Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Prosóid Gaedhilge
Title
Prosóid Gaedhilge
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Micil Mac Róba / Mike Robe / Roth, An /
Composition Date
1925
Publisher
Cló Ollscoile Chorcaighe
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
PROSÓID GAEDHILGE TADHG Ó DONNCHADHA (TORNA) Do Chuir le Chéile CLÓ OLLSGOILE CHORCAIGHE COMHLUCHT OIDEACHAIS NA HÉIREANN CORCAIGH AGUS ÁTH CLIATH 1925
RÉAMHRÁDH Ar son go bhfuil Prosóid agam mar ainm ar an saothar bheag so, ní hainm oiriúnach dhó é, toisg gan a bheith ann ó cheart acht riaghlacha Filíochta. Agus d'eagla an chostais do b'éigin dam tuille d'fhágaint ar lár. Do bhí dhá nídh ar mh'aigne agam am brostú chun adhbhar an leabhrín seo a chur le chéile. An chéadnídhe, a bhacaighe agus a neamhshnastacht a bhíonn urmhór an stuif i bhfuirm Filíochta atá dhá cheapadh san Ghaedhilg, fé láthair agus le tamall anuas. Easba eólais ar oideas na hÉigse dúth- chais fé ndeara a lán de sin. Agus cheapas dá gcuirtí riagh- lacha Prosóide i gcló, go dtiocfadh dá bhárr san feabhas ar fhilíocht na druinge atá ag fás chugainn, agus ná leómhthaí gan chlaoidhe le tradition uasal an sean. An dara nídh a bhí ar mh'aigne, láimhleabhar do shocrú dhon Mhúinteóir chun teagaisg, agus don Sgoláire chun foghluma ar an mbrainse is tábhachtaí dhen Litríocht atá againn san Nua- ghaedhilg. An té go bhfuil eólas aige ar riaghlacha Prosóide is beag nuance nó áilleacht a bhuailfidh uime san bhfilíocht san ná tuigfe sé go buileach.
Do chuireas adhbhar Cleachta mar chomaoin ar an hAltaibh d'fhonn caoi a thabhairt don léightheóir ar na riaghlacha a chur i bhfeidhm dó féin agus iad do choimeád ar cuimhne. Badh thairbhthe dhó gabháil tríotha. Is ar fhuláireamh mo dhaltaí ar na Cúrsaí Samhraidh san Choláiste Ollsgoile, Corcaigh, atá an leabhar so á chur amach. Tá súil agam go ndéanfa sé áis agus congnamh dhóibh, agus laghdú ar a gcruadhshaothar. Agus is dóibh a thoirbhrim é, Lem Beannacht. TORNA.
PROSÓID GAEDHILGE. FILÍOCHT. Cadé Filíocht? Sin ceist gur fuirist é chur agus gur deacair é réiteach. Is deacair freagra a thabhairt a riúnóidh gach saghas filíochta i ngach aon teanga; agus ní fuirist i gcomhnuí ceann a sholáthar dosna saghsannaibh i dteanga fé leith. Mar sin féin is féidir Filíocht a thabhairt ar aontsaghas úrlabhra 'na mbíonn buadh thar an gcoitianta ann. Buadh éigin neamhchoitianta iseadh a dheighleann an Prós ón bhFilíocht, buadh crotha, buadh órnáide, buadh ceóil, buadh géire, buadh uaigneasa — buadh de shaghas éigin a bheireann greim ar aigne an duine agus a fhágann a rian 'na dhiaidh uirthi. Acht i gcúrsaí Graiméir tugtar Filíocht ar chainnt fé Aiceann Méidreachta do réir Riaghlacha Prosóide. Is ar an saghas san Filíochta san Ghaedhilg a dhéanfar trácht san leabhar so. Ní fuláir Filíocht na Gaedhilge do roinnt 'na dhá chuid: (a) Filíocht na Nuaghaedhilge, nó Filíocht Aiceanta, mar is a hAiceann nádúrtha na cainnte d'fhás sí. Agus, (b) An tSeanfhilíocht, nó Duanaireacht, nó Filíocht Shiol- labhach de bhrígh gur ar áireamh na siollabh a bhíonn a brath.
Dhá ní atá riachtanach chun aon taobh aca san do thuisgint go buileach. Is riachtanas ar dtúis bheith oilte ar ghnáth- chanúint na Teangan, agus eólas éigin ar an bprós atá innti. Agus is riachtanas leis sin a bheag nó a mhór de thaithighe ar Fhoclóir na filíochta. Bhíodh "foclóir" fé leith ag na filíbh i gcomhnuí. Má deintar cúram i dtaobh an dá ní sin, ní baoghal ná go bhfaghfar blas ar Fhilíocht na Gaedhilge. FILÍOCHT AICEANTA. Filíocht Aiceanta iseadh Filíocht na Gaedhilge anois. Isé fáth go dtugtar Aiceanta air de bhrí gur ar Aiceann nádúrtha na canúna a bhíonn sé ag braith. Nuair a cuirtar chun tuairisg a thabhairt ar Phrosóid aiste filíochta isé céadrud nach fuláir a dhéanamh ná an aiste do roinnt do réir na gceathrún, nó na bhéarsaí, a bhíonn ann. Ceathrú: sin alt nó bhéarsa d'aiste fhilíochta. [Uaireanta ní ceathrúna a bhíon ann acht an aiste 'na haontsreath amháin línte; nó í 'na haltaibh gan áireamh cheapaithe línte d'aon alt aca. I gcúrsaí Méidreachta, gabhaid gach aon dá líne le chéile uaireanta. Uaireanta, gach re líne. Uaireanta trí líne le chéile agus annsan malartú dhon cheathrú líne. Uaireanta, bíonn anachuid malartúcháin san cheathrúin. Ní mór féachaint don mhalartúchán san, agus é mheas, roim ré. Is fuirist é dhéanamh act beagán taithí bheith ag duine ar an ngnó.] Áireamh línte. Is féidir aon áireamh línte a bheith i gceath- rúin, óna dó suas go dtí a fiche, nó ósa chionn san, do réir mar bhíon an aiste sgríbhte. Acht isiad Ceathrú Cheithre Líne agus Ceathrú Ocht Líne an dá cheann is coitianta. Scanadh. Nuair atáthar socair i dtaobh áireamh na línte sa cheathrúin, ní fuláir annsan gach líne do scanadh. Isé rud é Scanadh ná socrú i dtaobh (a) uimhir na nAiceann san líne,
(b) an Ghuta ingach Aiceann díobh san, (c) an Ruthaig, agus (d) na Siollabha Neamhaiceanta ón Aiceann go chéile. Ón Aiceann go chéile a áinmhíotar an Céim. Cuir i gcás: Um neóin do bhíos. Tá dhá fhocal aiceanta san líne sin .i. neóin agus bhíos. Dá réir sin tá dhá Aiceann ann .i. dhá Chéim. Cuirimis síos mar seo iad: Um | neóin do | bhíos Un = Ruthag. | neoin do = Céim. | bhíos = Céim. Dhá Aiceann don líne sin, Ar an adhbhar san dhá Chéim di. CLEACHTADH. Uimhir na gCéim insna líntibh seo d'áireamh. 1. Dob ómrach dlathach. A hórfholt crathach. 2. Mo chás mo chaoi mo cheasnadh. 3. Isé mo laoch mo ghille mear. 4. Dathad gealbhé gan faic ar a dtaobh. 5. Lá 's me tríd an dtír ag taisteal. 6. Cois Laoi na sreabh go huaigneach. 7. Slán go héag ón dtaobh so uaim 8. A chuisle na héigse éirigh suas. 9. Cuireadh nár shásta dáileadh damhsa ó dhís. 10. Bhí divarsion aerach ar an aonach. 11. Is ait an nós so ag mórchuid d'fearaibh Éireann. 12. Cúil atá gach lá dá leagadh ag saoraibh.
AICEANN MÉIDREACHTA. Bíonn Aiceann rialta ar an bhFilíocht. Is ionann san agus a rádh go dtuiteann an tAiceann ar áiteannaibh áirithe sa líne; agus na línte a ghabhann lena chéile san cheathrúin go dtuiteann an tAiceann ar na háiteannaibh céadna ionnta. Sin Aiceann Méidreachta. Is do réir Aiceann na gnáthchanúna a meastar an tAiceann Méidreachta. Is gnáth Aiceann Méidreachta do theacht san áit 'na mbeadh Aiceann nó Leasaiceann san ghnáthchainnt. Acht ní mar a chéile ar fad iad. Tá so de dheifríocht eatortha: (a) Bíonn Céimeanna Neamhrialta ón bPríomhaiceann go chéile san ghnáthchainnt. Acht sa bhFilíocht bíon tómhas rialta ar na Céimeannaibh. (b) San ghnáthchainnt áirmhíotar Príomhaiceann agus Leas- aiceann agus focal (nó siollabh) Neamhaiceanta. San bhFilíocht ní áirmhíotar acht Aiceanta agus Neamhaiceanta ar na siolbhaibh. An Príomhaiceanta agus an Leasaiceanta san ghnáthchainnt is Aiceanta iad coitianta sa bhFilíocht. Acht ní hannamh an Neamhaiceanta san ghnáthchainnt do bheith Aiceanta sa bhFilíocht. Agus ar an dtaobh eile dhe, is minic siollabh nó focal Aiceanta san ghnáthchainnt do bheith Neamhaiceanta sa bhFilíocht. Is fuirist an deifríocht san a thabhairt fé ndeara. Sgrúd- uímís, cuir i gcás, an líne seo: Mo mhuirinnse Muirinn tar muirinnibh áille i gcrích. Seo mar bheadh na haicinn uchtaigh air do réir ghnáth- chanúna: Mo mhuirinnse Muirinn | |tar muirinnibh áille i | | gcrích
Trí Príomhaicinn atá sa líne sin, do réir ghnáthchainnte. Deinid siad trí chuid den líne, mar seo: 1, Mo mhuirinnse Muirinn: An méid sin fé riaradh ag an bPríomhaiceann mhuir-; agus stad beag sa chainnt tar éis Muirinn. 2, tar muirinnibh áille i: Fé riaradh ag an bPríomhaiceann áil-; stad beag tar éis áille, agus an Réamhfhocal i do dhul dá bháthadh. 3, gcrích: Príomhaiceann aonair. Tugtar fé ndeara a neamhrialtacht atá an Príomhaiceann san líne sin. É i dtúis an chéad ghéag agus i ndeire an dara géag, agus é 'na aonar san trímhú ghéig. Insan bhFilíocht, ámhthaigh, árduíothar na Leasaicinn, agus deintar Aiceantaigh dhíobh. Cuirtar breis fuinnimh leó, mar seo: Mo | mhuirinnse | Muirinn tar | muirinnibh | áille i | gcrích. Chúig Aicinn atá sa líne dá réir sin; agus ar an adhbharsan, chúig Céim. Is fuirist a fheisgint a rialtacht atá na Céimeanna ann. Samhlaíd eile: Éisteadh gach eólach san Eóraip go héach- tach. A ghnáthchainnt mar seo: Éisteadh | | gach eólach san Eóraip | |go héachtach. Trí géaga san líne sin, fé riaradh ag na Príomhaiceannaibh éist-, agus Eór-, agus éacht-. Seo mar do roinnfí é do réir Aiceann Méidreachta: Éisteadh gach | eólach san | Eóraip go | héachtach. Tá cheithre hAicinn Mhéidreachta san líne sin; agus dá réir sin is ceart cheithre Chéim d'áireamh dhi.
CLEACHTADH. Na línte seo do sganadh (a) do réir ghnáthchanúna, agus (b) do réir Aicinn Mhéidreachta. 1. Is tuirseach a bhímse im luighe ar mo leabaidh de ghnáth. 2. Faire, céad gráin ar bhur n-arrachtach sean. 3. D'éis an daingin do radassa d'Éireannchaibh. 4. Má bheir Dia do thiagharnus damhsa Bheith slán ón láimh seo do leónadh Do-ghéan beart is maith fá dheóidh dham Léigfead do bhaosraidh na hóige. 5. Do charas tar aon an Déirdre dheagh-ghnúiseach. 6. Níor bh'fhada gur ghoill ar chloinn sin Mhaoghnuis An fhairrge dhoimhinn is radharc na spéire 7. Ar fhíoghair a pearsan d'aithin mé ar éigin Aoibheal chleasach na Cairrge Léithe. 8. Is lag atáid mná fionna Gaedheal ag caoi. 9. Tá lile gan scamall d'fhuil Ghearailt na sáirfhear 'S is soineanta a teastas ag fáidhibh eóil. 10. A Chonchubhair Treó fé dhó go gcaillir do mheabhair. 11. A Dhiarmuid is dubhach liom gur iompuighis do chóta 'S gur thréigis na hughdair ba mhúinte, 's gur dhóighis iad. 12. Muna stopairse, a Athair ghil, bearta na mbúr, is baoghal Gur follus go gcaithfidh gach seabhac bheith dubhach mar mé. 13. Beidh cobhlach ón bhFrangcach ar thréanmhuir 'S is cobhsach sinn féin ag cur leó. 14. I gCorcaigh thoir go gcrochtar me, mar sgéal, le gad Do chosmhalacht má b'fhollus dam ar thread na mban. 15. Cluintear an ghaoth fhraochda le fothrom eas Ó crochadh an laoch Séamus MacCoitir le cleas. CÉIM MÉIDREACHTA. An líon siollabh ó Aiceann Méidreachta go dtí Aiceann Méidreachta, sin Céim. Siollabh aiceanta i dtosach an Chéime i gcomhnuí,
Cheithre shaghas Céime atá ann, do réir líon na siollabh sa Chéim .i. óna haon go dtí a ceathair. Samhlaídí ortha san i bhfoclaibh aonair: 1. Céim aontsiollaibh .i. Siollabh aiceanta: lá, tráth. 2. Céim dhá Shiollabh .i. Siollabh aiceanta agus siollabh neamhaiceanta: táimse, bfhéidir, cuirfead, 3. Céim trí Siollabh .i. Siollabh aiceanta agus dhá shiollabh neamhaiceanta: thángamar, chuireassa, 4. Céim cheithre Siollabh .i. Siollabh aiceanta agus trí siol- labha neamhaiceanta: feilli-bheartaibh, Dubhlochlan- naigh, Samhlaídí i líntibh filíochta: (a.)| Táim ar | sí, le | sealad, Trí hAicinn annsan .i. trí Chéim; agus dhá Shiollabh (Aiceanta + Neamhaiceanta) i ngach Céim. (b.)| Seachanadh | dramana 's | caismirt ar | aonach, Cheithre Chéim annsan: trí Chéim trí Siollabh agus Céim dhá Shiollabh 'na ndiaidh. (c.)| Sasanaigh fá | mac
nas ar | dtiacht 'na | n-áit. Cheithre Chéim annsan .i. Dhá Chéim cheithre siollabh + Céim dhá Shiollabh + Céim aontsiollaibh. [Tá Guta Tacair san bhfocal macnas (.i. mac
nas), agus ní fuláir é áireamh.]
Ní bhfaghtar níos lugha 'ná Dhá Chéim (= dhá Aiceann) i líne. Is annamh níos mó 'ná Chúig Céim i n-aon líne. Má bhíonn breis thar chúig cinn ann is gnáth dhá líne do dhéanamh de san sgríbhinn. Ruthag. Ní fuláir comhaireamh na gCéimeann do thosnú ar an gcéad Aiceann san líne. Is minic áfaigh, siollabh nó dhó Neamhaiceanta roimh an gcéad Aiceann san. Ruthag a tugtar air sin. Seo samhlaíd air: Gach | lonnabhile | bor
bchuthaigh | tréanchumais | d'fhás Cheithre Chéim san líne sin: Gach: Ruthag. lonnabhile: Céim cheithre Siollabh. bor
bchuthaigh: Céim cheithre Siollabh. tréanchumais: Céim trí Siollabh. d'fhás: Céim Aontsiollaibh. CLEACHTADH. Céimeanna agus Aicinn agus Ruthaig da thespeáint dona líotibh seo: 1. Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill. 2. Is séice seaca an galar géar so am shnuí. 3. Do mealladh thu a dhuine mar d'imthigh ar thriúchaibh rót. 4. Is truagh liom ná táinig an buanbhile bláthmhar. 5. Sin críochnamh ar sgríbhinn an Athar Domhnall. 6. Tá faraire cliste gan uireasbha dheaghmhúine. 7. Is mithid dam féin mo thréithe ar fad do sgrúdadh 8. I mainistir naomh beidh céir ar lasadh againn. 9. Ná measaidís na spreallairí gur buan ár bpáis. 10. Tá sgamall dubh is ceó druíocht Ná tógfuíor go bruinne an bhráith. 11. Is duine me dhíolann leann lá. 12. Maidion is me am aonar cois taobh coille duille-ghluise Ag déanamh na n-ionmanna ba ghnáthach me ann.
GUTA AICEANTA. Nuair a bítar socair ar uimhir na gCéimeann i líne, agus ar uimhir na Siollabh i ngach Céim, ní fuláir teacht annsan ar an Siollabh Aiceanta i ngach Céim agus Guta an tSiollaibh sin do chur san áireamh. Ar | maidin i | ndé bhí an |spéir gan | cheó, Cheithre Aiceann, nó Céim, san líne sin: Ar: Ruthag. 1, maidin i: Céim trí Siollabh, agus a aiceanta ann. 2, ndé, bhí an: Céim dhá Shiollabh, agus é aiceanta ann. 3, spéir gan: Céim dhá Shiollabh, agus é aiceanta ann. 4, cheó: Céim aontsiollabh, agus ó aiceanta ann. Ar an adhbhar san: a (gairid) aiceanta san chéad Chéim; é (fada) aiceanta san dara Céim; é (fada) aiceanta san trímhú Chéim; agus ó (fada) aiceanta san cheathrú Chéim. Báthadh ar a an fhocail an. Ní fuláir an Guta céadna aiceanta san Chéim chéadna, ar na líntibh a fhreagrann dá chéile sa cheathrúin. Ní fuláir Guta fada do fhreagairt do Ghuta fhada, agus Gairid do Ghairid. Guta Méidreachta a tugtar ar an nGuta aiceanta san ar thosach gach Céime. Áirmhíotar Défhoghracha agus Tré- fhoghracha, &c., ar na Gutaí Méidreachta, mar chífar ar ball, (lch 16).
CLEACHTADH. Céimeanna agus Aicinn agus Ruthag agus Gutaí Méidreachta do nocht- adh dona líntibh seo: 1. Do leanas na bearta so sealad go séanmhar. 2. Maidin aoibhinn bhíos gan bhuairt. 3. Grádh lem anam mo pháistín fionn. 4. Siúd feasta le mian gach bliain ag trácht. 5. A dhuine gan mheabhair 'tá ag labhairt go ceannasach. 6. Tá ní eile ar mh'intinn le rádh anois. 7. Is cásmhar mé 's gach n-aon monuar. 8. Ar sméide súl ar maidin laoi. 9. Dá dtéarnadh Rí Séarlas go tapaidh. 10. A Athair na bhfeart dod chead is déanta guidhe. 11. Beidh éigse um an éag so go cullóideach. 12. Ní léir dam a samhail i nÉirinn ná i Sacsaibh. 13. Mo thruagh thu feasta muna nglacair mo chomhairle i dtráth. 14. Má phósair fear le gean dá éadach úr. 15. Bíodh mo shlán fé'n mbáille i ngealltóireacht. DEILBH MÉIDREACHTA. Isé rud é Deilbh Méidreachta ná comharthú a thespeánann Céimeanna agus Aicinn agus Ruthag agus Siollabha Neamh- aiceanta agus Gutai Méidreachta, mar do-gheibhtar iad i Líne, nó i gCeathrúin, nó i nAmhrán, nó i nAiste Filíochta. Samhláid: Cionnus is ceart Deilbh a cheapadh dhon líne seo: A shuaircfhir sháimh, ní sámh do reacaireacht sceóil? Isé líon na nAiceann a 'neósaidh dhúinn an 'mdhó Céim atá ann. Is follus go bhfuil chúig siollabha aiceanta ar an líne sin .i. 1, shuairc-; 2, sháimh; 3, sámh; 4, reac-; 5, sceóil. Dein- imís Céimeanna agus Aicinn do nochtadh dhó mar seo: A | shuaircfhir | sháimh, ní | sámh do | reacaireacht | sceóil
Isé sin chúig Céim: A: Ruthag 1. shuaircfhir: Céim dhá Shiollabh, agus ua aiceanta ann. 2. sháimh ní: Céim dhá Shiollabh, agus á aiceanta ann. 3. sámh do: Céim dhá Shiollabh, agus á aiceanta ann. 4. reacaireacht: Céim trí Siollabh, agus a aiceanta ann. 5. sceóil: Céim Aontsiollaibh agus ó aiceanta ann. Mar sin is féidir Deilbh do cheapadh dhó ar an gcuma so: (a) Na Cúig Aicinn do chur síos ar dtúis, chun na Céimeanna do dhealú óna chéile mar seo: (b) Na Gutaí Méidreachta do chur síos ar an dtaobh dheas dena hAiceannaibh sin, an ball inar cheart dona Siollabha Aiceanta dul; mar seo: (c) An Ruthag, (má bhíonn ann) do chur síos: (d) Agus fé dheóidh na Siollabha Neamhaiceanta, mar seo: Cuirimís i gcás an Cheathrú so anois: A shuaircfhir sháimh ní sámh do reacaireacht sceóil Ba thuaidh dá ngráin ar scáithcheilt mh'aingilse dhóibh; Ar tuathal táid; do b'fheárr bheith balbh go mór 'Ná buain le gáir ón gránna gafann do ghlór. — Pádraigín Haicéad.
Dá n-iarrtaí orainn deilbh do cheapadh dhon Cheathrúin sin, seo mar badh dhéanta é: Is follus gurab aondeilbh amháin atá ar gach líne ann, Agus ón uair go bhfuil cheithre líne san Cheathrúin sin, isé an Deilbh thuas fé cheathair atá ann. Seo mar is ceart é chur síos: Agus dá mbeadh chúig cinn de Cheathrúnaibh i nAmhrán, agus an Deilbh sin ar gach líne ann, agus dá n-iarrtaí orainn Deilbh do cheapadh dhon Amhrán go léir, seo mar badh cheart é chur síos: Ní gádh comhartha an Aicinn [`] do chur san Deilbh. Ní beag de chomhartha air an Guta Méidreachta féin. Nuair a bhíonn Deilbh dá ceapadh i gcóir Cheathrún, nó i gcóir Amhráin iomláin, agus an Ruthag do bheith ar easnamh i líne, nó i líntibh ann, ní fuláir an t-easnamh san do nochtadh san Deilbh. Is amhlaidh a cuirtar cuibhreacha .i. ( ) ar Neamhaiceantaigh an Ruthaig, Samhlaíd: Deilbh do cheapadh don Cheathrúin seo: A Chríost is buan 'sis truagh mo ghéarghearán Ag caoineadh chuaine Fhuarghuirt Éireamháin Faoidh mo nuall do-chuala céad san Spáinn Scíth ní dual ar ghuais mo phéine tráth. — Pádraigín Haicéad. (a) Chúig Aicinn san Cheathrúin sin .i. Chúig Céim. (b) Na Gutaí aiceanta (c) An Ruthag: An trímhú líne agus an Cheathrú líne tosnuighid siad ar an Siollabh aiceanta. Tá Ruthag ar easnamh ionnta. Ar an adhbhar san ní fuláir cuibhreacha ar an Ruthag mar seo: ( ).
(d) Na Siollabha Neamhaiceanta: Ceann amháin san Chéad Chéim, agus san Dara Céim, agus san Trímhú Céim, agus san Cheathrú Céim. Sidé a Deilbh, mar sin: CLEACHTADH. Deilbh Méidreachta do cheapadh dona ceathrúnaibh so: 1. A Athair na ngrása tárrthuigh mé Is maith dham gach cáin dá ndeárna claon, Maith dham i dtráith faid táim san tsaoghal Mar mhaithimse 'o chách le grádh dhuit féin. — Donnchadh Ruadh. 2. 'Na luighe san chúil is dubhach gan ghiodam gan ghlór, Le mí gan dúil i sughchas, scige ná spórt, Gan suim, gan súil, i n-ughdair oilte gan tóir, 'Na shuíste súighte os cionn na teine gan deóir. — Donnchadh Ruadh. 3. Do ró-chuir i gcómbruid 's i ngéibheann cnaoi Ógbhaidh na Fódhla 's a tréinfhir tríd: 'Na sróllchulaidh bródchuir mar éirgheas sí Nach cló ar bith i gcomhchruth do Vénus i. — Céitinn. 4. A fiche 's a dathad 's a ceathair 's a trí is aos dam Ag fuirse 's ag grafadh 's ag casadh le claidhe dhéanamh Ag feitheamh le hatharach beatha de druim sgéalta Gur thuiteas im sheanduine dealbh gan lí-lé orm. — Liam Aerach Ó Conaill. 5. Tá Laoiseach ar taoide 's is dána a bhéim 'S an tImpre dhá chuimhdeacht 's an Spáinneach tréan Ní stríocfaid don scríb sin go bhfágfaid saor Maoirseacht trí ríoghacht age grádh mo chléibh. — Eóghan Ruadh. 6. Pé chífeadh uaidh gach ruathar bróin Gach daoirse chruaidh gach cruatan íós Gach sceímhle fuair ár n-uaisle róinn Badh líonta a ghruadh le duartan deór. — Seán Ó Tuama.
FORMAIL MÉIDREACHTA. Go dtí so ní bhíodh i gceist againn acht Ceathrúna agus Amhráin go n-oireadh an t-aon Deilbh amháin do gach líne ionnta. Nuair a bhíon malairt méidreachta ar na líntibh i gceathrúin ní mór Deilbh fe leith do cheapadh do gach malairt dá mbíon ann. Annsan ní fuláir na Dealbha san do thabhairt le chéile i bhfuirm Formaile do réir úird na línte san Cheathrúin. Is air sin a tugtar mar ainm Formail Méidreachta. Beidh samhlaídí go leór againn air sin nuair a bheam ag trácht ar Ghnéithibh Ceathrún. Ní beag ceann amháin annso: Dealbhadh agus Formail don Cheathrúin seo: A bhile dhen fhuirinn nach gann Ba chuireata i n-am gach cluiche nirt, Ná tuigthear do mhisneach go fann 'S a ghirreacht duit cabhair is cuideachta. — An Mangaire Subhach. Sidé an Deilbh atá ar an chéad líne: Tugaimís A ar an Deilbh sin. Sidé an Deilbh atá ar an dara líne: Tugaimís B ar an Deilbh sin. Ar léigheamh an trímhú líne dhúinn, tugaimíd fé ndeara gurab ionann Deilbh dhi agus don chéad líne .i. Deilbh A. Agus ar an gcuma gcéadna chímíd gurab ionann Deilbh don cheathrú líne agus don dara líne .i. Deilbh B. Má chuirimíd na Dealbha san i ndiaidh a chéile do réir úird na línte san Cheathrúin gheóbhaimíd: Dá réir sin isé is Formail dó:
CLEACHTADH Dealbhadh agus Formail dona Ceathrúnaibh seo: 1. Ar theacht di fám linn ba chruinn a hamharc 'S do bheannuigh le suim go binn dom shamhailt Do fhreagras í gan deabhadh gan díth 'S níor bh'aithis liom suidhe ar feadh mí 'na haice. — Piaras Mac Gearailt. 2. Tréigfead mo charaid 's mo cháirde gaoil 'S tréigfe me a maireann de mhnáibh an tsaoighil; Ní thréigfead lem marthain tu a ghrádh mo chroidhe Go sínfar i gcomhrainn fé chlár me. — Sean-amhrán. 3. Thug Mars a chlaidheamh 's a réim do, Is Bacchus fíonta craorac Barra gníomhartha Stair is intleacht Gean is gnaoí ó Vénus. — Tadhg Gaedhlach. 4. Is brónach mo thocht Go tóirseach am shlad Is crólag mo chorp Is deórach mo dhearc — Séafradh an Ghleanna. GUTAÍ MÉIDREACHTA. Isé rud é Guta Méidreachta ná an Fhuaim ghutuí a thagann san bhall aiceanta i gCéim Filíochta, agus nach fuláir a chur san Deilbh. Ní fuláir Guta Méidreachta i dtosach gach Céime, mar is ann a thagann an tAiceann. Acht gheibhtar Guta Méidreachta i measg na Neamhaiceanta san Chéim, uaireanta. Ní do réir na sgríbhinne a ghabann an Guta Méidreachta, acht do réir na Canúna. [Tá Eisceachta ón riail sin i gcásaibh na bhFocal go bhfaghtar Canúint aosta ortha fós san bhFilíocht. Féach lch. (36-7). Acht i dtaobh urmhór d'Fhilíocht na Nua- ghaedhilge isí an chluas a nochtann an Guta Méidreachta, agus ní hí an tsúil. Rud eile, bíonn malairt ar Ghutaíbh Méidreachta ón bhfile go chéile do réir na gCanúintí Gaedhilge a bhíonn aca.]
Geintar Guta Méidreachta ar Cheithre shlighe: (a) Ón nGuta féin. (b) Ón nGuta is treise i nDéfhoghrach. (c) Ón nGuta is treise i dTréfhoghrach. (d) Ó chnuasach Litreach (idir Chonsoiní agus Gutaí) a nochtann Guta áirithe san Chanúint. Áirmhíotar Cheithre cinn déag de Ghutaí Méidreachta i bhFilíocht na Gaedhilge ó Leath Mhogha. Sidiad i bhfuirm Chláir iad insna comharthaí ar a bhfuil socair againn dóibh i gcóir Deilbh Méidreachta: Gutaí Méidreachta. A nGnéithe A gComharthaí Fada Gairid [Tuigthar ná fuil insna Comharthaí sin acht áisí chun fuamanna gaolmhara Gutaí do chur i bprataing — fuamanna nur bh'fhéidir leó éirighe i n-aon cheann den cheithre slightibh thuas, agus fuamanna a ghabhann le chéile san bhFilíocht. I dteannta na coda san bainimid feidhm as ü don Ghairid Neamhchruinn, agus as x i gcóir malairt Ghuta Méidreachta ón Líne go chéile. Fágann san sé cinn déag ar fad de Chomharthaí againn. Agus leó san fhéadfar Deilbh do cheapadh d'aon aiste Fhilíochta a bhuailfidh umainn san Nuaghaedhilg. Nuair a bhíonn Srónú ar Ghuta Méidreachta, agus más gádh é chómharthú san Deilbh, is mar seo is déanta é .i. ^ os cionn an Ghuta.
Ní mór a chómhairliú dhon Sgoláire na freagraid ua agus ú dá chéile; ná ia agus í acht chomh beag. Cuirimís i gcás, cruatan: dúthreacht; bliain: mín; agus a leithéidí, a gheibhtar go minic ag filí nua, ní ceart iad.] Sidiad Comharthaí na nGutaí Méidreachta, agus samhlaídí i bhfoclaibh aonair ar gach cuma ina ngeintear iad: á (a .i. ón Ghuta): cás, sásamh, gárlachaibh. (b .i. ón Défhoghrach): fáisg, láirín; feárr, beárrtha. (c .i. ón Tréfhoghrach): a Sheáin, deáidh. (d .i. ó Chnuasach Litreach): fagháil (= fáil); cneadha (= cneá); grádhaim (= gráim); Baile Átha Cliath (= Bleá Cliath); tabhairne (= táirne); deaghaithreach (= deái- threach). a (a): fad, madra, bachalach. (b): tais, maidin, fairsinge; ceart, cleachtaim, freastalach. (c): a Pheaidí. (d) snaidhmithe (snaimithe). [Malartúchán: á: a: fearr: fearra; geárr: gearra; fé ndéar; fé ndeara. a: o, e, í:- faicsint: feisgint; caigilt: coigilt; snaidhmeadh (snaime): snuime. á: ó:- gabháil (guail: góil).] ó (a): lón, córa, mónadán. (b): óil, bróige, cóirithe; sgeól, feóchta, meórlaga. (c): treóir, breóite, ceóilbhinneas.
(d) romhar (rór); lonnradh (lóra: lüra: loura); modhmhail (môil: mouil): meadhón (meón); gheobhair (gheóir); leoghanta (leónta); leomhan (león); Domhnall (Dónal); comhgus (congus); feóidhte (feóite). (a): bog, ortha, modartha. (b): deoch, eochair; toisg, cloisim, oirfideach; beag. (c): ar easnamh (d): gabhtha (gafa: gofa). [Malartúchán: Féach fá a thuas. o: u: romhar (rór: rúr); comharsa (corsa: cursa.] ú (a): fúm, súgra, dúluithe. (b): cúil, búirtheach, lúibíní, siúr, fiúntachas. (c): ciúin, sciúrse, giúrléidí. (d): dubhach (dúch); cumhdach (cúdach); fiughantach (fiúntach) prionnsa (priúnsa); tabhairt) (túirt); congan- tach (cúntach); ionnraic (úraic); diubhraicthe (diúraice); siubhlfad (siúlhad). u (a): guth, muclach, sursainge. (b): muil, muirear, stuidéartha; fliuch, fiuchadh; riocht, miollam, siollaireacht. (c): ar easnamh. (d): ar easnamh.
[Malartúchán: Féach fa o thuas, agus fé ua thíos. ú: ou:- tabhairt (túirt: touirt). u: ou: iompuigh (úmpaigh: oumpaigh); prionnsa (priúnsa: preounsa); geamhar (geour: giúr).] (a): cré, éclips. (b): féar, séanadh, tréanghothach; léim, féinne, céileachas; lae, Caesar, Gaelachas; maol daora saobhráite. (c): ar easnamh. (d): saoghalta (saolta); Gaedheal (Gaol); faobhar (faor); aeruidheacht (aeruíocht); glaodhach (glaoch); buidheach (baoch). (a): le (b): ceil, deirim, eilithreach; air; toil, oiread, oineach. (c): ar easnamh. (d): ar easnamh. [Malartúchán: é: í: saoghal (saol: suíol); caol (caol: cuíol); craobh (craobh: cruíobh): buidheach (baoch: buíoch). é: y: éirigh (éirigh: eyrig). e, í: y: deimhin (de-mhin, di-mhin: deyn). e: i: oiread (eiread: iread); oileán (eileán: íleán).] í (a): mín, díbirt, dísbeagadh. (b): bhíos, cíoradh, críochnuithe. (c): gnaoi, caoineas, maoirseachta.
(d): fill (fíll); grinn (gríng); suim (suím); innsint (ínsint); linntshruth (língtruth); roimpi (ruímpi); timcheall (tíom- pull); luigheann (luíon); claidheamh (cluíomh); fuighlach (fuíolach); coimheasgar (cuíosgar); choidhche (chuíthe); coimhightheach (cuíothach); cuimhdeacht (cuídeacht); muinntear (muintear); millte (mílte); roimhe (ruí); coill (cuíll); guidheachtain (guíochtain); trillseach (trílseach); teimheal (tíol); sgriobhadh (sgrí); geimhleacha (gíleacha); geimhreadh (gíre); cuibhreacha (cuíreacha). i (a): bith, gile, fireanna. (b): fios, giolla mioscaiseach; tuig, uirthi; fuinneamh, cuisleannach; oiread, oileán, oinniúin. (c): ar easnamh. (d): croidhthe (cruithe); righthe (rithe); laoidhthe (luithe). [Malartúchán: Féach fé a, agus fé é thuas, agus fé ia, ua thíos: i: y: fill (fíll: fyll); suim (suím: sym); grinn (gring: gryng); roimpi (ruímpi: rympí); muinntear (muín- tear: mytear); coillte (cuíllte: cyllte). i: y:- roimhe (ruí: ry); geimhreadh (gíre: gyre); teimheal (tíol: tyol).] ua (a): Ó's rud é gur Défhoghrach "ua" ní féidir leis éirighe de bharr Ghuta aonair. (b): buan, luathuigh, dualguisí. (c): suairc, luaimneach, gluaiseachta.
(d): dubhairt (duairt); buaidhirt (buairt); cruadhas (cruas); chuadhamair (chuamair); luadhail (luail); nuaidheacht (nuacht); suaimhneas (suaineas); uabhar (uar); uaigh- eanna (uanna). [Malartúchán: Féach fé o thuas. ua: ó:- nuaidheacht (nuacht: nócht); sluagh: slógh. ua: ú:- dubhairt (duairt: dúirt). ua: i: buaint (buaint: buint).] ia (a): ar easnamh. Féach fé ua thuas. (b): fial, iarracht, iasachta. (c): sriain, diaidh. (d): bliadhain (bliain); fiadhnaise (fianaise); fiaidhne (fiaine). [Malartúchán: é: ia:- sgéal (sgéal: sgial); néata (néata: niata). í: ia:- tighearna (tíorna: tiarna).] ou (a): gann, fonn, am; ampal, fallsa, mall, manntach; ann- sachta. (b): ceann, meall; feallbheart; seangbhruinneal. (c): ar easnamh. (d): gabha (gou); fobha (fou); rogha (rou); reamhar (rour); foghlach (fou-lach); modhmhaileacht (mou-leacht); naimhdeach (nou-deach); cneamhaire (cneou-re); samh- lachas (soulachas). [Malartúchán: Féach fé u thuas: ou: o:- modhmhaileacht (mou-leacht: mo-leacht); lonnradh (lou-ra: ló-ra).]
y (a): Fill (fyll), tinn (tyng). (b): greim, spreill; goill, roinnt, soillseach. (c): ar easnamh. (d): fadhb (fyb); madhm (mym); adhastar (aystar); gaibhil (gyl); deimhin (deyn); meidhreach (mey-reach); feidhil (feyl); deaghas (deys); deimheas (deys). [Malartúchán: Féach fé e, i thuas.] CLEACHTADH. Deilbh do cheapadh dosna líntibh seo: 1. Im aonar seal ag siubhal bhíos. 2. Dá bhfaghainnse cead aighnis no radharc ar an gcoróin. 3. Ó Chaiseal na ríogh go Laoi na sguab. 4. Tá daolbhrat ar Phoébus go féar. 5. A ainnir is áille lámh ar bhratachaibh sróill. 6. Is freastalach cóisreach a seólbhrugh leathan. 7. Oighreacht t'athar go ngabhairse a thaidhgín bhuidhe. 8. Lá meidhreach dá ndeaghassa liom féin. 9. Is fada me ag gluaiseacht ar thuairisg mo ghrádh. 10. Maidin gheal drúchta 's gan smúit ar a brógaibh. 11. Is dian a sgreadann an seanduine Seóirse. 12. A annsacht ná sanntuigh-se baothlach Ná stampa ná réidhfeadh do bhrón. 13. I n-aois bheith suas i n-uachtar céime ár mbláith. 14. Fá thuairim Éireann déanam ólachán. 15. Fá shróin an stáit ba ghnáth a gcogadh i ndíormaibh. 16. Guidhim réimheas mar badh dhual dó, don chruadh-churadh ór shíol- ruigh An chéibhfhionn bhéasach cheannasach rug céim barra ar óghaibh.
AN GAIRID NEAMHCHRUINN. Na Gutaí Gairide seo u, i — agus uaireanta leis o, e — agus na Défhoghracha so is gaolmhar dóibh, io, iu, oi, ui agus ei, is minic nuair a bhíd siadsan aiceanta go ngabhaid siad le chéile san bhFilíocht. Fé mar is follus ón Léiriú thuas ní rómhór an soláthar focal atá fé aon cheann desna Gutaíbh Gairide. Ar an adhbhar san, na cinn go bhfuil fuamanna aca cosmhail lena chéile is minic a cuirtar ag freagairt dá chéile iad. Ní oirfeadh aon cheann aca mar chomhartha dhon Deilbh. Isé Comhartha a bhíonn againn dóibh ná u. An Gairid Neamhchruinn a tugtar air sin. Samhlaíd: Ní taise d'aon ghliogaire file do mhaoidhfeadh Cumas na buidhne críona do mheath Aicme le doille ná feiceann aon spíce Ó uireasbha scíthe ag cuimhdeacht a mban. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh sin:- Ar an adhbhar san. A Fhormail Tugtar fé ndeara na Focail go bhfuil an Gairid Neamh- chruinn ionnta annsan: gliogaire: io ann. file: i ann. cumas: u ann. doille: oi ann. feiceann: ei (=i) ann. Agus mar sin dóibh. Is ceart u do chur san Deilbh dhóibh.
CLEACHTADH. Deilbh do cheapadh dhóibh seo: 1. An tan chonnacsa an spéirbhean, sléachtaim dise gan stad Is do dhruideassa féin do chéim 'na coinnibh abhfad; Fiosruighim cé an taobh den chruinne ónar ghabh; "No an den chine ghlic dhaonna i n-aonchor sibhse a bhean?" — Seán Clárach. 2. Bhí gile na heala gan teimheal le lasair Ag siosma 's ag caismirt 'na gruadhnaibh 'S ní dlighthear do cheachtar díobh urraim ná gradam Ná ionad 'na haighthibh chun suaimhnis. — Eóghan Ruadh. 3. Corruigh go léir i n-éifeacht duan Is seinnidhse dréacht do réir na suadh, — Seán Ó Tuama. 4. Is osgardha ag cosgairt a namhad Le fuinneamh gach crobhaire Chine Scuit Sgriosfar as Inis gach gall 'S is sinn a bheidh teann 'na bhfionnabhruigh. — An Mangaire Subhach. 5. A bhfuarais d'ulc ag troid fá iath do shean Do thuairisc shuthain tug mar Bhrianach beacht Ualach t'fhine i mbriseadh riaghla is reacht Fuascladh broide a n-oirir d'fhiachaibh air. — Pádraigín Haicéad. 6. Fiche bean bhinnis gan ionar gan cruinniú bruit, Gan oiread na luide ó mhullach go sioth-ghlúnaibh, Ar muirir, ar mire, is mise cé mionbhrúite Chugaibhse cuirim, a Risteard Uí Mhurchadha anoir. 7. Do-chím gur tubaisteach turas an óil seo ghnáith Do-chím na hiosgada uireasbach fórlag tláth Do-chím an duine le duille gan treóir sa tsráid 'San trímhú duine gan focal 'na bheól ar áird. — Séamus Inglis. BÁTHADH. Ós rud é gur do réir chanúna a théigheann áireamh na Siollabh i gCéim, ní fuláir bheith aireach i dtaobh Gutaí go n-imthigheann Báthadh ortha san chainnt, ar shon go mb'fhéidir go mbeidís insan Sgríbhinn.
Nuair a thagann dhá Shiollabh neamhaiceanta le hais a chéile, an chéad Shiollabh ag criochnú ar Ghuta agus an dara ceann ag tosnú le Guta, ní airightar san Chainnt acht fuaim Ghuta amháin. Deirtar go mbáittar ceann desna Gutaí sin. Is ar an nós san a tugtar Báthadh mar ainm. I n-ionad dhá Shiollabh a bheith san Chainnt ní bhíonn ann ach Siollabh amháin. Samhlaídí: (a) Ba chamarsach léise a céibhe dlútha. Na Siollabha Aiceanta annsan a thespeánann cionnus an Líne do roinnt 'na Chéimibh; mar seo: Ba | chamarsach | léise a | céibhe | dlútha. Agus a Dheilbh dá réir sin: Do réir na Sgríbhinne áfach, tá trí Siollabha san dara Céim: Acht, an Siollabh Neamhaiceanta -se críochnuíonn sé ar Ghuta, agus an Siollabh Neamhaiceanta -a 'na dhiaidh tosnuíonn sé le Guta (níl ann acht Guta); agus san Chainnt deintar aon- tsiollabh amháin díobh. Sleamhnuíotar thar an a; nó, mar adeirtar é, báittar an a. (b) Ag feacadh is ag fás go sáil léi ar baillichrith. Seo mar is ceart é sin do léigheamh: A' feaca 's a' fás go sáil léi'r baillichrith. Agus a Dheilbh mar seo: Tá Báthadh fé dhó ann (a) feacadh is ag. > feaca 'sa. (b) sáil léi ar > sáil léi'r.
Imthigheann Báthadh leis ar Ghuta Neamhaiceanta a lean- ann Guta Aiceanta. Samhlaídí (ó Eóghan Ruadh): (a) Thug daoltheimheal caoidh ar a haighthe ciodh óg. Leightar: caoidh'r a. Agus a Dheilbh mar seo: (b) I gclódh an óir gan scamall gan cheó. Léightar: I gcló'n óir. A Dheilbh mar seo: Uaireanta, leis, báittar an Neamhaiceantach roim an Aiceantach, mar atá: Ní scarfadh gan phlé duine éigin díobh. Abarthar: duin' éigin. A Dheilbh: [Is minic a gheibhtar an Báthadh ó dheire Líne go dtí tosach na Líne 'na dhiaidh; mar seo: Dá gcabhair atá na Spáinnigh chalma Ar mágh 's ar machaire d'fhág fá tharcuisne Ar feódh cóip na Sacsan gan treóir. — Eóghan Ruadh. Léightar annsan: (a) na Spáinnigh chaluma'r mágh, agus c. agus (b) d'fhág fá tharcuisne 'r feódh, agus c.
Ní ceaduithe san Ghaedhilg Méan, nó Hiatus i lár buill Abairte, nó idir dhá Ghéig Abairte gur dual dóibh, do réir Chanúna, rith isteach ina chéile. Dá gcuimhnídís ár bhfilí nua air sin ní bheadh an Méanú chomh iomadúil aca agus a bhíonn.] CLEACHTADH. Deilbh do cheapadh dosna Líntibh seo, agus an Báthadh do chur i n-iúil: 1. Fad mhairfir ná tréig me a Mháire. 2. Níl fán ná mearughadh ar ghlanchrú an leinbh seo adubhart. 3. Tá an Ghráinseach, deirim, gan sonas gan séadaibh. 4. Freagairse mé an tú an ainnir ón nGréig. 5. Geallaim díbh nach fada arís gur buartha an gháir. 6. Mo chaoinruisg dá leaghadh ionnam mar chaor. 7. Tá gléire an tsneachta gach lá 'na píb. 8. Suadha is inscne is intleacht éigse is órd. 9. I Lios Cearrbhaill níor cheangailte ar láimh air. 10. A Dhé led deaghchroidhe an nglacfaidhe uaim chugaibh. 11. Is mairg thug searc do lathairt tuile an tsaoighil bhróin. 12. Ar mbíodhbha ag bualadh ár gcruach, 's ár spré 'na láimh. 13. Ag fagháil an lae ar an bhfuirinn uile. 14. Atá ag teacht i mbarcaibh sárdhín. 15. Ceó draoidheachta i gcoim oidhche do sheóil me. 16. Mar shídhchruit gach nóta óna béal. 17. 'S ní chlaoidhfinnse m'intinn 'na dheáighsin Chun luighe ar sheasamh gárda lem ré. ORNÁIDÍ. Na bunrialacha a bhaineann leis an bhFilíocht isiad a bhí dá léiriú againn go dtí so. Acht tá rudaí eile go mbainid na filí feidhm asta ina ngréasaibh, agus ní mór dúinn eólas do chur ortha anois. Saghas ornáideachta nó deisiúcháin iseadh iad. Níl aoncheann aca riachtanach, do réir dhlighe; acht tá cuid aca chomh coitianta san nach misde a rádh 'na dtaobh go bhfuilid de rigeur i ngnéithibh áirithe Filíochta. Isiad san (a) Uaim, agus (b) Comhfhuaim, agus (c) Guta Neamhaiceanta Méid- reachta, agus (d) Aicill, agus (e) Conachlann.
A. UAIM. Isé rud é Uaim ná dhá Aiceann, ar a laighead, as a chéile i líne do thosnú ar Aonchonsoin nó ar Ghutaíbh. Samhlaídí: (a) Mo chás mo chaoi mo cheasnadh. Trí hAicinn san líne sin, agus gach Siollabh Aiceanta aca do thosnú le ch. (b) Do leanas na bearta so sealad go séanmhar. Dhá Aiceann as a chéile seal- agus séan-. An litir s ar tosach an tSiollaibh ionnta araon. Nuair a gheibhtar Uaim is gnáth dhí bheith: (a) Ar Uaillbhreasaibh: Mo threighid mo thiubaist mo thurainn mo bhrón mo dhíth A Dhiagláin órdha onóraigh a Easboig. (b) Ar an dá Aiceann deiridh i líne: Níl caladhphort fán mBanba mbánbhuig. A pheacadh na mionn thug glam ar Ghaedhlaibh. (c) Ar Fhoclaibh dlúthcheangailte dá chéile i dtaobh Graiméir nó Céille: Rith na reann is geall re gábhadh. Ní léigfear leat céirse ná cúisín sróill. Dámadh beo árdfhlaith Áine is Droma Daoile. Do stracais do stroillis go hifreann daor leat. [Ar shon ná fuil an Uaim riachtanach dhon bhFilíocht anois, is mór an deisiú ar Líne í bheith uirthi. Taitneann sí leis an gcluais. Agus nuair a bítar ag tabhairt tuairisge ar Fhilíocht ina mbíon Uaim ní mór tagairt di.]
CLEACHTADH. Deilbh do cheapadh dosna líntibh seo, agus tuairisg ar aon Uaim dá bhfuil ortha: 1. Bruthgháir beannacht id bhathas anuas do ghnáth A chuid ghráidh, ghlacas an chrannchruit chuardach cháidh. Le sruthán seanma snasta go suadhach sámh An dubhán alla do bheanais a cluasaibh cháich. 2. Buaidhreadh báthadh beárnadh bascadh agus brón. 3. Do chuala indé ag maothlach muinnteardha. 4. Do b'fhearr an faraire fearamhail fíormhaith. 5. Ba mhinic 'na dhún me súgach saor leis. 6. Is tartmhar 's is tirm tá an fhuireann tug iomchur mór. 7. Ná cuireadh beart ar bith fearg na fraoch ort. 8. Seo scéala thug danaid is deórán. 9. Is gradam is grádh le páirt na naomh. 10. Ní beag an chreach an casca bríoghmhar buan. B. COMHFHUAIM. Nuair a bhíon os cionn trí Chéim i Líne Filíochta — agus uaireanta ar Líne Thrí gCéim féin — is gnáth dhá Chéim i lár buill na Líne, nó ina tosach, d'iomchur an Ghuta chéadna Méid- reachta agus é aiceanta. Comhfhuaim a tugtar air sin. Samhlaídí: (a) Is innis 'na dheóidh dá chóisir chliaraigh sin. Sidé a Dheilbh sin: Chúig Céim atá ann. An Guta ó aiceanta san Dara Chéim agus san Trímhú Chéim. Dá réir sin deirimíd go bhfuil Comhfhuaim ar "ó" ón Dara Chéim go dtí an Trímhú Chéim, .i. i lár buill na Líne.
(b) Ag ríoghraidh cé bhínnse do bhárr ar chéad. Sidé a Dheilbh sin: Cheithre Chéim san líne sin. Agus tugtar fé ndeara ann Comhfhuaim ar "í" ón Chéad Chéim go dtí an Dara Céim .i. i dtosach na Líne. (c) Ar bhfaicsin na heachtra gránna. Sidé a Dheilbh sin: Trí Chéim annsan. Agus Comhfhuaim ann ar "a" ón Chéad Chéim go dtí an Dara Céim, .i. i dtosach na líne. CLEACHTADH. Deilbh do cheapadh dona Líntibh seo, agus an Chomhfhuaim do chur i n-iúil: 1. Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill. 2. De dheasgaibh mná tháinig peacadh an tsinsir. 3. Do sgeinn as cúl nó as cúinne éigin. 4. Géillfead dod naomhthoil go sásta siodhach. 5. Tá Seóirse go breóite 's a mhuinntir. 6. Tá lasadh san spéir 's an ghréin gan sgamall. 7. Péinbhruid is léirscrios is sgeimhle, a Sheáin. 8. Searbh an dáil, a bháis, a chréice chrín. 9. Go déadhnach is Phoébus fá neóll. 10. Tháinig bruinneal na gcuach gcuanna ó thaobh na trágha. 11. Má mhionnas an bhachall ní tarcuisne dhí an fáth. 12. Ag guidhe leis an rígh cheart 's le Gráinne Mhaol. 13. Ní áirmhim ar ársacht na mórfhlaith. 14. Ar Shliabh gheal gCua rug buadh na féile. 15. Beir beannacht óm chroidhe go tír na hÉireann.
C. GUTA NEAMHAICEANTA MÉIDREACHTA. Is gnáth gan an Guta Neamhaiceanta d'áireamh san Deilbh. Uaireanta áfach, fightar Guta Fada, nó deise dá shórd, ar an Mhéidreacht i siollbhaibh neamhaiceanta. Má ritheann sé sin, tríd an gCeathrúin, nó tríd an Amhrán ar fad, ní mór é áireamh san Deilbh. Samhlaídí: (a) A Mhíchíl, a rímhaoir 's a thréinmhic Duach. A Dheilbh sin: Cheithre Chéim annsan. Comhfhuaim ann ón Chéad Chéim go dtí an Dara Céim. Trí siollabha i gceachtar dhen dá Chéim sin. Tá "í" aiceanta ar an gCéad Shiollabh ionnta, agus "í" neamhaiceanta ar an Dara Siollabh, maraon le siollabh eile neamhaiceanta. (b) Is ceasnaidhe bróin i bhFódla is mairg do-chí. A Dheilbh sin: Tá "í" neamhaiceanta do dheise ar an Chéad Chéim ann- san. (c) Oiléan Carrún laglúb líomhtha léir. A Dheilbh sin: Tá "é" neamhaiceanta san Chéad Chéim annsan, agus "ú" neamhaiceanta ar dhá chuid na Comhfhuama ann i lár buill na líne. Ní mór Gutaí na Neamhaiceantach san do nochtadh san Deilbh fé mar atá thuas. Filíocht an- ealadhnta iseadh é.
CLEACHTADH. Deilbh do cheapadh dona líntibh seo, agus aon deisiúchán neamhaiceanta dá bhfuil ionnta do chur i n-iúil: 1. Adeir léireólach léightheóra sgríbheann. 2. Is diombáidh choidhche i gcríochaibh fairsing Fódhla. 3. Ba lánéacht mór le cómhairaemh trian de im stair. 4. Seo an cúig ar ná cúbadh ó sparainníbh lann. 5. Dá bhfiadainn dán deársgnach do cheapadh trí rún. 6. Bíodh nár Ghaedheal Éadbhard glan eagnaidhe Lhwyd 7. A Mhic Mhuire na ngeal-lámh ghlac páis daor is pudhair. 8. Is buadhach bruighnach sluagh sidhe sin Chaisil is Mháighe. 9. Deóir dighe níor órduighis a tharraint le bliain. 10. Ag reic mo cheathrún 's ag smachtú mo thréada. 11. Ag creachadh 's ag crochadh 's ag coscairt na mbochtán riamh. 12. Athghoir do Mhac do ghaibh it fhionnachlí feóil. 13. A Dhé na ndeaghgníomh smachtuíos uaill gach fir. 14. Imtheóidh a bhfuil beó is a dtáinig riamh. 15. Do chonnac na Gaoidhil úd síodamhail séadach seal. D. AICILL. Nuair a bhíon malairt Deilbhe ón Líne go chéile .i. A + B agus go ndeineann A + B sin leath na Ceathrún nó an cheathrú chuid di, is gnáth ceangal Méidreachta idir an dá líne sin. Isé ceangal a bhíonn ann ná na Gutaí Méidreachta i ndeire Deilbh A do theacht arís i dtosach Deilbh B. Aicill a tugtar ar an gceangal san. Samhlaídí: (a) Stadaidh is sgéithfead sgéal na sgataí Ar mhaodhm ar mhailís Shátain Ar ghangaid ar ghéarghoin gaotha an ghaduí 'S ar chlaonchuir chathaí an chneáire; Do mealladh leis céad thar ceadtha i gcathaoir Do léigheadh go glan díocht neámhdha Is preabaidhse ón bpéist fá ghéagaibh geanmnaí Phéarla an Phaidrín Pháirtigh. — Tadhg Gaedhlach.
A Dheilbh sin: Ar ab adhbhar san A Fhormail = 4(A + B). Tugtar fé ndeara an dá Chéim dheiridh ar Dheilbh A ("é" aiceanta agus "a" aiceanta), agus cionnus mar deintar aithris ortha san órdú chéadna i dtosach Deilbh B. Dá réir sin deirtar go bhfuil Aicill Dhúbalta ón gcuid deiridh de Dheilbh A go dtí an chuid tosaigh de Dheilbh B. Is Aicill Dhúbalta é toisg aithris ar an dá Chéim do bheith ann. (b) Am aonar seal ag róduíocht Cia seólfaí im choinne lá Acht an spéirbhean mhaiseach mhóirmhín Sí Móirín Ní Chuileanáin Ba réidh ba rathmhar ró-ghroidhe Ba chóir cíortha cliste cáidh A craobhfholt cas mar ór buídhe 'Na thóirsí go troighthe ag fás. — Seán Ó Tuama. A Dheilbh sin: Agus a Fhormail = 4(A +B). Aicill Dhúbalta ann ón gcuid deiridh de Dheilbh A go dtí an chuid tosaigh de Dheilbh B. (c) Isé do leónuigh mo chumas An bonnaire fiadhphuic fáin Do léim thar teórainn de thuraic Ler milleadh le cian an mádh; Faolchoin fóirnirt le fuinneamh Chuir brise air ó thriall a ghnáis; D'éimigh sé comhrac gan misneach Is d'imthigh ó rian a námhad. — Seán Clárach.
A Dheilbh sin: Agus a Fhormail = 4(A + B). Tá Aicill Aonair ón Chéim dheiridh ar Dheilbh A go dtí an Céim tosaigh ar Dheilbh B. Tugtar fé ndeara u (an Gairid Neamhchruinn) ionnta araon. (d) Níor ghéilleas riamh do ráidhtibh File fáidh ná draoi Go bhfuair an Vulcán gránna Vénus bhreágh mar mhnaoi, Nó go bhfeaca péarla an bháinchnis Le toil a cáirde gaoil Gan rogha nó malairt áruis I bhfochair Sheáin Uí Dhíghe. — Piaras Mac Gearailt. A Dheilbh sin: Agus Formail na Ceathrún = 4(A + B). Tá á aiceanta ar an gCéim dheiridh ar Dheilbh A, agus arís ar an gCéim i lár buill Deilbh B. Dá réir sin deirtar go bhfuil Aicill Aonair ó cheann deiridh Dheilbh A go dtí lár buill Deilbh B. Tá an saghas san anachoitianta. CLEACHTADH. Deilbh na gCeathrún so do cheapadh, maraon le tuairisg ar an Aicill ionnta: 1. Mo shlán le dúthrach d'Éirinn 'S do Ghaedhil bhocht le gile ghrádha; 'S mo shlán le dúithche dearach Glan Déiseacha uile ghnáith;
Mo shlán le Dún na méithbhreac Na séimhfhear 's na mbruinneal mbán, Do thráchtfadh liomsa ar naomhthacht An Éinmhic sin d'fhuiling páis. — Tadhg Gaedhlach. 2. Beidh easpairt go fairsing le fonn I mBanba 's logha lá 'il Muire againn; Beidh Sailm na Marbh i dTeamhair Dá canadh 's gan beann ar Mhinistir. — An Mangaire Subhach. 3. Aitchim ar Mhuire 's ar Íosa Go dtaga sí arís chughainn slán, Go mbeidh ringcí fada ag gabháil timcheall Ceól bheidhlín is teinte cnámh, Go dtógfar an baile seo ár sinsir Cill Cháis breágh arís go hárd, 'S go bráth nó go dtiocfadh an díleann Ná feicfar í arís ar lár. — Seanamhrán. E. CONCHLANN. Isé rud é Conchlann ná an Focal deiridh ar Cheathrúin do chur ar thosach an Chéad Líne san Cheathrún 'na dhiaidh. Deineann an Conchlann ceagal idir Cheathrúin an Amhráin, i dtreo gurab usaide an tAmhrán do mheabhrú. Isé an ceangal san fé ndeara an ainm Véarsa Ceangail a gheibhtar ar Chonch- lann uaireanta. Samlaíd: Is ceasnaí bróin i bhFódla, is mairg do-chí Macaomh cóir Chloich Reódh fé leacaibh 'na luighe, Gaisgíoch óg d'fhuil mhórdha Theamhair na ríogh Do thanuíodh slóighte i ngleó 's ná cleachtadh a mhaoidh- eamh. Maoidheamh na mborbchon n-oirdhearc síoch séimh suairc Sínte socair fé chlochaibh is fíorchréim chruaidh: An míle Donnchadh coigilte i gCill Chré ar cuaird, 'Sa phriomhmac Cormac, follus 'na luighe i Wales uainn. Uainn-na d'imthigh an fuireann ba ríghthiúil réim, agus c. — Seán na Ráithíneach. (lch 38).
Samhlaídí eile: "Ós follus don chléir," Eóghan Ruaidh (ón dara Ceathrúin amach). "Ó tolladh na treóin," Piaras Mac Gearailt ar bhás Mhuiris de nGeárd. Bhí Seán na Ráithíneach anacheanúil ar Chonchlann. LEITHLEACHAS AGUS DEISIÚCHÁN. Nuair a bítar ag ceapadh Deilbhe tá roinnt rudaí nach mór bheith aireach 'na dtaobh agus iad d'aithint. Ní féidir dhon Deilbh bheith cruinn gan iad d'áireamh. Sidiad na cinn is tábhachtaí ortha: A. Feidhm do bhaint a seanfhuaim an Ghuta Aiceanta i n-ionad a ghnáthfhuaim canúna. Samhlaídí: (a) Cois abhan indé 's me ag taisteal i gcéin. A Dheilbh sin: Tugtar fé ndeara nach fuláir a-bhan do rádh i n-ionad oun fé mar a deirtar é coitianta, agus a san Deilbh dhó. (b) Tabhair cuid dod bhanaltrain is ceannsa mian. A Dheilbh sin: Ní fuláir ta-bhuir do rádh annsan, agus a do chur san Deilbh. (c) Dob iongantas muar i dTuadhmhain le chéile. A Dheilbh sin:
Ní fuláir iong-antas do rádh i n-ionad úntas, agus i do chur san Deilbh dhó. [Dála na gConsoiní insna cásaibh sin isé fuaim a bhíonn aca ná an fhuaim a bheadh aca i dtosach Fhocail: Leabhair > lea-bhuir. Uaireanta díshéimhíotar -gh-, -dh-: Saoghal > sao-ghul, saogul; neámhdha > neamha, nea-ga, &c.] B. I dtosach ré na Nuaghaedhilge, coimeádtar innti a lán de sheanchanúintí focal. Is féidir tuairim a dhéanamh díobh ón litriú: Samhlaídí: (a) Innis ar dtíos mar sceól dom thiagharna. A Dheilbh sin: Is ceart tia-ghur-na i n-ionad tiarna. (b) Faobhar a ngéirreann 's a ndiachair ghráin. A Dheilbh sin: Fao-bhar i n-ionad faor. C. I bhFoclaibh Aontsiollaibh nuair a thagann Guta Gairid roim aon cheann desna "Consoiní Troma" .i. m, nn, ll, rr, ng, is minic a leanaid siad an seannós i n-ionad dul le gnáthchanúint. Dá chomharthú san insan Deilbh cuirtar a dona Gutaíbh Leath- na, agus i dona Gutaíbh Caola. Samhlaídí: (a) Dáil dot aire gidh fada dhó ar cuaird nach till. A Dheilbh sin:
(b) Feardha fíochmhar fhíorthug fuaith don bhfeall. A Dheilbh sin: An Gairid Trom a tugtar ar an nGuta san. D. Nuair a bhíonn Srónú mar dheise ar ar an Mhéidreacht agus é fighte ar na Foclaibh Aiceanta, tríd an gCeathrúin, nó tríd an Aiste, ní mór é chómharthú san Deilbh. Is mar seo a deintar an Srónú do chur san Deilbh: an Comhartha so [^] do chur os cionn an Ghuta Mhéidreachta. Samhlaídí: (a) Beidh luisne ó Dhoire go Leamhain 'S an fhuireann so teann is teine leo; Rithfidh gach mursaire reamhar 'S ní coimirc dó long ná Luimneach. — An Mangaire Subhach. A Dheilbh sin: Tá Srónú ar ou i ngach áit ara dtagann sé insan Deilbh sin. (b) 'S ó chaithfeamna choidhche arís bheith uatha i ngeall Is mairg do bhí 'na slíghe 'na bhuanna teann Carthannacht Chríost go ndíona an cuaine seang Is beannacht bheag bhuidheach an dílleachta uaim 'na gceann. — Pádraigín Haicéad. A Dheilbh sin: Srónú ar an nGairid Trom i ndeire na Deilbhe sin.
E. Is gnáth an Guta Tacair d'áireamh na Neamhaiceantach i bhFilíocht na Gaedhilge. Samhlaídí: (a) Mór is Mairsile i macnas múchta. A Dheilbh: Tá Guta Tacair idir c agus n insan bhFocal macnas (mac
nas). (b) A chara mo chléibh 's a Shéamuis ghreannmhair ghrádh- aigh. A Dheilbh: Ghreannmhair = ghrean-u-mhuir. F. Uaireanta deinid Gutaí Aiceanta Uanuíocht ar a chéile i gCeathrúin. Is amhlaidh a thagann an Uanuíocht san Fada ar Fhada agus Gairid ar Ghairid. Is ar cheannaibh deiridh na Línte san Cheathrúin is gnáthach é. Samhlaidí, (a) Gairid ar Ghairid: Níor chúthail a cholg I súgradh na sealg; Ba lúthmhar a lorg I lúbaibh na learg. — Séafradh Ó Donnchadha. A Dheilbh sin: Tugtar fé ndeara an Uanuíocht a dheinid an dá Ghuta Ghairide o agus a i gceannaibh na Línte annsan.
(b) Fada ar Fhada: Mo choileán gur éag Níor spadánta a spórt; Mo leannán mo léan; Mo bheangán mo bhrón. — Séafradh Ó Donnchadha. A Dheilbh: Agus an dá Ghuta Fhada é agus ó ag déanamh uanuíochta ar a chéile i gceannaibh na Línte ann. Aithris ar Uaithne na seanfhilí iseadh an Uanuíocht san. G. Is minic i bhFilíocht na Mumhan go mbíonn dul ón ghnáthchanúint i bhFoclaibh 'na bhfuil atharú tagaithe ar an Aiceann ortha. Coimeádthar an tseanariail go minic .i. an tAiceann do dhul ar an Siollabh Thosaigh dhen Fhocal. Dá réir sin a gheibhtar againn chomh maith le aguinn; salach: s'lach; oileán: oileán; beannacht: beannacht; fanúint: fanúint, agus c. Samhlaídí: (a) Tá sgéal beag agam le haireamh díbh. Léightar agam annsan i n-ionad agum. (b) Ag taisteal na mara le fonn Tá Carolus chughainn 's a chuideachta. A Dheilbh: Is ceart cuideachta annsan i n-ionad cuideachta. (c) An dubhán alla do bheanais a cluasaibh cháich. A Dheilbh Abarthar dubhán annsan i n-ionad dubhán.
CLEACHTADH. Deilbh Méidreachta do cheapadh dhóibh seo, agus aon Leithleachas nó Ornáidí dá bhfuil ionnta do nochtadh:- 1. Do chuala indé ag maothlach muinnteardha Mar nuaidheacht scéil ó chéile Chuinn is Chuirc. Gur dhuairc le cléir an Ghaedhilg grinnshlighteach — Suairceas saor na séimhfhear sinnseardha. — Pádraigín Haicéad. 2. Atáid fóirne ag fás san chlár so Logha líomhtha Dar chóir bheith tláth gidh árd a rolla ag scaoileadh; Síol Eóghain gan áird 's an Tálfhuil bodhar-chlaoidhte, S na hóig ón mBántsrath scáinte i gcoigcríochaibh. — Céitinn. 3. Dá bhfaghainn san imirt an fhinnebhean Déirdre Ler cailleadh clann chumasach Uisneach na dtréan-each. — Donnchadh Ruadh. 4. Na mílte ceann bhí ann go déarach Ná fuigheadh dul 'nonn tar abhainn le réiteach. — Donnchadh Ruadh. 5. Frigate bheag Fhrangcach lom mhear ghléasta Do chuir sinn i bpongc fé scannradh ár ndaethin. — Donnchadh Ruadh. 6. A bhile gan chealg 's a sheabhaic den fhíorfhuil, D'eascair de phríomhscoith taoiseach is flaith, Ba friotalach freagarthach seasamhach suidhte I mbeartaibh i ngníomh i gcoimheascar 's i gcath. — Eóghan Ruadh. 7. Ba leabhair glan séimh le hamharc a héadan Maiseamhail gnégheal stuamdha; 'S a mala dheas chaol ar reamharrosc claon Do chealg le gaethe sluaighte. — Eóghan Ruadh. 8. Gach calmach craosach léidmheach lannmhar Feargach fraochda i dtreasaibh na dtréon Go dealbh, mo léan, gan féis mar chleachtadar, Séise téad ná beathuisce ar bórd. — Eóghan Ruadh. 9. Do ghéabhadh seacha scata it éaghmuis slighe Fé dhéin na marcradh magaidh méirthne mín, A phlé 's a phlaic 's a bheatha dhéanamh dhíobh, 'S gan céasadh ár sagairt chneasta i bhfaobhar ná i bhfíoch. — Seán na Ráithíneach. 10. Do bhreatha ní bhriseam, tá tuigsint is iomdha id gglór, Ó leanais go bhfuirm na dlighthe nár dhiúltuigh Pól; Is tu seamar is gile dar fionnadh san Mhumhain gan ghó; Dé bheathasa chugainn is fliucham do chúl le beóir. — Seán na Ráithíneach.
11. Is deacair a mheas go raibh i gcéill don druing Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aonmhac goill, Go bhfeacadar breath na bhfear ar Shéarlus Rígh Gur scaradar neart gan cheart le chéile a bhoill. — Séafradh Ó Donnchadha. 12. Is gairid gur aontuigh an Phoénix a innsint De labhartha géara 'na dhéidh sin do bhí againn, Go blasta go béasach go néata go naoidheanta Gur bh'ainm di Éire bhocht, céile na Stíobhart. — Tadhg Gaedhlach. 13. Ná raibh a mian ag luisde Ná ag liairne ar leabaidh cnaisde; Do b'fhearr liom dul fí choisde Ná chloisdin a cúl buidhe ag sgraisde. — Séafradh Ó Donnchadha. 14. Mo bharántas dian Ag carránaibh crua, Mar leannán ag triall Go ceartlár gach tuath. — Éadbhard de Nógla. GNÉITHE FILÍOCHTA. Áirmhíotar coitianta Cheithre Ghné ar Fhilíocht na Nua- ghaedhilge: 1, Rosg; 2, Laoidh Fiannuíochta; 3, Caoine; 4, Amhrán. Tá Fo-ghnéithe ar chuid aca san, acht tiocfam ortha súd do réir a chéile. Isiad na cheithre cinn seo prímhghnéithe na Filíochta. Bíodh is nár cruthuiodh fós san Ghaedhilg aon aiste fhada Filíochta go bhféadfaí Epic a thabairt uirthi, ní fhágann san ná go bhfuil aistí fada san teangain. Tá a lán díobh ann, acht ní shroiseann aoncheann aca céim an Epos. Is i stair na tíre seo agus, go sonnrádhach, i stair Litríocht na Gaedhilge is ceart a chúis sin do lorg is do mhíniú, agus ní hi dtráchtas ar Phrosóid. Isí an cheólmhaireacht an cháilíocht is treise ar Fhilíocht na Gaedhilge. Tá sí lyrical ó bhun go bárr. Fiú amháin an Fhilíocht a ceapadh innti, agus gan aon lorg ann ar cheól do dhul leis, ní bhíonn sé abhfad ón lyrical aonuair. Is dá dhruim sin a tugtar Amhrán, ní hamháin ar an lyric féin, acht ar aontsaghas aiste i bhFilíocht na Nuaghaedhilge.
ROSG. Filíocht 'na sreathanaibh de línte gearra (dhá ceann nó trí); Ailt i n-ionad ceathrún ann; gan aon uimhir áirithe línte dhon Alt; an Guta céadna Méidreachta fén Aiceann san Chéim dheiridh ar gach líne dhen Alt. Sin Rosg. Samhlaídí: (A) Mo ghrádh go daingean tu, Lá dá bhfeaca thu Ag ceann tighe an Mhargaidh; Thug mo chroidhe taitneamh duit; Thug mo shúil aire dhuit; D'éaluíos óm athair leat Abhfad ó bhaile leat. — Eibhlín Dubh Ní Chonaill. A Dheilbh sin: Tugtar fé ndeara annsan: (a) Dhá Chéim i ngach Líne. (b) An Guta Méidreachta a aiceanta san Chéim Dheiridh tríd síos. (c) Trí Siollabha san Chéim sin. (d) Malairt Gutaí Méidreachta coitianta san Chéim Thosaigh i ngach Líne; Céim Dhá Shiollabh cuid acasam; Céim Trí Siollabh an Chuid eile.
(e) Dá gcuirimís x don mhalairt ar na Gutaí Méidreachta is mar seo a ceapfaí Deilbh a riúnóadh an tAlt ar fad: Rosg Dhá Chéim é sin; Céim Trí Siollabh an ceann deiridh ann, agus é ag iomchur an Ghuta Mhéidreachta a. (B) Amen, a Rí na ndúl! Cé thugas leat mo chúl; Do ritheas uait ar siubhal; Do thréigeas, do sheanas do ghnúis; Is cé rinneas go minic súd, Ná cuir druim do láimhe liom; Mar is leat atáid ag tnúth M'anam mo chroidhe is mo shúil. — Tadhg Gaedhlach. Rosg Trí gCéim é sin; Céim Aontsiollaibh i ndeire gach Líne ag iomchur an Ghuta Mhéidreachta ú. Sidé a Dheilbh: [Bhíodh an Rosg ana choitianta ag Mná Caointeacháin fad ó. Saghas anasheannda iseadh é, mar gheibhtear a mhaca samhla san Litríocht is sine san Ghaedhilg.] CLEACHTADH. Tuairisg ar a Méidreacht so: 1. Amen a Íosa, Do cheannuigh go daor me Ar an gcrann Dia hAoine, Is do namhaid id thimcheall, Is do Bhanaltra taoibh leat Go cathach ad chaoine, Is mise ar mo dhícheall Ó tháinig brígh ionnam Ad chéasadh go millteach; Is mo chúig céad míle De chéadaibh sgeimhle, Mar isé sin mo dhíolsa. — Tadhg Gaedhlach.
2. A Bhanríoghan na bhflaitheasaibh, Is tú mo chrann bagartha Is mo chonsoiléir caithiseach; Do chuadhas fád thearmann; Isé m'intinnse is m'aigne, Na mílte blian dá mairinnse, Mo Bhanimpire mharthanach Ná déanfainnse t'aithearrach. — Tadhg Gaedhlach. 3. Do b'é mo dhóigh is mo mheas Go mbíodh easba sluagh 'gus fear Ar bhúraibh thall tar lear: Is féach gur baineadar as 'S gur fhágadar faon gan phreab 'Ghá gcur go doimhin i gclais Mo bhuidhean bhreágh laoch nár lag I n-am na bpiléar i gcath. — An tAth. Pádraig Ua Duinnín. 4. Uch, a dhaoine bochta an tsaoghail Bhíonn ag cruinniú an óir 's an éadaigh, Is eagal díbh i n-am an éaga Gur trom an t-ualach e agaibh; Is measa dhíbh mar táid na sgéalta: Libh ní chuirfear bun sa chré dhe; Beidh sé dá roinnt thar bhur ndéidhse; Is sibh, foríor, fén íoc is daor libh. — Piaras Mac Gearailt. 5. Mo chreach is mo léirghoin An creachadh so ar Ghaedhlaibh Ag bodaigh an Bhéarla, Dá gcreachadh 's dá gcéasadh, Is gan duine le chéile De thriathaibh Bhéara Chun seasamh 'na bplé anois, Ó cailleadh an laoch mear Suilbhestair gléigeal Gníomhach éachtach. — Duine éigin. LAOIDH FIANNUÍOCHTA. Leathsmuigh d'aithris ar sheanaistíbh Dána, gheibhmíd san Nuaghaedhilg saghas fé leith Ceathrún a shíolruigh ósna Rannaigheachtaibh san tSeanlitríocht. Agus de bhrígh go
mbíonn an Cheathrú san coitianta insna Laoithibh Fiannuíochta do ceapadh ó thosnuigh ré na Nuaghaedhilge, tugaimíd Ceathrú nó Laoidh Fiannuíochta mar ainm air. Toisg an aithris dá dhéanamh ann ar Sheanmhéidreacht, ní gnáth Aiceann rialta na Filíochta Nua air. Nuair a bítar á léigheamh is ceart dul coitianta na canúna do chur air. Sidiad na rialacha a ghabhann leis, an oiread agus is féidir iad do cheapadh dhó: (a) Cheithre Líne sa Cheathrúin. (b) A trí nó a ceathair d'Fhoclaibh Aiceanta i ngach Líne. (c) Aicill i gceachtar den dá Leathcheathrúin. (d) Ceann deiridh an dara Líne agus Ceann deiridh an cheathrú Líne d'iomchur an Ghuta chéadna Méidreachta. Samhlaídí: I. Cnoc an Áir an cnoc so thiar, 'S go lá an bhrátha biaidh dá ghairm; A Phádraig na mbachal mbán, Ní gan fáth tugadh an t-ainm. A thuairisg: (a) Is follus go bhfuil cheithre líne ann. (b) Focail aiceanta: l.1, cnoc, áir, cnoc, thiar; 2, lá, brátha, biaidh, ghairm; 3, Phádraig, mbachal, mbán; 4, fáth, tugadh, t-ainm. (c) Aicill: (a) thiar: biaidh, Aicill ó cheann deiridh an Chéad Líne go dtí lár buill an Dara Líne; (b) mbán: fáth, Aicill ó cheann deiridh an Trímhú Líne go dtí tosach an Cheathrú Líne. (d) Cinn an dá Leathcheathrún: gliadh: bhFiann, ia aiceanta ionnta araon.
II. A Oisín uasail, a mhic an ríogh, Do b'fheárr gníomh gaisge agus gliadh, Aithris dúinn anois gan mhairg Cionnus do mhairis d'éis na bhFiann. A thuairisg: (a) Tá cheithre líne ann. (b) Focail aiceanta: l.1, Oisín, uasail, mhic, ríogh; 2, b'fheárr, gníomh, gaisge, gliadh; 3, aithris, dúinn, anoìs, mhairg; 4, cionnus, mhairis, d'éis, bhFiann. (c) Aicill: (a) ríogh: gníomh, san Leathcheathrúin tosaigh. (b) mhair
g: mhairis, san Leathcheathrúin deiridh. (d) Cinn an dá Leathcheathrún: gliadh: bhFiann, ia aiceanta ionnta araon. [Nuair a bítear ag léigheamh Laoithe Fiannuíochta ní mór béim do leagadh ar an Aicill i gcomhnuí. Ní healadha Deilbh a cheapadh dona Líntibh ann.] CLEACHTADH. Tuairisg ar a Méidreacht so: 1. Lá dá raibh Fionn an fhlaith Ar an bhfaithche i nAlmhain úir, Do-chonnairc chuige ar an ród Eilit óg ar léim lúith. — Laoidh na Seilge. 2. Do fhiafraigh Fionn na bhfiann Den ghnúis ba sgiamhach snuadh: "Créad do bheir tú at aonar I n-imeall cnuic Sléibhe Fuaid?" — Seilg Sléibhe Fuaid. 3. Annsin triallais an t-Amadán Mór Tré chríocha Lochlann na gceól gcaoin, É féin is a aon mhacaomh mná; Ní facthas a gcomháille de dhís. — Laoidh an Amadáin Mhóir. 4. An uair do shuidhigheadh Fionn ár gcoin Do b'iomdha anoir agus aniar Guth gadhar ag dul fó'n gcnoc Ag dúiseacht torc agus fiadh. — Seilg Shléibhe na mBan
5. Dúisighthear linn ós bárr beann Fiadhach na ngleann is na dtor; Ar gach taobh dhínn san leirg Do b'iomdha eilit agus broc. — Seilg Sléibhe Truim. 6. Do léigeanmar, a raibh ann den Fhéinn, Ár gconairt go luath léimneach fá'n ngleann; Do sgaoil Fionn a dhá ghadhar dhéag 'S ba bhinne linn 'ná téada a nglam. — Seilg Gleanna an Smóil. CAOINE. Aiste molta ar dhuine a bheadh tar éis bháis, sin Caoine. Acht tugtar an ainm sin anois ar shaghas fé leith Filíochta gur minic ná bíonn aon bhaint aige le bás duine. Sidiad na rialacha a ghabhann leis: (a) A trí nó a ceathair de Chéimeanna san Líne. (b) An Guta céadna Méidreachta sa Chéim dheirineach i ngach Líne tríd síos. (c) Ar an gcuid eile dhen Líne is gnáth malairt Gutaí Méid- reachta ón Líne go chéile, nó ón gCúpla go chéile, nó ón gCeathrúin cheithre Líne go chéile, agus c. Acht níl san riachtanach. (d) Comhfhuaim i lár buill nó ar thosach na Líne. Ní fuláir Deilbh do cheapadh dhó do réir an mhalartúcháin ann. Samhlaídí: 1. Créacht do dháil me in árthach galair Taomach tláth gan tábhacht tapadh Gaothchlis áigh na n-ársadh nearthmhar Faon ar lár 's a n-áireamh gaisge. — Dáibhidh Ó Bruadair. A Dheilbh:
A thuairisg: (a) Cheithre Chéim san Líne. (b) An Guta Méidreachta a ar an gCéim dheirineach. (c) Gan aon mhalartú ar an gcuid eile dhen líne annso. Is ionann Deilbh do gach Líne san Cheathrúin. (d) Comhfhuaim i lár buill gach Líne ar á. II. Is uaigneach dhuit a phuirt na bpríomhfhlaith A thulach thaitneamhach armtha aoibhinn; Do-chonnarc uair nár bh'uathadh dhíbhse, Gé taoi anocht gan scot re saoithibh. — Céitinn. A Dheilbh: A thuairisg: (a) Cheithre Chéim san Líne. (b) An Guta Méidreachta í ar an gCéim dheirineach tríd síos. (c) Malairt Gutaí Méidreachta ar na céimeannaibh eile ón Líne go chéile. (d) Comhfhuaim i lár buill gach Líne. III. Scaoiltear seólta ar nóin do Phoébus; Do bhí Aeólus leó agus Tétis; Scinnid de phreab amach san dtréanmhuir, Go ndruidid abhfad i dteas na gréine. — Donnchadh Ruadh.
A Dheilbh: A thuairisg: (a) Cheithre Chéim san Line. (b) An Guta Méidreachta é san Chéim dheirineach tríd síos. (c) Malairt Gutaí Méidreachta ar na Céimeannaibh eile ón gCúpla go chéile. (d) Comhfhuaim i lár buill gach Líne; ar ó san chéad Chúpla, ar a san dara Cúpla. CLEACHTADH. Tuairisg ar a Méidreacht so: 1. Iomdha iorradh ag Tulaigh Tuathail Iomdha mórbhrat órdha uasal Is brat síoda fíorghlan uaine Do chaith sí go groidhe fá a guaillibh. — Piaras Feiritéir. 2. Is truagh liom féin do chéile ag brónghol I nguais leinbh 's a cumann ar dtórramh Ag milleadh a bas a dearc 's a drólann, Mar cholam aonair ar n-éag a nóchair. — Seán Clárach. 3. An chúis do theangmhaig mar thaitneamh linn láithreach, Cúis thruaighmhéileach chruaidhchéimeach chráidhte, Cúis fóríor go croidhe is go hárainn Eiléan de Barra a dhul marbh fé láinlic. — Seán na Ráithíneach. 4. A lannsa Thaidhg, má's deimhin go mairirse, Beir anall tá an samhradh ag gairm ort; Déin ar th'aghaidh is aghaidh do thapadh leat, Is ceartuigh an chiach so ar Dhiarmaid ghreannmhar. — An tAth. Conchubhar Ó Briain. 5. Cá ngabhann Rálph 's a ghárda malluighthe Príntísigh dhíoblaí na cathrach, Do stiall, gach aontaobh, séipéil bheannuighthe Ag díbirt chléire Dé 's dá n-argain. — Diarmaid Mac Seáin Bhuidhe.
6. Tá Áine go cásmhar is Aoibheal Ag géarghol ó traochadh an míle; D'fhógair Meadhbh go tinn le díoghrais Bás an Ghréagaigh éachtaigh fhíochmhair. — Piaras Mac Gearailt. 7. Gluaisid na sluaighte go dtagaid An bhantracht shéimh ar thaobh na faille, Annsan is sámh grásach a ghabhaid A gcúrsaí go húiríseal cneasta. — Tadhg Gaedhlach. 8. Tá glór is gártha i gclár Luirc Éibhir, Caoi na mbruinneal sioscaithe séimhe, Iachach doilbh is golairt ban aosta I ndiaidh an fhlatha do teascadh go déadhnach. — Eóghan Ruadh. 9. Comhluath i gcomhruathar caointe Na cliara na triatha na taoisigh, An tréan 's an lag, an leamh 's an críonna, An lorán an donán an dílleacht. — Pádraigín Haicéad. 10. Má bheir Dia da thiagharnas damhsa Bheith slán ón láimh seo do leónadh, Dó-ghéan beart is maith fá dheóidh dham, Léigfead do bhaosraidh na hóige. — Pádraigín Haicéad. AMHRÁN. Aiste Filíochta i gcóir cheóil, sin Amhrán. Acht fé mar atá ráidhte cheana againn, tugtar an ainm sin ar aontsaghas ceapa- dóireachta i bhFilíocht na Nuaghaedhilge — rud nach ceart. Is 'mdhó gné ar an Amhrán a deintar gan aon lorg ar cheól do dhul leis. Mar sin féin, isé an Ceól is bun le Fuirm na Ceathrún. Isé an Ceól a shocruíonn an 'mdhó Cuid a bheidh san Cheathrúin, mar ní fuláir don chainnt freagairt don Cheól. An té a dheineann stuidéar ar Cheól na hÉireann isé rud is túisce a thabhrfa sé fé ndeara ná go mbíonn dá Chuid ar an bhFonn; agus gur gnáth mar bheadh dhá roinnt eile ar gach
Cuid díobh san. Uaireanta bíd an dá Chuid ar comfhaid; uaireanta eile ní bhíd. Ar an gcuma chéadna bíonn comhfhaid, nó a mhalairt, ar gach Fo-roinnt. Mar sin is gnáth cheithre roinnt, nó cheithre chuid ar an bhFonn cheóil. San bhFilíocht dá gcuirtí líne do gach Cuid dena Cheithre Codaibh sin cheóil, ní bheadh againn acht cheithre líne i ngach Ceathrúin. Agus bíonn san amhlaidh san Lyric féin nuair a bhíd cheithre chuid an Fhuinn gairid. Is féidir cómméid aon- choda an cheóil den Cheathrúin do chur i sgríbhinn nó i gcló i n-aon líne amháin. Acht nuair a bhíd coda an cheóil fada ní thoillfeadh cómméid aonchoda aca san Líne sgríbhinne nó cló, agus ní mór dhá líne nó breis di. I gcúrsaí Prosóide, dá réir sin, isé is usa dhúinn na línte a ghlacadh fé mar a gheibhmíd san sgríbhinn iad. Ní mar a chéile a bhíd aistí ceóil. Agus de bhrígh nach fuláir don bhFilíocht is don Mhéidreacht an ceól do leanúint, fágann san anachuid Saghsanna Amhráin ann. San Phrosóid roinntear an Cheathrú do réir uimhir na Línte a bhíonn innti san sgríbhinn. CÚPLUÍOCHT. Sar a dtosnóam ar na Ceathrúnaibh do mhíniú ní misde cur síos ar an Amhrán Chúpluíochta. Isé rud é sin ná Amhrán 'na mbíonn gach aon Chúpla Líne, .i. gach aon dá líne i ndiaidh a chéile, ar aon Deilbh. Is gnáth malairt Deilbhe ón gcúpla go chéile ann, bíodh go bhféadfadh aon Deilbh aca rith tre dhá chúpla nó a trí, nó b'fhéidir os a gcionn san. Uaireanta sgríbhtar Amhrán Cúpluíochta ina Cheathrúnaibh Cheithre Líne, agus dhá Chúpla dhon Cheathrúin. Uaireanta sgríbhtar é ina Altaibh Cúplaí. Is fuirist é aithint ón mhalairt san Mhéidreacht, go háirithe sa Chéim dheiridh den Deilbh. Ni haistíocht i gcóir cheóil é seo, toisg an mhalartúcháin san Deilbh ann.
Samhlaíd: Ba ghnáth me ag siubhal le ciumhais na habhann Ar bháinseach úr 's an drúcht go trom I n-aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe Gan mhairg gan mhoill ar shoillse an lae. — Brian Merriman. Deilbh an Chéad Chúpla: Deilbh an Dara Cúpla: Amhrán Cúpluíochta iseadh Cúirt an Mheánoidhche sin do réir a Mhéidreachta. Tugtar fé ndeara an Chomhfhuaim i lár buill gach Deilbhe ann. CEATHRÚ CHEITHRE LÍNE. Aiste a gheibhtar sgríbhte i gceathrúnaibh Cheithre Line. Mórán saghas ar an gCeathrúin seo, mar atá: A. Amhrán Féin: Cheithre Líne ar Aondeilbh ann; Chúig Céim san Líne, agus Comhfuaim i lár buill innti. Samhlaídí: (a) A ua so Luirc is Bhloid is Bhriain is Chais Ó ár dTruaghnait ghuirt ó d'fhulaing Dia do theacht Buadh do thurais uile id thriallaibh leat Go gluaiseacht duit i gcumus siar tar th'ais. — Pádraigín Haicéad. Sidé a Dheilbh: (b) Dídean eón d'fhóbair dul uaithi um Cháisc Do chaoinreic ceóil ghlóraigh is dualgas dáibh Gur chuimhrigh meór dhóide mhic Duach an táin I líntibh óir fhórloiscthe d'uanaibh ceárd. — Pádraigín Haicéad.
A Dheilbh sin: Tugtar fé ndeara an Chomhfhuaim annsan ar ó idir Chéim Aontshiollaibh agus Céim Trí Siollabh. Ní áirm- híotar do chóimhlíonadh na Comhfhuama ann acht an Guta Méidreachta amháin .i. Gutaí an dá Shiollabh Aiceanta do fhreagairt dá chéile. (c) Óm sceól ar Árdmhuigh Fáil ní chodlaim oidhche 'S do bhreóidh go bráth me dála a pobuil dílis Gidh rófhada atáid 'na bhfál le broscar bíodhbhadh Fá dheóidh gur fhás a lán den chogal tríotha. — Céitinn. A Dheilbh sin: (d) Le ciontaibh na healta agar dalladh a gcluastuigse Le friotal a leasa tan tairgthe a dtuaslaigthe, Fá mhionnaibh an leabhair dá leamhainn ní huamhan dam An tuireamh so ar m'aire gur searbh an duanaireacht. — Dáibhidh Ó Bruadair. A Dheilbh: Samhlaíd san Chéim Dheiridh annsan ar Shiollabh Neamhaiceanta san ghnáthchanúint do bheith Aiceanta san bhFilíocht. B. Líne Cheithirchéimeannach: Cheithre Líne ar Aondeilbh; Cheithre Chéim san Líne; Comhfhuaim ar thosach nó i lár buill na Líne. Samhlaídí: (a) Cois taoibh abhann sínte 's me tráth indé Ag smaoineamh ar chlaoinbheartaibh gnáis an tsaoghail Chuir síol flatha is saoithe d'fhuil ársaidh Gaedheal Thar taoide fá dhaoirse gan sgáth ná réim. — Eóghan Ruadh.
A Dheilbh sin: Cheithre Chéim don Líne annsan, agus an Chomhfhuaim ar í ar thosach na Líne. (b) A chaithbhile dar thairgeassa díoghrais mhór Is caradas nár chealgach ó chroidhe gan ghó Gér neamhthusach le sealad libh mo ghnaoi 's mo ghlór Is mairg liom let athardha do dhruim ar bórd. — Dáibhidh Ó Bruadair. A Dheilbh sin: An Chomhfuaim ar a i gCéimeannaibh Cheithre Siollabh ar thosach na Líne. (c) Sin críochnamh ar sgríbhinn an Athar Domhnall De dhíoghluim ghluin díodhachta agus teagasc eólach Is den Ghaoidhilg ba mhilse dar theangmhaig damhsa Ar fhíorbheatha Chríost is lucht leanta a bhóthair. — Seán na Ráithíneach. A Dheilbh sin: An Chomfhuaim ar í ar thosach na Líne ann. (d) Díbhse a Ghaedhil bhochta léighfead eachtra Gidh claoidhte tréith me cois taobh na fairrge I gcríochaibh Déiseach ag déanamh machtnuithe Ar phuimp 's ar chlaonchortha an tsaoguil mhalluithe. — Tadhg Gaedhlach. A Dheilbh sin: Tugtar fe ndeara an Chomhfhuaim ar é i lár buill na Deilbhe sin ó Chéim Trí Siollabh go dtí Céim Dhá Shiol- labh.
C. Malartachas, idir Dheilbh, agus Uimhir na gCéimeann san Líne; agus Comhfhuaim nó a huireasbha. Nuair a bhíonn malairt Deilbhe idir na Líntibh ní mór Formail do shocrú ortha. Samhlaídí: (a) Créad damhsa nach luadhfainn an lannmharcach uasal An crann caithis cnuasach gan chasadh ar a láimh, Gan fannbheart gan truailleacht, acht ceannsacht le cual- lacht, An plannda do suathadh tré chaise d'fhuil Táil. — Aodh Buidhe Mac Cruitín. A Dheilbh sin: Malairt Deilbhe annsan ón Líne go chéile. Cheithre Chéim san Líne. Aicill Dhúbalta i ngach Leathcheathrúin. (b) A mhúirnín dil smaoin Ar Chúntaois Thráigh Lí Mar shiubhail sí na cúigí Le lúircín fá thrí. — Aindrais Mac Cruitín. A Dheilbh sin: A Fhormail Dhá Chéim i ngach Líne. Aicill ó dheire an Trímhú Líne go dtí tosach an cheathrú Líne.
(c) A Chlanna na nGaedheal 's a ghaolta ár gcuirp Tá scaipithe i gcéin ó Éire anois So beannacht ár gcroidhe thar fairrge dhíbh Is teachtaireacht aoibhinn áthais. — "Crádh Croidhe Éigeas." A Dheilbh sin: A Fhormail mar seo: Comhfhuaim ar é san Leathceathrúin tosaigh ann. Aicill Dhúbalta san Leathcheathrúin deiridh. CEATHRÚ CHÚIG LÍNE. Ceathrú Cheithre Líne Malartachais í seo, acht go bhfaghtar í sgríbhinn agus i gcló ina Cúig Líne í. Samhlaídí: (a) Is dealbh dubhach mo sgéimhchruth Ag taisteal triúch im aonar Gur theangmhaig chúgham I bhfearann Mhumhan I gcaiseal fhionnghlas éachtach. — Tadhg Gaedhlach. A Dheilbh:
(b) Is duine me dhíolas leann lá 'S chuireas mo bhuidhean chun ranngáis Mur' mbeadh amháin duine Am chuideachta dhíolfadh Is mise bheadh thios leis i n-am tráth. — Seán Ó Tuama. A Dheilbh: A Fhormail Comhfhuaim ar uireasbha. Aicill Dhúbalta ón gCeathrú Líne go dtí tosach an Chúigiú Líne. CEATHRÚ SÉ LÍNE. Samhlaíd: Ar maidin indé roim ghréin go moch Do dhearcas an bhéith ba néamhdha cruth; Bhí sneachta agus caor Ag caismirt 'na scéimh, 'S a seangachorp séimh mar ghéis ar shruth — 'S a chuisle mo chroidhe cadé an ghruaim sin ort. — Seanamhrán. A Dheilbh: A Fhormail
CLEACHTADH. Tuairisg ar Mhéidreacht na gCeathrún so: 1. Nar chailleadsa amharc mo shúl 'S nár lagaidh mo lúth le foirbhtheacht, Go bhfaice mé an ghraithin seo i bpungc 'S an seanaphoc dúr gan giolla aige. — An Mangaire Subhach. 2. Do stadas dem magadh s dem bréithre suilt, Is aitchim an ealabhean ghlé mo choir Do mhaitheamh 's an bhreall Ná feacasa i n-am Trem thaitneamh don ainnir ná géillfeadh dham. — "Dhá Chích Dhannan." 3. Maoidhfead féin an chúis Ó sgaoilis réimeas liúm 'S gur dhlighis me am bmaor ar dhraoithibh céad Im chríochaibh féin sa Mhumhain. — "Gaedheal na nGaedheal." 4. A mhuineál ag muic Dá ghabháil 'na clab, A gheadán ní guirt Ag fiodán ar fasc. — Séafradh Ó Donnchadha. 5. Adeirimse 's ní cheilim ort, a Dhia na ngrás Go bhfuil peirbhig go herrball ar Dhiarmaid Bhán, A leite aige go deireanach 's a liag 'na láimh 'S a mheille-phus ag meigiollaigh a d'iarraidh dáin. — Seán Buidhe Ó Máinle. 6. Is saoth liom easba na seabhac ón Laoi fhuairghil Nár réidhigh le gallaibh acht tarraing thar tuinn uatha, S an t-aon beag mhaireas den ealtain chirt fhinn fhuadraigh Le tréimhse i Hamburg, mo dheacair, gan slighe cuarda. — Tadhg Ó Duinnín. 7. Do seóladh me ar bainis 'nar amharcas béith, Ar m'eólas i mBanbain fhairsing go léir A sómpla ná feacasa ar mhaise ná ar mhéinn Ar chaomhthacht ar chumthacht ná ar áilleacht. — Seán na Ráithíneach. 8. Cantar i bhfód Fódla, 's níor mealladh na fir, Ná stadfaid a slóigh mhóra so ar thalamh ná ar mhuir Go dtagaidh i gc'róin róchirt na Sacsan istigh A ceathair 's a dó leótha agus Laidean ar luich. — Duine gan Ainm.
9. Mo shlán chroidhe le Cáitín tais ghléigeal bhán, An stáid ghrinn tar mnáibh chinn i sgéimh 's i gcáil; Ó táthuíodh ár bpáirt linn dá gné gan ghnás, Is nár dí mar d'fhág sí me im aonarán — Micheál Firéast. 10. Ní fasgadh ná díon duit ná teannsgáth An aicme seo an ringce 's an ranngáis Má leanair a ndíomus Do b'aithreach dhíbhse Tu tharraint chun aimhlis i n-anntráith. — Conchubhar Ó Súilleabháin. 11. Ach d'athruigh ár spórt chun bróin gan stad Le "Gazette" ón bPóist do sheóil 'nár measg Ag aithris sgeólta I bhfearannaibh Fódla Gur breabadh le hór ár mBónapeart — Agus ó a bhean an tighe cadé an bhuairt sin ort. — Duine gan Ainm. 12. Preabann anuas go fuadrach fíochmhar Seanduine suarach is fuadach nimhe fé, A bhaill ar luascadh is luas anáile air, Draghan is duas ar fuaid a chnámha Bo dhreóil an radharc go deimhin don chúirt é, Ar bórd 'na thaidhbhse im eisteacht dubhairt se: Dochar is díoghbháil is síorchrádh cléibh ort A thoice le místáid, a shíol gádha 's déarca, Is dóigh nach iongantas luige na gréine Is fós gach tiubaist dar imthigh ar Éire. — Brian Merriman. 13. Do chealg mo chom go trom le haicidíbh Aistear na gcodhnach lonn do leasuigheadh sinn, 'S nach faicim ar bonn san bhfonn i dtaithighidís Gan easbhaidh gan fhoghail acht moghaidh is maistíní. — Dáibhidh Ó Bruadair. 14. Mo dhá shúil leat a Dhúilimh, do dheighil an mhuir Gnáth cionntach bunscionn leat mo chladhaire cuirp Tál srúille do chrúsa go bhfoidhne i gcrois Lá Lughnasa an chúntais go raghamna libh. — Dáibhidh Ó Bruadair. 15. Cé thaistealas gléir-aolbhailte an tsleachta san Mhogha. Ó cairrgibh glé Bhéarra go Caiseal na bhfonn Níor dhearcas i n-aonchéim díobh do b'fhearra le toghadh Aithghin i bhféil' Éamuinn de Barra mo ghabha. — Eóghan an Mhéirín. 16. Tá Caesar óg san Róimh 'na bheathaidh Aon den phór úd phósais cheana Ag gléas a shlóighte Ag téacht thar bóchna Isé sin Nóchar Phóiní an Leasa. — An tAth. Liam Inglis.
CEATHRÚ OCHT LÍNE. Tagann urmhór a sholáthair seo ó Cheathrú Cheithre Líne do sgríbhe 'na Cheathrú Ocht Líne. Ar an dtaobh amuigh dhen Cheithirlíneach isé an tOchtlíneach so an Cheathrú is coitianta i bprosóid na Gaedhilge. Dhá shaghas phrínsiobálta atá air .i. An Rócán agus An tOchtfhoclach, agus ábhar éigin de mhionshaghsana ar leithligh. A. An Rócán: Ocht Líne ann; Trí Chéim don Líne; gach re Líne ag freagairt dá cheile do réir Deilbhe; Aicill i ngach dhá Líne. Samhlaídí: (a) Isé do leónuigh mo chumus, An bonnaire fiadhphuic fáin, Do léim thar teórainn de thuraic Ler milleadh le cian an mádh; Faolchoin fóirnirt le fuinneamh Chuir brise air ó thriall a ghnáis; D'éimigh sé comhrac gan mhisneach, Is d'imthigh ó rian a námhad. — Seán Clárach. A Dheilbh: Agus a Fhormail A Thuairisg: Ocht Líne san Cheathrúin sin. Trí Chéim i ngach Líne aca. Na Corrlínte (1, 3, 5, 7) agus na Réidhlínte (2, 4, 6, 8) ag freagairt dá chéile do réir Dheilbhe. Aicill Aonair on gCéim Dheiridh ar Dheilbh A go dtí an Céim Tosaigh ar Dheilbh B. [Dá ndeintí aon Líne amháin de A + B, ba Cheathrú Cheithre Líne a bheadh againn annsan. Agus ní hAicill a bheadh ann acht Comhfhuaim i lár buill na Líne. Ní fuláir Aicill don Rócán cheart.]
(b) Go déadhnach is Phoébus fá neóll Im shuidhe dham ar mhóirshleasaibh Máighe, Gan aon den treibh dhaonna so im chomhair Is mo smaointe dhá seóladh chun fáin, Taobh leis an tréanabhainn mhóir, Do b'aoibhinn a glór is a gáir, Cé'r bh'aérach mo réimse 's mo cheól, Tig sgeimhle dhen bhrón dubh im dháil. — Seán Ó Tuama. A Dheilbh: A Fhormail = 4 (A + B). Aicill Aonair ann ón gCéim Dheiridh ar Dheilbh A go dtí an Céim i lár buill Deilbh B. Comhfhuaim ar an dá Chéim thosaigh insna Corrlíntibh. (c) Ceó druíochta i gcuim oidhche do cheóil me Tré thíorthaibh mar óinmhid ar strae, Gan príomhcharaid díoghraise im chomhgar, 'S me i gcríochaibh thar m'eólas i gcéin; Do shíneas go fíorthuirseach deórach I gcoill chluthair chnómhair liom féin, Ag guíochtain chun Ríogh ghil na glóire 'S gan nídh ar bith acht trócaire im béal. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh: A Fhormail = 4(A + B). Agus Aicill Dhúbalta ón dá Chéim Dheiridh ar Dheilbh A go dtí an dá Chéim Thosaigh ar Dheilbh B. Comh- fhuaim i dtosach na gCorrlínte.
B. Ochtfhoclach: Ocht Líne; Cheithre Céimeanna ar na Corrlíntibh; a trí nó a ceathair ar na Réidhlíntibh. Aicill ón gCorr go dtí an Réidh. Samhlaídí: (a) Fáilte agus céad duit, a mháighistir na naoi dtreabh, A fhir ghrádhmhair dhil aéraigh gan mhórtas; Is fáilteach an éigse 's is fáilteach an chléir cheart It shláinte do théarnamh ód bhreóiteacht. D'fháiltigh an spéir ghlan is d'fháiltigh na héanlaith Ar bhárr bhog na ngéag nglas go ceólmhar; Fáilte dá n-éis siúd ó lánsgairt mo chléibh dhuit, Le háthas seoch éinne san Chóige. — Seán Ó Tuama. A Dheilbh: A Fhormail: = 4 (A + B). Aicill Dhúbalta ó dheire Deilbh A go dtí tosach Deilbh B. Braithimís Deilbh A thuas agus chífam go bhfuil sé 'na dhá leath agus gurab ionann Deilbh do cheachtar dhen dá leath san .i. Tugaimís A1 air sin. Ar an adhbhar san Féachaimís Deilbh B thuas anois. Tá Deilbh A1 ar a thosach agus i n-éinfheacht leis sin an méid seo: Tugaimís B1 air sin. Ar an adhbhar san Ar an adhbhar san
Chun an méid sin do dhéanamh nísa shoilléire fós is féidir an dá Líne thosaigh dhen Cheathrúin thuas do sgríbhe mar seo: Fáilte agus céad duit A mháighistir na naoi dtreabh A fhir ghrádhmhair dhil aéraigh Gan mhórtas. A Dheilbh sin: Dá réir sin isé For ail is ceart don Cheathrúin go léir .i. Aon Cheathrú san Ghaedhilg go mbíon Cheithre Chuid ar Chomhdheilbh .i. 4(A + B) innti, agus gur féidir aon chuid acasan do mhionroinnt ina Thrí Chuid ar aondheilbh agus Cuid Amháin ar mhalairt deilbhe — .i. (3A1 + B1) — tugtar Ochtfhoc- lach ar a Méidreacht san. [Is Ochtfhoclach é nuair a théigheann Trí Duilleóga agus Stoc, ar nós na Seamróige, ar an gceathrú chuid den Cheathrúin — is cuma cadé táille na Línte sa scríbhinn. Nuair a sgríbhtar ina Ochtlíneach é ní fuláir idir Dheilbh A agus Dheilbh B do bhriseadh 'na dhá gcuid.] (b) Mo mhíle beannacht arís 'nfhaid mhairfead Do bhaois na beatha 's dá muinntir — Slighe gan mhairg is aoibhneas aigenta Líonadh d'atal mo chroidhese; Ní bhíonn sí acht tamall ag rígh dá rathmhaire Puinn dá maitheas ní mhaoidhimse; Sé a críoch a casadh mar scaoileann sneachtadh Cé shíleas leanúint di choidhche. — Séamus de Barra.
A Dheilbh: A Fhormail = 4(A + B). Nó A Fhormail sin C. Gnéithe Leithleachais. Tá Saghsanna eile ar an gCeathrúin Ocht Liné nach miste a n-áireamh. Samhlaíd: I. An Neamhaicleach: Tráth is tréimhse thaistealas Im thimcheallaibh saoghail, Ó Ráth Luirc tré gach acharann Go Laoi-shruth an éisg, Go dtárla i ngaorthadh ghleanna ghluis Ná bhfeádhbhadh réidh nár chrapaithe Ba bhreághtha sgéimh dá bhfeacasa De choilltibh na gcraobh. — Conchubhar Ó Ríordáin. A Dheilhh sin: [Tugtar fé ndeara uireasbha na hAicle annsan. Nuair a bhíonn Céim eile sa bhreis ar gach Líne is gnáth Aicill ann.]
II. Trí Cheathrú Ochtfhoclaigh: Araoir is me am aonar cois taoibh Fhleasga an ghaorthaidh Fé díon duille ghéag glas im luighe Lem thaoibh gur shuidh spéirbhean ba thríbhinne séis guib 'Ná caoinchruit guth éanlaith is píob Dá coímhdeacht bhí caochghiolla chéas me 's do mhill Le saíghdaibh dá léirchur trímthaobh dheas go cruinn Do chlaoidh me gan faeseamh le díoghrais don réiltean Do b'aoibhinne sgéimh agus gnaoi. — Dáith Ó hIarlatha. A Dheilbh sin: A Fhormail [Tá dul an Ochtfhoclaigh ar an leathcheathrúin tosaigh annsan, agus ar an leath deiridh dhen leathcheathrúin deiridh. Níl insan cheathrúin san go léir acht dhá Ghuta Mhéid- reachta .i. é agus í, agus féach a cheólmhaireacht agus atá sí. Bhí ciúta na máighistreachta ag an bhfigheadóir.] III. Leath Ochtfhoclaigh: Ar maidin indé cois cé na slímbarc Ag machtnamh go faon 's ag déanamh smaointe, Do dhearcas an bhé ba gheanmnach gné Ag taisteal im ghaor thar taoide, Go leanbach léigheanta líomhtha Lannamhar léidmheach líonmhar, 'S ba bhlasta a guth béil 'ná cantain na n-éan 'S 'ná spreagadh na méar ar chaoinchruit. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh:
A Fhormail [Tá dul an Ochtfhoclaigh ar an leath deiridh de cheacht- ar dhen dá leathcheathrúin annsan.] IV. An Luinneógach. Gné choitianta é seo, acht bíonn anachuid malartúcháin ann, go háirithe san Luinneóig. Bíonn cheithre Líne de Cheathrúin ann, agus cheithre Líne de Luin- neóig nó de Chur-fé: Slán is céad ón dtaobh so uaim Cois Máighe na gcaor na gcraobh na gcruach Na stáid na séad na saor na sluagh Ná ndán na ndréacht na dtréan gan ghruaim. Uch, uchón, is breóite mise Gan chuid gan chóir gan chóip gan chiste Gan sult gan seód gan spórt gan spionnadh Ó seóladh me chun uaignis. — An Mangaire Subhach. A Dheilbh sin: A Fhormail V. Luinneóg Ochtfhoclaigh .i. dul an Ochtfhoclaigh ar an Luinneóig ann. Tá gearán le teacht síos ag fear grinn den éigs: Mo choileán breágh maithghniomhach do bheathuíos go méith De chineál na Darbaoi gan mearaidhe 'na mhéinn, I sruthán gur daingníodh mo mhaistín ar maéidh. Ní thaitneann mar ghnó liom a chailleamhaint damhsa D'éis a bheathuithe 's a thógtha mar mhadra i gcéim. 'S gur ghreamuigh an cóbach bhí malluithe is dóigh liom Do threasgair gan chóir insan chaise sin é. — Seán na Ráithíneach.
A Dheilbh: A Fhormail [Tá a lán eile malartúcháin ar an Ochtlíneach, acht ní gádh tagra fé leith dhó.] CLEACHTADH. Tuairisg ar Mhéidreacht na gCeathrún so: 1. Éistidh lem staruíocht gan faillí go fóili, Tá aistí beag nódh agam len' áireamh, Ar chéimibh na n-ealadhan do lean díom go hóg Ar mearaí gur seóladh me óm cháirdibh; Le sgléip is le neart grinn do beathuíodh me fós, Go haérach ag fastuím ar hallaíbh na n-óg; Ní léigim chun deaghchríche earraí ná ór, Mar braduíonn an t-ól mo sholáthar. — Micheál Firéast. 2. Sguiridh d'bhur bplé 's d'bhur ndéanamh ceasnaí A Éigse gheal ghrinn ghrádhmhar; Sin chugaibh an Réx de shaorshlioch cheap Ghaoidhil I réimheas cheart-chríoch Clár Luirc; Den chuimriosg bhaoth so an Bhéarla bainfíor Tréna n-aindlighe sásamh, 'S ní cuma leó cé aca is éasga glacfaíor Le cléir an Phaidrín Pháirtigh. — Seán Ó Tuama. 3. Beidh lanna agus laochra créachtach cathach Is céadtha i gcaismirt chruaidh, Ag treagsairt a chéile ag éileamh ghradaim, Is tréad na Sacsan tuaidh. Is gairid an ré go dtréigfid dual, Go mbeidh Carolus réx 'na réiltean suadh, Albanaigh saor is Gaedhil go buan Is búir ag sileadh dheór. — Conchubhar Ó Ríordáin.
4. Fáilte roim ghrádh geal na tíre Go háitreabh a shinsear gan bhéim, Rábaire is áille 's is aoirde 'S is ábalta gníomhartha agus méinn; Tá an báire go bráth lenár muinntir, Tá an mádh maith arís ar ár dtaobh; Beidh árdfhlatha is cáirde 'nár dtimcheall Ag ól sláinte 's ag ringce 's ag sgléip. — Seán na Ráithíneach. 5. Is liachtain leasuithe ar chiach do charadsa An rian nar chaithis le buadh chlú an lá, Ar ghliathaibh garbha d'fhiannaibh dearbhtha Is iad led lasairse ag luathú a lámh; A sgiath na ranna so d'iaith na nGearaltach D'fhiad go feardha 's fuair clú an láir, Iarlacht machaire imbliana ó cheannachais Dia gan mhasla dhod bhuanú slán. — Dáibhidh Ó Bruadair. 6. An Té do stiúrann teas is fuacht Réalta rúin is reanna luais Go saora fionnfhir Fhearainn Tuamhan Is crannaibh cruais Chláir Fódhla; 'S i n-éiric siubhal na searbh-chuan Do thréig an chúinse theastuigh uainn, Laoch ná long thoir theas ná thuaidh Ná raibh ag cuallacht Sheóirse. — Tomás Ó Míodhcháin. 7. Tá lile gan sgamall d'fhuil Ghearailt na sáirfhear Is soineanta teastas ag fáidhibh eóil, 'S ní fheicim a samhail ag taisteal na sráide I n-innealtacht pearsan i gcáil 's i gcló; Grádh na rún í an múirnín mascalach, Bláth na n-ubhal í i dtúis an tsamharaidh, Lúibín lachanta eala an chuirp bháin í An fhinnebhean fhadachruibh áluinn óg. — Domhnall Mac Cárrtha (na buile). 8. Dia na bhfeart dod chumhdach gan bhrúiteacht gan bhrón gan mhille Cian id cheap le clú nirt i ndúthchas an tsinsir mhóir, I dtiarnas treabh go trúpach le tonnbhrise treón gan time 'S ag riaradh ar rannaibh ciumhaischluthra cúmhra cois Laoi na seól. Gliaire gárdach, griangha grádhmhar iadhain áluinn iongantach Gan rian i ráidhte riaghla is bráthair Iarla Blárnann gile sibh; Maise mearchuradh Mhúsgraighe an Cúroí gan cheó ar a chine Is Charraig na bhFear na bhfionnlaoch ná cumhduigheadh an stór. — Seán Clárach.
9. An tan d'éist sise séimhfhriotal bréithre mo laoidhe Is fras aerach do sgínn 's is tapaidh le sgóp, I n-éadromacht aongheilte d'éirigh le gaoith Fá néallsgamall druíochta as m'amharc 'na ceó; 'Na dhéidh sin do claochladh mo thréine 's mo bhrígh; Do thréigeas le daoldhuibhe sgéimhchrut mo ghnaoi, Gur sgéaluigheadh aréir dam don réim sin gur sgíord Cois caoltsruth na Mínteach sealad chun Seóin. — Eóghan Ruadh. 10. Araoir im aisling 's me ag machtnamh im intinn Ar an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg, Lem thaoibh do dhearcas le taitneamh an ríoghan 'Sí an Craoibhín aoibhinn áluinn óg; Is binn do labhair is d'aithris le díoghrais Ná luighfeadh feasta le beannaphoc coímhitheach 'S go sínfeadh seasgair i bhfarraidh a fírfhir Sé an fíorlaoch aoibhinn áluinn óg. — Muiris Ó Gríobhtha. CEATHRÚ NAOI LÍNE. Saghsanna fé leith iseadh a sholáthar so. Samhlaídí: A. Síle Ní Ghadhra. Ar maidin indé dham is déarach do bhíossa Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe, Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimcheall An eala ba shéimhe ba chlaéine ba chaoine; Do phreabas do ritheas do dhruideas 'na comhair; Do mheasas do thuigeas nár mhisde dhom shórt A blaise go milis i n-imeall a beóil, Le taitneamh le gile le finne na hóige, Le maise le gloine le binneacht a glórtha. — Tadhg Gaedhlach. A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail
B. Pé i nÉirinn í mo ghrádh í. Cé fada mé le haer an tsaoighil Gan bhail gan tréad gan réim gan mhaoin, Níor dhearcas aon do léirghoin sínn Go téacht im shlíghe dhon bháinchnis; 'Sí an chéibhfhionn chaoin tais ghrádhmhar Le gaethe a mhill mo shláinte; Bé gan phuimp Gan taom gan teimheal; Pé i nÉirinn i mo ghrádh í. — An Mangaire Subhach. A Dheilbh: A Fhormail CEATHRÚ DEICH LÍNE. Samhlaídí: A. Duain na Tríonóide: Éisteadh gach eólach san Eóraip go héachtach Mo sgeólta go sgéithfead don tsaoghal gan spás; Aonmhac uilechómhachtach na trócaire gur thréigeas, Ár nglóir uile ár ngéarshearc do shaor sinn sa pháis; Ár gcrobhaire bronntach bile milis, Cabhair an domhain againn a ghile, Fonn na bhfann ár gcoinneall oinigh, Réilthean na ngrás, Ughdar na féile agus péarla na díodhachta, Ár gcaomhchumann Íosa do sgaoilfidh ár gcás. — Tadhg Gaedhlach.
A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail B. Is tréith me seal. Is tréith me seal 's is fann; Mo ghné do mheath do lom; Do éaluigh cnead Is saeghead is dart, Im aedhibh im sgairt 's im chom. Do thréig me, is feas, mo ghreann; Tá an chléir i n-earraid leam; Is baoth mo bheart; Is faon mo neart; Do chlaon do sgaip mo mheabhair. — An Mangaire Subhach. A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail
CEATHRÚ AON LÍNE DHÉAG. Samhlaídí: A. Ag taisdeal na Blárnann lá 's me ag machtnamh Ar ár na bhfearachon bhfáilteach bhfairsing Den phór threón ba chalma i ngleó, 'S mar neaduigh an t-ál so tháine ó Shasana I stát 's i bhfearantas Fháilbhe is Aimhirgin Eóghain Mhóir is Chairbre an tslóigh, Na flatha ba ghnáthach tárthach treasamhail Dá gcartadh 's dá gcrádh 's dá gcárnadh ag fanatics An táin seo d'aibidh fé ghráin na heasgaine Grásgar cealgach Mhártain mhalluighthe, An chrónchóip thug masla dhon Órd. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh: A Fhormail B. Mo ghrádh mo chroidhe agus croidhe gach Gaedhil iad Grádh mo chroidhe is mo stór Na sáirfhir ghroidhe ler b'aoibhinn Éire Clár geal Mhíleadh mhóir Go hárd 'na suidhe i measg tíortha tréana Fé lánbhrat saoirse choidhch' maraon leó Márs i ngníomh 's i gcaoine Vénus Go sámh 'na suidhe fé ch'róin Is bláth a síol dá deól I lár na ríoghacht 'na suidhe mar réilthean An áit is cuibhe dhá sórd. — Dhá Chích Dhanann. A Dheilbh:
CEATHRÚ DHÁ LÍNE DHÉAG. Dhá ghné phrínsiobálta atá ar an gCeathrúin Dá Líne Dhéag .i. an tOchtfhoclach agus an Luinneógach. Bíonn a lán malar- túcháin ar an dtaobh Luinneógach dhe. Samhlaídí: A. Ochtfhoclach: Tá fánuidhe gan faesiomh Ar árdchríochaibh Éireann, Is fagháil síos ar éigsibh go minic; Táid mná sidhe go déarach Gach lá fuidheach ag géarghol, Ag áthbhaois ag éigheamh is ar mire; Táid páistí agus béithe Fá lánsgíos le chéile, Do sáruigheadh a réim is a bhfuinneamh Le tásg cíordhubh créachtach Thomáis Tighe na gCaorach, D'fhág íseal Gaedhil bhocht gan urraim. — Seán na Ráithíneach. A Dheilbh: A Fhormail = 4(2A + B). [Tugtar fé ndeara ámh, gur féidir Deilbh B do roinnt mar seo:
Fágann san Formail 3A1 + B1 do gach trí Líne, nó 4(3A1 + B1) .i. Formail an Ochtfhoclaigh, dhon Cheath- rúin ar fad. Do b'fhollus san acht an Cheathrú do sgríbhe mar seo: Tá fánuidhe gan faesiomh Ar árdchríochaibh Éireann Is fagháil síos ar éigsibh Go minic Agus mar sin dó.] B. Luinneógach: Céad slán chun gach ríghfhir Bheadh páirteach dhom shlíghse, I dtigh tábhairne do shuidhfeadh Le hintinn ag ól, Do thráighfeadh na fíonta Gan ghrásgar gan bhruíonta, 'S i mbáireach dá dhruim sin Ná goillfeadh air brón. Mar ní mise an "boc seódh" Do chruinneas an t-ór Dá bhailiú go fíor bhocht Is daoine eile 'á ól. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh:
CLEACHTADH. Tuairisg ar Mhéidreacht na gCeathrún so: 1. Cuirfeadsa im dhán síos cáilíocht clúmhail Ar dhuine bheir fáiltí i dtábhairní dhúinne; Cara mo chléibh An sgafaire tréan Is acmhuingeach méin is múine, Is draganta laochda lúthmhar; Taca nach tréith i gcúmhgrach; Fear saoithiúil sámh is áille pearsa Is bláth dá bhfeaca 'á chrú ghluin. — Seán ua Ráithíneach. 2. A éigse Mhuicinis sgéidheadh bhur gcuisle dhil Séis i bhfriotal guib, cuiridh do mheabhair; Féach na Tumalthaigh céasta loisgithe, Is Québec stiucuithe ag fuirinn na bhFrangc; Léirsgrios léin ar laochraidh Lucifer, Tréithlag turainneach tiubaist 'na cheann; Caithidh le fonn Canna dhen leann; Taosgaidh an cuipe dhe 's fillidh ar ghreann. — Éadbhard de Nógla. 3. Seo an leógan gan fiaradh 's an ghrianlasair lóchrainn Do riarfaidh ar Fhódla na bhfearachon n-áigh, Do thógfaidh an t-iarsma so imbliana Shliocht Eógain Ba sgiathach i ngleóchathaibh calma námhad; Le tóir thar tuile tuille ag tíocht, Do dhóighfidh roimhe luisne is caoir, Do thógfaidh linne i muthair chraobh 'S an saoghal maiseach bláith Lena dtraochfar thar triúchaibh 'na dtrúpaibh go tréith lag Búir bhuirbbéarla chuir ár n-eaglais tláth. — Seán Clárach. 4. Tá grádh agam don spéirbhruinnill mhaordha in mo chroidhe Is deir táinte na dtréanolc gur méirdreach do mhaoidhim; Gach sáirfhile faobhrach i nÉirinn do sgríobhas A cáile 's a tréithe i ngach véarsa go fíor; Tá breághthacht is béasa aici is féile gan phuimp, Isí Máire mo réilthean do shaothruigh an chraobh; 'S is pras a preab ar chleas an ghai 'S i laochas na gcloidheamh, 'S ag cárnadh na méirleach ler traochadh na Gaoidhil. — Éadbhard de Nógla.
5. Cois abhann go támhach ar bhánchnoc aoibhinn Iseadh dhearcassa lá ar feadh spáis trém smaointe, Is mé go dubhach Ag déanamh cumhadh Tar éis an phrionnsa dhíoghrais Bhí i réim 's i gcúirt na saoithe, Gur dhearcas cúilfhionn taoibh liom, Bruinneal gan ghruaim Ba ghile 'ná cuach 'S ba dheirge a gruadh 'ná an lítis. — Diarmaid Ó Longaigh. 6. Táid dáimh is éigse ag pléireacht ghrinn Ar shleasaibh gach réidhchnuic aéraigh aoird, Ar barra na ngéag guth éan go binn, Tig luingeas gan stuirm thar sáile; Bíd aifrinn bheannuithe ag eaglais mhúinte Beathuisge fairsing dá sgaipe agus lionnta, Béithe measardha ag taisdeal thar triúchaibh Le haonghean rúin dá ghnúis ghil áluinn; Seanaphuirt ghreanta dhá séide ar phíb Da spreagadh maraon le téadchruit chaoin I bhfuirm buadh sonuis is ádha leis. — Eóghan Mac Cárthaigh. 7. Níl grádh san mbith Mar ghrádh gan fhios Is grádh mar sin atá agam Don bhábbruinnill Is breághtha briocht Ó Cheárd na cruinne tháinig Do sladadh mo chroidhe Ar fad as mo chlí Le taitneamh dhon mhnaoi chráidh me 'S dá nglacfadh an ní Do bhraduigh fáríor Bheadh m'aigne arís sásta. — Seán Ó Briain. 8. Ar maidin indé cois gaorthaibh cuain Ag machtnamh ar thréithe an tsaogail bhuain Do dhearcas ag téacht im ghaor ar luas An fhinnebhean uasal áluinn; Ba bhlasta a guth béil 'ná téadchruit shuairc 'S ná cantain na n-éan ar chraobhchaibh cnuas Badh samhail a sgéimh a gné 's a snuadh Le Hélen ghluais Ón nGréig ar cuaird D'fhúig treasgartha traochta an Trae gan truagh De dheasgaibh a luadh le Paris. — Seán Ó Muláin.
9. A fhir fhíneálta thréithigh, Dá mbínn lán de bhaochus Um laoi bháis an fhéinnigh do sheinnim, Do mhill ár na laoch me, Dhin rí-rá dhem chéadfaidh, De bhaois b'áil liom léigean den chluiche, Gur mhaoidhis tráth id dhréachtaibh I dtír námhad gur éagaimh An príomhráib de phréimhshliocht na righte; Mo dhíghbháil, mo ghéarghoin, 'Na luighe ar lár mo Shaesar Gan líon lámh dá ghaoltaibh in fhoigse. — Seán na Ráithíneach. 10. Cois leasa dham go huaigneach ar uair na maidne am aonar Le hais na Sionna ar bruach chnuic ba nuaghluise sgáil Do dhearcas ainnir uaibhreach ba shuanmhar ba shéanmhar Ba réilteanach aerach 's í ag téarnamh im dháil; A dlaoifholt daitte feactha fíor Go cíortha casta creathach síos, Go sníomhtha snasta ag teacht ar bís 'Na slaodaibh go feór; A réidhearca réidhghlasa ar a héadan gan chas gan chríon Ag géarchaitheamh saeghdaibh i gcléithibh na dtreón. — Seón Lloyd. CEATHRÚ CHÚIG LÍNE DHÉAG. Samhlaídí: Ag taisdeal dam tríd na críocha ar cuaird Ó Chaiseal na ríogh go Laoi na sguab, 'S i mBarrachaibh aoibhne taoibh le cuan Is fearra do fuaireas sgéala: Go rabhadar míle taoiseach sluagh D'aradfhuil Ghaoidhil na luingseach luath 'S a leabharbhairc líonta dhíobh ar luadhail, 'S a mbratacha ar luasgadh i n-éinfheacht, Fá mheirgibh maoidhte Laoisigh mhóir Ar leirg na gaoithe is taoide leó, Le feirg ag tíocht 's le fíoch na leóghan, Do dhíochur Seón As críochaibh Eóghain, Go dtigidh arís an rí don choróin 'S a bhfearann ceart d'uaislibh Éibhir. — Seán Clárach.
A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail CEATHRÚ SÉ LÍNE DHÉAG. Ochtfhoclach dá chur síos 'na cheathrú Sé Líne Dhéag isé sin an saghas is tábhachtaighe ar an gCeathrúin seo. Samhlaíd: Mo chás mo chaoi mo cheasna An fáth thug claoidhte i n-easbaidh Fáidhe draoithe sagairt Dáimh agus cléir Gan dán dá ríomh le haiteas Gan ráidhte grinn dá n-aithris Gan sámhchruit bhinn dá spreagadh I mbánbhrogaibh réidhe, Gach ráib d'fhuil Mhíleadh ceannais Láidir laochda tapa Ba ghnáthach ringceach reathach Lánoilte ar faobhar Gan stát gan mhaoin gan fearann, Ár is míle measa 'Ná Seán Ó Duibhir an Ghleanna Bheith fághta gan game. — Eóghan Ruadh. Deilbh A = á í a Deilbh B = á é. Agus a Fhormail = 4(3A + B).
Isé sin Formail coitianta dhon Ochtfhoclach an fhaid is ná bíonn malairt ar na Gutaí Méidreachta ón gcuid go chéile dhe. Baineann anachuid leithleachais le soláthar na Ceathrún so. Cuirimís i gcás: Lá is me tríd an tír ag taisdeal Go dítheach dealbh dubhach bocht, Cráidhte ar díbirt ag dlighe na Sacsan Fá chuing ag clannaibh Liútair, Gan árdfhlaith grinn d'fhuil Gaoidhil ar marthain Chun dín do thabhairt dúinne Ó Nás na ríogh go Laoi na leacan Nó síos ar fad go Rúta, Brónach briste breóidhte i gcrith 'S go mór i mbroid dom múchadh, Gur seóladh sinn i dtreóir thar Sionainn Mhóir i n-ionad fiúntach, 'Nar fóireadh me go mór óm luige I gcóir i gcion 's i gcúram I dtigh Thomáis dhil ghrádhmhair oinigh, In' árus chluthar chúmhra. — Seán Clárach. A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail
Ceann eile: Mo léir mo dhíth me tréith im luighe Gan faesiomh puinn le fagháil dam, Le daorshearc grinn gan bhréag don mhnaoi Do thraoch mo chroidhe le grádh dhi; A spéirbhean mhín ná déin so línn Acht saor arís ón mbás me, Is réidhigh an tsaighead do shéidis cruinn Led ghaethibh nimhe trém lársa. Is caol a braoithe breághtha 'S a béal is mílse ráidhte 'Na bhfuil caor is lí ag plé 'na gnaoi 'Sí péarla an aoilchnis áluinn; 'Sí gaol na dtaoiseach láidir, Nár staon dá naímhde i mbeárnain, Fuair réim is dlighe gach taobh dhen tsaoighal, Sní tréason puinn dam trácht ort. — Tadhg Gaedhlach. A Dheilbh: A Fhormail CEATHRÚNA ÓS CIONN A SÉ DÉAG. Is beag atá le fagháil de Cheathrúnaibh ós cionn sé Líne dhéag. Do b'annamh fuinn nó puirt cheóil do bheith rófhada. Ba ghnáthaí gairid iad; agus ag dul i ngirreacht a bhídís do nós le linn ré na Filíochta so. Is annamh do-gheibhtar leithéid "Jackson's Family Piece" nó "Aon is dó na Píobaireachta" ar cheól an t-ochtú aois déag. Isé Filíocht so na Gaedhilge an finné is cruinne ar an gceól a bhí coitianta an uair úd.
Tabhrfaimíd samhlaídí anois ar cheathrúnaibh 'na mbíonn ós cionn sé Líne dhéag ionnta san sgríbhinn. (a.) A seacht déag: Is dubhach faoi sgamall bróin Tré smúit bhím d'easba spóirt; Fada mise ag fulang phéinbhruid Le dartaibh nimhe Chuipid chaeich ghlic, D'fhúig tréinfhir gan treóir Le géirshearc dhon óigh, Bean do chéadchuir cluiche I gceart ar bhéithibh cruinne I méin is i gclódh; A réilthean gach cóig Nár aontuigh thar cóir, Ní cúis mhaoidhte ag déithibh An t-ubhal díbh go ngéillid Do réir cheangail chóir, 'S an té ghlac é ar dtóis Tug le ceart an séad san Do Vénus fád chómhair. — Liam Ruadh Mac Coitir. A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail
(b.) A hocht déag: Tá caoinbhean tsuairc i bhfíoghair gan ghruaim Go síoch suilt buan im chomhgar, Go binn tais buadhach gan chinnteacht chruais Gan phuimp gan mhuardhacht mhórtais; Is cíortha a gruaig 'na dlaoithibh dual, Go craobhach cuachach cóirneach Ag tíocht anuas i bhfighe neamhchruaidh, 'S i bhfiordhath uaibhreach órdha; A braoithe beacht mar ghearradh pinn, A cíocha cailce cearta cruinn, A mínchrobh geal 'S a haolchorp seang Is gnaoighlan geanmhar geanmnaí; Dá mbeínn im fhear mar phearsa Naois Ba ghaoiseach galach gaisge is gníomh Do rachainn im réim Le cara mo chléibh Go fearantas aerach Bhreógain. — Tomás Ó Míodhcháin. A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail
(c.) A fiche: Im leabaidh aréir trím néall do dhearcassa Ainnir ba mhaordha taitneamhach clódh 'Na seasamh lem thaobh, 's í craorac geanamhail Béasach béaltais banamhail óg. Ba chasta cas craobhach dréimreach fada tiugh Bachalach léise ó bhaitheas go bróig A carnfholt néamhrach péarlach camarsach Slaodach faon 's é daitte mar ór. Bhí luisne tré lonnradh an lile 'na gnúis ghil Shoineanta shúgaigh chlúmhail mhúirnigh Mhodhmhail mhiochair mhaiseamhail; A claondearc réidhghlas féigh ler trascradh Na céadtha laoch i bpéin 's i n-anabhroid; A braoithe mar ribe 'S a séis ba shéimhe 'ná fionnachruit ceóil; A haolchrobh néata ghléasas beannaphuic Éisc is éin coin allta agus leóghain, Cruinnbhairc dín is cuimheascar machaire, Tuitim Cloinne Uisnigh Is éacht na Féinne ar leathanbhrat sróill. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh: Ar an adhbhar san A Fhormail
CLEACHTADH. Tuairisg ar a Méidreacht so: 1. Trém thaobh tig an tuirse A réir dam d'éis luighte I nDéisibh do chonnac An ríoghbruinneal óg, Do thréanchaith im choinnibh Gae neartmhar nimhe Do chréacht me le hiomad Díoghrais dá clódh; A féachaint 's a feicsint D'éaluigh a ngruide Ar thaobh chnuic mar thuitfeadh Druíochtsgamall ceóidh; D'éighmheas ar buile I ndéidh an té d'imthigh Go céasta 's me ag sile Sírcheatha deór. — Eóghan an Mhéirín. 2. Mise fa chúis chaoi dlúth faoi ghéibhinn Do chuireas gan pungc dlighe i gciúintsnaidhm saershearc; An choinneall ar nóin do chiorrbhuigh mo threóir Ó chonnac do chlódh is do cháile Ler milleadh gach treón dá dtáinig Id choinnibh cé cródha an gárda; Tá an oireadsan sórd ód chloidhmhte san ghleó Nach tuigimse fós a n-áireamh; Na hairm seo mhaoidhimse san chaismirt nach tim Ler trasgradh laochra 'on árdfhuil, Ós dearbh gur díobh a barrfhionnfholt bíseach Camarsach claointiugh cáibleach 'Na sreathaibh ag tíocht ó bhaitheas a cinn Ag feacadh léi síos go sálaibh, Do tharcuisnigh fíor fá sgamall an flíos Thar caise 'na luing thug Jáson. — Liam Ruadh Mac Coitir. 3. Gach crú ríogh i bhflaitheas Eóghain Seo cúis ghrinn feasta dhóibh: Mars le mire ar imeall Thétis, I mbarcaibh iomad righthe taobh leis D'fhuil Éibhir na slógh Nár éimigh an spreóin, Neptune dé na cruinne Dair is réidhe ar gach uisge I ngéarchumas dóibh; Is néamhrach an sgóp Ag Phoébus gach ló,
Go músglaíd na réilte 'S gach úirísleacht éirghid, Ag gréasach na leóghan Chun éirligh gan speóis Ar chumplacht an bhéarla Thug Éire fá bhrón. — Séamus de Barra. 4. An fear so mhaoidhim im véarsa Is gasta a sgaoileann géibhinn Na banna a bhíonn I nglasaibh righne Is lear ar tí a ndaortha; Gura fada fíor a shaogal Chun aicme an fhill do chaochadh I mbeartaibh dlighe 'S i gcathaibh cloidhimh S i sparainní dá ghéire; Flaith de ríoghfhuil Chlanna Míleadh, Dalta díleas d'Éirinn, 'S a theacht den líne Leabhair, mhín sin D'aicme Ór is Éibhir; Aitchim Rí na gréine 'S nár bheana díth ná léan dó Go ngabhaidh críocha Cearta a shinsir Ón gcaladh síos go Claonghlais. — Micheál Óg Ó Longáin. 5. Araoir is me seal ar mhaoileannaibh glasa Ag cíoradh mo charn craobhfholt, Ag smaoineamh mar leagadh saoithe gach sleachta Do shíorchuir me i dtearca suain, Gur líonadar sgata síodhbhan lem ais Go cíocrach ag stathadh a gcéibhe, Is d'innseadar dam gur claoidheadh duin' 'em charaid Taoibh liom cois sleasaibh cuain. Tháinig 'na luisne ar árdbhuile chugainn Áine le tuille sgéalta ba thruagh: "D'fhágas do chumann tláth lag," ar sise, "I dtánaiste an chluiche chruaidh; Átrops an uilc atá anois in' ucht A geárrsgine gluine géire as a truaill A grásgar le Pilib, fáilte gach file, Nó an cás leat é a ghiolla ruadh?" — Liam Ruadh Mac Coitir.
6. Mo léan le luadh agus m'atuirse, 'S ní féar do bhuain ar theascannaibh D'fhúig céasta buartha m'aigne Le tréimhse go tláth, Acht éigse is suadha an tseanchais I ngéibheann chruaidh 's i n-anacra, Go tréith i dtuathaibh leathan Luirc Gan réim mar ba ghnáth; 'S gach lonnabhile borbchuthaigh Tréanchumais d'fhás De bhrollastoc na sonachon Do phréamhuigh ón Spáin, Go canntlach faonlag easbathach, Fé ghallsmacht ghéar ag danaraibh An camsprot claon do shealbhuigh A saorbhailte stáit. — Eóghan Ruadh. 7. Dám' éigs me cheapfadh duanta le fuaimint is laoithe Go técsach uamach sioscaithe i gcaomhfhuirm comhad, Tréithe is teastas buadhachleinbh uasail do ríomhfainn, Scéimh a gruadh 's a fionnachruith is séimh sultmhar sóghach; Is dréimreach dlathach dualach a cuacha 's is buidhe tiugh Go péarlach scuabach muireanach ag slaodadh go bróig; Is saor dom meas 's is stuamdha neamhghruamdha gan daoilcheas A héadan suaimhneach soineanda ler créachtmhilleadh treóin. Is caol a braoi mar aondais pinn Ó chléireach cruinn ar dhearc gan smól; 'S a béal tais binn, mar shéise sidhe Ar théadaibh fuinn, do spreagann ceól; Tá gile an lile 'na leacain shnuite ag caismirt lesna caora; Is míonla módhmhail gan phuimp gidh óg An réilthean mhórdha mhaiseamhail, Ríoghan shnódhmhail thaitneamhach gan cheachaireacht 'na clódh. — Eóghan Ruadh. LEITHLEACHAS MÉIDREACHTA. Nuair a bhíonn Méidreacht chruinn ar Amhrán is gnáthaí an tomhas agus an Deilbh chéadna ar gach ceathrúin ann. Ní bhíonn san amhlaidh i gcomhnuí, ámh. Tá saghsanna ann go dtagann malairt Gutaí Méidreachta san Deilbh ortha ón gCeathrúin go chéile; agus tuille saghsanna go n-imthíonn an malartú ortha leastigh dhen Cheathrúin féin. Ní misde trácht ar chuid aca san anois.
A. OCHTFHOCLACH BREACHTACH. Tugtar Breachtach ar an Ochtfhoclach nuair a thagann malairt Gutaí Méidreachta ann ón gCeathrúin go chéile, nó ón gcuid go chéile dhen Cheathrúin. Nuair a bítear ag cur síos ar a mhéidreacht ní fuláir Deilbh a cheapadh do gach malairt dá mbíonn ann. Samhlaídí: I. Dia do chruthuigh grianbhrogh Nimhe, 'Na lia cluiche is ceólmhaire, 'Na lia aingeal diadha daingean Briathrach breathach beoilmhilis, 'Na lia gile, 'na lia binne, 'Na lia gluine is glórmhaire, 'Na lia soillse grianach grinngheal, 'Na lia lonnradh lómhardha. — Baothghlach Dubh. A Dheilbh: Tugtar fé ndeara go bhfuil stad beag san chainnt tar éis an fhocail lia annsan.
Ar nós an Ochtfhoclaigh is féidir trí Duilleóga agus Stoc a dhéanamh ar gach dhá Line: mar seo: Is follus uaidh sin ná fuil aon mhalartú ann ach amháin ar an dara Céim san Deilbh A. Má chuirimíd x i n-ionad an mhalartúcháin sin gheobham an Deilbh seo do gach dhá Líne: .i. 4 (3A + B) .i. Formail an Ochtfhoclaigh don Cheathrúin ar fad II. Aisling ghéar do dhearcas féin Im leabaidh 's mé go lagbhríoghach: Ainnir shéimh, dar bh'ainm Éire Ag teacht im ghaor ar marcaigheacht; A súil reamhar ghlas, a cúl trom cas, A com seang geal 's a mailghe, Dá mhaoideamh go raibh ag tigheacht 'na gar Le díoghrais Mac an Cheannaighe. — Aodhgán Ó Rathaile. A Dheilbh: Tá an Leathcheathrú tosaigh ar aon-tomhus agus ar aon- deilbh, acht tá malartú ar Dheilbh A as san amach. I n-indeóin an mhalartúcháin sin is follus go bhfuil Formail an Ochtfhoc- laigh ann .i. 4(3A + B).
B. CROSÁNACHT. Aithris ar Mhéidreacht ársaidh iseadh an Chrosánacht. Ní fuláir trí chuid i ngach Leathcheathrúin. An Chéadchuid agus an dara Cuid do dhul le chéile i dtomhus. Is gnáth malartú Gutaí Méidreachta ón Leathcheathrúin go chéile. An tríomhú Cuid de gach Leathcheathrúin ag freagairt dá chéile; malartú annsan ón gCeathrúin go chéile más gádh é. Ní míchosúil leis an Ochtfhoclach Breachtach é, acht gur Dhá Dhuilleóig agus Stoc a bhíonn ar cheachtar den dá Leathcheathrúin. Tá an saghas so coitianta ar Aistibh grinn agus go sonnrádhach ar Bharántaisíbh. Samhlaíd: A Éigse suadha Sléibhe Luachra Eistidh linne seal, I laoithibh éifeacht daoibh go léighfead Fé mar sgriosadh me. — Eóghan Ruadh. A Dheilbh: L.1: é ua é ua Tugtar fé ndeara an malartúchán ar Dheilbh A on gCéadlíne go dtí an tríomhú Líne. Is follus le feiscint gurab é is Formail dó: 2(2A + B). [Ós rud é gurab iarsma é sin ar sheanaiste dána, níor cheart a chur san Cheathrúin ann acht oiread an tseana- rainn .i. Cheithre Líne fé mar atá thuas.]
C. RANNUÍOCHT. Buailtear umainn coitianta go leór insan Litríocht Ceath- rúna Cheithre Líne i bhfuirm aithrise ar Rannuíochta, nó ar Shéadnadh Mhór, nó ar Rinneárd na seanaimsire. Ní fuláir Aicill i ngach Leathcheathrúin, agus Aiceann Deiridh an Chéad- Leathcheathrúin do fhreagairt don Aiceann deiridh san dara Leathcheathrúin. Samhlaídí: 1. Thárla i Luimneach le cheile, I n-éinfheacht aimsir Shiosóin, Triúr nár bh'annamh i dtigh'n tábhairne: Mathúin, Pádraig is Tiobóid. — Séamus Inglis. Tá Aicill san chéad Leathcheathrúin annsan idir chéile agus n-éinfheacht; agus san dara Leathcheathrúin idir tábhairne agus Pádraig. Focal aiceanta iseadh Shiosóin; isé an tAiceann deiridh san Chéad Leathcheathrúin é. Gabhann sé sin le Tiobóid .i. an tAiceantach deiridh san dara Leathcheathrúin. Saghas aithrise ar Rannuíocht Bheag na seanaimsire iseadh é. 2. "Cia an traghna so san ngort Sheinneas a phort ar shliabh?" "Duine mise 'na mbíodh spéis; Oisín me tar éis na bhFian." — Donnchadh Ó Labhraidh. A thuairisg: An dá Aicill: (a) san chéad Leathcheathrúin, ngort: phort; san dara Leathcheathrúin, spéis: éis. An dá Cheann: shliabh: bhFian. Aithris ar Rannuíocht Mhór na seanaimsire é sin.
CLEACHTADH. Tuairisg ar a Méidreacht so: 1. Creimfead troighthe an chladhaire chime Is laghrach briste créachtuighthe; 'S a dhá chruadhsháil ar a mbíd fuachtáin Polla agus cuasáin ghréiscithe. Ingne fiara rinneadh den iarann Culaith is cliath dhá mhéireannaibh 'Sa dhá lurgain leóinte, bhristithe scóltha Scriostaithe dhóighte mhéirscreacha. — Aodhagán Ó Rathaile. 2. Dá bhrígh sin órduighim do gach treóruidhe Ar feadh na dúithche, An dís seo leanamhain 's a dtabhairt ceangailte Chum na cúirte. — An Mangaire Subhach. 3. Gidheadh beartuighim díbh an dailtín Do sheachaint ar aonach, D'eagla Chathaoir is fuireann na stafaí Do theacht d'bhur bpléasgadh. — Muiris Ó Gríobhtha. 4. A Bhriain, ná bagair go baoth 'S nach eagal le haon do ghliadh; Má's tú is saorchuradh siúr Le caomhnadh na cúige thiar. — Aindrias Mac Cruitín. 5. A ghaisgidhigh gidh searbh do dhán, Dar do láimh is doilbheas línn Gan do chroidhe san gcreideamh gcóir 'S gan an óige i bhfoigse dhíbh. — Conchubhar Ó Briain. 6. Bíom go súgach, líon an crúsga Le fíon go húr 's na cannaí; An báisín ólam, ná fágam deór ann, Go grádhmhar ceólmhar mearghroidhe; Sidí sláinte an ríogh 's an phápa Laoisigh 's an Spáinnigh dheaghchroidhigh; Is fáilte a-bhaile go bráth beidh agam Roimh shármhac ceart an Cheannaighe. — Tomás Ó Glíosáin. 7. Fógraim daoibh, a dhaoine, An daoi-sin Liam Mac Curtáin; 'S go deó ná leogaidh suidhe dhó I measg saoithe na bhfeadán. — Éamonn de Bhál.
8. Ag so a thuairisg do lucht cuardaigh Ar feadh na dúithche: Fear caol guagach creatbhuidhe guaireach Agus é gúngach. — Seán Clárach 9. Adhraim thú a thaidhbhse ar gcrú A mhaighre an mhúir neámhdha, Do arthuigh le searc don Athair go neart D'ár gcabhair i gceart Mháire; Mar ghréin tré ghloin de léimeadh libh, D'aonsgrios uilc Ádhaimh, Go rugais le crann, duine 's a chlann, A hifreann, ceann Cásga. — Dáibhidh Ó Bruadair. 10. Buadh séin leat ins gach céim, A leoghain gan bhéim i ngliaidh; Cúraoi nár traochadh i dtreas, Cnú chroidhe agus searc na gcliar. — Séamus Inglis. 11. "Ní bacach me ná geócach Dar ndóigh," arsa an sgoláire; "Is i mBaile Breac do chomhnuighim, Ag fagháil eóluis om máighistir." — Donnchadh Ruadh. 12. Bruadair Smiot is Glin Fé ghlais ar lic na bpian; Cúis chaoi agus sile deór Go raibh gach ló ag an dtriar. — Duine gan Ainm. RÉIDHMHÉIDREACHT. Go dtí so isé Filíocht a bhí i gceist againn ná Filíocht go bhfuil Méidreacht chruinn ealadhnta air. Tá tuairisg tugaithe againn ar an Mhéidreacht Chruinn sin. Acht níl an Ghaedhilg i dtaobh leis sin amháin, mar i dteannta na Méidreachta atá ealadhnta gheibhmíd saghas eile ara dtugtar Méidreacht Neamhchruinn nó Méidreacht Réidh. Déanfaimíd trácht ar sin anois. Isé fáth go dtugaimíd Réidhmhéidreacht air a fhusacht atá ceapadóireacht ann seochas an Mhéidreacht chruinn. Bíonn
sé coitianta i n-amhránaibh na ndaoine, agus gheibhmíd é ina lán den bhFilíocht do ceapadh go déadhnach. Is amhlaidh a bhíonn Deilbh neamhchruinn air. Tagann cuid den neamh- chruinneas san i n-amhránaibh go raibh Deilbh chruinn ortha nuair a ceapadh ar dtúis iad, acht tré bheith ag dul ó bhéal go béal, gur hatharuíodh agus gur truaillíodh iad leis an aimsir. Acht, i gcás urmhór an neamhchruinneasa, is mar sin do ceap- adh é, mar gheall ar a shaoráidí atá an Cheapadóireacht ann. Isé do-bheir neamhchruinn é malairt Gutaí Méidreachta i gCéimeannaibh nur cheart iad do bheith do réir a chéile. Ní théigheann an neamhchruinneas acht ar na Gutaíbh Aiceanta. Insan Réidhmhéidreacht féin nil sé ceaduithe Líon na gCéimeann na an Aicill do bhrise. Agus ní maith an comhartha air brise ar an gComhfhuaim ann gan deiseacht éigin dá bhárr. Isé Comhartha a cuirtar san Deilbh don mhalairt Ghutaí Aiceanta ná x. Cialluíonn x aontsaghas Guta Méidreachta. Seo roinnt samhlaídí. A. Amhrán: Cé thárla dealbh sa mbaile gan chabhair ar bith, I gcomhgar ghleanna 's dob aindeis go leór mo chruth, Mo bhanaltra ag sgreadaigh mar "Beit bhocht" ní bhfuair istigh; 'S gan deire le gainne an té mhairbh mo ghabhar is d'ith. — Piaras Mac Gearailt. San chéad dul síos ní mór Deilbh do cheapadh do gach líne annsan. Mar seo:
Tá an méid seo le tabhairt fé ndeara ar an dealbhúchán san: (a) Malairt Gutaí Méidreachta ar an gCéad Chéim tríd síos. (b) Malairt Gutaí leis ar an gCeathrú Céim. (c) Brise ar an gComhfhuaim san Trímhú Líne. Tá leath- sgéal dó-san, mar ainm coitianta ar ghabhar iseadh "Beit," agus comhartha ceanúlachta iseadh an Aidiacht "bocht," a thugadh an tseanabhean uirthi. (d) Siollabh san bhreis ar an gCéad Chéim san Trímhú Líne agus san Cheathrú Líne thar mar atá ann san Chéad Líne agus san Dara Líne. Má theastuíonn uainn Deilbh amháin do cheapadh dhon Cheathrúin ar fad ní fuláir gach fánuíocht aca san d'áireamh. Sidé é: Cuirtar i gcompráid leis sin: Is léan len' aithris dá ndealbhadh éigse duan Do laochraidh Chaisil ba thairise ar dhréachtaibh suadh Gurb éaradh is aithis do-gheabhaid i n éiric duas, Céim le meastar gur mheathadar Gaedhil monuar. — Aodh Buidhe MacCruitín. A Dheilbh sin: Tá san cruinn tríd síos. Acht féach go bhfuil an tómhas céadna ar an dá Cheathrúin. B. An Rócán: Cad do dhéanfaimíd feasda gan adhmad? Tá deire na gcoillte ar lár; Ní'l trácht ar Chill Chais ná ar a theaghlach, 'S ní bainfar a creidhil go bráth; An áit úd 'na gcomhnuíodh an deighbhean Fuair gradam is meidhir thar cách; Na mbíodh iarlaí ag tarraint thar toinn ann 'S an t-aifreann binn dá rádh. — Seanamhrán.
Deilbh do gach Líne, mar seo: Tá dhá nídh cruinn annsan. (a) An Aicill ó cheann deiridh Deilbh A go dtí lár buill Deilbh B. (b) An Guta Méidreachta i ndeire Deilbh B. Malartú insgach aonáit eile. Seo mar is ceart Deilbh a cheapadh dhon Cheathrúin ar fad: [Féadtar é sin do chur i gcompráid le Go déadhnach is Phoebus fá neóll, lch. 62. Samhlaídí eile: An Chaoldruimionn Óg Phiarais Mhic Gearailt; Seán Ó Dighe, do.; Eóghan Cóir, etc. Is óna leithéidí sin a tháinig an come-all-ye isteach san Bhéarla i nÉirinn.]
C. Ochtfhoclach. Lá bhreágh gréine 's me ag dul ar aonach A cheannach bhéabhair dhen fhaision nódh, Do chonnac an spéirbhean is í na haonar, Do labhair sí Béarla 's ba dhise b'eól: "A ghrádh 's a laogh dhil, suidh síos taobh liom, Siudí an daorphunch is beam a' hól; 'S go deimhin má's féidir ár gcol do réiteach Go mbead mar chéile ag an mBrianach Óg." — Seanamhrán. Deilbh gach líne mar seo: Malartú san Chéad Chéim agus san Trímhú Céim tríd síos. Ar an adhbhar san Deilbh A Agus Deilbh B Agus 4(A + B) don Cheathrúin. Acht Deilbh A Agus Deilbh B Ar an adhbhar san
Isé sin 4(3A1 + B1) don Cheathrúin; agus isé sin Formail an Ochtfhoclaigh. [Insan Réidhmhéidreacht so ar an Ochtfhoclach is gnáthach gan bheith cruinn ann acht cinn deiridh na nDuilleóg agus na Stoc. Samhlaídí eile a sgríbhtar ochtlíneach: Eóchaill; Do bhí bean uasal seal dá luadh liom, etc. Samhlaídí a sgríbhtar 'na dhá líne dhéag: Bean dubh an Ghleanna; Fiaguidhe an Chúil Bháin, etc. Samhlaídí a sgríbhtar 'na sé líne dhéag: Seán Ó Duibhir an Ghleanna, etc. Is ón Ochtfhoclach san a tháinig leithéid The Groves of Blarney, agus The Bells of Shandon san Bhéarla.] D. An Luinneógach: Grádh lem anam mo pháistín fionn, A criodhe is a haigne ag gáirí liom, A cíocha geala mar bhláth na n-ubhall 'S a píob mar eala lá Márta. Is tusa mo rún, mo rún, mo rún, Is tusa mo rún is mo ghrádh geal; Is tusa mo rún is mo chumann go buan, 'S mo chreach gan tú agam ód mháithrín. A Dheilbh: Agus a Fhormail
[Ní beag de shamlaídíbh ar an Réidhmhéidreacht an méid sin. An té go bhfuil taithí aige ar an Mhéidreacht Chruinn is fuirist dó an Réidh do láimhseáil. Acht cuireadh sé eólas ar an gCruinn ar dtúis. Ní fuláir Méidreacht na Filíochta Réidhe do thomhas le slat na Filíochta Cruinne. I n-indeóin a neamhchruinneas atá an Mhéidreacht innti tá buadhanna agus deiseacht aici a bhaineann léi féin — ná- dúrthacht cainnte, druíocht stíleach — seanchas, agus a leithéidí, a choruíonn an croidhe. Tá san fíor go háirithe i dtaobh na coda a thainig chughainn ar bhéaloideas ónár sinsir. Ní fuláir gan a dhearmhad go mbíodh ceól leis an bhFilíocht san i gcómhnuí, agus gur mhaith an sás an ceól chun na focail do choimeád ar buanchuimhne.] E. Cruachadh Siollabh. Sin nós atá coitianta i bhFilíocht na ndaoine, agus go háirithe i n-amhránaibh nur tháinig atharú ortha de bhárr oibriú bhéaloidis. Isé rud é ná breis thar an áireamh ceart Siollabh do bheith i gCéim, nó breis agus Siollabh amháin i Ruthag. An chainnt agus an ceól ag oibriú ar a chéile isiad fé ndeara san go minic. Samhlaídí: (a) Faid do bhíodh an bainne á théigheamh agam seadh ghlaodhainn ar na gamhna. A Dheilbh: Dhá Shiollabh san Ruthag ann. Agus muna ndeirthar thé ar an bhFocal théigheamh, agus leogaint don Bháthadh oibriú do bheadh Siollabh san bhreis ar an dara Céim. (b) Chuadhmair 'dtigh an ósta 'S do bhíomair ar stól ár suidhe: "Glaeidh ar phunch is ól do dhóithin, Thabhrfadh fóirithin ar do thinneas chroidhe."
A Dheilbh: San dara Leathcheathrúin atá an Cruachadh annsan. Tá an dá Ruthag dúbalta ann agus Briathair ionnta (.i. Focal nur cheart Aiceann a bheith air). Agus an Chéad Chéim san Cheathrú Líne tá dhá Shiollabh de bhreis ar an gceart ann. An Gaedhilgeóir dúthchais labhrann sé go mear neamhaiceanta na Focail seo: Glaeidh air, agus Thabhrfadh, agus ar do, le linn dó an Cheathrú san do ghabh- áil nó do rádh. Sidé a Dheilbh ghinerálta: Agus a Fhormail = 2(A + B). Níor bh'iongnadh liom dámadh rud éigin mar seo a bheadh ann ar dtúis: Glaeidh ar phunch do dhóithin Sí thabhrfadh fóirthin díbh. (c) Is tuirseach a bhímse im luighe ar mo leabaidh go tláth, Gan dhá uair insan oidhche agus mí ar fhaid i ngach lá; Deargadh mo phíopa ní bhfuighinn 'shuidhe ann 'ge bun ná 'ge bárr; 'S isé an tinpinny tuillthe é céad díth air muran deacair é fháil.
An Chéad Líne annsan an t-aon cheann amháin go bhfuil líon ceant siollabh i ngach Céim ann. Tá an Cruachadh go líonmhar ann, go háirithe san Trímhú Líne agus san Cheathrú Líne. Leathsmuigh dhe sin ní gearánta ara Mhéidreacht. Filíocht den tsaghas so iseadh a chuireann diombádh agus brise croidhe ar cheóltóirí ná bíonn an Ghaedhilg ó dhúthchas aca. Sidé a Dheilbh ghinerálta: Cuirimís i gcompráid leis sin an Cheathrú so as an ath- chuinghidh do iarr Eóghan Ruadh ar Shéamus Mhac Gearailt: A chara mo chléibh 's a Shéamuis ghreannamhair ghrádhaigh D'fhuil Ghearaltaigh Ghréagaigh éachtaigh airmnirt áigh Maide glan réidh i ngléas bíodh agat dom rámhainn 'S, mar bharra ar an sgléip cuir léi go greanta bocán. A Dheilbh sin: D'aontómhus amháin iad. CLEACHTADH. Tuairisg ar a Méidreacht so: 1. Is fiú chúig giní gach ribe dá gruaig mar ór, 'S is fiú a oiread eile a cuideachta uair roim ló; A cúilín trom triopallach ag tuitim léi síos go feór, 'S a chuaichín na finne, no ar mhiste do shláinte d'ól? 2. Maidin cheódhach nuair d'eirigheas Is chuadhas amach fé'n gcoill ghlas Is ann do bhuail an treighid me Ná leighisfar fóríor; Do chuala an bhruinneal mheidhreach I lúib na coille draighneach, Do phreab mo chroidhe le greadhan di Gur dheighbhean dam í.
3. Ar an nGaibhil atá an deighbhean gan allus De lúrapóig caillighe gan daonnacht; 'S go deimhin duit dá raghadh sí insna flaithis Go ndeighilfeadh na haingil ó chéile. Tally high-hó, high-hó, Tally high-hó, sí an cladhaire í; Tally high-hó, high-hó, Sí cailleach mhór chrón na Gaibhle í. 4. Éag dá maireann do mharbh, a Sheáin ghil Paor, Do gach n-aon do thathuigh do phearsa do shlí 's do mhéin; Tá féachaint dealbh ag bailtibh ón tSiúir go Daod, I Ros Ó gCairbre ó taisgeadh fá líg an laoch. 5. Is 'mdhó bean chaointe shlachtmhar, A bheadh os cionn do mhairbh, Tá ag iomchur an bhruit le fada Dhod Mháthair go séimh, Do gheárrfadh lena teangain Gach cladhaire fill do cheangail Do ghéaga míne geala Dhon adhmud le faobhar, Do chuirfeadh síos go gasda A lán ded chómhachtaibh geala, Cé bhíodar mór le tagairt Ag fáigíbh an tsaoghail, Is d'iarrfadh ort 'na rannaibh Bheith fabhrach linn lá an chatha Nuair a bheam go léir 'nár seasamh Ar mhaoilinn an tSléibhe. 6. Bhí seanabhean thuas insan chúinne 'na luighe, 'S cia bheadh annsúd sínte acht a mháithrín; Bhí brailín róshuarach anuas uirthi ón tsín, 'S gan aontsop dhen díon uirthi ón mbáistigh. Bhí an caitín is uaill aici ag cuardach an tighe, Acht dá mhéid a bhí a duas uch ní bhfuair sí braon dighe; Bhí seanduine stuacach ar fhuarma 'na shuidhe 'S gan aonphioc 'na phíopa acht é ag cnámhthant. 7. Dá mbeinnse ar an Árd úd mar a bhfuil a lán dem charaid i dtír, Ní fheicfí me i ngábhtar 's ní fhágfaí me ar uireasbha dighe; Bheadh fir agus mná 'na dtáinte chúm le bainne 's le him; 'S go bhfeice mé an lá im shláinte go mbead eatortha arís.
8. Tá gleann i Muigh Chromtha 's níor labhramair fós air; Rug sé bárr foghluma ó ghleannta na Fódla; Bíonn lucht Uird ann gach domhnach 's fear foghlumtha ón Róimh, ann, Fiadh buidhe na mbeann ann bric seabhaic agus smólaigh. 9. Dá mhéid aindeise is galar ar tí gach n-aon, Amhgar anacra i ndaingean i gcroidhthibh claon Cíos is caitheamh a mbeatha neamhchruinn san tsaoghal, Píopa is tobac a sgaipfidh a sgíos go léir. — Dáibhidh de Barra. 10. Araoir cois taoibh, na hEatharla Do casadh orm óigbhean; Ba dhlaoitheach slaodach craipinneach Tromfhada tiugh a hórfholt; A claonrosg réidh gan chealg Is a mala shnuidhte chórach; A píp mar aol nó eala ar shruth, 'S a leaca ar lígh na rósaí. — Diarmaid Ó Riain. 11. Ar maidin Dia Máirt is sásta bhí m'aigne Im shuidhe cois an chláir ag ithe prátaí agus bainne dham Do phreab chugham mo mháthair 's ba dhána do labhair sí: "Éirigh 'riú a fháidh is ar fán a chuaidh banbh uainn." 12. Do chasadar mo bheanna 's ar mh'easna níl féoil Braon im ballaibh níl agam ná deóir Ó shírtheacht na ngalla 's dá neartú 'sa choróin, Is leanbh an chroidhe ghil ag sírshile deór.
TÉARMAÍ. Is greannmhar le rádh ach is fíor é ná fuil téarma fé leith againn san Ghaedhilg anois go mbeadh an brígh coitianta leis atá leis an bhfocal Poem nó poetical composition san Bhéarla. Isé an focal Amhrán is mó go mbaintear feidhm as san chéill sin; acht tá brígh fé leith leis an bhfocal san, fé mar is eól dúinn. I gCúige Uladh déarfaí Ceól ar an gcuma gcéadna; acht ní taise dhó san leis i gcúrsa brígh ar leithligh. Agus isé an dála céadna é ag na Focail seo Dán, agus Duan, agus uair- eanta Laoidh, bíonn an brígh coitianta leó anois, chomh maith leis an mbrígh áirithe a tháinig leó ón tseanaimsir. Nuair a bhíonn an brígh coitianta úd i gceist agamsa deirim Aiste nó Aiste Filíochta. Acht mura raibh Téarma coitianta ag ár sinsir, do bhí Téarmaí fé leith aca do shaghsanaibh áirithe Filíochta. Déan- fam cur síos go hathchumair ar chuid aca san do réir úird Aib- ghítreach. Is féidir aontsaghas Méidreachta leó, mura n-áir- mhíotar a mhalairt. Agallamh: Aiste Filíochta i bhfuirm chomhrádha idir bheirt. Samhlaídí: Agallamh Oisín agus Phádraig; Agallamh an Bháis agus an Othair; Agallamh Sheáin na Ráithíneach agus an Maypole. Má bhíonn an bheirt ag troid tugtar Siosma nó Aighneas air, mar atá Aighneas an Pheacaigh leis an mBás. Aighneas: Féach Agallamh. Aisling: Is amhlaidh a thuiteann an file ina chodladh, agus a thagann os a chomhair an bhean áluinn na dtugtar tuairisg ar a sgéimh. Fiafruíonn sé dhi an baindia í, nó cia hí féin. Deir sí gurab í Éire í atá fé bhroid eachtrannach, acht gur gairid go bhfuighe sí fuasgailt. Seachlabhradh, nó Allegory iseadh an Aisling. Amhrán a Mhéidreacht. Samhlaídí ag Eóghan Ruadh agus ag filíbh eile. Aiste: Ainm coitianta do ghiota Filíochta; méidreacht. Aithrighe: An file d'áireamh na bpeacaí atá déanta aige agus na n-aitheanta atá briste aige, agus a ghuidhe ar Dhia maithiú-
nas d'fhagháil. Ní fuláir a rádh gur minic a théigheann an file thar cóir leis an áireamh. Gheibhmíd Faoisidin mar ainm ar an saghas so leis. Amhrán nó Caoineadh a Méidreacht. Samh- laídí: Aithrighe Sheáin de Hór; Faoisidin Mhichíl Firéast; Is mithid dam féin Eóghain Ruaidh, etc. Amhrán: Féach Aiste. Aor: Aiste cáinte. Samhlaídí ag Aodhgán Ó Rathaile, ag Seán na Ráithíneach, etc. Búrdún: Aiste ghairid no Ceathrú a cheapfadh file ar chúinse áirithe, nó a chuirfeadh sé ag triall ar dhuine eile. Amhrán a mhéidreacht. Samhlaídí: An tAthair Seán Ó Briain ar an gCrith; na haistí do ceapadh ar An Fhalartha Ghorm, etc. Caoineadh: Aiste Filíochta ar bhás dhuine éigin. Tá samhlaídí coitianta ag na filíbh. Don Mhéidreacht úd Caoin- eadh is ceart an "Caoineadh" do dhul; acht gheibhtear Caointe san Litríocht fé gach saghas Mhéidreachta, agus go sonnrád- hach fén Rosg. Curfé: Ceathrú coitianta chun dul le gach bhéarsa d'Amhrán. Dán: Giota Filíochta d'aon tsaghas, agus go háirithe giota i gceann dena seanmhéidreachtaibh. Dréacht: Aiste bheag grinn; nó cuid d'aiste fhada na mbeadh sgéal nó múine ann. Dreachtín: Ceathrú nó cúpla ceann do ceapfaí ar ócáid áirithe, agus a mhíniú i bprós do dhul leis. Duan: Féach Dán. Eachtra: Aiste Filíochta ag cur síos ar imtheachtaibh dhuine éigin. Samhlaídí Eachtra Éamuinn de Bhál; Eachtra Ghiolla an Amaráin; Eachtra an Bhaitsiléara, etc. Faoisidin: Féach Aithrighe.
Gréas: Aiste nó Ceapadóireacht. Iarghnó: Féach Caoineadh. Iomarbháidh: Féach Aighneas. Luinneóg: Féach Curfé. Marbhnadh: Féach Caoineadh. Laoidh: Aiste Filíochta, go háirithe as an bhFiannuíocht. Pas: Cead ón Mháighistir don Deisgiobal chun dul i measg na bhfilí, agus a órdú do chách cabhrú leis an óigfhile. Rócán: Aiste bheag aerach a geóbhthaí go beódha. Is óna mhinicí a bhíd Rócáin i bhfuirm áirithe Méidreachta a tugtar Rócán ar an Mhéidreacht san. Sailm: Áireamh mallachtaí nó easgainí. Seoithín: Amhrán na máthar dá leanbh. Siosma: Féach Aighneas. Streangcán: Amhrán a geóbhthaí go mall. Tuireamh: Féach Caoineadh. Tá tréith ar Fhilíocht na Gaedhilge nach ceart gan tagairt dó. Isé tréith é ná a thugaithe atáid na filí dhon Áireamh. Bhí aistí Áirimh coitianta san Ghaedhilg i gcomhnuí, is ní taise d'Fhilíocht na Nuaghaedhilge é. Insna hAislingí féach a mhine a bhíonn an tuairisg ar an "spéirbhean." Agus insna Caoin- tibh nach baileach a sgrúduíothar tréithe agus cáilíochta an mhairbh? Ní gádh acht tagairt annso dá liacht aistí atá againn san Nuaghaedhilg ar Thrí Namhaid an Duine, .i. an saoghal agus an cholann agus an diabhal; ar na Seacht bPecaí Marbhtha; ar Sheacht Lá na Seachtmhaine; ar Dhá Mhí dhéag na Bliana; ar na hAointe Órdha, etc. Is dócha gurabé an dúil sin san áireamh fé ndeara a líonmhaireacht a bhíd na peacaí insna Faoisdinibh.
AGUISÍN [Focail go bhfuil miniú ortha i dtéx an leabhair; agus an Leathanach nur cheart dul chuige a d'iarraidh eolais ar an bhFocal.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services