Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus a Chuideachtan
Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus a Chuideachtan
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Compiler/Editor
Ua hÓgáin, Seaghán / Laoide, Seosamh
Composition Date
1913
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN.
RÉAMHRÁDH. Tá "Teacht agus Imtheacht an Giolla Dheacair" ar cheann de na sgéaltaibh Fian- naigheachta is fearr d'á bhfuil ann. Cibé do léighfead an "t-Iar-chomharthughadh" atá i bhfíor-dheireadh an leabhair, badh léir dó as caidé a mhéid de mheas a bhí ar an eachtra so ag graifneoiríbh meamraim agus páipéir. I dtaobh an teasc atá d'á chur os comhair an phobail anois, seo mar do thárla dhó teacht faoi chló: Do bhain Seaghán Ua hÓgáin ar dtúis é as láimhscríbhinn le Mac Uí Chearmada darab ionad cómhnuidhthe Cill Rosantaigh i nDéiseachaibh, agus do chuir chugam-sa le haghaidh "Irisleabhair na Gaedhilge." D'á bhárr soin, fuair an téacs so a chéad-scrúdughadh agus a cheartughadh bunaidh uainn araon. Fúm-sa do fágadh an cló ar fad d'á éis sin agus an foclóir, agus cibé locht atá ortha soin, ní hair-sean is tógtha é, acht orm féin im' aonar. Tá a lán focal i n-Eachtra an Ghiolla
Dheacair nár cuireadh riamh faoi ghluais agus tagra; dar ndóigh tá se lomilan díobh. An uairibh ní fhuaras de lom ortha so acht buille fá thuirim. D'á dhruim sin, níor chreart do'n choitchionntacht bheith ró- dhian orm-sa i n-a thaobh soin de, agus a rádh gur fairsing flúirseach iad focal dubha dorcha doilbhthe draoidheachta i dtéacsan- naibh na Nua-Ghaedhilge féin, agus go deimhin dearbhtha ní lughaide cruas focal ar "Theacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair" é bheith i nGaedhilge Fiannaidheachta, .i., ins an chaint scurtha is mó atá i leabh- raibh lámh na Nua-Ghaedhilge. Cibé scéal é, creidthear ár scéala nó ná creidthear, níor mhiste do'n mhac léighinn foghluim do dhéanamh ar an dtéacs so, agus a bhfuil de chómhgaraibh deasa cainte ann ó thúis go deireadh. S.L.
TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A CHUIDEACHTAN. Lá dá raibh Fionn mac Cumhaill mhic Airt mhic Thréanmhóir uí Bhaoisgne mhic Shuaithe shaidhbhir mhic Dháire dhuinn mhic Threunchalma i n-Almhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean iar n-ól fleadh measgaighthe meadhar-chaoin i dtús samhraidh shéimh-ghrianaigh, agus do bhíodar maithe agus mór-uaisle na Féinne i n-a fhocair, agus adubhradar gur mhithid dóibh dul do sheilg, d'fhiadhach agus d'fhian-chosgairt fá chnocaibh agus fá fhoithribh, fá fhásachaibh agus fá ghleanntaibh na hÉireann, óir is amlaidh do chaitheadh Fionn agus Fiann Éireann a n-aimsir, dá leith do dhéanamh de'n bhliadhain agus leath dhíobh sain do chaitheamh le seilg, le fiadhach agus le fian-chosgairt, is é sin ó Bhealtaine go Samhain, agus coinmheadh a mhuintire re h-ucht fuachta agus ansheasgaireacht ar bhrughaibh agus ar bhiadhtachaibh na hÉireann ó Shamhain go Beal- taine. Do rinneadh cómhairle leo cia an
cúigeadh de chúigeadhaibh na hÉireann i n-a rachadaois do dhéanamh seilge ar dtús, agus is í cómhairle ar ar chinneadar seilg dá chúigeadh mór-mhaiseach na Mumhan do dhéanamh ar dtús. Dála Fhinn agus na Féinne do ghabhadar rómpa i réidh-ghiorra gacha sligheadh agus i n-athghairid gacha conaire agus gacha caoimh-eolais a hAlmhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean, agus is é slighe do ghabhadar rómpa, eadhón, do chríochaibh Ó bhFáilghe agus do leathtaoibh bhFear gCeall agus do bhrosnachaibh Bladhma agus do dhá shliabh déag Fheidhilimthi agus do Clú Máil mhic Iughoine agus do Dhruim Chollchoille ris a ráidhtear Cnoc Áine an tan so, agus do sreathadh agus do suidheadh an tseilg sin leo fá Thulaigh na Fairsinge ris a ráidhtear Árd Phádruig anois, agus fá Cheann amhra Sléibhe Chaoin ris a ráidhtear an Sliabh Riabhach agus i gCoill na ndruadh ris a ráidhtear Críoch Fearnmhuighe, agus fá fhearannaibh urthor- thacha Uí Liatháin agus fá chríochaibh bhFear Muighe ris a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra, agus fá chrío- chaibh comháilne Chonnraoi agus fá shléibhtibh ur- árda Iarluachra Deaghadh, agus fá Loch Léin linnfhiaclach, agus fá chiumhsaibh na Siuire sreabh- uaithne agus fá Dhún Iasgach, agus fá shléibhtibh cómh-
thulcha cor-chnocacha Cuanach, agus fá mhághaibh fearann-ghlúnaibh mBan bhFionn, agus fá oir- thearaibh Ur-Mhumhan ar gcéadna, agus fá chrío- chaibh áilne éagsamhlacha Luimnigh, agus fá fhiodh mhór na Creatlaighe, agus fá imeallaibh árd- gharbha Máine, agus fá iartharaibh urárda Iar- Mhumhan, agus as sain go Bealach géag-shruthach gorm-ghlaiseach Ghabhráin. Cia trácht, ní raibh mágh ná mothar ná mórshliabh, fiodh ná fásach, fothar ná fán- ghleann an dá Chúigheadh Mumhan nach raibh taoiseach naonbhair d'fhiannaibh Éireann ag déanamh fiadhach agus fianchosgair an lá sain, agus is é ionad i n-ar shuidh Fionn féin i n-a dhumha seilge an lá sain i nDruim Chollchoille ris a ráidhtear Cnoc Áine an tan so; agus ro fhansad drong dána deagh-laoch i n-a fhochair ann, mar atá Oisín feardha feadhm-láidir fíor-ardhachta mac Fhinn, Osgar anghlonnach mac Oisín, Goll mear-mheanmnach mór- ghlonnach mac Mórna, Caolchródha cathbhuil- leach mac Mórna, Sgiathbhreac mac Dathchaoin fear iomchair sgéithe Fhinn; trí mic Aon- chearda Béarra, eadhón, Glas, Gearr, agus Gabha, Caoilte mac Rónáin, Diarmuid déid-gheal dreach-sholais Ó Duibhne, liagán Luaimneach
ó Luachair Dheaghadh, Conán maol mallachtach mac Mórna, eadhón, fear mísgéimhe agus mío- labhartha na Féinne, Fionn bán mac bhrea- sail uí bhaoisgne, agus Fearghus ó Finn, an file. Do sgaoil an Fhiann iar sin dá ngadhraibh sporacha ceólbhinne fá na feadhaibh agus fá na gleanntaibh diamhaire do-eolais, agus fá na foraoisibh fíor-achrannacha, agus budh bhinn le Fionn gotha na ngadhar agus glaodhach grodmhar na ngasradh, feadghail na bhfear fiadhaigh, torann agus tormán treathan-mhór na dtréan- fhear, luadhaill lán-lúthmhar na laochraidhe, agus greasacht lán-ghasta na bhféinnidhe bhfíor- ardhachta is na fothraibh, is na fásachaibh agus is na fán-ghleanntaibh i n-a ur-thimcheall do gach leith. Is annsain d'fhiafruigh Fionn de'n druing do bhí i n-a fhochair agus i n-a fharradh cia aca do rachadh d'fhoraire agus d' fhorchoimeád dóibh. Do fhreagair Fionn bán mac bhreasail uí Bhaoisgne agus adubhairt go rachadh féin d'fhor- choimeád dóibh, agus do chuaidh ar árd na tulcha do bhí i gcomhfhogus dó, agus do bhí ag machtnamh agus ag mór-fhéachain na gceithre n-árd i n-a thimcheall, mar atá soir agus siar, ba dheas agus
ba thuaidh, agus nior chian go bhfaca san árd anoir gacha ndíreach an fear mór fada fíor-ghránna féith-reamhar foirtill feadmh- láidir agus an t-andúil diabhlaidhe doidhealbhach frithshúileach, agus an moghaidh modartha mísgia- mhach; agus é ciar coirtighthe cnáimh-reamhar crom-cheannach corp-ghránna cros-fhiachlach. Is amhlaidh bhí an t-óglách sain agus sgiath mór mísgiamhach míleata duibhseach dubh-ghorm dath-ghránna ar stuaidhleirg a dhroma aige, agus claidheamh garbh-cham glan-altach gleóidh- bhéimeannach mall-bhearnach glas-iarainn ar a chois-tsliasaid chlí; agus da shléigh siothfhada sár-leathna slinn-ghéara i n-a láimh nár tóg- bhadh amach i ndáil éachta ná áthais le cian d'aimsir roimhe sin; agus lorg-fhearsad imrea- mhar iarnaidhe san láimh eile aige; agus níor mó slad-fhód imtheachta seisrighe damh ná gach fód dá mbaineadh an leathan-lorg sain as an dtalamh trom-fhódach i n-a dhiaidh; agus capall cnámhach ciardubh críon-altach creat- lom cruth-luinneach i n-a dhiaidh, agus é más-chaol más-mhaol mór-mhongach maol-ghuailneach mall meirtneach mall-chéimneach mío-dhatha- mhail; agus é leasg liodarach lag-chosach lán- truagh lán-ghránna lom-asnach, agus brat breac
bog-bhriste bog-shnáithe um an bhfear mór féin ar uachtar a earraidh agus a éididh, agus ba mó ná fuaim tuinne treathan-mhóire tréan- aidhbhle i n-aimsir athfhuair earraigh ag teacht d'ionnsaighe cuain agus caladh-phuirt, fuaim gach buille bhríoghmhair bhailc-neartmhair bhorb- láidir dá mbuaileadh an fear mór de'n lorg-fhearsaid iarainn do bhí i n-a láimh ar an oillphéist capaill ag iarraidh aistir agus im- theachta air, agus is iongnadh nach tairngeadh a cheann as a mhuinéal leis gach tarraing agus leis gach fásgadh fuinneamhach fíor ardhachta sár-láidir dá dtugadh sé ar an gcapall i n-a dhiaidh, agus dob' iongnadh nach tairngeadh an phéist capaill lámh an fhir mhóir as compar a chléibh agus a chroidhe leis gach sughadh agus leis gach fásgadh feardha fuinnmhidhe fíor-ardhachta feadhm-láidir da dtugadh ar a thóin siar le leisge aistir ná imtheachta a dhéanamh. Dála Fhinn bháin uí Bhaoisgne, mar do chonnairc sé ag teacht fá'n dtoichim agus fá'n dtuarasgbháil sin é, do ghabh iongantas agus úrghráin adhbhal-mhór roimhe é, agus d'éirigh i n-a sheasamh agus do thóg a earradh agus a éidheadh os mhaolaibh a mhás, agus do ghluais i n-a chasánaibh géar-luatha glan-reatha agus i n-a chéimeannaibh
tailc-iorrtha troigh-éasgaidh i gcionn aistir agus imtheachta le rabhadh agus le sgéalaibh chum Finn mhic Chumhaill agus na Féinne, an mhéid do bhí aran láthair sin díobh. Is amhlaidh do bhí Fionn an tan sin agus a mhac muirneach meadhrach maiseach mórdhálach míleadhta mear-chalma, eadhón, Oisín mac Fhinn, agus fithcheall chuanna cheardamhail chaomh-álainn i n-a bhfiadhnaise, agus iad ag imirt uirri go fáthach fíor-ghlic foistineach deagh-bheartach, agus ro bheannuigh Fionn bán de bhriathraibh míne milse maordha macánta dhóibh. D'fhreagair an Rí Féinne, Fionn, an beannachadh agus d'fhiafruigh dhe, créad do ghluais é ó'n obair do ghabh sé i láimh agus gur mhaith an obair faire agus forchoimeád do dhéanamh dhó féin, "agus an mhéid d'aidhmhilleadh do rinnsead Tuatha Dé Danann orainn riamh gach uair do bhámar ag seilg agus ag fiadhach na críche-se." D'innis Fionn bán an toisg agus an turus fá' dtáinig sé féin dá ionnsuighe, agus thug tuarasgbháil an fhir mhóir uadh mar is fearrdo bhí aige, agus adubhairt nár chóir dhó féin a shamhail nó a leithéid do leigean chuca, agus é bheith i seilbh choimeádta do dhéanamh dóibh. Ní cian do bhádar annsain go bhfaca- daran fear mór fada fíor-ghránna agus déanamh
madramhail mursanta meirgeach mío-dhatha- mhail air agus an capall i n-a dhiaidh, agus gidh gur ghearr uatha é, is fada bhí sé dá rochtain le maille agus le meirtnighe an tsiubhail do bhí faoi, acht do ráinig chuca fá dheireadh, agus ní dhearna túrnamh ná comhnaidhe go ráinig i bhfiadhnaise Fhinn. Annsain d'fhill a ghlún agus do chrom a cheann agus d'fheac a cholann, agus thug comhartha umhla agus urrama agus postraladh do'n rígh Féinne. Do thóg Fionn lámh os a cheann agus do thug cead athaisg agus uraghaill agus úrlabhra dhó, agus d'fhiafruigh sgéala dhe cia aca d'fholaibh uaisle no anuaisle an domhain é, nó cia do thrí rannaibh an domhain i ngnáthuigheadh a bheith, nó créad dob' oifig no céird dó, nó créad do-bheir each gan giolla aige, no créad dob' ainm dó re siubhal na gcríoch nó le taisteal na talmhan. Is annsain do shuidh an fear mór i bhfiadh- naise Fhinn agus is é ro ráidh, "Inneósad duit, a Fhinn, gach nídh d'fhiafruighis díom, cia aca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain dom: ní fhuil fios m' uaisle ná m'athardha agam ná mo ghéaga gei nealaigh ná mo chraobha coimhneasa; agus dá mbeith, do-bhéarfainn
duit-se a fhios. An dara nídh d'fhiafruighis díom, cia do rannaibh an domhain i ngnáth- uighim a bheith. Is fomhór foirtill fíorchalma me as tuaisceart Lochlann, agus ní ghnáthuighim aon rann áirithe do'n domhan, acht ag siubhal ar mhaithibh agus mhór-uaislibh an domhain mhóir ag fagháil tuillimh agus tuarastail uatha do cheann aimsire agus ógláchais do dhéanamh dóibh; agus do chualas do chlú agus t'ealadha agus t'árdnós-sa, a Fhinn," ar sé, "i mbéalaibh suadh agus seanchaidhe agus lucht léighte laoidh agus leabhar agus inniste maitheasa agus uilt agus cuarduighthe na cruinne re haoir agus re hadhmholadh, agus ar na hádhbharaibh sin thángas dod' ionnsuighe ar fheabhas do thuarasgbhála, agus dob' áil liom bheith go ceann bliadhna agat agus breith mo bhéil féin d'fhagháil uait i gcionn na bliadhna. Agus na neithe eile d'fhiafruighis díom, créad tug each gan giolla agam no créad dob' ainm dom re siubhal an domhain? Ní gan ádhbhar atáim gan giolla, óir is éigean dom biadh agus deoch céad fear d'fhagháil gach ló go n-oidhche, agus gibé triath nó tighearna ag a mbím, atá do mhéid mo mhuirearaighe féin gur leór dom é agus gan giolla do bheith agam, agus an Giolla Deacair is ainm dom, agus ní gan ádhbhar a
tugadh an ainm sin orm, óir ní fhuil san domhan mhór aon duine le ar deacra lá maoine ná maitheasa do dhéanamh ná me, agus ar dheacracht mo fhreastail, agus is iad sin mo sgéala féin, agus is iad ro fhiafruighis díom, a Fhinn, agus tuilleadh fós, dá fheabhas agus bhíthear liom, is baoghal gurab guith a dheireadh." "Níor éaras-sa aon duine ariamh fa thuilleamh ná thuarastal," ar Fionn, "agus ní éarfad thusa anois." Tugadar a lámha i láimh a chéile iar sin, agus ceanglaid a gconnradh le chéile go ceann bliadhna. Is annsain d'fhiafruigh an Giolla Deacair do Chonán mhac Mórna cia aca ba mhó tuar- astal marcaigh san bhFéinn ná tuarastal coisidhe. Adubhairt Conán go raibh a dhá oiread ris an gcoisidhe ag an marcach. "Maiseadh," ar an giolla, "cuirim féin d'fhiadhnaise ar mhaithibh agus ar mhór-uaislibh na Féinne atá annso, dá dtograinn féin sin, gurab ar each a bheinn féin ag teacht do bhar n-ionnsuighe, agus go bhfuil each agam gidh nach bhfuil giolla agam, agus an nídh do ghnáthuighim a dhéanamh rem' each do-ghéana me anois ris é, óir leigfead d'ionnsuighe na heachraidhe is neasa dhom é, agus cuirim ar do choimirce-se
é, a Fhinn, agus ar choimirce a bhfuil annso it' fhochair d'Fhiannaibh Éireann é," ar an Giolla Deacair. Leis sin do bhain an t-adhastar d'á each agus do leig imeasg eachraidhe na Féinne é, agus gidh truagh teirc-fheólach do bhí, agus gidh gur meirtneach meirbh míolúthmhar agus gidh gur leisg ludartha, ní ar ithe ná ar inghilt féir ná fásaigh tug a aghaidh, acht do chuaidh fa'n eachraidh agus do chuir a ghearr- earball goisdeach garbh-ruainneach i n-a cheart-cholg-sheasamh, agus do thóg an dá chois deiridh go deagh-thapaidh agus do nocht na fiacla fada fír-ghéara agus an dranndal duibhseach dubhghránna, agus is comhluath do chiorrbhadh agus do chomhmarbhadh agus do chomhbhriseadh sé na heach- radha le n-a cheann agus le n-a chosaibh do leith a thosaigh agus a dheiridh, agus do theasg le n-a fhiaclaibh iad. Acht dob' é deireadh na dála nár fhág aon each amháin d'eachraidh na Féinne nach tug easbaidh coise nó cluaise, leathshúil no leithcheann, no ainimh bhiothbhuan éigin nach féadfaidhe a leigheas ná a leasughadh go bruinne an bhrátha orra, sul d'éaluigh se riú. Agus iar milleadh agus iar gcórughadh eachraidhe uile na Féinne dhó mar sin, d'ionnsuigh sé each Chonáin Mhaoil mhic Mhórna do bhí ar
fhéar-ghort dath-álainn leis féin ó'n eachraidh eile agus dob' áil leis an cleas céadna a dhéanamh ris. Mar do chonnairc Conán Maol sin, adubhairt ris an nGiolla Deacair, éirghe agus breith ar a each agus gan a leigean dó a each féin do mhilleadh ná do mhíochórughadh ní budh mó, nó go n-eireóchadh féin agus go leigfeadh a inchinn tré innistribha chinn agus a cheann-mhullaigh gan cáirde gan fuireach. Adubhairt an Giolla Deacair ná rachadh féin dá fhóirithin ó nach raibh giolla aige, agus nach raibh cumas a eadrána aige féin acht maille leis an adhas- tar a chur air, agus a bheith i láimh duine; agus dá ndéantaoi sin ris, do-gheóbhadh bás de'n ghorta; agus nár bheag leis féin a bheith d'á chong- bháil an tan do bheith sé ag siubhal nó ag sírim- theacht re cois a thighearna, nó an uair do bheith sé ag imtheacht le toisg no le turus dó féin. Dála Chonáin, d'éirigh go dísgir dána deagh-thapaidh agus go bríoghmhar borb baois- chéillidhe, agus do rug ar an adhastar agus do ghluais roimhe i n-a bhuinneadhaibh bríoghmhara rachtacha iongantacha, agus gér dheacair breith ar an each sain an Ghiolla Dheacair, do rug air, agus do chuir an t-adhastar ris, agus tug leis i bhfiadhnaise Fhinn é, agus adubhairt go feargach fuasaoideach
fír-neimhneach muna mbeith ar son Fhinn, go mbrisfeadh sé a chloigeann gan fuireach, agus adubhairt gurab iomdha droch-fhéinnidhe fuair Fionn riamh agus nach fuair féinnidhe budh mheasa ná marcach an eich sin. Mar sin dó athadh fada ar adhastar ag Conán agus nár bh'áil leis an nGiolla Deacair a ghlacadh uadh, agus nach mó do ghlac aon duine eile uaidh é. "A Chonáin mhic Mhórna," ar Fearghus Finnbhéil, "is fada go ndéantá-sa giollai- dheacht do churadh no do chaithmhíleadh san domhan, agus tuig gur mór an táiragus an tarcuisne dhuit ort féin, an t-óglách ar ar locadar fir Éireann uile giollaidheacht do dhéanamh dhó ar olcas a chrotha agus a dheilbhe agus ar anuaisle a fhola, tu féin a bheith ag giollaidheacht dó, agus is éagcóir, má's ar olca leis an each sain an Ghiolla Dheacair atá tu, nach ar a mhuin a théighir agus cnuic, coillte agus cabháin agus tulaigh taobh-áilneagus madhmanna mór-shliabh, agus beanna allta buan-árda do thaistealughadh agus do thimcheallughadh leis, nó go mbrisfeadh a chroidhe i n-a chliabh le siubhal agus le saothar." Éirgheann Conán an tan sin le greasacht an fhileadh ar mhuin eich an Ghiolla Dheacair do bhaoith-léim éadtrom eadarbhuasach, agus buail-
eann a dhá láimh 's a dhá chois i n-aoinfheacht i n-a chliathánaibh, agus gidh go mbudh bheag gluai- seacht fuilt nó fionnaidh, ní dheárna each an Ghiolla Dheacair go beag ná go mór leis sin, "Aithnighim féin, a Chonáin," ar Fearghus, "an t-ádhbhar fá nach siubhlann an t-each sain fút-sa, eadhón, marcach ró-throm do chleacht sé bheith air, agus go rachadh uimhir is comhthrom leis d'Fhiannaibh Éireann ar a mhuin ní chuirfeadh sé aon chor de." Is annsain d'fhiafruigh Conán ciaaca d'Fhiannaibh Éireann do chomhaontóchadh leis féin do dhíoghailt easonóra eachraidhe na Féinne ar an gcapall sain? Adubhairt Art óg mac Mórna go rachadh féin air, i n-éiric a eachraidhe do mhilleadh agus do mhíochórughadh dhó. Adubhairt Caol-chródha cath-bhuilleach an nídh céadna, "agus mise," ar Aonghus mac Airt óig mhic Mhórna, "agus mise," ar Dáire duanach mac Mórna. Cia trácht, do chuadar ceithre fir déag de Chlannaibh Mórna agus de Chlannaibh Baoisgne air, agus do ghabhadar uile dá chomh- bhualadh agus dá chomhbhrúghad i n-aoinfheacht agus níor bh' fheirrde dhóibh, óir níor ghluais sé sin aon troigh amháin d'áit a chos acht ag luighe fútha seal agus ag éirghe arís.
"A Fhinn mhic Chumhaill," ar an Giolla Deacair "ní bheidh me féin níos sia im, óglách agat agus imtheóchad rómham, agus ní fhanfad ní bhus faide agaibh-se, agus a Fhianna Éireann," ar sé "gidh gairid ó thánag féin chugaibh, is fada liom é go deimhin, agus dom' dhóigh, is tuarasg- bháil bhréige do chuaidh oraibh, agus mar shaoilim, is mór an masla agus an míochlú, an táir agus tarcuisne dhuit me féin do theacht chugaibh do'n turus-so, óir gidh mór do theist agus do thuarasgbháil riamh gus indiu, is deimhin go rachaidh an oiread de tháir agus de mhíochlú ort óm' theacht chugaibh, agus ní fhuil contabhairt a Fhinn, ná gurab aithreach leat me féin d'fhostadh agus tuarastal do ghealladh dhom, agus munab aithreach, ní fhuileóngthá an díoghal úd a thabhairt ar m'each id' fhiadhnaise gan ádhbhar." As a haithle sin d'éirigh an Giolla Deacair go meirbh míolúthmhar agus go leasg liodartha, agus do cheileabhruigh d' Fhionn agus d' Fhiannaibh Éireann, an mhéid do bhí ar an láthair sin díobh. "Ná himthigh," ar Fionn, "agus gach ar gheallas duit, comhaillfead dhuit é gan con- tabhairt." "Truaighe sain," ar an Giolla Deacair, "do-bheirim-se féin briathar, dá mbudh í an oidhche anocht an oidhche dhéidheanach
de'n bhliadhain, agus an gníomh úd do dhéanamh orm, nach fanfainn lem' thuarastal a thógbháil i mbárach gan imtheacht anois, agus ó thuigim bhur miosgais dhom, ní fhanfad agat níos faide, agus béarfad bhar dteist agus bhar dtuarasg- bháil liom ar feadh na gcríoch, agus adubhairt an laoidh:- Beidhead-sa anois ag dealchadh, a Fhinn, riot-sa agus ret' Fhiannaibh Ní fhuil acht mearchadh do laoch teacht dod' iarraidh; Fionn — Guith orainn ná tabhair-se agus ná himthigh uainn fa dhólás; Luighim-se fám 'armaibh gaisgidh nár chailleas riamh ar óglách; Da bhfanfá-sa im' fhochair feadh bliadhna, a Ghiolla Dheacair, Do-bhéarfainn gan gó dhuit ar gheallas 'n-a dheaghaidh. Giolla D. — Dá mbeidheadh de'n bhliadhain acht aon ló gan caitheamh Ní fhanfainn id' fhiadhnaise tré n-a ndearnais fúm do mhagadh; Cuirim suas dod' mhuinteardhas, a Fhinn, gidh maith do theastas; 'San bhFéinn ó nach fuilingtear me ag imteacht uaibh-se biad feasta.
A haithle na laoidhe sin d'éirigh an Giolla Deacair i n-a cholamhain chomh-dhíreach i n-a cheart-sheasamh agus tug aghaidh siar budh dheas gacha ndíreach, agus mar chonnairc ann capall a thighearna ag fágbháil na tulcha i n-a raibh Fionn agus an Fhiann, do ghluais féin i n-a dhiaidh agus na ceithre feara déag sain ar a mhuin, agus mar do chonnairc Fionn agus an mhéid do bhí i n-a fhochair d'Fhiannaibh Éireann sin, do léigeadar gáir sgige, fochmhaideagus fonamhaide fútha, agus ní fada do chuaidh an Giolla Deacair uatha an tan do thógaibh a éadach ós maolaibh a mháis agus a lurgan agus gluaiseas roimhe go dísgir deagh-thapaidh agus go tric teann talchair troigh-éasgaidh tinneasnach agus go cródha calma coimh-neartmhar mar luas fáinle no feirbe, no mar shíoth ghaoithe tar cheann machaire nó maoil-tsléibhe i meadhón míosa Márta; is é sin treise, díosgaireacht agus deagh-thapadh do bhí i gcosaibh an Giolla Dheacair ag imtheacht uatha, agus ní faillightheach do freagradh sain le n-a each: gér mhór a eire agus a ualach, tug criothnughadh air féin agus do ghluais i n-a bhuinneadhaibh ró-dhiana racht-aigeantacha reatha, eadhón, an t-each i ndiaidh a thriaith agus a thighearna, agus dá mbudh tuirling budh mhian
leis an muintir do bhí ar a mhuin ní raibh ar gcumas dóibh, óir do leanadar a lámha agus a gcosa do'n chapall go docht daingean do- sgaoilte ionnus nár fhéad neach aca tuirling de. An uair do chonnairc Conán Maol mac Mórna sin ro léig, tráth, gairbh-sgread dhuaibhseach uathbhásach dho-fhulaing as, agus ro ghabh ag aoireadh agus ag aithisiughadh Fhinn agus na Féinne ar gcéadna fo n-a leigean leis an arracht fhuathmhar úr-ghránna nár bh'fheas críoch no cinéal de'n domhan arab as dó; agus do chuir sé Fionn agus Fiann Éireann fá gheasaibh, muna leanadaois é féin agus an mhéid do bhí i n-a fhochair de'n bhFéinn ar an each sain, gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a ngeóbhadaois nó go mbainfidís amach iad d'ais no d'éigean de'n andúil diabhlaidhe do-dhealbhach sain ag a rabhadar i mbroid. Dála Fhinn mhic Chumhaill agus na druinge do bhí i n-a fhochair de'n bhFéinn, tugadar lámh thapaidh laochda tar a leathan-armaibh, agus gluaisid rómpa go dian dísgir dána deagh- thapaidh i dtóruidheacht a muintire, agus is é eólas i n-ar ghabh an Giolla Deacair go díreach roimhe siar do Chríochaibh bhFear Morc, re a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra an tan so,
agus do Shliabh leathan-mhór aoibhinn Luachra, agus as sain do Chorca Uí Dhuibhne, agus san bhfairrge fhíor-dhoimhin fhuar-linntigh si ar gacha ndíreach, agus ag dul amach do'n Ghiolla Dheacair i gciumh- saibh an chuain agus an chaladh-phuirt is ann do rug Liagán luaimneach ó Luachair Dheaghaidh orra, agus ro fháisg a dhá dhóid ro-reamhra ro- mhóra agus an dá láimh láidre lán-chalma i bhfolt an eich, agus dob' áil leis a tharraing i dtír go hathgharbh ainmhín ardhachta, agus a chong- bháil go mbéarfadh Fionn agus an Fhiann air. Gidheadh, tug an t-each tarraing fearamhail fíor-ardhachta ar Liagán agus fuaduigheann leis i gcraos mara agus mór-fhairrge é agus dá mbudh dealughadh leis a mhian ní raibh sé ar gcumas dó, óir do leanadar a lámha dhe, ionnus go rabhadar cúig feara déag d'Fiannaibh Éireann air mar sin, agus is amhlaidh do bhí an muir i n-a thráigh thirm théachtaighthe rómpa agus i n-a mhotharaibh mór-thonnacha míchéillidhe mear-chalma i n-a ndiaidh. Dála Fhinn agus na Féinne, do bhádar dá bhfeitheamh agus dá bhféach- ain nó go ndeachadar as a radharc agus tar a bhfaicsin uatha, ionnus ná raibh a fhios aca cá háird d'áirdibh an domhain i n-ar ghabhadar; agus fá dubhach agus fá tuirseach trom imshníomhach
ro bhí Fionn agus a raibh i n-a fhochair de'n bhFéinn an tan sin de chumha a gcarad agus a gcompánach, agus tar éis a bhfuaradar d'aistear agus d'anbhuain dá leanmhain. Is annsain d'fhiafruigh díobh créad do- dhéanfadaois. Adubhradar sain gur bh' fhearr é féin i n-eagna agus i gcomhairle agus gibé nídh ar a gcinnfeadh sé féin agus Fearghus ó Finn, an file, go mbeadh sé seasmhach aca féin. "Is í mo chomhairle-se dhíbh," ar Fearghus, "dul go Beinn Éadair mhic Eadghaoithe, óir d'fhágbhadar Tuatha draoidheachta dath-áilne dealbh-chaoine Dé Danann de bhuaidh uirri, gibé de shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic Fhéniusa Farsaidh do rachadh dá hionnsaighe ar a mbeith éigeandáil gábhaidh le hathaidh na hÉireann d'fhágbháil le toisg no le turas, go bhfuighfeadh long ullamh in-imtheachta ar a chionn san gcuan gan ball dá hiarraidh do dhíth ná d'uireasbaidh uirri." Ro chinneadar ar an gcomhairle sin do dhéanamh agus do ghluaiseadar rómpa i n-athghairid na conaire céadna tar a n-ais, agus níor chian dóibh go bhfacadar dias ghaisgidheach tailc-iorrtha troigh-éasgaidh gacha ndíreach dá n-ionnsaighe agus treallamh troda agus teagmhála agus aibíd
imreamhar iarnaidhe ar gach fear díobh, agus dá bhrat sgiamhdha sgárlóide umpa, agus dealg óir ór-loisgthe in gach brat díobh, agus tángadar do láthair iar sin mar a raibh Fionn agus Fiann Éireann, agus tugadar comhartha umhla agus urrama agus postraladh do'n Rígh Féinne. Tógbhas Fionn a lámh ós a gcionn agus do thug cead athaisg agus uraghaill agus urlabhra dhóibh agus d'fhiafruigh sgéala dhíobh, cia hiad féin nó cá tír nó talamh dóibh, cia a n-anmanna, nó cia an rí do ríoghaibh an domhain dar chlann iad? "Clann do rígh na hIndia sinn- ne," ar siad, "agus Feardhach agus Foiltleabhair ár n-anmanna, agus is é adbhar fá bhfuilmíd ag siubhal an domhain, dá fhéachain an bhfuighmís aon duine do dhéanfadh ceart breitheamhnais eadrainn is an dá cheird atá againn, agus do chualamar do chlú-sa i mbéalaibh suadh agus seanchaidhe agus lucht léighte laoidh agus leabhar, agus ráidhte maitheasa agus uilc, nach bhfuil san domhan aon duine is gaoithe agus is glioca agus is intleach- taighe ná Fionn mac Cumhaill," ar siad, "agus is uime sin tángamar dod' ionnsaighe agus dob'áil linn a bheith bliadhain ar do theaghlach." "Do gheobhthaoi sin dá mbadh toil libh féin é," ar Fionn. "Is toil, go deimhin," ar siad.
"Maiseadh, innisidh bhur gcearda," ar Fionn, "go mbreathnuighinn iad, ionnus gur feirrde dhéanfainn breith do thabhairt eadraibh." "Ceird ar leith agus gaisge ar leith atá ag gach fear againn," ar siad, "óir dá mbeidís deich gcatha fichead bhfear n-Éireann ar aon láthair," ar Feardhach, "agus uireasbaidh loingeas a bheith orra do dhéanfainn-se a nd óithin loingeas dóibh acht go mbuailfinn trí bhuille de'n tuaigh shaoir-se atá agam ar mo chrann tabhaill, agus ní iarrfainn d'uain ná d'aga acht a gcinn d'fholchadh ar feadh na dtrí mbuille a bhualadh dhom, gurab í sin mo cheird féin," ar sé. "Maiseadh, is í is ceird dhomh-sa," ar Foiltleabhair, "go mbéarfainn lorg na crón-lachan ar feadh naoi n-iomaire déag d'ionnsaighe a háite agus a hionaid féin go mbéarfainn uirri ar a neid, agus is comh- mhaith do-ghním sin ar muir agus ar tír," ar sé. "Is maith na cearda sain agaibh," ar Fionn, "agus righmíd-ne a leas díobh anois," ar sé, "óir ní fhuil 'san domhan dhá nídh is mó atá d'uireasbaidh orainn ná longa agus lorgaireacht mhaith do dhéanamh dhúinn, agus gidh gur maith ár lorgairí féin is maith linn lorgairí eile do bheith againn do chongnamh dhóibh." "Cia na
lorgairí atá agaibh?" ar siad. "Clanna Neamhain," ar Fionn, "eadhón, Caolchródha ó Neamhain agus Smeig-ar-dhrúcht ó Neamhain agus Aodh fada ó Neamhain agus Fear feadha ó Neamhain." Is annsin a d'fhiafruigh- eadar d'Fhionn créad an t-éigean ná an gábhadh do bhí air, ó do bhí i n-éigean nó i ngeall na neithe sin d'fhagháil tar iomad a chabhlaigh féin agus a lorgairí, agus a bhfeabhas do lorgairíbh agus do longaibh. D'innis Fionn ó thús go deireadh sgéala an Ghiolla Dheacair dóibh, agus amhail do rug sé cúig feara déag d'Fhiannaibh Éireann leis agus gurab ag dul go Beinn Éadair ag iarraidh loingeas do bhádar. "Muna bhfuil oraibh acht sain," do ráidh Feardhach mac rígh na hIndia, "do dhéanfad-sa bhur ndóithin long agus luath- bhárc díbh." "Go deimhin is cinnte," ar Foiltleabhair, "gibé áird d'áirdibh an domhain i n-ar ghabhadar go leanfad-sa go féigh fuireachair fíor-ghlic iad díbh-se nó go mbeir- ead dá n-ionnsaighe sibh." Do críochnuigheadh an chomhairle sin leó go lán-ádhbhal, agus do thrialladar tar a n-ais nó go rángadar rómpa go Clochán Chinn Chait, agus iar rochtain na háite sin dóibh adubhairt Feardhach leó
a gcinn d'fholchadh, agus do rinneadar amhlaidh, agus ghabh Feardhach a chrann tabhaill, agus do bhuail trí bhuille agus iar dtógbháil a gcinn dóibh is amhlaidh chonncadar an cuan craosach crios- leathan lán do longaibh agus do luathbhárcaibh. Dála Chaoilte do léig trí bhog-ghlaodh, trí áird-liúgh agus trí fhead bhinne as, ionnus nach raibh fiadh ná fothar, fásach na fán-ghleann, magh, mothar ná mór-shliabh dá chúigheadh mór- gharg na Mumhan nachar chlos na glaodha sain, agus ód' chualadar an Fhiann an fógra sain Chaoilte, níor fhanadar le seilg, fiadhach má fianchosgar, óir budh dearbhtha deimhin leó gurab éigean gábhaidh do bhí ar an Rígh Féinne, an tan chualadarna trí barn-ghlaoidh bhoga do leig Caoilte as; agus do ghluaiseadar rómpa i n-a ndrongaibh agus i n-a mór-bhuidhnibh diana dísgre dána dásachtacha agus ní haith- ristear sgéala orra nó go rángadar iarthar Chorca Uí Dhuibhne mar a raibh Fionn, agus d'innis dóibha sgeala ó thús go deireadh, amhail tháinig an Giolla Deacair chuca, agus mar d'imthigh sé uatha arís. D'fhiafruigh Oisín mac Fhinn de'n Rígh Féinne cá líon do rachadh leis do thóruidheacht a mhuintire. "Is beag liom a bhfuil annso
d'Fhiannaibh Éireann a dhul liom," ar Fionn. "Ná habair sin," ar Oisín, "óir ní beag linn oiread a ndeachaidh uainn de'n Fhéinn do dhul ann, agus acht go roigfeam féin a chéile an deichneabhar ar fhichid, ní fhuil críoch ná cineadhach san gcruinne i n-a racham nach caithfeadh bheith umhal urramach dúinn, ar ais nó ar éigean." "Mai- seadh," ar Fionn, "is cead liom-sa an nídh is cead libh-se, agus tógbhaidh féin na cúig feara déag is fearr lámhach agus is mionca do fromhadh i n-am imreasáin agus easaontadh de'n Fhéinn, agus féachain cia fhuigfeam i n-áird-cheannas na hÉireann im' ionad-sa ós cionn na Féinne go teacht dúinn tar ár n-ais arís." Is í comhairle ar ar cinneadh leó, Oisín mac Fhinn d'fhágbháil ós cionn na Féinne go filleadh dóibh arís, óir is é budh shine agus budh oirbheart- aighe do chloinn an Rígh Féinne. Agus is iad so drong do dheagh-laochaibh do chuaidh le Fionn san turas sain, i. Diarmuid déad-bhán dreach-sholais ó Duibhne, Osgar anghlonnach mac Oisín, Goll glac-láidir mac Mórna, trí mic Aonchearda Béarra, eadhón, Glas, Gearr, agus Gabha, Sgiathbhreac mac Dathchaoin, fear iomchair sgéithe Fhinn, Caoilte mac
Rónáin, Caolchródha céadghoineach óNeamhain, agus trí mic an Rígh Féinne, eadhón, Iollann faobhar-dhearg mac Fhinn, agus Aodh Beag mac Fhinn agus Fearghus finnbhéil, file na Féinne, Fionn mac Glóir, rí Féinne d' Fhéinn Uladh, darab ionann máthair dó féin agus d'Fhionn, óir dob' í Muireann Munchaomh inghean Thaidhg draoi mhic Nuadhat a máthair araon, agus Fear- dhach agus Foiltleabhair, dhá mhac rígh na hIndia maille riú. Tiomnann Fionn an drong deagh-laoch do bhí i n-a fhochair ag dul leis san turas sain. Ceileabhras d'Oisín agus do mhaithibh na Féinne, agus budh déar-chaointeach dubrónach do bhádar leith ar leith ar sgaradh leó le chéile, agus adubhairt Oisín an rann agus d'fhreagair Fionn dó, amhail isbeart:- Oisín. — Tusa ar eachtra ag imtheacht, a Fhinn arm-ruaidh fhuiligh, Do theacht id' luing leabhair go hIath Éireann fuinn fhuinidh. Fionn. — Tusa uainn ag anmhain gan baoghal gan anbhuain A ruisg mhíonla mhaill-réidh, a dhuis díona deagh-shluaigh. Oisín. — M'éacht ort, a Fhinn Almhan, éacht is oircheas d'fhógra,
T'iompódh san gcuan chéadna go fionn-chlár fuar Fódla; Mise uaibh ag fanamhain, cá bhfuil céim is usa? Ag cur do chlú i gcathaibh is dearbh go rachaidh tusa. A haithle na laoidhe sin do chuireadar amach go mear-chalma míleata mór- aigeantach a long luchtmhar leabhar-bhláith agus a mbárc bheann-chorrach bhroinn-fhairsing bhréid-leathan 'san sál-mhuir linn-fhuar lán- doimhin ró-fhairsing go soin-díreach, agus Foilt- leabhair mac rígh na hIndia an t-eólaidhe ag déanamh eólais dóibh ar chorr-thosach na luinge, ag leanamhaint luirg an Ghiolla Dheacair agus a chapaill; agus d'fhiafruigh Fionn d'Fheardhach mac rígh na hIndia, créad do dhéanfadaois re a raibh do loingeasdíomhaoin aca? "Do-ghéan-sa a gcur ar neimh-nídh tré ghaois agus tré gheintlidheacht na healadhan draoidheachta atá agam nó go mbeith i n-eas- bhaidh ort acht an long i n-a bhfuilir-se dhíobh, agus dá mbeith práidhinn agat leó, d'fhéadfainn- se do dhóithin long agus luath-bhárc do dhéanamh dhuit le prap na súl, nó le haithghearr aon- uaire." Suideas Feardhach ar dheireadh na
luinge, agus do shuidh Fionn agus a mhuintir ar shleasaibh seas-árda sár-dhaingne na síoth- bháirce, agus gabhaid chuca annsain rámha slinn- leathna síth-righne seang-mhulcha i n-a ndóidibh daingne do-sgaoilte dath-áilne donn- ingneacha, agus do rinneadar iomramh dian dásachtach doi-eadrána go rángadar i gcrioslachaibh fuara fliuch-linnteacha fionn- ghlasa fíor-dhoimhne foghairt-ghearánacha na fraoch-fhairrge; agus mar rángadar annsain d'éirigh an dubh-fhairrge dóibh i n-a dromann- aibh dána dásachta do-sgaoilte agus i n-a gleanntaibh garbh-liatha glór-uallacha gráin- doilghe gorm-reamhra agus i n-a srothaibh saidhbhre sár-luatha siansánacha siubhlaidhe sár-bhriste, agus i n-a gcuasánaibh cáinteacha cioth-mhóra agus i n-a broinntibh breacmhara bárr-cheathacha buan-chubhracha, agus i n-a motharaibh mór-thonn- acha mí-chéillidhe, agus freagrann an ghaoth go fuasaoideach feadhm-láidir fulaing-thréan ris na féinnidhibh, ionnus gur thúrnadar mongháir agus meadhair-anfach na mara de'n mheasgadh sain go raibh go féith-chiuin fosaidh fíor-mhín. Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar an fhaill mhór agus an charraig chorr chiardubh cheann-
gharbh chomhdhaingean, agus Foiltleabhair mac rígh na hIndia ag leanmhain luirg an Ghiolla Dheacair go díreach deagh-thapaidh chum na cairrge réamhráidhte, agus budh haidhbhseach agus budh hárd ur-ghránna leo a haoirde suas i néalaibh na fíormaimeinte, agus budh sleamhaine, trá, ná com amh-eascoine gac slios slim- réidh de'n ruadh-charraig doi-réidh sin, agus ní raibh conaire ná slighe aca i rachadaois suas uirre, agus ní fhuaradar lorg an Ghiolla Dheacair ná a ghearráin uaithi i n-aon áird d'áirdibh an domhain, agus ro budh holc agus budh himshníomhach le Fionn agus le Fiannaibh Éireann gan ar gcumas dóibh a muintir do leanamhaint tairis sin, do bhrígh nach bhfuaradar slighe ná conaire i rachadaois suas ar an gcarraig. "Créad an mhaith atá dhúinn," ar Fearghus Finnbhéil, file na Féinne, "an tí do hoileadh do leasuigheadh agus do lán-mhúineadh ag Manannán mong-bhuidhe mór-cheardach mac Lir i dTír trácht-mhín Tairngire agus ag Aonghus ilcheardach mac an Daghdha san bhrugh ós Bóinn, agus an tí ag á bhfuil gach ceird agus ealadha agus cumhachta dá raibh aca-san de dhíoghluim deagh-fhoghlamtha de ghlan-mheabhair, agus ná téid sé do léim éadtrom eadarbhuasach, do thoradh
a ealadhan agus a dhraoidheachta, do dhéanamh teórann dúinn agus do thabhairt sgéala dhúinn ón gcarraig, agus gur cinnte linn gurab ann- so suas do ghabh ár muintir agus gur dóigh linn gurab ann atá árus comhnuidhthe an Ghiolla Dheacair?" Iar gclos athaisg an draoi do Dhiarmuid ó Duibhne, do ghabh náire agus imdheargadh é agus is é adubhairt, "Is chugam- sa adeirir sin, a Fhearghuis." "Is chugat go deimhin," ar Fearghus. Ro éirigh Diarmuid iar sin, agus gabhas a iorradh agus a iolfhaobhar chuige agus do rinne ar a dhá shleigh shioth-fhada shlinn-ghéara, agus do ghabh sleagh díobh in gach láimh leis, eadhón, an Crannbhuidhe agus an Ga Dearg a n-anmanna, agus tug criothnughadh curadh air féin, agus d'éirigh go hur-éadtrom éanamhail eadarbhuasach do chleasaibh cóimh- neartmhara a cholna, d'urlannaibh a shleagh agus do chrannaibh a chraoisighe nó gur ghabh leithead a dhá gheal-bhonn de'n fhearann áluinn fhéar- uaine ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe cloch-aimhréidhe thuas. Agus ar rochtain ann- sain dó, d'fhéach ar a mhuintir uaidh síos ro fhágaibh san luing dá éis. Fá leór d'ádhbhar uathbháis agus ur-ghráine leis silleadh agus féachain orra le n-a fhad agus le n-a mheirtnighe uaidh
síos do bhádar, agus féachann an tír ar gach taobh de, agus do chonnairc sé na magha mion- sgothacha mór-fhairsinge agus na tulcha torthacha taitneamacha taobh-uaine agus na cnuic inbheacha ur-aoibhne, agus budh mhór an tógbháil uaille agus droch-aigeanta agus an sgrios maoithe agus do- mheanman bheith ag silleadh agus ag sár-fhéachain orra, óir budh bhinn uaill sreabh, ceól éan, dórd beach agus foghar gaoithe innti. Ro ghabh Diarmuid ag siubhal na críche; níor chian dó iar sin go bhfaca an tulach árd ur-aoibhinn fhéar-uaine, agus bile bioth-áluinn buan-torthach fleasgach foi-ghéagach i gceart-mheadhón na tulcha agus cairthe chloiche chaomh-áluinn i n-a seasamh le taobh an bhile agus tobar linn-ghlas glan-fhuar re taoibh na cairthe agus ní fhaca aon duine timcheall an tobair ná na tulcha, agus d'ionnsuigh Diarmuid an tobar, óir budh luinneach lúthgháireach leis a fhagháil ar an ádhbhar go raibh sé lán do thart agus do throm- íotaidh d'éis a bhfuair sé d'olc agus d'anfhorlann ar muir agus ar mór-fhairrge, agus níor fuilngeadh leis a bheith ag a fheitheam i bhfad an tan do chrom ag ól dighe, agus chomh luath agus chrom a cheann do chuala trost agus torann trom-ádhbhal agus do shaoil gurab léir-shluaigh agus iomad
sochaidhe agus iolar curadh agus caith-mhíleadh do bhí ag teacht i n-a fhochair, agus do thogaibh a cheann go dísgir dícheallach agus ní fhaca aon duine, agus ó nach faca, d'fhill a dhá ghlúin ghasta ghlé- geala dath-áilne deagh-chumtha faoi arís, agus dob' áil leis cosg a íotadh de'n uisge d'ól, agus do chuala trost budh seacht mó 'ná an chéad uair, agus do thógaibh a cheann go dána deagh- thapaidh agus ní fheadair créad do-ghní an torann. "Atá dóigh agam," ar Diarmuid, "gurab de chomhachtaibh an tobair-se gan leigean do dhuine deoch d'ól as acht amhlaidh so." Iar sin do thug Diarmuid súil i n-a thimcheall, agus do chonnairc corn cóimh-fhleasgach cumhdaighthe ar bheinn na cairrge, agus do ghlac é, agus do chuir san tobar é, agus d'ibh deoch as. As a haithle sin d'fhéach Diarmuid thairis, agus do chonnairc an t-aon-óglách áluinn iolbhuadhach dá ionn- saighe anoir gacha ndíreach agus trealamh troda agus teagmhála, agus greann gaisgidh agus gnímh-éacht air, agus fraoch feirge fíor-mhóire agus inneall áigh agus iomghona air, agus brat sgiamhdha sgárlóide ar uachtar a earraidh agus a éididh air, agus fleasg fhionn-bhuidhe fhíor-órdha d'ór áluinn aith- leaghtha ar uachtar a aighthe agus a éadain air nach sgaoileadh an ghaoth an folt fuathan-chaol
fíor-áluinn for-órdha do bhí le cleith a chinn agus a cheann-mhullaigh, agus eas áluinn go niamhdha solusmhar idir a throighthibh agus an talamh, agus adubhairt, "A mhic uí Dhuibhne, dar liom féin, is fada fairsing Éire iath-ghlas oileánaidhe fút, agus dob' iomdha a huisgeadha glan-fhuara sár-mhilse linn-fhuara, agus fásaigh diamhaire fiadhaigh agus gan teacht d'ól uisge mo thobair- se ná ag fiadhach m'fhoraoise, agus ní leigfead leat fó chéad-uair é." Is annsain d'ionnsuigh Diarmuid agus an Gruagach a chéile, agus do chuireadar glún le gliaidh agus troigh re taca, agus aghaidh re h-iomghoin, agus do-rónsad comhrac toll-bhorb tinneasnach torann-tréan ainmhín eascáirdeamhail mar dhá leomhan luaith-leadartha nó mar dhá na- thair nimheno mar choigeadal tuinnetreathan- mhóire ag buain re ciumhsaibh cuain no caladh-phuirt: dob' é sin sraoineadh, searnadh agus athchumadh do bhádar an dís laoch sain do thabhairt ar a chéile. Fá tosach do'n oidhche agus fá deireadh do'n lá an tan sain. Dála an Ghruagaigh, an tan d'airigh a bhrígh agus a neart d'á thréigean, d'éirigh de bhaoith-léim éadtrom de chleasaibh cóimhneartmhara a cholna, agus do chuaidh san tobar, agus do sluigeadh
i bhfíor-íochtar an tobair é, agus do shaoil Diarmuid gurab a bháthadh do rinneadh, san tobar, agus suidheann go fadtuirseach ós ur an tobair, agus dob' olc leis a mheanmain iar ndul d'á chéile chomhraic uaidh, agus fá doilghe leis ná sain gan sgéala bheith aige d'Fhionn ná d'Fhiannaibh Éireann ar gach nídh dár imthigh air féin, agus is í comhairle ar ar chinn sé uir-sheasamh agus comhnuidhe do dhéanamh in- san chrích sin an oidhche sin, ag súil le sgéala d'fhagháil ar n-a bhárach, agus do ghluais ar fud na foraoise fiaidh do bhí i gcomhfhogus dó, agus do chuir a mhéar i suainimh shíoda na sleighe séanta soi-dhiubhraigthe do bhí aige agus tug urchar áthasach uir-mhisnigh do'n óig-ealta fiaidh adchonnairc gur léig chum láir agus lán- talmhan fiadh aca, agus do chuir ar bhearaibh fada fionn-choille i n-a mhíribh, agus ro fhadaidh toirt teineadh treathan-mhóire as a haithle, agus ro bheirbh an fheoil, agus ro chaith a leór-dhóithin agus d'ibh a sháith de'n fhíor-uisge i n-a dhiaidh, agus do chodail as a haithle sin go dtáinig an lá go n-a lán-tsoillse ar n-a bhárach. Ro éirigh Diarmuid go moch-dheaghail na maidne, agus do chuaidh i gceart-mheadhón a airm agus a éididh agus a iolfhaobhair, agus do chuaidh go hur an tobair
agus gidh moch do chuaidh ann do fuair an Gruagach ar a chionn ann, agus is é ro ráidh, "A mhic uí Dhuibhne, is bárr do chuir tú ar gach aon olc dá ndeárna tú dom féin, ar a dtabhair tú de tháire agus de tharcuisne dhom, tú d'fhanmhaint aréir im' fhoraois, m' fhiadh do mharbhadh dhuit agus uisge mo thobair d'ól. Dob' fhairsing Éire iath-ghlas oileánaidhe fút chum gach neith dhíobh sain d'fhagháil innti, agus fós budh chóra dhuit bheith ag suirghe agus ag saobh-shúgradh le mnáibh míonla mullach- dhonna mong-réidheagus le banntracht mhilis bhinn- bhriathraigh agus re béibh suairce so-charthannacha agus re clannaibh ríogh agus tighearnaidhe na hÉir- eann, mar do chleachtais riamh, ná bheith ag déanamh díoghaltais agus díbhfeirge orm-sa, agus is dearbh nach léigfead leat gan díoghalt é." As a haithle sin d'éirigh Diarmuid agus an Gruagach d'ionnsaighe a chéile, agus do-rónsad comhrac féigh fuilteach faobhrach cródha calma cóimhneartmhar re chéile. Cidh trácht, do bhí Diarmuid agus an Gruagach trí lá, diaidh ndiaidh, ag comhrag re chéile, agus d'imthigheadh an Gruagach san dtobar gach n-oidhche dhíobh, agus ní dheachaidh Diarmuid ar feadh na haimsire sin re sgéala chum a mhuintire, acht do
mharbhadh fiadh gac n-oidhche agus do chaitheadh a leór-dhóithin de féin agus d'uisge an tobair, óir fá gnáthach le Diarmuid gan fuigheall a fheóla ná a bhídh do chaitheamh choidhche, agus is uime sin do mharbhadh fiadh gach n-oidhche. Táinig an Gruagach an ceathramhadh lá agus do chomhrac sé féin agus Diarmuid re chéile, agus an uair shaoil an Gruagach dul san tobar mar budh ghnáthach leis, iadhas Diarmuid a dhá láimh leabhaire lán-chalma fá n-a bhrághaid agus tuitid araon san tiobraid síos. Níor chian do bhádar mar sin an tan do chonncadar na cathracha agus na caisleáin agus na píoláidí ríoghdha ro-mhóra agus na dúthaighe dath-áilne dealbh- éagsamhla agus na coillte deagh-mhaiseacha dearg-iubhar agus na magha mion-sgothacha agus na tulcha taitneamhacha taobh-uaine; d'éirgh- eadar an dís deagh-laoch sain ó gheal-trácht ghainmhidhe na geal-tiobraide, agus do rioth an Gruagach i n-a ghaistidhibh gáibhtheacha glan reatha d'ionnsaighe an dúna budh neasa dó, agus ritheann Diarmuid i n-a dhiaidh go dísgir deagh-thapaidh, agus iar rochtain an dúna dhóibh, fuaradar iomad sluaigh léir-churadh agus caith- mhíleadh ar fhaithche an dúna. Do leigeadar conaire coitcheann agus sráid-shlighe réidh ro-
fhairsing eatorra do'n Ghruagach, agus tugadar a n-aghaidh i n-éinfheacht ar Dhiarmuid agus dob' áil leó goin ghaoi agus lann agus míreanna mion- bhrúighte do dhéanamh de. Dála Dhiarmuda, ní ar tlás ná ar tarcuisne do chuaidh sé, acht dul tríotha agus társa amhail do rachfadh seabhac fá mhin-éanaibh nó míol mór tré mhin-iasgaibh nó faol-chú cíocrach conadhach tré mhór-thréad caorach ar mhacaire réidh ro- fhairsing gan teasargain idir é agus iad, nó mar bhuinne dian díleann ag sgeith tar uachtar árd sléibhe go mbriseann agus go bhfuadaigheann gach nídh ar a roicheann, is mar sin do rinne Diarmuid slighthe sár-mhóra agus conairí coitcheanna agus láthair imreasáin agus iombuailte trés na sluaghaibh ionnus go ndeárna dronga deaghlaighthe dian-sgaoilte dhíobh gur chorrach gach slighe agus gur bheag gach buidhean, agus gur leabhair na ruaga, agus gur tiugh na hármhaigh, na héachta agus na heasbhadha thug orra; agus an mhéid nár thuit le Diarmuid chuadar i n-a madhmannaibh mór-theithmhe fá ghleanntaibh diamhaire do-eólais agus fó fhothraibh fiadhamhla fásaigh na críche, agus drong eile tar bhéal cathrach isteach, agus d' i adhadar na dóirse go himeaglach dá n-éis. Suidheann
Diarmuid go sgítheach fadtuirseach ar an bhfaithche i n-a uaith agus i n-a aonar agus é créacht- ach cró-leointe, agus níor bh' fhada gur thuit a thoirchim suain agus síor-chodlata air. Níor chian dó ann an tan tháinig óglách feardha folt-leabhair dá ionnsaighe agus do thug béim bun-láidir dá chois ann. Músglann Diar- muid leis sin, agus tug lámh thapaidh laochda tar a leathan-armaibh lán-trodacha. "Ná gabhadh eagla ná anbhuain tu, a mhic uí Dhuibhne," ar an t-óglách, "óir ní do dhéanamh díoghbhála dhuit thángas-sa, acht is aimhghlic duit codladh do dhéanamh ar fhaithche bhaile do bhíodhbhadh agus t'eascarad, agus iomad do namhad id' thimcheall, agus éirigh agus tar liom-sa agus gheobhair proinn agus tomhaltas uaim agus ionad codlata níos fearr ná sain." Budh bhinn le Diarmuid an t-athasg sin an ógláich, agus gluaiseas leis agus ní cian a chuadar an tan chonncadar an t-árus agus an ríogh-bhruidhean mhór ro-áluinn agus do chuadar tar dorus na cathrach isteach, agus do fuaradar trí chaogad féinnidhe fíor-árrachtach ann rómpa go n-a ndóithin do bhantracht agus d'ingheanaibh míne macánta mong-bhuidhe ar shlios na cathrach i n-a suidhe agus ionar snáithe sróll so-mhaiseach agus brat sgiamhdha sgárlóide
um gach neach díobh, agus d'fhearadar uile fáilte roimh Dhiarmuid, agus do shuidheadar i n-a dhiaidh sin agus d'fhuráil an t-óglách dabhach shlánuighthe agus fhothraigthe do dhéanamh do Dhiarmuid, agus luibhe íce agus slánuighthe do chur san bhfothragadh sin. Do tugadh proinn agus tomhaltas i n-a dhiaidh sin chuca, agus do chaitheadar a leór- dhóithin bídh agus dighe, agus d'éirgheadar lucht ceoil, oirfide agus ealadhan i n-a bhfiadhnaise, agus do ghabhadar duana agus dréachta agus deagh-dhánta a ngéag gheinealaigh agus a gcraobh gcoimhneasa dhóibh, agus do tugadh ór agus airgead agus iolmhaoine d'éigsibh, d'ollamhnaibh agus do lucht ealadhan an dúna ar son a n-ealadhan, agus i n-a dhiaidh sin do chuadar ar a gcuilteachaibh cumhduighthe clúimh-dhearga, agus do bhádar ag suan agus ag sámh-chodladh go maidin an laoi ar n-a bhárach. Is ann sin a d'éirigh an t-óglách agus Diarmuid agus sluagh na cathrach ar gcéadna, gurab ann- sin do labhair ris an ngaisgidheach de bhriath- raibh míne milse macánta maordha agus is é adubhairt — "Innis dom cia thu féin, ó taoi comh maith seo rioni, agus gan fios agat cia mé d'fhearaibh an domhain, agus cia an chríoch so i n-a dtárlas, agus ci a an t-óglách úd do chomh-
rac riom ag an dtobar agus cia is rí ar an gcrích seo." "Inneósad sin duit," ar sé, "Tír-fó- thuinn an chríoch so, agus rí Thíre-fó-thuinn do bhí ag comhrach riot-sa, agus dearbhráthair do'n rígh mise, agus Ridire an ghaisgidh m'ainm agus inghean do rígh Lochlann is bean dom, agus do bhí mé bliadhain i dteaglach Fhinn mhic Cumhaill, agus is uime sin do rinneas an mhaith seo ort-sa agus atá ádhbhar eile agam fós, atáim dom ionnarbadh agus dom' athchur go laothamhail ag an rígh agus ag a mhac, agus do-bheirim mo bhriathar nach mó mo dhóigh as Fiannaibh Éireann uile, dá mbeidís ar aon láthair, ná asat-sa gidh taoi id' uaith agus id' aonar, agus is uaibh-se shaoilim neart na críche seo do bheith agam, agus gheobhaidh tu bheith im' fhochair féin gach n-oidhche agus trí chéad gaisgidheach galach gnímh-éachtach atá ar mo theaghlach. Do- bhéar chum cathuighthe gach lá duit-se re rígh Tíre-fo-thuinn agus re n-a mhac iad, agus is é dob' áil liom cumann agus caradradh do cheang- al riot-sa." "Is toil liom-sa sin," ar Diarmuid. Do thug gach n-aon aca a bhriathar re comhall an gheallaidh sain go bráth. Tugadar
as an oidhche sin, agus ar maidin ar n-a bhárach is í chomhairle ar ar chinneadar fógra catha do chur chum an rígh. Is annsin chuireas Ridire an ghaisgidh teachta uaidh d'fhógra catha ar rígh Thíre-fó-thuinn agus ar a mhac. Rángadar na teachta do láthair an rígh, agus fochtas díobh a dtoisg agus a dturas. D'inn- seadar na teachtairí gur d'fhógra catha air-sean agus ar a mhac thángadar ó Ridire an ghaisgidh. "Maiseadh," ar an rí, "ní shaoilim- se eisean bheith líon catha dhom, gidheadh, do dhéanfad ionnarbthach agus díbirteach de, ionnus nach áiteóchadh féin ná éinneach d'á shliocht Tír-fó-thuinn go bruinne an bhrátha agus go foircheann na beathadh," agus fós go dtiubhradh dearg-ár a bhfearagus a mban agus a mbaoith-leanbh, agus go loisgfeadh a ndúnta agus a ndeagh-áruis. Do rángadar na teachta tar n-ais go Ridire an ghaisgidh agus innsid dó gach ar chan an rí leó. Iomthúsa rígh Thíre-fó-thuinn, do chuir cruinniughadh agus tiomsughadh ar a shluaightibh agus ar shochaidíbh na críche agus tángadar uile i n-a ndrongaibh diana dána agus i n-a gcomhrannaibh troma taidhbhseacha go harmtha éidighthe innillte do láthair an rígh agus a mhic, agus gluaisid d'aon aontaidh go háit na hiorghaile agus an
imreasáin. Dála Ridire an ghaisgidh go n-a thrí chaogaid gaisgidheach, gluaisid féin agus Diarmuid O Duibhne d'ionnsaighe rígh Thíre- fó-thuinn agus a mhic, agus iar dteacht i bhfogus dá chéile dhóibh, adubhairt Diarmuid le Ridire an ghaisgidh agus le n-a theaghlach fanmhaint ar an láthair sin, agus go rachadh féin an lá sain tar a gcionn uile. Adubhairt Ridire an ghaisgidh nach léigfeadh féin imeasg an oiread sain dá bhíodhbhaibh é agus gur mairg do shamhlóchadh é féin re hiomad curadh agus caithmhíleadh i n-a aonar. "Maiseadh," ar Diarmuid, "luighim- se fám' armaibh gaisgidh, dá ndeargaidh neach agaibh-se a lann orra súd i ndiú, ná beidh mise ní bhus faide ar bhur muinteardhas." Acht cheana aontuigheas Ridire an ghaisgidh sin dó, gér leisg leis é. Leis sin ceanglann Diarmuid a chorp cruth-áluinn céillidhe i n-a chulaith chatha agus chruaidh-chomhraig, agus do ghluais roimhe d'ionnsaighe na sluaighe agus na sochraide agus gabhann d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh go tréan trom-ardhachta do mharbh-buillíbh bríogh- mhara borb-neartmhara buan-gháibhtheacha lán-fhaobhracha mear-chalm a d'á dheis agus d'á chlí go ráinig tiugh an tsluaigh. Dála rígh Thíre-fó-tuinn, an tan do chonnairc an fheoil-
chosgairt do-rad Diarmuid O Duibhne ar a mhuintir, táinig féin i n-a choinne agus i n-a chomhdháil agus síreann comhrac aon-fhir air. Níor mhiadh agus níor mhaiseach le Diarmuid laoch ar thuinn talmhan do dhiúltadh um chomhrac aon-fhir agus do rinne féin agus mac rígh Thíre-fó- thuinn i gcoinne agus i gcomhdháil a chéile, agus do rinneadar comhrac athgharbh ainmhín ainiar- mharthach re chéile ionnus go dtugadar troigh re taca agus glún le gliaidh agus aghaidh le hiomghoin, agus do bhádar ar an amus sin athaidh fhada agus aimsir imchian ag tolladh agus ag tréan- thuargain a chéile gan choigilt gan fios tláis, time ná tarcuisne ag ceachtar díobh seach a chéile. Acht cheana d'éirig a bhruth agus a bhrígh i mac Uí Dhuibhne, agus do thimcheall sé a chéile comhraic, amhail timcheallann féithlionn fíodhbhadh, do chruaidh-bhuillíbh colg-fhíoch- mhara gaoth-namhadacha buan-mharbhthacha go dtug béim claidhmhe do mhac rígh Thíre-fó- thuinn gur theasg a cheann d'á cholainn, agus comhmhaoidheann an gníomh sain ar chách, agus leis sin téid fá'n gcuid eile do shluaighti bh an rígh agus gabhann d'á n-éirleach agus d'á n-ath- chumadh ionnus nach ndeachaidh fear inniste sgéil ná maoidhte mór-ghníomh as i n-a
bheathaidh de'n mhéid do ráinig Diarmuid an lá sain de shluagh rígh Thíre-fó-thuinn, agus d'imthigh féin gan fuiliughadh gan foirdheargadh air, agus is meanmnach mór-aigeantach mórdhá- lach do bhí Ridire an ghaisgidh agus a theaghlach roimh Dhiarmuid an oidhche sin, agus is dubhach doilbh dubrónach do bhí muintir rígh Thíre- fó-thuinn an oidhche chéadna ag caoineadh a gcarad agus a gcompánach acht go mór-mhór ag caoineadh mic an rígh do thuitim san iorghail sin mar aon re cách. Do thugadar as an oidhche sin go maidin ar n-a bhárach do gach leith, agus go moch do ló do ráinig Ridire an ghaisgidh go n-a mhuintir maraon re Diarmuid O Duibhne go rángadar áit an chatha agus láthair an bhuailte, agus mar do chonnairc rí Thíre-fó-thuinn fá'n dtoichim sin iad, gabhann ag inneallughadh agus ag órdughadh a mhuintire go mórdhálach agus adubhairt riú láthair an chatha d'ionnsaighe agus beag-nídh do dhéanamh de Ridire an ghaisgidh go n-a mhuintir, agus go rachadh féin mar aon riú agus go dtiubhradaois dearg-ár Ridire an ghaisgidh go n-a thrí chaogaid laoch ionnus nach áiteóchadh éinneach aca ná d'á sliocht dá n-éis a ríoghacht ná a dtighearnas féin go bruinne an bhrátha
ná go foircheann a mbeathadh. Acht cheana, do bhrúcht-dhoirteadar na catha ceachtardha sain i gceann a chéile, agus do ráinig Diarmuid i dtosach na dtréan-fhear san teangmháil sin agus do ghabh go tréan-ardhacta ag imirt a chleas goile agus gaisgidh ar shluaightibh rígh Thíre-fó- thuinn ionnus go mbudh liosta le n-a luadh nó le n-a fhaisnéis gach gníomhaidheacht mear- chalma dá ndeárnadh do thabhairt chum críche, agus d'imthigh féin tré na sluaightibh go ráinig féin agus rí Thíre-fó-thuinn a chéile agus ní lugha ná céad fear do goineadh agus do cnáimh-ghear- radh de'n ruathar sin leis le neart sainnte ag rochtain chum an rígh, agus an tan rángadar an dá nathair nimhe neamh-eaglacha agus an dá bheithir bheódha bhuan-tiodhlaictheacha sain a chéile do rónsad comhrac feardha foirniata athgharbh ainmhín re chéile, ionnus, dá dtigeadh neach ó oirthear na Gréige móire go Críoch na bhFuineadhach ris a ráidhtear Éire iathghlas oileánaidhe d'fhéachain chatha nó comhraic, gurab d'á bhféachain araon dob' inteachta do. Mar sin dóibhag sníomh a sainntere chéile agus an tí nár goineadh i gcath ná i gcomhrac riamh roimhe sin, .i. rí Thíre-fó-thuinn, do bhí d'á thraochadh go mór an tan sin le marbh-bhuillíbh
tréan-lúthmhara lán-láidre Dhiarmuda uí Dhuibhne. Acht cheana, gér bh'fhada an dís deaghlaoch sain ag cothughadh a sainnte re chéile, tug Diarmuid béim claidhmhe dhó i gcomhgar na caomh-lúirighe agus a mhuinéil gur sgoith a cheann d'á cholainn ar an láthair sin, agus comhmhaoidheann Diarmuid an gníomh sain go mór, nídh nár bh' iongnadh. Dála Ridire an ghaisgidh, an feadh do bhí Di armuid agus an rí ag cathughadh, do chuaidh fá shluaightibh rígh Thíre-fó-thuinn mar aon le n-a thrí chaogaid gaisgidheach agus gabhaid d'á n-oirleach agus dá n-athchumadh agus dá dtréan- treasgairt onnus gur thuiteadar uile bonn re bonn ar an láthair sin acht beagán do chuaidh i muinighin a reatha fó ghleanntaibh dorcha diamhaire do-eólais agus fó chnocaibh corracha maoil-tsléibhe. Iar sin téid Ridire an ghaisgidh agus Diarmuid go n-a mhuintir d'ionnsaighe an dúna agus an deágh-aruis sin rígh Thíre-fó-thuinn agus do chuireadar gach a raibh san gcathair idir chró agus ionnmhus ar a gcumas féin agus cuirid cruinniughadh ar an méid do mhair de shluaightibh na críche, agus tagaid uile go haon-láthair agus ghealladar uile bheith umhal urramach do Ridire an ghaisgidh
agus do ríoghadar d'aon aontaidh é agus do chuirea- dar a mhionn ríoghdha um a cheann. Iomthúsa Dhiarmuda, adubhairt gur mhithid leis dul d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne agus gur bh'fhada leis do bhí sé gan aon fhocal d'á sgéalaibh d'á rochtain, agus go mbudh ró-olc le n-a mhean- main gan tuaraisg Chonáin ná a chuideachtan mar an gcéadna do bheith aige. Is annsain d'fhiafruigh Ridire an ghaisgidh de Dhiarmuid cá háit ar ghabh Conán ná a chuideachta, nó cáit ar fhágaibh sé Fionn mac Cumhaill ná Fianna glan-áilne Gaedheal; gurab ann- sain d'innis Diarmuid sgéala an Ghiolla Dheacair agus a chapaill o thús go deireadh. "Maiseadh," do ráidh Ridire an ghaisgidh, "luighim-se fám' armaibh gaisgidh do réir mar fhoillsigheann m'intinn agus m'aigneadh agus m'ealadhna draoidheachta dhomh-sa gurab é Adhbharthach mac Ioldathaigh tháinig ins na riochtaibh sin chugaibh-se agus rug bhur muintir leis go Tír Tairngire, óir ní fhuil san gcruinne cheathardha duine is lia draoidheacht agus diabhlaidheacht ná é." Budh luinneach lúth- gháireach Diarmuid iar gclos an sgéil sin, agus ghabh ag gabháil a cheada ag Ridire an ghaisgidh agus ag a theaghlach. "Maiseadh" ar
Ridire an ghaisgidh, "rachad-sa agus líon mo theaghlaigh ag tabhairt neirt ar lámh riot, gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a rachair." Budh lúthgháireach Diarmuid de'n chuideachtain sin, agus gluaisid rómpa d'ionnsaighe an chuain agus an chaladh-phuirt ba neasa dhóibh, agus do hullmhuigheadh a longa agus a luath-bhárca leó, agus téid ionnta iar sin agus do thógbhadar na seólta il-bhreaca iol-dathacha agus na bréide solasda snáith-righne agus gluaisid ar feadh na fairrge falcmhaire fíor-dhoimhne ag lorg agus ag tóruigheacht a mhuintire, agus ní haithristear sgéalaidheacht ortha go fóil, óir, is mithid linn filleadh ar Fhionn agus ar an druing d'fhan i n-a fhochair ag bun na cairrge feacht eile. Dála Fhinn, dob' iongnadh leis féin agus leis an méid do bhí i n-a fhochair nach fuaradar aon fhocal de sgéalaibh Dhiarmuda ó do chuaidh sé suas uatha chum na cairrge agus adubhradar dá mhac rígh na hIndia go rachadaois féin d'iarraidh sgéal dóibh dá mbudh toil le Fionn é. "Beiridh buaidh agus beannacht," ar Fionn, "agus dob' fhearr linn go dtiocfadh díbh sinn féin do bhreith libh." Dála cloinne rígh na hIndi a, gach a bhfuaradar de cháblaidhibh cruadha righne cnáibe san luing
do cheangladar i ndiaidh a chéile iad go daingean do-sgaoilte agus téid siad de léim lúthmhair lán-tapaidh go héadtrom éanamhail ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe cloch- aimhréidhe suas, agus rugadar ceann na téide leó agus do tharraingeadar Fionn agus an dá fhear déag eile sin d'Fhéinn Éireann do bhí mar aon leis i n-aghaidh na cairrge cinn-tsleamhaine suas, agus do ghabhadar ag siubhal na críche agus do leanadar lorg Dhiarmuda i ngach áit i n-ar ghabh sé nó go rángadar an tobar agus do fuar- adar lorg na bhféinneadh agus na bhfear-óglách ag comhrac ann, agus do chonncadar fuigeall an fheólmhaigh d'fhágaibh Diarmuid, mar nár chaith sé fuigheall bídh riamh. Níor chian dóibhan tan do chonncadar an marcach san mhuigh anoir gacha ndíreach d'á n-ionnsaighe, agus each dath- áluinn dubh-dhonn faoi, agus srian ór-bhuidhe ris agus iallaid éagsamhail órdha air, agus marcach déid-gheal dath-áluinn dealbh-chaoin i nglac- iallaid an eich sin. Táinig sé ar an láthair agus do bheannuigh sé d'Fhionn agus d'Fhiannaibh Éireann agus d'fhear fíor-chaoin fáilte roimhe, agus toirbhreann teóra póg d'Fhionn agus tug lámh tar a bhrághaid agus síreann leis é, agus adubhairt leis nár mhaith an t-ionad comhnuighthe an
t-ionad sain iar sgíos mara agus mór-fhairrge Gluaiseann Fionn leis iar sin go n-a mhuin- tir agus iar mbeith athaidh fhada ag siubhal dóibh do chonncadar na píoláidí ríoghdha ró-mhóra agus an chathair chuanna cheardamhail agus lear curadh agus caithmhíleadh ar fhaithche na cathrach isteach, agus i n-a dhiaidh sin do rinneadh foth- ragadh dhóibh, agus iar n-a bhfothragadh, tángadar aois ceoil, oirfide agus ealadhan chuca an feadh do bhí a bproinn d'á ullmhughadh dhóibh, agus iar sin tángadar lucht feadhma agus freastail an dúna agus do thógbhadar bóird altacha órduighthe ós triostalaibh comh-ghlana cumhduighthe agus do folaigheadh iad do sgóraidibh sgiamhdha d'an- artaibh d'il-chineál gacha datha, agus do suidheadh na sár-shlógha sin do réir a n-uaisle agus a n-athardha, a ndúthchais agus a n-anmann, agus níor cuireadh íseal i n-ionad uasail ná daor i n-ionad flaithe acht gach aon i n-a ionad chinnte chomh-chuibhe féin, agus do dáileadh deocha diana deagh-mhaiseacha do na deagh-laochaibh, agus biadh nua neamh-ársaidh do na féinneadhaibh, agus fíonta falcmhara fíor-uaisle agus lionnta réidhe ró-mhilse do na fíor-uaislibh agus do na hárd- mhaithibh gur bhudh measgtha meadhair-chaoin iad, agus níor chuimhin le Fionn go bhfuair sé
riamh tigheas do dhéanamh air dob' fhearr ná sain. Trí lá agus teóra oidhche dóibh ar an órdughadh sin gan easbaidh bídh ná aoibhnis orra, agus i gcionn na rae agus na haimsire sin do comóradh aonach agus oireachtas le rígh an dúna agus le Fionn agus le sluagh na cathrach sain, agus is annsain d'fhiafruigh Fionn de cia hé féin agus créad dob' ainm dó? "Críoch na Sorcha an chríoch-so," ar sé, "agus is mise is rí uirri, agus cáit i bhfuilid Fianna glan-áilne Gaedheal le go bhfuilir ar uathadh sluagh agus sochaide?" D'innis Fionn sgéala an Ghiolla Dheacair dó ó thúis go deireadh mar do tháinig sé agus mar a d'imthig sé uatha, agus mar do rug cúig feara déag ar mhuin a ghearráin do mhaithibh na Féinne leis. "Maiseadh," ar rí na Sorcha, "do-bhéar-sa do dhóithin sluaigh agus sochaide dhuit, dá mbeith a n-easbaidh ort agus do-bhéar féin congnamh dhuit an feadh bhus feirrde leat, agus gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a rachair, rachad-sa leat." Níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh sin an tan do chonncadar an buinn-ghiolla turais agus an tárrthálach slighe i n-a réim ró-reatha d'á n-ionn saighe. Táinig do láthair agus tug umhla do'n rígh agus fiafruigheann an rí sgéala de.
"Sgéala móra olca uathbhásacha agam duit a rí agus a thighearna," ar sé, "nó go n-áirmhigh- thear féar faithche, gaineamh mara, duille feadha agus reanna neimhe, ní háirmheóchthar a bhfuil do longaibh agus do luath-bhárcaibh ag gabháil cuain agus caladh-phuirt i n-imeal na críche seo agat-sa, agus do léigeadar sgeimh- ealta agus sgainnear-bhuaidheartha sár-luaithe fá imeal agus fá oirthear na críche-se; do rinneadar creacha agus airgthe agus do loisgeadar dúnta agus deagh-bhailte agus do mharbhsad brugh- aidhthe agus biataigh, féinneadha agus fear-óglaigh, agus deirid cách gurab é rí an domhain atá ann iar ngabháil ríghe an domhain, agus dob' áil leis an chríoch-sa do chur fá ghoin gaoi agus claidhmhe, agus a neart agus a chumas do bheith uirri mar gach tír eile dár ghabh sé." Féachann rí na Sorcha ar Fhionn, agus thuig Fionn gurab ag iarraidh con- ganta air féin do bhí se, agus is é adubhairt, "Ná bíodh eagla ná uamhan ort, óir do bhéarfad-sa agus an mhéid atá im' fhochair annso neart ár lámh riot, agus do-bheirim mo bhriathar fhíor-laochda dhuit, dá mbeidís Fiann Éireann uile ar iarraidh, mar atá Conán agus na ceithre fir déag atá maille ris de'n bhFeinn, nach d'á dtóruigheacht rachainn acht fanamhaint ag
congnamh riot-sa, an feadh do bheith sluagh eachtrann id' thír." Budh faoilteach lúth- gháireach rí na Sorcha trés na briathraibh sin, agus iar sain do chuir sé tionól agus tiomsughadh ar a mhuintir as gach áird agus as gach ionad i rabhadar, agus gluaiseann féin agus Fionn go maithibh a mhuintire mar aon riú d'ionnsaighe rígh an domhain go n-a mhuintir, agus tugadar ruathar ádhbhal-mhór orraagus beanaida n-airgne agus a n-éadála dhíobh, agus cuirid i raon madhma agus mór-theithmhe iad d'ionnsaighe a loingis, agus asa haithlesin do rónadh foslongphort meanmnach masgalach daoineach donn-sgiathach le maithibh agus le mór-uaislibh na Sorcha agus le Fionn agus an Fhéinn ós imeal-bhórdaibh an aigéin, ós ciumhais an chuain ag faire agus ag forchoimeád na sluagh n-eachtrann sain, agus d'á dteasargain féin ar theacht i dtír ná teacht ag déanamh díthe ná dochair do'n chrích. Budh machtnughadh mean- man agus budh hiongnadh ádhbhal-mhór le rígh an domhain agus le n-a mhuintir cathughadh nácomhrag do dhéanamh riú féin i n-aon inis san domhan, óir do ghabh sé a n-urmhór go nuige an chríoch sin, agus budh mheasa leis ná gach iongantas eile an longphort sin do thóg agus do rinne Fionn agus a shluag mar aon re rígh na Sorcha
ar a chomhair, agus é féin agus sluagh an domhain ar tí a ndochair agus a ndíoghbhála do dhéanamh, agus adubhairt nach cuala féin luadh ná iomrádh fear n-Éireann fá ghoil ná fá ghaisgeadh, agus go ndíoghalfadh féin ar Éirinn teacht Fhinn mhic Chumhaill ar a cheart-aghaidh ag cathughadh ris, agus go gcuirfeadh ar chionn ionnmhusa agus éadála í ionnus ná háiteóchadh éinneach do shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic Féniusa Farsaidh í go bráth. Iar rádh na mbriathar sin do'n rígh, d'éirigh mac uaibhreach allta díomsach do bhí ag rígh Frannc ar an mór- shluagh sin i bhfiadhnaise an rígh agus cháich go coitcheann, agus is é adubhairt ris an rígh, "Dein brígh bheag de sin, óir rachad-sa agus líon mo theaghlaigh, agus is é a líon trí chaogaid laoch, agus do bhéarfad ceann Fhinn agus na gceithre bhfear ndéag atá i n-a fhochair liom dod' láthair agus dícheannfad rí na Sorcha agus cuirfead ár a mhuintire." Do ghluais mac rígh Frannc go líon a theaghlaigh, agus is é puball Ghuill mhic Mh órna agus Osgair mhic Oisín fá neasa dhó iar ndul i dtír dhó, agus adubhradar an dá bheithir bheódha agus an dá onchoin éachthacha agus an dá leomh- an lúthmhara agus an dá arsaidh ainiarmharthacha áigh agus iorghaile, ó's iad féin fá neasa dhóibh,
nach láimheochadh aon duine d'Fhiannaibh Éireann ná de shluagh na Sorcha fuiliughadh ná foirdheargadh do dhéanamh orra acht a ndéanfadaois féin; agus adubhairt Osgar le Goll, "Ó's tusa is mionca do fromhadh agus do féachadh i gcomhrag agus is mó a chuir dod' fhala i gcathaibh agus dod' árd-oirdhearc- as i gcomhlannaibh, leig domh-sa comhrac le mac rígh Frannc agus dein-se, a Ghuill, a mhuintir do dhiongbháil." Aontuigheas Goll sin dó, gér leisg leis é. Dála Osgair, iar sin ionnsaigheann féin agus mac rígh Frannc a chéile, agus dob' é sin an sidhe dian dána, agus tugadar sáthadh athgharbh ainiarmharthach d'á n-armaibh i gcompraibh agus i gcneasaibh a chéile gur choimhbhriseadar a gcraoiseacha crann- reamhra cró-fhairsinge do'n chéad ghleó sain agus do chuadar i muinighin a gclaidheamh gclais- leathan gcolg-fhaobhrach gcúil-reamhar, agus ro ghabhsad ag leónadh, ag tolladh agus ag múchadh a chéile gan caomhnadh gan coigilt gan taise gan truaighmhéile re seal fada aimsire, ionnus go mbudh samhalta re heasaibh na sruith-linne fola foir-dheirge do bhí ag sileadh as a gcréachtaibh agus as a gcneasaibh. Cidh trácht, níor mhian agus níor mhaiseach le hOsgar
neach san domhan do chongbháil leis féin do láthair chatha ná chomhlainne agus budh hadhnáire leis díombuaidh chatha do bheith aige agus fir an domhain ar gach leith dhe d'á fhaicsin, agus leis sin d'éirigh bríoghmhaireacht agus bárr-aigeantacht, mire agus meanmain, déine agus dásacht, uabhar agus ainmhian san gcaithmhíleadh, agus do ghabh do bhéimeannaibh borb-neartmhas a báis ar mhac rígh Frannc gur bhain a cheann dá gheal- bhrághaid i bhfiadhnaise na sluaighe. Is annsin do thógbhadar trom-ghártha gáibh- theacha in gach longphort, eadhón, gáir chosgair agus comhmhaoidhte i longphort fhear n-Éireann, agus gáir chaointe agus chumha i longphort rígh an domhain, agus gér bh'é Goll budh dhéidheanaighe ag déanamh a fheadhma féin, fá trom-ghleó tréan-anfadhach agus fá sidhe seabhaic agus fa mire mathghamhna agus fá ruathar curadh mar do bhí Goll ag dul fá mhuintir mhic rígh na bhFrannc agus do ghabh d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á ndian-bhásughadh gur fhágaibh i n-a gcorpaibh taimh nighthe agus i n-a gcosair chró iad in gach áit i n-a ngabhadaois. Do chuidigh mac athasach éachtach iol-ghoineach Oisín mhic Fhinn le Goll san méid do fuair gan dícheannadh aige do teaghlach agus do mhuintir mic rígh
Frannc, agus ní dheachaidh fear inniste sgéíl ná maoidhte mór-ghníomha as díobh gan dí- cheannadh ó bhuillíbh diachracha dásachtacha colg-fhaobhracha gaoth-namhaideacha na díse deagh-laoch sain. Fá dubhach dubrónach do bhíodar i longphort rígh an domhain do chumha a gcarad agus a gcompánach, a dtriath agus a dtighearna; agus fá subhach soi-mheanmnach do bhádar i longphort Fhinn mhic Chumhaill agus rígh na Sorcha an tan sin. Mar sin dóibh gur éirigh an ghrian ghlan- ruithneach ar n-a bhárach gurab annsin d'fhiafruigh rí an domhain cia do mhaithibh ríogh nó ro-flaith do bhí i n-a fhochair do rachadh do dhíoghalt mhic rígh na bhFrannc agus a mhuintire ar Fhionn mac Cumhaill agus ar Fhiannaibh Éireann agus adubhairt gur mhór an náire dhóibh a léigean le ceithre feara déag díth agus díoghbháil, éirleach agus easbhadha móra a thabhairt orra. Is ann sin d'éirigh an macaomh mór mac rígh na hAfraice i bhfiadhnaise rígh an domhain agus adubhairt go rachadh féin go líon a theaghlaigh agus a mhuin- tire do dhíoghail mhic rígh Frannc agus a mhuintire ar Fhiannaibh Éireann, agus ro budh hé líon a theaghlaigh agus a mhuintire an tan sin trí chaogaid féinnidh fíor-chalm a do bhíodh ar
tuilleamh agus ar tuarastal aige féin do ghnáth, agus leis sin do chuaidh i dtír go n-a mhuintir, agus is é pobal cloinne rígh na hIndia .i. Feardhach agus Foiltleabhair fá neasa dhó, agus dubhradar sin go bhfreagróchadaois féin comhrac mhic rígh Afraice. Adubhairt Fionn nár bh'fhiú, fhaid do bhádar maille ris féin, comhrag ná cathughadh d'iarraidh orra agus nach rachadaois chum an chomhraig sin. Adubhra- dar sain, muna léigfidhe iad féin chum comh- raig an lae sin nach beidís ar tuilleamh ná ar tuarastal aige níos faide, agus a léigean dóibh a gclú agus a n-oirdhearcas do chur. Do léig Fionn dóibh dul chum an chomhraig iar n-a rádh dóibh go n-imtheóchadaois muna léigfidhe. Dála dá mhac rígh na hIndia agus mhic rígh Afraice, d'ionnsaigheadar a chéile go feargach fíor-eascáirdeamhail ain-tréan agus go fraochda foir-niata fearamhail ainmhín agus budh diachrach dúir-chréachtach do-ionghabhála an deabhaidh sin; agus fá hardhachta oll-bhorb ainiarmharthach an urlaidhe sin, agus iar rochtain d'Fheardhach mac rígh na hIndia agus do'n mhacaomh mór chum a chéile do ghabhadar ag treasgradh agus ag tréan-túargain a chéile gur chlos i n-imigéin uatha ar gach taobh i n-a
dtimcheall coigeadal na gclaidheamh d'á gcomhmbualadh agus siansán na sleagh d'á sáthadh agus sgamhail sgiath dá sgoltadh agus is comh- luath do theasgadaois a chéile d'á lamhaibh deasa agus clí, agus bud hiongnadh, iomorro, sians- ghártha searbh-ghlóracha na mbadhbh gcíocrach gcainteach ós cionn na bhféinneadh agus na bhfear-óglách ag iarraidh fola agus feólmhaigh orra de thoradh borb-bhéimeann na gcuradh gur dícheannadh mac rígh na hAfraice do bhraith-bhéimeannaibh borb-neartmhara mhic rígh na hIndia. Níor théarnaidh éalaightheach beó do mhuintir rígh na hAfraice nachar dícheannadh leis an dara mac sain rígh na hIndia, an feadh do bhí Feardhach ag déanamh an chomhraig sin. Do thóg Feardhach an ceann leis d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne, agus bud subhach solásach do bhádar i longphort Fhinn agus rígh na Sorcha an oidhche sin, agus fá meirtneach mí-mheanmnach dubhach dubrónach do bhádar i longphort rígh an domhain ar mhéid an áir agus na heasbhadha ó Fhionn agus ó n-a mhuintir. Tugadar an oidhche sin go héirghe gréine ar n-a bhárach, gurab annsain d'éirigh rí an domhain agus do labhair re n-a mhuintir do ghuth árd mhór sholus-ghlan agus is é adubhairt
"Nach nár díbh a bhfuiltí de chlannaíbh riogh agus ro-thighearnaí an domhain im' fhochair agus im' fharradh annso agus ceithre feara déag a hiarthar na hEórpa ag cur bhur n-áir agus bhur n-eas- bhadha go laetheamhail, ag díothláithriughadh bhur ndaoine, ag marbhadh agus ag ciorrbhadh bhur míleadh, agus mac rígh Frannc agus mac rígh Afraice do thuitim riú, agus nach léigid do shluaightibh na críche cathughadh ná comhrag do dhéanamh acht iad féin ag déanamh na n-éacht agus na n-atacht sin oraibh-se, agus créad do bheir oraibh-se gan dul d'á n-ionnsaighe, agus díorma dána deagh-shluaigh agus buidhne troma toirt- eamhla do bhreith libh agus biadh baidhbh agus brain- eoin do dhéanamh dhíobh." A haithle an ghríosta agus an imdheargtha sain tug an rí for maithibh a mhuintire, d'éirigh a mhac mór-mheanmnach féin agus adubhairt go rachadh féin do chomhrag leó an lá sain, agus nach béarfadh leis acht an oiread do chlannaibh ríogh agus ro-fhlaith agus do bhí de'n bhFéinn ann agus go dtabharfadaois a gcinn leó chum an rígh. Iomthúsa mhic rígh an domhain, do chuaidh i dtír agus do bhuaileadar a sgiatha go lonn loisgneach agus d'iarradar comhrag ar Fhionn agus ar a mhuintir. D'iarr rí na Sorcha é féin do
léigean chum an chomhraig sin. "Ní léig- fead," ar Fionn, "óir is fám' thuairim-se tángadar mar is cóimh-líon a bhfuilim-seann- so d' Fhiannaibh Éireann a thángadar sain, agus is cuibhe cóimh-cheart ár gcomhlann, óir is amhlaidh atámaoid gan iomarca ná easbhaidh ar cheachtar againn." Is amhlaidh do bhí rí an domhain an tan sin agus inghean álainn aon- tumhadh aige ar an mór-shluagh sain, agus is í dob' fhearr dealbh agus déanamh, inneall agus éa- gcosg de mhnáibh na cruinne ceathardha i n-a comhaimsir, agus is é dob' ainm di Taise taoibh- gheal in ghean rígh an domhain, agus do thug sí sruth sár-ádhbhal seirce agus tuile trom-ghrádha d' Fhionn mac Cumhaill ar a áille agus ar a uirsgéalaibh, agus do ghuidh sí a hathair fá chead do thabhairt di dul d'fhéachain chomhraig an lae sin, agus gur dhóchaide buaidh an chatha do bheith ag á mhuintir féin ar an druing allmhurdha an-aithnidh sin .i. Fiann Éireann, a beith ós a gcomhair agus d'fhiadhnaise orra. Ceaduigheann an rí sain di. Dála Fhinn agus a mhuintire do chuadar i n-a n-armaibh agus i n-a n-éideadhaibh agus d'ionnsaigheadar mac rígh an domhain go n-a mhacaibh ríogh gus an áit i rabhadar, agus ar rochtain a chéile dhóibh do rinn-
eadar comhrag colgach céadfadhach croidh- eamhail cómh-chródha, agus do chomhraig mac rígh an domhain agus an Rí Féinne le chéile agus dob' é sin an comhrag créachtach crith-eaglach agus an comhthach cosgrach céad-ghoineach agus an deabhaidh dian díoghbhálach agus an ionnsaighe náimhdeach neamh-charthannach agus an treas taidhbhseach trom-ghoineach. Cidh trácht, dob' é críoch agus foircheann an chomhraig sin gur dícheannadh mac rígh an domhain agus a mhuintir go hiomlán le Fionn mac Cumhaill agus le n-a mhuintir, agus thugadar na cinn leó d'á gcomhmhaoidheamh, agus do léigeadh gáir chaointe i longphort rígh an domhain, iar dtuitim a mhic agus na mac ríogh eile do bhí maille ris. Iomthúsa Fhinn, d'aithin d'á mhuintir feart fairsing fód- bhuidhe do thochladh do mhac rígh an domhain, do mhac rígh Frannc agus do mhac rígh na Afraice agus do na macaibh ríogh agus ró-thighearnaí eile do thuit leis sin agus le n-a mhuintir na laethe roimhe sin, agus do tógbhadh a lia ós a leacht agus do sgríobhadh a n-anmanna i n-ogham agus do fearadh a gcluichthe caointe. Dála Taise taoibh-ghile, inghean rígh an domhain annso, gér mhór a searc agus a grádh d'Fhionn roimhe sin, budh mhó go mór é,
iar n-a fhaicsin di agus ar fhaicsin a ghníomh- artha goile agus glan-ghaisgidh, agus do chuir sí a bean choimhdeachta chuige le sgéala go dtiocfadh sí féin d'á ionnsaighe mar mhnaoi agus mar bhain-chéile dá mbadh áil leis é Do tháinig an bhean choimhdeachta do láthair Fhinn, agus do ghabh ag adhmholadh inghine rígh an domhain go hádhbhal-mhór iongantach. "Maiseadh," ar Fionn, "tabhair do theist go fírinneach uirri." Is ann sin adubhairt an bhean choimhdeachta, "Inneósad féin dealbh agus déanamh, sgéimh agus maise na hinghine dhuit mar is fearr fhéadfad, gidheadh tá sé ós cionn tuigsiona duine ar domhan a teist do thabhairt ná a hion-chruth d'innsint, óir tá sí mín méineamhail maordha mall-triallach géag-leabhair gruadh-aoireach grásamhail; agus craobh-fholt claonach coimh-fhleasgach cuach- bhuidhe ómbardha uirri, agus caol-mhalaidhe ciartha ciar-dhonna, agus a gorm-dhearca glana glinn- eamhla, agus a srón bhreaghdha chaol-phollach, agus a bog-bhéal bórd-dhearg binn-bhriathrach buadh- fhoclach, agus a dlúith-dhéad dath-gheal deagh- chumtha, agus a muinéal maiseach mín-ghéiseach, agus a liath-ucht míngheal slim-ghlan lilidheach, agus a cruaidh-chíocha cruinne cumtha cailce agus a
géaga leabhaire lán-áille geal-bhunradhacha, agus a slait-mhéaracha beaga boga bána beag- altacha, agus a séimh-chorp sleamhain seang sneachta na sneachtaige agus a troighthe tana taobhmhuighthe atá aici. Iar gclos an teastais sin d'Fhionn, ní raibh alt 'ná orda i n-a chorp nár líon do sheirc agus do shíor-ghrádh na hinghine agus adubhairt go mb'fhearr leis 'ná maitheas na cruinne go mbeadh sí mar mhnaoi aige. Iomthúsa na mná coimhdeachta, téid tar a hais iar sain mar a raibh an inghean agus d'innis di nach raibh 'san domhan bean budh hannsa le Fionn 'ná í. Téid an inghean mar a raibh a hathair, óir ní fhuilngeadh a beith aon oidhche i n-a héagmais, do bhrígh nach raibh neach fir ná mná 'san domhan budh hannsa leis 'ná í, agus níor shámh leis ól ná aoibhneas 'ná úrghárdughadh mean- man gan a bheith i bhfochair a inghine. Dála Taise taoibh-ghile, níor mhiadh agus níor mhaiseach léi suan ná sámh-chodladh, proinn ná tomhal- tu, ceól 'ná oirfid 'ná ealadha 'ná nídh dá fheabhas gan a bheith i bhfochair Fhinn, agus do i n-a hinntinn agus i n-a haigneadh cionnus do rachadh d'á ionnsaighe gan fhios d'á hathair, agus is é gaois agus gliocas do rinne
sí, an uair do chuaidh an rí chum suain, í féin agus a bean choimhdeachta do dhul go folaigh- theach d'ionnsaighe an longphuirt i n-a raibh Fionn. Agus iar rochtain na hinghine go Fionn, do thoirbhir póga go dil agus go díochra dhi agus tugadar snadhmanna agus cuir cheangail d'á chéile, agus tug Fionn leithead a haighthe do fhleasg óir órloisgthe Thíre na hAráibe mar choibhche dhi, agus do chaitheadar leath ar leath an oidhche sin 'san dá longphort, agus ag éirghe gréine gnúis-tsoillsighe ar n-a bhárach, ro éirigh rí an domhain agus fuair easbhaidh na hinghine air, agus d'aithin gur d'ionnsaighe Fhinn do chuaidh, agus gér bh'olc leis oidheadh agus úirbhear- nadh d'fhagháil d'á mhac agus díothláithriughadh agus dícheannadh a mhuintire, is mó 'ná sin do chuaidh air a inghean do dhul ar éalódh chum Fhinn uí Bhaoisgne, agus d'fhiafraigh de mhaithibh a mhuintire créad dheanfadaois nó cionnus do dhíoghalfadaois a mhac féin agus ar thuit de mhacaibh ríogh i n-a fhochair le Fionn agus le Fiannaibh Éireann agus do bhéarfadaois amach a inghean. Adubhradar-san do ghuth aoin-fhir gur thuiteadar roighne agus togha a gcuradh agus a gcaith-mhíleadh i bhfaithche goile, a laoich chródha agus a lucht cathuighthe dob' fhearr d'á raibh aca
le Fionn agus le Fiannaibh Éireann cheana, agus gur measa bhádar an tan sin ion-chomhraig 'ná roimhe sin, agus nár mhaith an séan catha dhóibh teacht do'n chrích sin agus gur iompuigh fios fáistine na bhfáidh agus na bhfileadh i n-a n-aghaidh agus go mbudh í a gcomhairle féin do'n rígh imtheacht as an gcrích sin an feadh do bheadh Fionn agus Fiann Éireann innti, óir, dá mbeidís fir an domhain ar aon láthair, acht comhthrom comhlainne d'fhagháil, go mbéar- fadaois buaidh orra. Adubhairt an rí, dá mbeadh an inghean aige, go ndiongnadh an chomhairle sin, agus gibé ag á mbeith de ghliocas 'ná d'ealadhain a tabhairt chuige, go dtiubh- radh féin breath a bhéil d'ór agus d'airgead agus d'iolmhaoin dó, agus saoirse d'á chloinn go bruinne an bhrátha agus go foircheann na beathadh, agus teannta agus cor air féin sin do chomhall dó. D'éirigh taoiseach do mhuintir an rígh, agus adubhairt, dá bhfaghadh féin na comtha sin, go dtiubhradh an inghean leis. Cuireann an rí grian agus éasga, muir agus tír agus reanna nimhe agus talmhan i gcoraibh agus i slánaibh air féin a gcomhaill dó. An tan tángadar dubh-néill dorcha na hoidhche, téid an taoiseach sin d'ionnsaighe na puible i raibh Fionn, d'éis
dul ar a iomdha agus ar a áird-leabaidh dhó, agus croitheann craobh dhath-áluinn dhraoidheachta do bhi aige, agus do bhí do bhuadhaibh aici an tan do croithtí í, mná re naoidheannaibh, aos aindeise agus othrais agus easláinte, agus laoich ghonta, go gcuirfeadh i n-a dtoirchim suain agus síor- chodlata iad, agus tuiteann Fionn agus Taise taoibh-gheal i n-a dtoirchim suan agus sámh- chodlata agus an Fhiánn uile, an méid do bhí ar an láthair sin díobh, le foghar fíor-bhinn sídhe na craoibhe sin. Tógann an t-óglach an ríoghain ar a ghualainn agus do ghlu ais i n-a ghaistidhibh gáibhtheacha géar-luatha glan-reatha agus in-a chéimeannaibh tailc-iorrtha troigh- éasgaidhe d'ionnsaighe puible rígh an domhain agus bud lúthgháireach do bhí an rí ar n-a rochtain chuige, óir níor mhó a gháirdeachas ó Fhionn go n-a thrí fhear déag do thabhairt ceangailte chuige ná fá'n inghean d'fhagháil, agus iar sin thug sé fógra d'á mhairnéalchaibh a seólta thógbháil agus imtheacht ó'n dtír sin an feadh do bheadh Fiann Éireann innti. Tóg- bhaid a n-ancairí ar fhoráileamh an rígh, agus fágbhaid an cuan agus an caladh-phort iar ndíothláithri ughadh a mhuintire gan géill gan cáin d'fagháil ó rígh na Sorcha, agus ní haithris-
tear sgéaluidheacht orra nó go rángadar an Ghréig ghlan-tsoluis ghorm-shrothach. Dála rígh na Sorcha, do ghabh ag tabhairt adhmholta agus buidheachais d'Fhionn, óir is air do bhí buidh- eachas a thíre agus a thalmhan do bheith aige, agus adubhairt an laoidh-se síos, ut dixit, Buadhach sin, a mhic Mhuirne, Fuarais doilgheas 'san deabhaidh; Iar mbreith buadha ar do bhiodhbhadh, Iongnadh dhuit bheith id' bheathaidh. Sluagh an domhain i n-aoin-fheacht, Is iad d'aoin-leath id' aghaidh, Acht dís agus trí ceathrair Ní raibh do Fhiannaibh agaibh. Aon-mhac áird-rígh an domhain, Fuair foghail id' armaibh; Led' mhuintir as a haithle, Do thuitsead maithe an chabhlaigh. Leat agus led, bheagán buidhne, A mhic Mhuirne na saor-shlógh, Duit-se ba bheag an phudhar, Roighne curadh do chlaochlódh.
An sluagh sin d'imtheacht uainne, Lán do thruaighe agus do thuirse; A mhic Chumhaill, ní cheilim, Is libh bheirim a bhuidhe. Slógh an domhain, id' uatha D'éis buadha do bhreith ortha, Do cuireadh leó díbh-líonaibh A gcúl re críochaibh Sorcha. Fionn — D'éis a mhaithe do mharbhadh Trí chéad adhbhadh ár n-onóir, A áird-rí shéimh na Sorcha, Fil agam damhna dobróin, Cúig fhear déag uaim dem' mhuintir, Dream do thuintibh mo theaghlaigh, D'á n-éis is dubhach mise, Fir fá clisde ar gach bearnaidh. Rí na Sorcha: Ná bí dubhach san gcás-sain, A Fhinn fháthaigh gan uamhan, Gach áit i ngabhann tusa, Bíodh do thuras go buadhach.
Do thugadar as an oidhche sin, agus ar n-éirghe dhóibh i moch na maidne ar n-a bhárach fuair Fionn easbhaidh na hinghine air, agus do chonnca- dar an cuan folamh ar a gceann, iar n-im- theacht rígh an domhain go n-a mhór-shluagh; agus gér bh'olc le Fionn easbhaidh Chonáin agus a chuid- eachtan air, agus a bhfuair sé d'olc agus d'anfhor- lann, do shiubhal agus do sheachrán ar muir agus ar tír, is mó chuaidh air inghean rígh an domhain do bhreith uaidh 'ná sain uile, agus adubhairt ris an bhFéinn go sgarfadh a anam ris muna bhfaghadh arís í, agus go mbudh dheimhin leis bás d'fhagháil d'á cumha sul do-chífeadh amharc na hÉireann arís. Níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh sin an tan do chonncadar na bratacha beann- uaine breac-dhathacha corr-ghlasa cumhdaighthe, agus na sgiatha sgannracha sgáth-bholgacha, agus na buidhne ceann-troma cóirighthe, agus na doir- eadha diamhaire dearg-ruadha donn-tsleagha le n-a nguailnibh ag na gasradhaibh. "Féach uainn," ar Fionn, "d'á fhios cia hiad na mór-shluaighte úd chugainn." Téid Fearghus Finnbhéil annsain d'ionnsaighe na sluaighe agus d'aithin sé Diarmuid ó Duibhne i n-a n-ur- thosach, agus fearas fíor-chaoin fáilte roimhe agus tángadar d'ionnsaighe Fhinn iar sin, agus fá
lúthgháireach lán-mheanmnach Fionn agus Fiann Éireann uile roimh Dhiarmuid agus d'fhiafruigh Fionn sgéala dhe nó an bhfuair sé aon fhocal de sgéalaibh an Ghiolla Dheacair 'ná Chonáin, nó cá háit i n-a raibh sé an feadh do bhí sé i n-a éagmhais féin, nó cia hiad na sluagha sain do bhí i n-a fhochair. Innseann Diarmuid dó gach nídh d'ár imthigh air ó thús go deireadh, agus gurab i dTír-fó-thuinn do bhí séag cathughadh re rígh Thíre-fó-thuinn agus re n-a mhac agus gurab é Ridire an ghaisgidh, dearbhráthair rígh Thíre-fó-thuinn do bhí i n-a fhochair ag congnamh leis, agus nach tárla dó riamh cara dob' fhearr 'ná é, agus gur fhoillsigh dhó, do bhrígh na healadhan draoidheachta do bhí aige, gurab é Adhbharthach mac Ioldathaigh do bhí i riocht an Ghiolla Dheachair agus gurab é rug a mhuintir uaidh go Tír trácht-mhín Tairngire. Fá lúthgháireach Fionn agus an Fhiann, iar bhfagháil an oiread sin do sgéalaibh a muintire dóibh, agus fós d'innis Diarmuid dóibh gurab é Ridire an ghaisgidh fá rí ar Thír-fó-thuinn an tan sin, iar marbhadh a dhearbhráthar fá rí uirri roimhe sin, iar rochtain dó féin innti, agus d'fhiafruigh dhíobh sain créad d'éirigh dhóibh féin ó sgar sé riú. D'innis Fearghus Finnbhéil sgéala dhó amhail
táinig rí an domhain agus gach ar thuit leó féin d'á mhuintir agus mar d'éaluigh sé uatha, agus adubhairt iar sin gur mhithid dóibh dul do thóruigheacht a muintire ó fuaradar sgéala fírinneacha cá rabhadar. Adubhairt Fionn gur mheasa leis Taise taoibh-gheal gan tór- uigheacht 'ná iad sain, agus go bhfuigheadh sé féin bás d'á sgéalaibh agus d'á srónmhuine acht muna bhfaghadh sé í. Adubhradar maithe agus mór- uaisle na Féinne nach léigfidís féin dó bás d'fhagháil acht go rachadh cuid díobh do thabhairt na hinghine chuige ar ais nó ar éigin, agus go rachadh cuid eile aca ag lorgaireacht a muintire. Is ann sin do chinneadar Goll glan-bhéimeannach mac Mórna agus Osgar gníomh-éachtach mac Oisin agus Fearghus finnbhéil an file do dhul do thóruigheacht rígh an domhain agus na hinghine. Is ann sin adubhairt Diarmuid Ó Duibhne re sluagh rígh Thíre-fó- thuinn umhla agus onóir do thabhairt d' Fhionn, agus do rinnsead an sluagh amhail adubhairt Diarmuid leó, agus do rinne rí na Sorcha an nídh céadna, agus adubhradar go rachadaois le Fionn ar gach toisg agus ar gach turas d'á rachadh sé go hiompódh go hÉirinn tar a n-ais.
Do deasuigheadh long agus lón do'n mhuintir a bhí ag dul do thóruigheacht inghine rígh an domhain le rígh na Sorcha, agus do cuireadh biadh i n-ionad a chaithmhe, arm i n-ionad a dhiubhraicthe agus rámha snasta slinn-leathna i n-ionad iomartha 'san luing sin. Téid ar muir iar sin, eadhón, Osgar agus Goll agus Fearghus ó Finn an file, agus do cheileabhradar d' Fhionn agus do rígh na Sorcha agus do rígh Thíre- fó-thuinn, agus do rinneadar ionad comhdhála agus coinne le chéile i dTír Thairngire agus gibé aca budh thúsga d'fhanamhain risan gcuid eile ann. Do chuireadar iar sin amach an long luchtmhar leabhair-théadach lán-aidhbhseach i n-iomdhoimhin an aigéin, agus do rinneadar iomramh teann tóstalach gur chaobach cubhar-bhán an cuan crios-leathan i n-a dtimcheall agus gurab é budh antlás agus budh cheól dóibh re hathaidh na huaire sin mongháir na mara, asgal an aigéin, coigeadal an chuain agus meadhair na mear- thonn. Agus ar mbeith tréimhse agus tamaill fhada mar sin dóibh ag taisteal na fairrge fíor-mhóire fíor-dhoimhne, do chonncadar an fonn fíor-áluinn fearainn agus téid i dtírann gan mhoill, agus do ghabhadarag siubhal na críche gur thárla aodhaire tréad agus lucht ionghaire
eallaigh leó. Fochtaid sgéala dhíobh, .i. cia hí an tír sin i n-a dtárla iad nó cia an dún ríoghdha ro-áluinn adchonncadar nó cia an rí stiúras flaitheas na críche-se. "Críoch na Gréige an chríoch-sa," ar siad, "agus cathair na hAithne an chathair úd os bhur gcomhair, agus is é rí na críche-se rí is saidhbhre agus is sochraidighe san domhan, agus is iongnadh mór- ádhbhal linne sibh-se bheith ainbhfiosach in san gcrích-se," ar na haodhairí, "agus atá an rí i ndiu go maithibh a mhuintire ag seilg agus ag fiadhach i ndiamharaibh agus i muiníbh fásaigh fiathamhla na tíre, agus ag sin na sgéala d'fhiaf- ruigheabhar dínn," ar siad. Do ghabhadar na féinneadha buidheachas leó agus ceileabhraid dóibh iar sin agus d'féachadar eatorra féin créad do dhéanfadaois. Adubhairt Fearghus finnbhéil, "atá comhairle ghaoth-ghlic agam-sa díbh, eadhón, fighidh bhur bhfuilt amhail atá m'fholt-sa agus innsidh gur filidh agus ollamhain focail-ghéara ó iarthar an domhain sibh, agus gibé áit nó ionad istigh i n-a mbiaidh an inghean, rachad-sa d'á hionnsaighe, agus inneósad di gurab ar a cionn do thángas ó Fhionn, agus is fearr dúinn sin ná imreasán agus easaonta do dhéanamh, agus dá sírthí ealadhain oraibh-se
do-ghéan-sa ealadhain ar bhur son, agus is fearr sain ná dul i n-éigean guasachta agus gan carad ná compánach d'ár ngoire do-bhéarfadh congnamh nó cabhair dúinn re linn leath- trom 'ná anfhorlann do bheith orainn, agus fá dearbh deimhin liom-sa go gcuirfidhe tionól agus tiomargadh ar sluaghaibh na Gréige uile chugainn agus go bhfuighmís brón báis agus beag- shaoghal d'imirt orainn." Adubhairt Goll, "An tan do ghabhas féin arm gaisgidh," ar sé, "tugas móide re ceasnaidhe gan eagla do ghlacadh roimh biodhbha ná namhaid, agus is doiligh díoghbhálach liom a dhéanadh anois, .i. mo ghaisge do sheachnadh re heagla ná re huamhan báis," ar sé, "agus is é do dhéanfam dul do'n dún i riocht féinneadh agus fearóglach agus a rádh gur lucht freastail catha agus comhlainne sinn agus gurab ag iarraidh tuillmhe agus tuaras- tail atámaoid, agus mar is túsga racham do'n dún, gabh-sa seilbh i n-inghin an rígh, agus beir gus an luing í, agus fan tamall amach ó'n tír ar an gcuan, agus má's beó sinne ó theaghlach an rígh tiocfam chugat agus muna dtiocfam ó'n gcath-iorghail sin tóg do sheólta agus beir an inghean leat go Fionn mar aon le sgéalaibh ar mbáis."
Do críochnuigheadh an chomhairle sin aca agus tigid go dorus an dúna agus iarraid osgailt. Fiafruigheann an dóirseoir cia do bhí ann. "Dís féinneadh sinne as críochaibh imchiana agus tángamarag iarraidh tuillmhe agus tuarastail ar rígh an domhain do chionn catha agus comhlainne do chosg de." "Is maith an t-ionad díbh teacht annso," ar an dóirseoir, "óir is dearbh liom go bhfuighthí tuilleamh agus tuarastal mór ó rígh an domhain, do bhrígh go bhfuil sé ag soláthar gaisgidheach as gach áird de'n chruinne chum dul ar eachtra go hoileán atá i n-iarthar na hEórpa ar a dtugthar Éire, óir is mian leis í chur fa ghoin gaoi agus claidhimh agus tóiteán dearg-lasrach a dhéanadh dhi." Téid isteach iar sin, agus fá mór muirear agus mór-theaghlach rígh an domhain óir budh iomdha curadh calmaagus anradh iorghaile agus feadhmannach fearamhail agus ríoghan rosg-ghlas agus freastal- aidhe frithir fuadrach agus ban-dálaighe bioth- luaimneach do bhí istigh ar a gcionn. Cidh trácht ar fhaicsin Fhearghusa fhinnbheoil do'n inghin tug sí aithne air, agus d'aithin gur fá n-a tuairim féin do thángadar ó Fhionn, agus do bhí a croidhe le n-a béal ar eagla a dtuitme le teaghlach an rígh. Acht cheana ar
fhaicsin na hinghine d' Fhearghus finnbhéil imeasg na mbantracht, thug sidhe sanntach sár-luathmhar d'á hionnsaighe agus d'iadh an dá láimh ghasta ghléigeala fá chaol a geil-chneise agus do thóg ar árd a ghualann í, agus do ghluais i n-a chéimeannaibh tiugha troigh-éasgaidhe tar dóirse na dúna agus na cathrach amach agus do lean Goll agus Osgar é. Ar n-a fhaicsin sin do theaghlach an rígh, do leanadar iad i n-a mbuidhnibh troma taidhbhseacha agus i n-a gcathaibh ceann-troma cóirighthe, agus tugadar frasa diana diubhraicthe d'á sleaghaibh slinn-leathna agus d'á gcraoiseachaibh cró-fhairsinge i n-éin- fheacht orra. Iomthúsa Ghuill agus Osgair, gabhaid na frasa sain i gceart-mheadhón a sgiath, agus téid fá'n teaghlach agus gabhaid d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh amhail faolchoin fá chaorchaibh, ionnus gurab amhlaidh bhádar mar mhin-iasgach mara i líon dlúth deagh-eagair idir na féinneadhaibh feardha fíor-ardhachta sain; agus an feadh do bhádar na hársaidhe iorghaile sin ag tréan-thuargain an teaghlaigh, do chuaidh Fearghus finnbhéil do'n luing agus an inghean ar árd a ghualann aige, agus do chuaidh isteach do'n luing agus do tharraing a hancairidhe
reamhra ro-throma ar churr deiridh na luinge agus téid féin agus an inghean ar an gcurr tosaigh agus do bhádar mar sin ag féachain ar an gciorrbhadh agus ar an gcnáimh-ghearradh do bhádar an dís féinneadh sin a thabhairt ar mhór- theaghlach rígh an domhain. Cidh trácht, is í sin uair agus aimsir do bhí rí an domhain agus a mhór-uaisle ag filleadh ó sheilg, agus iar dteacht i gcomhfhogus do'n dún dóibh, do chualadar an t-iombualadh agus na gártha gáibhtheacha gráineamhla agus do chonncadar na sruth-linnte fola foirdheirge do bhí ag snighe ó iolghonaibh na bhfear agus na bhféinneadh, agus do-chíd chuca na buidhne beól-sgaoilte agus na dronga tana trom-ghonta agus cuideachta chnáimh-ghearrtha noch do chuaidh i raon madhma agus mór-theithmhe ó bhuillíbh borb-neartmhara gaisgeamhla Ghuill agus Osgair an feadh do bhí an chuid eile de'n teaghlach d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á lán-mharbhadh aca. Fochtas an rí sgéala de'n chuid fá goire dhó agus nochtaid sin dó ó thúis go deireadh amhail tháinig dís féi nneadh ain- iuil anaithnidh agus file fáthach focal-ghéar i riocht tuillmhe agus tuarastail d'fhagháil uaidh sin, agus amhail rug an file an inghean leis uatha gus an gcu an do thoradh a reatha agus do
rinn a luais, agus mar d'fhan an dís fear-óglach ag cur áir agus easbadha na sluaighe ar an bhfaithche. "Do bheirim-se aithne orra," ar rí an domhain, "gurab é Fionn mac Cumhaill agus a bheagán buidhne tháinig do thóruigheacht m' inghine-se, agus luighim-se fá na déithibh adhartha nach díth liom a ndeárnadar do bhroid agus do dhíoghbháil dom roimheseo, agus a bhfagháil anois fám' chosaibh ionnus go ndéanfaidh mé míreanna beaga buan-raobtha agus biadh badhbh agus brain-eoin agus goin ghalann d'á gcorpaibh, agus as a haithle sin nach maoidhfead é no go rachad go hÉirinn agus go gcuirfead dearg-ár a fear agus a ban agus a baoth-leanbh, agus go gcuirfidh me an chríoch fá smól donn- ruadh dearg-lasrach ionnus nach áitreabhadh éinneach d'fhine Gaedhil ghlais innti go bruinne an bhrátha." Is annsin do chuaidh an rí i bhfíor-thosach na buidhne agus do ghabh ag córughadh na gcath- bhuidhean, agus ag greasacht na laochraidhe, agus ag árslach na bhflaith, agus ag greannchadh na n-uasal, agus ag inneallughadh na sochraide, agus ag dlúthughadh na gceap; agus ar dtiomsughadh agus ar gcruinniughadh na sluagh amhlaidh sin, do ghluaiseadar rómpa fá thuairim na faithche
agus iar dteacht annsain dóibh do chonncadar na curaidh cosgartha cnáimh-gheárrtha, agus na loch-tobair fola foirdheirge, agus an dís gaisgidheach do rinne an t-ár agus na héachta sain i n-a seasamh i gceartlár na faithche ag faobhrughadh a n-arm agus ag géarughadh a sleagh agus a gcraoiseach do mhaoluigheadar agus do bheárnuigheadar san gcath-iorghail sin ó chianaibh. Súil dá dtug an dís féinneadh seacha, do-chíd an lonn-tsochraid ceann- trom córuighthe chuca, acht cheana ní ar thlás ná ar thime, ar mheatacht ná ar mhío- dhóchas do chuaidh sain ag na tréin-fhir nár thláith, acht ar mheanmain agus ar aoirde aigean- ta agus ar uaisle fola, agus is é do rinneadar faobhair an dá sgiath gheal-bholgacha sgaith- leathna do bhí ar n-a bhfolchadh do chroicnibh leomhan agus liopard agus beathadhach n-uasal eile, agus iar gcur agus iar gceangal d'ór áluinn na hAfraice agus do chlochaibh uaisle Thíre Tairn- gire, do cheangal re céile agus aghaidh do thabhairt ar na sluaghaibh fá'n inneall agus fá'n órdughad sin. Cidh trácht, budh bhorb na héachta thugadar an dís féinneadh ar shluaghaibh rígh an domhain, óir is é tuarasgbháil Ghuill ghlan-bhéimeannaigh mhór-
chroidhigh mhic Mhórna, eadhón, mar bhuinne taidhbhseach trom-ádhbhal tréan-bhóchna ag dortadh tar mhaoilinnibh cnoc nó árd-shliabh; agus budh hé tuarasgbháil Osgair anghlonnaigh lán-bhéimeannaigh mhic Oisín mar chaor treathan-mhóir ar n-a séideadh as frothaibh na fiormaimente le neart tóirnighe ag dul fá na sluaghaibh dóibh, agus beirid tuinnseamh toll- bhorb neartmhar i gceart-lár aghaidhe na sluaighe ionnus go ndeachadar as a n-ord- ughadh, agus do ghabhadar d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh amhail fiodh coille d'á threasgradh nó mar bhrúcht mara nó mór-fhairrge ag bualadh fá chiumhsaibh cairrge ceann-ghairbhe. Cidh trácht, is é críoch agus foircheann na coin- bhliochta sain, muna ndeachaidh fear san aer suas nó síos san talamh, nó muna ndeachaidh duine re gaoth nó gealtachas, ní dheachaidh neach ó'n dá chaithmhíleadh do mhuintir an rígh acht an rí féin agus beagán d'á mhuintir do chuaidh ar raon madhma agus mór-theithmhe isteach san dún, agus níor lean Goll ná Osgar iad, acht is é do rinneadar arm agus éideadh na muintire do marbhadh do bhreith leó do'n luing, agus iar dteacht dóibh ann do gheibhid Fearghus finnbhéil agus inghean rígh an domhain
i n-a seasamh ar churr thosaig na luinge, agus fá mór lúthgháir Ghuill agus Osgair, agus do thóg- bhadar na seólta saidhbhre sár-luaithe agus na bréide ball-chorcra agus na hangacha áilne iongantacha is na seól-chrannaibh comh-árda crann-righne, agus do sguabadar ó'n gcuan agus ó'n gcaladh-phort. Cidh trácht, ní haithristear sgéala orra go fóill, acht ar Fhionn agus ar an gcuid eile d'fhan i n-a fhochair i gcríochaibh na Sorcha. Iomthúsa Fhinn uí Bhaoi sgne agus a mhuintire annso. Iar n-imtheacht do Gholl agus d'Osgar uatha, do críochnuigheadh comhairle aca dul d'ionnsaighe na cairrge mar ar fhágbhadar lorg an Ghiolla Dheacair ó imeal-bhórdaibh an chuain amach, agus do lean Foiltleabhair mac rígh na hIndia an lorg trés an sáil go soindíreach tréimhse agus tamall fada, agus níor chian dóibh ar an aidhbhéis eochair-ghuirm agus ar an bhfairrge mór-chubhrach ag leanmhain luirg an Ghiolla Dheachair ó phort go port agus ó chuan go cuan, óir fá hádhbhal an diamh- rughadh agus an dísliughadh do bhí sé a thabhairt ar a lorg in gach áit i n-ar ghabh d'á cheilt agus d'á fholchadh féin ar Fhionn agus ar Fhiannaibh Éireann, óir do bhí a dheimhin aige nach raibh
ar domhan lorgairí dob' fhearr ná iad. A haithle gach aistir agus gach imtheachta dá ndeárnadar do rugadar an lorg fá dheoidh go Tír tréada treabhair-gheil Tairngire agus fá lúthgháireach iad, óir d'aithin Diarmuid ó Duibhne an tír fó chéadóir, mar do chaith sé seal d'á óige ann i bhfochair Mhanannáin mhic Lir ar a oileamhain dó. "Is é is cóir dúinn a dhéanamh," ar Fionn, "an tír a thabhairt fá ghoin ghaoi agus claidhimh i ndíoghail a bhfuaramar d'olc agus d'anfhorlann ag tóruigheacht ár muintire." "Ní mar sin is cóir," ar Diarmuid ó Duibhne, "acht cuir feasa agus teachtaire d'á fhios cia beó nó marbh dod' mhuintir agus féachain an connradh síothchána chuirfeadh Adhbharthach chugat, agus má's eadh, is é is fearr d'fhagháil uaidh, óir is mairg do bheagán do shamhlóchadh iad féin le hucht na críche-se ar iomad a gceard a gcomhacht agus a n-ealadhan draoidheachta." Do mhol Fionn an chomhairle sin, agus d'fhiaf raigh d'á mhuintir cia chuirfidís go dún Adhbharthaigh. "Rachad-sa ann," ar Foilt- leabhair mac rígh na hIndia, "óir atá lorg an Ghiolla Dheacair fúm, agus ní sgarfaidh liom nó go gcuirfidh mé é gus an dún." Do
ghluais Foiltleabhair roimhe, agus níor comhnuigh- eadh leis go ráinig dún Adhbharthaigh, agus do fuair sé Adhbharthach roimhe ar an bhfaithche agus na cúig feara déag sain i n-a fhochair. Beannuigheann Foiltleabhair dóibh agus freag- rann Adhbharthach dó agus fochtann sgéala dhe. "Do mhuintir Fhinn mhic Chumhaill mé," ar sé, "agus thángas uaidh d'fhógairt chatha ort-sa i ndíoghail a easonóra agus i n-éiric a mhuin- tire a thabhairt uaidh." Téid Adhbharthach agus roighne a mhuintire i gcomhairle um an gcás sain d'fhios an cath nó comhtha do bhéarfa- daois dó, agus is í comhairle do mhol a mhuintir dhó, dul ar amus Fhinn agus a bhreath féin do thabhairt dó maille le haiseag a mhuintire, agus a thabhairt leis dá dhún, agus adubhradar gur bh' fhearr dhó sain ná dul i gcionn catha le Fionn. Téid Adhbharthach mar a raibh Fionn agus d'fhear fíorchaoin fáilte roimhe féin agus roimh a mhuintir, agus do snadhmadh síoth agus cara- das eatorra, agus tug a lámh i láimh Fhinn agus rug leis é féin agus a mhuintir, agus do friotháileadh iad leis do roighne gacha bídh agus do shean gacha dighe go ceann trí lá agus teóra oidhche agus i gcionn na rae sin d'éirgheadar amach ar fhaithche an dúna agus do comóradh aonach agus
árd-oireachtas leó agus tángadar mór-uaisle Tíre Tairngire d'fhéachain Fhinn agus na Féinne, agus d'fhearadar fáilte riú. Níor chian dóibh ar an órdughadh sain an tan do chonncadar as an muigh an bheag- chuideachta, agus is iad do bhí ann Goll glan- bhéimeannach mac Mórna agus Osgar anghlonnach mac Oisín agus Fearghus finnbhéil agus Taise taobh- gheal inghean rígh an domhain, agus iar dteacht i gcomhfhogus do'n bhFéinn dóibh thugadar aithne orra, agus gluaisid i n-a gcoinne agus i n-a gcomhdháil agus tugadar póga go díl agus go díochra dhóibh. D'fhanadar an oidhche sin i bhfochair Adhbharthaigh agus éirghid go moch ar n-a bhárach agus adubhairt Adhbharthach re Fionn breath do thabhairt air i n-éiric a mhuintire thabhairt uaidh agus go dtabharfadh dó gach breath dá mbéarfadh air. "Do bheirim," ar Fionn, "gach einioclann is cóir dom d'fhagháil uait a bheith agat i ngeall ris an tuarastal do gheallas duitar Dhruim gCollchoille an tan thángais chugainn i riocht an Ghiolla Dheacair." "Maiseadh, a Chonáin," ar Adhbharthach, "ó's tusa féin fuair duadh agus dochar ar marcuigh- eacht neamh-shuairc, do bhéarfaddobhreath féin duit ar eagla m' imdheargtha." "Tabhair
slána dam," ar Conáin. "Do-bheirim," ar Adhbharthach, "grian agus éasg duit re a gcomhdháil." "Maiseadh," ar Conán, "do- bheirim do bhreath ort na ceithre fir déag is annsa leat i dTír Tairngire do thabhairt leat annso, agus an capall úd ar a dtugais sinne, agus iad féin agus a mná do chur ar a mhuin mar do bhámair-ne, agus do bhean féin ar crochadh as a earball mar do bhí Liagán Luaimneach ó Luachair Deaghaidh agus tu féin a dhul san riocht i dtángais chugainn agus a mbeith amhlaidh sain go rochtain Droma Collchoille dhúinn." Budh bhuidheach cách uile go coit- cheann do'n mbreath sin Chonáin, agus do rinneadh amhlaidh gach nídh d'á ndubhairt. Do cuireadh a longa ar muir agus Adhbharthach agus a bhean fá'n gcapall, agus ní haithristear a sgéala go rángadar Druim gCollchoille, agus iar dteacht dóibh ann, súil dá dtugadar seacha ní fhacadar an Giolla Deacair ná a chuideachta aca, agus fós níor bh'fhios dóibh cá rann ar ghabha- dar uatha. Tigid as sain go hAlmhain agus do rinneadh cuirm agus bainis le Fionn i dtimcheall Taise taoibh-ghile, inghean rígh an domhain agus do bhí i n-a mnaoi aige an feadh do mhair sí, agus tug Fionn a mbreath féin do chloinn
rígh na hIndia agus níor bh'áil leis breathnughadh eatorra ar eagla díombuidheachais fir seach a chéile dhíobh. Gurab í sin eachtra agus imtheacht an Ghiolla Dheacair go nuige sin. IAR CHOMHARTHUGHADH. Biodh nach bhfuil sgéal ar bith is mó aiteas agus greann ná an sgéal roimh-ráidhte, óir gibé staraidhe do chum é ní fríth alt lag ann ó thúis go deireadh acht gach ball de fóirlíonta agus gach eachtra ag comh-fhreagradh, agus é críoch- nuighthe ar an nguithe céadna do tionnsgnadh é, do bhrígh go dtug breitheamhnas Chonáin an oiread grinn do'n bhFéinn agus thug a aidhneas timcheall na gcapall ar dtúis, agus go dtig an t-inneall do bhí ar an nGiolla Deacair iar dteacht a bhaile dhóibh leis an riocht i rug sé an Fhiann leis ó Chnoc Áine, noch do thaisbeánas go raibh sé lán-oireamhnach chum sgéil a cheapadh. Tairis sin, le haire ghrinn a thabhairt dó, is dian-mhaith an fhoghluim do- gheibhthear as, óir ar dtúis taisbeánann sé cionnus is cóir do dhuine chuireas roimhe
ádhbhacht no magadh do dhéanamh éirghe as fá mhaise. Cuireann sé taoiseach do Thuathaibh Dé Danann i riocht draoidheachta chum Finn mhic Chumhaill do mhealladh agus grinn a bhaint as. Togbhann sé cúig feara déag d'á mhuintir leis ar chapall draoidheachta, agus cuireann sé dís d'á mhuintir féin i gcionn Fhinn i riocht chloinne rígh na hIndia, d'á chur i n-umhail dó go gcuirfidís lorg an Ghiolla Dheacair, d'á chur amudha ó theacht suas leis; seólaid siad chum cuain é nár bh'fhéidir leis dul i dtír ann acht teachtaire áthasach do chur uaidh, eadhón, Diarmuid. Cuireann sé é sin i gcoimheasgar gleó ionnus gur móide an mhoill, óir bhí Diarmuid chomh díleas sain nach casfadh sé choidhche gan sgéala iomláin agus is teagasg sin do gach deagh-theachtaire. Taisbeánann eachtra Ghuill agus Osgair do'n nGréig chomh beag de shuim agus budh chóir do shaighdiúir a chur i n-a bhás seachas mór-dháil a dhúthchais agus réir a thigh- earna. Iar dteacht Dhiarmuda i gcionn Fhinn le sgéala Chonáin, agus go bhfaca clann rígh na hIndia nach féadfadaois a gcur amudha ní bhus sia, léigid orra féin lorg an Ghiolla Dheacair a bheith aca, agus treóruighid iad go
Tír Tairngire, agus iar rochtain annsain dóibh níor bh'áil le Foiltleabhair neach a léigean le teachtaireacht Fhinn chum Adhbharthaigh acht é féin, agus iar gclos an sgéil sin d'Adhbharthach is amhlaidh do rinne go glic céillidhe cuireadh thabhairt d'Fhionn chum a thighe, é féin a theilg- ean ar a choimirce agus a rádh leis a rogha éarca do bhuain de, acht do bhog sain Fionn amhail gach aon duine onórach taiseach ionnus gur mhaith sé an t-iomlán dó. Gur budh amhlaidh dhéanfas Rí na bhFlaitheas le hanam an sgríbhneóra eadhón, Tomás O hÍceadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services