Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Gréasaidhe Luipreachán
Title
An Gréasaidhe Luipreachán
Author(s)
Tomás Ó Raghallaigh (Eagarthóir),
Pen Name
Tír-Dá-Loch (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Ó Raghallaigh, Tomás
Composition Date
1924
Publisher
Ó Gormáin
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mise Cathal mac mic Luirc, agus iar mbeith ag éisteacht ariamh dom leis na sean daoine ghá rádh an té a theangmhóchadh le luipreachán, nó geancanach, ag bruach leasa, an uair a bheadh sé ag déanadh na mbróg go bhfuigheadh a sháith den tsaoghal uaidh, agus ar na smaoineadh seo dhom aon oidhche amháin chruinnigh mé cnuasach maith de na luibheanna ba gnáthach liom do chruinniú do mo mháthair mhór annsiúd thall, eadhon Neiligh Reed, mar sin bhí sí na ban draoi a chois Móta Bhaile an Aird i n-aice Loch na Muc, áit ar tóigeadh na seacht seanaidh dá dtáinigh sí uatha, agus seo mar theangmhaigh dhom in mo thuras. Lá amháin dár thárla dhom ag taisteal na bhfearanta saoire, socaire, soth saorthuigh úd atá idir Cruach Phádhraic i gConnachta agus Loch Dearg i gCondae Dhún-na-nGall, áit breitheamhnais aithrighe, d’ár ghnáthach le mo mháthair mhór a dhul gach bliadhain do dhéanadh turais agus do bhrath na gcreach (óir ní bheadh oiread cuile gé ó bhruach na Sionainne go h-imeall na h-Éirne nach mbeadh braiththe aice féin agus agamsa, agus is mar sin ba ghnáth linn a theacht suas, ar chreach na gcríoch sin), ach mar a bhí mise ar oidheacht ag Síogaidh Bhealach na Muice le taobh lios a’ phúca, agus go dtáinig d’ualach ormsa a bheith ’muigh san oidhche ag ragaireacht capall, thug mé dom aire mo bhalagan soid do líonadh leis na luibheanna beannuighthe úd mar atá lus cré, eochair na bruighne, cuigeal na mban sidhe, as lus buidhe, agus an raithneach ruadh, mar aon le mórán eile de’n tsórt sin nach n-áirimhighthear anois, agus iar mbeith
dhom tuirseach ag smaoinead créad is críoch do’n ghéar leanmhuint atá ghá dhéanadh ar Ghaedhil le tíoránaigh Gallda leis na cianta seo a chuaidh thart, sé a taidhbhreadh dhom an ní fhoillseochas mé ní dhíbhse amháin ach do gach duine dhá dtáinig, agus dhá dtiocfaidh, dhá gcuala agus dá gcluinfidh de iarsma dhamh go deó, ionnus nach mbainfidh a leithid seo de thoirmeasg ná de sheachrán do charaid nó do namhaid go bráth mo dhiaigh,” ar Cathal, agus leis sin tosuigheann sé an ceol mar leanas.
(Ar Fhonn Stáca an Mhargaidh). Le tuitim na h-oidhche, mo shuidhe cois liosa dhom, ’S mé tuirseach ag smaoineadh gach díbirt is dithcheannadh A d’fhuiling na Gaedhil mo leun sa n-oileán sa, Hó-ró! ’sgan deireadh go fóill. Se chuala mé an ceól faoi dhó ba bhinne liom [Ná]{Na} cuacha ar na géagaibh is éanlaith ’mbarr na dtom, ’S go mbainfeadh sé bíodhgadh as croidhe bheadh marbh trom, Hó-ró! le binneas a ghlór. Se chonaic mé síogaidh íseal fearanta, Gan oiread na mbróg na shuidhe ar na leacracha, A chasúr ar lúth, ag rúsgadh na leathracha, Hó-ró! sé ag déanamh na mbróg. Bhí ocht n-ordlaigh déag air fad ins an abhach beag, ’S ba lúthmhar a mhéire ag fuaigheáil go h-acmhuineach, Ag tarraing na h-íalle, ’s ba ghéar a mheana beag, Hó ró! ’s mar chumadh sé ceól. Tráth chonaic mé féin gur gréasaidh ’n duine beag Chuaidh mé ar m’aghaidh go h-aerach sgiobulta, Mar a chuala mé sgéal ó mo mháthair go mbíodh ciste Ag abhach de’n tsórt nó lán canna de’n ór. Nuair a tháinic mé féin fá dhéin an luchramáin Se labhair sé go béal bhinn céillidh, marannta, D’á rádh liom “glac saeithe is méaduigh ’n cuideachta{”}, Hó-ró! is cluinfidh tú sgeol. Nach mise agá críon, ’sní h-ionghadh sin caithte lag, ’S go bhfaca mé ’n chríoch seo na h-aon tur daraigh, ’S gan duine no daoine a shaothróchadh na fearannta, Hó-ró! gidh gur innte bhí’n sogh. Bhí mise san áit seo an lá tháinic Partholán, Is tar éis a bháis bhí mé stát ag Neamhaidin, Ag Tor an Chonnuidh go láidir, ’s ag cárnú Fomairí, Hó-ró! mar a torcradh go leor. Bhí mise ’n Éirinn i laethibh Fir Bolga, ’S iar dteacht do Thuatha-de-Dain ba tréan sa gcogadh mé, I gCath Shliabh an Iarainn, mo chian ’s mo mhilleadh sa, Ho ro! mar a cailleadh an ló. Is iomdha sin ruathar cruadh is bristeacha, A sheas mé go cliúiteach, ag cumhdach na dtalta-sa, Is minic a rútail mé’n púca as na machairí, Ho ro! le prioca mo dhóid. Ní raibh briseadh mo bruighin i gcríocha Banba a Oileán Mhic Aoidh go taobh na sean aibhne Nach ar chuidigh mé ghríosadh go fíomach feargach, Ho-ro! ’snach fada mé beó.
Bhí mé sa Mumhain go lúthmhar fuiliota, Mo oide gan mhúnadh ag stiúradh lucht pirseóga, An lá tháinig Clanna Mílidh i dtír sa gcaladh sin, Ho ro! agus maithe na slógh. Sheas mé gach bruighin go croidheamhail meanmnach, a Chondae Chiarraidhe go díon sgrios Mhathaire, I gcath Tailltean sa Mídh a críochneadh an racan sin, Ho ro! mar aithristear sgeol. Bhí mé i mbrollach gach táin dár thárla is iomarbhaidh, Bó glinne, bó báine, is táin bó Cuailgne. Bhí mé san áth an lá fa’r thuit Buineble ann Ho ro! ’s mé tiomáint na mbó. Is cuimhneach liom táin an Cheithearnaidh is Chonnachta, Cath Chnoc an Áir, is bánú Manainne; I Magh Mhuchraim a thárla mé [la]{lá} na harroide, Ho ro! gidh go maireann go fóill. Lá Cath mór na Maoimh, ba faobhrach cosantach, Ag marbh na laoch, an ní úd is aisteach liom, Sa sgrios Chlanna Baoisgne a shaorthóchadh ’n fearann seo, Ho ro! dhá maireadh siad beó. Bhí mé fá réim i laetibh Ailibheir Ag Beinn Borb na ngliath, a stialladh Sacsanach Mar aon le Eoghan Ruadh ag ruagadh Breataineach, Ho ro! as Condae Thír-Eoghain. Ag cuideadh le Gaedhil bhí mé tréitheach cumasach, ’S i nDoire na mBéim níor chladhaire meaithteach mé, Gidh go raibh ’n luaidhe ag bualadh fám ’iosgadaí, Ho-ro! le teine ’gus ceo.
I nEachdhruim Dia Domhnaigh is mór a d’fhuiling mé, Is shuas ag an mBóinn a leonadh ’s a leagadh mé, Ag Baile Áth Luain se buaileadh druma liom, Ho-ró! ’s níor throid mé níos mó.
“Sin agadsa anois, a Chathail,” ars’ an luipreachán, “mar a bhain mise mo bheatha amach, le mo láimh agus le mo lann, go fiúntach macánta, agus níor bhrath mé ná níor chreach mé aon duine ariamh go fóill, agus an uair a chuaidh mé ó fhéidhm, agus mheath mo neart, thosuigh mé ar dhéanadh bróg do na daoine maithe, agus níl ciste ná stór agam ach mar a chidh tú, agus dá dhruim sin uile is sean-chomharsa dod’ mhuinntirse ariamh mise, agus is maith do shábháil mé do mháthair mhór, sí sin Neili Reed air a torcradh le cú dubh Charraig Chlochair agus le cú bán Chros an Phobail, iar mbeith do’n tseanmhnaoi sin ’na girrfhiadh, agus í ag cruinniughadh abhaile im agus bainne na tíre le n-a draoidheachta malluighthe, agus le pirseoga, agus is beag a shíl mise gur duine de’n chineál sin a thiocfadh do mo chreach, nó a dhéanfadh díoghbháil nó dochar ar bith dhom. Ach má’s mian leat éisteacht le cuid éigin de bhriathra na sinnsirí ad táinig tú uatha, agus le réimh fhaisneas do mhuinntir féin, agus fá theacht na Spáinneach agus na Lochlannach go hÉirinn, agus mar éireóchas Gearóid Iarla atá leis na cianta fá gheasa i Móta Mhullaigh Eilm atá i ngar do bhaile [Áta]{Átha}-fhirdiadh, agus mar a bhéas an muileann cró trí lá agus trí oidhche ag meilt ar a dhícheall, agus gur leis a torcrar na Gaill as Éirinn. Nach minic a chuala tú sin ag do mháthair mhór, a Chathail?” arsa ’n fear beag. “Is fíor sin,” arsa Cathal, “agus dá mba é do thoilsa cuid éicín de’n réimh fhios sin do mhíniughadh
dhomsa bhéinn fá n-a mhaith dhuit, agus bhéinn ní ba réidhe leatsa ar ball,” arsa Cathal. “Muise, déanfaidh mé sin leat,” arsa ’n luipreachán, “ach i gcúrsaí atarrach ná bí ’brath airgid ná óir ormsa feasda.” Agus leis sin tosuigheann leis an gceol arís, agus an tairngire ar dtús mar leanas: - Ó tháinig do’n áit seo Naomh Pádhraic beannuighthe, A’ teagasg an chrábhaidh do mhná ’s do dheagh dhaoine, ’S ag díbirt gac galar is gnáthach d’ár cleachdadh ann, Hó-ro! le Soisgéal na mbeo. Sgrios sé as an áit seo pláigh is placairidh, Shéid sé an púca as gach clúid dá gcleachtadh sé, Ghlan sé na críocha ó dhaoil ’s ó fhroganna, Hó-ro! ’sgach athair nimhe de’n tsórt. Thosuigh an chléir a’ leigheas gach aicíde, Sagairt is bráithre, ’s ní áirmhighim manaigh, Gan chiste, gan stór, ná ór na Sasanach, Hó-ro! ach mar gheall ar an nglóir. Is annsin a chuaidh díthearbhaidh naomhtha ’tairngireacht, Ar gach briseadh is díth bheadh i gcríocha Banba, Criomhthainn Mac Fheidlime i ndiaidh Colum Cille fós, Hó-ro! ’sgach duine dhá sórt.
Dubhairt go dtiocfadh ann éag is aicíde, Ar éanlaith an aeir ’s ar bheithidhigh an mhachaire, Go mbeadh fuath agus gráin ag páistí dhá sean-ghaolta, Hó-ro! sul fa dtiocfadh an ló. Beidh gorta gan tár gach áit ins an gcruinne ’lig, Fir agus mná, is ní áirmhighim leanabháin, Ag seangadh ’n gach áit ’g ithe bláth na luibheanna, Hó-ro! is d’á mbiadhadh le pór. Bhéarfaidh uaisle Chrích Fáil an chomhdháil go Cill Choinnigh leo, Is tiocfaidh litir ó’n mbainrioghan chun bánughadh an oileáin seo, Beigh fionnghal is smál i nAlt na Muice thart, Hó-ro! is marbhó’r go leor. Tiocfaidh na Spáinnigh i mbarca iomadamhail, is cabhlach na Frainnce ag ionnsuidhe le Sasana, Beidh an taobh thuaidh fá shluaigh ag Lochlannaigh, Hó-ró! is tosóchaidh ’n gleo. Beidh na saighdiuirí dubha ar siubhal ins na bealaighe ’lig, Is brisfidh na droichid gach taobh dh’á racha’ siad, Ar eagla go mbeadh na Gaedil a’ rith ortha, Hó-ro! ach a gcoinneal sa gceo. Beidh Danairí cáidhe i bpáirt le hAlbanaigh, Le cuideadh san ár gach lá le Breatainigh, Is racha’ gan spás a’ sárughadh bhaile Áth-fhir-diadh, Hó-ro! mar a gcaillfidh an ló.
Le torann an lámhaigh lá na feille sin Fosgló gach ráth ó Dhroichead-Áth’ go Gaillimh thart, Tiocfaidh na tuatha, de shluaighte cailicín, Hó-ró! go muileann an chró. Seinnfear an buabhall ar stuaic Mhullaigh Eilim leo. Is duiseó’r Gearóid Iarla san Chiarach Ceanann fós, Ní fhanfaidh le diallaid, ach claidheamh is bearradh beag, Hó-ro! go gcruinneó’ na slógh. Ní mó ’ná trí huaire ó cluinfear an chéad torann, Go dtosuighidh ’n ruathar ’s go ruaigfear na heachtrannaigh, Beidh an muileann a’ síor-mheilt trí oidhche gan stadadh dhó, Hó-ró! ’s ní bheidh Galla níos mó. Annsin beidh Clanna Mílidh mar a bhí siad i n-allód, Roinnfear na tíortha, idir mhaoin is fearann, leo, Ní bheidh ocras ná íota ar dhaoine ná eallach ann, Hó-ró! ná fionghal níos mó.” “Sin agadsa anois, a Chathail,” ars’ an gréasaidhe beag, “tarraoil ar na nidhthe atá le theacht i ngearr aimsir, agus a réir mar a bhreathnuigheamsa is fearr dhuitse fuireach go foighdeach le do chuid ronna ’ná a bheith a’ brath ar chuid do chomharsan, mar is fiosach duit féin nach bhfuil duine ar bith ar an tsaoghal seo atá i riachtanas nach bhfuil a sháith le déanamh aige ’na shaothar, agus le n-a sholáthar bocht féin, agus thairis sin,” ars’ an luipreachán, “amhail agus mar atá lorg an ghurrtha in do dhá lom lorgainse, is mar sin a bhéas do shaidhbhreas go fóill, óir, amhail
agus bhí leannán sidhe ag do mháthair mhóir, Nelli Reed, is mar sin is dual duitse, a bheith pósta le céile de’n treibh chéadna, mar atá Mairghréad Níc Aodha, inghean Díotharfaidh Thir an Amhgair, agus beidh an dúitche fhada fhairsing sin a géilleadh dhuitse agus dod’ iarsma go bráth ’do dhiaidh. Agus ós mithid domsa a bheith ag sgur agus a bheith ag cur suas mo threaltuí,” ars’ an t-abhach beag, “feach thusa fá an leac sin ar do chúl, agus gheobhaidh tú giogóg óir agus beir leat é.” “Beir buaidh agus beannacht,” ar Cathal, “agus is dóigh liomsa gur duine eicín de uaisle mo mhuinntir féin thusa, agus gurab é dia mo ghaolta, eadhon, crom crú, a sheol mise ’teangmháil leat,” arsa Cathal, agus leis sin thug sé sítheadh sanntach sár-lúthmhar, so-luaimneach fá’n leic, agus ní mór nachar sgath sé na méire dhe féin agus nár bhris sé a loirgneacha leis a’ dearg-phráinn a bhí air, agus ar thógáil na leice dhó, do’n tubáiste a bhfuair sé annsin ach daoil, ciaróga, agus morán de phéiste éagsamhla eile, agus ar thógáil a chinn suas go luath do Chathal, ní bhfuair aige i n-áit an ghréasaidhe ach cárnán deathnaigh, agus an t-eallach ’lig ins an bhfoghail, ionnus go mbéigin do Chathal teicheadh cois is tsodar len’ anam arís as amharc Shíogaidh Bhealach na Muice, dhá raibh sé in a sheirbhís. Annsin do chan Cathal an laoi seo mar leanas: - Ó Dhia mo Athair, nach truagh mo chás! ’S mé claoidhte tuirseach, gan duine ’mo dháil, Ach síogaidh gan beannughadh nár shíolruigh ó Adham, A mheallfadh le siollaí an t-éan de’n bhfál.
Nach fiosach gach duine i gcríocha Fáil, Dhá gcualaidh, dhá gcluineann, nó dhá gcluinfeadh mo dhán, Dhá bhfuighinnse an ciste mar a shíl mé fhághail, Nach ualach bratóg a d’fheicfidhe ar Chathal. Ach siubhailfidh mé feasda gach bruighin is ráth, Ó chuanta Bhiorra go Cathair Dhroichead-tha, Thart síos a chois Banna, ’s go dtí’n tSraith Bhán, ’S cha philleam abhaile chuig mo mháthair mar ’táim. “Agus dar a’ leabhar,” ar Cathal, “má chasann an giolla céadna liom níos mó is mise a bhainfeas fuaim agus mac alla as an mblaoisg aige, mar íoc ar son an chluain a chuir sé orm agus ar son na mbréag a chuir sé in iúl dom ag lios an phúca,” agus iar philleadh do Cathal abhaile ní raibh gas fraoich ó Loch na gCeann go Currach Mhóin Éile nach raibh ar n-a sgrios le muinntir Bhráigh, agus do bh’éigin do Cathal talamh nuadh do bhriseadh dhó féin. Go n-a é sin eachtra agus mearadh céille Chathail mac mic Luirc, fear bratóg a bhí seal ’na chomhnuidhe ag Carraig- Leic, agus ’na dhiaidh sin i dTiompaigh an Teampuill le Sasanach a’ léigheadh Gaedhilge Gallda.
EACHTRA NA MUICE ALLA. Lá dá raibh Diarmud Ó h-Éaluighthe ar thulach aoibhinn agus é go subhach soimheanmnach tar éis fleadh agus féasda do chaitheamh i bhfochair a bhantrachta, agus gabhas mian fiadhaigh agus fonn cosgartha an tráth sin é, ionnus gur cheangail sé a chorp i n-a chulaith aistir agus fíor imtheachta, agus air sin tógas leis a shleagh shlios leathan bharr chaol cómhdhíreach géar-fhaobhrach, agus leigeas fead ar a choin ghuithbhinn taobhaoird fadchluasach fíorsrónach dár bha chomhainm Réic, agus ionnsughidh árd na tulaigh amach gach a ndíreach a’ déanamh air Charraig Uí Dhonnchadha, agus ba chomhluath Réic in gach árd de na ceithre h-árdaibh, mar atá soir, siar, ó dheas, agus ó thuaidh. Gibhe nár fhág sé broc leathan chrúbach, géaringneach i bpluais, ná sionnach mongach cabliath, fhaidiorballach i bpoll, ná míol mungruach más caol mbuide eidir abhainn Mhuair agus Laoi an lá sin gan díbirt is ruagairt is dian sganrú as a n- ionadaibh, ionnus an méid nár marbh leis díobh gur ghabhadar maidhaimh crubhallach seachranach i n-imigcéin, ionnus nár bhfeas do Dhiarmuid ná do Réic car ghabhadar ó shoin i leith. Ach an méid ar a rugadar díobh chiscáradar iad go deagh-thapaidh; gidheadh ní na gcodladh do rugadar orra ach do thoradh a réidh luais féin (mar sin féin) nó gur mharbhadar a leor dóthain díobh an lá sin. Agus ar a bhfilleadh tar ais dó dochum baile ag gabhail bóthair an ghleanna do lean Réic san gcaoil isteach ag athchuardach agus glaodhas Diarmud air agus glaodhas an dara feacht agus an treas feacht ar Réic, agus do freagradh é don ghuth céadna. Iar sin gabhas fearg mo Dhiarmud, óir
do shíl sé gur fear magaidh nó fonóide faoi do bhí ann; agus adubhairt Diarmud le feirg mhóir na briathra seo mar leanas. Dar anam t-athar agus do mháthar, a bhreallsúin bhaoth fhriotallach leamh labhartaigh gan chiall gan cuimhne, gan mhaise gan mhúnadh, ba chóra dhuit do ghnó féin do dhéanamh agus leigean domsa thart. [Oir]{Óir} do bheirimse go deimhin dá mbeitheá ar bharr cluaise agam nach bhfágfainn fonn bídh ná dighe do chaitheamh ort dá mba mhór do dhúil ann; gidheadh ní bhfuair uain fiú aon fhocal amháin do labhairt nár threasaoibh air san gcaol do’n ghuth céadna, ionnus gur ghluais Diarmud ’na réim ghrod reatha dá ionnsuidhe, agus céard do chífeadh ann roimhe ach an t-ainmhidhe dá ngoirthear an mhuc alla agus is do fhaisnéis an dealbh ’sa’ déanamh do bhí uirre. Is amhla do bhí an mhuc alla so amhail meadar, ceann leathan agus ceann caol uirre, agus aon chos amháin faoi n-a lár. Agus an t-an do chuireadh chum aisdir nó imtheachta do dhéanamh is amhla do bhíodh ag iompódh deire thar ceann amhail roth muilinn; mar sin d’iompuigheadh i n-aghaidh aird chom pras is d’iompuigheadh ceann re fánaidh, a seithe mhór throm ghéar dheilghneach i n-a timcheall agus trí slata d’iorball fada rudah uirre, agus dhéanfadh gach aon ribe ar an iorball sin bó nó capall do cheangal, agus aon lapa amháin láimhe amhail lapa bruic i bhfogus a béil ar an gceann caol di le n-a gcuireadh a cnuasacht i n-a craos bhéal i n-a rabhadar garbhstacháin cros fhiacail, amhail fiacla sean-chullaigh agus ocht súile beaga liatha ar gach taobh dhi d’fhoillsigheadh an oidhche mar an lá i n-a timcheall. Gidheadh bíodh a fhios agad, a léightheóir, nach meathach na meathlaoch do fuair i n-a mhisneach féin fanamhain le n-a macasamhail do bhreithniú, ní áirighim comhrac do dhéanamh léi. Ach mar do chonaic Diarmud an
t-ainmhidhe gráineamhail drochfheicsine nach bhfaca a leitheid riamh roimhe sin, do ghabh gráin agus imeagla é. Agus adubhairt: Cred é an sompolóir droch fheicsine tú féin? Agus do chan sise an tuirioghall céana res. Agus adubhairt an dara feacht, dá mba thú an mac mallachtach, ós geall res thú, bainfeadsa a mhalairt sin d’urlabhra asad. Óir is deimhin go gcuirfeadsa an tsleagh seo trí do chroidhe do’n dul seo, mara dtugair a mhalairt sin d’urlabhra dhom gan fuireach. Agus níor chuir sin a bheag ná a mhór de bhuaidhreadh ar an muic alla ach a dtathnasg gach focal dá n-abradh go gaiseadh sin bhfuirm agus san mbagairt céana air, ionnus gur ghabh Diarmud fraoch agus fothrum feirge tríd sin, gur ghríosaidh an chú léi agus tugas an mhuc alla iompódh dheire thar ceann di féin agus buaileas sgrios iarracht dá h-iorball ar an gcoin gur thógas os cionn talaimh chomh h-árd le barr an chrainn fa neasa dóibh í, agus tógas Réic lán a bhonn de’n chrann i n-áirde agus dféach síos ar an muic alla, agus, cé go raibh ar dhroch aigne dhí, do b’fhearr leis fanamhuin san gcrann ná teacht dá h-ionnsuidhe an dara h-uair. Is annsin adubhairt Diarmud go feargach ris an gcoin teacht anuas agus adubhairt an mhuc alla mar an gcéadna an tathasg sin. Mar do chuala Réic an mhuc alla dá iarraidh ar teacht anuas níor mhóide a dheithneas chum teacht é, ach d’fhan mar bhí aige agus Diarmud agus an mhuc alla ag gáiridh faoi n-a chéile gan mathamh focal ag ceachtar díobh dá chéile gur eirigh a bhrigh agus a bheodhacht an Diarmud gur thug urchar dá h-ionnsuidhe go fíor nimhneach, agus thug an mhuc alla iompód deire thar ceann di féin ar mhodh gur leig sí an t-urchar sin thairste agus thug an dara h-iompódh go ráinig sí Diarmud agus an tsleagh agus gabhas Diarmud ag gríosacht Réich go deifreach. Iar sin léimeas Réic
anuas as an gcrann agus ionnsuidheas an mhuc alla go sár chíocarach, agus thug an mhuc alla leabhais iarracht dá hiorball d’ionnsuidhe Réich, agus léimeas Réic ar a chúl ionnus gur leig an iarracht sin thairis agus iompuigheas tar ais go deagh thapaidh agus bheireas ar lán a bhéil de’n iorball fada ruadh do bhí ar an muic alla, agus ritheas timcheall an chrainn dara do bhí taobh ris gur chuir dá chor de’n iorball go daingean docht timcheall an chrainn. Gidheadh ní ar ghliocas do smaoinigh Réic faoi ndeara dhó an ní sin a dhéanamh ach ag teicheadh ris ó’n muic alla. Nuair do chonnaich Diarmud an gníomh sin do bhí ag Réic dhá dhéanamh eirigheas a bhrigh agus a bheodhacht ann, agus ritheas cum na shleagh agus láimeas í i nath uair go feargach agus glaodhas ar Réic agus thug sáthadh sanntach siornimhneach de’n tsleagh i gcraos na muice alla gur chuir thríthe go talamh í. Agus ba chlos i gcnocaibh agus i neallaibh fuaim, fothram, agus aithfhritiol na h-urghéime do leig an mhuic alla an tráth sin ionnus gur imthigheadar éanlaith an aeir agus gur sgannradar éisge ins na h-abhannaibh agus nár fhan bó, caora, ná capall i gcomfhogus dóibh gan imtheacht chum fáin agus ro seachránaigh. Agus i dtaobh gabhar, do briseadar agus do mheilleadar a gcnámha i gcnoca agus i gcarraigreacha ionnus nár fhrith a dtrian dá sealbhudhóirí féin ó shoin i leith. Gidheadh is mó an bhuidheachas do bhí air i dtaobh na muice alla do mharbhadh ná an milleán i dtaobh na ngabhar agus na h-áirnéise. Ach níor ghabh uamhain ná imeagla Diarmud tríd, ach do dhaingnigh a shleagh go na crios go talamh agus adubhairt “do bfhearr dhuit leigean domsa thart ná bheith san gcás a bhfuil tú anois, agus innis dom cred é an t-ainmhidhe thú nó an díot a goirthear an mhuc alla agus cia beag an t-anam a bhí
an uair sin innte do bhí an dáthasg innte gur threasaig an turiol céana air.” Is annsin gabhas fearg mhór Diarmud agus adubhairt “t-anam ó seo agus ó siúd, a shompolóir ghránda cuirfeadsa deire ar do shaoghal anois.” Agus do’n urlabhra do bhí innte se a dhéanamh thug an comhaoine céadna dó gur mharbhas a h-aithle sin í. Gurab í sin Sealgaireacht Dhiarmud Uí Éaluighthe ar an muic alla, agus adubhairt an rann seo do Réich mar leanas: - Is dearbhtha nach sgarfadsa go bráth le Réic, Ar airgead do thabhairt dom nár hfearrde mé, Leanfadsa do shealgaireacht mar adhacht damh féin, ’S gan mearbhaill bead feasda agaibh am mháighisdir game. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services