Mise Cathal mac mic Luirc, agus iar mbeith ag éisteacht
ariamh dom leis na sean daoine ghá rádh an té a theangmhóchadh
le luipreachán, nó geancanach, ag bruach leasa, an uair a
bheadh sé ag déanadh na mbróg go bhfuigheadh a sháith den
tsaoghal uaidh, agus ar na smaoineadh seo dhom aon oidhche
amháin chruinnigh mé cnuasach maith de na luibheanna ba
gnáthach liom do chruinniú do mo mháthair mhór annsiúd thall,
eadhon Neiligh Reed, mar sin bhí sí na ban draoi a chois
Móta Bhaile an Aird i n-aice Loch na Muc, áit ar tóigeadh
na seacht seanaidh dá dtáinigh sí uatha, agus seo mar
theangmhaigh dhom in mo thuras.
Lá amháin dár thárla dhom ag taisteal na bhfearanta saoire,
socaire, soth saorthuigh úd atá idir Cruach Phádhraic i
gConnachta agus Loch Dearg i gCondae Dhún-na-nGall, áit
breitheamhnais aithrighe, d’ár ghnáthach le mo mháthair mhór
a dhul gach bliadhain do dhéanadh turais agus do bhrath na
gcreach (óir ní bheadh oiread cuile gé ó bhruach na
Sionainne go h-imeall na h-Éirne nach mbeadh braiththe
aice féin agus agamsa, agus is mar sin ba ghnáth linn a
theacht suas, ar chreach na gcríoch sin), ach mar a bhí mise
ar oidheacht ag Síogaidh Bhealach na Muice le taobh lios a’
phúca, agus go dtáinig d’ualach ormsa a bheith ’muigh san
oidhche ag ragaireacht capall, thug mé dom aire mo bhalagan
soid do líonadh leis na luibheanna beannuighthe úd mar atá
lus cré, eochair na bruighne, cuigeal na mban sidhe, as
lus buidhe, agus an raithneach ruadh, mar aon le mórán eile
de’n tsórt sin nach n-áirimhighthear anois, agus iar mbeith
dhom tuirseach ag smaoinead créad is críoch do’n ghéar leanmhuint
atá ghá dhéanadh ar Ghaedhil le tíoránaigh Gallda leis na cianta
seo a chuaidh thart, sé a taidhbhreadh dhom an ní fhoillseochas mé
ní dhíbhse amháin ach do gach duine dhá dtáinig, agus dhá
dtiocfaidh, dhá gcuala agus dá gcluinfidh de iarsma dhamh
go deó, ionnus nach mbainfidh a leithid seo de thoirmeasg ná
de sheachrán do charaid nó do namhaid go bráth mo dhiaigh,”
ar Cathal, agus leis sin tosuigheann sé an ceol mar leanas.
CzzzzzFil.
(Ar Fhonn Stáca an Mhargaidh).
Le tuitim na h-oidhche, mo shuidhe cois liosa dhom,
’S mé tuirseach ag smaoineadh gach díbirt is dithcheannadh
A d’fhuiling na Gaedhil mo leun sa n-oileán sa,
Hó-ró! ’sgan deireadh go fóill.
Se chuala mé an ceól faoi dhó ba bhinne liom
[Ná]{Na} cuacha ar na géagaibh is éanlaith ’mbarr na dtom,
’S go mbainfeadh sé bíodhgadh as croidhe bheadh marbh trom,
Hó-ró! le binneas a ghlór.
Se chonaic mé síogaidh íseal fearanta,
Gan oiread na mbróg na shuidhe ar na leacracha,
A chasúr ar lúth, ag rúsgadh na leathracha,
Hó-ró! sé ag déanamh na mbróg.
Bhí ocht n-ordlaigh déag air fad ins an abhach beag,
’S ba lúthmhar a mhéire ag fuaigheáil go h-acmhuineach,
Ag tarraing na h-íalle, ’s ba ghéar a mheana beag,
Hó ró! ’s mar chumadh sé ceól.
Tráth chonaic mé féin gur gréasaidh ’n duine beag
Chuaidh mé ar m’aghaidh go h-aerach sgiobulta,
Mar a chuala mé sgéal ó mo mháthair go mbíodh ciste
Ag abhach de’n tsórt nó lán canna de’n ór.
Nuair a tháinic mé féin fá dhéin an luchramáin
Se labhair sé go béal bhinn céillidh, marannta,
D’á rádh liom “glac saeithe is méaduigh ’n cuideachta{”},
Hó-ró! is cluinfidh tú sgeol.
Nach mise agá críon, ’sní h-ionghadh sin caithte lag,
’S go bhfaca mé ’n chríoch seo na h-aon tur daraigh,
’S gan duine no daoine a shaothróchadh na fearannta,
Hó-ró! gidh gur innte bhí’n sogh.
Bhí mise san áit seo an lá tháinic Partholán,
Is tar éis a bháis bhí mé stát ag Neamhaidin,
Ag Tor an Chonnuidh go láidir, ’s ag cárnú Fomairí,
Hó-ró! mar a torcradh go leor.
Bhí mise ’n Éirinn i laethibh Fir Bolga,
’S iar dteacht do Thuatha-de-Dain ba tréan sa gcogadh mé,
I gCath Shliabh an Iarainn, mo chian ’s mo mhilleadh sa,
Ho ro! mar a cailleadh an ló.
Is iomdha sin ruathar cruadh is bristeacha,
A sheas mé go cliúiteach, ag cumhdach na dtalta-sa,
Is minic a rútail mé’n púca as na machairí,
Ho ro! le prioca mo dhóid.
Ní raibh briseadh mo bruighin i gcríocha Banba
a Oileán Mhic Aoidh go taobh na sean aibhne
Nach ar chuidigh mé ghríosadh go fíomach feargach,
Ho-ro! ’snach fada mé beó.
Bhí mé sa Mumhain go lúthmhar fuiliota,
Mo oide gan mhúnadh ag stiúradh lucht pirseóga,
An lá tháinig Clanna Mílidh i dtír sa gcaladh sin,
Ho ro! agus maithe na slógh.
Sheas mé gach bruighin go croidheamhail meanmnach,
a Chondae Chiarraidhe go díon sgrios Mhathaire,
I gcath Tailltean sa Mídh a críochneadh an racan sin,
Ho ro! mar aithristear sgeol.
Bhí mé i mbrollach gach táin dár thárla is iomarbhaidh,
Bó glinne, bó báine, is táin bó Cuailgne.
Bhí mé san áth an lá fa’r thuit Buineble ann
Ho ro! ’s mé tiomáint na mbó.
Is cuimhneach liom táin an Cheithearnaidh is Chonnachta,
Cath Chnoc an Áir, is bánú Manainne;
I Magh Mhuchraim a thárla mé [la]{lá} na harroide,
Ho ro! gidh go maireann go fóill.
Lá Cath mór na Maoimh, ba faobhrach cosantach,
Ag marbh na laoch, an ní úd is aisteach liom,
Sa sgrios Chlanna Baoisgne a shaorthóchadh ’n fearann seo,
Ho ro! dhá maireadh siad beó.
Bhí mé fá réim i laetibh Ailibheir
Ag Beinn Borb na ngliath, a stialladh Sacsanach
Mar aon le Eoghan Ruadh ag ruagadh Breataineach,
Ho ro! as Condae Thír-Eoghain.
Ag cuideadh le Gaedhil bhí mé tréitheach cumasach,
’S i nDoire na mBéim níor chladhaire meaithteach mé,
Gidh go raibh ’n luaidhe ag bualadh fám ’iosgadaí,
Ho-ro! le teine ’gus ceo.
I nEachdhruim Dia Domhnaigh is mór a d’fhuiling mé,
Is shuas ag an mBóinn a leonadh ’s a leagadh mé,
Ag Baile Áth Luain se buaileadh druma liom,
Ho-ró! ’s níor throid mé níos mó.
CzzzzzPrós
“Sin agadsa anois, a Chathail,” ars’ an luipreachán, “mar a
bhain mise mo bheatha amach, le mo láimh agus le mo lann, go
fiúntach macánta, agus níor bhrath mé ná níor chreach mé
aon duine ariamh go fóill, agus an uair a chuaidh mé ó
fhéidhm, agus mheath mo neart, thosuigh mé ar dhéanadh bróg
do na daoine maithe, agus níl ciste ná stór agam ach mar a
chidh tú, agus dá dhruim sin uile is sean-chomharsa dod’
mhuinntirse ariamh mise, agus is maith do shábháil mé do
mháthair mhór, sí sin Neili Reed air a torcradh le cú dubh
Charraig Chlochair agus le cú bán Chros an Phobail, iar
mbeith do’n tseanmhnaoi sin ’na girrfhiadh, agus í ag
cruinniughadh abhaile im agus bainne na tíre le n-a
draoidheachta malluighthe, agus le pirseoga, agus is beag a
shíl mise gur duine de’n chineál sin a thiocfadh do mo
chreach, nó a dhéanfadh díoghbháil nó dochar ar bith dhom.
Ach má’s mian leat éisteacht le cuid éigin de bhriathra na
sinnsirí ad táinig tú uatha, agus le réimh fhaisneas do
mhuinntir féin, agus fá theacht na Spáinneach agus na
Lochlannach go hÉirinn, agus mar éireóchas Gearóid Iarla
atá leis na cianta fá gheasa i Móta Mhullaigh Eilm atá i
ngar do bhaile [Áta]{Átha}-fhirdiadh, agus mar a bhéas an muileann
cró trí lá agus trí oidhche ag meilt ar a dhícheall, agus gur
leis a torcrar na Gaill as Éirinn. Nach minic a chuala tú
sin ag do mháthair mhór, a Chathail?” arsa ’n fear beag.
“Is fíor sin,” arsa Cathal, “agus dá mba é do thoilsa cuid
éicín de’n réimh fhios sin do mhíniughadh
dhomsa bhéinn fá n-a mhaith dhuit, agus bhéinn ní
ba réidhe leatsa ar ball,” arsa Cathal.
“Muise, déanfaidh mé sin leat,” arsa ’n luipreachán, “ach i
gcúrsaí atarrach ná bí ’brath airgid ná óir ormsa feasda.”
Agus leis sin tosuigheann leis an gceol arís, agus an
tairngire ar dtús mar leanas: -
Ó tháinig do’n áit seo Naomh Pádhraic beannuighthe,
A’ teagasg an chrábhaidh do mhná ’s do dheagh dhaoine,
’S ag díbirt gac galar is gnáthach d’ár cleachdadh ann,
Hó-ro! le Soisgéal na mbeo.
Sgrios sé as an áit seo pláigh is placairidh,
Shéid sé an púca as gach clúid dá gcleachtadh sé,
Ghlan sé na críocha ó dhaoil ’s ó fhroganna,
Hó-ro! ’sgach athair nimhe de’n tsórt.
Thosuigh an chléir a’ leigheas gach aicíde,
Sagairt is bráithre, ’s ní áirmhighim manaigh,
Gan chiste, gan stór, ná ór na Sasanach,
Hó-ro! ach mar gheall ar an nglóir.
Is annsin a chuaidh díthearbhaidh naomhtha ’tairngireacht,
Ar gach briseadh is díth bheadh i gcríocha Banba,
Criomhthainn Mac Fheidlime i ndiaidh Colum Cille fós,
Hó-ro! ’sgach duine dhá sórt.
Dubhairt go dtiocfadh ann éag is aicíde,
Ar éanlaith an aeir ’s ar bheithidhigh an mhachaire,
Go mbeadh fuath agus gráin ag páistí dhá sean-ghaolta,
Hó-ro! sul fa dtiocfadh an ló.
Beidh gorta gan tár gach áit ins an gcruinne ’lig,
Fir agus mná, is ní áirmhighim leanabháin,
Ag seangadh ’n gach áit ’g ithe bláth na luibheanna,
Hó-ro! is d’á mbiadhadh le pór.
Bhéarfaidh uaisle Chrích Fáil an chomhdháil go Cill
Choinnigh leo,
Is tiocfaidh litir ó’n mbainrioghan chun bánughadh an
oileáin seo,
Beigh fionnghal is smál i nAlt na Muice thart,
Hó-ro! is marbhó’r go leor.
Tiocfaidh na Spáinnigh i mbarca iomadamhail,
is cabhlach na Frainnce ag ionnsuidhe le Sasana,
Beidh an taobh thuaidh fá shluaigh ag Lochlannaigh,
Hó-ró! is tosóchaidh ’n gleo.
Beidh na saighdiuirí dubha ar siubhal ins na bealaighe ’lig,
Is brisfidh na droichid gach taobh dh’á racha’ siad,
Ar eagla go mbeadh na Gaedil a’ rith ortha,
Hó-ro! ach a gcoinneal sa gceo.
Beidh Danairí cáidhe i bpáirt le hAlbanaigh,
Le cuideadh san ár gach lá le Breatainigh,
Is racha’ gan spás a’ sárughadh bhaile Áth-fhir-diadh,
Hó-ro! mar a gcaillfidh an ló.
Le torann an lámhaigh lá na feille sin
Fosgló gach ráth ó Dhroichead-Áth’ go Gaillimh thart,
Tiocfaidh na tuatha, de shluaighte cailicín,
Hó-ró! go muileann an chró.
Seinnfear an buabhall ar stuaic Mhullaigh Eilim leo.
Is duiseó’r Gearóid Iarla san Chiarach Ceanann fós,
Ní fhanfaidh le diallaid, ach claidheamh is bearradh beag,
Hó-ro! go gcruinneó’ na slógh.
Ní mó ’ná trí huaire ó cluinfear an chéad torann,
Go dtosuighidh ’n ruathar ’s go ruaigfear na heachtrannaigh,
Beidh an muileann a’ síor-mheilt trí oidhche gan stadadh dhó,
Hó-ró! ’s ní bheidh Galla níos mó.
Annsin beidh Clanna Mílidh mar a bhí siad i n-allód,
Roinnfear na tíortha, idir mhaoin is fearann, leo,
Ní bheidh ocras ná íota ar dhaoine ná eallach ann,
Hó-ró! ná fionghal níos mó.”
“Sin agadsa anois, a Chathail,” ars’ an gréasaidhe beag,
“tarraoil ar na nidhthe atá le theacht i ngearr aimsir, agus
a réir mar a bhreathnuigheamsa is fearr dhuitse fuireach go
foighdeach le do chuid ronna ’ná a bheith a’ brath ar chuid
do chomharsan, mar is fiosach duit féin nach bhfuil duine ar
bith ar an tsaoghal seo atá i riachtanas nach bhfuil a sháith
le déanamh aige ’na shaothar, agus le n-a sholáthar bocht
féin, agus thairis sin,” ars’ an luipreachán, “amhail agus mar
atá lorg an ghurrtha in do dhá lom lorgainse, is mar sin a
bhéas do shaidhbhreas go fóill, óir, amhail
agus bhí leannán sidhe ag do mháthair mhóir, Nelli Reed, is
mar sin is dual duitse, a bheith pósta le céile de’n treibh
chéadna, mar atá Mairghréad Níc Aodha, inghean
Díotharfaidh Thir an Amhgair, agus beidh an dúitche fhada
fhairsing sin a géilleadh dhuitse agus dod’ iarsma go bráth
’do dhiaidh.
Agus ós mithid domsa a bheith ag sgur agus a bheith ag cur
suas mo threaltuí,” ars’ an t-abhach beag, “feach thusa fá
an leac sin ar do chúl, agus gheobhaidh tú giogóg óir agus
beir leat é.”
“Beir buaidh agus beannacht,” ar Cathal, “agus is dóigh
liomsa gur duine eicín de uaisle mo mhuinntir féin thusa, agus
gurab é dia mo ghaolta, eadhon, crom crú, a sheol mise
’teangmháil leat,” arsa Cathal, agus leis sin thug sé
sítheadh sanntach sár-lúthmhar, so-luaimneach fá’n leic, agus
ní mór nachar sgath sé na méire dhe féin agus nár bhris sé a
loirgneacha leis a’ dearg-phráinn a bhí air, agus ar thógáil
na leice dhó, do’n tubáiste a bhfuair sé annsin ach daoil,
ciaróga, agus morán de phéiste éagsamhla eile, agus ar thógáil
a chinn suas go luath do Chathal, ní bhfuair aige i n-áit an
ghréasaidhe ach cárnán deathnaigh, agus an t-eallach ’lig ins
an bhfoghail, ionnus go mbéigin do Chathal teicheadh
cois is tsodar len’ anam arís as amharc Shíogaidh Bhealach
na Muice, dhá raibh sé in a sheirbhís.
Annsin do chan Cathal an laoi seo mar leanas: -
Ó Dhia mo Athair, nach truagh mo chás!
’S mé claoidhte tuirseach, gan duine ’mo dháil,
Ach síogaidh gan beannughadh nár shíolruigh ó Adham,
A mheallfadh le siollaí an t-éan de’n bhfál.
Nach fiosach gach duine i gcríocha Fáil,
Dhá gcualaidh, dhá gcluineann, nó dhá gcluinfeadh mo dhán,
Dhá bhfuighinnse an ciste mar a shíl mé fhághail,
Nach ualach bratóg a d’fheicfidhe ar Chathal.
Ach siubhailfidh mé feasda gach bruighin is ráth,
Ó chuanta Bhiorra go Cathair Dhroichead-tha,
Thart síos a chois Banna, ’s go dtí’n tSraith Bhán,
’S cha philleam abhaile chuig mo mháthair mar ’táim.
“Agus dar a’ leabhar,” ar Cathal, “má chasann an giolla
céadna liom níos mó is mise a bhainfeas fuaim agus mac alla as
an mblaoisg aige, mar íoc ar son an chluain a chuir sé orm
agus ar son na mbréag a chuir sé in iúl dom ag lios an
phúca,” agus iar philleadh do Cathal abhaile ní raibh gas
fraoich ó Loch na gCeann go Currach Mhóin Éile nach raibh
ar n-a sgrios le muinntir Bhráigh, agus do bh’éigin do
Cathal talamh nuadh do bhriseadh dhó féin.
Go n-a é sin eachtra agus mearadh céille Chathail mac mic
Luirc, fear bratóg a bhí seal ’na chomhnuidhe ag Carraig-
Leic, agus ’na dhiaidh sin i dTiompaigh an Teampuill le
Sasanach a’ léigheadh Gaedhilge Gallda.
EACHTRA NA MUICE ALLA.
Lá dá raibh Diarmud Ó h-Éaluighthe ar thulach aoibhinn agus
é go subhach soimheanmnach tar éis fleadh agus féasda do
chaitheamh i bhfochair a bhantrachta, agus gabhas mian
fiadhaigh agus fonn cosgartha an tráth sin é, ionnus gur
cheangail sé a chorp i n-a chulaith aistir agus fíor
imtheachta, agus air sin tógas leis a shleagh shlios leathan
bharr chaol cómhdhíreach géar-fhaobhrach, agus leigeas fead ar
a choin ghuithbhinn taobhaoird fadchluasach fíorsrónach dár
bha chomhainm Réic, agus ionnsughidh árd na tulaigh amach
gach a ndíreach a’ déanamh air Charraig Uí Dhonnchadha, agus
ba chomhluath Réic in gach árd de na ceithre h-árdaibh, mar
atá soir, siar, ó dheas, agus ó thuaidh. Gibhe nár fhág sé
broc leathan chrúbach, géaringneach i bpluais, ná sionnach
mongach cabliath, fhaidiorballach i bpoll, ná míol
mungruach más caol mbuide eidir abhainn Mhuair agus Laoi
an lá sin gan díbirt is ruagairt is dian sganrú as a n-
ionadaibh, ionnus an méid nár marbh leis díobh gur ghabhadar
maidhaimh crubhallach seachranach i n-imigcéin, ionnus nár
bhfeas do Dhiarmuid ná do Réic car ghabhadar ó shoin i
leith. Ach an méid ar a rugadar díobh chiscáradar iad go
deagh-thapaidh; gidheadh ní na gcodladh do rugadar orra ach do
thoradh a réidh luais féin (mar sin féin) nó gur mharbhadar a
leor dóthain díobh an lá sin. Agus ar a bhfilleadh tar ais dó
dochum baile ag gabhail bóthair an ghleanna do lean Réic san
gcaoil isteach ag athchuardach agus glaodhas Diarmud air
agus glaodhas an dara feacht agus an treas feacht ar Réic,
agus do freagradh é don ghuth céadna. Iar sin gabhas fearg
mo Dhiarmud, óir
do shíl sé gur fear magaidh nó fonóide faoi do bhí ann; agus
adubhairt Diarmud le feirg mhóir na briathra seo mar leanas.
Dar anam t-athar agus do mháthar, a bhreallsúin bhaoth
fhriotallach leamh labhartaigh gan chiall gan cuimhne, gan
mhaise gan mhúnadh, ba chóra dhuit do ghnó féin do dhéanamh
agus leigean domsa thart. [Oir]{Óir} do bheirimse go deimhin dá
mbeitheá ar bharr cluaise agam nach bhfágfainn fonn bídh ná
dighe do chaitheamh ort dá mba mhór do dhúil ann; gidheadh ní
bhfuair uain fiú aon fhocal amháin do labhairt nár
threasaoibh air san gcaol do’n ghuth céadna, ionnus gur
ghluais Diarmud ’na réim ghrod reatha dá ionnsuidhe, agus
céard do chífeadh ann roimhe ach an t-ainmhidhe dá ngoirthear
an mhuc alla agus is do fhaisnéis an dealbh ’sa’ déanamh do
bhí uirre. Is amhla do bhí an mhuc alla so amhail meadar,
ceann leathan agus ceann caol uirre, agus aon chos amháin
faoi n-a lár. Agus an t-an do chuireadh chum aisdir nó
imtheachta do dhéanamh is amhla do bhíodh ag iompódh deire
thar ceann amhail roth muilinn; mar sin d’iompuigheadh i
n-aghaidh aird chom pras is d’iompuigheadh ceann re fánaidh,
a seithe mhór throm ghéar dheilghneach i n-a timcheall agus
trí slata d’iorball fada rudah uirre, agus dhéanfadh gach aon
ribe ar an iorball sin bó nó capall do cheangal, agus aon
lapa amháin láimhe amhail lapa bruic i bhfogus a béil ar an
gceann caol di le n-a gcuireadh a cnuasacht i n-a craos bhéal
i n-a rabhadar garbhstacháin cros fhiacail, amhail fiacla
sean-chullaigh agus ocht súile beaga liatha ar gach taobh dhi
d’fhoillsigheadh an oidhche mar an lá i n-a timcheall.
Gidheadh bíodh a fhios agad, a léightheóir, nach meathach na
meathlaoch do fuair i n-a mhisneach féin fanamhain le n-a
macasamhail do bhreithniú, ní áirighim comhrac do dhéanamh
léi. Ach mar do chonaic Diarmud an
t-ainmhidhe gráineamhail drochfheicsine nach bhfaca a
leitheid riamh roimhe sin, do ghabh gráin agus imeagla é.
Agus adubhairt: Cred é an sompolóir droch fheicsine tú féin?
Agus do chan sise an tuirioghall céana res. Agus adubhairt
an dara feacht, dá mba thú an mac mallachtach, ós geall res
thú, bainfeadsa a mhalairt sin d’urlabhra asad. Óir is
deimhin go gcuirfeadsa an tsleagh seo trí do chroidhe do’n dul
seo, mara dtugair a mhalairt sin d’urlabhra dhom gan fuireach.
Agus níor chuir sin a bheag ná a mhór de bhuaidhreadh ar an
muic alla ach a dtathnasg gach focal dá n-abradh go
gaiseadh sin bhfuirm agus san mbagairt céana air, ionnus gur
ghabh Diarmud fraoch agus fothrum feirge tríd sin, gur
ghríosaidh an chú léi agus tugas an mhuc alla iompódh dheire
thar ceann di féin agus buaileas sgrios iarracht dá h-iorball
ar an gcoin gur thógas os cionn talaimh chomh h-árd le barr an
chrainn fa neasa dóibh í, agus tógas Réic lán a bhonn
de’n chrann i n-áirde agus dféach síos ar an muic alla, agus,
cé go raibh ar dhroch aigne dhí, do b’fhearr leis fanamhuin
san gcrann ná teacht dá h-ionnsuidhe an dara h-uair. Is
annsin adubhairt Diarmud go feargach ris an gcoin teacht
anuas agus adubhairt an mhuc alla mar an gcéadna an tathasg
sin. Mar do chuala Réic an mhuc alla dá iarraidh ar teacht
anuas níor mhóide a dheithneas chum teacht é, ach d’fhan mar
bhí aige agus Diarmud agus an mhuc alla ag gáiridh faoi n-a
chéile gan mathamh focal ag ceachtar díobh dá chéile gur
eirigh a bhrigh agus a bheodhacht an Diarmud gur thug
urchar dá h-ionnsuidhe go fíor nimhneach, agus thug an mhuc
alla iompód deire thar ceann di féin ar mhodh gur leig sí an
t-urchar sin thairste agus thug an dara h-iompódh go ráinig sí
Diarmud agus an tsleagh agus gabhas Diarmud ag gríosacht
Réich go deifreach. Iar sin léimeas Réic
anuas as an gcrann agus ionnsuidheas an mhuc alla go sár
chíocarach, agus thug an mhuc alla leabhais iarracht dá
hiorball d’ionnsuidhe Réich, agus léimeas Réic ar a chúl
ionnus gur leig an iarracht sin thairis agus iompuigheas tar
ais go deagh thapaidh agus bheireas ar lán a bhéil de’n
iorball fada ruadh do bhí ar an muic alla, agus ritheas
timcheall an chrainn dara do bhí taobh ris gur chuir dá chor
de’n iorball go daingean docht timcheall an chrainn. Gidheadh
ní ar ghliocas do smaoinigh Réic faoi ndeara dhó an ní sin
a dhéanamh ach ag teicheadh ris ó’n muic alla. Nuair do
chonnaich Diarmud an gníomh sin do bhí ag Réic dhá
dhéanamh eirigheas a bhrigh agus a bheodhacht ann, agus
ritheas cum na shleagh agus láimeas í i nath uair go
feargach agus glaodhas ar Réic agus thug sáthadh sanntach
siornimhneach de’n tsleagh i gcraos na muice alla gur chuir
thríthe go talamh í. Agus ba chlos i gcnocaibh agus i
neallaibh fuaim, fothram, agus aithfhritiol na h-urghéime
do leig an mhuic alla an tráth sin ionnus gur imthigheadar
éanlaith an aeir agus gur sgannradar éisge ins na
h-abhannaibh agus nár fhan bó, caora, ná capall i gcomfhogus
dóibh gan imtheacht chum fáin agus ro seachránaigh. Agus i
dtaobh gabhar, do briseadar agus do mheilleadar a gcnámha i
gcnoca agus i gcarraigreacha ionnus nár fhrith a dtrian dá
sealbhudhóirí féin ó shoin i leith. Gidheadh is mó an
bhuidheachas do bhí air i dtaobh na muice alla do mharbhadh
ná an milleán i dtaobh na ngabhar agus na h-áirnéise. Ach
níor ghabh uamhain ná imeagla Diarmud tríd, ach do dhaingnigh
a shleagh go na crios go talamh agus adubhairt “do bfhearr
dhuit leigean domsa thart ná bheith san gcás a bhfuil tú
anois, agus innis dom cred é an t-ainmhidhe thú nó an díot a
goirthear an mhuc alla agus cia beag an t-anam a bhí
an uair sin innte do bhí an dáthasg innte gur threasaig an
turiol céana air.” Is annsin gabhas fearg mhór Diarmud
agus adubhairt “t-anam ó seo agus ó siúd, a shompolóir
ghránda cuirfeadsa deire ar do shaoghal anois.” Agus do’n
urlabhra do bhí innte se a dhéanamh thug an comhaoine céadna
dó gur mharbhas a h-aithle sin í. Gurab í sin Sealgaireacht
Dhiarmud Uí Éaluighthe ar an muic alla, agus adubhairt an
rann seo do Réich mar leanas: -
Is dearbhtha nach sgarfadsa go bráth le Réic,
Ar airgead do thabhairt dom nár hfearrde mé,
Leanfadsa do shealgaireacht mar adhacht damh féin,
’S gan mearbhaill bead feasda agaibh am mháighisdir game.
CRÍOCH.