Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh
Title
Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh
Author(s)
In eagar ag Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brollach. Do chuireas-sa (bhí roinn agam 'san obair sin ar aon chuma) “Teacht & Imtheacht an Ghiolla Dheacair & Tóruigheacht Chonáin agus a Chuideachtan” os comhair an phobail Ghaedhealaigh tá dhá bhliadhain ó shoin ann. Ní fhuil éinneach beó, .i. ní fhuil aon dúil nádúrdha neamhurchóideach fá bhéal na spéire (nár léigidh Dia go bhfuil dúil diabhlaidhe ar bith ann 'san aimsir seo) nár chuir fáilte & fialgus roimh an leabhar soin tráth tháinig sé amach. Ní fhuil aon sgoláire stuamdha siosmaideach ná aon léighnidhe treorach tuigseanach nár chaith féile leis & nach dubhairt de bhriathraibh bláithe binne & iad go miochair muinnteardha, “Gurab é feadhrom do bheathadh & do shláinte as bolg- lár Átha Cliath Cualann, a leabhráin bhig.” Gur breagh socair suangusach a mhairfeas an dream soin as so go bráth, is é mo ghuidhe-se.
Ní Fiannaidheacht atáthar do chur amach do'n chor so, acht sgéal beag Rudhraigheachta, .i. sgéal a chuireas síos ar Choinchulainn & ar churadhaibh na Craoibhe Ruaidhe do bhíodh i nEamhain mhín álainn Mhacha tráth. Is gleoite an chaint atá ann go deimhin. Badh dheacair í do shárughadh ar dheise & ar bhinneas. Adhbhar na cainte, ámh, nó an rud ar a dtráchtann sí, ní thaitneann sé liom-sa ann gach aon áit. 'Sé mheasaim go bhfuil an iomarca de dhortadh fola 'sa teistimhin seo, dá fheabhas í. Acht tuigthear, do'n leith eile, tráth do chuir an staraidhe roimhe dearg- ruathar & díoghaltas Chonaill d'innsin, nár mhaith leis a leath nó a thrian do chur síos acht an t-iomlán de, ar mhodh, dar leis, nach “fríth alt lag ann ó thúis go deireadh acht gach ball de foirlíonta & gach eachtra ag cómhfhreagradh, & é críochnuighthe ar an nguithe céadna do tionnsgnadh é,” a n-abair Tomás Ó hIceadha i n-a iar-chomharthughadh i ndeireadh “Theacht & Imtheacht an Ghiolla Dheacair.” Is dócha gur teistimhin nua an ceann so againne. Do bhí “Breslech Maige Mur-
themne” ann 'sa tsean-tsaoghal gan amhras. Roinn de “Tháin Bó Cúalnge” é - féachtar Die Altirische Heldensage Táin Bó Cúalnge, .i. an leabhar teann toirteamhail úd do chuir an tOllamh Ernst Windisch i n-eagar, ll. 336-405. Ní fhuil baint ar bith ag an sgéal soin, ámh, do'n uirsgéal so againne, darab tosach ó cheart an Bhrisleach nua. Sgéal nua eile tháinig as an Sean-Bhrisligh is eadh “Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn” (Leabhairíní Gaedhilge le haghaidh an tSluaigh. XXV.) — cuid mhór de, ar chuma ar bith. Dálta an leabhair eile, is as láimhsgríbhinn do fríoth an teistimhin seo, .i. as ceann do sgríobhadh i dTuadhmhumhain. Do cuireadh i gcoimhmeas í le láimhsgríbhnibh eile atá i nAcadaimh Ríoghamhail na hÉireann. Mé féin do chuir an foclóir le chéile & do dheisigh an litriughadh. Maidir leis an bhfoclóir, tá sé beagnach iomlán. Ní fhuil aon fhocal cruaidh de'n teistimhin atá fágtha im' dhiaidh agam, is dóigh liom. Má tá féin, gabhthar mo leith- sgéal, & cuimhnighthear gur deacair rud do
dhéanamh foirbhthe i n-am na cruadhóige & an driopáis. Is do dhaoinibh nádúrdha neamhurchóideacha thoirbhrim & thiomnain an leabhrán beag so, & an rann fíor-bhinn úd do chum an Carsalach, is é mo rádh féin é go deoidh, & mé ag baint mo chéille féin as: “Gach seancha gan seanchus saobh, Gach fear dáno nár aomh brég, Cumand eadrad agas iad, A leabhráin bhig, biadh go hég.” Seosamh Laoide. Na hUinnseoga, Ráth Éanna, An dara lá de'n Iúl, 1907.
DEARGRUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH ANNSO THÍOS. Dála fear n-Éireann, iomorro, do bhádar trí lá & teóra n-oidhche re haghaidh Chon Culainn & níor léig an eagla dóibh dul i gcomhgar dó ris an ré sin, & Cú Chulainn i n-a sheasamh ris an gcarraig & an Liath Macha ar fiarlaoid na muighe i n-a thimcheall go hanbhfann anbhfosaidh & í ag ithe & ag síor-leadradh na sluagh go nachar léig an eagla do neach aca teacht dá hionnsaighe ris an ré sin, & adubhradar fir Éireann gurab cealg do bhí Cú Chulainn do dhéanamh, “& is chum Con Cu- lainn do bhreith ar éin-tslíghe orainn do-ghní sé súd,” ar siad. “Cáit i bhfuil an Bhadhbh, inghean Chailitin,” ar Meadhbh. “Atáim annso,” ar sí. “Éirigh mar a bhfuil Cú Chulainn & tabhair sgéala leat an beó nó marbh é.” “Rachad féin ann,” ar sí, “gibé olc bhias de,” & do chuaidh i riocht éin ar eitill san
aer os a chionn & do dhruid i ndiaidh a chéile anuas go ráinig gcomhgar dó & do léig trí sgréacha móra os a chionn & do thúirn ar sgéith os a chomhair. Do chonncadar fir Éireann sin. D'ionnsuigheadar é & is amhlaidh do bhí sé & a chlaidheamh nocht i n-a láimh dheis aige, & níor fhéadadar fir Éireann a dhorn d'osgladh nó gur ghearradar luthach na láimhe & gur thuit an colg as a láimh, & is dlúith do bhreathnuigheadar fir Éireann ann sin é, ó nachar léig eagla na deagh-láimhe sin dóibh teacht d'amharc a gheal-ghnúise riamh roimhe. “Dícheanntar Cú Chulainn libh,” ar Meadhbh, & do fhiafruigh d'fhearaibh Éireann cia aca dár chóir Cú Chulainn do dhícheannadh, & adubhradar uile gurab do Lughaidh mac Conraoi ba chóir a dhícheannadh. “A Lughaidh,” ar Meadhbh, “is leat Cú Chulainn do dhíchean- nadh,” & do bhain Lughaidh a cheann dhe, & tugadar fir Éireann trí trom-ghártha ós árd do chomhmhaoidheamh an chosgair sin. Is ann sin d'éirgheadar datha áille éag- samhla ar cheann Chon Culainn, óir d'éirigh ruithneadh ruamhanta is an dara gruaidh ámh gur chomhshoillseach re gréin ar fáin-ghleann- taibh é & gur chomhgheal re sneachta aon
oidhche an dara gruadh dhó. Do chuadar fir Éireann i gcomhairle cá cóige i nÉirinn i rachadh ceann Chon Culainn, & dubhradar uile, ó's í Meadhbh do thionól an sluagh, gurab di ba chóir an ceann do bhreith léi go Cruachain. “Nocha mbéar-sa liom é,” ar Meadhbh, “acht beireadh Earc mac Cairbre leis é, ó's é atá i n-imliocán oireachtais Éireann i dTeamhraigh. “Béar-sa sin liom,” ar Earc, & ro sgaoil- eadar fir Éireann dá gcríochaibh féin, & ro orduigheadar a gcuradha & a gcaith-mhíleadha d'fhágbháil dá n-éis dá n-iomchoimhéad d'eagla Chonaill Chearnaigh do bhreith orra. Dála Éimhre, inghean Fearghail Monaidh do bhíodh sí gach laoi ar thaidhbhlibh & ar mhúraibh an ghrianáin ag feitheamh na muighe uaithi, & níor chian do bhí ann go bhfaca aon mharcach dá hionnsaighe, & é ag meirbh-shiubhal go hanbhfann ain-éasgaidh, & do ghabh crioth & uamhan an ríoghan ag a fhaicsin, & ro aithin gurab é Laogh do bhí ann. “Is fíor sin,” ar Éimhear, “is é súd Laogh & an Dubhfhaoileann dár n-ionnsaighe, ar bhfágbháil Chon Culainn & an Léith Mhacha marbh ar Mhuigh Mhuirtheimhne i bhfuar-linntibh fola, &
is olc liomsa nach é Cú Chulainn & an Liath Macha táinig san tslighe úd d'ionnsaighe na hEamhna,” & ar bhfaicsin Laoigh do lucht an dúna uile tángadar banntracht & bandála, éigse & ollamhain na hEamhna amach i n-a choinne & ro fhiafraigheadar sgéala dhe, & ro innis a sgéala dhóibh ó thús go deireadh. Ar gclos na sgéal sin do chách, do thógbhadar aon gháir guil & groid-éighmhe, & do rinn- eadar gártha troma taidhbhseacha & éighmhe loma loisgneacha & guil árda éagcaoineacha & faoidhe fada fíor-thruagha seachnóin na hEamhna go raibh an chóige uile i n-a haon- gháir ghola go coitcheann. Táinig Éimhear & Laogh rómpa go Dún Dealgan & fuaradar an dún ar n-a losgadh, & do ghluais Éimhear & an bhanntracht go hairm i raibh corp Chon Culainn & do sháitheadar puball os a chionn & do shuidheadar an bhanntracht i n-a thimcheall & do ghabhadar ag dubhadh & ag dubrón. Is ann sin tugadh Leabharcham d'ionnsaighe Éimhre & adubairt léi dul ar cheann Chonaill Chearnaigh fá'n ndomhan mór amach, “& innis dó,” ar sí, “Cú Chulainn do bheith marbh.” Gluaiseas Leabharcham roimpi i n-a ruathar réimdhíreach nó go ráinig go hInbear Mór
i gcrích Chuailgne & do chonnairc an long ag gabháil chuain & tug sí aithne uirri gurab í an Eangach, .i. Long Chonaill Chearnaigh, do bhí ann & téid Leabharcham dá hionnsaighe & tig an ríogh-laoch as an luing & do chuaidh mar a raibh Leabharcham & d'fhiafraigh sgéala dhi, & d'fhear fáilte mhiochair roimh an mbain-eachlaigh. “Is tairise linne an fháilte sin, a rígh- mhilidh,” ar sí, “& mo mhóir-cheanadh fáilte rómhat féin,” & téid ar choimirce Chonaill. “Sgéala leat, a Leabharcham,” ar Conall. “Atáid sgéala móra olca agam duit,” ar sí,“ .i. Cú Chulainn do mharbhadh d'fhearaibh Éireann.” “Och! is goirt liom-sa an sgéal sin,” ar Conall, “& do goineadh mo chroidhe i meadhón mo chléibh dhe,” & adubhairt an rosg so síos:- Goirt romghaodh; Gér romghonadh; Árd-olc ádhbhal Cú Chulainn, díon ógbhadh Uladh; Sgéal go ngairbhe; Gníomh go ngoirte. “Gabhthar m'eich & innealltar mo charbad,” ar Conall, “go ndeachainn dá fhios cá líon
d'fhearaibh Éireann do bhí ag marbhadh mo chomhdhalta ar Mhuigh Mhuirtheimhne.” Do gabadh na heich .i. an Dearg-drúchtach & an Coincheann Cronnfhada. Lingeas Conall san gcarbad & do ghabh laige & anbhfainne é & do chuaidh bainghníomh tar bhainghníomh aige, & do ghabh mire & dásacht i n-a dhiaidh sin é, & tug buille do'n tslait eachraidhe do bhí i n-a láimh do'n dara heach do bhí san gcarbad gur bhíodhgastar an t-each do'n bheim sin gur bhriseadar a hinnidhe innti gur thuit marbh ar an láthair. D'éirigh Conall go haithmhéa- lach a haithle an easgair sin & do chóirigh sé go deitheansach cuing an charbaid uile ar an Dearg-drúchtaigh & do ling féin uirri gonadh é an treas fhear do rinne marcaigh- eacht éin-eich ar dtús i nÉirinn riamh é, .i. Lughaidh Lámhfhada i gcath Mhuighe Tuireadh i n-ar marbhadh Fine Fómhórach, & Cú Chulainn mac Sualtaigh ar an Liath Macha i mBrisligh mhóir Mhuighe Muirtheimhne & Conall Cearnach ar an Dearg-drúchtaigh san Dearg-ruathar. Táinig Conall roimhe do mhachaire na hEamhna & d'Áth na Forfhaire & do Mhachaire Chonaill ris a ráidhtear Mágh Muirtheimhne & ar roch- tain na Muighe dó, do chonnairc an mhágh
líonta do cholnaibh & do chorpaibh crói-dhearga do ríoghaibh, do ro-dhaoinibh & do ghiollanraidh fhear nÉireann & do ghabh ag cuartughadh ar an muigh & is eadh adubhairt, “is maith do fríth mo dhaltán ar Éirinn,” & d'áirimh Conall céad iomaire & céad marbh ar gach iomaire & nachar fhéad a n-áireamh ó shoin amach & táinig timcheall na muighe & tárla an Liath Macha dó & an tsleagh nimhe tarsna tríthi & tonnghail fola tar a thaobhaibh & earr cuinge an charbaid dá leith chlí. “Rob' annamh sin, a Liath Macha,” ar Conall, “.i. cuing do charbaid dot' leith chlí, & déan oireasamh liom-sa, a Liath Macha,” ar Conall, “óir is mise do thighearna diongmhála tar éis Chon Culainn, & gabh-sa mo charbad-sa anois go ndeachainn dá dhíoghail ar fhearaibh Éireann, & adubhairt an laoidh:- Gabh mo charbad ort, a Liath, Fá bhórd mo sgiath sgaoileas rann, Do dhíoghal Con Eamhna, an triath Ba chalma gliadh ar gach bann. Ba hionmhain liom-sa Cú na gceard Do dheargadh reann géargha gorm; Fá hionmhain lem' chroidhe an triath Do chuireadh gac gliadh go holl.
Gabh mo charbad go lonn, a eich, Árdbhalc do tógadh a dtreas A bhuinn mhir, a chroidhe chruaidh, A chéim luaith go n-iomad gcleas. Is ann sin do dhruid Conall ris an Liath Macha d'á gabháil & d'imthigh sí uaidh & ní thug taoibh ris & do chuaidh i measg an ármhaigh, & innisid staireólaigh nár fhág sí ceann cloidhe ná cluana i nUltaibh uile gan iarraidh an lá sin & táinig tar a hais d'ionnsaighe chuirp Chon Culainn & air sin ráinig go Linn Léith & do luigh innti gur báthadh ann í. Táinig Conall roimhe d'ionnsaighe Chon Culainn & do ghabh an corp i n-a ucht & do chuir re n-a bhruinne é; do thoirbhir do phógaibh go dil & go díochra é & do ghabh ag tuirse os a chionn go ndubhairt;— Cú Chulainn ba hághmhar a réim: Calma a chéim ó aois mhic bhuig Nó gur thuit le Lughaidh na n-iath Laoch b'fhearr ná an triath níor thuit. Do bhéar-sa Lughaidh gan cheann — Atá dream re a bhfuil a dhíoth —; Go dtuitid liom uaisle Fáil Ní dhiongnar-sa go bráth síoth.
Doiligh liom a dhul san gcath Gan Conall i ngar dá shlios Baoth do'n deagh-mhac dul san treas Gan mo chneas do bheith taobh ris. Och! is é budh daltán dam, Cidh ibhid brain cuid dá chrú: Ní dhiongnar gáire ná gean Ó do chuaidh tar ceal an Chú. “Adhnacthar Cú Chulainn feasta,” ar Éimhear. “Ní dhiongantar,” ar Conall, “nó go ndíoghlar-sa ar fhearaibh Éireann é & go dtig a cheann d'ionnsaighe a cholna féin, óir ní fhuil cóige i n-Éirinn a ndeachaidh nach fá héigean a fhagháil damh-sa, & is mór na gártha so chluinim timcheall Muighe Muirtheimhne & Machaire Chonaill, & is lán an chóige do ghol & d'éighmhe d'éis Chon Culainn & do badh mhaith an fear coimhéada críche & forfhaire fearainn atá annso i n-a chorpán chiorrbhuighthe chrois- leadartha & i n-a chaobaibh chró im' fhiadhnaise annso, & rugadar na gártha so mo chiall & mo chuimhne uaim & is maith do dhligh Lughaidh mac Connraoi beith ag ciorrbhadh Chon Culainn, óir is é do mharbh maithe cloinne Deaghaidh
im Fhiamhain mac Foraoi & im Choinraoi mac Dáire féin; & is dursan liom-sa gan Cú Chulainn do bheith ag freagra na n-éighmhe-se ó táim féin anois, óir ní raibh i n-Éirinn curaidh ná caithmhíleadh ris nár bh'eagal a lann & a lámh nó gur bhain draoidheacht & diabhlai- dheacht a bhuaidh cosgair & comhlainn de, & is briste mo chroidhe im' chliabh do na dlúi- theachtaibh sin lér thuit mo chomhdhalta & mo bhráthair bunaidh buain-díleas & leath mo chroidhe ar n-a roinn, & ba smól corcra cuirp uaim dá dhíoghail & do-bhéar ruathar fó Éirinn anois & ní fhuigfead cineadh gan cíorrbhadh ná fíor-fhuil gan faon-dortadh, & biaidh mo ruathar anois fó Éirinn dá aithris go fiadhnach go deireadh an domhain ionnus go gcaoinfidhthear le fearaibh Mumhan, Connacht & Laighean an chóimh-éirghe so do rinneadar anois i n-aghaidh mo dhaltáin-se & muna mbeadh draoidheacht do-ionghabhála cloinne cuirpe Cailitin ní thiocfadh díobh uile a bhásughadh.” A h-aithle an iomchaointe sin do rinne Conall os cionn chuirp an chaithmhílidh táinig roimhe go longphort bhfear n-Éireann & tar Áth Muilt & do'n ghleann mhór ris a ráidhtear
Gleann Bholcháin & tug súil seacha go bhfaca an caoil-deatach do leathtaoibh na conaire. “Is fíor sin,” ar Conall, “is drong éigin, d'fhearaibh Éireann atá annsúd & cuid do bhuar Uladh aca ann.” Agus is é do bhí ann, .i. Connla mac Críomhthainn, & mar do chonnairc Connla Conall d'éirigh ar thaobh na tulcha, & do budh comhdhalta do Lughaidh mac Connraoi an fear soin, & táinig d'ionnsaighe Lughdhach & d'innis dó aon mharcach do bheith ag teacht san muigh dá ionnsaighe, & is amhlaidh do bhí Lughaidh an tan soin ar n-anmhain tar éis an tsluaigh dá bhforchoimhéad go nach beireadh Conall orra & creacha móra & airgne aidhbhle aca dá mbreith leó as na gcóige amach. “Do-chím-se aon-mharcach do bhar n-ionn- saighe,” ar Connla, “& each mór dearg faoi & ní fhaca riamh laoch ná each budh mhó ná budh ríoghdha, budh áille ná budh oirdhearca ná budh déine ag teacht timcheall na muighe ná é.” “Do-bheirim-se aithne ar an marcach sin,” ar Lughaidh, “.i. rígh-laoch Éireann atá ann sin .i. Conall calma curata coilg-neimhneach Cearnach mac Aimhirgin iarghonaigh & ní cean gus a dtig an túrchurthadh soin, óir ní dheachaidh
a namhaid slán uaidh riamh ar muir ná ar tír & cidh cara dúinn is neamh-chara;” & tig Conall chuca iar soin & adubhradar araon an laoi so síos eatorra:- “Aon mharcach soin ar an muigh, A Lughaidh laochda lonnmhair; Ná ceil ar churadh ná ar chlainn Adeirim is é Conall.” “Má's é Conall atá ann Calma curata cóimhtheann, Do-chím mo chara ar an muigh; Gidh cara, ní cáirdeamhail.” “Mo chean duit, a Chonaill chain,” Is é adubhairt Lughaidh; “Tú an treas athair, toladh clann, Fhágbhas mo dheagh-mháthair agam.” Ar dteacht do Chonall iar soin Gus an áit i raibh Lughaidh, Fearg ag á athair re a mhac Níor bho ceannais a gcomhrac. “Sloinn do cháirdeas, toladh clann, 'S ní budh heagal duit,” ar Conall, “Muna rabhais ar an muigh Ag marbhadh mhic Subhaltaigh.”
“Briathar bhaoise duit-se sin, A Chonaill mhic Aimhirghin, Is mé do bhain a cheann de Do Choin Chulainn Mhuirtheimhne.” “Má's tú do bhain a cheann do'n Choin Do aon-mhac sámh Subhaltaigh, Fuigfir do cheann féin dhá chionn Le mórán d'uaislibh Éirionn.” “Níor thaisteal Muirtheimne mbuaidh Ag marbhadh Chon Culainn chruaidh Nach íocfaid ina chrú soin Do Chúlghlais Chonaill Chearnaigh.” “Cáirde chomhlainn uaibh, a fhir, A Chonaill an airm neimhnigh, Go dtigidh mo chatha rem' chois Is an muigh i n-Airgead-rois.” “Do bhéarad-sa sin, a fhir, A Lughaidh laochda loinnmhir, Is tabair bréithir, toladh clann, Nach seachónair mo chomhlann.” “Do-bheirim fám' bhréitir niadh Thugainn fám' chloidheamh is fám' sgiath, Acht go dtigidh mo shluagh amach Nach imghéabhad aon mharcach.”
Is ann sin do nasg Conall ar Lughaidh an tan roichfeadh i measg a mhuintire nach teithfeadh sé roimhe & go mbiadh i n-Airgead- ros ag feitheamh ris. Táinig Conall iar soin i n-a chomhruathar chonfadhach go Glaise Breagh & níor chian do bhí ann an tan do chonnairc trí caogaid curaidh armtha éidighthe ar ur an átha i n-oirchill ar a chionn. D'fhiafruigh Conall cia do bhí ann. “Máine mac Eipirt, .i. mac mórdhálach Meidhbhe & Oiliolla & ríogh-dhamhna Chonnacht.” “Maith liom d'fhagháil ann sin,” ar Conall, “má do bhís ag marbhadh Con Culainn.” “Is deimhin gur ghoin mise é,” ar Máine. “Goinfead-sa tusa i n-a éiric sin,” ar Conall, & d'ionnsaigh Conall é go hainmhín anmhuinteardha, & tugadar an laochradh tulghona dá sleaghaibh i n-éinfheacht ar Chonall, & congbhas an t-ársaigh a sgiath ris na craoiseachaibh gur bhris & gur mhionaigh a n-arma uile & do chuaidh sé fútha go fear- gach foirniata & do thomhais go tréan-láidir i dtreas-bhuillíbh thar taobhaibh tréin-mhílidh & thar corpaibh curadh gur budh cíorrtha cómh- roinnte & gur budh mhillte marbhtha mío- chóirighthe muintir Mháine do'n mhór-chosgair
sin, & táinig sé féin roimhe mar a raibh Máine san iorghail & tug buille cnámh- ghearrtha corp-láidir dó gur ghearr idir arm & éideadh é & gur sgoilt ar a dhó é, & do bhain a cheann de & do chuaidh fá'n gcoill budh neasa dó, & do bhean slat budh méad-lán a dhuirn & do shníomh & do chuir an ceann sin Mháine air. “Is maith liom an ceann so do bheith ar an ngad so agam,” ar Conall, & do-bheirim dom' bhréithir nach rachaidh mé dom' thigh nó go mbeiridh mé lán an ghaid-se do cheannaibh ríogh & taoiseach & tréin-fhear bhfear nÉireann liom, & is tosach díthe & díoghbhála d'fhearaibh Éireann mo theacht tar muir do'n turus so, óir ní fhuil dún ná deagh-árus i n-Éirinn nach biaidh gol & mairge móra ann uaim-se i ndíoghail mo dhaltáin ar fhearaibh Éireann, & is maith liom mar do chuaidh a fhorfhaire do Mháine tar éis an tsluaigh & fós is ró-mhaith liom gurab ar Chonnachtaibh do rinneas mo chéad-deargadh láimhe ar dtúis & budh Sruth Mháine ainm an tsrotha ó so amach mar ar thuit Máine mac Oiliolla.” Téid Conall iar sin roimhe go Teamhraigh & do bhí óglách d'Ultaibh i dTeamhraigh an tan
sin i gcoimhdeacht Fheidhlme anchroidhighe inghean Chonchubhair, dar bh'ainm Ceann Bior- raidhe; & is amhlaidh do bhí Earc mac Cairbre an tan sin, i ndabhaigh ag á fhothragadh féin. “Maith liom,” ar Earc, “mar atáid Ultaigh anois gan fear díoghalta fala ná cosanta críche aca anocht tar éis Chon Culainn.” Éirgheas a labaidhe i gCeann Biorraidhe ar n-a chlos sin dó & adubhairt, “An gcéin mhair- feas Conchubar go n-a chloinn & Fearghus go n-a chloinn & Conall Cearnach go n-a chloinn & ríoghradh Uladh uile ar cheana, is éagcóir nach beith fear díoghalta fala & gréise beó d'Ultachaibh.” Ar chlos an chomhráidh sin d'Earc do ghabh cloch budh lán a dhuirn & tug urchar d'ionn- saighe Chinn Bhiorraidhe di gur chuir tre thaobhaibh na bruighne amach í. Ro éirigh Ceann Biorraidhe iar sin & do ghabh a airm & táinig roimhe amach ar an bhfaithche & do chonnairc Conall go tinneasnach ag teacht d'á ionnsaighe, & fáiltigheas a chroidhe roimhe & d'aithin gurab é Conall do bhí ann & aithnigheas Conall eisean & do thuig gur bh'Ultach é & do thoirbhreadar do phógaibh a chéile go díochra.
“Sgéala leat, a Chinn Bhiorraidhe,” ar Conall, “nó cia atá i dTeamhraigh.” “Earc mac Cairbre,” ar Ceann Biorraidhe, & d'fhágbhas-sa i ndabhaigh fhothraicthe anois é, & tug sé bréithir nach fuil fear fala ná gréise do dhíoghail beó d'Ultaibh tar éis Chon Culainn.” “Nocha fíor sin,” ar Conall, “atáim-se beó fós, & is fear díoghalta fala & gréise mé,” & d'innis Ceann Biorraidhe a imreasán féin re hEarc do Chonall. Do ghluaiseadar rómpa iar sin go Teamh- raigh & do chonncadar iomáin ag á déanamh ar an bhfaithche & tángadar d'á hionnsaighe, & is iad do bhí ann, .i. dá thaoiseach teaghlaigh Eirc .i. Mál & Míodhna & is í do budh liath- róid dóibh .i. ceann Chon Culainn ag á bhualadh eatorra. “Créad so agaibh?” ar Conall. “Ort do chol duabhais!” ar siad, “nach cuala tú Cú Chulainn do mharbhadh le fearaibh Éireann ar Mhuigh Mhuirtheimhne?” “Do chuala go deimhin,” ar Chonall. “Má do chualais,” ar siad, “is é seo a cheann againne mar liathróid.” “Uch! is olc liom-sa an ceann soin do
bheith agaibh-se ar an gcor sin,” ar Conall, “& tuitfidh bhur gcinn díbh-se tré bhur n-iomáin ar an gceann sain,” & d'ionnsaigh Conall iad go hainmhín olcach ainiarmharthach & tug sáthadh sotal-bhorb do'n Chúlghlais chinn-ghéir chrann-reamhair i gcorp gacha caithmhílidh díobh gur budh créachtmhar taobh- ghonta gach tréan-mhíleadh ó na tréan-ghonaibh sin, & do dhícheannaigh Conall go deithbhireach an dias sain & do chuir i ndíoghail a n-iomána ar cheann Chon Culainn a gcinn ar an ngad do bhí aige. Adubhairt Conall re Ceann Biorraidhe, “Imthigh,” ar sé, & beir ceann Chon Culainn leat d'ionnsaighe Éimhre.” “Nocha mbéar,” ar Ceann Biorraidhe, “óir gion go ndearnainn acht aonar d'fhear- aibh Éireann do mharbhadh gach laoi id' fhochair- se.” “Dá marbhthá céad gach laoi & céad gach n-oidhche díobh,” ar Conall, “dob' fhearr liom-sa tu do bhreith an chinn-se leat chum a cholna féin 'ná sain uile.” D'éirigh Ceann Biorraidhe air sin & rug an ceann leis go Dún Dealgan & tug i láimh Éimhre é, & do rinne sí an ceann do niamh-
ghlanadh & do chuir ar a cholainn féin é & do dhruid re n-a hucht & re n-a hurbhruinne é & do ghabh ag tuirse & ag trommhéala os a chionn & do ghabh ag sughadh a choda fola & ag á hól & do chuir tlacht taitneamhach sróill um an gceann. “Uch!” ar sí, “do budh maith maise an chinn-se cidh atá sé mar so indiu, & is mór do ríoghaibh & do thaoiseachaibh an domhain do bhiadh ag á chaoineadh dá bhfeasdaois a bheith mar so, & gidh iad lucht iarrata óir & ionn- mhusa & athchuinge fear n-Éireann & Alban do budh tú a n-aon-ghrádh & a n-aon-rogha d'fhearaibh na talmhan & is truagh mo bheatha-sa annso anocht tar h'éis, óir ní raibh ag fear ná gan fear do mhnáibh Éireann ná san domhan mhór bean nach raibh ag formad liom-sa gus indiu, óir budh hiomdha seód & maoin, cíos & cánach a críochaibh an domhain thugais dom, ionnsaighe le calmacht & le neart do láimhe.” Agus do ghabh a lámh i n-a láimh & do ghabh ag tabhairt a theasta & a thuarasgbhála & is é adubhairt, “Truaighe sin,” ar sí, “is mór do ríoghaibh & do thaoiseachaibh & do thréan-fhearaibh an domhain do cuireadh i ndáil bháis & i n-airr-
gheanaibh éaga le luath-bhuillíbh na láimhe seo & is mór d'éantaibh & d'ainmhinntibh an domhain do thuit léi & is mór do mhaoinibh & d'ionnmhusaibh an domhain do sgaoileadh leis an láimh-se d'fhileadhaibh & d'fheallsamhnaibh,” & adubhairt an laoidh:- Uch! a chinn, ón, uch! a chinn, Cidh rodmeasgadh ar an linn; Mór sochaidhe d'á dtugais éag, Mór gcuradh 's mór gcéad, a chinn. Uch! a shúil, ón, uch! a shúil, Do radais doimheanmna dhúinn; Ionann ionad i mbiaidh ár bhfeart Ionann leacht cloidhfighthear dhúinn. Uch! a airm, ón, uch! a airm, Mór sochaidhe ar a dtugais maidhm Nocha rabhais seachtmhain riamh Nach tiubharthá biadh do bhaidhbh. Uch! a lámh, ón, uch! a lámh, Do bhádhais-se seal go sámh; Minic do cuirthí fám' chionn — Och! dob' ionmhain liom an lámh.
Uch! a Liath, ón, uch! a Liath, Do budh calma do thriath; Fada go lámhthaoi a chrádh, Cidh do fágbhadh ar sgáth sgiath Uch! a Dhuibh, ón, uch! a Dhuibh, Ní thréigfinn thú do chionn cruidh; Uch! do bhris mo chroidhe im' chliabh Trés an laoch budh dian 'san muigh. Is maith leam, ón, is maith leam, A Chú Chulainn Muighe Meann Nachar imdheargas do ghnúis 'S nach dearnas drúis thar do cheann. Ionmhain rí, ón, ionmhain rí, Nár éarastar neach um ní; Deich lá fichead gus anocht Ód' choimhriocht mo chorp red' chlí. Ionmhain béal, ón, ionmhain béal, Fá blasta ag innsin na sgéal, Ó do fhás gean ar do ghruadh Nochar éarais truagh ná tréan. Ionmhain fear, ón, ionmhain fear, Do mhuirbhfeadh mór sluagh re seal, Ionmhain folt forórdha fuar; Fá hionmhain fós a ghruadh gheal.
A dhá shleigh, ón, a dhá shleigh, A sgiath 's a chloidheamh go nimh Tabharthar do Chonall na gcath; Níor tugadh riamh rath mar sin. Ionmhain cách, ón, ionmhain cách, Nach cluinfidh an chuach go bráth; & ní thiocfaid re a ngairm Go dtigid na mairbh go cách. Uchón uch! ón, uchón uch! 'Sam luaithe 'ná crann re sruth; Indiu ní fhoilcfead mo cheann 'S ní eibéar ní is fearr 'ná uch. Adubhairt Éimhear ann sin, “Is fada atá ag á thaisbéanadh dhomh i dtaidhbhsibh oidhche go dtuitfeadh Cú Chulainn le fearaibh Éireann & tárfas domh Dún Dealgan do thuitim go talamh, & do chonnarc fós mar do sgoilteadh a sgiath ó a bhile go a bhórd & mar do briseadh a chlaidheamh & a chraoiseach i n-a gceirt- mheadhón, & fós do taidhbhreadh dhomh Conall do bheith ag á marbhadh im' fhiadhnaise & mé féin & tusa do bheith dícheannta, & gion go mbeidís na taisbéanta sin d'á ndéanamh dhomh, do bhádar draoithe d'á thairngire go
dtuitfeadh Cú Chulainn le harmaibh Chloinne Chailitin & le Lughaidh mac Conraoi; & a Laoigh,” ar Éimhear, “do bhámair-ne araon i bhfarradh & i bhfochair a chéile & dob' aoibhinn dúinn, óir dá síorthaoi an domhan ó thur- gabháil gréine go a fuineadh ní faghthaoi ár n-ionamhail ann i n-aon ionad, eadhón, tusa & giolla na hIubhraighe & an Liath Macha & an Dubhfhaoileann, mise & Cú Chulainn; & fós is truagh liom Lughaidh Riabhndearg mac na dTrí bhFionn Eamhna gan fear tabhartha catha ná coisgthe cogaidh aige tar éis a oide; & atá sé ag briseadh mo chroidhe im' chliabh bheith ag éisteacht re faoidhibh fíor-thruagha ban & fear & re golaibh árda ainmhíne annradh & ógbhadh Uladh ag caoineadh Chon Culainn, & Ulaidh uile do bheith san gceasnaighin & gan neart aca a dhíoghail ar fhearaibh Éireann.” & a haithle an chomhráidh chráidhte chomhthuirsigh sin do dhéanamh d'Éimheir & do Laogh re chéile dorónsad caoi throm thuirseach & nuallghubha neimhneach & adubhairt Éimhear iar sin, “Is dursan ár sgaradh re chéile anois & do budh suaimhneach ár seal re chéile gus indiu i n-aon ionad.” “Is fíor sin,” ar Laogh, “& ní dhéan-sa
giollaigheacht d'aon duine oile go brath tar éis mo thighearna.” “Is truagh liom-sa sin,” ar éimhear, “& a Laoigh,” ar sí, “ar aithin Cú Chulainn mise dhíot, nó an dtug sé teagasg chum a theaghlaigh?” “Ní thug,” ar Laogh, “acht amháin gur aithin díot gan dul le fear go bráth muna ndeachtá le fear d'fhearaibh Uladh.” “Doghéan-sa sin,” ar Éimhear, “óir ní bhiad ag fear d'fhearaibh an domhain tar éis Chon Culainn,” & adubhairt fós nach rachadh sí seacha so nó go mbeireadh Conall uirri. “Ní córa do neach oile anmhain le sgéala a thighearna 'ná domh-sa,” ar Laogh, & do ghabhsad ag osnadh & ag éagcaoineadh ós cionn Chon Culainn & níor léig eagla Chonaill dóibh a adhnacadh nó go dtigeadh sé féin. Iomthús Chonaill, tar éis Mháil & Mhíodhna do mharbhadh, adubhairt leis an marcraidh, “Abradh neach éigin agaibh le hEarc mac Cairbre teacht dom' agallamh amach, & do- bheirim-se fám' bhréithir, muna dtigidh, nach fuil san mbaile líon a chosanta orm nó go rachar d'á ionnsaighe,” & do hinnseadh sin d'Earc & ro éirigh, ar n-a chlos sin, & do ghabh
a airm & a éididh uime & táinig as an dún amach & trí caogaid curadh caith-éidighthe mar aon ris. “Maith,” ar Conall, “is sádhail suaimhneach ataoi tar éis Chon Culainn do mharbhadh.” “Ná himir-se do spruic-bhriathra orm,” ar Earc, “óir ní íocfad éiric ná einioclann ann soin riot-sa, acht béim i n-aghaidh béime & goin i n-aghaidh gona.” “Truaighe sin,” ar Conall, “ní ghéabhainn ór & maitheas an domain uait gan do cheann do chur ar an ngad so imeasg na gceann oile.” Is annsin d'ionnsaigheadar cách a chéile díobh, eadhón, Earc go n-a thrí caogaid curadh & Conall i n-a aonar, .i. ríogh-laoch Éireann & fear taistil & cuartaighthe an domhain & an tí nár theich roimh uathadh ná roimh shochaidhe ar muir ná ar tír riamh do ló ná d'oidhche, & tugadar frasa diana dásach- tacha dío-cháirdeamhla & luath-bhuillí láidre d'á n-armaibh ar Chonall, & táinig Conall go calma confadhach ar a gceart-lár gan coigioll & do torchradh leis iad i n-a thim- cheall go sanntach sáir-chíocrach & go fíochda fír-neartmhar fearamhail gur budh teasgtha
taobh-chóirighthe tréin-fhir & gur bud leath- roinnte a laochradh & gur bud cneadhach créachtach a gcaith-mhíleadha ó na béimeannaibh mór-fhoghlacha sain, gur ghabh uathbhás & crith- eagla & urghráin an mhéid nár marbhadh do mhuintir Eirc ó'n urlaidhe ainmhín ainiarmhar- thach sin Chonaill, gur ghabh siad maidhm teithmhe go tinneasnach gan chéill gan chuimhne gan chathughadh as gach ionad i rabhadar amuigh & istigh timcheall na Teamhrach, gur fhágbhadar Earc i n-a aonar & tug Conall sáthadh sann- tach sáir-neartmhar sáir-neimhneach do'n Chúlghlais chinnghéir crann-reamhair i mullach a ochta & a ur-bhruinne ar Earc, gur chuir ceann na sleighe tar a séimheannaibh tré n-a cheart-mheadhón gur bhris a dhruim i n-a cheart- lár & tug coilg-bhéim laochda láidir tarsna a thaoibh & a cholna go ndearna dá órdán de idir sgéith & claidheamh, corp & cath-lúireach & do dhícheannaigh go deithfreach annsin é, & do chuir “ar an ngad so i ndíoghail mo dhaltáin,” ar Conall. Agus do chuaidh go Teamhraigh i ndiaidh an mhadhma & do ghabh ag mudha & ag marbhadh muintire Eirc & lucht coimhéadta na Teamh- rach gur marbhadh leis caoga curaidh im
dhóirsibh na Teamhrach, & táinig Muireadhach mac Fearghusa .i. taoiseach teaghlaigh Eirc & lucht coimhéadta na Teamhrach maille ris do dhíoghail Eirc ar Chonall; & d'fhógair Mui- readhach comhrac ar Chonall & ro fhágaibh céad laoch ar gach doras do cheithre dóirsibh na Teamhrach & táinig céad laoch i n-a thimcheall féin d'fhreagra comhraic do Chonall, & d'ionnsaigh an caith-mhíleadh cosgrach cruadh- chomhlannach an comhlann & do ghabh ag a sloidhe & ag a sleachtadh & ag a sár-bhualadh do bhéimeannaibh bríoghmhara boirb-neart- mhara bioth-urlamha báis & do ghonaibh doimhne dlúthmhara gur thuit an céad sin i dtimcheall Mhuireadhaigh san ionad sin & téid Muireadhach féin i n-a raon madhma & míochosgair d'ionn- saighe a mhuintire, & mar ráinig ann d'fhógair comhrac ar Chonall & do ghabh ag á aithisiughadh & ag á imdheargadh; & mar chuala Conall mór-ghotha Mhuireadhaigh do ling rabharta ruathar-bheodha rachta san rígh-mhíleadh & fiuchadh fír-neimhneach feirge & tonn ain- iarmharthach aingidheachta ann, & táinig go mear mór-dhásachtach & tug buillí tábhachtacha tréan-láidre & biseach beodha ar na béim- eannaibh gur thuit an céad laoch soin leis
& do chuaidh Muireadhach ar éigin uaidh & d'ionnsaigh an treas doras do Theamhraigh & mar ráinig ann d'fhógair comhrac ar Chonall. Táinig Conall go sanntach sáir-dhíochra d'á ionnsaighe & do ghabh ag á mudha go marbh- thach mor-aigeantach gur thuit an céad sain leis ar an láthair sin & d'imthigh Muireadhach do thoradh a luais gus an gceathramhadh doras. Cidh trácht, do thuit céad laoch ar gach doras do dhóirsibh na Teamhrach le Conall & do dhícheannaigh Muireadhach mac Fearghusa ar láir-mheadhón na Teamhrach do'n tréan- ruathar sin, & do chuir a cheann ar an ngad as a haithle, & adubhairt: “Is maith liom, a Mhuireadhaigh, do cheann do bheith agam i ndíoghail a ndearnais dom' ghríosadh & dom' imdheargadh & dá mbadh tighearnas nó dúthchas do Earc féin an baile so do loisgfinn é, acht ó's é imliocán & port oireachtais Éireann, ní tharcaisneóchaidhe ní- sa mhó é.” Táinig Conall go madhmach mórdhálach amach ó Theamhraigh, & an t-eolas i n-ar ghabh, tárla Colla mac Fathamhain dó, ar n-a fhágbháil do Lughaidh mac Conraoi, ag
forfhaire dó ar Chonall, & do fhreagair cách a chéile, & tug Conall béim neimhneach náimhdighe do Cholla gur bhain a cheann de & gur chuir ar an ngad é. “Dar mo bhréithir,” ar Conall, “is maith liom mac Fathamhain do bheith i n-a chosair chró im' fhiadhnaise & a cheann do bheith ag á iomchar agam,” & táinig roimhe ann sain, & an t-eolas i n-ar ghabh, tárla Cuileann Breagh dó, & do budh tréan-fhear teann & míleadh mear- chalma an fear sain. Gidheadh, do dhícheann- aigh Conall é & do chuir an ceann ar an ngad, & do gabh ag mudha & ag marbhadh a mhuintire gur chuir i n-a maidhm móir-theithmhe iad, gach neach nachar thuit leis díobh, & do ghabh Conall ag maoidheamh chinn Chuilinn do bheith ar a chumas féin aige; & táinig roimhe go Sídh Cró Caoimhe & do chonnairc deatach mór i gcomhgar dó. “Is fíor sin,” ar Conall, “is dream éigin d'fhearaibh Éireann atá annsúd & cuid do bhuar & do bhraighdibh Uladh aca ann,” & táinig Conall d'ionnsaighe na teineadh & is iad do bhí ann, .i. clann Chailitin & is eadh adubhairt, “do-bheirim a bhuidhe ris na déibh d'á n-adhraim breith oraibh.”
An tan do chonncadar na haimidighe adhuathmhara é, ro aithneadar é, & adubhairt sain nach tárla ar muir ná ar tír leis riamh turcharta dob' fhearr leis 'ná iad & gion go dtuitfeadh leis d'fhearaibh Éireann acht iad amháin, “Do badh mhaith mo thoisg & mo thuras go hÉirinn,” ar sé, “do dhíoghail mo dhaltáin & is buidheach do bheinn do'n tí do bhéaradh na sé cinn sin go hEamhain Mhacha, & is lúthgháireach do bheidís banntracht & bandála, maithe & mór-uaisle Uladh ag á bhfaicsin.” Is annsin d'ionnsaigh Conall go díochra dásachtach an teine & do ghabh ag á sloidhe & ag á síor-bhualadh & ro éirgheadar na haimidighe aithiseacha urghránna ar a n-aon- chosaibh & ar a n-aon-lámhaibh & do ghabhadar go fraoch-ghonach fír-neimhneach ag lot & ag laoch-bhualadh Chonaill & ó fuair-sean a n-anbhfainne do ghabh sé go lúthmhar laoich- bheodha ag á luath-bhualadh & níor sguir do na tuaith-aimidighibh taobh-ainmheacha soin nó gur thuiteadar d'á bhrath-bhuillíbh borba bran- mharbhthacha & do bhain sé na sé cinn uathmhara ainmheacha dhíobh & do chuir ar an ngad iad. Táinig Conall iar sain go subhach soi-
mheanmnach san slighe, ar mbreith buadha chloinne Cailitin, & mar ráinig go Glaise Cruinn ris a n-abartar Glaise Cró an tan so, do chonnairc an cath cóimheagair ceang- ailte ar n-a chórughadh ar a chionn, & is é do bhí ann, .i. Connla comhdhalta Chonraoi mhic Dáire & teaghlach & muintir Lughdhach mhic Conraoi i n-a fharradh ann, & ro ionnsaigh an caithmhíleadh curata, Conall, fá na sluaghaibh & do ghabhsad ag comhthuargain & ag tréan-leadradh a chéile go hainiarmharthach éicht-bheodha & tugadar ceatha cóimhthiugha & frasa fíor-mhóra faobhair-dhearga fogha d'ionnsaighe a chéile, & níor an Conall ag gonaibh ná ag iombhualadh na buidhne sin, acht do ghabh go marbhthach móir-éachtach ag sloidhe & ag slat-bhualadh na sochaidhe go nach deachaidh aon díobh uaidh gan marbhadh, muna ndeachaidh duine díobh a maidhm nó a mío- chosgar, & do thuiteadar deich gcéad leis ar eochair-imlibh an átha i bhfus & thall go dtárla Conall & Connla re chéile & do rónsad comhrac ainmhín ainfheargach re hathaidh fhada gur thuit Connla i bhfoirchionn an chomhraic do bhrath-bhuillíbh Chonaill & do chuir a cheann ar an ngad as a haithle; & do
ghabh ag féachain an áir i n-a thimhceall & do chonnairc na meidhe maoil-dearga & na cuirp chíorrtha chraos-osgailte & na sith-linnte fola ag sileadh is an nglaise gur budh caoba cró-fhola an ghlaise lionn-fhuar, & ar n-a fhaicsin amhlaidh sin dó, adubhairt gur Glaise Cró a hainm ó sin amach go bráth. Táinig roimhe iar sin go Muigh Airgead- ruis & do bhí Lughaidh mac Conraoi ar a chionn ann & catha cóirighthe aige & ní teicheadh ná iomghabháil do rinne Conall rómpa acht d'ionnsaigh iad fó chéadóir, & ro budh cosmhail re héirghe teineadh tréine trom-anfaidh ag briseadh fó thír Conall ag dian-sgaoileadh & ag dlúth-mharbhadh chloinne Deaghaidh i n-a thimcheall nó gur thuiteadar dóid fria dóid & uillinn re huillinn go rabhadar i n-a linntibh fola d'á éis & ro chomhraic féin & Lughaidh re chéile. “Maith, ámh, a Chonaill,” ar Lughaidh, “ní hionchomhraic sinne i n-ár ndís .i. tusa & do dhá láimh agat & mise ar leath-láimh & is amhlaidh do bhiamaois comhthrom .i. do lámh dheas-sa do cheangal.” Do ceangladh lámh dheas Chonaill iar sin & do ghabhadar dá chlaidheamh chlais-leathna
choilg-dhíreacha chruaidh-neimhneacha chuca & do rónsad urlaidhe ainiarmharthach & tug Lughaidh buille bríoghmhar boirb-neartmhar chum Conaill gur ghearr an ceangal & an chuibh- reach do bhí ar a láimh aige & ar bhfaicsin na láimhe sgaoilte do Lughaidh is eadh adubhairt, “A Chonaill chaoimh chosgraigh chath-bhuadhaigh chomhlann-chruaidh, ceangail do lámh go lán- daingean mar do gheallais.” “Ní dhingéan,” ar Conall, “óir an tan do cheanglas í, do b'aithreach liom é, & do sgaoilis féin dod' luathbhuillíbh; ní ceangal- tar feasta í acht cheana.” Ní cian iar sin gur thuit Lughaidh lán- éachtach meanmnach mór-dhálach mac Conraoi le láimh chosgraigh chathbhuadhaigh Chonaill chleaschalma Chearnaigh & dícheannas as a haithle é. Is annsin do ghabh labaidhe le n-a mhac é & adubhairt “muna ndícheanntá-sa Cú Chulainn ní díongantaoi liomsa tusa do dhícheannadh & is dursan liom-sa do theangmháil dom, óir is mé an treas athair do bhí agat.” Trí haithreacha iomorro ro fhágaibh a mháthair ag Lughaidh do bhrígh nár bh'fhios di a cia haca d'ár mhac díleas é, .i. Cúraoi mac Dáire rí
Mumhan & Cú Chulainn mac Subhaltaigh & Conall Cearnach mac Aimhirghin. Do chomhraic Glinne mac Deaghaidh iar sin le Conall & do dícheannadh le Conall é & do chuir cinn na dtaoiseach ar an ngad gur budh lán an gad do chlannaibh ríogh & ró-dhaoine bhfear n-Éireann. Cidh trácht, níor budh sásta Conall lé'r thuit leis d'uaislibh Mumhan & Connacht gan a lámh do dheargadh ar Laighneachaibh & gluais- eas roimhe go réim-dhíreach gan cor gan caime go ráinig dún & deagh-árus ríogh Maicniadh mic Rosa, .i. rí Laighean & cuireas sgéala go Maicniadh teacht d'á agallamh ó nach raibh lucht a chosanta i Laighnibh uile air. Leis sin, táinig Maicniadh, líon a theaghlaigh & a mhuintire, & fearthar cath cródha eatorra. Gidheadh, ar marbhadh na sluagh uile, do chomh- raic Conall & rí Laighean le chéile gur thuit Maicniadh i bhfoirchionn an chomhlainn sin & dícheannas Conall go deithbhireach é & cuireas a cheann ar an ngad & do ghluais roimhe is na ródaibh. Ro dhírigh i n-athghairid gacha conaire nó go ráinig Dún Dealgan mar a raibh corp Chon Culainn & do léig na cinn sin ar an
bhfaithche & do chuir ar chuaillidhibh bioraighthe iad i dtimcheall na faithche fairsinge féar- uaine, & léigid gáir mhór san dún, ar bhfaicsin na laoch-cheann sain ar na leabhar- chuaillidhibh. Táinig Éimhear amach & is eadh adubhairt, “Mo mhóir-chean fiadh & fáilte dhuit, a rígh- mhíleadh, & ní bás do Choin chréacht-iomdha na hEamhna, ó do mhairis id' fhear díoghalta fala d'Ultachaibh d'á éis, & déantar a adhnachadh feasta, & léigthear m'ionad-sa i n-a fhochair san uaigh, óir ní domh-sa marthain d'á éis, & innis dúinn cia d'uaislibh fear n-Éireann ar a rabhadar na cinn úd ar na bior-chuaillidhibh-se i dtimhceall na faithche,” & do rinne féin & Conall an laoidh-se síos eatorra:- Éimhear: A Chonaill, cia hiad na cinn Is dearbh linn gur dheargais t'airm; Na cinn ó thárla ar an ngad, Sloinntear leat na fir d'ár baineadh. Conall: A inghean Fhearghail na n-each, A Éimhear úr na mbrat mbinn, Is i ndíoghail Chon na gcleas Tugas liom a ndeas na cinn.
Éimear: Cia an ceann malach dubh mór, — Deirge ná 'n rós a ghruadh ghlan — Sé is neasa dom' leith chlí, Ceann an rígh nár athraigh dath? Conall: Ceann rígh Midhe na n-each luath, Earc mac Cairbre na ngruadh ndearg; I ndíoghail mo dhaltáin féin Tugas liom i gcéin a cheann. Éimhear: Cia an ceann-so dom leith chlí, — Dearg a lí, ní locht d'á dheilbh? An ceann ó thárla gan corp, Is maith liom, gidh holc le Meidhbh. Conall: Máine mac Eipirt na n-each, Mac Mheidhbhe do chreach gach cuan, Ar sgaradh a chinn re a chorp Liom uile do thuit a shluagh. Éimhear: Cia an dá cheann-so ar muigh thoir, A Chonaill mhóir go ngoil ngaoith; Geal a n-aighthe, dubh a bhfuilt, Deirge a ngruadha ná fuil laoigh?
Conall: Ceann Mháil & Mhíodhna mhóir An dá cheann-soin, is dóigh linn, Ag á bhfuaras ceann na Con Ag múr Theamhrach na sgor slim Éimhear: Cia an ceann-so ar muigh thall Go bhfolt fann, go mala slim; Rosg mar oighre, déad mar bhláth, Áille seach cách cruth an chinn? Conall: Is leis sin do thuit an Chú; Do-rad a chorp fá chrú thais; Lughaidh mac Conraoi na rann, Tugas a cheann liom tar ais. Éimhear: Cia an dá cheann-so ar muigh theas A Chonaill mhóir na gcleas lúith; Aon dath ar fholtaibh na bhfear; Dearg a ngruadh, geal a ngnúis? Conall: Cuileann Breagh & Connla cruaidh, Dís do-bheirid buaidh i bhfeirg, — A Éimhear, ag soin a gcinn; D'fhágbhas a gcuirp fá linn deirg.
Éimhear: Cia na sé cinn-se is olc mamh Do-chím féin ar an muigh thuaidh — Gorm a n-aighthe, dubh a bhfuilt, Siabhartha a ruisg, a Chonaill chruaidh? Conall: Ar théarnadh ó chleas na Con Do chloinn Chailitin, — modh ngnáth, — Do mharbhas an seisear badhbh; Do thuitsead lem' arm seach cách. Éimhear: Cia an dá cheann-so is faide amach, A Chonaill mhóir do bhraith badhbh? Ar ghrádh th'oinigh ná ceil orm Ainm na déise ar ar dhonn th'arm? Conall: Cinn Laoghaire & clainne Chuilt An dá cheann-so thuit lem' ghuin; Do ghoinsead Cú Muighe Cairn; Tríd do dheargas m' airm 'na bhfuil. Éimhear: A Conaill, a aith-fhir Diadh, Cia an ceann-so d'ár ghiall cách, Go rós fá thrillsibh an chinn, Go gcumhdach slim d'airgead bhán?
Conall: Ceann mic Fhinn mhic Rosa ruaidh, Maicniadh fuair bás lem' neart, A Éimhear ag soin a cheann, Áirdrí Laighean na lann mbreac. Éimhear: Cia an ceann-so ghabhais id' láimh, A Chonaill mhóir, ní báidh linn? Ó nach maireann Cú na gcleas, Créad fá' bhfuile ar leas an chinn? Conall: Ceann mic Fhearghusa na n-each, Muireadhach na gcreach nocht, Mac mo sheathrach, an túir theann, Do sgaras a cheann ré' chorp. Éimhear: A Chonaill mhóir Mhuighe an sgáil, Créad do thuit led' láimh gan locht De na sluaghaibh do mhill sinn Leat i ndíoghail chinn na Con? Conall: Naonbhar & dá fhichid céad, Adeirim leat, fá léan sluaigh, A dtorchair liom druim ar dhruim Do nimh mo chuilg choinligh chruaidh.
Éimhear: A Chonaill, cionnus atáid Mná Inse Fáil tar éis na Con? An bhfuil cumha im' cholt ná im' chéis, Nó an dtiubhraid spéir i n-a ngol? Conall: A Éimhear, créad doghéan féin Gan an Chú dom' réir fá ráith, Gan mo dhalta ba teann gliadh D'fhaicsin 'san bhfiadh go bráth? Éimhear: A Chonaill is oircheas domh - Ní luighfear le fear go bráth; Do-ghéabhad bás do chumha na Con, A Chonaill, ná ceil ar cách. Cuir mé, a Chonaill, san bhfeart; Is fann mo neart mar atáim: Cuir mo bhéal ar bhéal na Con; Is oircheas domh dul n-a dháil. An Dubh 's an Liath Macha mear, An dá each fá gloine gníomh, Gach neach le a dtorchair a dtriath, Is orra thiar d'imris m' fhíoch:
Do-bheirim-se, a Chonaill fhéil, Mar choibhche duit féin go bráth, Mo bheannacht is mo chur 'san bhfeart Is díbh is ceart, a fhir nach tláith. A haithle na laoidhe sin d'fhoráil Éimhear ar Chonall feart fairsing fíor-dhomhain do dhéanamh do Choin Chulainn & do luigh sí féin mar aon re n-a caoimhchéile & do chuir a béal ar a bhéal & adubhairt, “A Chuagáin m'anma,” ar sí, “& a chara & a chóimhleannáin & a aon- rogha d'fhearaibh na talmhan, is iomdha bean do bhí tnúthach liom-sa fád' cheann gus anois & ní budh beó mé tar h'éis,” & do chuaidh a hanam aisti & do hadhnacadh í féin & Cú Chulainn i n-aon uaigh le Conall & do thóg sé a lia ós a leacht & do sgríobhadh a n-anmanna i n-ogham & do fearadh a gcluiche caointe leis féin & le hUltaibh uile. Gonadh í sin Deargruathar Chonaill Chear- naigh go nuige sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services