Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár sgéal féin
Title
Ár sgéal féin
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
Muinntir an Bhranair
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ár sgéal féin. Tá leath-sgéal ag dul dár leitheoirí i dtaobh a dhéanaí agus a fhánaí a tháinig an cúpla uimhir dheirineach so amach. Cúrsaí airgid fé ndear é. Mar is eol dos gach éinne, tá costas clódóireachta imithe sa ghréin ar fad le cúpla bliain nú mar sin agus ní fios cá stadfa sé. Ní raibh aon airgead laistiar dínn ná aon ghlaoch mór ar An mBranar. Dá bhrí sin níor fhéadamair teacht amach chomh minic agus ba mhaith linn gan fiacha móra a chur suas. Tá socair againn anois, ámhthach, leanúint de go ceann bliana eile go háirithe, isé sin, cheithre uimhreacha eile a thabh- airt amach, ag tosnú leis an gceann so. Tiocfaidh an chéad uimhir eile amach Lá Samhna agus an dá cheann eile Lá 'le Bríde agus Lá Bealtaine. Má eirighean linn an costas a ghlana go dtí san leanfar de. B'éigean a fhiacha dh'árdú go dtí 1/6, síntiús bliana 6/-.
An t-Athair Peadar. Tá an tAthair Peadar san uaigh. Agus mé im sheasamh ar bruach na huaighe san, dubhart liom féin, "Tá an seana-shaol againn dá chur anso." Ní abraim ná gurbh fhíor dom an méid sin. Ní hamhlaidh atá Éire folamh ó Ghaelaibh. Ní dheaghaidh sliocht Ghaedhil as, agus ní baoghal go raghaidh. Ach is 'mó cor a chuir an saol de i gcaitheamh céad blian. Tá atharrú tagaithe san uile bhall, agus béidir gur mó an t-atharrú a tháinig ar Éirinn 'ná ar éin tír eile san Eóraip go dtí an cogadh mór. Bhí an seana-shaol go beó bríoghmhar in Éirinn, nú sa Ghaeltacht ar éintslí, tá céad bliain ó shin ann. Tá's ag gach éinne ná raibh a rialtas féin ná a dtalamh féin ag muintir na hÉireann an uair sin. Do chaill Éire a maithe agus a mór-uaisle agus a haos dána dá chéad bliain roime sin. Ach mar sin féin d'fhan na "miondaoine" sa bhaile. Bhí a seana-chaint féin aca, agus a seana-nósa agus a sean-intinn Ghaelach. Beatha na ndaoine ar an dtuaith, deireadh an tAthair Peadar gur mhar a chéile í agus an bheatha a bhí agá sinsearaibh míle bliain ó shin, agus bhí a lán den fhírinne aige. Ansan do thuit neithe amach d'fhág a rian go daingean ar Éirinn. Tháinig an droch-shaol. Deireadh na seandaoine gur sgiob bliain an ghorta agus an fiabhras a lean í, gur sgiobadar leó brígh cuirp agus aigne na hÉireann. An méid a fágadh beó de Ghaelaibh, d'imigh a leath thar sáile. Tháinig na bóithre iarainn, agus do cheangladar an tír go léir le chéile, i dtreó gur cuireadh an tuath agus na bailte beaga fé smacht na mbailte mór. Tháinig na sgoileanna Gallda- Sgoileanna "Náisiúnta" mar 'dheadh, agus ba dhóbair go dtachtfí aigne na nGaedheal. Thuit na neithe sin go léir amach le linn óige an Athar Peadar. Bhí Éire Gaelach fós nuair a rugadh é. Taobh amuigh desna cathrachaibh móra dob í an Ghaolainn ba mhó do labhartí. Nách uathbhásach mar a chuaidh sí as ó shin! Is 'mó sráidbhaile atá chomh Gallda le Baile Átha Cliath féin iniu, agus gurab í an Ghaolainn a labhradh gach éinne ann nuair bhí sé 'na shagart óg. Dob é buadh a bhí aige mar sgríbhneóir go dtáinig sé ar an saol nuair a bhí an saol Gaelach ann. Thuig sé intinn na seana-chainteóirí Gaol- ainne, mar bhí an intinn chéadna aige féin. Bhí tuisgint an tseana-shaoil le seanndacht aige, ar shlí ná féadfadh an tuisgint sin a bheith ag aon Ghael- geóir óg anois, ní áirmhim na daoine nár tógadh le Gaolainn. Níor mhór fear den tseana-shaol chun an tseana-shaoil a mhíniú do dhaoinibh na haimsire seo. Tá san déanta ag an Athair Peadar, agus ba mhaith chuige é, mar bhíodar buadha eile aige do chuir go hárd os cionn lucht a chomhaimsire i gcúrsai sgríbhneóireachta é. I dteannta na Gaolainne bhí Béarla maith agá
mháthair, rud ná raibh ach ag fír-bheagán sa cheanntar san, agus mar adeir sé 'na Sgéal Féin do shaor san ón ndroch-Bhéarla a bhí a' sleamhnú isteach ins na sgoileannaibh é. Níor dhin an Béarla maith pioc díobhála dá chuid Gaolainne. In' inead san is amhlaidh do neartuigh an tarna teanga a aigne. Ansan fuair sé sgolaigheacht i gcóir na sagartóireachta agus eólas éigin ar litríocht na Rómha agus na Gréige. Mar ba ghnáth leis na seandaoinibh ná feacaidh riamh páipéar nuachta agus nár léigh ach fo-leabhar le linn a a n-óige bhí cuimhne ana-ghéar ana-chruinn aige ar na neithibh a chonnaic a dhá shúil féin agus é 'na gharsún beag, deich mbliana is trí fichid ó shin. Bhíodh an radarc chomh glan os comhair a aigne agus damadh seachtain ó shin do chífeadh sé é. Agus an radharc do chífeadh sé féin, bhí sé ar a chumus é chur os comhair ár sul dúinn le draoidheacht focal. Óir pé buadh eile a bhí aige ná ná raibh, bhí buadh Gaolainne aige. Deireadh sé féin ná raibh éin chreideamhaint a' dol dó dá bharr, mar ná féadfadh sé gan togha Gaolainne bheith aige. Ach is cóir é mholadh, agus beifear buidheach de an fhaid a mhairfidh éinne a chuirfidh suim sa Ghaolainn. An seód a bhí aige, níor dhin sé mar a dhin na mílte Gaelgeóirí idir tuath agus cléir, é chaitheamh uatha lena spadán agus lena neamhshuim agus lena bhfaillighe. Bhíodh sé dá shaothrú agus dá chleachtadh ar feadh a bheatha. Mothuighim-se i gcomh- naidhe 'na sgríbhinníbh buadh simplíochta agus buadh soiléireachta. Níor theip an focal riamh air. Thagadh san áit cheart an focal ba dhírighe agus dob oireamhnaighe don smaoineamh, gan aon duadh gan aon achrann eatarra, mar a thagann an t-uisge san abhainn. Dob é a theastas ar sgríbhneóiribh na haimsire seo go mbíd siad "a' faire ar a gcosaibh". Níor ghádh dho féin san, ach siubhal ar a aghaidh go breagh bog réidh. Agus dá chomhartha san féin, léigh amach leathanach Gaolainne, agus abair na focail chomh luath agus is féidir leat. An feidir Gaolainn éin sgríbhneóra eile a rádh chomh mear agus adeirir Gaolainn an Athar Peadar? Ach má's í an Ghall-Ghaol- ainn atá agat, ná tabhair fé óir dob é an tAthair Peadar, mar adeir Gaelgeóir breagh ó Chonnachtaibh, an Gaedheal ba Ghaelaighe aigne i nÉirinn. Deirtear gurb í simplíocht a smaointe ba bhun leis an simplíocht chainte agus is fíor san. Fear díreach simplí ab eadh an tAthair Peadar, fear den tseana-shaol. Ní dóigh liom gur ró mhaith a thuig sé an saol nua so - is beag duine a thuigeann i gceart é. Thuig sé beatha agus intinn na ndaoine ar a raibh eolas aige. Nuair a thug sé fé úirsgéal a sgrí i dtaobh Bhriain mhic Ceinnéide níor eirigh leis. Níor thuig sé intinn na righthe agus na n-uaisle, agus is lugha ná san a thuig sé intinn na mbanríoghan. D'admhuigh sé nár chuir sé aithne riamh ar mhnaoi uasail go dtí go raibh sé 'na sheanduine.
Dá réir sin, an óigbhean áluinn úd Niamh inghean Thaidhg Uí Chealla níl d'fhuil na beatha inte ach oiread is atá ins na mnáibh uaisle bréige a cuirtear 'na seasamh i bhfuinneógaibh na siopaí mór chun gúnaí nua do thaisbeáint. Ar a shon san, an té ná bacfaidh an stair, agus ná fiafróchaidh de féin a' raibh a leithéid sin de dhaoinibh riamh ann, ach an sgéal do lé mar a léighfí sgéal fiannaigheachta, taitnfidh Niamh go mór leis, mar tá an chaint ar áilleacht. Ach murar thuig sé na righthe agus na mór-uaisle, thuig sé a mhuintir féin thar barr. Níl leabhar eile de shaghas Shéadna sa Ghaolainn, agus ní móide go mbeidh. Thuig sé na páistí beaga, thuig sé lucht an chleamhnais a dhéanamh, thuig sé lucht an aonaigh, agus na feirmeóirí, agus an tíncéir mór, agus thuig sé Sadhbh 's a callaireacht amuigh 's amach. Níor bhuail an Fear Dubh riamh uime - slán mar a n-innstear é - agus níor thuig sé conus a bheadh an diabhal féin 'na dhiabhal, ach sin ceist ná réiteófar go fóil. Dár ndóigh níl an leabhar gan locht - níor chuir an t-ughdar deire riamh air mar sgéal, ach mar sin féin is é leabhar is fearr agus is iongantaighe sa Nua- Ghaolainn é. Ach nílim chun léirmheas a cheapadh. Dá mbeinn, do bheadh a lán le rádh agam i dtaobh fiche éigin leabhar eile, i dtaobh na n-aistrighthe a dhin sé (tá an Bíobla go léir ar a measg!) agus mar sin dóibh, agus ní stadfainn, ní fheadar cahin. Ach déarfad an méid seo. Airighim daoine, uaireanta, a fáil locht ar an Athair Peadar, de bhrígh ná faghaid siad 'na sgéaltaibh na smaointe doimhne feallsamhanta agus na cruadh-cheisteanna a thaitneann leó i litríocht Shasana agus i litríocht na Frainnce. Bíodh aca. Tá slí sa Ghaolainn do gach aon tsaghas litríochta. Ach ní mór dúinn foidhne bheith againn. An té chuireann suim ins na smaointe nua so, is fíor-annamh a bhíonn eolas ceart aige ar an nGaolainn. Ní bhíonn dá spriocadh ach fia- frachas. Ba mhaith leis crot Gaelach a chur ar an rud a thaitneann chomh mór leis sa Bhéarla nú sa bhFrainncis. Ach ní mór an dá thaobh a thabhairt chun a chéile ar dtúis. Do léigheas féin roinnt den Ghaolainn nua so, agus dar liom, is amhlaidh mar atá an sgéal ní thuigfeadh fear na Gaolainne na "hárd-smaointe," ná ní thuigid lucht na "n-árd-smaointe" an Ghaolainn. Thug an tAthair Peadar dúinn an ní a bhí aige féin. Do sgríobh sé an rud a bhí's aige a thaitnfeadh le Gaelgeóiríbh a bhí 'na seandaoinibh nuair a bhí se féin 'na gharsún. Bhí aithne mhaith agam ar an Athair Peadar, agus bhímís ana mhuint- eartha le na chéile. Fear beag ab eadh é, ach fear láidir, agus ceann mór air. Thagadh sé ó Chaisleán Ó Liatháin isteach go Corcaigh ar a rothar, tá chúig bliana fichead ó shin ann - agus dáltha an sgéil, is é do cheap na téarmaí
Gaolainne a bhaineann le rothaigheacht. Do chaitheas seachtain in' fhochair, uair, i mBaile Choitín, agus théighmís a' snámh i dteannta a chéile gach lá. Ba bhreagh an snámhaí é. Deireadh sé ná raibh sé riamh nísa shia ó Éirinn ná an méid d'fhéadfadh sé a shnámh. Bhí sé pas bodhar le déanaighe, ach níor chaill sé an guth breagh láidir ceólmhar a bhí aige. Bhí sé lán de sgéal- taibh grinn, agus ba mhinic adeirtí gur mhór an truagh gan duine bheith láithreach a dhéanfadh a chaint agus a chuid sgéalta do sgrí síos chomh tapaidh agus a labhradh sé iad. Cainteóir ana-mhear ana-líomhtha b'eadh é, agus sgríbhneóir mear leis. Ba ghnáth leis an Ghaolainn a sgrí chomh mear agus a ghluaisfeadh an peann. Ní bhíodh, uaireanta, ach leath an fhocail sgríte aige, cuir i gcás "ag" in inead "agus". Cé go dtuigeann fear léighinn leath- fhocal, ní fear léighinn gach clódóir, agus dá réir sin ba ghnáth go gcuireadh duine eile an sgríbhinn i gcóir sara gcuirtí a' triall ar an gclódóir í. Taréis a bhfuil dá sgríbhinníbh le fáil i bhfuirm leabhar, is dócha go bhfaghfaí oiread eile dá mbailightí an méid a sgríodh sé i gcóir páipéar nuachta gach seachtain, agus an méid nár cuireadh i gcló fós. Ní fhéadfí na leabhair nua thabhairt amach ach i ndiaidh chéile. Ach ba mhór an tairbhe dá gcuireadh duine éigin bibliografí le chéile 'na mbeadh cúntas cruinn ar gach éinní atá i gcló ó láimh an Athar Peadar, pé áit 'na bhfuil sé le fáil. Anois an t-am chuige sin. Do dhéanfadh sé clár fada. Nuair a gheibheann Gaelgeóir aosta bás is minic adeirteai "Tá sé imighthe, agus a chuid Gaolainne leis." Ní mar sin don Athair Peadar. Tá sé féin imighthe, ach d'fhág sé a chuid Gaolainne 'na dhiaidh mar oighreacht ag muintir na hÉireann. Níor fhág éin sgríbhneóir eile oighreacht chomh mór ná chomh maith. Crádh Croidhe Éigeas.
Cluain Geal Meala. An tráth bheirid laoich Gaoidheal, Cinn saoirfhear Cláir na gcuradh, Buaidh eachtrann an chró-chuinsi Bí m'aigne suilbhir subhach. An t-ochtú lá de mhí na Bealtaine 1650, agus an oidche ag tuitim. Fé dheire bhí sé a hocht a chlog. Do séideadh an adharc i longphort Chromuil agus do stad tóirthneach na ngunnaí láithreach. Sa "newe werkke" amháin a bhí os cóir an gheata theas, do lean an lámhach tamaillín eile 'na amhrán aonair; ar ball do scuireadh de chó maith. D'fhill na fóirne dubha smeartha thar nais ar an longphort. Do thuit an ciúineas ar Chluain geal Meala - ciúineas an anaithe. I gcomhrac lae agus oidhche, d'éaluíos amach as an mbothán d'fholaig i rith an lae me agus do dheineas go scáthmhar ar chnoc na faire chun cúrsaí an chatha a bhreithniú, fé mar a dheineas gach oidhche le seachtain. D'fhéa- chas ar dtúis thíos uaim sa mhachaire ar longphort leathan an namhad: puible donna riartha amach 'na srathana díreacha nú cnuasta go cruinn le chéile, teinte cnámh ar lasa agus deatach mór, agus fé mar do mhéaduig ar an ndoircheacht, ba léir dom na fanatics féin ag gabháil agus ag síor-ghabháil thar brághaid agus scáil an tsoluis ar chathbhár cruaidhe is ar lúireach. Ó, nách uathmhar ainneis bheith ag féachaint ar mhór-chomhacht do namhad nimhe; ó, nách gránna radharc a shocair-shuainis! Ansan do leagas mo shúil ar an gcathair mhí-ádhmharaig - sciath chosanta Gaedheal. B'iúd romham amach í ar imeall na mágha, chó ciúin, chó marbh sain gur dhó leat ná raibh duine ná daonnuí ag corruí ann, gan léas le feiscint ann, gan fuaim le clos, ach í leathta amach mar do bheadh uan le hidhbirt. Fallaí aol- chloiche go geal tríd an amhscarnach, túir dhaingne ar gach cúinne - comh- arthaí an nirt; ach mo nuar, an poll a bhí anois fé bhun an fhalla ghil, an poll mór leathan dubh mar do bheadh créacht ná leigheasfaí, nú rith fola ná coisgfí, poll an bháis. Uan le hidhbirt i ndáiríribh, é lomtha glanta chun na scine, poll 'na chliathán chun an bheara, agus teine na hidhbeartha go lonnrach cheana féin i gcóir na maidne. D'fhanas am pleist gan bhrí ag iniúcha an phuill dhuibh sin go dtí gur bhreac an lá; agus ní raibh ag rith trím aigne an oidche go léir ach na focail chéadna; mo thruagh mar táid Gaedhil.
Do bhí sé na lá geal nuair a dhúisíos. Bhraitheas ciúineas nea-choitianta ann; in ionad búirth na ngunnaí móra, ní raibh le clos ach salmaireacht íseal na "naomh" agus í ag borra agus ag tuitim le gaoith ghuagaig na maidne. Do dhearcas amach. Bhí slóighte na bhfanatics, buidhean i ndiaig buidhne, in arm agus in éide chatha ag gluaiseacht amach as an longpgort agus ag déanamh ar an réidh mhín ghlas. Do shoillsig grian na maidne anuas ortha, d'aduigh sí bior beag soluis ar bhárr gach sleagha, agus do bhain sí spréacharnach as gach caipín greanta is lúireach; agus fé mar do ghluaiseadh na buidheanta anso is ansúd, do spailpeadh lasracha obanna ar fuaid na mágha. Chonnac ag teacht agus ag teacht iad go dtí go raibh an áit ar fad lán acu; bhí na hoifigeacha go fuadarach 'á riara agus 'á gcnuasacht; ar ball bhíodar fé eagar. Ansan d'fhan gach éinní 'na stad ar feadh tamaill agus bhí tost nea-shaolta ann. Leis sin do sheol an duine amach as an longphort, marcach aonrach, agus do dhein sé ar cheann an airm. An túisge a fuair an sluagh radharc air, d'éirig aon bhéic uathmhar, aon liú fháilte uatha. Do chrith is do luaisc na línte fada riartha. Do beartuíodh gunnaí agus sleaghana. Do suathadh claidhmhte. Do bhorr is do neartuig ar an liú gur scannruíodh an aigne, gur bodhradh an chluas, gur corruíodh smúsach na gcnámh istig. Ach do lean an marcach féin go dúr do-chorruithe ar aghaidh, ar sodar go mall fan na mbuidhean buile. Cromuil féin! Lasair scriosta eiriceach, súiste Dé Aoird, claidheamh díoltais an Tighearna! Do thainig sé i lár an chatha agus do thug aghaidh ar an sluagh chor- ruithe. Do stad an liú láithreach, bhí gach ní 'na thost. Ansan do bhain sé dhe a chathbhár agus d'umhlaig a cheann. Do dhein gach saighdiúir amhlaidh. Dá uathmhaire é an liúireach, ba neamhní é seochas an ciúineas san na mílte fear. D'árduigh sé a cheann taréis tamaill agus do dhearg gath ón ngréin an aghaidh bhuidhe sin. Do thosnuigh sé ar bheith ag guidhe. Focal den phaidir sin níor chlos dom, níor léir dom ach na beola ag boga, ach ba leor liom san. Nár thuigeas cheana gach focal, gach siolla dá ndéarfadh sé! Paidir a bheadh go humhal 'na cainnt, go huaibhreach dia-mhaslach 'na smaoineamh, paidir an phuibleacánaig i mbéal an phairisínig... fé mar do threascair Samuel Fáidh Agag eiriceach ar lár anallód, go dtrea-
scradh Cromuil - giolla umhal Dé - an t-ál so an pheaca; fé mar do scaip claidh- eamh Jephtha clann mhalluithe Ammon ó Aroer go Minneth, go scaipeadh claidheamh na "Nua-naomh" an pór so na claontachta mar lóchán fén súiste; fé mar do thuit fallaí teanna Jerico go talamh ar séideadh na n-adharc do Chloinn Toghtha Dé, go dtuiteadh fallaí Chluain Meala mar an gcéadna le paidir A nua-chloinne dísle... Fé dheire bhí ráidhte aige. Do chuir sé air a chaipín airís. Do dhírigh sé é féin ar an each agus do thosnuigh ar bheith ag labhairt. Má ba mhall fada an phaidir, ba ghunta fíochmhar an óráid. Ansan do nocht sé a chlaidh- eamh, "chlaidheamh an Tighearna agus Ghideon," agus do shín sé i dtreo na cathrach é. Leis sin do hárduíodh an liú fhiaig airís; do bhí an sluagh go léir fé mar do meisgeofaí le fíon nua iad; agus ar ball do tosnuíodh ar an sailm chatha. Bhí sé árd srónach, bhí sé bagarthach maoidhteach an rosc so na naomh. Uaireanta do chiúiníodh sé is do cailltí ar an ngaoith é; uaireanta eile do bhorradh is do bhriseadh sé ar an gcluais le fuamán na dtonn. Bhí na mílte guth garbh ag gabháil do, gan tomhas gan eagar ach fé mar do corruightí iad. Don té a chloisfeadh é, ba chuma an tsalmaireacht gharg san nú fuaradh teasa, codla-grífín feola, méireanna fuara an bháis; ach don té a gheobhadh é, ba chuma é nú meisge mheanmnan, fiabhras fola, muscailt na n-annmhian uile. Do bhí i mbéal catha. Do dhírig na línte tosaig ar bheith ag bogadh. Do bhí mar adéarfaí an rabharta ag borradh agus tonntacha na mara go tolgach bán fé dhéin na bhfallaí aolgheal. III. Do ghluais an Captaon féin ar tosach, a chlaidheamh nocht 'na láimh aige, agus do lean na buidheanta é 'na gceann is 'na gceann go dtí go raibh an sluagh go léir fé sheol. Níor fhan ach aon bhuidhean amháin ag faire an gheata thiar i dtreo, mar adubhart liom féin, go mbeadh an t-éirleach go lán léir. Le na linn seo, ní raibh fuaim ón gcathair ná aon rian ullmhúcháin ann. Ní raibh le feiscint ach scata mór fear mar do bheadh seangáin, sa bhearnain ag cur cloch ar bhárr cloch san oscailt. Saothar fánach amaideach! Ní hamhla a cheap Aodh Dubh go gcuirfeadh cúpla cloch cosc le gluaiseacht na harmála so! Ní chuirfeadh ach oiread is a chuirfeadh iomaire gainmhe cosc le gluaiseacht na dtonn. B'fhearra dhóibh a neart do choigilt i gcoinne an anaithe. Níor mhór dóibh a seacht ndíchill ar ball. Siúd ar aghaidh na buidheanta, ag máirseáil go breá bog maordha. Fé
dheire bhíodar i raon urchair don chathair. Do stad an Captaon agus do dhruid sé a each i leataoibh. Do shín sé a chlaidheamh fé dhéin an phuill. Do ghaibh na ceithearnaig thairis amach ar a léim-lúth, buidhean ar bhuidh- in, a sleaghana i dtreo acu. Is beag ná féadfainn buillí tomhaiste na gcos do chloisint sa chiúineas a bhí ann. Ar aghaidh leo fós. De gheit do chonnac an lasair agus an puth deataig agus ansan do chuala an torann; agus do thosnuig gunnaí na cathrach go léir ar saothar. Nách cruinn do díríodh iad agus nách maith a chuaidh an t-urchar i bhfeidhm! Ach do lean na buidh- eanta ar aghaidh i gcomhnuí, níor bacadh leis an nduine a leagadh, bhí duine eile 'na ionad cheana féin. Ansan do thúirlig an deatach bán anuas ortha agus do chlúdaigh sé as radharc iad idir cáirde is naimhde in aon bhrat amháin. Ar aghaidh fós leis na ceithearnaig, isteach sa bhrat san leo go dtí gur cailleadh ann iad, na mílte fear acu. Níor léir dom ach pléascadh tréan na ngunnaí agus splanncacha dearga na n-arm teine, agus anois is airís fo-gháir nú cian- bhéiceadh na bhfear. Bhí ár is éirleach nimhneach ar siúl lastall den bhrat san deataig. Bhíos ag féachaint agus ag féachaint air ag iarraidh mo shúile do chur tríd go dtí go raibh tinneas géar ionta, agus meireán am cheann; agus ní fheaca ach fo-shaighdiúir leonta ag teacht go tuisleach as. Taréis tamaill d'iompuig Cromuil a each. D'fhill sé thar nais ar an dtarna cath a bhí le stealladh aige féin i gcoinne na cathrach ar ball agus d'fhan sé ag feitheamh. Mar sin do bhí tamall eile. Ansan do scuireadh des na gunnaí móra. Do scaip gaoth na maidne an deatach go mall agus do nochtadh páirc an áir. Mo bhrón! ní raibh le feiscint ach na céadta namhad ag brúgh isteach tríd an mbearnain thréigthe. Bhí leo. Níor sheasaimh na Gaedhil aon fhaid aimsire agus um an dtaca so, bhíodar ag imirt anama ar na sráideana cumhanga cama. Bhí deire le Cluain geal Meala. B'é údháltha Dhroichead Atha é agus ní raibh i ndán anois dá mhuintir ach oidhe mhuintir an Droichid. Féach! Bhí tosnuithe cheana féin ar an éirleach. D'airíos an fothram uathbhásach obann, scréachuíol agus béiceadh fiadhain, pléascadh gunnaí agus lamhach tréan. Cad a bhí chun siúil istig ann? D'éirig néal tiugh deataig as lár na cathrach agus do leathnuig go mall os a cionn. An amhla a bhítheas i dteannta san eaglais agus an áit tré theine? Agus cad é an fuadar so fé Chromuil? D'iompuigh sé go hobann ar an dtarna cath, do ghléas sé go mear iad, agus do léimeadar amach, dhá mhíle acu, fé dhéin na troda ar nós scata machtíre craos-fhiaclach i ngar don chró. Níor shroiseadar riamh é. De gheit, do bhí an poll dubh airís le daoine. Arbh iad siúd ironsides Chromuil? Ach an t-atharú a bhí ortha! Siúd amach in aon tsruth iad, gan riar ná eagar ortha, gan caipín ná airm acu,
sceon 'na súilibh, a mbéal ar leathadh, iad leonta, gearrtha, claoidhte. Do stracadar is do mhilleadar, do leagadar is do bhrúghadar a chéile, do ghabh- adar de chosiabh 'na chéile, do réabadar a raibh ortha, do chaitheadar uatha a raibh acu, do theicheadar le na n-anam. Níor thuigeadar cá raibh a dtriall; níor dheineadar ach teicheadh rompa. Do thuiteadar, d'eiríodar, do chuadar go tuisleach ar aghaidh. Níor leig an t-uamhan obann dóibh ach déanamh ar a n-aghaidh díreach. Do dhein an Captaon dian-iarracht ar a gcosc, do ghlaoidh is do bhéic sé ortha, do sheol sé an cath riartha 'na dtreo. Do stealladar iad féin 'na choinne agus do bhriseadar is do scaipeadar mar lóchán iad. Do scannruíodh each Chromuil. Do leagadh an Captaon, ba dhóbair go satalófaí air, agus d'imigh an t-each féin ar cosanáirde ar fuaid na mágha. Ar leaga na súl, do líonadh an réidh go léir den tsluagh bhriste, ag rith i dtánaiste a n-anama, ag scréachuíol le huamhan agus ag tabhairt na mionn. Bhíodar ag teacht go dtí go raibh dubhadh an mhachaire den armáil chlaoidhte bhascaithe, níor stadadar go dtí go raibh múr an longphuirt idir iad agus an sceon uathmhar a ghaibh iad. IV. Go dtí sain do shamhluíos gur mise amháin a bhí ag breithniú an chatha ó bhárr an chnuic. Bhí breall orm. Chó luath agus ba léir go raibh an buadh mór 'na chlaochló obann, siúd amach as cuasaibh is as diamhraibh an tailimh féin na Gaedhil dho-chlaoite - seandaoine, mná, páistí - díreach mar do chífeá na coiníní cúthaile de phreib ar chliathán cnoic tráthnóna órdha samhraidh. Bhí gach gnúis ar lasa le bród, thosnuíomair ar bheith ag béicig is ag beartú lámh, agus síos le fánaidh an chnuic sinn chó mear is do bhí 'nár gcosaibh. Níor fhan aon scáth orainn; do thuigeamair nár bhaol dúinn go fóill fada na fanatics stríoctha; bhí faoiseamh fachta ag luchaig bheaga na tíre. Ba ghearr gur thánag ar shaighdiúir leonta a bhí taréis tuitim fé bhun an chnuic. Bhí leath-lámh ar sileadh leis, bhí scoilt dhoimhin fan a leath- chinn agus é ad iarraidh stráice línéadaig d'fhilleadh air. D'fhóireas air- go maithidh Dia dhom é - ní has ucht mo thruagha dhó mar níor bhraitheas pioc di ionam ach le teann na fiosrachta a ghaibh me. Is beag má bhí ann labhairt, níor aithin sé ó thalamh an domhain cár seoladh chuige me ná cérbh é mise, ach i ndiaig ar ndiaig idir gach re easgaine (mar is iongantach an méid acu a bhíonn ages na "naoimh" seo) agus cnead agus géim, do phiocas an sgéal uaidh. "Thugamair fogha fés na malignants so - bhíos féin i gceannas na tarna buidhne. Bhíodar go tiugh sa bhearnain romhainn. Fíochmhar
a bhí eadrainn ar feadh tamaill ach i ndiaig a chéile b'éigean dóibh stríoca. Isteach linn d'urchar tríd an bpoll. Bhí saghas lána ann dtaobh thiar de, agus siúd ar aghaidh linn go geal, an t-ál malluithe seo Amalek ar a ndícheall romhainn. Bhíomair suas le trí fichid slat istig nuair d'airíomair "stadaidh, stadaidh" ag an mbuidhin tosaig. An gáire a dheineamair, amadáin! Nár bhreá mar spórt é! clann Ammon le ruaig agus gan stad leo - agus do ghlao- mair in árd ár gcinn is ár ngotha "ar aghaidh, ar aghaidh." Ar ball, ámh, bhíomair 'nár stad. Deamhan ní a thuigeamair ach go rabhthas ag brúgh isteach an poll fós. "Ar aghaidh libh" arsa sinn go feargach; cos linn níor chorruig. Thugas aghaidh ar an bhfalla agus cad a chífinn ann ach comhra? Seadh, comhra dharaí agus 'na haice, driosúr cistineach! Ansan do thuigeas an bheart. Dar claidheamh Ghideon, bhíomair i ngaiste acu! Ar an nóimeat san, d'eirig an lámhach uathbhásach ar tosach agus do phléasg piléir mhóra agus slabhraí bulla 'nár measg; agus do phreab na malignants mal- luithe go barr na bhfallaí, ag gabháil de shleagh is de speil is de phíce ionainn agus cadé an díobháil dúinn ach na cailleacha féin ag stealla clocha troma agus sailteacha móra adhmuid anuas orainn. Éirleach! níorbh éirleach go dtí é. Bhíomair chó teanntuithe le chéile nár fhéadamair sleagh d'úsáid. Bhíomair níos measa acu ná caoire i gcró - thíos fútha i dteannta ar a dtoil acu agus geallaimse dhuit a dhuine, gur imreadar a dtoil orainn. Féach, bhíos i mBristó nuair a ghaibh an t-arch malignant úd Ruprecht é, bhíos i nDroichead Átha nuair a túrnadh lucht Ashton ar an árdán agus an fhuil ag rith síos go habhainn 'na caise dhearg; ach a leithéid de thúrna níor deineadh riamh. Inneall brúite cnámh - siné a bhí ann, fíondlos fola! Ní fheacaís a eighre riamh, ach an t-ubhall-dlos atá againn i nDevon ach níorbh é súgh na n-ubhall a bhí ar sile as ach fuil dhearg te. Uch! "Conus a thánag as, ní léir dom. D'eiríos am gheilt ceart - agus a lán eile nách me. Do bhuaileas, do stracas, do leagas a raibh romham, do ghabhas de chosaibh im chomrádaithe féin, do shataluíos ar a gcuirp mar a shatalóinn ar an easair - agus um an dtaca san dar nó, ní raibh ionta ach san - ní raibh fhios agam go rabhas leonta is mo leath-lámh gan bhrí, níor mhothuíos aon phian, aon bhuille, go dtí go bhfuaras amuich anso me. A dhuine má's..." Níor fhanas lena thuille sara ngáirfinn le háthas suas le na bhéal. Do bhailíos liom chó tapaidh is a bhí ionam, ag gabháil mo bhuidhchais le Dia na Glóire d'árduig dúinn Aodh Dubh in am ár ngéar-ghátair. Chuireas an cnoc díom go héadtrom-chroidheach, agus nuair a bhaineas an fiara amach do stadas chun féachaint siar ar pháirc an áir agus ar Chluain geal Meala. Agus féach, an fhaid a bhíos 'á iniúcha, tháinig lucht na cathrach, cnú na
cródhachta, go béal an phuill. Chasadar na trí gáir bhuadha agus bhear- tuíodar a n-airm fhuilteacha anáirde, agus thugadar a ndubhshlán fé shlóitibh an Nua-Ghideoin. Níor tháinig aon fhreagra ó longphort an namhad. V. Do bhí an oidhche sin go ciúin ar Chluain geal Meala. Níor canadh aon tsailm i longphort na naomh, níor tháinig aon fhuaim ó laochra na cath- rach, do bhí sé 'na thost mhairbh cois Siúire, agus gan ag corruí ach faolchoin chraosacha agus éin allta. D'airíos i rith na hoidhche iad: na faolchoin ag sgeamhuíol le sgeamh beag caol, na héin ag follúint os cionn an bhotháin, iad go léir ag teacht ó chian i gcóir an fhéasta fhola. Ba chorrach an codla a dheineas: uaireanta ar mo ghlúinibh ag guidhe Dé go mb'é Aodh Dubh an t-Ath-Mhaoise adubhairt an file, a threoróch a mhuintir ó dhaoirse na hÉigipte, uaireanta eile ag feiscint trím thromluighe na faolchoin ghránna ag réaba is ag alpa géaga na marbh. Fé dheire do bhreac an lá. Ba ghearr go rabhas amuich ar chnoc na faire. Bhí sé fuar agam. Bhí sé a deich a chlog sar a raibh aon chor, aon ghluaiseacht le feiscint i longphort Chromuil. Ach ansan iseadh do chonnac an t-éacht. Chonnac an Captaon féin agus marcshluagh 'na thimcheall ag druidim amach ar an machaire agus ag déanamh ar a sáimhín sógh suas go geata na cathrach! Níor scaoileadh aon ghunna, níor caitheadh aon urchar, níor deineadh aon rud ach an geata d'oscailt do, agus siúd isteach sa chathair iad go léir. Níor fhéadas radharc mo shúl do chreidiúint, do shíleas narbh fholáir nú bhíos am chodla fós, do chimileas mo bhas dem shúilibh, do dhúnas iad agus d'osclas iad airís. Bhí gach aon rud mar do bhí ach amháin go bhfeaca tar éis cúpla nóimeat meirg na Páirli- meinte ag gabháil na gaoithe os cionn an gheata. Sin ar thuit amach a rith an lae. Níor airíos aon lámhach, aon scréachuíol fear ná ban, níor mhothuíos aon fhuadar fés na fanatics; agus cé gur chaitheas an lá ar fad ag feitheamh, níor léir dom ach cnag-cnag na dtrucail ag triall ar thullach na marbh agus saothar na gcapall fé ualach na gcorpán nocht. VI. Tamall na dhiaigh san do míníodh an sgéal dom. Duine muinteardha liom a theich ón gcathair a nocht dom é. Ar feadh dhá mhí beagnách do sheasaimh Aodh Dubh an fód. Fé dheire d'imig a stór púdair i ngannachúise, do ghoill an phláig go mór ar na saighdiúirí, do leath an poll fé sna fallaí in
ainneoin a dhíchill, bhí lá an ghéar-fhromhtha buailte leis. Is ansan do chuimhnigh sé ar an ngaiste. In am mhairbh na hoidhche, - nuair a bhíos ag machtnamh ar "an uan le h-ídhbirt," - bhí muintir na cathrach go léir idir fearaibh is mnáibh is páistí ar saothar, ag tarrac chloch, ag deánamh mairtéil, ag carna chré go dtí gur eirig lána bréige lastall den pholl ar an dtaobh istig, é cheithre fichid slat ar faid, leithead an phuill ann agus fallaí sé troighthe ar aoirde leis. Bhí ortha gach aon tsaghas mianaig do chur ann, boscaí adhmaid, driosúir agus an chomhra dharaí féin. Bhí sé thuas acu um breaca an lae. Do leag Aodh Dubh na gunnaí móra i gceann an lána ansan fé cheilt, do shocruigh sé togha an airm sna tighthibh is ar láithreáin chré ar gach taobh, agus do rainn sé ortha an uile únsa púdair a bhí le fáil. D'eirig leis an ngaiste thar na beartaibh, ach nuair a thug an ironside deireanach cúl leis an bpoll, bhí an stór púdair ídithe. Ach ní raibh deire le clisteacht Aodha. Le tuitimín na hoidche d'éaluigh sé agus a ghasra cródha amach as an gcathair fé rún agus dhá uair a chloig 'na dhiaig, d'imig Méire Chluain Meala fé dhéin Chromuil. Bhí an Captaon mór na shuidhe cois búird ag machtnamh nuair a tugadh an Faoiteach isteach. D'iarr seisean coinníolacha áirthe agus go dtabharfaí an chathair suas do'n Pháirlimeint. Do thoilig Cromuil chúcha go fonnmhar, níor chuir sé aon cheisteanna, cheap sé go raibh an gnáth-fheall ar siúl. Lá ar na bhárach nuair a bhí a shaighdiúirí fé réir aige sa chathair, d'órduigh sé "Duff O Neale" do thabhairt suas do. Dubhradh leis go raibh sé éaluithe leis féin ó mheadhon-oidhche roimis sin. Do dhubhaig is do ghormuig ag Cromuil, do mhóidigh sé go leanfadh sé an Hugh Duff san pé áit 'na ngeobhadh; ach taréis tamaill do mhaoluig ar an bhfeirg aige agus do thuig sé gurbh fhearr an sgéal d'fhágaint mar do bhí. Do chuaidh sé, ámh, go dtí an lána bréige agus d'fhan go cionn abhfad ann, ag féachaint ar an gcosair-easair a deineadh de bhláth a shluaigh - an "sluagh danar ndúr- aingidh," nár claoideadh riamh i ngleo. Séamus Ó hAodha.
An Monsignór Ó Ríordáin. (Do fuair bás 'sa Róimh i mí Lughnasa, 1919.) Fear mór puiblí, is féidir breithiúntas a thabhairt i gcomhnuidhe ar a mheon is ar a bheatha as a chuid oibre agus as a chuid leabhar. Is ionnta-san atá sár-thoradh líomhtha a aigne. Ach ar a shon san is uile is insa bhfear féin a bhíon na seoda is doimhne agus is beodha - na tréithe a chítear ina bheatha laethiúil neamh-aireach. Sé rud ba mhaith liom a dhéanamh anseo ná cuimhne nó dhó ar an Mgr. Ó Ríordáin a chur síos- smaointe fánacha as a chomhrádh nuair d'osgluigeadh sé a chroidhe a's a aigne dá cháirdibh, dá cháirdibh óga go háirithe .i. do sna macaibh léighinn a bhíodh féna chúram, tráthnóintí geimhridh insa Róimh nó oidhcheanta samhraidh agus é ag féachaint uaidh amach ar an gCampagna ó bhalcóin tighe thuatha thuas in imeall sléibhte Tivoli. Béidir nach dtaithneóchadh a chuid smaointe anois is arís le gach éinne; cinnte go bhfeicfear ionnta togha cainnteóra, togha carad, togha Gaedhil agus togha sagairt. Ba dheacair compánach d'fháil ba shoineannta ná é - na sgéalta a bhíodh aige is amach as stór an eoluis chruinn, thuisgeanaigh, ghrádhmhair a bhí aige ar neithibh agus ar dhaoinibh a thagaidís. Is iomdha áit na raibh sé, 'san Iodáil, in Éirinn agus i Sasannaibh, agus dob aoibhinn leat bheith ag éisteacht leis agus é ag cur síos ar ar thug sé fé ndeara 'na shiubhaltaibh. Ba mhór, leis, an lear leabhar a bhí léighte aige - an saghas leabhar nach léightear mórán ach as a bhfuightear adhbhar breagh cainte go minic. Bhí bailiú mór leabhrán aige ba dheacair a shárú mar bhailiú príomháideach, leabhráin i dtaobh polaitíochta, creidimh is gach uile shórt agus roinnt fé leith ar a dtugadh sé "Seómra na n-Uathbhás," ina raibh leabhráin in aghaidh na hEaglaise do scríobh sagairt do chuaidh amú ins na laetheantaibh do bhí- toradh aisteach na haigne cráidhte. As an stór eoluis sin ritheadh cuimhnte agus sgéalta den uile shaghas, go mór-mhór rudaí do bhain le hÉirinn agus le mion-stáir na hÉireann, eachtraí Éireannach 'san Iodáil, ó Naomh Frediano go bhfuil grádh agus urraim do fós ag muintir Lucca go dtí an bhean uasal Éireannach do chuir fúithi 'sa dToscáin agus do scríobh as Iodáilis chomh líomhtha sin nár náir le Charducci conferenza do thabhairt uirthe féin agus ar a scríbhinnibh; nó an sagart paróiste úd ó Phort Láirge do tháinig agus é 'na shean-fhear peregrinare pro Christo 'sa naomhadh aois déag, agus do fuair bás 'n-a dhítreabhach ar leirg Mhonte Cassino. Uaireanta chuireadh sé síos ar an gcuaird a thug sé ar phoblacht Shan Marino gur iarr sagart paráiste na poblachta air dul 'sa gcathaoir le linn togha na gconsul. Uair eile labhradh sé ar an bhfile Sasannach Byron, a bhfuil cuimhne chomh maith sin air in áiteachaibh 'san
Iodáil. Thaithnigh an grádh a bhí ag Byron don tsaoirse leis; agus as dioch- oideachas a tháinig a lochtaí dar leis. Chuir sé ceist ar chóisteóir, lá, i dtuaisceart na hIodáile, in aice le coill ar a tugtar an Bosco di Byron. "Cinnte," ars' an cóisteóir, "Iodáileach dob eadh Byron... fear philantropiceach thar bárr... ní headh, níor scríobh sé pioc riamh." Ag dul don Athair Ó Ríordáin tríd an bhFórum nó tríd an bPalaitín, dob fhéidir leis suim staire na Rómha do thabhairt duit i gcúpla nóiméad, agus an tsean-Róimh d'aithbheóchaint imeasg na bhfothrach sin os do chomhair. D'éistigheadh sé go foighdeach, soineannta agus d'fhreagruigheadh ceist ar bith - ó cheist dhoimhin i dtaobh feallsamhnacht Shan Tomáis go dtí ceist mar: "An pyjamas a chaitheann tusa ist oidhche, a Athair?" Is minic do labhradh sé i dtaobh na Gaedhilge, mar, cé nach raibh ach focal fánach di aige féin, bhí sí fighte fuaighte lena smaointibh agus lena bheatha. "An bhfuil Gaedhilge ag an Athair -?" ar seisean liom lá. "Ba chóir go mbeadh," arsa mise, "nach as Tuaim do." "Béidir é," ar seisean, "ach go minic isiad na daoine ón nGaeltacht is lugha a labhras an Ghaedhilg. Spioraid sclábhuidhthe is bun leis sin, agus neartuigh an Bord Náisiúnta é. Thug an Dr. Mac Éil iarracht ar an droch-spioraid sin do chosg, ach níor éirigh leis - bhí an t-airgead ró-láidir do. Thug sé iarracht ar an mBord Náisiúnta do choinneál amach, ach tháinig sé 'na aimhdheoin. Ba dh'iad lucht an tír-ghrádha do chuir an Bord Náisiúnta ar bun an chéad uair agus anois bíonn lucht an tír-ghrádha ag clamhsán fé Ghalldachas an Bhuird - is ait an mac é an saoghal. Níor leomhas féin Gaedhilg do labhairt agus mé óg; ní hamhlaidh, ámh, a bhí spioraid sglábhuidhe ionnam - mar sílim go rabhas ceart go leor 'sa slí sin riamh - ní headh, ach ba dhóigh liom, sílim, go mba saghas pribhiléid fé leith an Ghaedhilg do bhain leis na sean-daoinibh amháin. Bhí Gaedhilg ag m'athair, agus leabhra Gaedhilge; sula bhfuair sé bás do thug sé na leabhra d'athair - do bhí 'san Éirghe-Amach. Nuair chuaidh mé abhaile ón Róimh, taréis bháis m'athar, beannacht Dé lena anam, (b'in é an t-am, tá's agat, sul ar cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun) chaitheas cúpla mí sa mbaile agus thosnuigh mé ar ghramadach an Chanóinigh Uilleog de Búrca. Ansin chuadhas go críocha Shasanna agus ní raibh an ithir go maith ann. Bhí Gaedhilg ag mo mháthair freisean, cé nach bhfuil fhios agam conus a fuair sí í. Uair amháin dubhairt sí liom go múinfeadh sí dhom í taobh istigh de leath-uair a chluig." Tar éis an méid sin a rádh agus é ag machtnamh do féin, tharraing sé a bhrusa go teann le chéile, d'fhéach sé suas beagán, do líon a sgórnach agus bhí sé mar a bheadh sé ag iarraidh na deóra do chosg.
Mar Ghaedheal agus mar Ghaedhilgeóir bhí meas thar bárr aige ar an Athair Peadar. Gheibheadh sé leitreacha uaidh go minic. Litir amháin, is cuimhin liom, ba dh'é freagra an Athar Peadar ar na daoinbh a chuireann milleán ar shagartaibh toisg gan seanamóirí a thabhairt as Gaedhilg. Thugaidís, dubhairt an t-Athair Peadar, na seanamóirí as Gaedhilg an fhaid is nár ghlac na daoine mar mhasla iad, ach tháinig am is do thosnuigh na daoine ar bheith ag rádh: "Does Fr. - think we don't know English?" Ana-cháirde ab eadh an bheirt. Agus an t-Athair Ó Ríordáin ar leabaidh an bháis féin do gheibheadh sé leitreacha uaidh agus corr-dhán beag Gaedhilge istigh ionnta. Deireadh sé go minic gur iongantach an méad oibre a bhí déanta ag an Athair Peadar, gur míle truagh gan é bheith níos óige, gur chóir a chuid scríbhinni a bheith mar shompla leis an nua-Ghaedhilg toisg gurabh é an t-aon scríobhnóir amháin é a raibh dhá bhuaidh an tsár-ughdair aige .i. - togha na Gaedhilge ón gcliabhán, agus togha oideachais agus scoláireachta air chomh maith. I gcúrsaibh poilitíochta bhí an t-Athair Ó Ríordáin ar éin-intinn le muintir Shinn Féin ins na rudaibh prinsiobálta. Ba mhian leis saoirse na hÉireann agus ba chuma leis i dtaobh na himpreachta. Maidir leis an gcogadh, is cuimhin liom a thuairim air do chloisint lá tar éis an dinnéir ag sean-tigh ósda úd an Choncordia a bhfuil aithne ag gach Rómhánach air agus ar a thighearna 'Checco. Ropairí a bhí ar gach taobh, dar leis an Athair Ó Ríordáin, agus iad ag cur daoine ab fhearr ná iad féin amach chun báis d'fháil agus iad féin 'na suidhe go sona, sásta sa mbaile. I gcúpla mion-rud, ámh, ní raibh sé ar éin-intinn le furmhór mhuintir Shinn Féin. Bhí, mar shompla, meas thar barr aige ar Dhomhnall Ó Chonaill, "an t-aon Éíreannach amháin," adeireadh sé, "ar a bhfuil eolas ar mhór-roinn na hEorpa." Ní raibh meas mór aige ar Pharnell. "Ba thruagh," ar seisean, lá, "nár mhair Parnell bliain eile, óir ansin do déanfaoi dearmad de. Ba dh'é a bhás do choinnigh a chuimhne beó. Rinne an bheirt Réamonnach a lán chun a chuimhne do choinnéal beó agus ba chosamhail le saghas Nemesis a tháinig ortha féin le goirid." "An dream nua," ar seisean an uair chéadna, "De Valera agus a mhuintir, gan amhras is mór an éirim aigne atá aca, ach níl fhios agam conus a chríochnóchaid. Tá eagla orm go n-éireóchaidh leis na Gallaibh iad a spreagadh chun an chúis do phlé leis an lámhláidir, agus ansin... Tuigim go maith iad a staonadh ó dhul go Westministir fe láthair, ach ní thuigim cé an fáth a ndéanfaidis geall gan é do dhéanamh amach anseo béidir. Pé in Éirinn é, tá an geall déanta anois agus ní mór seasamh leis. Caithfe siad fanamhaint anois féachaint cad a dhéanfaidh an tSeanaid
Mheiriceánach. Dá mb' fhéidir le hÉirinn an méad saoirse d'fháil atá, cuirim i gcás, ag Talamh an Éisg, do leanfadh saoirse iomlán é go nádúrtha, óir is soiléir óna lán comharthaí go dtuitfidh impreacht na Sasannach as a chéile, laistigh de fiche bliain is dócha." Togha sagairt dob' eadh é, agus ba mhaith a dheineadh sé a ghnó féin .i. adhbhar sagart d'ullmhú. Maidir le oideachas na cléire, ní raibh aon mheas mór aige ar an slí i n-ar ghnáth é do cheangailt des na Iolsgoileannaibh in Éirinn fé láthair, ná ní raibh meas aige ar an B.A. agus an M.A. a thagann don chléir as an gceangailt sin. Chreid sé go raibh oideachas cléire na hÉireann i bhfad ní b'fhearr ar an sean-tslí, go háirithe i dtaobh foghluma na fealls- amhnachta, agus go bhfillfí ar ais am éigin ar an sean-tslí sin. Ach is lena shompla féin is mó thugadh sé teagasg agus béas-mhúineadh dos na hadbharaibh sagart a bhí faoi, lena lághacht agus lena chráibhthacht,- go mór-mhór leis an bhfoighid do thaisbeáin sé i dtinneas géar fada - "Pean- naid iseadh é, peannaid," ar seisean lá agus mion-gháirí bhrónach air. I bhfochair na naomh go raibh a anam. Eric Mac Fhinn. An Clog. Binn liom clog an tséipéil Istoidhche nuair chraelann dúinn Árdú Íosa os comhair na ndaoine I gcoim ceo soillse is túis. Binn liom clog an tséipéil Dá bhithin go sgéidheann uaim Gach sean-iarsma amhrais smaointe Is go dtógann mo chroidhe-se suas. L. S. Gogan.
Ag Marcaidheacht. (Ó Fhraincis Ghuy de Maupassant). Daoine bochta ab eadh iad agus bhíodar ag maireachtaint ar an méid airgid a bhí an fear a thuilleamh. Do rugadh beirt chloinne dhóibh ó phósadar agus dá bhoichte a bhíodar ar dtúis, ba sheacht measa anois iad, cé gur dhineadar a ndícheal gan a mbochtaineacht a theasbáint don tsaol mar a dheineann na huaisle go léir. Do rugadh agus do tógadh Hector de Gribelin ar an dtuaith i gcaisleán a athar agus fuair sé a chuid léighinn ó sheana-shagart. Ní raibh a mhuintir saibhir, ach mar sin féin bhí deallramh an tsaibhris ortha. Ansan, nuair a bhí sé fiche bliain d'aois, fuaireadh post do in Oifig an Chabhlaigh agus do thosnuigh sé ina chléireach ar thrí fichid púnt sa mbliain. Do briseadh é ar an gcarraig sin go mbristar gach éinne ná hullmhuightar as a óige chun cogaidh chruadha an tsael seo. Chíon siad an saol mar a bheadh trí sgamal. Ní thuigean siad an comhrac atá rómpa ná conus is fearr buachtaint ann toisc nár múineadh ceard speisialta dhóibh a chuirfeadh in oiriúint don tsaol iad, a neartoghadh chun an chomhraic iad agus a chuirfeadh arm no úirlis ina lámha acu. Do luigh an chéad trí bliana a thug sé san oifig go trom air. Fuair sé amach cúpla seana-chara dá mhuintir ansan, daoine den seana-dhéantús a bhí chomh bocht leis féin. Bhíodar ina gcomhnuidhe isna sráideanna dorcha de St. Germain, agus mar sin bhí cuideachta anois aige. Na sean-uaisle seo, lán d'uabhar agus de bhochtaineacht, bhíodar gearrtha amach ar fad ón saol, anáirde ina seomraí i mbarra na seana-thighthe. Ní raibh éinne acu ná raibh ina thighearna nú ina dhiúc, ach chomh fada le hairgead, bhí sé gann ag an té ba shaibhre acu. An treibh seo a bhí tamal go hárd sa tsaol, ach a bhí tuitithe anois trí mheatacht na bhfear, ní raibh éinní ina gceann ach a seana-réim, ná aon chúram ortha ach conus iad féin a sheachaint ar a n-uaisleacht a chailliúint. Ina measg so do bhuail cailín le Hector, cailín uasal ach bocht mar é féin, agus do phósadar. Do rugadh beirt chloinne dhóibh i gceithre bliana. Ar feadh cheithre bliana eile do lean an líon tighe seo 'á chiapadh ag an ndealbhas, gan de chaitheamh aimsire acu ach bhalcaereacht isna Champs Elysées Domhnaí, agus oidhche no dhó san amharclann i rith an gheimhridh nuair a gheibhdís ticéad in aisge ó dhuine mhuinteartha éigin. Ach tháinig bliain, agus ag déanamh amach san earrach do tugadh obair speisialta do Hector le déanamh agus do fuair sé dhá púint déag breise as.
Nuair a fuair sé an t-airgead dubhairt sé lena mhnaoi, "A Henriette, a chroidhe, caithimíd tabhairt amach éigin a bheith againn, turus a thabhairt dos na leanbhaí, abair." Agus t'réis an sgéal a shuatha go maith, do socruigheadh ar thurus a thabhairt fén dtuaith. "Im briathar," arsa Hector, "ó b'annamh linn é, tógfaimíd cóiste dhuit féin agus dos na rudaí beaga agus beidh capall iallaite agam féin. Déanfaidh sé maitheas dom." Ar feadh na seachtaine níor labhradh ach ar an dturus. Gach tráthnóna, ar theacht abhaile ón oifig, bheireadh Hector ar an mac ba shine agus do chuireadh sé ar leatha a dhá chois ar a ghlúin é agus, 'á chaitheamh anáirde ar a dhícheall do, deireadh sé leis: - "Mar sin a bheidh do dhaid Dé Domhnaigh seo chughainn ar an dturus, ar cos anáirde." Agus gach aon lá do leathadh an garsún é féin ar na cathaoireacha agus do tharaigigheadh ar fuaid an tseomra iad 'á rádh: "Seo mo dhaid ar mhuin chapail." D'fhéachadh an cailín aimsire féin go hiongantastúil ar a máistir 'á chuimhneamh di go dtionnlacóghadh sé an cóiste ar mhuin chapail, agus le linn gach béile do bhíodh cluas uirthi ag éisteacht leis ag cuir síos ar a fheabhas chun marcaidheachta bhí sé agus ag eachtraí ar laetheanta a óige i gcaisleán a athar fadó. Dob é fuair an oiliúint mhaith. Faghadh sé an capal idir a dhá chois agus níor bhaol do éinní. Ní théidheadh aon laga air ach ag rádh lena mhnaoi le buala bas: "Dá bfaghainn capal deacair a mharcaidheacht b'é b'fhearr liom. Chífeá conus a mharcóghainn é agus, más maith leat, tiocfaimíd abhaile trí sna Champs Elysées nuair a bheidh na daoine ag fille ón gcoill. Nách sinn a dhéanfaidh an teasbána! agus níor mhiste liom duine éigin ón oifig a bhuala liom. Níor bheag an méid sin chun meas a bheith acu ort." An sprioc-lá, tháinig an cóiste agus an capal iallaite in aonacht chun an doruis. Tháinig Hector anuas láithreach chun an chapail a scrúdú. Bhí iallacha leathair fé bhun bonnuíocha a bhróg aige ag fásga bun a threabhsair anuas, agus é ag fuiseáil le fuip a cheannuigh sé iné roime sin. Do thóg sé cheithre cosa an chapail i ndiaidh a chéile 'á mbraith. Do bhreithnigh sé a mhuineál agus a chliathain agus a speireacha, do chuir a lámh thar na cheathramhna, d'oscail a bhéal agus d'iniúch a fhiacla a rádh an t-aos a bhí sé. Agus le linn don líon tighe go léir gabháil anuas, do thug sé seanamóin bheag uaidh ar gach a mbainean le capal, agus leis an gcapal san go spesialta, 'á rádh gur cheann toghtha é. Nuair a bhí gach éinne socair istig sa chóiste, do thástáil sé na giortaí; d'eirig anson ar cheann des na stíoróipí agus do tháinig anuas chomh trom
san ar mhuin an chapaill gur chuir sé ag damhsa é sa tslighe is gur dhóbair é féin a leaga. Do chuir san Hector beagán trí na chéile agus do thug sé fé é chiúnú. "Bhaoi! a chapailín, bhaoi! adeirim leat." Nuair a bhí an capall curtha chun suaimhnis aige agus é féin ceartuithe san iallait d'fhiafruigh sé: "Bhfuil gach éinne ullamh?" D'fhreagruighdar go léir d'aon ghuth: "Táimíd." Ansan do thug sé an t-órdú: "Chun bhóthair!" Agus do ghluais an marcra leo. Is air a bhí féachaint gach éinne. Dhein sé sodar ar chuma na Sasanach, ag eirghe go háiféiseach as an iallait. Níor thúisge anuas san iallait arís é ná b'iúd leis anáirde arís mar a bheadh sé chun léim a thabhairt san aer. Tamalacha, ba dhóigh leat go dtuitfeadh sé ar a bhéal is a fhiacla ar mhuing an chapaill. D'fhéach sé amach roimis go díreach gan cor as a cheannaithe agus dath mí-lítheach ar a aghaidh. Níor chuaidh aon stad ar a mhnaoi agus ar an gcailín feadh na haimsire ach ag rádh leis na leanbhaí a bhí ar a nglúine acu: "Féachaig bhur ndaid!" Bhí gach aon bhéic ag an mbeirt gharsún mar d'eirig an ghluaiseacht agus an t-aer glan agus an t-áthas sa cheann acu. Do chuir san sgeón sa chapal agus as go brách leis ar cos anáirde. A d'iarraidh é stop don marcach do thuit a hata dhe ar an dtalamh. B'éigean don dtiománaí teacht anuas den gcóiste agus dul ag triall air do. Agus nuair a bhí sé fachta aige do ghlaoidh sé i leith ar a mhnaoi 'á rádh: "Ná leig do sna leanbhaí bheith ag béicig mar sin, maran maith leat an capall a rith liom ar fad. Do chaitheadar an lón ar an bhféar i gcoill don Vésinet, mar do thugadar biadh leo sa chóiste. Ar a shon go raibh an tiománaí ag tabhairt aire mhaith do sna trí capail, níorbh fholáir le Hector beith ag eirghe gach re nóimeat chun dul ag féachaint i ndiaidh a chapail féin ar eagla go mbeadh éinní uaidh. Chimiligheadh sé a lámh dá mhuineál ag tabhairt aráin agus cístí agus siúicre le n-ithe dho. "Tá sé go diail chun sodair. Do bhain sé suatha beag asam i dtosach, ach má bhain, chonnaicís nárbh fhada an mhoill orm dul ina thaithí. Ach aithnighean sé an máistir agus beidh sé mín a dhóthain feasta."
Do thánadar abhaile trí sna Champs Elysées mar a socraigheadh. Bhí an bóthar mór leathan ina bheathaidh le cóistí, agus ar dhá thaobh an bhóthair bhí na daoine chomh tiugh san gur dhóigh le duine gur dhá ribín dhubha iad 'á leatha féin ón Arc de Triomphe go dtí an Place de la Concorde. Bhí gléas is na cóistí, i ngabháil na gcapal agus in órnáidí na gcaráistí ag an spalla gréine. Bhí aon ghluaiseacht mheidhreach anamúil amháin fén sgata mór son de dhaoine, de chóistí agus d'animhithe mar a bheidís ar meisce age breáthacht an tsael. Agus ansúd thíos d'eirig an Obélisque as ceo óir. T'réis gabháil thar l'Arc de Triomphe dóibh, do tháinig spreang ar chapal Hector, agus siúd leis trí sna cóistí agus siubhal nimhe fé i dtreo an stábla, d'aimheoin ar fhéad a mharcach a dhéanamh chun é chosg. Do fágadh an cóiste i bhfad siar. Os coinne an Palais de l'Industrie amach, do chonnaic an capal go raibh sgóp aige agus d'iompuig chun na láimhe deise agus as go brách leis ar cos anáirde. Bhí seana-bhean agus aprún uirthi ag gabháil trasna na sráide ar a suaimhneas; rángaigh sí díreach sa tslí ar Hector agus é ag teacht ar nós na nimhe. Nuair a fuair sé ná féadfadh sé aon cheart a bhaint dá chapal, do thosnuigh sé ar bheith ag liúirig in árd a ghotha, "Hé, Hé, anson!" Is dócha go raibh sí bodhar, mar do lean sí dá siubhal go deas, socair go dtí gur bhuail an capall í, agus siubhal traenach fé. Do tógadh léi, a cótaí san aer aici, agus buaileadh drom thar n-ais í fiche éigin slat ón áit. Do liúigh gach éinne: "Stopaig e." Bhí Hector leath as a mheabhar, greim an fhir bháite aige ar mhuing an chapail agus é ag glaoch ar chabhair. Do tháinig pílear amach ina choinne, do stad an capall suas agus do caitheadh an marcach ar chuma an urchair amach idir a dhá chluais agus isteach i lámhaibh an phílir. Ar an bpuínte bhí sgata daoine tímpal ortha, ag geáitseáil agus ag béicig le buile. Thar gach éinne bhí sean-uasal ann go raibh strán ceart air. Bhí croiméal mór bán air agus órnáidí ar a chasóig. Deireadh sé arís agus arís eile: "H'anam an dial! éinne atá chomh tútach san, ba cheart do fanacht age baile agus gan a bheith ag marbhadh na ndaoine ar an sráid nuair ná féadan sé capal a mharcaidheacht." Tháinig ceathrar fear ansan agus an tseana-bhean acu 'á iomchur eatortha. Bhí cuma an bháis uirthi, dath báiteach bán ar a haghaidh, a hata ar fiar sgeó agus í féin lán do shmúit. "Tugaig an bhean san go dtí poitigéaraí éigin" arsa an seanduine uasal, agus téimís-na ag triall ar cheann na bpílears."
Do ghluais Hector agus pílear ar gach taobh do. Bhí pílear eile i mbun an chapail. Do lean an sluagh iad; do tháinig an cóiste i radharc ansan. Do chaith bean Hector í féin amach as an gcóiste; do chaill an cailín aimsire a ceann; do sgread na rudaí beaga. Do mhínig Hector dóibh gurb amhla bhí sé ag teacht abhaile nuair a leag sé bean, ach nárbh fhiú biorán is é. D'imthighdar leó trí na chéile. Bhí an ceistiúchán sa bhearraic gearra. Thug sé a ainm uaidh, Hector de Gribelin, cléireach in Oifig an Chabhlaigh. B'éigean fanacht le sgéala ón mnaoi ghortuithe ansan. Do tháinig pílear agus tuairisg aige. Bhí sí tagaithe chúichi féin, ach bhí ana-phian uirthi laistig, adubhairt sí. Bean nigheacháin ab ea i, chúig bliana agus trí fichid d'aois, agus Mme. Simon ab ainm di. Nuair a fuair Hector ná raibh sí marbh, do tháinig misneach do agus do gheall sé go ndíolfadh sé as í leigheas. Do rith sé leis go dtí siopa an phoitigéaraí ansan. Bhí sluagh daoine as coinne an duiris; bhí an bhean chóir ina cnap i gcathaoir mhóir istig, gach aon chnead aici, a dha láimh siar síos léi agus cuma an mhairbh ar a haghaigh. Bhí dhá dhochtúir ag gabháil di. Ní raibh aon chnámh briste, ach bhí eagla ortha go raibh rud éigin leonta laistig. Do labhair Hector. "Bhfuilean tú ag fulag puinn?" "Ó, táim." "Cén áit?" "Tá mar a bheadh teine istig im bolg." Tháinig dochtúir. "An tusa, a dhuine uasail, fé ndeara an chinniúint seo?" "Is me." "Caithfar an bhean so a chur go tigh sláinte; tá fhios agam-sa ceann mar a dtógfar í ar sé sgilling is ló. Ar mhaith leat me 'á shocrú dhuit?" Ba mhór an suaimhneas aigne do Hector an méid sin a chlos. Do ghaibh baochas leis ó chroidhe agus d'imthig leis abhaile go háthasach. Bhí a bhean ag sileadh na ndeor roimis; do chuir sé chun suaimhnis í. "Ní fiú biorán is é. Tá feabhas uirthi cheana féin; ní bheidh a rian uirthi i gcionn trí lá. Táim t'réis í chur go tigh sláinte; ní fiú biorán is é." Níorbh fhiú biorán is é! Lár na mháireach, ar fhágaint na hoifige dho, d'imthigh sé ag cur tuairisge Mme. Simon. Fuair sé ag ithe phraisge feola í ar a sástacht. "Sea?" ar seisean.
D'fhreagair sí é. "O, mar a chéile, a dhuine uasail. Braithim me féin leath-mharbh. Ní raghaidh aon fheabhas go deo orm. Dubhairt an dochtúir go gcaithfí bheith foidhneach, ná feadair éinne cad a thiocfadh as." D'fhan sé trí lá gan teacht, ansan do tháínig sé. Bhí an tseana-bhean, cuma na sláinte uirthi agus a súil go haibig, agus do chrom sí ar bheith ag gearán go dóite nuair a chonaic sí chúichi é: "Ní dhéanfad aon mhaith go deo, a dhuine uasail, ní dhéanfad san. Ní thiocfa mé uaidh go ragha mé in úir." Do ghluais na creathaí ar fuaid cnámha Hector. Do chuir sé fios ar an ndochtúir. Do leath an dochtúir a dhá láimh: "Cad is féidir dúinn a dhéanamh? Ní fheadar-sa. Béicean sí nuair a cuirtar chun í thógaint aniar. Ní féidir a cathaoir féin d'aistriú gan í 'chuir liach aisti. Ní mór dom í chreideamhaint; ní fheaca-sa a taobh istig. Ón uair ná feaca ag siubhal í níl sé ceart agam a rádh go bhfuil an t-éitheach aici." D'fhan an tseana-bhean ag éisteacht leo, gan cor aisti, agus súil an mhada ruaidh aici ortha. D'imthig seachtain, coigthíos, mí. Níor fhág Mme. Simon a cathaoir. Ní théidheadh aon laga uirthi ó mhaidin go hoidhche ach ag ithe; do thuit sí chun feóla, labhradh sí go hanamúil leis na hothair eile, agus do dheallruig bheith sásta lena socracht i leith is go raibh an méid sin tuillte aici t'réis deich mbliana is dachad a thabhairt ag gabháil síos suas staighrí, ag iompáil tochtaí leabtha, ag iomcur guail ó úrlár go húrlár agus ag sguaba agus ag glana. Bhí Hector leath as a mheabhair. Thagadh sé 'á féachaint gach aon lá. Gach lá do bhíodh sí roimis go socair, suaimhneasach agus deireadh leis. "Ní dhéanfa mé aon mhaith go deo, a dhuine uasail, ní dhéanfad san." Gach aon tráthnóna d'fhiafruigheadh Mme. de Gribelin, lán d'imshníomh: "Agus Mme. Simon?" Agus gach aon uair d'fhreagruigheadh sé le dobrón agus le mi-dhóchas: "Mara chéile, mara chéile díreach." Do cuireadh an cailín aimsire chun siubhail; níor féadadh a tuarastal a dhíol. Spáráladar ins gach aon tslí ab fhéidir. Bhí an t-airgead breise go léir caite. Do fuair Hector ceathrar do sna dochtúirí ba mhó cáil agus do thug leis iad ag triall ar an seana-mhnaoi. Leig sí dhóibh í sgrúdú, í bhreithniú agus í iniúcha, ag féachaint ortha feadh na haimsire le súile glioca. "Caithfar í chur ag siubhal," arsa dhuine acu. Do sgread sí: "Ní fhéadfainn é, a dhaoine uaisle, ní fhéadfainn, a mh'anam."
Do rugadar uirthi ansan, d'árduighdar agus do tharaigighdar leo ar feadh cúpla ciscéim í, ach do shleamhnuigh sí as a lámha agus do thuit ina pleist ar an úrlár agus gach aon sgréach uathbháis aici sa tslí is gur thugadar thar n-ais chun a cathaoireach í le haireachas as le mór-chúram. Do thugadar tuairim dhiscréideach 'na taobh, 'á rádh, ámhthach, ná féadfaí í chur ag obair. Nuair a thug Hector an sgéal so abhaile chun a mhná, do thuit sí ina cnap sa chathaoir. "B'fhearr í thabhairt anso," ar sise de ghlór bhriste, "ní bheadh sé chomh costasach orainn." Do léim Hector. "Anso, - againne, - an dáríribh a taoi'n tú?" Agus d'fhreagair sí mar ba chuma léithe gach éinní feasta, agus na deora lena súile aici: "Pé ní is fearr leat féin, a dhalta, ní mise fe ndeara é." Sinéad Ní Chiosáin. Persicos Odi, Puer, Apparatus. A ghiolla, is fuath liomsa gnás An domhain toir 's a fhleasga bláth, Ná cuarduigh cá bhfuil rós i dtráth I ndeire bliana; Ach cuir id' fholt an myrtal séimh A's ar mo chionn, gan puinn le taobh, Is leor dom san im shuidhe fén gcraobh Le corn fíona. Pádraig de Brún.
Eachtra Beirte. Feadhmanas i gContabhairt. Bunaire eile chúcha an lá so. An Rev. Alexander A. Beardsall, an fear léigheanta úd go bhfuil a ainm agus a chlú leathta ar fuaid na tíre seo mar gheall ar a árd-réim i gcúrsaí séipéilíochta imeasg na gCailbhíneach, agus fós mar gheall ar a ndeineann sé chun cúis na Cumannachta do chur ar aghaidh i bhfos. Fear na cainte réidhe buige, fear na bhfocal so-thuigthe, fear an bheacht-mhínithe... ach an lá so féin is ar éigin d'fhéad sé ar dtúis, dhá fhocal do chur le chéile agus ciall bheith leo. Beirt aintíní a bhí dhá chrádh, nú airgead na n-aintíní, nú an t-airgead agus na haintíní. Níor tuigeadh puínntí a sgéil ach de réir a chéile. Ach na haintíní seo. Is amhlaidh a bhí an Rev. Alexander ag brath air go bhfaghadh sé a gcuid airgid lá éigin mar fheadhmanus, ach gan fearg ná diombuadh do chur ar na mná uaisle. Níor nós leis dul ar cuairt chúcha. Ní fheaca sé iad le fiche bliain. Ach 'sé a bhí go maith chun na leitreacha deasa, mil-bhriathracha úd do chur chúcha ó am go ham - óir níl aon rud is mó a thaithneann le mnáibh den tsaghas san ná na nótaí deasa úd a stiúruigh- eann ar bhealach na n-árd smaointe iad agus a thráchtann thar rudaí ná tuigeann siad ar chuma go méaduightear meas ar an sgríbhneóir. Beathuigh- eann na bréithre na bráithre sa tír seo ach go háirthe. Agus níorbh iongna cion agus grá bheith ag na haintíní dá ngar-mhac Alexander, gan na nótaí d'áireamh, agus an onóir phuiblí agus an meas a fuaireadar toisg an ghaoil a bhí acu leis an bhfear cáiliúil sin. Ach ní go maith a thaithn sé le Alexander bocht an chuma 'na raibh an grá agus an cion tagaithe chun baile dho an lá do bhuail sé isteach chun ár mbeirte. "Leitir do fuaireas," ar sé, nuair do tháinig a ghlan-chaint do fé dheoidh, "óm aintin Ermyntrude atá i bPreston, agus leitir eile óm aintín Cynthia atá i Chester. Ní shásóidh an saol éinne acu ach mé do dhul ar cuairt sheachtuine chúcha. Ach sí an tseachtuin chéadna atá i gceist acu araon. Bheadh eagla orm dul go Preston agus Cynthia d'eiteach, agus ní lugha ná soin an t-eagla a bheadh orm an chéad turus do thabhairt ar Chester. Dá sásóinn éinne acu, do thiocfadh formad ar an nduine eile, agus sin leath den fheadhmanus caillte go deo agam. Acht mar bhárr ar a bhfuil den donus orm caithfead bheith in áit éigin eile mar a bhfuil an t-airgead-síos le fáil as obair an chreidimh agus as ghnó a bhaineann le feabhsú an phobuil. Caithfear muintir na dtrí mball do shásamh, agus sin é díreach an gnó atá agam díbhse." D'fhan sé 'na thost ar feadh tamaill. Tamall é sin d'ar oir an discréid, ach bhí aimsir an deithnis ag teacht. An ministeir ag caint arís.
"S'é atá uaim," ar seisean, "ná go raghadh duine agaibh-se go Chester agus an duine eile go Preston. Éadaí ministéir oraibh agus m'ainm féin do chur ar gach duine agaibh go ceann seachtuine. Ó, ní gá dhíbh aon eagla bheith oraibh. Ní aithneófar mar lucht bréigreachta sibh. Ní fheacadar soin me le fiche bliain. Seo dhíbh anois dhá chúntas ar sgéal mo bheatha-sa, dhá chur síos ar chreideamh na gCailbhíneach, agus sa mhála seo gheobha sibh dhá chulaith mhinistéir. Is féidir libh dul ann amáireach ach costas an turuis do bheith agaibh. Seo dhíbh an costas soin agus aguisín." Anois acu aimsir an deithnis i ndáiríribh, ach do ghéilleadar do, agus, nuair a bhí sé imthithe, do roinneadh an t-aguisín eatortha ar a seana-nós, é chur ar na cártaí. Cúpla lá 'na dhiadh soin do shuidh bean uasal i Warrington síos chun a breicfeásta. Bhí trí leitreacha os a comhair amach agus d'aithin sí an sgríbhneóireacht ar gach clumhdach. An chéad cheann ó Phreston, óna drifiúr Ermyntrude 'á rádh léi go raibh gach sgéal dob iongntaí ná a chéile aici dhi: "Ár ngar-mhac dílis féin, an Rev. Alexander, atá ar cuairt agam, a laogh, taréis na mblian bhfada go léir. Agus ní chreidfá ach a dheise is a ghéar- chúisí atá sé. Éirim aigne a theipfeadh orm a chur síos duit. Deigh-bheasa "seacht nglún na huaisleachta" aige, agus 'na theannta soin go leír, ní fheacaís riamh fear is dílse creideamh ná é. Is éachtach ar fad é a chion ar an mbocht agus ar an ndealbh, agus isé a thuigeann go cruinn iad. Shamhlófa gur 'na measg do chaith a shaol, agus do chaithfinn an oidhche ag cosaibh an Ghamao- luil seo agus é ag cur 'na luighe orainn ár ndualgas i dtaobh ár maoin do riaradh ar bhochtaibh. Agus óra, a laogh, do tháinig trua agam duitse. Tú at aonar ansoin agus é seo go léir agam-sa. D'fhoghluimeas mo cheachtanna, agus bead féin agus Alexander chughat ar cuairt maidin amáireach! Beimíd agat ar a haondéag..." An tarna leitir, do tháinig sí ó Cynthia agus gan de dhifir idir an sgéal so agus an ceann eile ach focail a innste agus an ceangal adubhairt go raibh sí sin le bheith ann an lá céadna ar leath-uair taréis a haondéag agus go mbeadh Alexander ag teacht 'na teannta! "Is do-thuigthe é seo," ars'an bhean, "ach deallruigheann sé go bhfuil sult éigin le fáil indiu," óir bean shuilt ab eadh an bhean so ó ghaethibh a súl go rinnce a cos. Do mhéaduigh an tríomhadh leitir ar an iongnadh a bhí uirthi cheana, oir, on ngar-mhac féin do tháinig sí 'á innsint di gur thárla dho gnó éigin do
bheith ar siubhal aige i Warrington agus go raibh sé chun cuairt do thabhairt ar a tig ar a dó dhéag!! "Ní foláir," arsa bean an tsuilt, "nú méadófar ar chlú Alexander agus a rádh go dtáinig sé go Warrington ó Phreston agus ó Chester agus fós ó Liverpool san am gcéadna. Ní fada go n-árdófar brat ar an ndráma so, ámhthach. Tá sé a haondéag anois agus sin tacsmhótor ag an ndorus." Dob fhíor di. Do thúirling beirt den mótor, bean uasal agus ministéir. Do leogadh isteach iad agus do chuir bean an tighe fáilte rómpa. Do theoruigh sé an ministéir, Pádraig Ó hAirt, isteach sa phárlus agus do thionnlaic sé an drifiúr suas a staighre go dtí na seomra féin. Do chaith an bheirt leath-uair a chluig ag caint, sé sin le rádh go raibh an cuairteóir ag caint go ceann leath-uaire a chluig ar thréithibh agus ar bhéasaibh an óigfhir a bhí tagaithe lena cois. Ach focal níor labhair bean an tighe le heagla go loitfí a raibh de shult roimpi. I gcionn na leath-uaire do thainig tacsmhótar eile. Bean usual agus ministéir eile ann. Do fáiltigheadh rómpa soin leis agus do cuireadh Mícheál so againne isteach sa phárlús. Do dearmhadadh an dá mhinistéir do chur in aithne dá chéile! Do treoruigheadh an bhean usual go dtí seomra mná an tighe. "Go deimhin," arsa Ermyntrude taréis céad iongna na beirte bheith curtha dhíobh, "go bhfuil togha an iongntais agam duit thíos, ach ní neosad duit cadé féin go bhfeicfir é." "Ba dheacair duit," d'fhreagair Cynthia "méadú ar an ollsacht a chuirfead-sa ort-sa ar ball." "Cad fé ndear an ollsacht?" "Innis dom fáth an iongntais agus neosad duit mo sgéal-sa." "Innis do sgéal-sa ar dtúis." "Neosad nuair aireód do chúntas-sa "Ní aireóir go neosair." "Ní neosad go n-aireód." Agus do caitheadh leath-uair a chluig eile ar an gcuma soin. Agus thíos sa phárlus bhí comhrádh eile. Nuair a bhuail an tarna mini- stéir isteach do bheannuigh sé don duine usual do bhí ann roimis, agus, ar nós na tíre, dubhairt rud eígin i dtaobh a bhreághthacht do bhí an aimsir. "Tá eagla orm go mbeidh stoirm againn an ball," ars' an chéad fhear. "Táid na droch-chomharthaí ann." "Ní fheaca-sa iad, a dhuine uasal. Cad iad na droch-chomharthaí iad?"
"Well," arsa Padraig, "ní hionntaoibh liom na mná uaisle seo, agus níor dhein Mícheál Ó Briain riamh ach an botún." D'aithin Mícheál é... Buadhann sé orm a gcomhrádh do chur síos as soin amach. Is mó rud adeireann ár mbeirt i dteangain na nGall gur fearrde an Ghaedilg gan na comhfhocail bheith innte. Ach féach gur fearr a tuigfí an rud ná sgríobhtar! Do dhruid tacsmhótor eile leis an dtig. D'osgail cailín aimsire an dorus agus isteach sa phárlús an Rev. Alexander féin le línn don chailín a rádh leis go mbeadh a máighstreás chuige ar ball. Ní baol ná gur aithin Mícheál an teangbhálaí seo! "Ní dhéanfainn dabht díot, a dhuine oirmhinigh, ach nárbh fhéidir dhúinn Hamlet do bheith ar siubhal againn gan tusa a sholáthar na samhailte dhúinn," ar seisean. Ach an ministéir bocht! Do chaill sé feidhm na ngéag. Do shéan an chaint a bhallaí cainte. Do bhí a dhá shúil ar sileadh leis, geall leis, leis an uathbhás do tháinig air. Ní dubhairt sé pioc. Níor mhothuigh sé ao'rud go dtí gur mhothuigh sé Pádraig 'á chrothadh agus ag caint leis. "Seo leat," ar seisean. "Glan amach as so go ceann leath-uaire a chluig. Comáin leat, tríd an bhfuinneóig, agus ní beag linn a luaithe is a bheir sa tsiubhal. Tair tar nais i gcionn leath-uaire a chluig." Do cuireadh an duine bocht tríd an bhfuinneóig amach gan mhoill, seadh, is gan béas. Do chonnaic na garsúin shráide ag teacht amach é. "Spiaire Gearmánach," do ghlaodar in árd a ngotha, agus do dheineadar, beart de réir a dtuairime le é do ghéir-leanúint tré shráideanna Warrington. Ministéir ag éalódh tré fhuinneóig! Cad eile a dhéanfaidís ach é fhiadhach. Ach i gcionn leath-uaire a chluig bhí sé saor ón dtóir agus tháinig sé tar nais don tigh. Do leogadh isteach é. Do treoruigheadh isteach sa phárlús é, agus é i ndeire a anma le heagla roim a raibh roimis. Níor thúisge istigh é 'na gurbh fhearr leis bheith amuigh arís. Do léim triúr ban chuige. Do ghabhadar é. Greim daingean ag duine ar chasóig air. Greim ní ba dhaingne ag duine eile ar chluais air agus an greim ba dhaingne ag an dtríomhadh duine ar ghruaig a chinn air. Do throid sé le gach neart a bhí fanta aige tar éis an reatha, acht do buadhadh air. Do brúghadh síos go talamh é, agus a thriúr céasadóirí anuas air. Bhí sé sáruithe, traochta. "Tá sé agam" do sgread bean fhiadhain díobh. Do chaith sí a dhá láimh timcheall air. D'aireófaí faid míle ó bhaile fuaim na dtrí bpóg do thug sí dhó. Ansoin chuige an tarna bean agus dob fhuaimní a trí póga soin. Do ghéill Alexander don tríomhadh tóruí, gan troid gan gleic.
Nuair a tháinig ár mbeirt cháirde as na trithibh gáirí a bhí ortha, do thosnuigh Pádraig ar an sgéal do mhíniú. Níor dhearmhaid sé an deithneas ná an discréid. "Mise atá cionntach, a bhráthair," ar seisean, "sa bhotún a deineadh. Tá párdún fachta agam ós na mnáibh uaisle seo. Do mhathúnachas atá uaim anois. "Ón gcéad lá bhíos im rúnaidhe agat do chuireas árd-shuim ionnat agus it ghnóthaibh. Agus nuair a osgluigheas na leitreacha a tháinig chugat ó sna mnáibh uaisle seo 'á iarraidh ort dul go Preston agus go Chester san am gcéadna, do thuigeas conus a luighfeadh sé ar do chroidhe do ghnó sár-thairbh- each anso do chur ar an méir fhada agus géilleadh dod dhea-chroidheacht ghnáthach d'fhonn do ghrá dod aintíní do dheimhniú os comhair an tsaoghail. Ach conus a raghfá sa dá áit, Preston agus Chester, san am gcéadna? B'in é do bhuaidh orm, agas do bhuadhfadh sé ortsa leis dá leogainn duit tabhairt fé. Ar mhí-ádhmharaí an tsaoghail do dheineas féin iarracht ar é shocarú dhuit. An toradh... é seo... ach táim ag brath air go maithfir dom é toisg gur dheineas... an rud do dheineas... ar son an ghnótha thairbhigh, don chreideamh agus don phobul, a bhí ar láimh agat. Mo ghrá dhuit féin agus m'imshníomh tímpal do ghnótha fé ndear é go léir." Agus ba dheas mar do mhaith sé dho é! "Ní fiú biorán buí agus an botún, a bhráthair. Óir feach gurab é deire an sgéil agam é go bhféadfad leanúint ar an ngnó agus fós comhluadar agus, b'fhéidir, congnamh na n-aintíní seo bheith agam leis. Ní mathúnachas a thuillean tú ach baochas, agus tá soin agat ó chroí uaim." "Agus uaim-se leis," adubhairt gach duine den triúr ban d'aon ghuth. "Well," arsa Mícheál taréis tamaill, "b'fhéidir gurbh fhearra dhúinn traen a dó d'fháil go Liverpool..." Do stad sé, óir bhíodar na mná ag cogarnaigh lena chéile. Pé rud adubhradar do tharuing gach duine acu leabhrín seice amach agus do tosnuigheadh ar na seiceanna do sgrí'. Do labhair bean acu. "Ní ceart," ar sise, "gan comhartha cuimhnimh do bheith agaibh ar an lá so. Agus ba mhór an congnamh díbh an t-airgead so do bheith agaibh chun cabhair do thabhairt don bhocht agus don dealbh. Do chuirfeadh sibh comaoin mhór orainn ach iad do thógaint libh. Ní gá aon bhaochas, ach iad do ghlacadh. Cad iad na hainmneacha ba cheart a sgrí ortha?" "Well," arsa Pádraig, gan deithneas, ach le discréid, "dob fhearr liom
sa mar chuimhneacháin iad ainm an Rev. Beardsall bheith ortha. D'fhéadfadh seisean órdú íocaithe do sgrí ortha mar chomartha a lán-mathúnachais." Agus is mar sin do socaruigheadh é, óir do chaith Alexander gach rud dob fhearr ná a chéile do rádh i dtaobh a "bhráithreacha" agus gach rud do dhéanamh de réir a dtola soin. Níl agam anois ach cur síos ar an sgannal púiblí a tugadh i dtraen a dó ó Warrington go Liverpool. Beirt mhinistéir do chuaidh i gcaráiste agus, an gcreidfá é, níor thúisge 'na suí dhóibh ná paca cártaí amuich acu agus iad ag imirt ar a ndícheall, seadh, agus fíor-airgead 'á sgiobadh ó láimh go láimh acu! Ní haon iongnadh go ndubhairt bean liom gur airigh sí bean eile 'á rádh nár dhóigh léi gur mhinistéirí in ao' chor iad. Gur airigh sí iad ag tabhairt "Paddy" agus "Mick" ar a chéile, agus gurbh é ba dhóigh léi féin ná gur bheirt Shinn Féinithe iad a bhí ag éalódh ón bpríosún. Agus an t-airgead! Ná fuil fhios ag an saoghal ór na nGearmánach bheith go flúirseach acu! An Fáinneach Fáin.
"Tartarin sur les Alpes." 'Sa chéad uimhir den Bhranar do dhineas iarracht ar M. Tartarin de Tarascon, duine des na daoinibh is taithneamhaí i nua-litríocht na Fraince do chur in aithne do Ghaolaibh. Béidir nárbh éin-díobháil a thuile dá eachtráibh do nochta anso. Nuair fhágamair slán ag Tartarin, bhí sé tar éis fille abhaile ón Aifric, é féin agus a cheamal, agus bhí muintir Tharascon ag cur fáilte roimis mar ba cheart fáilte do chur roim dhuine go raibh na céadta leon marbh aige. Níor ró-fhada sa bhaile dho nuair a thosnuigh cogadh mór na bliana 1870, agus do dhin baile beag Tharascon a chuid féin go cródha agus go misniúil. Anson, nuair a tháinig aimsir na síochána arís, níor leasc leis na Tarasconnaigh iad féin do chimeád i dtreó chun cogaidh an díoltais ná beadh ró-fhada ag teacht, dar leo. Chuige sin do chuireadar cumainn lámhaigh ar bun, cumainn iomrascála, cumainn choisíochta, cumainn reatha ráis, agus a lán cumann nách iad. B'é cumann ba mhó clú agus ba thábhachtaí ortha go leir, ámh, ná an Cumann Dreapadóireachta. An Club Alpin a bhí mar ainm ar an an gcumann son, ag deánamh aithrise ar an Alpine Club úd i Sasana go bhfuil a ainm anáirde ar fuaid an domhain do réir Daudet, de bharr feabhais is cródhachta na ndreapadóirí a bhaineann leis. Ní raibh de dhifríocht idir an dá chumann ach gur 'na dtír féin a dhineadh an Taras- connach a éachta in inead dul 'á lorg i dtíorthaibh iasachta. Agus mura raibh na hAilp le fáil i dTarascon ná raibh na hAilpíní ann, agus ná raibh beanna ortha san a bhí ó 500 go dtí 700 troighthe os cionn na fairrge! Dob' é Tartarin do chuir an Club Alpin ar bun agus, ní nárbh iongna, do b'é Tartarin uachtarán an chumainn. Do bhí an seana-namhaid Costecalde, fear deisithe na n-arm, é siúd fé ndeara do Thartarin turus na hAifrice a thabh- airt, ag obair go nimhneach arís, agus bhí gach baol go gcaillfeadh Tartarin an post onórach san gur chuir sé a oiread suime ann. É do bheith ag dul in aois agus an leisce do bheith ag fáil ghreama air an dá leath-scéal do bhí ag a namhaid 'na choinnibh. Do bhí cáirde Thartarin ar a bhfaire amach, ámhthach, agus níor leigeadh le Costecalde in aisce. Do tugadh rabha don laoch in am tráth agus, tar éis do a mhachtnamh a dhéanamh, do samhluíodh do nárbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná imeacht leis agus brat an Chlub Alpin do chur i mbarr Mt. Blanc, nó, béidir, an Jungfrau. Ní baol go leanfadh Costecalde dá shompla anson! Do thosnuigh so láithreach ar é féin d'ollmhú i gcóir na hoibre. Do chuir sé fios ar na céadtaibh leabhar ag cur síos ar dhreapadóireacht na nAlp. Do chuir sé fios ar gach saghas gléas dreapadóireachta gur léigh sé trácht ortha 'sna leabhraibh. Do théigheadh sé ag siubhal ar a dhícheal tímpeall
an bhaile bhig, agus tímpeall arís, go dtí gur cheap a cháirde go raibh a mhea- bhair-chinn ag imeacht. Do bhí saghas báisín uisce sa gháirdin aige, go raibh bric ruadha ag snámh ann agus do bhí imeall an bháisín sin cúpla órlach níos aoirde ná an talamh 'na aice. Do chaitheadh Tartarin tamall maith den lá ag siubhal ar an imeall son - agus ní gan tuitim isteach san uisce uair nó dhó agus scannra do chur ar na bric d'eirigh leis é do dhéanamh gan tuisle do bhaint as féin. Ní raibh lá toghtha Uachtaráin an Chlub Alpin i gcóir na haith-bhliana ro-fhada uaidh, agus mar sin dob' éigean do Thartarin na hullmhucháintí do bhrostú. Tháinig an lá sa deire nuair a bhí gach éinní réidh, agus nuair a bhí Tartarin chun a Tharascon dílis d'fhágaint 'na dhiaidh. Fad ó, nuair a bhí a thriall fé dhéin na hAifrice, agus na leon, do tháinig an domhan mór, domhan Tharascon, ag féachaint air, agus ag fágaint sláin aige. An uair seo, d'imigh sé gan duine ná daonaí chun beannachta do thabhairt do. É féin fé ndear é. I gan fhios do Tharascon, d'imigh sé, agus gan a rún do leigint le héinne ach lena sheana-charaid' Bézuquet, an poticéaraí. Cúpla lá 'na dhiaidh sin gheibhmíd é i mbarr an Rigi-Kulm. Tá sé taréis an chnuic sin do chur de de shiubhal chos - ba scorn leis teacht anuas ar an mbóthar iarainn - agus tá sé chomh clúduithe foluithe sin 'na chuid éadaigh ná fuil le feisgint de ach dual nó dhó dá fhéasóig, agus na spéaclaí móra gorma atá ag cosaint a shúl ar an sneachta. Tá mála mór ar a dhrom chomh maith le tuagh ailpíneach; tá maide dreapadóireachta 'na láimh aige; tá beart téide thairis aniar ar nós bandailiar an ógláigh; agus tá buidéal uisce, crúcai iarainn, agus a lán giúirléidí eile ar crocha óna chrios. Má chuireann deallramh Thartarin iongna ar aoidhibh an Regina Montium, ní lugha ná son an t-iongna a chuireann sé ar Thartarin a leithéid de thig ósta mór áluinn a fheisgint i mbarr an Rigi, tig ósta go bhfuil solus aibhléise ins gach seomra ann, go bhfuil gutháin go flúirseach ann agus go bhfuil uisce te le fáil ann ó cheann ceann na hoidhche, gan trácht ar an ló. Má's mar seo dos na hAlpaibh, ná beadh sé chomh maith fanamhaint imeasc na nAilpíní? Ní fearr ná an tigh ósta féin a thaithneann an lucht óstuíochta le Tartarin - an staraí mór, Astier-Réhu de l'Académie, an Baron de Stolz, sean-Almánach, Lord Chipendale, ball den Jockey Club agus a ghair-inghean, an t-amhránaí Iodalach ná fuil focal Fraincise 'na phluic ist-oidhche agus a labhrann í cosúil le Francach maidean lá'r na mhárach, agus a leithéidí. Teipeann air caint do bhaint as éinne aca i rith an dínnéir agus cad is fiú biadh gan comhrádh? Ach eirigheann leis níos déanaí iad go léir do chur ag rinnce idir óg is aosta, lucht aimsire is aoidhibh.
Oidhche amháin do chaith Tartarin ar an Rigi, ach níorbh oidhche gan eachtra í. Is fiú a léigheamh conus d'fhógair sé teine don tig ósta nuair a chuala sé an clog mór a ghlaodhann ar chách teacht amach ag feáchaint ar éirghe na gréine, conus do chuir sé aithne ar an Rúiseach áluinn óg, conus fuair sé an rabha diamhair ar crocha as a scathán ar maidin ag bagairt bháis is díoltais air mura n-eirigheadh sé as an dtóir a bhí aige 'á déanamh - rabha nár thuig sé féin, ní nárbh' iongna. Sar ar fhág Tartarin an Regina Montium, do chuir sé tuairisc treoruí mhaith, agus dubharthas leis go raibh a leithéid le fáil ach dul go dtí Séipéal Liam Tell 'á lorg, rud do dhin ár gcara go lán-toilteannach mar do bhí Tell ar an laochaibh ba mhó a thaithn leis riamh. Ní deacair a thuisgint, mar sin, cadé mar déistin a bhí air nuair cuireadh in úíl do, i Séipéal Liam Tell féin, ná raibh a leithéid ann riamh! Is ar éigin ná baintear an ghruaim de, ámh, nuair castar air a sheana- chara ó Tharascon, Bompard, fear go raibh a oiread son clú air chunn bréag d'innsint ná glaodhtaí air i tTarascon féin ach "An Bréagaí." Tá an-áthas ar an mbeirt chara Tharasconnach a chéile d'fheisgint chomh fada ó bhaile, agus is mór an chaint is an comhrá a dhinid le chéile. Nochtann Tartarin do Bhompard fios fátha a thriaill ar an Eilbhéis, agus innseann Bompard dá charaid na rudaí iongantacha mar gheall ar an dtír 'na bhfuil sé. Cuideachta mhór atá 'á stiúrú, adeir sé, agus tá sé féin 'na sheirbhíseach don Chuideach- tain fé láthair. Ní choisceann son é, ámhthach, ar rúin na Cuideachtan do leigint lena sheana-charaid. Níl ins an Eilbhéis ar fad ach bréig-riocht, adeir sé, na sléibhte móra bána, na mara reoidhte, na casáin chumhanga chon- tabharthacha, ní raibh ionnta go léir ach bréaga chun daoine do mhealla fé dhéin na hEilbhéise. "Ach na scoilteacha, a chara, na scoilteacha uathbhásacha úd! Má thuiteann duine i gceann acu súd!" "Tuiteann sé ar an sneachta, a M. Tartarin, agus ní gortuightear é. Bíonn buachaill ullamh thíos i gcomhnui chun é do thógaint, chun é do ghlana, chun an tsneachta do bhaint de, chun a fhiafraí dhe go dea-bhéasach "Bhfuil éan-mhálaí agat, a dhuine uasail?" Is ar éigin atá éanchuid d'obair na Cuideachtan chomh costasach le cothú na scoilteach céadna." Cuireann Tartarin ceist chuige mar gheall ar mhatalong an Wetterhorn an bhliain roimis sin, ach tá míniú ullamh aige: "Ní mór a leithéid do thuitim amach chun na ndaoine do mhealla anso. Ní thiocfadh na Sasanaígh fé dhéin chnuic nár marbhadh duine no dhó air. Do bhí clú Wetterhorn ag meathlú le tamall. Tá an teacht-isteach ibhfad níos fearr ó thárla an matalong."
"Ach an bheirt threóruithe?" "Táid siad-san chomh slán is bhíodar riamh. Níor ghádh ach iad do chimeád i bhfolach i dtír iasachta ar feadh leath-bhliana. Do bhí sé costasach go maith ach tá an Chuideachta saibhir." Is mór an difríocht, ár ndó, idir an scéal atá 'á innsint ag Bompard, agus a bhfuil léighte ag Tartarin mar gheall ar an Eilbhéis, ach tá sé siúd ana- dheimhnitheach dá scéal agus bféidir go bhfuil dearmhad ortha-san, - nó béidir, fós, go bhfuilid ag obair don Chuideachtain féin! Ar éanchuma, géilleann sé dá charaid sa deire agus is éadtrom-chroidheach imigheann sé fé dhéin an Jungfrau, mar is i mbarr an chnuic áird sin atá ceaptha aige brat an Chlub do chur. Ar an slí ann do castar air an cailín óg Rúiseach úd a chonnaic sé ar an Rigi agus, fóiríor géar! imigheann a dhualgas agus cúram a chlú is a chaile as a cheann ar fad. Nihilist iseadh an cailín, tá tíoránach marbh aice cheana féin ach is cuma le Tartarin. Is ar éigin ná fuil sé féin ar tí buille fuilteach do bhuala ar son na Rúise, nuair shábhálann a chara Bézuquet é. Is amhlaidh do scríobh Tartarin chuige siúd ó bhun an Jungfrau, agus ón méid adubhairt sé 'sa litir, agus ón aithne atá aige an Uachtarán, tuigeann Bézuquet conus mar atá an scéal. Mar sin, nuair adeireann an namhaid, Costecalde, go bhfuil a n-Uachtarán taréis iad do thréigint, deireann Bézuquet gur bréag é, go bhfuil litir aige féín ó Thartarin, go bhfuil sé ag bun an Jungfrau agus go bhfuil sé ag fanúint ann le brat an Chlub chun é do thabhairt go dtí an mullach. Is mór an gleó atá sa Chlub anson, agus socruightear ar thriúr desna ballaibh do chur fé dhéin Thartarin leis an mbrat. Nuair a chíonn sé siúd iad tuígeann sé an tseift do cheap a chara chun é do tharrac as an leisce 'na raibh sé sáidhte. Cuireann sé fáilte chroidhiúil rómpa - nach ó Tharascon dóibh? - agus imigheann sé féin agus an triúr fé dhéin an chnuic. Ní hamh- laidh atá éan-chuimhneamh acu-san ar an gcnoc féin do chur díobh, ach táid chun fanúint 'na theannta chomh fada agus is féidir gan baol. Maidir le Tartarin, tá caint Bhompard ag tabhairt mhisnigh do, agus cuireann sé an cnoc de i slí a chuireann iongna ar an mbeirt threoruithe atá 'na theannta. Caitheann sé oidhche i mbothán ar an gcnoc, chíonn sé cnap mór lice oidhre ag tuitim, ní mór ná go gcailltear é féin agus duine des na treoruithibh nuair a bhriseann droichead sneachta fútha, tagann breoiteacht chnuic air, ach sroi- seann sé an mullach agus tá brat an Chlub Alpin curtha i mbarr an Jungfrau! Níl ag Tartarin le déanamh anson ach teacht abhaile i dteannta a charad. Ní hé sin an deire, ámhthach. Ar an slí abhaile dho cloiseann sé go bhfuil socair ag Costecalde Mt. Blanc féin do chur de. Ní shásóídh éan-rud
Tartarin ach an tosach do bheith aige ar a namhaid agus imigheann sé fé dhéin an chnuic. Ar an slí dho castar air Bompard agus ós rud é go bhfuil na scéalta go léir d'innis sé do Thartarin dearmhadta aige, gheibheann Tartarin an fhírinne uaidh an tráth so. Mar sin féin, do chuir turus an Jungfrau a oiread son misnigh ar ár gcaraid go dtugann sé fén gcnoc mór i dteannta Bhompard is daoine eile. Sgarann sé féin is Bompard leis an gcuid eile ar an slí, ámhthach, nuair cuirtear in úil do Tartarin gur contabharthach tabh- airt fé Mt. Blanc agus an aimsir mar atá sí, agus tugaid siad a n-aghaidh anuas. Tá geallúint sholamanta tugtha aca dá chéile ná tréigfid siad a chéile ar an gcnoc, pé rud atá i ndán dóibh, ach fóiríor, nuair thagann an t-am dearmh- adtar an gheallúint. Is amhlaidh a bhí an bheirt ag siubhal ar chasán chumhang lice oidhre nuair shleamhnuigh Tartarin i dtreo go raibh sé ar crocha os cionn duibheagáin ar thaobh den chasán agus Bompard os cionn duibheagáin eile ar an dtaobh eile. Do cheap gach duine aca go raibh an duine eile 'á tharrac leis, agus do ghearr gach duine aca ar an nóimid cheádna an téad do bhí 'á gceangal dá chéile! Do tháinig an bheirt as go maith, - ní rabhadar ró-fhada ó bhun an chnuic nuair do thárla an matalong, ach is ar thaobh na hIodáile a tháinig duine aca anuas, agus ar thaobh na hÉilbhéise an duine eile. Mar sin, ní raibh 'fhios ag éinne aca go raibh an duine eile slán, agus taréis iarracht do dhéanamh ar an gcorp d'fháil d'imigh gach duine aca fé dhéin an bhaile. Dob' Bompard ba thúisge shroich Tarascon, agus do chuir an scéal brónach a bhí le hinnsint aige gruaim is brise-chroidhe ar gach éinne. Do ceapadh lá chun báis Thartarin do chaoine agus é féin do mhola, agus do b'é Bompard a bhí chun an Óráid Mholta a dhéanamh. Dob' é seo an lá díreach a shroich Tartarin an baile. Do shleamhnuigh sé isteach ann fé mar do shleamhnuigh sé amach as, mar do cheap sé gurb'é féin bhí cionntach i mbás Bhompard. Cad é mar áthas a bhí air, mar sin, nuair a chonnaic sé é siúd 'na bheathaidh is 'na shláinte, ag caint leis an sluagh! agus cad é mar fáilte a chuir na daoine roim Thartarin féin - an fear do bhí taréis a mbrat do chur i mbarr na gcnoc dob' aoirde san Eoróip! Máire Ní Chinnéide.
Clog an tSéipéil. (Aistriú ó Fhraincis Jules Lemaitre.) Bhí seana-chlog aifrinn agus seana-shagart pobuil i bparóiste beag Landres. Bhí an clog chomh sgoilte sin go dtugadh sé glór uaidh cosúil le seana-mhnaoi ag casachtaigh nuair a buailtí é. Ghoilleadh sé ar gach éinne bheith ag éisteacht leis, agus chuireadh a fhuaim fhada bhrónach duairceas is doilgheas ar na tréaduithe ag fosuidheacht na mbó isna páirceanna. Bhí an sagart paróiste ámhthach slán fós, cé go raibh cúig déag is trí fichid bliain imithe thar a cheann. Bhí a chroiceann rocach, ach bhí a ghnúis chomh dearg le gnúis leinbh, agus bhí coróin de ghruaig bhán air cosúil le slamairc den olainn a shníomhadh mná abhrais Lande-Fleurie. Agus ní miste rádh go raibh grádh agus cion thar barr ag a phobul air, mar gheall ar chomh carthannach dea-chroidheach is a bhí sé. Fé mar a bhí sé ag druidiúint leis an aimsir na raibh a chaogad bliain mar shagart caithte ag an Abbé Corentin do cheap a phobul tabharthas breá a bhronna air chun an lae do sholamnú. Toghadh triúr d'uachtaránaibh na gcuallacht naomhtha; chuadar ós íseal ó thig go tig ag bailiú airgid, agus nuair a bhí céad coróin bailithe acu thugadar an t-airgead do 'á iarraidh air dul go dtí an baile mór chun clog nua do cheannach i gcóir an tséipéil. "A cháirde" ars an sagart "a cháirde dílse... is é ár dTighearna a chuir nbhur gceann... rud chomh mór son a..." Tháinig saghas tochta 'na ghlór, bhí sé chomh corruithe sin, agus níor fhéad sé a rá ach de ghuth íseal leis féin: Nunc dimittis servum tuum, Domine, secundum verbum tuum in pace. Maidean lá'r na mhárach do ghluais an sagart air, chun an clog nua do cheannach. B'éigean do tímpeall cúig míle slíghe do shiubhal go dtí baile beag Bourg-les-Roses, áit a raibh cóiste le fáil a thabharfadh chomh fada le Pont l'Archevéque, príomh-chathair na cúige, é. Lá breá samhraidh ab eadh é. Ar gach taobh den bhóthar roimis, bhí na crainn ag lúba, bhí na héin ag ceileabhra, agus bhí fuinneamh agus spreaca na beathadh is gach éinní fé lonnra na gréine. Agus bhí an seana-shagart, agus fuaim an chluig nua ag déanamh ceoil 'na chluasaibh, ag cur na slíghe dhe go beodha, fuinniúil agus, dálta Shan Fróinnsias d'Assisi, ag gabháil bhuidheachais le Dia fé áilleacht is fé aoibhneas oibre A lámh. Chonnaic sé, agus é ag déanamh ar Rosy-les-Roses, trucail thuinncéirí ar imeall an bhóthair. Bhí seana-chapall scurtha 'na luighe ar a thaobh in aice na trucaileach, a cheithre cosa sínte uaidh amach, cnámha géara a mhás ag polla a chroicinn chaithte, ceann an-mhór air, fuil ag sile le na shróin agus dreach bán an bháis 'na shúilibh. Bhí sean-fhear agus seana-bhean 'na suidhe
ar thaobh an chlaidhe agus iad ag caoine an chapaill mhairbh. Ní raibh d'éadach ortha ach seana-bhalcaisí stoltha stracaithe, agus iad paisdithe anso is ansúd le preabáin de chadás dhearg. Do sceinn geirrseach tímpeall cúig bliana déag d'aois ón dtaobh eile den chlaidhe chun an tsagairt, 'á rádh: "Tabhair dom déirc, a Athair, más é do thoil é!" Bhí a guth garbh agus binn san am chéadna, agus bhí árdú agus ísliú ann, fé mar a bheadh in amhrán bhog chrónánach. Ní raibh an ghirrseach, go raibh a croiceann ar aon-dath le leathar nua-leasuithe, feistithe níos fearr puinn ná na sean-daoine, ach bhí malla-ruisg mhóra aici agus dhá bhéal ar dhath silíní aibig; bhí a géaga buidhe clúduithe i "dtatúáil" le bháthaibh gorma; agus bhí fúnsa umha ag ceangal a gruaige casta duibhe a sheasaimh amach mór-dtimpeall a caol-ghnúise fé mar a chítear uaireannta i bpictiúiribh de mhnáibh na hÉigipte. Do stad an sagart dá shiubhal, agus tharraig sé amach as a sparán pinginn. Ach ag féachaint isteach do i súilibh an leinbh, do chrom sé ar í do cheistiú. "Tá mo dhritháir sa phríosún," ar sise. "Is amlaidh a cuireadh 'na leith gur ghoid sé cearc. Chothuigheadh sé sinn go léir, agus greim níl ithte againn le dhá lá anois." Chuir an sagart an phinginn thar nais 'na phóca agus tharraig sé amach scilling. "Tá's agam féin conus cleasuíocht a dhéanamh," ar sise, "agus bean feasa iseadh mo mháthair. Ach ní leigtear isteach sinn isna bailtibh, beag ná mór, chun ar gcéird a dhéanamh toisc go bhfuilimíd ró-bhocht. Agus anois tá ar sean-chapall marbh orainn! Cad a dhéanfaimíd in éan-chor?" "Ná féadfadh sibh," arsa sagart, "dul ag lorg oibre fé'n ndúthaigh?" "Bíonn scannra ar na daoinibh romhainn, agus caitheann siad clocha linn. Agus rud eile, níl taithí againn ar an ngnáth-obair. Níl d'eolas againn ach ar an gcleasuíocht." Dá mbeadh capall eile againn agus roinnt bheag airgid chun balcaisí do cheannach dúinn féin, d'fhéadfaimís ár slighe bheatha a bhaint amach le nár gcéird. Ach anois níl i ndán dúinn ach an bás!" Chuir an sagart an scilling thar nais 'na sparán. "Bhfuil grádh agat do Dhia?" d'fhiafruigh sé dhí. "Bheadh, dá dtabharfadh Sé cabhair dom," ar sise. Mhothuigh an sagart taobh istig dá chrios truime an mhála na raibh an céad coróin a bhronn a phobul air. Bhí an cailín óg ag cur na súl tríd, agus an dá shúil mhóra ar dian leatha aici le sainnt.
Cheistigh sé arís í: "An cailín maith thu?" "Cailín maith?" ar sise, agus iongna uirthe, mar níor thuig sí brígh a chuid cainnte. "Abair - A Thighearna Dia, grádhaim Tu -" Níor fhreagair an ghirrseach focal, ach tháinig na deóra óna súilibh solus- mhara. Sgaoil an sagart cnaipí a chasóige agus thóg sé amach an mála mór lán d'airgead. Sgiob an cailín beag an mála uaidh le luas moncaí 'á rádh; "A Athair, grádhaim tusa ach go háirithe, mar tá tú go maith." Agus sceinn sí léi i dtreo na seana-lánamhna a bhí cromtha fós os cionn an chapaill mhairbh. Lean an sagart ar a bhóthar chun Rosy-les-Roses. Bhí sé ag smaoineamh ar leonú Dé, agus ar an mbochtanas agus ar an anró na gcimeádann Sé cuid mhaith desna daoinibh a chruthaigh Sé. Bhí sé ag guidhe Chuige solus do scaipe i gcroidhe an phágánaigh bhig, mar ba léir ná raibh aon eolas aici ar an gcreideamh, agus is baoghal nár baisteadh riamh í. Ach de gheit chuimhnigh sé nárbh fhiú anois dul go Pont-l'Archeveque, de bhrígh ná raibh airgead an chluig aige. Agus d'fhill sé air abhaile. Is ar éigin d'fhéad sé a thuiscint cad na thaobh gur thug sé do stróinséir ad iarraidh déirce, do leanbh geócach mar adéarfá, an méid sin airgid - airgead nár leis féin. Do ghéaruigh sé ar a choisíocht le súil is go bhfeicfeadh sé arís an ghirrseach. Ach faic ní raibh le feiscint ar an mbóthar ach an capall marbh agus an cárr scurtha! Bhí sé ag machtnamh ar an rud a bhí déanta aige. Gan amhras bhí peaca mór trom déanta aige. Chuir a phobul muiníghin ann agus do chaill sé ortha; bhí rud a bhí curtha 'na chúram caithte aige; bhí saghas gaduíochta déanta aige. Tháinig scannra air nuair a chuimhnigh sé ar dhroch-iarsmaí a pheaca. Conus d'fhéadfadh sé é cheilt? Conus cúiteamh a dhéanamh ann lena phobul? Cá mbeadh céad coróin eile le fáil? Agus cad a thabhar- fadh sé mar fhreagra ar na daoinibh a bheadh 'á cheistiú 'na thaobh? Conus a raibh déanta aige a mhíniú dhóibh? Bhí an spéir ag dorchú. Bhí dath rinn-ghlas ar na crannaibh ag bun na spéire: tháinig múr báistighe: bhí an sagart ag smaoineamh air chomh dubh, duairc, doílbh is atá an domhan! Níor fhéad sé sleamhnú isteach i dtig an tsagairt i gan fhíos d'éinne. "Cad a thug thar nais chomh luath soin tu?" arsa a chailín aimsire, seana- Scholastica. "Nár chuais go dtí Pont l'Archeveque?" D'innis an sagart bréag! "Bhíos déanach ón gcóiste. Is cuma san, raghad ann lá éigin eile. Ach féach! Ná habair le héinne go bhfuilim thar
nais." Níor léigh sé Aifrionn maidean lár na mhárach; d'fhan sé 'na sheomra, agus bhí eagla air fiú spaisteóireacht bheag a dhéanamh 'sa chlós. Ach an lá 'na dhiaidh sin tánathas fé na dhéin chun an ola dhéanach a chur ar dhuine bhreoite i mbaile beag Chlos-Moussu. "Níl sé tagaithe thar nais fós," arsa Scholastica. "Tá dearmhad ort. Táim anso," ar seisean. Ag fille dhó ó Chlos-Moussu casadh air sean-fhear cráibhthach dá phobul. "Fáilte abhaile romhat, a Athair," ar sé, "raibh turus maith agat?" D'innis sé an tarna bréag! "Ana-mhaith ar fad, a chara." "Agus an clog nua?" Mo bhrón! d'innis sé bréag eile. Ón nóimint sin amach, do chuaidh na bréaga d'innis sé thar comhaireamh air. "Tá sé thar barr. Cheapfadh éinne air gur d'airgead a bhí sé déanta. Agus an glór binn atá aige! Níl agat ach do mhéar a chur air agus tosnóidh sé ar bheith ag buala." "Maith an sgéal, a Athair! An fada go bhfeicfimíd anso é?" "Ní fada, a chara. Ach, foighne! Foighne! Ní foláir a ainm baistí agus ainm a athar baisdí a ghearra 'sa mhiotal agus cúpla bhéarsa ón Scrioptúir Naomhtha leis. Tógfaidh sé sin roinnt bheag aimsire." "A Scholastica!" ar seisean, ar bhfille a bhaile dhó, "dá ndíoltí an chathaoir uileann, an clog agus an brat úrláir atá im sheomra, an dóigh leat go bhfaighmís céad coróin ortha?" "Ní bhfaighmís, ná céad sgilling, a Athair," arsa tseana-bhean, "mar i gcead duit-se, níl luach dhá thuistiún de throsgán it thig." "A Scholastica" arsan sgart, "ní íosfad feoil a thuille. Ní oireann sí dhom mar bhiadh." "A Athair dílis," ar sise, "tá sé sin in aghaidh nádúra, agus táim deimhni- theach go bhfuil rud éigin ag cur ar t'aigne. Thosnuigh sé an lá úd a chuais go Pont l'Archeveque. I gcúnntas Dé cad d'imigh ort an lá soin?" Bhí sí leis riamh is choidhche, ar nós na nban, gurbh éígean do sa deire an scéal go léir a nochta dhi. "Mhaise, ní chuirfinn tharat é," ar sise. "Millfidh do chroidhe bhog thu lá éigin fós. Ach cogar! Cuir as do cheann é mar thrioblóid. Tógaim orm féin an scéal do mhíniú do gach éinne go dtí go mbeidh céad coróin eile curtha i leataoibh agat." Agus ansan do chrom Scholastica ar na scéalta a cheapa agus a leatha i dtaobh an chluig nua. Ar dtúis "bhítheas taréis é a bhrise, go bhfóiridh Dia orainn, nuair a bhítheas 'á phacáil, agus b'éigean an miotal d'aithleagha; ansan nuair a bhí an clog aithleachtha cheap an sagart é chur go dtí cathair
na Róimhe i dtreo is go ndéanfadh an Pápa é do chroisreaga, agus aistear an-fhada 'seadh é sin, tá's agat." Leig l'Abbé Corentin di, ach bhí ag méadú ar a bhrón in aghaidh an lae. Ní hamháin go raibh na bréaga d'innis sé féin 'na milleán air, ach na bréaga a bhí inniste ag Scholastica chomh maith, agus mar bharr air sinníor fhéad sé gan cuimhneamh ar an ndroch-úsáid a dhin sé d'airgead a phobuil. Bhí sé cromtha fé ualach a pheaca, agus ndiaidh ar ndiaidh tháinig dath liath- bhán mílítheach ar a aghaidh in inead an dath dearg dea-shláinteach a thais- beán fuinneamh a shean-aoise. Bhí an lá a ceapadh chun solamnú "iubhail" a chaogad bliain agus chun baiste an chluig imithe le fada. Dhin muintir Lande-Fleurie iongna den ró-mhoill. Bhí na ráflaí ag dul amach. Dubhairt an gabha go bhfeacthas l'Abbé i ndroch-chuideachtain in aice Rosy-les-Roses, agus ar seisean- "Creid uaim-se é: tá airgead an chluig caithte aige ar bhaosra." Agus d'eirigh dream beag in aghaidh an tsagairt mhaith. Nuair a bhíodh sé ag siubhal na sráide bhí daoine ann a dhineadh dearmhad d'úmhlú dho agus a hataí a bhaint díobh, agus anois agus arís d'airigheadh sé searbh- fhocal fonóideach uatha. Bhí an sean-fhear cromtha fé bhuairt is fé dhoilgh- ios. Thuig sé anois 'sa cheart an peaca uathbhásach a bhí déanta aige. Ghlac sé aithreachas neamh-iomlán ann, ach níor fhéad sé, is a dhícheall a dhéanamh, aithreachas iomlán do ghlaca. Bhí fhios aige go maith gur dá ainneóin féin a dhin sé an bheart aimeadach san, sgarúint chomh bog san le hairgead nár leis féin, agus ná raibh d'uain aige machtnamh air. Agus rud eile dhe, cárbh fhios nár gurbh í an déirc sin a thug a céad aithne don leanbh siubhail sin ar thrócaire Dé agus gurbh í tosnú an fhoillsithe inmheadh- ónaigh 'na hanam ainbhfiosach í. Agus samhluightí dho go bhfeiceadh sé i gcomhnuí os a chomhair súile dubha brónacha na girrsighe agus na deora ag teacht uatha. Ach mar sin féin bhí buairt a aigne níos mó ná mar a bhí 'na chumas fhulang, agus ís ag dul i méid a bhí sí toisc é' á brú fé. Lá, taréis bheith tamall fada ar a ghlúínibh os comhair na haltóra, do shocruigh sé 'na aigne suaimhneas a thabhaírt dá anam agus a pheaca d'admháil. An Domhnach 'na dhiaidh sin, taréis an tSoisgéil, d'iompuigh sé i leith ón altóir. Bhí deabhramh ana-chorruithe air de'n iarracht a bhí 'á dhéanamh aige, agus le haghaidh chomh bán le haghaidh mhairtírigh i gcircus na Rómhánach do thosnuigh sé: "A bhráithre dílse, a cháirde dílse, a phobul Dé, tá rud mór agam le hadmháil díbh..." Ach do hairigheadh go hobann ón gcluigtheach glór glé glinn ceolmhar
a líon an séipéal ar fad. Thionntuigh gach eínne mór-dtímpeall agus iongna is alltacht ortha, agus ó bhínnse go bínnse ní raibh le cloisint ach an tsiosnar- nach: "An Clog Nua! An Clog Nua!" Ar mhíorbhuil ó Dhia é? Ar chuir Dia anuas an clog ó neamh trí thimthireacht a aingeal i dtreo is ná tabharfaí masla is easonóir dá shear- bhfhoghantuí dhílis? Nó an amhlaidh d'innis Scholastica an trioblóid mhór a bhí ar a seana-mháighistir don bheirt bhan uasal ó Amerioca go raibh caisleán ceannuithe acu tímpeall seacht míle ó Lande-Fleurie, agus gur shocruigh na mná uaisle ar an dtabharthas gleoite sin do bhronna air i gan fhios do? Ní fheadar-sa. Do réir mo thuairme-se, ámh, ní deabhrataí míniú acu ná an míniú eile. Ach go háirithe ní bhfuair muintir Lande-Fleurie amach riamh cad a bhí ag an seana-shagart le hadmháil dóibh, Máire Ní Bhroin.
Cúige na hÉireann. Is eadh do chuirsead 'na gceann - Ceithre ollchóigidh Eireann - Clár foidshean gealabhlach glan, Cóigeadh ealadhnach Uladh. 'Sé sin le rádh: Do mheasadar (filí na hÉireann) an clár solusmhar, sean- fhódach san na n-abhall ngeal, i.e., Cúige ealadhantach Uladh, bheith cothrom go leor don chuid eíle d'Éírinn ar fad. Tadhg óg Ó Huigín, file blasta, géarchúiseach do mhair sa chéad leath den chúigiú aois déag, do chum an rann san. Ag tagairt a bhí sé don roinnt a bhí ar Éirinn fadó, sarar dhin Conn Céad-chathach agus Eoghan Mór a roinnt féín ar an dtír sa tarna haois do réir an tseanchuis. Roinnt ab eadh an chéad roinnt sin do chuir Éire ar thaobh agus Cúige Uladh ar an dtaobh eile. Éinne go bhfuil Táin Bó Cuailnge léighte aige, 'na sheana-sgéal nú sa chrot nua do chuir an t-Athair Peadar air, ní fuláir nú tá sé tughtha fé ndear aige go ndeallruíghean sé na hUltacha bheith deíghilte amach ón gcuid eile de mhuintir an oileáín san am san. Aimsir na gCóigeadhach a tugtí ísna seana-starthaibh ar an aimsir a tíomáineadh an Táin. 'Sé sin le rádh an aimsir a bhí Éire 'na cúig rannaibh agus rí fé leith ar gach roinn acu. Dob iad na ranna san Cúíge Uladh, Cúige Ól n-Éagmacht ar a dtugtar Cúige Connacht anois, agus trí cúigí eíle do bhí idir na Muimhnigh agus na Laíghnigh. Níl aon dabht ná gurbh é Cúige Uladh an t-aon chúige amháin acu ab fhéídir a chur in aghaidh na gceithre cúigí eile, mar a chuireann Tadhg óg i gcuimhne dhúinn, agus is mar sin, leis, do cuireadh coga na Tána - fir na hÉireann ar thaobh agus fir Uladh ar an dtaobh eíle. Bhí claídhe daingean ag deigheilt Chúige Uladh ó Chúige Connacht agus ósna Laighneachaibh an uair sin. Cloidhe na Muice Duibhe a tugtí air agus tá a rian le feisgint fós féín. San aiste do sgríobh sí 'na thaobh deir Mairghréad Dobs nách féidir dúinn tríall sluaighte na Tána a thuisgint i gceart gan cuimh- neamh ar an gclaidhe sin a bhí idir iad agus críoch na n-Ulltach ar feadh an chuid is mó d'imeall na críche. Tá fiadhnuise go leor againn ar Chúige Uladh bheith 'na thír - ní headh, ach 'na náisiún fé leith san am san. Sa Táin féin, i bhfo-sgéaltaibh nú réamh-sgéaltaibh na Tána, agus 'na lán sgríbhinní a bhainean leis an aimsir sin ní beag An Cúige mar ainm ar chrích na n-Ulltach, nú, mar adeirtí go minic isna seana-sgríbhinní Cóigead na hErenn (Cúige na hÉireann). Is dócha go bhfuil brígh áirithe le baint as an bhfocal cúige anso.
Is féidir go gcialluighean sé an cúigiú rann a bheith curtha i leataoibh i gcóir fine éigin agus go dtugadh an fine sin "Cúige na hÉireann" air, ach caithfar réiteach na ceiste sin d'fhágaint fé sgoláire mhór éigin mar Eoin Mac Néill, ós é ab fhearr chuige. Maidir le coga na Tána níl a chríoch le léigheamh againn, ach is dócha gur bhuadar na hUlltacha ar an gcuid eile d'Éirinn sa deire. Mara mbeadh gur bhuaidh ní dócha go dtráchtfaí ar an gcreach mhór a dineadh ar na hÉíreanachaibh, mar is ag muintir Chúige Uladh féin a bhí innsint sgéil na Tána. Fine Ulltach, leis, is dóichí bhí i mbun innsint staire na hÉireann ó aimsir na gCóigeadhach anuas, mar do réir gach deallraimh do fuair Ulltacha, nú dream éigin a shíolruigh ó Ulltachaibh, neart ar an gcuid ba mhó d'Éirinn ar deire. Ulltacha ab eadh na daoine ba mhó clú in ann alaibh na tíre, leis, mar atá Colum Cille, cara na bhfilí; Muircheartach mac Néill agus Niall Glúndubh, fíor-naimhde na nDanar; Seán ó Néill, Aodh Ruadh, Aodh Iarla agus Eoghan Ruadh. Bhí Cúige Uladh 'na náisiún fé leith ar feadh na gcéadta blian sara dtáinig na Sasanaigh in aon chor. Bhí sé 'na náisiún fé leith in aimsir na Tána, agus in aimsir na Normanach chomh maith, mar nuair a ghéill an chuid eile d'Éirinn do Bhrianní ghéillfeadh na maithe dob uaisle agus ba neartmhaire desna hUlltachaibh do. Dáma áil leo géilleadh b'fhéidir gurbh fhearrde cúrsaí na tíre 'na dhiaidh sin é. Ach nuair a bhuaidh na hUlltacha ar na hÉireanachaibh do dhin fíor-Éireanaigh díobh féin agus dob é leas na hÉireann leas na n-Ulltach feasta agus, cé gurbh fhearr leo an lámh uachtair ag an Láimh Dheirg, níor mhian leo in aon chor críoch na n-Ulltach agus Ulltaigh féin a bheith gearrtha amach ón gcuid eile d'Éirinn. Do shuidhdís i dTeamh- air na Ríogh agus tugtí Éireanaigh ortha, agus nuair a bhris na Normanaigh agus na Sasanaigh dlightheachas agus síbhialtacht na hÉireann dob iad clanna an tuaisgirt a sheasaimh an fód ar feadh na gcéadta blian nuair a chuir na clanna eile go léir, beagnách, suas den choga. Agus marar éirigh leo an namhaid a chur ón oileán ar fad, d'eirigh leo é chimeád amach ó chríochaibh an tuaisgirt go dtí an séamhadh haois déag, go háirithe, nuair a díbreadh na huaisle Ulltacha go léir as an dtír agus tugadh fineadhacha barbardha isteach 'na n-inead. Sin mar a réitigheadh Ceist Ulltach na haimsire sin. Níor réiteach gan droch-iarsma é, mar is eol don tsaoghal. Dubh Easa.
Coga na Naomh (Sgéal on Iodail). De phreib, agus San Rocca ag imeacht leis ar a shlí go deas macánta féna bhrat, agus na gadhair ar éill 'na dhiaig aniar, agus mór-chuid coinnle lasta 'na thímpal agus ceol, agus an mór-shiúl agus a lucht adhraithe, de phreib d'eirig an liútar-eutar - an dial de liútar-eutar. Do rith na sagairt agus a gcasóga san aer, do bhuail na ceoltóirí 'na dtímpal lena n-úírlisí ceoil, do sgréach na mná, do ghluais an fhuil 'na srothaí agus do tháinig na buillí anuas 'na gceathana mar a bheadh ubhla lobhtha, agus é seo go léir fé shróin Shan Rocco bheannaithe féin. Do tháinig an giúistís go deabhafarach agus an chomhairle agus na carabineiri; do bailíodh na cnámha bríste agus do tugadh chun an óisbidéil iad; d'imig an chuid ab fhiadhaine do lucht an ghleóig chun an oidche a chur thársa sa phríosún; d'fhill an Naomh chun an tsáipéil agus rith fé in inead an siúl solomanta is ceart í mór-shiúl, agus do cuireadh deire leis an bhféasta mar a cuirtar le drámaí grinn Phulcinello. Formad mhuintir cheathrún Shan Pasquale fé ndear é go léir. An bhliain sin do chaith móidíní Shan Rocco a bpingin dheirineach d'fhonn an teasbána a dhéanamh ar chuma usual. Do tugadh an lucht ceoil ón mbaile mór, do caitheadh breis is dhá mhíle pléasgán, agus do soláthruíodh brat nua, fiú amháin, go raibh órnáidí óir air agus breis is céad truime ann adeirtar, agus gur dhó le duine gur "chubhar óir" é nuair a hárduíodh os cionn an tsluaigh é. Ní fhéadfadh an méid sin gan dul i mbeo ar mhuintir Shan Pasquale gan amhras, agus do chuaidh chomh mór san gur bhris ar an bhfoighne ag duine acu sa deire, agus gur thosnuig ar bheith ag béicig agus dath an bháis ar a cheannaithe, "Suas le San Pasquale!" Do thosnuig na buillí ansan. Mar, dul agus "Suas le San Pasquale" a rá suas leis an mbéal ag San Rocco féin, níorbh éinní eile ach maisle é - mar a chaithfeadh duine seile ar do thig, nú bheith ag gabháil de mhiotóga ar an mnaoi a bheadh ar uilinn agat. 'Na leithéid de chás níl eagla roim Dhia ná roim dhuine agat, agus pé meas a bhí agat ar na naoimh eile caithfir féd chosa é, mar, t'réis an tsael, tá gaol éigin acu go léir lena chéile. Má's sa tsáipeul a bheir, imeóidh na suidheacháin san aer; má's i mór-shiúl é, tiocfaidh na tóirsí anuas 'na mblodhtacha ar chuma sgiathán leathair; agus má's suidhte chun búird a bheir, cuirfar cith cupaí lastuas díot. "Deich míle dial!" do sgread Máistir Nino agus é brúite basgaithe, "feicim cé leomhfaidh "Suas le San Pasquale" a rá arís!" "Déanfad-sa é!" arsa Turi an súdaire agus strán buile air. Bhí a dhriofúr chun Nino a phósa ach bhí an fear bocht leath as a mheabhair ag
buille a fuair sé sa ghiúrla-má-ghiúng a bhain radharc na súl de nách mór. ""Suas le San Pasquale" go bás!" "Ar son Dé! ar son Dé!" arsa a dhriofúr Saridda 'á caitheamh féin idir a driotháir agus a grá bán - bhíodar i dtiúr t'réis a bheith ag siúl le cois a chéile go síoch-ghrách go dtí an nóimint sin. Do lean Nino, a fear geallta, do bheith ag maga fé, 'á rá in árd a ghotha, "Suas lem bróga - suas le San Stivale!" "Seadh!" arsa Turi, cubhrán bán lena bhéal agus a shúil ataithe agus chomh gorm le máilín an ghuirm. "Bíodh san agat do Shan Rocco, tu féin agus do bhróga! bíodh san agat adeirim!" Agus siúd chun a chéile iad le buillí a leagfadh tarbh nú gur chuir a gcáirde óna chéile iad le neart bheith ag gabháil de dhóirne agus de chosa ortha. Do chuaidh Saridda féín chun teasuíochta agus do liúigh sí, "Suas le San Pas- quale!" chomh maith, sa tslí is gur dhóbair di teacht chun buillí lena grá bán, díreach mar a bheidís pósta cheana féin. Ar ócáidí mar seo déanfaidh aithreacha agus máithreacha agus a gclann, déanfa siad gruaig a chéile a statha agus sgarfaidh fir agus mná pósta óna chéile má bhíon sé 'on donas ar éinne ó cheathrúin Shan Pasquale bheith pósta isteach i gceathrúin Shan Rocco. "Ní chloisfead focal eile mar gheall ar an mbligeárd," arsa Saridda in árd a gotha, agus a dhá láimh ar a dhá cromán aice, nuair d'fhiafruig na comharsain di conus a briseadh an cleamhnas, "ní chloisfead, ná dá dtabhar- faidís chugham é agus ór agus airgead ar sile leis, an gcloisean sibh me!" "Feádfaidh snas liath teacht ar Sharidda maidir liom-sa dhi!" arsa Máistir Nino agus iad ag glana na fola dá aghaidh istig sa tábhairne, "Sgata bacach agus bligeárdaithe díomhaoine atá sa cheathrúin sin na súdairí. Ar meisge a bhíos ní fuláir nuair a thaidhríos ar dhul ag lorg mná ann." "Ós amhlaidh atá an sgéal," arsan giúistís, "nách féidir naomh a thabh- airt tríd an bplás gan buillí agus aithis phuiblí, ní cheadód-sa a thuille féastaí ná "dathad uair a chluig," agus má dhinean siad oiread agus an choinneal is lú a thabhairt amach ropfad isteach 'on phríosún iad uile go léir!" Níorbh aon chúrsaí magaidh é go deimhin, mar bhí easbog an deóisis t'réis cead a thabhairt do shagairt Shan Pasquale cochaill a chaitheamh. Muintir Shan Rocco ansan ná caitheadh a sagairt aon chochaill, d'imíodar leo 'on Róimh ag déanamh achuinghe ag cosa an Athar Naomhtha féin, Tá imirt anso ar na focail Pasquale agus stivale (bróg).
páipéirí dlí fé chéir agus fé shéala acu is uile. Ach bhí fuar acu, mar bhí a lucht formaid sa bhaile íochtarach gur cuimhin le daoine iad a bheith ag imeacht gan fiú na mbróg ar a gcosa, bhíodar anois chomh saibhir le muca ó tharaigíodar an obair nua so seithí a leasú chútha féin; agus tá's againn go léir go ndintar an ceart a dhíol is a cheannach sa tsaol so ar chuma anam Iúdáis. Bhí súil le fear-inid an easbuig a theacht go paróiste Shan Pasquale. Fear ciallmhar ab eadh é a chaitheadh dhá bhúcla airgid ar a bhróga agus leath-phúnt truime is gach búcla acu, mar do conacathas iad; agus bhí sé ag teacht leis na cochaill. Dá bhrí sín do bhí fios curtha ar an lucht ceoil chun dul 'na choinne trí mhíle ar an dtaobh amuich dhon sráid, agus bhí sé ráite, leis, go mbeadh teine-oibreacha sa phlás an tráthnóna céadna agus "Suas le San Pasquale" i leitreacha móra. Bhí muintir an bhaile uachtaraig geal- adhramach go maith, mar sin, agus d'imig an chuid ba theasaí acu ag baint shlat, chomh fada le cuaillí, 'á rá leo féin: "Má tá ceol le bheith againn ní mór dúinn am a bhuala leis!" Bhí seans maith go mbeadh cnámha briste ag fear-inid an easbuig as a as a theacht-isteach caithréimeach. Ach bhí a Onóir glic. D'fhág sé an lucht ceoil ag feitheamh leis ar an dtaobh amuich don tsráíd agus do tháinig sé féin an comhgar, 'na chois, go tig an bhiocáire mar ar chuir sé fios chuige ar thaoisig an dá pháirtí. Nuair a thánadar-san agus fuaireadar iad féin ar aon láthaír, t'réis iad a bheith chomh fada i sgeólbhaig a chéile, do chromadar ar bheith ag tabhairt catsúil ar a chéile agus fonn mór ortha na súile céadna san a straca as cheann a chéíle. Ní mór ná gur chuaidh den bhfear-inid a údarás a chur i bhfeidhm le linn an deoch a ríar ar an gcuileachtain, cé go raibh a chlóca nua éadaig aige 'á chaitheamh chun na hócáide. "Siné é!" arsan giúistís agus a chaincín sáite i ngloine aige, "aon uair a bheidh gá liom mar mhaithe le síocháin an bhaile beidh mé le fáil gan teip." Dubhairt an fear-inid ansan gur cúrsaí síochána a thug ann é féin, gur tháiníg sé agus brainse 'na bhéal aige ar nós coluim Nóa, agus do ghluais sé 'na measg le dúthracht mhór ag mion-gháirí agus ag crotha lámha leo 'á rá: "Ba mhór an onóir liom a dhaoine uaisle, sibh go léir a theacht ag ól chocolate im theanta lá an fhéasta." "Leig don bhféasta" arsan fo-ghiúistis "nú mara leighfir tíocfaidh buairt as." "Tiocfaidh buairt as má sgaoiltar leis an dtíorántuíocht so nuair ná féadan duine aoibhneas a dhéanamh do féín agus a chuid airgid a chaitheamh mar is áil leis!" arsa Bruno an rothadóír.
"Eirghim as. Tá órdú an Ghobhairmint go cruinn baileach. Má bhíon an féasta agaibh cuirfead-sa fios ar na carabinieri. Beidh síocháin agam ar éin-tslí." "Mise atá freagarthach leis an síocháin phuiblí!" arsan giúistis ag buala ar an úrlár lena phearasól agus ag féachaint go huaibhreach tímpal an tseomra. "Mo dhá ghraidhn tu! i leith is ná fuil fhios ag an saol gurab é Bruno, driotháir do chéile, an fear a "shéidean na builg" duit sa Chomhairle!" arsan fo-ghiúistís. "Seadh! agus tán tusa 'nár gcoinne mar go bhfuil olc ort mar gheall ar na ndlí sin i dtaobh éadaí a chur amach ag triomú!" "A dhaoine uaisle, a dhaoine uaisle!" arsan fear-inid go plámásach, "ní dhéanfam éinní ar an gcuma so!" "Déanfaimíd rebholúision, sin é dhéanfam!" arsa Bruna le búirth agus é ag crotha a ghéag. Ar ámharaí an domhain bhí na cupaí agus na gloiní curtha as an slí ag an bhiocáire, agus d'imig an cléireach ar séirse chun an lucht ceoíl a chur abhaile, mar bhí cloiste acu mar gheall ar an bhfear-inid a theacht agus bhíodar ag brostú aníos chun fáiltiú roimís, ag séide isteach isna hadharca agus isna trúmpaí ar a ndítheal. "Ní déanfar faic mar seo!" arsan fear-inid leis féin. Bhí fearg air, leis, nuair a chuimhnigh sé go raibh na barraí aibíg ansúd thall 'na áit féín, agus é ag cailliúint a chuid aimsire anso ag plé le Bruno agus leis an bhfo- ghiúístis a dh'íosfadh a chéile le gráinne salainn. "Cadé an sgéal é seo i dtaobh éadaí a chur amach ag triomú?" "Ó, an tseana-thiarnúlacht! Ní fhéadan duine ciarsúir póca a leatha amach sa bhfinneóig anois gan fíneáil a chur air láithreach. Do dhineadh bean an fho-ghiúistís, toisg a fear a bheith in oifig - mar go dtí so tugtí uraim éigin do lucht oifige - do dhineadh sí nigheach an na seachtaine a chur amach ar ráil an tighe tá's agat. Ach anois, ó tháinig an dlí nua so, peaca marathach seadh an méid sin. Agus fiú na gcat is na madraí, agus ainmhithe eile - i gcead duit-se - a dhineadh na sráideana a ghlana go dtí so, tá siad coisgthe. Go dtuga Dia ná beam go léir múchta ag an salachar ach go dtiocfaidh an bháisteach! Ach isí fírinne an sgéil go bhfuil olc ag Bruno chun an fho- ghiúístís i dtaobh breith a thabhairt 'na choinne." D'fhanadh an fear-inid greamaithe istig sa bhosga faoisdine, mar a bheadh ceann cait, ó mhaidín go hoidche agus do thagadh na mná go léir chun faoisdine
a dhéanamh le teachtaire an easbuig a dh'fhéadfadh logha lán a thabhairt is gach aon tsaghas peaca, ar chuma an Tiarna Easbog féin. "A athair," do thosnuig Saridda agus a srón buailte suas le ráil an bhosga, "dinim peaca gach aon Domhnach sa tsáipeul mar gheall ar Nino." "Conus é sin a inghean?" "Is amhla bhí sé chun me phósa, a athair, sara dtáinig an gleo so go léir san áit; agus anois ó tá an cleamhnas briste, téidhean sé agus seasuíon sé in aice na haltórach lena cháirde agus bíon sé ag féachaint orm agus ag gáirí fúm ar feadh an aifrinn bheannaithe ar fad." Agus nuair a mheas sé croidhe Nino a bhoga: "A mhalairt ar fad, a athair, isí a thugan a drom liom nuair a chíon sí me, i leith is gur bacach me," adeireadh an t-ógánach. Ar an dtaobh eile don sgéal, dá rángódh le Saridda bheith ag gabháil tríd an bplás lá Domhnaig, do leigeadh seisean air féin bheith ana-reamhar le sáirsint na bpílears, nú le duine mór éigin eile, agus ní thógadh sé aon cheann di. Bhí Saridda ana-ghnóthach ag déanamh lanntaerí beaga de pháipeur dathuithe, agus do leathadh sí ar lic na finneóige iad, féna shróin, ag leigeant uirthe bheith 'á gcur amach ag triomú. Uair amháin do theanguíodar lena chéile ar baiste. Níor labhradar chun a chéile amhal is gur stróinséirithe iad, agus do chuaidh Saridda chomh fada le suirghe a dhéanamh le athair baistí na bunóice. "Is deas an saghas athair baistí é go deimhin!" arsa Nino go fonóideach, "athair baistí le gearra-chaile! Nuair a thagan cailín ar an saol umhluíon fiú frathacha an tighe dhi!" Agus Saridda, ag leigeant uirthe bheith ag caint le máthair na bunóice, "Is olc an ghaoth ná séidean maitheas do dhuine éigin. Uaireanta nuair ba dhó leat rud luachmhar a bheith caillte agat, is amhla ba cheart duit baochas a thabhairt do Dhia agus do Shan Pasquale; mar sara mbeidh aithne cheart agat ar dhuine ní mór duit seacht dtomhais shalainn a dh'ithe." "Go deimhin, caithfeam bheith sásta leis an saol mar a gheibhmíd é, agus níl éinní chomh caillte le miosgais a dhéanamh i dtaobh nithe nách fiú iad é. Nuair a cailltar Pápa toghtar ceann eile." "Tá cinniúint éigin tímpal leanaí a theacht ar an saol, díreach mar atá tímpal póstuíocha; mar is fearr duine a phósa a bheidh i ngrá leat agus ná beidh ag cuimhneamh ar a shochar féin, ná ar pháirceana, ná ar mhiúileana ná faic, ar a shon ná beadh fáltas mór aige féin."
Bhí droma an challaire 'á bhuala sa phlás. "Deir an giúistís go mbeidh an féasta againn!" do ghluais an cogar imeasg an tsluaigh. "Raghad chun dlí agus comhraiceód amach go deire an domhain é! Is cuma liom má fágtar gan pingin sa tsaol me agus gan ach an léine ar mo dhrom ar chuma Iób naomhtha, ach ní dhíolfad na chúig lire sin d'fhíneáil! ní dhíolfad, má chaithim é dh'fhágaint sgríbhte im uadhacht!" arsan fo- ghiúistis agus do thug sé a leabhar air. "Fuil mhadra! Cad ab áil leo d'fhéasta má táimíd go léir chun bás a dh'fháil don ngorta imbliana?" arsa Nino. Ó Bhealtaine anuas níor thit braon báistí, sa tslí is go raibh na barraí chomh buidhe is chomh tirm le sponnc agus iad ag fáil bháis leis an dtart. Dubhairt Bruno, ámhthach, dá mbéarfaí San Pasquale amach i mór-shiúl go ndéanfadh sé báisteach gan teip. Ach cárbh fhios do-san, rothadóir, cad a bhaín le báistig, ná d'éinne dá pháirtí, súdairí? Do tugadh San Pasquale amach i mór-shiúl, soir agus siar, agus do hárduíodh anáirde é ag féachaint uaidh síos an cnoc chun go mbeannódh sé na guirt. Lá marbh brothalach sa Bhealtaine ab eadh é agus an spéir lán do sgamail - an saghas lae a chuirean an fear tuatha ag statha a ghruaige nuair a fhéachan sé ar na guirt dhóite agus ar na léasacha arbhair ag croma anuas mar is go mbeidís ag fáíl bháis dáiríribh. "Mallacht ort, a Shan Pasquale!" arsa Nino agus é ag imeacht ar straidhn imeasg a bharraí, "níor fhágais agam ach an corrán chun mo sgórnach féin a ghearra!" Bhí caoine agus ologón ar fuaid an bhaile uachtaraig go léir. Ceann desna droch-shaosúir sin gan faoiseamh ab eadh é go dtagan an ghorta tímpl an Mheithimh, agus go seasuíon na mná go díomhaoin agus go mí-shlachtmhar tímpal na ndóirse ag féachaint uatha amach ar an aer. Nuair a chualaidh Saridda go raibh Nino chun sgarúint lena mhiúil ar an marga chun cíos a chuid talmhan a dhíol, mar nár thug an talamh féin éinní isteach chuige, do thráig an fhearg di láithreach agus do chuir sí a driotháir Turi le deabha ag fóirithínt air lena dtaisge bheag airgid féin. Bhí Nino 'na sheasamh i gcúinne an mhargaith ag féachaint go neafuiseach, agus a dhá láimh sáite síos 'na phócaí aige, an fhaid a bhítheas ag díol na miúlach. Bhí an mhiúil gléasta amach go hórnáideach agus adhastar nua uirthe. "Ní theastuíon éinní uam," ar seisean go tormastúil, "beidh neart mo dhá láimh agam le congnamh Dé. Is deas an naomh é San Pasquale sin agaibh, nách deas?"
Do thug Turi a chúl leis sara dtiocfadh bruighean as an sgéal agus d'imig leis. Chun na fírinne, bhí briste ar an bhfoighne ag sna daoine ó tugadh San Pasquale amach i mór-shiúl agus an mhaitheas mhór a tháinig as. Dob é an chuid ba mheasa den sgéal gur áitíodh ar chuid mhaith daoine ó chea- thrúin Shan Rocco páirt a thógaint sa mhór-shiúl, le neart grá do sna barraí, agus bheith 'á mbuala féin mar óinsig agus coróinneacha deilgne acu 'á chai- theamh. Bhíodar ag baint sásta amach anois le heasgainí móra, chomh mór san gurbh éigean don bhfear-inid retraet a dhéanamh, 'na chois agus ceal an lucht ceoil mar a tháinig sé. D'fhonn díoltas a dhéanamh ar an rothadóir, do dhin an fo-ghiúistís telegram 'á rá go raibh na daoine ana-nea-shocair ionnta féin agus gur bhaol don síocháin phuiblí, sa tslí is gur ghluais an ráfla tímpal lá breá go raibh na saighdiúirí tagtha ist oidhche, agus éinne gur mhaith leis iad d'fheisgint ná raibh a bhac air dul ag féachaint ortha 'na gceathrúnacha féin. "Mar gheall ar an ngalar dubh atá siad tagtha," arsa daoine eile ámhthach. "Tá na daoine ag fáil bháis ansúd thíos insa chathair ar chuma na gcuil." Do bhuail an poitigéaraí an glas ar dhoras a shiopa, agus do bhí an dochtúir ar an gcéad duine a rith leis féin, ar eagla a mharaithe. "Ní dhéanfa sé taom mór," arsan méid beag daoine dh'fhan sa tsráid toisg nár fhéadadar teiche amach fén dtuaith, "féachfaidh San Rocco bean- nuithe i ndiaig a shráide féin, agus tabharfam clabhtáil mhaith don gcéad fhear a gheobhfar ag póirseáíl tímpal san oidhche." Do tháinig muintir an bhaile íochtaraig, leis, cos-nochtaithe agus le deabha mór, go dtí sáipeul Shan Rocco. Ach dá ainneoin sin is uile, ní fada gur thosnuig an bás ar bheith ag leaga na ndaoine níos tiugha, mar a bheadh braonacha móra roim stoirm; cé go ndeireadh na daoine gur suthaire ab eadh daoine acu agus go raibh sé cionntach lena bhás féin do dheasgaibh an iomarca péiríní dh'ithe, agus i dtaobh duine eíle gur tháinig sé abhaile ósna guirt t'réís na hoidhche a thitim. An éin-tslí, bhí an galar dubh ann dáiríribh, d'ainneoin na faire bhí 'á dhéanamh agus fé shróin Shan Rocco féin, bíodh is gur taidhríodh do sheana-bhean go raibh ainm na diagathachta uirthe gur labhair San Rocco léi í bpearsain agus go ndubhairt: "Ná bíodh aon eagla agat roimis an ngalar dubh, táim-se ag féachaint 'na dhiaig agus ní hionan mise agus San Pasquale sin gan mhaith." Níor casadh Turi ar Nino ó aimsir na miúlach a dhíol; ach chomh luath Creidtar fós in áiteanna áirithe san Iodáil go dtagan an galar dubh (cholera) as nimh a leathnuíon daoine atá i bpádh an Ghobhairmint tímpal i gan fhíos.
is chualaidh Nino go raibh an bheirt acu breoite do bhrostuigh sé fé dhéin a dtighe agus do fuair Saridda, a haghaidh go léir dubh tairice, sínte sa tseomra bheag shuarach le hais a driothár. Bhí an driotháir san annriocht chéadna, agus é ag statha a ghruaige gan fhios aige cad ba mhaith dho a dhéanamh. "Á, a Shan Rocco a bhithiúnaig!" arsa Nini le cnead, "ní raibh aon choinne agam leis seo! A Sharidda, ná haithníon tú me? Nino - é siúd go mbíodh aithne agat air fadó." D'fhéach Saridda air agus a súile chomh logartha san nár mhór do dhuine lanntaer chun iad d'fheisgint, agus ó shúile Nino féin do thit na deora anuas 'na dhá sroth. "Á, a Shan Rocco!" adeireadh sé, "is measa dhom é seo ná an cleas a dh'imir San Pasquale orm!" Do tháinig Saridda uaidh, ach go háirithe, agus 'na seasamh sa doras di, a ceann ceangailte suas i gciarsúir agus a haghaidh chomh buidhe le céir bheach, deireadh sí leis, "Do dhin San Rocco míorúilt dom, ní mór duit teacht agus coinneal a thabhairt chuige lá a fhéasta." Do chroitheadh Nino a cheann le croidhe lán; ach do thóg an fear bocht féin an aicíd agus bhí sé i mbéal báis. Do sgrabhaig Saridda a haghaidh ansan agus dubhairt go bhfaghadh sí féin bás 'na theanta; go ngearrfadh sí a gruaig di agus go gcuirfeadh isteach 'sa chomhrain leis í mar ná feicfí a hagh- aidh arís an fhaid a mhairfeadh sí. "Ní headh, ní headh!" adeireadh Nino agus sgaimh ar a aghaidh, "fásfaidh an ghruaig arís ach ní bhead-sa ann chun tu fheisgint mar beidh me marbh!" "Ba dheas an mhíorúilt a dhin San Rocco dhuit!" adeireadh Turi leis mar shólás mar dheadh. Agus ar ball, nuair a bhíodar ag teacht chútha féin, do sheasuídís cois an fhalla 'á ngriana féin, agus aghaidh fhada lom ortha, agus do chasaidís San Rocco agus San Pasquale sa tsúil ar a chéile gan stad. Do ghaibh Bruno an rothadóir thar bráid lá, mar bhí sé taghtha thar nais ón dtuaith anois ó bhí deire leis an ngalar dubh, agus ar seisean: "Ba mhaith linn féasta mór a bheith againn chun baochas a ghabháil le San Pasquale i dtaobh sinn a thabhairt slán ón ngalar dubh. Ní bheidh aon chur 'nár gcoinne anois, ná imreas, ó cailleadh an fo-ghiúistís sin. Tá an t-imreas fágtha aige 'na dhiaig, 'na uadhacht fiú amháin." "Seadh, féasta do sna daoine atá caillte!" arsa Nino le dranna. "An le fabharuíocht Shan Rocco a mhairean tú féin fós mar sin?" "An gcuirfe sibh uaibh é," do spalp Saridda amach, "sara gcaithfidh an galar dubh teacht arís chun síochána a dhéanamh!" TAUBE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services