Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh

Title
Dearg-Ruathar Chonaill Chearnaigh
Author(s)
In eagar ag Seosamh Laoide,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Brollach.



Do chuireas-sa (bhí roinn agam 'san obair
sin ar aon chuma) “Teacht & Imtheacht
an Ghiolla Dheacair & Tóruigheacht Chonáin agus
a Chuideachtan” os comhair an phobail
Ghaedhealaigh tá dhá bhliadhain ó shoin ann.
Ní fhuil éinneach beó, .i. ní fhuil aon dúil
nádúrdha neamhurchóideach fá bhéal na
spéire (nár léigidh Dia go bhfuil dúil
diabhlaidhe ar bith ann 'san aimsir seo) nár
chuir fáilte & fialgus roimh an leabhar soin
tráth tháinig sé amach. Ní fhuil aon sgoláire
stuamdha siosmaideach ná aon léighnidhe
treorach tuigseanach nár chaith féile leis &
nach dubhairt de bhriathraibh bláithe binne &
iad go miochair muinnteardha, “Gurab é
feadhrom do bheathadh & do shláinte as bolg-
lár Átha Cliath Cualann, a leabhráin bhig.”
Gur breagh socair suangusach a mhairfeas
an dream soin as so go bráth, is é mo
ghuidhe-se.


L. vi


Ní Fiannaidheacht atáthar do chur amach
do'n chor so, acht sgéal beag Rudhraigheachta,
.i. sgéal a chuireas síos ar Choinchulainn
& ar churadhaibh na Craoibhe Ruaidhe do bhíodh
i nEamhain mhín álainn Mhacha tráth. Is
gleoite an chaint atá ann go deimhin. Badh
dheacair í do shárughadh ar dheise & ar bhinneas.
Adhbhar na cainte, ámh, nó an rud ar a
dtráchtann sí, ní thaitneann sé liom-sa ann
gach aon áit. 'Sé mheasaim go bhfuil an
iomarca de dhortadh fola 'sa teistimhin seo,
dá fheabhas í. Acht tuigthear, do'n leith eile,
tráth do chuir an staraidhe roimhe dearg-
ruathar & díoghaltas Chonaill d'innsin, nár
mhaith leis a leath nó a thrian do chur síos
acht an t-iomlán de, ar mhodh, dar leis, nach
“fríth alt lag ann ó thúis go deireadh acht
gach ball de foirlíonta & gach eachtra ag
cómhfhreagradh, & é críochnuighthe ar an nguithe
céadna do tionnsgnadh é,” a n-abair
Tomás Ó hIceadha i n-a iar-chomharthughadh i
ndeireadh “Theacht & Imtheacht an Ghiolla
Dheacair.”



Is dócha gur teistimhin nua an ceann so
againne. Do bhí “Breslech Maige Mur-


L. vii


themne” ann 'sa tsean-tsaoghal gan
amhras. Roinn de “Tháin Bó Cúalnge”
é - féachtar Die Altirische Heldensage
Táin Bó Cúalnge, .i. an leabhar teann
toirteamhail úd do chuir an tOllamh Ernst
Windisch i n-eagar, ll. 336-405. Ní fhuil
baint ar bith ag an sgéal soin, ámh, do'n
uirsgéal so againne, darab tosach ó cheart
an Bhrisleach nua. Sgéal nua eile tháinig as
an Sean-Bhrisligh is eadh “Sgéal Chúchulainn
ag Cuan Cárn” (Leabhairíní Gaedhilge le
haghaidh an tSluaigh. XXV.) — cuid mhór de,
ar chuma ar bith.



Dálta an leabhair eile, is as láimhsgríbhinn
do fríoth an teistimhin seo, .i. as ceann do
sgríobhadh i dTuadhmhumhain. Do cuireadh i
gcoimhmeas í le láimhsgríbhnibh eile atá i
nAcadaimh Ríoghamhail na hÉireann. Mé
féin do chuir an foclóir le chéile & do dheisigh
an litriughadh.



Maidir leis an bhfoclóir, tá sé beagnach
iomlán. Ní fhuil aon fhocal cruaidh de'n
teistimhin atá fágtha im' dhiaidh agam, is
dóigh liom. Má tá féin, gabhthar mo leith-
sgéal, & cuimhnighthear gur deacair rud do


L. viii


dhéanamh foirbhthe i n-am na cruadhóige &
an driopáis. Is do dhaoinibh nádúrdha
neamhurchóideacha thoirbhrim & thiomnain an
leabhrán beag so, & an rann fíor-bhinn úd
do chum an Carsalach, is é mo rádh féin é
go deoidh, & mé ag baint mo chéille féin
as:



“Gach seancha gan seanchus saobh,
Gach fear dáno nár aomh brég,
Cumand eadrad agas iad,
A leabhráin bhig, biadh go hég.”



Seosamh Laoide.



Na hUinnseoga,
Ráth Éanna,
An dara lá de'n Iúl, 1907.


L. 1


DEARGRUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH
ANNSO THÍOS.



Dála fear n-Éireann, iomorro, do bhádar
trí lá & teóra n-oidhche re haghaidh Chon Culainn
& níor léig an eagla dóibh dul i gcomhgar
dó ris an ré sin, & Cú Chulainn i n-a sheasamh
ris an gcarraig & an Liath Macha ar fiarlaoid
na muighe i n-a thimcheall go hanbhfann
anbhfosaidh & í ag ithe & ag síor-leadradh
na sluagh go nachar léig an eagla do neach
aca teacht dá hionnsaighe ris an ré sin, &
adubhradar fir Éireann gurab cealg do bhí
Cú Chulainn do dhéanamh, “& is chum Con Cu-
lainn do bhreith ar éin-tslíghe orainn do-ghní
sé súd,” ar siad.



“Cáit i bhfuil an Bhadhbh, inghean Chailitin,”
ar Meadhbh.



“Atáim annso,” ar sí.



“Éirigh mar a bhfuil Cú Chulainn & tabhair
sgéala leat an beó nó marbh é.”



“Rachad féin ann,” ar sí, “gibé olc bhias
de,” & do chuaidh i riocht éin ar eitill san


L. 2


aer os a chionn & do dhruid i ndiaidh a chéile
anuas go ráinig gcomhgar dó & do léig trí
sgréacha móra os a chionn & do thúirn ar sgéith
os a chomhair. Do chonncadar fir Éireann
sin. D'ionnsuigheadar é & is amhlaidh do bhí
sé & a chlaidheamh nocht i n-a láimh dheis aige,
& níor fhéadadar fir Éireann a dhorn
d'osgladh nó gur ghearradar luthach na láimhe
& gur thuit an colg as a láimh, & is dlúith do
bhreathnuigheadar fir Éireann ann sin é, ó
nachar léig eagla na deagh-láimhe sin dóibh
teacht d'amharc a gheal-ghnúise riamh roimhe.
“Dícheanntar Cú Chulainn libh,” ar Meadhbh,
& do fhiafruigh d'fhearaibh Éireann cia aca
dár chóir Cú Chulainn do dhícheannadh, &
adubhradar uile gurab do Lughaidh mac
Conraoi ba chóir a dhícheannadh. “A Lughaidh,”
ar Meadhbh, “is leat Cú Chulainn do dhíchean-
nadh,” & do bhain Lughaidh a cheann dhe, &
tugadar fir Éireann trí trom-ghártha ós
árd do chomhmhaoidheamh an chosgair sin.



Is ann sin d'éirgheadar datha áille éag-
samhla ar cheann Chon Culainn, óir d'éirigh
ruithneadh ruamhanta is an dara gruaidh ámh
gur chomhshoillseach re gréin ar fáin-ghleann-
taibh é & gur chomhgheal re sneachta aon


L. 3


oidhche an dara gruadh dhó. Do chuadar fir
Éireann i gcomhairle cá cóige i nÉirinn i
rachadh ceann Chon Culainn, & dubhradar uile,
ó's í Meadhbh do thionól an sluagh, gurab di
ba chóir an ceann do bhreith léi go Cruachain.



“Nocha mbéar-sa liom é,” ar Meadhbh,
“acht beireadh Earc mac Cairbre leis é, ó's
é atá i n-imliocán oireachtais Éireann i
dTeamhraigh.



“Béar-sa sin liom,” ar Earc, & ro sgaoil-
eadar fir Éireann dá gcríochaibh féin, & ro
orduigheadar a gcuradha & a gcaith-mhíleadha
d'fhágbháil dá n-éis dá n-iomchoimhéad d'eagla
Chonaill Chearnaigh do bhreith orra.



Dála Éimhre, inghean Fearghail Monaidh
do bhíodh sí gach laoi ar thaidhbhlibh & ar
mhúraibh an ghrianáin ag feitheamh na muighe
uaithi, & níor chian do bhí ann go bhfaca aon
mharcach dá hionnsaighe, & é ag meirbh-shiubhal
go hanbhfann ain-éasgaidh, & do ghabh crioth
& uamhan an ríoghan ag a fhaicsin, & ro aithin
gurab é Laogh do bhí ann.



“Is fíor sin,” ar Éimhear, “is é súd Laogh
& an Dubhfhaoileann dár n-ionnsaighe, ar
bhfágbháil Chon Culainn & an Léith Mhacha marbh
ar Mhuigh Mhuirtheimhne i bhfuar-linntibh fola, &


L. 4


is olc liomsa nach é Cú Chulainn & an Liath
Macha táinig san tslighe úd d'ionnsaighe na
hEamhna,” & ar bhfaicsin Laoigh do lucht an
dúna uile tángadar banntracht & bandála,
éigse & ollamhain na hEamhna amach i n-a
choinne & ro fhiafraigheadar sgéala dhe, & ro
innis a sgéala dhóibh ó thús go deireadh.
Ar gclos na sgéal sin do chách, do thógbhadar
aon gháir guil & groid-éighmhe, & do rinn-
eadar gártha troma taidhbhseacha & éighmhe
loma loisgneacha & guil árda éagcaoineacha
& faoidhe fada fíor-thruagha seachnóin na
hEamhna go raibh an chóige uile i n-a haon-
gháir ghola go coitcheann. Táinig Éimhear &
Laogh rómpa go Dún Dealgan & fuaradar
an dún ar n-a losgadh, & do ghluais Éimhear
& an bhanntracht go hairm i raibh corp Chon
Culainn & do sháitheadar puball os a chionn
& do shuidheadar an bhanntracht i n-a thimcheall
& do ghabhadar ag dubhadh & ag dubrón. Is
ann sin tugadh Leabharcham d'ionnsaighe
Éimhre & adubairt léi dul ar cheann Chonaill
Chearnaigh fá'n ndomhan mór amach, “& innis
dó,” ar sí, “Cú Chulainn do bheith marbh.”
Gluaiseas Leabharcham roimpi i n-a ruathar
réimdhíreach nó go ráinig go hInbear Mór


L. 5


i gcrích Chuailgne & do chonnairc an long ag
gabháil chuain & tug sí aithne uirri gurab í an
Eangach, .i. Long Chonaill Chearnaigh, do bhí ann
& téid Leabharcham dá hionnsaighe & tig an
ríogh-laoch as an luing & do chuaidh mar a raibh
Leabharcham & d'fhiafraigh sgéala dhi, & d'fhear
fáilte mhiochair roimh an mbain-eachlaigh.



“Is tairise linne an fháilte sin, a rígh-
mhilidh,” ar sí, “& mo mhóir-cheanadh fáilte
rómhat féin,” & téid ar choimirce Chonaill.



“Sgéala leat, a Leabharcham,” ar Conall.



“Atáid sgéala móra olca agam duit,”
ar sí,“ .i. Cú Chulainn do mharbhadh d'fhearaibh
Éireann.”



“Och! is goirt liom-sa an sgéal sin,” ar
Conall, “& do goineadh mo chroidhe i
meadhón mo chléibh dhe,” & adubhairt an rosg
so síos:-



Goirt romghaodh;
Gér romghonadh;
Árd-olc ádhbhal
Cú Chulainn, díon ógbhadh Uladh;
Sgéal go ngairbhe;
Gníomh go ngoirte.



“Gabhthar m'eich & innealltar mo charbad,”
ar Conall, “go ndeachainn dá fhios cá líon


L. 6


d'fhearaibh Éireann do bhí ag marbhadh mo
chomhdhalta ar Mhuigh Mhuirtheimhne.” Do gabadh
na heich .i. an Dearg-drúchtach & an Coincheann
Cronnfhada. Lingeas Conall san gcarbad
& do ghabh laige & anbhfainne é & do chuaidh
bainghníomh tar bhainghníomh aige, & do ghabh
mire & dásacht i n-a dhiaidh sin é, & tug
buille do'n tslait eachraidhe do bhí i n-a
láimh do'n dara heach do bhí san gcarbad
gur bhíodhgastar an t-each do'n bheim sin gur
bhriseadar a hinnidhe innti gur thuit marbh
ar an láthair. D'éirigh Conall go haithmhéa-
lach a haithle an easgair sin & do chóirigh
sé go deitheansach cuing an charbaid uile ar
an Dearg-drúchtaigh & do ling féin uirri
gonadh é an treas fhear do rinne marcaigh-
eacht éin-eich ar dtús i nÉirinn riamh é, .i.
Lughaidh Lámhfhada i gcath Mhuighe Tuireadh
i n-ar marbhadh Fine Fómhórach, & Cú Chulainn
mac Sualtaigh ar an Liath Macha i mBrisligh
mhóir Mhuighe Muirtheimhne & Conall Cearnach
ar an Dearg-drúchtaigh san Dearg-ruathar.
Táinig Conall roimhe do mhachaire na hEamhna
& d'Áth na Forfhaire & do Mhachaire Chonaill
ris a ráidhtear Mágh Muirtheimhne & ar roch-
tain na Muighe dó, do chonnairc an mhágh


L. 7


líonta do cholnaibh & do chorpaibh crói-dhearga
do ríoghaibh, do ro-dhaoinibh & do ghiollanraidh
fhear nÉireann & do ghabh ag cuartughadh ar
an muigh & is eadh adubhairt, “is maith do
fríth mo dhaltán ar Éirinn,” & d'áirimh
Conall céad iomaire & céad marbh ar gach
iomaire & nachar fhéad a n-áireamh ó shoin
amach & táinig timcheall na muighe & tárla
an Liath Macha dó & an tsleagh nimhe tarsna
tríthi & tonnghail fola tar a thaobhaibh & earr
cuinge an charbaid dá leith chlí. “Rob'
annamh sin, a Liath Macha,” ar Conall, “.i.
cuing do charbaid dot' leith chlí, & déan
oireasamh liom-sa, a Liath Macha,” ar Conall,
“óir is mise do thighearna diongmhála tar
éis Chon Culainn, & gabh-sa mo charbad-sa
anois go ndeachainn dá dhíoghail ar fhearaibh
Éireann, & adubhairt an laoidh:-



Gabh mo charbad ort, a Liath,
Fá bhórd mo sgiath sgaoileas rann,
Do dhíoghal Con Eamhna, an triath
Ba chalma gliadh ar gach bann.



Ba hionmhain liom-sa Cú na gceard
Do dheargadh reann géargha gorm;
Fá hionmhain lem' chroidhe an triath
Do chuireadh gac gliadh go holl.


L. 8


Gabh mo charbad go lonn, a eich,
Árdbhalc do tógadh a dtreas
A bhuinn mhir, a chroidhe chruaidh,
A chéim luaith go n-iomad gcleas.



Is ann sin do dhruid Conall ris an Liath
Macha d'á gabháil & d'imthigh sí uaidh & ní thug
taoibh ris & do chuaidh i measg an ármhaigh, &
innisid staireólaigh nár fhág sí ceann cloidhe
ná cluana i nUltaibh uile gan iarraidh an lá
sin & táinig tar a hais d'ionnsaighe chuirp
Chon Culainn & air sin ráinig go Linn Léith
& do luigh innti gur báthadh ann í.



Táinig Conall roimhe d'ionnsaighe Chon
Culainn & do ghabh an corp i n-a ucht & do
chuir re n-a bhruinne é; do thoirbhir do phógaibh
go dil & go díochra é & do ghabh ag tuirse os
a chionn go ndubhairt;—



Cú Chulainn ba hághmhar a réim:
Calma a chéim ó aois mhic bhuig
Nó gur thuit le Lughaidh na n-iath
Laoch b'fhearr ná an triath níor thuit.



Do bhéar-sa Lughaidh gan cheann —
Atá dream re a bhfuil a dhíoth —;
Go dtuitid liom uaisle Fáil
Ní dhiongnar-sa go bráth síoth.


L. 9


Doiligh liom a dhul san gcath
Gan Conall i ngar dá shlios
Baoth do'n deagh-mhac dul san treas
Gan mo chneas do bheith taobh ris.



Och! is é budh daltán dam,
Cidh ibhid brain cuid dá chrú:
Ní dhiongnar gáire ná gean
Ó do chuaidh tar ceal an Chú.



“Adhnacthar Cú Chulainn feasta,” ar
Éimhear.



“Ní dhiongantar,” ar Conall, “nó go
ndíoghlar-sa ar fhearaibh Éireann é & go dtig
a cheann d'ionnsaighe a cholna féin, óir ní
fhuil cóige i n-Éirinn a ndeachaidh nach fá
héigean a fhagháil damh-sa, & is mór na gártha
so chluinim timcheall Muighe Muirtheimhne &
Machaire Chonaill, & is lán an chóige do ghol
& d'éighmhe d'éis Chon Culainn & do badh mhaith
an fear coimhéada críche & forfhaire fearainn
atá annso i n-a chorpán chiorrbhuighthe chrois-
leadartha & i n-a chaobaibh chró im' fhiadhnaise
annso, & rugadar na gártha so mo chiall & mo
chuimhne uaim & is maith do dhligh Lughaidh mac
Connraoi beith ag ciorrbhadh Chon Culainn,
óir is é do mharbh maithe cloinne Deaghaidh


L. 10


im Fhiamhain mac Foraoi & im Choinraoi mac
Dáire féin; & is dursan liom-sa gan Cú
Chulainn do bheith ag freagra na n-éighmhe-se
ó táim féin anois, óir ní raibh i n-Éirinn
curaidh ná caithmhíleadh ris nár bh'eagal a lann
& a lámh nó gur bhain draoidheacht & diabhlai-
dheacht a bhuaidh cosgair & comhlainn de, & is
briste mo chroidhe im' chliabh do na dlúi-
theachtaibh sin lér thuit mo chomhdhalta & mo
bhráthair bunaidh buain-díleas & leath mo
chroidhe ar n-a roinn, & ba smól corcra
cuirp uaim dá dhíoghail & do-bhéar ruathar fó
Éirinn anois & ní fhuigfead cineadh gan
cíorrbhadh ná fíor-fhuil gan faon-dortadh, &
biaidh mo ruathar anois fó Éirinn dá aithris
go fiadhnach go deireadh an domhain ionnus
go gcaoinfidhthear le fearaibh Mumhan,
Connacht & Laighean an chóimh-éirghe so do
rinneadar anois i n-aghaidh mo dhaltáin-se &
muna mbeadh draoidheacht do-ionghabhála
cloinne cuirpe Cailitin ní thiocfadh díobh
uile a bhásughadh.”



A h-aithle an iomchaointe sin do rinne
Conall os cionn chuirp an chaithmhílidh táinig
roimhe go longphort bhfear n-Éireann & tar
Áth Muilt & do'n ghleann mhór ris a ráidhtear


L. 11


Gleann Bholcháin & tug súil seacha go bhfaca
an caoil-deatach do leathtaoibh na conaire.



“Is fíor sin,” ar Conall, “is drong éigin,
d'fhearaibh Éireann atá annsúd & cuid do
bhuar Uladh aca ann.”



Agus is é do bhí ann, .i. Connla mac
Críomhthainn, & mar do chonnairc Connla
Conall d'éirigh ar thaobh na tulcha, & do budh
comhdhalta do Lughaidh mac Connraoi an fear
soin, & táinig d'ionnsaighe Lughdhach & d'innis
dó aon mharcach do bheith ag teacht san muigh
dá ionnsaighe, & is amhlaidh do bhí Lughaidh an
tan soin ar n-anmhain tar éis an tsluaigh dá
bhforchoimhéad go nach beireadh Conall orra
& creacha móra & airgne aidhbhle aca dá
mbreith leó as na gcóige amach.



“Do-chím-se aon-mharcach do bhar n-ionn-
saighe,” ar Connla, “& each mór dearg faoi
& ní fhaca riamh laoch ná each budh mhó ná budh
ríoghdha, budh áille ná budh oirdhearca ná budh
déine ag teacht timcheall na muighe ná é.”



“Do-bheirim-se aithne ar an marcach sin,”
ar Lughaidh, “.i. rígh-laoch Éireann atá ann
sin .i. Conall calma curata coilg-neimhneach
Cearnach mac Aimhirgin iarghonaigh & ní cean
gus a dtig an túrchurthadh soin, óir ní dheachaidh


L. 12


a namhaid slán uaidh riamh ar muir ná ar tír
& cidh cara dúinn is neamh-chara;” & tig
Conall chuca iar soin & adubhradar araon an
laoi so síos eatorra:-



“Aon mharcach soin ar an muigh,
A Lughaidh laochda lonnmhair;
Ná ceil ar churadh ná ar chlainn
Adeirim is é Conall.”



“Má's é Conall atá ann
Calma curata cóimhtheann,
Do-chím mo chara ar an muigh;
Gidh cara, ní cáirdeamhail.”



“Mo chean duit, a Chonaill chain,”
Is é adubhairt Lughaidh;
“Tú an treas athair, toladh clann,
Fhágbhas mo dheagh-mháthair agam.”



Ar dteacht do Chonall iar soin
Gus an áit i raibh Lughaidh,
Fearg ag á athair re a mhac
Níor bho ceannais a gcomhrac.



“Sloinn do cháirdeas, toladh clann,
'S ní budh heagal duit,” ar Conall,
“Muna rabhais ar an muigh
Ag marbhadh mhic Subhaltaigh.”


L. 13


“Briathar bhaoise duit-se sin,
A Chonaill mhic Aimhirghin,
Is mé do bhain a cheann de
Do Choin Chulainn Mhuirtheimhne.”



“Má's tú do bhain a cheann do'n Choin
Do aon-mhac sámh Subhaltaigh,
Fuigfir do cheann féin dhá chionn
Le mórán d'uaislibh Éirionn.”



“Níor thaisteal Muirtheimne mbuaidh
Ag marbhadh Chon Culainn chruaidh
Nach íocfaid ina chrú soin
Do Chúlghlais Chonaill Chearnaigh.”



“Cáirde chomhlainn uaibh, a fhir,
A Chonaill an airm neimhnigh,
Go dtigidh mo chatha rem' chois
Is an muigh i n-Airgead-rois.”



“Do bhéarad-sa sin, a fhir,
A Lughaidh laochda loinnmhir,
Is tabair bréithir, toladh clann,
Nach seachónair mo chomhlann.”



“Do-bheirim fám' bhréitir niadh
Thugainn fám' chloidheamh is fám' sgiath,
Acht go dtigidh mo shluagh amach
Nach imghéabhad aon mharcach.”


L. 14


Is ann sin do nasg Conall ar Lughaidh an
tan roichfeadh i measg a mhuintire nach
teithfeadh sé roimhe & go mbiadh i n-Airgead-
ros ag feitheamh ris. Táinig Conall iar soin
i n-a chomhruathar chonfadhach go Glaise Breagh
& níor chian do bhí ann an tan do chonnairc trí
caogaid curaidh armtha éidighthe ar ur an
átha i n-oirchill ar a chionn. D'fhiafruigh
Conall cia do bhí ann.



“Máine mac Eipirt, .i. mac mórdhálach
Meidhbhe & Oiliolla & ríogh-dhamhna Chonnacht.”



“Maith liom d'fhagháil ann sin,” ar Conall,
“má do bhís ag marbhadh Con Culainn.”



“Is deimhin gur ghoin mise é,” ar Máine.



“Goinfead-sa tusa i n-a éiric sin,” ar
Conall, & d'ionnsaigh Conall é go hainmhín
anmhuinteardha, & tugadar an laochradh
tulghona dá sleaghaibh i n-éinfheacht ar
Chonall, & congbhas an t-ársaigh a sgiath ris
na craoiseachaibh gur bhris & gur mhionaigh a
n-arma uile & do chuaidh sé fútha go fear-
gach foirniata & do thomhais go tréan-láidir
i dtreas-bhuillíbh thar taobhaibh tréin-mhílidh &
thar corpaibh curadh gur budh cíorrtha cómh-
roinnte & gur budh mhillte marbhtha mío-
chóirighthe muintir Mháine do'n mhór-chosgair


L. 15


sin, & táinig sé féin roimhe mar a raibh
Máine san iorghail & tug buille cnámh-
ghearrtha corp-láidir dó gur ghearr idir arm
& éideadh é & gur sgoilt ar a dhó é, & do
bhain a cheann de & do chuaidh fá'n gcoill budh
neasa dó, & do bhean slat budh méad-lán a
dhuirn & do shníomh & do chuir an ceann sin
Mháine air.



“Is maith liom an ceann so do bheith ar
an ngad so agam,” ar Conall, & do-bheirim
dom' bhréithir nach rachaidh mé dom' thigh nó
go mbeiridh mé lán an ghaid-se do cheannaibh
ríogh & taoiseach & tréin-fhear bhfear nÉireann
liom, & is tosach díthe & díoghbhála d'fhearaibh
Éireann mo theacht tar muir do'n turus so,
óir ní fhuil dún ná deagh-árus i n-Éirinn nach
biaidh gol & mairge móra ann uaim-se i
ndíoghail mo dhaltáin ar fhearaibh Éireann, &
is maith liom mar do chuaidh a fhorfhaire do
Mháine tar éis an tsluaigh & fós is ró-mhaith
liom gurab ar Chonnachtaibh do rinneas mo
chéad-deargadh láimhe ar dtúis & budh Sruth
Mháine ainm an tsrotha ó so amach mar ar
thuit Máine mac Oiliolla.”



Téid Conall iar sin roimhe go Teamhraigh
& do bhí óglách d'Ultaibh i dTeamhraigh an tan


L. 16


sin i gcoimhdeacht Fheidhlme anchroidhighe
inghean Chonchubhair, dar bh'ainm Ceann Bior-
raidhe; & is amhlaidh do bhí Earc mac Cairbre
an tan sin, i ndabhaigh ag á fhothragadh féin.



“Maith liom,” ar Earc, “mar atáid
Ultaigh anois gan fear díoghalta fala ná
cosanta críche aca anocht tar éis Chon
Culainn.”



Éirgheas a labaidhe i gCeann Biorraidhe ar
n-a chlos sin dó & adubhairt, “An gcéin mhair-
feas Conchubar go n-a chloinn & Fearghus
go n-a chloinn & Conall Cearnach go n-a
chloinn & ríoghradh Uladh uile ar cheana, is
éagcóir nach beith fear díoghalta fala &
gréise beó d'Ultachaibh.”



Ar chlos an chomhráidh sin d'Earc do ghabh
cloch budh lán a dhuirn & tug urchar d'ionn-
saighe Chinn Bhiorraidhe di gur chuir tre
thaobhaibh na bruighne amach í. Ro éirigh
Ceann Biorraidhe iar sin & do ghabh a airm
& táinig roimhe amach ar an bhfaithche & do
chonnairc Conall go tinneasnach ag teacht
d'á ionnsaighe, & fáiltigheas a chroidhe roimhe &
d'aithin gurab é Conall do bhí ann & aithnigheas
Conall eisean & do thuig gur bh'Ultach é & do
thoirbhreadar do phógaibh a chéile go díochra.


L. 17


“Sgéala leat, a Chinn Bhiorraidhe,” ar
Conall, “nó cia atá i dTeamhraigh.”



“Earc mac Cairbre,” ar Ceann Biorraidhe,
& d'fhágbhas-sa i ndabhaigh fhothraicthe anois
é, & tug sé bréithir nach fuil fear fala ná
gréise do dhíoghail beó d'Ultaibh tar éis
Chon Culainn.”



“Nocha fíor sin,” ar Conall, “atáim-se
beó fós, & is fear díoghalta fala & gréise
mé,” & d'innis Ceann Biorraidhe a imreasán
féin re hEarc do Chonall.



Do ghluaiseadar rómpa iar sin go Teamh-
raigh & do chonncadar iomáin ag á déanamh
ar an bhfaithche & tángadar d'á hionnsaighe,
& is iad do bhí ann, .i. dá thaoiseach teaghlaigh
Eirc .i. Mál & Míodhna & is í do budh liath-
róid dóibh .i. ceann Chon Culainn ag á bhualadh
eatorra.



“Créad so agaibh?” ar Conall.



“Ort do chol duabhais!” ar siad, “nach
cuala tú Cú Chulainn do mharbhadh le fearaibh
Éireann ar Mhuigh Mhuirtheimhne?”



“Do chuala go deimhin,” ar Chonall.



“Má do chualais,” ar siad, “is é seo a
cheann againne mar liathróid.”



“Uch! is olc liom-sa an ceann soin do


L. 18


bheith agaibh-se ar an gcor sin,” ar Conall,
“& tuitfidh bhur gcinn díbh-se tré bhur
n-iomáin ar an gceann sain,” & d'ionnsaigh
Conall iad go hainmhín olcach ainiarmharthach
& tug sáthadh sotal-bhorb do'n Chúlghlais
chinn-ghéir chrann-reamhair i gcorp gacha
caithmhílidh díobh gur budh créachtmhar taobh-
ghonta gach tréan-mhíleadh ó na tréan-ghonaibh
sin, & do dhícheannaigh Conall go deithbhireach
an dias sain & do chuir i ndíoghail a n-iomána
ar cheann Chon Culainn a gcinn ar an ngad
do bhí aige.



Adubhairt Conall re Ceann Biorraidhe,
“Imthigh,” ar sé, & beir ceann Chon Culainn
leat d'ionnsaighe Éimhre.”



“Nocha mbéar,” ar Ceann Biorraidhe,
“óir gion go ndearnainn acht aonar d'fhear-
aibh Éireann do mharbhadh gach laoi id' fhochair-
se.”



“Dá marbhthá céad gach laoi & céad gach
n-oidhche díobh,” ar Conall, “dob' fhearr
liom-sa tu do bhreith an chinn-se leat chum a
cholna féin 'ná sain uile.”



D'éirigh Ceann Biorraidhe air sin & rug an
ceann leis go Dún Dealgan & tug i láimh
Éimhre é, & do rinne sí an ceann do niamh-


L. 19


ghlanadh & do chuir ar a cholainn féin é & do
dhruid re n-a hucht & re n-a hurbhruinne é &
do ghabh ag tuirse & ag trommhéala os a
chionn & do ghabh ag sughadh a choda fola & ag
á hól & do chuir tlacht taitneamhach sróill
um an gceann.



“Uch!” ar sí, “do budh maith maise an
chinn-se cidh atá sé mar so indiu, & is mór
do ríoghaibh & do thaoiseachaibh an domhain do
bhiadh ag á chaoineadh dá bhfeasdaois a bheith
mar so, & gidh iad lucht iarrata óir & ionn-
mhusa & athchuinge fear n-Éireann & Alban
do budh tú a n-aon-ghrádh & a n-aon-rogha
d'fhearaibh na talmhan & is truagh mo bheatha-sa
annso anocht tar h'éis, óir ní raibh ag fear
ná gan fear do mhnáibh Éireann ná san
domhan mhór bean nach raibh ag formad
liom-sa gus indiu, óir budh hiomdha seód
& maoin, cíos & cánach a críochaibh an
domhain thugais dom, ionnsaighe le calmacht
& le neart do láimhe.” Agus do ghabh a
lámh i n-a láimh & do ghabh ag tabhairt a
theasta & a thuarasgbhála & is é adubhairt,
“Truaighe sin,” ar sí, “is mór do ríoghaibh
& do thaoiseachaibh & do thréan-fhearaibh an
domhain do cuireadh i ndáil bháis & i n-airr-


L. 20


gheanaibh éaga le luath-bhuillíbh na láimhe seo
& is mór d'éantaibh & d'ainmhinntibh an
domhain do thuit léi & is mór do mhaoinibh &
d'ionnmhusaibh an domhain do sgaoileadh leis
an láimh-se d'fhileadhaibh & d'fheallsamhnaibh,” &
adubhairt an laoidh:-



Uch! a chinn, ón, uch! a chinn,
Cidh rodmeasgadh ar an linn;
Mór sochaidhe d'á dtugais éag,
Mór gcuradh 's mór gcéad, a chinn.



Uch! a shúil, ón, uch! a shúil,
Do radais doimheanmna dhúinn;
Ionann ionad i mbiaidh ár bhfeart
Ionann leacht cloidhfighthear dhúinn.



Uch! a airm, ón, uch! a airm,
Mór sochaidhe ar a dtugais maidhm
Nocha rabhais seachtmhain riamh
Nach tiubharthá biadh do bhaidhbh.



Uch! a lámh, ón, uch! a lámh,
Do bhádhais-se seal go sámh;
Minic do cuirthí fám' chionn —
Och! dob' ionmhain liom an lámh.


L. 21


Uch! a Liath, ón, uch! a Liath,
Do budh calma do thriath;
Fada go lámhthaoi a chrádh,
Cidh do fágbhadh ar sgáth sgiath



Uch! a Dhuibh, ón, uch! a Dhuibh,
Ní thréigfinn thú do chionn cruidh;
Uch! do bhris mo chroidhe im' chliabh
Trés an laoch budh dian 'san muigh.



Is maith leam, ón, is maith leam,
A Chú Chulainn Muighe Meann
Nachar imdheargas do ghnúis
'S nach dearnas drúis thar do cheann.



Ionmhain rí, ón, ionmhain rí,
Nár éarastar neach um ní;
Deich lá fichead gus anocht
Ód' choimhriocht mo chorp red' chlí.



Ionmhain béal, ón, ionmhain béal,
Fá blasta ag innsin na sgéal,
Ó do fhás gean ar do ghruadh
Nochar éarais truagh ná tréan.



Ionmhain fear, ón, ionmhain fear,
Do mhuirbhfeadh mór sluagh re seal,
Ionmhain folt forórdha fuar;
Fá hionmhain fós a ghruadh gheal.


L. 22


A dhá shleigh, ón, a dhá shleigh,
A sgiath 's a chloidheamh go nimh
Tabharthar do Chonall na gcath;
Níor tugadh riamh rath mar sin.



Ionmhain cách, ón, ionmhain cách,
Nach cluinfidh an chuach go bráth;
& ní thiocfaid re a ngairm
Go dtigid na mairbh go cách.



Uchón uch! ón, uchón uch!
'Sam luaithe 'ná crann re sruth;
Indiu ní fhoilcfead mo cheann
'S ní eibéar ní is fearr 'ná uch.



Adubhairt Éimhear ann sin, “Is fada atá
ag á thaisbéanadh dhomh i dtaidhbhsibh oidhche go
dtuitfeadh Cú Chulainn le fearaibh Éireann
& tárfas domh Dún Dealgan do thuitim go
talamh, & do chonnarc fós mar do sgoilteadh
a sgiath ó a bhile go a bhórd & mar do briseadh
a chlaidheamh & a chraoiseach i n-a gceirt-
mheadhón, & fós do taidhbhreadh dhomh Conall
do bheith ag á marbhadh im' fhiadhnaise & mé
féin & tusa do bheith dícheannta, & gion go
mbeidís na taisbéanta sin d'á ndéanamh
dhomh, do bhádar draoithe d'á thairngire go


L. 23


dtuitfeadh Cú Chulainn le harmaibh Chloinne
Chailitin & le Lughaidh mac Conraoi; & a
Laoigh,” ar Éimhear, “do bhámair-ne araon i
bhfarradh & i bhfochair a chéile & dob' aoibhinn
dúinn, óir dá síorthaoi an domhan ó thur-
gabháil gréine go a fuineadh ní faghthaoi ár
n-ionamhail ann i n-aon ionad, eadhón, tusa &
giolla na hIubhraighe & an Liath Macha &
an Dubhfhaoileann, mise & Cú Chulainn; & fós
is truagh liom Lughaidh Riabhndearg mac na
dTrí bhFionn Eamhna gan fear tabhartha catha
ná coisgthe cogaidh aige tar éis a oide; &
atá sé ag briseadh mo chroidhe im' chliabh bheith
ag éisteacht re faoidhibh fíor-thruagha ban &
fear & re golaibh árda ainmhíne annradh
& ógbhadh Uladh ag caoineadh Chon Culainn, &
Ulaidh uile do bheith san gceasnaighin & gan
neart aca a dhíoghail ar fhearaibh Éireann.”



& a haithle an chomhráidh chráidhte
chomhthuirsigh sin do dhéanamh d'Éimheir & do
Laogh re chéile dorónsad caoi throm thuirseach
& nuallghubha neimhneach & adubhairt Éimhear
iar sin, “Is dursan ár sgaradh re chéile
anois & do budh suaimhneach ár seal re chéile
gus indiu i n-aon ionad.”



“Is fíor sin,” ar Laogh, “& ní dhéan-sa


L. 24


giollaigheacht d'aon duine oile go brath tar
éis mo thighearna.”



“Is truagh liom-sa sin,” ar éimhear, “& a
Laoigh,” ar sí, “ar aithin Cú Chulainn mise
dhíot, nó an dtug sé teagasg chum a
theaghlaigh?”



“Ní thug,” ar Laogh, “acht amháin gur aithin
díot gan dul le fear go bráth muna ndeachtá
le fear d'fhearaibh Uladh.”



“Doghéan-sa sin,” ar Éimhear, “óir ní
bhiad ag fear d'fhearaibh an domhain tar éis
Chon Culainn,” & adubhairt fós nach rachadh sí
seacha so nó go mbeireadh Conall uirri.



“Ní córa do neach oile anmhain le sgéala
a thighearna 'ná domh-sa,” ar Laogh, & do
ghabhsad ag osnadh & ag éagcaoineadh ós
cionn Chon Culainn & níor léig eagla Chonaill
dóibh a adhnacadh nó go dtigeadh sé féin.



Iomthús Chonaill, tar éis Mháil & Mhíodhna
do mharbhadh, adubhairt leis an marcraidh,
“Abradh neach éigin agaibh le hEarc mac
Cairbre teacht dom' agallamh amach, & do-
bheirim-se fám' bhréithir, muna dtigidh, nach
fuil san mbaile líon a chosanta orm nó
go rachar d'á ionnsaighe,” & do hinnseadh sin
d'Earc & ro éirigh, ar n-a chlos sin, & do ghabh


L. 25


a airm & a éididh uime & táinig as an dún
amach & trí caogaid curadh caith-éidighthe
mar aon ris.



“Maith,” ar Conall, “is sádhail suaimhneach
ataoi tar éis Chon Culainn do mharbhadh.”



“Ná himir-se do spruic-bhriathra orm,” ar
Earc, “óir ní íocfad éiric ná einioclann
ann soin riot-sa, acht béim i n-aghaidh béime
& goin i n-aghaidh gona.”



“Truaighe sin,” ar Conall, “ní ghéabhainn
ór & maitheas an domain uait gan do cheann
do chur ar an ngad so imeasg na gceann
oile.”



Is annsin d'ionnsaigheadar cách a chéile
díobh, eadhón, Earc go n-a thrí caogaid
curadh & Conall i n-a aonar, .i. ríogh-laoch
Éireann & fear taistil & cuartaighthe an
domhain & an tí nár theich roimh uathadh ná
roimh shochaidhe ar muir ná ar tír riamh do ló
ná d'oidhche, & tugadar frasa diana dásach-
tacha dío-cháirdeamhla & luath-bhuillí láidre
d'á n-armaibh ar Chonall, & táinig Conall go
calma confadhach ar a gceart-lár gan
coigioll & do torchradh leis iad i n-a thim-
cheall go sanntach sáir-chíocrach & go fíochda
fír-neartmhar fearamhail gur budh teasgtha


L. 26


taobh-chóirighthe tréin-fhir & gur bud leath-
roinnte a laochradh & gur bud cneadhach
créachtach a gcaith-mhíleadha ó na béimeannaibh
mór-fhoghlacha sain, gur ghabh uathbhás & crith-
eagla & urghráin an mhéid nár marbhadh do
mhuintir Eirc ó'n urlaidhe ainmhín ainiarmhar-
thach sin Chonaill, gur ghabh siad maidhm teithmhe
go tinneasnach gan chéill gan chuimhne gan
chathughadh as gach ionad i rabhadar amuigh &
istigh timcheall na Teamhrach, gur fhágbhadar
Earc i n-a aonar & tug Conall sáthadh sann-
tach sáir-neartmhar sáir-neimhneach do'n
Chúlghlais chinnghéir crann-reamhair i mullach
a ochta & a ur-bhruinne ar Earc, gur chuir
ceann na sleighe tar a séimheannaibh tré n-a
cheart-mheadhón gur bhris a dhruim i n-a cheart-
lár & tug coilg-bhéim laochda láidir tarsna
a thaoibh & a cholna go ndearna dá órdán de
idir sgéith & claidheamh, corp & cath-lúireach
& do dhícheannaigh go deithfreach annsin é, &
do chuir “ar an ngad so i ndíoghail mo
dhaltáin,” ar Conall.



Agus do chuaidh go Teamhraigh i ndiaidh an
mhadhma & do ghabh ag mudha & ag marbhadh
muintire Eirc & lucht coimhéadta na Teamh-
rach gur marbhadh leis caoga curaidh im


L. 27


dhóirsibh na Teamhrach, & táinig Muireadhach
mac Fearghusa .i. taoiseach teaghlaigh Eirc &
lucht coimhéadta na Teamhrach maille ris do
dhíoghail Eirc ar Chonall; & d'fhógair Mui-
readhach comhrac ar Chonall & ro fhágaibh céad
laoch ar gach doras do cheithre dóirsibh na
Teamhrach & táinig céad laoch i n-a thimcheall
féin d'fhreagra comhraic do Chonall, &
d'ionnsaigh an caith-mhíleadh cosgrach cruadh-
chomhlannach an comhlann & do ghabh ag a
sloidhe & ag a sleachtadh & ag a sár-bhualadh
do bhéimeannaibh bríoghmhara boirb-neart-
mhara bioth-urlamha báis & do ghonaibh doimhne
dlúthmhara gur thuit an céad sin i dtimcheall
Mhuireadhaigh san ionad sin & téid Muireadhach
féin i n-a raon madhma & míochosgair d'ionn-
saighe a mhuintire, & mar ráinig ann d'fhógair
comhrac ar Chonall & do ghabh ag á aithisiughadh
& ag á imdheargadh; & mar chuala Conall
mór-ghotha Mhuireadhaigh do ling rabharta
ruathar-bheodha rachta san rígh-mhíleadh &
fiuchadh fír-neimhneach feirge & tonn ain-
iarmharthach aingidheachta ann, & táinig go
mear mór-dhásachtach & tug buillí tábhachtacha
tréan-láidre & biseach beodha ar na béim-
eannaibh gur thuit an céad laoch soin leis


L. 28


& do chuaidh Muireadhach ar éigin uaidh &
d'ionnsaigh an treas doras do Theamhraigh &
mar ráinig ann d'fhógair comhrac ar Chonall.



Táinig Conall go sanntach sáir-dhíochra
d'á ionnsaighe & do ghabh ag á mudha go marbh-
thach mor-aigeantach gur thuit an céad sain
leis ar an láthair sin & d'imthigh Muireadhach
do thoradh a luais gus an gceathramhadh
doras.



Cidh trácht, do thuit céad laoch ar gach
doras do dhóirsibh na Teamhrach le Conall &
do dhícheannaigh Muireadhach mac Fearghusa
ar láir-mheadhón na Teamhrach do'n tréan-
ruathar sin, & do chuir a cheann ar an ngad
as a haithle, & adubhairt:



“Is maith liom, a Mhuireadhaigh, do cheann
do bheith agam i ndíoghail a ndearnais dom'
ghríosadh & dom' imdheargadh & dá mbadh
tighearnas nó dúthchas do Earc féin an baile
so do loisgfinn é, acht ó's é imliocán & port
oireachtais Éireann, ní tharcaisneóchaidhe ní-
sa mhó é.”



Táinig Conall go madhmach mórdhálach
amach ó Theamhraigh, & an t-eolas i n-ar ghabh,
tárla Colla mac Fathamhain dó, ar n-a
fhágbháil do Lughaidh mac Conraoi, ag


L. 29


forfhaire dó ar Chonall, & do fhreagair cách
a chéile, & tug Conall béim neimhneach
náimhdighe do Cholla gur bhain a cheann de &
gur chuir ar an ngad é.



“Dar mo bhréithir,” ar Conall, “is maith
liom mac Fathamhain do bheith i n-a chosair
chró im' fhiadhnaise & a cheann do bheith ag á
iomchar agam,” & táinig roimhe ann sain, & an
t-eolas i n-ar ghabh, tárla Cuileann Breagh dó,
& do budh tréan-fhear teann & míleadh mear-
chalma an fear sain. Gidheadh, do dhícheann-
aigh Conall é & do chuir an ceann ar an
ngad, & do gabh ag mudha & ag marbhadh a
mhuintire gur chuir i n-a maidhm móir-theithmhe
iad, gach neach nachar thuit leis díobh, & do
ghabh Conall ag maoidheamh chinn Chuilinn do
bheith ar a chumas féin aige; & táinig roimhe
go Sídh Cró Caoimhe & do chonnairc deatach
mór i gcomhgar dó.



“Is fíor sin,” ar Conall, “is dream éigin
d'fhearaibh Éireann atá annsúd & cuid do
bhuar & do bhraighdibh Uladh aca ann,” & táinig
Conall d'ionnsaighe na teineadh & is iad do
bhí ann, .i. clann Chailitin & is eadh adubhairt,
“do-bheirim a bhuidhe ris na déibh d'á n-adhraim
breith oraibh.”


L. 30


An tan do chonncadar na haimidighe
adhuathmhara é, ro aithneadar é, & adubhairt
sain nach tárla ar muir ná ar tír leis riamh
turcharta dob' fhearr leis 'ná iad & gion go
dtuitfeadh leis d'fhearaibh Éireann acht iad
amháin, “Do badh mhaith mo thoisg & mo thuras
go hÉirinn,” ar sé, “do dhíoghail mo
dhaltáin & is buidheach do bheinn do'n tí do
bhéaradh na sé cinn sin go hEamhain Mhacha,
& is lúthgháireach do bheidís banntracht &
bandála, maithe & mór-uaisle Uladh ag á
bhfaicsin.”



Is annsin d'ionnsaigh Conall go díochra
dásachtach an teine & do ghabh ag á sloidhe &
ag á síor-bhualadh & ro éirgheadar na
haimidighe aithiseacha urghránna ar a n-aon-
chosaibh & ar a n-aon-lámhaibh & do ghabhadar
go fraoch-ghonach fír-neimhneach ag lot & ag
laoch-bhualadh Chonaill & ó fuair-sean a
n-anbhfainne do ghabh sé go lúthmhar laoich-
bheodha ag á luath-bhualadh & níor sguir do
na tuaith-aimidighibh taobh-ainmheacha soin nó
gur thuiteadar d'á bhrath-bhuillíbh borba bran-
mharbhthacha & do bhain sé na sé cinn uathmhara
ainmheacha dhíobh & do chuir ar an ngad iad.



Táinig Conall iar sain go subhach soi-


L. 31


mheanmnach san slighe, ar mbreith buadha
chloinne Cailitin, & mar ráinig go Glaise
Cruinn ris a n-abartar Glaise Cró an tan
so, do chonnairc an cath cóimheagair ceang-
ailte ar n-a chórughadh ar a chionn, & is é do
bhí ann, .i. Connla comhdhalta Chonraoi mhic
Dáire & teaghlach & muintir Lughdhach mhic
Conraoi i n-a fharradh ann, & ro ionnsaigh
an caithmhíleadh curata, Conall, fá na
sluaghaibh & do ghabhsad ag comhthuargain &
ag tréan-leadradh a chéile go hainiarmharthach
éicht-bheodha & tugadar ceatha cóimhthiugha
& frasa fíor-mhóra faobhair-dhearga fogha
d'ionnsaighe a chéile, & níor an Conall ag
gonaibh ná ag iombhualadh na buidhne sin, acht
do ghabh go marbhthach móir-éachtach ag sloidhe
& ag slat-bhualadh na sochaidhe go nach
deachaidh aon díobh uaidh gan marbhadh, muna
ndeachaidh duine díobh a maidhm nó a mío-
chosgar, & do thuiteadar deich gcéad leis
ar eochair-imlibh an átha i bhfus & thall go
dtárla Conall & Connla re chéile & do
rónsad comhrac ainmhín ainfheargach re
hathaidh fhada gur thuit Connla i bhfoirchionn
an chomhraic do bhrath-bhuillíbh Chonaill & do
chuir a cheann ar an ngad as a haithle; & do


L. 32


ghabh ag féachain an áir i n-a thimhceall & do
chonnairc na meidhe maoil-dearga & na cuirp
chíorrtha chraos-osgailte & na sith-linnte
fola ag sileadh is an nglaise gur budh caoba
cró-fhola an ghlaise lionn-fhuar, & ar n-a
fhaicsin amhlaidh sin dó, adubhairt gur Glaise
Cró a hainm ó sin amach go bráth.



Táinig roimhe iar sin go Muigh Airgead-
ruis & do bhí Lughaidh mac Conraoi ar a
chionn ann & catha cóirighthe aige & ní teicheadh
ná iomghabháil do rinne Conall rómpa acht
d'ionnsaigh iad fó chéadóir, & ro budh cosmhail
re héirghe teineadh tréine trom-anfaidh ag
briseadh fó thír Conall ag dian-sgaoileadh
& ag dlúth-mharbhadh chloinne Deaghaidh i n-a
thimcheall nó gur thuiteadar dóid fria dóid
& uillinn re huillinn go rabhadar i n-a
linntibh fola d'á éis & ro chomhraic féin &
Lughaidh re chéile.



“Maith, ámh, a Chonaill,” ar Lughaidh, “ní
hionchomhraic sinne i n-ár ndís .i. tusa & do
dhá láimh agat & mise ar leath-láimh & is
amhlaidh do bhiamaois comhthrom .i. do lámh
dheas-sa do cheangal.”



Do ceangladh lámh dheas Chonaill iar sin &
do ghabhadar dá chlaidheamh chlais-leathna


L. 33


choilg-dhíreacha chruaidh-neimhneacha chuca & do
rónsad urlaidhe ainiarmharthach & tug Lughaidh
buille bríoghmhar boirb-neartmhar chum
Conaill gur ghearr an ceangal & an chuibh-
reach do bhí ar a láimh aige & ar bhfaicsin na
láimhe sgaoilte do Lughaidh is eadh adubhairt,
“A Chonaill chaoimh chosgraigh chath-bhuadhaigh
chomhlann-chruaidh, ceangail do lámh go lán-
daingean mar do gheallais.”



“Ní dhingéan,” ar Conall, “óir an tan
do cheanglas í, do b'aithreach liom é, & do
sgaoilis féin dod' luathbhuillíbh; ní ceangal-
tar feasta í acht cheana.”



Ní cian iar sin gur thuit Lughaidh lán-
éachtach meanmnach mór-dhálach mac Conraoi
le láimh chosgraigh chathbhuadhaigh Chonaill
chleaschalma Chearnaigh & dícheannas as a
haithle é.



Is annsin do ghabh labaidhe le n-a mhac é &
adubhairt “muna ndícheanntá-sa Cú Chulainn
ní díongantaoi liomsa tusa do dhícheannadh
& is dursan liom-sa do theangmháil dom,
óir is mé an treas athair do bhí agat.”



Trí haithreacha iomorro ro fhágaibh a mháthair
ag Lughaidh do bhrígh nár bh'fhios di a cia haca
d'ár mhac díleas é, .i. Cúraoi mac Dáire rí


L. 34


Mumhan & Cú Chulainn mac Subhaltaigh &
Conall Cearnach mac Aimhirghin.



Do chomhraic Glinne mac Deaghaidh iar sin
le Conall & do dícheannadh le Conall é & do
chuir cinn na dtaoiseach ar an ngad gur budh
lán an gad do chlannaibh ríogh & ró-dhaoine
bhfear n-Éireann.



Cidh trácht, níor budh sásta Conall lé'r
thuit leis d'uaislibh Mumhan & Connacht gan
a lámh do dheargadh ar Laighneachaibh & gluais-
eas roimhe go réim-dhíreach gan cor gan
caime go ráinig dún & deagh-árus ríogh
Maicniadh mic Rosa, .i. rí Laighean & cuireas
sgéala go Maicniadh teacht d'á agallamh ó
nach raibh lucht a chosanta i Laighnibh uile air.
Leis sin, táinig Maicniadh, líon a theaghlaigh
& a mhuintire, & fearthar cath cródha eatorra.
Gidheadh, ar marbhadh na sluagh uile, do chomh-
raic Conall & rí Laighean le chéile gur thuit
Maicniadh i bhfoirchionn an chomhlainn sin
& dícheannas Conall go deithbhireach é &
cuireas a cheann ar an ngad & do ghluais
roimhe is na ródaibh.



Ro dhírigh i n-athghairid gacha conaire nó
go ráinig Dún Dealgan mar a raibh corp
Chon Culainn & do léig na cinn sin ar an


L. 35


bhfaithche & do chuir ar chuaillidhibh bioraighthe
iad i dtimcheall na faithche fairsinge féar-
uaine, & léigid gáir mhór san dún, ar
bhfaicsin na laoch-cheann sain ar na leabhar-
chuaillidhibh.



Táinig Éimhear amach & is eadh adubhairt,
“Mo mhóir-chean fiadh & fáilte dhuit, a rígh-
mhíleadh, & ní bás do Choin chréacht-iomdha na
hEamhna, ó do mhairis id' fhear díoghalta
fala d'Ultachaibh d'á éis, & déantar a
adhnachadh feasta, & léigthear m'ionad-sa i
n-a fhochair san uaigh, óir ní domh-sa marthain
d'á éis, & innis dúinn cia d'uaislibh fear
n-Éireann ar a rabhadar na cinn úd ar na
bior-chuaillidhibh-se i dtimhceall na faithche,”
& do rinne féin & Conall an laoidh-se síos
eatorra:-



Éimhear:



A Chonaill, cia hiad na cinn
Is dearbh linn gur dheargais t'airm;
Na cinn ó thárla ar an ngad,
Sloinntear leat na fir d'ár baineadh.



Conall:



A inghean Fhearghail na n-each,
A Éimhear úr na mbrat mbinn,
Is i ndíoghail Chon na gcleas
Tugas liom a ndeas na cinn.


L. 36


Éimear:



Cia an ceann malach dubh mór, —
Deirge ná 'n rós a ghruadh ghlan —
Sé is neasa dom' leith chlí,
Ceann an rígh nár athraigh dath?



Conall:



Ceann rígh Midhe na n-each luath,
Earc mac Cairbre na ngruadh ndearg;
I ndíoghail mo dhaltáin féin
Tugas liom i gcéin a cheann.



Éimhear:



Cia an ceann-so dom leith chlí, —
Dearg a lí, ní locht d'á dheilbh?
An ceann ó thárla gan corp,
Is maith liom, gidh holc le Meidhbh.



Conall:



Máine mac Eipirt na n-each,
Mac Mheidhbhe do chreach gach cuan,
Ar sgaradh a chinn re a chorp
Liom uile do thuit a shluagh.



Éimhear:



Cia an dá cheann-so ar muigh thoir,
A Chonaill mhóir go ngoil ngaoith;
Geal a n-aighthe, dubh a bhfuilt,
Deirge a ngruadha ná fuil laoigh?


L. 37


Conall:



Ceann Mháil & Mhíodhna mhóir
An dá cheann-soin, is dóigh linn,
Ag á bhfuaras ceann na Con
Ag múr Theamhrach na sgor slim



Éimhear:



Cia an ceann-so ar muigh thall
Go bhfolt fann, go mala slim;
Rosg mar oighre, déad mar bhláth,
Áille seach cách cruth an chinn?



Conall:



Is leis sin do thuit an Chú;
Do-rad a chorp fá chrú thais;
Lughaidh mac Conraoi na rann,
Tugas a cheann liom tar ais.



Éimhear:



Cia an dá cheann-so ar muigh theas
A Chonaill mhóir na gcleas lúith;
Aon dath ar fholtaibh na bhfear;
Dearg a ngruadh, geal a ngnúis?



Conall:



Cuileann Breagh & Connla cruaidh,
Dís do-bheirid buaidh i bhfeirg, —
A Éimhear, ag soin a gcinn;
D'fhágbhas a gcuirp fá linn deirg.


L. 38


Éimhear:



Cia na sé cinn-se is olc mamh
Do-chím féin ar an muigh thuaidh —
Gorm a n-aighthe, dubh a bhfuilt,
Siabhartha a ruisg, a Chonaill chruaidh?



Conall:



Ar théarnadh ó chleas na Con
Do chloinn Chailitin, — modh ngnáth, —
Do mharbhas an seisear badhbh;
Do thuitsead lem' arm seach cách.



Éimhear:



Cia an dá cheann-so is faide amach,
A Chonaill mhóir do bhraith badhbh?
Ar ghrádh th'oinigh ná ceil orm
Ainm na déise ar ar dhonn th'arm?



Conall:



Cinn Laoghaire & clainne Chuilt
An dá cheann-so thuit lem' ghuin;
Do ghoinsead Cú Muighe Cairn;
Tríd do dheargas m' airm 'na bhfuil.



Éimhear:



A Conaill, a aith-fhir Diadh,
Cia an ceann-so d'ár ghiall cách,
Go rós fá thrillsibh an chinn,
Go gcumhdach slim d'airgead bhán?


L. 39


Conall:



Ceann mic Fhinn mhic Rosa ruaidh,
Maicniadh fuair bás lem' neart,
A Éimhear ag soin a cheann,
Áirdrí Laighean na lann mbreac.



Éimhear:



Cia an ceann-so ghabhais id' láimh,
A Chonaill mhóir, ní báidh linn?
Ó nach maireann Cú na gcleas,
Créad fá' bhfuile ar leas an chinn?



Conall:



Ceann mic Fhearghusa na n-each,
Muireadhach na gcreach nocht,
Mac mo sheathrach, an túir theann,
Do sgaras a cheann ré' chorp.



Éimhear:



A Chonaill mhóir Mhuighe an sgáil,
Créad do thuit led' láimh gan locht
De na sluaghaibh do mhill sinn
Leat i ndíoghail chinn na Con?



Conall:



Naonbhar & dá fhichid céad,
Adeirim leat, fá léan sluaigh,
A dtorchair liom druim ar dhruim
Do nimh mo chuilg choinligh chruaidh.


L. 40


Éimhear:



A Chonaill, cionnus atáid
Mná Inse Fáil tar éis na Con?
An bhfuil cumha im' cholt ná im' chéis,
Nó an dtiubhraid spéir i n-a ngol?



Conall:



A Éimhear, créad doghéan féin
Gan an Chú dom' réir fá ráith,
Gan mo dhalta ba teann gliadh
D'fhaicsin 'san bhfiadh go bráth?



Éimhear:



A Chonaill is oircheas domh -
Ní luighfear le fear go bráth;
Do-ghéabhad bás do chumha na Con,
A Chonaill, ná ceil ar cách.



Cuir mé, a Chonaill, san bhfeart;
Is fann mo neart mar atáim:
Cuir mo bhéal ar bhéal na Con;
Is oircheas domh dul n-a dháil.



An Dubh 's an Liath Macha mear,
An dá each fá gloine gníomh,
Gach neach le a dtorchair a dtriath,
Is orra thiar d'imris m' fhíoch:


L. 41


Do-bheirim-se, a Chonaill fhéil,
Mar choibhche duit féin go bráth,
Mo bheannacht is mo chur 'san bhfeart
Is díbh is ceart, a fhir nach tláith.



A haithle na laoidhe sin d'fhoráil Éimhear
ar Chonall feart fairsing fíor-dhomhain do
dhéanamh do Choin Chulainn & do luigh sí féin
mar aon re n-a caoimhchéile & do chuir a béal
ar a bhéal & adubhairt, “A Chuagáin m'anma,”
ar sí, “& a chara & a chóimhleannáin & a aon-
rogha d'fhearaibh na talmhan, is iomdha bean
do bhí tnúthach liom-sa fád' cheann gus anois
& ní budh beó mé tar h'éis,” & do chuaidh a
hanam aisti & do hadhnacadh í féin & Cú
Chulainn i n-aon uaigh le Conall & do thóg sé a
lia ós a leacht & do sgríobhadh a n-anmanna
i n-ogham & do fearadh a gcluiche caointe
leis féin & le hUltaibh uile.



Gonadh í sin Deargruathar Chonaill Chear-
naigh go nuige sin.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services