Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Prosóid Gaedhilge

Title
Prosóid Gaedhilge
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Micil Mac Róba / Mike Robe / Roth, An /
Composition Date
1925
Publisher
Cló Ollscoile Chorcaighe

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


PROSÓID GAEDHILGE



TADHG Ó DONNCHADHA
(TORNA)



Do Chuir le Chéile



CLÓ OLLSGOILE CHORCAIGHE
COMHLUCHT OIDEACHAIS NA HÉIREANN
CORCAIGH AGUS ÁTH CLIATH



1925


L. iii


RÉAMHRÁDH



Ar son go bhfuil Prosóid agam mar ainm ar an saothar
bheag so, ní hainm oiriúnach dhó é, toisg gan a bheith ann ó
cheart acht riaghlacha Filíochta. Agus d'eagla an chostais do
b'éigin dam tuille d'fhágaint ar lár.



Do bhí dhá nídh ar mh'aigne agam am brostú chun
adhbhar an leabhrín seo a chur le chéile. An chéadnídhe, a
bhacaighe agus a neamhshnastacht a bhíonn urmhór an stuif i
bhfuirm Filíochta atá dhá cheapadh san Ghaedhilg, fé láthair
agus le tamall anuas. Easba eólais ar oideas na hÉigse dúth-
chais fé ndeara a lán de sin. Agus cheapas dá gcuirtí riagh-
lacha Prosóide i gcló, go dtiocfadh dá bhárr san feabhas ar
fhilíocht na druinge atá ag fás chugainn, agus ná leómhthaí
gan chlaoidhe le tradition uasal an sean.



An dara nídh a bhí ar mh'aigne, láimhleabhar do shocrú dhon
Mhúinteóir chun teagaisg, agus don Sgoláire chun foghluma ar
an mbrainse is tábhachtaí dhen Litríocht atá againn san Nua-
ghaedhilg. An té go bhfuil eólas aige ar riaghlacha Prosóide
is beag nuance nó áilleacht a bhuailfidh uime san bhfilíocht san
ná tuigfe sé go buileach.


L. iv


Do chuireas adhbhar Cleachta mar chomaoin ar an hAltaibh
d'fhonn caoi a thabhairt don léightheóir ar na riaghlacha a chur
i bhfeidhm dó féin agus iad do choimeád ar cuimhne. Badh
thairbhthe dhó gabháil tríotha.



Is ar fhuláireamh mo dhaltaí ar na Cúrsaí Samhraidh san
Choláiste Ollsgoile, Corcaigh, atá an leabhar so á chur amach.
Tá súil agam go ndéanfa sé áis agus congnamh dhóibh, agus
laghdú ar a gcruadhshaothar.



Agus is dóibh a thoirbhrim é,



Lem Beannacht.



TORNA.


L. 1


PROSÓID GAEDHILGE.



FILÍOCHT.



Cadé Filíocht?



Sin ceist gur fuirist é chur agus gur deacair é réiteach. Is
deacair freagra a thabhairt a riúnóidh gach saghas filíochta i
ngach aon teanga; agus ní fuirist i gcomhnuí ceann a sholáthar
dosna saghsannaibh i dteanga fé leith.



Mar sin féin is féidir Filíocht a thabhairt ar aontsaghas
úrlabhra 'na mbíonn buadh thar an gcoitianta ann.



Buadh éigin neamhchoitianta iseadh a dheighleann an Prós
ón bhFilíocht, buadh crotha, buadh órnáide, buadh ceóil, buadh
géire, buadh uaigneasa — buadh de shaghas éigin a bheireann
greim ar aigne an duine agus a fhágann a rian 'na dhiaidh
uirthi.



Acht i gcúrsaí Graiméir tugtar Filíocht ar chainnt fé
Aiceann Méidreachta do réir Riaghlacha Prosóide. Is ar an
saghas san Filíochta san Ghaedhilg a dhéanfar trácht san
leabhar so.



Ní fuláir Filíocht na Gaedhilge do roinnt 'na dhá chuid:



(a) Filíocht na Nuaghaedhilge, nó Filíocht Aiceanta, mar is
a hAiceann nádúrtha na cainnte d'fhás sí. Agus,



(b) An tSeanfhilíocht, nó Duanaireacht, nó Filíocht Shiol-
labhach de bhrígh gur ar áireamh na siollabh a bhíonn a brath.


L. 2


Dhá ní atá riachtanach chun aon taobh aca san do thuisgint
go buileach. Is riachtanas ar dtúis bheith oilte ar ghnáth-
chanúint na Teangan, agus eólas éigin ar an bprós atá innti.
Agus is riachtanas leis sin a bheag nó a mhór de thaithighe ar
Fhoclóir na filíochta. Bhíodh "foclóir" fé leith ag na filíbh i
gcomhnuí. Má deintar cúram i dtaobh an dá ní sin, ní
baoghal ná go bhfaghfar blas ar Fhilíocht na Gaedhilge.



FILÍOCHT AICEANTA.



Filíocht Aiceanta iseadh Filíocht na Gaedhilge anois. Isé
fáth go dtugtar Aiceanta air de bhrí gur ar Aiceann nádúrtha
na canúna a bhíonn sé ag braith.



Nuair a cuirtar chun tuairisg a thabhairt ar Phrosóid aiste
filíochta isé céadrud nach fuláir a dhéanamh ná an aiste do
roinnt do réir na gceathrún, nó na bhéarsaí, a bhíonn ann.



Ceathrú: sin alt nó bhéarsa d'aiste fhilíochta.



[Uaireanta ní ceathrúna a bhíon ann acht an aiste 'na
haontsreath amháin línte; nó í 'na haltaibh gan áireamh
cheapaithe línte d'aon alt aca. I gcúrsaí Méidreachta,
gabhaid gach aon dá líne le chéile uaireanta. Uaireanta,
gach re líne. Uaireanta trí líne le chéile agus annsan
malartú dhon cheathrú líne. Uaireanta, bíonn anachuid
malartúcháin san cheathrúin. Ní mór féachaint don
mhalartúchán san, agus é mheas, roim ré. Is fuirist é
dhéanamh act beagán taithí bheith ag duine ar an ngnó.]



Áireamh línte. Is féidir aon áireamh línte a bheith i gceath-
rúin, óna dó suas go dtí a fiche, nó ósa chionn san, do réir mar
bhíon an aiste sgríbhte. Acht isiad Ceathrú Cheithre Líne agus
Ceathrú Ocht Líne an dá cheann is coitianta.



Scanadh. Nuair atáthar socair i dtaobh áireamh na línte sa
cheathrúin, ní fuláir annsan gach líne do scanadh. Isé rud é
Scanadh ná socrú i dtaobh (a) uimhir na nAiceann san líne,


L. 3


(b) an Ghuta ingach Aiceann díobh san, (c) an Ruthaig, agus
(d) na Siollabha Neamhaiceanta ón Aiceann go chéile.



Ón Aiceann go chéile a áinmhíotar an Céim. Cuir i gcás:



Um neóin do bhíos.



Tá dhá fhocal aiceanta san líne sin .i. neóin agus bhíos.
Dá réir sin tá dhá Aiceann ann .i. dhá Chéim. Cuirimis síos
mar seo iad:



Um | neóin do | bhíos



Un = Ruthag.



| neoin do = Céim.



| bhíos = Céim.



Dhá Aiceann don líne sin,



Ar an adhbhar san dhá Chéim di.



CLEACHTADH.



Uimhir na gCéim insna líntibh seo d'áireamh.



1. Dob ómrach dlathach.



A hórfholt crathach.



2. Mo chás mo chaoi mo cheasnadh.



3. Isé mo laoch mo ghille mear.



4. Dathad gealbhé gan faic ar a dtaobh.



5. Lá 's me tríd an dtír ag taisteal.



6. Cois Laoi na sreabh go huaigneach.



7. Slán go héag ón dtaobh so uaim



8. A chuisle na héigse éirigh suas.



9. Cuireadh nár shásta dáileadh damhsa ó dhís.



10. Bhí divarsion aerach ar an aonach.



11. Is ait an nós so ag mórchuid d'fearaibh Éireann.



12. Cúil atá gach lá dá leagadh ag saoraibh.


L. 4


AICEANN MÉIDREACHTA.



Bíonn Aiceann rialta ar an bhFilíocht. Is ionann san agus
a rádh go dtuiteann an tAiceann ar áiteannaibh áirithe sa líne;
agus na línte a ghabhann lena chéile san cheathrúin go dtuiteann
an tAiceann ar na háiteannaibh céadna ionnta. Sin Aiceann
Méidreachta.



Is do réir Aiceann na gnáthchanúna a meastar an tAiceann
Méidreachta.



Is gnáth Aiceann Méidreachta do theacht san áit 'na mbeadh
Aiceann nó Leasaiceann san ghnáthchainnt. Acht ní mar a
chéile ar fad iad. Tá so de dheifríocht eatortha:



(a) Bíonn Céimeanna Neamhrialta ón bPríomhaiceann go
chéile san ghnáthchainnt. Acht sa bhFilíocht bíon tómhas
rialta ar na Céimeannaibh.



(b) San ghnáthchainnt áirmhíotar Príomhaiceann agus Leas-
aiceann agus focal (nó siollabh) Neamhaiceanta. San
bhFilíocht ní áirmhíotar acht Aiceanta agus Neamhaiceanta ar
na siolbhaibh. An Príomhaiceanta agus an Leasaiceanta san
ghnáthchainnt is Aiceanta iad coitianta sa bhFilíocht. Acht ní
hannamh an Neamhaiceanta san ghnáthchainnt do bheith
Aiceanta sa bhFilíocht.



Agus ar an dtaobh eile dhe, is minic siollabh nó focal
Aiceanta san ghnáthchainnt do bheith Neamhaiceanta sa
bhFilíocht.



Is fuirist an deifríocht san a thabhairt fé ndeara. Sgrúd-
uímís, cuir i gcás, an líne seo:



Mo mhuirinnse Muirinn tar muirinnibh áille i gcrích.



Seo mar bheadh na haicinn uchtaigh air do réir ghnáth-
chanúna:



Mo mhuirinnse Muirinn | |tar muirinnibh áille i | | gcrích


L. 5


Trí Príomhaicinn atá sa líne sin, do réir ghnáthchainnte.
Deinid siad trí chuid den líne, mar seo:



1, Mo mhuirinnse Muirinn: An méid sin fé riaradh ag an
bPríomhaiceann mhuir-; agus stad beag sa chainnt tar éis
Muirinn.



2, tar muirinnibh áille i: Fé riaradh ag an bPríomhaiceann
áil-; stad beag tar éis áille, agus an Réamhfhocal i do dhul dá
bháthadh.



3, gcrích: Príomhaiceann aonair.



Tugtar fé ndeara a neamhrialtacht atá an Príomhaiceann san
líne sin. É i dtúis an chéad ghéag agus i ndeire an dara géag,
agus é 'na aonar san trímhú ghéig.



Insan bhFilíocht, ámhthaigh, árduíothar na Leasaicinn, agus
deintar Aiceantaigh dhíobh. Cuirtar breis fuinnimh leó, mar
seo:



Mo | mhuirinnse | Muirinn tar | muirinnibh | áille i | gcrích.



Chúig Aicinn atá sa líne dá réir sin; agus ar an adhbharsan,
chúig Céim. Is fuirist a fheisgint a rialtacht atá na Céimeanna
ann.



Samhlaíd eile: Éisteadh gach eólach san Eóraip go héach-
tach.



A ghnáthchainnt mar seo:



Éisteadh | | gach eólach san Eóraip | |go héachtach.



Trí géaga san líne sin, fé riaradh ag na Príomhaiceannaibh
éist-, agus Eór-, agus éacht-. Seo mar do roinnfí é do réir
Aiceann Méidreachta:



Éisteadh gach | eólach san | Eóraip go | héachtach.



Tá cheithre hAicinn Mhéidreachta san líne sin; agus dá réir
sin is ceart cheithre Chéim d'áireamh dhi.


L. 6


CLEACHTADH.



Na línte seo do sganadh (a) do réir ghnáthchanúna, agus (b) do réir
Aicinn Mhéidreachta.



1. Is tuirseach a bhímse im luighe ar mo leabaidh de ghnáth.



2. Faire, céad gráin ar bhur n-arrachtach sean.



3. D'éis an daingin do radassa d'Éireannchaibh.



4. Má bheir Dia do thiagharnus damhsa
Bheith slán ón láimh seo do leónadh
Do-ghéan beart is maith fá dheóidh dham
Léigfead do bhaosraidh na hóige.



5. Do charas tar aon an Déirdre dheagh-ghnúiseach.



6. Níor bh'fhada gur ghoill ar chloinn sin Mhaoghnuis
An fhairrge dhoimhinn is radharc na spéire



7. Ar fhíoghair a pearsan d'aithin mé ar éigin
Aoibheal chleasach na Cairrge Léithe.



8. Is lag atáid mná fionna Gaedheal ag caoi.



9. Tá lile gan scamall d'fhuil Ghearailt na sáirfhear
'S is soineanta a teastas ag fáidhibh eóil.



10. A Chonchubhair Treó fé dhó go gcaillir do mheabhair.



11. A Dhiarmuid is dubhach liom gur iompuighis do chóta
'S gur thréigis na hughdair ba mhúinte, 's gur dhóighis iad.



12. Muna stopairse, a Athair ghil, bearta na mbúr, is baoghal
Gur follus go gcaithfidh gach seabhac bheith dubhach mar mé.



13. Beidh cobhlach ón bhFrangcach ar thréanmhuir
'S is cobhsach sinn féin ag cur leó.



14. I gCorcaigh thoir go gcrochtar me, mar sgéal, le gad
Do chosmhalacht má b'fhollus dam ar thread na mban.



15. Cluintear an ghaoth fhraochda le fothrom eas
Ó crochadh an laoch Séamus MacCoitir le cleas.



CÉIM MÉIDREACHTA.



An líon siollabh ó Aiceann Méidreachta go dtí Aiceann
Méidreachta, sin Céim.



Siollabh aiceanta i dtosach an Chéime i gcomhnuí,


L. 7


Cheithre shaghas Céime atá ann, do réir líon na siollabh sa
Chéim .i. óna haon go dtí a ceathair.



Samhlaídí ortha san i bhfoclaibh aonair:



1. Céim aontsiollaibh .i. Siollabh aiceanta: lá, tráth.



2. Céim dhá Shiollabh .i. Siollabh aiceanta agus siollabh
neamhaiceanta: táimse, bfhéidir, cuirfead,



3. Céim trí Siollabh .i. Siollabh aiceanta agus dhá shiollabh
neamhaiceanta: thángamar, chuireassa,



4. Céim cheithre Siollabh .i. Siollabh aiceanta agus trí siol-
labha neamhaiceanta: feilli-bheartaibh, Dubhlochlan-
naigh,



Samhlaídí i líntibh filíochta:



(a.)| Táim ar | sí, le | sealad,



Trí hAicinn annsan .i. trí Chéim; agus dhá Shiollabh
(Aiceanta + Neamhaiceanta) i ngach Céim.



(b.)| Seachanadh | dramana 's | caismirt ar | aonach,



Cheithre Chéim annsan: trí Chéim trí Siollabh agus Céim
dhá Shiollabh 'na ndiaidh.



(c.)| Sasanaigh fá | mac<u>nas ar | dtiacht 'na | n-áit.



Cheithre Chéim annsan .i. Dhá Chéim cheithre siollabh +
Céim dhá Shiollabh + Céim aontsiollaibh.



[Tá Guta Tacair san bhfocal macnas (.i. mac<u>nas),
agus ní fuláir é áireamh.]


L. 8


Ní bhfaghtar níos lugha 'ná Dhá Chéim (= dhá Aiceann) i
líne. Is annamh níos mó 'ná Chúig Céim i n-aon líne. Má
bhíonn breis thar chúig cinn ann is gnáth dhá líne do dhéanamh
de san sgríbhinn.



Ruthag. Ní fuláir comhaireamh na gCéimeann do thosnú
ar an gcéad Aiceann san líne. Is minic áfaigh, siollabh nó dhó
Neamhaiceanta roimh an gcéad Aiceann san. Ruthag a tugtar
air sin. Seo samhlaíd air:



Gach | lonnabhile | bor<u>bchuthaigh | tréanchumais | d'fhás



Cheithre Chéim san líne sin:



Gach: Ruthag.



lonnabhile: Céim cheithre Siollabh.



bor<u>bchuthaigh: Céim cheithre Siollabh.



tréanchumais: Céim trí Siollabh.



d'fhás: Céim Aontsiollaibh.



CLEACHTADH.



Céimeanna agus Aicinn agus Ruthaig da thespeáint dona líotibh seo:



1. Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill.



2. Is séice seaca an galar géar so am shnuí.



3. Do mealladh thu a dhuine mar d'imthigh ar thriúchaibh rót.



4. Is truagh liom ná táinig an buanbhile bláthmhar.



5. Sin críochnamh ar sgríbhinn an Athar Domhnall.



6. Tá faraire cliste gan uireasbha dheaghmhúine.



7. Is mithid dam féin mo thréithe ar fad do sgrúdadh



8. I mainistir naomh beidh céir ar lasadh againn.



9. Ná measaidís na spreallairí gur buan ár bpáis.



10. Tá sgamall dubh is ceó druíocht
Ná tógfuíor go bruinne an bhráith.



11. Is duine me dhíolann leann lá.



12. Maidion is me am aonar cois taobh coille duille-ghluise
Ag déanamh na n-ionmanna ba ghnáthach me ann.


L. 9


GUTA AICEANTA.



Nuair a bítar socair ar uimhir na gCéimeann i líne, agus ar
uimhir na Siollabh i ngach Céim, ní fuláir teacht annsan ar an
Siollabh Aiceanta i ngach Céim agus Guta an tSiollaibh sin do
chur san áireamh.



Ar | maidin i | ndé bhí an |spéir gan | cheó,



Cheithre Aiceann, nó Céim, san líne sin:



Ar: Ruthag.



1, maidin i: Céim trí Siollabh, agus a aiceanta ann.



2, ndé, bhí an: Céim dhá Shiollabh, agus é aiceanta ann.



3, spéir gan: Céim dhá Shiollabh, agus é aiceanta ann.



4, cheó: Céim aontsiollabh, agus ó aiceanta ann.



Ar an adhbhar san: a (gairid) aiceanta san chéad
Chéim; é (fada) aiceanta san dara Céim; é (fada) aiceanta
san trímhú Chéim; agus ó (fada) aiceanta san cheathrú
Chéim. Báthadh ar a an fhocail an.



Ní fuláir an Guta céadna aiceanta san Chéim chéadna, ar na
líntibh a fhreagrann dá chéile sa cheathrúin.



Ní fuláir Guta fada do fhreagairt do Ghuta fhada, agus
Gairid do Ghairid.



Guta Méidreachta a tugtar ar an nGuta aiceanta san ar
thosach gach Céime. Áirmhíotar Défhoghracha agus Tré-
fhoghracha, &c., ar na Gutaí Méidreachta, mar chífar ar ball,
(lch 16).


L. 10


CLEACHTADH.



Céimeanna agus Aicinn agus Ruthag agus Gutaí Méidreachta do nocht-
adh dona líntibh seo:



1. Do leanas na bearta so sealad go séanmhar.



2. Maidin aoibhinn bhíos gan bhuairt.



3. Grádh lem anam mo pháistín fionn.



4. Siúd feasta le mian gach bliain ag trácht.



5. A dhuine gan mheabhair 'tá ag labhairt go ceannasach.



6. Tá ní eile ar mh'intinn le rádh anois.



7. Is cásmhar mé 's gach n-aon monuar.



8. Ar sméide súl ar maidin laoi.



9. Dá dtéarnadh Rí Séarlas go tapaidh.



10. A Athair na bhfeart dod chead is déanta guidhe.



11. Beidh éigse um an éag so go cullóideach.



12. Ní léir dam a samhail i nÉirinn ná i Sacsaibh.



13. Mo thruagh thu feasta muna nglacair mo chomhairle i dtráth.



14. Má phósair fear le gean dá éadach úr.



15. Bíodh mo shlán fé'n mbáille i ngealltóireacht.



DEILBH MÉIDREACHTA.



Isé rud é Deilbh Méidreachta ná comharthú a thespeánann
Céimeanna agus Aicinn agus Ruthag agus Siollabha Neamh-
aiceanta agus Gutai Méidreachta, mar do-gheibhtar iad i Líne,
nó i gCeathrúin, nó i nAmhrán, nó i nAiste Filíochta.



Samhláid: Cionnus is ceart Deilbh a cheapadh dhon líne
seo:



A shuaircfhir sháimh, ní sámh do reacaireacht sceóil?



Isé líon na nAiceann a 'neósaidh dhúinn an 'mdhó Céim atá
ann. Is follus go bhfuil chúig siollabha aiceanta ar an líne sin
.i. 1, shuairc-; 2, sháimh; 3, sámh; 4, reac-; 5, sceóil. Dein-
imís Céimeanna agus Aicinn do nochtadh dhó mar seo:



A | shuaircfhir | sháimh, ní | sámh do | reacaireacht | sceóil


L. 11


Isé sin chúig Céim:



A: Ruthag



1. shuaircfhir: Céim dhá Shiollabh, agus ua aiceanta ann.



2. sháimh ní: Céim dhá Shiollabh, agus á aiceanta ann.



3. sámh do: Céim dhá Shiollabh, agus á aiceanta ann.



4. reacaireacht: Céim trí Siollabh, agus a aiceanta ann.



5. sceóil: Céim Aontsiollaibh agus ó aiceanta ann.



Mar sin is féidir Deilbh do cheapadh dhó ar an gcuma so:



(a) Na Cúig Aicinn do chur síos ar dtúis, chun na Céimeanna
do dhealú óna chéile mar seo:



(b) Na Gutaí Méidreachta do chur síos ar an dtaobh dheas
dena hAiceannaibh sin, an ball inar cheart dona Siollabha
Aiceanta dul; mar seo:



(c) An Ruthag, (má bhíonn ann) do chur síos:



(d) Agus fé dheóidh na Siollabha Neamhaiceanta, mar seo:



Cuirimís i gcás an Cheathrú so anois:



A shuaircfhir sháimh ní sámh do reacaireacht sceóil
Ba thuaidh dá ngráin ar scáithcheilt mh'aingilse dhóibh;
Ar tuathal táid; do b'fheárr bheith balbh go mór
'Ná buain le gáir ón gránna gafann do ghlór.



— Pádraigín Haicéad.


L. 12


Dá n-iarrtaí orainn deilbh do cheapadh dhon Cheathrúin sin,
seo mar badh dhéanta é:



Is follus gurab aondeilbh amháin atá ar gach líne ann,
Agus ón uair go bhfuil cheithre líne san Cheathrúin sin, isé an
Deilbh thuas fé cheathair atá ann. Seo mar is ceart é chur
síos:



Agus dá mbeadh chúig cinn de Cheathrúnaibh i nAmhrán,
agus an Deilbh sin ar gach líne ann, agus dá n-iarrtaí orainn
Deilbh do cheapadh dhon Amhrán go léir, seo mar badh cheart
é chur síos:



Ní gádh comhartha an Aicinn [`] do chur san Deilbh. Ní
beag de chomhartha air an Guta Méidreachta féin.



Nuair a bhíonn Deilbh dá ceapadh i gcóir Cheathrún, nó i
gcóir Amhráin iomláin, agus an Ruthag do bheith ar easnamh
i líne, nó i líntibh ann, ní fuláir an t-easnamh san do nochtadh
san Deilbh. Is amhlaidh a cuirtar cuibhreacha .i. ( ) ar
Neamhaiceantaigh an Ruthaig,



Samhlaíd: Deilbh do cheapadh don Cheathrúin seo:



A Chríost is buan 'sis truagh mo ghéarghearán
Ag caoineadh chuaine Fhuarghuirt Éireamháin
Faoidh mo nuall do-chuala céad san Spáinn
Scíth ní dual ar ghuais mo phéine tráth.



— Pádraigín Haicéad.



(a) Chúig Aicinn san Cheathrúin sin .i. Chúig Céim.



(b) Na Gutaí aiceanta



(c) An Ruthag: An trímhú líne agus an Cheathrú líne
tosnuighid siad ar an Siollabh aiceanta. Tá Ruthag
ar easnamh ionnta. Ar an adhbhar san ní fuláir
cuibhreacha ar an Ruthag mar seo: ( ).


L. 13


(d) Na Siollabha Neamhaiceanta: Ceann amháin san Chéad
Chéim, agus san Dara Céim, agus san Trímhú Céim,
agus san Cheathrú Céim.



Sidé a Deilbh, mar sin:



CLEACHTADH.



Deilbh Méidreachta do cheapadh dona ceathrúnaibh so:



1. A Athair na ngrása tárrthuigh mé
Is maith dham gach cáin dá ndeárna claon,
Maith dham i dtráith faid táim san tsaoghal
Mar mhaithimse 'o chách le grádh dhuit féin.



— Donnchadh Ruadh.



2. 'Na luighe san chúil is dubhach gan ghiodam gan ghlór,
Le mí gan dúil i sughchas, scige ná spórt,
Gan suim, gan súil, i n-ughdair oilte gan tóir,
'Na shuíste súighte os cionn na teine gan deóir.



— Donnchadh Ruadh.



3. Do ró-chuir i gcómbruid 's i ngéibheann cnaoi
Ógbhaidh na Fódhla 's a tréinfhir tríd:
'Na sróllchulaidh bródchuir mar éirgheas sí
Nach cló ar bith i gcomhchruth do Vénus i.



— Céitinn.



4. A fiche 's a dathad 's a ceathair 's a trí is aos dam
Ag fuirse 's ag grafadh 's ag casadh le claidhe dhéanamh
Ag feitheamh le hatharach beatha de druim sgéalta
Gur thuiteas im sheanduine dealbh gan lí-lé orm.



— Liam Aerach Ó Conaill.



5. Tá Laoiseach ar taoide 's is dána a bhéim
'S an tImpre dhá chuimhdeacht 's an Spáinneach tréan
Ní stríocfaid don scríb sin go bhfágfaid saor
Maoirseacht trí ríoghacht age grádh mo chléibh.



— Eóghan Ruadh.



6. Pé chífeadh uaidh gach ruathar bróin
Gach daoirse chruaidh gach cruatan íós
Gach sceímhle fuair ár n-uaisle róinn
Badh líonta a ghruadh le duartan deór.



— Seán Ó Tuama.


L. 14


FORMAIL MÉIDREACHTA.



Go dtí so ní bhíodh i gceist againn acht Ceathrúna agus
Amhráin go n-oireadh an t-aon Deilbh amháin do gach líne
ionnta. Nuair a bhíon malairt méidreachta ar na líntibh i
gceathrúin ní mór Deilbh fe leith do cheapadh do gach malairt
dá mbíon ann. Annsan ní fuláir na Dealbha san do thabhairt
le chéile i bhfuirm Formaile do réir úird na línte san Cheathrúin.
Is air sin a tugtar mar ainm Formail Méidreachta.



Beidh samhlaídí go leór againn air sin nuair a bheam ag
trácht ar Ghnéithibh Ceathrún. Ní beag ceann amháin annso:
Dealbhadh agus Formail don Cheathrúin seo:



A bhile dhen fhuirinn nach gann
Ba chuireata i n-am gach cluiche nirt,
Ná tuigthear do mhisneach go fann
'S a ghirreacht duit cabhair is cuideachta.



— An Mangaire Subhach.



Sidé an Deilbh atá ar an chéad líne:



Tugaimís A ar an Deilbh sin. Sidé an Deilbh atá ar an dara
líne:



Tugaimís B ar an Deilbh sin.



Ar léigheamh an trímhú líne dhúinn, tugaimíd fé ndeara
gurab ionann Deilbh dhi agus don chéad líne .i. Deilbh A.
Agus ar an gcuma gcéadna chímíd gurab ionann Deilbh don
cheathrú líne agus don dara líne .i. Deilbh B. Má chuirimíd
na Dealbha san i ndiaidh a chéile do réir úird na línte san
Cheathrúin gheóbhaimíd:



Dá réir sin isé is Formail dó:


L. 15


CLEACHTADH



Dealbhadh agus Formail dona Ceathrúnaibh seo:



1. Ar theacht di fám linn ba chruinn a hamharc
'S do bheannuigh le suim go binn dom shamhailt
Do fhreagras í gan deabhadh gan díth
'S níor bh'aithis liom suidhe ar feadh mí 'na haice.



— Piaras Mac Gearailt.



2. Tréigfead mo charaid 's mo cháirde gaoil
'S tréigfe me a maireann de mhnáibh an tsaoighil;
Ní thréigfead lem marthain tu a ghrádh mo chroidhe
Go sínfar i gcomhrainn fé chlár me.



— Sean-amhrán.



3. Thug Mars a chlaidheamh 's a réim do,
Is Bacchus fíonta craorac
Barra gníomhartha
Stair is intleacht
Gean is gnaoí ó Vénus.



— Tadhg Gaedhlach.



4. Is brónach mo thocht
Go tóirseach am shlad
Is crólag mo chorp
Is deórach mo dhearc



— Séafradh an Ghleanna.



GUTAÍ MÉIDREACHTA.



Isé rud é Guta Méidreachta ná an Fhuaim ghutuí a thagann
san bhall aiceanta i gCéim Filíochta, agus nach fuláir a chur
san Deilbh.



Ní fuláir Guta Méidreachta i dtosach gach Céime, mar is
ann a thagann an tAiceann. Acht gheibhtar Guta Méidreachta
i measg na Neamhaiceanta san Chéim, uaireanta.



Ní do réir na sgríbhinne a ghabann an Guta Méidreachta,
acht do réir na Canúna.



[Tá Eisceachta ón riail sin i gcásaibh na bhFocal go
bhfaghtar Canúint aosta ortha fós san bhFilíocht. Féach
lch. (36-7). Acht i dtaobh urmhór d'Fhilíocht na Nua-
ghaedhilge isí an chluas a nochtann an Guta Méidreachta,
agus ní hí an tsúil. Rud eile, bíonn malairt ar Ghutaíbh
Méidreachta ón bhfile go chéile do réir na gCanúintí
Gaedhilge a bhíonn aca.]


L. 16


Geintar Guta Méidreachta ar Cheithre shlighe:



(a) Ón nGuta féin.



(b) Ón nGuta is treise i nDéfhoghrach.



(c) Ón nGuta is treise i dTréfhoghrach.



(d) Ó chnuasach Litreach (idir Chonsoiní agus Gutaí) a
nochtann Guta áirithe san Chanúint.



Áirmhíotar Cheithre cinn déag de Ghutaí Méidreachta i
bhFilíocht na Gaedhilge ó Leath Mhogha. Sidiad i bhfuirm
Chláir iad insna comharthaí ar a bhfuil socair againn dóibh i
gcóir Deilbh Méidreachta:



Gutaí Méidreachta.



A nGnéithe



A gComharthaí



Fada



Gairid



[Tuigthar ná fuil insna Comharthaí sin acht áisí chun
fuamanna gaolmhara Gutaí do chur i bprataing — fuamanna
nur bh'fhéidir leó éirighe i n-aon cheann den cheithre
slightibh thuas, agus fuamanna a ghabhann le chéile san
bhFilíocht.



I dteannta na coda san bainimid feidhm as ü don Ghairid
Neamhchruinn, agus as x i gcóir malairt Ghuta Méidreachta
ón Líne go chéile. Fágann san sé cinn déag ar fad de
Chomharthaí againn. Agus leó san fhéadfar Deilbh do
cheapadh d'aon aiste Fhilíochta a bhuailfidh umainn san
Nuaghaedhilg.



Nuair a bhíonn Srónú ar Ghuta Méidreachta, agus más
gádh é chómharthú san Deilbh, is mar seo is déanta é .i.
^ os cionn an Ghuta.


L. 17


Ní mór a chómhairliú dhon Sgoláire na freagraid ua
agus ú dá chéile; ná ia agus í acht chomh beag. Cuirimís
i gcás, cruatan: dúthreacht; bliain: mín; agus a leithéidí, a
gheibhtar go minic ag filí nua, ní ceart iad.]



Sidiad Comharthaí na nGutaí Méidreachta, agus samhlaídí
i bhfoclaibh aonair ar gach cuma ina ngeintear iad:



á



(a .i. ón Ghuta): cás, sásamh, gárlachaibh.



(b .i. ón Défhoghrach): fáisg, láirín; feárr, beárrtha.



(c .i. ón Tréfhoghrach): a Sheáin, deáidh.



(d .i. ó Chnuasach Litreach): fagháil (= fáil); cneadha
(= cneá); grádhaim (= gráim); Baile Átha Cliath (= Bleá
Cliath); tabhairne (= táirne); deaghaithreach (= deái-
threach).



a



(a): fad, madra, bachalach.



(b): tais, maidin, fairsinge; ceart, cleachtaim, freastalach.



(c): a Pheaidí.



(d) snaidhmithe (snaimithe).



[Malartúchán:



á: a: fearr: fearra; geárr: gearra; fé ndéar; fé ndeara.



a: o, e, í:- faicsint: feisgint; caigilt: coigilt; snaidhmeadh
(snaime): snuime.



á: ó:- gabháil (guail: góil).]



ó



(a): lón, córa, mónadán.



(b): óil, bróige, cóirithe; sgeól, feóchta, meórlaga.



(c): treóir, breóite, ceóilbhinneas.


L. 18


(d) romhar (rór); lonnradh (lóra: lüra: loura); modhmhail
(môil: mouil): meadhón (meón); gheobhair (gheóir);



leoghanta (leónta); leomhan (león); Domhnall (Dónal);
comhgus (congus); feóidhte (feóite).



(a): bog, ortha, modartha.



(b): deoch, eochair; toisg, cloisim, oirfideach; beag.



(c): ar easnamh



(d): gabhtha (gafa: gofa).



[Malartúchán: Féach fá a thuas.
o: u: romhar (rór: rúr); comharsa (corsa: cursa.]



ú



(a): fúm, súgra, dúluithe.



(b): cúil, búirtheach, lúibíní, siúr, fiúntachas.



(c): ciúin, sciúrse, giúrléidí.



(d): dubhach (dúch); cumhdach (cúdach); fiughantach
(fiúntach) prionnsa (priúnsa); tabhairt) (túirt); congan-
tach (cúntach); ionnraic (úraic); diubhraicthe (diúraice);
siubhlfad (siúlhad).



u



(a): guth, muclach, sursainge.



(b): muil, muirear, stuidéartha; fliuch, fiuchadh; riocht,
miollam, siollaireacht.



(c): ar easnamh.



(d): ar easnamh.


L. 19


[Malartúchán: Féach fa o thuas, agus fé ua thíos.



ú: ou:- tabhairt (túirt: touirt).



u: ou: iompuigh (úmpaigh: oumpaigh);
prionnsa (priúnsa: preounsa);
geamhar (geour: giúr).]



(a): cré, éclips.



(b): féar, séanadh, tréanghothach; léim, féinne, céileachas;
lae, Caesar, Gaelachas; maol daora saobhráite.



(c): ar easnamh.



(d): saoghalta (saolta); Gaedheal (Gaol); faobhar (faor);
aeruidheacht (aeruíocht); glaodhach (glaoch); buidheach
(baoch).



(a): le



(b): ceil, deirim, eilithreach; air; toil, oiread, oineach.



(c): ar easnamh.



(d): ar easnamh.



[Malartúchán:



é: í: saoghal (saol: suíol); caol (caol: cuíol); craobh
(craobh: cruíobh): buidheach (baoch: buíoch).



é: y: éirigh (éirigh: eyrig).



e, í: y: deimhin (de-mhin, di-mhin: deyn).



e: i: oiread (eiread: iread); oileán (eileán: íleán).]



í



(a): mín, díbirt, dísbeagadh.



(b): bhíos, cíoradh, críochnuithe.



(c): gnaoi, caoineas, maoirseachta.


L. 20


(d): fill (fíll); grinn (gríng); suim (suím); innsint (ínsint);
linntshruth (língtruth); roimpi (ruímpi); timcheall (tíom-
pull); luigheann (luíon); claidheamh (cluíomh); fuighlach
(fuíolach); coimheasgar (cuíosgar); choidhche (chuíthe);
coimhightheach (cuíothach); cuimhdeacht (cuídeacht);
muinntear (muintear); millte (mílte); roimhe (ruí); coill
(cuíll); guidheachtain (guíochtain); trillseach (trílseach);
teimheal (tíol); sgriobhadh (sgrí); geimhleacha (gíleacha);
geimhreadh (gíre); cuibhreacha (cuíreacha).



i



(a): bith, gile, fireanna.



(b): fios, giolla mioscaiseach; tuig, uirthi; fuinneamh,
cuisleannach; oiread, oileán, oinniúin.



(c): ar easnamh.



(d): croidhthe (cruithe); righthe (rithe); laoidhthe (luithe).



[Malartúchán: Féach fé a, agus fé é thuas, agus fé ia,
ua thíos:



i: y: fill (fíll: fyll); suim (suím: sym); grinn (gring:
gryng); roimpi (ruímpi: rympí); muinntear (muín-
tear: mytear); coillte (cuíllte: cyllte).



i: y:- roimhe (ruí: ry); geimhreadh (gíre: gyre);
teimheal (tíol: tyol).]



ua



(a): Ó's rud é gur Défhoghrach "ua" ní féidir leis éirighe
de bharr Ghuta aonair.



(b): buan, luathuigh, dualguisí.



(c): suairc, luaimneach, gluaiseachta.


L. 21


(d): dubhairt (duairt); buaidhirt (buairt); cruadhas (cruas);
chuadhamair (chuamair); luadhail (luail); nuaidheacht
(nuacht); suaimhneas (suaineas); uabhar (uar); uaigh-
eanna (uanna).



[Malartúchán: Féach fé o thuas.



ua: ó:- nuaidheacht (nuacht: nócht); sluagh: slógh.



ua: ú:- dubhairt (duairt: dúirt).



ua: i: buaint (buaint: buint).]



ia



(a): ar easnamh. Féach fé ua thuas.



(b): fial, iarracht, iasachta.



(c): sriain, diaidh.



(d): bliadhain (bliain); fiadhnaise (fianaise); fiaidhne
(fiaine).



[Malartúchán:



é: ia:- sgéal (sgéal: sgial); néata (néata: niata).



í: ia:- tighearna (tíorna: tiarna).]



ou



(a): gann, fonn, am; ampal, fallsa, mall, manntach; ann-
sachta.



(b): ceann, meall; feallbheart; seangbhruinneal.



(c): ar easnamh.



(d): gabha (gou); fobha (fou); rogha (rou); reamhar
(rour); foghlach (fou-lach); modhmhaileacht (mou-leacht);
naimhdeach (nou-deach); cneamhaire (cneou-re); samh-
lachas (soulachas).



[Malartúchán: Féach fé u thuas:



ou: o:- modhmhaileacht (mou-leacht: mo-leacht);
lonnradh (lou-ra: ló-ra).]


L. 22


y



(a): Fill (fyll), tinn (tyng).



(b): greim, spreill; goill, roinnt, soillseach.



(c): ar easnamh.



(d): fadhb (fyb); madhm (mym); adhastar (aystar); gaibhil
(gyl); deimhin (deyn); meidhreach (mey-reach); feidhil
(feyl); deaghas (deys); deimheas (deys).



[Malartúchán: Féach fé e, i thuas.]



CLEACHTADH.



Deilbh do cheapadh dosna líntibh seo:



1. Im aonar seal ag siubhal bhíos.



2. Dá bhfaghainnse cead aighnis no radharc ar an gcoróin.



3. Ó Chaiseal na ríogh go Laoi na sguab.



4. Tá daolbhrat ar Phoébus go féar.



5. A ainnir is áille lámh ar bhratachaibh sróill.



6. Is freastalach cóisreach a seólbhrugh leathan.



7. Oighreacht t'athar go ngabhairse a thaidhgín bhuidhe.



8. Lá meidhreach dá ndeaghassa liom féin.



9. Is fada me ag gluaiseacht ar thuairisg mo ghrádh.



10. Maidin gheal drúchta 's gan smúit ar a brógaibh.



11. Is dian a sgreadann an seanduine Seóirse.



12. A annsacht ná sanntuigh-se baothlach
Ná stampa ná réidhfeadh do bhrón.



13. I n-aois bheith suas i n-uachtar céime ár mbláith.



14. Fá thuairim Éireann déanam ólachán.



15. Fá shróin an stáit ba ghnáth a gcogadh i ndíormaibh.



16. Guidhim réimheas mar badh dhual dó, don chruadh-churadh ór shíol-
ruigh



An chéibhfhionn bhéasach cheannasach rug céim barra ar óghaibh.


L. 23


AN GAIRID NEAMHCHRUINN.



Na Gutaí Gairide seo u, i — agus uaireanta leis o, e — agus na
Défhoghracha so is gaolmhar dóibh, io, iu, oi, ui agus ei, is
minic nuair a bhíd siadsan aiceanta go ngabhaid siad le chéile
san bhFilíocht. Fé mar is follus ón Léiriú thuas ní rómhór an
soláthar focal atá fé aon cheann desna Gutaíbh Gairide. Ar an
adhbhar san, na cinn go bhfuil fuamanna aca cosmhail lena
chéile is minic a cuirtar ag freagairt dá chéile iad. Ní oirfeadh
aon cheann aca mar chomhartha dhon Deilbh. Isé Comhartha
a bhíonn againn dóibh ná u. An Gairid Neamhchruinn a tugtar
air sin.



Samhlaíd:



Ní taise d'aon ghliogaire file do mhaoidhfeadh
Cumas na buidhne críona do mheath
Aicme le doille ná feiceann aon spíce
Ó uireasbha scíthe ag cuimhdeacht a mban.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh sin:-



Ar an adhbhar san. A Fhormail



Tugtar fé ndeara na Focail go bhfuil an Gairid Neamh-
chruinn ionnta annsan:



gliogaire: io ann.



file: i ann.



cumas: u ann.



doille: oi ann.



feiceann: ei (=i) ann.



Agus mar sin dóibh. Is ceart u do chur san Deilbh dhóibh.


L. 24


CLEACHTADH.



Deilbh do cheapadh dhóibh seo:



1. An tan chonnacsa an spéirbhean, sléachtaim dise gan stad
Is do dhruideassa féin do chéim 'na coinnibh abhfad;
Fiosruighim cé an taobh den chruinne ónar ghabh;
"No an den chine ghlic dhaonna i n-aonchor sibhse a bhean?"



— Seán Clárach.



2. Bhí gile na heala gan teimheal le lasair
Ag siosma 's ag caismirt 'na gruadhnaibh
'S ní dlighthear do cheachtar díobh urraim ná gradam
Ná ionad 'na haighthibh chun suaimhnis.



— Eóghan Ruadh.



3. Corruigh go léir i n-éifeacht duan
Is seinnidhse dréacht do réir na suadh,



— Seán Ó Tuama.



4. Is osgardha ag cosgairt a namhad
Le fuinneamh gach crobhaire Chine Scuit
Sgriosfar as Inis gach gall
'S is sinn a bheidh teann 'na bhfionnabhruigh.



— An Mangaire Subhach.



5. A bhfuarais d'ulc ag troid fá iath do shean
Do thuairisc shuthain tug mar Bhrianach beacht
Ualach t'fhine i mbriseadh riaghla is reacht
Fuascladh broide a n-oirir d'fhiachaibh air.



— Pádraigín Haicéad.



6. Fiche bean bhinnis gan ionar gan cruinniú bruit,
Gan oiread na luide ó mhullach go sioth-ghlúnaibh,
Ar muirir, ar mire, is mise cé mionbhrúite
Chugaibhse cuirim, a Risteard Uí Mhurchadha anoir.



7. Do-chím gur tubaisteach turas an óil seo ghnáith
Do-chím na hiosgada uireasbach fórlag tláth
Do-chím an duine le duille gan treóir sa tsráid
'San trímhú duine gan focal 'na bheól ar áird.



— Séamus Inglis.



BÁTHADH.



Ós rud é gur do réir chanúna a théigheann áireamh na
Siollabh i gCéim, ní fuláir bheith aireach i dtaobh Gutaí go
n-imthigheann Báthadh ortha san chainnt, ar shon go mb'fhéidir
go mbeidís insan Sgríbhinn.


L. 25


Nuair a thagann dhá Shiollabh neamhaiceanta le hais a
chéile, an chéad Shiollabh ag criochnú ar Ghuta agus an dara
ceann ag tosnú le Guta, ní airightar san Chainnt acht fuaim
Ghuta amháin. Deirtar go mbáittar ceann desna Gutaí sin. Is
ar an nós san a tugtar Báthadh mar ainm. I n-ionad dhá
Shiollabh a bheith san Chainnt ní bhíonn ann ach Siollabh
amháin.



Samhlaídí:



(a) Ba chamarsach léise a céibhe dlútha.



Na Siollabha Aiceanta annsan a thespeánann cionnus an
Líne do roinnt 'na Chéimibh; mar seo:



Ba | chamarsach | léise a | céibhe | dlútha.



Agus a Dheilbh dá réir sin:



Do réir na Sgríbhinne áfach, tá trí Siollabha san dara Céim:



Acht, an Siollabh Neamhaiceanta -se críochnuíonn sé ar
Ghuta, agus an Siollabh Neamhaiceanta -a 'na dhiaidh tosnuíonn
sé le Guta (níl ann acht Guta); agus san Chainnt deintar aon-
tsiollabh amháin díobh. Sleamhnuíotar thar an a; nó, mar
adeirtar é, báittar an a.



(b) Ag feacadh is ag fás go sáil léi ar baillichrith.



Seo mar is ceart é sin do léigheamh:



A' feaca 's a' fás go sáil léi'r baillichrith.



Agus a Dheilbh mar seo:



Tá Báthadh fé dhó ann



(a) feacadh is ag. > feaca 'sa.



(b) sáil léi ar > sáil léi'r.


L. 26


Imthigheann Báthadh leis ar Ghuta Neamhaiceanta a lean-
ann Guta Aiceanta.



Samhlaídí (ó Eóghan Ruadh):



(a) Thug daoltheimheal caoidh ar a haighthe ciodh óg.
Leightar: caoidh'r a.



Agus a Dheilbh mar seo:



(b) I gclódh an óir gan scamall gan cheó.
Léightar: I gcló'n óir.



A Dheilbh mar seo:



Uaireanta, leis, báittar an Neamhaiceantach roim an
Aiceantach, mar atá:



Ní scarfadh gan phlé duine éigin díobh.
Abarthar: duin' éigin.



A Dheilbh:



[Is minic a gheibhtar an Báthadh ó dheire Líne go dtí
tosach na Líne 'na dhiaidh; mar seo:



Dá gcabhair atá na Spáinnigh chalma
Ar mágh 's ar machaire d'fhág fá tharcuisne
Ar feódh cóip na Sacsan gan treóir.



— Eóghan Ruadh.



Léightar annsan:



(a) na Spáinnigh chaluma'r mágh, agus c.



agus



(b) d'fhág fá tharcuisne 'r feódh, agus c.


L. 27


Ní ceaduithe san Ghaedhilg Méan, nó Hiatus i lár buill
Abairte, nó idir dhá Ghéig Abairte gur dual dóibh, do réir
Chanúna, rith isteach ina chéile. Dá gcuimhnídís ár bhfilí
nua air sin ní bheadh an Méanú chomh iomadúil aca agus a
bhíonn.]



CLEACHTADH.



Deilbh do cheapadh dosna Líntibh seo, agus an Báthadh do chur i
n-iúil:



1. Fad mhairfir ná tréig me a Mháire.



2. Níl fán ná mearughadh ar ghlanchrú an leinbh seo adubhart.



3. Tá an Ghráinseach, deirim, gan sonas gan séadaibh.



4. Freagairse mé an tú an ainnir ón nGréig.



5. Geallaim díbh nach fada arís gur buartha an gháir.



6. Mo chaoinruisg dá leaghadh ionnam mar chaor.



7. Tá gléire an tsneachta gach lá 'na píb.



8. Suadha is inscne is intleacht éigse is órd.



9. I Lios Cearrbhaill níor cheangailte ar láimh air.



10. A Dhé led deaghchroidhe an nglacfaidhe uaim chugaibh.



11. Is mairg thug searc do lathairt tuile an tsaoighil bhróin.



12. Ar mbíodhbha ag bualadh ár gcruach, 's ár spré 'na láimh.



13. Ag fagháil an lae ar an bhfuirinn uile.



14. Atá ag teacht i mbarcaibh sárdhín.



15. Ceó draoidheachta i gcoim oidhche do sheóil me.



16. Mar shídhchruit gach nóta óna béal.



17. 'S ní chlaoidhfinnse m'intinn 'na dheáighsin
Chun luighe ar sheasamh gárda lem ré.



ORNÁIDÍ.



Na bunrialacha a bhaineann leis an bhFilíocht isiad a bhí dá
léiriú againn go dtí so. Acht tá rudaí eile go mbainid na filí
feidhm asta ina ngréasaibh, agus ní mór dúinn eólas do chur
ortha anois. Saghas ornáideachta nó deisiúcháin iseadh iad.
Níl aoncheann aca riachtanach, do réir dhlighe; acht tá cuid aca
chomh coitianta san nach misde a rádh 'na dtaobh go bhfuilid
de rigeur i ngnéithibh áirithe Filíochta. Isiad san (a) Uaim,
agus (b) Comhfhuaim, agus (c) Guta Neamhaiceanta Méid-
reachta, agus (d) Aicill, agus (e) Conachlann.


L. 28


A. UAIM.



Isé rud é Uaim ná dhá Aiceann, ar a laighead, as a chéile i
líne do thosnú ar Aonchonsoin nó ar Ghutaíbh.



Samhlaídí:



(a) Mo chás mo chaoi mo cheasnadh.



Trí hAicinn san líne sin, agus gach Siollabh Aiceanta
aca do thosnú le ch.



(b) Do leanas na bearta so sealad go séanmhar.



Dhá Aiceann as a chéile seal- agus séan-. An litir s ar
tosach an tSiollaibh ionnta araon.



Nuair a gheibhtar Uaim is gnáth dhí bheith:



(a) Ar Uaillbhreasaibh:



Mo threighid mo thiubaist mo thurainn mo bhrón mo dhíth
A Dhiagláin órdha onóraigh a Easboig.



(b) Ar an dá Aiceann deiridh i líne:



Níl caladhphort fán mBanba mbánbhuig.
A pheacadh na mionn thug glam ar Ghaedhlaibh.



(c) Ar Fhoclaibh dlúthcheangailte dá chéile i dtaobh Graiméir
nó Céille:



Rith na reann is geall re gábhadh.
Ní léigfear leat céirse ná cúisín sróill.
Dámadh beo árdfhlaith Áine is Droma Daoile.
Do stracais do stroillis go hifreann daor leat.



[Ar shon ná fuil an Uaim riachtanach dhon bhFilíocht
anois, is mór an deisiú ar Líne í bheith uirthi. Taitneann
sí leis an gcluais. Agus nuair a bítar ag tabhairt tuairisge
ar Fhilíocht ina mbíon Uaim ní mór tagairt di.]


L. 29


CLEACHTADH.



Deilbh do cheapadh dosna líntibh seo, agus tuairisg ar aon Uaim dá
bhfuil ortha:



1. Bruthgháir beannacht id bhathas anuas do ghnáth
A chuid ghráidh, ghlacas an chrannchruit chuardach cháidh.
Le sruthán seanma snasta go suadhach sámh
An dubhán alla do bheanais a cluasaibh cháich.



2. Buaidhreadh báthadh beárnadh bascadh agus brón.



3. Do chuala indé ag maothlach muinnteardha.



4. Do b'fhearr an faraire fearamhail fíormhaith.



5. Ba mhinic 'na dhún me súgach saor leis.



6. Is tartmhar 's is tirm tá an fhuireann tug iomchur mór.



7. Ná cuireadh beart ar bith fearg na fraoch ort.



8. Seo scéala thug danaid is deórán.



9. Is gradam is grádh le páirt na naomh.



10. Ní beag an chreach an casca bríoghmhar buan.



B. COMHFHUAIM.



Nuair a bhíon os cionn trí Chéim i Líne Filíochta — agus
uaireanta ar Líne Thrí gCéim féin — is gnáth dhá Chéim i lár
buill na Líne, nó ina tosach, d'iomchur an Ghuta chéadna Méid-
reachta agus é aiceanta. Comhfhuaim a tugtar air sin.



Samhlaídí:



(a) Is innis 'na dheóidh dá chóisir chliaraigh sin.



Sidé a Dheilbh sin:



Chúig Céim atá ann. An Guta ó aiceanta san Dara
Chéim agus san Trímhú Chéim. Dá réir sin deirimíd
go bhfuil Comhfhuaim ar "ó" ón Dara Chéim go dtí an
Trímhú Chéim, .i. i lár buill na Líne.


L. 30


(b) Ag ríoghraidh cé bhínnse do bhárr ar chéad.



Sidé a Dheilbh sin:



Cheithre Chéim san líne sin. Agus tugtar fé ndeara
ann Comhfhuaim ar "í" ón Chéad Chéim go dtí an Dara
Céim .i. i dtosach na Líne.



(c) Ar bhfaicsin na heachtra gránna.



Sidé a Dheilbh sin:



Trí Chéim annsan. Agus Comhfhuaim ann ar "a" ón
Chéad Chéim go dtí an Dara Céim, .i. i dtosach na líne.



CLEACHTADH.



Deilbh do cheapadh dona Líntibh seo, agus an Chomhfhuaim do chur i
n-iúil:



1. Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill.



2. De dheasgaibh mná tháinig peacadh an tsinsir.



3. Do sgeinn as cúl nó as cúinne éigin.



4. Géillfead dod naomhthoil go sásta siodhach.



5. Tá Seóirse go breóite 's a mhuinntir.



6. Tá lasadh san spéir 's an ghréin gan sgamall.



7. Péinbhruid is léirscrios is sgeimhle, a Sheáin.



8. Searbh an dáil, a bháis, a chréice chrín.



9. Go déadhnach is Phoébus fá neóll.



10. Tháinig bruinneal na gcuach gcuanna ó thaobh na trágha.



11. Má mhionnas an bhachall ní tarcuisne dhí an fáth.



12. Ag guidhe leis an rígh cheart 's le Gráinne Mhaol.



13. Ní áirmhim ar ársacht na mórfhlaith.



14. Ar Shliabh gheal gCua rug buadh na féile.



15. Beir beannacht óm chroidhe go tír na hÉireann.


L. 31


C. GUTA NEAMHAICEANTA MÉIDREACHTA.



Is gnáth gan an Guta Neamhaiceanta d'áireamh san Deilbh.
Uaireanta áfach, fightar Guta Fada, nó deise dá shórd, ar an
Mhéidreacht i siollbhaibh neamhaiceanta. Má ritheann sé sin,
tríd an gCeathrúin, nó tríd an Amhrán ar fad, ní mór é áireamh
san Deilbh.



Samhlaídí:



(a) A Mhíchíl, a rímhaoir 's a thréinmhic Duach.



A Dheilbh sin:



Cheithre Chéim annsan. Comhfhuaim ann ón Chéad
Chéim go dtí an Dara Céim. Trí siollabha i gceachtar dhen
dá Chéim sin. Tá "í" aiceanta ar an gCéad Shiollabh
ionnta, agus "í" neamhaiceanta ar an Dara Siollabh, maraon
le siollabh eile neamhaiceanta.



(b) Is ceasnaidhe bróin i bhFódla is mairg do-chí.



A Dheilbh sin:



Tá "í" neamhaiceanta do dheise ar an Chéad Chéim ann-
san.



(c) Oiléan Carrún laglúb líomhtha léir.



A Dheilbh sin:



Tá "é" neamhaiceanta san Chéad Chéim annsan, agus
"ú" neamhaiceanta ar dhá chuid na Comhfhuama ann i lár
buill na líne. Ní mór Gutaí na Neamhaiceantach san do
nochtadh san Deilbh fé mar atá thuas. Filíocht an-
ealadhnta iseadh é.


L. 32


CLEACHTADH.



Deilbh do cheapadh dona líntibh seo, agus aon deisiúchán neamhaiceanta
dá bhfuil ionnta do chur i n-iúil:



1. Adeir léireólach léightheóra sgríbheann.



2. Is diombáidh choidhche i gcríochaibh fairsing Fódhla.



3. Ba lánéacht mór le cómhairaemh trian de im stair.



4. Seo an cúig ar ná cúbadh ó sparainníbh lann.



5. Dá bhfiadainn dán deársgnach do cheapadh trí rún.



6. Bíodh nár Ghaedheal Éadbhard glan eagnaidhe Lhwyd



7. A Mhic Mhuire na ngeal-lámh ghlac páis daor is pudhair.



8. Is buadhach bruighnach sluagh sidhe sin Chaisil is Mháighe.



9. Deóir dighe níor órduighis a tharraint le bliain.



10. Ag reic mo cheathrún 's ag smachtú mo thréada.



11. Ag creachadh 's ag crochadh 's ag coscairt na mbochtán riamh.



12. Athghoir do Mhac do ghaibh it fhionnachlí feóil.



13. A Dhé na ndeaghgníomh smachtuíos uaill gach fir.



14. Imtheóidh a bhfuil beó is a dtáinig riamh.



15. Do chonnac na Gaoidhil úd síodamhail séadach seal.



D. AICILL.



Nuair a bhíon malairt Deilbhe ón Líne go chéile .i. A + B
agus go ndeineann A + B sin leath na Ceathrún nó an cheathrú
chuid di, is gnáth ceangal Méidreachta idir an dá líne sin. Isé
ceangal a bhíonn ann ná na Gutaí Méidreachta i ndeire Deilbh
A do theacht arís i dtosach Deilbh B.



Aicill a tugtar ar an gceangal san.



Samhlaídí:



(a) Stadaidh is sgéithfead sgéal na sgataí
Ar mhaodhm ar mhailís Shátain
Ar ghangaid ar ghéarghoin gaotha an ghaduí
'S ar chlaonchuir chathaí an chneáire;
Do mealladh leis céad thar ceadtha i gcathaoir
Do léigheadh go glan díocht neámhdha
Is preabaidhse ón bpéist fá ghéagaibh geanmnaí
Phéarla an Phaidrín Pháirtigh.



— Tadhg Gaedhlach.


L. 33


A Dheilbh sin:



Ar ab adhbhar san A Fhormail = 4(A + B).



Tugtar fé ndeara an dá Chéim dheiridh ar Dheilbh A ("é"
aiceanta agus "a" aiceanta), agus cionnus mar deintar aithris
ortha san órdú chéadna i dtosach Deilbh B. Dá réir sin deirtar
go bhfuil Aicill Dhúbalta ón gcuid deiridh de Dheilbh A go dtí
an chuid tosaigh de Dheilbh B. Is Aicill Dhúbalta é toisg
aithris ar an dá Chéim do bheith ann.



(b) Am aonar seal ag róduíocht
Cia seólfaí im choinne lá
Acht an spéirbhean mhaiseach mhóirmhín
Sí Móirín Ní Chuileanáin
Ba réidh ba rathmhar ró-ghroidhe
Ba chóir cíortha cliste cáidh
A craobhfholt cas mar ór buídhe
'Na thóirsí go troighthe ag fás.



— Seán Ó Tuama.



A Dheilbh sin:



Agus a Fhormail = 4(A +B).



Aicill Dhúbalta ann ón gcuid deiridh de Dheilbh A go dtí an
chuid tosaigh de Dheilbh B.



(c) Isé do leónuigh mo chumas
An bonnaire fiadhphuic fáin
Do léim thar teórainn de thuraic
Ler milleadh le cian an mádh;
Faolchoin fóirnirt le fuinneamh
Chuir brise air ó thriall a ghnáis;
D'éimigh sé comhrac gan misneach
Is d'imthigh ó rian a námhad.



— Seán Clárach.


L. 34


A Dheilbh sin:



Agus a Fhormail = 4(A + B).



Tá Aicill Aonair ón Chéim dheiridh ar Dheilbh A go dtí an
Céim tosaigh ar Dheilbh B. Tugtar fé ndeara u (an Gairid
Neamhchruinn) ionnta araon.



(d) Níor ghéilleas riamh do ráidhtibh
File fáidh ná draoi
Go bhfuair an Vulcán gránna
Vénus bhreágh mar mhnaoi,
Nó go bhfeaca péarla an bháinchnis
Le toil a cáirde gaoil
Gan rogha nó malairt áruis
I bhfochair Sheáin Uí Dhíghe.



— Piaras Mac Gearailt.



A Dheilbh sin:



Agus Formail na Ceathrún = 4(A + B).



Tá á aiceanta ar an gCéim dheiridh ar Dheilbh A, agus arís
ar an gCéim i lár buill Deilbh B. Dá réir sin deirtar go bhfuil
Aicill Aonair ó cheann deiridh Dheilbh A go dtí lár buill Deilbh
B.



Tá an saghas san anachoitianta.



CLEACHTADH.



Deilbh na gCeathrún so do cheapadh, maraon le tuairisg ar an Aicill
ionnta:



1. Mo shlán le dúthrach d'Éirinn
'S do Ghaedhil bhocht le gile ghrádha;
'S mo shlán le dúithche dearach
Glan Déiseacha uile ghnáith;


L. 35


Mo shlán le Dún na méithbhreac
Na séimhfhear 's na mbruinneal mbán,
Do thráchtfadh liomsa ar naomhthacht
An Éinmhic sin d'fhuiling páis.



— Tadhg Gaedhlach.



2. Beidh easpairt go fairsing le fonn
I mBanba 's logha lá 'il Muire againn;
Beidh Sailm na Marbh i dTeamhair
Dá canadh 's gan beann ar Mhinistir.



— An Mangaire Subhach.



3. Aitchim ar Mhuire 's ar Íosa
Go dtaga sí arís chughainn slán,
Go mbeidh ringcí fada ag gabháil timcheall
Ceól bheidhlín is teinte cnámh,
Go dtógfar an baile seo ár sinsir
Cill Cháis breágh arís go hárd,
'S go bráth nó go dtiocfadh an díleann
Ná feicfar í arís ar lár.



— Seanamhrán.



E. CONCHLANN.



Isé rud é Conchlann ná an Focal deiridh ar Cheathrúin do
chur ar thosach an Chéad Líne san Cheathrún 'na dhiaidh.



Deineann an Conchlann ceagal idir Cheathrúin an Amhráin,
i dtreo gurab usaide an tAmhrán do mheabhrú. Isé an ceangal
san fé ndeara an ainm Véarsa Ceangail a gheibhtar ar Chonch-
lann uaireanta.



Samlaíd:



Is ceasnaí bróin i bhFódla, is mairg do-chí
Macaomh cóir Chloich Reódh fé leacaibh 'na luighe,
Gaisgíoch óg d'fhuil mhórdha Theamhair na ríogh
Do thanuíodh slóighte i ngleó 's ná cleachtadh a mhaoidh-
eamh.



Maoidheamh na mborbchon n-oirdhearc síoch séimh suairc
Sínte socair fé chlochaibh is fíorchréim chruaidh:
An míle Donnchadh coigilte i gCill Chré ar cuaird,
'Sa phriomhmac Cormac, follus 'na luighe i Wales uainn.



Uainn-na d'imthigh an fuireann ba ríghthiúil réim, agus c.



— Seán na Ráithíneach. (lch 38).


L. 36


Samhlaídí eile: "Ós follus don chléir," Eóghan Ruaidh
(ón dara Ceathrúin amach).



"Ó tolladh na treóin," Piaras Mac Gearailt ar bhás Mhuiris
de nGeárd.



Bhí Seán na Ráithíneach anacheanúil ar Chonchlann.



LEITHLEACHAS AGUS DEISIÚCHÁN.



Nuair a bítar ag ceapadh Deilbhe tá roinnt rudaí nach mór
bheith aireach 'na dtaobh agus iad d'aithint. Ní féidir dhon
Deilbh bheith cruinn gan iad d'áireamh. Sidiad na cinn is
tábhachtaí ortha:



A. Feidhm do bhaint a seanfhuaim an Ghuta Aiceanta i
n-ionad a ghnáthfhuaim canúna.



Samhlaídí:



(a) Cois abhan indé 's me ag taisteal i gcéin.



A Dheilbh sin:



Tugtar fé ndeara nach fuláir a-bhan do rádh i n-ionad
oun fé mar a deirtar é coitianta, agus a san Deilbh dhó.



(b) Tabhair cuid dod bhanaltrain is ceannsa mian.



A Dheilbh sin:



Ní fuláir ta-bhuir do rádh annsan, agus a do chur san
Deilbh.



(c) Dob iongantas muar i dTuadhmhain le chéile.



A Dheilbh sin:


L. 37


Ní fuláir iong-antas do rádh i n-ionad úntas, agus i do
chur san Deilbh dhó.



[Dála na gConsoiní insna cásaibh sin isé fuaim a bhíonn
aca ná an fhuaim a bheadh aca i dtosach Fhocail: Leabhair
> lea-bhuir. Uaireanta díshéimhíotar -gh-, -dh-: Saoghal
> sao-ghul, saogul; neámhdha > neamha, nea-ga, &c.]



B. I dtosach ré na Nuaghaedhilge, coimeádtar innti a lán
de sheanchanúintí focal. Is féidir tuairim a dhéanamh díobh
ón litriú:



Samhlaídí:



(a) Innis ar dtíos mar sceól dom thiagharna.



A Dheilbh sin:



Is ceart tia-ghur-na i n-ionad tiarna.



(b) Faobhar a ngéirreann 's a ndiachair ghráin.



A Dheilbh sin:



Fao-bhar i n-ionad faor.



C. I bhFoclaibh Aontsiollaibh nuair a thagann Guta Gairid
roim aon cheann desna "Consoiní Troma" .i. m, nn, ll, rr, ng, is
minic a leanaid siad an seannós i n-ionad dul le gnáthchanúint.
Dá chomharthú san insan Deilbh cuirtar a dona Gutaíbh Leath-
na, agus i dona Gutaíbh Caola.



Samhlaídí:



(a) Dáil dot aire gidh fada dhó ar cuaird nach till.



A Dheilbh sin:


L. 38


(b) Feardha fíochmhar fhíorthug fuaith don bhfeall.



A Dheilbh sin:



An Gairid Trom a tugtar ar an nGuta san.



D. Nuair a bhíonn Srónú mar dheise ar ar an Mhéidreacht
agus é fighte ar na Foclaibh Aiceanta, tríd an gCeathrúin, nó
tríd an Aiste, ní mór é chómharthú san Deilbh. Is mar seo a
deintar an Srónú do chur san Deilbh: an Comhartha so [^]
do chur os cionn an Ghuta Mhéidreachta.



Samhlaídí:



(a) Beidh luisne ó Dhoire go Leamhain
'S an fhuireann so teann is teine leo;
Rithfidh gach mursaire reamhar
'S ní coimirc dó long ná Luimneach.



— An Mangaire Subhach.



A Dheilbh sin:



Tá Srónú ar ou i ngach áit ara dtagann sé insan Deilbh
sin.



(b) 'S ó chaithfeamna choidhche arís bheith uatha i ngeall
Is mairg do bhí 'na slíghe 'na bhuanna teann
Carthannacht Chríost go ndíona an cuaine seang
Is beannacht bheag bhuidheach an dílleachta uaim 'na
gceann.



— Pádraigín Haicéad.



A Dheilbh sin:



Srónú ar an nGairid Trom i ndeire na Deilbhe sin.


L. 39


E. Is gnáth an Guta Tacair d'áireamh na Neamhaiceantach
i bhFilíocht na Gaedhilge.



Samhlaídí:



(a) Mór is Mairsile i macnas múchta.



A Dheilbh:



Tá Guta Tacair idir c agus n insan bhFocal macnas
(mac<u>nas).



(b) A chara mo chléibh 's a Shéamuis ghreannmhair ghrádh-
aigh.



A Dheilbh:



Ghreannmhair = ghrean-u-mhuir.



F. Uaireanta deinid Gutaí Aiceanta Uanuíocht ar a chéile i
gCeathrúin. Is amhlaidh a thagann an Uanuíocht san Fada
ar Fhada agus Gairid ar Ghairid. Is ar cheannaibh deiridh na
Línte san Cheathrúin is gnáthach é.



Samhlaidí, (a) Gairid ar Ghairid:



Níor chúthail a cholg
I súgradh na sealg;
Ba lúthmhar a lorg
I lúbaibh na learg.



— Séafradh Ó Donnchadha.



A Dheilbh sin:



Tugtar fé ndeara an Uanuíocht a dheinid an dá Ghuta
Ghairide o agus a i gceannaibh na Línte annsan.


L. 40


(b) Fada ar Fhada:



Mo choileán gur éag
Níor spadánta a spórt;
Mo leannán mo léan;
Mo bheangán mo bhrón.



— Séafradh Ó Donnchadha.



A Dheilbh:



Agus an dá Ghuta Fhada é agus ó ag déanamh
uanuíochta ar a chéile i gceannaibh na Línte ann.



Aithris ar Uaithne na seanfhilí iseadh an Uanuíocht san.



G. Is minic i bhFilíocht na Mumhan go mbíonn dul ón
ghnáthchanúint i bhFoclaibh 'na bhfuil atharú tagaithe ar an
Aiceann ortha. Coimeádthar an tseanariail go minic .i. an
tAiceann do dhul ar an Siollabh Thosaigh dhen Fhocal. Dá
réir sin a gheibhtar againn chomh maith le aguinn; salach:
s'lach; oileán: oileán; beannacht: beannacht; fanúint: fanúint,
agus c.



Samhlaídí:



(a) Tá sgéal beag agam le haireamh díbh.



Léightar agam annsan i n-ionad agum.



(b) Ag taisteal na mara le fonn
Tá Carolus chughainn 's a chuideachta.



A Dheilbh:



Is ceart cuideachta annsan i n-ionad cuideachta.



(c) An dubhán alla do bheanais a cluasaibh cháich.
A Dheilbh



Abarthar dubhán annsan i n-ionad dubhán.


L. 41


CLEACHTADH.



Deilbh Méidreachta do cheapadh dhóibh seo, agus aon Leithleachas nó
Ornáidí dá bhfuil ionnta do nochtadh:-



1. Do chuala indé ag maothlach muinnteardha
Mar nuaidheacht scéil ó chéile Chuinn is Chuirc.
Gur dhuairc le cléir an Ghaedhilg grinnshlighteach —
Suairceas saor na séimhfhear sinnseardha.



— Pádraigín Haicéad.



2. Atáid fóirne ag fás san chlár so Logha líomhtha
Dar chóir bheith tláth gidh árd a rolla ag scaoileadh;
Síol Eóghain gan áird 's an Tálfhuil bodhar-chlaoidhte,
S na hóig ón mBántsrath scáinte i gcoigcríochaibh.



— Céitinn.



3. Dá bhfaghainn san imirt an fhinnebhean Déirdre
Ler cailleadh clann chumasach Uisneach na dtréan-each.



— Donnchadh Ruadh.



4. Na mílte ceann bhí ann go déarach
Ná fuigheadh dul 'nonn tar abhainn le réiteach.



— Donnchadh Ruadh.



5. Frigate bheag Fhrangcach lom mhear ghléasta
Do chuir sinn i bpongc fé scannradh ár ndaethin.



— Donnchadh Ruadh.



6. A bhile gan chealg 's a sheabhaic den fhíorfhuil,
D'eascair de phríomhscoith taoiseach is flaith,
Ba friotalach freagarthach seasamhach suidhte
I mbeartaibh i ngníomh i gcoimheascar 's i gcath.



— Eóghan Ruadh.



7. Ba leabhair glan séimh le hamharc a héadan
Maiseamhail gnégheal stuamdha;
'S a mala dheas chaol ar reamharrosc claon
Do chealg le gaethe sluaighte.



— Eóghan Ruadh.



8. Gach calmach craosach léidmheach lannmhar
Feargach fraochda i dtreasaibh na dtréon
Go dealbh, mo léan, gan féis mar chleachtadar,
Séise téad ná beathuisce ar bórd.



— Eóghan Ruadh.



9. Do ghéabhadh seacha scata it éaghmuis slighe
Fé dhéin na marcradh magaidh méirthne mín,
A phlé 's a phlaic 's a bheatha dhéanamh dhíobh,
'S gan céasadh ár sagairt chneasta i bhfaobhar ná i bhfíoch.



— Seán na Ráithíneach.



10. Do bhreatha ní bhriseam, tá tuigsint is iomdha id gglór,
Ó leanais go bhfuirm na dlighthe nár dhiúltuigh Pól;
Is tu seamar is gile dar fionnadh san Mhumhain gan ghó;
Dé bheathasa chugainn is fliucham do chúl le beóir.



— Seán na Ráithíneach.


L. 42


11. Is deacair a mheas go raibh i gcéill don druing
Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aonmhac goill,
Go bhfeacadar breath na bhfear ar Shéarlus Rígh
Gur scaradar neart gan cheart le chéile a bhoill.



— Séafradh Ó Donnchadha.



12. Is gairid gur aontuigh an Phoénix a innsint
De labhartha géara 'na dhéidh sin do bhí againn,
Go blasta go béasach go néata go naoidheanta
Gur bh'ainm di Éire bhocht, céile na Stíobhart.



— Tadhg Gaedhlach.



13. Ná raibh a mian ag luisde
Ná ag liairne ar leabaidh cnaisde;
Do b'fhearr liom dul fí choisde
Ná chloisdin a cúl buidhe ag sgraisde.



— Séafradh Ó Donnchadha.



14. Mo bharántas dian
Ag carránaibh crua,
Mar leannán ag triall
Go ceartlár gach tuath.



— Éadbhard de Nógla.



GNÉITHE FILÍOCHTA.



Áirmhíotar coitianta Cheithre Ghné ar Fhilíocht na Nua-
ghaedhilge: 1, Rosg; 2, Laoidh Fiannuíochta; 3, Caoine; 4,
Amhrán. Tá Fo-ghnéithe ar chuid aca san, acht tiocfam ortha
súd do réir a chéile. Isiad na cheithre cinn seo prímhghnéithe
na Filíochta.



Bíodh is nár cruthuiodh fós san Ghaedhilg aon aiste fhada
Filíochta go bhféadfaí Epic a thabairt uirthi, ní fhágann san ná
go bhfuil aistí fada san teangain. Tá a lán díobh ann, acht ní
shroiseann aoncheann aca céim an Epos. Is i stair na tíre seo
agus, go sonnrádhach, i stair Litríocht na Gaedhilge is ceart a
chúis sin do lorg is do mhíniú, agus ní hi dtráchtas ar Phrosóid.



Isí an cheólmhaireacht an cháilíocht is treise ar Fhilíocht na
Gaedhilge. Tá sí lyrical ó bhun go bárr. Fiú amháin an
Fhilíocht a ceapadh innti, agus gan aon lorg ann ar cheól do
dhul leis, ní bhíonn sé abhfad ón lyrical aonuair. Is dá dhruim
sin a tugtar Amhrán, ní hamháin ar an lyric féin, acht ar
aontsaghas aiste i bhFilíocht na Nuaghaedhilge.


L. 43


ROSG.



Filíocht 'na sreathanaibh de línte gearra (dhá ceann nó trí);
Ailt i n-ionad ceathrún ann; gan aon uimhir áirithe línte dhon
Alt; an Guta céadna Méidreachta fén Aiceann san Chéim
dheiridh ar gach líne dhen Alt. Sin Rosg.



Samhlaídí:



(A) Mo ghrádh go daingean tu,
Lá dá bhfeaca thu
Ag ceann tighe an Mhargaidh;
Thug mo chroidhe taitneamh duit;
Thug mo shúil aire dhuit;
D'éaluíos óm athair leat
Abhfad ó bhaile leat.



— Eibhlín Dubh Ní Chonaill.



A Dheilbh sin:



Tugtar fé ndeara annsan:



(a) Dhá Chéim i ngach Líne.



(b) An Guta Méidreachta a aiceanta san Chéim Dheiridh tríd
síos.



(c) Trí Siollabha san Chéim sin.



(d) Malairt Gutaí Méidreachta coitianta san Chéim Thosaigh
i ngach Líne; Céim Dhá Shiollabh cuid acasam; Céim
Trí Siollabh an Chuid eile.


L. 44


(e) Dá gcuirimís x don mhalairt ar na Gutaí Méidreachta is
mar seo a ceapfaí Deilbh a riúnóadh an tAlt ar fad:



Rosg Dhá Chéim é sin; Céim Trí Siollabh an ceann deiridh
ann, agus é ag iomchur an Ghuta Mhéidreachta a.



(B) Amen, a Rí na ndúl!
Cé thugas leat mo chúl;
Do ritheas uait ar siubhal;
Do thréigeas, do sheanas do ghnúis;
Is cé rinneas go minic súd,
Ná cuir druim do láimhe liom;
Mar is leat atáid ag tnúth
M'anam mo chroidhe is mo shúil.



— Tadhg Gaedhlach.



Rosg Trí gCéim é sin; Céim Aontsiollaibh i ndeire gach Líne
ag iomchur an Ghuta Mhéidreachta ú. Sidé a Dheilbh:



[Bhíodh an Rosg ana choitianta ag Mná Caointeacháin
fad ó. Saghas anasheannda iseadh é, mar gheibhtear a
mhaca samhla san Litríocht is sine san Ghaedhilg.]



CLEACHTADH.



Tuairisg ar a Méidreacht so:



1. Amen a Íosa,
Do cheannuigh go daor me
Ar an gcrann Dia hAoine,
Is do namhaid id thimcheall,
Is do Bhanaltra taoibh leat
Go cathach ad chaoine,
Is mise ar mo dhícheall
Ó tháinig brígh ionnam
Ad chéasadh go millteach;
Is mo chúig céad míle
De chéadaibh sgeimhle,
Mar isé sin mo dhíolsa.



— Tadhg Gaedhlach.


L. 45


2. A Bhanríoghan na bhflaitheasaibh,
Is tú mo chrann bagartha
Is mo chonsoiléir caithiseach;
Do chuadhas fád thearmann;
Isé m'intinnse is m'aigne,
Na mílte blian dá mairinnse,
Mo Bhanimpire mharthanach
Ná déanfainnse t'aithearrach.



— Tadhg Gaedhlach.



3. Do b'é mo dhóigh is mo mheas
Go mbíodh easba sluagh 'gus fear
Ar bhúraibh thall tar lear:
Is féach gur baineadar as
'S gur fhágadar faon gan phreab
'Ghá gcur go doimhin i gclais
Mo bhuidhean bhreágh laoch nár lag
I n-am na bpiléar i gcath.



— An tAth. Pádraig Ua Duinnín.



4. Uch, a dhaoine bochta an tsaoghail
Bhíonn ag cruinniú an óir 's an éadaigh,
Is eagal díbh i n-am an éaga
Gur trom an t-ualach e agaibh;
Is measa dhíbh mar táid na sgéalta:
Libh ní chuirfear bun sa chré dhe;
Beidh sé dá roinnt thar bhur ndéidhse;
Is sibh, foríor, fén íoc is daor libh.



— Piaras Mac Gearailt.



5. Mo chreach is mo léirghoin
An creachadh so ar Ghaedhlaibh
Ag bodaigh an Bhéarla,
Dá gcreachadh 's dá gcéasadh,
Is gan duine le chéile
De thriathaibh Bhéara
Chun seasamh 'na bplé anois,
Ó cailleadh an laoch mear
Suilbhestair gléigeal
Gníomhach éachtach.



— Duine éigin.



LAOIDH FIANNUÍOCHTA.



Leathsmuigh d'aithris ar sheanaistíbh Dána, gheibhmíd san
Nuaghaedhilg saghas fé leith Ceathrún a shíolruigh ósna
Rannaigheachtaibh san tSeanlitríocht. Agus de bhrígh go


L. 46


mbíonn an Cheathrú san coitianta insna Laoithibh Fiannuíochta
do ceapadh ó thosnuigh ré na Nuaghaedhilge, tugaimíd Ceathrú
nó Laoidh Fiannuíochta mar ainm air.



Toisg an aithris dá dhéanamh ann ar Sheanmhéidreacht, ní
gnáth Aiceann rialta na Filíochta Nua air. Nuair a bítar á
léigheamh is ceart dul coitianta na canúna do chur air.



Sidiad na rialacha a ghabhann leis, an oiread agus is féidir
iad do cheapadh dhó:



(a) Cheithre Líne sa Cheathrúin.



(b) A trí nó a ceathair d'Fhoclaibh Aiceanta i ngach Líne.



(c) Aicill i gceachtar den dá Leathcheathrúin.



(d) Ceann deiridh an dara Líne agus Ceann deiridh an
cheathrú Líne d'iomchur an Ghuta chéadna Méidreachta.



Samhlaídí:



I. Cnoc an Áir an cnoc so thiar,
'S go lá an bhrátha biaidh dá ghairm;
A Phádraig na mbachal mbán,
Ní gan fáth tugadh an t-ainm.



A thuairisg:



(a) Is follus go bhfuil cheithre líne ann.



(b) Focail aiceanta: l.1, cnoc, áir, cnoc, thiar; 2, lá, brátha,
biaidh, ghairm; 3, Phádraig, mbachal, mbán; 4, fáth,
tugadh, t-ainm.



(c) Aicill: (a) thiar: biaidh, Aicill ó cheann deiridh an Chéad
Líne go dtí lár buill an Dara Líne; (b) mbán: fáth, Aicill
ó cheann deiridh an Trímhú Líne go dtí tosach an
Cheathrú Líne.



(d) Cinn an dá Leathcheathrún: gliadh: bhFiann, ia aiceanta
ionnta araon.


L. 47


II. A Oisín uasail, a mhic an ríogh,
Do b'fheárr gníomh gaisge agus gliadh,
Aithris dúinn anois gan mhairg
Cionnus do mhairis d'éis na bhFiann.



A thuairisg:



(a) Tá cheithre líne ann.



(b) Focail aiceanta: l.1, Oisín, uasail, mhic, ríogh; 2,
b'fheárr, gníomh, gaisge, gliadh; 3, aithris, dúinn,
anoìs, mhairg; 4, cionnus, mhairis, d'éis, bhFiann.



(c) Aicill: (a) ríogh: gníomh, san Leathcheathrúin tosaigh.
(b) mhair<i>g: mhairis, san Leathcheathrúin deiridh.



(d) Cinn an dá Leathcheathrún: gliadh: bhFiann, ia aiceanta
ionnta araon.



[Nuair a bítear ag léigheamh Laoithe Fiannuíochta ní
mór béim do leagadh ar an Aicill i gcomhnuí. Ní healadha
Deilbh a cheapadh dona Líntibh ann.]



CLEACHTADH.



Tuairisg ar a Méidreacht so:



1. Lá dá raibh Fionn an fhlaith
Ar an bhfaithche i nAlmhain úir,
Do-chonnairc chuige ar an ród
Eilit óg ar léim lúith.



— Laoidh na Seilge.



2. Do fhiafraigh Fionn na bhfiann
Den ghnúis ba sgiamhach snuadh:
"Créad do bheir tú at aonar
I n-imeall cnuic Sléibhe Fuaid?"



— Seilg Sléibhe Fuaid.



3. Annsin triallais an t-Amadán Mór
Tré chríocha Lochlann na gceól gcaoin,
É féin is a aon mhacaomh mná;
Ní facthas a gcomháille de dhís.



— Laoidh an Amadáin Mhóir.



4. An uair do shuidhigheadh Fionn ár gcoin
Do b'iomdha anoir agus aniar
Guth gadhar ag dul fó'n gcnoc
Ag dúiseacht torc agus fiadh.



— Seilg Shléibhe na mBan


L. 48


5. Dúisighthear linn ós bárr beann
Fiadhach na ngleann is na dtor;
Ar gach taobh dhínn san leirg
Do b'iomdha eilit agus broc.



— Seilg Sléibhe Truim.



6. Do léigeanmar, a raibh ann den Fhéinn,
Ár gconairt go luath léimneach fá'n ngleann;
Do sgaoil Fionn a dhá ghadhar dhéag
'S ba bhinne linn 'ná téada a nglam.



— Seilg Gleanna an Smóil.



CAOINE.



Aiste molta ar dhuine a bheadh tar éis bháis, sin Caoine.
Acht tugtar an ainm sin anois ar shaghas fé leith Filíochta gur
minic ná bíonn aon bhaint aige le bás duine.



Sidiad na rialacha a ghabhann leis:



(a) A trí nó a ceathair de Chéimeanna san Líne.



(b) An Guta céadna Méidreachta sa Chéim dheirineach i
ngach Líne tríd síos.



(c) Ar an gcuid eile dhen Líne is gnáth malairt Gutaí Méid-
reachta ón Líne go chéile, nó ón gCúpla go chéile, nó ón
gCeathrúin cheithre Líne go chéile, agus c. Acht níl san
riachtanach.



(d) Comhfhuaim i lár buill nó ar thosach na Líne.



Ní fuláir Deilbh do cheapadh dhó do réir an mhalartúcháin
ann.



Samhlaídí:



1. Créacht do dháil me in árthach galair
Taomach tláth gan tábhacht tapadh
Gaothchlis áigh na n-ársadh nearthmhar
Faon ar lár 's a n-áireamh gaisge.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



A Dheilbh:


L. 49


A thuairisg:



(a) Cheithre Chéim san Líne.



(b) An Guta Méidreachta a ar an gCéim dheirineach.



(c) Gan aon mhalartú ar an gcuid eile dhen líne annso. Is
ionann Deilbh do gach Líne san Cheathrúin.



(d) Comhfhuaim i lár buill gach Líne ar á.



II. Is uaigneach dhuit a phuirt na bpríomhfhlaith
A thulach thaitneamhach armtha aoibhinn;
Do-chonnarc uair nár bh'uathadh dhíbhse,
Gé taoi anocht gan scot re saoithibh.



— Céitinn.



A Dheilbh:



A thuairisg:



(a) Cheithre Chéim san Líne.



(b) An Guta Méidreachta í ar an gCéim dheirineach tríd
síos.



(c) Malairt Gutaí Méidreachta ar na céimeannaibh eile ón
Líne go chéile.



(d) Comhfhuaim i lár buill gach Líne.



III. Scaoiltear seólta ar nóin do Phoébus;
Do bhí Aeólus leó agus Tétis;
Scinnid de phreab amach san dtréanmhuir,
Go ndruidid abhfad i dteas na gréine.



— Donnchadh Ruadh.


L. 50


A Dheilbh:



A thuairisg:



(a) Cheithre Chéim san Line.



(b) An Guta Méidreachta é san Chéim dheirineach tríd síos.



(c) Malairt Gutaí Méidreachta ar na Céimeannaibh eile ón
gCúpla go chéile.



(d) Comhfhuaim i lár buill gach Líne; ar ó san chéad Chúpla,
ar a san dara Cúpla.



CLEACHTADH.



Tuairisg ar a Méidreacht so:



1. Iomdha iorradh ag Tulaigh Tuathail
Iomdha mórbhrat órdha uasal
Is brat síoda fíorghlan uaine
Do chaith sí go groidhe fá a guaillibh.



— Piaras Feiritéir.



2. Is truagh liom féin do chéile ag brónghol
I nguais leinbh 's a cumann ar dtórramh
Ag milleadh a bas a dearc 's a drólann,
Mar cholam aonair ar n-éag a nóchair.



— Seán Clárach.



3. An chúis do theangmhaig mar thaitneamh linn láithreach,
Cúis thruaighmhéileach chruaidhchéimeach chráidhte,
Cúis fóríor go croidhe is go hárainn
Eiléan de Barra a dhul marbh fé láinlic.



— Seán na Ráithíneach.



4. A lannsa Thaidhg, má's deimhin go mairirse,
Beir anall tá an samhradh ag gairm ort;
Déin ar th'aghaidh is aghaidh do thapadh leat,
Is ceartuigh an chiach so ar Dhiarmaid ghreannmhar.



— An tAth. Conchubhar Ó Briain.



5. Cá ngabhann Rálph 's a ghárda malluighthe
Príntísigh dhíoblaí na cathrach,
Do stiall, gach aontaobh, séipéil bheannuighthe
Ag díbirt chléire Dé 's dá n-argain.



— Diarmaid Mac Seáin Bhuidhe.


L. 51


6. Tá Áine go cásmhar is Aoibheal
Ag géarghol ó traochadh an míle;
D'fhógair Meadhbh go tinn le díoghrais
Bás an Ghréagaigh éachtaigh fhíochmhair.



— Piaras Mac Gearailt.



7. Gluaisid na sluaighte go dtagaid
An bhantracht shéimh ar thaobh na faille,
Annsan is sámh grásach a ghabhaid
A gcúrsaí go húiríseal cneasta.



— Tadhg Gaedhlach.



8. Tá glór is gártha i gclár Luirc Éibhir,
Caoi na mbruinneal sioscaithe séimhe,
Iachach doilbh is golairt ban aosta
I ndiaidh an fhlatha do teascadh go déadhnach.



— Eóghan Ruadh.



9. Comhluath i gcomhruathar caointe
Na cliara na triatha na taoisigh,
An tréan 's an lag, an leamh 's an críonna,
An lorán an donán an dílleacht.



— Pádraigín Haicéad.



10. Má bheir Dia da thiagharnas damhsa
Bheith slán ón láimh seo do leónadh,
Dó-ghéan beart is maith fá dheóidh dham,
Léigfead do bhaosraidh na hóige.



— Pádraigín Haicéad.



AMHRÁN.



Aiste Filíochta i gcóir cheóil, sin Amhrán. Acht fé mar atá
ráidhte cheana againn, tugtar an ainm sin ar aontsaghas ceapa-
dóireachta i bhFilíocht na Nuaghaedhilge — rud nach ceart. Is
'mdhó gné ar an Amhrán a deintar gan aon lorg ar cheól do
dhul leis.



Mar sin féin, isé an Ceól is bun le Fuirm na Ceathrún. Isé
an Ceól a shocruíonn an 'mdhó Cuid a bheidh san Cheathrúin,
mar ní fuláir don chainnt freagairt don Cheól.



An té a dheineann stuidéar ar Cheól na hÉireann isé rud is
túisce a thabhrfa sé fé ndeara ná go mbíonn dá Chuid ar an
bhFonn; agus gur gnáth mar bheadh dhá roinnt eile ar gach


L. 52


Cuid díobh san. Uaireanta bíd an dá Chuid ar comfhaid;
uaireanta eile ní bhíd. Ar an gcuma chéadna bíonn comhfhaid,
nó a mhalairt, ar gach Fo-roinnt. Mar sin is gnáth cheithre
roinnt, nó cheithre chuid ar an bhFonn cheóil.



San bhFilíocht dá gcuirtí líne do gach Cuid dena Cheithre
Codaibh sin cheóil, ní bheadh againn acht cheithre líne i ngach
Ceathrúin. Agus bíonn san amhlaidh san Lyric féin nuair a
bhíd cheithre chuid an Fhuinn gairid. Is féidir cómméid aon-
choda an cheóil den Cheathrúin do chur i sgríbhinn nó i gcló i
n-aon líne amháin. Acht nuair a bhíd coda an cheóil fada ní
thoillfeadh cómméid aonchoda aca san Líne sgríbhinne nó cló,
agus ní mór dhá líne nó breis di.



I gcúrsaí Prosóide, dá réir sin, isé is usa dhúinn na línte a
ghlacadh fé mar a gheibhmíd san sgríbhinn iad. Ní mar a
chéile a bhíd aistí ceóil. Agus de bhrígh nach fuláir don
bhFilíocht is don Mhéidreacht an ceól do leanúint, fágann san
anachuid Saghsanna Amhráin ann.



San Phrosóid roinntear an Cheathrú do réir uimhir na Línte
a bhíonn innti san sgríbhinn.



CÚPLUÍOCHT.



Sar a dtosnóam ar na Ceathrúnaibh do mhíniú ní misde cur
síos ar an Amhrán Chúpluíochta. Isé rud é sin ná Amhrán 'na
mbíonn gach aon Chúpla Líne, .i. gach aon dá líne i ndiaidh a
chéile, ar aon Deilbh. Is gnáth malairt Deilbhe ón gcúpla go
chéile ann, bíodh go bhféadfadh aon Deilbh aca rith tre dhá
chúpla nó a trí, nó b'fhéidir os a gcionn san. Uaireanta
sgríbhtar Amhrán Cúpluíochta ina Cheathrúnaibh Cheithre
Líne, agus dhá Chúpla dhon Cheathrúin. Uaireanta sgríbhtar
é ina Altaibh Cúplaí. Is fuirist é aithint ón mhalairt san
Mhéidreacht, go háirithe sa Chéim dheiridh den Deilbh. Ni
haistíocht i gcóir cheóil é seo, toisg an mhalartúcháin san
Deilbh ann.


L. 53


Samhlaíd:



Ba ghnáth me ag siubhal le ciumhais na habhann
Ar bháinseach úr 's an drúcht go trom
I n-aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe
Gan mhairg gan mhoill ar shoillse an lae.



— Brian Merriman.



Deilbh an Chéad Chúpla:



Deilbh an Dara Cúpla:



Amhrán Cúpluíochta iseadh Cúirt an Mheánoidhche sin
do réir a Mhéidreachta. Tugtar fé ndeara an Chomhfhuaim
i lár buill gach Deilbhe ann.



CEATHRÚ CHEITHRE LÍNE.



Aiste a gheibhtar sgríbhte i gceathrúnaibh Cheithre Line.
Mórán saghas ar an gCeathrúin seo, mar atá:



A. Amhrán Féin: Cheithre Líne ar Aondeilbh ann; Chúig
Céim san Líne, agus Comhfuaim i lár buill innti.



Samhlaídí:



(a) A ua so Luirc is Bhloid is Bhriain is Chais
Ó ár dTruaghnait ghuirt ó d'fhulaing Dia do theacht
Buadh do thurais uile id thriallaibh leat
Go gluaiseacht duit i gcumus siar tar th'ais.



— Pádraigín Haicéad.



Sidé a Dheilbh:




(b) Dídean eón d'fhóbair dul uaithi um Cháisc
Do chaoinreic ceóil ghlóraigh is dualgas dáibh
Gur chuimhrigh meór dhóide mhic Duach an táin
I líntibh óir fhórloiscthe d'uanaibh ceárd.



— Pádraigín Haicéad.


L. 54


A Dheilbh sin:



Tugtar fé ndeara an Chomhfhuaim annsan ar ó idir
Chéim Aontshiollaibh agus Céim Trí Siollabh. Ní áirm-
híotar do chóimhlíonadh na Comhfhuama ann acht an Guta
Méidreachta amháin .i. Gutaí an dá Shiollabh Aiceanta do
fhreagairt dá chéile.



(c) Óm sceól ar Árdmhuigh Fáil ní chodlaim oidhche
'S do bhreóidh go bráth me dála a pobuil dílis
Gidh rófhada atáid 'na bhfál le broscar bíodhbhadh
Fá dheóidh gur fhás a lán den chogal tríotha.



— Céitinn.



A Dheilbh sin:



(d) Le ciontaibh na healta agar dalladh a gcluastuigse
Le friotal a leasa tan tairgthe a dtuaslaigthe,
Fá mhionnaibh an leabhair dá leamhainn ní huamhan dam
An tuireamh so ar m'aire gur searbh an duanaireacht.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



A Dheilbh:



Samhlaíd san Chéim Dheiridh annsan ar Shiollabh
Neamhaiceanta san ghnáthchanúint do bheith Aiceanta san
bhFilíocht.



B. Líne Cheithirchéimeannach: Cheithre Líne ar Aondeilbh;
Cheithre Chéim san Líne; Comhfhuaim ar thosach nó i lár buill
na Líne.



Samhlaídí:



(a) Cois taoibh abhann sínte 's me tráth indé
Ag smaoineamh ar chlaoinbheartaibh gnáis an tsaoghail
Chuir síol flatha is saoithe d'fhuil ársaidh Gaedheal
Thar taoide fá dhaoirse gan sgáth ná réim.



— Eóghan Ruadh.


L. 55


A Dheilbh sin:



Cheithre Chéim don Líne annsan, agus an Chomhfhuaim
ar í ar thosach na Líne.



(b) A chaithbhile dar thairgeassa díoghrais mhór
Is caradas nár chealgach ó chroidhe gan ghó
Gér neamhthusach le sealad libh mo ghnaoi 's mo ghlór
Is mairg liom let athardha do dhruim ar bórd.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



A Dheilbh sin:



An Chomhfuaim ar a i gCéimeannaibh Cheithre Siollabh
ar thosach na Líne.



(c) Sin críochnamh ar sgríbhinn an Athar Domhnall
De dhíoghluim ghluin díodhachta agus teagasc eólach
Is den Ghaoidhilg ba mhilse dar theangmhaig damhsa
Ar fhíorbheatha Chríost is lucht leanta a bhóthair.



— Seán na Ráithíneach.



A Dheilbh sin:



An Chomfhuaim ar í ar thosach na Líne ann.



(d) Díbhse a Ghaedhil bhochta léighfead eachtra
Gidh claoidhte tréith me cois taobh na fairrge
I gcríochaibh Déiseach ag déanamh machtnuithe
Ar phuimp 's ar chlaonchortha an tsaoguil mhalluithe.



— Tadhg Gaedhlach.



A Dheilbh sin:



Tugtar fe ndeara an Chomhfhuaim ar é i lár buill na
Deilbhe sin ó Chéim Trí Siollabh go dtí Céim Dhá Shiol-
labh.


L. 56


C. Malartachas, idir Dheilbh, agus Uimhir na gCéimeann
san Líne; agus Comhfhuaim nó a huireasbha. Nuair a bhíonn
malairt Deilbhe idir na Líntibh ní mór Formail do shocrú ortha.



Samhlaídí:



(a) Créad damhsa nach luadhfainn an lannmharcach uasal
An crann caithis cnuasach gan chasadh ar a láimh,
Gan fannbheart gan truailleacht, acht ceannsacht le cual-
lacht,
An plannda do suathadh tré chaise d'fhuil Táil.



— Aodh Buidhe Mac Cruitín.



A Dheilbh sin:



Malairt Deilbhe annsan ón Líne go chéile. Cheithre
Chéim san Líne. Aicill Dhúbalta i ngach Leathcheathrúin.



(b) A mhúirnín dil smaoin
Ar Chúntaois Thráigh Lí
Mar shiubhail sí na cúigí
Le lúircín fá thrí.



— Aindrais Mac Cruitín.



A Dheilbh sin:



A Fhormail



Dhá Chéim i ngach Líne. Aicill ó dheire an Trímhú
Líne go dtí tosach an cheathrú Líne.


L. 57


(c) A Chlanna na nGaedheal 's a ghaolta ár gcuirp
Tá scaipithe i gcéin ó Éire anois
So beannacht ár gcroidhe thar fairrge dhíbh
Is teachtaireacht aoibhinn áthais.



— "Crádh Croidhe Éigeas."



A Dheilbh sin:



A Fhormail mar seo:



Comhfhuaim ar é san Leathceathrúin tosaigh ann.
Aicill Dhúbalta san Leathcheathrúin deiridh.



CEATHRÚ CHÚIG LÍNE.



Ceathrú Cheithre Líne Malartachais í seo, acht go bhfaghtar
í sgríbhinn agus i gcló ina Cúig Líne í.



Samhlaídí:



(a) Is dealbh dubhach mo sgéimhchruth
Ag taisteal triúch im aonar
Gur theangmhaig chúgham
I bhfearann Mhumhan
I gcaiseal fhionnghlas éachtach.



— Tadhg Gaedhlach.



A Dheilbh:


L. 58


(b) Is duine me dhíolas leann lá
'S chuireas mo bhuidhean chun ranngáis
Mur' mbeadh amháin duine
Am chuideachta dhíolfadh
Is mise bheadh thios leis i n-am tráth.



— Seán Ó Tuama.



A Dheilbh:



A Fhormail



Comhfhuaim ar uireasbha. Aicill Dhúbalta ón gCeathrú
Líne go dtí tosach an Chúigiú Líne.



CEATHRÚ SÉ LÍNE.



Samhlaíd:



Ar maidin indé roim ghréin go moch
Do dhearcas an bhéith ba néamhdha cruth;
Bhí sneachta agus caor
Ag caismirt 'na scéimh,
'S a seangachorp séimh mar ghéis ar shruth —
'S a chuisle mo chroidhe cadé an ghruaim sin ort.



— Seanamhrán.



A Dheilbh:



A Fhormail


L. 59


CLEACHTADH.



Tuairisg ar Mhéidreacht na gCeathrún so:



1. Nar chailleadsa amharc mo shúl
'S nár lagaidh mo lúth le foirbhtheacht,
Go bhfaice mé an ghraithin seo i bpungc
'S an seanaphoc dúr gan giolla aige.



— An Mangaire Subhach.



2. Do stadas dem magadh s dem bréithre suilt,
Is aitchim an ealabhean ghlé mo choir
Do mhaitheamh 's an bhreall
Ná feacasa i n-am
Trem thaitneamh don ainnir ná géillfeadh dham.



— "Dhá Chích Dhannan."



3. Maoidhfead féin an chúis
Ó sgaoilis réimeas liúm
'S gur dhlighis me am bmaor ar dhraoithibh céad
Im chríochaibh féin sa Mhumhain.



— "Gaedheal na nGaedheal."



4. A mhuineál ag muic
Dá ghabháil 'na clab,
A gheadán ní guirt
Ag fiodán ar fasc.



— Séafradh Ó Donnchadha.



5. Adeirimse 's ní cheilim ort, a Dhia na ngrás
Go bhfuil peirbhig go herrball ar Dhiarmaid Bhán,
A leite aige go deireanach 's a liag 'na láimh
'S a mheille-phus ag meigiollaigh a d'iarraidh dáin.



— Seán Buidhe Ó Máinle.



6. Is saoth liom easba na seabhac ón Laoi fhuairghil
Nár réidhigh le gallaibh acht tarraing thar tuinn uatha,
S an t-aon beag mhaireas den ealtain chirt fhinn fhuadraigh
Le tréimhse i Hamburg, mo dheacair, gan slighe cuarda.



— Tadhg Ó Duinnín.



7. Do seóladh me ar bainis 'nar amharcas béith,
Ar m'eólas i mBanbain fhairsing go léir
A sómpla ná feacasa ar mhaise ná ar mhéinn
Ar chaomhthacht ar chumthacht ná ar áilleacht.



— Seán na Ráithíneach.



8. Cantar i bhfód Fódla, 's níor mealladh na fir,
Ná stadfaid a slóigh mhóra so ar thalamh ná ar mhuir
Go dtagaidh i gc'róin róchirt na Sacsan istigh
A ceathair 's a dó leótha agus Laidean ar luich.



— Duine gan Ainm.


L. 60


9. Mo shlán chroidhe le Cáitín tais ghléigeal bhán,
An stáid ghrinn tar mnáibh chinn i sgéimh 's i gcáil;
Ó táthuíodh ár bpáirt linn dá gné gan ghnás,
Is nár dí mar d'fhág sí me im aonarán



— Micheál Firéast.



10. Ní fasgadh ná díon duit ná teannsgáth
An aicme seo an ringce 's an ranngáis
Má leanair a ndíomus
Do b'aithreach dhíbhse
Tu tharraint chun aimhlis i n-anntráith.



— Conchubhar Ó Súilleabháin.



11. Ach d'athruigh ár spórt chun bróin gan stad
Le "Gazette" ón bPóist do sheóil 'nár measg
Ag aithris sgeólta
I bhfearannaibh Fódla
Gur breabadh le hór ár mBónapeart —
Agus ó a bhean an tighe cadé an bhuairt sin ort.



— Duine gan Ainm.



12. Preabann anuas go fuadrach fíochmhar
Seanduine suarach is fuadach nimhe fé,
A bhaill ar luascadh is luas anáile air,
Draghan is duas ar fuaid a chnámha
Bo dhreóil an radharc go deimhin don chúirt é,
Ar bórd 'na thaidhbhse im eisteacht dubhairt se:
Dochar is díoghbháil is síorchrádh cléibh ort
A thoice le místáid, a shíol gádha 's déarca,
Is dóigh nach iongantas luige na gréine
Is fós gach tiubaist dar imthigh ar Éire.



— Brian Merriman.



13. Do chealg mo chom go trom le haicidíbh
Aistear na gcodhnach lonn do leasuigheadh sinn,
'S nach faicim ar bonn san bhfonn i dtaithighidís
Gan easbhaidh gan fhoghail acht moghaidh is maistíní.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



14. Mo dhá shúil leat a Dhúilimh, do dheighil an mhuir
Gnáth cionntach bunscionn leat mo chladhaire cuirp
Tál srúille do chrúsa go bhfoidhne i gcrois
Lá Lughnasa an chúntais go raghamna libh.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



15. Cé thaistealas gléir-aolbhailte an tsleachta san Mhogha.
Ó cairrgibh glé Bhéarra go Caiseal na bhfonn
Níor dhearcas i n-aonchéim díobh do b'fhearra le toghadh
Aithghin i bhféil' Éamuinn de Barra mo ghabha.



— Eóghan an Mhéirín.



16. Tá Caesar óg san Róimh 'na bheathaidh
Aon den phór úd phósais cheana
Ag gléas a shlóighte
Ag téacht thar bóchna
Isé sin Nóchar Phóiní an Leasa.



— An tAth. Liam Inglis.


L. 61


CEATHRÚ OCHT LÍNE.



Tagann urmhór a sholáthair seo ó Cheathrú Cheithre Líne
do sgríbhe 'na Cheathrú Ocht Líne. Ar an dtaobh amuigh dhen
Cheithirlíneach isé an tOchtlíneach so an Cheathrú is coitianta
i bprosóid na Gaedhilge.



Dhá shaghas phrínsiobálta atá air .i. An Rócán agus An
tOchtfhoclach, agus ábhar éigin de mhionshaghsana ar leithligh.



A. An Rócán: Ocht Líne ann; Trí Chéim don Líne; gach
re Líne ag freagairt dá cheile do réir Deilbhe; Aicill i ngach dhá
Líne.



Samhlaídí:



(a) Isé do leónuigh mo chumus,
An bonnaire fiadhphuic fáin,
Do léim thar teórainn de thuraic
Ler milleadh le cian an mádh;
Faolchoin fóirnirt le fuinneamh
Chuir brise air ó thriall a ghnáis;
D'éimigh sé comhrac gan mhisneach,
Is d'imthigh ó rian a námhad.



— Seán Clárach.



A Dheilbh:



Agus a Fhormail



A Thuairisg: Ocht Líne san Cheathrúin sin. Trí Chéim i
ngach Líne aca. Na Corrlínte (1, 3, 5, 7) agus na Réidhlínte
(2, 4, 6, 8) ag freagairt dá chéile do réir Dheilbhe. Aicill
Aonair on gCéim Dheiridh ar Dheilbh A go dtí an Céim Tosaigh
ar Dheilbh B.



[Dá ndeintí aon Líne amháin de A + B, ba Cheathrú
Cheithre Líne a bheadh againn annsan. Agus ní hAicill a
bheadh ann acht Comhfhuaim i lár buill na Líne. Ní fuláir
Aicill don Rócán cheart.]


L. 62


(b) Go déadhnach is Phoébus fá neóll
Im shuidhe dham ar mhóirshleasaibh Máighe,
Gan aon den treibh dhaonna so im chomhair
Is mo smaointe dhá seóladh chun fáin,
Taobh leis an tréanabhainn mhóir,
Do b'aoibhinn a glór is a gáir,
Cé'r bh'aérach mo réimse 's mo cheól,
Tig sgeimhle dhen bhrón dubh im dháil.



— Seán Ó Tuama.



A Dheilbh:



A Fhormail = 4 (A + B).



Aicill Aonair ann ón gCéim Dheiridh ar Dheilbh A go
dtí an Céim i lár buill Deilbh B. Comhfhuaim ar an dá
Chéim thosaigh insna Corrlíntibh.



(c) Ceó druíochta i gcuim oidhche do cheóil me
Tré thíorthaibh mar óinmhid ar strae,
Gan príomhcharaid díoghraise im chomhgar,
'S me i gcríochaibh thar m'eólas i gcéin;
Do shíneas go fíorthuirseach deórach
I gcoill chluthair chnómhair liom féin,
Ag guíochtain chun Ríogh ghil na glóire
'S gan nídh ar bith acht trócaire im béal.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh:



A Fhormail = 4(A + B).



Agus Aicill Dhúbalta ón dá Chéim Dheiridh ar Dheilbh
A go dtí an dá Chéim Thosaigh ar Dheilbh B. Comh-
fhuaim i dtosach na gCorrlínte.


L. 63


B. Ochtfhoclach: Ocht Líne; Cheithre Céimeanna ar na
Corrlíntibh; a trí nó a ceathair ar na Réidhlíntibh. Aicill ón
gCorr go dtí an Réidh.



Samhlaídí:



(a) Fáilte agus céad duit, a mháighistir na naoi dtreabh,
A fhir ghrádhmhair dhil aéraigh gan mhórtas;
Is fáilteach an éigse 's is fáilteach an chléir cheart
It shláinte do théarnamh ód bhreóiteacht.
D'fháiltigh an spéir ghlan is d'fháiltigh na héanlaith
Ar bhárr bhog na ngéag nglas go ceólmhar;
Fáilte dá n-éis siúd ó lánsgairt mo chléibh dhuit,
Le háthas seoch éinne san Chóige.



— Seán Ó Tuama.



A Dheilbh:



A Fhormail: = 4 (A + B).



Aicill Dhúbalta ó dheire Deilbh A go dtí tosach Deilbh B.



Braithimís Deilbh A thuas agus chífam go bhfuil sé 'na dhá
leath agus gurab ionann Deilbh do cheachtar dhen dá leath
san .i.



Tugaimís A1 air sin. Ar an adhbhar san



Féachaimís Deilbh B thuas anois. Tá Deilbh A1 ar a
thosach agus i n-éinfheacht leis sin an méid seo:




Tugaimís B1 air sin. Ar an adhbhar san



Ar an adhbhar san


L. 64


Chun an méid sin do dhéanamh nísa shoilléire fós is féidir an
dá Líne thosaigh dhen Cheathrúin thuas do sgríbhe mar seo:



Fáilte agus céad duit
A mháighistir na naoi dtreabh
A fhir ghrádhmhair dhil aéraigh
Gan mhórtas.



A Dheilbh sin:




Dá réir sin isé For ail is ceart don Cheathrúin go léir .i.



Aon Cheathrú san Ghaedhilg go mbíon Cheithre Chuid ar
Chomhdheilbh .i. 4(A + B) innti, agus gur féidir aon chuid
acasan do mhionroinnt ina Thrí Chuid ar aondheilbh agus Cuid
Amháin ar mhalairt deilbhe — .i. (3A1 + B1) — tugtar Ochtfhoc-
lach ar a Méidreacht san.



[Is Ochtfhoclach é nuair a théigheann Trí Duilleóga
agus Stoc, ar nós na Seamróige, ar an gceathrú chuid den
Cheathrúin — is cuma cadé táille na Línte sa scríbhinn.
Nuair a sgríbhtar ina Ochtlíneach é ní fuláir idir Dheilbh
A agus Dheilbh B do bhriseadh 'na dhá gcuid.]



(b) Mo mhíle beannacht arís 'nfhaid mhairfead
Do bhaois na beatha 's dá muinntir —
Slighe gan mhairg is aoibhneas aigenta
Líonadh d'atal mo chroidhese;
Ní bhíonn sí acht tamall ag rígh dá rathmhaire
Puinn dá maitheas ní mhaoidhimse;
Sé a críoch a casadh mar scaoileann sneachtadh
Cé shíleas leanúint di choidhche.



— Séamus de Barra.


L. 65


A Dheilbh:



A Fhormail = 4(A + B).





A Fhormail sin



C. Gnéithe Leithleachais. Tá Saghsanna eile ar an
gCeathrúin Ocht Liné nach miste a n-áireamh.



Samhlaíd:



I. An Neamhaicleach:



Tráth is tréimhse thaistealas
Im thimcheallaibh saoghail,
Ó Ráth Luirc tré gach acharann
Go Laoi-shruth an éisg,
Go dtárla i ngaorthadh ghleanna ghluis
Ná bhfeádhbhadh réidh nár chrapaithe
Ba bhreághtha sgéimh dá bhfeacasa
De choilltibh na gcraobh.



— Conchubhar Ó Ríordáin.



A Dheilhh sin:



[Tugtar fé ndeara uireasbha na hAicle annsan. Nuair
a bhíonn Céim eile sa bhreis ar gach Líne is gnáth Aicill
ann.]


L. 66


II. Trí Cheathrú Ochtfhoclaigh:



Araoir is me am aonar cois taoibh Fhleasga an ghaorthaidh
Fé díon duille ghéag glas im luighe
Lem thaoibh gur shuidh spéirbhean ba thríbhinne séis guib
'Ná caoinchruit guth éanlaith is píob
Dá coímhdeacht bhí caochghiolla chéas me 's do mhill
Le saíghdaibh dá léirchur trímthaobh dheas go cruinn
Do chlaoidh me gan faeseamh le díoghrais don réiltean
Do b'aoibhinne sgéimh agus gnaoi.



— Dáith Ó hIarlatha.



A Dheilbh sin:



A Fhormail



[Tá dul an Ochtfhoclaigh ar an leathcheathrúin tosaigh
annsan, agus ar an leath deiridh dhen leathcheathrúin deiridh.
Níl insan cheathrúin san go léir acht dhá Ghuta Mhéid-
reachta .i. é agus í, agus féach a cheólmhaireacht agus atá
sí. Bhí ciúta na máighistreachta ag an bhfigheadóir.]



III. Leath Ochtfhoclaigh:



Ar maidin indé cois cé na slímbarc
Ag machtnamh go faon 's ag déanamh smaointe,
Do dhearcas an bhé ba gheanmnach gné
Ag taisteal im ghaor thar taoide,
Go leanbach léigheanta líomhtha
Lannamhar léidmheach líonmhar,
'S ba bhlasta a guth béil 'ná cantain na n-éan
'S 'ná spreagadh na méar ar chaoinchruit.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh:




L. 67


A Fhormail



[Tá dul an Ochtfhoclaigh ar an leath deiridh de cheacht-
ar dhen dá leathcheathrúin annsan.]



IV. An Luinneógach. Gné choitianta é seo, acht bíonn
anachuid malartúcháin ann, go háirithe san Luinneóig. Bíonn
cheithre Líne de Cheathrúin ann, agus cheithre Líne de Luin-
neóig nó de Chur-fé:



Slán is céad ón dtaobh so uaim
Cois Máighe na gcaor na gcraobh na gcruach
Na stáid na séad na saor na sluagh
Ná ndán na ndréacht na dtréan gan ghruaim.



Uch, uchón, is breóite mise
Gan chuid gan chóir gan chóip gan chiste
Gan sult gan seód gan spórt gan spionnadh
Ó seóladh me chun uaignis.



— An Mangaire Subhach.



A Dheilbh sin:



A Fhormail



V. Luinneóg Ochtfhoclaigh .i. dul an Ochtfhoclaigh ar an
Luinneóig ann.



Tá gearán le teacht síos ag fear grinn den éigs:
Mo choileán breágh maithghniomhach do bheathuíos go méith
De chineál na Darbaoi gan mearaidhe 'na mhéinn,
I sruthán gur daingníodh mo mhaistín ar maéidh.
Ní thaitneann mar ghnó liom a chailleamhaint damhsa
D'éis a bheathuithe 's a thógtha mar mhadra i gcéim.
'S gur ghreamuigh an cóbach bhí malluithe is dóigh liom
Do threasgair gan chóir insan chaise sin é.



— Seán na Ráithíneach.


L. 68


A Dheilbh:



A Fhormail



[Tá a lán eile malartúcháin ar an Ochtlíneach, acht ní
gádh tagra fé leith dhó.]



CLEACHTADH.



Tuairisg ar Mhéidreacht na gCeathrún so:



1. Éistidh lem staruíocht gan faillí go fóili,
Tá aistí beag nódh agam len' áireamh,
Ar chéimibh na n-ealadhan do lean díom go hóg
Ar mearaí gur seóladh me óm cháirdibh;
Le sgléip is le neart grinn do beathuíodh me fós,
Go haérach ag fastuím ar hallaíbh na n-óg;
Ní léigim chun deaghchríche earraí ná ór,
Mar braduíonn an t-ól mo sholáthar.



— Micheál Firéast.



2. Sguiridh d'bhur bplé 's d'bhur ndéanamh ceasnaí
A Éigse gheal ghrinn ghrádhmhar;
Sin chugaibh an Réx de shaorshlioch cheap Ghaoidhil
I réimheas cheart-chríoch Clár Luirc;
Den chuimriosg bhaoth so an Bhéarla bainfíor
Tréna n-aindlighe sásamh,
'S ní cuma leó cé aca is éasga glacfaíor
Le cléir an Phaidrín Pháirtigh.



— Seán Ó Tuama.



3. Beidh lanna agus laochra créachtach cathach
Is céadtha i gcaismirt chruaidh,
Ag treagsairt a chéile ag éileamh ghradaim,
Is tréad na Sacsan tuaidh.
Is gairid an ré go dtréigfid dual,
Go mbeidh Carolus réx 'na réiltean suadh,
Albanaigh saor is Gaedhil go buan
Is búir ag sileadh dheór.



— Conchubhar Ó Ríordáin.


L. 69


4. Fáilte roim ghrádh geal na tíre
Go háitreabh a shinsear gan bhéim,
Rábaire is áille 's is aoirde
'S is ábalta gníomhartha agus méinn;
Tá an báire go bráth lenár muinntir,
Tá an mádh maith arís ar ár dtaobh;
Beidh árdfhlatha is cáirde 'nár dtimcheall
Ag ól sláinte 's ag ringce 's ag sgléip.



— Seán na Ráithíneach.



5. Is liachtain leasuithe ar chiach do charadsa
An rian nar chaithis le buadh chlú an lá,
Ar ghliathaibh garbha d'fhiannaibh dearbhtha
Is iad led lasairse ag luathú a lámh;
A sgiath na ranna so d'iaith na nGearaltach
D'fhiad go feardha 's fuair clú an láir,
Iarlacht machaire imbliana ó cheannachais
Dia gan mhasla dhod bhuanú slán.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



6. An Té do stiúrann teas is fuacht
Réalta rúin is reanna luais
Go saora fionnfhir Fhearainn Tuamhan
Is crannaibh cruais Chláir Fódhla;
'S i n-éiric siubhal na searbh-chuan
Do thréig an chúinse theastuigh uainn,
Laoch ná long thoir theas ná thuaidh
Ná raibh ag cuallacht Sheóirse.



— Tomás Ó Míodhcháin.



7. Tá lile gan sgamall d'fhuil Ghearailt na sáirfhear
Is soineanta teastas ag fáidhibh eóil,
'S ní fheicim a samhail ag taisteal na sráide
I n-innealtacht pearsan i gcáil 's i gcló;
Grádh na rún í an múirnín mascalach,
Bláth na n-ubhal í i dtúis an tsamharaidh,
Lúibín lachanta eala an chuirp bháin í
An fhinnebhean fhadachruibh áluinn óg.



— Domhnall Mac Cárrtha (na buile).



8. Dia na bhfeart dod chumhdach gan bhrúiteacht gan bhrón gan mhille
Cian id cheap le clú nirt i ndúthchas an tsinsir mhóir,
I dtiarnas treabh go trúpach le tonnbhrise treón gan time
'S ag riaradh ar rannaibh ciumhaischluthra cúmhra cois Laoi na
seól.



Gliaire gárdach, griangha grádhmhar iadhain áluinn iongantach
Gan rian i ráidhte riaghla is bráthair Iarla Blárnann gile sibh;
Maise mearchuradh Mhúsgraighe an Cúroí gan cheó ar a chine
Is Charraig na bhFear na bhfionnlaoch ná cumhduigheadh an stór.



— Seán Clárach.


L. 70


9. An tan d'éist sise séimhfhriotal bréithre mo laoidhe
Is fras aerach do sgínn 's is tapaidh le sgóp,
I n-éadromacht aongheilte d'éirigh le gaoith
Fá néallsgamall druíochta as m'amharc 'na ceó;
'Na dhéidh sin do claochladh mo thréine 's mo bhrígh;
Do thréigeas le daoldhuibhe sgéimhchrut mo ghnaoi,
Gur sgéaluigheadh aréir dam don réim sin gur sgíord
Cois caoltsruth na Mínteach sealad chun Seóin.



— Eóghan Ruadh.



10. Araoir im aisling 's me ag machtnamh im intinn
Ar an gCraoibhín aoibhinn áluinn óg,
Lem thaoibh do dhearcas le taitneamh an ríoghan
'Sí an Craoibhín aoibhinn áluinn óg;
Is binn do labhair is d'aithris le díoghrais
Ná luighfeadh feasta le beannaphoc coímhitheach
'S go sínfeadh seasgair i bhfarraidh a fírfhir
Sé an fíorlaoch aoibhinn áluinn óg.



— Muiris Ó Gríobhtha.



CEATHRÚ NAOI LÍNE.



Saghsanna fé leith iseadh a sholáthar so.



Samhlaídí:



A. Síle Ní Ghadhra.



Ar maidin indé dham is déarach do bhíossa
Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe,
Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimcheall
An eala ba shéimhe ba chlaéine ba chaoine;
Do phreabas do ritheas do dhruideas 'na comhair;
Do mheasas do thuigeas nár mhisde dhom shórt
A blaise go milis i n-imeall a beóil,
Le taitneamh le gile le finne na hóige,
Le maise le gloine le binneacht a glórtha.



— Tadhg Gaedhlach.



A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail


L. 71


B. Pé i nÉirinn í mo ghrádh í.



Cé fada mé le haer an tsaoighil
Gan bhail gan tréad gan réim gan mhaoin,
Níor dhearcas aon do léirghoin sínn
Go téacht im shlíghe dhon bháinchnis;
'Sí an chéibhfhionn chaoin tais ghrádhmhar
Le gaethe a mhill mo shláinte;
Bé gan phuimp
Gan taom gan teimheal;
Pé i nÉirinn i mo ghrádh í.



— An Mangaire Subhach.



A Dheilbh:



A Fhormail



CEATHRÚ DEICH LÍNE.



Samhlaídí:



A. Duain na Tríonóide:



Éisteadh gach eólach san Eóraip go héachtach
Mo sgeólta go sgéithfead don tsaoghal gan spás;
Aonmhac uilechómhachtach na trócaire gur thréigeas,
Ár nglóir uile ár ngéarshearc do shaor sinn sa pháis;
Ár gcrobhaire bronntach bile milis,
Cabhair an domhain againn a ghile,
Fonn na bhfann ár gcoinneall oinigh,
Réilthean na ngrás,
Ughdar na féile agus péarla na díodhachta,
Ár gcaomhchumann Íosa do sgaoilfidh ár gcás.



— Tadhg Gaedhlach.


L. 72


A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail



B. Is tréith me seal.



Is tréith me seal 's is fann;
Mo ghné do mheath do lom;
Do éaluigh cnead
Is saeghead is dart,
Im aedhibh im sgairt 's im chom.
Do thréig me, is feas, mo ghreann;
Tá an chléir i n-earraid leam;
Is baoth mo bheart;
Is faon mo neart;
Do chlaon do sgaip mo mheabhair.



— An Mangaire Subhach.



A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail


L. 73


CEATHRÚ AON LÍNE DHÉAG.



Samhlaídí:



A. Ag taisdeal na Blárnann lá 's me ag machtnamh
Ar ár na bhfearachon bhfáilteach bhfairsing
Den phór threón ba chalma i ngleó,
'S mar neaduigh an t-ál so tháine ó Shasana
I stát 's i bhfearantas Fháilbhe is Aimhirgin
Eóghain Mhóir is Chairbre an tslóigh,
Na flatha ba ghnáthach tárthach treasamhail
Dá gcartadh 's dá gcrádh 's dá gcárnadh ag fanatics
An táin seo d'aibidh fé ghráin na heasgaine
Grásgar cealgach Mhártain mhalluighthe,
An chrónchóip thug masla dhon Órd.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh:



A Fhormail



B. Mo ghrádh mo chroidhe agus croidhe gach Gaedhil iad
Grádh mo chroidhe is mo stór
Na sáirfhir ghroidhe ler b'aoibhinn Éire
Clár geal Mhíleadh mhóir
Go hárd 'na suidhe i measg tíortha tréana
Fé lánbhrat saoirse choidhch' maraon leó
Márs i ngníomh 's i gcaoine Vénus
Go sámh 'na suidhe fé ch'róin
Is bláth a síol dá deól
I lár na ríoghacht 'na suidhe mar réilthean
An áit is cuibhe dhá sórd.



— Dhá Chích Dhanann.



A Dheilbh:


L. 74


CEATHRÚ DHÁ LÍNE DHÉAG.



Dhá ghné phrínsiobálta atá ar an gCeathrúin Dá Líne Dhéag
.i. an tOchtfhoclach agus an Luinneógach. Bíonn a lán malar-
túcháin ar an dtaobh Luinneógach dhe.



Samhlaídí:



A. Ochtfhoclach:



Tá fánuidhe gan faesiomh
Ar árdchríochaibh Éireann,
Is fagháil síos ar éigsibh go minic;
Táid mná sidhe go déarach
Gach lá fuidheach ag géarghol,
Ag áthbhaois ag éigheamh is ar mire;
Táid páistí agus béithe
Fá lánsgíos le chéile,
Do sáruigheadh a réim is a bhfuinneamh
Le tásg cíordhubh créachtach
Thomáis Tighe na gCaorach,
D'fhág íseal Gaedhil bhocht gan urraim.



— Seán na Ráithíneach.



A Dheilbh:



A Fhormail = 4(2A + B).



[Tugtar fé ndeara ámh, gur féidir Deilbh B do roinnt
mar seo:


L. 75


Fágann san Formail 3A1 + B1 do gach trí Líne, nó
4(3A1 + B1) .i. Formail an Ochtfhoclaigh, dhon Cheath-
rúin ar fad. Do b'fhollus san acht an Cheathrú do sgríbhe
mar seo:



Tá fánuidhe gan faesiomh
Ar árdchríochaibh Éireann
Is fagháil síos ar éigsibh
Go minic



Agus mar sin dó.]



B. Luinneógach:



Céad slán chun gach ríghfhir
Bheadh páirteach dhom shlíghse,
I dtigh tábhairne do shuidhfeadh
Le hintinn ag ól,
Do thráighfeadh na fíonta
Gan ghrásgar gan bhruíonta,
'S i mbáireach dá dhruim sin
Ná goillfeadh air brón.
Mar ní mise an "boc seódh"
Do chruinneas an t-ór
Dá bhailiú go fíor bhocht
Is daoine eile 'á ól.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh:


L. 76


CLEACHTADH.



Tuairisg ar Mhéidreacht na gCeathrún so:



1. Cuirfeadsa im dhán síos cáilíocht clúmhail
Ar dhuine bheir fáiltí i dtábhairní dhúinne;
Cara mo chléibh
An sgafaire tréan
Is acmhuingeach méin is múine,
Is draganta laochda lúthmhar;
Taca nach tréith i gcúmhgrach;
Fear saoithiúil sámh is áille pearsa
Is bláth dá bhfeaca 'á chrú ghluin.



— Seán ua Ráithíneach.



2. A éigse Mhuicinis sgéidheadh bhur gcuisle dhil
Séis i bhfriotal guib, cuiridh do mheabhair;
Féach na Tumalthaigh céasta loisgithe,
Is Québec stiucuithe ag fuirinn na bhFrangc;
Léirsgrios léin ar laochraidh Lucifer,
Tréithlag turainneach tiubaist 'na cheann;
Caithidh le fonn
Canna dhen leann;
Taosgaidh an cuipe dhe 's fillidh ar ghreann.



— Éadbhard de Nógla.



3. Seo an leógan gan fiaradh 's an ghrianlasair lóchrainn
Do riarfaidh ar Fhódla na bhfearachon n-áigh,
Do thógfaidh an t-iarsma so imbliana Shliocht Eógain
Ba sgiathach i ngleóchathaibh calma námhad;
Le tóir thar tuile tuille ag tíocht,
Do dhóighfidh roimhe luisne is caoir,
Do thógfaidh linne i muthair chraobh
'S an saoghal maiseach bláith
Lena dtraochfar thar triúchaibh 'na dtrúpaibh go tréith lag
Búir bhuirbbéarla chuir ár n-eaglais tláth.



— Seán Clárach.



4. Tá grádh agam don spéirbhruinnill mhaordha in mo chroidhe
Is deir táinte na dtréanolc gur méirdreach do mhaoidhim;
Gach sáirfhile faobhrach i nÉirinn do sgríobhas
A cáile 's a tréithe i ngach véarsa go fíor;
Tá breághthacht is béasa aici is féile gan phuimp,
Isí Máire mo réilthean do shaothruigh an chraobh;
'S is pras a preab ar chleas an ghai
'S i laochas na gcloidheamh,
'S ag cárnadh na méirleach ler traochadh na Gaoidhil.



— Éadbhard de Nógla.


L. 77


5. Cois abhann go támhach ar bhánchnoc aoibhinn
Iseadh dhearcassa lá ar feadh spáis trém smaointe,
Is mé go dubhach
Ag déanamh cumhadh
Tar éis an phrionnsa dhíoghrais
Bhí i réim 's i gcúirt na saoithe,
Gur dhearcas cúilfhionn taoibh liom,
Bruinneal gan ghruaim
Ba ghile 'ná cuach
'S ba dheirge a gruadh 'ná an lítis.



— Diarmaid Ó Longaigh.



6. Táid dáimh is éigse ag pléireacht ghrinn
Ar shleasaibh gach réidhchnuic aéraigh aoird,
Ar barra na ngéag guth éan go binn,
Tig luingeas gan stuirm thar sáile;
Bíd aifrinn bheannuithe ag eaglais mhúinte
Beathuisge fairsing dá sgaipe agus lionnta,
Béithe measardha ag taisdeal thar triúchaibh
Le haonghean rúin dá ghnúis ghil áluinn;
Seanaphuirt ghreanta dhá séide ar phíb
Da spreagadh maraon le téadchruit chaoin
I bhfuirm buadh sonuis is ádha leis.



— Eóghan Mac Cárthaigh.



7. Níl grádh san mbith
Mar ghrádh gan fhios
Is grádh mar sin atá agam
Don bhábbruinnill
Is breághtha briocht
Ó Cheárd na cruinne tháinig
Do sladadh mo chroidhe
Ar fad as mo chlí
Le taitneamh dhon mhnaoi chráidh me
'S dá nglacfadh an ní
Do bhraduigh fáríor
Bheadh m'aigne arís sásta.



— Seán Ó Briain.



8. Ar maidin indé cois gaorthaibh cuain
Ag machtnamh ar thréithe an tsaogail bhuain
Do dhearcas ag téacht im ghaor ar luas
An fhinnebhean uasal áluinn;
Ba bhlasta a guth béil 'ná téadchruit shuairc
'S ná cantain na n-éan ar chraobhchaibh cnuas
Badh samhail a sgéimh a gné 's a snuadh
Le Hélen ghluais
Ón nGréig ar cuaird
D'fhúig treasgartha traochta an Trae gan truagh
De dheasgaibh a luadh le Paris.



— Seán Ó Muláin.


L. 78


9. A fhir fhíneálta thréithigh,
Dá mbínn lán de bhaochus
Um laoi bháis an fhéinnigh do sheinnim,
Do mhill ár na laoch me,
Dhin rí-rá dhem chéadfaidh,
De bhaois b'áil liom léigean den chluiche,
Gur mhaoidhis tráth id dhréachtaibh
I dtír námhad gur éagaimh
An príomhráib de phréimhshliocht na righte;
Mo dhíghbháil, mo ghéarghoin,
'Na luighe ar lár mo Shaesar
Gan líon lámh dá ghaoltaibh in fhoigse.



— Seán na Ráithíneach.



10. Cois leasa dham go huaigneach ar uair na maidne am aonar
Le hais na Sionna ar bruach chnuic ba nuaghluise sgáil
Do dhearcas ainnir uaibhreach ba shuanmhar ba shéanmhar
Ba réilteanach aerach 's í ag téarnamh im dháil;
A dlaoifholt daitte feactha fíor
Go cíortha casta creathach síos,
Go sníomhtha snasta ag teacht ar bís
'Na slaodaibh go feór;
A réidhearca réidhghlasa ar a héadan gan chas gan chríon
Ag géarchaitheamh saeghdaibh i gcléithibh na dtreón.



— Seón Lloyd.



CEATHRÚ CHÚIG LÍNE DHÉAG.



Samhlaídí:



Ag taisdeal dam tríd na críocha ar cuaird
Ó Chaiseal na ríogh go Laoi na sguab,
'S i mBarrachaibh aoibhne taoibh le cuan
Is fearra do fuaireas sgéala:
Go rabhadar míle taoiseach sluagh
D'aradfhuil Ghaoidhil na luingseach luath
'S a leabharbhairc líonta dhíobh ar luadhail,
'S a mbratacha ar luasgadh i n-éinfheacht,
Fá mheirgibh maoidhte Laoisigh mhóir
Ar leirg na gaoithe is taoide leó,
Le feirg ag tíocht 's le fíoch na leóghan,
Do dhíochur Seón
As críochaibh Eóghain,
Go dtigidh arís an rí don choróin
'S a bhfearann ceart d'uaislibh Éibhir.



— Seán Clárach.


L. 79


A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail



CEATHRÚ SÉ LÍNE DHÉAG.



Ochtfhoclach dá chur síos 'na cheathrú Sé Líne Dhéag isé
sin an saghas is tábhachtaighe ar an gCeathrúin seo.



Samhlaíd:



Mo chás mo chaoi mo cheasna
An fáth thug claoidhte i n-easbaidh
Fáidhe draoithe sagairt
Dáimh agus cléir
Gan dán dá ríomh le haiteas
Gan ráidhte grinn dá n-aithris
Gan sámhchruit bhinn dá spreagadh
I mbánbhrogaibh réidhe,
Gach ráib d'fhuil Mhíleadh ceannais
Láidir laochda tapa
Ba ghnáthach ringceach reathach
Lánoilte ar faobhar
Gan stát gan mhaoin gan fearann,
Ár is míle measa
'Ná Seán Ó Duibhir an Ghleanna
Bheith fághta gan game.



— Eóghan Ruadh.



Deilbh A = á í a



Deilbh B = á é.



Agus a Fhormail = 4(3A + B).


L. 80


Isé sin Formail coitianta dhon Ochtfhoclach an fhaid is ná
bíonn malairt ar na Gutaí Méidreachta ón gcuid go chéile dhe.



Baineann anachuid leithleachais le soláthar na Ceathrún so.
Cuirimís i gcás:



Lá is me tríd an tír ag taisdeal
Go dítheach dealbh dubhach bocht,
Cráidhte ar díbirt ag dlighe na Sacsan
Fá chuing ag clannaibh Liútair,
Gan árdfhlaith grinn d'fhuil Gaoidhil ar marthain
Chun dín do thabhairt dúinne
Ó Nás na ríogh go Laoi na leacan
Nó síos ar fad go Rúta,
Brónach briste breóidhte i gcrith
'S go mór i mbroid dom múchadh,
Gur seóladh sinn i dtreóir thar Sionainn
Mhóir i n-ionad fiúntach,
'Nar fóireadh me go mór óm luige
I gcóir i gcion 's i gcúram
I dtigh Thomáis dhil ghrádhmhair oinigh,
In' árus chluthar chúmhra.



— Seán Clárach.



A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail


L. 81


Ceann eile:



Mo léir mo dhíth me tréith im luighe
Gan faesiomh puinn le fagháil dam,
Le daorshearc grinn gan bhréag don mhnaoi
Do thraoch mo chroidhe le grádh dhi;
A spéirbhean mhín ná déin so línn
Acht saor arís ón mbás me,
Is réidhigh an tsaighead do shéidis cruinn
Led ghaethibh nimhe trém lársa.
Is caol a braoithe breághtha
'S a béal is mílse ráidhte
'Na bhfuil caor is lí ag plé 'na gnaoi
'Sí péarla an aoilchnis áluinn;
'Sí gaol na dtaoiseach láidir,
Nár staon dá naímhde i mbeárnain,
Fuair réim is dlighe gach taobh dhen tsaoighal,
Sní tréason puinn dam trácht ort.



— Tadhg Gaedhlach.



A Dheilbh:



A Fhormail



CEATHRÚNA ÓS CIONN A SÉ DÉAG.



Is beag atá le fagháil de Cheathrúnaibh ós cionn sé Líne
dhéag. Do b'annamh fuinn nó puirt cheóil do bheith rófhada.
Ba ghnáthaí gairid iad; agus ag dul i ngirreacht a bhídís do
nós le linn ré na Filíochta so. Is annamh do-gheibhtar leithéid
"Jackson's Family Piece" nó "Aon is dó na Píobaireachta" ar
cheól an t-ochtú aois déag. Isé Filíocht so na Gaedhilge an
finné is cruinne ar an gceól a bhí coitianta an uair úd.


L. 82


Tabhrfaimíd samhlaídí anois ar cheathrúnaibh 'na mbíonn
ós cionn sé Líne dhéag ionnta san sgríbhinn.



(a.) A seacht déag:



Is dubhach faoi sgamall bróin
Tré smúit bhím d'easba spóirt;
Fada mise ag fulang phéinbhruid
Le dartaibh nimhe Chuipid chaeich ghlic,
D'fhúig tréinfhir gan treóir
Le géirshearc dhon óigh,
Bean do chéadchuir cluiche
I gceart ar bhéithibh cruinne
I méin is i gclódh;
A réilthean gach cóig
Nár aontuigh thar cóir,
Ní cúis mhaoidhte ag déithibh
An t-ubhal díbh go ngéillid
Do réir cheangail chóir,
'S an té ghlac é ar dtóis
Tug le ceart an séad san
Do Vénus fád chómhair.



— Liam Ruadh Mac Coitir.



A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail


L. 83


(b.) A hocht déag:



Tá caoinbhean tsuairc i bhfíoghair gan ghruaim
Go síoch suilt buan im chomhgar,
Go binn tais buadhach gan chinnteacht chruais
Gan phuimp gan mhuardhacht mhórtais;
Is cíortha a gruaig 'na dlaoithibh dual,
Go craobhach cuachach cóirneach
Ag tíocht anuas i bhfighe neamhchruaidh,
'S i bhfiordhath uaibhreach órdha;
A braoithe beacht mar ghearradh pinn,
A cíocha cailce cearta cruinn,
A mínchrobh geal
'S a haolchorp seang
Is gnaoighlan geanmhar geanmnaí;
Dá mbeínn im fhear mar phearsa Naois
Ba ghaoiseach galach gaisge is gníomh
Do rachainn im réim
Le cara mo chléibh
Go fearantas aerach Bhreógain.



— Tomás Ó Míodhcháin.



A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail


L. 84


(c.) A fiche:



Im leabaidh aréir trím néall do dhearcassa
Ainnir ba mhaordha taitneamhach clódh
'Na seasamh lem thaobh, 's í craorac geanamhail
Béasach béaltais banamhail óg.
Ba chasta cas craobhach dréimreach fada tiugh
Bachalach léise ó bhaitheas go bróig
A carnfholt néamhrach péarlach camarsach
Slaodach faon 's é daitte mar ór.
Bhí luisne tré lonnradh an lile 'na gnúis ghil
Shoineanta shúgaigh chlúmhail mhúirnigh
Mhodhmhail mhiochair mhaiseamhail;
A claondearc réidhghlas féigh ler trascradh
Na céadtha laoch i bpéin 's i n-anabhroid;
A braoithe mar ribe
'S a séis ba shéimhe 'ná fionnachruit ceóil;
A haolchrobh néata ghléasas beannaphuic
Éisc is éin coin allta agus leóghain,
Cruinnbhairc dín is cuimheascar machaire,
Tuitim Cloinne Uisnigh
Is éacht na Féinne ar leathanbhrat sróill.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh:



Ar an adhbhar san A Fhormail


L. 85


CLEACHTADH.



Tuairisg ar a Méidreacht so:



1. Trém thaobh tig an tuirse
A réir dam d'éis luighte
I nDéisibh do chonnac
An ríoghbruinneal óg,
Do thréanchaith im choinnibh
Gae neartmhar nimhe
Do chréacht me le hiomad
Díoghrais dá clódh;
A féachaint 's a feicsint
D'éaluigh a ngruide
Ar thaobh chnuic mar thuitfeadh
Druíochtsgamall ceóidh;
D'éighmheas ar buile
I ndéidh an té d'imthigh
Go céasta 's me ag sile
Sírcheatha deór.



— Eóghan an Mhéirín.



2. Mise fa chúis chaoi dlúth faoi ghéibhinn
Do chuireas gan pungc dlighe i gciúintsnaidhm saershearc;
An choinneall ar nóin do chiorrbhuigh mo threóir
Ó chonnac do chlódh is do cháile
Ler milleadh gach treón dá dtáinig
Id choinnibh cé cródha an gárda;
Tá an oireadsan sórd ód chloidhmhte san ghleó
Nach tuigimse fós a n-áireamh;
Na hairm seo mhaoidhimse san chaismirt nach tim
Ler trasgradh laochra 'on árdfhuil,
Ós dearbh gur díobh a barrfhionnfholt bíseach
Camarsach claointiugh cáibleach
'Na sreathaibh ag tíocht ó bhaitheas a cinn
Ag feacadh léi síos go sálaibh,
Do tharcuisnigh fíor fá sgamall an flíos
Thar caise 'na luing thug Jáson.



— Liam Ruadh Mac Coitir.



3. Gach crú ríogh i bhflaitheas Eóghain
Seo cúis ghrinn feasta dhóibh:
Mars le mire ar imeall Thétis,
I mbarcaibh iomad righthe taobh leis
D'fhuil Éibhir na slógh
Nár éimigh an spreóin,
Neptune dé na cruinne
Dair is réidhe ar gach uisge
I ngéarchumas dóibh;
Is néamhrach an sgóp
Ag Phoébus gach ló,


L. 86


Go músglaíd na réilte
'S gach úirísleacht éirghid,
Ag gréasach na leóghan
Chun éirligh gan speóis
Ar chumplacht an bhéarla
Thug Éire fá bhrón.



— Séamus de Barra.



4. An fear so mhaoidhim im véarsa
Is gasta a sgaoileann géibhinn
Na banna a bhíonn
I nglasaibh righne
Is lear ar tí a ndaortha;
Gura fada fíor a shaogal
Chun aicme an fhill do chaochadh
I mbeartaibh dlighe
'S i gcathaibh cloidhimh
S i sparainní dá ghéire;
Flaith de ríoghfhuil
Chlanna Míleadh,
Dalta díleas d'Éirinn,
'S a theacht den líne
Leabhair, mhín sin
D'aicme Ór is Éibhir;
Aitchim Rí na gréine
'S nár bheana díth ná léan dó
Go ngabhaidh críocha
Cearta a shinsir
Ón gcaladh síos go Claonghlais.



— Micheál Óg Ó Longáin.



5. Araoir is me seal ar mhaoileannaibh glasa
Ag cíoradh mo charn craobhfholt,
Ag smaoineamh mar leagadh saoithe gach sleachta
Do shíorchuir me i dtearca suain,
Gur líonadar sgata síodhbhan lem ais
Go cíocrach ag stathadh a gcéibhe,
Is d'innseadar dam gur claoidheadh duin' 'em charaid
Taoibh liom cois sleasaibh cuain.
Tháinig 'na luisne ar árdbhuile chugainn
Áine le tuille sgéalta ba thruagh:
"D'fhágas do chumann tláth lag," ar sise,
"I dtánaiste an chluiche chruaidh;
Átrops an uilc atá anois in' ucht
A geárrsgine gluine géire as a truaill
A grásgar le Pilib, fáilte gach file,
Nó an cás leat é a ghiolla ruadh?"



— Liam Ruadh Mac Coitir.


L. 87


6. Mo léan le luadh agus m'atuirse,
'S ní féar do bhuain ar theascannaibh
D'fhúig céasta buartha m'aigne
Le tréimhse go tláth,
Acht éigse is suadha an tseanchais
I ngéibheann chruaidh 's i n-anacra,
Go tréith i dtuathaibh leathan Luirc
Gan réim mar ba ghnáth;
'S gach lonnabhile borbchuthaigh
Tréanchumais d'fhás
De bhrollastoc na sonachon
Do phréamhuigh ón Spáin,
Go canntlach faonlag easbathach,
Fé ghallsmacht ghéar ag danaraibh
An camsprot claon do shealbhuigh
A saorbhailte stáit.



— Eóghan Ruadh.



7. Dám' éigs me cheapfadh duanta le fuaimint is laoithe
Go técsach uamach sioscaithe i gcaomhfhuirm comhad,
Tréithe is teastas buadhachleinbh uasail do ríomhfainn,
Scéimh a gruadh 's a fionnachruith is séimh sultmhar sóghach;
Is dréimreach dlathach dualach a cuacha 's is buidhe tiugh
Go péarlach scuabach muireanach ag slaodadh go bróig;
Is saor dom meas 's is stuamdha neamhghruamdha gan daoilcheas
A héadan suaimhneach soineanda ler créachtmhilleadh treóin.
Is caol a braoi mar aondais pinn
Ó chléireach cruinn ar dhearc gan smól;
'S a béal tais binn, mar shéise sidhe
Ar théadaibh fuinn, do spreagann ceól;
Tá gile an lile 'na leacain shnuite ag caismirt lesna caora;
Is míonla módhmhail gan phuimp gidh óg
An réilthean mhórdha mhaiseamhail,
Ríoghan shnódhmhail thaitneamhach gan cheachaireacht 'na clódh.



— Eóghan Ruadh.



LEITHLEACHAS MÉIDREACHTA.



Nuair a bhíonn Méidreacht chruinn ar Amhrán is gnáthaí
an tomhas agus an Deilbh chéadna ar gach ceathrúin ann. Ní
bhíonn san amhlaidh i gcomhnuí, ámh. Tá saghsanna ann go
dtagann malairt Gutaí Méidreachta san Deilbh ortha ón
gCeathrúin go chéile; agus tuille saghsanna go n-imthíonn an
malartú ortha leastigh dhen Cheathrúin féin. Ní misde trácht
ar chuid aca san anois.


L. 88


A. OCHTFHOCLACH BREACHTACH.



Tugtar Breachtach ar an Ochtfhoclach nuair a thagann
malairt Gutaí Méidreachta ann ón gCeathrúin go chéile, nó ón
gcuid go chéile dhen Cheathrúin. Nuair a bítear ag cur síos
ar a mhéidreacht ní fuláir Deilbh a cheapadh do gach malairt dá
mbíonn ann.



Samhlaídí:



I. Dia do chruthuigh grianbhrogh Nimhe,
'Na lia cluiche is ceólmhaire,
'Na lia aingeal diadha daingean
Briathrach breathach beoilmhilis,
'Na lia gile, 'na lia binne,
'Na lia gluine is glórmhaire,
'Na lia soillse grianach grinngheal,
'Na lia lonnradh lómhardha.



— Baothghlach Dubh.



A Dheilbh:



Tugtar fé ndeara go bhfuil stad beag san chainnt tar éis an
fhocail lia annsan.


L. 89


Ar nós an Ochtfhoclaigh is féidir trí Duilleóga agus Stoc a
dhéanamh ar gach dhá Line: mar seo:



Is follus uaidh sin ná fuil aon mhalartú ann ach amháin ar
an dara Céim san Deilbh A. Má chuirimíd x i n-ionad an
mhalartúcháin sin gheobham an Deilbh seo do gach dhá Líne:



.i. 4 (3A + B) .i. Formail an Ochtfhoclaigh don Cheathrúin
ar fad



II. Aisling ghéar do dhearcas féin
Im leabaidh 's mé go lagbhríoghach:
Ainnir shéimh, dar bh'ainm Éire
Ag teacht im ghaor ar marcaigheacht;
A súil reamhar ghlas, a cúl trom cas,
A com seang geal 's a mailghe,
Dá mhaoideamh go raibh ag tigheacht 'na gar
Le díoghrais Mac an Cheannaighe.



— Aodhgán Ó Rathaile.



A Dheilbh:




Tá an Leathcheathrú tosaigh ar aon-tomhus agus ar aon-
deilbh, acht tá malartú ar Dheilbh A as san amach. I n-indeóin
an mhalartúcháin sin is follus go bhfuil Formail an Ochtfhoc-
laigh ann .i. 4(3A + B).


L. 90


B. CROSÁNACHT.



Aithris ar Mhéidreacht ársaidh iseadh an Chrosánacht. Ní
fuláir trí chuid i ngach Leathcheathrúin. An Chéadchuid agus
an dara Cuid do dhul le chéile i dtomhus. Is gnáth malartú
Gutaí Méidreachta ón Leathcheathrúin go chéile. An tríomhú
Cuid de gach Leathcheathrúin ag freagairt dá chéile; malartú
annsan ón gCeathrúin go chéile más gádh é. Ní míchosúil leis
an Ochtfhoclach Breachtach é, acht gur Dhá Dhuilleóig agus
Stoc a bhíonn ar cheachtar den dá Leathcheathrúin. Tá an
saghas so coitianta ar Aistibh grinn agus go sonnrádhach ar
Bharántaisíbh.



Samhlaíd:



A Éigse suadha Sléibhe Luachra
Eistidh linne seal,
I laoithibh éifeacht daoibh go léighfead
Fé mar sgriosadh me.



— Eóghan Ruadh.



A Dheilbh:



L.1: é ua é ua




Tugtar fé ndeara an malartúchán ar Dheilbh A on gCéadlíne
go dtí an tríomhú Líne. Is follus le feiscint gurab é is Formail
dó:



2(2A + B).



[Ós rud é gurab iarsma é sin ar sheanaiste dána, níor
cheart a chur san Cheathrúin ann acht oiread an tseana-
rainn .i. Cheithre Líne fé mar atá thuas.]


L. 91


C. RANNUÍOCHT.



Buailtear umainn coitianta go leór insan Litríocht Ceath-
rúna Cheithre Líne i bhfuirm aithrise ar Rannuíochta, nó ar
Shéadnadh Mhór, nó ar Rinneárd na seanaimsire. Ní fuláir
Aicill i ngach Leathcheathrúin, agus Aiceann Deiridh an Chéad-
Leathcheathrúin do fhreagairt don Aiceann deiridh san dara
Leathcheathrúin.



Samhlaídí:



1. Thárla i Luimneach le cheile,
I n-éinfheacht aimsir Shiosóin,
Triúr nár bh'annamh i dtigh'n tábhairne:
Mathúin, Pádraig is Tiobóid.



— Séamus Inglis.



Tá Aicill san chéad Leathcheathrúin annsan idir chéile agus
n-éinfheacht; agus san dara Leathcheathrúin idir tábhairne
agus Pádraig. Focal aiceanta iseadh Shiosóin; isé an tAiceann
deiridh san Chéad Leathcheathrúin é. Gabhann sé sin le
Tiobóid .i. an tAiceantach deiridh san dara Leathcheathrúin.
Saghas aithrise ar Rannuíocht Bheag na seanaimsire iseadh é.



2. "Cia an traghna so san ngort
Sheinneas a phort ar shliabh?"
"Duine mise 'na mbíodh spéis;
Oisín me tar éis na bhFian."



— Donnchadh Ó Labhraidh.



A thuairisg:



An dá Aicill: (a) san chéad Leathcheathrúin, ngort: phort;
san dara Leathcheathrúin, spéis: éis.



An dá Cheann: shliabh: bhFian.



Aithris ar Rannuíocht Mhór na seanaimsire é sin.


L. 92


CLEACHTADH.



Tuairisg ar a Méidreacht so:



1. Creimfead troighthe an chladhaire chime
Is laghrach briste créachtuighthe;
'S a dhá chruadhsháil ar a mbíd fuachtáin
Polla agus cuasáin ghréiscithe.
Ingne fiara rinneadh den iarann
Culaith is cliath dhá mhéireannaibh
'Sa dhá lurgain leóinte, bhristithe scóltha
Scriostaithe dhóighte mhéirscreacha.



— Aodhagán Ó Rathaile.



2. Dá bhrígh sin órduighim do gach treóruidhe
Ar feadh na dúithche,
An dís seo leanamhain 's a dtabhairt ceangailte
Chum na cúirte.



— An Mangaire Subhach.



3. Gidheadh beartuighim díbh an dailtín
Do sheachaint ar aonach,
D'eagla Chathaoir is fuireann na stafaí
Do theacht d'bhur bpléasgadh.



— Muiris Ó Gríobhtha.



4. A Bhriain, ná bagair go baoth
'S nach eagal le haon do ghliadh;
Má's tú is saorchuradh siúr
Le caomhnadh na cúige thiar.



— Aindrias Mac Cruitín.



5. A ghaisgidhigh gidh searbh do dhán,
Dar do láimh is doilbheas línn
Gan do chroidhe san gcreideamh gcóir
'S gan an óige i bhfoigse dhíbh.



— Conchubhar Ó Briain.



6. Bíom go súgach, líon an crúsga
Le fíon go húr 's na cannaí;
An báisín ólam, ná fágam deór ann,
Go grádhmhar ceólmhar mearghroidhe;
Sidí sláinte an ríogh 's an phápa
Laoisigh 's an Spáinnigh dheaghchroidhigh;
Is fáilte a-bhaile go bráth beidh agam
Roimh shármhac ceart an Cheannaighe.



— Tomás Ó Glíosáin.



7. Fógraim daoibh, a dhaoine,
An daoi-sin Liam Mac Curtáin;
'S go deó ná leogaidh suidhe dhó
I measg saoithe na bhfeadán.



— Éamonn de Bhál.


L. 93


8. Ag so a thuairisg do lucht cuardaigh
Ar feadh na dúithche:
Fear caol guagach creatbhuidhe guaireach
Agus é gúngach.



— Seán Clárach



9. Adhraim thú a thaidhbhse ar gcrú
A mhaighre an mhúir neámhdha,
Do arthuigh le searc don Athair go neart
D'ár gcabhair i gceart Mháire;
Mar ghréin tré ghloin de léimeadh libh,
D'aonsgrios uilc Ádhaimh,
Go rugais le crann, duine 's a chlann,
A hifreann, ceann Cásga.



— Dáibhidh Ó Bruadair.



10. Buadh séin leat ins gach céim,
A leoghain gan bhéim i ngliaidh;
Cúraoi nár traochadh i dtreas,
Cnú chroidhe agus searc na gcliar.



— Séamus Inglis.



11. "Ní bacach me ná geócach
Dar ndóigh," arsa an sgoláire;
"Is i mBaile Breac do chomhnuighim,
Ag fagháil eóluis om máighistir."



— Donnchadh Ruadh.



12. Bruadair Smiot is Glin
Fé ghlais ar lic na bpian;
Cúis chaoi agus sile deór
Go raibh gach ló ag an dtriar.



— Duine gan Ainm.



RÉIDHMHÉIDREACHT.



Go dtí so isé Filíocht a bhí i gceist againn ná Filíocht go
bhfuil Méidreacht chruinn ealadhnta air. Tá tuairisg tugaithe
againn ar an Mhéidreacht Chruinn sin. Acht níl an Ghaedhilg
i dtaobh leis sin amháin, mar i dteannta na Méidreachta atá
ealadhnta gheibhmíd saghas eile ara dtugtar Méidreacht
Neamhchruinn nó Méidreacht Réidh. Déanfaimíd trácht ar
sin anois.



Isé fáth go dtugaimíd Réidhmhéidreacht air a fhusacht atá
ceapadóireacht ann seochas an Mhéidreacht chruinn. Bíonn


L. 94


sé coitianta i n-amhránaibh na ndaoine, agus gheibhmíd é ina
lán den bhFilíocht do ceapadh go déadhnach. Is amhlaidh a
bhíonn Deilbh neamhchruinn air. Tagann cuid den neamh-
chruinneas san i n-amhránaibh go raibh Deilbh chruinn ortha
nuair a ceapadh ar dtúis iad, acht tré bheith ag dul ó bhéal go
béal, gur hatharuíodh agus gur truaillíodh iad leis an aimsir.
Acht, i gcás urmhór an neamhchruinneasa, is mar sin do ceap-
adh é, mar gheall ar a shaoráidí atá an Cheapadóireacht ann.



Isé do-bheir neamhchruinn é malairt Gutaí Méidreachta i
gCéimeannaibh nur cheart iad do bheith do réir a chéile.



Ní théigheann an neamhchruinneas acht ar na Gutaíbh
Aiceanta.



Insan Réidhmhéidreacht féin nil sé ceaduithe Líon na
gCéimeann na an Aicill do bhrise. Agus ní maith an comhartha
air brise ar an gComhfhuaim ann gan deiseacht éigin dá bhárr.



Isé Comhartha a cuirtar san Deilbh don mhalairt Ghutaí
Aiceanta ná x. Cialluíonn x aontsaghas Guta Méidreachta.



Seo roinnt samhlaídí.



A. Amhrán:



Cé thárla dealbh sa mbaile gan chabhair ar bith,
I gcomhgar ghleanna 's dob aindeis go leór mo chruth,
Mo bhanaltra ag sgreadaigh mar "Beit bhocht" ní bhfuair istigh;
'S gan deire le gainne an té mhairbh mo ghabhar is d'ith.



— Piaras Mac Gearailt.



San chéad dul síos ní mór Deilbh do cheapadh do gach líne
annsan. Mar seo:


L. 95


Tá an méid seo le tabhairt fé ndeara ar an dealbhúchán san:



(a) Malairt Gutaí Méidreachta ar an gCéad Chéim tríd síos.



(b) Malairt Gutaí leis ar an gCeathrú Céim.



(c) Brise ar an gComhfhuaim san Trímhú Líne. Tá leath-
sgéal dó-san, mar ainm coitianta ar ghabhar iseadh "Beit,"
agus comhartha ceanúlachta iseadh an Aidiacht "bocht," a
thugadh an tseanabhean uirthi.



(d) Siollabh san bhreis ar an gCéad Chéim san Trímhú Líne
agus san Cheathrú Líne thar mar atá ann san Chéad Líne agus
san Dara Líne.



Má theastuíonn uainn Deilbh amháin do cheapadh dhon
Cheathrúin ar fad ní fuláir gach fánuíocht aca san d'áireamh.
Sidé é:



Cuirtar i gcompráid leis sin:



Is léan len' aithris dá ndealbhadh éigse duan
Do laochraidh Chaisil ba thairise ar dhréachtaibh suadh
Gurb éaradh is aithis do-gheabhaid i n éiric duas,
Céim le meastar gur mheathadar Gaedhil monuar.



— Aodh Buidhe MacCruitín.



A Dheilbh sin:



Tá san cruinn tríd síos. Acht féach go bhfuil an tómhas
céadna ar an dá Cheathrúin.



B. An Rócán:



Cad do dhéanfaimíd feasda gan adhmad?
Tá deire na gcoillte ar lár;
Ní'l trácht ar Chill Chais ná ar a theaghlach,
'S ní bainfar a creidhil go bráth;
An áit úd 'na gcomhnuíodh an deighbhean
Fuair gradam is meidhir thar cách;
Na mbíodh iarlaí ag tarraint thar toinn ann
'S an t-aifreann binn dá rádh.



— Seanamhrán.


L. 96


Deilbh do gach Líne, mar seo:



Tá dhá nídh cruinn annsan.



(a) An Aicill ó cheann deiridh Deilbh A go dtí lár buill
Deilbh B.



(b) An Guta Méidreachta i ndeire Deilbh B.



Malartú insgach aonáit eile.



Seo mar is ceart Deilbh a cheapadh dhon Cheathrúin ar fad:



[Féadtar é sin do chur i gcompráid le Go déadhnach is
Phoebus fá neóll, lch. 62.



Samhlaídí eile: An Chaoldruimionn Óg Phiarais Mhic
Gearailt; Seán Ó Dighe, do.; Eóghan Cóir, etc.



Is óna leithéidí sin a tháinig an come-all-ye isteach san
Bhéarla i nÉirinn.]


L. 97


C. Ochtfhoclach.



Lá bhreágh gréine 's me ag dul ar aonach
A cheannach bhéabhair dhen fhaision nódh,
Do chonnac an spéirbhean is í na haonar,
Do labhair sí Béarla 's ba dhise b'eól:
"A ghrádh 's a laogh dhil, suidh síos taobh liom,
Siudí an daorphunch is beam a' hól;
'S go deimhin má's féidir ár gcol do réiteach
Go mbead mar chéile ag an mBrianach Óg."



— Seanamhrán.



Deilbh gach líne mar seo:



Malartú san Chéad Chéim agus san Trímhú Céim tríd síos.



Ar an adhbhar san Deilbh A



Agus Deilbh B



Agus 4(A + B) don Cheathrúin.



Acht Deilbh A



Agus Deilbh B



Ar an adhbhar san


L. 98


Isé sin 4(3A1 + B1) don Cheathrúin; agus isé sin Formail
an Ochtfhoclaigh.



[Insan Réidhmhéidreacht so ar an Ochtfhoclach is
gnáthach gan bheith cruinn ann acht cinn deiridh na
nDuilleóg agus na Stoc.



Samhlaídí eile a sgríbhtar ochtlíneach: Eóchaill; Do
bhí bean uasal seal dá luadh liom, etc.



Samhlaídí a sgríbhtar 'na dhá líne dhéag: Bean dubh an
Ghleanna; Fiaguidhe an Chúil Bháin, etc.



Samhlaídí a sgríbhtar 'na sé líne dhéag: Seán Ó Duibhir
an Ghleanna, etc.



Is ón Ochtfhoclach san a tháinig leithéid The Groves of
Blarney, agus The Bells of Shandon san Bhéarla.]



D. An Luinneógach:



Grádh lem anam mo pháistín fionn,
A criodhe is a haigne ag gáirí liom,
A cíocha geala mar bhláth na n-ubhall
'S a píob mar eala lá Márta.
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
Is tusa mo rún is mo ghrádh geal;
Is tusa mo rún is mo chumann go buan,
'S mo chreach gan tú agam ód mháithrín.



A Dheilbh:



Agus a Fhormail


L. 99


[Ní beag de shamlaídíbh ar an Réidhmhéidreacht an
méid sin. An té go bhfuil taithí aige ar an Mhéidreacht
Chruinn is fuirist dó an Réidh do láimhseáil. Acht cuireadh
sé eólas ar an gCruinn ar dtúis. Ní fuláir Méidreacht na
Filíochta Réidhe do thomhas le slat na Filíochta Cruinne.
I n-indeóin a neamhchruinneas atá an Mhéidreacht innti
tá buadhanna agus deiseacht aici a bhaineann léi féin — ná-
dúrthacht cainnte, druíocht stíleach — seanchas, agus a
leithéidí, a choruíonn an croidhe. Tá san fíor go háirithe
i dtaobh na coda a thainig chughainn ar bhéaloideas ónár
sinsir. Ní fuláir gan a dhearmhad go mbíodh ceól leis
an bhFilíocht san i gcómhnuí, agus gur mhaith an sás an
ceól chun na focail do choimeád ar buanchuimhne.]



E. Cruachadh Siollabh.



Sin nós atá coitianta i bhFilíocht na ndaoine, agus go
háirithe i n-amhránaibh nur tháinig atharú ortha de bhárr oibriú
bhéaloidis. Isé rud é ná breis thar an áireamh ceart Siollabh
do bheith i gCéim, nó breis agus Siollabh amháin i Ruthag.
An chainnt agus an ceól ag oibriú ar a chéile isiad fé ndeara
san go minic.



Samhlaídí:



(a) Faid do bhíodh an bainne á théigheamh agam
seadh ghlaodhainn ar na gamhna.



A Dheilbh:



Dhá Shiollabh san Ruthag ann.



Agus muna ndeirthar thé ar an bhFocal théigheamh,
agus leogaint don Bháthadh oibriú do bheadh Siollabh san
bhreis ar an dara Céim.



(b) Chuadhmair 'dtigh an ósta
'S do bhíomair ar stól ár suidhe:
"Glaeidh ar phunch is ól do dhóithin,
Thabhrfadh fóirithin ar do thinneas chroidhe."


L. 100


A Dheilbh:



San dara Leathcheathrúin atá an Cruachadh annsan. Tá
an dá Ruthag dúbalta ann agus Briathair ionnta (.i. Focal
nur cheart Aiceann a bheith air).



Agus an Chéad Chéim san Cheathrú Líne tá dhá Shiollabh
de bhreis ar an gceart ann. An Gaedhilgeóir dúthchais labhrann
sé go mear neamhaiceanta na Focail seo: Glaeidh air, agus
Thabhrfadh, agus ar do, le linn dó an Cheathrú san do ghabh-
áil nó do rádh. Sidé a Dheilbh ghinerálta:



Agus a Fhormail = 2(A + B).



Níor bh'iongnadh liom dámadh rud éigin mar seo a bheadh
ann ar dtúis:



Glaeidh ar phunch do dhóithin
Sí thabhrfadh fóirthin díbh.



(c) Is tuirseach a bhímse im luighe ar mo leabaidh go tláth,
Gan dhá uair insan oidhche agus mí ar fhaid i ngach lá;
Deargadh mo phíopa ní bhfuighinn 'shuidhe ann 'ge bun
ná 'ge bárr;
'S isé an tinpinny tuillthe é céad díth air muran deacair
é fháil.


L. 101


An Chéad Líne annsan an t-aon cheann amháin go bhfuil
líon ceant siollabh i ngach Céim ann. Tá an Cruachadh go
líonmhar ann, go háirithe san Trímhú Líne agus san Cheathrú
Líne. Leathsmuigh dhe sin ní gearánta ara Mhéidreacht.
Filíocht den tsaghas so iseadh a chuireann diombádh agus brise
croidhe ar cheóltóirí ná bíonn an Ghaedhilg ó dhúthchas aca.
Sidé a Dheilbh ghinerálta:



Cuirimís i gcompráid leis sin an Cheathrú so as an ath-
chuinghidh do iarr Eóghan Ruadh ar Shéamus Mhac Gearailt:



A chara mo chléibh 's a Shéamuis ghreannamhair ghrádhaigh
D'fhuil Ghearaltaigh Ghréagaigh éachtaigh airmnirt áigh
Maide glan réidh i ngléas bíodh agat dom rámhainn
'S, mar bharra ar an sgléip cuir léi go greanta bocán.



A Dheilbh sin:



D'aontómhus amháin iad.



CLEACHTADH.



Tuairisg ar a Méidreacht so:



1. Is fiú chúig giní gach ribe dá gruaig mar ór,
'S is fiú a oiread eile a cuideachta uair roim ló;
A cúilín trom triopallach ag tuitim léi síos go feór,
'S a chuaichín na finne, no ar mhiste do shláinte d'ól?



2. Maidin cheódhach nuair d'eirigheas
Is chuadhas amach fé'n gcoill ghlas
Is ann do bhuail an treighid me
Ná leighisfar fóríor;
Do chuala an bhruinneal mheidhreach
I lúib na coille draighneach,
Do phreab mo chroidhe le greadhan di
Gur dheighbhean dam í.


L. 102


3. Ar an nGaibhil atá an deighbhean gan allus
De lúrapóig caillighe gan daonnacht;
'S go deimhin duit dá raghadh sí insna flaithis
Go ndeighilfeadh na haingil ó chéile.
Tally high-hó, high-hó,
Tally high-hó, sí an cladhaire í;
Tally high-hó, high-hó,
Sí cailleach mhór chrón na Gaibhle í.



4. Éag dá maireann do mharbh, a Sheáin ghil Paor,
Do gach n-aon do thathuigh do phearsa do shlí 's do mhéin;
Tá féachaint dealbh ag bailtibh ón tSiúir go Daod,
I Ros Ó gCairbre ó taisgeadh fá líg an laoch.



5. Is 'mdhó bean chaointe shlachtmhar,
A bheadh os cionn do mhairbh,
Tá ag iomchur an bhruit le fada
Dhod Mháthair go séimh,
Do gheárrfadh lena teangain
Gach cladhaire fill do cheangail
Do ghéaga míne geala
Dhon adhmud le faobhar,
Do chuirfeadh síos go gasda
A lán ded chómhachtaibh geala,
Cé bhíodar mór le tagairt
Ag fáigíbh an tsaoghail,
Is d'iarrfadh ort 'na rannaibh
Bheith fabhrach linn lá an chatha
Nuair a bheam go léir 'nár seasamh
Ar mhaoilinn an tSléibhe.



6. Bhí seanabhean thuas insan chúinne 'na luighe,
'S cia bheadh annsúd sínte acht a mháithrín;
Bhí brailín róshuarach anuas uirthi ón tsín,
'S gan aontsop dhen díon uirthi ón mbáistigh.
Bhí an caitín is uaill aici ag cuardach an tighe,
Acht dá mhéid a bhí a duas uch ní bhfuair sí braon dighe;
Bhí seanduine stuacach ar fhuarma 'na shuidhe
'S gan aonphioc 'na phíopa acht é ag cnámhthant.



7. Dá mbeinnse ar an Árd úd mar a bhfuil a lán dem charaid i dtír,
Ní fheicfí me i ngábhtar 's ní fhágfaí me ar uireasbha dighe;
Bheadh fir agus mná 'na dtáinte chúm le bainne 's le him;
'S go bhfeice mé an lá im shláinte go mbead eatortha arís.


L. 103


8. Tá gleann i Muigh Chromtha 's níor labhramair fós air;
Rug sé bárr foghluma ó ghleannta na Fódla;
Bíonn lucht Uird ann gach domhnach 's fear foghlumtha ón Róimh,
ann,
Fiadh buidhe na mbeann ann bric seabhaic agus smólaigh.



9. Dá mhéid aindeise is galar ar tí gach n-aon,
Amhgar anacra i ndaingean i gcroidhthibh claon
Cíos is caitheamh a mbeatha neamhchruinn san tsaoghal,
Píopa is tobac a sgaipfidh a sgíos go léir.



— Dáibhidh de Barra.



10. Araoir cois taoibh, na hEatharla
Do casadh orm óigbhean;
Ba dhlaoitheach slaodach craipinneach
Tromfhada tiugh a hórfholt;
A claonrosg réidh gan chealg
Is a mala shnuidhte chórach;
A píp mar aol nó eala ar shruth,
'S a leaca ar lígh na rósaí.



— Diarmaid Ó Riain.



11. Ar maidin Dia Máirt is sásta bhí m'aigne
Im shuidhe cois an chláir ag ithe prátaí agus bainne dham
Do phreab chugham mo mháthair 's ba dhána do labhair sí:
"Éirigh 'riú a fháidh is ar fán a chuaidh banbh uainn."



12. Do chasadar mo bheanna 's ar mh'easna níl féoil
Braon im ballaibh níl agam ná deóir
Ó shírtheacht na ngalla 's dá neartú 'sa choróin,
Is leanbh an chroidhe ghil ag sírshile deór.


L. 104


TÉARMAÍ.



Is greannmhar le rádh ach is fíor é ná fuil téarma fé leith
againn san Ghaedhilg anois go mbeadh an brígh coitianta leis
atá leis an bhfocal Poem nó poetical composition san Bhéarla.
Isé an focal Amhrán is mó go mbaintear feidhm as san chéill
sin; acht tá brígh fé leith leis an bhfocal san, fé mar is eól
dúinn. I gCúige Uladh déarfaí Ceól ar an gcuma gcéadna;
acht ní taise dhó san leis i gcúrsa brígh ar leithligh. Agus isé
an dála céadna é ag na Focail seo Dán, agus Duan, agus uair-
eanta Laoidh, bíonn an brígh coitianta leó anois, chomh maith
leis an mbrígh áirithe a tháinig leó ón tseanaimsir. Nuair a
bhíonn an brígh coitianta úd i gceist agamsa deirim Aiste nó
Aiste Filíochta.



Acht mura raibh Téarma coitianta ag ár sinsir, do bhí
Téarmaí fé leith aca do shaghsanaibh áirithe Filíochta. Déan-
fam cur síos go hathchumair ar chuid aca san do réir úird Aib-
ghítreach. Is féidir aontsaghas Méidreachta leó, mura n-áir-
mhíotar a mhalairt.



Agallamh: Aiste Filíochta i bhfuirm chomhrádha idir bheirt.
Samhlaídí: Agallamh Oisín agus Phádraig; Agallamh an Bháis
agus an Othair; Agallamh Sheáin na Ráithíneach agus an
Maypole. Má bhíonn an bheirt ag troid tugtar Siosma nó
Aighneas air, mar atá Aighneas an Pheacaigh leis an mBás.



Aighneas: Féach Agallamh.



Aisling: Is amhlaidh a thuiteann an file ina chodladh, agus
a thagann os a chomhair an bhean áluinn na dtugtar tuairisg
ar a sgéimh. Fiafruíonn sé dhi an baindia í, nó cia hí féin.
Deir sí gurab í Éire í atá fé bhroid eachtrannach, acht gur
gairid go bhfuighe sí fuasgailt. Seachlabhradh, nó Allegory
iseadh an Aisling. Amhrán a Mhéidreacht. Samhlaídí ag
Eóghan Ruadh agus ag filíbh eile.



Aiste: Ainm coitianta do ghiota Filíochta; méidreacht.



Aithrighe: An file d'áireamh na bpeacaí atá déanta aige agus
na n-aitheanta atá briste aige, agus a ghuidhe ar Dhia maithiú-


L. 105


nas d'fhagháil. Ní fuláir a rádh gur minic a théigheann an file
thar cóir leis an áireamh. Gheibhmíd Faoisidin mar ainm ar
an saghas so leis. Amhrán nó Caoineadh a Méidreacht. Samh-
laídí: Aithrighe Sheáin de Hór; Faoisidin Mhichíl Firéast; Is
mithid dam féin Eóghain Ruaidh, etc.



Amhrán: Féach Aiste.



Aor: Aiste cáinte. Samhlaídí ag Aodhgán Ó Rathaile, ag
Seán na Ráithíneach, etc.



Búrdún: Aiste ghairid no Ceathrú a cheapfadh file ar chúinse
áirithe, nó a chuirfeadh sé ag triall ar dhuine eile. Amhrán a
mhéidreacht. Samhlaídí: An tAthair Seán Ó Briain ar an
gCrith; na haistí do ceapadh ar An Fhalartha Ghorm, etc.



Caoineadh: Aiste Filíochta ar bhás dhuine éigin. Tá
samhlaídí coitianta ag na filíbh. Don Mhéidreacht úd Caoin-
eadh is ceart an "Caoineadh" do dhul; acht gheibhtear Caointe
san Litríocht fé gach saghas Mhéidreachta, agus go sonnrád-
hach fén Rosg.



Curfé: Ceathrú coitianta chun dul le gach bhéarsa
d'Amhrán.



Dán: Giota Filíochta d'aon tsaghas, agus go háirithe giota
i gceann dena seanmhéidreachtaibh.



Dréacht: Aiste bheag grinn; nó cuid d'aiste fhada na
mbeadh sgéal nó múine ann.



Dreachtín: Ceathrú nó cúpla ceann do ceapfaí ar ócáid
áirithe, agus a mhíniú i bprós do dhul leis.



Duan: Féach Dán.



Eachtra: Aiste Filíochta ag cur síos ar imtheachtaibh dhuine
éigin. Samhlaídí Eachtra Éamuinn de Bhál; Eachtra Ghiolla
an Amaráin; Eachtra an Bhaitsiléara, etc.



Faoisidin: Féach Aithrighe.


L. 106


Gréas: Aiste nó Ceapadóireacht.



Iarghnó: Féach Caoineadh.



Iomarbháidh: Féach Aighneas.



Luinneóg: Féach Curfé.



Marbhnadh: Féach Caoineadh.



Laoidh: Aiste Filíochta, go háirithe as an bhFiannuíocht.



Pas: Cead ón Mháighistir don Deisgiobal chun dul i measg
na bhfilí, agus a órdú do chách cabhrú leis an óigfhile.



Rócán: Aiste bheag aerach a geóbhthaí go beódha. Is óna
mhinicí a bhíd Rócáin i bhfuirm áirithe Méidreachta a tugtar
Rócán ar an Mhéidreacht san.



Sailm: Áireamh mallachtaí nó easgainí.



Seoithín: Amhrán na máthar dá leanbh.



Siosma: Féach Aighneas.



Streangcán: Amhrán a geóbhthaí go mall.



Tuireamh: Féach Caoineadh.



Tá tréith ar Fhilíocht na Gaedhilge nach ceart gan tagairt
dó. Isé tréith é ná a thugaithe atáid na filí dhon Áireamh.
Bhí aistí Áirimh coitianta san Ghaedhilg i gcomhnuí, is ní taise
d'Fhilíocht na Nuaghaedhilge é. Insna hAislingí féach a mhine
a bhíonn an tuairisg ar an "spéirbhean." Agus insna Caoin-
tibh nach baileach a sgrúduíothar tréithe agus cáilíochta an
mhairbh? Ní gádh acht tagairt annso dá liacht aistí atá
againn san Nuaghaedhilg ar Thrí Namhaid an Duine, .i. an
saoghal agus an cholann agus an diabhal; ar na Seacht bPecaí
Marbhtha; ar Sheacht Lá na Seachtmhaine; ar Dhá Mhí dhéag
na Bliana; ar na hAointe Órdha, etc. Is dócha gurabé an
dúil sin san áireamh fé ndeara a líonmhaireacht a bhíd na
peacaí insna Faoisdinibh.


L. 107


AGUISÍN



[Focail go bhfuil miniú ortha i dtéx an leabhair; agus an
Leathanach nur cheart dul chuige a d'iarraidh eolais ar an
bhFocal.]





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services