Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus a Chuideachtan

Title
Teacht agus Imtheacht an Ghiolla Dheacair agus Tóruigheacht Chonáin agus a Chuideachtan
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Compiler/Editor
Ua hÓgáin, Seaghán / Laoide, Seosamh
Composition Date
1913
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TEACHT AGUS IMTHEACHT
AN
GHIOLLA DHEACAIR
AGUS
TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS A
CHUIDEACHTAN.



<Liii>
RÉAMHRÁDH.



Tá "Teacht agus Imtheacht an Giolla
Dheacair" ar cheann de na sgéaltaibh Fian-
naigheachta is fearr d'á bhfuil ann. Cibé
do léighfead an "t-Iar-chomharthughadh" atá
i bhfíor-dheireadh an leabhair, badh léir dó as
caidé a mhéid de mheas a bhí ar an eachtra
so ag graifneoiríbh meamraim agus páipéir.



I dtaobh an teasc atá d'á chur os comhair
an phobail anois, seo mar do thárla dhó
teacht faoi chló: Do bhain Seaghán Ua
hÓgáin ar dtúis é as láimhscríbhinn le Mac
Uí Chearmada darab ionad cómhnuidhthe
Cill Rosantaigh i nDéiseachaibh, agus do
chuir chugam-sa le haghaidh "Irisleabhair na
Gaedhilge." D'á bhárr soin, fuair an téacs
so a chéad-scrúdughadh agus a cheartughadh
bunaidh uainn araon. Fúm-sa do fágadh
an cló ar fad d'á éis sin agus an foclóir,
agus cibé locht atá ortha soin, ní hair-sean
is tógtha é, acht orm féin im' aonar.



Tá a lán focal i n-Eachtra an Ghiolla


L. iv


Dheacair nár cuireadh riamh faoi ghluais
agus tagra; dar ndóigh tá se lomilan
díobh. An uairibh ní fhuaras de lom ortha so
acht buille fá thuirim. D'á dhruim sin,
níor chreart do'n choitchionntacht bheith ró-
dhian orm-sa i n-a thaobh soin de, agus a
rádh gur fairsing flúirseach iad focal dubha
dorcha doilbhthe draoidheachta i dtéacsan-
naibh na Nua-Ghaedhilge féin, agus go
deimhin dearbhtha ní lughaide cruas focal
ar "Theacht agus Imtheacht an Ghiolla
Dheacair" é bheith i nGaedhilge Fiannaidheachta,
.i., ins an chaint scurtha is mó atá i leabh-
raibh lámh na Nua-Ghaedhilge.



Cibé scéal é, creidthear ár scéala nó
ná creidthear, níor mhiste do'n mhac léighinn
foghluim do dhéanamh ar an dtéacs so, agus
a bhfuil de chómhgaraibh deasa cainte ann
ó thúis go deireadh.



S.L.


L. 1


TEACHT AGUS IMTHEACHT AN GHIOLLA
DHEACAIR AGUS TÓRUIGHEACHT CHONÁIN AGUS
A CHUIDEACHTAN.



Lá dá raibh Fionn mac Cumhaill mhic Airt
mhic Thréanmhóir uí Bhaoisgne mhic Shuaithe
shaidhbhir mhic Dháire dhuinn mhic Threunchalma
i n-Almhain luchtmhair lán-aoibhinn Laighean
iar n-ól fleadh measgaighthe meadhar-chaoin i
dtús samhraidh shéimh-ghrianaigh, agus do
bhíodar maithe agus mór-uaisle na Féinne i
n-a fhocair, agus adubhradar gur mhithid dóibh
dul do sheilg, d'fhiadhach agus d'fhian-chosgairt
fá chnocaibh agus fá fhoithribh, fá fhásachaibh agus fá
ghleanntaibh na hÉireann, óir is amlaidh do
chaitheadh Fionn agus Fiann Éireann a n-aimsir,
dá leith do dhéanamh de'n bhliadhain agus leath
dhíobh sain do chaitheamh le seilg, le fiadhach agus
le fian-chosgairt, is é sin ó Bhealtaine go
Samhain, agus coinmheadh a mhuintire re h-ucht
fuachta agus ansheasgaireacht ar bhrughaibh agus ar
bhiadhtachaibh na hÉireann ó Shamhain go Beal-
taine. Do rinneadh cómhairle leo cia an


L. 2


cúigeadh de chúigeadhaibh na hÉireann i n-a
rachadaois do dhéanamh seilge ar dtús, agus is
í cómhairle ar ar chinneadar seilg dá
chúigeadh mór-mhaiseach na Mumhan do dhéanamh
ar dtús.



Dála Fhinn agus na Féinne do ghabhadar rómpa
i réidh-ghiorra gacha sligheadh agus i n-athghairid
gacha conaire agus gacha caoimh-eolais a hAlmhain
luchtmhair lán-aoibhinn Laighean, agus is é slighe
do ghabhadar rómpa, eadhón, do chríochaibh Ó
bhFáilghe agus do leathtaoibh bhFear gCeall agus do
bhrosnachaibh Bladhma agus do dhá shliabh déag
Fheidhilimthi agus do Clú Máil mhic Iughoine agus do
Dhruim Chollchoille ris a ráidhtear Cnoc Áine
an tan so, agus do sreathadh agus do suidheadh an
tseilg sin leo fá Thulaigh na Fairsinge ris a
ráidhtear Árd Phádruig anois, agus fá Cheann
amhra Sléibhe Chaoin ris a ráidhtear an Sliabh
Riabhach agus i gCoill na ndruadh ris a ráidhtear
Críoch Fearnmhuighe, agus fá fhearannaibh urthor-
thacha Uí Liatháin agus fá chríochaibh bhFear Muighe
ris a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra, agus fá chrío-
chaibh comháilne Chonnraoi agus fá shléibhtibh ur-
árda Iarluachra Deaghadh, agus fá Loch Léin
linnfhiaclach, agus fá chiumhsaibh na Siuire sreabh-
uaithne agus fá Dhún Iasgach, agus fá shléibhtibh cómh-


L. 3


thulcha cor-chnocacha Cuanach, agus fá mhághaibh
fearann-ghlúnaibh mBan bhFionn, agus fá oir-
thearaibh Ur-Mhumhan ar gcéadna, agus fá chrío-
chaibh áilne éagsamhlacha Luimnigh, agus fá fhiodh
mhór na Creatlaighe, agus fá imeallaibh árd-
gharbha Máine, agus fá iartharaibh urárda Iar-
Mhumhan, agus as sain go Bealach géag-shruthach
gorm-ghlaiseach Ghabhráin.



Cia trácht, ní raibh mágh ná mothar ná
mórshliabh, fiodh ná fásach, fothar ná fán-
ghleann an dá Chúigheadh Mumhan nach raibh
taoiseach naonbhair d'fhiannaibh Éireann ag
déanamh fiadhach agus fianchosgair an lá sain, agus
is é ionad i n-ar shuidh Fionn féin i n-a dhumha
seilge an lá sain i nDruim Chollchoille ris
a ráidhtear Cnoc Áine an tan so; agus ro
fhansad drong dána deagh-laoch i n-a fhochair
ann, mar atá Oisín feardha feadhm-láidir
fíor-ardhachta mac Fhinn, Osgar anghlonnach
mac Oisín, Goll mear-mheanmnach mór-
ghlonnach mac Mórna, Caolchródha cathbhuil-
leach mac Mórna, Sgiathbhreac mac Dathchaoin
fear iomchair sgéithe Fhinn; trí mic Aon-
chearda Béarra, eadhón, Glas, Gearr, agus Gabha,
Caoilte mac Rónáin, Diarmuid déid-gheal
dreach-sholais Ó Duibhne, liagán Luaimneach


L. 4


ó Luachair Dheaghadh, Conán maol mallachtach
mac Mórna, eadhón, fear mísgéimhe agus mío-
labhartha na Féinne, Fionn bán mac bhrea-
sail uí bhaoisgne, agus Fearghus ó Finn, an
file.



Do sgaoil an Fhiann iar sin dá ngadhraibh
sporacha ceólbhinne fá na feadhaibh agus fá na
gleanntaibh diamhaire do-eolais, agus fá na
foraoisibh fíor-achrannacha, agus budh bhinn le
Fionn gotha na ngadhar agus glaodhach grodmhar
na ngasradh, feadghail na bhfear fiadhaigh,
torann agus tormán treathan-mhór na dtréan-
fhear, luadhaill lán-lúthmhar na laochraidhe, agus
greasacht lán-ghasta na bhféinnidhe bhfíor-
ardhachta is na fothraibh, is na fásachaibh agus is
na fán-ghleanntaibh i n-a ur-thimcheall do gach
leith.



Is annsain d'fhiafruigh Fionn de'n druing
do bhí i n-a fhochair agus i n-a fharradh cia aca
do rachadh d'fhoraire agus d' fhorchoimeád dóibh.
Do fhreagair Fionn bán mac bhreasail uí
Bhaoisgne agus adubhairt go rachadh féin d'fhor-
choimeád dóibh, agus do chuaidh ar árd na tulcha
do bhí i gcomhfhogus dó, agus do bhí ag machtnamh
agus ag mór-fhéachain na gceithre n-árd i n-a
thimcheall, mar atá soir agus siar, ba dheas agus


L. 5


ba thuaidh, agus nior chian go bhfaca san árd
anoir gacha ndíreach an fear mór fada
fíor-ghránna féith-reamhar foirtill feadmh-
láidir agus an t-andúil diabhlaidhe doidhealbhach
frithshúileach, agus an moghaidh modartha mísgia-
mhach; agus é ciar coirtighthe cnáimh-reamhar
crom-cheannach corp-ghránna cros-fhiachlach.
Is amhlaidh bhí an t-óglách sain agus sgiath mór
mísgiamhach míleata duibhseach dubh-ghorm
dath-ghránna ar stuaidhleirg a dhroma aige,
agus claidheamh garbh-cham glan-altach gleóidh-
bhéimeannach mall-bhearnach glas-iarainn ar
a chois-tsliasaid chlí; agus da shléigh siothfhada
sár-leathna slinn-ghéara i n-a láimh nár tóg-
bhadh amach i ndáil éachta ná áthais le cian
d'aimsir roimhe sin; agus lorg-fhearsad imrea-
mhar iarnaidhe san láimh eile aige; agus níor
mó slad-fhód imtheachta seisrighe damh ná
gach fód dá mbaineadh an leathan-lorg sain
as an dtalamh trom-fhódach i n-a dhiaidh; agus
capall cnámhach ciardubh críon-altach creat-
lom cruth-luinneach i n-a dhiaidh, agus é más-chaol
más-mhaol mór-mhongach maol-ghuailneach
mall meirtneach mall-chéimneach mío-dhatha-
mhail; agus é leasg liodarach lag-chosach lán-
truagh lán-ghránna lom-asnach, agus brat breac


L. 6


bog-bhriste bog-shnáithe um an bhfear mór
féin ar uachtar a earraidh agus a éididh, agus ba
mó ná fuaim tuinne treathan-mhóire tréan-
aidhbhle i n-aimsir athfhuair earraigh ag teacht
d'ionnsaighe cuain agus caladh-phuirt, fuaim gach
buille bhríoghmhair bhailc-neartmhair bhorb-
láidir dá mbuaileadh an fear mór de'n
lorg-fhearsaid iarainn do bhí i n-a láimh ar an
oillphéist capaill ag iarraidh aistir agus im-
theachta air, agus is iongnadh nach tairngeadh a
cheann as a mhuinéal leis gach tarraing agus
leis gach fásgadh fuinneamhach fíor ardhachta
sár-láidir dá dtugadh sé ar an gcapall i n-a
dhiaidh, agus dob' iongnadh nach tairngeadh an
phéist capaill lámh an fhir mhóir as compar a
chléibh agus a chroidhe leis gach sughadh agus leis gach
fásgadh feardha fuinnmhidhe fíor-ardhachta
feadhm-láidir da dtugadh ar a thóin siar le
leisge aistir ná imtheachta a dhéanamh.



Dála Fhinn bháin uí Bhaoisgne, mar do
chonnairc sé ag teacht fá'n dtoichim agus fá'n
dtuarasgbháil sin é, do ghabh iongantas agus
úrghráin adhbhal-mhór roimhe é, agus d'éirigh i n-a
sheasamh agus do thóg a earradh agus a éidheadh os
mhaolaibh a mhás, agus do ghluais i n-a chasánaibh
géar-luatha glan-reatha agus i n-a chéimeannaibh


L. 7


tailc-iorrtha troigh-éasgaidh i gcionn aistir
agus imtheachta le rabhadh agus le sgéalaibh chum
Finn mhic Chumhaill agus na Féinne, an mhéid do
bhí aran láthair sin díobh. Is amhlaidh do bhí
Fionn an tan sin agus a mhac muirneach meadhrach
maiseach mórdhálach míleadhta mear-chalma,
eadhón, Oisín mac Fhinn, agus fithcheall chuanna
cheardamhail chaomh-álainn i n-a bhfiadhnaise,
agus iad ag imirt uirri go fáthach fíor-ghlic
foistineach deagh-bheartach, agus ro bheannuigh
Fionn bán de bhriathraibh míne milse maordha
macánta dhóibh. D'fhreagair an Rí Féinne,
Fionn, an beannachadh agus d'fhiafruigh dhe, créad
do ghluais é ó'n obair do ghabh sé i láimh agus gur
mhaith an obair faire agus forchoimeád do
dhéanamh dhó féin, "agus an mhéid d'aidhmhilleadh
do rinnsead Tuatha Dé Danann orainn riamh
gach uair do bhámar ag seilg agus ag fiadhach
na críche-se." D'innis Fionn bán an toisg
agus an turus fá' dtáinig sé féin dá ionnsuighe,
agus thug tuarasgbháil an fhir mhóir uadh mar is
fearrdo bhí aige, agus adubhairt nár chóir dhó
féin a shamhail nó a leithéid do leigean chuca,
agus é bheith i seilbh choimeádta do dhéanamh
dóibh. Ní cian do bhádar annsain go bhfaca-
daran fear mór fada fíor-ghránna agus déanamh


L. 8


madramhail mursanta meirgeach mío-dhatha-
mhail air agus an capall i n-a dhiaidh, agus gidh gur
ghearr uatha é, is fada bhí sé dá rochtain le
maille agus le meirtnighe an tsiubhail do bhí
faoi, acht do ráinig chuca fá dheireadh, agus ní
dhearna túrnamh ná comhnaidhe go ráinig i
bhfiadhnaise Fhinn. Annsain d'fhill a ghlún agus
do chrom a cheann agus d'fheac a cholann, agus thug
comhartha umhla agus urrama agus postraladh do'n
rígh Féinne.



Do thóg Fionn lámh os a cheann agus do thug
cead athaisg agus uraghaill agus úrlabhra dhó, agus
d'fhiafruigh sgéala dhe cia aca d'fholaibh
uaisle no anuaisle an domhain é, nó cia do
thrí rannaibh an domhain i ngnáthuigheadh a
bheith, nó créad dob' oifig no céird dó, nó
créad do-bheir each gan giolla aige, no créad
dob' ainm dó re siubhal na gcríoch nó le
taisteal na talmhan.



Is annsain do shuidh an fear mór i bhfiadh-
naise Fhinn agus is é ro ráidh, "Inneósad duit,
a Fhinn, gach nídh d'fhiafruighis díom, cia aca
d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain
dom: ní fhuil fios m' uaisle ná m'athardha
agam ná mo ghéaga gei nealaigh ná mo chraobha
coimhneasa; agus dá mbeith, do-bhéarfainn


L. 9


duit-se a fhios. An dara nídh d'fhiafruighis
díom, cia do rannaibh an domhain i ngnáth-
uighim a bheith. Is fomhór foirtill fíorchalma
me as tuaisceart Lochlann, agus ní ghnáthuighim
aon rann áirithe do'n domhan, acht ag siubhal
ar mhaithibh agus mhór-uaislibh an domhain mhóir ag
fagháil tuillimh agus tuarastail uatha do cheann
aimsire agus ógláchais do dhéanamh dóibh; agus do
chualas do chlú agus t'ealadha agus t'árdnós-sa, a
Fhinn," ar sé, "i mbéalaibh suadh agus seanchaidhe
agus lucht léighte laoidh agus leabhar agus inniste
maitheasa agus uilt agus cuarduighthe na cruinne
re haoir agus re hadhmholadh, agus ar na hádhbharaibh
sin thángas dod' ionnsuighe ar fheabhas do
thuarasgbhála, agus dob' áil liom bheith go ceann
bliadhna agat agus breith mo bhéil féin d'fhagháil
uait i gcionn na bliadhna. Agus na neithe
eile d'fhiafruighis díom, créad tug each gan
giolla agam no créad dob' ainm dom re
siubhal an domhain? Ní gan ádhbhar atáim
gan giolla, óir is éigean dom biadh agus deoch
céad fear d'fhagháil gach ló go n-oidhche, agus
gibé triath nó tighearna ag a mbím, atá do
mhéid mo mhuirearaighe féin gur leór dom é
agus gan giolla do bheith agam, agus an Giolla
Deacair is ainm dom, agus ní gan ádhbhar a


L. 10


tugadh an ainm sin orm, óir ní fhuil san
domhan mhór aon duine le ar deacra lá
maoine ná maitheasa do dhéanamh ná me, agus
ar dheacracht mo fhreastail, agus is iad sin mo
sgéala féin, agus is iad ro fhiafruighis díom, a
Fhinn, agus tuilleadh fós, dá fheabhas agus bhíthear
liom, is baoghal gurab guith a dheireadh."
"Níor éaras-sa aon duine ariamh fa thuilleamh
ná thuarastal," ar Fionn, "agus ní éarfad
thusa anois." Tugadar a lámha i láimh a
chéile iar sin, agus ceanglaid a gconnradh le
chéile go ceann bliadhna.



Is annsain d'fhiafruigh an Giolla Deacair
do Chonán mhac Mórna cia aca ba mhó tuar-
astal marcaigh san bhFéinn ná tuarastal
coisidhe. Adubhairt Conán go raibh a dhá
oiread ris an gcoisidhe ag an marcach.
"Maiseadh," ar an giolla, "cuirim féin
d'fhiadhnaise ar mhaithibh agus ar mhór-uaislibh na
Féinne atá annso, dá dtograinn féin sin,
gurab ar each a bheinn féin ag teacht do bhar
n-ionnsuighe, agus go bhfuil each agam gidh nach
bhfuil giolla agam, agus an nídh do ghnáthuighim
a dhéanamh rem' each do-ghéana me anois ris
é, óir leigfead d'ionnsuighe na heachraidhe is
neasa dhom é, agus cuirim ar do choimirce-se


L. 11


é, a Fhinn, agus ar choimirce a bhfuil annso it'
fhochair d'Fhiannaibh Éireann é," ar an Giolla
Deacair. Leis sin do bhain an t-adhastar
d'á each agus do leig imeasg eachraidhe na
Féinne é, agus gidh truagh teirc-fheólach do bhí,
agus gidh gur meirtneach meirbh míolúthmhar agus
gidh gur leisg ludartha, ní ar ithe ná ar
inghilt féir ná fásaigh tug a aghaidh, acht do
chuaidh fa'n eachraidh agus do chuir a ghearr-
earball goisdeach garbh-ruainneach i n-a
cheart-cholg-sheasamh, agus do thóg an dá chois
deiridh go deagh-thapaidh agus do nocht na fiacla
fada fír-ghéara agus an dranndal duibhseach
dubhghránna, agus is comhluath do chiorrbhadh agus do
chomhmarbhadh agus do chomhbhriseadh sé na heach-
radha le n-a cheann agus le n-a chosaibh do leith
a thosaigh agus a dheiridh, agus do theasg le n-a
fhiaclaibh iad. Acht dob' é deireadh na dála
nár fhág aon each amháin d'eachraidh na Féinne
nach tug easbaidh coise nó cluaise, leathshúil
no leithcheann, no ainimh bhiothbhuan éigin nach
féadfaidhe a leigheas ná a leasughadh go
bruinne an bhrátha orra, sul d'éaluigh se riú.
Agus iar milleadh agus iar gcórughadh eachraidhe
uile na Féinne dhó mar sin, d'ionnsuigh sé
each Chonáin Mhaoil mhic Mhórna do bhí ar


L. 12


fhéar-ghort dath-álainn leis féin ó'n eachraidh
eile agus dob' áil leis an cleas céadna a
dhéanamh ris. Mar do chonnairc Conán Maol
sin, adubhairt ris an nGiolla Deacair, éirghe
agus breith ar a each agus gan a leigean dó a each
féin do mhilleadh ná do mhíochórughadh ní budh
mó, nó go n-eireóchadh féin agus go leigfeadh a
inchinn tré innistribha chinn agus a cheann-mhullaigh
gan cáirde gan fuireach. Adubhairt an
Giolla Deacair ná rachadh féin dá fhóirithin
ó nach raibh giolla aige, agus nach raibh cumas a
eadrána aige féin acht maille leis an adhas-
tar a chur air, agus a bheith i láimh duine; agus dá
ndéantaoi sin ris, do-gheóbhadh bás de'n
ghorta; agus nár bheag leis féin a bheith d'á chong-
bháil an tan do bheith sé ag siubhal nó ag sírim-
theacht re cois a thighearna, nó an uair do bheith
sé ag imtheacht le toisg no le turus dó féin.



Dála Chonáin, d'éirigh go dísgir dána
deagh-thapaidh agus go bríoghmhar borb baois-
chéillidhe, agus do rug ar an adhastar agus do ghluais
roimhe i n-a bhuinneadhaibh bríoghmhara rachtacha
iongantacha, agus gér dheacair breith ar an each
sain an Ghiolla Dheacair, do rug air, agus do
chuir an t-adhastar ris, agus tug leis i bhfiadhnaise
Fhinn é, agus adubhairt go feargach fuasaoideach


L. 13


fír-neimhneach muna mbeith ar son Fhinn, go
mbrisfeadh sé a chloigeann gan fuireach, agus
adubhairt gurab iomdha droch-fhéinnidhe fuair
Fionn riamh agus nach fuair féinnidhe budh mheasa
ná marcach an eich sin. Mar sin dó athadh
fada ar adhastar ag Conán agus nár bh'áil leis
an nGiolla Deacair a ghlacadh uadh, agus nach
mó do ghlac aon duine eile uaidh é.



"A Chonáin mhic Mhórna," ar Fearghus
Finnbhéil, "is fada go ndéantá-sa giollai-
dheacht do churadh no do chaithmhíleadh san
domhan, agus tuig gur mór an táiragus an tarcuisne
dhuit ort féin, an t-óglách ar ar locadar
fir Éireann uile giollaidheacht do dhéanamh
dhó ar olcas a chrotha agus a dheilbhe agus ar anuaisle
a fhola, tu féin a bheith ag giollaidheacht dó,
agus is éagcóir, má's ar olca leis an each sain
an Ghiolla Dheacair atá tu, nach ar a mhuin a
théighir agus cnuic, coillte agus cabháin agus tulaigh
taobh-áilneagus madhmanna mór-shliabh, agus beanna
allta buan-árda do thaistealughadh agus do
thimcheallughadh leis, nó go mbrisfeadh a
chroidhe i n-a chliabh le siubhal agus le saothar."
Éirgheann Conán an tan sin le greasacht an
fhileadh ar mhuin eich an Ghiolla Dheacair do
bhaoith-léim éadtrom eadarbhuasach, agus buail-


L. 14


eann a dhá láimh 's a dhá chois i n-aoinfheacht i
n-a chliathánaibh, agus gidh go mbudh bheag gluai-
seacht fuilt nó fionnaidh, ní dheárna each an
Ghiolla Dheacair go beag ná go mór leis sin,
"Aithnighim féin, a Chonáin," ar Fearghus,
"an t-ádhbhar fá nach siubhlann an t-each
sain fút-sa, eadhón, marcach ró-throm do
chleacht sé bheith air, agus go rachadh uimhir is
comhthrom leis d'Fhiannaibh Éireann ar a mhuin
ní chuirfeadh sé aon chor de." Is annsain
d'fhiafruigh Conán ciaaca d'Fhiannaibh Éireann
do chomhaontóchadh leis féin do dhíoghailt
easonóra eachraidhe na Féinne ar an gcapall
sain? Adubhairt Art óg mac Mórna go
rachadh féin air, i n-éiric a eachraidhe do
mhilleadh agus do mhíochórughadh dhó. Adubhairt
Caol-chródha cath-bhuilleach an nídh céadna,
"agus mise," ar Aonghus mac Airt óig mhic
Mhórna, "agus mise," ar Dáire duanach mac
Mórna. Cia trácht, do chuadar ceithre fir
déag de Chlannaibh Mórna agus de Chlannaibh
Baoisgne air, agus do ghabhadar uile dá chomh-
bhualadh agus dá chomhbhrúghad i n-aoinfheacht agus
níor bh' fheirrde dhóibh, óir níor ghluais sé sin
aon troigh amháin d'áit a chos acht ag luighe
fútha seal agus ag éirghe arís.


L. 15


"A Fhinn mhic Chumhaill," ar an Giolla
Deacair "ní bheidh me féin níos sia im, óglách
agat agus imtheóchad rómham, agus ní fhanfad ní
bhus faide agaibh-se, agus a Fhianna Éireann," ar
sé "gidh gairid ó thánag féin chugaibh, is fada
liom é go deimhin, agus dom' dhóigh, is tuarasg-
bháil bhréige do chuaidh oraibh, agus mar shaoilim, is
mór an masla agus an míochlú, an táir agus
tarcuisne dhuit me féin do theacht chugaibh
do'n turus-so, óir gidh mór do theist agus do
thuarasgbháil riamh gus indiu, is deimhin go
rachaidh an oiread de tháir agus de mhíochlú ort
óm' theacht chugaibh, agus ní fhuil contabhairt a
Fhinn, ná gurab aithreach leat me féin
d'fhostadh agus tuarastal do ghealladh dhom, agus
munab aithreach, ní fhuileóngthá an díoghal úd a
thabhairt ar m'each id' fhiadhnaise gan ádhbhar."



As a haithle sin d'éirigh an Giolla Deacair
go meirbh míolúthmhar agus go leasg liodartha,
agus do cheileabhruigh d' Fhionn agus d' Fhiannaibh
Éireann, an mhéid do bhí ar an láthair sin
díobh. "Ná himthigh," ar Fionn, "agus gach ar
gheallas duit, comhaillfead dhuit é gan con-
tabhairt." "Truaighe sain," ar an Giolla
Deacair, "do-bheirim-se féin briathar, dá
mbudh í an oidhche anocht an oidhche dhéidheanach


L. 16


de'n bhliadhain, agus an gníomh úd do dhéanamh
orm, nach fanfainn lem' thuarastal a thógbháil
i mbárach gan imtheacht anois, agus ó thuigim
bhur miosgais dhom, ní fhanfad agat níos
faide, agus béarfad bhar dteist agus bhar dtuarasg-
bháil liom ar feadh na gcríoch, agus adubhairt an
laoidh:-



Beidhead-sa anois ag dealchadh, a Fhinn,
riot-sa agus ret' Fhiannaibh
Ní fhuil acht mearchadh do laoch teacht dod'
iarraidh;



Fionn — Guith orainn ná tabhair-se agus ná
himthigh uainn fa dhólás;
Luighim-se fám 'armaibh gaisgidh nár
chailleas riamh ar óglách;
Da bhfanfá-sa im' fhochair feadh
bliadhna, a Ghiolla Dheacair,
Do-bhéarfainn gan gó dhuit ar
gheallas 'n-a dheaghaidh.



Giolla D. — Dá mbeidheadh de'n bhliadhain acht
aon ló gan caitheamh
Ní fhanfainn id' fhiadhnaise tré n-a
ndearnais fúm do mhagadh;
Cuirim suas dod' mhuinteardhas, a
Fhinn, gidh maith do theastas;
'San bhFéinn ó nach fuilingtear me
ag imteacht uaibh-se biad feasta.


L. 17


A haithle na laoidhe sin d'éirigh an Giolla
Deacair i n-a cholamhain chomh-dhíreach i n-a
cheart-sheasamh agus tug aghaidh siar budh dheas
gacha ndíreach, agus mar chonnairc ann capall
a thighearna ag fágbháil na tulcha i n-a raibh
Fionn agus an Fhiann, do ghluais féin i n-a dhiaidh
agus na ceithre feara déag sain ar a mhuin, agus
mar do chonnairc Fionn agus an mhéid do bhí i
n-a fhochair d'Fhiannaibh Éireann sin, do
léigeadar gáir sgige, fochmhaideagus fonamhaide
fútha, agus ní fada do chuaidh an Giolla Deacair
uatha an tan do thógaibh a éadach ós maolaibh
a mháis agus a lurgan agus gluaiseas roimhe go
dísgir deagh-thapaidh agus go tric teann talchair
troigh-éasgaidh tinneasnach agus go cródha calma
coimh-neartmhar mar luas fáinle no feirbe,
no mar shíoth ghaoithe tar cheann machaire nó
maoil-tsléibhe i meadhón míosa Márta; is
é sin treise, díosgaireacht agus deagh-thapadh
do bhí i gcosaibh an Giolla Dheacair ag
imtheacht uatha, agus ní faillightheach do freagradh
sain le n-a each: gér mhór a eire agus a ualach,
tug criothnughadh air féin agus do ghluais i n-a
bhuinneadhaibh ró-dhiana racht-aigeantacha
reatha, eadhón, an t-each i ndiaidh a thriaith agus
a thighearna, agus dá mbudh tuirling budh mhian


L. 18


leis an muintir do bhí ar a mhuin ní raibh ar
gcumas dóibh, óir do leanadar a lámha agus a
gcosa do'n chapall go docht daingean do-
sgaoilte ionnus nár fhéad neach aca tuirling
de. An uair do chonnairc Conán Maol mac
Mórna sin ro léig, tráth, gairbh-sgread
dhuaibhseach uathbhásach dho-fhulaing as, agus ro
ghabh ag aoireadh agus ag aithisiughadh Fhinn agus na
Féinne ar gcéadna fo n-a leigean leis an
arracht fhuathmhar úr-ghránna nár bh'fheas
críoch no cinéal de'n domhan arab as dó; agus
do chuir sé Fionn agus Fiann Éireann fá gheasaibh,
muna leanadaois é féin agus an mhéid do bhí
i n-a fhochair de'n bhFéinn ar an each sain, gibé
áird d'áirdibh an domhain i n-a ngeóbhadaois
nó go mbainfidís amach iad d'ais no d'éigean
de'n andúil diabhlaidhe do-dhealbhach sain ag
a rabhadar i mbroid.



Dála Fhinn mhic Chumhaill agus na druinge do
bhí i n-a fhochair de'n bhFéinn, tugadar lámh
thapaidh laochda tar a leathan-armaibh, agus
gluaisid rómpa go dian dísgir dána deagh-
thapaidh i dtóruidheacht a muintire, agus is é
eólas i n-ar ghabh an Giolla Deacair go
díreach roimhe siar do Chríochaibh bhFear Morc,
re a ráidhtear Uí Chonaill Ghabhra an tan so,


L. 19


agus do Shliabh leathan-mhór aoibhinn Luachra, agus
as sain do Chorca Uí Dhuibhne, agus san bhfairrge
fhíor-dhoimhin fhuar-linntigh si ar gacha ndíreach,
agus ag dul amach do'n Ghiolla Dheacair i gciumh-
saibh an chuain agus an chaladh-phuirt is ann do
rug Liagán luaimneach ó Luachair Dheaghaidh
orra, agus ro fháisg a dhá dhóid ro-reamhra ro-
mhóra agus an dá láimh láidre lán-chalma i
bhfolt an eich, agus dob' áil leis a tharraing i
dtír go hathgharbh ainmhín ardhachta, agus a chong-
bháil go mbéarfadh Fionn agus an Fhiann air.
Gidheadh, tug an t-each tarraing fearamhail
fíor-ardhachta ar Liagán agus fuaduigheann leis
i gcraos mara agus mór-fhairrge é agus dá mbudh
dealughadh leis a mhian ní raibh sé ar gcumas
dó, óir do leanadar a lámha dhe, ionnus go
rabhadar cúig feara déag d'Fiannaibh
Éireann air mar sin, agus is amhlaidh do bhí an
muir i n-a thráigh thirm théachtaighthe rómpa agus
i n-a mhotharaibh mór-thonnacha míchéillidhe
mear-chalma i n-a ndiaidh. Dála Fhinn agus na
Féinne, do bhádar dá bhfeitheamh agus dá bhféach-
ain nó go ndeachadar as a radharc agus tar a
bhfaicsin uatha, ionnus ná raibh a fhios aca cá
háird d'áirdibh an domhain i n-ar ghabhadar;
agus fá dubhach agus fá tuirseach trom imshníomhach


L. 20


ro bhí Fionn agus a raibh i n-a fhochair de'n
bhFéinn an tan sin de chumha a gcarad agus a
gcompánach, agus tar éis a bhfuaradar d'aistear
agus d'anbhuain dá leanmhain.



Is annsain d'fhiafruigh díobh créad do-
dhéanfadaois. Adubhradar sain gur bh' fhearr
é féin i n-eagna agus i gcomhairle agus gibé nídh
ar a gcinnfeadh sé féin agus Fearghus ó Finn,
an file, go mbeadh sé seasmhach aca féin.
"Is í mo chomhairle-se dhíbh," ar Fearghus,
"dul go Beinn Éadair mhic Eadghaoithe, óir
d'fhágbhadar Tuatha draoidheachta dath-áilne
dealbh-chaoine Dé Danann de bhuaidh uirri,
gibé de shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic
Fhéniusa Farsaidh do rachadh dá hionnsaighe
ar a mbeith éigeandáil gábhaidh le hathaidh na
hÉireann d'fhágbháil le toisg no le turas,
go bhfuighfeadh long ullamh in-imtheachta ar a
chionn san gcuan gan ball dá hiarraidh do
dhíth ná d'uireasbaidh uirri." Ro chinneadar
ar an gcomhairle sin do dhéanamh agus do
ghluaiseadar rómpa i n-athghairid na conaire
céadna tar a n-ais, agus níor chian dóibh go
bhfacadar dias ghaisgidheach tailc-iorrtha
troigh-éasgaidh gacha ndíreach dá n-ionnsaighe
agus treallamh troda agus teagmhála agus aibíd


L. 21


imreamhar iarnaidhe ar gach fear díobh, agus dá
bhrat sgiamhdha sgárlóide umpa, agus dealg
óir ór-loisgthe in gach brat díobh, agus tángadar
do láthair iar sin mar a raibh Fionn agus Fiann
Éireann, agus tugadar comhartha umhla agus
urrama agus postraladh do'n Rígh Féinne.
Tógbhas Fionn a lámh ós a gcionn agus do thug
cead athaisg agus uraghaill agus urlabhra dhóibh agus
d'fhiafruigh sgéala dhíobh, cia hiad féin nó
cá tír nó talamh dóibh, cia a n-anmanna, nó
cia an rí do ríoghaibh an domhain dar chlann
iad? "Clann do rígh na hIndia sinn-
ne," ar siad, "agus Feardhach agus Foiltleabhair ár
n-anmanna, agus is é adbhar fá bhfuilmíd ag
siubhal an domhain, dá fhéachain an bhfuighmís
aon duine do dhéanfadh ceart breitheamhnais
eadrainn is an dá cheird atá againn, agus do
chualamar do chlú-sa i mbéalaibh suadh agus
seanchaidhe agus lucht léighte laoidh agus leabhar, agus
ráidhte maitheasa agus uilc, nach bhfuil san domhan
aon duine is gaoithe agus is glioca agus is intleach-
taighe ná Fionn mac Cumhaill," ar siad,
"agus is uime sin tángamar dod' ionnsaighe agus
dob'áil linn a bheith bliadhain ar do theaghlach."
"Do gheobhthaoi sin dá mbadh toil libh féin é,"
ar Fionn. "Is toil, go deimhin," ar siad.


L. 22


"Maiseadh, innisidh bhur gcearda," ar Fionn,
"go mbreathnuighinn iad, ionnus gur feirrde
dhéanfainn breith do thabhairt eadraibh."
"Ceird ar leith agus gaisge ar leith atá ag gach
fear againn," ar siad, "óir dá mbeidís
deich gcatha fichead bhfear n-Éireann ar aon
láthair," ar Feardhach, "agus uireasbaidh
loingeas a bheith orra do dhéanfainn-se a
nd óithin loingeas dóibh acht go mbuailfinn
trí bhuille de'n tuaigh shaoir-se atá agam ar
mo chrann tabhaill, agus ní iarrfainn d'uain ná
d'aga acht a gcinn d'fholchadh ar feadh na
dtrí mbuille a bhualadh dhom, gurab í sin mo
cheird féin," ar sé. "Maiseadh, is í is ceird
dhomh-sa," ar Foiltleabhair, "go mbéarfainn
lorg na crón-lachan ar feadh naoi n-iomaire
déag d'ionnsaighe a háite agus a hionaid féin
go mbéarfainn uirri ar a neid, agus is comh-
mhaith do-ghním sin ar muir agus ar tír," ar sé.
"Is maith na cearda sain agaibh," ar Fionn,
"agus righmíd-ne a leas díobh anois," ar sé,
"óir ní fhuil 'san domhan dhá nídh is mó atá
d'uireasbaidh orainn ná longa agus lorgaireacht
mhaith do dhéanamh dhúinn, agus gidh gur maith ár
lorgairí féin is maith linn lorgairí eile do
bheith againn do chongnamh dhóibh." "Cia na


L. 23


lorgairí atá agaibh?" ar siad. "Clanna
Neamhain," ar Fionn, "eadhón, Caolchródha ó
Neamhain agus Smeig-ar-dhrúcht ó Neamhain
agus Aodh fada ó Neamhain agus Fear feadha
ó Neamhain." Is annsin a d'fhiafruigh-
eadar d'Fhionn créad an t-éigean ná
an gábhadh do bhí air, ó do bhí i n-éigean
nó i ngeall na neithe sin d'fhagháil tar
iomad a chabhlaigh féin agus a lorgairí, agus a
bhfeabhas do lorgairíbh agus do longaibh. D'innis
Fionn ó thús go deireadh sgéala an Ghiolla
Dheacair dóibh, agus amhail do rug sé cúig feara
déag d'Fhiannaibh Éireann leis agus gurab ag
dul go Beinn Éadair ag iarraidh loingeas
do bhádar. "Muna bhfuil oraibh acht sain,"
do ráidh Feardhach mac rígh na hIndia,
"do dhéanfad-sa bhur ndóithin long agus luath-
bhárc díbh." "Go deimhin is cinnte," ar
Foiltleabhair, "gibé áird d'áirdibh an domhain
i n-ar ghabhadar go leanfad-sa go féigh
fuireachair fíor-ghlic iad díbh-se nó go mbeir-
ead dá n-ionnsaighe sibh." Do críochnuigheadh
an chomhairle sin leó go lán-ádhbhal, agus do
thrialladar tar a n-ais nó go rángadar
rómpa go Clochán Chinn Chait, agus iar rochtain
na háite sin dóibh adubhairt Feardhach leó


L. 24


a gcinn d'fholchadh, agus do rinneadar amhlaidh,
agus ghabh Feardhach a chrann tabhaill, agus do bhuail
trí bhuille agus iar dtógbháil a gcinn dóibh is
amhlaidh chonncadar an cuan craosach crios-
leathan lán do longaibh agus do luathbhárcaibh.



Dála Chaoilte do léig trí bhog-ghlaodh, trí
áird-liúgh agus trí fhead bhinne as, ionnus nach
raibh fiadh ná fothar, fásach na fán-ghleann,
magh, mothar ná mór-shliabh dá chúigheadh mór-
gharg na Mumhan nachar chlos na glaodha
sain, agus ód' chualadar an Fhiann an fógra
sain Chaoilte, níor fhanadar le seilg, fiadhach
má fianchosgar, óir budh dearbhtha deimhin leó
gurab éigean gábhaidh do bhí ar an Rígh
Féinne, an tan chualadarna trí barn-ghlaoidh
bhoga do leig Caoilte as; agus do ghluaiseadar
rómpa i n-a ndrongaibh agus i n-a mór-bhuidhnibh
diana dísgre dána dásachtacha agus ní haith-
ristear sgéala orra nó go rángadar iarthar
Chorca Uí Dhuibhne mar a raibh Fionn, agus d'innis
dóibha sgeala ó thús go deireadh, amhail tháinig
an Giolla Deacair chuca, agus mar d'imthigh sé
uatha arís.



D'fhiafruigh Oisín mac Fhinn de'n Rígh
Féinne cá líon do rachadh leis do thóruidheacht
a mhuintire. "Is beag liom a bhfuil annso


L. 25


d'Fhiannaibh Éireann a dhul liom," ar Fionn.
"Ná habair sin," ar Oisín, "óir ní beag
linn oiread a ndeachaidh uainn de'n Fhéinn
do dhul ann, agus acht go roigfeam féin
a chéile an deichneabhar ar fhichid, ní fhuil
críoch ná cineadhach san gcruinne i n-a
racham nach caithfeadh bheith umhal urramach
dúinn, ar ais nó ar éigean." "Mai-
seadh," ar Fionn, "is cead liom-sa an nídh
is cead libh-se, agus tógbhaidh féin na cúig feara
déag is fearr lámhach agus is mionca do fromhadh
i n-am imreasáin agus easaontadh de'n Fhéinn, agus
féachain cia fhuigfeam i n-áird-cheannas na
hÉireann im' ionad-sa ós cionn na Féinne
go teacht dúinn tar ár n-ais arís." Is í
comhairle ar ar cinneadh leó, Oisín mac Fhinn
d'fhágbháil ós cionn na Féinne go filleadh
dóibh arís, óir is é budh shine agus budh oirbheart-
aighe do chloinn an Rígh Féinne. Agus is
iad so drong do dheagh-laochaibh do chuaidh le
Fionn san turas sain, i. Diarmuid déad-bhán
dreach-sholais ó Duibhne, Osgar anghlonnach
mac Oisín, Goll glac-láidir mac Mórna,
trí mic Aonchearda Béarra, eadhón, Glas,
Gearr, agus Gabha, Sgiathbhreac mac Dathchaoin,
fear iomchair sgéithe Fhinn, Caoilte mac


L. 26


Rónáin, Caolchródha céadghoineach óNeamhain,
agus trí mic an Rígh Féinne, eadhón, Iollann
faobhar-dhearg mac Fhinn, agus Aodh Beag mac
Fhinn agus Fearghus finnbhéil, file na Féinne,
Fionn mac Glóir, rí Féinne d' Fhéinn Uladh,
darab ionann máthair dó féin agus d'Fhionn, óir
dob' í Muireann Munchaomh inghean Thaidhg
draoi mhic Nuadhat a máthair araon, agus Fear-
dhach agus Foiltleabhair, dhá mhac rígh na hIndia
maille riú. Tiomnann Fionn an drong
deagh-laoch do bhí i n-a fhochair ag dul leis san
turas sain. Ceileabhras d'Oisín agus do
mhaithibh na Féinne, agus budh déar-chaointeach
dubrónach do bhádar leith ar leith ar sgaradh
leó le chéile, agus adubhairt Oisín an rann agus
d'fhreagair Fionn dó, amhail isbeart:-



Oisín. — Tusa ar eachtra ag imtheacht, a Fhinn
arm-ruaidh fhuiligh,
Do theacht id' luing leabhair go hIath
Éireann fuinn fhuinidh.



Fionn. — Tusa uainn ag anmhain gan baoghal
gan anbhuain
A ruisg mhíonla mhaill-réidh, a dhuis
díona deagh-shluaigh.



Oisín. — M'éacht ort, a Fhinn Almhan, éacht is
oircheas d'fhógra,


L. 27


T'iompódh san gcuan chéadna go
fionn-chlár fuar Fódla;
Mise uaibh ag fanamhain, cá bhfuil
céim is usa?
Ag cur do chlú i gcathaibh is dearbh
go rachaidh tusa.



A haithle na laoidhe sin do chuireadar
amach go mear-chalma míleata mór-
aigeantach a long luchtmhar leabhar-bhláith
agus a mbárc bheann-chorrach bhroinn-fhairsing
bhréid-leathan 'san sál-mhuir linn-fhuar lán-
doimhin ró-fhairsing go soin-díreach, agus Foilt-
leabhair mac rígh na hIndia an t-eólaidhe ag
déanamh eólais dóibh ar chorr-thosach na
luinge, ag leanamhaint luirg an Ghiolla
Dheacair agus a chapaill; agus d'fhiafruigh Fionn
d'Fheardhach mac rígh na hIndia, créad do
dhéanfadaois re a raibh do loingeasdíomhaoin
aca? "Do-ghéan-sa a gcur ar neimh-nídh tré
ghaois agus tré gheintlidheacht na healadhan
draoidheachta atá agam nó go mbeith i n-eas-
bhaidh ort acht an long i n-a bhfuilir-se dhíobh,
agus dá mbeith práidhinn agat leó, d'fhéadfainn-
se do dhóithin long agus luath-bhárc do dhéanamh
dhuit le prap na súl, nó le haithghearr aon-
uaire." Suideas Feardhach ar dheireadh na


L. 28


luinge, agus do shuidh Fionn agus a mhuintir ar
shleasaibh seas-árda sár-dhaingne na síoth-
bháirce, agus gabhaid chuca annsain rámha slinn-
leathna síth-righne seang-mhulcha i n-a ndóidibh
daingne do-sgaoilte dath-áilne donn-
ingneacha, agus do rinneadar iomramh dian
dásachtach doi-eadrána go rángadar i
gcrioslachaibh fuara fliuch-linnteacha fionn-
ghlasa fíor-dhoimhne foghairt-ghearánacha na
fraoch-fhairrge; agus mar rángadar annsain
d'éirigh an dubh-fhairrge dóibh i n-a dromann-
aibh dána dásachta do-sgaoilte agus i n-a
gleanntaibh garbh-liatha glór-uallacha gráin-
doilghe gorm-reamhra agus i n-a srothaibh saidhbhre
sár-luatha siansánacha siubhlaidhe sár-bhriste,
agus i n-a gcuasánaibh cáinteacha cioth-mhóra agus
i n-a broinntibh breacmhara bárr-cheathacha
buan-chubhracha, agus i n-a motharaibh mór-thonn-
acha mí-chéillidhe, agus freagrann an ghaoth go
fuasaoideach feadhm-láidir fulaing-thréan
ris na féinnidhibh, ionnus gur thúrnadar
mongháir agus meadhair-anfach na mara de'n
mheasgadh sain go raibh go féith-chiuin fosaidh
fíor-mhín.



Níor chian dóibh iar sin go bhfacadar an
fhaill mhór agus an charraig chorr chiardubh cheann-


L. 29


gharbh chomhdhaingean, agus Foiltleabhair mac rígh
na hIndia ag leanmhain luirg an Ghiolla
Dheacair go díreach deagh-thapaidh chum na
cairrge réamhráidhte, agus budh haidhbhseach agus
budh hárd ur-ghránna leo a haoirde suas
i néalaibh na fíormaimeinte, agus budh sleamhaine,
trá, ná com amh-eascoine gac slios slim-
réidh de'n ruadh-charraig doi-réidh sin, agus ní
raibh conaire ná slighe aca i rachadaois suas
uirre, agus ní fhuaradar lorg an Ghiolla Dheacair
ná a ghearráin uaithi i n-aon áird d'áirdibh an
domhain, agus ro budh holc agus budh himshníomhach
le Fionn agus le Fiannaibh Éireann gan ar
gcumas dóibh a muintir do leanamhaint
tairis sin, do bhrígh nach bhfuaradar slighe ná
conaire i rachadaois suas ar an gcarraig.
"Créad an mhaith atá dhúinn," ar Fearghus
Finnbhéil, file na Féinne, "an tí do hoileadh
do leasuigheadh agus do lán-mhúineadh ag
Manannán mong-bhuidhe mór-cheardach mac
Lir i dTír trácht-mhín Tairngire agus ag Aonghus
ilcheardach mac an Daghdha san bhrugh ós
Bóinn, agus an tí ag á bhfuil gach ceird agus ealadha
agus cumhachta dá raibh aca-san de dhíoghluim
deagh-fhoghlamtha de ghlan-mheabhair, agus ná téid
sé do léim éadtrom eadarbhuasach, do thoradh


L. 30


a ealadhan agus a dhraoidheachta, do dhéanamh
teórann dúinn agus do thabhairt sgéala dhúinn
ón gcarraig, agus gur cinnte linn gurab ann-
so suas do ghabh ár muintir agus gur dóigh
linn gurab ann atá árus comhnuidhthe an
Ghiolla Dheacair?" Iar gclos athaisg an
draoi do Dhiarmuid ó Duibhne, do ghabh náire
agus imdheargadh é agus is é adubhairt, "Is chugam-
sa adeirir sin, a Fhearghuis." "Is chugat go
deimhin," ar Fearghus. Ro éirigh Diarmuid
iar sin, agus gabhas a iorradh agus a iolfhaobhar
chuige agus do rinne ar a dhá shleigh shioth-fhada
shlinn-ghéara, agus do ghabh sleagh díobh in gach
láimh leis, eadhón, an Crannbhuidhe agus an Ga
Dearg a n-anmanna, agus tug criothnughadh
curadh air féin, agus d'éirigh go hur-éadtrom
éanamhail eadarbhuasach do chleasaibh cóimh-
neartmhara a cholna, d'urlannaibh a shleagh agus
do chrannaibh a chraoisighe nó gur ghabh leithead
a dhá gheal-bhonn de'n fhearann áluinn fhéar-
uaine ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe
cloch-aimhréidhe thuas. Agus ar rochtain ann-
sain dó, d'fhéach ar a mhuintir uaidh síos ro
fhágaibh san luing dá éis. Fá leór d'ádhbhar
uathbháis agus ur-ghráine leis silleadh agus féachain
orra le n-a fhad agus le n-a mheirtnighe uaidh


L. 31


síos do bhádar, agus féachann an tír ar gach
taobh de, agus do chonnairc sé na magha mion-
sgothacha mór-fhairsinge agus na tulcha torthacha
taitneamacha taobh-uaine agus na cnuic inbheacha
ur-aoibhne, agus budh mhór an tógbháil uaille agus
droch-aigeanta agus an sgrios maoithe agus do-
mheanman bheith ag silleadh agus ag sár-fhéachain
orra, óir budh bhinn uaill sreabh, ceól éan,
dórd beach agus foghar gaoithe innti. Ro ghabh
Diarmuid ag siubhal na críche; níor chian dó
iar sin go bhfaca an tulach árd ur-aoibhinn
fhéar-uaine, agus bile bioth-áluinn buan-torthach
fleasgach foi-ghéagach i gceart-mheadhón na
tulcha agus cairthe chloiche chaomh-áluinn i n-a
seasamh le taobh an bhile agus tobar linn-ghlas
glan-fhuar re taoibh na cairthe agus ní fhaca aon
duine timcheall an tobair ná na tulcha, agus
d'ionnsuigh Diarmuid an tobar, óir budh
luinneach lúthgháireach leis a fhagháil ar an
ádhbhar go raibh sé lán do thart agus do throm-
íotaidh d'éis a bhfuair sé d'olc agus d'anfhorlann
ar muir agus ar mór-fhairrge, agus níor fuilngeadh
leis a bheith ag a fheitheam i bhfad an tan do
chrom ag ól dighe, agus chomh luath agus chrom a
cheann do chuala trost agus torann trom-ádhbhal
agus do shaoil gurab léir-shluaigh agus iomad


L. 32


sochaidhe agus iolar curadh agus caith-mhíleadh do bhí
ag teacht i n-a fhochair, agus do thogaibh a cheann
go dísgir dícheallach agus ní fhaca aon duine, agus
ó nach faca, d'fhill a dhá ghlúin ghasta ghlé-
geala dath-áilne deagh-chumtha faoi arís, agus
dob' áil leis cosg a íotadh de'n uisge d'ól,
agus do chuala trost budh seacht mó 'ná an chéad
uair, agus do thógaibh a cheann go dána deagh-
thapaidh agus ní fheadair créad do-ghní an torann.
"Atá dóigh agam," ar Diarmuid, "gurab
de chomhachtaibh an tobair-se gan leigean do
dhuine deoch d'ól as acht amhlaidh so." Iar
sin do thug Diarmuid súil i n-a thimcheall, agus
do chonnairc corn cóimh-fhleasgach cumhdaighthe
ar bheinn na cairrge, agus do ghlac é, agus do chuir
san tobar é, agus d'ibh deoch as. As a haithle
sin d'fhéach Diarmuid thairis, agus do chonnairc
an t-aon-óglách áluinn iolbhuadhach dá ionn-
saighe anoir gacha ndíreach agus trealamh troda
agus teagmhála, agus greann gaisgidh agus gnímh-éacht
air, agus fraoch feirge fíor-mhóire agus inneall áigh
agus iomghona air, agus brat sgiamhdha sgárlóide
ar uachtar a earraidh agus a éididh air, agus fleasg
fhionn-bhuidhe fhíor-órdha d'ór áluinn aith-
leaghtha ar uachtar a aighthe agus a éadain air
nach sgaoileadh an ghaoth an folt fuathan-chaol


L. 33


fíor-áluinn for-órdha do bhí le cleith a chinn
agus a cheann-mhullaigh, agus eas áluinn go niamhdha
solusmhar idir a throighthibh agus an talamh, agus
adubhairt, "A mhic uí Dhuibhne, dar liom féin,
is fada fairsing Éire iath-ghlas oileánaidhe
fút, agus dob' iomdha a huisgeadha glan-fhuara
sár-mhilse linn-fhuara, agus fásaigh diamhaire
fiadhaigh agus gan teacht d'ól uisge mo thobair-
se ná ag fiadhach m'fhoraoise, agus ní leigfead
leat fó chéad-uair é."



Is annsain d'ionnsuigh Diarmuid agus an
Gruagach a chéile, agus do chuireadar glún le
gliaidh agus troigh re taca, agus aghaidh re h-iomghoin,
agus do-rónsad comhrac toll-bhorb tinneasnach
torann-tréan ainmhín eascáirdeamhail mar
dhá leomhan luaith-leadartha nó mar dhá na-
thair nimheno mar choigeadal tuinnetreathan-
mhóire ag buain re ciumhsaibh cuain no
caladh-phuirt: dob' é sin sraoineadh, searnadh
agus athchumadh do bhádar an dís laoch sain do
thabhairt ar a chéile. Fá tosach do'n oidhche agus
fá deireadh do'n lá an tan sain. Dála
an Ghruagaigh, an tan d'airigh a bhrígh agus a
neart d'á thréigean, d'éirigh de bhaoith-léim
éadtrom de chleasaibh cóimhneartmhara a
cholna, agus do chuaidh san tobar, agus do sluigeadh


L. 34


i bhfíor-íochtar an tobair é, agus do shaoil
Diarmuid gurab a bháthadh do rinneadh, san
tobar, agus suidheann go fadtuirseach ós ur
an tobair, agus dob' olc leis a mheanmain iar
ndul d'á chéile chomhraic uaidh, agus fá doilghe
leis ná sain gan sgéala bheith aige d'Fhionn
ná d'Fhiannaibh Éireann ar gach nídh dár
imthigh air féin, agus is í comhairle ar ar chinn
sé uir-sheasamh agus comhnuidhe do dhéanamh in-
san chrích sin an oidhche sin, ag súil le sgéala
d'fhagháil ar n-a bhárach, agus do ghluais ar fud
na foraoise fiaidh do bhí i gcomhfhogus dó, agus
do chuir a mhéar i suainimh shíoda na sleighe
séanta soi-dhiubhraigthe do bhí aige agus tug
urchar áthasach uir-mhisnigh do'n óig-ealta
fiaidh adchonnairc gur léig chum láir agus lán-
talmhan fiadh aca, agus do chuir ar bhearaibh
fada fionn-choille i n-a mhíribh, agus ro fhadaidh
toirt teineadh treathan-mhóire as a haithle,
agus ro bheirbh an fheoil, agus ro chaith a leór-dhóithin agus
d'ibh a sháith de'n fhíor-uisge i n-a dhiaidh, agus do
chodail as a haithle sin go dtáinig an lá go
n-a lán-tsoillse ar n-a bhárach. Ro éirigh
Diarmuid go moch-dheaghail na maidne, agus do
chuaidh i gceart-mheadhón a airm agus a éididh agus
a iolfhaobhair, agus do chuaidh go hur an tobair


L. 35


agus gidh moch do chuaidh ann do fuair an
Gruagach ar a chionn ann, agus is é ro
ráidh, "A mhic uí Dhuibhne, is bárr do chuir
tú ar gach aon olc dá ndeárna tú dom féin,
ar a dtabhair tú de tháire agus de tharcuisne
dhom, tú d'fhanmhaint aréir im' fhoraois,
m' fhiadh do mharbhadh dhuit agus uisge mo thobair
d'ól. Dob' fhairsing Éire iath-ghlas oileánaidhe
fút chum gach neith dhíobh sain d'fhagháil innti,
agus fós budh chóra dhuit bheith ag suirghe agus
ag saobh-shúgradh le mnáibh míonla mullach-
dhonna mong-réidheagus le banntracht mhilis bhinn-
bhriathraigh agus re béibh suairce so-charthannacha
agus re clannaibh ríogh agus tighearnaidhe na hÉir-
eann, mar do chleachtais riamh, ná bheith ag
déanamh díoghaltais agus díbhfeirge orm-sa, agus
is dearbh nach léigfead leat gan díoghalt
é." As a haithle sin d'éirigh Diarmuid agus an
Gruagach d'ionnsaighe a chéile, agus do-rónsad
comhrac féigh fuilteach faobhrach cródha calma
cóimhneartmhar re chéile. Cidh trácht, do bhí
Diarmuid agus an Gruagach trí lá, diaidh
ndiaidh, ag comhrag re chéile, agus d'imthigheadh
an Gruagach san dtobar gach n-oidhche dhíobh,
agus ní dheachaidh Diarmuid ar feadh na haimsire
sin re sgéala chum a mhuintire, acht do


L. 36


mharbhadh fiadh gac n-oidhche agus do chaitheadh a
leór-dhóithin de féin agus d'uisge an tobair,
óir fá gnáthach le Diarmuid gan fuigheall
a fheóla ná a bhídh do chaitheamh choidhche, agus is
uime sin do mharbhadh fiadh gach n-oidhche.



Táinig an Gruagach an ceathramhadh lá agus
do chomhrac sé féin agus Diarmuid re chéile,
agus an uair shaoil an Gruagach dul san tobar
mar budh ghnáthach leis, iadhas Diarmuid a dhá
láimh leabhaire lán-chalma fá n-a bhrághaid agus
tuitid araon san tiobraid síos. Níor chian
do bhádar mar sin an tan do chonncadar na
cathracha agus na caisleáin agus na píoláidí ríoghdha
ro-mhóra agus na dúthaighe dath-áilne dealbh-
éagsamhla agus na coillte deagh-mhaiseacha
dearg-iubhar agus na magha mion-sgothacha agus na
tulcha taitneamhacha taobh-uaine; d'éirgh-
eadar an dís deagh-laoch sain ó gheal-trácht
ghainmhidhe na geal-tiobraide, agus do rioth an
Gruagach i n-a ghaistidhibh gáibhtheacha glan
reatha d'ionnsaighe an dúna budh neasa dó,
agus ritheann Diarmuid i n-a dhiaidh go dísgir
deagh-thapaidh, agus iar rochtain an dúna dhóibh,
fuaradar iomad sluaigh léir-churadh agus caith-
mhíleadh ar fhaithche an dúna. Do leigeadar
conaire coitcheann agus sráid-shlighe réidh ro-


L. 37


fhairsing eatorra do'n Ghruagach, agus tugadar
a n-aghaidh i n-éinfheacht ar Dhiarmuid agus dob'
áil leó goin ghaoi agus lann agus míreanna mion-
bhrúighte do dhéanamh de. Dála Dhiarmuda,
ní ar tlás ná ar tarcuisne do chuaidh sé,
acht dul tríotha agus társa amhail do rachfadh
seabhac fá mhin-éanaibh nó míol mór tré
mhin-iasgaibh nó faol-chú cíocrach conadhach
tré mhór-thréad caorach ar mhacaire réidh ro-
fhairsing gan teasargain idir é agus iad, nó
mar bhuinne dian díleann ag sgeith tar
uachtar árd sléibhe go mbriseann agus go
bhfuadaigheann gach nídh ar a roicheann, is
mar sin do rinne Diarmuid slighthe sár-mhóra
agus conairí coitcheanna agus láthair imreasáin agus
iombuailte trés na sluaghaibh ionnus go
ndeárna dronga deaghlaighthe dian-sgaoilte
dhíobh gur chorrach gach slighe agus gur bheag gach
buidhean, agus gur leabhair na ruaga, agus gur
tiugh na hármhaigh, na héachta agus na heasbhadha
thug orra; agus an mhéid nár thuit le Diarmuid
chuadar i n-a madhmannaibh mór-theithmhe fá
ghleanntaibh diamhaire do-eólais agus fó fhothraibh
fiadhamhla fásaigh na críche, agus drong eile
tar bhéal cathrach isteach, agus d' i adhadar na
dóirse go himeaglach dá n-éis. Suidheann


L. 38


Diarmuid go sgítheach fadtuirseach ar an
bhfaithche i n-a uaith agus i n-a aonar agus é créacht-
ach cró-leointe, agus níor bh' fhada gur thuit
a thoirchim suain agus síor-chodlata air. Níor
chian dó ann an tan tháinig óglách feardha
folt-leabhair dá ionnsaighe agus do thug béim
bun-láidir dá chois ann. Músglann Diar-
muid leis sin, agus tug lámh thapaidh laochda tar
a leathan-armaibh lán-trodacha. "Ná gabhadh
eagla ná anbhuain tu, a mhic uí Dhuibhne," ar
an t-óglách, "óir ní do dhéanamh díoghbhála
dhuit thángas-sa, acht is aimhghlic duit codladh
do dhéanamh ar fhaithche bhaile do bhíodhbhadh agus
t'eascarad, agus iomad do namhad id' thimcheall,
agus éirigh agus tar liom-sa agus gheobhair proinn agus
tomhaltas uaim agus ionad codlata níos fearr
ná sain." Budh bhinn le Diarmuid an t-athasg
sin an ógláich, agus gluaiseas leis agus ní cian a
chuadar an tan chonncadar an t-árus agus an
ríogh-bhruidhean mhór ro-áluinn agus do chuadar
tar dorus na cathrach isteach, agus do fuaradar
trí chaogad féinnidhe fíor-árrachtach ann
rómpa go n-a ndóithin do bhantracht agus
d'ingheanaibh míne macánta mong-bhuidhe ar
shlios na cathrach i n-a suidhe agus ionar snáithe
sróll so-mhaiseach agus brat sgiamhdha sgárlóide


L. 39


um gach neach díobh, agus d'fhearadar uile fáilte
roimh Dhiarmuid, agus do shuidheadar i n-a dhiaidh
sin agus d'fhuráil an t-óglách dabhach shlánuighthe
agus fhothraigthe do dhéanamh do Dhiarmuid, agus
luibhe íce agus slánuighthe do chur san bhfothragadh
sin. Do tugadh proinn agus tomhaltas i n-a
dhiaidh sin chuca, agus do chaitheadar a leór-
dhóithin bídh agus dighe, agus d'éirgheadar lucht ceoil,
oirfide agus ealadhan i n-a bhfiadhnaise, agus do
ghabhadar duana agus dréachta agus deagh-dhánta
a ngéag gheinealaigh agus a gcraobh gcoimhneasa
dhóibh, agus do tugadh ór agus airgead agus iolmhaoine
d'éigsibh, d'ollamhnaibh agus do lucht ealadhan
an dúna ar son a n-ealadhan, agus i n-a dhiaidh
sin do chuadar ar a gcuilteachaibh cumhduighthe
clúimh-dhearga, agus do bhádar ag suan agus ag
sámh-chodladh go maidin an laoi ar n-a bhárach.
Is ann sin a d'éirigh an t-óglách agus Diarmuid
agus sluagh na cathrach ar gcéadna, gurab ann-
sin do labhair ris an ngaisgidheach de bhriath-
raibh míne milse macánta maordha agus is é
adubhairt — "Innis dom cia thu féin, ó taoi
comh maith seo rioni, agus gan fios agat cia
mé d'fhearaibh an domhain, agus cia an chríoch so
i n-a dtárlas, agus ci a an t-óglách úd do chomh-


L. 40


rac riom ag an dtobar agus cia is rí ar an
gcrích seo."



"Inneósad sin duit," ar sé, "Tír-fó-
thuinn an chríoch so, agus rí Thíre-fó-thuinn do bhí
ag comhrach riot-sa, agus dearbhráthair do'n rígh
mise, agus Ridire an ghaisgidh m'ainm agus inghean
do rígh Lochlann is bean dom, agus do bhí mé
bliadhain i dteaglach Fhinn mhic Cumhaill, agus is
uime sin do rinneas an mhaith seo ort-sa agus
atá ádhbhar eile agam fós, atáim dom
ionnarbadh agus dom' athchur go laothamhail ag
an rígh agus ag a mhac, agus do-bheirim mo bhriathar
nach mó mo dhóigh as Fiannaibh Éireann uile,
dá mbeidís ar aon láthair, ná asat-sa gidh
taoi id' uaith agus id' aonar, agus is uaibh-se
shaoilim neart na críche seo do bheith agam,
agus gheobhaidh tu bheith im' fhochair féin gach
n-oidhche agus trí chéad gaisgidheach galach
gnímh-éachtach atá ar mo theaghlach. Do-
bhéar chum cathuighthe gach lá duit-se re
rígh Tíre-fo-thuinn agus re n-a mhac iad, agus is é
dob' áil liom cumann agus caradradh do cheang-
al riot-sa."



"Is toil liom-sa sin," ar Diarmuid.
Do thug gach n-aon aca a bhriathar re comhall
an gheallaidh sain go bráth. Tugadar


L. 41


as an oidhche sin, agus ar maidin ar n-a bhárach
is í chomhairle ar ar chinneadar fógra catha
do chur chum an rígh. Is annsin chuireas
Ridire an ghaisgidh teachta uaidh d'fhógra
catha ar rígh Thíre-fó-thuinn agus ar a mhac.
Rángadar na teachta do láthair an rígh, agus
fochtas díobh a dtoisg agus a dturas. D'inn-
seadar na teachtairí gur d'fhógra catha
air-sean agus ar a mhac thángadar ó Ridire an
ghaisgidh. "Maiseadh," ar an rí, "ní shaoilim-
se eisean bheith líon catha dhom, gidheadh, do
dhéanfad ionnarbthach agus díbirteach de, ionnus
nach áiteóchadh féin ná éinneach d'á shliocht
Tír-fó-thuinn go bruinne an bhrátha agus go
foircheann na beathadh," agus fós go dtiubhradh
dearg-ár a bhfearagus a mban agus a mbaoith-leanbh,
agus go loisgfeadh a ndúnta agus a ndeagh-áruis.
Do rángadar na teachta tar n-ais go Ridire
an ghaisgidh agus innsid dó gach ar chan an rí leó.



Iomthúsa rígh Thíre-fó-thuinn, do chuir
cruinniughadh agus tiomsughadh ar a shluaightibh agus
ar shochaidíbh na críche agus tángadar uile i n-a
ndrongaibh diana dána agus i n-a gcomhrannaibh
troma taidhbhseacha go harmtha éidighthe
innillte do láthair an rígh agus a mhic, agus gluaisid
d'aon aontaidh go háit na hiorghaile agus an


L. 42


imreasáin. Dála Ridire an ghaisgidh go n-a
thrí chaogaid gaisgidheach, gluaisid féin agus
Diarmuid O Duibhne d'ionnsaighe rígh Thíre-
fó-thuinn agus a mhic, agus iar dteacht i bhfogus dá
chéile dhóibh, adubhairt Diarmuid le Ridire
an ghaisgidh agus le n-a theaghlach fanmhaint ar
an láthair sin, agus go rachadh féin an lá sain
tar a gcionn uile. Adubhairt Ridire an
ghaisgidh nach léigfeadh féin imeasg an oiread
sain dá bhíodhbhaibh é agus gur mairg do shamhlóchadh
é féin re hiomad curadh agus caithmhíleadh i n-a
aonar. "Maiseadh," ar Diarmuid, "luighim-
se fám' armaibh gaisgidh, dá ndeargaidh neach
agaibh-se a lann orra súd i ndiú, ná beidh
mise ní bhus faide ar bhur muinteardhas."
Acht cheana aontuigheas Ridire an ghaisgidh
sin dó, gér leisg leis é. Leis sin ceanglann
Diarmuid a chorp cruth-áluinn céillidhe i n-a
chulaith chatha agus chruaidh-chomhraig, agus do ghluais
roimhe d'ionnsaighe na sluaighe agus na sochraide
agus gabhann d'á n-oirleach agus d'á n-athchumadh go
tréan trom-ardhachta do mharbh-buillíbh bríogh-
mhara borb-neartmhara buan-gháibhtheacha
lán-fhaobhracha mear-chalm a d'á dheis agus d'á
chlí go ráinig tiugh an tsluaigh. Dála rígh
Thíre-fó-tuinn, an tan do chonnairc an fheoil-


L. 43


chosgairt do-rad Diarmuid O Duibhne ar a
mhuintir, táinig féin i n-a choinne agus i n-a
chomhdháil agus síreann comhrac aon-fhir air.
Níor mhiadh agus níor mhaiseach le Diarmuid laoch
ar thuinn talmhan do dhiúltadh um chomhrac
aon-fhir agus do rinne féin agus mac rígh Thíre-fó-
thuinn i gcoinne agus i gcomhdháil a chéile, agus do
rinneadar comhrac athgharbh ainmhín ainiar-
mharthach re chéile ionnus go dtugadar
troigh re taca agus glún le gliaidh agus aghaidh le
hiomghoin, agus do bhádar ar an amus sin athaidh
fhada agus aimsir imchian ag tolladh agus ag tréan-
thuargain a chéile gan choigilt gan fios tláis,
time ná tarcuisne ag ceachtar díobh seach a
chéile. Acht cheana d'éirig a bhruth agus a bhrígh
i mac Uí Dhuibhne, agus do thimcheall sé a chéile
comhraic, amhail timcheallann féithlionn
fíodhbhadh, do chruaidh-bhuillíbh colg-fhíoch-
mhara gaoth-namhadacha buan-mharbhthacha go
dtug béim claidhmhe do mhac rígh Thíre-fó-
thuinn gur theasg a cheann d'á cholainn, agus
comhmhaoidheann an gníomh sain ar chách, agus leis
sin téid fá'n gcuid eile do shluaighti bh an
rígh agus gabhann d'á n-éirleach agus d'á n-ath-
chumadh ionnus nach ndeachaidh fear inniste
sgéil ná maoidhte mór-ghníomh as i n-a


L. 44


bheathaidh de'n mhéid do ráinig Diarmuid an
lá sain de shluagh rígh Thíre-fó-thuinn, agus
d'imthigh féin gan fuiliughadh gan foirdheargadh
air, agus is meanmnach mór-aigeantach mórdhá-
lach do bhí Ridire an ghaisgidh agus a theaghlach
roimh Dhiarmuid an oidhche sin, agus is dubhach
doilbh dubrónach do bhí muintir rígh Thíre-
fó-thuinn an oidhche chéadna ag caoineadh a
gcarad agus a gcompánach acht go mór-mhór ag
caoineadh mic an rígh do thuitim san iorghail
sin mar aon re cách.



Do thugadar as an oidhche sin go maidin
ar n-a bhárach do gach leith, agus go moch do ló
do ráinig Ridire an ghaisgidh go n-a mhuintir
maraon re Diarmuid O Duibhne go rángadar
áit an chatha agus láthair an bhuailte, agus mar do
chonnairc rí Thíre-fó-thuinn fá'n dtoichim sin
iad, gabhann ag inneallughadh agus ag órdughadh
a mhuintire go mórdhálach agus adubhairt riú
láthair an chatha d'ionnsaighe agus beag-nídh do
dhéanamh de Ridire an ghaisgidh go n-a
mhuintir, agus go rachadh féin mar aon riú agus go
dtiubhradaois dearg-ár Ridire an ghaisgidh
go n-a thrí chaogaid laoch ionnus nach áiteóchadh
éinneach aca ná d'á sliocht dá n-éis a ríoghacht
ná a dtighearnas féin go bruinne an bhrátha


L. 45


ná go foircheann a mbeathadh. Acht cheana, do
bhrúcht-dhoirteadar na catha ceachtardha sain
i gceann a chéile, agus do ráinig Diarmuid i
dtosach na dtréan-fhear san teangmháil sin
agus do ghabh go tréan-ardhacta ag imirt a chleas
goile agus gaisgidh ar shluaightibh rígh Thíre-fó-
thuinn ionnus go mbudh liosta le n-a luadh
nó le n-a fhaisnéis gach gníomhaidheacht mear-
chalma dá ndeárnadh do thabhairt chum críche,
agus d'imthigh féin tré na sluaightibh go ráinig
féin agus rí Thíre-fó-thuinn a chéile agus ní lugha
ná céad fear do goineadh agus do cnáimh-ghear-
radh de'n ruathar sin leis le neart sainnte
ag rochtain chum an rígh, agus an tan rángadar
an dá nathair nimhe neamh-eaglacha agus an dá
bheithir bheódha bhuan-tiodhlaictheacha sain a
chéile do rónsad comhrac feardha foirniata
athgharbh ainmhín re chéile, ionnus, dá dtigeadh
neach ó oirthear na Gréige móire go Críoch
na bhFuineadhach ris a ráidhtear Éire iathghlas
oileánaidhe d'fhéachain chatha nó comhraic,
gurab d'á bhféachain araon dob' inteachta do.
Mar sin dóibhag sníomh a sainntere chéile agus an
tí nár goineadh i gcath ná i gcomhrac riamh
roimhe sin, .i. rí Thíre-fó-thuinn, do bhí d'á
thraochadh go mór an tan sin le marbh-bhuillíbh


L. 46


tréan-lúthmhara lán-láidre Dhiarmuda uí
Dhuibhne. Acht cheana, gér bh'fhada an dís
deaghlaoch sain ag cothughadh a sainnte re
chéile, tug Diarmuid béim claidhmhe dhó
i gcomhgar na caomh-lúirighe agus a mhuinéil gur
sgoith a cheann d'á cholainn ar an láthair sin,
agus comhmhaoidheann Diarmuid an gníomh sain
go mór, nídh nár bh' iongnadh.



Dála Ridire an ghaisgidh, an feadh do bhí
Di armuid agus an rí ag cathughadh, do chuaidh fá
shluaightibh rígh Thíre-fó-thuinn mar aon le
n-a thrí chaogaid gaisgidheach agus gabhaid d'á
n-oirleach agus dá n-athchumadh agus dá dtréan-
treasgairt onnus gur thuiteadar uile bonn
re bonn ar an láthair sin acht beagán do
chuaidh i muinighin a reatha fó ghleanntaibh
dorcha diamhaire do-eólais agus fó chnocaibh
corracha maoil-tsléibhe. Iar sin téid Ridire
an ghaisgidh agus Diarmuid go n-a mhuintir
d'ionnsaighe an dúna agus an deágh-aruis sin
rígh Thíre-fó-thuinn agus do chuireadar gach a
raibh san gcathair idir chró agus ionnmhus ar a
gcumas féin agus cuirid cruinniughadh ar an
méid do mhair de shluaightibh na críche, agus
tagaid uile go haon-láthair agus ghealladar uile
bheith umhal urramach do Ridire an ghaisgidh


L. 47


agus do ríoghadar d'aon aontaidh é agus do chuirea-
dar a mhionn ríoghdha um a cheann. Iomthúsa
Dhiarmuda, adubhairt gur mhithid leis dul
d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne agus gur bh'fhada
leis do bhí sé gan aon fhocal d'á sgéalaibh
d'á rochtain, agus go mbudh ró-olc le n-a mhean-
main gan tuaraisg Chonáin ná a chuideachtan
mar an gcéadna do bheith aige. Is annsain
d'fhiafruigh Ridire an ghaisgidh de Dhiarmuid
cá háit ar ghabh Conán ná a chuideachta, nó
cáit ar fhágaibh sé Fionn mac Cumhaill ná
Fianna glan-áilne Gaedheal; gurab ann-
sain d'innis Diarmuid sgéala an Ghiolla
Dheacair agus a chapaill o thús go deireadh.
"Maiseadh," do ráidh Ridire an ghaisgidh,
"luighim-se fám' armaibh gaisgidh do réir
mar fhoillsigheann m'intinn agus m'aigneadh agus
m'ealadhna draoidheachta dhomh-sa gurab é
Adhbharthach mac Ioldathaigh tháinig ins na
riochtaibh sin chugaibh-se agus rug bhur muintir
leis go Tír Tairngire, óir ní fhuil san
gcruinne cheathardha duine is lia draoidheacht
agus diabhlaidheacht ná é." Budh luinneach lúth-
gháireach Diarmuid iar gclos an sgéil sin,
agus ghabh ag gabháil a cheada ag Ridire an
ghaisgidh agus ag a theaghlach. "Maiseadh" ar


L. 49


Ridire an ghaisgidh, "rachad-sa agus líon mo
theaghlaigh ag tabhairt neirt ar lámh riot,
gibé áird d'áirdibh an domhain i n-a rachair."
Budh lúthgháireach Diarmuid de'n chuideachtain
sin, agus gluaisid rómpa d'ionnsaighe an chuain
agus an chaladh-phuirt ba neasa dhóibh, agus do
hullmhuigheadh a longa agus a luath-bhárca leó, agus
téid ionnta iar sin agus do thógbhadar na seólta
il-bhreaca iol-dathacha agus na bréide solasda
snáith-righne agus gluaisid ar feadh na fairrge
falcmhaire fíor-dhoimhne ag lorg agus ag
tóruigheacht a mhuintire, agus ní haithristear
sgéalaidheacht ortha go fóil, óir, is mithid
linn filleadh ar Fhionn agus ar an druing d'fhan
i n-a fhochair ag bun na cairrge feacht eile.



Dála Fhinn, dob' iongnadh leis féin agus leis
an méid do bhí i n-a fhochair nach fuaradar
aon fhocal de sgéalaibh Dhiarmuda ó do
chuaidh sé suas uatha chum na cairrge agus
adubhradar dá mhac rígh na hIndia go
rachadaois féin d'iarraidh sgéal dóibh dá
mbudh toil le Fionn é. "Beiridh buaidh agus
beannacht," ar Fionn, "agus dob' fhearr linn go
dtiocfadh díbh sinn féin do bhreith libh." Dála
cloinne rígh na hIndi a, gach a bhfuaradar
de cháblaidhibh cruadha righne cnáibe san luing


L. 49


do cheangladar i ndiaidh a chéile iad go
daingean do-sgaoilte agus téid siad de léim
lúthmhair lán-tapaidh go héadtrom éanamhail
ar mhullach na cairrge ceann-ghairbhe cloch-
aimhréidhe suas, agus rugadar ceann na téide
leó agus do tharraingeadar Fionn agus an dá fhear
déag eile sin d'Fhéinn Éireann do bhí mar aon
leis i n-aghaidh na cairrge cinn-tsleamhaine
suas, agus do ghabhadar ag siubhal na críche agus do
leanadar lorg Dhiarmuda i ngach áit i n-ar
ghabh sé nó go rángadar an tobar agus do fuar-
adar lorg na bhféinneadh agus na bhfear-óglách
ag comhrac ann, agus do chonncadar fuigeall
an fheólmhaigh d'fhágaibh Diarmuid, mar nár
chaith sé fuigheall bídh riamh. Níor chian dóibhan
tan do chonncadar an marcach san mhuigh anoir
gacha ndíreach d'á n-ionnsaighe, agus each dath-
áluinn dubh-dhonn faoi, agus srian ór-bhuidhe ris
agus iallaid éagsamhail órdha air, agus marcach
déid-gheal dath-áluinn dealbh-chaoin i nglac-
iallaid an eich sin. Táinig sé ar an láthair
agus do bheannuigh sé d'Fhionn agus d'Fhiannaibh
Éireann agus d'fhear fíor-chaoin fáilte roimhe,
agus toirbhreann teóra póg d'Fhionn agus tug lámh
tar a bhrághaid agus síreann leis é, agus adubhairt
leis nár mhaith an t-ionad comhnuighthe an


L. 50


t-ionad sain iar sgíos mara agus mór-fhairrge
Gluaiseann Fionn leis iar sin go n-a mhuin-
tir agus iar mbeith athaidh fhada ag siubhal dóibh
do chonncadar na píoláidí ríoghdha ró-mhóra
agus an chathair chuanna cheardamhail agus lear
curadh agus caithmhíleadh ar fhaithche na cathrach
isteach, agus i n-a dhiaidh sin do rinneadh foth-
ragadh dhóibh, agus iar n-a bhfothragadh, tángadar
aois ceoil, oirfide agus ealadhan chuca an feadh
do bhí a bproinn d'á ullmhughadh dhóibh, agus iar
sin tángadar lucht feadhma agus freastail an
dúna agus do thógbhadar bóird altacha órduighthe
ós triostalaibh comh-ghlana cumhduighthe agus do
folaigheadh iad do sgóraidibh sgiamhdha d'an-
artaibh d'il-chineál gacha datha, agus do suidheadh
na sár-shlógha sin do réir a n-uaisle agus a
n-athardha, a ndúthchais agus a n-anmann, agus níor
cuireadh íseal i n-ionad uasail ná daor i
n-ionad flaithe acht gach aon i n-a ionad
chinnte chomh-chuibhe féin, agus do dáileadh deocha
diana deagh-mhaiseacha do na deagh-laochaibh, agus
biadh nua neamh-ársaidh do na féinneadhaibh, agus
fíonta falcmhara fíor-uaisle agus lionnta réidhe
ró-mhilse do na fíor-uaislibh agus do na hárd-
mhaithibh gur bhudh measgtha meadhair-chaoin
iad, agus níor chuimhin le Fionn go bhfuair sé


L. 51


riamh tigheas do dhéanamh air dob' fhearr ná
sain. Trí lá agus teóra oidhche dóibh ar an
órdughadh sin gan easbaidh bídh ná aoibhnis
orra, agus i gcionn na rae agus na haimsire sin
do comóradh aonach agus oireachtas le rígh an
dúna agus le Fionn agus le sluagh na cathrach sain,
agus is annsain d'fhiafruigh Fionn de cia hé
féin agus créad dob' ainm dó? "Críoch na
Sorcha an chríoch-so," ar sé, "agus is mise is rí
uirri, agus cáit i bhfuilid Fianna glan-áilne
Gaedheal le go bhfuilir ar uathadh sluagh agus
sochaide?" D'innis Fionn sgéala an Ghiolla
Dheacair dó ó thúis go deireadh mar do
tháinig sé agus mar a d'imthig sé uatha, agus mar
do rug cúig feara déag ar mhuin a ghearráin
do mhaithibh na Féinne leis. "Maiseadh," ar
rí na Sorcha, "do-bhéar-sa do dhóithin sluaigh
agus sochaide dhuit, dá mbeith a n-easbaidh ort
agus do-bhéar féin congnamh dhuit an feadh bhus
feirrde leat, agus gibé áird d'áirdibh an
domhain i n-a rachair, rachad-sa leat."



Níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh sin an
tan do chonncadar an buinn-ghiolla turais agus
an tárrthálach slighe i n-a réim ró-reatha d'á
n-ionn saighe. Táinig do láthair agus tug umhla
do'n rígh agus fiafruigheann an rí sgéala de.


L. 52


"Sgéala móra olca uathbhásacha agam duit
a rí agus a thighearna," ar sé, "nó go n-áirmhigh-
thear féar faithche, gaineamh mara, duille
feadha agus reanna neimhe, ní háirmheóchthar a
bhfuil do longaibh agus do luath-bhárcaibh ag
gabháil cuain agus caladh-phuirt i n-imeal na
críche seo agat-sa, agus do léigeadar sgeimh-
ealta agus sgainnear-bhuaidheartha sár-luaithe
fá imeal agus fá oirthear na críche-se; do
rinneadar creacha agus airgthe agus do loisgeadar
dúnta agus deagh-bhailte agus do mharbhsad brugh-
aidhthe agus biataigh, féinneadha agus fear-óglaigh,
agus deirid cách gurab é rí an domhain atá ann
iar ngabháil ríghe an domhain, agus dob' áil leis
an chríoch-sa do chur fá ghoin gaoi agus claidhmhe, agus
a neart agus a chumas do bheith uirri mar gach tír
eile dár ghabh sé." Féachann rí na Sorcha ar
Fhionn, agus thuig Fionn gurab ag iarraidh con-
ganta air féin do bhí se, agus is é adubhairt, "Ná
bíodh eagla ná uamhan ort, óir do bhéarfad-sa
agus an mhéid atá im' fhochair annso neart ár lámh
riot, agus do-bheirim mo bhriathar fhíor-laochda
dhuit, dá mbeidís Fiann Éireann uile ar
iarraidh, mar atá Conán agus na ceithre fir
déag atá maille ris de'n bhFeinn, nach d'á
dtóruigheacht rachainn acht fanamhaint ag


L. 53


congnamh riot-sa, an feadh do bheith sluagh
eachtrann id' thír." Budh faoilteach lúth-
gháireach rí na Sorcha trés na briathraibh sin,
agus iar sain do chuir sé tionól agus tiomsughadh
ar a mhuintir as gach áird agus as gach ionad i
rabhadar, agus gluaiseann féin agus Fionn go
maithibh a mhuintire mar aon riú d'ionnsaighe
rígh an domhain go n-a mhuintir, agus tugadar
ruathar ádhbhal-mhór orraagus beanaida n-airgne
agus a n-éadála dhíobh, agus cuirid i raon madhma agus
mór-theithmhe iad d'ionnsaighe a loingis, agus asa
haithlesin do rónadh foslongphort meanmnach
masgalach daoineach donn-sgiathach le maithibh
agus le mór-uaislibh na Sorcha agus le Fionn agus an
Fhéinn ós imeal-bhórdaibh an aigéin, ós ciumhais
an chuain ag faire agus ag forchoimeád na sluagh
n-eachtrann sain, agus d'á dteasargain féin ar
theacht i dtír ná teacht ag déanamh díthe ná
dochair do'n chrích. Budh machtnughadh mean-
man agus budh hiongnadh ádhbhal-mhór le rígh an
domhain agus le n-a mhuintir cathughadh nácomhrag
do dhéanamh riú féin i n-aon inis san domhan,
óir do ghabh sé a n-urmhór go nuige an chríoch
sin, agus budh mheasa leis ná gach iongantas
eile an longphort sin do thóg agus do rinne
Fionn agus a shluag mar aon re rígh na Sorcha


L. 54


ar a chomhair, agus é féin agus sluagh an domhain ar
tí a ndochair agus a ndíoghbhála do dhéanamh, agus
adubhairt nach cuala féin luadh ná iomrádh
fear n-Éireann fá ghoil ná fá ghaisgeadh, agus
go ndíoghalfadh féin ar Éirinn teacht Fhinn
mhic Chumhaill ar a cheart-aghaidh ag cathughadh
ris, agus go gcuirfeadh ar chionn ionnmhusa agus
éadála í ionnus ná háiteóchadh éinneach do
shliocht Ghaedhil ghlais mhic Niuil mhic Féniusa
Farsaidh í go bráth. Iar rádh na mbriathar
sin do'n rígh, d'éirigh mac uaibhreach allta
díomsach do bhí ag rígh Frannc ar an mór-
shluagh sin i bhfiadhnaise an rígh agus cháich go
coitcheann, agus is é adubhairt ris an rígh, "Dein
brígh bheag de sin, óir rachad-sa agus líon mo
theaghlaigh, agus is é a líon trí chaogaid laoch, agus
do bhéarfad ceann Fhinn agus na gceithre bhfear
ndéag atá i n-a fhochair liom dod' láthair agus
dícheannfad rí na Sorcha agus cuirfead ár a
mhuintire." Do ghluais mac rígh Frannc go
líon a theaghlaigh, agus is é puball Ghuill mhic
Mh órna agus Osgair mhic Oisín fá neasa dhó iar
ndul i dtír dhó, agus adubhradar an dá bheithir
bheódha agus an dá onchoin éachthacha agus an dá leomh-
an lúthmhara agus an dá arsaidh ainiarmharthacha
áigh agus iorghaile, ó's iad féin fá neasa dhóibh,


L. 55


nach láimheochadh aon duine d'Fhiannaibh
Éireann ná de shluagh na Sorcha fuiliughadh
ná foirdheargadh do dhéanamh orra acht a
ndéanfadaois féin; agus adubhairt Osgar le
Goll, "Ó's tusa is mionca do fromhadh
agus do féachadh i gcomhrag agus is mó a chuir
dod' fhala i gcathaibh agus dod' árd-oirdhearc-
as i gcomhlannaibh, leig domh-sa comhrac
le mac rígh Frannc agus dein-se, a Ghuill, a
mhuintir do dhiongbháil." Aontuigheas Goll
sin dó, gér leisg leis é. Dála Osgair, iar
sin ionnsaigheann féin agus mac rígh Frannc
a chéile, agus dob' é sin an sidhe dian dána, agus
tugadar sáthadh athgharbh ainiarmharthach d'á
n-armaibh i gcompraibh agus i gcneasaibh a chéile
gur choimhbhriseadar a gcraoiseacha crann-
reamhra cró-fhairsinge do'n chéad ghleó sain agus
do chuadar i muinighin a gclaidheamh gclais-
leathan gcolg-fhaobhrach gcúil-reamhar, agus ro
ghabhsad ag leónadh, ag tolladh agus ag múchadh
a chéile gan caomhnadh gan coigilt gan taise
gan truaighmhéile re seal fada aimsire,
ionnus go mbudh samhalta re heasaibh na
sruith-linne fola foir-dheirge do bhí ag sileadh
as a gcréachtaibh agus as a gcneasaibh. Cidh
trácht, níor mhian agus níor mhaiseach le hOsgar


L. 56


neach san domhan do chongbháil leis féin do
láthair chatha ná chomhlainne agus budh hadhnáire
leis díombuaidh chatha do bheith aige agus fir an
domhain ar gach leith dhe d'á fhaicsin, agus leis sin
d'éirigh bríoghmhaireacht agus bárr-aigeantacht,
mire agus meanmain, déine agus dásacht, uabhar agus
ainmhian san gcaithmhíleadh, agus do ghabh do
bhéimeannaibh borb-neartmhas a báis ar mhac
rígh Frannc gur bhain a cheann dá gheal-
bhrághaid i bhfiadhnaise na sluaighe.



Is annsin do thógbhadar trom-ghártha gáibh-
theacha in gach longphort, eadhón, gáir chosgair
agus comhmhaoidhte i longphort fhear n-Éireann,
agus gáir chaointe agus chumha i longphort rígh an
domhain, agus gér bh'é Goll budh dhéidheanaighe
ag déanamh a fheadhma féin, fá trom-ghleó
tréan-anfadhach agus fá sidhe seabhaic agus fa mire
mathghamhna agus fá ruathar curadh mar do bhí
Goll ag dul fá mhuintir mhic rígh na bhFrannc
agus do ghabh d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á
ndian-bhásughadh gur fhágaibh i n-a gcorpaibh
taimh nighthe agus i n-a gcosair chró iad in gach
áit i n-a ngabhadaois. Do chuidigh mac
athasach éachtach iol-ghoineach Oisín mhic Fhinn
le Goll san méid do fuair gan dícheannadh
aige do teaghlach agus do mhuintir mic rígh


L. 57


Frannc, agus ní dheachaidh fear inniste sgéíl
ná maoidhte mór-ghníomha as díobh gan dí-
cheannadh ó bhuillíbh diachracha dásachtacha
colg-fhaobhracha gaoth-namhaideacha na díse
deagh-laoch sain. Fá dubhach dubrónach do
bhíodar i longphort rígh an domhain do chumha
a gcarad agus a gcompánach, a dtriath agus a
dtighearna; agus fá subhach soi-mheanmnach do
bhádar i longphort Fhinn mhic Chumhaill agus rígh
na Sorcha an tan sin.



Mar sin dóibh gur éirigh an ghrian ghlan-
ruithneach ar n-a bhárach gurab annsin
d'fhiafruigh rí an domhain cia do mhaithibh ríogh
nó ro-flaith do bhí i n-a fhochair do rachadh do
dhíoghalt mhic rígh na bhFrannc agus a mhuintire ar
Fhionn mac Cumhaill agus ar Fhiannaibh Éireann
agus adubhairt gur mhór an náire dhóibh a léigean
le ceithre feara déag díth agus díoghbháil, éirleach
agus easbhadha móra a thabhairt orra. Is ann sin
d'éirigh an macaomh mór mac rígh na hAfraice
i bhfiadhnaise rígh an domhain agus adubhairt
go rachadh féin go líon a theaghlaigh agus a mhuin-
tire do dhíoghail mhic rígh Frannc agus a
mhuintire ar Fhiannaibh Éireann, agus ro budh hé
líon a theaghlaigh agus a mhuintire an tan sin trí
chaogaid féinnidh fíor-chalm a do bhíodh ar


L. 58


tuilleamh agus ar tuarastal aige féin do ghnáth,
agus leis sin do chuaidh i dtír go n-a mhuintir,
agus is é pobal cloinne rígh na hIndia .i.
Feardhach agus Foiltleabhair fá neasa dhó, agus
dubhradar sin go bhfreagróchadaois féin
comhrac mhic rígh Afraice. Adubhairt Fionn
nár bh'fhiú, fhaid do bhádar maille ris féin,
comhrag ná cathughadh d'iarraidh orra agus nach
rachadaois chum an chomhraig sin. Adubhra-
dar sain, muna léigfidhe iad féin chum comh-
raig an lae sin nach beidís ar tuilleamh ná
ar tuarastal aige níos faide, agus a léigean
dóibh a gclú agus a n-oirdhearcas do chur. Do
léig Fionn dóibh dul chum an chomhraig iar
n-a rádh dóibh go n-imtheóchadaois muna
léigfidhe. Dála dá mhac rígh na hIndia agus
mhic rígh Afraice, d'ionnsaigheadar a chéile
go feargach fíor-eascáirdeamhail ain-tréan
agus go fraochda foir-niata fearamhail ainmhín agus
budh diachrach dúir-chréachtach do-ionghabhála
an deabhaidh sin; agus fá hardhachta oll-bhorb
ainiarmharthach an urlaidhe sin, agus iar rochtain
d'Fheardhach mac rígh na hIndia agus do'n
mhacaomh mór chum a chéile do ghabhadar ag
treasgradh agus ag tréan-túargain a chéile
gur chlos i n-imigéin uatha ar gach taobh i n-a


L. 59


dtimcheall coigeadal na gclaidheamh d'á
gcomhmbualadh agus siansán na sleagh d'á
sáthadh agus sgamhail sgiath dá sgoltadh agus is comh-
luath do theasgadaois a chéile d'á lamhaibh
deasa agus clí, agus bud hiongnadh, iomorro, sians-
ghártha searbh-ghlóracha na mbadhbh gcíocrach
gcainteach ós cionn na bhféinneadh agus na
bhfear-óglách ag iarraidh fola agus feólmhaigh
orra de thoradh borb-bhéimeann na gcuradh
gur dícheannadh mac rígh na hAfraice do
bhraith-bhéimeannaibh borb-neartmhara mhic
rígh na hIndia. Níor théarnaidh éalaightheach
beó do mhuintir rígh na hAfraice nachar
dícheannadh leis an dara mac sain rígh na
hIndia, an feadh do bhí Feardhach ag déanamh
an chomhraig sin. Do thóg Feardhach an ceann
leis d'ionnsaighe Fhinn agus na Féinne, agus bud
subhach solásach do bhádar i longphort Fhinn agus
rígh na Sorcha an oidhche sin, agus fá meirtneach
mí-mheanmnach dubhach dubrónach do bhádar i
longphort rígh an domhain ar mhéid an áir agus
na heasbhadha ó Fhionn agus ó n-a mhuintir.



Tugadar an oidhche sin go héirghe gréine
ar n-a bhárach, gurab annsain d'éirigh rí
an domhain agus do labhair re n-a mhuintir do
ghuth árd mhór sholus-ghlan agus is é adubhairt


L. 60


"Nach nár díbh a bhfuiltí de chlannaíbh riogh agus
ro-thighearnaí an domhain im' fhochair agus im'
fharradh annso agus ceithre feara déag a hiarthar
na hEórpa ag cur bhur n-áir agus bhur n-eas-
bhadha go laetheamhail, ag díothláithriughadh bhur
ndaoine, ag marbhadh agus ag ciorrbhadh bhur
míleadh, agus mac rígh Frannc agus mac rígh
Afraice do thuitim riú, agus nach léigid do
shluaightibh na críche cathughadh ná comhrag do
dhéanamh acht iad féin ag déanamh na n-éacht
agus na n-atacht sin oraibh-se, agus créad do bheir
oraibh-se gan dul d'á n-ionnsaighe, agus díorma
dána deagh-shluaigh agus buidhne troma toirt-
eamhla do bhreith libh agus biadh baidhbh agus brain-
eoin do dhéanamh dhíobh." A haithle an ghríosta
agus an imdheargtha sain tug an rí for maithibh
a mhuintire, d'éirigh a mhac mór-mheanmnach
féin agus adubhairt go rachadh féin do chomhrag
leó an lá sain, agus nach béarfadh leis acht an
oiread do chlannaibh ríogh agus ro-fhlaith agus do bhí
de'n bhFéinn ann agus go dtabharfadaois a
gcinn leó chum an rígh.



Iomthúsa mhic rígh an domhain, do chuaidh
i dtír agus do bhuaileadar a sgiatha go lonn
loisgneach agus d'iarradar comhrag ar Fhionn agus ar
a mhuintir. D'iarr rí na Sorcha é féin do


L. 61


léigean chum an chomhraig sin. "Ní léig-
fead," ar Fionn, "óir is fám' thuairim-se
tángadar mar is cóimh-líon a bhfuilim-seann-
so d' Fhiannaibh Éireann a thángadar sain, agus is
cuibhe cóimh-cheart ár gcomhlann, óir is
amhlaidh atámaoid gan iomarca ná easbhaidh
ar cheachtar againn." Is amhlaidh do bhí rí
an domhain an tan sin agus inghean álainn aon-
tumhadh aige ar an mór-shluagh sain, agus is í
dob' fhearr dealbh agus déanamh, inneall agus éa-
gcosg de mhnáibh na cruinne ceathardha i n-a
comhaimsir, agus is é dob' ainm di Taise taoibh-
gheal in ghean rígh an domhain, agus do thug sí
sruth sár-ádhbhal seirce agus tuile trom-ghrádha
d' Fhionn mac Cumhaill ar a áille agus ar a
uirsgéalaibh, agus do ghuidh sí a hathair fá chead
do thabhairt di dul d'fhéachain chomhraig an
lae sin, agus gur dhóchaide buaidh an chatha do
bheith ag á mhuintir féin ar an druing
allmhurdha an-aithnidh sin .i. Fiann Éireann, a
beith ós a gcomhair agus d'fhiadhnaise orra.
Ceaduigheann an rí sain di. Dála Fhinn agus a
mhuintire do chuadar i n-a n-armaibh agus i n-a
n-éideadhaibh agus d'ionnsaigheadar mac rígh an
domhain go n-a mhacaibh ríogh gus an áit i
rabhadar, agus ar rochtain a chéile dhóibh do rinn-


L. 62


eadar comhrag colgach céadfadhach croidh-
eamhail cómh-chródha, agus do chomhraig mac rígh
an domhain agus an Rí Féinne le chéile agus dob'
é sin an comhrag créachtach crith-eaglach agus an
comhthach cosgrach céad-ghoineach agus an deabhaidh
dian díoghbhálach agus an ionnsaighe náimhdeach
neamh-charthannach agus an treas taidhbhseach
trom-ghoineach. Cidh trácht, dob' é críoch agus
foircheann an chomhraig sin gur dícheannadh
mac rígh an domhain agus a mhuintir go hiomlán
le Fionn mac Cumhaill agus le n-a mhuintir, agus
thugadar na cinn leó d'á gcomhmhaoidheamh,
agus do léigeadh gáir chaointe i longphort rígh
an domhain, iar dtuitim a mhic agus na mac ríogh
eile do bhí maille ris. Iomthúsa Fhinn,
d'aithin d'á mhuintir feart fairsing fód-
bhuidhe do thochladh do mhac rígh an domhain,
do mhac rígh Frannc agus do mhac rígh na
Afraice agus do na macaibh ríogh agus ró-thighearnaí
eile do thuit leis sin agus le n-a mhuintir na
laethe roimhe sin, agus do tógbhadh a lia ós a
leacht agus do sgríobhadh a n-anmanna i n-ogham
agus do fearadh a gcluichthe caointe.



Dála Taise taoibh-ghile, inghean rígh an
domhain annso, gér mhór a searc agus a grádh
d'Fhionn roimhe sin, budh mhó go mór é,


L. 63


iar n-a fhaicsin di agus ar fhaicsin a ghníomh-
artha goile agus glan-ghaisgidh, agus do chuir sí
a bean choimhdeachta chuige le sgéala
go dtiocfadh sí féin d'á ionnsaighe mar
mhnaoi agus mar bhain-chéile dá mbadh áil leis é
Do tháinig an bhean choimhdeachta do láthair
Fhinn, agus do ghabh ag adhmholadh inghine rígh
an domhain go hádhbhal-mhór iongantach.
"Maiseadh," ar Fionn, "tabhair do theist go
fírinneach uirri." Is ann sin adubhairt an
bhean choimhdeachta, "Inneósad féin dealbh agus
déanamh, sgéimh agus maise na hinghine dhuit mar
is fearr fhéadfad, gidheadh tá sé ós cionn
tuigsiona duine ar domhan a teist do
thabhairt ná a hion-chruth d'innsint, óir tá sí
mín méineamhail maordha mall-triallach
géag-leabhair gruadh-aoireach grásamhail; agus
craobh-fholt claonach coimh-fhleasgach cuach-
bhuidhe ómbardha uirri, agus caol-mhalaidhe ciartha
ciar-dhonna, agus a gorm-dhearca glana glinn-
eamhla, agus a srón bhreaghdha chaol-phollach, agus a
bog-bhéal bórd-dhearg binn-bhriathrach buadh-
fhoclach, agus a dlúith-dhéad dath-gheal deagh-
chumtha, agus a muinéal maiseach mín-ghéiseach,
agus a liath-ucht míngheal slim-ghlan lilidheach, agus
a cruaidh-chíocha cruinne cumtha cailce agus a


L. 64


géaga leabhaire lán-áille geal-bhunradhacha,
agus a slait-mhéaracha beaga boga bána beag-
altacha, agus a séimh-chorp sleamhain seang
sneachta na sneachtaige agus a troighthe tana
taobhmhuighthe atá aici.



Iar gclos an teastais sin d'Fhionn, ní raibh
alt 'ná orda i n-a chorp nár líon do sheirc agus
do shíor-ghrádh na hinghine agus adubhairt go
mb'fhearr leis 'ná maitheas na cruinne go
mbeadh sí mar mhnaoi aige. Iomthúsa na
mná coimhdeachta, téid tar a hais iar sain
mar a raibh an inghean agus d'innis di nach raibh
'san domhan bean budh hannsa le Fionn 'ná í.
Téid an inghean mar a raibh a hathair, óir ní
fhuilngeadh a beith aon oidhche i n-a héagmais,
do bhrígh nach raibh neach fir ná mná 'san
domhan budh hannsa leis 'ná í, agus níor shámh
leis ól ná aoibhneas 'ná úrghárdughadh mean-
man gan a bheith i bhfochair a inghine. Dála
Taise taoibh-ghile, níor mhiadh agus níor mhaiseach
léi suan ná sámh-chodladh, proinn ná tomhal-
tu, ceól 'ná oirfid 'ná ealadha 'ná nídh dá
fheabhas gan a bheith i bhfochair Fhinn, agus do
i n-a hinntinn agus i n-a haigneadh
cionnus do rachadh d'á ionnsaighe gan fhios
d'á hathair, agus is é gaois agus gliocas do rinne


L. 65


sí, an uair do chuaidh an rí chum suain, í
féin agus a bean choimhdeachta do dhul go folaigh-
theach d'ionnsaighe an longphuirt i n-a raibh
Fionn. Agus iar rochtain na hinghine go
Fionn, do thoirbhir póga go dil agus go díochra
dhi agus tugadar snadhmanna agus cuir cheangail
d'á chéile, agus tug Fionn leithead a haighthe do
fhleasg óir órloisgthe Thíre na hAráibe mar
choibhche dhi, agus do chaitheadar leath ar leath an
oidhche sin 'san dá longphort, agus ag éirghe
gréine gnúis-tsoillsighe ar n-a bhárach, ro
éirigh rí an domhain agus fuair easbhaidh na
hinghine air, agus d'aithin gur d'ionnsaighe Fhinn
do chuaidh, agus gér bh'olc leis oidheadh agus úirbhear-
nadh d'fhagháil d'á mhac agus díothláithriughadh agus
dícheannadh a mhuintire, is mó 'ná sin do
chuaidh air a inghean do dhul ar éalódh chum
Fhinn uí Bhaoisgne, agus d'fhiafraigh de mhaithibh a
mhuintire créad dheanfadaois nó cionnus
do dhíoghalfadaois a mhac féin agus ar thuit de
mhacaibh ríogh i n-a fhochair le Fionn agus le
Fiannaibh Éireann agus do bhéarfadaois amach
a inghean. Adubhradar-san do ghuth aoin-fhir
gur thuiteadar roighne agus togha a gcuradh agus a
gcaith-mhíleadh i bhfaithche goile, a laoich chródha
agus a lucht cathuighthe dob' fhearr d'á raibh aca


L. 66


le Fionn agus le Fiannaibh Éireann cheana, agus
gur measa bhádar an tan sin ion-chomhraig
'ná roimhe sin, agus nár mhaith an séan catha
dhóibh teacht do'n chrích sin agus gur iompuigh fios
fáistine na bhfáidh agus na bhfileadh i n-a
n-aghaidh agus go mbudh í a gcomhairle féin do'n
rígh imtheacht as an gcrích sin an feadh do
bheadh Fionn agus Fiann Éireann innti, óir, dá
mbeidís fir an domhain ar aon láthair, acht
comhthrom comhlainne d'fhagháil, go mbéar-
fadaois buaidh orra. Adubhairt an rí, dá
mbeadh an inghean aige, go ndiongnadh an
chomhairle sin, agus gibé ag á mbeith de ghliocas
'ná d'ealadhain a tabhairt chuige, go dtiubh-
radh féin breath a bhéil d'ór agus d'airgead agus
d'iolmhaoin dó, agus saoirse d'á chloinn go
bruinne an bhrátha agus go foircheann na beathadh,
agus teannta agus cor air féin sin do chomhall dó.
D'éirigh taoiseach do mhuintir an rígh, agus
adubhairt, dá bhfaghadh féin na comtha sin, go
dtiubhradh an inghean leis. Cuireann an rí
grian agus éasga, muir agus tír agus reanna nimhe agus
talmhan i gcoraibh agus i slánaibh air féin a
gcomhaill dó. An tan tángadar dubh-néill
dorcha na hoidhche, téid an taoiseach sin
d'ionnsaighe na puible i raibh Fionn, d'éis


L. 67


dul ar a iomdha agus ar a áird-leabaidh dhó, agus
croitheann craobh dhath-áluinn dhraoidheachta
do bhi aige, agus do bhí do bhuadhaibh aici an tan
do croithtí í, mná re naoidheannaibh, aos
aindeise agus othrais agus easláinte, agus laoich ghonta,
go gcuirfeadh i n-a dtoirchim suain agus síor-
chodlata iad, agus tuiteann Fionn agus Taise
taoibh-gheal i n-a dtoirchim suan agus sámh-
chodlata agus an Fhiánn uile, an méid do bhí ar
an láthair sin díobh, le foghar fíor-bhinn sídhe
na craoibhe sin. Tógann an t-óglach an
ríoghain ar a ghualainn agus do ghlu ais i n-a
ghaistidhibh gáibhtheacha géar-luatha glan-reatha
agus in-a chéimeannaibh tailc-iorrtha troigh-
éasgaidhe d'ionnsaighe puible rígh an
domhain agus bud lúthgháireach do bhí an rí ar
n-a rochtain chuige, óir níor mhó a gháirdeachas
ó Fhionn go n-a thrí fhear déag do thabhairt
ceangailte chuige ná fá'n inghean d'fhagháil,
agus iar sin thug sé fógra d'á mhairnéalchaibh a
seólta thógbháil agus imtheacht ó'n dtír sin an
feadh do bheadh Fiann Éireann innti. Tóg-
bhaid a n-ancairí ar fhoráileamh an rígh, agus
fágbhaid an cuan agus an caladh-phort iar
ndíothláithri ughadh a mhuintire gan géill gan
cáin d'fagháil ó rígh na Sorcha, agus ní haithris-


L. 68


tear sgéaluidheacht orra nó go rángadar
an Ghréig ghlan-tsoluis ghorm-shrothach. Dála
rígh na Sorcha, do ghabh ag tabhairt adhmholta
agus buidheachais d'Fhionn, óir is air do bhí buidh-
eachas a thíre agus a thalmhan do bheith aige, agus
adubhairt an laoidh-se síos, ut dixit,



Buadhach sin, a mhic Mhuirne,
Fuarais doilgheas 'san deabhaidh;
Iar mbreith buadha ar do bhiodhbhadh,
Iongnadh dhuit bheith id' bheathaidh.



Sluagh an domhain i n-aoin-fheacht,
Is iad d'aoin-leath id' aghaidh,
Acht dís agus trí ceathrair
Ní raibh do Fhiannaibh agaibh.



Aon-mhac áird-rígh an domhain,
Fuair foghail id' armaibh;
Led' mhuintir as a haithle,
Do thuitsead maithe an chabhlaigh.



Leat agus led, bheagán buidhne,
A mhic Mhuirne na saor-shlógh,
Duit-se ba bheag an phudhar,
Roighne curadh do chlaochlódh.


L. 69


An sluagh sin d'imtheacht uainne,
Lán do thruaighe agus do thuirse;
A mhic Chumhaill, ní cheilim,
Is libh bheirim a bhuidhe.



Slógh an domhain, id' uatha
D'éis buadha do bhreith ortha,
Do cuireadh leó díbh-líonaibh
A gcúl re críochaibh Sorcha.



Fionn —



D'éis a mhaithe do mharbhadh
Trí chéad adhbhadh ár n-onóir,
A áird-rí shéimh na Sorcha,
Fil agam damhna dobróin,



Cúig fhear déag uaim dem' mhuintir,
Dream do thuintibh mo theaghlaigh,
D'á n-éis is dubhach mise,
Fir fá clisde ar gach bearnaidh.



Rí na Sorcha:



Ná bí dubhach san gcás-sain,
A Fhinn fháthaigh gan uamhan,
Gach áit i ngabhann tusa,
Bíodh do thuras go buadhach.


L. 70


Do thugadar as an oidhche sin, agus ar n-éirghe
dhóibh i moch na maidne ar n-a bhárach fuair
Fionn easbhaidh na hinghine air, agus do chonnca-
dar an cuan folamh ar a gceann, iar n-im-
theacht rígh an domhain go n-a mhór-shluagh; agus
gér bh'olc le Fionn easbhaidh Chonáin agus a chuid-
eachtan air, agus a bhfuair sé d'olc agus d'anfhor-
lann, do shiubhal agus do sheachrán ar muir agus ar tír,
is mó chuaidh air inghean rígh an domhain do
bhreith uaidh 'ná sain uile, agus adubhairt ris an
bhFéinn go sgarfadh a anam ris muna bhfaghadh
arís í, agus go mbudh dheimhin leis bás d'fhagháil
d'á cumha sul do-chífeadh amharc na hÉireann
arís. Níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh sin
an tan do chonncadar na bratacha beann-
uaine breac-dhathacha corr-ghlasa cumhdaighthe,
agus na sgiatha sgannracha sgáth-bholgacha, agus na
buidhne ceann-troma cóirighthe, agus na doir-
eadha diamhaire dearg-ruadha donn-tsleagha
le n-a nguailnibh ag na gasradhaibh. "Féach
uainn," ar Fionn, "d'á fhios cia hiad na
mór-shluaighte úd chugainn." Téid Fearghus
Finnbhéil annsain d'ionnsaighe na sluaighe
agus d'aithin sé Diarmuid ó Duibhne i n-a n-ur-
thosach, agus fearas fíor-chaoin fáilte roimhe agus
tángadar d'ionnsaighe Fhinn iar sin, agus fá


L. 71


lúthgháireach lán-mheanmnach Fionn agus Fiann
Éireann uile roimh Dhiarmuid agus d'fhiafruigh
Fionn sgéala dhe nó an bhfuair sé aon fhocal
de sgéalaibh an Ghiolla Dheacair 'ná Chonáin,
nó cá háit i n-a raibh sé an feadh do bhí sé
i n-a éagmhais féin, nó cia hiad na sluagha
sain do bhí i n-a fhochair. Innseann Diarmuid
dó gach nídh d'ár imthigh air ó thús go deireadh,
agus gurab i dTír-fó-thuinn do bhí séag cathughadh
re rígh Thíre-fó-thuinn agus re n-a mhac agus gurab
é Ridire an ghaisgidh, dearbhráthair rígh
Thíre-fó-thuinn do bhí i n-a fhochair ag congnamh
leis, agus nach tárla dó riamh cara dob' fhearr 'ná
é, agus gur fhoillsigh dhó, do bhrígh na healadhan
draoidheachta do bhí aige, gurab é Adhbharthach
mac Ioldathaigh do bhí i riocht an Ghiolla
Dheachair agus gurab é rug a mhuintir uaidh go
Tír trácht-mhín Tairngire. Fá lúthgháireach
Fionn agus an Fhiann, iar bhfagháil an oiread sin
do sgéalaibh a muintire dóibh, agus fós d'innis
Diarmuid dóibh gurab é Ridire an ghaisgidh
fá rí ar Thír-fó-thuinn an tan sin, iar marbhadh
a dhearbhráthar fá rí uirri roimhe sin, iar
rochtain dó féin innti, agus d'fhiafruigh dhíobh
sain créad d'éirigh dhóibh féin ó sgar sé riú.
D'innis Fearghus Finnbhéil sgéala dhó amhail


L. 72


táinig rí an domhain agus gach ar thuit leó féin
d'á mhuintir agus mar d'éaluigh sé uatha, agus
adubhairt iar sin gur mhithid dóibh dul do
thóruigheacht a muintire ó fuaradar sgéala
fírinneacha cá rabhadar. Adubhairt Fionn
gur mheasa leis Taise taoibh-gheal gan tór-
uigheacht 'ná iad sain, agus go bhfuigheadh sé féin
bás d'á sgéalaibh agus d'á srónmhuine acht muna
bhfaghadh sé í. Adubhradar maithe agus mór-
uaisle na Féinne nach léigfidís féin dó bás
d'fhagháil acht go rachadh cuid díobh do thabhairt
na hinghine chuige ar ais nó ar éigin, agus go
rachadh cuid eile aca ag lorgaireacht a
muintire. Is ann sin do chinneadar Goll
glan-bhéimeannach mac Mórna agus Osgar
gníomh-éachtach mac Oisin agus Fearghus finnbhéil
an file do dhul do thóruigheacht rígh an
domhain agus na hinghine. Is ann sin adubhairt
Diarmuid Ó Duibhne re sluagh rígh Thíre-fó-
thuinn umhla agus onóir do thabhairt d' Fhionn, agus
do rinnsead an sluagh amhail adubhairt
Diarmuid leó, agus do rinne rí na Sorcha an
nídh céadna, agus adubhradar go rachadaois le
Fionn ar gach toisg agus ar gach turas d'á
rachadh sé go hiompódh go hÉirinn tar a
n-ais.


L. 73


Do deasuigheadh long agus lón do'n mhuintir
a bhí ag dul do thóruigheacht inghine rígh
an domhain le rígh na Sorcha, agus do cuireadh
biadh i n-ionad a chaithmhe, arm i n-ionad
a dhiubhraicthe agus rámha snasta slinn-leathna
i n-ionad iomartha 'san luing sin. Téid
ar muir iar sin, eadhón, Osgar agus Goll agus
Fearghus ó Finn an file, agus do cheileabhradar
d' Fhionn agus do rígh na Sorcha agus do rígh Thíre-
fó-thuinn, agus do rinneadar ionad comhdhála agus
coinne le chéile i dTír Thairngire agus gibé aca
budh thúsga d'fhanamhain risan gcuid eile ann.
Do chuireadar iar sin amach an long luchtmhar
leabhair-théadach lán-aidhbhseach i n-iomdhoimhin
an aigéin, agus do rinneadar iomramh teann
tóstalach gur chaobach cubhar-bhán an cuan
crios-leathan i n-a dtimcheall agus gurab é budh
antlás agus budh cheól dóibh re hathaidh na huaire
sin mongháir na mara, asgal an aigéin,
coigeadal an chuain agus meadhair na mear-
thonn. Agus ar mbeith tréimhse agus tamaill
fhada mar sin dóibh ag taisteal na fairrge
fíor-mhóire fíor-dhoimhne, do chonncadar an
fonn fíor-áluinn fearainn agus téid i dtírann
gan mhoill, agus do ghabhadarag siubhal na críche
gur thárla aodhaire tréad agus lucht ionghaire


L. 74


eallaigh leó. Fochtaid sgéala dhíobh, .i. cia
hí an tír sin i n-a dtárla iad nó cia an dún
ríoghdha ro-áluinn adchonncadar nó cia an
rí stiúras flaitheas na críche-se. "Críoch
na Gréige an chríoch-sa," ar siad, "agus cathair
na hAithne an chathair úd os bhur gcomhair, agus
is é rí na críche-se rí is saidhbhre agus is
sochraidighe san domhan, agus is iongnadh mór-
ádhbhal linne sibh-se bheith ainbhfiosach in san
gcrích-se," ar na haodhairí, "agus atá an rí i
ndiu go maithibh a mhuintire ag seilg agus
ag fiadhach i ndiamharaibh agus i muiníbh fásaigh
fiathamhla na tíre, agus ag sin na sgéala d'fhiaf-
ruigheabhar dínn," ar siad. Do ghabhadar na
féinneadha buidheachas leó agus ceileabhraid
dóibh iar sin agus d'féachadar eatorra féin
créad do dhéanfadaois. Adubhairt Fearghus
finnbhéil, "atá comhairle ghaoth-ghlic agam-sa
díbh, eadhón, fighidh bhur bhfuilt amhail atá
m'fholt-sa agus innsidh gur filidh agus ollamhain
focail-ghéara ó iarthar an domhain sibh, agus gibé
áit nó ionad istigh i n-a mbiaidh an inghean,
rachad-sa d'á hionnsaighe, agus inneósad di
gurab ar a cionn do thángas ó Fhionn, agus is
fearr dúinn sin ná imreasán agus easaonta
do dhéanamh, agus dá sírthí ealadhain oraibh-se


L. 75


do-ghéan-sa ealadhain ar bhur son, agus is fearr
sain ná dul i n-éigean guasachta agus gan
carad ná compánach d'ár ngoire do-bhéarfadh
congnamh nó cabhair dúinn re linn leath-
trom 'ná anfhorlann do bheith orainn, agus fá
dearbh deimhin liom-sa go gcuirfidhe tionól
agus tiomargadh ar sluaghaibh na Gréige uile
chugainn agus go bhfuighmís brón báis agus beag-
shaoghal d'imirt orainn." Adubhairt Goll,
"An tan do ghabhas féin arm gaisgidh," ar
sé, "tugas móide re ceasnaidhe gan eagla
do ghlacadh roimh biodhbha ná namhaid, agus is
doiligh díoghbhálach liom a dhéanadh anois, .i.
mo ghaisge do sheachnadh re heagla ná re
huamhan báis," ar sé, "agus is é do dhéanfam
dul do'n dún i riocht féinneadh agus fearóglach
agus a rádh gur lucht freastail catha agus comhlainne
sinn agus gurab ag iarraidh tuillmhe agus tuaras-
tail atámaoid, agus mar is túsga racham do'n
dún, gabh-sa seilbh i n-inghin an rígh, agus
beir gus an luing í, agus fan tamall amach
ó'n tír ar an gcuan, agus má's beó sinne ó
theaghlach an rígh tiocfam chugat agus muna
dtiocfam ó'n gcath-iorghail sin tóg do
sheólta agus beir an inghean leat go Fionn mar
aon le sgéalaibh ar mbáis."


L. 76


Do críochnuigheadh an chomhairle sin aca agus
tigid go dorus an dúna agus iarraid osgailt.
Fiafruigheann an dóirseoir cia do bhí ann.
"Dís féinneadh sinne as críochaibh imchiana agus
tángamarag iarraidh tuillmhe agus tuarastail
ar rígh an domhain do chionn catha agus comhlainne
do chosg de." "Is maith an t-ionad díbh
teacht annso," ar an dóirseoir, "óir is
dearbh liom go bhfuighthí tuilleamh agus tuarastal
mór ó rígh an domhain, do bhrígh go bhfuil sé
ag soláthar gaisgidheach as gach áird de'n
chruinne chum dul ar eachtra go hoileán atá
i n-iarthar na hEórpa ar a dtugthar Éire,
óir is mian leis í chur fa ghoin gaoi agus claidhimh
agus tóiteán dearg-lasrach a dhéanadh dhi."
Téid isteach iar sin, agus fá mór muirear agus
mór-theaghlach rígh an domhain óir budh iomdha
curadh calmaagus anradh iorghaile agus feadhmannach
fearamhail agus ríoghan rosg-ghlas agus freastal-
aidhe frithir fuadrach agus ban-dálaighe bioth-
luaimneach do bhí istigh ar a gcionn. Cidh
trácht ar fhaicsin Fhearghusa fhinnbheoil do'n
inghin tug sí aithne air, agus d'aithin gur fá
n-a tuairim féin do thángadar ó Fhionn, agus
do bhí a croidhe le n-a béal ar eagla a
dtuitme le teaghlach an rígh. Acht cheana ar


L. 77


fhaicsin na hinghine d' Fhearghus finnbhéil
imeasg na mbantracht, thug sidhe sanntach
sár-luathmhar d'á hionnsaighe agus d'iadh an dá
láimh ghasta ghléigeala fá chaol a geil-chneise
agus do thóg ar árd a ghualann í, agus do ghluais i
n-a chéimeannaibh tiugha troigh-éasgaidhe tar
dóirse na dúna agus na cathrach amach agus do lean
Goll agus Osgar é. Ar n-a fhaicsin sin do
theaghlach an rígh, do leanadar iad i n-a
mbuidhnibh troma taidhbhseacha agus i n-a gcathaibh
ceann-troma cóirighthe, agus tugadar frasa
diana diubhraicthe d'á sleaghaibh slinn-leathna
agus d'á gcraoiseachaibh cró-fhairsinge i n-éin-
fheacht orra.



Iomthúsa Ghuill agus Osgair, gabhaid na frasa
sain i gceart-mheadhón a sgiath, agus téid
fá'n teaghlach agus gabhaid d'á n-oirleach agus d'á
n-athchumadh amhail faolchoin fá chaorchaibh,
ionnus gurab amhlaidh bhádar mar mhin-iasgach
mara i líon dlúth deagh-eagair idir na
féinneadhaibh feardha fíor-ardhachta sain; agus
an feadh do bhádar na hársaidhe iorghaile sin
ag tréan-thuargain an teaghlaigh, do chuaidh
Fearghus finnbhéil do'n luing agus an inghean
ar árd a ghualann aige, agus do chuaidh isteach
do'n luing agus do tharraing a hancairidhe


L. 78


reamhra ro-throma ar churr deiridh na luinge
agus téid féin agus an inghean ar an gcurr tosaigh
agus do bhádar mar sin ag féachain ar an
gciorrbhadh agus ar an gcnáimh-ghearradh do
bhádar an dís féinneadh sin a thabhairt ar mhór-
theaghlach rígh an domhain. Cidh trácht, is í
sin uair agus aimsir do bhí rí an domhain agus a
mhór-uaisle ag filleadh ó sheilg, agus iar dteacht
i gcomhfhogus do'n dún dóibh, do chualadar
an t-iombualadh agus na gártha gáibhtheacha
gráineamhla agus do chonncadar na sruth-linnte
fola foirdheirge do bhí ag snighe ó iolghonaibh
na bhfear agus na bhféinneadh, agus do-chíd chuca na
buidhne beól-sgaoilte agus na dronga tana
trom-ghonta agus cuideachta chnáimh-ghearrtha
noch do chuaidh i raon madhma agus mór-theithmhe
ó bhuillíbh borb-neartmhara gaisgeamhla Ghuill
agus Osgair an feadh do bhí an chuid eile de'n
teaghlach d'á leónadh, d'á leadradh agus d'á
lán-mharbhadh aca. Fochtas an rí sgéala de'n
chuid fá goire dhó agus nochtaid sin dó ó thúis
go deireadh amhail tháinig dís féi nneadh ain-
iuil anaithnidh agus file fáthach focal-ghéar i
riocht tuillmhe agus tuarastail d'fhagháil uaidh
sin, agus amhail rug an file an inghean leis
uatha gus an gcu an do thoradh a reatha agus do


L. 79


rinn a luais, agus mar d'fhan an dís fear-óglach
ag cur áir agus easbadha na sluaighe ar an
bhfaithche. "Do bheirim-se aithne orra," ar
rí an domhain, "gurab é Fionn mac Cumhaill
agus a bheagán buidhne tháinig do thóruigheacht
m' inghine-se, agus luighim-se fá na déithibh
adhartha nach díth liom a ndeárnadar do
bhroid agus do dhíoghbháil dom roimheseo, agus a
bhfagháil anois fám' chosaibh ionnus go
ndéanfaidh mé míreanna beaga buan-raobtha
agus biadh badhbh agus brain-eoin agus goin ghalann d'á
gcorpaibh, agus as a haithle sin nach maoidhfead
é no go rachad go hÉirinn agus go gcuirfead
dearg-ár a fear agus a ban agus a baoth-leanbh, agus
go gcuirfidh me an chríoch fá smól donn-
ruadh dearg-lasrach ionnus nach áitreabhadh
éinneach d'fhine Gaedhil ghlais innti go
bruinne an bhrátha."



Is annsin do chuaidh an rí i bhfíor-thosach
na buidhne agus do ghabh ag córughadh na gcath-
bhuidhean, agus ag greasacht na laochraidhe, agus
ag árslach na bhflaith, agus ag greannchadh na
n-uasal, agus ag inneallughadh na sochraide, agus ag
dlúthughadh na gceap; agus ar dtiomsughadh agus
ar gcruinniughadh na sluagh amhlaidh sin, do
ghluaiseadar rómpa fá thuairim na faithche


L. 80


agus iar dteacht annsain dóibh do chonncadar
na curaidh cosgartha cnáimh-gheárrtha, agus
na loch-tobair fola foirdheirge, agus an dís
gaisgidheach do rinne an t-ár agus na héachta
sain i n-a seasamh i gceartlár na faithche
ag faobhrughadh a n-arm agus ag géarughadh
a sleagh agus a gcraoiseach do mhaoluigheadar
agus do bheárnuigheadar san gcath-iorghail sin
ó chianaibh. Súil dá dtug an dís féinneadh
seacha, do-chíd an lonn-tsochraid ceann-
trom córuighthe chuca, acht cheana ní ar
thlás ná ar thime, ar mheatacht ná ar mhío-
dhóchas do chuaidh sain ag na tréin-fhir nár
thláith, acht ar mheanmain agus ar aoirde aigean-
ta agus ar uaisle fola, agus is é do rinneadar
faobhair an dá sgiath gheal-bholgacha sgaith-
leathna do bhí ar n-a bhfolchadh do chroicnibh
leomhan agus liopard agus beathadhach n-uasal eile,
agus iar gcur agus iar gceangal d'ór áluinn na
hAfraice agus do chlochaibh uaisle Thíre Tairn-
gire, do cheangal re céile agus aghaidh do
thabhairt ar na sluaghaibh fá'n inneall agus
fá'n órdughad sin. Cidh trácht, budh
bhorb na héachta thugadar an dís féinneadh
ar shluaghaibh rígh an domhain, óir is é
tuarasgbháil Ghuill ghlan-bhéimeannaigh mhór-


L. 81


chroidhigh mhic Mhórna, eadhón, mar bhuinne
taidhbhseach trom-ádhbhal tréan-bhóchna ag
dortadh tar mhaoilinnibh cnoc nó árd-shliabh;
agus budh hé tuarasgbháil Osgair anghlonnaigh
lán-bhéimeannaigh mhic Oisín mar chaor
treathan-mhóir ar n-a séideadh as frothaibh na
fiormaimente le neart tóirnighe ag dul fá
na sluaghaibh dóibh, agus beirid tuinnseamh toll-
bhorb neartmhar i gceart-lár aghaidhe na
sluaighe ionnus go ndeachadar as a n-ord-
ughadh, agus do ghabhadar d'á n-oirleach agus d'á
n-athchumadh amhail fiodh coille d'á threasgradh
nó mar bhrúcht mara nó mór-fhairrge ag
bualadh fá chiumhsaibh cairrge ceann-ghairbhe.
Cidh trácht, is é críoch agus foircheann na coin-
bhliochta sain, muna ndeachaidh fear san aer
suas nó síos san talamh, nó muna ndeachaidh
duine re gaoth nó gealtachas, ní dheachaidh
neach ó'n dá chaithmhíleadh do mhuintir an rígh
acht an rí féin agus beagán d'á mhuintir do
chuaidh ar raon madhma agus mór-theithmhe isteach
san dún, agus níor lean Goll ná Osgar iad,
acht is é do rinneadar arm agus éideadh na
muintire do marbhadh do bhreith leó do'n
luing, agus iar dteacht dóibh ann do gheibhid
Fearghus finnbhéil agus inghean rígh an domhain


L. 82


i n-a seasamh ar churr thosaig na luinge, agus
fá mór lúthgháir Ghuill agus Osgair, agus do thóg-
bhadar na seólta saidhbhre sár-luaithe agus na
bréide ball-chorcra agus na hangacha áilne
iongantacha is na seól-chrannaibh comh-árda
crann-righne, agus do sguabadar ó'n gcuan agus
ó'n gcaladh-phort.



Cidh trácht, ní haithristear sgéala orra
go fóill, acht ar Fhionn agus ar an gcuid eile
d'fhan i n-a fhochair i gcríochaibh na Sorcha.
Iomthúsa Fhinn uí Bhaoi sgne agus a mhuintire
annso. Iar n-imtheacht do Gholl agus d'Osgar
uatha, do críochnuigheadh comhairle aca dul
d'ionnsaighe na cairrge mar ar fhágbhadar
lorg an Ghiolla Dheacair ó imeal-bhórdaibh
an chuain amach, agus do lean Foiltleabhair
mac rígh na hIndia an lorg trés an sáil
go soindíreach tréimhse agus tamall fada, agus
níor chian dóibh ar an aidhbhéis eochair-ghuirm
agus ar an bhfairrge mór-chubhrach ag leanmhain
luirg an Ghiolla Dheachair ó phort go port agus
ó chuan go cuan, óir fá hádhbhal an diamh-
rughadh agus an dísliughadh do bhí sé a thabhairt
ar a lorg in gach áit i n-ar ghabh d'á cheilt
agus d'á fholchadh féin ar Fhionn agus ar Fhiannaibh
Éireann, óir do bhí a dheimhin aige nach raibh


L. 83


ar domhan lorgairí dob' fhearr ná iad. A
haithle gach aistir agus gach imtheachta dá
ndeárnadar do rugadar an lorg fá dheoidh
go Tír tréada treabhair-gheil Tairngire agus
fá lúthgháireach iad, óir d'aithin Diarmuid ó
Duibhne an tír fó chéadóir, mar do chaith sé
seal d'á óige ann i bhfochair Mhanannáin mhic
Lir ar a oileamhain dó. "Is é is cóir dúinn
a dhéanamh," ar Fionn, "an tír a thabhairt fá
ghoin ghaoi agus claidhimh i ndíoghail a bhfuaramar
d'olc agus d'anfhorlann ag tóruigheacht ár
muintire." "Ní mar sin is cóir," ar
Diarmuid ó Duibhne, "acht cuir feasa agus
teachtaire d'á fhios cia beó nó marbh dod'
mhuintir agus féachain an connradh síothchána
chuirfeadh Adhbharthach chugat, agus má's eadh, is
é is fearr d'fhagháil uaidh, óir is mairg do
bheagán do shamhlóchadh iad féin le hucht na
críche-se ar iomad a gceard a gcomhacht agus
a n-ealadhan draoidheachta."



Do mhol Fionn an chomhairle sin, agus d'fhiaf
raigh d'á mhuintir cia chuirfidís go dún
Adhbharthaigh. "Rachad-sa ann," ar Foilt-
leabhair mac rígh na hIndia, "óir atá lorg
an Ghiolla Dheacair fúm, agus ní sgarfaidh liom
nó go gcuirfidh mé é gus an dún." Do


L. 84


ghluais Foiltleabhair roimhe, agus níor comhnuigh-
eadh leis go ráinig dún Adhbharthaigh, agus do
fuair sé Adhbharthach roimhe ar an bhfaithche
agus na cúig feara déag sain i n-a fhochair.
Beannuigheann Foiltleabhair dóibh agus freag-
rann Adhbharthach dó agus fochtann sgéala dhe.
"Do mhuintir Fhinn mhic Chumhaill mé," ar sé,
"agus thángas uaidh d'fhógairt chatha ort-sa
i ndíoghail a easonóra agus i n-éiric a mhuin-
tire a thabhairt uaidh." Téid Adhbharthach agus
roighne a mhuintire i gcomhairle um an gcás
sain d'fhios an cath nó comhtha do bhéarfa-
daois dó, agus is í comhairle do mhol a mhuintir
dhó, dul ar amus Fhinn agus a bhreath féin do
thabhairt dó maille le haiseag a mhuintire, agus
a thabhairt leis dá dhún, agus adubhradar gur
bh' fhearr dhó sain ná dul i gcionn catha le
Fionn. Téid Adhbharthach mar a raibh Fionn
agus d'fhear fíorchaoin fáilte roimhe féin agus
roimh a mhuintir, agus do snadhmadh síoth agus cara-
das eatorra, agus tug a lámh i láimh Fhinn agus rug
leis é féin agus a mhuintir, agus do friotháileadh iad
leis do roighne gacha bídh agus do shean gacha
dighe go ceann trí lá agus teóra oidhche agus i
gcionn na rae sin d'éirgheadar amach ar
fhaithche an dúna agus do comóradh aonach agus


L. 85


árd-oireachtas leó agus tángadar mór-uaisle
Tíre Tairngire d'fhéachain Fhinn agus na Féinne,
agus d'fhearadar fáilte riú.



Níor chian dóibh ar an órdughadh sain an
tan do chonncadar as an muigh an bheag-
chuideachta, agus is iad do bhí ann Goll glan-
bhéimeannach mac Mórna agus Osgar anghlonnach
mac Oisín agus Fearghus finnbhéil agus Taise taobh-
gheal inghean rígh an domhain, agus iar dteacht
i gcomhfhogus do'n bhFéinn dóibh thugadar
aithne orra, agus gluaisid i n-a gcoinne agus i n-a
gcomhdháil agus tugadar póga go díl agus go
díochra dhóibh. D'fhanadar an oidhche sin i
bhfochair Adhbharthaigh agus éirghid go moch ar n-a
bhárach agus adubhairt Adhbharthach re Fionn breath
do thabhairt air i n-éiric a mhuintire thabhairt
uaidh agus go dtabharfadh dó gach breath dá
mbéarfadh air. "Do bheirim," ar Fionn,
"gach einioclann is cóir dom d'fhagháil uait
a bheith agat i ngeall ris an tuarastal do
gheallas duitar Dhruim gCollchoille an tan
thángais chugainn i riocht an Ghiolla Dheacair."
"Maiseadh, a Chonáin," ar Adhbharthach, "ó's
tusa féin fuair duadh agus dochar ar marcuigh-
eacht neamh-shuairc, do bhéarfaddobhreath féin
duit ar eagla m' imdheargtha." "Tabhair


L. 86


slána dam," ar Conáin. "Do-bheirim," ar
Adhbharthach, "grian agus éasg duit re a
gcomhdháil." "Maiseadh," ar Conán, "do-
bheirim do bhreath ort na ceithre fir déag is
annsa leat i dTír Tairngire do thabhairt
leat annso, agus an capall úd ar a dtugais
sinne, agus iad féin agus a mná do chur ar a mhuin
mar do bhámair-ne, agus do bhean féin ar
crochadh as a earball mar do bhí Liagán
Luaimneach ó Luachair Deaghaidh agus tu féin a
dhul san riocht i dtángais chugainn agus a mbeith
amhlaidh sain go rochtain Droma Collchoille
dhúinn." Budh bhuidheach cách uile go coit-
cheann do'n mbreath sin Chonáin, agus do rinneadh
amhlaidh gach nídh d'á ndubhairt. Do cuireadh
a longa ar muir agus Adhbharthach agus a bhean fá'n
gcapall, agus ní haithristear a sgéala go
rángadar Druim gCollchoille, agus iar dteacht
dóibh ann, súil dá dtugadar seacha ní
fhacadar an Giolla Deacair ná a chuideachta
aca, agus fós níor bh'fhios dóibh cá rann ar ghabha-
dar uatha. Tigid as sain go hAlmhain agus do
rinneadh cuirm agus bainis le Fionn i dtimcheall
Taise taoibh-ghile, inghean rígh an domhain
agus do bhí i n-a mnaoi aige an feadh do mhair
sí, agus tug Fionn a mbreath féin do chloinn


L. 87


rígh na hIndia agus níor bh'áil leis breathnughadh
eatorra ar eagla díombuidheachais fir seach
a chéile dhíobh.



Gurab í sin eachtra agus imtheacht an Ghiolla
Dheacair go nuige sin.



IAR CHOMHARTHUGHADH.



Biodh nach bhfuil sgéal ar bith is mó aiteas
agus greann ná an sgéal roimh-ráidhte, óir gibé
staraidhe do chum é ní fríth alt lag ann ó
thúis go deireadh acht gach ball de fóirlíonta
agus gach eachtra ag comh-fhreagradh, agus é críoch-
nuighthe ar an nguithe céadna do tionnsgnadh
é, do bhrígh go dtug breitheamhnas Chonáin an
oiread grinn do'n bhFéinn agus thug a aidhneas
timcheall na gcapall ar dtúis, agus go dtig
an t-inneall do bhí ar an nGiolla Deacair
iar dteacht a bhaile dhóibh leis an riocht i
rug sé an Fhiann leis ó Chnoc Áine, noch do
thaisbeánas go raibh sé lán-oireamhnach chum
sgéil a cheapadh. Tairis sin, le haire ghrinn
a thabhairt dó, is dian-mhaith an fhoghluim do-
gheibhthear as, óir ar dtúis taisbeánann sé
cionnus is cóir do dhuine chuireas roimhe


L. 88


ádhbhacht no magadh do dhéanamh éirghe as fá
mhaise. Cuireann sé taoiseach do Thuathaibh
Dé Danann i riocht draoidheachta chum Finn
mhic Chumhaill do mhealladh agus grinn a bhaint
as. Togbhann sé cúig feara déag d'á
mhuintir leis ar chapall draoidheachta, agus
cuireann sé dís d'á mhuintir féin i gcionn
Fhinn i riocht chloinne rígh na hIndia, d'á chur
i n-umhail dó go gcuirfidís lorg an Ghiolla
Dheacair, d'á chur amudha ó theacht suas leis;
seólaid siad chum cuain é nár bh'fhéidir leis
dul i dtír ann acht teachtaire áthasach do
chur uaidh, eadhón, Diarmuid. Cuireann
sé é sin i gcoimheasgar gleó ionnus gur
móide an mhoill, óir bhí Diarmuid chomh
díleas sain nach casfadh sé choidhche gan
sgéala iomláin agus is teagasg sin do gach
deagh-theachtaire. Taisbeánann eachtra Ghuill
agus Osgair do'n nGréig chomh beag de shuim
agus budh chóir do shaighdiúir a chur i n-a bhás
seachas mór-dháil a dhúthchais agus réir a thigh-
earna. Iar dteacht Dhiarmuda i gcionn Fhinn
le sgéala Chonáin, agus go bhfaca clann rígh
na hIndia nach féadfadaois a gcur amudha
ní bhus sia, léigid orra féin lorg an Ghiolla
Dheacair a bheith aca, agus treóruighid iad go


L. 89


Tír Tairngire, agus iar rochtain annsain dóibh
níor bh'áil le Foiltleabhair neach a léigean
le teachtaireacht Fhinn chum Adhbharthaigh acht
é féin, agus iar gclos an sgéil sin d'Adhbharthach
is amhlaidh do rinne go glic céillidhe cuireadh
thabhairt d'Fhionn chum a thighe, é féin a theilg-
ean ar a choimirce agus a rádh leis a rogha
éarca do bhuain de, acht do bhog sain Fionn
amhail gach aon duine onórach taiseach ionnus
gur mhaith sé an t-iomlán dó. Gur budh
amhlaidh dhéanfas Rí na bhFlaitheas le hanam
an sgríbhneóra eadhón, Tomás O hÍceadha.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services