go léir a bhádha? Sid é an freagra: Tairingighean teas na gréine a lán den uisce aníos in a ghal do-fheicse. Téighean an ghal san leis an ngaoith
agus imighean sí go h-uachtar na spéire mar a ndéinean léir-ghal di — an sórd ceudna gaile a chímíd ag teacht o'n gciotal nuair a bhíon sé ar fiuchadh; agus den tsórd san, leis, is eadh na scamaill a chímíd in uachtar na spéire. Nuair a fhuaran an scamall thuas déinean fearthainn de agus tuitean an fhearthainn sin ar a' dtalamh arís. Is mar sin a fhágan an t-uisce an fharaige agus mar sin a théighean sé thar n-ais arís. Agus cúrsa é sin a bhíon ar siubhal de ló is d'oíche. Bheadh an talamh lán d'uisce agus ní fhásfadh aon rud mara mbeadh na h-aibhnte. Glanaid na h-aibhnte an t-uisce sin den talamh agus glanaid siad an t-aer. Dá bhrí sin, is mór an bhail ar aon dúthaigh abha a bheith ann. GLEANNTA AGUS BÓITHRE IARAINN. Gach áit in a bhfuil abha mhór ag deunamh a cúrsa chun na faraige tá an talamh ann íseal. Tugtar “Gleann” ar a leithéid sin d'áit nuair a bhíon talamh árd ar gach taobh den sruth; agus “Gleanntán” nuair ná bíon sé ró-leathan — nuair ná bíon sé níos mó na cúpla céad slat treasna, abair. Má bhíon an abha go maith doimhinn bíd loingeas ag obair uirre, ag breith toradh feirme chun an bhaile mhóir agus ag breith earraí ón mbaile mór amach chun na tuaithe. Nuair a déintar bóthar iarainn in aon dúthaigh is cois na h-abhann nó in áit éigin sa ghleann a deintar é. Is fearr an traen chun cúrsaí tráchtala 'ná an long — mar ná coiscean an droch-aimsir chó mór san í agus is mire chun an turais í. Tá suas le ceud bóthar iarainn in Éirinn anois. Iad i ngach cúige. Agus cheithre scór bliain ó shin (1840) ní raibh ach ceann nó dhó
ann, agus iad go gairid. — (An Bóthar iarainn atá idir Chorcaigh agus sráid a' Chalatha cois Laoi, cuir i gcás.) An bóthar mór iarainn ar a dtugtar “Mór- Bhóthar Iarainn an Chinn Teas agus Tiar” (Great Southern and Western Railway) — idir Bhaile Átha Cliath agus an duthaigh atá siar uaidh agus ódheas uaidh — tá gach cóir air sin. Ach tá bóithre iarainn eile ann ná fuil aon deall- ramh leó. An bóthar go mí-réidh, agus an traen go cumhang agus go múchta gan cóir cheart suidhte 'na aon chóir téimhte innte. Ar Mhuirbheach Chualann athá cuid de Bhóthar Iarainn Orthir Laighean (Dublin and South Eastern Railway) déanta. Cladach (nó tráigh mhion-chloch) seacht míle ar fhaid is eadh an Mhuirbheach úd; agus tá talamh curraigh laistiar di go bhfuil mórán lochán éadoimhinn ann. Fásan an-lear den luibh spíneach úd .i. an Cuileann Trágha (Eryngium Maritimum) ar an Muirbhigh, agus mórán den Bharróg Rua' (Glacium flavium), leis. Tá an mhuir ag síor-bhriseadh an bhóthair iarainn sin idir Chill Manntán agus Cill Inghean Leinín. I mí Abráin 1923 do thárla Sciorra Talmhan ar Bhrí Cualann nuair a thuit cúpla céad tonna cloch agus cré anuas ar an mbóthar iarainn. Do casadh agus do bogadh amach na ráilí iarainn agus bu dhóbair don traen a tháinig tríd an dtolla dhá nómant in a dhiaidh san.
Tá bóthar iarainn i gCiarraighe Luachra sa Mhumhain agus “iongna ón sean-aimsir” is eadh é. Aon ráil amháin atá ar an mbóthar san; é cheithre troigh ón dtalamh agus an traen treasna anuas ar an ráil sin, fé mar a bhíon an tsrathair fhada ar an asal. Idir Lios Tuathail agus Baile an Bhuinneánaigh (“Baile Bhunána”) a bhíon an traen sin ag obair, agus bóthar iarainn a dhíolan go maith as féin is eadh é. Lartique, Franncach, a cheap. Feuch ar an léirscáil agus scrúdaigh cúrsa gach bóthar iarainn atá id' Chúige féin. Má bhír ag dul ó bhaile aon uair cuardaigh an léirscáil ar dtúis agus déin liosta de sna bailtí móra in a bhfuil stad traenach. Nuair a bhíon an traen in a stad ag gach stáisiún feuch an bhfeic- feá abha nó sliabh nó loch nó leacht sa chomhursanacht agus faigh amach a ainm agus a shanas. GLEANNTA AGUS TALAMH MÉITH. An talamh íseal nó na dúichí gleann is iad na h-áiteana is méithe sa tír iad. Tá talamh na Midhe an-shaibhir ach ní deintar cur 'ná gnó bólachta ann. Bulláin reamhra a tógtar ann agus go Sasana a cuirtar iad- san uile, cé gur ceart go mbeadh ceannach maith, leis, ar a leithéidí insa bhFrainnc agus sa Ghearmáin. Idir Shiúir agus Sionna sa Mhumhain tá limistéir deagh-thailimh — Machaire Mór na Mumhan, ach dála na Midhe, mairt is mó a tógtar ann. Tá bólacht leis, ann — agus uachtarlann i ngach paróiste (nó bhí go dtí bliain a 1920 nuair a loisc méirligh Shasana, na
“Black and Tans,” na h-uachtarlanna sa Mhumhain, chó maith le tighthe na ndaoine). Go cathair Luimnigh a théighean furmhór thoradh na dúthaighe sin. Is é is bun le saibhreas na talmhan sa Mhachaire sin ná gur mheasc cré na carraige teine agus cré na haolchloiche ar a chéile ann anallód. Tá dhá cheanntar eile sa Mhumhain in a bhfuil talamh maith méith: idir Abha Mhór agus Laoi; agus idir an laoi agus Abha na Banndan. Gleann leathan saibhir é siúd cois Abha an Lagáin i gCúige Uladh: ó Bheul Feirste siar go bun Abha an Lagáin agus as san, siar — go Port a' Dúnáin. Deintar a lán cuire- adóireacht ansan agus tá mórán muileann lín ann. Nuair a loit na Sasanaigh gnó olann- eudaigh na h-Éireann i mbliain a 1699, chuir- eadar gnó an lín-eudaigh ar bun i gCúige Uladh — ameasc na ndaoine a bhí dílis do rí Shasana, agus thugadar gach congnamh dóibh. Ní raibh aon lín-eudach 'á dheunamh i Sasana ach bhí a lán den eudach olna, agus bhí eudach na h-Éireann ag cur isteach an-mhór air sin. Ón uair sin i leith tá gnó an lín-eudaigh ag borradh is ag fás i gCúige Uladh. Deintar mórán feirmeórachta i ngleann an Chlochair i dTír Eoghain. Cuirtar an-chuid prátaí ann, agus i ngach áit eile i gCúige Uladh a bhfuil talamh maith ann. Ní fiú trácht ar feirmeóireacht na bprátaí sa Mhumhain i gcomórtas len a ndeintar i gCúige Uladh dhi. Tá talamh maith cois Siúire i nDéisibh Mumhan, agus isteach go Port Láirge a seóltar na barraí. Dúthaigh ubhal is eadh na Déise, go
mór mór idir Eóchaill agus Ceapach Chuinn. Deintar saghdar (sú-ubhal) i nDún Garbhán. TALAMH PORTAIGH. Ós rud é go bhfuil an talamh go h-íseal lom fliuch i lár na h-Éireann tá talamh móna nó portaigh go flúirseach ann. Fén ithir thíos a bhíon an t-uisce sa phortach. Ní cré in aon chor an ithir sin ach móin .i. fuighlach an fhéir agus na gcrann a bhí ann na mílte bliain ó shin. Nuair a leag stoirm mhór éigin na coillte agus nuair a tháinig an tuile ar na craobhachaibh agus ar an bhfeur do lobhadar (le h-aimsir), agus dhéin móin díobh. Baintar an mhóin agus tiormuítar fén ngréin í agus is í an t-aon abhar teine amháin atá ag furmhor na ndaoine ar an dtuaith í. Tá portacha móra fairsinge ann mar atá: Móin Éile i gCúige Midhe, agus Móin Almhan — ó Chilldara go bruach Sionna. (Cuid de Mhóin Éile is eadh Móin Almhan le ceart.) Táid na bailtí móra so ar theórainn Mhóin Almhan: an Tulach Mór, Port Laighse agus Áth Luain. Tá an-chuid talamh portaigh i dTir Chonaill i gCúige Uladh; agus i Muighe Eó i gCon- nachtaibh; agus i gClár Mumhan — idir Chill Ruis agus an Dún Beag. AN MHÓIN MAR ABHAR PÁIPÉIR AGUS MAR EASAIR DO CHAPALLAIBH. Tá gnó eile den mhóin chó maith le h-abhar teine, mar déintar easair dí i gcóir leaba
chapall agus déintar páipeur rua' dhí, leis. Agus dála an ghuail, is féidir tarra agus criasóid a bhaint as an móin, agus gasa chun soluis. MAR A BAINTAR AN MHÓIN. Fé mar a leagfá falla is eadh baintar an mhóin sa Mhumhain — tosnú ar bharra an phoirt agus é ghearradh anuas in a fhódaibh caola. Ach mar seo a bhaintar í cois Loch n-Eachach i gCúige Uladh: tosnú ar úrlár an phoirt agus bheith 'á ghearradh timpal ort. Fód aonair tanaidhe a bhaint den “úrlár” go léir, sa turas. Agus is dóigh gur mar sin is fusa agus is réidhe é mar is in a srathanaibh (nó in a h-”úrláraibh”) a fhás an mhóin. GUAL AGUS MIANÁIN EILE. Ag brath ar ghual ó Shasana atá Éire agus d'réir gach cúntais ní gá san. Tá mórán mianach guail in Éirinn dá n-oibrítí iad. Baintar gual an-mhaith in Airgne i gcomhgar Locha Ailinne (i mBréifne Uí Ruairc), agus i mBaile an Chaisleáin tamal soir ó Bheann Mhór i nDál Riada (i gCúige Uladh). Agus d'réir tuairim lucht cuardaigh tá gort fairsing guail ar Oileán an Ghuail, lámh le Loch nEachach i dTír Eoghain.
Tá gual-gan-lasair — gual Anthracite 'á bhaint ag Caisleán an Chumair in Osraighe i gCúige Laighean. Gual cruaidh é nách fuiris a adhaint agus, dála na móna, ní bhíon aon lasair uaidh. É an-oiriúnach do mhuilnibh, &rl. Tá áiteana eile fós in a bhfuil gual le baint: i nDúthaigh bhFear Monach in Ultaibh, agus i gceanntar Laighse i Laighnibh, agus i nDúth' Alla sa Mhumhain. Ní raibh aon chabhair le fáil ó aon rialtas go dtí so (1923) chun na mianaigh guail a oibriú sa cheart. Easba córach iompair an ní is mó atá ag cosc na h-oibre. Ní féidir aon mhianach a oibriú gan bóthar iarainn ó bheul an mhianaigh go dtí an baile mór (nó an calaphort) is neasa dho. Mianáin Eile. — Tá cré Bhéal Lice cois Éirne i dTír Chonaill go h-áluinn chun criadóireacht uasal. Déintar áruistí míne búird i mBéilice. Tá cré dho-loiscthe le fáil i dTír Eoghain agus in áiteanaibh eile; í feiliúnach do dheunamh na n-áruistí deilfe. Níl aon easba bun-abhair chun táthán a dheunamh: cré áirithe agus cailc (nó cloch-aoil); agus iad do dhógh ar a chéile. Tá an t-abhar san le fáil in Uibh Cinnsealaigh i gCúige Laighean agus ar Oileán Árda Neimhidh cois Laoi (sa Mhumhain) agus in a lán áiteana nách iad. Ní déintar aon tsórt Gloine in Éirinn anois ach buidéil, cé go bhfuil gainimh mhín — atá oiriúnach do aon tsórt gloine — le fáil i
ndúthaigh Locha n-Eachach i gCúige Uladh, agus ag Cill Barrach láimh le Beann Éadair. Sa' ghleann a bhfuil an Abha Bheag i ndúthaigh Cualann i Laighnibh baintar Copar ann. Agus fuarthas ó am go h-am Airgead agus Stiongc sa' dúthaigh sin; agus Ór ar Chruachán Cinnsealach. Agus do baintí copar sa Mhumhain ar Ros Chill Áirne agus ag Bun Machan na nDéise agus ar an gCluain i mBéara. Tá Cloch Luaidhe le baint ar an dTulaigh i gClár Mumhan; agus ar an Rúscaigh. Tá Iarann d'á bhaint i nGleann Arma i nDál Riada agus tá sé le baint ar an mBaile Árd laisteas de Chill Manntáin i gCuala. Tá talamh cloch-iarainn ag an nDíseart le hais Phort Laoighse agus bhí sé 'á shaothrú go maith trí cheud bliain ó shin. Go dtí a bhfuil le fíor-dhéanaighe bhí iarann dá bhaint ar bruachaibh Locha Gamhna. Tá Ailimín — miotal aneud- trom i gcóir na n-aerlong — tá sé le fáil ag Latharna agus in a lán áit eile i gCúige Uladh. Níl aon tobar Íle in Éirinn, agus ní déintar aon tsórt ola ann ach beagán den ola ros-lín. Thar lear a thagan gach ola agus gach íle eile: fíor-ola, pairimh-íle, casar-ola agus ola phailme. [Focal nua gach ceann acu-san. Agus brí nua ann le h-ola agus le h-íle: “Ola” = an saghas tiubh; “íle” = an saghas tanaidhe (S. T.).]
Do deintí Maighnéis (as cloch-aoil agus sáile) ar Inse Rátha, cois Laoi. Talamh na h-Éireann. — tá suas le dosaon milleón go leith d'acraí Gaedhlacha (12,500,000) sa tír le chéile. I mbliain a 1921 bhí suas le sé milleón acra (6,000,000) de sin ag tabhairt Féir Ghlais. Bhí tuairim trí mhilleón acra (3,000,000) fé bharraí agus leath an oiread san féin (½) fé “Feur Tirm”; agus a cheathrú (¼) fé Choirce, agus leath an oiread san arís (1/8) fé Phrátaí .i. tuairim a trí ceud go leith míle (350,000) acra prátaí. Is beag den tír atá fé choilltibh nó fé fás- choillte; tuairim naoi scór míle acra (180,000). Tá mór-chuid de thalamh na h-Éireann gan tairbhe mar tá timpal milleón go leith acra fé uisce nó fé gharbh-chnocaibh. Ach b'fhuiris don rialtas a fhurmhór san a dheunamh torthúil .i. coillte do chur ar na cnocaibh; agus na bogacha is na curraithe do thiormú beagán agus crainn do chur ionnta. Talamh bocht a bhíon de ghnáth mar a mbíon an tSean Rua- Chloch Ghainimhe.
IX. — LÍON NA NDAOINE. I mbliain a 1841 — dachad bliain tar éis deunamh an Ceangail le Sasana .i. “The Union” bhí ós cionn ocht milleón duine (8,000,000) in Éirinn, agus indiu — 1923 (ceud is fiche bliain t'réis a cheangail sin) níl ach cheithre milleón go leith (4,500,000) ann. Is leór san mar chomhartha ar an meath a tháinig ar Éirinn de dheascaibh an Cheangail úd. Fuair breis agus dhá mhilleón duine (2,000,000) bás “in aimsir a' ghorta” (1846-1848) mar bhí cead ag lucht tráchtalá gach rud i bhfuirm bídh a sheóladh amach as an dtír. Do seóladh an-chuid arbhair amach as Éirinn i mbliain a 1848 agus daoine ag fáil bháis in a míltibh ar thaobh a' bhóthair le h-ocras. B'fhiú seacht milleón deug púnt (£17,000,000) an méid arbhair a seóladh amach as an ndúthaigh an bhliain sin. Dá mbeadh rialtas d'á gcuid féinig ag Éireannachaibh an uair sin ní ceadóchaí é sin. Scannra go brách bu dh' eadh an Gorta úd. D'ith na daoine an feur glas agus gach sórt bídh dá ghairbhe. Chuir san glas-chroiceann orra agus d'at na féithleóga ionnta. Minic a fuarthas daoine (i gConnachtaibh agus i gCair- bre, &rl.) sínte marbh ar thaobh an bhóthair agus a mbeul lán den bhfeur glas. Agus aithreacha clainne, is minic dfágadar a leanbhaí sa roilig gan cur mar bhídís féin ro-lag chun uaigh a dheunamh dóibh. Do lean duairceas agus lag-spridí ar mhuinntir na h-Éireann ar feadh leath cheud bliain d'éis an Ghorta san.
LÍON DAOINE AN DÁ THÍR. Is mar seo a bhí an scéal ag Éire agus ag Sasana i dtaobh daoine: I mbliain a 1841 — Ocht milleón duine in Éirinn (8,000,000) — agus a sé milleón deug i Sasana (16,000,000). I mbliain a 1921 — Cheithre milleón go leith in Éirinn (4,500,000) agus dachad milleón i Sasana (40,000,000). Is léir ó sna figiúirí sin go mbeadh fiche milleón duine (20,000,000) in Éirinn indiu in ionad a cheithre milleón go leith (4,500,000) — dá ndeineadh Éire an dul-chun-cinn ceudna agus a rinn Sasana. Agus is áirithe go ndeunfadh muna mbeadh an Ceangal úd agus an smacht iasachta. POIBLÍOCHT NA GCATHRACH. Sid é líon na ndaoine atá ins na bailtí móra: I mBaile Átha Cliath tá timpal a cheithre ceud míle duine (400,000); agus tuairim an oiread ceudna i mBeul Feirsde. Tá suas le ceud míle duine i gCathair Chorcaighe (100,000). I Luimneach tá tuairim a dachad míle (40,000) agus geall leis an méid ceudna i nDoire Cholumcille. Suas le deich míle fichead duine (30,000) atá i bPortláirge; agus i nDún Laoghaire tá timpal fiche míle (20,000). Maidir le h-áireamh daoine tá Baile Átha
Cliath ceithre h-uaire níos líonmhaire 'ná Cor- caigh (4 x 1); agus tá sé suas le deich n-uaire níos mó 'ná Luimneach agus 'ná Doire Cholm- cille (10 x 1); agus fiche uair níos mó 'ná Dún Laoghaire (20 x 1). (Inneósaidh do mhúinteoir duit cad é líon na ndaoine ins na bailtí móra is giorra dhod' áit chomhnaithe féin.)
X. — TRÁCHTÁIL AGUS ÉCONOMICE. Tá tráchtáil agus gnó na hÉireann ar dhroch- staid mar tagan earraí isteach gur cheart go mbeidís 'á ndéanamh sa tír seo. I mbliain a 1921 tháinig luach a chúig mhilleón púnt de bhróga agus de bhuataisí (£5,000,000) agus luach a sé milleón púnt (£6,000,000) de eudach agus de chulaithibh eudaigh agus luach a naoi milleón púnt de phlúr (£9,000,000); agus luach a dhá mhilleón go leith púnt (£2,500,000) idir thobac agus mílseán. Agus mar sin féin is í Éire an chéad tír a cheap Earra-Chomhartha Náisiúnta dhi féin. EARRA-CHÓMHARTHA NA HÉIREANN. Díolaid feirmeóirí na hÉireann tuairim luach a chúig milleón púnt (£5,000,000) de bhagún mhaith mhilis le Sasana gach bliain ach ceannuighid muinntir na hÉireann luach a trí milleón púnt (£3,000,000) de bhagún bhog
mhí-bhlasta ó America! Is léir uaidh sin go n-oirfadh scoluíocht i gcúrsaí Tráchtála agus Économice d'ár muinntir. Ar Éirinn is mó atá Sasanaigh ag brath i gcóir margadh do earraí Shasana. Ní bheadh Sasana chó saibhir sin in aon chor mara mbeadh go gceannuighid muinntir na hÉireann oiread san d'á deuntúisí uaithe. Bhí an focal so síos ar chúntas a chuir Rialtas Shasana amach i mbliain a 1920: “Is í Éire an customéir is fearr atá ag an mBreat- ain Mhór. Is mó (de earraí) a cheannuighean Éire ón mBreatain 'ná mar a cheannuighean Stáit America 'ná an India Mhór féin.”
XI. — NA BAILTÍ MÓRA. Do tráchtadh ar chuid díobh-so cheana. Feach leat cúrsa na n-abhann, agus na sráideana atá taobh leó. I GCÚIGE LAIGHEAN AGUS I GCÚIGE MIDHE. Baile Átha Cliath — Cathair atá ag fás in agha' na bliana is eadh Baile Átha Cliath — cathair chinn na h-Éireann. Is é teóra a bhí tráth le h-Áth Cliath 'ná “é idir dhroichid an dá chanáil,” ach tá leath-dhosaon sráidbhailte ag gabhail le Baile Átha Cliath anois agus orra-san tá Drom Connrach, Glas Noidhean, Cill Maighneann agus Cluain Tarbh; agus is maith an dóigh go mbeidh Ráth Maoinis, an Ráth gCearr, Tor Fhionnabhair, Pembroc, an “Dubh- Charraig” agus Dún Laoghaire i gcuibhreann na Cathrach fós. Baile cuain is eadh Dún Laoghaire; é in a stad-phort don loingeas a bhíon anonn is anall idir Éire agus Caer Gybí na Breat- aine Bige. Ar Chluain Tarbh a briseadh ar arm mhór na nDanar, Aoine an Cheusta, bliain a 1014; agus briseadh ab eadh é sin ar mhór-neart náisiún na Lochlannach ar fuid na h-Eórpa. Sa chath san a marbhuigheadh Brian Árd-Rí, agus Murcha a mhac, agus Toirealach a mhac-san. Ní raibh ach sráid bheag, tráth, san áit a bhfuil cathair mhór Bhaile Átha Cliath anois. Isé an cuan breá fairsing a dhein cathair den
tsráidín úd. Níl aon áit eile chó h-oiriúnach don tráchtail mhór atá ar siubhal idir Éire agus Alba; agus idir Éire agus Sasana 'is an Bhreatain Bheag. (É dála Chóbh Chorcaighe agus an tráchtáil Americánach.) I mBaile Átha Chliath a deintar an Poiplín is uaisle amuigh. Eudach a bhfuil olann (nó cadás) agus síoda ann é sin. Agus tá gnó euchtach mór ar bun ag cualucht Mhic Aonghusa (“Guin- ness”) ag déanamh beórach. Níl teannphórtar ar bith chó mór teist le deuntús Mhic Aon- ghusa. (Deirtar go bhfuil buadh fé leith san uisce ar a ndeintar é.) Tá árd cháil ar na brioscái a déintar i mBaile Átha Cliath agus tá ceannach mór orra thar lear. Cuirtar cóir mhaith neamh-choitianta ar an lucht oibre i ndeuntúsachán mór na mbrioscaí, cois Life. San Eóraip le chéile níl aon radharc i bhfuirm aonaigh chó breá le Teasbánadh Capall Átha Cliath a comórtar uair sa bhliain. Bíd na mílte duine ann — daoine saibhre uasal-eudaigh — agus na capaill is fearr foluíocht ar domhan. Is beag má tá sráid in aon chathair san Eóraip chó fairsing le Sráid Ó Conaill i mBaile Átha Cliath. A lán íomhána fan na sráide — deilbh daoine a rinn tairbhe (nó a bhuaidh clú) d'á ndúthaigh. Ó Foghlú úd, dealbhóir cruthanta, is é rinn cuid desna h-íomhánaibh sin. Loisceadh cuid desna tighthibh bu bhreátha sa tsráid sin i gcogadh na Saoirse
i mbliain a 1916 agus sa' Sparainn Pholui- tíochta i mbliain a 1922 — an uair a leagadh Cathal Brugha, fear a dhein eucht oibre ar son na Gaedhilge agus náisiúntais Gaedhal. Bhí sé sin agus Mícheál Ó Coileáin ar na daoine bu dhéine agus bu leanúnaighe a dhein iaracht i gcoinnibh comhacht Gall idir bhliain a 1916 agus bliain a 1921. Fóiríor gur i gcoinnibh a chéile bhíodar i mbliain a 1922 — nuair a thárla an Sparainn Pholuitíochta. Tá páirc mhór phoiblí ann — Páirc Fionn- Uisce agus níl a sárú insan Eóraip, adeirtar. Cé gur breá go léir na tighthe poiblí agus na h-oifigí gnótha atá i mBaile Átha Cliath is ann atáid na tighthe lóistín is doirche agus is gráinne in Éirinn. Tá tighthe ag daoine bochta i mBaile Átha Cliath (1923) agus is scannra le haindhise agus le mí-chúmpórd iad. Deintar mór-chuid garraíochta mór-thimpal Bhaile Átha Cliath. Tá garraithe beaga go tiubh ann; cabáiste agus inniúin agus mór-chuid eile glasairí ag fás ionnta. Is tairbhighe go mór an sórt san i gcomhursanacht Cathrach 'ná feirmeóracht. Cuirtar an-chuid eórnan i gCúige Laighean, mar áit mhaith chun a díolta is eadh Baile Átha Cliath toisc an méid leanna agus uisce beatha a déintar ann. Ní cathair mhór í chun deuntúisí i gcomórtas le Beul Feirste, ach is gile agus is áilne go mór í 'ná Beul Feirste. (Sin é focal, leis, adeirid Albanaigh fé Dhún Éideann i gcompráid le Glaschu). Tá roilig i nGlas Noidhean agus is ann atá
furmhór ceann pobail na hÉireann curtha. Orra-san tá Art Ó Gríofa, fear teagaisc sa' Náisiúntas, an té cheap “Sinn Féin” mar shlí chun comhacht gall a bhrise' in Éirinn. Do ghoill ar a shláinte i mbliain a 1922, le linn na Sparainne Poluitíochta, agus fuair sé bás de bhriseadh croidhe. Amach a' Baile Átha Cliath a ghabhaid na bóithre iarainn chun gach áird sa' tír. Agus feuch mar a ghabhan an dá bhóthar úd atá idir Uibh Chinnsealaigh agus Dál Riada — iad an-chomhgarach don mhuir chun talamh árd agus sléibhte a sheachaint. Agus istigh i lár na dúthaighe atá an bóthar mór iarainn chun na Mumhan, mar is ansúd atá an talamh is réidhe agus is ísle. Iascach scadán an saghas is mó a deintar timpal Bhinn Éadair. Níl sárú scadán Chuain Átha Cliath i bhfaraigí an domhain. Dhá mhíle go leith tonna de scadánaibh a gabhadh sa Chuan, i mbliain a 1916. Long-stad ab eadh Beann Éadair tráth ach do líon cuid den chuan de ghairbhéal ón muir. Is é Dún Laoghaire an long-stad anois. Cill Chainnigh — Cois na Feórach in Osraighe atá Cill Chainnigh agus ó Naomh Cainneach a ainmnigheadh í. Airimhítar in a cathair í, toisc gur suidhe easboig i, agus gurbh áit chun cruinnithe i gcúrsaí stáit í sa tsean-aimsir. Tá cloigchill ann agus sean-tighthe Eaglaise. Agus gach rud i bhfuirm breáthacht dúithe tá sé le feicsint in a comhursanacht. Chuir Otway Cuffe fear saothraithe tionnscail agus Gaedhilge (ná mairean) chuir sé muileann éadaigh agus deunamh troscáin ar bun ann.
An marmar dubh a baintar i gCill Chiannigh tá riabha den charbón ann agus sraitheana geala de shliogánaibh éisc measctha tríd. Marmhar so-shnasta buan é. (Feuch leathanach a 39, “Cill Chainnigh.”) Seacht míle laisteas de Bhaile Mhic Anndáin in Osraighe, tá cromleac sheannda — “cloch mhór anuas ar thrí chloch” — ar a dtugtar Leac an Scáil. Laoch (scál) éigin athá adhlacta ann. Comhgarach do Bhaile Mhic Anndáin atá an tsean-mhainistir úd Mainistir Sheiriopúin (1160) in a bhfuil obair an-órnáideach ar fad. Droichead Átha. — Baile cuain ag bun Bóinne is eadh Droichead Átha. Do dhein saighdiúirí Chromail marbhú déistineach ann ar leanbhaí agus ar mhná i mbliain a 1649 nuair a thugadar bás le claidheamh do sna míltibh duine. I nDroichead Átha a rialaigh an sagart naofa — an t-Athair Olibhéir Pluinceud, Árd-Easbog Éireann. Chuir na Sasanaigh chun báis sa' chroich é ag Tyburn i Lonndain Shasana i mbliain a 1681. Dfhógair an Eaglais in a bheannaithe le deunaighe é (1921). Tá a cheann beannaithe i “dTeampal Cuimhne Olibhéir Pluinceud” i nDroichead Átha. Lámh le Droichead Átha atá Mainistir Buithe mar a bhfuil cros mhór ársa agus í go hórnáideach. Deirtar gurb í cros is fearr ar sheanchrosliagaibh Éireann í, agus is mór an focal é sin. (Féach leat lch. a 35, “Droichead Átha.”)
Port Laighse. — Ar imeal Mhóin Almhan i ndúthaigh Laighse i Laighnibh atá Port Laighse. Dhá mhíle lasmuigh dhé a bhí an mhainistir agus an scoil ag Aonghus (fear naofa léigh- eanta) ar a dtugtí Céile Dé. Rinn seisean mór-chuid scríbhnóireachta, agus níl liodán naomh i dteangain ar bith níos críochnúla 'ná “Féilire Aonghusa.” Dísirt Aonghusa ainm na h-áite in a bhfuil fothraigh na dtighthe eag- laise a thóg Aonghus Naofa um bhliain a 800 a.d. Géisill. — In Uibh Failghe a thug Maighriad (bean chéile Uí Chonchubhair) an feusta mór i mbliain a 1450. Lucht léighinn agus lucht ceóil na hÉireann agus na hAlban a bhí ann. Dhá mhíle a seacht gceud duine (2,700) a bhí ar an gceud fhleidh ag Cill Achaidh Dromafada (láimh le Géisill) soir ón dTulach Mór. Agus tuair- im an oiread céadna a bhí ar an dtarna fleidh ag an Ráth Daingean (Lastuaidh de Chill Dara). Agus bhronn sí leabhar nó órnáid nó eile ar gach duine ar dhul abhaile dhó; agus chuir Mac Aodhgáin seanchuidhe Ua bhFailghe ainm gach aonne acu sa leabhar innste. Um an dtráth úd iseadh bhí na cogaí móra i Sasana — Eirighe amach Jack Cade agus The War of the Roses. Churrach Chilldara — Tá suas le cheithre mhíle acra Gaedhlach sa Churrach san agus áit chun mór-chruinnithe ab eadh é riamh, mar is fuiris teacht ann ó gach taobh. Níl aon achrann slí ann. I dteannta ainm Bhríde — Muire na nGaedhal.
— gabhan ainm mhór eile le stair na háite .i. Lorcan Ó Tuathail (den sliocht ríoga) dob' árd-easbog ar Áth Cliath Laighean. Thall i Normain na Fraingce a cailleadh é sin (1180) agus do fógraigheadh in a Naomh é leath cheud bliain dá éis sin. Magh Nuadhat. — Is ansan atá an Coláiste mór in a múintar na mic léighinn i gcóir na h-Eaglaise in Éirinn. Sa choláiste sin a thosnaigh an t-Athair Eoghan Ó Gramhna ar a shaothar mhór ar son teangan so na h-Éireann. Eisean a chuir “Leabhair Uí Ghramhna” le chéile chun cabhrú le daoine a bheadh d'iaraidh Gaedhilg a fhoghluim sa' bhaile. Ceannuidhe i gCorcaigh a chabhraig leis i gcúrsaí airgid na clódóireacht. Bhris ar a shláinte de dheasca na h-oibre móire a rinn sé ar son na Gaedhilge. B'éigean dó dul go Los Angeles America ar lorg na sláinte, ach níor bhronn Dia arís air í. Cailleadh ann é i mbliain a 1903 agus tugadh a chorp abhaile go h-Éirinn; agus bhuaidh an tsochraid le méid is le taidhse ar aon tsochraid a bhí riamh in Éirinn roimis sin agus sochraid mhór “Terence Bellew MacManus” a chur san áireamh. Bhí faid cheithre míle innte. Dubhairt an t-Athair Peadar Ó Laoghaire an focal so, lá na sochraide: “Nuair a chuimhnigh an t-Athair Eoghan ar an obair a dheunamh agus nuair a thug sé aghaidh uirre thug sé aghaidh ar rud a bhainfadh stad as aon fhear eile ach as féin.” I roilig an Choláiste i Magh Nuadhat atá uaigh an Athar Eoghan Ó Gramhna. Baile na Laogh. — Sráid bheag atá laisteas de Loch Gamhna i gCúige Midhe is eadh Baile
na Laoigh agus is ann a deineadh an cheud iaracht ar éirleach na Black and Tans a chosc (i mbliain a 1920) nuair a thángadar isteach ann ag creachadh agus ag loscadh na háite. Muileann Cearr. — Lastuaidh de Mhuileann Cearr i gCúige Midhe atá Loch Uail. Bás báite a imrigheadh ar Lochlannach úd an éirligh .i. Turgéis (nó Torcal) agus is i Loch Uail a bádhadh é. I GCÚIGE ULADH. Beul Feirsde. — Dála bailtí móra America dfhás cathair Bheul Feirste an-mhear. Ní raibh aon trácht uirre, mar chathair 'ná mar áit ghnótha, tá ceud go leith bliain ó shin ann (a.d. 1770), agus bu mhór le rádh é Baile Átha Cliath an uair sin. An dá ghnó úd — deunamh na Long agus deunamh an Lín-eudaigh a dhein cathair mhór shaibhir de Bheul Feirste. Áit an-mhaith don tógáil loingeas is eadh é mar tá an cuan go fairsing agus gach bruach de feiliúnach mar leaba long nó duga. I mBeul Feirste a deineadh gach long mhór Athlantach atá ag an gcomplucht loingeas úd — “The White Star Line.” Tá breis is deich míle fichead duine (30,000) ag obair i ndugana long Bheul Feirste gach lá. Is aisdeach é le h-ínnsint ná fuil an bun- mhianach chun aon ghnó acu-san le fáil ar thalamh Uladh — mar is ó Shasana a thagan an t-iarann agus an gual le h-aghaidh na h-oibre; agus ón Rúis a gheibhid deuntóirí an lín-eudaigh
leath a gcuid bunaigh .i. an líon garbh as a ndéintar “lín-eudach Bheul Feirste” an lín-eudach is fearr agus is gile ar domhan. An saghas uisce atá i gCúige Uladh agus an ghaoth bhog fhliuch a dhéinean an lín-eudach chó geal san. Tá suas len a deich is trí fichid míle duine (70,000) ag obair ar an líon agus ar an lín-eudach i mbailtí móra Chúige Uladh agus is í cathair Bheul Feirste an muileann mór ar fad. An muileann deunta teudán agus córda is mó ar domhan, is i mBeul Feirste atá, agus tá an focal ceudna le rádh fén ndeun- túsachán tobac athá ann. An mhí-shláinte a leanan gnó na ndeuntúsachán mór i ngach tír, tá sí-sin go soiléir ar mhuinntir Bheul Feirste, leis. Tír feirmeórachta agus duthaigh muilne beaga is eadh an chuid eile de thír na h-Éireann agus is sláintiúla agus is aoibhne go mór an saghas san 'ná an brú' agus an fothram agus an dian- obair a déintar de ló agus d'oíche i gcathair chinn Chúige Uladh — cathair na ndeuntúsachán mór. Tá teach an-bhreá poiblidhe ann “Halla na Cathrach.” Ní cathair chun breáthacht radhairc Beul Feirste ach tá bailtí beaga in a comhursanacht agus iad ar áilneacht — mar atá: Domhnach Diagh agus Ceann Bán agus an Caisleán Nua. Agus Beannachar — áit a raibh scoil mhór agus mainistir ag Comhgall (um bhliain a 500) agus suas le míle scoláire Eaglaise ann aige. I mBeul Feirste a chomhnaigh an tAthair Domhnal Ó Tuathail (ná mairean). Eisean a
rinn athrú mór fónta ar mhúinteóracht na Gaedhilge (1914); chó mór d'athrú agus a dhein an t-Athair Peadar Ó Laoghaire i dtaobh na scribhnóireachta. Den Eaglais Ghallda trí ceathrúna (¾) de mhuinntir Bheul Feirste, agus an-dhubh acu chun na gCaitilicí. Táid siad riamh ag ruagairt na gCaitilicí as an gcathair — go mór mór le fiche bliain anuas. (Feuch leat leathanach a 35, “Beul Feirste.” Dún Dealgan. — Ó aimsir Chúchlainn anuas tá trácht ar Dhún Dealgan (in Ultaibh). Baile cuain é in a ndéintar beóir agus clódóireacht; agus oibreacha móra do lucht an bhóthair iarainn. Tá trí sráideana in Éirinn agus deirtar go bhfuilid siad ag dul chun cinn go tiubh: “Baile Meádhonach, Dún Dealgan agus Tráigh Lí.” Bhí Dún Dealgan riamh in a áit gnóta agus tráchtála, toisc é bheith cois cuain agus ag bun na gcnoc. Agus is uaidh amach a ghabhaid na cheithre bealaighe agus na trí bóithre iarainn óthuaidh chun dúichí móra Uladh. Ar an bhFachart, lámh de Dún Dealgan, a thuit An Brúsach, Gaedhal Albanach, i mbliain a 1318 nuair a bhí sé d'iaraidh bheith in a rí ar Éirinn. (Feach lch. 22, “Dún Dealgan.”) Baile Meádhonach agus Lios na gCearr- bhach. — I nDál nAraidhe atá Baile Meádhonach — áit atá ag borradh go tiubh, agus ar nós na gceudta eile sráid i gCúige Uladh tá
an-chuid líneudaigh 'á dheunamh ann. Cois abha an Lagáin sa' duthaigh cheudna atá Lios na gCearrbhach áit a bhfuil deuntús an líneudaigh ar bun go daingean ann. Árd Macha. — In Árd Macha in Oirghialla a chomhnaighean Ceann na h-Eaglaise in Éirinn. Cathair chinn na h-Éireann i gcúrsaí eaglaise Árd Macha (ar nós Bhaile Átha Cliath i gcúrsaí stáit agus stair-sheanchuis). Pádraig Naofa féin a dhein cathair chinn de Árd Macha. Tá dhá theampal bhreátha ann. Tá tigh spéir-eólais ann, mar atá i mBiorra in Éile Uí Chearbhaill. Sa chomharsanacht san a bhí an Eamhain — pálás an rí — in aimsir Chúchulainn agus le linn na Craoibhe Ruaidhe. Is in Árd Macha a chríoch- naigh Ferdomhnach an leabhar áluinn úd — “Leabhar Árd Macha” (um bhliain a 807). Tá scríbhinn an leabhair sin agus scríbhinn “Leabh- air Cheannanuis” an-áluinn ar fad. Marmar rua' atá mar leacacha sráide in Árd Macha mar tá sé go flúirseach sa chomh- ursanacht san. Doire Cholmcille. — Nuair a bhí Seumus Stíobhart d'iaraidh dul i gcoróinn i Sasana bhí Caitilicí na h-Éireann ag cabhrú leis agus bhí Protastúnaigh na h-Éireann ar thaobh Uilliam, rí Shasana. Thug arm an Stíobhairt fé chathair Dhoire (i mbliaina 1688) ach chosain George Walker (cléireach den Eaglais ghallda) agus na príntísigh oibre an áit ar feadh chúig lá agus ceud (105) nuair dob éigean d'arm an Stíobhairt eirighe as an ionnsuidhe, agus muinntir Dhoire i ndeire an anama acu le
gorta agus gach saghas annró. Bhí muinntir sin Dhoire go cróga fuilingeach, gan aon agó. Deuntús léinte an gnó is mó atá ar bun i nDoire. Tá tógáil loingeas agus súdair- eacht (leasú leathair) ar siubhal ann, leis. (Feuch leat lch. a 33, “An Feabhal.”) Ar Mhagh Bhile in Inis Eoghain a chomhnaigh Finín Naofa: duine de Dhál bhFiatach, síol ríoga. Eisean a scríobh an leabhar úd gur dhein Colmcille cóib gan chead de agus gur thárla cogadh mór d'á dheascaibh. Go Magh Bhile a ghlaodhaid an loingeas mór ó Chanada. Iubhar Cinn Trágha. — Cois na Cáir-Linne atá Iubhar Cinn Tragha agus is ann a rugadh agus a tógadh Seán Misteul scríbhnóir misniúil uasal a sheasaimh le ceart na hÉireann agus d'fhuiling pionós agus díbirt mar gheall air. Tá coireul grian-chloiche sa cheanntar san. Tá ard-éiliomh ar an saghas san cloiche chun tighthe poiblí agus chun teampal; agus chun crua-bhóithre a dheunamh. Grian-chloch ón Iubhar atá i dTeampal Cuimhne an Chonallaigh i gCathair Saidhbhín in Uibh Ráthach; agus in Árd-Teampall an Chóibh, cois Laoi; in Eaglais Caoimhein agus i dTeampal Naomh Ióseph i mBaile Átha Cliath. Dún Pádraig. — Áit chluthair cois Loch Cuan is eadh Dún Pádraig. Is ann atá tuama Phádraig Naofa. Agus comhgarach don áit sin atá Sabhal mar ar chraobhscaoil Pádraig an Creideamh ar dtúis, agus 'sé cheud áit é
in ar thóg sé teampal chun glóire Dé. Is ionann Sabhal agus “scioból” mar do bhronn Dichú, ceann cine, scioból ar Phádraig i gcóir teampail. I nDún Geanainn i dTír Eoghain a bhí dún agus áit chomhnaithe gach rí a bhí riamh ar Uibh Néill Uladh. Den chine sin ab eadh Aodh, agus Seán an Díomais agus Eoghan Rua. Is ann, leis, a bhí cruinniú mór na nÓglach i mí Feabhra a 1782 nuair a chuir Énrí Mac Grathain (agus Protastúnaigh saibhre Uladh) chun ceart a bhaint amach do mhuinntir na hÉireann. Carraig Fhearghusa. — Ar bruach Locha Laoigh i nDál nAraidhe atá Carraig Fhearghusa agus tá gnó neamh-choitianta ar bun ansan .i. tá mianach salainn d'á oibriú ann. Agus baintar an-chuid salainn in aghaidh na bliana ann — suas le chúig mhíle déag (15,000) tonna. Dún na nGall. — Sráid-bhaile atá go cluthair lámh le cuan, i dTír Chonaill is eadh Dún na nGall. Sráid aonaigh agus margaidh ar imeala Gaedhaltachta seadh é. I mainistir Dhún na nGall a rinn an Ceathrar Ollamh — ceathrar scríbhnóirí (de mhuinntir Chléirigh bu dh'eadh triúr acu) — furmhor na sár-oibre úd .i. “Annála na h-Éireann.” Seanchaithe ab eadh iad-san a chlaoidh leis an bhfírinne — í binn nó searbh. Timpal bliain a 1620 a bhí na h-annála san d'á scríobhadh acu. Tamal lastuaidh de Dhún na nGall — ag Tamhnach a' t-Salainn is eadh chomhnaigh “Ethna Carbery” scríbhnóir a rinn a cion féin ar son na Gaedh- ilge agus náisiúntais Gaedhal.
Soir ó shráid Dhún na nGall atá Loch Dearg agus bhí árd-trácht ar fuid an domhain sa tsean-aimsir ar Phurgadóir Phádraig — pluais atá lámh leis an loch sin. Is ansin a bhraith Pádraig Naofa pianta Phurgadórachta agus tá a chúntas sin fós le léigheamh. Agus cúntas den tsort cheudna a rinn Dante, file na h-Iodáile ar Phurgadóracht — na ceudta bliain tar éis aimsir Phádraig. Tugtar turas an Phurgadóra san fós; agus leighistar daoine breóite agus mair- tínigh ann. Is insa dúthaigh sin a tógadh Adhamhnán scríbhnóir, bu abb ar Í Cholmcille in Albain, tráth. Eisean a scríobh “Beatha Cholmcille” (um bliain a 680) agus “Cáin Adhamhnáin” — dlithe. Ar na dlithibh sin tá dlí chun mná a choimhéad amach a' cogaíbh. Scríobh sé, fosta, cúntas Laidne ar an dTír Bheannaithe (.i. “De Locis Sanctis”) ó bhéal-oideas Arculfuis easbog thar lear a bhí ar cuaird aige, tréis briseadh loinge. 'SA MHUMHAIN. Corcaigh. — Ar chúig oileáin bheaga, idir dhá ghéig den Laoi a deineadh sean-chathair Chorcaighe. Ar chnocán ar bruach theas na Laoi a bhí an cheud-tsráid in aimsir Bharra Naofa. D'fhás an tsráid sin timpal na scoile léighinn a chuir Barra ar bun nuair 'aistrigh sé aniar ón nGúgán (i Múscraí) i mbliain a 620. (Feuch leat “An Gúgán,” leathanach a 46.) Cathair an-áluinn is eadh Corcaigh; í 'san
áit a raibh “Corcach mhór Mhumhan” tráth. Tá cheithre dhroichead déag (14) thar an Laoi agus is mór an mhaise ar an gcathair iad. Tá mórán tighthe breátha den chloch aoil ann agus orra san tá chúig cinn de bhanncanaibh go bhfuil obair bhreá ghreanta ionnta. An sáile atá sa Laoi chó fada anoir leis an gcathair féin agus nuair a bhíon barra taoide ann agus na soillse go léir ar lasadh ist' oiche is rí-bhreá an radharc í Corcaigh “na ndroichead.” Tá cathair Amsterdam san Olónt deallrathach léi sa tslí sin — agus deir- tar nách breátha puinn Venetia na h-Iod- áile ná í. Idir an dá ghéig den Laoi atá an áit gnótha agus an ball siopadóireacht agus é ceóbhránach go leór sa' dubhluachair; ach an talamh árd lastuaidh agus laisteas tá sé aerúil sláin- tiúil go maith agus an-chuid tighthe comhnaithe ann. Sráid bhreá is eadh Sráid Pádraig, ach tá a lán dá tighthe móra imithe ón oíche a loisc arm Shasana lár na cathrach — 11, xii. 1920. Sa tsráid sin atá an leacht cuimhne don Athair Tiobóid Maitiú an sagart díchealach a rinn sár-obair i dtaobh cosc an ólacháin, agus a chuir “Cualucht Seunta an Óil. ar bun” Seán Ó Foghlú, dealbhóir mór, a rinn an leacht. Tá leacht eile i gcuimhne an Athar Tiobóid — an teampal ornáideach caol-spuaice atá ag Órd San Próinsias ar chalaphort Maitiú. I roilig Naomh Ióseph atá uaigh an tsagairt sin agus bítar ag tabhairt turas le dúthracht ann chun galair a leigheas. Sa tSean-Dún atá an cheól-chreidhil atá ar ar
scríobhadh dán molta in a sé nó a seacht de theangachaibh. Ball an-dheas chun siubhlóide is eadh an Muirín (The Marina) cois na habhann; é dhá mhíle ar fhaid agus sraith crann leamháin ar gach taobh de. Ó bhliain a 1917 tá an ceann thiar de i seilbh chualucht na bhFuar- thánach (“Fordson Co.”) lucht déanta tarrac- tóirí agus mótar. Níl cead anois ag muinn- tir Chorcaighe ceann tiar sin an Mhuirín a shiubhal. Áit den tsaghas cheudna is eadh an Mhuir- dhíog (The Mardyke) áit a bhfuil na crainn leamháin go tiubh ann; é míle ar fhaid. Las- tuaidh de sin ar an dtaobh eile 'abhainn tá Tobar Rí an Domhnaigh — áit aoibhinn ón a bhfeicfá gleann leathan Laoí agus a bhfuil ann. Tá teampall áluinn trí spuaic ar an láthair in a raibh an scoil ag Fionnbarra sa tsean- aimsir. Is le lucht an chreidimh Phrotastúntaigh é. “Teampall Barra” a glaodhtar air. Tá árd-teist ar Chorcaigh chun Ime agus bu mhór an áit gnótha Margadh an Ime (i gcomhgar an tSean-Dúna) dachad bliain ó shin. Ó Chor- caigh a seóltar uibhe agus im agus bagún in a mór-chodaibh amach ar fuid na h-Éireann agus sall go Lonndain Shasana. Tá árd- thráchtáil bullán ar bun ann agus go Sasana a cuirtar furmhór na mbeithíoch san. Tá muilne eudaigh i gcomhursanacht Chor- caighe in a ndeintar eudach olna: muileann na Blárnan (sa pharóiste in a bhfuil Caisleán Blárnan bu dhún ag Clann Chárthaigh, trath) agus muileann na Druibsighe i Múscraí (lámh le droichead na Druibsighe a bhfuil trácht air
i “Séadna”: leabhar úd an Athar Peadar Ó Laoghaire). Tá muileann na Cúlach ann; agus dhá mhuileann i nDubh-ghlais. (Feuch leat leathanach a 48 “Corcaigh”.) LUIMNEACH. Ar bruach na Sionna i dTuadh-Mhumhain (“i dTuain”) tuairim dachad míle Gaedhlach ón muir atá Cathair Luimnigh. Tagan an sáile aniar ann, agus “Luimneach na Long” a deirtí leis, tráth. Tá imithe go mór de ghnó agus de thráchtáil Luimnigh le ceud bliain anuas. Bu chóir an abhainn a thochailt agus a dheunamh níor doimhne mar ní féidir do loingeas an-mhór teacht go calaphort ann. Tá Luimneach i dtrí roinn, mar atá: an Baile Gaedhlach agus an Baile Gallda agus an Baile Nua. An Baile Nua an chathair cheart; sráid- eana atá d'réir a chéile ann agus roinnt siopaí breátha. De bhrící dubh-rua a rinneadh na tighthe comhnaithe agus, dá bhrí sin, tá an áit pas dorcha ann féin. Gabhan ainm Phádraig Sáirseul, an té bu thaoiseach ar Arm Gaedhal, gabhan a ainm-sin le stair-sheanchus Luimnigh. Chosain seisean an áit fé dhó ar Ghallaibh: i mbliain a 1690 agus i mbliain 1691. Rinn mná Luimnigh a lán den troid an cheud uair — nuair a scaoil- eadar clocha anuas ar an arm Gallda. I bhFómhar na bliana 1691 a buaileadh an tarna cath agus buadhadh ar Ghaedhlaibh de dheascaibh “Feall na Sasanach.” Deineadh margadh — “Connradh Síochána Luimnigh” — ach níor chomh- líon na Sasanaigh a gcuid féin de. An chloch
ar ar scríbhadh an margadh tá sí ag Geata Thuamhan fós, le h-ais an droichid; “Chloch an Chonnartha” a glaodhtar uirre. Sa bhFrainnc a chuaidh fir armtha Éireann t'réis catha Luimnigh. Fuair breis is cheithre ceud míle (400,000) acu bás ag troid ar son na Frainnce, idir bhliain a 1691 agus bliain a 1745. Inbhear na Sionna amach a chuaidh furmhór na nGeuna Fiaine sin. Dhá bhliain t'réis imeacht as Luimneach dó do marbhuigheadh an Sáir- seulach ar pháirc Landen i bhFlóndras. Nuair a chonnaic sé a chuid fola 'á tabhairt, labhair sé agus dubhairt: “Mo bhrón nách ar son na h-Éireann é seo.” Le linn an Scannra i mbliain a 1921 nuair a bhí Arm Shasana ag raobadh na h-Éireann do mharbhuigheadar an Méara — Seóirse Mac Fhlannchadha, B.A., in a thigh féin i lár na h-oíche (fé mar a mharbhuigheadar an Curtánach Árd- Mhéara Chorcaighe). Agus mharbhuigheadar an oíche cheudna Micheál Ó Ceallacháin (Méara na bliana roime sin) agus Gaedhal eile: S. Ó Donnchadha. I Luimneach a rialaigh an tAthair Eumonn Ó Duibhir an t-Easbog bu chróga dár mhair sa' tír ó aimsir an Athar Seán Mac Éil (Árd- Earbog Thuama). Nuair a bhí Eíre go briste brúite t'réis Eirighe Amach na Cásca i mbliain a 1916 agus Maxwell, ceann an airm ghallda, ag imirt a thola ar na daoine níor labhair aon fhear poiblí in a choinnibh ach amháin Easbog Luimne. Labhair seisean chó neamh-eaglach san gur stad Maxwell den gheur-smacht a bhí 'á
imirt aige ar mhuinntir na h-Éireann. (Bhí Éireannach eile a labhair go teann (thall i Sasana) ar son chirt Gaedhal .i. George Bernard Shaw, fear na ndrámaí Beurla.) Cailleadh an tEasbog bliain in a dhiaidh san. Tá deuntúsacháin i Luimne chun bainne leasaithe; agus chun biadh cannaithe agus annlainn feóla. I Luimne a deintear an cuid is mó den bhagún Gaedhlach, agus mór- chuid sáisíní feóla. (Feuch leat leathanach a 29, “Luimneach.”) PORTLÁIRGE. Cathair Phortláirge an sráid-bhaile is mó isna Déisibh. Tá calaphort an-bhreá ann ar a dtugtar an Cé. Isteach ins na Déisibh a tháinig na sean- Ghaill an cheud lá. Táid na h-ainmneacha Normanacha go tiubh i gcathair Phort Láirge fós agus isna Déisibh go léir, fe mar atá ainmneacha iasachta eile i mBarúntacht Fatharta in Uibh Cinnsealaigh i gCúige Laighean. (Feuch leathanach a 41, “An tSláinghe.”) Tá deuntúsacháin ann chun bagún agus an- éileamh ar an mbagún san. Isteach go Port Láirge a thagan toradh na feirmeoracht ó sna dúichíbh cois Feórach agus cois Bearbha agus cois Siúire. Tá tráchtáil mhór ar bun idir an chathair agus Briostó Shasana. DÚN GARBHÁN. Ar dhá thaobh na Siúire athá na Déise, agus dúthaigh mhór Gaedhilge is eadh í. Is é
“Domhan Garbhán na sean-bhád seólta” baile mór ceart na nDéise. Cois mara, lastoir de Dhún Garbhán, atá Rinn Ó gCuanach, áit iascairí; agus is ansan athá an scoil Gaedhilge a bhfuil teist mhór uirre — Iolscoil na Mumhan — mar a mbíodh Risteird De hIndeberg (Sagart agus ollamh le teangachaibh) ag múine' gach samhradh. (Feuch leat “Port Cládhach” leathanach a 38.) Deintar sú-ubhal (saghdar) i nDún Garbhán agus áit mhór ime agus ubh agus éisc is eadh é. CAISEAL MUMHAN. Cúpla míle soir ó bhruach na Siúire atá an tsean-áit ríoga ar a nglaodhtí Caiseal na Rí agus an t-Éireannach ná faca an ball áluinn seannda san ní fuiris dó a bhreáthachth go léir a mheabhrú. Muircheartach O Briain an rí déanach a chomhnaigh sa dún ríoga san. Eisean a bhronn an t-adhmad dara ar Uilliam Rufus i gcóir mainistir Westminister Shasana. Tá an tadhmad san fós ann. D'aistrigh an Brianach go Luimneach timpal bliain a 1100 agus bhronn sé Caiseal Mumhan ar an Eaglais, agus gnóthaí eaglaise ar fad a bhí ar bun ann in a dhiaidh san. Ar charraig árd i lár dúiche áilne a bhí an dún ríoga agus na tighthe eaglaise agus táid na fothraigh go maith daingean fós ann. Bu dh' é Cormac O Cuileanáin an té bu léigheanta agus dob aoirde cáil d'á raibh ar abbaibh Chaisil. LIOS MÓR. Cois abha' Móire, i Lios Mór Mochuda, a bhí an scoil euchtach ag Cárthach Naofa. Bhí ríthe thar
lear ag foghluim ansúd uaidh agus orra-san bhí Aldfrid rí Northumbria. Tá radharc aoibhinn ar an abhainn ón áit a bhfuil an caisleán ag an ndiúc gallda. (Féach leat leathanach a 44 “An Abha Mhór.”) EÓCHAILL. I gcóir bad seólta agus mionlong seadh cuan san Eóchaille mar tá bannc fé uisce treasna a bhéil anonn. Mara mbeadh san bheadh tráchtáil mhór ar siubhal in Eóchaill fé mar atá i mbailtí cuain Laighean. Ní bhainfadh muinntir na h-áite leis an mbannc san “ar eagla go mbádhfí an tsráid.” (Féach leat leathanach a 45 “An Abha Mhór.”) CILL IA. Siar ó Eochaill in Uibh Mac Coille atá Cill Ia mar a bhfuil tobar agus séipéal in onóir do naomh mór úd an spéir-eólais .i. Fearghal Acha Bó (réadóir). Agus is ann a tógadh na filí Gaedhilge .i. Piaras Mac Gearailt agus Pádraig Phiarais Cúndún (“Cúnún”). An Cúndúnach san a cheap “Tóramh a' Bharaile”; in Utica i Sasana Nua a cailleadh (1856). Lámh le Cill Ia a bhíodh Cúirt na mBúrdún, .i. cúirt filí, in a suidhe insan ochtú céad déag. Tá ball gleóite craobhach ann .i. an Gleann Bodhar, “an gleann gan éisteacht” a ndubhairt Tadhg Gaedhlach, file. Bhí dúnta cosanta ag
Gearaltaigh Mumhan 'sa dúiche san (ag Baile na Martra agus ar Ínse Uí Chuinn agus ar Ínse na Crannacha); agus ag Cúil Ó Gorra a socruigheadh ar an sos comhraic (idir Chaitilicithe Éireann agus Rí Shasana) i mbliain a 1643. MAINISTIR NA CORANN. Leath slí idir Chorcaigh agus Eóchaill atá Mainistir na Corann. Baile mór chun aontaighe is eadh é. Bíon lá margaidh uair sa bhliain ann chun inniún; “Aonach a' Dip” a glaodhtar air. Cúpla míle ódheas ón Mainistir atá Cluain Uamha áit a bhfuil cloig- chill ana-bhreá ón sean-aimsir. Na saoir a dhein gach sean-túr d'á shórt bhí slí ar leith acu chun martaol a dheunamh. Ní crua' an chloch féin 'ná an martaol atá i gcloigchill Chluanach. Baintar marmar liath-dhearg tamal ón Mainistir; é so-oibrithe i dtaobh a ghearrtha agus a shnasta. AN CÓBH. Tá gaoth an Chóibh an-bhog agus an-oiriúnach do dhaoine atá leice in a sláinte agus go mbíon eagla an gheimhridh orra. É mar “Riviera” na h-Iodáile, sa tslí sin. Fásan an Slán Iomaire “Centrantus Ruber” — (“Valeriana”) go tiubh ann — é ar trí dhath, leis, ann. Ós lus Spáinneach le dúchas é sin is leór an fás san mar chomhartha ar bhuige an aer sa' Chóbh. (Feuch Leathanach a 5 — “Luibheana agus Blátha”; agus leathanach a 49, “Cóbh”.)
BEANNTRAIGHE. Lámh le cuan áluinn Baoi atá Beanntraighe. Tá radharc breá go léir ó bhárr a' bháile amach ar an gcuan: Deich míle siar atá gleann cluthair úd na gcrann .i. An Gleann Garbh, áit a oirean do dhaoine gan sláinte mar aer bog foláin atá ann ón ndá ghaoith a measctar ar a chéile ann: gaoth ghuirt an tsáile agus gaoth thirm an ghleanna féinig: Tá áit Gaedhilge in uachtar an ghleanna ar a dtugtar “An Crostaire.” Ag Doire an Chairn sa cheanntar san a bhí an scoil duaise chun Gaedhilge (1910) ag Seán Ó Séagha (ná mairean). RÁTH LUIRC. Laisteas d' abha na Máighe atá Ráth Luirc agus is ann atá Seán Clárac Mac Domhnail, file, curtha. In aimsir na Stíobhart a bhí an Domhnalach san suas agus rinn sé dánta 'á moladh. Bhí beartaithe aige dánta Homerus do chur i nGaedhilg ach ní raibh puinn den obair sin déanta nuair a cailleadh é. Ón aistriú go Gaedhilg a dhein sé ar amhrán ó ghalldacht Alban: “My Laddie Can Fight” is léir go gcuirfadh sé árd-chrot Gaedhilge ar dheuntúisí Homerus dá saoghaluítí chuige é. Bhí dhá ainm eile ar an áit sin — “Ráth Guagán” agus Charleville ach cuireadh an tsean- ainm fhileata .i. Ráth Luirc ar an sráid agus ar an bparóiste le déanaighe (1920). NEIDÍN. Cois cuain in Eóghanacht Uí Dhonncadha atá Neidín agus dúthaigh an-áluinn timpal air.
Tá droichead crochta ann thar an áit is caoile de Inbhear Scéine. Isteach an cuan san a tháinig an cheud dream ón Spáinn a áitigh Éire — Clann Mílidh. Áit áluinn go léir is eadh Páirc na Saille atá leath slí idir Neidín agus beul Inbhir Scéine — áit i bhfuil “aer faraige de dhruim choille” ann. Deintear eudach den tsaothar lámh i dTuath Siosta (an sórt ar a nglaodhtar plainín agus bréidín) agus díoltar i Neidín é. Ainm eile don áit: “Ceann Mara.” CATHAIR SAIDHBHÍN. An sráid-bhaile is mó in Uíbh Ráthach sé Cathair Saidhbhín é (nó “Cathair Uíbh Ráthaig” mar a deirid muinntir na dúthaighe sin léi). Tá séipeul ann mar leacht chuimhne do Dhomhnal mhór O Conaill. Teampal deallrathach é den ghrian-chloich ó Iúbhar Chinn Trágha (i gCúige Uladh). Tuairim dosaon míle laisteas den Chathair atá Doire Fhionáin mar ar chomhnaigh Domhnal O Conaill. Ó cuireadh na feiseana nua ar bun níl aon fheis sa Mhumhain is feárr iomuíochta 'ná “Feis Uibh Ráthaigh.” Tá cúlfhéith chun amhránuíocht agus abhcóidíocht ag muinntir “Uíbh Ráthaigh” thar daoine eile. Tá coláiste chun múinteóracht na Gaedhilge i gCathair Domhnal. Pádraig O Séagha “na Léime” (ná mairean) a chuir ar bun.
DAINGEAN UÍ CHÚISE. Thiar i gCorca Dhuibhne atá Daingean Uí Chúise agus gach aon rud ann mheasfá — idir chomhgar faraige agus eile — chun go mbeadh sé chó mór de shráid le Corcaigh féin, ach níl mórán tráchtála ar bun sa Daingean. Tá coláiste Gaedhilge ann ó bhliain a 1908. Siar ón nDaingean tá ceanntar mór Gaedhilge agus níl i gCúige Mumhain aon cheanntar eile is mó chífeá iarsmaí an tsean- shaoghail léigheanta ann (idir chealla agus teampaill agus dúnta) ná é sin. Agus is beag ceanntar eile i nGaedhaltacht Éireann a chuaidh chun cinn in obair shábhála na Gaedhilge mar é, ón mbliain a thosnaigh An Mainíneach (ná mairean) ar an deagh-obair ann — ó bhliain a 1885 nó mar sin. Ar Ghalla Ros atá an teampailín is aosta sa tír; an cheall bheag a rinn Bréanann Naofa dhó féin. I mBaile an Fheirtéaraigh a chomhnaigh Piaras Feirtéar file mór, san seachtú céad déag. TRÁIGHLÍ. Sráid-bhaile an-bhréa is eadh Tráigh Lí i gCiarraighe Luachra. Deintar an-chuid trách- tála ann mar tá dúichí deagh-thalaimh ar gach taobh de. In a chomhgar-san atá Gleann Scoithín an áit in ar adhlacadh an bhanríon Scoithín (“Scotia”) — an bhan-taoiseach a bhí ar Chlanna Mílidh. In Árd Fhearta, lastuaidh do Tráighlí, a ghaibh na Sasanaigh Ruadhrí Mac Easmoinn i mbliain a 1916. Bhí sé sin thar lear sa
Ghearmáin ag lorg cabhrach airm ar dhaoine a theip air. Gairid do Árd Fhearta a tháinig sé i dtír. Ón áit sin a ainmnigheadh an fairche — “Deóiseas Árd Fhearta agus Acha dá Eó.” Lastuaidh de Thráighli atá Lios Tuathail mar a bhfuil an bóthar iarainn an-aisdeach úd — amach go dtí Baile an Bhuinneánaigh (“Baile Bhunána”) áit an-dheas cois Sionna. Tá pluaiseana iongantacha ansan; agus radharc fairsing ar an Sionna agus ar Chlár Mumhan. INIS. Sráid-bhaile in a bhfuil sráideana caola is eadh Inis i gClár Mumhan, ach áit an-ghlan é agus bóithre maithe isteach ann ó gach taobh. Dhein muinntir na h-Ínse agus Dál gCais le chéile an-sheasamh ar son cirt na ndaoine i mbliain a 1828 nuair a thoghadar Dómhnal O Conaill in aindeóin gach comhacht agus bagairt ghallda. Tá sean-mhainistreacha agus sean-theampaill agus sean-chaisleáin sa cheann- tar: ag Clár Acha-Dhá Chora agus Mainistir Chuinnche, &rl. LIOS DÚIN BHEÁRNA. Áit in a bhfuil an-chuid tobar is eadh Lios Dúin Bheárna (“An Spá”). Tá uisce iarainn ann agus uisce ruibhe agus uisce maighnéise agus uisce coparais. Áit lom portaigh é ach téighid na sluaite ann gach samhradh ag lorg sláinte. Tá aillte móra an Mhothair comhgarch do; agus Inis Tíomáin mar a bhfuil easach leathan san abhainn.
Tá ceanntar craigeach lom lastuaidh den “Spá” a nglaodhtar an Bhoireann air — drom árd lom liath; é timpal deich míle treasna. Daoine a chomhnuighean ar thalamh íseal — ar thalamh mhéith na Midhe, cuir i gcás — ní mheasfidís sin go brách go mbeadh a leithéid sin d' áit in Éirinn. Deirtear go ndubhairt Cromail ná beadh aon ghnó ag duine ar an mBoirinn mar ná raibh “uisce go leór chun a bháite ann, ná adhmad go leór chun a chrochta, 'ná cré a dhóthain chun uaigh a dheunamh do.” Is euchtach a bhfásan de bhláthaibh fiaine ar an gCruach — lastuaidh den Spá. Blátha nea- choitianta ar nós Lus na Gaoithe (Anemone) — gheibhtar fiáin ann iad. Is minic a chuirid muinntir na dúthaighe sin i gcoinnibh “cáin chonndae” a dhíol 'á rádh nách ionann sceul dóibh féin agus do dhaoine eile — gur craig in iomad talmhan athá acu féin. Ach an feur scáinte fhásan idir na clochaibh ann is é a bheathaighean na caoirigh is fearr in Éirinn. CILL RUIS. Is beag a bhfuil de loingseóracht 'á dheunamh i gCill Ruis cé go bhfuil cóir mhaith ann chuige. Déintar a lán plúir ann. Míle amach ó Chill Ruis atá an t-oileán mór-cháile — Inis Cathaigh, áit a raibh scoil mhór agus tighthe eaglaise ag Naomh Seanán. Tá an-chur síos ar an áit sin i “Niamh”: leabhar úd an Athar Peadar O Laoghaire. Tá cloigchill, agus fothraigh seacht dteampal ar an oileán;
agus tuama Sheanáin áit ná raghadh aon bhean in a chomhgar, tráth. Níl aon bhád iascaigh ó Inis Cathaigh ná bíonn mion-chloch nó dornlach cré ó uaig Sheanáin innte mar thoirmeasc ar bháth agus ar anaithe faraige. Tá “Seanán” mar ainm baistidhe ar mórán fear i gClár Mumhan. Ón gCathach (oll-phéist mhór) a áitigh an t-oileán roim theacht Sheanáin is eadh an ainm: Inis Cathaigh. Tá ainm ghránda gan chiall ar bith ag Beurlóirí ar an oileán uasal san. “Scattery” a bheirid siad air! Chúig mhíle soir o Chill Ruis, lámh leis an gCarn, seadh bhí an scoil ag Peadar O Conaill oide léighinn (um bliain a 1820). Mheabhraigh sé sin foclóir Gaedhilge a dheunamh agus d'eirigh sé as an scoil agus chaith seacht mbliana ag taisteal na Mumhan ag bailiú focal. Theip air congnamh fháil le hí an foclóir a chur fé chló, agus fuair sé bás de bhriseadh croidhe. Tá sé curtha san uaigh cheudna in ar cuireadh an “Cailín Bán” tamal roimhe sin. Ar an dtráigh úd a tháinig corp an Chailín Bháin i dtír agus chuir muinntir Chonaill in a n-uaigh fhéin í. An láimhscribhinn a rinn Peadar Ó Conaill do tairigeadh do Dhomhnal Mór O Conaill í cúpla bliain in a dhiaigh sain. Ach níor ghádh leis-sin saothar an scol-mhaighistir agus ní ghlacfadh sé í agus dubhairt sé focal masla leis an dteach- taire. Dfhág an teachtaire an láimhscribhinn sa' phán i dTráighlí — mar ar aimsigh Eoghan Ó Comhraidhe í tamal maith in a dhiaigh sain. Feuch leat foclóir an Duinnínigh agus chífir
“P. Ó. C.” len a lán focal ann. As láimhscri- bhinn an mhaighistir scoile úd ó Chlár Mumhan na focail sin — an duine a chaill a shláinte ar son léighinn dúchais an uair bu bheag ag Éireannaigh eile an léigheann ceudna, mar bhí tosach an ghall-ghalair ag creime' an chroidhe acu. CILL CHAOI. Níl aon áit cois mara in Éirinn níosa breátha ná “Cill Chaoi na mín-trágha.” Is ann is breátha a bhíd na tonnta móra; iad ann an lá ciúin chó maith leis an lá stoirme. Sa' gheimh- readh gabhaid siad de shár-léimt tar an mbeann árd úd Ceann Fuirse agus imighean an cubhar in a chuipe agus in a fharaige cháite leath-mhíle slí isteach ar an míntír. Bhí Gaedhaltacht bheag — Cora-Bhaile agus Fairche — i gcomharsanacht Chill Chaoi go dtí timpal deich mbliana ó shin (1912) — ach tá an lámh uachtair ag teanga Chromail anois ann. Áit iascaireacht iseadh an Cora-Bhaile sin, agus bhí cúil-fhéith na filíochta agus na scéaluíochta in a mhuinntir go dtí a bhfuil le fíor-dhéanaighe. (Mar a chéile sceul fiche áit eile ar fuid Ghaedhaltacht na h-Éireann agus sceul na h-áite sin.) A chúig no a sé de mhílte siar ó Chill Chaoi (i gCorca Bhaiscin) atá Dún Átha mar a rugadh Eoghan Ó Comhraidhe fear léighinn agus seanchaidhe. Tá scoil Gaedhilge — “Coláiste
Eoghan Ó Comhraidhe” — ag Carraig a' Chobhaltaig cois Sionna in onóir do. Tá fresco áluinn Gaedhlach ar fallaí na scoile sin; Sadhbh Trinseach (ná mairean) a dhein (1916); ach mhill na saghliúirí gallda cuid de i mbliain a 1920. Ag Dún Átha, leis, a mhair Seán de Hór gabha agus file, an té rinn an “Aithrighe” — “Ár n-Athair atá Ins na flaithis go h-árd Go naomhuíghthar tráth T' Ainm-se,” &rl. Tá an Phaidir agus an Chré agus an tAbhe sa' dán san — agus níl na paidreacha sain i bhfuirm filíochta i dteangain ar bith eile, ach sa Ghaedhilg amháin. Choinnígheadh Seán de Hór a chóir scríbhte i bpoll sa bhalla agus thairigigheadh sé chuige í nuair ná bíodh aon ghaibhneacht le deunamh. An inneóin a bhíodh mar “chlár scribhte” aige. Ó Dhúthalla cois Abha' Móire na Mumhan a tháinig Seán de Hór ach chaith sé a shaoghal sann iarthar sain. Lastuaidh de Dhún Átha a bhí Seón Llóid, file, in a chomhnaí nuair a dhein sé an t-umhrán binn úd: “Cois Leasa is mé go h-uaigneach, Ar uair na maidne am' aonar,” &rl. SRÁID NA CATHRACH. An bórd mara atá le hais na Cathrach an-áit chun na Ceilpe is eadh é — Bailightar an mhúrach (trioscar, feamannach) agus dóghtar í nuair a bhíon tirm. Is é an luaithreach sain an Cheilp.
Baintear leighiseana mar 'ídín' as an gCeilp. Fan a' chósta san — ó Chill Chaoi go Tír Chonaill — déantar an-lear Ceilpe gach samhradh. Níl obair ar bith cois mara go mbainean oiread sain dua agus deacracht léithe agus a bhainean le obair na Ceilpe. Níl mórán fothana i bhfuirm crann ar imeal- bhórd an Chláir agus ón ndian-séideán gaoithe tagan camadh aniar ar gach sceach agus crann, a mbárr i gcómhnaí ar fiaradh chun tíre isteach. Is minic a bristar long ar an gcósta san; agus tá árd-cháil ar iascairí Choillte chun misnigh. Dheineadar eucht go minic i sábháil lucht loinge; agus an séipéal córach nua atá san áit sin is amhlaidh a bhronn muinntir Thuamhan ar mhuinntir na gCoillte é le meas orra, mar shábháladar fuireann loinge — fuireann “León XIII.” — lá millteach stoirmé i mbliain a 1908. Biorra. — I mBiorra Bréanann (in Éile Uí Chearbhaill) ar theórainn chúige Midhe atá an tigh spéir-eólais in a bhfuil an ciandearcán is mó ar domhan, deirtar. I GCÚIGE CONNACHT. GAILLIMH. Áit gan mórán gnótha 'ná tráchtála ar siubhal ann is eadh Gaillimh indiu ach dob' árd é a réim is a cáil tráth, mar bhí trachtáil mhór aici 'á dheunamh leis an Spáinn. Is ann a chomhnaigh Hardiman an fear a
thártháil an-chuid de cheól binn Gaedhal nuair a bhí an meath ag imeacht air. Is beag tairbhe a bhaineas Gaillimh as an gcuan breá: Loch Gaillimhe atá len a h-ais. Ní thagan isteach ansin ach corr-long. Rinneadh beartú go minic “leis an gcuan a shaothrú” ach ní raibh toradh ar bith air. Bu cheart gur ansin a thiocfadh an loingeas mór ó America; agus cóir traenach a bheith ann le gach rud d'iompar go Baile Átha Cliath. Agus long traenach (socrú nua é sin) as sin go dtí Caer Gybi na Breataine Bige agus go Liverpool Shasana. Is i nGaillimh a chomhnaigh an t-Athair Mícheál O Gríofa an sagart óg gur mheall na Black and Tans amach as a theach é i lár na hoíche, 'á rádh gur ghlaodhach ola é. Mharbhuigheadar é agus chuireadar a chorp sa phortach. Lámh le Gaillimh atá an Cladach áit fhíor- Ghaedhlach. Daoine ar leith is eadh a muinntir sin. An fáinne a chaithid mná an Chladaigh tá sé an-órnáideach; ach tá pátrún de le ceannach i ngach siopa seód anois, beagnách. Siar ón nGaillimh atá Connamara (Con Maicne Mara) agus Dúiche Sheóigheach, agus na mílte duine ann ná labhran ach Gaedhilg i gcómhnaí. Sin í an Gaedhaltacht is mó in Éirinn. Labhartar mórán Gaedhilge i nGaillimh féin mar bíd muínntir na Gaedhaltachta sin isteach is amach ann. Chaith Pádraig Mac Piarais mór- chuid aimsire i Ros Muc ag foghluim Gaedhilge — blianta sul a raibh sé in a eagarthóir ar an “gClaidheamh Soluis” páipeur úd na Gaedhilge.
Is ansúd i Ros Muc a chuir sé aithne ar ghasúraibh na Gaedhaltachta. Ag cuimhneamh ar a nósaibh agus ar a slitibh sin a bhí an Piarsach nuair a rinn sé an scéilín úd “Íosagán.” Tá marmar áluinn 'á bhaint i gConnamara agus timpal na Gaillimhe — marmar glas riabhach a bhfuil éileamh maith air. Tá cineál den mharmar gheal ar an Leitir Bhreac. Corr- áit, áfach, sa dúthaigh mharmair sin a bhfuil cóir fheiliúnach bainte 'ná snasta ann. CATHAIR NA MART. Ait mhaith gnótha is eadh Cathair na Mart in Umhall. Tá cuan maith ann ach é leath- dhíomhaoin ar nós gach cuain eile insan iarthar. Sa cheanntar sin a tógadh Liam Ó Maol Ruana, file agus scribhnóir (nách mairean) a rinn árd-saothar ar son na Gaedhilge agus náisiún- tais Gaedhal. Le h-ais a'chuain, (Cuan Modh) a bhí comhnaí ar an mnaoi euchtaigh úd Gráinne Ní Mháille — “Gráinne Mhaol.” Rinn sí sin maighistreacht ar an ndúthaigh uile thart-timpal, agus tá eachtraí go leor d'á n-innseacht fúithe. Rinn na filí úsáid d'á h-aimn sin — “Ghráinne Mhaol” — mar ainm cheana ar Éirinn, amhail a rinneadar leis na h-ainmneacha seo: “Cáit Ní Dhuibhir,” “Síle Ní Ghadhra,” “Caitilín Ní Ualacháin,” &rl, nuair ná leigfadh dlí na ngall dóibh-tha labhairt léir ar a dtír dhúchais. Tuairim is fiche míle ó Chathair na Mart atá Stráid mar a rugadh Micheál Mac Daibhid an té bhí ag stiúradh feilméirí na h-Éireann le
linn “chogadh na Talmhan” um bliain a 1880. I roilig na Stráide atá sé curtha. Tá sraith loch fan Chúige Connacht ó Bheul an Átha adtuaidh go dtí Gaillimh: Loch Con, Loch gCuilinn, Loch Beul Trá, Loch Measca agus Loch Coirb. Talamh cloch-aoil atá ar feadh na slí' sin, agus talamh rua-chloiche mar theórainn thiar leis. Sa dúthaigh sin (i gcomhgar na loch) atá na h-ísleáin ar a nglaodhtar Tur- Locha. Bíd siad san in a lochaibh insa gheimh- readh agus in a logana féir ghlais bhoig ins a' tsamhradh. Is amhlaidh a bhíon fáscadh aníos tríd an dtalamh aoil le linn na fliuchra agus trághan sé arís san aimsir thirm. SLIGEACH. Baile cuain thuaidh is eadh Sligeach. Sráid- sheannda é. Bhí áth san abha ansin sa tsean aimsir agus ar nós gach “ball átha” eile dfhás sráid ann. Tá cóir mhaith ag lucht iascaigh ann. Báid mhaithe acú fé mar a chítear cois na mbailte cuain in Albain — in Abar Aidhean, cuir i gcás. Sceul is annamh in Éirinn é sin. Chomhnaig Tadhg Dall Ó hUigín, file, agus Seán Ó Neachtain tamal sa dúthaigh sin. File do Dhomhnalaigh Thír Chonaill bu dh' eadh Ó hUigín agus scribhnóir próis bu dh' eadh Seán Ó Neachtain (ó cheanntar Ros Comán i Síol Muirígh). Eisean a scríobh “Stair Eamoinn Uí Chléirigh” aiste ghrinn. TUAIM DÁ GHUALANN. Cathair chinn Connacht is eadh Tuaim i ngnóthaíbh Eaglaise agus is ann a chomhnuigh an t-Athair
Seán Mac Éil, Árd-Easbog, “Leomhan cine Judah.” Eisean an t-aon cheann pobail amháin a thuig an díobháil a dheunfadh na scoileana gallda (scoileana in a raibh Beurla in uachtar ionnta) nuair a bhítheas 'á gcur ar bun (1831). Rinn sé árd-throid in a gcoinnibh ach níor eirigh leis. Trí scór bliain in a dhiaidh sin seadh tuigeadh an ciall mhór a bhí ag Leomhan san Chonnacht. GORT ÍNSE GHUAIRE. In Uíbh Fiachrach Aidhne atá an áit a bhfuil ainm Ghuaire an Oinigh ag gabháil léi — Gort Ínse Ghuaire. Tá cloigchill bhreá gairid don áit ag Cill Mac Duach. Í ar fiaradh, ar tí tuitime mheasfá, ach tá sí an-daingean. Í ann ó aimsir an Naoimh úd: Colmán Mac Duach — um bhliain a 650.
NA CONNDAETHE & NA CHEITHRE “CÚIGÍ” A RINN NA GAILL. Ar “Chonndaethe” agus ar “Cheithre Cúigí” a labhran an dlí (fós) sa tír seo, agus ó cuireadh na Conndaethe sin ar bun táid na seandúichí (Na Déise agus Tír Chonaill agus Uí Cinnsealaigh, &rl.), d'á leigint i ndearmhad. Tá cuid de sna seandúichíbh sin ann le breis agus míle go leith (1,500) bliain agus an Chonndae Gallda is sine níl sí ach tuairim cheithre chéad (400) bliain. Ar na Dúichíbh agus ar na fó-Dhúichíbh sin seadh labhraid Gaedhilgeóirí .i. ar Bhéara agus ar Chorca Dhuibhne agus ar Dhál Riada, &rl., nuair is ar “Iarthar Chorcaighe” agus ar “Iarthar Chiarraighe” agus ar “Chonndae Aondroma” a labhraid Béarlóirí — agus na Gaedhilgeóirí óga a fuair scoluíocht ghallda. Nuair a bhí an roinnt déanta ag an lucht iasachta is ansan a thuigeadar ná raibh sé déanta go hoiriúnach acu. Bhí County Cork chó mór leibideach san nár mhór do dhlí ghall í roinnt arís .i. in a East Riding agus in a West Riding. Agus i gcúrsaí Teachtaí Dála, tá ocht roinn ann (.i. North Cork, North-East Cork, &rl.), agus san aon roinn acu do réir seanchuis ná sinnsireacht daoine. I “gConndae Chorcaighe” atá Baile Mhistéula acu agus Eadaragóil. Na daoine atá i mBaile Mhisteula agus in a chomhgar is Rianaigh agus Cathasaigh agus Brianaigh agus Cathánaigh agus Gearaltaigh agus Buitléirigh agus Cúnúnaigh agus Ciosógaigh agus Ruiséalaigh agus Búrcaigh iad — daoine a bhfuil tinfidh (tine) árd ar a nglór cainnte acu. Agus in Eadargóil agus ar a chomhgar is eadh tá d muinn- tir Shéagha agus muinntir Shúileabháin agus muinntir Úrdail agus muinntir Mhurchadha agus muinntir Laeghaire
agus clann Chárthaigh agus Cathalánaigh agus Donnobhánaigh daoine atá go bog íseal in a nglór cainnte. Agus deirid Béarlóirí gur den treibh cheudna iad go léir (theas agus tuaidh) toisc gur lucht áitreabha an “chonndae” chéadna iad — gur fellow-countrymen iad. Ní féidir obair na bhfilí a thuigsint ná suim chóir do chur innte gan tíreólas Gaedhal dfhoghluim; 'ná ní féidir an stair-sheanchus do mheabhrú gan bheith oilte sa' tíreólas san. S.T. Sid iad na Conndaethe agus ainmneacha Gaedhilge orra — más ainmneacha Gaedhilge iad? Ainm seandúiche atá ar a trí nó a ceathair de chonndaethe acu. Is é brí na bhfigiúirí atá i ndiaidh ainm sráide anso is an súd — 'ná eolas fé leith i dtaobh na háite sin a bheith ar an leathanach adeir an figiúir. Sórt Index don leabhar é. CÚIGE ULADH. CONNDAE DHÚN NA NGALL (Tír Chonaill). An Leithbhear; Dún na nGall; Beul Átha Seanaigh; Leitir Cheanainn, agus Bun Dobhráin. CONNDAE DHOIRE: Doire Cholmcille (lch. a 33; 103); Cúl Rathain; Léim a' Mhadaidh; Machaire Fíogaid agus Port na Binne Uaithne (Portstewart). CONNDAE AONTROMA: Beul Feirsde (35; 100); Carraig Fhearghus (105); Lios na gCearbhach; Baile Meadhonach (Ballymena) (102); Lathurna (21); Baile Muine (21); Port Ruis, agus Aon-Truim. CONNDAE AN DÚIN: Dún Pádraig (104); Iubhar Chinn Trágha (104); Baile Árd Uladh; Droichead na Banna; Árd Mhic Nasca (Hollywood); Beannchar (101); agus Domhnach Diagh; Rinn Mhic Giolla Rua (Warrenpoint); Na Locháin (Gilford); Drom Mór Colmán, agus An Caisleán Nua. CONNDAE ÁRD MACHA: Árd Macha (103); An Lurga; Port a' Dúnáin (34; 82), agus Cloch Fhuaráin (Bessbrook).
CONNDAE MHUINEACHÁIN: Muineachán; Cluain Eois; Carraig Mhachaire Rois; Caisleán Mathamhnach (Castle- blayney), agus Beul Átha Beithe. CONNDAE THÍR EOGHAIN: An Ógh-Mhagh; Dún Gheanainn (105); An Srath Bán, agus Cora Críche (Cookstown). CONNDAE FHEAR MONACH: Inis Ceithleann; Lios na Sciach, agus an t-Iompó Deisil. CONNDAE AN CHABHÁIN: An Cábhán; an Mhuinchille (Cootehill); Beul Tairbeirt agus Cill Chathlaigh (Bailieboro'). CÚIGE MUMHAN. CONNDAE PHORTLÁIRGE (Na Déise): Port Láirge (Waterford) (38; 111); Dún Garbhán (Domhan Garbhán) (111); Lios Mór Mochuda (44; 112); Port Cládhach (38); Tráigh Mhór, agus Ceapach Cuinn (45). CONNDAE CHORCAIGHE: Corcaigh (48; 106); an Cóbh (49; 114); Mainistir Fhear Muighe (43); Magh Alla (42); Eóchaill (45; 113); Cionn tSáile (50); Droichead na Banndan (50); Mainistir na Corann (114); An Sciobairín (50), agus Beanntraighe (115). CONNDAE CHIARRAIGHE: Tráigh Lí (117); Cill Áirne (52; 68); Lios Tuathail; Cathair Saidhbhín (116); Daingean Uí Chúise (Dingle) 117, agus Neidín (Ceann Mara 115). CONNDAE AN CHLÁIR: Inis (118); Cill Ruis (119); Sráid na Cathrach (122); Inis Tíomáin (118); Cill Chaoi (121), agus Cill Dá Lua (28). CONNDAE LUIMNIGH: Luimneach (29; 109) Rath Caola; An Caisleán Nua; Brugh na nDéise (Bruff); Cill Mocheallóg, agus Cill Fionán. CONNDAE THIOBRAID ÁRANN: Cluain Meala (38); Tiobraid Árann; Carraig na Siúire (38); Aonach Ur-Mhumhan (Nenagh); Durlar Éile; Caiseal Mumhan (112); Ros Cré, agus Fíodh Árd.
CÚIGE “LAIGHEAN.” CONNDAE LUGHBHAIDH: Droichead Átha (35; 97); Dún Dealgan (22; 102); Áth Fhirdia; Cáir-Linn, agus Grian-Phort (Greenore). CONNDAE NA MIDHE: Áth Truim (36); an Uaimh (Navan); Ceananas Mór (Kells), agus Sean-Chaisleán an Fhásaigh. CONNDAE BHAILE ÁTHA CLIATH: Baile Átha Cliath (lc. a 93); Dún Laoghaire; Baile Breacán; Baile Nua na Trágha (“An Dubh-Charraig.”); Deilg-Inis (Dalkey), agus na Sceirí. CONNDAE CHILL MANNTÁN: Cill Manntán (Wick- low); Baile an Inbhir Mhóir (Arklow); Brí Cualann (10; 80); Ráth Droma. CONNDAE LOCH GARMAN: Loch Garman (Wexford); (lc. a 40); Ros Mhic Treóin (lc. a 39); Inis Córthaidh, agus Guaire. CONNDAE CHILL DARA: An Nás; Áth h-Í (39); Magh Nuadhat (99); Cill Dara, agus Droichead Nua. CONNDAE CHEATHARLACH: Ceatharlach (39); Muine Bheag (Bagenalstown); Tulach Ua bhFéilim, agus Leith-Ghlinn. CONNDAE CHILLCHAINNIGH: Cill Chainnigh (39; 96); Calainn, Caisleán a' Chumair (85), agus Baile Mhic Anndáin (Thomastown — 40; 97). CONNDAE NA BANRÍONA (Laighis): Port Laighise; Móinteán Mílic; Cúil a' tSúdaire (Portarlington); Móin Rátha, agus Ráth Domhnaigh. CONNDAE AN RÍ. (Uí Failghe): An Tulach Mór; Biorra Bréanann (123); Éadan Doire Beannchar, Cluain Uaithne Bheag (Shannon Harbour), agus Daingean Ua bhFailghe (Philipstown). CONNDAE NA H-IARMHIDHE: An Muileann Cearr; Áth Luain (26); Móta Gráinne Óige, agus Cill Beagán. CONNDAE LONGPHUIRT: Longphort Uí Fhearghail; Gránárd, agus Meathas Truim (Edgeworthstown; Mostrim).
CÚIGE CONNACHT. CONNDAE NA GAILLIMHE: Gaillimh (123); Beul Átha na Sluaighe; Tuaim Dhá Ghualann (127); Baile Locha Riach; agus Gort Ínse Guaire (127). CONNDAE MHUIGHEÓ: Caisleán an Bharraigh; Beul an Átha (57); Cathair na Mart (17; 125) Baile an Róba; Beul Átha na Muice agus Clár Clainne Mhuiris. CONNDAE SHLIGIGH: Sligeach (126); Baile an Mhóta; Tobar a' Choirce agus Cúil Mhúine. CONNDAE LIADROMA: Cara Droma Rúisc (Carrick-on-Shannon); Maothail Mhanacháin agus Cluainín Uí Ruairc (Manorhamilton). CONNDAE ROS COMÁN: Ros Comán; Mainistir na Búille (Boyle).
CLÁR NA NDÚICHÍ. CÚIGE MUMHAN. Fó-chúige DEASUMHAIN Mór-Dhúthaigh 1. Béarra 2. Cairbre agus 2c. Uí Badhgamhna 3. Cineál mBéice 4. Cineál Aodha 5. Ciarraighe Cuirche 6. Múscraí Uí Fhloinn 7. Múscraí Trí Maighe 8. Uí Liatháin 9. Fir Muighe Féinne 10. Orbhraighe 11. Dúthalla (Dheasumhan) Míondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 1a. Beanntraighe 2a. Uibh Eathach 2b. Muinntir Bháire 4a. Cúirseacha 6a. Uíbh Laoghaire 7a. Corcaigh 8a. Uí Mac Coille 8b. Cine Talmhan- aigh 11a. Dúthalla (Luachra) Fó-chúige IARUMHAIN Mór-Dhúthaigh 12. Eoghanacht (Uí Dhonnchú) 13. Uíbh Ráthach 14. Corcha Dhuibhne 15. Ciarraighe Luachra Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 12a. Magh gCoinithe 12b. Gleann ó Ruachta 13a. Dairbhre 15a. Oireacht Uí Conchubhair Fó-chuige TUAMHAIN Mór-Dhúthaigh 16. Corca Bhaiscinn 17. Corcam' rua 18. Dál gCais Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 16a. Uí Breacáin 18a. Tradraighe 18b. Uí Fearmaic
Fó-chúige Mór-Dhúthaigh 19. Ára 20. Éile 21. Cliú Máil 22. Uí Fighente Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 19a. Ára Thíre 19b. Múscraí Thíre 20a. Éile Uí Chear- bhaill 20b. Uí Cairín 21a. Áine 21b. Aos Gréine 21c. Luimneach 22a. Uí Conaill Gabhra Fó-chúige URUMHAIN Mór-Dhúthaigh 20. Éile 19. Ára 23. Uaithne 21. Cliú Máil 25. Síol Eoghain 26. Déise Mumhan (Déise Deiscirt agus Déise Tuaiscirt) Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 20c. Éile Uí Fhógarta 19c. Múscraí Thíre 21d. Múscraí Chuirc 26a. Paoracha 26. Portláirge CÚIGE LAIGHEAN. Fó-chúige OSRAIGHE Mór-Dhúthaigh 27. Uí Duach 28. Uibh Eirc Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 28a. Uí Deágha Fó-chúige LAIGHIN DEAS- GABHRA Mór-Dhúthaigh 29. Uí Cinnsealaigh 30. Uí Dróna 31. Ó bhFéilim Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 29a. Fothart (An Chairn) 29c. Uí Bairche Fó-chúige LAIGHIN TUADH-GABHRA Mór-Dhúthaigh 32. Sliabh Marge (Nó Uí Bairrche) 33. Ó mBuidhe 34. Laighis
35. Ó bhFailghe 36. Uí Muir'íg 37. Fortuatha 38. Cuala 39. Ó bhFaoláin 40. Cairbre Uí Chiardha Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 37a. Uí Máil 43a. Fine Gall (Theas) CÚIGE MIDHE Fó-chúige BREAGHA Mór-Dhúthaigh 41. Luaighne 42. Fir Breagh 43. Fine Gall 44. Ciannacht Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 42a. Déise Breagh 44a. Fearard Fó-chúige TUAISCEART Mór-Dhúthaigh 45. Mórghaileang 46. Bréifne Uí Raghallaigh 47. Dealbhna Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 45a. Luighne (“Ladhne”) 47a. Corca Raidhe Fó-chúige TETHBHE Mór-Dhúthaigh 48. Anghaile 49. Tethbhe Uachtair 50. Dealbhna Bethra 51. Fir Cheall Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 49a. Fir Tulach CÚIGE CONNACHT. Fó-chúige UÍ FIACHRACH AIDHNE agus UÍ MAINE Mór-Dhúthaigh 53. Maonmhagh 54. Síol Anamchadha 55. Dealbhna Nuadhat 56. Clann Uadhaigh 57. Sodhna Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 57a. Corca Mogha
Fó-chúige IAR-CHONNACHTA agus UMHALL Mór-Dhúthaigh 58. Magh Sheóla 59. Tír dhá Loch 60 Comhnemara 61. Muirisc 62. Acaill Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 58a. Gaillimh 60a. Dúthaigh Sheóigh- each 60b. & 60c. Comhne- tíre (?) Fó-chúige TÍR FHIACHRACH Mór-Dhúthaigh 63. Iorrus 65. Ceara 64. Tír Amhlaidh Fó-chúige UÍ BRIÚIN agus LUIGHNE Mór-Dhúthaigh 66. Ciarraighe Connacht 67. Tír Oiliolla Fó-chúige BRÉIFNE UÍ RUAIRC Mór-Dhúthaigh 68. Liadruim 69. Cairbre Droma CÚIGE ULADH. Fó-chúige TÍR CHONAILL Mór-Dhúthaigh 70. Fir Luirg 71. Tír Aodha 72. Boghaine 73. Tír Luidheach 74. Tír Énda 75. Inis Eoghain Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 72a. Baoghlach 73a. Baoghlach 74a. Magh Ítha 75a. Doire Cholm- cille Fó-chúige TÍR EOGHAIN Mór-Dhúthaigh 76. Tír Caorthainn 77. Árd Srath 78. Leithrinn 79. Tulachóg 80. Ciannacht Glin- ne Geimhean 81. Eilne Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 79a. Magh 81a. Fir na Craoibhe
Fó-chúige ULAIDH Mór-Dhúthaigh 82. Dál Riada 83. Dál bhFiatach 84. Dál nAraidhe agus 85. Conaille Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 83a. Boirche 83b. Leath Cathail 83c. Árda 84a. Uíbh Eathach 85a. Muirtheimhne 85b. Cuailgne 85c. Ó Méith Fó-chúige OIRGHIALLA Mór-Dhúthaigh 86. Ros 87. Oirtheara 88. Triúcha 89. Archoll 90. Leamhain 91. Féaránach Miondúthaigh nó Tríocha ceud, &c. 86a. Fearnmhaigh 78a. Uí Breasail 88a. Dartraighe TAGRA. — I dtaobh Dúthalla Éile Ára Bréifne Fine Gall, &c., a bheith d'á roinnt idir dhá chúige, &c., ná déintar aoniongna dhé sin. Tá a leithéid sin in a lán tíortha. Feuch Luxemburg d'á roinnt idir trí náisiúin agus Limburg mar an gceudna; agus Flóndras idir dhá náisiún. C. De C.
TÍORTHA EILE. Tíortha iad so nár Gaedhluigheadh a n-ainm- neacha go dtí so, dar liom. Tar éis comhairle a ghlacadh le hollamhna teangacha is eadh cheapas gach leagan ainme acu-so. Do ghlacas i gcomhnaí le fuaim na hainme amhail a labhartar sa teangain bhunaidh í, nuair dob eól dom é. S.T. 'San Eóraip. Láimh leis an mBalc Mhuir atá na tíortha so: An Liatuáin, An Laitbhe. An Eastóin, An tSuóme agus An tSuaithne. Idir an Mhuir Aidriach agus an Dubh Mhuir atá na dúichí ar a nglaodhtar Na Balcáin, mar atá: An Bhulgáir, an Allabáin — (nó an Sceipéir) agus Iúgasláibhe. Ceangal rialtais idir na tíortha beaga so thíos bu bhun le h-Iúgasláibhe: An tSeirb, Montenegró, An Chrabhaite, An Bhósne, An Dalmáid agus Hertse- gabhín. Lastuaidh den Ostraighe, agus den Ungáir, agus lastoir den Rúmháin atá an t-úrstát ar a dtugtar Teiceslobhaice. 'San Áise Lastuaidh den tSín atá an fó-stát Rúis- eánach: An tSibéir; agus idir an Dubh- Mhuir agus an Mhuir Chasp atá An Airméin.
Laisteas di sin atá Tír na Sire. Idir an Mhuir Torrian agus an Dubh-Mhuir atá An Tuirc. Idir An Araibe agus an India Mhór atá An Afagáin agus An Pheirse. Tíortha a ghabhan leis An Sín (nó atá in a comhgar) iad so: An Mhongóil, Tibeth Córé, agus An Turcastáin. Soir ón Muir Chasp atá An Bhucáir agus laisteas den Afagáin atá Balúca. Ar imeall na hAraibe atá Pailistín (Tír Tair- inge), Masapótáim agus Írac na hAraibe. Siar ón India Mhór atá Búrma agus An tSiaim. Laisteas den tSiaim atá An Mhailéis agus an gasra oileán ar a dtugtar Na hIndiacha Thoir .i. Sumádra; Iábha; Bórnó gus Saruach; Celebos; agus Na Filbíní atá soir ón Anaim agus Cóisin tSín. Laisteas den India Mhór atá oileán an té .i. An Taprobáin. 'San Aifric: Ar imeall na Mara Torrian atá An Mhúr (Tír na Múrach); An Triopóil agus An Túinéis agus fásach na Libe. Treasna na mór- roinne ó Ríó d'Óro go dtí An Núibe atá an fásach gainimhe ar an nglaodhtar An tSuháir. Láimh leis an Muir Rua atá An tSomáil An Eirire agus An Absuine.
Tá mórán dúichí eile ar imeal mara na hAifrice mar atá: An Ghine, An Nigéir, An Angóil, An Mhósaimbíg agus An Tangainíg. Tír mhór iseadh An Chonga agus tá An Úgáin agus An Róidéis teóranta léi. Laisteas den Róidéis atá An Bheachúin mar a bhfuil an fásach mór; An Chalaháir. Ó aimsir an chogaidh idir Shasana agus na Bóraigh tá ceangal rialtais idir An Transbháil, an Stát Oráisteach, An Natál agus Coilíneacht na Céipe. Oileáin is eadh iad so: Madagascar agus Las Canárias. Laistiar do Chanada atá An Alasc, cuid de chríochaibh Stát America. Soir ó Chanada atá Grunland agus is leis an nDanmairg í. Cuid de Chanada is eadh Talamh an Éisc agus Albain Úr. Tíortha a labhartar Spáinnis ionnta seadh iad so: Meuchacó, Guatamála, San Sal- bhadór, Andúras, Nicúragua, Costa Ríca agus Panám. Ar na hIndiacha Thiar táid na hoileáin seo: Cúba, An Éite, Porto Ríco, An Chiméice, An Bhaháim (agus an Bhermúid).
Ar mhór roinn America Theas atá na tíortha so in a labhartar Poirtingéilis agus Spáinnis: Colóimbe, Benésúéle, Eiceador, An Bhreas- aoil; Pérú an tír in a raibh na h-Incigh ríoga, Boluíbhe, Tír an Airgid, Paragagha, Úragagha agus Guíana. Gabhan a leath de Therra Del Fúégo le Tír an Airgid agus an leath eile leis an Sile. Cuid de Thír An Airgid, leis, is eadh An Phatagóin. Láimh leis an Astraoil: An chomhgar na hAstraoile atáid na hoileáin seo: An Tasmáin, Papua agus Talamh Úr na Mara. Is é ainm atá ar thuaisceart an Talaimh Úir sin 'ná Eitheinomá; agus Tabhé Pónamú ar an oileán teas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services