Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tíreóluidhe ar Éirinn

Title
Tíreóluidhe ar Éirinn
Author(s)
Tóibín, Seán,
Pen Name
Fear Faire, An / Lúgh Mac Céin / Seán na
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Ó Nualáin, Tta.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TÍREÓLUIDHE AR ÉIRINN
REUMH-FHOCAL.



Is féidir rud mór suime a dheunamh de Thír-Eólas na
h-Éireann. Níl, dar liom, aon abhar eile léighinn chó mór
suim leis don lucht foghluma — má ceangaltar suas an
Stair-Sheanchus leis. Tá cothrom don mhúinteóir Stair-
Sheanchus an Náisiúin agus Beul-Sheanchus na Paróiste
agus gnóthaí na ndúl do léiriú ar chuma dheas réidh (ón
léirscáil) agus gheobhaidh na scoláirí taithneamh ann.



Más in a rud tur gan taithneamh a múineadh Tír-Eólas na
h-Éireann go dtí so, b'é sin leis dála a lán abhar eile
nách é. Daoine thar lear agus daoine gan mórán suime
acu i scoluíocht, is iad a cheapadh réim oibre na bliana.
Tá deire feasta leis an sórt san mar gabhan an Seanchus
agus an Tír-Eólas in aonacht len a chéile anois, le hórdú
ó Aire Oidis na Dála.



Iaracht ar an “tur-eólas gan taitneamh” a sheachaint
is eadh an TÍREÓLUIDHE seo. Táid leabhair scoile an
Bheurla lán den tsórt san.



Ó bheith ag siubhal na Mumhan le fiche bliain agus ó
bheith ag cainnt le Gaedhilgeóirí ó dhúichíbh eile seadh fuair-
eas furmhór an tSeanchuis Gaedhal atá anso. Agus do
léigheas cuid mhaith leabhar in a raibh Tír-Eólas ar Éirinn.



Tá canúint gach Gaedhaltacht sa' tír anso istigh, in a
ceart-ionad fhéin.



FOCAL BUIDHEACHAIS.



Táim buidheach de sna cáirde a thug comhairle agus
focail bheaga eólais dom san obair seo, agus tá comaoin
mhór go léir curtha ag Riseárd Ó Foghludha (“Fiachra
Éilgeach”) orm mar is é ghlan an láimhscribhinn dom i
gcóir an chlódóra — agus níor ghlanadh go dtí é. Má thá
aon ní neamh-chruinn anso istigh ní h-eisean is cionntach
leis.


L. 1


I. — TÍREÓLAS NA h-ÉIREANN.



ÉIRE AR AN LÉIRSCÁIL MHÓR.



Feuch ar an léirscáil agus chífir gur oileán
Éire agus gurb í an tír is sia siar san Eóraip
í. Lastoir d'Éirinn tá oileán a bhfuil trí tír
ann mar atá: an Bhreatain Bheag, Sasana agus
Alba. Níl ach taisteal uair a chluig ar an
loing idir Éire agus an Bhreatain Bheag.



Laisteas d'Éirinn tá an Fhrainnc agus an
Spáinn. Taisteal lae ann (ar an loing) go dtí
an Fhrainnc agus taisteal trí lá go dtí an
Spáinn.



Níl aon tír i gcomhgar na h-Éireann ar an
dtaobh thiar, mar tá America an-fhada ó bhaile.
Tá taisteal seachtaine nó mar sin ar an loing
ó Éirinn go dtí an tír mhór sin.



Lastuaidh de thír na h-Éireann tá oileán eile;
é níos mó ná Éire. Inis Tuile an ainm atá
air sin. Is fánach a bhfuil de dhaoine ansúd
mar tá sé an-fhuar ann. Do théighdís naoimh ó
Éirinn go dtí an tír sin sa tsean-aimsir.



AGHAIDH NA TÍRE.



Dá dtéighthá in áirde sa spéir ar aer-loing
agus dá bhfeudtá Éire go léir a thabhairt leat


L. 2


d'aon fheuchaint amháin (rud nách féidir) is mar
seo a bheadh ceannacha (nó aghaidh) na tíre:



1. Abha mhór fhada — abha na Sionna — mar
theorainn idir dhá dhúthaigh. Sléibhte móra ar
an dtaobh thiar de'n teorainn sin (i gConnach-
taibh).



2. Abha fhada eile — an Abha Mhór — treasna na
Mumhan (ó Chiarraighe Luachra go talamh Déise);
agus dhá abhainn eile laisteas (an Laoi agus an
Bhannda) — iad ar chomh-chúrsa leis an Abha
Mhór. Sraith sléibhte i gcomhgar gach abhann acu-
san (Sliabh gCrot agus an Gaibhlte eile; na
Bagracha agus Cnoic Dhoire na Sagart;
Sléibhte Bhéara agus Chairbre). Agus laistiar
de thobar gach abhann acu-san tá sraith eile
sléibhte (na Cruacha Dubha agus na sléibhte eile
atá i gcomharsanacht Chíll Áirne).



3. Tá cheithre sruth eile uisce le tabhairt fé
ndeara ón aer-loing; iad go léir sa dúthaigh
cheudna agus cúrsa gach abhann acu fé dhéin na
faraige ceudna. (A n-ainmeacha san: an
tSláinghe, an Bhearbha, an Fheóir agus an tSiúir.)



4. Chífeá lear leathan uisce sa taobh thuaidh
(Loch n-Eachach i gCúige Uladh) agus sléibhte árda
lastuaidh agus laisteas de.



5. Agus gné eile a bheadh soiléir duit —
sléibhte fan imeal na tíre timpal, agus
machaire mór íseal in a lár istigh. An tír uile
ar deunamh garbh-mhéise, mar adeurfí.



6. Chífeá go bhfuil an cósta thiar an-bheárnach,
ranna annspianta talmhan ar nós méireana
do lámh, ag gobadh amach sa mhuir, agus cuanta


L. 3


fada caola taobh leó. Talamh báite iseadh gach
cuan acu-san, mar do bhrúig uisce na faraige
isteach ar an dtalamh, agus bhí an talamh féin ag
dul in ísle agus i maoile diaidh ar ndiaidh.
Agus tá an-chuid oileán le h-ais an chósta.
Carnáin tailimh a gearradh amach ón míntír is
eadh na h-oileáin sin mar d'ísligh nó do shearg
an talamh eile agus tháinig uisce na mara
aníos air. (Feuch cósta thiar na h-Alban agus
na Norga ar an gcuma gceudna.)



7. Chífeá ná fuil an cósta thoir chó h-aimh-
réidh sin ar chor ar bith. Níl na cuanta fada
caola ann, 'ná na h-oileáin.



8. Agus dá mbeadh teudán treasna
adtuaidh ó bhun Locha Feabhail in Inis Eoghain i
gCúige Uladh go bun tSionna siar i gCúige
Mumhan chífeá gur lastoir agus laisteas den
líne sin atá cathracha agus bailtí móra na
h-Éireann.



LÉIRSCÁIL NA h-ÉIREANN.



Feuch ar léirscáil na h-Éireann go bhfeicir
a faid agus a leithiod, agus an chuma in ar
roinneadh amach in a cúigíbh í.



Ó Charn Uí Néid sa Mhumhain go dtí
Beann Mhór i gCúige Uladh tá taisteal dhá lá
ar ghluaisteán mhall — tímpal dhá cheud míle
is dachad (240). Agus ó Bheann Éadair
i gCúige Laighean go dtí Ceann Léime i
gConnachtaibh tá taisteal lae ar an mótar —
tímpal ceud míle agus dachad (140). Tá


L. 4


mórán cuan agus bágh ar imeal-bhórd na
h-Éireann agus tá, dá bhrí sin, a lán ar fad
den talamh in aice na faraige.



Tá chúig cúigí in Éirinn, mar atá: cúige
Mumhan sa' taobh theas; cúige Uladh sa taobh
thuaidh; cúige Laighean sa taobh thoir; cúige
Connacht sa taobh thiar, agus cúige na Midhe
i lár baill.



AER NA h-ÉIREANN.



Tá gaoth na h-Éireann bog i gcompáraid le
gaoth na h-Eórpa. Ní bhíon an Samhradh ró-
bhrothalach ná an Geimhreadh ró-fhuar in Éirinn;
agus ní gá do sna feirmóirí na beithígh do chur
isteach sa chró ach anois is arís sa Gheimhreadh;
ach i dtíorthaibh eile bídh na beithígh sa chró an
Geimhreadh ar fad.



Cé ná fuil mórán fuachta ná mórán brothail
in Éirinn tá an-chuid fliuchra ann. Is ón
bhfaraige mhór aniar a thagan an ghaoth coitianta
agus gaoth a bhíon bog fliuch í sin. Is mó den
fhearthainn a thuitean in iarthar na h-Éireann
'ná sa chuid eile mar is goire don bhfaraige é
agus buailean an ghaoth aniar é cruinn díreach
agus tá mórán sléibhte ann.



Tuiteann níos mó 'ná trí fichid órlach fear-
thanna (60) in aghaidh na bliana i gConnamara
agus níos mó 'ná cheithre fichid órlach (80) i
gCíll Áirne sa Mhumhain; ach ní thuitean níos
mó 'na deich n-órlach fichead (30) i mBaile Átha
Cliath agus i mBrí Cualann agus i nUibh Failghe
i gCúige Laighean.


L. 5


Is rialta go mór mar a thuitean an bháisteach
in Éirinn ná in Albain agus 'ná i Sasana. Níl
aon áit sa tír seo chó fliuch le h-iarthar Gharbh-
Chríche na h-Alban (na “Highlands”) 'ná le
dúthaigh na sliabh sa Bhreatain Bheag. Agus ní
bhíon aon bhrothal marbhthach riamh sa' tír seo
mar a bhíon in East Anglia i Sasana. Agus
ní bhíon puinn fuachta 'san aer ag Cóbh
Chorcaighe sa gheimhre' — é chó bog le h-aer
Ribhiera na h-Iodáile, beagnách.



Fásaid planndaí agus luibheana in áiteanaibh
sa Mhumhain agus is í an Spáinn is talamh dúchais
dóibh. Planndaí síor-ghréine iad ná fásan fiain
i dtíorthaibh atá lastuaidh den Iodáil. Cuirean
sé iongna ar dhaoine iasachta iad fheicsint ag
fás fiáin fén aer mar sin in Éirinn. Tá an-
chuid den Singirlín (Fuchsia Macrostemon
globosa) agus den Bhéarónach (Veronica
Speciosa) in áiteanaibh sa Mhumhain .i. Oileán
Cléire agus in Oileán Dairbhre agus tá an Slán
Iomaire (Centranthus Ruber — den treibh Valer-
iana) luibh iongantach a mhairean ar an ngaoith.
É go flúirseach ar dhá thaobh na Laoi idir Chor-
caigh agus an Cóbh, agus timpal Cionn tSáile
i gCineál Aodha, agus in Eóchaill cois Abha
Móire.



Agus an crann áluinn ar an mbídh na caora
cróndearga .i. an Crann Caithne (Arbutus


L. 6


Unedo) fásann sé-sin go flúirseach agus go
borb ar bruach Locha Léin i Magh gCoiniche sa
Mhumhain. I ndeire an Fhomhair a bhíon na h-ubhla
caithne ar na crannaibh agus is áluinn an radharc
ansan iad.



Tá mórán féir ghlais le feicsint in Éirinn
i gcaitheamh na bliana ar fad, de bhárr na
báistighe. Uime sin a dubhairt an file an focal:
“talamh iath ghlas Éireann.”



Do mheas daoine, tráth, go raibh an Sruthán
Té úd .i. The Gulf Stream, ag bualadh ar chósta
na h-Éireann ag déanamh aer na tíre bog,
ach ní creidtear é sin anois. Is é an ghaoth bhog
aniar andeas ón bhfaraige a dhéinean an t-aer
chó bog san.



Is mór an bhail orainn go bhfuil gaoth na
hÉireann bog mar sin. Ní h-ionnan saoghal
dúinn-ne agus do sna h-Éireannaigh a chuaidh
go h-America agus go dtí an Ástraoil agus
go dtí an Aifric Theas. Má chasann duine acu-
san ar a pharóiste féin, cuir ceist air i dtaobh
brothail an t-Samhraidh agus fuacht an Gheimhridh
ins an tír úd in a raibh sé féin.



SAIBHREAS NA hÉIREANN.



Aon tír in a bhfuil an talamh go maith méith
bu cheart don tír sin bheith saibhir. Agus tá Éire
saibhir go maith, agus bheadh sí níos saibhre go
mór dá mbeadh an tír saor ó gach smacht thar


L. 7


lear. Nuair a bheidh dlí cheart Ghaedhlach againn
ní baoghal go bhfágfar an oiread tailimh díomh-
aoin agus a fágtar anois — gan aon rud ag
fás air ach Buachalán Buidhe agus Feóchadáin.



Thall sa Bheilg agus sa'n Olónt (Tír fó Thuinn)
agus san Eilbhéis ní bhíon aon talamh gan toradh.
Náisiúin bheaga eile iad san. Is saibhre go mór
talamh na hÉireann ná talamh na dtíortha san.



Coirce agus prátaí an dá bharra is fearr le
feirmeóirí na h-Éireann. Cuirtar mórán ime
agus bagúin agus uibhe go Sasana gach bliain
ach tá tosnaithe ar na rudaí sin do chur don
Fhrainnc agus don Spáinn le déanaighe ó
briseadh an ceangal dian a bhí ag Sasana ar
Éirinn — ó bhliain a 1920 anuas.



Fadó, nuair a bhí crainn ag fás go flúirseach
in Éirinn ní raibh an talamh ná an t-aer chó fliuch
agus atá anois. Thugadh an talamh cruithneacht
go maith an uair úd. Agus do bhíodh na caora
fíniúna ag fás amuich fe'n spéir. Dubhairt
Professor Tyndall (ó Choláiste na Tríonóide i
mBaile Átha Cliath) dá gcuirtí na crainn arís
i lár na h-Éireann go mbeadh aer na h-Éireann
mar atá aer Dheiscirt na Frainnce agus go
dtabharfadh an talamh caora fíniúna mar a
dheinean sa bhFrainnc. Bheidís le fáil fiáin in
Éirinn ansan, mar bhíon na smeura dubha.



BRÍ NA LÉIRSCÁILE.



Breithniú Beag — Ós oileán Éire is soléire
a cuma ar an léirscail 'ná aon tír atá i lár na
h-Eórpa. Tá teóra an-shoiléir le h-Éirinn .i.
an fharaige mhór. Ní mar a cheile í agus tíortha


L. 8


beaga na h-Eórpa atá gan aon rud i bhfuirm
teórann soiléire leó.



Feuch ar an léirscáil agus aimsigh t'ionad
comhnuithe féin agus leanadh do mhéar go dtí
an bóthar iarainn is goire dhó. Dá dtéighthá ar
an dtraen as san go Baile Átha Cliath chífeá
aibhnte agus bailte móra agus sléibhte, &c.



(Feuch cad iad na h-aibhnte a chífeá dá dtéighthá mar
sin ód' stáisiún féin go Baile Átha Cliath.)



Dá mbeadh long ag féitheamh leat i mBaile
Átha Cliath agus í do dhul timpal na h-Éireann
do chífeá na cuanta so:



AR CHÓSTA CHÚIGE LAIGHEAN:



Cuan Átha Cliath agus Cuan Loch Garman.



AR CHÓSTA CHÚIGE MUMHAN:



Loch Dá Chaoch mar a mbuailean an tSiúir leis an sáile,
Cuan na Trá' Móire, agus Cuan Garbhán, Cuan Eochaille
mar a dtagan an Abha Mhór isteach sa mhuir, Cuan Chorcaighe,
Cuan Chionn tSáile, Cuan Chúirt Mhic Shéafraidh, Cuan
Chlanna Caoilte, Cuan Dor, Loch Treasnach, Cuan Chruacháin,
Cuan Dún Mhaonais, agus Inbhear Scéine idir Bhéara agus
Uíbh Ráthach; Cuan Bhaile na Scealg, Bágh an Daingin
agus Cuan Bréanann agus Cuan “Tráighlí.” Tá faid mhór
uisce ann go dtugtar Inbhear na Sionna air, ach ní cuan
ceart mara é sin.



AR CHÓSTA CHÚIGE CHONNACHT.



Idir Chlár Mumhan agus Connachta, tá cuan mór .i.
Cuan na Gaillimhe. Tá an Chaolsháile idir Dhúiche Seóigheach
agus Muirisc. Lastuaidh de sin tá Cuan Modh agus Cuan
an Fhoid Duibh; an t-Inbhear Mór, agus Cuan Chill Alaidh;
agus óthuaidh atá aghaidh Chuain Shligigh.


L. 9


AR CHÓSTA CHÚIGE ULADH.



Cuan na nGall, Cuan na Long agus Loch Súilighe i dTír
Conaill; Loch Feabhail idir Thír Conaill agus Tír Eóghain,
agus i dTír Eoghain atá Tonn Tuaighe. Tá Cuan Bhaile
Chaisleáin agus an Cuan Ruadh ar chósta Dhál Riada. I
nDál nAraidhe atá Loch Ollarbha. Idir Dhál bhFiatach
agus Dhál nAraidhe atá Loch Laoigh. Ar imeal-bhórd
Dhál bhFiatach atá Loch Cuan agus Tonn Rudhraighe; agus
idir Oirgheala agus Dál nÁraidhe atá uisce na
Cáirlinne. Agus laisteas de sin tá Cuan Sráid-Bhaile
Dhúndealgan.



Is léir ón méid sin gur rud iongantach
léirscáil, agus gur féidir eólas na slí do
chur agus cuma na tíre fheicsint ach feuchaint
go cruinn ar an léirscáil.



Agus is léir uaithe, leis, an treó uainn 'na
bhfuil tíortha eile agus an fada uainn iad,
agus gach áit 'na mbuailean an mhuir agus
an tír le chéile; agus chímíd mar a ghabhaid na
bóithre agus na h-aibhnte atá againn chun
earraí do bhreith ó áit go h-áit. Tá slí eile
anois ann chun dul ó áit go h-áit — 'sé sin
ar aer-loing.



Agus is léir dúinn gach áit in a bhfuil
cnoic nó sléibhte agus is iad san a threorigheann
na h-aibhnte. Tá mórán sráideana agus
bailtí móra ann ná beadh ann in aon chor
muna mbeadh go bhfuil aibhnte sa duthaigh.
Níorbh fhéidir dúinn puinn tír-eólais fhoghluim
gan léirscáil. Nuair a bhíon leabhar 'á léigheamh
agat agus ainmneacha bailte móra agus locha
agus sléibhte ann, feuch a bhféadfá na h-áiteana
san d'aimsiú ar an léirscáil.


L. 10


Aon uair a théighean tú sa traen nó ar
an loing feuch ar an léirscáil roimré,
agus beidh rud foghlumtha agat de bhárr do
thurais.



Turas Eile. — Dá dtéighthá ar bórd loinge
mar a dheinis cheana agus gabháil timpal na
h-Éireann arís dféadfá níos mó fhoghluim an
tarna turas. Thabharfá fé ndeara “inter
alia” gur sa taobh thiar atá furmhór na gcuanta.
An ghaoth mhór aniar agus leadairt na faraige
agus briseadh na dtonn a rinn.



Cuan Átha Cliath. — Isteach go Baile Átha
Cliath a thagan loingeas ó Shasana agus ón
bhFrainnc agus an duine a thagan isteach go
h-Éirinn mar sin cuirean Cuan Átha Cliath
aoibhneas croidhe air. Tá cnuic áilne ós
cionn an Chuain agus mórán crann, den uile
shaghas, ag fás ar gach port de. Agus anso
agus ansúd ameasc na gcrann tá tighthe deasa
comhnuithe.



Ar an dtaobh thuaidh den chuan tá Beann
Éadair, áit go dtugaid muinntir Bhaile Átha
Cliath cuaird air go minic sa tSamhradh. Dein-
tar a lán iascaireacht sa chuan san. Nuair a
fheuchfá ódheas chífeá an Dún Mór .i. Brí
Cualann. Tá tráigh an-mhór ansan agus téighid
muinntir na Cathrach in a sluaitibh ann sa
tsaosúr. Comgarach don áit sin atá Cill
Inghean Leinín agus Deilg-Inis dhá bhruachbhaile
dheasa.



Cuanta Chúige Uladh. — Lastuaidh, in Oir-
gheala, tá uisce na Cáirlinne agus na sléibhte


L. 11


breátha úd .i. Beanna Bóirche i gcomhgar an
Chuain. Téighean a lán daoine ansan ag caitheamh
na h-aimsire scuir sa tSamhradh. Dá dtéighthá
go Port Ruis i dTír Eoghain chífeá Tonn Tuaighe
agus i ngar don chuan san atá an clochán
iongantach úd .i. “Clochán na bhFomorach.”
Deir an sean-sceul gur fathach a bhí i Cúige
Uladh fadó agus chuir sé chun bóthar a dheunamh
sall go h-Albain ach nár chríochnuigh sé é.



Is iongantach an radharc an Clochán san. Tá
colúna móra cloiche i ndiaidh a chéile isteach
sa mhuir. Iad go dlúth len a chéile, cuid acu
ceud troigh ar aoirde agus cuid acu fé bhun
slaite. Tá cuma sé-éadanach ar gach colúin
acu; agus iad go léir chó córach san go
gceapfá gur saothar lámh iad. Tá cuid acu
anso agus ansúd agus deinid siad radharc
fé leith: carn ar a dtugtar “Cathaoir an
Fhathaigh” agus ceann eile ar a nglaodhtar
“Túirne an Fhathaigh.” Tá rudaí eile timpal
na háite sin agus iad chó hiongantach leis an
gClochán féin. Tá pluais mhór ag Port a'
Chuain agus gabhan an sáile ann. Í céad go
leith slat ar fhaid agus fiche slat ar leithiod,
agus í ar déanamh teampail mhóir istigh. Is
féidir dul isteach innte i mbád agus is maith
is fiú í fheicsint.



Tá pluais den tsórt cheudna comhgarach do Bhaile
Mhistéala sa Mhumhain. Fear a bhí ag baint cloch i gcoiréal,
do tháinig sé ar an uaimh sin. Tá sí an-iongantach ar fad
istigh. Tá Coinnle Reó de'n “stalactite” anuas ón
ndíon, agus amach ó sna fallaí. Nuair a lastar an uaimh
le tóirsí níl aon treó ach a breáthacht — le scáileana
aisdeacha agus le solus agus datha.


L. 12


Ar na cuantaibh eile atá thuaidh tá Loch
Súilighe agus slí ann do sna ceudtaibh long;
ach níl sé chó breá de radharc le Cuan Bhinn
Éadair.



Cuanta na Mumhan. — I gCúige Mumhan atá
Cuan Chorcaighe, “Cuan na gcuanta,” mar a
dtagan abha na Laoi sa mhuir. Tá baile mór
ar bruach an chuain sin go dtugtar an Cóbh
mar ainm air, agus ó bhárr an Chóibh sin tá an
radharc is taithneamhaighe in iarthar na h-Eórpa.
An tslí isteach sa chuan sin, tá sí caol — níl
ach míle slí treasna — ach téighean an cuan i
leithne ansan, agus tá cuma locha air le h-ais
a' Chóibh. Tá trí oileáin ann agus i gceann acu
san — in oileán Spíc a bhí Seán Mistéal fé
ghlas ag Gallaibh i mbliain a 1848.



Isteach sa chuan san a thagann na longa móra
atá ag déanamh trachtála idir Shasana agus
America. Táthar chun feabhas do chur ar an
gcuan, idir cala-phoirt agus baill anncair-
eacht agus nuair a bheidh an obair sin deunta
bu chóir go mbeadh cuan Chorcaighe chó breá de
chuan le h-aon áit i Sasana Nua.



Tá cuan breá eile sa Mhumhain: Cuan Baoi
agus cnoic an-árda ós a chionn agus cúpla
oileán mór ann. Le h-ais cuais den chuan
san atá an Gleann Garbh — áit an-áluinn.


L. 13


II. — NA SLÉIBHTE.



Sléibhte na Mumhan. — I gcomhgar na faraige
is eadh tá na sléibhte is aoirde sa tír, agus is
sa Mhumhain atá furmhór na sléibhte móra. In
aice Chill Áirne sa' Mhumhain atá na Cruacha
Dubha; agus orra-san tá Corrán Tuathail:
an cnoc is aoirde in Éirinn atá 3,414 troigh
ós clár na mara. Láimh le Loch Léin atá an
“Mhangarta mhong-rua” (2,756). Tá radharc
iongantach le feicsint ar bharra Mangartan
mar tá loch i lár an chúim istigh. Feuch leat
an cursíos ar Mhangartain atá ag an Athair
Peadar sa leabhar úd “Mo Sceul Féin.” Ar
chliathán an chnoic tá tobar “agus an Fíon
Spáinneach Féin ní blasta é ná uisce an tobair
sin.” Lámh le Mangartain atá Torc (1,764)
— cnoc áluinn craobhach agus eas mór uisce
fan a chliatháin síos isteach i Loch Léin.



Tá an Fia-Rua (Cervus Elaphus) go fairsing
ar na slébhtibh sin — go mór mór ar Thorc agus
ar Chnoc an Fhiolair.



Siar óthuaidh uatha-san, i gCorca Dhuibhne,
atá Cnoc Bréanainn (3,127) agus ar a bharra-
san a bhíodh Bréanann Naofa ag paidreóiracht.
Sé Bréanann san a rinn an turas faraige siar
chun “talamh iarthar an domhain” naoi gceud
bliain sul ar aimsigh Columbus an Domhan Tiar;
agus do thagair Columbus do thurus Bhréanainn
nuair a bhí sé ag plé a scéil féin os comhair
Ferdinando Rí na Spáinne i mbliain a 1492.
Seann-sceul breá is eadh “Iomramh Bhréanainn.”



Do riaraigh Bréanann gnóthaí na hEaglaise
ó Chiarraighe Luachra óthuaidh go Cluain Feirt


L. 14


Bhréanainn in Uíbh Maine (anonn thar Sionna ó
Bheannachar).



Tá a dó nó a trí 'shléibhtibh eile in iarthar
Chorca Dhuibhne .i. Binn ós Gaoith (2,713);
agus An Chonair agus radharc áluinn go deó
uaidh sin amach, an té raghadh ann lá breá.
Dfheudfá sléibhte Mhuirisc i gConnachtaibh — nó
Cruach Pádraig féin — 'fheicsint ó árd an chasáin
sléibhe sin.



I gCorca Dhuibhne leis comhgarach do Thráighlí
atá Sliabh Mis agus sa cheanntar cheudna atá
Bárr Trí gCom (2,796) agus Cathair Conraí
(2,715). Tá sceul ag Gaedhilgeóiri Chorca
Dhuibhne i dtaobh conus mar a dhéin Fianna
Éireann an chathair do Chonraí ar an gcnoc san.



In Uíbh Ráthach agus comhgarach don mhuir —
do Bhágh an Daingin — atá Cnoc na dTobar
(2,266), agus Cnoc na Druinge (2,104).



Tá sraith sliabh i Magh gCoiniche agus i
Múscraí — timpal Dhoire na Sagart, agus
leath slí idir an Ráth Mhór agus Baile Mhúirne
atá an sliabh is aoirde acu: an Chathair Bheárnach
(2,239). Siar uaidh sin tá dhá bhárr chruinne,
taobh le taobh: Dhá Chích Dhanann (2,268).



In Urumhain (agus ins na Déisibh) atá na
Gaibhlte agus orra-san tá Sliabh gCrot 3,015
troigh ar aoirde. Ag bun an tsléibhe sin tá
Gleann Eatharla mar ar chomhnaigh an t-Athair
Seathrún Céitinn, Dochtúir Diachta agus Léighinn,
ar feadh tamail nuair a bhí sé ar a theiche ó
Ghallaibh (um bhliain a 1620). Eisean a scríobh
an leabhar stair-sheanchuis: “Foras Feasa ar
Éirinn.” Tá pluais in aice le Cathair Dhúin


L. 15


Iascaigh ar a dtugtar an Poll Gránda agus
deirtar gur chaith an Céitinneach suim aimsire
ansan. I gCaiseal na Rí' agus i gColáiste na
Tríonóide cois Life, a rinn sé furmhór a scríbh-
nóireacht' seanchuis.



I nDúthaigh Déise, leis, atá Cnoc Maol
Domhnaigh (2,609), agus sléibhte an Chomraigh.



Sliabh sidhe is eadh Sliabh na mBan bhFionn
(2,364). Mag Feimhean is ainm don mhachaire
mhór a bhfuil Sliabh na mBan i lár baill ann
agus “machaire sidhe” ab eadh é. Nuair a
buadhadh ar Thuatha Dé Danann chuadar chun
cómhnaithe i gcúm a' tsléibhe sin — deir na
seana-sceulta. Agus le linn ceóigh agus
le linn gealaighe téighid siad de sciúrd anuas
ó Shliabh na mBan chó fada ó bhaile le Carraig
Chlíodna in aice le Mainistir na Mórna
i Múscraí mar agcomhnuigheadh Clíodna, banrín
sidhe. Tá sceul ann i dtaobh “Sliabh na mBan
bhFionn tré theine”; agus tá abhrán binn ag
Déisigh i dtaobh eirighe amach a 1798 agus
“Sliabh na mBan” is teidiol dó.



Idir “Chluain gheal Meala” agus Coill Mhic
Thomáisín atá sléibhte an Chomaraigh agus is é
Cnoc an Aifrinn (2,478) an cnoc is mó orra.
Tá an focal so in amhrán an Chomaraigh —
“Plúr na nDéise” — i dtaobh na sruthán atá
le hais a' tsléibhe:



“An Mhachain thall, is abhus an Tae ghil,
Mar mhionáin gabhair le spórt is scléipsult,
Ag snámh anonn ód' bhonn go treun-mhuir,
A Chomaraigh aoibhinn ó …”


L. 16


Amhrán tíréolais agus amhrán molta dúiche
é sin.



Le hais Chluain Fhia Paorach athá Cruachán
Paorach agus comhgarach don Chruachán san athá
Baile an Fhaoitigh agus tá fhios ag gach Gaedhil-
geóir ins na Déisibh cad a thárla do “Cháit
Bhocht” ansúd maidin tseaca:



“Olc a' ceart atá i mBaile an Fhaoithigh:
Clocha ceangailte — agus madraí scaoilte!
Agus Cáit bhocht d'á leagadh
Chó mear is eirighean sí!”



Idir an Abha Mhór agus an Laoi atá Sléibhte
an Bhagraigh agus 'sé “Muisire an cheoig”
(2,119) an bheann is aoirde acu. Tá trácht
ar Mhuisire i “Séadna.”



I mBéara atá Sléibhte Ceachain agus orra
san tá Cnoc Eoin (2,169); é lastuaidh de
Eadargóil. Agus Cnoc Osta (2,251) laistiar
de Eadargóil, agus Cnoc Daod (1,887) las-
toir. Siar, ag ceann na dúthaige ceudna, tá
Sliabh Mioscaise (1,272), agus a lán cnoc
eile i ngar dó.



Níl aon tsliabh i nDál gCais ach an cnoc
árd ar a nglaodhtar Sliabh Callán (1,282).
Uime sin an leath-rann:



“Tá Ciarraighe theas agus ceudta cnoc in a lár.
Agus gan ach Sliabh Callán i nduthaigh spéir Ghlan Chláir.”



Tá cnocán ar mhagh Adhair, gairid d'Inis,
agus is ar an gcnocán sain a deineadh rí de
Bhrian Bóraimhe agus de gach uile thaoiseach
eile a bhí mar rí ar Thuadh-Mhumhain.



Sléibhte Chonnacht — Cúige atá an-chnocach


L. 17


is eadh Cúige Chonnacht. Dúthaigh cnoc is loch
is eadh Connamara agus is ann atá Mám Torc
(2,307), agus Breacán (2,193). Tá sléibhte
eile ar a nglaodhtar Beanna Beola, agus 'sí
an Bheann Bhán (2,395) an ceann is aoirde
den dá bheann deug sin.



Lastuaidh den Chaolsháile tá Sléibhte Mhuirisc
agus orra sin tá Maol Riabhach (2,688) agus
Beann Burraidh (2,610) agus an Bheann Ghorm
(2,303). Tá radharc áluinn ó Mhaoil Riabhach
ódheas ar an gCaolsháile: coillte áilne ar gach
taobh den uisce sin; agus Coill Mhór, áit
aoibhinn uisce agus crann. Gairid do Chuan Modh
agus i bhfogus Chathair na Mart tá Cruach
Pádhraic (2,510) an cruc mór ar a mbíodh
Pádraig Naofa ag guidhe chun Dé. Déintar
turas go bárr an chnoic sin uair sa mbliain
agus léightar an t-Aifreann ar fhíor-bhárr
na binne. Tá séipéal beag thuas ann
agus is i málaíbh, ar ghuailnibh daoine, a
beireadh suas na clocha atá i bhfallaí an
tséipéil sin. Tá siubhal sé uair a chloig ó
bhun go bárr na Cruaiche agus déinean na
mílte duine é sin uair sa mbliain. Tá radharc
rí-bhreá ó bárr Chruach Pádhraic anuas ar Chuan
Modh an cuan in a bhfuil Inis Cliara — agus na
ceudta mion-oileán gairid di: “ceann acub
sin in aghaidh an uile lá dhen mbliain.”



Ar phlána Mhuighe Eó atá Sliabh Pártraighe
agus tamal uaidh sin atá Mám Treasna (2,207)
agus Beann Bhuidhe (2,309). Gairid do Shliabh
Pártraighe atá coláiste Gaedhilge Thúr Mhic
Éide. Micheál Breathnach (nách mairean) an
cheud mhaigistir a bhí ansin — Connachtach óg


L. 18


deigh-mheabhrach a rinn árd-obair ameasc Gaedhal
i Lonndain Shasana gur bhris ar a shláinte, de
dheascaibh na h-oibre sin. Chuaidh sé san Éilbheis
(i mbliain a 1906) ag iarraidh sláinte ach ní
dheárna an turas mórán tairbhe dhó. Scríobh
sé cúntas an-deas ar an dtír úd. Seo focal
as (a' “Seilg i measc na nAlp”):



“Feuch na h-Alpa móra. Nách fada é a saoghal. Nách
mór dfheudfidís innseacht. Chonnacadar Gáll agus
Columbánus ag craobhscaoileadh Soiscéil Dé. Chon-
nacadar Daithí Rí ar a thuras deireanach tráth ar mhar-
bhuigh an teine gealáin é fá n-a mbun. Táid ansin ag
dearcadh uatha ó thús a' domhain. Nach fada é a stair agus
a seanchus. Nách dtiocfadh leób a rádh liom-sa mar a deir
an bhócna mhór leis an mbraon fíor-uisge a bhíos ag sileadh
as taobh na h-aille:



“Smaoinigheas nách bhfuil ‘i saoghal an duine ach ceó’ —
mar a deireas na sean-Ghaedhilgeóirí — i gcomórtas leis
an síoruidheacht atá rómhainn agus gur beag suarach í
obair an duine i gcomórtas le h-oibreacha móra Dé …”
(lch. a 31).



Bhí aithmheula an-mhór ar gach uile Ghaedhilgeóir
faoi bhás Mhichíl Breathnach agus chaoin na filí
le chéile é:



“… Tá coláiste Chonnacht gan a h-ollamh léigheanta.
Is an chúige ar fad gan an mac bu thréine;
Ach ní h-iad amháin atá ad’ chaoi, a thréin-fhir
Ach clanna Gaedhal ar fuid na h-Éireann …”



Bhí an fia rua le feiceál ameasc na sliabh
in Iarthar Chonnacht go dtí fiche bliain ó shin.
Níl sé in áit ar bith sa tír anois ach amháin i
ndúthaigh Locha Léin sa Mhumhain.


L. 19


Ar an dtaobh thiar de Loch Con i dTír Amh-
laighe atá Néifinn (2,646), agus Néifinn
Bheag (2,065). 'Sa scéilín úd “Taidhbhse an
Chrainn,” tá trácht ar Néifinn ann. 'Sa dúthaigh
cheudna atá Sliabh Ceara (2,369). Amuich ar
Oileán Acla tá dhá shliabh — Sliabh Mór (2,294),
agus Cruachán (2,192) agus bu mhór an áit
fiolar gach sliabh acu-sin, uair. Dob éigean do
mhuinntir an oileáin nimh a thabhairt dóibh-tha,
bhí oiread sin éirligh 'á dheunamh acub ar uanaibh
óga. I dTír Fhiachrach atá Sliabh Gamh agus
Cnoc na Loinge (1,778). Ar an dtaobh theas
de Bhaile an Mhóta atá an Corr Shliabh mar
ar buaileadh an cath i mbliain a 1599 in ar
bhuaidh Aodh Rua' Ó Dómhnail ar na Sasanaigh.
Is ann a treascaradh Sir Conyers Clifford
an taoiseach gallda. Bhí an-mheas ag Gaedhlaibh
air-sin agus chuireadar sa tsliabh sin é agus
thógadar leacht ós a chionn. Lastuaidh de
Shligeach atá an Trosc Mór (2,113).



Tá cnoic lastoir de Loch Gile i mBréifne
Uí Ruairc ar a dtugtar Cnoic-leacach, agus i
gceanntar Locha Ailinne atá Sliabh an Iarainn.
Ar a aghaidh sin anonn, ar an dtaobh eile den
loch, atá mianach Airigne mar a mbaintar
gual maith. I mBréifne atá Sliabh Cuilceach
(2,188) agus is in a chomhgar sin atá tobar na
Sionna.



CNOC CHÚIGE NA MIDHE.



Níl aon rud i bhfuirm sléibhe i gCúige na
Midhe ach is ann atá na cnoic agus na h-áird
go mbainean árd-sheanchus uasal Gaedhal leó,
mar atá — Teamhair na Rí': Cnoc Ríoga Gaedhal


L. 20


mar a ndeintí dlithe an náisiúin. Is é meid
a bhí sa Teach Midh-Chuarta ann (.i. Halla na
Fleidhe) 'ná — trí cheud slat (300) ar fhaid, agus
ceud slat (100) ar leithiod. Ní fada ó Abha
na Bóinne atá an Teamhair sin — agus Cnoc
Sláinghe, agus Tlachta (“Cnoc a' Bháird”),
leis.



Tamal siar ó Loch Ainil tá Cnoc Uisneach
na mór-sceulta — lár baíll h-Éireann mar a
raibh Aill na Míreann cloch theórann na gceithre
ranna — Ulaidh, Connachta, Laighin agus Mumha —
sul a ndeárnadh Cúige na Midhe (um bhliain
a 140).



SLÉIBHTE CHÚIGE ULADH.



Tír beann agus gleann is eadh Tír Chonaill
— Gaedhaltacht mhór Uladh — agus is ann a mhair
Cineal cróga Chonaill agus orra-sin bhí Domh-
nalaigh go bhfuil trácht fós thar lear orra.
Díobh sin Duc de Tetuan sa Spáinn. Agus
is i Valladolid sa tír sin atá Aodh Ruadh
Ó Domhnaill fén bhfód. Bhí deichniúr de
chineal Chonail in a n-árdritibh ar Éirinn ó am
go h-am.



Lastuaidh de shráid Dhún na nGall atá an
Chruach Ghorm (2,219) agus siar ó thuaidh ó Leitir
Cheannainn atá Aireagal (2,466). Sa dúthaigh
sin atá an coláiste Gaedhilge — ag Cloch Cinn
Fhaolaidh mar a mbídh na céadta ag foghluim
gach tsamhradh. Soir ó Loch Súilighe in Inis
Eóghain atá Sliabh Sneachta.



Soir ón Srath Bán i dTír Eoghain atá Sabhal
(2,240) agus na Speiríní. In aice le Baile


L. 21


an Mhullaigh (“Dún Ghaimhein”) atá Carn
Tochair (1,521).



Dál Riada agus Dál nAraidhe na dúichí is
líonmhaire gleann in Éirinn agus tá mórán
cnoc ionnta. Talamh an-árd is eadh an dúthaigh
le chéile ó Bheul Feirste go Beann Mhór.
Is ann atá Sliabh Mis (1,457) mar ar chaith
Pádraig Naofa sé bliana dá shaoghal ag
aodhaireacht muc agus caorach agus é in a
dhaor ag Miolchú; idir an Baile Meadhonach
agus Latharna atá.



Soir ó Bhaile Muine atá an bheann is aoirde
i nDál Riada — Trostán (1,817). I gcomhgar
Bheul Feirste atá cnoc Dubhais (1,567); agus
Beann Mhadáin (1,196) len a mbainean stair
ó bhliain an eirighe amach, bliain a 1798.



Sa dúthaigh úd idir Chois Abhann Dála agus
an Bheann Mhór atá Cnoc Léid (1,695), agus
an Carn Mór (1,254).



Tá mórán gleann íseal i nDál Riada. Tá
Gleann Airibh (le hais a' chósta) an-doimhinn;
é míle troigh síos in áiteachaibh.



Chífeá mórán cineál carraige idir Latharna
agus Beann Mhór ar bhóthar na haille: grian-
chloch dhubh agus cloch gheal chailce agus rua-
chloch ghainimhe agus slinn-chloch liath-ghorm agus
eile.



In nDál bhFiatach — sé sin an tsean-dúthaigh
atá laisteas de Loch Laoigh — atá Beanna
Bóirche agus orra-sin tá Sliabh Bingeáin
(2,449), agus Cnoc an Iolair (2,084) agus
Sliabh Domhangart ar a mbíodh Naomh
Domhangart ag moladh Dé — 2,796 troigh suas


L. 22


ón dtalamh. Agus i ngar don Chaisteal
Rua' atá an Sliabh Bán; ar an sliabh sin atá
an charraig mhór aonair ar a nglaodhtar an
Chloch Mhór. Ins an áit a bhfuil tobar Abhann
a' Lagáin atá Sliabh Crúb (1,775).



In Óirghialla tamal lastuaidh de Dhún Deal-
gan atá Sliabh gCuilinn (1,893). Agus soir
ón sliabh sin, gairid do Iubhar Cinn Trágha,
atá Sliabh Camlocha (1,385). In Ultaibh leis
atá Sliabh Cáirlinne (1,935) agus sléibhte eile
Chuailngne (“Chuaile”). Sa' dúthaigh sin a
thárla an “Táin Bó.” Tá sceul na Tána agus
“Chuchulainn an áigh” ar na seann-sceula is
breátha ar domhan.



Gabhaid sleasa na gcnoc in Ó Méith Mara
anuas go tráigh. Tá sceirí agus carraigeacha
báite i mbeul Chuain Cháirlinne agus Fíórd
ceart .i. cúm faraige is eadh an cuan san.



SLÉIBHTE LAIGHEAN.



Cnoc a bhfuil seanchus ag baint leis is eadh
Beann Éadair (600) i gcomhgar Átha Cliath.
Tá radharc áluinn uaidh óthuaidh agus ódheas.
Tá mórán cnoc eile mór-thímpal Átha Cliath —
An Sliabh Rua', Beannach Mór, Carraig
Ollachair, Beann Damhais, Maol-Ghleann agus
Drom Deire.



Táid eiscir in a lán áit i Laghnaibh agus


L. 23


i gcúige Midhe. Dromana gainimhe iad san a
bhfuil a sleasa go réidh feurmhar. Sé miniú
lucht cloch-eolais orra 'ná gur ins na háitea-
naibh sin a bhí na srutháin uisce ag gluaiseacht
fén leacoighir sa Ré Oighreata, na mílte
bliain ó shin. Tá a lán eiscear beag idir
Chlárach agus an Tulach Mór in Ua bhFailghe.
Agus tá eiscear fada beárnnach treasna na
hÉireann le chéile .i. Eiscear Riada ó Áth
Cliath Laighean go hÁth Cliath Mearaighe gairid
do Ghaillimh) mar theórainn idir an dá sheann-
dúthaigh úd, Leath Chuinn agus Leath Mhogha.



I gCuala — siar ó Bhrí Cualann atá an
sliabh ar a dtugtar Cip Iubhair (2,473). Tá
gleann áluinn sa cheanntar san, Gleann Criatha;
é seacht míle ar fhaid. Lastuaidh de Chip
Iubhair tá an bóthar sléibhe in a bhfuil an Scealp
agus gabhan an-sheanchus leis sin. Sa' duthaigh
laisteas de seadh a bhí Micheál O Duibhir agus
a chuid fear ag troid na Sasanach i mbliain
1798. Tamal laisteas de Ghleann Dá Loch
tá sliabh áluinn .i. Log na gCoileach (3,039),
agus clúdach breá crann air, rud ná feictar
ar mhórán eile sliabh. É sin agus Cnoc Tuirc
cois Léin-Locha, táid siad deallrathach len a
chéile ar an nós san. Soir ó Log na gCoileach,
ag Ráth Droma Deirc, seadh chomhnuigh Seurlas
Páirnéil, fear cinn poluitíochta a cailleadh
i mbliain a 1891. Eisean a dubhairt (i
gCorcaigh) an focal:



“Níl ceadaithe d' aon fhear teóra a chur le
gluaiseacht Náisiúin chun Saoirse.”



Tá mórán cnoc eile agus sliabh sa dúthaigh


L. 24


cheudna, agus gleannta áilne — mar Ghleann
Dá Loch agus Gleann Maoiliúra agus Gleann
Airt, &rl. Ar fuid na tuaithe sin bhí réim
agus comhacht ag Fiach Mac Aodha an taoiseach
treun úd de Shíol mBroin.



Agus i nduthaigh sin Cualann athá an limis-
téir ghrian-chloiche is fairsinge sa' tír (nó in
iarthar na hEórpa, bfhéidir) agus is ann atá an
bóthar is aoirde de bhóithribh árda na hÉireann:
ó Chill Achaidh i gcomhursanacht Átha Cliath go
Gleann Criatha' agus as san go dtí Ghleann
Mac Neasa (mar a bhfuil eas breá uisce)
agus as san go Láthrach agus Gleann
Maoiliúra agus Gleann Dá Loch agus ódheas
go hAcha Bheannach mar ar chomhnuigh an
Réamonach fear cinn poluitíochta (ná mairean);
agus as san go Mainistir an Bhealaigh. Tá
furmhór an bóthair sin breis is míle troigh
(1,000') ós cionn clár mara.



Tá sean-bhearaicí gallda in uachtar gach
gleanna ann ón uair úd a bhí Síol mBroin
agus Duibhirigh go mí-dhílis do rí Shasana.



Tá tobar cúpla mór-abhann sa dúthaigh sliabh
san. Agus fan an dosaon míle slí ó Chill
Achaidh ódheas is uaigneach fiáin an dúthaigh
fraoigh í — gan ann ach tigh fánach.



Soir ó Bhuirgheas Ua nDróna atá Suidhe
Laighean (2,610); agus an Staidhre Dubh
(2,409) soir ó Ghráig na Manach. Agus ag
bun cnoic eile: Cruachán Cinnsealach (1,937)
seadh baintí an t-ór, tráth. Cnapán garbh
óir a fuarthas sa chnoc san i mbliain a 1795
bhí dhá únsa fichead (22) de mheáchaint ann.


L. 25


Deirid lucht cloch-eólais go bhfuil an cineál
ceart cloiche ansúd chun ór a bheith in áit éigin
fós ann.



DO CHOMPARÁID ANSO.



Nílid sléibhte na h-Éireann árd i gcomórtas le sléibhte
an Domhain Toir ná le h-Alpa na h-Eilbhéise. Tá cuid
acu-san ón a chúig uaire go dtí n-a hocht n-uaire níos
aoirde ná Corrán Tuathail sa Mhumhain — atá 3,414 troigh
ar aoirde. Feuch a n-aoirde seo: Mont Blanc na nAlp
(ar theórainn na hIodáile) — 15,784 troigh. Sliabh Elburas
(i gCácuis na Rúise) — 18,526 troigh. Agus Sliabh Éibheres
an bheann is aoirde des na hImiléithibh (ins na h-India-
chaibh Thoir) — 29,000 troigh ar aoirde!


L. 26


III. — NA hAIBHNTE.



AN tSIONNA.



I mBréifne in aice le Sliabh Cuilceach,
atá tobar na Sionna. Amach a' linn bheag a
thagan an abha mhór san. Ódheas atá a cúrsa
go dtí an áit in a ndéinean loch di — Loch
Ailinne, agus ar bruach an locha san atá
Airigne agus mianach guail in a chomhgar.
Tamal maith ón mball san déinean dhá
loch eile dhi: Loch Bó Deirge agus Loch na
Foraoise agus d'éis achair eile déinean loch
mór áluinn di — Loch Ríbh agus in a fhíor-chomhgar
san atá Áth Luain agus easach deas uisce
ann. Rinneadh gníomh mór ar son na hÉireann
ar Dhroichead Áth Luain in aimsir an tSáir-
séalaigh nuair a choingibh Pádraig Costún an
namhaid amach ón sráid. Marbhuigheadh é féin
agus a dheichniúr comrádaithe ar an ndroichead.



Aimsir “Tháin Bó Chuailgne” is ansan a
scaoil Donn Cuailgne luan nó más a namhad
(Fia-Bheannach) uaidh. Agus de sin an ainm:
Áth Luain.



Áit gur mhór le rádh é i gcúrsaí cogaidh ab
eadh é ós ann a bhí an t-Áth Mór mar a gabhtí
treasna na Sionna agus mar a bhfuil sean-dún
daingean fós.



Ar gach taobh de Áth Luain tá an dúthaigh an-
íseal ach amháin theas ar fad mar a bhfuil srath
árd-chnoc (i dtreó Chill Dá Lua); agus is fé
dhéin na gcnoc san a ghabhan an tSionna i slí
go measfá gur suas in aghaidh fánaidh atá a
trial. Aimsighean sí beárna ansúd agus tá


L. 27


sí mear-chéimeach as san go Luimneach; tuitim
ocht dtroigh (8') i ngach míle slí aici — in ionad
an leath-troigh (1/2') sa mhíle slí mar atá idir
Chill Dá Lua agus Liatruim.



Tá a lán oileán i Loch Ríbh, agus radharc áluinn
ó gach bruach de. Sa cheanntar san a dhein
Maol-Sheachlainn an margadh síochána le Brian
Bóraimhe i mbliain a 999. Bu mhór uasal an
gníomh a rinn Maol-Sheachlainn an lá úd nuair
do bhronn sé ríge na hÉireann ar Bhrian.



Laisteas de Áth Luain atá Cluain Mhic Nois
mar a raibh an scoil mhór-cháile ag Ciarán
Naofa, tuairim bliain a 550. Bhí daoine ó gach
áird den Eóraip ar an scoil sin. Tá cuid
den scoil agus den mhainistir le feicsint fós
agus a rian ann gur tighthe an-bhreátha a bhí ar
Chluain Mhic Nois an uair úd — míle go leith
bliain ó shin, geall leis.



Ó Phort Omna go Cill Dá Lua tá an tSionna
in a loch arís — Loch Deirg-Dheirc. Ar bruach
thiar an locha san atá an talamh a bhí tráth i
seilbh Iarla Clannriocaird. Tá tighthe gan
fuinneóig gan díon le feicsint ansan. Cuireadh
na tionóntaithe amach asta agus leagadh na
tighthe, nuair a bhí an tiarna gallda san suas.



Tá tigh acu-san ar a nglaodhtar “Dún
Saingil” agus do chimeád muinntir an tighe
sin seacht gceud fear (700) den arm ghallda
amach a' seilbh na h-áite ar feadh deich lá.



Laisteas tá cuan beag ar a nglaodhtar cuan
Eóchaill Ara agus tá coiréal (coiléar) slinne
in a chomhgar san. Tá cuan eile in-aice na
Scairbhe agus is ann atá Inis Cealltra — oileán
ar a raibh scoil mhór agus tighthe Eaglaise ag


L. 28


Naomh Cuimín (um bhliain a 650), agus mar ar
mhair Donátus, an té bhí in a easbog ar Fíesóle
na h-Iodáile. Tá go leór fothracha ann fós
agus cloig-chill atá deich dtroigh is trí fichid
(70) ar aoirde.



Sa bhFiacail a chuir Brian Merriman “Cúirt
a' Mheodhain Oíche” in a suidhe. File binn
fonóide ab eadh eisean. Tá cur síos áluinn
sa dán san ar aoibhneas gacha radhairc sa
dúthaigh sin:



“Taitneamhacht aoibhinn suidheamh na sléibhte
Ag bagairt a gcinn tar druim a chéile.”



Áit an-dheas ar bruach na Sionna is eadh Cill
Dá Lua agus bu mhór le rádh é, tráth, i gcúrsaí
eaglaise agus scoluíochta. Tá mórchuid de
iarsmaí na sean-aimsire le feicsint fós ann
agus cill an stua' ghreanta a bhí ag Naomh Lua
(um an sémhú ceud — 600) tá sí le feicsint
fós ann. Ansúd, leis, a bhí dhún ríoga Bhriain
Bóraimhe ag Ceann Cora.



Tá oibreacha marmair 'a ndeunamh i gCill
Dá Lua acht tá imithe go mór den ghnó le roinnt
bhlianta anuas. Baintar slinn sa chomharsanacht,
leis.



Tá coillte breátha ar gach taobh den loch san
ag Cill Dá Lua agus níl in Éirinn áit is deise
radharc le linn dul-fé don ghréin.



San áitsin agus ag Caisleán Ó gConaing
tá árd-iascach breac agus bradán. Tá dian-
sruth agus easach san abhainn ag Caisleán
gConaing, agus ag Dún Easa.


L. 29


Ar bruach theas na Sionna atá cathair Luimnigh
ach tá cúinne dhi — Geata Thuamhan — ar an
mbruach thuaidh. Sean-chathair go bhfuil stair-
sheanchus mór ag baint léithe is eadh Luimneach.



Minic a chítar céimaghra sa tSionna siar ó
Luimneach: long ar snámh idir spéir agus
talamh; nó tír-fó-thuinn (dála “Chill Stifín”
in-aice Charraig a' Cobhaltaigh).



Tá mór-chuid sceulta ag sna daoine i
dtaobh na radharcana san. Mínighid lucht
ealadhan an sceul ar a gcuma féin 'á rádh
gur camscáil agus aer soillseach is bun leis
an radharc. Tá tír fó thuinn — “Cill Stifín” —
sa tSionna (idir Charraig a' Chobhaltaigh agus
Baile Bhuinneána') agus innsid Gaedhilgeóirí
Chorca Bhaiscinn mórchuid sceulta 'na taobh.
Gach seachtú bliain a chítear í agus tuar mí-áidh
í don té a chíon. Níl sa tír áit is iongantaighe
spéir 'ná Bun tSionna, oíche ghealaighe agus
scamal.



An sáile atá in Inbhear na Sionna ó Luimneach
siar.



Aibhnte Cabhrach na Sionna.



Sid iad na h-aibhnte cabhrach atá ag an
Sionna. An Eithne atá i ndúthaigh na Midhe,
agus a bun i Loch Ríbh. An Bhrosnach athá sa
dúthaigh cheudna agus a bun cúpla míle lastuaidh
de Bheannachar.



Abha na Suca i gConnachtaibh agus a bun-san
lastuaidh de bhun Brosnaighe.



Gairid don abhainn sin (in Uíbh Maine) atá
Each-Dhruim mar ar marbhuigheadh San Ruth


L. 30


(taoiseach ón bhFrainnc) agus mar ar briseadh
ar arm an Stiobhairt (1691).



Tré Thuamhain a ghabhan an Fhorgus agus
isteach sa tSionna laisteas d'Inis. Tá inbhear
leathan oileánach ag an bhForguis, ach tá sé
crampánach láibeach. Tá dóib ann a fheilean
d'obair bhrící.



An Mháig, agus a bun timpal fiche míle
ó Luimneach. Sa dúthaigh sin a mhair an dá fhile:
Seán Ó Tuama “an ghrinn,” agus Aindrias Mag
Craith — “An Mangaire Súgach” (1770). Ar
bruach na Máighe atá Croma “an tsubhchais”
mar a raibh comhnaí ar an dTuamach. Tá dhá
amhrán bhinne i ndiaidh na bhfilí sin: “Slán
le Máigh” agus “Mo Shlán go h-eug.”



In Áth Dara, comhgarach do Chroma, a bhí dún
ag Gearaltaigh Dheasmumhan — “daoine cróga ná
raibh beann acu ar bhás 'ná ar bheatha.” Sa
dúthaigh sin, leis, a lonnaigh na Pailitínigh, na
daoine iasachta a tháinig ó Phailitinéid na
Gearmáine i mbliain a 1709. Bhronn Sasana
talamh, saor ó chíos, orra; agus gunna
chun a chosanta ar gach fear acu. Tá a síolrach-
san fós ann — iad ar mhalairt nós agus
deallraimh len a gcomhursanaibh.



Ar an dtaobh thiar de bhun Máighe tá Cill
Díoma áit a raibh Tomás Mac Curtáin in a
mhúinteoir Gaedhilge (in a “mhúinteoir taistil”)
tamal dá shaoghal (1906). Marbhuigheadh i mbliain
a 1920 é agus é in a Árd-Mhéara ar Chorcaigh.



Sa' dúthaigh cheudna atá an Daoil — “an Daoil
Ghorm,” a ndubhairt Dáithí Ó Bruadair, file


L. 31


— agus is len a h-ais sin atá Eas Géitinne,
áit sheannda in a bhfuil fothrach mainistreach
agus caisleáin.



Tré Chiarraighe Luachra andeas (ón a bun i
nDúth 'Alla) a ghluaisighean an Fhéil. Tá Lios
Tuathail agus Mainistir na Féile len a h-ais
sin. Dúthaigh filí dob eadh Sliabh Luachra an
ceanntar atá laisteas do Thobar na Féile.
Do chomhnaigh Aodhgan Ó Raithile an té cheap
an líric áluinn: “Gile na Gile,” agus
Dáithí Ó Bruadair, agus Eoghan Rua Ó Súilea-
bháin, tamal sa' dúthaigh sin.



Tá tuairim a naoi scór míle (180) de fhaid
sa tSionna. Is í an abha is sia in Éirinn í,
agus níl aon abha in Albain ná i Sasana chó
fada léi.



Tagan an mhuir aníos chó fada le cathair
Luimnigh — breis agus dá fhichid (40) míle ó
bhun na h-abhann agus tá paistí den inbhear
san an-leathan.



An mó sruthán le chéile (den tsórt is goire dhod' ionad
comhnaithe-se) a bheadh chó leathan le h-inbhear na Sionna
idir Bhaile an Bhuineánaigh (i gCiarraighe Luachra) agus
Cill Chriodáin (i gClár Mumhan)? Bain éirim as an
scáil-thomhus.



Tá dhá chanáil déanta ó bhruach Sionna go
Baile Átha Cliath. I gCúige Mídhe atá ceann
acu-san, agus tré Chuirreach Chill Dara i gCúige
Laighean a ghabhan an ceann eile.


L. 32


AN ÉIRNE.



I gCúige Uladh atá abha na hÉirne. Amach
a' Loch Gamhna ar theórainn Chúige Midhe a
thagann an Éirne agus gabhan sí tré Bhréifne
Uí Raghalaigh mar a ndéinean loch di — Loch
Uachtair. Siar ó thuaidh a ghluaisighean sí ansan
agus isteach i gCuan na nGall. Déineann loch
áluinn di i ndhúthaigh bhFear Monach ar a dtugtar
Loch Éirne; é sin in a dhá leith agus Inis Ceith-
leann (baile mór) eadartha istigh. Tá mór-chuid
oileán ins na lochaibh sin; iad go feur-ghlas
agus go craobhach. Is ansúd atá Duibh-Inis
— áit a bhfuil an chloigchill is áilne agus is
buaine ar chloigchealla na sean-aimsire. Is
minic a luadhtar an Éirne ins na h-amhránaibh.
(Feuch leat: “Loch Léin,” agus “Bhí bean
uasal seal dá luadh liom” agus an “Rós Geal
Dubh,” &rl.)



AN FEABHAL.



Ní dócha go bhfuil aon abhainn eile sa tír is
mó a bhfuil cumeasc uisce innti ná an Feabhal.
Tagan an tSrúil ó Thír Eoghain agus Abha na
Deirge ó Thír Chonaill agus do-ghníd abha eile
.i. an Mhodharn. Agus buailean sí sin um
abhainn eile .i. an Fhinn (nó abha na Cloiche Finne)
ag Leithbhear agus is é cumasc an dá uisce sin
a dhéinean an Feabhal. Isteach i Loch Feabhail a
théighean bun Feabhail. Tá uisce na mara san'
abhainn féin — tamal mór adtuaidh, freisin.
Abha mhear an Feabhal agus abha mhall an Éirne.


L. 33


Ar bruach Feabhail, sa' taobh theas de Inis
Eoghain, atá an chathair áluinn .i. Doire Cholm-
cille mar ar chomhnaigh an naomh iongantach úd
— an duine a bhí borb uallach le linn a óige;
níos mó den fhiolar ann ná den “cholm.”
Ach nuair a tháinig solus an scéil do — t'réis
na mílte bheith marbh ar pháirc an chatha d'á
dheascaibh — do smachtaigh sé é féin. Bhuaidh
sé ar a bhuirbe — go h-iomlán; agus sin é
gníomh is mó d'á mhór-ghníomhraibh. Níl innsint
scéil go brách ar a ndeárna Colmcille ar son
léighinn agus creidimh i gCúige Uladh agus in
Albain — go mór mór in oileánaibh fiáine Alban.
Tá a ainm fós ar oileán acu san — Í Cholmcille —
agus tá árd-bháidh leis ar an dtaobh thall de
Shruth na Maoile — in “Alba an iomad caol” —
mar a bhfuil mórán teampal in onóir dó.



Oileán bu dh'eadh Doire in aimsir Cholmcille.



Tamal siar ón sráid tá sean-dún ríoga
Chinéil Chonail ar a dtugtar Aileach, mar ar
tógadh mórán laoch a rinn gaisce fé “Lámh
Dhearg Ua Néill.” Agus i gcúm an chnoic sin
tá an ghasra marcach in a suan, adeir an sean-
sceul — iad fé arm is fé éide ag feitheamh le
sceul fuascalta Gaedhal.



AN RUAIDH.



Tá abhainn bheag i ndúthaigh sheannda Eoghain
ar an nglaodhtar an Ruaidh agus is i Loch
Feabhail atá a bun. Ar bruach na Ruaidhe atá
Léim a' Mhadaidh agus gairid do sin atá Drom
Ceat mar ar dhéin Colmcille an chainnt bhríomhar,
lá na Dála, ag cosaint na bhfilí agus ar lorg


L. 34


cirt (ó'n Árd Rí) don náisiún beag Gaedhal
a bhí fé riar Dhomhnail, rí Earra Gaidheal Alban.



LOCH N-EACHACH AGUS A CUID AIBHNTE.



Lear mór uisce is eadh Loch nEachach agus a
bruacha ag baint leis na sean-dúichí seo: Dál
nAraidhe, Tír Eoghain agus Óirghialla. É seacht
míle Gaedhlach treasna, an áit is caoile é.
Gabhan an Abha Mhór atá tuairim dá fhichid míle
Gaedhlach (40) ar fhaid — tré Thír Eoghain agus
isteach i Loch nEachach. Ar a bruach sin a
buaileadh cath mór Bheul an Átha Buidhe in
ar bhuaidh an Niallach ar Ghallaibh.



Abha an-fhada is eadh an Bhanna (63 mhíle
Gaedhlach). A tobar ag Beanna Bóirche i nDál
bhFiatach agus a bun i dTonn Tuaidhe, lastuaidh
de Chúil Rathain i gCineál Eoghain. Tá easach
deas san abhainn ag Cúl Rathain. Uisce na
Banna is mó a dhéinean an loch mór. Cuid
den abhainn sin is eadh an loch, fé mar is cuid
den tSionna Loch úd Ríbh. Cois uachtair na
Banna atá Port a' Dúnáin sráid in a mbíon
gleó ag an “gClann Odhar” go minic. Móin
(in ionad guail) a bhíon acu i bPort a' Dúnáin
chun gasa soluis a dheunamh.



Do tugtí oiread san aire de ghnóthaí iascaigh
na Banna tráth gur gabhadh trí cheud agus
fiche (320) tonna bradán innte in aon bhliain
amháin — i mbliain a 1754. (Tuairim caogad
míle bradán (50,000).


L. 35


ABHA AN LAGÁIN.



Sa' taobh thoir de Chúige Uladh athá Abha an
Lagáin (38 míle Gaedhlach). A tobar sin i
Sliabh Crúb agus a cúrsa fan an ghleanna is
áilne agus is méithe i gCúige Uladh. Isteach i
Loch Laoigh a ghabhan a bun. Len a h-ais sin
tá an Drom Mór agus Lios na gCearbhach agus
Beul Feirste — sráid-bhailte na muilne móra
lín. Tá an-chuid leaba long i mBeul Feirste
ar bruach Locha Laoigh — dugana móra in a
ndeintar an loingeas is mó agus is bréatha
ar muir.



ABHA NA BÓINNE.



Lámh le h-Eudan Doire in Ua bhFailghe i
Laighnibh athá tobar na Bóinne agus t’réis
caogad míle Gaedhlach den tslí (50) a chur di
téighean sí sa mhuir, idir bhruacha gainimhe, lámh
le Droichead Átha. Ón áit sin a thagan an
mhin choirce a bhfuil árd-éiliomh uirre sa Mhumhain.
Tagan abha eile — Abha Mhór na Mídhe adtuaidh
ó Loch Muin Ramhair agus téighean sí isteach
sa Bhóinn lámh leis an Uaimh. Ós dúthaigh
chothrom íseal Cúige Mídhe tá gluaiseacht an-
mhall fén mBóinn. Tá go leór coillte fan
an dá bhruach agus fothracha sean-caisleán
agus sean-teampall go tiubh ann. Bu mhór
le rádh í an Bhóinn sa tseanaimsir mar is
ar a bruachaibh a bhí dún Árd-Rí Éireann —
Teamhair na Rí — agus is ar faiche na Teamhrach
san a deintí gach feis agus oireachtas agus
gach cruinniú mór d'á mbíodh ag uaislibh
Éireann. An chloch ar a suídís na ríthe le linn


L. 36


a gcróinnithe — an Lia Fáil — tá sí sa Teamhair
fós. Ach deineadh leac cuimhne dhi i mbliain a
1798 do sna fearaibh a thuit ansúd san Eirighe
Amach.



Sean-roilig rí-iongantach is eadh Brugh na
Bóinne — lios an té úd a bhí mar rí ar shlóitibh
sídhe na h-Éireann — Aenghus Draoi; agus
dia adhanta an ghrá, dar le sean-Ghaedhlaibh.
Coluim bhána a bhíodh mar theachtairí ag Aenghus
nuair is saighde a bhíodh ag Cúpid úd .i. Érós
na Gréige.



I ngar do Dhroichead na Bóinne is eadh
thárla “Briseadh na Bóinne” nuair a bhuaidh
Uilliam a III, rí gallda ar an dara Seumas
rí gallda eile. Tá sceul an chatha san in a
abhar achrainn idir Chaitilicí agus Protastún-
taigh i gCúige Uladh riamh ó shin, go mór mhór
an tarna lá deug de mhí Iúil gach samhradh
nuair a chomóraid an “Chlann Odhar” lá
cuimhnimh an bhuaidh.



Gairid do Áth Truim a chomhnaigh Wellington
.i. diúc agus duine gallda a raibh gráin mhill-
teach aige ar Ghaedhlaibh. Taoiseach in Arm
Shasana ab eadh é agus árd-shaighdiúir ar fad.



ABHA NA LIFE.



Timpal na faide ceudna atá sa' Life agus
sa' Bhóinn (55 mhíle Gaedhlach) ach déinean an
Life cúrsa an-chasta trí ghleanntaibh cama
aoibhne, agus timpal bun cnoc agus sléibhte
(atá go fairsing i ndúthaigh sin Cualann). Soir
ó Chip Iúbhair athá tobar na Life agus i mBaile
Átha Cliath atá a bun. Mar a dhéinean an


L. 37


priachán an sciúrd — cruinn díreach — níl de
thaisteal ón a tobar go dtí n-a bun ach deich
míle. Tá easach uisce ag Poll a' Phúca agus
is maith is fiú dul 'a fheuchaint.



Tá aibhnte eile sa' dúthaigh sin, seandúthaigh
Cualann; tá an Deargail a ghabhan trí cheanntar
rí-aoibhinn agus isteach sa mhuir ag Brí Cualann;
Abha bhFear Tíre go bhfuil a tobar i sléibhte
Cualann agus a bun in Inbhear Dé, cuan de
chuantaibh na Mara Meann, lámh le Cill Mann-
tán. Ón abhainn sin a gheibhid muinntir Bhaile
Átha Cliath a gcuid uisce. Tá loch taisce, ag
an dTóchar chun uisce a chimeád leis an gcathair.



Ó Ghleann Dá Loch, ball áluinn, a thagan
an Abha Mhór. Fraoch is aiteann atá in uachtar
an Ghleanna san, mar is talamh bocht grian-chloiche
é. Agus bánta féir agus coillte tiubha i mbun
gleanna, mar is talamh fónta slinn-chloiche é.
Agus is amhla san, freisin, d'á lán gleann eile
i gCuala agus i ndúiche Ua bhFaoláin: do Ghleann
Mac Neasa agus do Ghleann Maoiliúra, &rl;
agus Ó Ghleann Maoiliúra a thagan an Abha
Bheag agus teagamhuíd siad le chéile i nGleann
na h-Abhann Bige. Tá an radharc san molta
thar fóir ag filí Beurla. I nGleann Maoiliúra
a fuair an Niallach óg agus an Domhnalach óg
foithin agus biadh t'réis éaló dhóibh a' Caisleán
na nGall in Áth Cliath i mbliain a 1591.



Cois na n-aibhnte sin i ndúthaigh Cualann
agus Ua bhFaoláin neaduighean an rí-iascaire
éin úd ar a nglaodhtar an Cruitín [Alcedo
ipsida — (“Kingfisher”)] agus gnáthuighean an
Cat Crainn (Sciurus vulgaris) na coillte ann.


L. 38


“AN TRIÚR.”



Trí h-aibhnte atá go maith fada — gach abhainn
acu ós cionn trí fichid míle Gaedhlach (60) —
is eadh an Bhearbha, an Fheóir agus an tSiúir,
agus de bhrí go ngabhaid siad cúrsa na dúiche
ceudna glaodhtar an “Triúr” mar nua-ainm
orra.



AN TSIÚIR.



I mBeárnain Éile sa' Mhumhain atá tobar na
Siúire agus ódheas a ghabhan sí go dtí Cluain
Meala mar a dhéinean sí casadh soir tré sna
Déisibh agus isteach i Loch Dá Caoch le h ais
Phortláirge. Tá a lán sráid-bhailte cois na
Siúire — An Teampal Mór, Durlas Éile, Cath-
air Dhúin Iascaigh, Cluain Meala áit a bhfuil
tagairt go minic dó i sean-amhránaibh na
Mumhan — “Raghainn leat go Caiseal nó go
Cluain gheal Meala nó go Carraig na Siúire
thar m'eolas”; Carraig na Siúire mar ar
chomhnaigh an t-Athair Micheul Ó h-Icidhe, sagart
ná mairean a dhéin mór-chuid saothair ar son
na Gaedhilge; Port Cládhach mar a rugadh
Risteird de h-Indeberg, sagart. Oide Gaedh-
ilge agus ceoltóir binn bu dh'eadh eisean.



Ag bun Siúire atá Portláirge mar a dtáinig
Normanaigh agus Sasanaigh i dtír i mbliain i
1172. Tá ansúd Caisleán Raghnail (Dún
Lochlannach) mar ar pósadh Strongbó ridire
gallda agus Aoife inghean rí Laighean — Diar-
muid na nGall, an duine iarr ar Normanaigh
teacht. Bhí dorta fola ar sráideana Phort-
láirge agus an dís sin d'á bpósadh.


L. 39


AN BHEARBHA.



Ag bun Shliabh Bladhma atá tobar na Bearbha
agus a bun i Loch Dhá Chaoch. Sid iad na bailtí
móra atá ar bruach na Bearbha: Áth h-í mar
a mbíon margadh mór arbhair; Ceatharlach áit
a bhfuil deuntúsachán bróg; Leith-Ghlinn agus
an Mhuine Bheag; Ros Mhic Treóin mar ar
buaileadh cath i mbliain a 1798 — cath dian
euchtach gur lean gnó gránda é. Ní maith an
cúram atá déanta d'aibhnte na tíre ón lá a
rinneadh na bóithre iarainn. Ní féidir do
bhádaibh móra an abha do ghabháil indiu idir
Cheatharlach agus Gráig na Manach toisc meall
talmhan a bheith 'á dhéanamh den chré silte anso
is ansúd — go mór mór idir Cloch-Ghrianán
agus Ceatharlach. Déintar stalca ag Gráig
na Manach (fé mar a déintar i nGleann Maghair
lámh le Corcaigh).



Idir an Bhearbha agus an Fheóir .i. i Laighis
agus in Osraighe fásan luibh neamh-choitianta —
an Plúrán Clog (Campanula trachelium) go
fairsing. Gaol don Mheuracán Gorm (Cam-
panula rotundifolia) é. Déanamh na Neann-
tóige atá ar an bplannda.



AN FHEÓIR.



Lámh le Beárnain Éile sa Mhumhain atá
Tobar na Feórach agus ag Cumar na dTrí
nUisce in Osraighe atá a bun mar a dtéighean
sí isteach sa Bhearbha. I gCúige Laighean atá
furmhór a cúrsa agus is len a h-ais atá Móin
Rátha agus Mainistir Laoise i sean-dúthaigh
Laighse; Cill Chainnigh mar a mbaintar an


L. 40


dubh-mharmar, agus an gual-gan-lasair ar a
nglaodhtar “Anthracite” — gual atá oiriúnach
do mhuilnibh agus do dheuntúsacháin. Ag
Baile Mhic Anndáin a cheap an Páirlimint
Gallda an dlí i gcoinnibh nós agus teangan
Gaedhal i mbliain a 1367. “The Statute of
Kilkenny” a thugadar mar ainm uirre. Agus
tamal ón áit sin atá Carraig Seabhac mar ar
cuireadh suas árd-troid i gcoinnibh na bPró-
cadóirí i mbliain a 1832.



Agus rud a chuireann iongna ar lucht cloch-
eólais é seo: gur ísle é an dúthaigh in a bhfuil
toibreacha na n-abhann san (an tSiúir an
Fheóir is an Bhearbha) 'ná an dúthaigh in a bhfuil
deire cúrsa acu. Do réir gach comhartha is siar
go Sionna bu cheart go ngeóbhaidís, nó soir
go hÁth Cliath. Níl de mhíniú ar an sceul ach
amháin go mb'fhéidir gur aoirde a bhí talamh
Laighse (log na dtobar) tráth 'ná mar athá
indiu.



AN tSLÁINGHE.



I Log na gCoileach i ndúthaigh áluinn Ghleann
Dá Loch atá tobar na Sláinghe — “Sláinghe na
Gainimhe” — Ódheas trí Uíbh Cinnsealaigh atá
a cúrsa agus í an-shaor ó charraigeachaibh. Ag
Loch Garman a théighean sí sa mhuir agus tá
talamh gainimhe agus tráigh gainimhe ar gach
taobh di ó shráid Loch Garman go dtí n-a bun.
“Fíórd” nó cúm faraige ab eadh an áit sin
cúpla míle bliain ó shin ach líon gairbhéal agus
gainimh na mara é.


L. 41


Cois Sláinghe atá Mainistir a' Bhealaigh agus
Tulach Ua bhFéilim; Agus Bun Clóidige mar
ar deineadh troid i mbliain a 1831 i gcoinnibh
Phrócadóirí na nDeachamha; agus Inis Choirthe
atá comhgarach do Fíodh na gCaor áit n-ar
buaileadh ardchath ar son na Saoirse i mbliain
a 1798. Ag bun Sláinghe atá Sráid Locha
Garman agus laisteas de sin atá Barúntacht
Fotharta agus Uí Bairche — dhá cheanntar in a
bhfuil furmhór na ndaoine den bhfuil iasachta
agus a rian san orra, in a nósaibh agus in a
ndeallramh. Déinid cuid acu “siesta”
(gearra-chodla tréis dinnéir) mar a dhéinid
daoine ar Roinn na h-Eórpa. Bhí Béarlagar,
nó “patois,” dá gcuid féinig acu — an yóla —
go dti bliain a 1850 nó mar sin; meascán
Pléimionaise agus Gaedhilge agus sean-Bheurla
bu dh'eadh é. “É ar déanamh Bheurla Chaucer
agus Spencer” adubhairt Tomás Mag Aoidh,
fear staire.



Dúthaigh áluinn mhéith atá ón mBearbha soir
go dtí an mhuir — “Fothart an arbhair” agus
“Ua bhFéilim aoibhinn” agus “Síol mBroin
na gcrann áluinn” agus “Críoch na gCineál
atá ar dhúichí aoibhne an domhain.”



Comhgarach do bhun Sláinghe atá an calaphort
nua Ros Láire áit is stad-phort don loingeas
a bhíon anonn is anall idir an ball san agus
Abergwaen na Breataine Bige.


L. 42


ABHA MHÓR NA MUMHAN.



Is í an Abha Mhór an abha is breátha sa Mhumhain
Comhgarach do Shliabh Luachra atá a tobar-san
agus ón áit sin go dtí n-a bun i gcuan Eoch-
aille, tá dhá bhruach na h-Abha' Móire go rí-
áluinn; coillte glasa, talamh méith, agus
caisleáin ar gach taobh di i nDuthalla, i bhFeara
Muighe Féinne agus isna Déisibh. Tá trácht
ar fuid a tsaoghail ar abhainn úd na Ríne sa'
Ghearmáin, agus daoine a chonnaic an dá abhainn
deirid siad go gcuirfadh an Ríne sin an Abha
Mhór i gcuimhne dhuit. Idir Eóchaill agus
Ceapach Chuinn iseadh is áilne í.



Sruth a théighean isteach 'san Abhainn Mhóir ag
Baile Caisleáin a' Roistigh is eadh an Abha Bheag
agus comhgarach don abhainn sin (ag Cill Col-
mán, lastuaidh de Dhún ar Aill) a bhí an
caisleán ag Edmund Spencer an file gallda.
Fuair sé-sin a 12,000 acra tailimh sa Mhumhain
ó rialtas Shasana — talamh a baineadh de Ghaedh-
laibh. Chuaidh sé chun cómhnaithe i gcaisleán
Chill Colmán — bu dhún ag Gearaltaigh Dhea-
sumhan — i mbliain a 1586. Ana-thaca do
rialtas Gall sa tír seo ab eadh Spencer sin
ach dhóghadar Gaedhil an caisleán anuas air
sa deire agus b'éigean do teiche len a anam;
agus bás don ghorta a fuair sé i Lonndain
Shasana.



Tá Magh Alla (“Malla”) ar an stad traen-
ach is mó le rádh sa Mhumhain. Is ann atá
ceangal na mbóithre iarainn atá idir Bhaile
Átha Cliath agus bailtí móra na Mumhan:


L. 43


Corcaigh, Tráigh Lí agus Port Láirge. Agus
is ann a tógadh Tomás Dáibhios (1814-1845)
fear a rinn sár-obair ar son an Náisiúntais.
Eisean a scríobh an focal:



“… Is mó le rádh teanga an Náisiúin 'ná
teórainn an Náisiúin. Is éifeachtaighe an
chosaint í ná dún d'á dhaingine agus is soiléire
an teóra í ná abhainn d'á mhéid.”



An droichead breá a bhí thar an abhainn
do pleuscadh é aimsir na Sparainne
Poluitíochta — i mbliain a 1922; agus loisceadh
tigh an stáisiúin. Bhí Spá te i Magh Alla tráth.
Tamal laisteas de Mhagh Alla in aice Mhainistir
na Mórna atá carraig na sídheóg — Carraig
Chlíodna — ar a dtráchtaid filí, agus a ainm-
nigheadh i ndiaidh Chlíodna an tsidhe-bhean a
áitigh í.



Is é Mainistir Fhear Muighe an sráid-
bhaile is mó atá i bhFearaibh Muighe Féinne
agus is ann a thosnaigh an t-arm gallda ar
raobadh na mbailtí móra i mbliain a 1919.
Sa' chomhursanacht san a baintar an marmar
cruaidh dearg ar a nglaodhtar marmar Muighe
Féinne.



I ngar don Mhainistir atá an Bán Árd
mar ar chomhnaigh na Ceanntaigh: líontighe a
chuir suas troid i gcoinnibh ciapadóirí na
ndaoine in aimsir an Éirighe Amach (1916).
Treascaradh duine acu (Risteárd) sa troid
agus cuireadh duine eile (Tomás) chun báis
i ndhaingean na nGall i gCorcaigh.



Laisteas den Mhainistir atá Caisleán
Ua Liatháin mar ar chomhnaigh an tAthair Peadar
Ó Laoghaire scríobhnóir mór na gnáth-Ghaedhilge


L. 44


— an scríobhnóir a dhein teanga litríochta de
“chainnt na ndaoine” fé mar a dhein Dante
(file mór na h-Iodáile) in a aimsir féin.
Bhí an t-Athair Peadar ós cionn trí fichid
bliain nuair a chuir sé chun na scríobhnóir-
eachta. Ní raibh beartaithe aige ach leabair
scoile do scríobhadh; iad do scríobadh “i
gcainnt choitianta na ndaoine” in ionad
na cainnte crua' casta a bhí 'á scríobhadh ó
aimsir Chéitinn anuas go dtí san (1900).
Ach litríocht cheart is eadh mór-chuid d'á shaothar.
Is ansúd ag Caisleán Ua Liatháin a scríobh
sé “Seádna” agus “Niamh;” agus is ann,
leis, a dhein sé tionntó go Gaedhilg ar an
mBíobla.



Cúpla míle laisteas den abhainn atá
Tulaigh an Iarainn (ins na Déisibh) mar a rugadh
Seán Ó hÓgáin (1800-1858) .i. an dealbhóir ion-
gantach cloiche. Chúig bliana fichead (25) d'á
shaoghal a chaith sé-sin sa Róimh ag foghluim a
chéirde! Eirighe amach san Iodáil a thug abhaile
é.



Eisean a rinn “CRÍOST in A Mharbh” agus
“an tAingeal in a Luighe” .i. dhá íomhá éachtach
atá i gCorcaigh mar ar oileadh ar dtúis é;
agus mórán dealbh breá i mBaile Átha Cliath —
ar a bhfuil “CRÍOST in A mharbh” (in eaglais
San Toiréasa), agus dealbh de Thomás Dáibhios
agus “Fána an Mheisce.”



Bhí árd-scoil léighinn sa tsean-aimsir ag
Lios Mór Mochuda ar bruach Abha' Móire
agus thagadh uaisle na tíre agus uaisle thar
lear ar cuaird ann. Ar na daoine chaith
tamal ann bhí Aldfrid Rí Northumbria.


L. 45


Gairid do Cheapach Chuinn atá an mhainistir
mhór ag Órd La Trappe — Mainistir Mellerí.
Áit áluinn chraobhach anois ann, in ionad an
talamh sléibhe a bhí ann roim theacht an Úird
sin.



Soir atá cúrsa na h-Abha Móire ón a
tobar go dtí Ceapach Chuinn i ndúthaigh Déise,
agus do réir cuma an ghleanna in a bhfuil
is fé dhéin Chuain Garbhán bu cheart dí gabháil
ach tá iompó obann ódheas innte ag Ceapach
Chuinn.



Bainean stair-sheanchus fé leith le hEochaill.
Bu dhún cosanta ar leithligh ag an ndream
gallda é anuas go dtí 1840, agus is minic a
bhíodh ar Chaitilicí dul lasmach de gheataí na
sráide i gcóir na h-oíche. Is ann a chomhnaigh
Walter Raleigh ridire gallda — an té thug an
tobac agus na prátaí go h-Éirinn ar dtúis.
In Eóchaill is eadh fhás an cheud phráta d'ár fhás
in Éirinn riamh (um bhliain a 1590). Deineadh
biadh coitianta de sna prátaibh diaidh ar ndiaidh
(ón uair sin i leith) agus is minic a lean
gannachúis agus gorta san.



An-áit chun iascaigh bradán is eadh Eóchaill
cé go bhfuil ag dul den iascach le déanaighe
(1922). Ach is minic cheana a chuaidh de go
mór agus gur dhein sé téarnamh arís. Gabhan
boutaí gannachúise agus boutaí flúirse le
hiascaireacht. Tá cáin mhór don diúc gallda
ar chead iascaigh.


L. 46


AN LAOI.



Is áluinn an abhainn an Laoi, ón a tobar
i ngleanntán i Múscraí go dtí n-a bun i
gCuan Chorcaighe.



Comhgarach do Ghúgán Barra atá tobar
na Laoi agus ar a bhfuil d'áiteana suainis
agus sosa in Éirinn níl sárú an Ghúgáin sin.
Agus is é a thoghaibh Barra Naofa chun ceall
mhanaigh um bliain a 580. (? “Guagán.”)



Tá Tuamba Cuimhne, nó Cenotaph, ar bruach
an locha don Challanánach .i. file Beurla a rinn
dán molata don Ghúgán. Sa Phoirtingéil
atá sé-sin curtha.



Ar bruach na Laoi athá Beul Átha an
Ghaorthaidh áit in ar cuireadh an cheud nua-
choláiste Gaedhilge ar bun (1904).



Bhí baint ag an Athair Seumas Ó Ceallacháin
le hobair an Choláiste sin. Mhairbh na Gaill
an sagart séimh sin i lár na hóiche i gCorcaigh
um Chingcís a 1921.



Láimh leis an áit sin atá Eachrais mar ar
chaith Domhnal Ó Súileabháin Béara agus a
shlua an chéad oíche ar a dturas fada annróch
óthuaidh go Bréifne Uí Ruairc. Déinean
locha beaga den Laoi idir an áit sin agus
Ínse Geimhleach. Bítar ag bádóireacht agus
ag iascach i Loch a Lua. Sa' dúthaigh sin a
chomhnuigh “Art Ó Laoghaire an oinigh,” fear
treun a bhí in a oifigeach in arm na h-Austaire.
Mhairbh duine den treibh ghallda é; agus dhéin
a bhean Eibhlín Dubh Ní Chonaill caoine rí-
iongantach do, “Caoine Airt Uí Laoghaire.”


L. 47


Tá an dán san de ghlanmheabhair ag Gaedhil-
geóirí an cheanntair.



Lámh leis an nGúgán tá beul, nó gleanntán
caol fada — Céim an Fhia' — mar ar buaileadh
“cath.” Dhein Máire Bhuidhe Ní Laoghaire,
file, árd-amhrán binn fén gcath san:



“Cois abhann Ghleanna an Cheuma in Uíbh
Laoghaire seadh bhím-se,
Mar a dtéighean an fiadh 'san oíche chun
síor-chodla sóghail,” &rl.



Sráid i gcomhgar na Laoi go bhfuil a lán
stair-sheanchuis ag baint léi is eadh Magh
Chromtha. Tá cuid de-sin le léigheamh ins
na leabhraibh a rinn an t-Athair Peadar Ó
Laoghaire .i. “Mo Sceul Féin” agus “Séadna.”
Mairid filí fíor-chearta Gaedhilge i Magh
Chromtha fós (1922) agus i mBaile Mhúirne
agus ar fuid Mhúscraí go léir — ach fóríor
ná cuirid lucht stiúrtha an oidis aon spéis i
rí-cheárd na bhfilí sin.



Cúpla míle laisteas den Laoi atá Ínse Uí
Raithile nó an Baile Gallda, agus láimh leis
sin atá Beul na mBláth mar ar marbhuigheadh
Micheál Ó Coileáin i mí Lúnasa, bliain a 1922.
Eisean a bhí mar cheann ar Arm agus
ar “Rialtas Sealadach na h-Éireann.” Dhein
sé sár-obair chun réim an Airm Ghallda a
bhriseadh ó bhliain a 1916 go dtí bliain a 1921
nuair a cuireadh stad le h-éirleach na “Black
and Tans.”


L. 48


Sean-mhainistir an-bhreá is eadh Cill Chré
cois na Bríde agus is ann atá uaigh Airt Uí
Laoghaire. “An Leac ar chó-fhaid agus ar
chó leithiod leis an laoch féin.” Isteach sa'
Laoi a ghabhan an Bhríd, ag Inis Cartha. Ar
an ínse sin is eadh bhí an campa armála i mbliain
a 1600 ag Ó Néill Uladh a bhí an uair sin ag
buachtaint ar Ghallaibh.



Tá árd-chéim sa talamh aníos ó Chorcaigh
go dtí an Bhlárna agus is fén gcnoc (tré
tholla mór) a ghabhan an bóthar iarainn an cheud
leath-mhíle. Tá eirighe mór ansan .i. troigh ins
an trí fichid (1–60) agus ní foláir dhá inneal
a bheith fén dtraen aníos go dtí an Bhlárna.



Cathair an-áluinn “cois Laoi na slím-bharc”
is eadh Corcaigh. Í ann ó aimsir Bharra Naofa.
Daoine léire geala-chainnte a muinntir. Iad
tugtha do chaitheam-aimsire agus do pholu-
itíocht agus do chúrsaí argóna. Le linn na
troda ar son na Saoirse (1920-1921) deineadh
gníomhara móra i gCorcaigh agus ar gach taobh di.



Mhairbh seirbhísigh Shasana an Curtánach Árd-
Mhéara i mbliain a 1920. Agus an Suibhneach,
Árd-Mhéara eile, fuair sé bás ar son na
h-Éireann t'réis troscadh trí lá deug agus
trí fichid (73) a dheunamh i bpríosún Brixton
Shasana an bhliain chéadna.



Tá fás iongantach fé Chorcaigh ó bhliain a
1900, agus tá focal tairingireacht' ann á rádh
gurb í Corcaigh a bheidh mar chathair chinn ar
Éirinn fós:



“I Luimneach bhí, i mBaile Átha Cliath tá, ach i
gCorcaigh a bheidh.”



Tá samplaí maithe de sna marmaraibh Gaedh-


L. 49


lacha (ó gach áird) le feicsint i gCorcaigh — ins
na hárusaibh seo: Bannc na Mumhan, Teampall
mór Barra agus Ceárd-Scoil Cráford. Agus
aol-chloch an-bhreá ón gCarraig Mhór (soir ón
gcathair) atá i dTigh na Cúirte agus i mBannc
na bPinginí.



I ngleann bhreá fairsing — gleann áluinn
craobhach — atá Corcaigh. Tá árd-drom theas
agus árd-drom thuaidh mar theórainn leis an
ngleann san — ó Mhagh Chromtha go Cobh, tríocha
míle slí.



Soir thar bráid an Chalatha a ghabhan an
Laoi. Tá duga agus leaba long sa tsráidín
sin; agus duga eile anonn ó Bhaile an Mhanaigh
(nó Baile h-Abha Nua). Ódheas atá cúrsa
na h-abhann t'réis dul thar Cóbh Chorcaighe
dhí.



Radharc an-aoibhinn do lucht loingeas (a thagan
beul a' chuain isteach) is eadh an Chóbh. Sráid
nua ar thaobh an chnoic é. Teampal maorga
órnáideach go n-a spuaic chaol chúmtha in uachtar
an bhaile, agus uisce na faraige agus na Laoi
ag bun a' bhaile.



An casadh ceudna ódheas athá sa' Laoi ag an
gCóbh agus athá san Abha Mhór ag Ceapach Chuinn.
Cúpla míle ón gCóbh atá bun Laoi, ag bun
a' Táirne, agus áit sáile Cros tSeáin 4 taobh
leis.



Gabhan Abha na Baoi isteach sa Laoi ag an áit
sin. Suas an abha bheag san a ghaibh Drake


L. 50


aimiréil ó Shasana nuair a bhí sé ar a theice ón
Spáinneach (1587). Níor thuig an Spáinneach
go bhfeudfadh long cogaidh an abhainnín sin a
ghabháil. Tobar a' Bháid an ainm atá ar chuaisín
di.



Soir ó bhun Laoi, ag Baile an Chuainín tá
rian sean-chladaigh le feicsint .i. clár talmhan
atá slat níos aoirde 'ná an tráigh. Tá an
sórt san le feicsint anso is ansúd ó Rinn
an Chairn in Uibh Cinnsealaigh siar go Dún na
Seud, i gCairbre.



ABHA NA BANNDAN.



Tré dhúthaigh Chairbre atá furmhór Chúrsa na
Banndan. Tamal ó Dhún Maon-Mhuighe a
deineadh an ambuis mhór ar “Black and Tans”
Shasana i mbliain a 1920, ag Cill Mhichíl, agus
bu mhór an ceanntar catha an uair chéadna
Droichead na Banndan agus an dúthaigh
timpal air.



Lámh le Cionn tSáile athá bun Banndan.
Ón lá a briseadh ar Niallach Uladh agus ar
arm Gaedhal ansúd, i mbliain a 1602, tá Éire
ag fulang catha mar seo nó mar siúd.



Feuch sa Bhanndain ag Cionn tSáile an
casadh ceudna atá sa Laoi ag an gCóbh agus
san Abha Mhór ag Ceapach Chuinn.



(Scrúdaigh arís cúrsa na dtrí sruth san, agus feuch
na sléibhte atá idir gach dhá abhainn acu. Léigh ainmneacha
agus ionad na sléibhte sin, ar an léirscáil.


L. 51


AN AIDHLE.



Ar bruach na h-Aidhleann atá an Sciobairín,
áit in ar chomhnaigh an Fíníneach do-chlaoite
Diarmuid Ó Donnabháin — “Ó Donnabháin
Rosa.” Sa chomhursanacht san a rugadh Seán
Ó Coileáin — an file a rinn an dán caointe
ar Thigh Molaga:



“Oíche dhom go doilig duairc
Cois faraige na dtonn dtreun,” agus rl.



Dubhairt Dubhghlas de h-Íde, Dochtúir
Litríochta, go bhfuil “Machtnamh” san an
Choileánaigh chó maith le Gray's Elegy .i. an dán
caointe is fearr sa Bheurla. D'imeóchadh
ainm an fhile sin a' cuimhne daoine mara mbeadh
an obair a dhein oidí Choláiste Chairbre i gCuan
Dor. Chuireadar-san leacht ar a uaigh i roilig
Mhidhe-Rois agus chuireadar ath-chló ar a chuid
dánta.



Adtuaidh atá cúrsa na h-Aidhleann, ón
gceanntar cheudna in a bhfuil tobar na Banndan.
Tá mórán mion-aibhnte ansúd in iarthar Chair-
bre: abha Chúm-Sheóla; an Abhainn Bheag;
an Abha Mheádhoin; an Mhiathlach; Abhainn Saobh-
Nós; Abhainn Átha an Chrainn Duibh; agus an
Mhómharach sa' Ghleann Garbh.



AN FHLEISC.



Abhainn bheag go bhfuil gluaiseacht an-mhear
fúithi is eadh An Fhleisc (“atá cnómhar craobhach”);
agus i Loch Léin atá a bun. Tá cromleac


L. 52


ársa ag Lios Uí Bhigín (lámh le Cill-Áirne) i
bhfoirm fáinne drua'-chloch.



AN LEAMHAIN.



Is í “an Leamhain mhall” a bheirean an
t-uisce breise amach as Loch Léin agus steach
i dTonn Tóime (i mBágh an Daingin) — comhgarach
do sráid Chill Orglan. Í mar theórainn le
Paróiste na Tuatha — áit n-ar mhair muinntir
an rí-scéilín úd “Tadhg Gabha.” Sa pharóiste
sin atá Beárna an Chuimín agus Dún Ló —
gleanntán craigeach, trí mhíle ar fhaid, a
chuirfadh iongna agus aoibhneas ort.



(Cuardaigh an léirscáil ar lorg aibhnte eile na gcúig
gcúigí ná fuil aon trácht anso orra.)



AN MACHAIRE MÓR.



I lár na h-Éireann istigh seadh tá an talamh
is ísle. Dá bhrí sin, na h-aibhnte atá i lár
na h-Éireann tá siad an-mhall 'na ngluais-
eacht; agus déinean locha dhíobh anso agus
ansúd.



NA PORTACHA.



Aon áit 'na mbíon na h-aibhnte go mall
bíon a lán talamh portaigh ann, agus tá a
lán den tsórd san tailimh in Éirinn. Sé rud
é portach ná talamh 'na bhfuil mórán lus agus
luibhna agus féir 'á lobhadh; agus sé an ainm a
tugtar ar an gcré dhóbach ná Móin. Bain-
tar an Mhóin sin mar abhar teine agus sé an
t-abhar teine is mó atá ag muinntir na
tuaithe é.


L. 53


CANÁLACHA.



Tá aibhnte eile (a dhein daoine) ar an dtalamh
íseal agus glaodhtar Canálacha orra. Ó
Bhaile Átha Cliath siar go Béal Átha na
Sluaighe (i gConnachtaibh) a rinneadh an Chanáil
Mhór, agus ó Mhóin Almhan ódheas go Baile Átha
h-Í mar a dtéighean sí isteach sa Bhearbha.



Ó Bhaile Átha Cliath siar-óthuaidh thar Muileann
Ceárr (i gCúige Midhe) go Sionna atá an
Chanáil Ríoga.



Tá ocht gcanáil eile sa tír, ach níl aon cheann
acu i gCúige Mumhan.



Ainmneacha Abhann. — Tá ainmneacha na
n-abhann an-sheannda — cuid acu trí mhíle bliain
d'aois, deirtar. Níor mhínigh ollamh ar bith
fós dúinn cad is bun le h-ainmneacha mar
an Life, an Laoi, an tSiúir, &rl. &rl.


L. 54


IV. — CINN TÍRE AGUS RINNÍ.



I gCúige Uladh — Lastuaidh de Chuan na
nGall atá Ceann Eoghain agus lastuaidh de
sin atá Cnoc Fola agus Corrán Binne agus
Rinn Mhór. Agus is é Rinn Mhálainn an
rinn is sia óthuaidh in Éirinn. I dTír Chonaill
atá na cinn sin uiligh. Rinn mhór tíre idir
Loch Súilighe agus Loch Feabhail is eadh Inis
Eoghain agus is ann atá Ceann Ínse Eoghain.
Oileán bu dh'eadh Inis Eoghain sin céad bliain
ó shin ach líonadh suas an caolas uisce.



Idir Loch Feabhail agus Tonn Tuaidhe i ndúthaigh
Eoghain atá Rinn Mhag Giollagáin; agus is
sa taobh sin atá Clochán na bhFomorach (Feuch
leat lch. a II).



Ar chósta Dhál Riada atá Beann Gabhar;
agus Beann Mhór ón a n-áirimhítar faid na
h-Éireann. Soir ón mBágh Ruadh atá Ceann
Gearráin. Rinn is eadh Inis Mhic Aoidh atá
idir Loch Ollarbha agus Sruth na Maoile. Tá
árd-cháil ar a muinntir-sin chun loingseóire-
acht agus píolóideacht. Lámh le Loch Laoigh atá
an Dubh-Cheann.



Lastoir de Loch Cuan i nDál bhFiatach atá
an tairbeart mór — Árd Uladh agus insa rinn
sin atá an poinnte is fuide soir in Éirinn;
Ceann Beara. Tá Rinn Lis (nó Ceann Árd)
laisteas de Loch Cuan. Droch-chósta ar fad
don loingseóracht is eadh Árd Uladh, agus
is mó long a báthadh ann ó am go h-am.



Soir ó Bheanna Bóirche agus ó Thonn Rúraighe
atá Rinn Eóin. Agus tamal lastuaidh den rinn


L. 55


sin (ar an Árd Glas i Leith Chathail) atá Caisleán
tSeán: daingean atá ann ó aimsir Sheáin an
Díomais. É ar an ndul cheudna indiu agus
a bhí aimsir an Niallaigh sin — idir chathaoireacha
agus leabthacha agus dóirse is eile. An té gur
leis é indiu (an Bigearach) is é a rinn an t-ath-
ghléasadh sin air.



I ndúthaigh Chiannacht na Midhe atá Rinn
Dúin Ana agus Ceann Clochair.



I gCúige Laighean — Níl mórán ceann i gCúige
Laighean ach amháin sa taobh theas de Uibh
Cinnsealaigh.



Soir ó Áth Cliath atá Beann Éadair agus
a rinn fhada tíre. I sean-dhúthaigh Cualann
atá An Dún Mór (Ceann Brí) agus Árd an
Aodhaire (lámh le Cill Manntán).



Ar chósta Uí Cinnsealaigh atá Rinn na
Cathaoire agus Rinn a' Chairn; agus 'sé
Rinn Dubháin atá mar áit teórann le Loch
Dá Chaoch.



I gCúige Mumhan — Ins na Déisibh atá Ceann
hEilbhic — i bParóiste na Rinne mar a bhfuil
ana-choláiste Gaedhilge.



Tá an-chuid ceann fan cósta na Mumhan,
ó Eóchaill go Tráighlí. I mbeul cuain Eóchaille
atá Cnoc a' Dúin; é comhgarach do Bhaile Mhac
Códa. Tá cáil ar mhuinntir an cheanntair sin
chun léighinn Gaedhilge agus chun filíochta.



Agus is ann a chomhnuigh Peadar (Niallach)
Ó Crualaoich an fear a dhein troid aonair
ar son na h-Éireann i gcoill Chill Cluana
lámh le Baile Mhistéala i mbliain a 1867.
Marbhuigheadh sa' troid é.


L. 56


Laisteas de Chionn tSáile atá Dún Cearma.
Agus i ndúthaigh Chairbre atáid na cinn tíre
seo: Na Seacht gCeanna ar an dtaobh thoir
de chuan Chlanna Chaoilte; Dún Déide ar a'
dtaobh thoir de Thonn Clíodna agus Ceann
Tuatha ar an dtaobh eile dhi idir Bhaile
Chaisleáin Chairbre agus Dún na Seud (nó Baile
Tighe Móir).



Ó Charn Uí Néid a áirimhítar faid na
h-Éireann. Tá Ceann Amhlaoibh i Muinntir
Bháire idir Chuan Dún Mhaonuis agus Cuan
Baoi.



I mBéara atá Ceann Priachán agus Ceann
Truisc.



Tá morán ceann in Uibh Ráthach — Ceann Glas
an Uain laisteas de Chathair Domhnal, agus
Ceann Bólus atá comhgarach do Sceilg
Mhichíl; Brí an ainm atá ar an bpoinnte is
sia siar in Oileán Dairbhre, agus lastuaidh
den Oileán san atá Ceann Dólus.



Dúthaigh in a bhfuil an-chuid rinní agus ceann
is eadh Corca Dhuibhne. Tá ann Ceann Sléibhe,
gairid don Oileán Tiar (an ríocht bheag fhíor-
Ghaedhlach); agus Dún Mór an ceann tíre is
sia siar in Éirinn; agus Ceann Sibil atá
comhgarach do Dhún an Óir mar ar básuigheadh na
Spáinnigh agus na h-Iodálaigh i mbliain a 1580.
In iarthar Chorca Dhuibhne, leis, atá Ceann
Bréanann.



I gCiarraighe Luachra atá Ceann Chiarraighe
agus tá inbhear na Sionna idir é agus Ceann
Léime i gClár Mumhan. Comhgarach do Cheann
Léime atá Cill Bheathach (áit Gaedhilge) agus an


L. 57


Áirc Bheag istigh sa tséipeul ann. San Áirc sin —
bothán adhmaid — a léightí an t-Aifreann ar imeal
na trágha nuair a dhún Súipéirí na h-áite an
séipeul ar na daoine (1850?). Tá an-chuid
faillte árda diana idir Cheann Caillighe agus
Rinn Bóirne i gCorcamrua. Ansúd atá
Aill Mhór an Mhothair — í sé cheud troigh (600)
ós cionn mara. Talamh árd maol craigeach
atá sa cheanntar in a bhfuil Rinn Bóirne.



I gcúige Connacht. — Tá rinn eile i
gConnamara ar a nglaodhtar Ceann Léime,
freisin, agus ón ait sin áirimhítar leithiod na
h-Éireann. Insa dúthaigh cheudna atá Ceann
Imligh. Amuigh in Acail tá ceann árd carraige
ar a dtugtar Ceann Acla. Ar thairbeart
Iorruis atá Ceann Iorruis agus an tsráid
bheag .i. Béal an Mhuírthid, an áit is fuide
ó bhóthar iarainn in Éirinn (i mbliain seo a 1922).
Tá leath cheud míle Gaedhlach (50) ó stáisiún
Bhéal an Átha go dtí an áit sin. Ar an dtaobh
thuaidh de sin tá dhá cheann eile — Beann Bhuidhe;
agus Dún Pádhraic (i dTír Amhlaighe).


L. 58


V. — NA h-OILEÁIN.



ATÁ TAOBH LE CÚIGE LAIGHEAN.



Amach ó thalamh Fine Gall (lastuaidh de
Áth Cliath) atá an t-oileán úd Reachra Brea'-
Mhuighe mar a raibh mainistir ag bráithre
Cholmcille. Ansúd a tháinig na Fionn-Lochlan-
naigh i dtír nuair a chreachadar bailte cuain
Laighean don cheud-uair (i mbliain a 795).



Ar aghaidh Bheann Eudair atá an t-oileán
beag ná cómhnuighean aonne air: Inis Mac
Neasáin.



Tá gasra oileán comhgarach do chósta Uí
Cinnsealaigh ar a nglaodhtar “Oileáin a'
tSalainn.”



Níl a thuile oileán mór fan imeal-bhúird
Laighean.



TAOBH LE CÚIGE MUMHAN.



Tá roinnt oileán istigh i gCuan Chorcaighe
mar atá Inis Spíc mar a raibh príosún mór
(do Ghaedhlaibh) ag an rialtas Gallda, tráth.
I mbliain 1687 dubhairt an file an focal so
fé:



“In oileán Spíc na mílte i gcarcar ann,
Uireasba bídh is dighe is leaba orra,”



agus d'oir an focal ceudna i mbliain a 1920!



Ansúd a bhí Éamonn Breatnach ag múine'
scoile. Scoláire Gaedhilge a rinn filíocht a'


L. 59


Beurla ab eadh é sin. Tá mianach Gaedhlach ins
na h-abhránaibh a dhein sé: “Mo Chraoibhín Cnó”
agus “Brídín Bhan Mo Stór” agus “Mo
Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.” Briseadh amach
as an scoil é toisc lámh a chrotha le Seán
Misteul nuair a bhí seisean in a phríosúnach ann
i mbliain a 1848. In a chomhgar san atá Inis
Creaga an t-árus púdair a bhí ag Sasanaigh;
agus is ar Inis Cathail a bhí an duga mór
ag cabhlach cogaidh Shasana.



Cuid den mhín-tír, beagnach, is eadh Oileán
Árda Neimhidh. I Loch Machain ar an Laoi
atá. Is ansan a cailleadh Clann Neimhidh den
phláig sa tsean-aimsir. (Ainm eile ar an áit sin
'seadh Oileán Mór a' Bharraigh.) Tá oileán
beag laistir de sin agus gan ach sruth caol
sáile 'dir é agus an mín-tír. Inse Rátha
a ainm sin.



Áit Ghaedhilge i ndúthaigh Chairbre is eadh
Oileán Cléire. Íascaireacht is mó a dhéinid fir
an oileáin sin. Téighean bád mótair amach
ann (ó Dhún na Seud) cúpla uair sa tseachtain.



Ní h-áit ró-fhuar sa gheimhre Oileán Cléire
mar chífá toir agus blátha o dhúicíbh síor-ghréine
ag fás go flúirseach agus go borb ann — an
Siongirlín (Fuchsia Macrostemon) agus an
Bhéarónach (Veronica Speciosa).



Ar Oileán Cléire a bhí Ciarán Naofa, duine
de sna naoimh a raibh an Creideamh acu roim
aimsir Phádraig: “Colmán Cluana, Diaglán
Déise agus Ciarán Cléire.


L. 60


Táid na h-ainmneacha baistidhe sin ins na
dúichibh ceudna fós, agus tá ainm naoimh eile —
“Fachtna” — coitianta i gCléire agus ar fuid
Chairbre, fé mar atá “Seanán” i gClár
Mumhan, agus “Fionnbarra” cois Laoi.



Oileáin atá lamh leis an mín-tír iad so:
Inis Orcán, Oileán Uí Dhrisceóil agus Rinn
Garróige. Tá suas le fiche mionoileán
eile sa chuan cheudna — Cuan Chruacháin.



I gCuan Baoi — dosaon míle amach ó
Bheanntraighe — atá Oileán Béara, agus ó
bhanphrionnsa Spáinneach a h-ainmnigheadh é. Is
ann a bhí na h-Éireannaigh a raibh amhras ag
Rialtas Sasana orra (agus gur eirigh leó iad
a ghabháil) fé ghlas i mbliain a 1920 agus a 1921;
agus is ann a chríochnaig An Seabhac an scéilín
seó g úd “Jimín Mháire Thaidhg.”



Le hais Bheanntraighe atá Faoide agus
tháinig cuid den chabhlach Franncach gairid don
áit sin i mbliain a 1798. B'é Wolfe Tone a
mheall Napoleon Mór chun iaracht a dhéanamh
ar son saoirse na h-Éireann ach chuir an stoirm
an fán fada ar an loingeas. Thrácht Wellington
(namhaid mhór do mhuinntir na h-Éireann) ar an
iaracht san agus ar Tone: an fear a bhog
Impire na bhFranncach mar sin — “Tone,” ar
seisean, “an fear is eagsúla d'ár casadh riamh
orm.”



Tá tigh soluis agus gleus sceula-gan-
srainng ar Charraig Aonair atá timpal
deich míle amach ó Charn Uí Néid. Cúpla uair
sa mhí a théighean long amach le biadh chun an
cheathrair fear a chomhnaighean ann. Níl an


L. 61


t-oileán san leath cheud slat treasna, an
áit is leithne é, agus téighid na tonnta móra
de dhruim an tighe soluis (ceud troigh ar aoirde)
go minic sa gheimhre'. Sé an t-oileán san an
stáisiún sceula loingeas is mó le rádh san
Eóraip.



Oileán is eadh an chuid is sia siar de dhúthaigh
Bhéara agus Baoi Bhéara a ghlaodhtar air.
Timpal deich míle soir uaidh-sin atá Dún Baoi
áit a raibh caisleán ag Domhnal Mór
O Súileabhain Bhéara “an té a raibh an grá
mór aige d'á mhuinntir is d'á chine.” Níl ar
sceultaibh armála na h-Eórpa aon sceul chó
mór fulang agus tréanpháis agus misniúlacht
le “Cois-imeacht Uí Shúileabháin Bhéara ó Dhún
Baoi go Bréifne.”



Amach ó Uibh Ráthach atá an lom-charraig árd
san Sceilg Michíl. Bhíodh manaigh ag déanamh a
n-anma ar an áit scéirde sin sa tsean-aimsir;
agus téighid daoine amach ann ag tabhairt
turais um Fhéil Mhichíl. Cuid de Uibh Ráthach
is eadh Oileán Dairbhre agus is ann atá ceann
tsoir an Chábla Mhóir. Sin é cábla a bheirean
sceula idir Éire agus Sasana Nua.



An talamh is sia siar i gCorca Dhuibhne
ghlaodhtar an tOileán Tiar mar ainm air.
Áit Ghaedhilge é ná deaghaidh ach fíor-bheagán de
nósa an nua-shaoghail isteach ann fós. Is ann
atáid na daoine a bhfuil dlúth-bhaint acu i
gcomhnaí le sean-shaoghal Gaedhal. Níor bhailigh
Rialtas Sasana aon scilling chíosa — d'aon
tsórt — ó mhuinntir an oileáin sin riamh. Duine
acu féin is rí orra — An Cathánach. Tá file
agus scríbhnóir acu: Ó Criomhthain (1922).


L. 62


Téighean an sagart amach ann i naomhóg (currach)
cúpla Domhnach sa mhí chun Aifreann a léighe.
Níl thar ceud duine in a gcomhnaí ar an oileán.



Chaith ollaimh léighinn ó thíorthaibh eile teurma
ann ag foghluim na Gaedhilge. Orra-san do
bhi Carl Marstrander ó Iolscoil Cristiana
na Norga. Le h-ais an Oileáin i mbhliain a 1909
do bádhadh Eibhlín Nic Niocaill, óig-bhean uasal
léigheanta ó Bhaile Átha Cliath. D'iaraidh
cailín óg ón Oileán a shaoradh ó bhás báite a bhí
nuair a bádhadh í féin. Bhí sochraid mhór ón
Oileán don Daingean (agus as san go Cois
Life) agus mná caointe ann ag canadh dánta
bróin agus trua' in onóir don mharbh uasal.



Tá cúpla oileán beag ar chomhgar an Oileáin
Tiar gan aoinne in a chomhnaí orra. An Tiarthacht
a ghlaodhtar ar cheann acu-san.



LÁMH LE CÚIGE CHONNACHT.



I gcuan na Gaillimhe tá an ghasra oileán is
mó athá againn: Oileáin Árainne mar atá
Inis Mór, Inis Meádhoin, agus Inis Thiar. Tá
rian an tsean-shaoghail léigheanta go tiubh ar
na h-oileánaibh sin — idir shean-teampail agus
sean-mhainistreacha agus sean-tighthe scoile
agus eile. Bhí an léigheann faoi réim ansúd
(agus ar fuid na h-Éireann le chéile) nuair ná
raibh teach ar bith i Lonndain Shasana — agus
muinntir Shasana féin ag imtheacht leótha in a
bPágánaigh allta.



Naomh Éanda a chuir an cheud scoil ar bun in
Árainn. Ar nós Cholmcille bu fear óg borb é
féin i dtosach a shaoghail. Tháinic sé chuig Inis
Meádhoin le mainistir a chur ar bun ann agus


L. 63


rinn Corbán, ceann cine, iaracht ar é mharbhu.
Ach rinn Éanda cainnt leis agus ghéill Corbán
chó mór sin gur bhronn sé an áit le chéile ar an
naomh.



Ar na fearaibh móra léighinn a fuair scoluíocht
ó Éanda in Árainn bhí Colmcille féin agus
Bréanann máirneulach agus Ciarán Chluain
Mhic Nois agus Iarfhlaith Thuama agus Caoimhein
Ghlinn Dá Loch agus Cárthach ó Lios Mór na
nDéise.



Ní h-iongna ar bith gur glaodhadh “Árainn
na Naomh” ar an áit, mar tá suas le ceud
naomh curtha sa roilig bheag atá ag Cill Éanda.



Go dtí gairid ó shin do ghnídís muinntir
Árainne gach uile shórt i bhfuirm eudaigh dóibhtha
féin. Caithid na fir an “báinín” fós (an
chasóg phlainín); agus cótaí glé-dhearga a bhíos
ar na mnáibh tighe. Talamh an-chraigeach atá in
Árainn agus, dá bhrí sin, is bróga úr-leathair
(“úrléir”) — nó “pampútaí” — a chaithid na
daoine ach amháin an uair a bhíos obair ramhainne
á déanamh acub.



Chonnacathas ó am go h-am an radharc ion-
gantach úd — an céimaghrá — ó ailltibh Árainne:
é de ghnáth i bhfuirb “chathair-fó-thuinn”:



Is in Árainn fhoghluim an t-ollamh teangacha
úd ón Danmarg — an t-Ollamh Holger Pedersen
— is ann fhoghluim sé Gaedhilg. Tá canúint
chainnte na n-Árannach chó binn sin gur mhol
an t-ollamh an Ghaedhilg thar a gcualaidh sé
ariamh:



“Is í an Ghaedhilg an teanga is binne ar
domhan,” arsa sé.


L. 64


Tá dhá oileán laisteas de Chonamara ar a
dtugtar Garomna agus Leitir Mhór. Áit
an-bhocht is eadh an Leitir Mhor agus bhíodh gorta
agus éagcruas go h-an-mhinic ann nuair a bhí
an rialtas Gallda insa tír seo. Ar Gharomna
a mhair Colm a' Bhailís, file. Siar ó Umhall
Uí Mháille agus ó Thír Fhiachrach tá mórán oileán
agus 'sé Acail an ceann is mó dhíobh-tha agus is
é an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann,
freisin, é. Tá aillte an-mhóra ann, agus
furmhór na talmhan go bocht. Níl ach an
cúigiú cuid (1/5) den oileán gur féidir
feilméiracht ar bith a dheunamh ann. Tá clochar
agus scoil ar an oileán ag mná rialta d'Órd
na Toirbheirte. Ar an Sliabh Mór tá mór-
chuid bláth-lus ná fásan a leithéidí ach go
h-annamh i Roinn na h-Eórpa (“Adelanthus,”
“Bazzania,” agus “Marsupella”).



Lámh leis-sin tá Acail Bheag. Agus gairid
d'á cheile atá na trí h-oileáin seo: Inis Tuirc,
Inis Bó Finne agus Inis Airc. Áit mhór
iascaireacht is eadh Inis Bó Finne mar tá cuan
maith agus calaphort ann, rud is annamh san
iarthar sin.



Ar oileán Cliara i gCuan Modh a bhí an dún
cosanta ag “Gráinne Mhaol.” — ban-laoch de
mhuinntir Mháille go n-innstear mórán eachtraí
in a taobh. Tá sean-teampal ann go ndeárnadh
é dhathú istigh ann i mbliain a 1480 agus is
annamh a chítar aon rud i bhfuirm pínteála i
sean-teampallaibh.



Ar Inis Géidhe a chomhnaigh an ban-naomh
sa tsean-aimsir agus ón lá a cailleadh í níor


L. 65


lonnaigh duine 'ná ainmhidhe ann. Ach tá éan
aonair ann, corriasc, agus é insa tsaoghal ó
aimsir an naoimh. Ní dhéinean sé caidreamh ar
bith le h-eunlaith eile — 'ná ní thigid siad sin
in a aice, agus deir na daoine go mbeidh
corriasc Inis Géidhe ann go dtí deireadh an
tsaoghail.



Míle siar ó Iorras tá oileán beag dá
ngairmthear Inis Gluaire, agus tráchtar air-sin
insa tsean-sceul úd “Oidhe Chlainne Lir.”
Roilig ar fad bu dh'eadh an áit sin míle bliain
ó shin, agus corp ar bith a cuirtí ann ní thagadh
aon mheath air. Anuas ar an bhfód a fágtaí
na cuirp. Níl aon bhuadh mar sin ar an oileán
anois ach tá an sean-chúnntas sin ag na daoine
go fóil.



LÁMH LE CÚIGE ULADH.



Siar ós na Rosaibh i dTír Chonail tá oileán
go dtugtar Árain air, agus lastuaidh de
Thír Conail atá Oileán Toraighe agus ar nós
Thír Conail fhéin is áit mhór Gaedhilge é. Chan
fhuil mórán de nósaibh an nua-shaoghail ar an
oileán go fóil. Iascaireacht an tslí bheatha atá
ag furmhór na bhfear ann agus tá báid mhaithe
mhóra acu. Tá cloigchill, agus fotharacha eile
ann.



Tá daoine ar an oileán nách raibh ariamh ar
an mín-tír (agus mórán daoine ar mhín-tír
Thir Chonail nách raibh ariamh ar an oileán).
Sceul é seo a innstear i dTuamhain faoi


L. 66


Oileán Árainn i gConnachtaibh agus faoi Oileán
Toraighe (agus mórán eile oileán, b'fhéidir).



Iascairí gur imigh a mbád le gaoith agus le
mór-fharaige orra, agus i gcionn trí lá agus
trí oíche do thángadar gairid d' oileán
éigin árd-aille. Do labhair fear ón oileán
chúca anuas á fhiafruighe dhíobh ciarbh iad
agus cárbh as dóibh. Agus d' fhreagair lucht
an bháid:



“Daoine bochta ó Éirinn sinn-ne. Caith
chugainn a' teud, agus beannacht Dé dhuit.”



Mheasadar gur i dtír in America bhíodar!



Tamal lastuaidh de Inis Eoghain atá Inis
Trá' Thall agus gairid do Dhál Riada atá
Oileán Reachrann (nó Reachra Dhál Riada) mar
ar chaith An Brúsach, rí Albanach, scathamh d'á
shaoghal sul ar thosaigh sé ar Éire do bhaint
amach d'á dhearbhráthair. Canúint de Ghaedhilg
Alban a labhartar ar Oileán Reachrann (agus
ar Oileán Toraighe, fosta).


L. 67


VI. — NA LOCHA.



Is é rud é Loch 'ná roinn uisce go bhfuil
talamh ar gach taobh de. Aníos ó thobar (fé'n
loch) a thagan an t-uisce — nuair nách uisce ón
abhainn é, fé mar atá i lochaibh na Sionna agus
na h-Éirne.



LOCH N-EACHACH.



Loch an-bhreá is eadh Loch nEachach i nDál
nAra dhe agus i dTír Eoghain i gCúige Uladh
agus tá sé suas le seacht míle treasna an áit
is caoile é. (Is mó fé thrí é 'ná Loch Leamhan an
loch is mó in Albain — “tír na loch.”) Deir
an beul-oideas gurab amhlaidh a scéidh tobar
draíochta amach, nuair nár coinnigheadh an clár
dúnta air, gur dhéin Loch nEachach.



Níl cead iascaigh ag muinntir na trágha
ansúd, gan toil tiarnaí gallda. Bhí caibidiol
dlí insa chúirt Ghallda fá dtaobh de sin timpal
bliain a 1914 ach buadhadh ar na h-iascairíbh.
Tá mianach fé leith in uisce Loch n-Eachach a
chruadhan rudaí boga. Má fágtar adhmad
cúpla bliain san uisce déinean cloch de,
adeirtar. Agus ar an gcuma gceudna
déinean iarann de chloich má fágtar fada go
leór san uisce í.



LOCH ÉIRNE.



Déinean dhá loch áluinn de abhainn na h-Éirne
i ndúthaig bhFear Monach i gCúige Uladh agus
tá iarsmaí den tsean-shaoghal uasal ar Dhuibh-
Inis lámh le h-Inis Ceithleann. Is ann atá an


L. 68


chloigchill is buaine agus is breátha in Éirinn.
Siar ó Loch Éirne i mBréifne atá Baile
Uí Chonaill. Do himirigheadh fóiréigean ar
mhuinntir na háite sin sa' Sparainn Pholuití-
ochta, 1923. Do marbhuigheadh an Crathach
múinteóir Gaedhilge ann.



LOCH DEIRG-DHEIRC.



Cuid de uisce na Sionna is eadh Loch Deirg-
Dheirc ar theóra Urmhumhan. Agus is é an lear
uisce is mó sa Mhumhain é, agus neaduighean
mórán sórt éin ar a bruachaibh: an Gobadán
(Totanus hypoleucus) agus an Circín Trá'
(Totanus calidris), &c.



LOCH LÉIN.



Is geall le tír sidhe an dúthaigh atá timpal
ar Chill Áirne, cois Léin-Locha, in Eoghanacht
Uí Dhonnchadha. An chuid de Loch Léin atá i
gcomhgar “Mhuc-Ros na gcraobh” tá sé go
h-áluinn amuigh is amach. I mainistir Mhuc-Rois
a cuireadh Eoghan Ruadh Ó Súileabháin file — an
té scríobh “Ag taisteal na Blárnan lá is me
ag machtnamh.” Oileán ar a raibh mainistir
agus scoil léighinn is eadh Inis Faithleann.



Dála na loch mór i gConnachtaibh aol-chloch
is eadh bruach thoir an locha agus slinn-chloch (nó
seann-chloch d'á saghas) is eadh an bruach eile.
Tá an bruach aol-cloiche go híseal agus an
bruach eile go hárd.



Níl aon rud i bhfuirm áilneacht dúthaighe ná
fuil le feiscint i gceanntar Locha Léin —
sléibhte, oileáin, rosa, coillte, aibhnte, sruth-
áin agus easaigh. Agus an Crann Caithne


L. 69


(Arbutus unedo) ar a mbíd na h-‘ubhla’
cróndearga, tá sé sin go fairsing ann.
Bhí an raithineach áluinn úd Raithineach Cilláirne
(Trichomanes radicans) le fáil le hais Loch'
Léin tráth, ach bhailigh lucht bile 'gus bláth a raibh
ann de. Gheibhtar fothphlannda dhe i gcoilltibh
Ó bhFeidhlim (i gcomhursanacht Cheatharlaigh) i
Laighnaibh fos.



Táid na Raithineacha agus na Cúnlaigh go
tiubh i ngach gleann sa Mhumhain — go mór mór
i nDeasumhain — ach is i gCill Áirne agus sa
Ghleann Gharbh is deise iad.



Minic a tháinig lucht feuchana dúichí abhaile
go mí-shásta ó Loch Leamhan agus ó Ghleann
Comhan na h-Alban agus ó bhruachaibh na
Sionna ach riamh ní thárla san i dtaobh Locha
Léin. Magh gCoiniche na loch is na ngleann
cuirean sé áthas croidhe ar an uile dhuine a
thugan cuaird air.



LOCH MEASCA AGUS LOCH COIRB, &C.



Tá dhá loch mhóra i gConnachtaibh agus sruthán
faoi thalamh ó cheann acu .i. ó Loch Measc go dtí
an ceann eile .i. Loch Coirb. Abhainn bheag
(an Choirb) a bheirean an t-uisce breise ódheas
go Cuan na Gaillimhe. Idir an dá loch sin
atá Conga. Tá órnáid áluinn againn ón
seanaimsir — am úd rí-chultúir Gaedhal — agus
Cros Conga a glaodhtar uirri. Tá obair
euchtach Cheilteach ar an gcrois bh g sin (2½')
agus ór agus airgead agus clocha bua in
a deuntús. Tá stair-chúntas na croise
scríobhtha go mion agus go soiléir (i Laidin)


L. 70


ar a cliathánaibh. I mbliain a 1123 a rinn
Maol Íosa mac Bratáin Mic Aodhgáin í — “do
Ó Conchubhair Rí Connacht mar chlúdach do
bhlodh de Chrois Cheusta ár dTiarna.”



Níl ach casán caol talmhan idir an dá loch
atá i dTír Fhiachrach .i. Loch Con agus Loch
Cuilinn; agus bheirean an Mhuaidh an t-uisce
breise ó Loch Con óthuaidh go Cuan Ch ll Alaidh
.i. an cuan in a dtáinig Humbert agus a chuid
Franncach i dtír “i mbliain a seacht gceud
deug, a hocht is nocha” (1798).



LOCHA NA MIDHE.



Tá mórán loch i gCúige Midhe agus timpal
na loch san atá an talamh is méithe in Éirinn;
talamh in a mbíon “feur go glún fir” i
gcómhnaí ann — murab ionann agus an talamh
fuar ar a mairid Gaedhil Chonnamara agus
Dúiche Sheóigheach! Bulláin atá ar thalamh san
na Midhe in ionad daoine.



Lastuaidh de Mhuileann Cearr atá Loch Uail,
mar ar imir Maol Sheachlainn bás báite ar
Thuirgéis (nó Torcal) .i. Lochlannach an éirligh.
Glas-Uisce glan atá sa loch san mar is
toibreacha fior-uisce a chothuighean é, agus
i mbun an phoill atháid siad. Lastuaidh
de sin atá Loch Dairbhreach agus Loch
Síleann. Ar an dtaobh theas de Mhuileann
Cearr atá Loch Ainill. Amach a' Loch Iarainn
a ghabhan an abhainn bheag — an Eithne — agus bu
mhór an dúthaig muilne a dhá bruach san, tráth.
Ach áiteana suain do sna cinn cait agus do sna
na priachánaibh iseadh na muilne sin anois —
agus tá locha na Midhe ag cimeád uisce leis


L. 71


an Eithne chun ceól caointe a dheunamh don
rath atá imithe. Is 'mó áit in Inis Fódhla a
dhéinean sruthán an port ceudna caointe.
Có-sceul do Ghleann Maghair lámh le Corcaigh
agus do dhúthaigh sin Eithne, maidir le muilnibh
díomhaoine.



Ar theórainn na Midhe atá Loch Saighleann.
Agus tá loch de lochaibh na Sionna mar theórainn
idir Chúige na Midhe agus Cúige Chonnacht.



LOCH DONN.



Áit an-áluinn is eadh an gleann úd
Gleann Dá Loch mar ar lonnaigh Caoimhein
Naofa. Tamal Lastuaidh de sin tá loch an-
dheas .i. Loch Donn. É thuas ameasc na gcnoc,
mar atá gach Loch eile sa dúthaigh grian-chloiche
sin. Agus tá cúpla tráigh gainimhe agus
aillte crua-chloiche taobh leis, i dtreó is gur
mó sórt talamh-scéimhe ann.



(Cuardaigh an léirscáil feuchaint cad iad na locha
eile (go mór mór id' chúige fhéin) ná fuil luaithe sa'
leabhar so.)


L. 72


CEARTUIGH, MÁS GÁ.



Don mhúinteóir. Is cruinne, ní nách iongna, atá eólas
na háite in a mbír agat féin 'ná ag an té scríobh an
Tíreóluidhe seo. Aon ní (dála ainm áite nó ainm duine nó
seanchus paróiste nó teóra seandúiche) ná fuil cruinn
anso ceartuigh chun do thola féin é, led' thoil.



Ar nós mórán eile leabhar scoile gheobhair eolas anso
istigh atá thar cumas an scoláire, ach feudfir é stiúradh
saor ón sórt san nuair is gá leat é.



Múin ainmneacha na seandúichi atá ad' thaobh-sa den
tír; agus dá ndeinteá léirscáil mhór díobh agus í chur
in áirde sa scoil bu mhaith an congnamh é chun Éire a
dhéanamh Gaedhlach arís. — S.T.


L. 73


ROINN A DÓ.


L. 75


VII. — AN T-AM CLOIG.



Roim aimsir an Chogaidh Mhóir d' áirimhítí an
t-am cloig in Éirinn chúig nómantaí fichead (25)
níos déanaighe 'ná am a' chloig i nGreenwich
Shasana. Nuair a bhíodh sé a h-aon a chlog thall
(1.0) ní bhíodh sé ach chúig nómantaí fichead chun
a h-aon, abhus (12.35). Ach chuir dlí Shasana
an clog anso ar aon-bhuille leis an gclog
thall agus mar sin atá fós (1922).



Dlí eile a cuireadh i bhfeidhm: Am Cloig an
tSamhraidh a bheith uair a chloig mear (tapaidh,
grod) ar Am Cloig an Gheimhridh. Cuirtar
snáthaidí an chloig ar aghaidh (chun cinn) um
Bhealtaine agus cuirtar siar arís iad um
Meadhon Fómhair.



MIOSÚR AN MHÍLE SLÍ.



D'réir an tomhais ghallda is eadh a áirimhítar
faid an bhóthair ins na bailtí móra anois, ach is
d'réir an tomhuis dúchais a déintar amuigh ar
an dtuaith é. Fé mar is giorra a chúig go leith
(5½) 'ná a seacht (7) is eadh is giorra na míltí
gallda 'ná na míltí Gaedhlacha.


L. 76


VIII. — TLACHT-EÓLAS.



NA CARRAIGREACHA.



Tá saghas carraige ann ar a dtugtar
Carraig “Aqueous” nó Carraig-ó-Uisce. Do
dhéin an sórd san carraige den lathaigh
agus den draoib a tháinig anuas ó sna
sléibhte sa t-sean aimsir. Do chruaidh an
lathach san agus tháinig sraith eile agus chruaidh
sin agus tháinig sraith eile agus do chruaidh
san; agus gach sraith dhe anuas ar an gceann
a tháinig roimis. Is minic a chímíd blúiríní
de shliogánaibh éisc i lár carraige nó i lár
cloiche, agus is leór na sliogáin sin mar
chomhartha gur ón muir a tháinig abhar na
carraige sin an cheud lá.



Is é sampla den Charraig-ó-Uisce is mó a
chítar sa tír seo 'ná Cloch Aoil nó Cloch Cailce.
Agus bun faraige, tráth, ab' eadh gach áit a
bhfuil an sórt san cloiche le fáil ann. Tá
saghas eile Charraig-ó-Uisce ann ar a dtugtar
an tSean Rua'-Chloch air.



Is i lár 'na h-Éireann is mó a chítar an Chloch
Aoil agus tá an tSean Rua-Chloch le fáil cois
na faraige i gConnachtaibh agus i dTír Chonaill,
agus in áiteanaibh sa Mhumhain.



Tá saghas eile carraige ann go dtugtar
Carraig “Igneous” nó Carraig-ó-Theine air,
agus is ó sna seana-steallairí teine — a
tháinig an sórt san. Do séideadh an t-abhar
carraige aníos tríd an dtalamh in a lionn


L. 77


leaghte nó “lábha.” Is é is steallaire
teine ann: scoilt nó poll ó bhárr na talmhan
síos go dtí lár na cruinne, áit atá árd-the
ar fad. Níl mórán carraige den tsórd san
le feicsint in Éirinn ach amháin sa taobh thoir
do chúige Uladh .i. i nDál Riada. Is ansúd
atá Clochán na bhFomorach ar a bhfuil cur síos
ar leathanach a 11.



BUNÚS NA SLÉIBHTE.



Ó tá an méid sin ráite againn i dtaobh
Cloch-Eólais, ní misde beagán a rádh i dtaobh
bunús na sléibhte. Isé an ní ceudna is cúis le
sléibhte agus le Carraigeacha-ó-Theine. Do
brughadh aníos clúdach na talmhan, mar a
deurfá, de bhárr an teasa mhóir a bhí thíos, uair;
ach níor bhris an clúdach, ach chuaidh sé in áirde
mar sin gur dhéin sléibhte dhe.



AN CHRÉ.



Isé rud é Cré 'ná na blúiríní a thuiteann
anuas de sna carraigeacha ó bhliain go bliain,
do bhárr báistighe agus do bhárr seaca; agus
meascan an brus sin ar luaithreán na lus
agus an fhéir mhairbh go ndéinean Cré dhíobh.



CÓRÚ NA nAIBHNTE.



An focail a dubhramar i dtaobh deunamh na
méise a bheith ar Éirinn ní gá a rádh nách mias
cheart é mar dá mb'eadh ní fhéadfadh na h-aibhnte
gabháil amach sa' bhfaraige, mar nách féidir le
h-uisce dul i gcoinnibh an chnoic. Tá gach


L. 78


aon abhainn ar domhan ag dul le fánaigh síos,
cé gur minic ná ceapfá san.



Aimsighean an t-uisce an áit is ísle i gcomh-
naí agus sin é 'chuirean an abha ag síor-shiubhal
go dtí go n-aimsighean sí an mhuir agus sí
an mhuir an áit is ísle. Na h-aibhnte atá i lár
na h-Éireann — an Bhóinn agus an Éirne, &c. —
ar a slí chun na faraige dhóibh gabhaid siad
timpal cnuic anso agus ansúd, agus isteach
i ngleann, agus amach ar an dtalamh réidh arís
mar a leathaid siad amach go ndéinean locha
dhíobh. Ach leanaid siad orra go dtí go
sroisid siad an fharaige fá dheóidh.



TÚS NA NABHANN.



An fhearthainn a thuitean ar aon talamh árd
ritheann sí le fánaigh 'na sruthaibh. Ach súghtar
a lán de síos sa' chré agus nuair a bhuailean
an t-uisce sin le carraig nó le márla buidhe
ní féidir leis dul níos sia síos. Cruinnigheann
an t-uisce len a chéile ansan agus brúghan sé
amach nó fáscan sé aníos tríd an dtalamh arís
agus siné rud go dtugtar “Tobar” air,
agus is ó thobar den sórd san a thagaid na
h-aibhnte, nó a bhfurmhór.



THAR N-AIS ARÍS.



Má tá an t-uisce go léir ag dul isteach
sa bhfaraige i gcómhnaí cad na thaobh ná líonan
an fharaige suas? Agus 'dé chúis na scéidhean
sí aníos ar an dtalamh agus an talamh go léir
a bhádha? Sid é an freagra:



Tairingighean teas na gréine a lán den uisce aníos
in a ghal do-fheicse. Téighean an ghal san leis an ngaoith


L. 79


agus imighean sí go h-uachtar na spéire mar a ndéinean
léir-ghal di — an sórd ceudna gaile a chímíd ag teacht
o'n gciotal nuair a bhíon sé ar fiuchadh; agus den tsórd
san, leis, is eadh na scamaill a chímíd in uachtar na
spéire. Nuair a fhuaran an scamall thuas déinean
fearthainn de agus tuitean an fhearthainn sin ar a'
dtalamh arís. Is mar sin a fhágan an t-uisce an fharaige
agus mar sin a théighean sé thar n-ais arís. Agus cúrsa é
sin a bhíon ar siubhal de ló is d'oíche.



Bheadh an talamh lán d'uisce agus ní fhásfadh aon rud
mara mbeadh na h-aibhnte. Glanaid na h-aibhnte an t-uisce
sin den talamh agus glanaid siad an t-aer. Dá bhrí sin, is
mór an bhail ar aon dúthaigh abha a bheith ann.



GLEANNTA AGUS BÓITHRE IARAINN.



Gach áit in a bhfuil abha mhór ag deunamh a
cúrsa chun na faraige tá an talamh ann
íseal. Tugtar “Gleann” ar a leithéid sin
d'áit nuair a bhíon talamh árd ar gach taobh
den sruth; agus “Gleanntán” nuair ná bíon
sé ró-leathan — nuair ná bíon sé níos mó na
cúpla céad slat treasna, abair.



Má bhíon an abha go maith doimhinn bíd
loingeas ag obair uirre, ag breith toradh
feirme chun an bhaile mhóir agus ag breith
earraí ón mbaile mór amach chun na tuaithe.



Nuair a déintar bóthar iarainn in aon dúthaigh
is cois na h-abhann nó in áit éigin sa ghleann a
deintar é. Is fearr an traen chun cúrsaí
tráchtala 'ná an long — mar ná coiscean an
droch-aimsir chó mór san í agus is mire chun
an turais í.



Tá suas le ceud bóthar iarainn in Éirinn
anois. Iad i ngach cúige. Agus cheithre scór
bliain ó shin (1840) ní raibh ach ceann nó dhó


L. 80


ann, agus iad go gairid. — (An Bóthar iarainn
atá idir Chorcaigh agus sráid a' Chalatha cois
Laoi, cuir i gcás.)



An bóthar mór iarainn ar a dtugtar “Mór-
Bhóthar Iarainn an Chinn Teas agus Tiar”
(Great Southern and Western Railway) — idir
Bhaile Átha Cliath agus an duthaigh atá siar
uaidh agus ódheas uaidh — tá gach cóir air sin. Ach
tá bóithre iarainn eile ann ná fuil aon deall-
ramh leó. An bóthar go mí-réidh, agus an traen
go cumhang agus go múchta gan cóir cheart
suidhte 'na aon chóir téimhte innte.



Ar Mhuirbheach Chualann athá cuid de Bhóthar
Iarainn Orthir Laighean (Dublin and South
Eastern Railway) déanta. Cladach (nó tráigh
mhion-chloch) seacht míle ar fhaid is eadh an
Mhuirbheach úd; agus tá talamh curraigh laistiar
di go bhfuil mórán lochán éadoimhinn ann.



Fásan an-lear den luibh spíneach úd .i. an
Cuileann Trágha (Eryngium Maritimum) ar an
Muirbhigh, agus mórán den Bharróg Rua'
(Glacium flavium), leis.



Tá an mhuir ag síor-bhriseadh an bhóthair
iarainn sin idir Chill Manntán agus Cill
Inghean Leinín.



I mí Abráin 1923 do thárla Sciorra Talmhan
ar Bhrí Cualann nuair a thuit cúpla céad
tonna cloch agus cré anuas ar an mbóthar
iarainn. Do casadh agus do bogadh amach na
ráilí iarainn agus bu dhóbair don traen a
tháinig tríd an dtolla dhá nómant in a dhiaidh
san.


L. 81


Tá bóthar iarainn i gCiarraighe Luachra sa
Mhumhain agus “iongna ón sean-aimsir” is
eadh é. Aon ráil amháin atá ar an mbóthar san;
é cheithre troigh ón dtalamh agus an traen
treasna anuas ar an ráil sin, fé mar a bhíon
an tsrathair fhada ar an asal. Idir Lios
Tuathail agus Baile an Bhuinneánaigh (“Baile
Bhunána”) a bhíon an traen sin ag obair,
agus bóthar iarainn a dhíolan go maith as féin
is eadh é. Lartique, Franncach, a cheap.



Feuch ar an léirscáil agus scrúdaigh cúrsa gach bóthar
iarainn atá id' Chúige féin. Má bhír ag dul ó bhaile aon
uair cuardaigh an léirscáil ar dtúis agus déin liosta
de sna bailtí móra in a bhfuil stad traenach. Nuair a
bhíon an traen in a stad ag gach stáisiún feuch an bhfeic-
feá abha nó sliabh nó loch nó leacht sa chomhursanacht agus
faigh amach a ainm agus a shanas.



GLEANNTA AGUS TALAMH MÉITH.



An talamh íseal nó na dúichí gleann is iad
na h-áiteana is méithe sa tír iad.



Tá talamh na Midhe an-shaibhir ach ní deintar
cur 'ná gnó bólachta ann. Bulláin reamhra
a tógtar ann agus go Sasana a cuirtar iad-
san uile, cé gur ceart go mbeadh ceannach
maith, leis, ar a leithéidí insa bhFrainnc agus
sa Ghearmáin.



Idir Shiúir agus Sionna sa Mhumhain tá
limistéir deagh-thailimh — Machaire Mór na
Mumhan, ach dála na Midhe, mairt is mó a
tógtar ann. Tá bólacht leis, ann — agus
uachtarlann i ngach paróiste (nó bhí go dtí
bliain a 1920 nuair a loisc méirligh Shasana, na


L. 82


“Black and Tans,” na h-uachtarlanna sa
Mhumhain, chó maith le tighthe na ndaoine). Go
cathair Luimnigh a théighean furmhór thoradh na
dúthaighe sin.



Is é is bun le saibhreas na talmhan sa Mhachaire
sin ná gur mheasc cré na carraige teine agus
cré na haolchloiche ar a chéile ann anallód.



Tá dhá cheanntar eile sa Mhumhain in a bhfuil
talamh maith méith: idir Abha Mhór agus Laoi;
agus idir an laoi agus Abha na Banndan.



Gleann leathan saibhir é siúd cois Abha an
Lagáin i gCúige Uladh: ó Bheul Feirste
siar go bun Abha an Lagáin agus as san, siar —
go Port a' Dúnáin. Deintar a lán cuire-
adóireacht ansan agus tá mórán muileann
lín ann. Nuair a loit na Sasanaigh gnó olann-
eudaigh na h-Éireann i mbliain a 1699, chuir-
eadar gnó an lín-eudaigh ar bun i gCúige
Uladh — ameasc na ndaoine a bhí dílis do rí
Shasana, agus thugadar gach congnamh dóibh.
Ní raibh aon lín-eudach 'á dheunamh i Sasana ach bhí
a lán den eudach olna, agus bhí eudach na
h-Éireann ag cur isteach an-mhór air sin. Ón
uair sin i leith tá gnó an lín-eudaigh ag borradh
is ag fás i gCúige Uladh.



Deintar mórán feirmeórachta i ngleann an
Chlochair i dTír Eoghain. Cuirtar an-chuid
prátaí ann, agus i ngach áit eile i gCúige
Uladh a bhfuil talamh maith ann. Ní fiú trácht
ar feirmeóireacht na bprátaí sa Mhumhain i
gcomórtas len a ndeintar i gCúige Uladh dhi.



Tá talamh maith cois Siúire i nDéisibh Mumhan,
agus isteach go Port Láirge a seóltar na
barraí. Dúthaigh ubhal is eadh na Déise, go


L. 83


mór mór idir Eóchaill agus Ceapach Chuinn.
Deintar saghdar (sú-ubhal) i nDún Garbhán.



TALAMH PORTAIGH.



Ós rud é go bhfuil an talamh go h-íseal
lom fliuch i lár na h-Éireann tá talamh móna
nó portaigh go flúirseach ann. Fén ithir thíos
a bhíon an t-uisce sa phortach. Ní cré in aon
chor an ithir sin ach móin .i. fuighlach an fhéir
agus na gcrann a bhí ann na mílte bliain ó
shin. Nuair a leag stoirm mhór éigin na
coillte agus nuair a tháinig an tuile ar na
craobhachaibh agus ar an bhfeur do lobhadar (le
h-aimsir), agus dhéin móin díobh.



Baintar an mhóin agus tiormuítar fén
ngréin í agus is í an t-aon abhar teine amháin
atá ag furmhor na ndaoine ar an dtuaith í.
Tá portacha móra fairsinge ann mar atá:
Móin Éile i gCúige Midhe, agus Móin Almhan
— ó Chilldara go bruach Sionna. (Cuid de
Mhóin Éile is eadh Móin Almhan le ceart.)
Táid na bailtí móra so ar theórainn Mhóin
Almhan: an Tulach Mór, Port Laighse agus
Áth Luain.



Tá an-chuid talamh portaigh i dTir Chonaill
i gCúige Uladh; agus i Muighe Eó i gCon-
nachtaibh; agus i gClár Mumhan — idir Chill
Ruis agus an Dún Beag.



AN MHÓIN MAR ABHAR PÁIPÉIR AGUS
MAR EASAIR DO CHAPALLAIBH.



Tá gnó eile den mhóin chó maith le h-abhar
teine, mar déintar easair dí i gcóir leaba


L. 84


chapall agus déintar páipeur rua' dhí, leis.
Agus dála an ghuail, is féidir tarra agus
criasóid a bhaint as an móin, agus gasa chun
soluis.



MAR A BAINTAR AN MHÓIN.



Fé mar a leagfá falla is eadh baintar an
mhóin sa Mhumhain — tosnú ar bharra an phoirt
agus é ghearradh anuas in a fhódaibh caola.
Ach mar seo a bhaintar í cois Loch n-Eachach
i gCúige Uladh: tosnú ar úrlár an phoirt
agus bheith 'á ghearradh timpal ort. Fód
aonair tanaidhe a bhaint den “úrlár” go
léir, sa turas. Agus is dóigh gur mar sin is
fusa agus is réidhe é mar is in a srathanaibh
(nó in a h-”úrláraibh”) a fhás an mhóin.



GUAL AGUS MIANÁIN EILE.



Ag brath ar ghual ó Shasana atá Éire agus
d'réir gach cúntais ní gá san. Tá mórán
mianach guail in Éirinn dá n-oibrítí iad.
Baintar gual an-mhaith in Airgne i gcomhgar
Locha Ailinne (i mBréifne Uí Ruairc), agus
i mBaile an Chaisleáin tamal soir ó Bheann
Mhór i nDál Riada (i gCúige Uladh). Agus
d'réir tuairim lucht cuardaigh tá gort fairsing
guail ar Oileán an Ghuail, lámh le Loch nEachach
i dTír Eoghain.


L. 85


Tá gual-gan-lasair — gual Anthracite 'á
bhaint ag Caisleán an Chumair in Osraighe i
gCúige Laighean. Gual cruaidh é nách fuiris
a adhaint agus, dála na móna, ní bhíon aon
lasair uaidh. É an-oiriúnach do mhuilnibh,
&rl.



Tá áiteana eile fós in a bhfuil gual le
baint: i nDúthaigh bhFear Monach in Ultaibh,
agus i gceanntar Laighse i Laighnibh, agus i
nDúth' Alla sa Mhumhain.



Ní raibh aon chabhair le fáil ó aon rialtas
go dtí so (1923) chun na mianaigh guail a
oibriú sa cheart. Easba córach iompair an ní
is mó atá ag cosc na h-oibre. Ní féidir aon
mhianach a oibriú gan bóthar iarainn ó bheul an
mhianaigh go dtí an baile mór (nó an calaphort)
is neasa dho.



Mianáin Eile. — Tá cré Bhéal Lice cois
Éirne i dTír Chonaill go h-áluinn chun
criadóireacht uasal. Déintar áruistí míne
búird i mBéilice. Tá cré dho-loiscthe le fáil
i dTír Eoghain agus in áiteanaibh eile; í
feiliúnach do dheunamh na n-áruistí deilfe.
Níl aon easba bun-abhair chun táthán a dheunamh:
cré áirithe agus cailc (nó cloch-aoil); agus iad
do dhógh ar a chéile. Tá an t-abhar san le fáil
in Uibh Cinnsealaigh i gCúige Laighean agus
ar Oileán Árda Neimhidh cois Laoi (sa
Mhumhain) agus in a lán áiteana nách iad.



Ní déintar aon tsórt Gloine in Éirinn
anois ach buidéil, cé go bhfuil gainimh mhín — atá
oiriúnach do aon tsórt gloine — le fáil i


L. 86


ndúthaigh Locha n-Eachach i gCúige Uladh, agus
ag Cill Barrach láimh le Beann Éadair.



Sa' ghleann a bhfuil an Abha Bheag i ndúthaigh
Cualann i Laighnibh baintar Copar ann. Agus
fuarthas ó am go h-am Airgead agus Stiongc
sa' dúthaigh sin; agus Ór ar Chruachán Cinnsealach.



Agus do baintí copar sa Mhumhain ar Ros
Chill Áirne agus ag Bun Machan na nDéise
agus ar an gCluain i mBéara.



Tá Cloch Luaidhe le baint ar an dTulaigh i
gClár Mumhan; agus ar an Rúscaigh.



Tá Iarann d'á bhaint i nGleann Arma i
nDál Riada agus tá sé le baint ar an mBaile
Árd laisteas de Chill Manntáin i gCuala. Tá
talamh cloch-iarainn ag an nDíseart le hais
Phort Laoighse agus bhí sé 'á shaothrú go maith
trí cheud bliain ó shin. Go dtí a bhfuil le
fíor-dhéanaighe bhí iarann dá bhaint ar bruachaibh
Locha Gamhna. Tá Ailimín — miotal aneud-
trom i gcóir na n-aerlong — tá sé le fáil ag
Latharna agus in a lán áit eile i gCúige Uladh.



Níl aon tobar Íle in Éirinn, agus ní déintar
aon tsórt ola ann ach beagán den ola ros-lín.
Thar lear a thagan gach ola agus gach íle eile:
fíor-ola, pairimh-íle, casar-ola agus ola
phailme.



[Focal nua gach ceann acu-san. Agus brí nua ann le
h-ola agus le h-íle: “Ola” = an saghas tiubh; “íle” = an saghas
tanaidhe (S. T.).]


L. 87


Do deintí Maighnéis (as cloch-aoil agus sáile)
ar Inse Rátha, cois Laoi.



Talamh na h-Éireann. — tá suas le dosaon
milleón go leith d'acraí Gaedhlacha (12,500,000)
sa tír le chéile.



I mbliain a 1921 bhí suas le sé milleón acra
(6,000,000) de sin ag tabhairt Féir Ghlais.



Bhí tuairim trí mhilleón acra (3,000,000) fé
bharraí agus leath an oiread san féin (½) fé
“Feur Tirm”; agus a cheathrú (¼) fé Choirce,
agus leath an oiread san arís (1/8) fé Phrátaí
.i. tuairim a trí ceud go leith míle (350,000)
acra prátaí.



Is beag den tír atá fé choilltibh nó fé fás-
choillte; tuairim naoi scór míle acra
(180,000).



Tá mór-chuid de thalamh na h-Éireann gan
tairbhe mar tá timpal milleón go leith acra fé
uisce nó fé gharbh-chnocaibh. Ach b'fhuiris don
rialtas a fhurmhór san a dheunamh torthúil .i.
coillte do chur ar na cnocaibh; agus na
bogacha is na curraithe do thiormú beagán
agus crainn do chur ionnta. Talamh bocht a
bhíon de ghnáth mar a mbíon an tSean Rua-
Chloch Ghainimhe.


L. 88


IX. — LÍON NA NDAOINE.



I mbliain a 1841 — dachad bliain tar éis
deunamh an Ceangail le Sasana .i. “The
Union” bhí ós cionn ocht milleón duine
(8,000,000) in Éirinn, agus indiu — 1923 (ceud
is fiche bliain t'réis a cheangail sin) níl ach
cheithre milleón go leith (4,500,000) ann. Is
leór san mar chomhartha ar an meath a tháinig ar
Éirinn de dheascaibh an Cheangail úd. Fuair
breis agus dhá mhilleón duine (2,000,000) bás
“in aimsir a' ghorta” (1846-1848) mar bhí cead
ag lucht tráchtalá gach rud i bhfuirm bídh a
sheóladh amach as an dtír. Do seóladh an-chuid
arbhair amach as Éirinn i mbliain a 1848 agus
daoine ag fáil bháis in a míltibh ar thaobh a'
bhóthair le h-ocras. B'fhiú seacht milleón deug
púnt (£17,000,000) an méid arbhair a seóladh
amach as an ndúthaigh an bhliain sin. Dá mbeadh
rialtas d'á gcuid féinig ag Éireannachaibh an
uair sin ní ceadóchaí é sin.



Scannra go brách bu dh' eadh an Gorta úd.
D'ith na daoine an feur glas agus gach sórt
bídh dá ghairbhe. Chuir san glas-chroiceann orra
agus d'at na féithleóga ionnta. Minic a
fuarthas daoine (i gConnachtaibh agus i gCair-
bre, &rl.) sínte marbh ar thaobh an bhóthair agus
a mbeul lán den bhfeur glas. Agus aithreacha
clainne, is minic dfágadar a leanbhaí sa
roilig gan cur mar bhídís féin ro-lag chun
uaigh a dheunamh dóibh.



Do lean duairceas agus lag-spridí ar
mhuinntir na h-Éireann ar feadh leath cheud
bliain d'éis an Ghorta san.


L. 89


LÍON DAOINE AN DÁ THÍR.



Is mar seo a bhí an scéal ag Éire agus ag
Sasana i dtaobh daoine:



I mbliain a 1841 — Ocht milleón duine in
Éirinn (8,000,000) — agus a sé milleón deug
i Sasana (16,000,000).



I mbliain a 1921 — Cheithre milleón go leith in
Éirinn (4,500,000) agus dachad milleón i
Sasana (40,000,000).



Is léir ó sna figiúirí sin go mbeadh fiche
milleón duine (20,000,000) in Éirinn indiu in
ionad a cheithre milleón go leith (4,500,000) —
dá ndeineadh Éire an dul-chun-cinn ceudna
agus a rinn Sasana. Agus is áirithe go
ndeunfadh muna mbeadh an Ceangal úd agus
an smacht iasachta.



POIBLÍOCHT NA GCATHRACH.



Sid é líon na ndaoine atá ins na bailtí
móra:



I mBaile Átha Cliath tá timpal a cheithre
ceud míle duine (400,000); agus tuairim an
oiread ceudna i mBeul Feirsde.



Tá suas le ceud míle duine i gCathair
Chorcaighe (100,000).



I Luimneach tá tuairim a dachad míle (40,000)
agus geall leis an méid ceudna i nDoire
Cholumcille.



Suas le deich míle fichead duine (30,000)
atá i bPortláirge; agus i nDún Laoghaire
tá timpal fiche míle (20,000).



Maidir le h-áireamh daoine tá Baile Átha


L. 90


Cliath ceithre h-uaire níos líonmhaire 'ná Cor-
caigh (4 x 1); agus tá sé suas le deich n-uaire
níos mó 'ná Luimneach agus 'ná Doire Cholm-
cille (10 x 1); agus fiche uair níos mó 'ná
Dún Laoghaire (20 x 1).



(Inneósaidh do mhúinteoir duit cad é líon na
ndaoine ins na bailtí móra is giorra dhod' áit
chomhnaithe féin.)


L. 91


X. — TRÁCHTÁIL AGUS ÉCONOMICE.



Tá tráchtáil agus gnó na hÉireann ar dhroch-
staid mar tagan earraí isteach gur cheart
go mbeidís 'á ndéanamh sa tír seo. I mbliain
a 1921 tháinig luach a chúig mhilleón púnt de
bhróga agus de bhuataisí (£5,000,000) agus luach
a sé milleón púnt (£6,000,000) de eudach agus
de chulaithibh eudaigh agus luach a naoi milleón
púnt de phlúr (£9,000,000); agus luach a dhá
mhilleón go leith púnt (£2,500,000) idir thobac
agus mílseán.



Agus mar sin féin is í Éire an chéad tír a
cheap Earra-Chomhartha Náisiúnta dhi féin.



EARRA-CHÓMHARTHA NA HÉIREANN.



Díolaid feirmeóirí na hÉireann tuairim
luach a chúig milleón púnt (£5,000,000) de
bhagún mhaith mhilis le Sasana gach bliain ach
ceannuighid muinntir na hÉireann luach a
trí milleón púnt (£3,000,000) de bhagún bhog


L. 92


mhí-bhlasta ó America! Is léir uaidh sin go
n-oirfadh scoluíocht i gcúrsaí Tráchtála agus
Économice d'ár muinntir.



Ar Éirinn is mó atá Sasanaigh ag brath
i gcóir margadh do earraí Shasana. Ní bheadh
Sasana chó saibhir sin in aon chor mara mbeadh
go gceannuighid muinntir na hÉireann oiread
san d'á deuntúisí uaithe. Bhí an focal so
síos ar chúntas a chuir Rialtas Shasana amach
i mbliain a 1920:



“Is í Éire an customéir is fearr atá ag an mBreat-
ain Mhór. Is mó (de earraí) a cheannuighean Éire ón
mBreatain 'ná mar a cheannuighean Stáit America 'ná
an India Mhór féin.”


L. 93


XI. — NA BAILTÍ MÓRA.



Do tráchtadh ar chuid díobh-so cheana. Feach leat cúrsa
na n-abhann, agus na sráideana atá taobh leó.



I GCÚIGE LAIGHEAN AGUS I GCÚIGE MIDHE.



Baile Átha Cliath — Cathair atá ag fás in
agha' na bliana is eadh Baile Átha Cliath —
cathair chinn na h-Éireann. Is é teóra a bhí
tráth le h-Áth Cliath 'ná “é idir dhroichid an
dá chanáil,” ach tá leath-dhosaon sráidbhailte
ag gabhail le Baile Átha Cliath anois agus
orra-san tá Drom Connrach, Glas Noidhean,
Cill Maighneann agus Cluain Tarbh; agus is
maith an dóigh go mbeidh Ráth Maoinis, an Ráth
gCearr, Tor Fhionnabhair, Pembroc, an “Dubh-
Charraig” agus Dún Laoghaire i gcuibhreann na
Cathrach fós.



Baile cuain is eadh Dún Laoghaire; é in
a stad-phort don loingeas a bhíon anonn is
anall idir Éire agus Caer Gybí na Breat-
aine Bige.



Ar Chluain Tarbh a briseadh ar arm mhór
na nDanar, Aoine an Cheusta, bliain a 1014;
agus briseadh ab eadh é sin ar mhór-neart
náisiún na Lochlannach ar fuid na h-Eórpa.
Sa chath san a marbhuigheadh Brian Árd-Rí,
agus Murcha a mhac, agus Toirealach a mhac-san.



Ní raibh ach sráid bheag, tráth, san áit a bhfuil
cathair mhór Bhaile Átha Cliath anois. Isé
an cuan breá fairsing a dhein cathair den


L. 94


tsráidín úd. Níl aon áit eile chó h-oiriúnach
don tráchtail mhór atá ar siubhal idir Éire
agus Alba; agus idir Éire agus Sasana 'is
an Bhreatain Bheag. (É dála Chóbh Chorcaighe
agus an tráchtáil Americánach.) I mBaile
Átha Chliath a deintar an Poiplín is uaisle
amuigh. Eudach a bhfuil olann (nó cadás) agus
síoda ann é sin. Agus tá gnó euchtach mór
ar bun ag cualucht Mhic Aonghusa (“Guin-
ness”) ag déanamh beórach. Níl teannphórtar
ar bith chó mór teist le deuntús Mhic Aon-
ghusa. (Deirtar go bhfuil buadh fé leith san
uisce ar a ndeintar é.)



Tá árd cháil ar na brioscái a déintar i mBaile
Átha Cliath agus tá ceannach mór orra thar lear.
Cuirtar cóir mhaith neamh-choitianta ar an lucht
oibre i ndeuntúsachán mór na mbrioscaí,
cois Life.



San Eóraip le chéile níl aon radharc i
bhfuirm aonaigh chó breá le Teasbánadh
Capall Átha Cliath a comórtar uair sa
bhliain. Bíd na mílte duine ann — daoine
saibhre uasal-eudaigh — agus na capaill is fearr
foluíocht ar domhan.



Is beag má tá sráid in aon chathair san
Eóraip chó fairsing le Sráid Ó Conaill i
mBaile Átha Cliath. A lán íomhána fan na
sráide — deilbh daoine a rinn tairbhe (nó a
bhuaidh clú) d'á ndúthaigh. Ó Foghlú úd,
dealbhóir cruthanta, is é rinn cuid desna
h-íomhánaibh sin. Loisceadh cuid desna tighthibh
bu bhreátha sa tsráid sin i gcogadh na Saoirse


L. 95


i mbliain a 1916 agus sa' Sparainn Pholui-
tíochta i mbliain a 1922 — an uair a leagadh
Cathal Brugha, fear a dhein eucht oibre ar son
na Gaedhilge agus náisiúntais Gaedhal. Bhí
sé sin agus Mícheál Ó Coileáin ar na daoine bu
dhéine agus bu leanúnaighe a dhein iaracht i
gcoinnibh comhacht Gall idir bhliain a 1916 agus
bliain a 1921. Fóiríor gur i gcoinnibh a chéile
bhíodar i mbliain a 1922 — nuair a thárla an
Sparainn Pholuitíochta.



Tá páirc mhór phoiblí ann — Páirc Fionn-
Uisce agus níl a sárú insan Eóraip, adeirtar.



Cé gur breá go léir na tighthe poiblí agus
na h-oifigí gnótha atá i mBaile Átha Cliath
is ann atáid na tighthe lóistín is doirche agus
is gráinne in Éirinn. Tá tighthe ag daoine bochta
i mBaile Átha Cliath (1923) agus is scannra
le haindhise agus le mí-chúmpórd iad.
Deintar mór-chuid garraíochta mór-thimpal
Bhaile Átha Cliath. Tá garraithe beaga go tiubh
ann; cabáiste agus inniúin agus mór-chuid
eile glasairí ag fás ionnta. Is tairbhighe go
mór an sórt san i gcomhursanacht Cathrach 'ná
feirmeóracht. Cuirtar an-chuid eórnan i
gCúige Laighean, mar áit mhaith chun a díolta
is eadh Baile Átha Cliath toisc an méid leanna
agus uisce beatha a déintar ann. Ní cathair
mhór í chun deuntúisí i gcomórtas le Beul
Feirste, ach is gile agus is áilne go mór í
'ná Beul Feirste. (Sin é focal, leis, adeirid
Albanaigh fé Dhún Éideann i gcompráid le
Glaschu).



Tá roilig i nGlas Noidhean agus is ann atá


L. 96


furmhór ceann pobail na hÉireann curtha.
Orra-san tá Art Ó Gríofa, fear teagaisc sa'
Náisiúntas, an té cheap “Sinn Féin” mar shlí
chun comhacht gall a bhrise' in Éirinn. Do ghoill
ar a shláinte i mbliain a 1922, le linn na
Sparainne Poluitíochta, agus fuair sé bás de
bhriseadh croidhe.



Amach a' Baile Átha Cliath a ghabhaid na
bóithre iarainn chun gach áird sa' tír. Agus
feuch mar a ghabhan an dá bhóthar úd atá idir Uibh
Chinnsealaigh agus Dál Riada — iad an-chomhgarach
don mhuir chun talamh árd agus sléibhte a
sheachaint. Agus istigh i lár na dúthaighe atá
an bóthar mór iarainn chun na Mumhan, mar
is ansúd atá an talamh is réidhe agus is ísle.



Iascach scadán an saghas is mó a deintar
timpal Bhinn Éadair. Níl sárú scadán
Chuain Átha Cliath i bhfaraigí an domhain. Dhá
mhíle go leith tonna de scadánaibh a gabhadh sa
Chuan, i mbliain a 1916.



Long-stad ab eadh Beann Éadair tráth ach do
líon cuid den chuan de ghairbhéal ón muir. Is
é Dún Laoghaire an long-stad anois.



Cill Chainnigh — Cois na Feórach in Osraighe
atá Cill Chainnigh agus ó Naomh Cainneach a
ainmnigheadh í. Airimhítar in a cathair í, toisc
gur suidhe easboig i, agus gurbh áit chun
cruinnithe i gcúrsaí stáit í sa tsean-aimsir.
Tá cloigchill ann agus sean-tighthe Eaglaise.
Agus gach rud i bhfuirm breáthacht dúithe tá sé
le feicsint in a comhursanacht.



Chuir Otway Cuffe fear saothraithe tionnscail
agus Gaedhilge (ná mairean) chuir sé muileann
éadaigh agus deunamh troscáin ar bun ann.


L. 97


An marmar dubh a baintar i gCill Chiannigh
tá riabha den charbón ann agus sraitheana
geala de shliogánaibh éisc measctha tríd.
Marmhar so-shnasta buan é. (Feuch leathanach
a 39, “Cill Chainnigh.”)



Seacht míle laisteas de Bhaile Mhic Anndáin
in Osraighe, tá cromleac sheannda — “cloch
mhór anuas ar thrí chloch” — ar a dtugtar Leac
an Scáil. Laoch (scál) éigin athá adhlacta ann.
Comhgarach do Bhaile Mhic Anndáin atá an
tsean-mhainistir úd Mainistir Sheiriopúin
(1160) in a bhfuil obair an-órnáideach ar fad.



Droichead Átha. — Baile cuain ag bun Bóinne
is eadh Droichead Átha.



Do dhein saighdiúirí Chromail marbhú déistineach
ann ar leanbhaí agus ar mhná i mbliain a 1649
nuair a thugadar bás le claidheamh do sna
míltibh duine. I nDroichead Átha a rialaigh an
sagart naofa — an t-Athair Olibhéir Pluinceud,
Árd-Easbog Éireann. Chuir na Sasanaigh chun
báis sa' chroich é ag Tyburn i Lonndain Shasana
i mbliain a 1681. Dfhógair an Eaglais in a
bheannaithe le deunaighe é (1921). Tá a cheann
beannaithe i “dTeampal Cuimhne Olibhéir
Pluinceud” i nDroichead Átha.



Lámh le Droichead Átha atá Mainistir Buithe
mar a bhfuil cros mhór ársa agus í go
hórnáideach. Deirtar gurb í cros is fearr
ar sheanchrosliagaibh Éireann í, agus is mór
an focal é sin. (Féach leat lch. a 35, “Droichead
Átha.”)


L. 98


Port Laighse. — Ar imeal Mhóin Almhan i
ndúthaigh Laighse i Laighnibh atá Port Laighse.
Dhá mhíle lasmuigh dhé a bhí an mhainistir
agus an scoil ag Aonghus (fear naofa léigh-
eanta) ar a dtugtí Céile Dé. Rinn seisean
mór-chuid scríbhnóireachta, agus níl liodán
naomh i dteangain ar bith níos críochnúla 'ná
“Féilire Aonghusa.” Dísirt Aonghusa ainm
na h-áite in a bhfuil fothraigh na dtighthe eag-
laise a thóg Aonghus Naofa um bhliain a 800 a.d.



Géisill. — In Uibh Failghe a thug Maighriad
(bean chéile Uí Chonchubhair) an feusta mór i
mbliain a 1450. Lucht léighinn agus lucht ceóil
na hÉireann agus na hAlban a bhí ann. Dhá
mhíle a seacht gceud duine (2,700) a bhí ar an
gceud fhleidh ag Cill Achaidh Dromafada (láimh
le Géisill) soir ón dTulach Mór. Agus tuair-
im an oiread céadna a bhí ar an dtarna fleidh
ag an Ráth Daingean (Lastuaidh de Chill
Dara). Agus bhronn sí leabhar nó órnáid
nó eile ar gach duine ar dhul abhaile
dhó; agus chuir Mac Aodhgáin seanchuidhe Ua
bhFailghe ainm gach aonne acu sa leabhar innste.
Um an dtráth úd iseadh bhí na cogaí móra i
Sasana — Eirighe amach Jack Cade agus The
War of the Roses.



Churrach Chilldara — Tá suas le cheithre mhíle
acra Gaedhlach sa Churrach san agus áit chun
mór-chruinnithe ab eadh é riamh, mar is fuiris
teacht ann ó gach taobh. Níl aon achrann slí
ann.



I dteannta ainm Bhríde — Muire na nGaedhal.


L. 99


— gabhan ainm mhór eile le stair na háite .i.
Lorcan Ó Tuathail (den sliocht ríoga) dob'
árd-easbog ar Áth Cliath Laighean. Thall i
Normain na Fraingce a cailleadh é sin (1180)
agus do fógraigheadh in a Naomh é leath cheud
bliain dá éis sin.



Magh Nuadhat. — Is ansan atá an Coláiste
mór in a múintar na mic léighinn i gcóir na
h-Eaglaise in Éirinn. Sa choláiste sin a
thosnaigh an t-Athair Eoghan Ó Gramhna ar a
shaothar mhór ar son teangan so na h-Éireann.
Eisean a chuir “Leabhair Uí Ghramhna” le chéile
chun cabhrú le daoine a bheadh d'iaraidh Gaedhilg
a fhoghluim sa' bhaile. Ceannuidhe i gCorcaigh
a chabhraig leis i gcúrsaí airgid na clódóireacht.



Bhris ar a shláinte de dheasca na h-oibre
móire a rinn sé ar son na Gaedhilge.
B'éigean dó dul go Los Angeles America ar
lorg na sláinte, ach níor bhronn Dia arís
air í. Cailleadh ann é i mbliain a 1903
agus tugadh a chorp abhaile go h-Éirinn;
agus bhuaidh an tsochraid le méid is le taidhse
ar aon tsochraid a bhí riamh in Éirinn roimis
sin agus sochraid mhór “Terence Bellew
MacManus” a chur san áireamh. Bhí faid cheithre
míle innte. Dubhairt an t-Athair Peadar Ó
Laoghaire an focal so, lá na sochraide:



“Nuair a chuimhnigh an t-Athair Eoghan ar an obair a
dheunamh agus nuair a thug sé aghaidh uirre thug sé aghaidh
ar rud a bhainfadh stad as aon fhear eile ach as féin.”



I roilig an Choláiste i Magh Nuadhat atá
uaigh an Athar Eoghan Ó Gramhna.



Baile na Laogh. — Sráid bheag atá laisteas
de Loch Gamhna i gCúige Midhe is eadh Baile


L. 100


na Laoigh agus is ann a deineadh an cheud iaracht
ar éirleach na Black and Tans a chosc (i mbliain
a 1920) nuair a thángadar isteach ann ag
creachadh agus ag loscadh na háite.



Muileann Cearr. — Lastuaidh de Mhuileann
Cearr i gCúige Midhe atá Loch Uail. Bás
báite a imrigheadh ar Lochlannach úd an éirligh
.i. Turgéis (nó Torcal) agus is i Loch Uail
a bádhadh é.



I GCÚIGE ULADH.



Beul Feirsde. — Dála bailtí móra America
dfhás cathair Bheul Feirste an-mhear. Ní raibh
aon trácht uirre, mar chathair 'ná mar áit
ghnótha, tá ceud go leith bliain ó shin ann
(a.d. 1770), agus bu mhór le rádh é Baile Átha
Cliath an uair sin. An dá ghnó úd — deunamh
na Long agus deunamh an Lín-eudaigh a dhein
cathair mhór shaibhir de Bheul Feirste. Áit
an-mhaith don tógáil loingeas is eadh é mar
tá an cuan go fairsing agus gach bruach de
feiliúnach mar leaba long nó duga. I mBeul
Feirste a deineadh gach long mhór Athlantach
atá ag an gcomplucht loingeas úd — “The
White Star Line.” Tá breis is deich míle
fichead duine (30,000) ag obair i ndugana
long Bheul Feirste gach lá.



Is aisdeach é le h-ínnsint ná fuil an bun-
mhianach chun aon ghnó acu-san le fáil ar thalamh
Uladh — mar is ó Shasana a thagan an t-iarann
agus an gual le h-aghaidh na h-oibre; agus
ón Rúis a gheibhid deuntóirí an lín-eudaigh


L. 101


leath a gcuid bunaigh .i. an líon garbh as a
ndéintar “lín-eudach Bheul Feirste” an
lín-eudach is fearr agus is gile ar domhan.
An saghas uisce atá i gCúige Uladh agus an
ghaoth bhog fhliuch a dhéinean an lín-eudach chó
geal san. Tá suas len a deich is trí fichid
míle duine (70,000) ag obair ar an líon agus
ar an lín-eudach i mbailtí móra Chúige Uladh
agus is í cathair Bheul Feirste an muileann
mór ar fad.



An muileann deunta teudán agus córda
is mó ar domhan, is i mBeul Feirste atá,
agus tá an focal ceudna le rádh fén ndeun-
túsachán tobac athá ann. An mhí-shláinte a
leanan gnó na ndeuntúsachán mór i ngach tír,
tá sí-sin go soiléir ar mhuinntir Bheul Feirste,
leis.



Tír feirmeórachta agus duthaigh muilne beaga
is eadh an chuid eile de thír na h-Éireann agus
is sláintiúla agus is aoibhne go mór an saghas
san 'ná an brú' agus an fothram agus an dian-
obair a déintar de ló agus d'oíche i gcathair
chinn Chúige Uladh — cathair na ndeuntúsachán
mór. Tá teach an-bhreá poiblidhe ann “Halla
na Cathrach.”



Ní cathair chun breáthacht radhairc Beul
Feirste ach tá bailtí beaga in a comhursanacht
agus iad ar áilneacht — mar atá: Domhnach
Diagh agus Ceann Bán agus an Caisleán Nua.
Agus Beannachar — áit a raibh scoil mhór agus
mainistir ag Comhgall (um bhliain a 500) agus
suas le míle scoláire Eaglaise ann aige.



I mBeul Feirste a chomhnaigh an tAthair
Domhnal Ó Tuathail (ná mairean). Eisean a


L. 102


rinn athrú mór fónta ar mhúinteóracht na
Gaedhilge (1914); chó mór d'athrú agus a
dhein an t-Athair Peadar Ó Laoghaire i dtaobh
na scribhnóireachta.



Den Eaglais Ghallda trí ceathrúna (¾) de
mhuinntir Bheul Feirste, agus an-dhubh acu chun
na gCaitilicí. Táid siad riamh ag ruagairt
na gCaitilicí as an gcathair — go mór mór le
fiche bliain anuas. (Feuch leat leathanach a
35, “Beul Feirste.”



Dún Dealgan. — Ó aimsir Chúchlainn anuas
tá trácht ar Dhún Dealgan (in Ultaibh). Baile
cuain é in a ndéintar beóir agus clódóireacht;
agus oibreacha móra do lucht an bhóthair iarainn.
Tá trí sráideana in Éirinn agus deirtar
go bhfuilid siad ag dul chun cinn go tiubh:
“Baile Meádhonach, Dún Dealgan agus
Tráigh Lí.”



Bhí Dún Dealgan riamh in a áit gnóta agus
tráchtála, toisc é bheith cois cuain agus ag
bun na gcnoc. Agus is uaidh amach a ghabhaid
na cheithre bealaighe agus na trí bóithre iarainn
óthuaidh chun dúichí móra Uladh.



Ar an bhFachart, lámh de Dún Dealgan,
a thuit An Brúsach, Gaedhal Albanach, i mbliain
a 1318 nuair a bhí sé d'iaraidh bheith in a rí ar
Éirinn. (Feach lch. 22, “Dún Dealgan.”)



Baile Meádhonach agus Lios na gCearr-
bhach. — I nDál nAraidhe atá Baile Meádhonach —
áit atá ag borradh go tiubh, agus ar nós
na gceudta eile sráid i gCúige Uladh tá


L. 103


an-chuid líneudaigh 'á dheunamh ann. Cois abha
an Lagáin sa' duthaigh cheudna atá Lios na
gCearrbhach áit a bhfuil deuntús an líneudaigh
ar bun go daingean ann.



Árd Macha. — In Árd Macha in Oirghialla a
chomhnaighean Ceann na h-Eaglaise in Éirinn.
Cathair chinn na h-Éireann i gcúrsaí eaglaise
Árd Macha (ar nós Bhaile Átha Cliath i gcúrsaí
stáit agus stair-sheanchuis). Pádraig Naofa
féin a dhein cathair chinn de Árd Macha. Tá
dhá theampal bhreátha ann. Tá tigh spéir-eólais
ann, mar atá i mBiorra in Éile Uí Chearbhaill.
Sa chomharsanacht san a bhí an Eamhain — pálás
an rí — in aimsir Chúchulainn agus le linn na
Craoibhe Ruaidhe. Is in Árd Macha a chríoch-
naigh Ferdomhnach an leabhar áluinn úd —
“Leabhar Árd Macha” (um bhliain a 807). Tá
scríbhinn an leabhair sin agus scríbhinn “Leabh-
air Cheannanuis” an-áluinn ar fad.



Marmar rua' atá mar leacacha sráide in
Árd Macha mar tá sé go flúirseach sa chomh-
ursanacht san.



Doire Cholmcille. — Nuair a bhí Seumus
Stíobhart d'iaraidh dul i gcoróinn i Sasana
bhí Caitilicí na h-Éireann ag cabhrú leis
agus bhí Protastúnaigh na h-Éireann ar thaobh
Uilliam, rí Shasana. Thug arm an Stíobhairt
fé chathair Dhoire (i mbliaina 1688) ach chosain
George Walker (cléireach den Eaglais ghallda)
agus na príntísigh oibre an áit ar feadh chúig
lá agus ceud (105) nuair dob éigean d'arm
an Stíobhairt eirighe as an ionnsuidhe, agus
muinntir Dhoire i ndeire an anama acu le


L. 104


gorta agus gach saghas annró. Bhí muinntir
sin Dhoire go cróga fuilingeach, gan aon agó.



Deuntús léinte an gnó is mó atá ar bun
i nDoire. Tá tógáil loingeas agus súdair-
eacht (leasú leathair) ar siubhal ann, leis.
(Feuch leat lch. a 33, “An Feabhal.”)



Ar Mhagh Bhile in Inis Eoghain a chomhnaigh
Finín Naofa: duine de Dhál bhFiatach, síol
ríoga. Eisean a scríobh an leabhar úd gur
dhein Colmcille cóib gan chead de agus gur
thárla cogadh mór d'á dheascaibh.



Go Magh Bhile a ghlaodhaid an loingeas mór
ó Chanada.



Iubhar Cinn Trágha. — Cois na Cáir-Linne
atá Iubhar Cinn Tragha agus is ann a rugadh
agus a tógadh Seán Misteul scríbhnóir
misniúil uasal a sheasaimh le ceart na
hÉireann agus d'fhuiling pionós agus díbirt
mar gheall air.



Tá coireul grian-chloiche sa cheanntar san.
Tá ard-éiliomh ar an saghas san cloiche chun
tighthe poiblí agus chun teampal; agus chun
crua-bhóithre a dheunamh. Grian-chloch ón Iubhar
atá i dTeampal Cuimhne an Chonallaigh i gCathair
Saidhbhín in Uibh Ráthach; agus in Árd-Teampall an
Chóibh, cois Laoi; in Eaglais Caoimhein agus
i dTeampal Naomh Ióseph i mBaile Átha Cliath.



Dún Pádraig. — Áit chluthair cois Loch Cuan
is eadh Dún Pádraig. Is ann atá tuama
Phádraig Naofa. Agus comhgarach don áit
sin atá Sabhal mar ar chraobhscaoil Pádraig
an Creideamh ar dtúis, agus 'sé cheud áit é


L. 105


in ar thóg sé teampal chun glóire Dé. Is
ionann Sabhal agus “scioból” mar do bhronn
Dichú, ceann cine, scioból ar Phádraig i
gcóir teampail.



I nDún Geanainn i dTír Eoghain a bhí dún agus
áit chomhnaithe gach rí a bhí riamh ar Uibh
Néill Uladh. Den chine sin ab eadh Aodh, agus
Seán an Díomais agus Eoghan Rua. Is ann,
leis, a bhí cruinniú mór na nÓglach i mí Feabhra
a 1782 nuair a chuir Énrí Mac Grathain (agus
Protastúnaigh saibhre Uladh) chun ceart a bhaint
amach do mhuinntir na hÉireann.



Carraig Fhearghusa. — Ar bruach Locha Laoigh
i nDál nAraidhe atá Carraig Fhearghusa agus
tá gnó neamh-choitianta ar bun ansan .i. tá
mianach salainn d'á oibriú ann. Agus baintar
an-chuid salainn in aghaidh na bliana ann — suas
le chúig mhíle déag (15,000) tonna.



Dún na nGall. — Sráid-bhaile atá go cluthair
lámh le cuan, i dTír Chonaill is eadh Dún na
nGall. Sráid aonaigh agus margaidh ar imeala
Gaedhaltachta seadh é.



I mainistir Dhún na nGall a rinn an Ceathrar
Ollamh — ceathrar scríbhnóirí (de mhuinntir
Chléirigh bu dh'eadh triúr acu) — furmhor na
sár-oibre úd .i. “Annála na h-Éireann.”
Seanchaithe ab eadh iad-san a chlaoidh leis an
bhfírinne — í binn nó searbh. Timpal bliain a
1620 a bhí na h-annála san d'á scríobhadh acu.
Tamal lastuaidh de Dhún na nGall — ag Tamhnach
a' t-Salainn is eadh chomhnaigh “Ethna Carbery”
scríbhnóir a rinn a cion féin ar son na Gaedh-
ilge agus náisiúntais Gaedhal.


L. 106


Soir ó shráid Dhún na nGall atá Loch Dearg
agus bhí árd-trácht ar fuid an domhain sa
tsean-aimsir ar Phurgadóir Phádraig —
pluais atá lámh leis an loch sin. Is ansin a
bhraith Pádraig Naofa pianta Phurgadórachta
agus tá a chúntas sin fós le léigheamh. Agus
cúntas den tsort cheudna a rinn Dante, file
na h-Iodáile ar Phurgadóracht — na ceudta
bliain tar éis aimsir Phádraig.



Tugtar turas an Phurgadóra san fós;
agus leighistar daoine breóite agus mair-
tínigh ann.



Is insa dúthaigh sin a tógadh Adhamhnán
scríbhnóir, bu abb ar Í Cholmcille in Albain,
tráth.



Eisean a scríobh “Beatha Cholmcille” (um
bliain a 680) agus “Cáin Adhamhnáin” — dlithe.
Ar na dlithibh sin tá dlí chun mná a choimhéad
amach a' cogaíbh. Scríobh sé, fosta, cúntas
Laidne ar an dTír Bheannaithe (.i. “De Locis
Sanctis”) ó bhéal-oideas Arculfuis easbog
thar lear a bhí ar cuaird aige, tréis briseadh
loinge.



'SA MHUMHAIN.



Corcaigh. — Ar chúig oileáin bheaga, idir dhá
ghéig den Laoi a deineadh sean-chathair Chorcaighe.
Ar chnocán ar bruach theas na Laoi a bhí an
cheud-tsráid in aimsir Bharra Naofa. D'fhás
an tsráid sin timpal na scoile léighinn a chuir
Barra ar bun nuair 'aistrigh sé aniar ón
nGúgán (i Múscraí) i mbliain a 620. (Feuch
leat “An Gúgán,” leathanach a 46.)



Cathair an-áluinn is eadh Corcaigh; í 'san


L. 107


áit a raibh “Corcach mhór Mhumhan” tráth. Tá
cheithre dhroichead déag (14) thar an Laoi agus is
mór an mhaise ar an gcathair iad. Tá mórán
tighthe breátha den chloch aoil ann agus orra
san tá chúig cinn de bhanncanaibh go bhfuil
obair bhreá ghreanta ionnta.



An sáile atá sa Laoi chó fada anoir leis
an gcathair féin agus nuair a bhíon barra
taoide ann agus na soillse go léir ar lasadh
ist' oiche is rí-bhreá an radharc í Corcaigh “na
ndroichead.” Tá cathair Amsterdam san
Olónt deallrathach léi sa tslí sin — agus deir-
tar nách breátha puinn Venetia na h-Iod-
áile ná í.



Idir an dá ghéig den Laoi atá an áit gnótha
agus an ball siopadóireacht agus é ceóbhránach
go leór sa' dubhluachair; ach an talamh árd
lastuaidh agus laisteas tá sé aerúil sláin-
tiúil go maith agus an-chuid tighthe comhnaithe
ann. Sráid bhreá is eadh Sráid Pádraig, ach tá
a lán dá tighthe móra imithe ón oíche a loisc arm
Shasana lár na cathrach — 11, xii. 1920. Sa
tsráid sin atá an leacht cuimhne don Athair
Tiobóid Maitiú an sagart díchealach a rinn
sár-obair i dtaobh cosc an ólacháin, agus a
chuir “Cualucht Seunta an Óil. ar bun” Seán Ó
Foghlú, dealbhóir mór, a rinn an leacht. Tá
leacht eile i gcuimhne an Athar Tiobóid — an
teampal ornáideach caol-spuaice atá ag Órd
San Próinsias ar chalaphort Maitiú. I roilig
Naomh Ióseph atá uaigh an tsagairt sin agus
bítar ag tabhairt turas le dúthracht ann chun
galair a leigheas.



Sa tSean-Dún atá an cheól-chreidhil atá ar ar


L. 108


scríobhadh dán molta in a sé nó a seacht de
theangachaibh. Ball an-dheas chun siubhlóide is
eadh an Muirín (The Marina) cois na
habhann; é dhá mhíle ar fhaid agus sraith crann
leamháin ar gach taobh de. Ó bhliain a 1917
tá an ceann thiar de i seilbh chualucht na bhFuar-
thánach (“Fordson Co.”) lucht déanta tarrac-
tóirí agus mótar. Níl cead anois ag muinn-
tir Chorcaighe ceann tiar sin an Mhuirín a
shiubhal.



Áit den tsaghas cheudna is eadh an Mhuir-
dhíog (The Mardyke) áit a bhfuil na crainn
leamháin go tiubh ann; é míle ar fhaid. Las-
tuaidh de sin ar an dtaobh eile 'abhainn tá
Tobar Rí an Domhnaigh — áit aoibhinn ón a
bhfeicfá gleann leathan Laoí agus a bhfuil ann.



Tá teampall áluinn trí spuaic ar an láthair
in a raibh an scoil ag Fionnbarra sa tsean-
aimsir. Is le lucht an chreidimh Phrotastúntaigh
é. “Teampall Barra” a glaodhtar air.



Tá árd-teist ar Chorcaigh chun Ime agus bu
mhór an áit gnótha Margadh an Ime (i gcomhgar
an tSean-Dúna) dachad bliain ó shin. Ó Chor-
caigh a seóltar uibhe agus im agus bagún in
a mór-chodaibh amach ar fuid na h-Éireann
agus sall go Lonndain Shasana. Tá árd-
thráchtáil bullán ar bun ann agus go Sasana
a cuirtar furmhór na mbeithíoch san.



Tá muilne eudaigh i gcomhursanacht Chor-
caighe in a ndeintar eudach olna: muileann
na Blárnan (sa pharóiste in a bhfuil Caisleán
Blárnan bu dhún ag Clann Chárthaigh, trath)
agus muileann na Druibsighe i Múscraí (lámh
le droichead na Druibsighe a bhfuil trácht air


L. 109


i “Séadna”: leabhar úd an Athar Peadar
Ó Laoghaire). Tá muileann na Cúlach ann;
agus dhá mhuileann i nDubh-ghlais. (Feuch leat
leathanach a 48 “Corcaigh”.)



LUIMNEACH.



Ar bruach na Sionna i dTuadh-Mhumhain
(“i dTuain”) tuairim dachad míle Gaedhlach
ón muir atá Cathair Luimnigh.



Tagan an sáile aniar ann, agus “Luimneach na
Long” a deirtí leis, tráth. Tá imithe go mór de
ghnó agus de thráchtáil Luimnigh le ceud bliain
anuas. Bu chóir an abhainn a thochailt agus
a dheunamh níor doimhne mar ní féidir do
loingeas an-mhór teacht go calaphort ann. Tá
Luimneach i dtrí roinn, mar atá: an Baile
Gaedhlach agus an Baile Gallda agus an Baile
Nua. An Baile Nua an chathair cheart; sráid-
eana atá d'réir a chéile ann agus roinnt siopaí
breátha. De bhrící dubh-rua a rinneadh na tighthe
comhnaithe agus, dá bhrí sin, tá an áit pas
dorcha ann féin.



Gabhan ainm Phádraig Sáirseul, an té bu
thaoiseach ar Arm Gaedhal, gabhan a ainm-sin
le stair-sheanchus Luimnigh. Chosain seisean an
áit fé dhó ar Ghallaibh: i mbliain a 1690
agus i mbliain 1691. Rinn mná Luimnigh a
lán den troid an cheud uair — nuair a scaoil-
eadar clocha anuas ar an arm Gallda. I
bhFómhar na bliana 1691 a buaileadh an tarna
cath agus buadhadh ar Ghaedhlaibh de dheascaibh
“Feall na Sasanach.” Deineadh margadh —
“Connradh Síochána Luimnigh” — ach níor chomh-
líon na Sasanaigh a gcuid féin de. An chloch


L. 110


ar ar scríbhadh an margadh tá sí ag Geata
Thuamhan fós, le h-ais an droichid; “Chloch an
Chonnartha” a glaodhtar uirre.



Sa bhFrainnc a chuaidh fir armtha Éireann
t'réis catha Luimnigh. Fuair breis is cheithre
ceud míle (400,000) acu bás ag troid ar son
na Frainnce, idir bhliain a 1691 agus bliain a
1745. Inbhear na Sionna amach a chuaidh furmhór
na nGeuna Fiaine sin. Dhá bhliain t'réis
imeacht as Luimneach dó do marbhuigheadh an Sáir-
seulach ar pháirc Landen i bhFlóndras. Nuair
a chonnaic sé a chuid fola 'á tabhairt, labhair
sé agus dubhairt: “Mo bhrón nách ar son na
h-Éireann é seo.”



Le linn an Scannra i mbliain a 1921 nuair
a bhí Arm Shasana ag raobadh na h-Éireann
do mharbhuigheadar an Méara — Seóirse Mac
Fhlannchadha, B.A., in a thigh féin i lár na h-oíche
(fé mar a mharbhuigheadar an Curtánach Árd-
Mhéara Chorcaighe). Agus mharbhuigheadar an
oíche cheudna Micheál Ó Ceallacháin (Méara
na bliana roime sin) agus Gaedhal eile:
S. Ó Donnchadha.



I Luimneach a rialaigh an tAthair Eumonn
Ó Duibhir an t-Easbog bu chróga dár mhair sa'
tír ó aimsir an Athar Seán Mac Éil (Árd-
Earbog Thuama). Nuair a bhí Eíre go briste
brúite t'réis Eirighe Amach na Cásca i mbliain
a 1916 agus Maxwell, ceann an airm ghallda,
ag imirt a thola ar na daoine níor labhair aon
fhear poiblí in a choinnibh ach amháin Easbog
Luimne. Labhair seisean chó neamh-eaglach san
gur stad Maxwell den gheur-smacht a bhí 'á


L. 111


imirt aige ar mhuinntir na h-Éireann. (Bhí
Éireannach eile a labhair go teann (thall i
Sasana) ar son chirt Gaedhal .i. George Bernard
Shaw, fear na ndrámaí Beurla.) Cailleadh an
tEasbog bliain in a dhiaidh san.



Tá deuntúsacháin i Luimne chun bainne
leasaithe; agus chun biadh cannaithe agus
annlainn feóla. I Luimne a deintear an
cuid is mó den bhagún Gaedhlach, agus mór-
chuid sáisíní feóla. (Feuch leat leathanach a
29, “Luimneach.”)



PORTLÁIRGE.



Cathair Phortláirge an sráid-bhaile is mó
isna Déisibh. Tá calaphort an-bhreá ann ar a
dtugtar an Cé.



Isteach ins na Déisibh a tháinig na sean-
Ghaill an cheud lá. Táid na h-ainmneacha
Normanacha go tiubh i gcathair Phort Láirge
fós agus isna Déisibh go léir, fe mar atá
ainmneacha iasachta eile i mBarúntacht Fatharta
in Uibh Cinnsealaigh i gCúige Laighean. (Feuch
leathanach a 41, “An tSláinghe.”)



Tá deuntúsacháin ann chun bagún agus an-
éileamh ar an mbagún san. Isteach go Port
Láirge a thagan toradh na feirmeoracht ó sna
dúichíbh cois Feórach agus cois Bearbha agus
cois Siúire. Tá tráchtáil mhór ar bun idir
an chathair agus Briostó Shasana.



DÚN GARBHÁN.



Ar dhá thaobh na Siúire athá na Déise,
agus dúthaigh mhór Gaedhilge is eadh í. Is é


L. 112


“Domhan Garbhán na sean-bhád seólta” baile
mór ceart na nDéise. Cois mara, lastoir de
Dhún Garbhán, atá Rinn Ó gCuanach, áit iascairí;
agus is ansan athá an scoil Gaedhilge a bhfuil
teist mhór uirre — Iolscoil na Mumhan — mar
a mbíodh Risteird De hIndeberg (Sagart agus
ollamh le teangachaibh) ag múine' gach samhradh.
(Feuch leat “Port Cládhach” leathanach a 38.)
Deintar sú-ubhal (saghdar) i nDún Garbhán
agus áit mhór ime agus ubh agus éisc is eadh é.



CAISEAL MUMHAN.



Cúpla míle soir ó bhruach na Siúire atá
an tsean-áit ríoga ar a nglaodhtí Caiseal na
Rí agus an t-Éireannach ná faca an ball áluinn
seannda san ní fuiris dó a bhreáthachth go léir
a mheabhrú. Muircheartach O Briain an rí
déanach a chomhnaigh sa dún ríoga san. Eisean
a bhronn an t-adhmad dara ar Uilliam Rufus
i gcóir mainistir Westminister Shasana. Tá
an tadhmad san fós ann. D'aistrigh an Brianach
go Luimneach timpal bliain a 1100 agus bhronn
sé Caiseal Mumhan ar an Eaglais, agus gnóthaí
eaglaise ar fad a bhí ar bun ann in a dhiaidh san.



Ar charraig árd i lár dúiche áilne a bhí an dún
ríoga agus na tighthe eaglaise agus táid na
fothraigh go maith daingean fós ann. Bu dh' é
Cormac O Cuileanáin an té bu léigheanta agus
dob aoirde cáil d'á raibh ar abbaibh Chaisil.



LIOS MÓR.



Cois abha' Móire, i Lios Mór Mochuda, a bhí
an scoil euchtach ag Cárthach Naofa. Bhí ríthe thar


L. 113


lear ag foghluim ansúd uaidh agus orra-san
bhí Aldfrid rí Northumbria. Tá radharc
aoibhinn ar an abhainn ón áit a bhfuil an caisleán
ag an ndiúc gallda. (Féach leat leathanach a
44 “An Abha Mhór.”)



EÓCHAILL.



I gcóir bad seólta agus mionlong seadh
cuan san Eóchaille mar tá bannc fé uisce
treasna a bhéil anonn. Mara mbeadh san bheadh
tráchtáil mhór ar siubhal in Eóchaill fé mar atá
i mbailtí cuain Laighean. Ní bhainfadh muinntir
na h-áite leis an mbannc san “ar eagla go
mbádhfí an tsráid.” (Féach leat leathanach a 45
“An Abha Mhór.”)



CILL IA.



Siar ó Eochaill in Uibh Mac Coille atá
Cill Ia mar a bhfuil tobar agus séipéal in
onóir do naomh mór úd an spéir-eólais .i.
Fearghal Acha Bó (réadóir). Agus is ann a
tógadh na filí Gaedhilge .i. Piaras Mac
Gearailt agus Pádraig Phiarais Cúndún
(“Cúnún”). An Cúndúnach san a cheap
“Tóramh a' Bharaile”; in Utica i Sasana Nua
a cailleadh (1856). Lámh le Cill Ia a bhíodh
Cúirt na mBúrdún, .i. cúirt filí, in a suidhe
insan ochtú céad déag.



Tá ball gleóite craobhach ann .i. an Gleann
Bodhar, “an gleann gan éisteacht” a ndubhairt
Tadhg Gaedhlach, file. Bhí dúnta cosanta ag


L. 114


Gearaltaigh Mumhan 'sa dúiche san (ag Baile
na Martra agus ar Ínse Uí Chuinn agus ar
Ínse na Crannacha); agus ag Cúil Ó Gorra
a socruigheadh ar an sos comhraic (idir Chaitilicithe
Éireann agus Rí Shasana) i mbliain a 1643.



MAINISTIR NA CORANN.



Leath slí idir Chorcaigh agus Eóchaill atá
Mainistir na Corann. Baile mór chun
aontaighe is eadh é. Bíon lá margaidh uair sa
bhliain ann chun inniún; “Aonach a' Dip”
a glaodhtar air. Cúpla míle ódheas ón
Mainistir atá Cluain Uamha áit a bhfuil cloig-
chill ana-bhreá ón sean-aimsir. Na saoir a
dhein gach sean-túr d'á shórt bhí slí ar leith acu
chun martaol a dheunamh. Ní crua' an chloch
féin 'ná an martaol atá i gcloigchill Chluanach.
Baintar marmar liath-dhearg tamal ón
Mainistir; é so-oibrithe i dtaobh a ghearrtha
agus a shnasta.



AN CÓBH.



Tá gaoth an Chóibh an-bhog agus an-oiriúnach
do dhaoine atá leice in a sláinte agus go
mbíon eagla an gheimhridh orra. É mar
“Riviera” na h-Iodáile, sa tslí sin. Fásan
an Slán Iomaire “Centrantus Ruber” —
(“Valeriana”) go tiubh ann — é ar trí dhath,
leis, ann. Ós lus Spáinneach le dúchas é sin
is leór an fás san mar chomhartha ar bhuige an
aer sa' Chóbh. (Feuch Leathanach a 5 —
“Luibheana agus Blátha”; agus leathanach a 49,
“Cóbh”.)


L. 115


BEANNTRAIGHE.



Lámh le cuan áluinn Baoi atá Beanntraighe.
Tá radharc breá go léir ó bhárr a' bháile amach
ar an gcuan: Deich míle siar atá gleann
cluthair úd na gcrann .i. An Gleann Garbh,
áit a oirean do dhaoine gan sláinte mar aer
bog foláin atá ann ón ndá ghaoith a measctar
ar a chéile ann: gaoth ghuirt an tsáile agus
gaoth thirm an ghleanna féinig: Tá áit Gaedhilge
in uachtar an ghleanna ar a dtugtar “An
Crostaire.” Ag Doire an Chairn sa cheanntar
san a bhí an scoil duaise chun Gaedhilge (1910)
ag Seán Ó Séagha (ná mairean).



RÁTH LUIRC.



Laisteas d' abha na Máighe atá Ráth Luirc
agus is ann atá Seán Clárac Mac Domhnail,
file, curtha. In aimsir na Stíobhart a bhí an
Domhnalach san suas agus rinn sé dánta 'á
moladh. Bhí beartaithe aige dánta Homerus do
chur i nGaedhilg ach ní raibh puinn den obair
sin déanta nuair a cailleadh é. Ón aistriú
go Gaedhilg a dhein sé ar amhrán ó ghalldacht
Alban: “My Laddie Can Fight” is léir go
gcuirfadh sé árd-chrot Gaedhilge ar dheuntúisí
Homerus dá saoghaluítí chuige é.



Bhí dhá ainm eile ar an áit sin — “Ráth
Guagán” agus Charleville ach cuireadh an tsean-
ainm fhileata .i. Ráth Luirc ar an sráid agus ar
an bparóiste le déanaighe (1920).



NEIDÍN.



Cois cuain in Eóghanacht Uí Dhonncadha
atá Neidín agus dúthaigh an-áluinn timpal air.


L. 116


Tá droichead crochta ann thar an áit is caoile
de Inbhear Scéine. Isteach an cuan san a
tháinig an cheud dream ón Spáinn a áitigh Éire —
Clann Mílidh. Áit áluinn go léir is eadh
Páirc na Saille atá leath slí idir Neidín agus
beul Inbhir Scéine — áit i bhfuil “aer faraige
de dhruim choille” ann.



Deintear eudach den tsaothar lámh i dTuath
Siosta (an sórt ar a nglaodhtar plainín agus
bréidín) agus díoltar i Neidín é. Ainm eile
don áit: “Ceann Mara.”



CATHAIR SAIDHBHÍN.



An sráid-bhaile is mó in Uíbh Ráthach sé Cathair
Saidhbhín é (nó “Cathair Uíbh Ráthaig” mar a
deirid muinntir na dúthaighe sin léi). Tá
séipeul ann mar leacht chuimhne do Dhomhnal
mhór O Conaill. Teampal deallrathach é den
ghrian-chloich ó Iúbhar Chinn Trágha (i gCúige
Uladh). Tuairim dosaon míle laisteas den
Chathair atá Doire Fhionáin mar ar chomhnaigh
Domhnal O Conaill.



Ó cuireadh na feiseana nua ar bun níl aon
fheis sa Mhumhain is feárr iomuíochta 'ná “Feis
Uibh Ráthaigh.” Tá cúlfhéith chun amhránuíocht agus
abhcóidíocht ag muinntir “Uíbh Ráthaigh” thar
daoine eile.



Tá coláiste chun múinteóracht na Gaedhilge
i gCathair Domhnal. Pádraig O Séagha “na
Léime” (ná mairean) a chuir ar bun.


L. 117


DAINGEAN UÍ CHÚISE.



Thiar i gCorca Dhuibhne atá Daingean Uí
Chúise agus gach aon rud ann mheasfá — idir
chomhgar faraige agus eile — chun go mbeadh sé
chó mór de shráid le Corcaigh féin, ach níl mórán
tráchtála ar bun sa Daingean. Tá coláiste
Gaedhilge ann ó bhliain a 1908.



Siar ón nDaingean tá ceanntar mór
Gaedhilge agus níl i gCúige Mumhain aon
cheanntar eile is mó chífeá iarsmaí an tsean-
shaoghail léigheanta ann (idir chealla agus
teampaill agus dúnta) ná é sin. Agus is
beag ceanntar eile i nGaedhaltacht Éireann
a chuaidh chun cinn in obair shábhála na Gaedhilge
mar é, ón mbliain a thosnaigh An Mainíneach
(ná mairean) ar an deagh-obair ann — ó bhliain a
1885 nó mar sin. Ar Ghalla Ros atá an
teampailín is aosta sa tír; an cheall bheag
a rinn Bréanann Naofa dhó féin. I mBaile
an Fheirtéaraigh a chomhnaigh Piaras Feirtéar
file mór, san seachtú céad déag.



TRÁIGHLÍ.



Sráid-bhaile an-bhréa is eadh Tráigh Lí i
gCiarraighe Luachra. Deintar an-chuid trách-
tála ann mar tá dúichí deagh-thalaimh ar gach
taobh de. In a chomhgar-san atá Gleann Scoithín
an áit in ar adhlacadh an bhanríon Scoithín
(“Scotia”) — an bhan-taoiseach a bhí ar Chlanna
Mílidh.



In Árd Fhearta, lastuaidh do Tráighlí, a
ghaibh na Sasanaigh Ruadhrí Mac Easmoinn i
mbliain a 1916. Bhí sé sin thar lear sa


L. 118


Ghearmáin ag lorg cabhrach airm ar dhaoine a
theip air. Gairid do Árd Fhearta a tháinig sé
i dtír. Ón áit sin a ainmnigheadh an fairche —
“Deóiseas Árd Fhearta agus Acha dá Eó.”



Lastuaidh de Thráighli atá Lios Tuathail mar
a bhfuil an bóthar iarainn an-aisdeach úd —
amach go dtí Baile an Bhuinneánaigh (“Baile
Bhunána”) áit an-dheas cois Sionna. Tá
pluaiseana iongantacha ansan; agus radharc
fairsing ar an Sionna agus ar Chlár Mumhan.



INIS.



Sráid-bhaile in a bhfuil sráideana caola is
eadh Inis i gClár Mumhan, ach áit an-ghlan é
agus bóithre maithe isteach ann ó gach taobh.
Dhein muinntir na h-Ínse agus Dál gCais le
chéile an-sheasamh ar son cirt na ndaoine i
mbliain a 1828 nuair a thoghadar Dómhnal
O Conaill in aindeóin gach comhacht agus
bagairt ghallda. Tá sean-mhainistreacha agus
sean-theampaill agus sean-chaisleáin sa cheann-
tar: ag Clár Acha-Dhá Chora agus Mainistir
Chuinnche, &rl.



LIOS DÚIN BHEÁRNA.



Áit in a bhfuil an-chuid tobar is eadh Lios
Dúin Bheárna (“An Spá”). Tá uisce iarainn
ann agus uisce ruibhe agus uisce maighnéise
agus uisce coparais. Áit lom portaigh é ach
téighid na sluaite ann gach samhradh ag lorg
sláinte. Tá aillte móra an Mhothair comhgarch
do; agus Inis Tíomáin mar a bhfuil easach
leathan san abhainn.


L. 119


Tá ceanntar craigeach lom lastuaidh den
“Spá” a nglaodhtar an Bhoireann air — drom
árd lom liath; é timpal deich míle treasna.
Daoine a chomhnuighean ar thalamh íseal — ar
thalamh mhéith na Midhe, cuir i gcás — ní mheasfidís
sin go brách go mbeadh a leithéid sin d' áit in
Éirinn. Deirtear go ndubhairt Cromail ná
beadh aon ghnó ag duine ar an mBoirinn mar
ná raibh “uisce go leór chun a bháite ann, ná
adhmad go leór chun a chrochta, 'ná cré a
dhóthain chun uaigh a dheunamh do.”



Is euchtach a bhfásan de bhláthaibh fiaine ar
an gCruach — lastuaidh den Spá. Blátha nea-
choitianta ar nós Lus na Gaoithe (Anemone) —
gheibhtar fiáin ann iad.



Is minic a chuirid muinntir na dúthaighe sin
i gcoinnibh “cáin chonndae” a dhíol 'á rádh
nách ionann sceul dóibh féin agus do
dhaoine eile — gur craig in iomad talmhan
athá acu féin. Ach an feur scáinte fhásan idir
na clochaibh ann is é a bheathaighean na caoirigh
is fearr in Éirinn.



CILL RUIS.



Is beag a bhfuil de loingseóracht 'á dheunamh
i gCill Ruis cé go bhfuil cóir mhaith ann chuige.
Déintar a lán plúir ann.



Míle amach ó Chill Ruis atá an t-oileán
mór-cháile — Inis Cathaigh, áit a raibh scoil mhór
agus tighthe eaglaise ag Naomh Seanán. Tá
an-chur síos ar an áit sin i “Niamh”: leabhar
úd an Athar Peadar O Laoghaire. Tá cloigchill,
agus fothraigh seacht dteampal ar an oileán;


L. 120


agus tuama Sheanáin áit ná raghadh aon bhean
in a chomhgar, tráth. Níl aon bhád iascaigh ó
Inis Cathaigh ná bíonn mion-chloch nó dornlach
cré ó uaig Sheanáin innte mar thoirmeasc ar
bháth agus ar anaithe faraige. Tá “Seanán”
mar ainm baistidhe ar mórán fear i gClár
Mumhan.



Ón gCathach (oll-phéist mhór) a áitigh an t-oileán
roim theacht Sheanáin is eadh an ainm: Inis
Cathaigh. Tá ainm ghránda gan chiall ar
bith ag Beurlóirí ar an oileán uasal san.
“Scattery” a bheirid siad air!



Chúig mhíle soir o Chill Ruis, lámh leis an
gCarn, seadh bhí an scoil ag Peadar O Conaill
oide léighinn (um bliain a 1820). Mheabhraigh
sé sin foclóir Gaedhilge a dheunamh agus
d'eirigh sé as an scoil agus chaith seacht mbliana
ag taisteal na Mumhan ag bailiú focal. Theip
air congnamh fháil le hí an foclóir a chur fé
chló, agus fuair sé bás de bhriseadh croidhe.
Tá sé curtha san uaigh cheudna in ar cuireadh
an “Cailín Bán” tamal roimhe sin. Ar an
dtráigh úd a tháinig corp an Chailín Bháin
i dtír agus chuir muinntir Chonaill in a n-uaigh
fhéin í.



An láimhscribhinn a rinn Peadar Ó Conaill do
tairigeadh do Dhomhnal Mór O Conaill í cúpla
bliain in a dhiaigh sain. Ach níor ghádh leis-sin
saothar an scol-mhaighistir agus ní ghlacfadh sé
í agus dubhairt sé focal masla leis an dteach-
taire. Dfhág an teachtaire an láimhscribhinn sa'
phán i dTráighlí — mar ar aimsigh Eoghan
Ó Comhraidhe í tamal maith in a dhiaigh sain.
Feuch leat foclóir an Duinnínigh agus chífir


L. 121


“P. Ó. C.” len a lán focal ann. As láimhscri-
bhinn an mhaighistir scoile úd ó Chlár Mumhan
na focail sin — an duine a chaill a shláinte ar
son léighinn dúchais an uair bu bheag ag
Éireannaigh eile an léigheann ceudna, mar bhí
tosach an ghall-ghalair ag creime' an chroidhe
acu.



CILL CHAOI.



Níl aon áit cois mara in Éirinn níosa breátha
ná “Cill Chaoi na mín-trágha.” Is ann is
breátha a bhíd na tonnta móra; iad ann an lá
ciúin chó maith leis an lá stoirme. Sa' gheimh-
readh gabhaid siad de shár-léimt tar an mbeann
árd úd Ceann Fuirse agus imighean an cubhar
in a chuipe agus in a fharaige cháite leath-mhíle
slí isteach ar an míntír.



Bhí Gaedhaltacht bheag — Cora-Bhaile agus
Fairche — i gcomharsanacht Chill Chaoi go dtí
timpal deich mbliana ó shin (1912) — ach tá an
lámh uachtair ag teanga Chromail anois ann.
Áit iascaireacht iseadh an Cora-Bhaile sin, agus
bhí cúil-fhéith na filíochta agus na scéaluíochta
in a mhuinntir go dtí a bhfuil le fíor-dhéanaighe.
(Mar a chéile sceul fiche áit eile ar fuid
Ghaedhaltacht na h-Éireann agus sceul na h-áite
sin.)



A chúig no a sé de mhílte siar ó Chill Chaoi
(i gCorca Bhaiscin) atá Dún Átha mar a
rugadh Eoghan Ó Comhraidhe fear léighinn agus
seanchaidhe. Tá scoil Gaedhilge — “Coláiste


L. 122


Eoghan Ó Comhraidhe” — ag Carraig a' Chobhaltaig
cois Sionna in onóir do. Tá fresco áluinn
Gaedhlach ar fallaí na scoile sin; Sadhbh
Trinseach (ná mairean) a dhein (1916); ach mhill
na saghliúirí gallda cuid de i mbliain a 1920.



Ag Dún Átha, leis, a mhair Seán de Hór
gabha agus file, an té rinn an “Aithrighe” —



“Ár n-Athair atá
Ins na flaithis go h-árd
Go naomhuíghthar tráth T' Ainm-se,” &rl.



Tá an Phaidir agus an Chré agus an tAbhe sa'
dán san — agus níl na paidreacha sain i bhfuirm
filíochta i dteangain ar bith eile, ach sa Ghaedhilg
amháin. Choinnígheadh Seán de Hór a chóir
scríbhte i bpoll sa bhalla agus thairigigheadh sé
chuige í nuair ná bíodh aon ghaibhneacht le
deunamh. An inneóin a bhíodh mar “chlár
scribhte” aige. Ó Dhúthalla cois Abha' Móire
na Mumhan a tháinig Seán de Hór ach chaith sé a
shaoghal sann iarthar sain.



Lastuaidh de Dhún Átha a bhí Seón Llóid,
file, in a chomhnaí nuair a dhein sé an t-umhrán
binn úd:



“Cois Leasa is mé go h-uaigneach,
Ar uair na maidne am' aonar,” &rl.



SRÁID NA CATHRACH.



An bórd mara atá le hais na Cathrach an-áit
chun na Ceilpe is eadh é — Bailightar an mhúrach
(trioscar, feamannach) agus dóghtar í nuair a
bhíon tirm. Is é an luaithreach sain an Cheilp.


L. 123


Baintear leighiseana mar 'ídín' as an gCeilp.
Fan a' chósta san — ó Chill Chaoi go Tír
Chonaill — déantar an-lear Ceilpe gach samhradh.
Níl obair ar bith cois mara go mbainean oiread
sain dua agus deacracht léithe agus a bhainean
le obair na Ceilpe.



Níl mórán fothana i bhfuirm crann ar imeal-
bhórd an Chláir agus ón ndian-séideán gaoithe
tagan camadh aniar ar gach sceach agus crann,
a mbárr i gcómhnaí ar fiaradh chun tíre isteach.



Is minic a bristar long ar an gcósta san;
agus tá árd-cháil ar iascairí Choillte chun
misnigh. Dheineadar eucht go minic i sábháil
lucht loinge; agus an séipéal córach nua
atá san áit sin is amhlaidh a bhronn muinntir
Thuamhan ar mhuinntir na gCoillte é le meas
orra, mar shábháladar fuireann loinge —
fuireann “León XIII.” — lá millteach stoirmé
i mbliain a 1908.



Biorra. — I mBiorra Bréanann (in Éile Uí
Chearbhaill) ar theórainn chúige Midhe atá an
tigh spéir-eólais in a bhfuil an ciandearcán
is mó ar domhan, deirtar.



I GCÚIGE CONNACHT.



GAILLIMH.



Áit gan mórán gnótha 'ná tráchtála ar siubhal
ann is eadh Gaillimh indiu ach dob' árd é a
réim is a cáil tráth, mar bhí trachtáil mhór aici
'á dheunamh leis an Spáinn.



Is ann a chomhnaigh Hardiman an fear a


L. 124


thártháil an-chuid de cheól binn Gaedhal nuair
a bhí an meath ag imeacht air.



Is beag tairbhe a bhaineas Gaillimh as an
gcuan breá: Loch Gaillimhe atá len a h-ais.
Ní thagan isteach ansin ach corr-long. Rinneadh
beartú go minic “leis an gcuan a shaothrú”
ach ní raibh toradh ar bith air. Bu cheart gur
ansin a thiocfadh an loingeas mór ó America;
agus cóir traenach a bheith ann le gach rud
d'iompar go Baile Átha Cliath. Agus long
traenach (socrú nua é sin) as sin go dtí Caer
Gybi na Breataine Bige agus go Liverpool
Shasana.



Is i nGaillimh a chomhnaigh an t-Athair Mícheál
O Gríofa an sagart óg gur mheall na Black
and Tans amach as a theach é i lár na hoíche, 'á
rádh gur ghlaodhach ola é. Mharbhuigheadar é agus
chuireadar a chorp sa phortach.



Lámh le Gaillimh atá an Cladach áit fhíor-
Ghaedhlach. Daoine ar leith is eadh a muinntir
sin. An fáinne a chaithid mná an Chladaigh tá
sé an-órnáideach; ach tá pátrún de le ceannach
i ngach siopa seód anois, beagnách.



Siar ón nGaillimh atá Connamara (Con
Maicne Mara) agus Dúiche Sheóigheach, agus na
mílte duine ann ná labhran ach Gaedhilg i
gcómhnaí. Sin í an Gaedhaltacht is mó in Éirinn.
Labhartar mórán Gaedhilge i nGaillimh féin mar
bíd muínntir na Gaedhaltachta sin isteach is
amach ann. Chaith Pádraig Mac Piarais mór-
chuid aimsire i Ros Muc ag foghluim Gaedhilge —
blianta sul a raibh sé in a eagarthóir ar an
“gClaidheamh Soluis” páipeur úd na Gaedhilge.


L. 125


Is ansúd i Ros Muc a chuir sé aithne ar
ghasúraibh na Gaedhaltachta. Ag cuimhneamh
ar a nósaibh agus ar a slitibh sin a bhí an Piarsach
nuair a rinn sé an scéilín úd “Íosagán.”



Tá marmar áluinn 'á bhaint i gConnamara
agus timpal na Gaillimhe — marmar glas
riabhach a bhfuil éileamh maith air. Tá cineál
den mharmar gheal ar an Leitir Bhreac. Corr-
áit, áfach, sa dúthaigh mharmair sin a bhfuil cóir
fheiliúnach bainte 'ná snasta ann.



CATHAIR NA MART.



Ait mhaith gnótha is eadh Cathair na Mart in
Umhall. Tá cuan maith ann ach é leath-
dhíomhaoin ar nós gach cuain eile insan iarthar.
Sa cheanntar sin a tógadh Liam Ó Maol Ruana,
file agus scribhnóir (nách mairean) a rinn
árd-saothar ar son na Gaedhilge agus náisiún-
tais Gaedhal. Le h-ais a'chuain, (Cuan Modh)
a bhí comhnaí ar an mnaoi euchtaigh úd Gráinne
Ní Mháille — “Gráinne Mhaol.” Rinn sí sin
maighistreacht ar an ndúthaigh uile thart-timpal,
agus tá eachtraí go leor d'á n-innseacht fúithe.
Rinn na filí úsáid d'á h-aimn sin — “Ghráinne
Mhaol” — mar ainm cheana ar Éirinn, amhail
a rinneadar leis na h-ainmneacha seo: “Cáit
Ní Dhuibhir,” “Síle Ní Ghadhra,” “Caitilín Ní
Ualacháin,” &rl, nuair ná leigfadh dlí na ngall
dóibh-tha labhairt léir ar a dtír dhúchais.



Tuairim is fiche míle ó Chathair na Mart atá
Stráid mar a rugadh Micheál Mac Daibhid an
té bhí ag stiúradh feilméirí na h-Éireann le


L. 126


linn “chogadh na Talmhan” um bliain a 1880.
I roilig na Stráide atá sé curtha.



Tá sraith loch fan Chúige Connacht ó Bheul
an Átha adtuaidh go dtí Gaillimh: Loch Con,
Loch gCuilinn, Loch Beul Trá, Loch Measca
agus Loch Coirb. Talamh cloch-aoil atá ar
feadh na slí' sin, agus talamh rua-chloiche mar
theórainn thiar leis. Sa dúthaigh sin (i gcomhgar
na loch) atá na h-ísleáin ar a nglaodhtar Tur-
Locha. Bíd siad san in a lochaibh insa gheimh-
readh agus in a logana féir ghlais bhoig ins a'
tsamhradh. Is amhlaidh a bhíon fáscadh aníos
tríd an dtalamh aoil le linn na fliuchra agus
trághan sé arís san aimsir thirm.



SLIGEACH.



Baile cuain thuaidh is eadh Sligeach. Sráid-
sheannda é. Bhí áth san abha ansin sa tsean
aimsir agus ar nós gach “ball átha” eile dfhás
sráid ann. Tá cóir mhaith ag lucht iascaigh ann.
Báid mhaithe acú fé mar a chítear cois na
mbailte cuain in Albain — in Abar Aidhean,
cuir i gcás. Sceul is annamh in Éirinn é sin.
Chomhnaig Tadhg Dall Ó hUigín, file, agus
Seán Ó Neachtain tamal sa dúthaigh sin. File
do Dhomhnalaigh Thír Chonaill bu dh' eadh Ó hUigín
agus scribhnóir próis bu dh' eadh Seán Ó
Neachtain (ó cheanntar Ros Comán i Síol
Muirígh). Eisean a scríobh “Stair Eamoinn
Uí Chléirigh” aiste ghrinn.



TUAIM DÁ GHUALANN.



Cathair chinn Connacht is eadh Tuaim i ngnóthaíbh
Eaglaise agus is ann a chomhnuigh an t-Athair


L. 127


Seán Mac Éil, Árd-Easbog, “Leomhan cine
Judah.” Eisean an t-aon cheann pobail amháin
a thuig an díobháil a dheunfadh na scoileana
gallda (scoileana in a raibh Beurla in uachtar
ionnta) nuair a bhítheas 'á gcur ar bun (1831).
Rinn sé árd-throid in a gcoinnibh ach níor eirigh
leis. Trí scór bliain in a dhiaidh sin seadh
tuigeadh an ciall mhór a bhí ag Leomhan san
Chonnacht.



GORT ÍNSE GHUAIRE.



In Uíbh Fiachrach Aidhne atá an áit a bhfuil ainm
Ghuaire an Oinigh ag gabháil léi — Gort Ínse
Ghuaire. Tá cloigchill bhreá gairid don áit
ag Cill Mac Duach. Í ar fiaradh, ar tí tuitime
mheasfá, ach tá sí an-daingean. Í ann ó aimsir
an Naoimh úd: Colmán Mac Duach — um bhliain
a 650.


L. 128


NA CONNDAETHE & NA CHEITHRE “CÚIGÍ” A RINN
NA GAILL.



Ar “Chonndaethe” agus ar “Cheithre Cúigí” a labhran
an dlí (fós) sa tír seo, agus ó cuireadh na Conndaethe sin
ar bun táid na seandúichí (Na Déise agus Tír Chonaill
agus Uí Cinnsealaigh, &rl.), d'á leigint i ndearmhad. Tá
cuid de sna seandúichíbh sin ann le breis agus míle go
leith (1,500) bliain agus an Chonndae Gallda is sine níl
sí ach tuairim cheithre chéad (400) bliain.



Ar na Dúichíbh agus ar na fó-Dhúichíbh sin seadh labhraid
Gaedhilgeóirí .i. ar Bhéara agus ar Chorca Dhuibhne agus
ar Dhál Riada, &rl., nuair is ar “Iarthar Chorcaighe” agus
ar “Iarthar Chiarraighe” agus ar “Chonndae Aondroma”
a labhraid Béarlóirí — agus na Gaedhilgeóirí óga a fuair
scoluíocht ghallda.



Nuair a bhí an roinnt déanta ag an lucht iasachta is
ansan a thuigeadar ná raibh sé déanta go hoiriúnach acu.
Bhí County Cork chó mór leibideach san nár mhór do dhlí ghall
í roinnt arís .i. in a East Riding agus in a West Riding.
Agus i gcúrsaí Teachtaí Dála, tá ocht roinn ann (.i. North
Cork, North-East Cork, &rl.), agus san aon roinn acu
do réir seanchuis ná sinnsireacht daoine.



I “gConndae Chorcaighe” atá Baile Mhistéula acu
agus Eadaragóil. Na daoine atá i mBaile Mhisteula agus
in a chomhgar is Rianaigh agus Cathasaigh agus Brianaigh agus
Cathánaigh agus Gearaltaigh agus Buitléirigh agus Cúnúnaigh
agus Ciosógaigh agus Ruiséalaigh agus Búrcaigh iad —
daoine a bhfuil tinfidh (tine) árd ar a nglór cainnte acu.
Agus in Eadargóil agus ar a chomhgar is eadh tá d muinn-
tir Shéagha agus muinntir Shúileabháin agus muinntir
Úrdail agus muinntir Mhurchadha agus muinntir Laeghaire


L. 129


agus clann Chárthaigh agus Cathalánaigh agus Donnobhánaigh
daoine atá go bog íseal in a nglór cainnte. Agus deirid
Béarlóirí gur den treibh cheudna iad go léir (theas agus
tuaidh) toisc gur lucht áitreabha an “chonndae” chéadna
iad — gur fellow-countrymen iad.



Ní féidir obair na bhfilí a thuigsint ná suim chóir do
chur innte gan tíreólas Gaedhal dfhoghluim; 'ná ní féidir
an stair-sheanchus do mheabhrú gan bheith oilte sa' tíreólas
san.



S.T.



Sid iad na Conndaethe agus ainmneacha Gaedhilge orra — más
ainmneacha Gaedhilge iad?



Ainm seandúiche atá ar a trí nó a ceathair de chonndaethe acu.
Is é brí na bhfigiúirí atá i ndiaidh ainm sráide anso is an súd
— 'ná eolas fé leith i dtaobh na háite sin a bheith ar an
leathanach adeir an figiúir. Sórt Index don leabhar é.



CÚIGE ULADH.



CONNDAE DHÚN NA NGALL (Tír Chonaill). An
Leithbhear; Dún na nGall; Beul Átha Seanaigh; Leitir
Cheanainn, agus Bun Dobhráin.



CONNDAE DHOIRE: Doire Cholmcille (lch. a 33; 103);
Cúl Rathain; Léim a' Mhadaidh; Machaire Fíogaid agus
Port na Binne Uaithne (Portstewart).



CONNDAE AONTROMA: Beul Feirsde (35; 100);
Carraig Fhearghus (105); Lios na gCearbhach; Baile
Meadhonach (Ballymena) (102); Lathurna (21);
Baile Muine (21); Port Ruis, agus Aon-Truim.



CONNDAE AN DÚIN: Dún Pádraig (104);
Iubhar Chinn Trágha (104); Baile Árd Uladh; Droichead na
Banna; Árd Mhic Nasca (Hollywood); Beannchar (101);
agus Domhnach Diagh; Rinn Mhic Giolla Rua (Warrenpoint);
Na Locháin (Gilford); Drom Mór Colmán, agus An Caisleán
Nua.



CONNDAE ÁRD MACHA: Árd Macha (103); An
Lurga; Port a' Dúnáin (34; 82), agus Cloch Fhuaráin
(Bessbrook).


L. 130


CONNDAE MHUINEACHÁIN: Muineachán; Cluain Eois;
Carraig Mhachaire Rois; Caisleán Mathamhnach (Castle-
blayney), agus Beul Átha Beithe.



CONNDAE THÍR EOGHAIN: An Ógh-Mhagh; Dún
Gheanainn (105); An Srath Bán, agus Cora Críche
(Cookstown).



CONNDAE FHEAR MONACH: Inis Ceithleann; Lios
na Sciach, agus an t-Iompó Deisil.



CONNDAE AN CHABHÁIN: An Cábhán; an Mhuinchille
(Cootehill); Beul Tairbeirt agus Cill Chathlaigh (Bailieboro').



CÚIGE MUMHAN.



CONNDAE PHORTLÁIRGE (Na Déise): Port Láirge
(Waterford) (38; 111); Dún Garbhán (Domhan Garbhán)
(111); Lios Mór Mochuda (44; 112); Port Cládhach
(38); Tráigh Mhór, agus Ceapach Cuinn (45).



CONNDAE CHORCAIGHE: Corcaigh (48; 106); an Cóbh
(49; 114); Mainistir Fhear Muighe (43); Magh Alla
(42); Eóchaill (45; 113); Cionn tSáile (50);
Droichead na Banndan (50); Mainistir na Corann
(114); An Sciobairín (50), agus Beanntraighe
(115).



CONNDAE CHIARRAIGHE: Tráigh Lí (117); Cill Áirne
(52; 68); Lios Tuathail; Cathair Saidhbhín (116); Daingean
Uí Chúise (Dingle) 117, agus Neidín (Ceann Mara 115).



CONNDAE AN CHLÁIR: Inis (118); Cill Ruis
(119); Sráid na Cathrach (122); Inis Tíomáin
(118); Cill Chaoi (121), agus Cill Dá Lua (28).



CONNDAE LUIMNIGH: Luimneach (29; 109) Rath
Caola; An Caisleán Nua; Brugh na nDéise (Bruff); Cill
Mocheallóg, agus Cill Fionán.



CONNDAE THIOBRAID ÁRANN: Cluain Meala
(38); Tiobraid Árann; Carraig na Siúire (38);
Aonach Ur-Mhumhan (Nenagh); Durlar Éile; Caiseal
Mumhan (112); Ros Cré, agus Fíodh Árd.


L. 131


CÚIGE “LAIGHEAN.”



CONNDAE LUGHBHAIDH: Droichead Átha (35; 97);
Dún Dealgan (22; 102); Áth Fhirdia; Cáir-Linn, agus
Grian-Phort (Greenore).



CONNDAE NA MIDHE: Áth Truim (36); an Uaimh
(Navan); Ceananas Mór (Kells), agus Sean-Chaisleán
an Fhásaigh.



CONNDAE BHAILE ÁTHA CLIATH: Baile Átha Cliath
(lc. a 93); Dún Laoghaire; Baile Breacán; Baile Nua
na Trágha (“An Dubh-Charraig.”); Deilg-Inis (Dalkey),
agus na Sceirí.



CONNDAE CHILL MANNTÁN: Cill Manntán (Wick-
low); Baile an Inbhir Mhóir (Arklow); Brí Cualann (10; 80);
Ráth Droma.



CONNDAE LOCH GARMAN: Loch Garman (Wexford);
(lc. a 40); Ros Mhic Treóin (lc. a 39); Inis Córthaidh,
agus Guaire.



CONNDAE CHILL DARA: An Nás; Áth h-Í (39);
Magh Nuadhat (99); Cill Dara, agus Droichead Nua.



CONNDAE CHEATHARLACH: Ceatharlach (39);
Muine Bheag (Bagenalstown); Tulach Ua bhFéilim, agus
Leith-Ghlinn.



CONNDAE CHILLCHAINNIGH: Cill Chainnigh (39; 96);
Calainn, Caisleán a' Chumair (85), agus Baile Mhic
Anndáin (Thomastown — 40; 97).



CONNDAE NA BANRÍONA (Laighis): Port Laighise;
Móinteán Mílic; Cúil a' tSúdaire (Portarlington); Móin
Rátha, agus Ráth Domhnaigh.



CONNDAE AN RÍ. (Uí Failghe): An Tulach
Mór; Biorra Bréanann (123); Éadan Doire
Beannchar, Cluain Uaithne Bheag (Shannon Harbour), agus
Daingean Ua bhFailghe (Philipstown).



CONNDAE NA H-IARMHIDHE: An Muileann Cearr;
Áth Luain (26); Móta Gráinne Óige, agus Cill
Beagán.



CONNDAE LONGPHUIRT: Longphort Uí Fhearghail;
Gránárd, agus Meathas Truim (Edgeworthstown; Mostrim).


L. 132


CÚIGE CONNACHT.



CONNDAE NA GAILLIMHE: Gaillimh (123); Beul
Átha na Sluaighe; Tuaim Dhá Ghualann (127); Baile
Locha Riach; agus Gort Ínse Guaire (127).



CONNDAE MHUIGHEÓ: Caisleán an Bharraigh; Beul
an Átha (57); Cathair na Mart (17; 125) Baile an
Róba; Beul Átha na Muice agus Clár Clainne Mhuiris.



CONNDAE SHLIGIGH: Sligeach (126); Baile an Mhóta;
Tobar a' Choirce agus Cúil Mhúine.



CONNDAE LIADROMA: Cara Droma Rúisc
(Carrick-on-Shannon); Maothail Mhanacháin agus
Cluainín Uí Ruairc (Manorhamilton).



CONNDAE ROS COMÁN: Ros Comán; Mainistir
na Búille (Boyle).


L. 133


CLÁR NA NDÚICHÍ.



CÚIGE MUMHAN.



Fó-chúige



DEASUMHAIN



Mór-Dhúthaigh



1. Béarra



2. Cairbre agus
2c. Uí Badhgamhna



3. Cineál mBéice



4. Cineál Aodha



5. Ciarraighe
Cuirche



6. Múscraí Uí
Fhloinn



7. Múscraí Trí
Maighe



8. Uí Liatháin



9. Fir Muighe
Féinne



10. Orbhraighe



11. Dúthalla
(Dheasumhan)



Míondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



1a. Beanntraighe



2a. Uibh Eathach



2b. Muinntir
Bháire



4a. Cúirseacha



6a. Uíbh Laoghaire



7a. Corcaigh



8a. Uí Mac Coille



8b. Cine Talmhan-
aigh



11a. Dúthalla
(Luachra)



Fó-chúige



IARUMHAIN



Mór-Dhúthaigh



12. Eoghanacht
(Uí Dhonnchú)



13. Uíbh Ráthach



14. Corcha Dhuibhne



15. Ciarraighe
Luachra



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



12a. Magh gCoinithe



12b. Gleann ó
Ruachta



13a. Dairbhre



15a. Oireacht Uí
Conchubhair



Fó-chuige



TUAMHAIN



Mór-Dhúthaigh



16. Corca Bhaiscinn



17. Corcam' rua



18. Dál gCais



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



16a. Uí Breacáin



18a. Tradraighe



18b. Uí Fearmaic


L. 134


Fó-chúige



Mór-Dhúthaigh



19. Ára



20. Éile



21. Cliú Máil



22. Uí Fighente



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



19a. Ára Thíre



19b. Múscraí Thíre



20a. Éile Uí Chear-
bhaill



20b. Uí Cairín



21a. Áine



21b. Aos Gréine



21c. Luimneach



22a. Uí Conaill
Gabhra



Fó-chúige



URUMHAIN



Mór-Dhúthaigh



20. Éile



19. Ára



23. Uaithne



21. Cliú Máil



25. Síol Eoghain



26. Déise Mumhan



(Déise Deiscirt agus
Déise Tuaiscirt)



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



20c. Éile Uí
Fhógarta



19c. Múscraí Thíre



21d. Múscraí
Chuirc



26a. Paoracha



26. Portláirge



CÚIGE LAIGHEAN.



Fó-chúige



OSRAIGHE



Mór-Dhúthaigh



27. Uí Duach



28. Uibh Eirc



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



28a. Uí Deágha



Fó-chúige



LAIGHIN DEAS-
GABHRA



Mór-Dhúthaigh



29. Uí Cinnsealaigh



30. Uí Dróna



31. Ó bhFéilim



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



29a. Fothart
(An Chairn)



29c. Uí Bairche



Fó-chúige



LAIGHIN TUADH-GABHRA



Mór-Dhúthaigh



32. Sliabh Marge
(Nó Uí Bairrche)



33. Ó mBuidhe



34. Laighis


L. 135


35. Ó bhFailghe



36. Uí Muir'íg



37. Fortuatha



38. Cuala



39. Ó bhFaoláin



40. Cairbre Uí Chiardha



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



37a. Uí Máil



43a. Fine Gall
(Theas)



CÚIGE MIDHE



Fó-chúige



BREAGHA



Mór-Dhúthaigh



41. Luaighne



42. Fir Breagh



43. Fine Gall



44. Ciannacht



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



42a. Déise Breagh



44a. Fearard



Fó-chúige



TUAISCEART



Mór-Dhúthaigh



45. Mórghaileang



46. Bréifne Uí
Raghallaigh



47. Dealbhna



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



45a. Luighne
(“Ladhne”)



47a. Corca Raidhe



Fó-chúige



TETHBHE



Mór-Dhúthaigh



48. Anghaile



49. Tethbhe Uachtair



50. Dealbhna Bethra



51. Fir Cheall



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



49a. Fir Tulach



CÚIGE CONNACHT.



Fó-chúige



UÍ FIACHRACH
AIDHNE agus
UÍ MAINE



Mór-Dhúthaigh



53. Maonmhagh



54. Síol Anamchadha



55. Dealbhna Nuadhat



56. Clann Uadhaigh



57. Sodhna



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



57a. Corca Mogha


L. 136


Fó-chúige



IAR-CHONNACHTA
agus
UMHALL



Mór-Dhúthaigh



58. Magh Sheóla



59. Tír dhá Loch



60 Comhnemara



61. Muirisc



62. Acaill



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



58a. Gaillimh



60a. Dúthaigh Sheóigh-
each



60b. & 60c. Comhne-
tíre (?)



Fó-chúige



TÍR FHIACHRACH



Mór-Dhúthaigh



63. Iorrus



65. Ceara



64. Tír Amhlaidh



Fó-chúige



UÍ BRIÚIN
agus
LUIGHNE



Mór-Dhúthaigh



66. Ciarraighe Connacht



67. Tír Oiliolla



Fó-chúige



BRÉIFNE UÍ
RUAIRC



Mór-Dhúthaigh



68. Liadruim



69. Cairbre Droma



CÚIGE ULADH.



Fó-chúige



TÍR CHONAILL



Mór-Dhúthaigh



70. Fir Luirg



71. Tír Aodha



72. Boghaine



73. Tír Luidheach



74. Tír Énda



75. Inis Eoghain



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



72a. Baoghlach



73a. Baoghlach



74a. Magh Ítha



75a. Doire Cholm-
cille



Fó-chúige



TÍR EOGHAIN



Mór-Dhúthaigh



76. Tír Caorthainn



77. Árd Srath



78. Leithrinn



79. Tulachóg



80. Ciannacht Glin-
ne Geimhean



81. Eilne



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



79a. Magh



81a. Fir na Craoibhe


L. 137


Fó-chúige



ULAIDH



Mór-Dhúthaigh



82. Dál Riada



83. Dál bhFiatach



84. Dál nAraidhe
agus
85. Conaille



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



83a. Boirche



83b. Leath Cathail



83c. Árda



84a. Uíbh Eathach



85a. Muirtheimhne



85b. Cuailgne



85c. Ó Méith



Fó-chúige



OIRGHIALLA



Mór-Dhúthaigh



86. Ros



87. Oirtheara



88. Triúcha



89. Archoll



90. Leamhain



91. Féaránach



Miondúthaigh nó
Tríocha ceud, &c.



86a. Fearnmhaigh



78a. Uí Breasail



88a. Dartraighe



TAGRA. — I dtaobh Dúthalla Éile Ára Bréifne Fine Gall,
&c., a bheith d'á roinnt idir dhá chúige, &c., ná déintar
aoniongna dhé sin. Tá a leithéid sin in a lán tíortha.
Feuch Luxemburg d'á roinnt idir trí náisiúin agus
Limburg mar an gceudna; agus Flóndras idir dhá
náisiún.



C. De C.


L. 138


TÍORTHA EILE.



Tíortha iad so nár Gaedhluigheadh a n-ainm-
neacha go dtí so, dar liom.



Tar éis comhairle a ghlacadh le hollamhna
teangacha is eadh cheapas gach leagan ainme
acu-so. Do ghlacas i gcomhnaí le fuaim na
hainme amhail a labhartar sa teangain bhunaidh
í, nuair dob eól dom é.



S.T.



'San Eóraip.



Láimh leis an mBalc Mhuir atá na tíortha
so: An Liatuáin, An Laitbhe. An Eastóin, An tSuóme
agus An tSuaithne.



Idir an Mhuir Aidriach agus an Dubh Mhuir
atá na dúichí ar a nglaodhtar Na Balcáin,
mar atá: An Bhulgáir, an Allabáin — (nó
an Sceipéir) agus Iúgasláibhe. Ceangal
rialtais idir na tíortha beaga so thíos bu
bhun le h-Iúgasláibhe:



An tSeirb, Montenegró, An Chrabhaite,
An Bhósne, An Dalmáid agus Hertse-
gabhín.



Lastuaidh den Ostraighe, agus den Ungáir,
agus lastoir den Rúmháin atá an t-úrstát
ar a dtugtar Teiceslobhaice.



'San Áise



Lastuaidh den tSín atá an fó-stát Rúis-
eánach: An tSibéir; agus idir an Dubh-
Mhuir agus an Mhuir Chasp atá An Airméin.


L. 139


Laisteas di sin atá Tír na Sire. Idir an
Mhuir Torrian agus an Dubh-Mhuir atá An
Tuirc.



Idir An Araibe agus an India Mhór
atá An Afagáin agus An Pheirse.



Tíortha a ghabhan leis An Sín (nó atá in
a comhgar) iad so: An Mhongóil, Tibeth
Córé, agus An Turcastáin.



Soir ón Muir Chasp atá An Bhucáir agus
laisteas den Afagáin atá Balúca. Ar
imeall na hAraibe atá Pailistín (Tír Tair-
inge), Masapótáim agus Írac na hAraibe.



Siar ón India Mhór atá Búrma agus
An tSiaim. Laisteas den tSiaim atá An
Mhailéis agus an gasra oileán ar a dtugtar
Na hIndiacha Thoir .i. Sumádra; Iábha;
Bórnó gus Saruach; Celebos; agus Na Filbíní
atá soir ón Anaim agus Cóisin
tSín.



Laisteas den India Mhór atá oileán an té .i. An
Taprobáin.



'San Aifric:



Ar imeall na Mara Torrian atá An Mhúr
(Tír na Múrach); An Triopóil agus An
Túinéis agus fásach na Libe. Treasna na mór-
roinne ó Ríó d'Óro go dtí An Núibe atá
an fásach gainimhe ar an nglaodhtar An
tSuháir.



Láimh leis an Muir Rua atá An tSomáil
An Eirire agus An Absuine.


L. 140


Tá mórán dúichí eile ar imeal mara na
hAifrice mar atá: An Ghine, An Nigéir, An
Angóil, An Mhósaimbíg agus An
Tangainíg.



Tír mhór iseadh An Chonga agus tá An Úgáin
agus An Róidéis teóranta léi. Laisteas
den Róidéis atá An Bheachúin mar a bhfuil
an fásach mór; An Chalaháir.



Ó aimsir an chogaidh idir Shasana agus
na Bóraigh tá ceangal rialtais idir An
Transbháil, an Stát Oráisteach, An Natál
agus Coilíneacht na Céipe.



Oileáin is eadh iad so: Madagascar agus
Las Canárias.



Laistiar do Chanada atá An Alasc, cuid
de chríochaibh Stát America. Soir ó Chanada
atá Grunland agus is leis an nDanmairg
í. Cuid de Chanada is eadh Talamh an
Éisc agus Albain Úr.



Tíortha a labhartar Spáinnis ionnta seadh
iad so: Meuchacó, Guatamála, San Sal-
bhadór, Andúras, Nicúragua, Costa Ríca
agus Panám.



Ar na hIndiacha Thiar táid na hoileáin
seo: Cúba, An Éite, Porto Ríco, An
Chiméice, An Bhaháim (agus an Bhermúid).


L. 141


Ar mhór roinn America Theas atá na tíortha
so in a labhartar Poirtingéilis agus Spáinnis:
Colóimbe, Benésúéle, Eiceador, An Bhreas-
aoil; Pérú an tír in a raibh na h-Incigh ríoga,
Boluíbhe, Tír an Airgid, Paragagha, Úragagha
agus Guíana. Gabhan a leath de Therra
Del Fúégo le Tír an Airgid agus an leath
eile leis an Sile. Cuid de Thír An Airgid,
leis, is eadh An Phatagóin.



Láimh leis an Astraoil:



An chomhgar na hAstraoile atáid na
hoileáin seo: An Tasmáin, Papua agus
Talamh Úr na Mara.



Is é ainm atá ar thuaisceart an
Talaimh Úir sin 'ná Eitheinomá; agus Tabhé
Pónamú ar an oileán teas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services