Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár sgéal féin

Title
Ár sgéal féin
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1920
Publisher
Muinntir an Bhranair

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ár sgéal féin.



Tá leath-sgéal ag dul dár leitheoirí i dtaobh a dhéanaí agus
a fhánaí a tháinig an cúpla uimhir dheirineach so amach.
Cúrsaí airgid fé ndear é. Mar is eol dos gach éinne, tá costas
clódóireachta imithe sa ghréin ar fad le cúpla bliain nú mar sin
agus ní fios cá stadfa sé. Ní raibh aon airgead laistiar dínn ná
aon ghlaoch mór ar An mBranar. Dá bhrí sin níor fhéadamair
teacht amach chomh minic agus ba mhaith linn gan fiacha
móra a chur suas.



Tá socair againn anois, ámhthach, leanúint de go ceann
bliana eile go háirithe, isé sin, cheithre uimhreacha eile a thabh-
airt amach, ag tosnú leis an gceann so. Tiocfaidh an chéad
uimhir eile amach Lá Samhna agus an dá cheann eile Lá 'le
Bríde agus Lá Bealtaine.



Má eirighean linn an costas a ghlana go dtí san leanfar de.
B'éigean a fhiacha dh'árdú go dtí 1/6, síntiús bliana 6/-.


L. 2


An t-Athair Peadar.



Tá an tAthair Peadar san uaigh. Agus mé im sheasamh ar bruach na
huaighe san, dubhart liom féin, "Tá an seana-shaol againn dá chur
anso."



Ní abraim ná gurbh fhíor dom an méid sin. Ní hamhlaidh atá Éire
folamh ó Ghaelaibh. Ní dheaghaidh sliocht Ghaedhil as, agus ní baoghal
go raghaidh. Ach is 'mó cor a chuir an saol de i gcaitheamh céad blian.
Tá atharrú tagaithe san uile bhall, agus béidir gur mó an t-atharrú a tháinig
ar Éirinn 'ná ar éin tír eile san Eóraip go dtí an cogadh mór.



Bhí an seana-shaol go beó bríoghmhar in Éirinn, nú sa Ghaeltacht ar
éintslí, tá céad bliain ó shin ann. Tá's ag gach éinne ná raibh a rialtas féin
ná a dtalamh féin ag muintir na hÉireann an uair sin. Do chaill Éire a maithe
agus a mór-uaisle agus a haos dána dá chéad bliain roime sin. Ach mar sin
féin d'fhan na "miondaoine" sa bhaile. Bhí a seana-chaint féin aca, agus
a seana-nósa agus a sean-intinn Ghaelach. Beatha na ndaoine ar an dtuaith,
deireadh an tAthair Peadar gur mhar a chéile í agus an bheatha a bhí agá
sinsearaibh míle bliain ó shin, agus bhí a lán den fhírinne aige. Ansan do thuit
neithe amach d'fhág a rian go daingean ar Éirinn. Tháinig an droch-shaol.
Deireadh na seandaoine gur sgiob bliain an ghorta agus an fiabhras a lean í,
gur sgiobadar leó brígh cuirp agus aigne na hÉireann. An méid a fágadh
beó de Ghaelaibh, d'imigh a leath thar sáile. Tháinig na bóithre iarainn,
agus do cheangladar an tír go léir le chéile, i dtreó gur cuireadh an tuath agus
na bailte beaga fé smacht na mbailte mór. Tháinig na sgoileanna Gallda-
Sgoileanna "Náisiúnta" mar 'dheadh, agus ba dhóbair go dtachtfí aigne na
nGaedheal.



Thuit na neithe sin go léir amach le linn óige an Athar Peadar. Bhí
Éire Gaelach fós nuair a rugadh é. Taobh amuigh desna cathrachaibh móra
dob í an Ghaolainn ba mhó do labhartí. Nách uathbhásach mar a chuaidh
sí as ó shin! Is 'mó sráidbhaile atá chomh Gallda le Baile Átha Cliath féin
iniu, agus gurab í an Ghaolainn a labhradh gach éinne ann nuair bhí sé 'na
shagart óg. Dob é buadh a bhí aige mar sgríbhneóir go dtáinig sé ar an saol
nuair a bhí an saol Gaelach ann. Thuig sé intinn na seana-chainteóirí Gaol-
ainne, mar bhí an intinn chéadna aige féin. Bhí tuisgint an tseana-shaoil
le seanndacht aige, ar shlí ná féadfadh an tuisgint sin a bheith ag aon Ghael-
geóir óg anois, ní áirmhim na daoine nár tógadh le Gaolainn. Níor mhór
fear den tseana-shaol chun an tseana-shaoil a mhíniú do dhaoinibh na haimsire
seo. Tá san déanta ag an Athair Peadar, agus ba mhaith chuige é, mar
bhíodar buadha eile aige do chuir go hárd os cionn lucht a chomhaimsire i
gcúrsai sgríbhneóireachta é. I dteannta na Gaolainne bhí Béarla maith agá


L. 3


mháthair, rud ná raibh ach ag fír-bheagán sa cheanntar san, agus mar adeir
sé 'na Sgéal Féin do shaor san ón ndroch-Bhéarla a bhí a' sleamhnú isteach
ins na sgoileannaibh é. Níor dhin an Béarla maith pioc díobhála dá chuid
Gaolainne. In' inead san is amhlaidh do neartuigh an tarna teanga a aigne.
Ansan fuair sé sgolaigheacht i gcóir na sagartóireachta agus eólas éigin ar
litríocht na Rómha agus na Gréige. Mar ba ghnáth leis na seandaoinibh
ná feacaidh riamh páipéar nuachta agus nár léigh ach fo-leabhar le linn a
a n-óige bhí cuimhne ana-ghéar ana-chruinn aige ar na neithibh a chonnaic
a dhá shúil féin agus é 'na gharsún beag, deich mbliana is trí fichid ó shin.
Bhíodh an radarc chomh glan os comhair a aigne agus damadh seachtain
ó shin do chífeadh sé é. Agus an radharc do chífeadh sé féin, bhí sé ar a
chumus é chur os comhair ár sul dúinn le draoidheacht focal. Óir pé buadh
eile a bhí aige ná ná raibh, bhí buadh Gaolainne aige. Deireadh sé féin ná
raibh éin chreideamhaint a' dol dó dá bharr, mar ná féadfadh sé gan togha
Gaolainne bheith aige. Ach is cóir é mholadh, agus beifear buidheach de an
fhaid a mhairfidh éinne a chuirfidh suim sa Ghaolainn. An seód a bhí aige,
níor dhin sé mar a dhin na mílte Gaelgeóirí idir tuath agus cléir, é chaitheamh
uatha lena spadán agus lena neamhshuim agus lena bhfaillighe. Bhíodh
sé dá shaothrú agus dá chleachtadh ar feadh a bheatha. Mothuighim-se i gcomh-
naidhe 'na sgríbhinníbh buadh simplíochta agus buadh soiléireachta. Níor
theip an focal riamh air. Thagadh san áit cheart an focal ba dhírighe agus
dob oireamhnaighe don smaoineamh, gan aon duadh gan aon achrann eatarra,
mar a thagann an t-uisge san abhainn. Dob é a theastas ar sgríbhneóiribh
na haimsire seo go mbíd siad "a' faire ar a gcosaibh". Níor ghádh dho féin
san, ach siubhal ar a aghaidh go breagh bog réidh. Agus dá chomhartha san
féin, léigh amach leathanach Gaolainne, agus abair na focail chomh luath
agus is féidir leat. An feidir Gaolainn éin sgríbhneóra eile a rádh chomh
mear agus adeirir Gaolainn an Athar Peadar? Ach má's í an Ghall-Ghaol-
ainn atá agat, ná tabhair fé óir dob é an tAthair Peadar, mar adeir Gaelgeóir
breagh ó Chonnachtaibh, an Gaedheal ba Ghaelaighe aigne i nÉirinn.



Deirtear gurb í simplíocht a smaointe ba bhun leis an simplíocht chainte
agus is fíor san. Fear díreach simplí ab eadh an tAthair Peadar, fear den
tseana-shaol. Ní dóigh liom gur ró mhaith a thuig sé an saol nua so - is beag
duine a thuigeann i gceart é. Thuig sé beatha agus intinn na ndaoine ar a
raibh eolas aige. Nuair a thug sé fé úirsgéal a sgrí i dtaobh Bhriain mhic
Ceinnéide níor eirigh leis. Níor thuig sé intinn na righthe agus na n-uaisle,
agus is lugha ná san a thuig sé intinn na mbanríoghan. D'admhuigh sé nár
chuir sé aithne riamh ar mhnaoi uasail go dtí go raibh sé 'na sheanduine.


L. 4


Dá réir sin, an óigbhean áluinn úd Niamh inghean Thaidhg Uí Chealla níl
d'fhuil na beatha inte ach oiread is atá ins na mnáibh uaisle bréige a cuirtear
'na seasamh i bhfuinneógaibh na siopaí mór chun gúnaí nua do thaisbeáint.
Ar a shon san, an té ná bacfaidh an stair, agus ná fiafróchaidh de féin a' raibh
a leithéid sin de dhaoinibh riamh ann, ach an sgéal do lé mar a léighfí sgéal
fiannaigheachta, taitnfidh Niamh go mór leis, mar tá an chaint ar áilleacht.



Ach murar thuig sé na righthe agus na mór-uaisle, thuig sé a mhuintir
féin thar barr. Níl leabhar eile de shaghas Shéadna sa Ghaolainn, agus ní
móide go mbeidh. Thuig sé na páistí beaga, thuig sé lucht an chleamhnais
a dhéanamh, thuig sé lucht an aonaigh, agus na feirmeóirí, agus an tíncéir
mór, agus thuig sé Sadhbh 's a callaireacht amuigh 's amach. Níor bhuail
an Fear Dubh riamh uime - slán mar a n-innstear é - agus níor thuig sé conus
a bheadh an diabhal féin 'na dhiabhal, ach sin ceist ná réiteófar go fóil. Dár
ndóigh níl an leabhar gan locht - níor chuir an t-ughdar deire riamh air mar
sgéal, ach mar sin féin is é leabhar is fearr agus is iongantaighe sa Nua-
Ghaolainn é.



Ach nílim chun léirmheas a cheapadh. Dá mbeinn, do bheadh a lán le
rádh agam i dtaobh fiche éigin leabhar eile, i dtaobh na n-aistrighthe a dhin
sé (tá an Bíobla go léir ar a measg!) agus mar sin dóibh, agus ní stadfainn,
ní fheadar cahin. Ach déarfad an méid seo. Airighim daoine, uaireanta,
a fáil locht ar an Athair Peadar, de bhrígh ná faghaid siad 'na sgéaltaibh
na smaointe doimhne feallsamhanta agus na cruadh-cheisteanna a thaitneann
leó i litríocht Shasana agus i litríocht na Frainnce. Bíodh aca. Tá slí sa
Ghaolainn do gach aon tsaghas litríochta. Ach ní mór dúinn foidhne bheith
againn. An té chuireann suim ins na smaointe nua so, is fíor-annamh a
bhíonn eolas ceart aige ar an nGaolainn. Ní bhíonn dá spriocadh ach fia-
frachas. Ba mhaith leis crot Gaelach a chur ar an rud a thaitneann chomh
mór leis sa Bhéarla nú sa bhFrainncis. Ach ní mór an dá thaobh a thabhairt
chun a chéile ar dtúis. Do léigheas féin roinnt den Ghaolainn nua so, agus
dar liom, is amhlaidh mar atá an sgéal ní thuigfeadh fear na Gaolainne na
"hárd-smaointe," ná ní thuigid lucht na "n-árd-smaointe" an Ghaolainn.
Thug an tAthair Peadar dúinn an ní a bhí aige féin. Do sgríobh sé an rud a
bhí's aige a thaitnfeadh le Gaelgeóiríbh a bhí 'na seandaoinibh nuair a bhí
se féin 'na gharsún.



Bhí aithne mhaith agam ar an Athair Peadar, agus bhímís ana mhuint-
eartha le na chéile. Fear beag ab eadh é, ach fear láidir, agus ceann mór
air. Thagadh sé ó Chaisleán Ó Liatháin isteach go Corcaigh ar a rothar, tá
chúig bliana fichead ó shin ann - agus dáltha an sgéil, is é do cheap na téarmaí


L. 5


Gaolainne a bhaineann le rothaigheacht. Do chaitheas seachtain in' fhochair,
uair, i mBaile Choitín, agus théighmís a' snámh i dteannta a chéile gach lá.
Ba bhreagh an snámhaí é. Deireadh sé ná raibh sé riamh nísa shia ó Éirinn
ná an méid d'fhéadfadh sé a shnámh. Bhí sé pas bodhar le déanaighe, ach
níor chaill sé an guth breagh láidir ceólmhar a bhí aige. Bhí sé lán de sgéal-
taibh grinn, agus ba mhinic adeirtí gur mhór an truagh gan duine bheith
láithreach a dhéanfadh a chaint agus a chuid sgéalta do sgrí síos chomh tapaidh
agus a labhradh sé iad. Cainteóir ana-mhear ana-líomhtha b'eadh é, agus
sgríbhneóir mear leis. Ba ghnáth leis an Ghaolainn a sgrí chomh mear agus
a ghluaisfeadh an peann. Ní bhíodh, uaireanta, ach leath an fhocail sgríte
aige, cuir i gcás "ag" in inead "agus". Cé go dtuigeann fear léighinn leath-
fhocal, ní fear léighinn gach clódóir, agus dá réir sin ba ghnáth go gcuireadh
duine eile an sgríbhinn i gcóir sara gcuirtí a' triall ar an gclódóir í.



Taréis a bhfuil dá sgríbhinníbh le fáil i bhfuirm leabhar, is dócha go
bhfaghfaí oiread eile dá mbailightí an méid a sgríodh sé i gcóir páipéar nuachta
gach seachtain, agus an méid nár cuireadh i gcló fós. Ní fhéadfí na leabhair
nua thabhairt amach ach i ndiaidh chéile. Ach ba mhór an tairbhe dá
gcuireadh duine éigin bibliografí le chéile 'na mbeadh cúntas cruinn ar gach
éinní atá i gcló ó láimh an Athar Peadar, pé áit 'na bhfuil sé le fáil. Anois
an t-am chuige sin. Do dhéanfadh sé clár fada.



Nuair a gheibheann Gaelgeóir aosta bás is minic adeirteai "Tá sé
imighthe, agus a chuid Gaolainne leis." Ní mar sin don Athair Peadar. Tá
sé féin imighthe, ach d'fhág sé a chuid Gaolainne 'na dhiaidh mar oighreacht
ag muintir na hÉireann. Níor fhág éin sgríbhneóir eile oighreacht chomh
mór ná chomh maith.



Crádh Croidhe Éigeas.


L. 6


Cluain Geal Meala.



An tráth bheirid laoich Gaoidheal,
Cinn saoirfhear Cláir na gcuradh,
Buaidh eachtrann an chró-chuinsi
Bí m'aigne suilbhir subhach.



An t-ochtú lá de mhí na Bealtaine 1650, agus an oidche ag tuitim.
Fé dheire bhí sé a hocht a chlog. Do séideadh an adharc i longphort
Chromuil agus do stad tóirthneach na ngunnaí láithreach. Sa "newe
werkke" amháin a bhí os cóir an gheata theas, do lean an lámhach tamaillín
eile 'na amhrán aonair; ar ball do scuireadh de chó maith. D'fhill na fóirne
dubha smeartha thar nais ar an longphort. Do thuit an ciúineas ar Chluain
geal Meala - ciúineas an anaithe.



I gcomhrac lae agus oidhche, d'éaluíos amach as an mbothán d'fholaig
i rith an lae me agus do dheineas go scáthmhar ar chnoc na faire chun cúrsaí
an chatha a bhreithniú, fé mar a dheineas gach oidhche le seachtain. D'fhéa-
chas ar dtúis thíos uaim sa mhachaire ar longphort leathan an namhad:
puible donna riartha amach 'na srathana díreacha nú cnuasta go cruinn le
chéile, teinte cnámh ar lasa agus deatach mór, agus fé mar do mhéaduig ar
an ndoircheacht, ba léir dom na fanatics féin ag gabháil agus ag síor-ghabháil
thar brághaid agus scáil an tsoluis ar chathbhár cruaidhe is ar lúireach. Ó,
nách uathmhar ainneis bheith ag féachaint ar mhór-chomhacht do namhad
nimhe; ó, nách gránna radharc a shocair-shuainis! Ansan do leagas mo
shúil ar an gcathair mhí-ádhmharaig - sciath chosanta Gaedheal. B'iúd
romham amach í ar imeall na mágha, chó ciúin, chó marbh sain gur dhó leat
ná raibh duine ná daonnuí ag corruí ann, gan léas le feiscint ann, gan fuaim
le clos, ach í leathta amach mar do bheadh uan le hidhbirt. Fallaí aol-
chloiche go geal tríd an amhscarnach, túir dhaingne ar gach cúinne - comh-
arthaí an nirt; ach mo nuar, an poll a bhí anois fé bhun an fhalla ghil, an
poll mór leathan dubh mar do bheadh créacht ná leigheasfaí, nú rith fola
ná coisgfí, poll an bháis. Uan le hidhbirt i ndáiríribh, é lomtha glanta chun
na scine, poll 'na chliathán chun an bheara, agus teine na hidhbeartha go
lonnrach cheana féin i gcóir na maidne.



D'fhanas am pleist gan bhrí ag iniúcha an phuill dhuibh sin go dtí gur
bhreac an lá; agus ní raibh ag rith trím aigne an oidche go léir ach na focail
chéadna; mo thruagh mar táid Gaedhil.


L. 7


Do bhí sé na lá geal nuair a dhúisíos. Bhraitheas ciúineas nea-choitianta
ann; in ionad búirth na ngunnaí móra, ní raibh le clos ach salmaireacht
íseal na "naomh" agus í ag borra agus ag tuitim le gaoith ghuagaig na
maidne. Do dhearcas amach. Bhí slóighte na bhfanatics, buidhean i ndiaig
buidhne, in arm agus in éide chatha ag gluaiseacht amach as an longpgort
agus ag déanamh ar an réidh mhín ghlas. Do shoillsig grian na maidne anuas
ortha, d'aduigh sí bior beag soluis ar bhárr gach sleagha, agus do bhain sí
spréacharnach as gach caipín greanta is lúireach; agus fé mar do ghluaiseadh
na buidheanta anso is ansúd, do spailpeadh lasracha obanna ar fuaid na
mágha. Chonnac ag teacht agus ag teacht iad go dtí go raibh an áit ar fad
lán acu; bhí na hoifigeacha go fuadarach 'á riara agus 'á gcnuasacht;
ar ball bhíodar fé eagar. Ansan d'fhan gach éinní 'na stad ar feadh tamaill
agus bhí tost nea-shaolta ann.



Leis sin do sheol an duine amach as an longphort, marcach aonrach, agus
do dhein sé ar cheann an airm. An túisge a fuair an sluagh radharc air,
d'éirig aon bhéic uathmhar, aon liú fháilte uatha. Do chrith is do luaisc
na línte fada riartha. Do beartuíodh gunnaí agus sleaghana. Do suathadh
claidhmhte. Do bhorr is do neartuig ar an liú gur scannruíodh an aigne,
gur bodhradh an chluas, gur corruíodh smúsach na gcnámh istig. Ach do
lean an marcach féin go dúr do-chorruithe ar aghaidh, ar sodar go mall
fan na mbuidhean buile.



Cromuil féin!



Lasair scriosta eiriceach, súiste Dé Aoird, claidheamh díoltais an
Tighearna!



Do thainig sé i lár an chatha agus do thug aghaidh ar an sluagh chor-
ruithe. Do stad an liú láithreach, bhí gach ní 'na thost. Ansan do bhain
sé dhe a chathbhár agus d'umhlaig a cheann. Do dhein gach saighdiúir
amhlaidh. Dá uathmhaire é an liúireach, ba neamhní é seochas an ciúineas
san na mílte fear. D'árduigh sé a cheann taréis tamaill agus do dhearg gath
ón ngréin an aghaidh bhuidhe sin. Do thosnuigh sé ar bheith ag guidhe.
Focal den phaidir sin níor chlos dom, níor léir dom ach na beola ag boga,
ach ba leor liom san. Nár thuigeas cheana gach focal, gach siolla dá ndéarfadh
sé! Paidir a bheadh go humhal 'na cainnt, go huaibhreach dia-mhaslach
'na smaoineamh, paidir an phuibleacánaig i mbéal an phairisínig...
fé mar do threascair Samuel Fáidh Agag eiriceach ar lár anallód, go dtrea-


L. 8


scradh Cromuil - giolla umhal Dé - an t-ál so an pheaca; fé mar do scaip claidh-
eamh Jephtha clann mhalluithe Ammon ó Aroer go Minneth, go scaipeadh
claidheamh na "Nua-naomh" an pór so na claontachta mar lóchán fén
súiste; fé mar do thuit fallaí teanna Jerico go talamh ar séideadh na n-adharc
do Chloinn Toghtha Dé, go dtuiteadh fallaí Chluain Meala mar an gcéadna
le paidir A nua-chloinne dísle...



Fé dheire bhí ráidhte aige. Do chuir sé air a chaipín airís. Do dhírigh
sé é féin ar an each agus do thosnuigh ar bheith ag labhairt. Má ba mhall
fada an phaidir, ba ghunta fíochmhar an óráid. Ansan do nocht sé a chlaidh-
eamh, "chlaidheamh an Tighearna agus Ghideon," agus do shín sé i dtreo
na cathrach é. Leis sin do hárduíodh an liú fhiaig airís; do bhí an sluagh
go léir fé mar do meisgeofaí le fíon nua iad; agus ar ball do tosnuíodh
ar an sailm chatha. Bhí sé árd srónach, bhí sé bagarthach maoidhteach
an rosc so na naomh. Uaireanta do chiúiníodh sé is do cailltí ar an ngaoith
é; uaireanta eile do bhorradh is do bhriseadh sé ar an gcluais le fuamán na
dtonn. Bhí na mílte guth garbh ag gabháil do, gan tomhas gan eagar ach
fé mar do corruightí iad. Don té a chloisfeadh é, ba chuma an tsalmaireacht
gharg san nú fuaradh teasa, codla-grífín feola, méireanna fuara an bháis;
ach don té a gheobhadh é, ba chuma é nú meisge mheanmnan, fiabhras fola,
muscailt na n-annmhian uile.



Do bhí i mbéal catha. Do dhírig na línte tosaig ar bheith ag bogadh.
Do bhí mar adéarfaí an rabharta ag borradh agus tonntacha na mara go tolgach
bán fé dhéin na bhfallaí aolgheal.



III.



Do ghluais an Captaon féin ar tosach, a chlaidheamh nocht 'na láimh
aige, agus do lean na buidheanta é 'na gceann is 'na gceann go dtí go raibh
an sluagh go léir fé sheol. Níor fhan ach aon bhuidhean amháin ag faire an
gheata thiar i dtreo, mar adubhart liom féin, go mbeadh an t-éirleach go lán léir.



Le na linn seo, ní raibh fuaim ón gcathair ná aon rian ullmhúcháin ann.
Ní raibh le feiscint ach scata mór fear mar do bheadh seangáin, sa bhearnain
ag cur cloch ar bhárr cloch san oscailt. Saothar fánach amaideach! Ní
hamhla a cheap Aodh Dubh go gcuirfeadh cúpla cloch cosc le gluaiseacht
na harmála so! Ní chuirfeadh ach oiread is a chuirfeadh iomaire gainmhe
cosc le gluaiseacht na dtonn. B'fhearra dhóibh a neart do choigilt i gcoinne
an anaithe. Níor mhór dóibh a seacht ndíchill ar ball.



Siúd ar aghaidh na buidheanta, ag máirseáil go breá bog maordha. Fé


L. 9


dheire bhíodar i raon urchair don chathair. Do stad an Captaon agus do
dhruid sé a each i leataoibh. Do shín sé a chlaidheamh fé dhéin an phuill.
Do ghaibh na ceithearnaig thairis amach ar a léim-lúth, buidhean ar bhuidh-
in, a sleaghana i dtreo acu. Is beag ná féadfainn buillí tomhaiste na gcos
do chloisint sa chiúineas a bhí ann. Ar aghaidh leo fós. De gheit do chonnac
an lasair agus an puth deataig agus ansan do chuala an torann; agus do
thosnuig gunnaí na cathrach go léir ar saothar. Nách cruinn do díríodh iad
agus nách maith a chuaidh an t-urchar i bhfeidhm! Ach do lean na buidh-
eanta ar aghaidh i gcomhnuí, níor bacadh leis an nduine a leagadh, bhí duine
eile 'na ionad cheana féin. Ansan do thúirlig an deatach bán anuas ortha
agus do chlúdaigh sé as radharc iad idir cáirde is naimhde in aon bhrat amháin.
Ar aghaidh fós leis na ceithearnaig, isteach sa bhrat san leo go dtí gur cailleadh
ann iad, na mílte fear acu. Níor léir dom ach pléascadh tréan na ngunnaí
agus splanncacha dearga na n-arm teine, agus anois is airís fo-gháir nú cian-
bhéiceadh na bhfear. Bhí ár is éirleach nimhneach ar siúl lastall den bhrat
san deataig. Bhíos ag féachaint agus ag féachaint air ag iarraidh mo shúile
do chur tríd go dtí go raibh tinneas géar ionta, agus meireán am cheann;
agus ní fheaca ach fo-shaighdiúir leonta ag teacht go tuisleach as. Taréis
tamaill d'iompuig Cromuil a each. D'fhill sé thar nais ar an dtarna cath
a bhí le stealladh aige féin i gcoinne na cathrach ar ball agus d'fhan sé ag
feitheamh. Mar sin do bhí tamall eile. Ansan do scuireadh des na gunnaí
móra. Do scaip gaoth na maidne an deatach go mall agus do nochtadh páirc
an áir. Mo bhrón! ní raibh le feiscint ach na céadta namhad ag brúgh
isteach tríd an mbearnain thréigthe. Bhí leo. Níor sheasaimh na Gaedhil aon
fhaid aimsire agus um an dtaca so, bhíodar ag imirt anama ar na sráideana
cumhanga cama. Bhí deire le Cluain geal Meala. B'é údháltha Dhroichead
Atha é agus ní raibh i ndán anois dá mhuintir ach oidhe mhuintir an Droichid.
Féach! Bhí tosnuithe cheana féin ar an éirleach. D'airíos an fothram
uathbhásach obann, scréachuíol agus béiceadh fiadhain, pléascadh gunnaí
agus lamhach tréan. Cad a bhí chun siúil istig ann? D'éirig néal tiugh
deataig as lár na cathrach agus do leathnuig go mall os a cionn. An amhla
a bhítheas i dteannta san eaglais agus an áit tré theine? Agus cad é an
fuadar so fé Chromuil? D'iompuigh sé go hobann ar an dtarna cath, do
ghléas sé go mear iad, agus do léimeadar amach, dhá mhíle acu, fé dhéin na
troda ar nós scata machtíre craos-fhiaclach i ngar don chró.



Níor shroiseadar riamh é. De gheit, do bhí an poll dubh airís le daoine.
Arbh iad siúd ironsides Chromuil? Ach an t-atharú a bhí ortha! Siúd
amach in aon tsruth iad, gan riar ná eagar ortha, gan caipín ná airm acu,


L. 10


sceon 'na súilibh, a mbéal ar leathadh, iad leonta, gearrtha, claoidhte. Do
stracadar is do mhilleadar, do leagadar is do bhrúghadar a chéile, do ghabh-
adar de chosiabh 'na chéile, do réabadar a raibh ortha, do chaitheadar uatha
a raibh acu, do theicheadar le na n-anam. Níor thuigeadar cá raibh a dtriall;
níor dheineadar ach teicheadh rompa. Do thuiteadar, d'eiríodar, do chuadar
go tuisleach ar aghaidh. Níor leig an t-uamhan obann dóibh ach déanamh
ar a n-aghaidh díreach. Do dhein an Captaon dian-iarracht ar a gcosc, do
ghlaoidh is do bhéic sé ortha, do sheol sé an cath riartha 'na dtreo. Do
stealladar iad féin 'na choinne agus do bhriseadar is do scaipeadar mar lóchán
iad. Do scannruíodh each Chromuil. Do leagadh an Captaon, ba dhóbair
go satalófaí air, agus d'imigh an t-each féin ar cosanáirde ar fuaid na mágha.
Ar leaga na súl, do líonadh an réidh go léir den tsluagh bhriste, ag rith i dtánaiste
a n-anama, ag scréachuíol le huamhan agus ag tabhairt na mionn. Bhíodar
ag teacht go dtí go raibh dubhadh an mhachaire den armáil chlaoidhte
bhascaithe, níor stadadar go dtí go raibh múr an longphuirt idir iad agus
an sceon uathmhar a ghaibh iad.



IV.



Go dtí sain do shamhluíos gur mise amháin a bhí ag breithniú an chatha
ó bhárr an chnuic. Bhí breall orm. Chó luath agus ba léir go raibh an buadh
mór 'na chlaochló obann, siúd amach as cuasaibh is as diamhraibh an tailimh
féin na Gaedhil dho-chlaoite - seandaoine, mná, páistí - díreach mar do chífeá
na coiníní cúthaile de phreib ar chliathán cnoic tráthnóna órdha samhraidh.
Bhí gach gnúis ar lasa le bród, thosnuíomair ar bheith ag béicig is ag beartú
lámh, agus síos le fánaidh an chnuic sinn chó mear is do bhí 'nár gcosaibh.
Níor fhan aon scáth orainn; do thuigeamair nár bhaol dúinn go fóill fada na
fanatics stríoctha; bhí faoiseamh fachta ag luchaig bheaga na tíre.



Ba ghearr gur thánag ar shaighdiúir leonta a bhí taréis tuitim fé bhun
an chnuic. Bhí leath-lámh ar sileadh leis, bhí scoilt dhoimhin fan a leath-
chinn agus é ad iarraidh stráice línéadaig d'fhilleadh air. D'fhóireas air-
go maithidh Dia dhom é - ní has ucht mo thruagha dhó mar níor bhraitheas
pioc di ionam ach le teann na fiosrachta a ghaibh me. Is beag má bhí ann
labhairt, níor aithin sé ó thalamh an domhain cár seoladh chuige me ná cérbh
é mise, ach i ndiaig ar ndiaig idir gach re easgaine (mar is iongantach an méid
acu a bhíonn ages na "naoimh" seo) agus cnead agus géim, do phiocas an
sgéal uaidh. "Thugamair fogha fés na malignants so - bhíos féin i gceannas
na tarna buidhne. Bhíodar go tiugh sa bhearnain romhainn. Fíochmhar


L. 11


a bhí eadrainn ar feadh tamaill ach i ndiaig a chéile b'éigean dóibh stríoca.
Isteach linn d'urchar tríd an bpoll. Bhí saghas lána ann dtaobh thiar de,
agus siúd ar aghaidh linn go geal, an t-ál malluithe seo Amalek ar a ndícheall
romhainn. Bhíomair suas le trí fichid slat istig nuair d'airíomair "stadaidh,
stadaidh" ag an mbuidhin tosaig. An gáire a dheineamair, amadáin! Nár
bhreá mar spórt é! clann Ammon le ruaig agus gan stad leo - agus do ghlao-
mair in árd ár gcinn is ár ngotha "ar aghaidh, ar aghaidh." Ar ball, ámh,
bhíomair 'nár stad. Deamhan ní a thuigeamair ach go rabhthas ag brúgh
isteach an poll fós. "Ar aghaidh libh" arsa sinn go feargach; cos linn níor
chorruig. Thugas aghaidh ar an bhfalla agus cad a chífinn ann ach comhra?
Seadh, comhra dharaí agus 'na haice, driosúr cistineach! Ansan do thuigeas
an bheart. Dar claidheamh Ghideon, bhíomair i ngaiste acu! Ar an
nóimeat san, d'eirig an lámhach uathbhásach ar tosach agus do phléasg piléir
mhóra agus slabhraí bulla 'nár measg; agus do phreab na malignants mal-
luithe go barr na bhfallaí, ag gabháil de shleagh is de speil is de phíce ionainn
agus cadé an díobháil dúinn ach na cailleacha féin ag stealla clocha troma
agus sailteacha móra adhmuid anuas orainn. Éirleach! níorbh éirleach
go dtí é. Bhíomair chó teanntuithe le chéile nár fhéadamair sleagh d'úsáid.
Bhíomair níos measa acu ná caoire i gcró - thíos fútha i dteannta ar a dtoil
acu agus geallaimse dhuit a dhuine, gur imreadar a dtoil orainn. Féach, bhíos
i mBristó nuair a ghaibh an t-arch malignant úd Ruprecht é, bhíos i nDroichead
Átha nuair a túrnadh lucht Ashton ar an árdán agus an fhuil ag rith síos go
habhainn 'na caise dhearg; ach a leithéid de thúrna níor deineadh riamh.
Inneall brúite cnámh - siné a bhí ann, fíondlos fola! Ní fheacaís a eighre riamh,
ach an t-ubhall-dlos atá againn i nDevon ach níorbh é súgh na n-ubhall a bhí
ar sile as ach fuil dhearg te. Uch!



"Conus a thánag as, ní léir dom. D'eiríos am gheilt ceart - agus a lán
eile nách me. Do bhuaileas, do stracas, do leagas a raibh romham, do ghabhas
de chosaibh im chomrádaithe féin, do shataluíos ar a gcuirp mar a shatalóinn
ar an easair - agus um an dtaca san dar nó, ní raibh ionta ach san - ní raibh
fhios agam go rabhas leonta is mo leath-lámh gan bhrí, níor mhothuíos aon
phian, aon bhuille, go dtí go bhfuaras amuich anso me. A dhuine má's..."



Níor fhanas lena thuille sara ngáirfinn le háthas suas le na bhéal. Do
bhailíos liom chó tapaidh is a bhí ionam, ag gabháil mo bhuidhchais le Dia
na Glóire d'árduig dúinn Aodh Dubh in am ár ngéar-ghátair. Chuireas an
cnoc díom go héadtrom-chroidheach, agus nuair a bhaineas an fiara amach
do stadas chun féachaint siar ar pháirc an áir agus ar Chluain geal Meala.
Agus féach, an fhaid a bhíos 'á iniúcha, tháinig lucht na cathrach, cnú na


L. 12


cródhachta, go béal an phuill. Chasadar na trí gáir bhuadha agus bhear-
tuíodar a n-airm fhuilteacha anáirde, agus thugadar a ndubhshlán fé shlóitibh
an Nua-Ghideoin.



Níor tháinig aon fhreagra ó longphort an namhad.



V.



Do bhí an oidhche sin go ciúin ar Chluain geal Meala. Níor canadh
aon tsailm i longphort na naomh, níor tháinig aon fhuaim ó laochra na cath-
rach, do bhí sé 'na thost mhairbh cois Siúire, agus gan ag corruí ach faolchoin
chraosacha agus éin allta. D'airíos i rith na hoidhche iad: na faolchoin ag
sgeamhuíol le sgeamh beag caol, na héin ag follúint os cionn an bhotháin,
iad go léir ag teacht ó chian i gcóir an fhéasta fhola. Ba chorrach an codla
a dheineas: uaireanta ar mo ghlúinibh ag guidhe Dé go mb'é Aodh Dubh
an t-Ath-Mhaoise adubhairt an file, a threoróch a mhuintir ó dhaoirse na
hÉigipte, uaireanta eile ag feiscint trím thromluighe na faolchoin ghránna
ag réaba is ag alpa géaga na marbh. Fé dheire do bhreac an lá. Ba ghearr
go rabhas amuich ar chnoc na faire. Bhí sé fuar agam. Bhí sé a deich a
chlog sar a raibh aon chor, aon ghluaiseacht le feiscint i longphort Chromuil.
Ach ansan iseadh do chonnac an t-éacht. Chonnac an Captaon féin agus
marcshluagh 'na thimcheall ag druidim amach ar an machaire agus ag déanamh
ar a sáimhín sógh suas go geata na cathrach! Níor scaoileadh aon ghunna,
níor caitheadh aon urchar, níor deineadh aon rud ach an geata d'oscailt do,
agus siúd isteach sa chathair iad go léir. Níor fhéadas radharc mo shúl do
chreidiúint, do shíleas narbh fholáir nú bhíos am chodla fós, do chimileas
mo bhas dem shúilibh, do dhúnas iad agus d'osclas iad airís. Bhí gach aon
rud mar do bhí ach amháin go bhfeaca tar éis cúpla nóimeat meirg na Páirli-
meinte ag gabháil na gaoithe os cionn an gheata.



Sin ar thuit amach a rith an lae. Níor airíos aon lámhach, aon scréachuíol
fear ná ban, níor mhothuíos aon fhuadar fés na fanatics; agus cé gur chaitheas
an lá ar fad ag feitheamh, níor léir dom ach cnag-cnag na dtrucail ag triall
ar thullach na marbh agus saothar na gcapall fé ualach na gcorpán nocht.



VI.



Tamall na dhiaigh san do míníodh an sgéal dom. Duine muinteardha
liom a theich ón gcathair a nocht dom é. Ar feadh dhá mhí beagnách do
sheasaimh Aodh Dubh an fód. Fé dheire d'imig a stór púdair i ngannachúise,
do ghoill an phláig go mór ar na saighdiúirí, do leath an poll fé sna fallaí in


L. 13


ainneoin a dhíchill, bhí lá an ghéar-fhromhtha buailte leis. Is ansan do
chuimhnigh sé ar an ngaiste. In am mhairbh na hoidhche, - nuair a bhíos
ag machtnamh ar "an uan le h-ídhbirt," - bhí muintir na cathrach go léir
idir fearaibh is mnáibh is páistí ar saothar, ag tarrac chloch, ag deánamh
mairtéil, ag carna chré go dtí gur eirig lána bréige lastall den pholl ar an dtaobh
istig, é cheithre fichid slat ar faid, leithead an phuill ann agus fallaí sé
troighthe ar aoirde leis. Bhí ortha gach aon tsaghas mianaig do chur ann,
boscaí adhmaid, driosúir agus an chomhra dharaí féin. Bhí sé thuas acu um
breaca an lae. Do leag Aodh Dubh na gunnaí móra i gceann an lána ansan
fé cheilt, do shocruigh sé togha an airm sna tighthibh is ar láithreáin chré
ar gach taobh, agus do rainn sé ortha an uile únsa púdair a bhí le fáil. D'eirig
leis an ngaiste thar na beartaibh, ach nuair a thug an ironside deireanach cúl
leis an bpoll, bhí an stór púdair ídithe. Ach ní raibh deire le clisteacht Aodha.
Le tuitimín na hoidche d'éaluigh sé agus a ghasra cródha amach as an gcathair
fé rún agus dhá uair a chloig 'na dhiaig, d'imig Méire Chluain Meala fé dhéin
Chromuil. Bhí an Captaon mór na shuidhe cois búird ag machtnamh nuair
a tugadh an Faoiteach isteach. D'iarr seisean coinníolacha áirthe agus go
dtabharfaí an chathair suas do'n Pháirlimeint. Do thoilig Cromuil chúcha
go fonnmhar, níor chuir sé aon cheisteanna, cheap sé go raibh an gnáth-fheall
ar siúl. Lá ar na bhárach nuair a bhí a shaighdiúirí fé réir aige sa chathair,
d'órduigh sé "Duff O Neale" do thabhairt suas do. Dubhradh leis go raibh
sé éaluithe leis féin ó mheadhon-oidhche roimis sin. Do dhubhaig is do
ghormuig ag Cromuil, do mhóidigh sé go leanfadh sé an Hugh Duff san pé
áit 'na ngeobhadh; ach taréis tamaill do mhaoluig ar an bhfeirg aige agus
do thuig sé gurbh fhearr an sgéal d'fhágaint mar do bhí. Do chuaidh sé,
ámh, go dtí an lána bréige agus d'fhan go cionn abhfad ann, ag féachaint ar
an gcosair-easair a deineadh de bhláth a shluaigh - an "sluagh danar ndúr-
aingidh," nár claoideadh riamh i ngleo.



Séamus Ó hAodha.


L. 14


An Monsignór Ó Ríordáin.



(Do fuair bás 'sa Róimh i mí Lughnasa, 1919.)



Fear mór puiblí, is féidir breithiúntas a thabhairt i gcomhnuidhe ar
a mheon is ar a bheatha as a chuid oibre agus as a chuid leabhar. Is
ionnta-san atá sár-thoradh líomhtha a aigne. Ach ar a shon san is uile is
insa bhfear féin a bhíon na seoda is doimhne agus is beodha - na tréithe a
chítear ina bheatha laethiúil neamh-aireach. Sé rud ba mhaith liom a
dhéanamh anseo ná cuimhne nó dhó ar an Mgr. Ó Ríordáin a chur síos-
smaointe fánacha as a chomhrádh nuair d'osgluigeadh sé a chroidhe a's a
aigne dá cháirdibh, dá cháirdibh óga go háirithe .i. do sna macaibh léighinn a
bhíodh féna chúram, tráthnóintí geimhridh insa Róimh nó oidhcheanta
samhraidh agus é ag féachaint uaidh amach ar an gCampagna ó bhalcóin
tighe thuatha thuas in imeall sléibhte Tivoli. Béidir nach dtaithneóchadh
a chuid smaointe anois is arís le gach éinne; cinnte go bhfeicfear ionnta
togha cainnteóra, togha carad, togha Gaedhil agus togha sagairt.



Ba dheacair compánach d'fháil ba shoineannta ná é - na sgéalta a bhíodh
aige is amach as stór an eoluis chruinn, thuisgeanaigh, ghrádhmhair a bhí
aige ar neithibh agus ar dhaoinibh a thagaidís. Is iomdha áit na raibh sé,
'san Iodáil, in Éirinn agus i Sasannaibh, agus dob aoibhinn leat bheith ag
éisteacht leis agus é ag cur síos ar ar thug sé fé ndeara 'na shiubhaltaibh.
Ba mhór, leis, an lear leabhar a bhí léighte aige - an saghas leabhar nach
léightear mórán ach as a bhfuightear adhbhar breagh cainte go minic. Bhí
bailiú mór leabhrán aige ba dheacair a shárú mar bhailiú príomháideach,
leabhráin i dtaobh polaitíochta, creidimh is gach uile shórt agus roinnt fé
leith ar a dtugadh sé "Seómra na n-Uathbhás," ina raibh leabhráin in aghaidh
na hEaglaise do scríobh sagairt do chuaidh amú ins na laetheantaibh do bhí-
toradh aisteach na haigne cráidhte.



As an stór eoluis sin ritheadh cuimhnte agus sgéalta den uile shaghas,
go mór-mhór rudaí do bhain le hÉirinn agus le mion-stáir na hÉireann,
eachtraí Éireannach 'san Iodáil, ó Naomh Frediano go bhfuil grádh agus
urraim do fós ag muintir Lucca go dtí an bhean uasal Éireannach do chuir
fúithi 'sa dToscáin agus do scríobh as Iodáilis chomh líomhtha sin nár náir
le Charducci conferenza do thabhairt uirthe féin agus ar a scríbhinnibh; nó an
sagart paróiste úd ó Phort Láirge do tháinig agus é 'na shean-fhear peregrinare
pro Christo 'sa naomhadh aois déag, agus do fuair bás 'n-a dhítreabhach ar
leirg Mhonte Cassino. Uaireanta chuireadh sé síos ar an gcuaird a thug sé
ar phoblacht Shan Marino gur iarr sagart paráiste na poblachta air dul 'sa
gcathaoir le linn togha na gconsul. Uair eile labhradh sé ar an bhfile
Sasannach Byron, a bhfuil cuimhne chomh maith sin air in áiteachaibh 'san


L. 15


Iodáil. Thaithnigh an grádh a bhí ag Byron don tsaoirse leis; agus as dioch-
oideachas a tháinig a lochtaí dar leis. Chuir sé ceist ar chóisteóir, lá, i
dtuaisceart na hIodáile, in aice le coill ar a tugtar an Bosco di Byron.
"Cinnte," ars' an cóisteóir, "Iodáileach dob eadh Byron... fear
philantropiceach thar bárr... ní headh, níor scríobh sé pioc riamh."
Ag dul don Athair Ó Ríordáin tríd an bhFórum nó tríd an bPalaitín, dob
fhéidir leis suim staire na Rómha do thabhairt duit i gcúpla nóiméad, agus
an tsean-Róimh d'aithbheóchaint imeasg na bhfothrach sin os do chomhair.
D'éistigheadh sé go foighdeach, soineannta agus d'fhreagruigheadh ceist ar
bith - ó cheist dhoimhin i dtaobh feallsamhnacht Shan Tomáis go dtí ceist
mar: "An pyjamas a chaitheann tusa ist oidhche, a Athair?"



Is minic do labhradh sé i dtaobh na Gaedhilge, mar, cé nach raibh ach
focal fánach di aige féin, bhí sí fighte fuaighte lena smaointibh agus lena
bheatha. "An bhfuil Gaedhilge ag an Athair -?" ar seisean liom lá. "Ba
chóir go mbeadh," arsa mise, "nach as Tuaim do." "Béidir é," ar seisean,
"ach go minic isiad na daoine ón nGaeltacht is lugha a labhras an Ghaedhilg.
Spioraid sclábhuidhthe is bun leis sin, agus neartuigh an Bord Náisiúnta é.
Thug an Dr. Mac Éil iarracht ar an droch-spioraid sin do chosg, ach níor
éirigh leis - bhí an t-airgead ró-láidir do. Thug sé iarracht ar an mBord
Náisiúnta do choinneál amach, ach tháinig sé 'na aimhdheoin. Ba dh'iad
lucht an tír-ghrádha do chuir an Bord Náisiúnta ar bun an chéad uair agus
anois bíonn lucht an tír-ghrádha ag clamhsán fé Ghalldachas an Bhuird - is
ait an mac é an saoghal. Níor leomhas féin Gaedhilg do labhairt agus mé
óg; ní hamhlaidh, ámh, a bhí spioraid sglábhuidhe ionnam - mar sílim go
rabhas ceart go leor 'sa slí sin riamh - ní headh, ach ba dhóigh liom, sílim, go
mba saghas pribhiléid fé leith an Ghaedhilg do bhain leis na sean-daoinibh
amháin. Bhí Gaedhilg ag m'athair, agus leabhra Gaedhilge; sula bhfuair
sé bás do thug sé na leabhra d'athair - do bhí 'san Éirghe-Amach. Nuair
chuaidh mé abhaile ón Róimh, taréis bháis m'athar, beannacht Dé lena anam,
(b'in é an t-am, tá's agat, sul ar cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun)
chaitheas cúpla mí sa mbaile agus thosnuigh mé ar ghramadach an Chanóinigh
Uilleog de Búrca. Ansin chuadhas go críocha Shasanna agus ní raibh an
ithir go maith ann. Bhí Gaedhilg ag mo mháthair freisean, cé nach bhfuil
fhios agam conus a fuair sí í. Uair amháin dubhairt sí liom go múinfeadh
sí dhom í taobh istigh de leath-uair a chluig." Tar éis an méid sin a rádh
agus é ag machtnamh do féin, tharraing sé a bhrusa go teann le chéile, d'fhéach
sé suas beagán, do líon a sgórnach agus bhí sé mar a bheadh sé ag iarraidh na
deóra do chosg.


L. 16


Mar Ghaedheal agus mar Ghaedhilgeóir bhí meas thar bárr aige ar an Athair
Peadar. Gheibheadh sé leitreacha uaidh go minic. Litir amháin, is cuimhin
liom, ba dh'é freagra an Athar Peadar ar na daoinbh a chuireann milleán
ar shagartaibh toisg gan seanamóirí a thabhairt as Gaedhilg. Thugaidís,
dubhairt an t-Athair Peadar, na seanamóirí as Gaedhilg an fhaid is nár ghlac
na daoine mar mhasla iad, ach tháinig am is do thosnuigh na daoine ar bheith
ag rádh: "Does Fr. - think we don't know English?"



Ana-cháirde ab eadh an bheirt. Agus an t-Athair Ó Ríordáin ar leabaidh
an bháis féin do gheibheadh sé leitreacha uaidh agus corr-dhán beag Gaedhilge
istigh ionnta. Deireadh sé go minic gur iongantach an méad oibre a bhí déanta
ag an Athair Peadar, gur míle truagh gan é bheith níos óige, gur chóir a chuid
scríbhinni a bheith mar shompla leis an nua-Ghaedhilg toisg gurabh é an t-aon
scríobhnóir amháin é a raibh dhá bhuaidh an tsár-ughdair aige .i. - togha
na Gaedhilge ón gcliabhán, agus togha oideachais agus scoláireachta air
chomh maith.



I gcúrsaibh poilitíochta bhí an t-Athair Ó Ríordáin ar éin-intinn le
muintir Shinn Féin ins na rudaibh prinsiobálta. Ba mhian leis saoirse na
hÉireann agus ba chuma leis i dtaobh na himpreachta. Maidir leis an
gcogadh, is cuimhin liom a thuairim air do chloisint lá tar éis an dinnéir ag
sean-tigh ósda úd an Choncordia a bhfuil aithne ag gach Rómhánach air agus
ar a thighearna 'Checco. Ropairí a bhí ar gach taobh, dar leis an Athair
Ó Ríordáin, agus iad ag cur daoine ab fhearr ná iad féin amach chun báis
d'fháil agus iad féin 'na suidhe go sona, sásta sa mbaile.



I gcúpla mion-rud, ámh, ní raibh sé ar éin-intinn le furmhór mhuintir
Shinn Féin. Bhí, mar shompla, meas thar barr aige ar Dhomhnall Ó Chonaill,
"an t-aon Éíreannach amháin," adeireadh sé, "ar a bhfuil eolas ar mhór-roinn
na hEorpa." Ní raibh meas mór aige ar Pharnell. "Ba thruagh," ar seisean,
lá, "nár mhair Parnell bliain eile, óir ansin do déanfaoi dearmad de. Ba
dh'é a bhás do choinnigh a chuimhne beó. Rinne an bheirt Réamonnach
a lán chun a chuimhne do choinnéal beó agus ba chosamhail le saghas Nemesis
a tháinig ortha féin le goirid." "An dream nua," ar seisean an uair chéadna,
"De Valera agus a mhuintir, gan amhras is mór an éirim aigne atá aca, ach
níl fhios agam conus a chríochnóchaid. Tá eagla orm go n-éireóchaidh leis
na Gallaibh iad a spreagadh chun an chúis do phlé leis an lámhláidir, agus
ansin... Tuigim go maith iad a staonadh ó dhul go Westministir fe
láthair, ach ní thuigim cé an fáth a ndéanfaidis geall gan é do dhéanamh amach
anseo béidir. Pé in Éirinn é, tá an geall déanta anois agus ní mór seasamh
leis. Caithfe siad fanamhaint anois féachaint cad a dhéanfaidh an tSeanaid


L. 17


Mheiriceánach. Dá mb' fhéidir le hÉirinn an méad saoirse d'fháil atá, cuirim
i gcás, ag Talamh an Éisg, do leanfadh saoirse iomlán é go nádúrtha, óir is
soiléir óna lán comharthaí go dtuitfidh impreacht na Sasannach as a
chéile, laistigh de fiche bliain is dócha."



Togha sagairt dob' eadh é, agus ba mhaith a dheineadh sé a ghnó féin .i.
adhbhar sagart d'ullmhú. Maidir le oideachas na cléire, ní raibh aon mheas
mór aige ar an slí i n-ar ghnáth é do cheangailt des na Iolsgoileannaibh in
Éirinn fé láthair, ná ní raibh meas aige ar an B.A. agus an M.A. a thagann
don chléir as an gceangailt sin. Chreid sé go raibh oideachas cléire na hÉireann
i bhfad ní b'fhearr ar an sean-tslí, go háirithe i dtaobh foghluma na fealls-
amhnachta, agus go bhfillfí ar ais am éigin ar an sean-tslí sin.



Ach is lena shompla féin is mó thugadh sé teagasg agus béas-mhúineadh
dos na hadbharaibh sagart a bhí faoi, lena lághacht agus lena chráibhthacht,-
go mór-mhór leis an bhfoighid do thaisbeáin sé i dtinneas géar fada - "Pean-
naid iseadh é, peannaid," ar seisean lá agus mion-gháirí bhrónach air. I
bhfochair na naomh go raibh a anam.



Eric Mac Fhinn.



An Clog.



Binn liom clog an tséipéil
Istoidhche nuair chraelann dúinn
Árdú Íosa os comhair na ndaoine
I gcoim ceo soillse is túis.



Binn liom clog an tséipéil
Dá bhithin go sgéidheann uaim
Gach sean-iarsma amhrais smaointe
Is go dtógann mo chroidhe-se suas.



L. S. Gogan.


L. 18


Ag Marcaidheacht.



(Ó Fhraincis Ghuy de Maupassant).



Daoine bochta ab eadh iad agus bhíodar ag maireachtaint ar an méid
airgid a bhí an fear a thuilleamh. Do rugadh beirt chloinne dhóibh
ó phósadar agus dá bhoichte a bhíodar ar dtúis, ba sheacht measa anois iad,
cé gur dhineadar a ndícheal gan a mbochtaineacht a theasbáint don tsaol
mar a dheineann na huaisle go léir.



Do rugadh agus do tógadh Hector de Gribelin ar an dtuaith i gcaisleán
a athar agus fuair sé a chuid léighinn ó sheana-shagart. Ní raibh a mhuintir
saibhir, ach mar sin féin bhí deallramh an tsaibhris ortha.



Ansan, nuair a bhí sé fiche bliain d'aois, fuaireadh post do in Oifig an
Chabhlaigh agus do thosnuigh sé ina chléireach ar thrí fichid púnt sa mbliain.
Do briseadh é ar an gcarraig sin go mbristar gach éinne ná hullmhuightar
as a óige chun cogaidh chruadha an tsael seo. Chíon siad an saol mar a
bheadh trí sgamal. Ní thuigean siad an comhrac atá rómpa ná conus is
fearr buachtaint ann toisc nár múineadh ceard speisialta dhóibh a chuirfeadh
in oiriúint don tsaol iad, a neartoghadh chun an chomhraic iad agus a
chuirfeadh arm no úirlis ina lámha acu.



Do luigh an chéad trí bliana a thug sé san oifig go trom air. Fuair sé
amach cúpla seana-chara dá mhuintir ansan, daoine den seana-dhéantús a
bhí chomh bocht leis féin. Bhíodar ina gcomhnuidhe isna sráideanna
dorcha de St. Germain, agus mar sin bhí cuideachta anois aige.



Na sean-uaisle seo, lán d'uabhar agus de bhochtaineacht, bhíodar
gearrtha amach ar fad ón saol, anáirde ina seomraí i mbarra na seana-thighthe.
Ní raibh éinne acu ná raibh ina thighearna nú ina dhiúc, ach chomh fada
le hairgead, bhí sé gann ag an té ba shaibhre acu.



An treibh seo a bhí tamal go hárd sa tsaol, ach a bhí tuitithe anois trí
mheatacht na bhfear, ní raibh éinní ina gceann ach a seana-réim, ná aon
chúram ortha ach conus iad féin a sheachaint ar a n-uaisleacht a chailliúint.
Ina measg so do bhuail cailín le Hector, cailín uasal ach bocht mar é féin,
agus do phósadar. Do rugadh beirt chloinne dhóibh i gceithre bliana.



Ar feadh cheithre bliana eile do lean an líon tighe seo 'á chiapadh ag
an ndealbhas, gan de chaitheamh aimsire acu ach bhalcaereacht isna Champs
Elysées Domhnaí, agus oidhche no dhó san amharclann i rith an
gheimhridh nuair a gheibhdís ticéad in aisge ó dhuine mhuinteartha éigin.



Ach tháinig bliain, agus ag déanamh amach san earrach do tugadh obair
speisialta do Hector le déanamh agus do fuair sé dhá púint déag breise as.


L. 19


Nuair a fuair sé an t-airgead dubhairt sé lena mhnaoi, "A Henriette, a
chroidhe, caithimíd tabhairt amach éigin a bheith againn, turus a thabhairt
dos na leanbhaí, abair." Agus t'réis an sgéal a shuatha go maith, do
socruigheadh ar thurus a thabhairt fén dtuaith.



"Im briathar," arsa Hector, "ó b'annamh linn é, tógfaimíd cóiste dhuit
féin agus dos na rudaí beaga agus beidh capall iallaite agam féin. Déanfaidh
sé maitheas dom."



Ar feadh na seachtaine níor labhradh ach ar an dturus.



Gach tráthnóna, ar theacht abhaile ón oifig, bheireadh Hector ar an
mac ba shine agus do chuireadh sé ar leatha a dhá chois ar a ghlúin é agus,
'á chaitheamh anáirde ar a dhícheall do, deireadh sé leis: - "Mar sin a bheidh
do dhaid Dé Domhnaigh seo chughainn ar an dturus, ar cos anáirde."



Agus gach aon lá do leathadh an garsún é féin ar na cathaoireacha agus
do tharaigigheadh ar fuaid an tseomra iad 'á rádh:



"Seo mo dhaid ar mhuin chapail." D'fhéachadh an cailín aimsire féin
go hiongantastúil ar a máistir 'á chuimhneamh di go dtionnlacóghadh sé an
cóiste ar mhuin chapail, agus le linn gach béile do bhíodh cluas uirthi ag
éisteacht leis ag cuir síos ar a fheabhas chun marcaidheachta bhí sé agus ag
eachtraí ar laetheanta a óige i gcaisleán a athar fadó. Dob é fuair an oiliúint
mhaith. Faghadh sé an capal idir a dhá chois agus níor bhaol do éinní.



Ní théidheadh aon laga air ach ag rádh lena mhnaoi le buala bas:



"Dá bfaghainn capal deacair a mharcaidheacht b'é b'fhearr liom. Chífeá
conus a mharcóghainn é agus, más maith leat, tiocfaimíd abhaile trí sna
Champs Elysées nuair a bheidh na daoine ag fille ón gcoill. Nách sinn a
dhéanfaidh an teasbána! agus níor mhiste liom duine éigin ón oifig a bhuala
liom. Níor bheag an méid sin chun meas a bheith acu ort."



An sprioc-lá, tháinig an cóiste agus an capal iallaite in aonacht chun
an doruis. Tháinig Hector anuas láithreach chun an chapail a scrúdú. Bhí
iallacha leathair fé bhun bonnuíocha a bhróg aige ag fásga bun a threabhsair
anuas, agus é ag fuiseáil le fuip a cheannuigh sé iné roime sin.



Do thóg sé cheithre cosa an chapail i ndiaidh a chéile 'á mbraith. Do
bhreithnigh sé a mhuineál agus a chliathain agus a speireacha, do chuir a
lámh thar na cheathramhna, d'oscail a bhéal agus d'iniúch a fhiacla a rádh
an t-aos a bhí sé. Agus le linn don líon tighe go léir gabháil anuas, do thug
sé seanamóin bheag uaidh ar gach a mbainean le capal, agus leis an gcapal
san go spesialta, 'á rádh gur cheann toghtha é.



Nuair a bhí gach éinne socair istig sa chóiste, do thástáil sé na giortaí;
d'eirig anson ar cheann des na stíoróipí agus do tháinig anuas chomh trom


L. 20


san ar mhuin an chapaill gur chuir sé ag damhsa é sa tslighe is gur dhóbair
é féin a leaga.



Do chuir san Hector beagán trí na chéile agus do thug sé fé é chiúnú.



"Bhaoi! a chapailín, bhaoi! adeirim leat." Nuair a bhí an capall
curtha chun suaimhnis aige agus é féin ceartuithe san iallait d'fhiafruigh sé:



"Bhfuil gach éinne ullamh?"



D'fhreagruighdar go léir d'aon ghuth:



"Táimíd."



Ansan do thug sé an t-órdú:



"Chun bhóthair!"



Agus do ghluais an marcra leo.



Is air a bhí féachaint gach éinne. Dhein sé sodar ar chuma na Sasanach,
ag eirghe go háiféiseach as an iallait. Níor thúisge anuas san iallait arís é
ná b'iúd leis anáirde arís mar a bheadh sé chun léim a thabhairt san aer.
Tamalacha, ba dhóigh leat go dtuitfeadh sé ar a bhéal is a fhiacla ar mhuing
an chapaill. D'fhéach sé amach roimis go díreach gan cor as a cheannaithe
agus dath mí-lítheach ar a aghaidh.



Níor chuaidh aon stad ar a mhnaoi agus ar an gcailín feadh na haimsire
ach ag rádh leis na leanbhaí a bhí ar a nglúine acu:



"Féachaig bhur ndaid!"



Bhí gach aon bhéic ag an mbeirt gharsún mar d'eirig an ghluaiseacht
agus an t-aer glan agus an t-áthas sa cheann acu. Do chuir san sgeón sa
chapal agus as go brách leis ar cos anáirde. A d'iarraidh é stop don marcach
do thuit a hata dhe ar an dtalamh. B'éigean don dtiománaí teacht anuas
den gcóiste agus dul ag triall air do. Agus nuair a bhí sé fachta aige do
ghlaoidh sé i leith ar a mhnaoi 'á rádh: "Ná leig do sna leanbhaí bheith
ag béicig mar sin, maran maith leat an capall a rith liom ar fad.



Do chaitheadar an lón ar an bhféar i gcoill don Vésinet, mar do thugadar
biadh leo sa chóiste.



Ar a shon go raibh an tiománaí ag tabhairt aire mhaith do sna trí capail,
níorbh fholáir le Hector beith ag eirghe gach re nóimeat chun dul ag féachaint
i ndiaidh a chapail féin ar eagla go mbeadh éinní uaidh. Chimiligheadh sé
a lámh dá mhuineál ag tabhairt aráin agus cístí agus siúicre le n-ithe dho.



"Tá sé go diail chun sodair. Do bhain sé suatha beag asam i dtosach,
ach má bhain, chonnaicís nárbh fhada an mhoill orm dul ina thaithí. Ach
aithnighean sé an máistir agus beidh sé mín a dhóthain feasta."


L. 21


Do thánadar abhaile trí sna Champs Elysées mar a socraigheadh. Bhí
an bóthar mór leathan ina bheathaidh le cóistí, agus ar dhá thaobh an
bhóthair bhí na daoine chomh tiugh san gur dhóigh le duine gur dhá ribín
dhubha iad 'á leatha féin ón Arc de Triomphe go dtí an Place de la Concorde.
Bhí gléas is na cóistí, i ngabháil na gcapal agus in órnáidí na gcaráistí ag an
spalla gréine. Bhí aon ghluaiseacht mheidhreach anamúil amháin fén sgata
mór son de dhaoine, de chóistí agus d'animhithe mar a bheidís ar meisce age
breáthacht an tsael. Agus ansúd thíos d'eirig an Obélisque as ceo óir.



T'réis gabháil thar l'Arc de Triomphe dóibh, do tháinig spreang ar
chapal Hector, agus siúd leis trí sna cóistí agus siubhal nimhe fé i dtreo an
stábla, d'aimheoin ar fhéad a mharcach a dhéanamh chun é chosg.



Do fágadh an cóiste i bhfad siar. Os coinne an Palais de l'Industrie
amach, do chonnaic an capal go raibh sgóp aige agus d'iompuig chun na
láimhe deise agus as go brách leis ar cos anáirde.



Bhí seana-bhean agus aprún uirthi ag gabháil trasna na sráide ar a
suaimhneas; rángaigh sí díreach sa tslí ar Hector agus é ag teacht ar nós na
nimhe. Nuair a fuair sé ná féadfadh sé aon cheart a bhaint dá chapal, do
thosnuigh sé ar bheith ag liúirig in árd a ghotha, "Hé, Hé, anson!" Is
dócha go raibh sí bodhar, mar do lean sí dá siubhal go deas, socair go dtí gur
bhuail an capall í, agus siubhal traenach fé. Do tógadh léi, a cótaí san aer
aici, agus buaileadh drom thar n-ais í fiche éigin slat ón áit.



Do liúigh gach éinne:



"Stopaig e."



Bhí Hector leath as a mheabhar, greim an fhir bháite aige ar mhuing an
chapail agus é ag glaoch ar chabhair. Do tháinig pílear amach ina choinne,
do stad an capall suas agus do caitheadh an marcach ar chuma an urchair
amach idir a dhá chluais agus isteach i lámhaibh an phílir. Ar an bpuínte
bhí sgata daoine tímpal ortha, ag geáitseáil agus ag béicig le buile.



Thar gach éinne bhí sean-uasal ann go raibh strán ceart air. Bhí
croiméal mór bán air agus órnáidí ar a chasóig. Deireadh sé arís agus arís
eile: "H'anam an dial! éinne atá chomh tútach san, ba cheart do fanacht
age baile agus gan a bheith ag marbhadh na ndaoine ar an sráid nuair ná
féadan sé capal a mharcaidheacht."



Tháinig ceathrar fear ansan agus an tseana-bhean acu 'á iomchur eatortha.
Bhí cuma an bháis uirthi, dath báiteach bán ar a haghaidh, a hata ar fiar
sgeó agus í féin lán do shmúit.



"Tugaig an bhean san go dtí poitigéaraí éigin" arsa an seanduine uasal,
agus téimís-na ag triall ar cheann na bpílears."


L. 22


Do ghluais Hector agus pílear ar gach taobh do. Bhí pílear eile i mbun
an chapail. Do lean an sluagh iad; do tháinig an cóiste i radharc ansan.
Do chaith bean Hector í féin amach as an gcóiste; do chaill an cailín aimsire
a ceann; do sgread na rudaí beaga.



Do mhínig Hector dóibh gurb amhla bhí sé ag teacht abhaile nuair a
leag sé bean, ach nárbh fhiú biorán is é. D'imthighdar leó trí na chéile.



Bhí an ceistiúchán sa bhearraic gearra. Thug sé a ainm uaidh, Hector
de Gribelin, cléireach in Oifig an Chabhlaigh. B'éigean fanacht le sgéala ón
mnaoi ghortuithe ansan. Do tháinig pílear agus tuairisg aige. Bhí sí
tagaithe chúichi féin, ach bhí ana-phian uirthi laistig, adubhairt sí. Bean
nigheacháin ab ea i, chúig bliana agus trí fichid d'aois, agus Mme. Simon
ab ainm di.



Nuair a fuair Hector ná raibh sí marbh, do tháinig misneach do agus do
gheall sé go ndíolfadh sé as í leigheas. Do rith sé leis go dtí siopa an
phoitigéaraí ansan. Bhí sluagh daoine as coinne an duiris; bhí an bhean
chóir ina cnap i gcathaoir mhóir istig, gach aon chnead aici, a dha láimh siar
síos léi agus cuma an mhairbh ar a haghaigh. Bhí dhá dhochtúir ag gabháil
di. Ní raibh aon chnámh briste, ach bhí eagla ortha go raibh rud éigin
leonta laistig.



Do labhair Hector.



"Bhfuilean tú ag fulag puinn?"



"Ó, táim."



"Cén áit?"



"Tá mar a bheadh teine istig im bolg." Tháinig dochtúir.



"An tusa, a dhuine uasail, fé ndeara an chinniúint seo?"



"Is me."



"Caithfar an bhean so a chur go tigh sláinte; tá fhios agam-sa ceann
mar a dtógfar í ar sé sgilling is ló. Ar mhaith leat me 'á shocrú dhuit?"



Ba mhór an suaimhneas aigne do Hector an méid sin a chlos. Do
ghaibh baochas leis ó chroidhe agus d'imthig leis abhaile go háthasach.



Bhí a bhean ag sileadh na ndeor roimis; do chuir sé chun suaimhnis í.



"Ní fiú biorán is é. Tá feabhas uirthi cheana féin; ní bheidh a rian
uirthi i gcionn trí lá. Táim t'réis í chur go tigh sláinte; ní fiú biorán is é."



Níorbh fhiú biorán is é!



Lár na mháireach, ar fhágaint na hoifige dho, d'imthigh sé ag cur tuairisge
Mme. Simon.



Fuair sé ag ithe phraisge feola í ar a sástacht.



"Sea?" ar seisean.


L. 23


D'fhreagair sí é.



"O, mar a chéile, a dhuine uasail. Braithim me féin leath-mharbh.
Ní raghaidh aon fheabhas go deo orm. Dubhairt an dochtúir go gcaithfí
bheith foidhneach, ná feadair éinne cad a thiocfadh as."



D'fhan sé trí lá gan teacht, ansan do tháínig sé.



Bhí an tseana-bhean, cuma na sláinte uirthi agus a súil go haibig, agus
do chrom sí ar bheith ag gearán go dóite nuair a chonaic sí chúichi é:



"Ní dhéanfad aon mhaith go deo, a dhuine uasail, ní dhéanfad san. Ní
thiocfa mé uaidh go ragha mé in úir."



Do ghluais na creathaí ar fuaid cnámha Hector. Do chuir sé fios ar
an ndochtúir. Do leath an dochtúir a dhá láimh:



"Cad is féidir dúinn a dhéanamh? Ní fheadar-sa. Béicean sí nuair a
cuirtar chun í thógaint aniar. Ní féidir a cathaoir féin d'aistriú gan í 'chuir
liach aisti. Ní mór dom í chreideamhaint; ní fheaca-sa a taobh istig. Ón
uair ná feaca ag siubhal í níl sé ceart agam a rádh go bhfuil an t-éitheach
aici."



D'fhan an tseana-bhean ag éisteacht leo, gan cor aisti, agus súil an mhada
ruaidh aici ortha.



D'imthig seachtain, coigthíos, mí. Níor fhág Mme. Simon a cathaoir.
Ní théidheadh aon laga uirthi ó mhaidin go hoidhche ach ag ithe; do thuit
sí chun feóla, labhradh sí go hanamúil leis na hothair eile, agus do dheallruig
bheith sásta lena socracht i leith is go raibh an méid sin tuillte aici t'réis deich
mbliana is dachad a thabhairt ag gabháil síos suas staighrí, ag iompáil tochtaí
leabtha, ag iomcur guail ó úrlár go húrlár agus ag sguaba agus ag glana.
Bhí Hector leath as a mheabhair. Thagadh sé 'á féachaint gach aon lá.
Gach lá do bhíodh sí roimis go socair, suaimhneasach agus deireadh leis.



"Ní dhéanfa mé aon mhaith go deo, a dhuine uasail, ní dhéanfad san."
Gach aon tráthnóna d'fhiafruigheadh Mme. de Gribelin, lán d'imshníomh:



"Agus Mme. Simon?"



Agus gach aon uair d'fhreagruigheadh sé le dobrón agus le mi-dhóchas:



"Mara chéile, mara chéile díreach."



Do cuireadh an cailín aimsire chun siubhail; níor féadadh a tuarastal a
dhíol. Spáráladar ins gach aon tslí ab fhéidir. Bhí an t-airgead breise go
léir caite. Do fuair Hector ceathrar do sna dochtúirí ba mhó cáil agus do
thug leis iad ag triall ar an seana-mhnaoi. Leig sí dhóibh í sgrúdú, í
bhreithniú agus í iniúcha, ag féachaint ortha feadh na haimsire le súile glioca.



"Caithfar í chur ag siubhal," arsa dhuine acu. Do sgread sí:



"Ní fhéadfainn é, a dhaoine uaisle, ní fhéadfainn, a mh'anam."


L. 24


Do rugadar uirthi ansan, d'árduighdar agus do tharaigighdar leo ar feadh
cúpla ciscéim í, ach do shleamhnuigh sí as a lámha agus do thuit ina pleist
ar an úrlár agus gach aon sgréach uathbháis aici sa tslí is gur thugadar thar
n-ais chun a cathaoireach í le haireachas as le mór-chúram. Do thugadar
tuairim dhiscréideach 'na taobh, 'á rádh, ámhthach, ná féadfaí í chur ag
obair.



Nuair a thug Hector an sgéal so abhaile chun a mhná, do thuit sí ina
cnap sa chathaoir.



"B'fhearr í thabhairt anso," ar sise de ghlór bhriste, "ní bheadh sé chomh
costasach orainn."



Do léim Hector.



"Anso, - againne, - an dáríribh a taoi'n tú?" Agus d'fhreagair sí
mar ba chuma léithe gach éinní feasta, agus na deora lena súile aici:



"Pé ní is fearr leat féin, a dhalta, ní mise fe ndeara é."



Sinéad Ní Chiosáin.



Persicos Odi, Puer, Apparatus.



A ghiolla, is fuath liomsa gnás
An domhain toir 's a fhleasga bláth,
Ná cuarduigh cá bhfuil rós i dtráth
I ndeire bliana;



Ach cuir id' fholt an myrtal séimh
A's ar mo chionn, gan puinn le taobh,
Is leor dom san im shuidhe fén gcraobh
Le corn fíona.



Pádraig de Brún.


L. 25


Eachtra Beirte.



Feadhmanas i gContabhairt.



Bunaire eile chúcha an lá so. An Rev. Alexander A. Beardsall, an
fear léigheanta úd go bhfuil a ainm agus a chlú leathta ar fuaid na
tíre seo mar gheall ar a árd-réim i gcúrsaí séipéilíochta imeasg na gCailbhíneach,
agus fós mar gheall ar a ndeineann sé chun cúis na Cumannachta do chur
ar aghaidh i bhfos. Fear na cainte réidhe buige, fear na bhfocal so-thuigthe,
fear an bheacht-mhínithe... ach an lá so féin is ar éigin d'fhéad sé
ar dtúis, dhá fhocal do chur le chéile agus ciall bheith leo.



Beirt aintíní a bhí dhá chrádh, nú airgead na n-aintíní, nú an t-airgead
agus na haintíní. Níor tuigeadh puínntí a sgéil ach de réir a chéile.



Ach na haintíní seo. Is amhlaidh a bhí an Rev. Alexander ag brath air
go bhfaghadh sé a gcuid airgid lá éigin mar fheadhmanus, ach gan fearg ná
diombuadh do chur ar na mná uaisle. Níor nós leis dul ar cuairt chúcha.
Ní fheaca sé iad le fiche bliain. Ach 'sé a bhí go maith chun na leitreacha
deasa, mil-bhriathracha úd do chur chúcha ó am go ham - óir níl aon rud is
mó a thaithneann le mnáibh den tsaghas san ná na nótaí deasa úd a stiúruigh-
eann ar bhealach na n-árd smaointe iad agus a thráchtann thar rudaí ná
tuigeann siad ar chuma go méaduightear meas ar an sgríbhneóir. Beathuigh-
eann na bréithre na bráithre sa tír seo ach go háirthe.



Agus níorbh iongna cion agus grá bheith ag na haintíní dá ngar-mhac
Alexander, gan na nótaí d'áireamh, agus an onóir phuiblí agus an meas a
fuaireadar toisg an ghaoil a bhí acu leis an bhfear cáiliúil sin. Ach ní go maith
a thaithn sé le Alexander bocht an chuma 'na raibh an grá agus an cion tagaithe
chun baile dho an lá do bhuail sé isteach chun ár mbeirte.



"Leitir do fuaireas," ar sé, nuair do tháinig a ghlan-chaint do fé dheoidh,
"óm aintin Ermyntrude atá i bPreston, agus leitir eile óm aintín Cynthia
atá i Chester. Ní shásóidh an saol éinne acu ach mé do dhul ar cuairt
sheachtuine chúcha. Ach sí an tseachtuin chéadna atá i gceist acu araon.
Bheadh eagla orm dul go Preston agus Cynthia d'eiteach, agus ní lugha ná
soin an t-eagla a bheadh orm an chéad turus do thabhairt ar Chester. Dá
sásóinn éinne acu, do thiocfadh formad ar an nduine eile, agus sin leath den
fheadhmanus caillte go deo agam. Acht mar bhárr ar a bhfuil den donus
orm caithfead bheith in áit éigin eile mar a bhfuil an t-airgead-síos le fáil
as obair an chreidimh agus as ghnó a bhaineann le feabhsú an phobuil.
Caithfear muintir na dtrí mball do shásamh, agus sin é díreach an gnó atá
agam díbhse."



D'fhan sé 'na thost ar feadh tamaill. Tamall é sin d'ar oir an discréid,
ach bhí aimsir an deithnis ag teacht. An ministeir ag caint arís.


L. 26


"S'é atá uaim," ar seisean, "ná go raghadh duine agaibh-se go Chester
agus an duine eile go Preston. Éadaí ministéir oraibh agus m'ainm féin do
chur ar gach duine agaibh go ceann seachtuine. Ó, ní gá dhíbh aon eagla
bheith oraibh. Ní aithneófar mar lucht bréigreachta sibh. Ní fheacadar
soin me le fiche bliain. Seo dhíbh anois dhá chúntas ar sgéal mo bheatha-sa,
dhá chur síos ar chreideamh na gCailbhíneach, agus sa mhála seo gheobha
sibh dhá chulaith mhinistéir. Is féidir libh dul ann amáireach ach costas
an turuis do bheith agaibh. Seo dhíbh an costas soin agus aguisín."



Anois acu aimsir an deithnis i ndáiríribh, ach do ghéilleadar do, agus,
nuair a bhí sé imthithe, do roinneadh an t-aguisín eatortha ar a seana-nós,
é chur ar na cártaí.



Cúpla lá 'na dhiadh soin do shuidh bean uasal i Warrington síos chun
a breicfeásta. Bhí trí leitreacha os a comhair amach agus d'aithin sí an
sgríbhneóireacht ar gach clumhdach. An chéad cheann ó Phreston, óna
drifiúr Ermyntrude 'á rádh léi go raibh gach sgéal dob iongntaí ná a chéile
aici dhi:



"Ár ngar-mhac dílis féin, an Rev. Alexander, atá ar cuairt agam, a laogh,
taréis na mblian bhfada go léir. Agus ní chreidfá ach a dheise is a ghéar-
chúisí atá sé. Éirim aigne a theipfeadh orm a chur síos duit. Deigh-bheasa
"seacht nglún na huaisleachta" aige, agus 'na theannta soin go leír, ní fheacaís
riamh fear is dílse creideamh ná é. Is éachtach ar fad é a chion ar an mbocht
agus ar an ndealbh, agus isé a thuigeann go cruinn iad. Shamhlófa gur 'na
measg do chaith a shaol, agus do chaithfinn an oidhche ag cosaibh an Ghamao-
luil seo agus é ag cur 'na luighe orainn ár ndualgas i dtaobh ár maoin do riaradh
ar bhochtaibh. Agus óra, a laogh, do tháinig trua agam duitse. Tú at aonar
ansoin agus é seo go léir agam-sa. D'fhoghluimeas mo cheachtanna, agus
bead féin agus Alexander chughat ar cuairt maidin amáireach! Beimíd
agat ar a haondéag..."



An tarna leitir, do tháinig sí ó Cynthia agus gan de dhifir idir an sgéal
so agus an ceann eile ach focail a innste agus an ceangal adubhairt go raibh
sí sin le bheith ann an lá céadna ar leath-uair taréis a haondéag agus go mbeadh
Alexander ag teacht 'na teannta!



"Is do-thuigthe é seo," ars'an bhean, "ach deallruigheann sé go bhfuil
sult éigin le fáil indiu," óir bean shuilt ab eadh an bhean so ó ghaethibh a súl
go rinnce a cos.



Do mhéaduigh an tríomhadh leitir ar an iongnadh a bhí uirthi cheana,
oir, on ngar-mhac féin do tháinig sí 'á innsint di gur thárla dho gnó éigin do


L. 27


bheith ar siubhal aige i Warrington agus go raibh sé chun cuairt do thabhairt
ar a tig ar a dó dhéag!!



"Ní foláir," arsa bean an tsuilt, "nú méadófar ar chlú Alexander agus a
rádh go dtáinig sé go Warrington ó Phreston agus ó Chester agus fós ó Liverpool
san am gcéadna. Ní fada go n-árdófar brat ar an ndráma so, ámhthach.
Tá sé a haondéag anois agus sin tacsmhótor ag an ndorus."



Dob fhíor di. Do thúirling beirt den mótor, bean uasal agus ministéir.
Do leogadh isteach iad agus do chuir bean an tighe fáilte rómpa. Do theoruigh
sé an ministéir, Pádraig Ó hAirt, isteach sa phárlus agus do thionnlaic sé
an drifiúr suas a staighre go dtí na seomra féin.



Do chaith an bheirt leath-uair a chluig ag caint, sé sin le rádh go raibh
an cuairteóir ag caint go ceann leath-uaire a chluig ar thréithibh agus ar
bhéasaibh an óigfhir a bhí tagaithe lena cois. Ach focal níor labhair bean
an tighe le heagla go loitfí a raibh de shult roimpi.



I gcionn na leath-uaire do thainig tacsmhótar eile. Bean usual agus
ministéir eile ann. Do fáiltigheadh rómpa soin leis agus do cuireadh Mícheál
so againne isteach sa phárlús. Do dearmhadadh an dá mhinistéir do chur
in aithne dá chéile! Do treoruigheadh an bhean usual go dtí seomra mná
an tighe.



"Go deimhin," arsa Ermyntrude taréis céad iongna na beirte bheith
curtha dhíobh, "go bhfuil togha an iongntais agam duit thíos, ach ní neosad
duit cadé féin go bhfeicfir é."



"Ba dheacair duit," d'fhreagair Cynthia "méadú ar an ollsacht a
chuirfead-sa ort-sa ar ball."



"Cad fé ndear an ollsacht?"



"Innis dom fáth an iongntais agus neosad duit mo sgéal-sa."



"Innis do sgéal-sa ar dtúis."



"Neosad nuair aireód do chúntas-sa



"Ní aireóir go neosair."



"Ní neosad go n-aireód."



Agus do caitheadh leath-uair a chluig eile ar an gcuma soin.



Agus thíos sa phárlus bhí comhrádh eile. Nuair a bhuail an tarna mini-
stéir isteach do bheannuigh sé don duine usual do bhí ann roimis, agus, ar
nós na tíre, dubhairt rud eígin i dtaobh a bhreághthacht do bhí an aimsir.



"Tá eagla orm go mbeidh stoirm againn an ball," ars' an chéad fhear.



"Táid na droch-chomharthaí ann."



"Ní fheaca-sa iad, a dhuine uasal. Cad iad na droch-chomharthaí
iad?"


L. 28


"Well," arsa Padraig, "ní hionntaoibh liom na mná uaisle seo, agus
níor dhein Mícheál Ó Briain riamh ach an botún."



D'aithin Mícheál é...



Buadhann sé orm a gcomhrádh do chur síos as soin amach. Is mó rud
adeireann ár mbeirt i dteangain na nGall gur fearrde an Ghaedilg gan na
comhfhocail bheith innte. Ach féach gur fearr a tuigfí an rud ná sgríobhtar!



Do dhruid tacsmhótor eile leis an dtig. D'osgail cailín aimsire an dorus
agus isteach sa phárlús an Rev. Alexander féin le línn don chailín a rádh
leis go mbeadh a máighstreás chuige ar ball.



Ní baol ná gur aithin Mícheál an teangbhálaí seo!



"Ní dhéanfainn dabht díot, a dhuine oirmhinigh, ach nárbh fhéidir
dhúinn Hamlet do bheith ar siubhal againn gan tusa a sholáthar na samhailte
dhúinn," ar seisean.



Ach an ministéir bocht! Do chaill sé feidhm na ngéag. Do shéan an
chaint a bhallaí cainte. Do bhí a dhá shúil ar sileadh leis, geall leis, leis an
uathbhás do tháinig air. Ní dubhairt sé pioc. Níor mhothuigh sé ao'rud
go dtí gur mhothuigh sé Pádraig 'á chrothadh agus ag caint leis.



"Seo leat," ar seisean. "Glan amach as so go ceann leath-uaire a
chluig. Comáin leat, tríd an bhfuinneóig, agus ní beag linn a luaithe is
a bheir sa tsiubhal. Tair tar nais i gcionn leath-uaire a chluig."



Do cuireadh an duine bocht tríd an bhfuinneóig amach gan mhoill, seadh,
is gan béas. Do chonnaic na garsúin shráide ag teacht amach é. "Spiaire
Gearmánach," do ghlaodar in árd a ngotha, agus do dheineadar, beart de
réir a dtuairime le é do ghéir-leanúint tré shráideanna Warrington.
Ministéir ag éalódh tré fhuinneóig! Cad eile a dhéanfaidís ach é fhiadhach.



Ach i gcionn leath-uaire a chluig bhí sé saor ón dtóir agus tháinig sé tar
nais don tigh. Do leogadh isteach é. Do treoruigheadh isteach sa
phárlús é, agus é i ndeire a anma le heagla roim a raibh roimis. Níor thúisge
istigh é 'na gurbh fhearr leis bheith amuigh arís. Do léim triúr ban chuige.
Do ghabhadar é. Greim daingean ag duine ar chasóig air. Greim ní ba
dhaingne ag duine eile ar chluais air agus an greim ba dhaingne ag an
dtríomhadh duine ar ghruaig a chinn air. Do throid sé le gach neart a bhí
fanta aige tar éis an reatha, acht do buadhadh air. Do brúghadh síos go
talamh é, agus a thriúr céasadóirí anuas air. Bhí sé sáruithe, traochta.



"Tá sé agam" do sgread bean fhiadhain díobh. Do chaith sí a dhá
láimh timcheall air. D'aireófaí faid míle ó bhaile fuaim na dtrí bpóg do
thug sí dhó. Ansoin chuige an tarna bean agus dob fhuaimní a trí póga soin.
Do ghéill Alexander don tríomhadh tóruí, gan troid gan gleic.


L. 29


Nuair a tháinig ár mbeirt cháirde as na trithibh gáirí a bhí ortha, do
thosnuigh Pádraig ar an sgéal do mhíniú. Níor dhearmhaid sé an deithneas
ná an discréid.



"Mise atá cionntach, a bhráthair," ar seisean, "sa bhotún a deineadh.
Tá párdún fachta agam ós na mnáibh uaisle seo. Do mhathúnachas atá
uaim anois.



"Ón gcéad lá bhíos im rúnaidhe agat do chuireas árd-shuim ionnat agus
it ghnóthaibh. Agus nuair a osgluigheas na leitreacha a tháinig chugat ó
sna mnáibh uaisle seo 'á iarraidh ort dul go Preston agus go Chester san am
gcéadna, do thuigeas conus a luighfeadh sé ar do chroidhe do ghnó sár-thairbh-
each anso do chur ar an méir fhada agus géilleadh dod dhea-chroidheacht
ghnáthach d'fhonn do ghrá dod aintíní do dheimhniú os comhair an tsaoghail.
Ach conus a raghfá sa dá áit, Preston agus Chester, san am gcéadna? B'in é
do bhuaidh orm, agas do bhuadhfadh sé ortsa leis dá leogainn duit tabhairt
fé. Ar mhí-ádhmharaí an tsaoghail do dheineas féin iarracht ar é shocarú
dhuit. An toradh... é seo... ach táim ag brath air go maithfir
dom é toisg gur dheineas... an rud do dheineas... ar son
an ghnótha thairbhigh, don chreideamh agus don phobul, a bhí ar láimh
agat. Mo ghrá dhuit féin agus m'imshníomh tímpal do ghnótha fé ndear
é go léir."



Agus ba dheas mar do mhaith sé dho é!



"Ní fiú biorán buí agus an botún, a bhráthair. Óir feach gurab é deire
an sgéil agam é go bhféadfad leanúint ar an ngnó agus fós comhluadar agus,
b'fhéidir, congnamh na n-aintíní seo bheith agam leis. Ní mathúnachas a
thuillean tú ach baochas, agus tá soin agat ó chroí uaim."



"Agus uaim-se leis," adubhairt gach duine den triúr ban d'aon ghuth.



"Well," arsa Mícheál taréis tamaill, "b'fhéidir gurbh fhearra dhúinn
traen a dó d'fháil go Liverpool..." Do stad sé, óir bhíodar na mná ag
cogarnaigh lena chéile. Pé rud adubhradar do tharuing gach duine acu
leabhrín seice amach agus do tosnuigheadh ar na seiceanna do sgrí'. Do
labhair bean acu.



"Ní ceart," ar sise, "gan comhartha cuimhnimh do bheith agaibh ar
an lá so. Agus ba mhór an congnamh díbh an t-airgead so do bheith agaibh
chun cabhair do thabhairt don bhocht agus don dealbh. Do chuirfeadh
sibh comaoin mhór orainn ach iad do thógaint libh. Ní gá aon bhaochas,
ach iad do ghlacadh. Cad iad na hainmneacha ba cheart a sgrí ortha?"



"Well," arsa Pádraig, gan deithneas, ach le discréid, "dob fhearr liom


L. 30


sa mar chuimhneacháin iad ainm an Rev. Beardsall bheith ortha. D'fhéadfadh
seisean órdú íocaithe do sgrí ortha mar chomartha a lán-mathúnachais."



Agus is mar sin do socaruigheadh é, óir do chaith Alexander gach rud
dob fhearr ná a chéile do rádh i dtaobh a "bhráithreacha" agus gach rud
do dhéanamh de réir a dtola soin.



Níl agam anois ach cur síos ar an sgannal púiblí a tugadh i dtraen a dó
ó Warrington go Liverpool.



Beirt mhinistéir do chuaidh i gcaráiste agus, an gcreidfá é, níor thúisge
'na suí dhóibh ná paca cártaí amuich acu agus iad ag imirt ar a ndícheall,
seadh, agus fíor-airgead 'á sgiobadh ó láimh go láimh acu! Ní haon iongnadh
go ndubhairt bean liom gur airigh sí bean eile 'á rádh nár dhóigh léi gur
mhinistéirí in ao' chor iad. Gur airigh sí iad ag tabhairt "Paddy" agus
"Mick" ar a chéile, agus gurbh é ba dhóigh léi féin ná gur bheirt Shinn
Féinithe iad a bhí ag éalódh ón bpríosún. Agus an t-airgead! Ná fuil fhios
ag an saoghal ór na nGearmánach bheith go flúirseach acu!



An Fáinneach Fáin.


L. 31


L. 33



L. 34


"Tartarin sur les Alpes."



'Sa chéad uimhir den Bhranar do dhineas iarracht ar M. Tartarin de
Tarascon, duine des na daoinibh is taithneamhaí i nua-litríocht na
Fraince do chur in aithne do Ghaolaibh.



Béidir nárbh éin-díobháil a thuile dá eachtráibh do nochta anso.



Nuair fhágamair slán ag Tartarin, bhí sé tar éis fille abhaile ón Aifric,
é féin agus a cheamal, agus bhí muintir Tharascon ag cur fáilte roimis mar
ba cheart fáilte do chur roim dhuine go raibh na céadta leon marbh aige.



Níor ró-fhada sa bhaile dho nuair a thosnuigh cogadh mór na bliana
1870, agus do dhin baile beag Tharascon a chuid féin go cródha agus go
misniúil. Anson, nuair a tháinig aimsir na síochána arís, níor leasc leis na
Tarasconnaigh iad féin do chimeád i dtreó chun cogaidh an díoltais ná
beadh ró-fhada ag teacht, dar leo. Chuige sin do chuireadar cumainn
lámhaigh ar bun, cumainn iomrascála, cumainn choisíochta, cumainn
reatha ráis, agus a lán cumann nách iad. B'é cumann ba mhó clú agus ba
thábhachtaí ortha go leir, ámh, ná an Cumann Dreapadóireachta. An Club
Alpin a bhí mar ainm ar an an gcumann son, ag deánamh aithrise ar an Alpine
Club úd i Sasana go bhfuil a ainm anáirde ar fuaid an domhain do réir Daudet,
de bharr feabhais is cródhachta na ndreapadóirí a bhaineann leis. Ní raibh
de dhifríocht idir an dá chumann ach gur 'na dtír féin a dhineadh an Taras-
connach a éachta in inead dul 'á lorg i dtíorthaibh iasachta. Agus mura
raibh na hAilp le fáil i dTarascon ná raibh na hAilpíní ann, agus ná raibh
beanna ortha san a bhí ó 500 go dtí 700 troighthe os cionn na fairrge!



Dob' é Tartarin do chuir an Club Alpin ar bun agus, ní nárbh iongna,
do b'é Tartarin uachtarán an chumainn. Do bhí an seana-namhaid Costecalde,
fear deisithe na n-arm, é siúd fé ndeara do Thartarin turus na hAifrice a thabh-
airt, ag obair go nimhneach arís, agus bhí gach baol go gcaillfeadh Tartarin
an post onórach san gur chuir sé a oiread suime ann. É do bheith ag dul
in aois agus an leisce do bheith ag fáil ghreama air an dá leath-scéal do bhí
ag a namhaid 'na choinnibh. Do bhí cáirde Thartarin ar a bhfaire amach,
ámhthach, agus níor leigeadh le Costecalde in aisce. Do tugadh rabha don
laoch in am tráth agus, tar éis do a mhachtnamh a dhéanamh, do samhluíodh
do nárbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná imeacht leis agus brat an Chlub Alpin
do chur i mbarr Mt. Blanc, nó, béidir, an Jungfrau. Ní baol go leanfadh
Costecalde dá shompla anson!



Do thosnuigh so láithreach ar é féin d'ollmhú i gcóir na hoibre. Do
chuir sé fios ar na céadtaibh leabhar ag cur síos ar dhreapadóireacht na nAlp.
Do chuir sé fios ar gach saghas gléas dreapadóireachta gur léigh sé trácht
ortha 'sna leabhraibh. Do théigheadh sé ag siubhal ar a dhícheal tímpeall


L. 35


an bhaile bhig, agus tímpeall arís, go dtí gur cheap a cháirde go raibh a mhea-
bhair-chinn ag imeacht. Do bhí saghas báisín uisce sa gháirdin aige, go raibh
bric ruadha ag snámh ann agus do bhí imeall an bháisín sin cúpla órlach
níos aoirde ná an talamh 'na aice. Do chaitheadh Tartarin tamall maith
den lá ag siubhal ar an imeall son - agus ní gan tuitim isteach san uisce uair
nó dhó agus scannra do chur ar na bric d'eirigh leis é do dhéanamh gan tuisle
do bhaint as féin.



Ní raibh lá toghtha Uachtaráin an Chlub Alpin i gcóir na haith-bhliana
ro-fhada uaidh, agus mar sin dob' éigean do Thartarin na hullmhucháintí
do bhrostú. Tháinig an lá sa deire nuair a bhí gach éinní réidh, agus nuair
a bhí Tartarin chun a Tharascon dílis d'fhágaint 'na dhiaidh. Fad ó, nuair
a bhí a thriall fé dhéin na hAifrice, agus na leon, do tháinig an domhan mór,
domhan Tharascon, ag féachaint air, agus ag fágaint sláin aige. An uair
seo, d'imigh sé gan duine ná daonaí chun beannachta do thabhairt do. É féin
fé ndear é. I gan fhios do Tharascon, d'imigh sé, agus gan a rún do leigint
le héinne ach lena sheana-charaid' Bézuquet, an poticéaraí.



Cúpla lá 'na dhiaidh sin gheibhmíd é i mbarr an Rigi-Kulm. Tá sé taréis
an chnuic sin do chur de de shiubhal chos - ba scorn leis teacht anuas ar an
mbóthar iarainn - agus tá sé chomh clúduithe foluithe sin 'na chuid éadaigh
ná fuil le feisgint de ach dual nó dhó dá fhéasóig, agus na spéaclaí móra gorma
atá ag cosaint a shúl ar an sneachta. Tá mála mór ar a dhrom chomh maith
le tuagh ailpíneach; tá maide dreapadóireachta 'na láimh aige; tá beart
téide thairis aniar ar nós bandailiar an ógláigh; agus tá buidéal uisce, crúcai
iarainn, agus a lán giúirléidí eile ar crocha óna chrios.



Má chuireann deallramh Thartarin iongna ar aoidhibh an Regina Montium,
ní lugha ná son an t-iongna a chuireann sé ar Thartarin a leithéid de thig ósta
mór áluinn a fheisgint i mbarr an Rigi, tig ósta go bhfuil solus aibhléise ins
gach seomra ann, go bhfuil gutháin go flúirseach ann agus go bhfuil uisce te
le fáil ann ó cheann ceann na hoidhche, gan trácht ar an ló. Má's mar seo
dos na hAlpaibh, ná beadh sé chomh maith fanamhaint imeasc na nAilpíní?



Ní fearr ná an tigh ósta féin a thaithneann an lucht óstuíochta le Tartarin -
an staraí mór, Astier-Réhu de l'Académie, an Baron de Stolz, sean-Almánach,
Lord Chipendale, ball den Jockey Club agus a ghair-inghean, an t-amhránaí
Iodalach ná fuil focal Fraincise 'na phluic ist-oidhche agus a labhrann í cosúil
le Francach maidean lá'r na mhárach, agus a leithéidí. Teipeann air caint
do bhaint as éinne aca i rith an dínnéir agus cad is fiú biadh gan comhrádh?
Ach eirigheann leis níos déanaí iad go léir do chur ag rinnce idir óg is aosta,
lucht aimsire is aoidhibh.


L. 36


Oidhche amháin do chaith Tartarin ar an Rigi, ach níorbh oidhche gan
eachtra í. Is fiú a léigheamh conus d'fhógair sé teine don tig ósta nuair a
chuala sé an clog mór a ghlaodhann ar chách teacht amach ag feáchaint ar
éirghe na gréine, conus do chuir sé aithne ar an Rúiseach áluinn óg, conus
fuair sé an rabha diamhair ar crocha as a scathán ar maidin ag bagairt bháis
is díoltais air mura n-eirigheadh sé as an dtóir a bhí aige 'á déanamh - rabha
nár thuig sé féin, ní nárbh' iongna.



Sar ar fhág Tartarin an Regina Montium, do chuir sé tuairisc treoruí
mhaith, agus dubharthas leis go raibh a leithéid le fáil ach dul go dtí Séipéal
Liam Tell 'á lorg, rud do dhin ár gcara go lán-toilteannach mar do bhí Tell
ar an laochaibh ba mhó a thaithn leis riamh. Ní deacair a thuisgint, mar
sin, cadé mar déistin a bhí air nuair cuireadh in úíl do, i Séipéal Liam Tell
féin, ná raibh a leithéid ann riamh!



Is ar éigin ná baintear an ghruaim de, ámh, nuair castar air a sheana-
chara ó Tharascon, Bompard, fear go raibh a oiread son clú air chunn bréag
d'innsint ná glaodhtaí air i tTarascon féin ach "An Bréagaí." Tá an-áthas
ar an mbeirt chara Tharasconnach a chéile d'fheisgint chomh fada ó bhaile,
agus is mór an chaint is an comhrá a dhinid le chéile. Nochtann Tartarin
do Bhompard fios fátha a thriaill ar an Eilbhéis, agus innseann Bompard dá
charaid na rudaí iongantacha mar gheall ar an dtír 'na bhfuil sé. Cuideachta
mhór atá 'á stiúrú, adeir sé, agus tá sé féin 'na sheirbhíseach don Chuideach-
tain fé láthair. Ní choisceann son é, ámhthach, ar rúin na Cuideachtan do
leigint lena sheana-charaid. Níl ins an Eilbhéis ar fad ach bréig-riocht, adeir
sé, na sléibhte móra bána, na mara reoidhte, na casáin chumhanga chon-
tabharthacha, ní raibh ionnta go léir ach bréaga chun daoine do mhealla fé
dhéin na hEilbhéise.



"Ach na scoilteacha, a chara, na scoilteacha uathbhásacha úd! Má
thuiteann duine i gceann acu súd!"



"Tuiteann sé ar an sneachta, a M. Tartarin, agus ní gortuightear é.
Bíonn buachaill ullamh thíos i gcomhnui chun é do thógaint, chun é do ghlana,
chun an tsneachta do bhaint de, chun a fhiafraí dhe go dea-bhéasach "Bhfuil
éan-mhálaí agat, a dhuine uasail?" Is ar éigin atá éanchuid d'obair na
Cuideachtan chomh costasach le cothú na scoilteach céadna."



Cuireann Tartarin ceist chuige mar gheall ar mhatalong an Wetterhorn
an bhliain roimis sin, ach tá míniú ullamh aige:



"Ní mór a leithéid do thuitim amach chun na ndaoine do mhealla anso.
Ní thiocfadh na Sasanaígh fé dhéin chnuic nár marbhadh duine no dhó air.
Do bhí clú Wetterhorn ag meathlú le tamall. Tá an teacht-isteach ibhfad
níos fearr ó thárla an matalong."


L. 37


"Ach an bheirt threóruithe?"



"Táid siad-san chomh slán is bhíodar riamh. Níor ghádh ach iad do
chimeád i bhfolach i dtír iasachta ar feadh leath-bhliana. Do bhí sé costasach
go maith ach tá an Chuideachta saibhir."



Is mór an difríocht, ár ndó, idir an scéal atá 'á innsint ag Bompard, agus
a bhfuil léighte ag Tartarin mar gheall ar an Eilbhéis, ach tá sé siúd ana-
dheimhnitheach dá scéal agus bféidir go bhfuil dearmhad ortha-san, - nó
béidir, fós, go bhfuilid ag obair don Chuideachtain féin! Ar éanchuma,
géilleann sé dá charaid sa deire agus is éadtrom-chroidheach imigheann sé
fé dhéin an Jungfrau, mar is i mbarr an chnuic áird sin atá ceaptha aige brat
an Chlub do chur.



Ar an slí ann do castar air an cailín óg Rúiseach úd a chonnaic sé ar an
Rigi agus, fóiríor géar! imigheann a dhualgas agus cúram a chlú is a chaile
as a cheann ar fad. Nihilist iseadh an cailín, tá tíoránach marbh aice cheana
féin ach is cuma le Tartarin. Is ar éigin ná fuil sé féin ar tí buille fuilteach
do bhuala ar son na Rúise, nuair shábhálann a chara Bézuquet é. Is amhlaidh
do scríobh Tartarin chuige siúd ó bhun an Jungfrau, agus ón méid adubhairt
sé 'sa litir, agus ón aithne atá aige an Uachtarán, tuigeann Bézuquet conus
mar atá an scéal. Mar sin, nuair adeireann an namhaid, Costecalde, go bhfuil
a n-Uachtarán taréis iad do thréigint, deireann Bézuquet gur bréag é, go
bhfuil litir aige féín ó Thartarin, go bhfuil sé ag bun an Jungfrau agus go
bhfuil sé ag fanúint ann le brat an Chlub chun é do thabhairt go dtí an mullach.



Is mór an gleó atá sa Chlub anson, agus socruightear ar thriúr desna
ballaibh do chur fé dhéin Thartarin leis an mbrat. Nuair a chíonn sé siúd
iad tuígeann sé an tseift do cheap a chara chun é do tharrac as an leisce 'na
raibh sé sáidhte. Cuireann sé fáilte chroidhiúil rómpa - nach ó Tharascon
dóibh? - agus imigheann sé féin agus an triúr fé dhéin an chnuic. Ní hamh-
laidh atá éan-chuimhneamh acu-san ar an gcnoc féin do chur díobh, ach táid
chun fanúint 'na theannta chomh fada agus is féidir gan baol. Maidir le
Tartarin, tá caint Bhompard ag tabhairt mhisnigh do, agus cuireann sé an
cnoc de i slí a chuireann iongna ar an mbeirt threoruithe atá 'na theannta.
Caitheann sé oidhche i mbothán ar an gcnoc, chíonn sé cnap mór lice oidhre
ag tuitim, ní mór ná go gcailltear é féin agus duine des na treoruithibh nuair a
bhriseann droichead sneachta fútha, tagann breoiteacht chnuic air, ach sroi-
seann sé an mullach agus tá brat an Chlub Alpin curtha i mbarr an Jungfrau!
Níl ag Tartarin le déanamh anson ach teacht abhaile i dteannta a charad.



Ní hé sin an deire, ámhthach. Ar an slí abhaile dho cloiseann sé go
bhfuil socair ag Costecalde Mt. Blanc féin do chur de. Ní shásóídh éan-rud


L. 38


Tartarin ach an tosach do bheith aige ar a namhaid agus imigheann sé fé
dhéin an chnuic. Ar an slí dho castar air Bompard agus ós rud é go bhfuil
na scéalta go léir d'innis sé do Thartarin dearmhadta aige, gheibheann Tartarin
an fhírinne uaidh an tráth so. Mar sin féin, do chuir turus an Jungfrau a
oiread son misnigh ar ár gcaraid go dtugann sé fén gcnoc mór i dteannta
Bhompard is daoine eile. Sgarann sé féin is Bompard leis an gcuid eile ar
an slí, ámhthach, nuair cuirtear in úil do Tartarin gur contabharthach tabh-
airt fé Mt. Blanc agus an aimsir mar atá sí, agus tugaid siad a n-aghaidh
anuas. Tá geallúint sholamanta tugtha aca dá chéile ná tréigfid siad a chéile
ar an gcnoc, pé rud atá i ndán dóibh, ach fóiríor, nuair thagann an t-am dearmh-
adtar an gheallúint. Is amhlaidh a bhí an bheirt ag siubhal ar chasán
chumhang lice oidhre nuair shleamhnuigh Tartarin i dtreo go raibh sé ar
crocha os cionn duibheagáin ar thaobh den chasán agus Bompard os cionn
duibheagáin eile ar an dtaobh eile. Do cheap gach duine aca go raibh an
duine eile 'á tharrac leis, agus do ghearr gach duine aca ar an nóimid cheádna
an téad do bhí 'á gceangal dá chéile!



Do tháinig an bheirt as go maith, - ní rabhadar ró-fhada ó bhun an chnuic
nuair do thárla an matalong, ach is ar thaobh na hIodáile a tháinig duine aca
anuas, agus ar thaobh na hÉilbhéise an duine eile. Mar sin, ní raibh 'fhios
ag éinne aca go raibh an duine eile slán, agus taréis iarracht do dhéanamh
ar an gcorp d'fháil d'imigh gach duine aca fé dhéin an bhaile. Dob' Bompard
ba thúisge shroich Tarascon, agus do chuir an scéal brónach a bhí le hinnsint
aige gruaim is brise-chroidhe ar gach éinne. Do ceapadh lá chun báis Thartarin
do chaoine agus é féin do mhola, agus do b'é Bompard a bhí chun an
Óráid Mholta a dhéanamh.



Dob' é seo an lá díreach a shroich Tartarin an baile. Do shleamhnuigh
sé isteach ann fé mar do shleamhnuigh sé amach as, mar do cheap sé gurb'é
féin bhí cionntach i mbás Bhompard. Cad é mar áthas a bhí air, mar sin,
nuair a chonnaic sé é siúd 'na bheathaidh is 'na shláinte, ag caint leis an
sluagh! agus cad é mar fáilte a chuir na daoine roim Thartarin féin - an
fear do bhí taréis a mbrat do chur i mbarr na gcnoc dob' aoirde san Eoróip!



Máire Ní Chinnéide.


L. 39


Clog an tSéipéil.



(Aistriú ó Fhraincis Jules Lemaitre.)



Bhí seana-chlog aifrinn agus seana-shagart pobuil i bparóiste beag Landres.



Bhí an clog chomh sgoilte sin go dtugadh sé glór uaidh cosúil le
seana-mhnaoi ag casachtaigh nuair a buailtí é. Ghoilleadh sé ar gach éinne
bheith ag éisteacht leis, agus chuireadh a fhuaim fhada bhrónach duairceas
is doilgheas ar na tréaduithe ag fosuidheacht na mbó isna páirceanna.



Bhí an sagart paróiste ámhthach slán fós, cé go raibh cúig déag is trí
fichid bliain imithe thar a cheann. Bhí a chroiceann rocach, ach bhí a ghnúis
chomh dearg le gnúis leinbh, agus bhí coróin de ghruaig bhán air cosúil le
slamairc den olainn a shníomhadh mná abhrais Lande-Fleurie. Agus ní miste
rádh go raibh grádh agus cion thar barr ag a phobul air, mar gheall ar chomh
carthannach dea-chroidheach is a bhí sé.



Fé mar a bhí sé ag druidiúint leis an aimsir na raibh a chaogad bliain
mar shagart caithte ag an Abbé Corentin do cheap a phobul tabharthas
breá a bhronna air chun an lae do sholamnú. Toghadh triúr d'uachtaránaibh
na gcuallacht naomhtha; chuadar ós íseal ó thig go tig ag bailiú airgid, agus
nuair a bhí céad coróin bailithe acu thugadar an t-airgead do 'á iarraidh air
dul go dtí an baile mór chun clog nua do cheannach i gcóir an tséipéil.



"A cháirde" ars an sagart "a cháirde dílse... is é ár dTighearna
a chuir nbhur gceann... rud chomh mór son a..."



Tháinig saghas tochta 'na ghlór, bhí sé chomh corruithe sin, agus níor
fhéad sé a rá ach de ghuth íseal leis féin:



Nunc dimittis servum tuum, Domine, secundum verbum tuum in pace.



Maidean lá'r na mhárach do ghluais an sagart air, chun an clog nua do
cheannach. B'éigean do tímpeall cúig míle slíghe do shiubhal go dtí baile
beag Bourg-les-Roses, áit a raibh cóiste le fáil a thabharfadh chomh fada
le Pont l'Archevéque, príomh-chathair na cúige, é.



Lá breá samhraidh ab eadh é. Ar gach taobh den bhóthar roimis, bhí
na crainn ag lúba, bhí na héin ag ceileabhra, agus bhí fuinneamh agus spreaca
na beathadh is gach éinní fé lonnra na gréine. Agus bhí an seana-shagart,
agus fuaim an chluig nua ag déanamh ceoil 'na chluasaibh, ag cur na slíghe
dhe go beodha, fuinniúil agus, dálta Shan Fróinnsias d'Assisi, ag gabháil
bhuidheachais le Dia fé áilleacht is fé aoibhneas oibre A lámh.



Chonnaic sé, agus é ag déanamh ar Rosy-les-Roses, trucail thuinncéirí
ar imeall an bhóthair. Bhí seana-chapall scurtha 'na luighe ar a thaobh in
aice na trucaileach, a cheithre cosa sínte uaidh amach, cnámha géara a mhás
ag polla a chroicinn chaithte, ceann an-mhór air, fuil ag sile le na shróin agus
dreach bán an bháis 'na shúilibh. Bhí sean-fhear agus seana-bhean 'na suidhe


L. 40


ar thaobh an chlaidhe agus iad ag caoine an chapaill mhairbh. Ní raibh
d'éadach ortha ach seana-bhalcaisí stoltha stracaithe, agus iad paisdithe anso
is ansúd le preabáin de chadás dhearg.



Do sceinn geirrseach tímpeall cúig bliana déag d'aois ón dtaobh eile den
chlaidhe chun an tsagairt, 'á rádh: "Tabhair dom déirc, a Athair, más é
do thoil é!"



Bhí a guth garbh agus binn san am chéadna, agus bhí árdú agus ísliú
ann, fé mar a bheadh in amhrán bhog chrónánach. Ní raibh an ghirrseach,
go raibh a croiceann ar aon-dath le leathar nua-leasuithe, feistithe níos fearr
puinn ná na sean-daoine, ach bhí malla-ruisg mhóra aici agus dhá bhéal ar
dhath silíní aibig; bhí a géaga buidhe clúduithe i "dtatúáil" le bháthaibh
gorma; agus bhí fúnsa umha ag ceangal a gruaige casta duibhe a sheasaimh
amach mór-dtimpeall a caol-ghnúise fé mar a chítear uaireannta i bpictiúiribh
de mhnáibh na hÉigipte.



Do stad an sagart dá shiubhal, agus tharraig sé amach as a sparán pinginn.
Ach ag féachaint isteach do i súilibh an leinbh, do chrom sé ar í do cheistiú.



"Tá mo dhritháir sa phríosún," ar sise. "Is amlaidh a cuireadh 'na
leith gur ghoid sé cearc. Chothuigheadh sé sinn go léir, agus greim níl ithte
againn le dhá lá anois."



Chuir an sagart an phinginn thar nais 'na phóca agus tharraig sé amach
scilling.



"Tá's agam féin conus cleasuíocht a dhéanamh," ar sise, "agus bean feasa
iseadh mo mháthair. Ach ní leigtear isteach sinn isna bailtibh, beag ná mór,
chun ar gcéird a dhéanamh toisc go bhfuilimíd ró-bhocht. Agus anois tá
ar sean-chapall marbh orainn! Cad a dhéanfaimíd in éan-chor?"



"Ná féadfadh sibh," arsa sagart, "dul ag lorg oibre fé'n ndúthaigh?"



"Bíonn scannra ar na daoinibh romhainn, agus caitheann siad clocha
linn. Agus rud eile, níl taithí againn ar an ngnáth-obair. Níl d'eolas againn
ach ar an gcleasuíocht."



Dá mbeadh capall eile againn agus roinnt bheag airgid chun balcaisí
do cheannach dúinn féin, d'fhéadfaimís ár slighe bheatha a bhaint amach
le nár gcéird. Ach anois níl i ndán dúinn ach an bás!"



Chuir an sagart an scilling thar nais 'na sparán.



"Bhfuil grádh agat do Dhia?" d'fhiafruigh sé dhí.



"Bheadh, dá dtabharfadh Sé cabhair dom," ar sise.



Mhothuigh an sagart taobh istig dá chrios truime an mhála na raibh an
céad coróin a bhronn a phobul air. Bhí an cailín óg ag cur na súl tríd, agus
an dá shúil mhóra ar dian leatha aici le sainnt.


L. 41


Cheistigh sé arís í: "An cailín maith thu?"



"Cailín maith?" ar sise, agus iongna uirthe, mar níor thuig sí brígh a
chuid cainnte.



"Abair - A Thighearna Dia, grádhaim Tu -"



Níor fhreagair an ghirrseach focal, ach tháinig na deóra óna súilibh solus-
mhara. Sgaoil an sagart cnaipí a chasóige agus thóg sé amach an mála
mór lán d'airgead. Sgiob an cailín beag an mála uaidh le luas moncaí 'á
rádh; "A Athair, grádhaim tusa ach go háirithe, mar tá tú go maith." Agus
sceinn sí léi i dtreo na seana-lánamhna a bhí cromtha fós os cionn an chapaill
mhairbh.



Lean an sagart ar a bhóthar chun Rosy-les-Roses. Bhí sé ag smaoineamh
ar leonú Dé, agus ar an mbochtanas agus ar an anró na gcimeádann Sé cuid
mhaith desna daoinibh a chruthaigh Sé. Bhí sé ag guidhe Chuige solus do
scaipe i gcroidhe an phágánaigh bhig, mar ba léir ná raibh aon eolas aici ar
an gcreideamh, agus is baoghal nár baisteadh riamh í.



Ach de gheit chuimhnigh sé nárbh fhiú anois dul go Pont-l'Archeveque,
de bhrígh ná raibh airgead an chluig aige. Agus d'fhill sé air abhaile.



Is ar éigin d'fhéad sé a thuiscint cad na thaobh gur thug sé do stróinséir ad
iarraidh déirce, do leanbh geócach mar adéarfá, an méid sin airgid - airgead
nár leis féin. Do ghéaruigh sé ar a choisíocht le súil is go bhfeicfeadh sé arís
an ghirrseach. Ach faic ní raibh le feiscint ar an mbóthar ach an capall marbh
agus an cárr scurtha!



Bhí sé ag machtnamh ar an rud a bhí déanta aige. Gan amhras bhí
peaca mór trom déanta aige. Chuir a phobul muiníghin ann agus do chaill
sé ortha; bhí rud a bhí curtha 'na chúram caithte aige; bhí saghas gaduíochta
déanta aige. Tháinig scannra air nuair a chuimhnigh sé ar dhroch-iarsmaí
a pheaca. Conus d'fhéadfadh sé é cheilt? Conus cúiteamh a dhéanamh
ann lena phobul? Cá mbeadh céad coróin eile le fáil? Agus cad a thabhar-
fadh sé mar fhreagra ar na daoinibh a bheadh 'á cheistiú 'na thaobh? Conus
a raibh déanta aige a mhíniú dhóibh?



Bhí an spéir ag dorchú. Bhí dath rinn-ghlas ar na crannaibh ag bun
na spéire: tháinig múr báistighe: bhí an sagart ag smaoineamh air chomh
dubh, duairc, doílbh is atá an domhan!



Níor fhéad sé sleamhnú isteach i dtig an tsagairt i gan fhíos d'éinne.
"Cad a thug thar nais chomh luath soin tu?" arsa a chailín aimsire, seana-
Scholastica. "Nár chuais go dtí Pont l'Archeveque?"



D'innis an sagart bréag! "Bhíos déanach ón gcóiste. Is cuma san,
raghad ann lá éigin eile. Ach féach! Ná habair le héinne go bhfuilim thar


L. 42


nais." Níor léigh sé Aifrionn maidean lár na mhárach; d'fhan sé 'na sheomra,
agus bhí eagla air fiú spaisteóireacht bheag a dhéanamh 'sa chlós. Ach an
lá 'na dhiaidh sin tánathas fé na dhéin chun an ola dhéanach a chur ar dhuine
bhreoite i mbaile beag Chlos-Moussu. "Níl sé tagaithe thar nais fós," arsa
Scholastica. "Tá dearmhad ort. Táim anso," ar seisean. Ag fille dhó ó
Chlos-Moussu casadh air sean-fhear cráibhthach dá phobul. "Fáilte abhaile
romhat, a Athair," ar sé, "raibh turus maith agat?"



D'innis sé an tarna bréag! "Ana-mhaith ar fad, a chara." "Agus an clog
nua?" Mo bhrón! d'innis sé bréag eile. Ón nóimint sin amach, do
chuaidh na bréaga d'innis sé thar comhaireamh air.



"Tá sé thar barr. Cheapfadh éinne air gur d'airgead a bhí sé déanta.
Agus an glór binn atá aige! Níl agat ach do mhéar a chur air agus tosnóidh
sé ar bheith ag buala."



"Maith an sgéal, a Athair! An fada go bhfeicfimíd anso é?"



"Ní fada, a chara. Ach, foighne! Foighne! Ní foláir a ainm baistí agus
ainm a athar baisdí a ghearra 'sa mhiotal agus cúpla bhéarsa ón Scrioptúir
Naomhtha leis. Tógfaidh sé sin roinnt bheag aimsire."



"A Scholastica!" ar seisean, ar bhfille a bhaile dhó, "dá ndíoltí an
chathaoir uileann, an clog agus an brat úrláir atá im sheomra, an dóigh leat
go bhfaighmís céad coróin ortha?"



"Ní bhfaighmís, ná céad sgilling, a Athair," arsa tseana-bhean, "mar i
gcead duit-se, níl luach dhá thuistiún de throsgán it thig."



"A Scholastica" arsan sgart, "ní íosfad feoil a thuille. Ní oireann sí
dhom mar bhiadh."



"A Athair dílis," ar sise, "tá sé sin in aghaidh nádúra, agus táim deimhni-
theach go bhfuil rud éigin ag cur ar t'aigne. Thosnuigh sé an lá úd a chuais
go Pont l'Archeveque. I gcúnntas Dé cad d'imigh ort an lá soin?"



Bhí sí leis riamh is choidhche, ar nós na nban, gurbh éígean do sa deire
an scéal go léir a nochta dhi.



"Mhaise, ní chuirfinn tharat é," ar sise. "Millfidh do chroidhe bhog
thu lá éigin fós. Ach cogar! Cuir as do cheann é mar thrioblóid. Tógaim
orm féin an scéal do mhíniú do gach éinne go dtí go mbeidh céad coróin eile
curtha i leataoibh agat."



Agus ansan do chrom Scholastica ar na scéalta a cheapa agus a leatha
i dtaobh an chluig nua. Ar dtúis "bhítheas taréis é a bhrise, go bhfóiridh
Dia orainn, nuair a bhítheas 'á phacáil, agus b'éigean an miotal d'aithleagha;
ansan nuair a bhí an clog aithleachtha cheap an sagart é chur go dtí cathair


L. 43


na Róimhe i dtreo is go ndéanfadh an Pápa é do chroisreaga, agus aistear
an-fhada 'seadh é sin, tá's agat."



Leig l'Abbé Corentin di, ach bhí ag méadú ar a bhrón in aghaidh an lae.
Ní hamháin go raibh na bréaga d'innis sé féin 'na milleán air, ach na bréaga
a bhí inniste ag Scholastica chomh maith, agus mar bharr air sinníor fhéad
sé gan cuimhneamh ar an ndroch-úsáid a dhin sé d'airgead a phobuil. Bhí
sé cromtha fé ualach a pheaca, agus ndiaidh ar ndiaidh tháinig dath liath-
bhán mílítheach ar a aghaidh in inead an dath dearg dea-shláinteach a thais-
beán fuinneamh a shean-aoise.



Bhí an lá a ceapadh chun solamnú "iubhail" a chaogad bliain agus chun
baiste an chluig imithe le fada. Dhin muintir Lande-Fleurie iongna den
ró-mhoill. Bhí na ráflaí ag dul amach. Dubhairt an gabha go bhfeacthas
l'Abbé i ndroch-chuideachtain in aice Rosy-les-Roses, agus ar seisean-
"Creid uaim-se é: tá airgead an chluig caithte aige ar bhaosra."



Agus d'eirigh dream beag in aghaidh an tsagairt mhaith. Nuair a
bhíodh sé ag siubhal na sráide bhí daoine ann a dhineadh dearmhad d'úmhlú
dho agus a hataí a bhaint díobh, agus anois agus arís d'airigheadh sé searbh-
fhocal fonóideach uatha. Bhí an sean-fhear cromtha fé bhuairt is fé dhoilgh-
ios. Thuig sé anois 'sa cheart an peaca uathbhásach a bhí déanta aige.
Ghlac sé aithreachas neamh-iomlán ann, ach níor fhéad sé, is a dhícheall a
dhéanamh, aithreachas iomlán do ghlaca. Bhí fhios aige go maith gur dá
ainneóin féin a dhin sé an bheart aimeadach san, sgarúint chomh bog san le
hairgead nár leis féin, agus ná raibh d'uain aige machtnamh air. Agus
rud eile dhe, cárbh fhios nár gurbh í an déirc sin a thug a céad aithne don
leanbh siubhail sin ar thrócaire Dé agus gurbh í tosnú an fhoillsithe inmheadh-
ónaigh 'na hanam ainbhfiosach í. Agus samhluightí dho go bhfeiceadh sé
i gcomhnuí os a chomhair súile dubha brónacha na girrsighe agus na deora
ag teacht uatha.



Ach mar sin féin bhí buairt a aigne níos mó ná mar a bhí 'na chumas
fhulang, agus ís ag dul i méid a bhí sí toisc é' á brú fé. Lá, taréis bheith
tamall fada ar a ghlúínibh os comhair na haltóra, do shocruigh sé 'na aigne
suaimhneas a thabhaírt dá anam agus a pheaca d'admháil. An Domhnach
'na dhiaidh sin, taréis an tSoisgéil, d'iompuigh sé i leith ón altóir. Bhí
deabhramh ana-chorruithe air de'n iarracht a bhí 'á dhéanamh aige, agus le
haghaidh chomh bán le haghaidh mhairtírigh i gcircus na Rómhánach do
thosnuigh sé: "A bhráithre dílse, a cháirde dílse, a phobul Dé, tá rud
mór agam le hadmháil díbh..."



Ach do hairigheadh go hobann ón gcluigtheach glór glé glinn ceolmhar


L. 44


a líon an séipéal ar fad. Thionntuigh gach eínne mór-dtímpeall agus iongna
is alltacht ortha, agus ó bhínnse go bínnse ní raibh le cloisint ach an tsiosnar-
nach:



"An Clog Nua! An Clog Nua!"



Ar mhíorbhuil ó Dhia é? Ar chuir Dia anuas an clog ó neamh trí
thimthireacht a aingeal i dtreo is ná tabharfaí masla is easonóir dá shear-
bhfhoghantuí dhílis? Nó an amhlaidh d'innis Scholastica an trioblóid mhór
a bhí ar a seana-mháighistir don bheirt bhan uasal ó Amerioca go raibh
caisleán ceannuithe acu tímpeall seacht míle ó Lande-Fleurie, agus gur
shocruigh na mná uaisle ar an dtabharthas gleoite sin do bhronna air i gan
fhios do? Ní fheadar-sa. Do réir mo thuairme-se, ámh, ní deabhrataí míniú
acu ná an míniú eile.



Ach go háirithe ní bhfuair muintir Lande-Fleurie amach riamh cad a
bhí ag an seana-shagart le hadmháil dóibh,



Máire Ní Bhroin.


L. 45


Cúige na hÉireann.



Is eadh do chuirsead 'na gceann -
Ceithre ollchóigidh Eireann -
Clár foidshean gealabhlach glan,
Cóigeadh ealadhnach Uladh.



'Sé sin le rádh: Do mheasadar (filí na hÉireann) an clár solusmhar, sean-
fhódach san na n-abhall ngeal, i.e., Cúige ealadhantach Uladh, bheith
cothrom go leor don chuid eíle d'Éírinn ar fad. Tadhg óg Ó Huigín, file
blasta, géarchúiseach do mhair sa chéad leath den chúigiú aois déag, do chum
an rann san. Ag tagairt a bhí sé don roinnt a bhí ar Éirinn fadó, sarar dhin
Conn Céad-chathach agus Eoghan Mór a roinnt féín ar an dtír sa tarna haois
do réir an tseanchuis. Roinnt ab eadh an chéad roinnt sin do chuir Éire
ar thaobh agus Cúige Uladh ar an dtaobh eile. Éinne go bhfuil Táin Bó
Cuailnge léighte aige, 'na sheana-sgéal nú sa chrot nua do chuir an t-Athair
Peadar air, ní fuláir nú tá sé tughtha fé ndear aige go ndeallruíghean sé na
hUltacha bheith deíghilte amach ón gcuid eile de mhuintir an oileáín san am
san. Aimsir na gCóigeadhach a tugtí ísna seana-starthaibh ar an aimsir a
tíomáineadh an Táin. 'Sé sin le rádh an aimsir a bhí Éire 'na cúig rannaibh
agus rí fé leith ar gach roinn acu. Dob iad na ranna san Cúíge Uladh, Cúige
Ól n-Éagmacht ar a dtugtar Cúige Connacht anois, agus trí cúigí eíle do bhí
idir na Muimhnigh agus na Laíghnigh. Níl aon dabht ná gurbh é Cúige
Uladh an t-aon chúige amháin acu ab fhéídir a chur in aghaidh na gceithre
cúigí eile, mar a chuireann Tadhg óg i gcuimhne dhúinn, agus is mar sin, leis,
do cuireadh coga na Tána - fir na hÉireann ar thaobh agus fir Uladh ar an
dtaobh eíle.



Bhí claídhe daingean ag deigheilt Chúige Uladh ó Chúige Connacht agus
ósna Laighneachaibh an uair sin. Cloidhe na Muice Duibhe a tugtí air agus tá
a rian le feisgint fós féín. San aiste do sgríobh sí 'na thaobh deir Mairghréad
Dobs nách féidir dúinn tríall sluaighte na Tána a thuisgint i gceart gan cuimh-
neamh ar an gclaidhe sin a bhí idir iad agus críoch na n-Ulltach ar feadh an
chuid is mó d'imeall na críche. Tá fiadhnuise go leor againn ar Chúige Uladh
bheith 'na thír - ní headh, ach 'na náisiún fé leith san am san. Sa Táin féin,
i bhfo-sgéaltaibh nú réamh-sgéaltaibh na Tána, agus 'na lán sgríbhinní a
bhainean leis an aimsir sin ní beag An Cúige mar ainm ar chrích na n-Ulltach,
nú, mar adeirtí go minic isna seana-sgríbhinní Cóigead na hErenn (Cúige na
hÉireann). Is dócha go bhfuil brígh áirithe le baint as an bhfocal cúige anso.


L. 46


Is féidir go gcialluighean sé an cúigiú rann a bheith curtha i leataoibh i gcóir
fine éigin agus go dtugadh an fine sin "Cúige na hÉireann" air, ach caithfar
réiteach na ceiste sin d'fhágaint fé sgoláire mhór éigin mar Eoin Mac Néill,
ós é ab fhearr chuige.



Maidir le coga na Tána níl a chríoch le léigheamh againn, ach is dócha
gur bhuadar na hUlltacha ar an gcuid eile d'Éirinn sa deire. Mara mbeadh
gur bhuaidh ní dócha go dtráchtfaí ar an gcreach mhór a dineadh ar na
hÉíreanachaibh, mar is ag muintir Chúige Uladh féin a bhí innsint sgéil na
Tána. Fine Ulltach, leis, is dóichí bhí i mbun innsint staire na hÉireann
ó aimsir na gCóigeadhach anuas, mar do réir gach deallraimh do fuair Ulltacha,
nú dream éigin a shíolruigh ó Ulltachaibh, neart ar an gcuid ba mhó d'Éirinn
ar deire. Ulltacha ab eadh na daoine ba mhó clú in ann alaibh na tíre, leis,
mar atá Colum Cille, cara na bhfilí; Muircheartach mac Néill agus Niall
Glúndubh, fíor-naimhde na nDanar; Seán ó Néill, Aodh Ruadh, Aodh Iarla
agus Eoghan Ruadh.



Bhí Cúige Uladh 'na náisiún fé leith ar feadh na gcéadta blian sara dtáinig
na Sasanaigh in aon chor. Bhí sé 'na náisiún fé leith in aimsir na Tána, agus
in aimsir na Normanach chomh maith, mar nuair a ghéill an chuid eile
d'Éirinn do Bhrianní ghéillfeadh na maithe dob uaisle agus ba neartmhaire
desna hUlltachaibh do. Dáma áil leo géilleadh b'fhéidir gurbh fhearrde
cúrsaí na tíre 'na dhiaidh sin é. Ach nuair a bhuaidh na hUlltacha ar na
hÉireanachaibh do dhin fíor-Éireanaigh díobh féin agus dob é leas na hÉireann
leas na n-Ulltach feasta agus, cé gurbh fhearr leo an lámh uachtair ag an
Láimh Dheirg, níor mhian leo in aon chor críoch na n-Ulltach agus Ulltaigh
féin a bheith gearrtha amach ón gcuid eile d'Éirinn. Do shuidhdís i dTeamh-
air na Ríogh agus tugtí Éireanaigh ortha, agus nuair a bhris na Normanaigh
agus na Sasanaigh dlightheachas agus síbhialtacht na hÉireann dob iad clanna
an tuaisgirt a sheasaimh an fód ar feadh na gcéadta blian nuair a chuir na
clanna eile go léir, beagnách, suas den choga. Agus marar éirigh leo an
namhaid a chur ón oileán ar fad, d'eirigh leo é chimeád amach ó chríochaibh
an tuaisgirt go dtí an séamhadh haois déag, go háirithe, nuair a díbreadh
na huaisle Ulltacha go léir as an dtír agus tugadh fineadhacha barbardha
isteach 'na n-inead. Sin mar a réitigheadh Ceist Ulltach na haimsire sin.
Níor réiteach gan droch-iarsma é, mar is eol don tsaoghal.



Dubh Easa.


L. 47


Coga na Naomh



(Sgéal on Iodail).



De phreib, agus San Rocca ag imeacht leis ar a shlí go deas macánta féna
bhrat, agus na gadhair ar éill 'na dhiaig aniar, agus mór-chuid coinnle
lasta 'na thímpal agus ceol, agus an mór-shiúl agus a lucht adhraithe, de
phreib d'eirig an liútar-eutar - an dial de liútar-eutar. Do rith na sagairt
agus a gcasóga san aer, do bhuail na ceoltóirí 'na dtímpal lena n-úírlisí ceoil,
do sgréach na mná, do ghluais an fhuil 'na srothaí agus do tháinig na buillí
anuas 'na gceathana mar a bheadh ubhla lobhtha, agus é seo go léir fé shróin
Shan Rocco bheannaithe féin. Do tháinig an giúistís go deabhafarach agus
an chomhairle agus na carabineiri; do bailíodh na cnámha bríste agus do
tugadh chun an óisbidéil iad; d'imig an chuid ab fhiadhaine do lucht an
ghleóig chun an oidche a chur thársa sa phríosún; d'fhill an Naomh chun
an tsáipéil agus rith fé in inead an siúl solomanta is ceart í mór-shiúl, agus do
cuireadh deire leis an bhféasta mar a cuirtar le drámaí grinn Phulcinello.



Formad mhuintir cheathrún Shan Pasquale fé ndear é go léir. An
bhliain sin do chaith móidíní Shan Rocco a bpingin dheirineach d'fhonn an
teasbána a dhéanamh ar chuma usual. Do tugadh an lucht ceoil ón mbaile
mór, do caitheadh breis is dhá mhíle pléasgán, agus do soláthruíodh brat
nua, fiú amháin, go raibh órnáidí óir air agus breis is céad truime ann adeirtar,
agus gur dhó le duine gur "chubhar óir" é nuair a hárduíodh os cionn an
tsluaigh é. Ní fhéadfadh an méid sin gan dul i mbeo ar mhuintir Shan Pasquale
gan amhras, agus do chuaidh chomh mór san gur bhris ar an bhfoighne ag
duine acu sa deire, agus gur thosnuig ar bheith ag béicig agus dath an bháis
ar a cheannaithe, "Suas le San Pasquale!" Do thosnuig na buillí ansan.
Mar, dul agus "Suas le San Pasquale" a rá suas leis an mbéal ag San Rocco
féin, níorbh éinní eile ach maisle é - mar a chaithfeadh duine seile ar do thig,
nú bheith ag gabháil de mhiotóga ar an mnaoi a bheadh ar uilinn agat. 'Na
leithéid de chás níl eagla roim Dhia ná roim dhuine agat, agus pé meas a bhí
agat ar na naoimh eile caithfir féd chosa é, mar, t'réis an tsael, tá gaol éigin
acu go léir lena chéile. Má's sa tsáipeul a bheir, imeóidh na suidheacháin
san aer; má's i mór-shiúl é, tiocfaidh na tóirsí anuas 'na mblodhtacha ar
chuma sgiathán leathair; agus má's suidhte chun búird a bheir, cuirfar cith
cupaí lastuas díot.



"Deich míle dial!" do sgread Máistir Nino agus é brúite basgaithe,
"feicim cé leomhfaidh "Suas le San Pasquale" a rá arís!"
"Déanfad-sa é!" arsa Turi an súdaire agus strán buile air. Bhí a
dhriofúr chun Nino a phósa ach bhí an fear bocht leath as a mheabhair ag


L. 48


buille a fuair sé sa ghiúrla-má-ghiúng a bhain radharc na súl de nách mór.
""Suas le San Pasquale" go bás!"



"Ar son Dé! ar son Dé!" arsa a dhriofúr Saridda 'á caitheamh féin
idir a driotháir agus a grá bán - bhíodar i dtiúr t'réis a bheith ag siúl le cois
a chéile go síoch-ghrách go dtí an nóimint sin.



Do lean Nino, a fear geallta, do bheith ag maga fé, 'á rá in árd a ghotha,
"Suas lem bróga - suas le San Stivale!"



"Seadh!" arsa Turi, cubhrán bán lena bhéal agus a shúil ataithe agus
chomh gorm le máilín an ghuirm. "Bíodh san agat do Shan Rocco, tu féin
agus do bhróga! bíodh san agat adeirim!"



Agus siúd chun a chéile iad le buillí a leagfadh tarbh nú gur chuir a gcáirde
óna chéile iad le neart bheith ag gabháil de dhóirne agus de chosa ortha. Do
chuaidh Saridda féín chun teasuíochta agus do liúigh sí, "Suas le San Pas-
quale!" chomh maith, sa tslí is gur dhóbair di teacht chun buillí lena grá
bán, díreach mar a bheidís pósta cheana féin.



Ar ócáidí mar seo déanfaidh aithreacha agus máithreacha agus a gclann,
déanfa siad gruaig a chéile a statha agus sgarfaidh fir agus mná pósta óna
chéile má bhíon sé 'on donas ar éinne ó cheathrúin Shan Pasquale bheith
pósta isteach i gceathrúin Shan Rocco.



"Ní chloisfead focal eile mar gheall ar an mbligeárd," arsa Saridda in
árd a gotha, agus a dhá láimh ar a dhá cromán aice, nuair d'fhiafruig na
comharsain di conus a briseadh an cleamhnas, "ní chloisfead, ná dá dtabhar-
faidís chugham é agus ór agus airgead ar sile leis, an gcloisean sibh me!"



"Feádfaidh snas liath teacht ar Sharidda maidir liom-sa dhi!" arsa
Máistir Nino agus iad ag glana na fola dá aghaidh istig sa tábhairne, "Sgata
bacach agus bligeárdaithe díomhaoine atá sa cheathrúin sin na súdairí. Ar
meisge a bhíos ní fuláir nuair a thaidhríos ar dhul ag lorg mná ann."



"Ós amhlaidh atá an sgéal," arsan giúistís, "nách féidir naomh a thabh-
airt tríd an bplás gan buillí agus aithis phuiblí, ní cheadód-sa a thuille féastaí
ná "dathad uair a chluig," agus má dhinean siad oiread agus an choinneal
is lú a thabhairt amach ropfad isteach 'on phríosún iad uile go léir!"



Níorbh aon chúrsaí magaidh é go deimhin, mar bhí easbog an deóisis
t'réis cead a thabhairt do shagairt Shan Pasquale cochaill a chaitheamh.
Muintir Shan Rocco ansan ná caitheadh a sagairt aon chochaill, d'imíodar
leo 'on Róimh ag déanamh achuinghe ag cosa an Athar Naomhtha féin,



Tá imirt anso ar na focail Pasquale agus stivale (bróg).


L. 49


páipéirí dlí fé chéir agus fé shéala acu is uile. Ach bhí fuar acu, mar bhí a
lucht formaid sa bhaile íochtarach gur cuimhin le daoine iad a bheith ag
imeacht gan fiú na mbróg ar a gcosa, bhíodar anois chomh saibhir le muca
ó tharaigíodar an obair nua so seithí a leasú chútha féin; agus tá's againn
go léir go ndintar an ceart a dhíol is a cheannach sa tsaol so ar chuma anam
Iúdáis.



Bhí súil le fear-inid an easbuig a theacht go paróiste Shan Pasquale.
Fear ciallmhar ab eadh é a chaitheadh dhá bhúcla airgid ar a bhróga agus
leath-phúnt truime is gach búcla acu, mar do conacathas iad; agus bhí sé ag
teacht leis na cochaill. Dá bhrí sín do bhí fios curtha ar an lucht ceoil chun
dul 'na choinne trí mhíle ar an dtaobh amuich dhon sráid, agus bhí sé ráite,
leis, go mbeadh teine-oibreacha sa phlás an tráthnóna céadna agus "Suas
le San Pasquale" i leitreacha móra. Bhí muintir an bhaile uachtaraig geal-
adhramach go maith, mar sin, agus d'imig an chuid ba theasaí acu ag baint
shlat, chomh fada le cuaillí, 'á rá leo féin: "Má tá ceol le bheith againn ní
mór dúinn am a bhuala leis!"



Bhí seans maith go mbeadh cnámha briste ag fear-inid an easbuig as a
as a theacht-isteach caithréimeach. Ach bhí a Onóir glic. D'fhág sé an
lucht ceoil ag feitheamh leis ar an dtaobh amuich don tsráíd agus do tháinig
sé féin an comhgar, 'na chois, go tig an bhiocáire mar ar chuir sé fios chuige
ar thaoisig an dá pháirtí. Nuair a thánadar-san agus fuaireadar iad féin ar
aon láthaír, t'réis iad a bheith chomh fada i sgeólbhaig a chéile, do chromadar
ar bheith ag tabhairt catsúil ar a chéile agus fonn mór ortha na súile céadna
san a straca as cheann a chéíle. Ní mór ná gur chuaidh den bhfear-inid a
údarás a chur i bhfeidhm le linn an deoch a ríar ar an gcuileachtain, cé go
raibh a chlóca nua éadaig aige 'á chaitheamh chun na hócáide.



"Siné é!" arsan giúistís agus a chaincín sáite i ngloine aige, "aon uair
a bheidh gá liom mar mhaithe le síocháin an bhaile beidh mé le fáil gan teip."



Dubhairt an fear-inid ansan gur cúrsaí síochána a thug ann é féin, gur
tháiníg sé agus brainse 'na bhéal aige ar nós coluim Nóa, agus do ghluais sé
'na measg le dúthracht mhór ag mion-gháirí agus ag crotha lámha leo 'á rá:



"Ba mhór an onóir liom a dhaoine uaisle, sibh go léir a theacht ag ól
chocolate im theanta lá an fhéasta."



"Leig don bhféasta" arsan fo-ghiúistis "nú mara leighfir tíocfaidh
buairt as."



"Tiocfaidh buairt as má sgaoiltar leis an dtíorántuíocht so nuair ná
féadan duine aoibhneas a dhéanamh do féín agus a chuid airgid a chaitheamh
mar is áil leis!" arsa Bruno an rothadóír.


L. 50


"Eirghim as. Tá órdú an Ghobhairmint go cruinn baileach. Má bhíon
an féasta agaibh cuirfead-sa fios ar na carabinieri. Beidh síocháin agam ar
éin-tslí."



"Mise atá freagarthach leis an síocháin phuiblí!" arsan giúistis ag buala
ar an úrlár lena phearasól agus ag féachaint go huaibhreach tímpal an
tseomra.



"Mo dhá ghraidhn tu! i leith is ná fuil fhios ag an saol gurab é Bruno,
driotháir do chéile, an fear a "shéidean na builg" duit sa Chomhairle!"
arsan fo-ghiúistís.



"Seadh! agus tán tusa 'nár gcoinne mar go bhfuil olc ort mar gheall
ar na ndlí sin i dtaobh éadaí a chur amach ag triomú!"



"A dhaoine uaisle, a dhaoine uaisle!" arsan fear-inid go plámásach,
"ní dhéanfam éinní ar an gcuma so!"



"Déanfaimíd rebholúision, sin é dhéanfam!" arsa Bruna le búirth agus
é ag crotha a ghéag.



Ar ámharaí an domhain bhí na cupaí agus na gloiní curtha as an slí ag
an bhiocáire, agus d'imig an cléireach ar séirse chun an lucht ceoíl a chur
abhaile, mar bhí cloiste acu mar gheall ar an bhfear-inid a theacht agus bhíodar
ag brostú aníos chun fáiltiú roimís, ag séide isteach isna hadharca agus isna
trúmpaí ar a ndítheal.



"Ní déanfar faic mar seo!" arsan fear-inid leis féin. Bhí fearg air,
leis, nuair a chuimhnigh sé go raibh na barraí aibíg ansúd thall 'na áit féín,
agus é ag cailliúint a chuid aimsire anso ag plé le Bruno agus leis an bhfo-
ghiúístis a dh'íosfadh a chéile le gráinne salainn.



"Cadé an sgéal é seo i dtaobh éadaí a chur amach ag triomú?"



"Ó, an tseana-thiarnúlacht! Ní fhéadan duine ciarsúir póca a leatha
amach sa bhfinneóig anois gan fíneáil a chur air láithreach. Do dhineadh
bean an fho-ghiúistís, toisg a fear a bheith in oifig - mar go dtí so tugtí uraim
éigin do lucht oifige - do dhineadh sí nigheach an na seachtaine a chur amach
ar ráil an tighe tá's agat. Ach anois, ó tháinig an dlí nua so, peaca marathach
seadh an méid sin. Agus fiú na gcat is na madraí, agus ainmhithe eile - i
gcead duit-se - a dhineadh na sráideana a ghlana go dtí so, tá siad coisgthe.
Go dtuga Dia ná beam go léir múchta ag an salachar ach go dtiocfaidh an
bháisteach! Ach isí fírinne an sgéil go bhfuil olc ag Bruno chun an fho-
ghiúístís i dtaobh breith a thabhairt 'na choinne."



D'fhanadh an fear-inid greamaithe istig sa bhosga faoisdine, mar a bheadh
ceann cait, ó mhaidín go hoidche agus do thagadh na mná go léir chun faoisdine


L. 51


a dhéanamh le teachtaire an easbuig a dh'fhéadfadh logha lán a thabhairt
is gach aon tsaghas peaca, ar chuma an Tiarna Easbog féin.



"A athair," do thosnuig Saridda agus a srón buailte suas le ráil an bhosga,
"dinim peaca gach aon Domhnach sa tsáipeul mar gheall ar Nino."



"Conus é sin a inghean?"



"Is amhla bhí sé chun me phósa, a athair, sara dtáinig an gleo so go
léir san áit; agus anois ó tá an cleamhnas briste, téidhean sé agus seasuíon
sé in aice na haltórach lena cháirde agus bíon sé ag féachaint orm agus ag
gáirí fúm ar feadh an aifrinn bheannaithe ar fad."



Agus nuair a mheas sé croidhe Nino a bhoga: "A mhalairt ar fad, a
athair, isí a thugan a drom liom nuair a chíon sí me, i leith is gur bacach me,"
adeireadh an t-ógánach.



Ar an dtaobh eile don sgéal, dá rángódh le Saridda bheith ag gabháil
tríd an bplás lá Domhnaig, do leigeadh seisean air féin bheith ana-reamhar
le sáirsint na bpílears, nú le duine mór éigin eile, agus ní thógadh sé aon
cheann di.



Bhí Saridda ana-ghnóthach ag déanamh lanntaerí beaga de pháipeur
dathuithe, agus do leathadh sí ar lic na finneóige iad, féna shróin, ag leigeant
uirthe bheith 'á gcur amach ag triomú.



Uair amháin do theanguíodar lena chéile ar baiste. Níor labhradar chun
a chéile amhal is gur stróinséirithe iad, agus do chuaidh Saridda chomh fada
le suirghe a dhéanamh le athair baistí na bunóice.



"Is deas an saghas athair baistí é go deimhin!" arsa Nino go fonóideach,
"athair baistí le gearra-chaile! Nuair a thagan cailín ar an saol umhluíon
fiú frathacha an tighe dhi!"



Agus Saridda, ag leigeant uirthe bheith ag caint le máthair na bunóice,
"Is olc an ghaoth ná séidean maitheas do dhuine éigin. Uaireanta nuair
ba dhó leat rud luachmhar a bheith caillte agat, is amhla ba cheart duit
baochas a thabhairt do Dhia agus do Shan Pasquale; mar sara mbeidh aithne
cheart agat ar dhuine ní mór duit seacht dtomhais shalainn a dh'ithe."



"Go deimhin, caithfeam bheith sásta leis an saol mar a gheibhmíd é,
agus níl éinní chomh caillte le miosgais a dhéanamh i dtaobh nithe nách fiú
iad é. Nuair a cailltar Pápa toghtar ceann eile."



"Tá cinniúint éigin tímpal leanaí a theacht ar an saol, díreach mar atá
tímpal póstuíocha; mar is fearr duine a phósa a bheidh i ngrá leat agus ná
beidh ag cuimhneamh ar a shochar féin, ná ar pháirceana, ná ar mhiúileana
ná faic, ar a shon ná beadh fáltas mór aige féin."


L. 52


Bhí droma an challaire 'á bhuala sa phlás. "Deir an giúistís go mbeidh
an féasta againn!" do ghluais an cogar imeasg an tsluaigh.



"Raghad chun dlí agus comhraiceód amach go deire an domhain é!
Is cuma liom má fágtar gan pingin sa tsaol me agus gan ach an léine ar mo
dhrom ar chuma Iób naomhtha, ach ní dhíolfad na chúig lire sin d'fhíneáil!
ní dhíolfad, má chaithim é dh'fhágaint sgríbhte im uadhacht!" arsan fo-
ghiúistis agus do thug sé a leabhar air.



"Fuil mhadra! Cad ab áil leo d'fhéasta má táimíd go léir chun bás
a dh'fháil don ngorta imbliana?" arsa Nino.



Ó Bhealtaine anuas níor thit braon báistí, sa tslí is go raibh na barraí
chomh buidhe is chomh tirm le sponnc agus iad ag fáil bháis leis an dtart.
Dubhairt Bruno, ámhthach, dá mbéarfaí San Pasquale amach i mór-shiúl
go ndéanfadh sé báisteach gan teip. Ach cárbh fhios do-san, rothadóir,
cad a bhaín le báistig, ná d'éinne dá pháirtí, súdairí?



Do tugadh San Pasquale amach i mór-shiúl, soir agus siar, agus do
hárduíodh anáirde é ag féachaint uaidh síos an cnoc chun go mbeannódh sé
na guirt. Lá marbh brothalach sa Bhealtaine ab eadh é agus an spéir lán
do sgamail - an saghas lae a chuirean an fear tuatha ag statha a ghruaige
nuair a fhéachan sé ar na guirt dhóite agus ar na léasacha arbhair ag croma
anuas mar is go mbeidís ag fáíl bháis dáiríribh.



"Mallacht ort, a Shan Pasquale!" arsa Nino agus é ag imeacht ar
straidhn imeasg a bharraí, "níor fhágais agam ach an corrán chun mo sgórnach
féin a ghearra!"



Bhí caoine agus ologón ar fuaid an bhaile uachtaraig go léir. Ceann
desna droch-shaosúir sin gan faoiseamh ab eadh é go dtagan an ghorta tímpl
an Mheithimh, agus go seasuíon na mná go díomhaoin agus go mí-shlachtmhar
tímpal na ndóirse ag féachaint uatha amach ar an aer. Nuair a chualaidh
Saridda go raibh Nino chun sgarúint lena mhiúil ar an marga chun cíos a
chuid talmhan a dhíol, mar nár thug an talamh féin éinní isteach chuige, do
thráig an fhearg di láithreach agus do chuir sí a driotháir Turi le deabha ag
fóirithínt air lena dtaisge bheag airgid féin.



Bhí Nino 'na sheasamh i gcúinne an mhargaith ag féachaint go neafuiseach,
agus a dhá láimh sáite síos 'na phócaí aige, an fhaid a bhítheas ag díol na
miúlach. Bhí an mhiúil gléasta amach go hórnáideach agus adhastar nua
uirthe.



"Ní theastuíon éinní uam," ar seisean go tormastúil, "beidh neart mo
dhá láimh agam le congnamh Dé. Is deas an naomh é San Pasquale sin
agaibh, nách deas?"


L. 53


Do thug Turi a chúl leis sara dtiocfadh bruighean as an sgéal agus d'imig
leis. Chun na fírinne, bhí briste ar an bhfoighne ag sna daoine ó tugadh
San Pasquale amach i mór-shiúl agus an mhaitheas mhór a tháinig as. Dob
é an chuid ba mheasa den sgéal gur áitíodh ar chuid mhaith daoine ó chea-
thrúin Shan Rocco páirt a thógaint sa mhór-shiúl, le neart grá do sna barraí,
agus bheith 'á mbuala féin mar óinsig agus coróinneacha deilgne acu 'á chai-
theamh. Bhíodar ag baint sásta amach anois le heasgainí móra, chomh
mór san gurbh éigean don bhfear-inid retraet a dhéanamh, 'na chois agus
ceal an lucht ceoil mar a tháinig sé.



D'fhonn díoltas a dhéanamh ar an rothadóir, do dhin an fo-ghiúistís
telegram 'á rá go raibh na daoine ana-nea-shocair ionnta féin agus gur bhaol
don síocháin phuiblí, sa tslí is gur ghluais an ráfla tímpal lá breá go raibh na
saighdiúirí tagtha ist oidhche, agus éinne gur mhaith leis iad d'fheisgint ná
raibh a bhac air dul ag féachaint ortha 'na gceathrúnacha féin.



"Mar gheall ar an ngalar dubh atá siad tagtha," arsa daoine eile ámhthach.
"Tá na daoine ag fáil bháis ansúd thíos insa chathair ar chuma na gcuil."



Do bhuail an poitigéaraí an glas ar dhoras a shiopa, agus do bhí an
dochtúir ar an gcéad duine a rith leis féin, ar eagla a mharaithe.



"Ní dhéanfa sé taom mór," arsan méid beag daoine dh'fhan sa tsráid
toisg nár fhéadadar teiche amach fén dtuaith, "féachfaidh San Rocco bean-
nuithe i ndiaig a shráide féin, agus tabharfam clabhtáil mhaith don gcéad
fhear a gheobhfar ag póirseáíl tímpal san oidhche."



Do tháinig muintir an bhaile íochtaraig, leis, cos-nochtaithe agus le
deabha mór, go dtí sáipeul Shan Rocco. Ach dá ainneoin sin is uile, ní fada
gur thosnuig an bás ar bheith ag leaga na ndaoine níos tiugha, mar a bheadh
braonacha móra roim stoirm; cé go ndeireadh na daoine gur suthaire ab
eadh daoine acu agus go raibh sé cionntach lena bhás féin do dheasgaibh an
iomarca péiríní dh'ithe, agus i dtaobh duine eíle gur tháinig sé abhaile ósna
guirt t'réís na hoidhche a thitim. An éin-tslí, bhí an galar dubh ann dáiríribh,
d'ainneoin na faire bhí 'á dhéanamh agus fé shróin Shan Rocco féin, bíodh
is gur taidhríodh do sheana-bhean go raibh ainm na diagathachta uirthe gur
labhair San Rocco léi í bpearsain agus go ndubhairt: "Ná bíodh aon eagla
agat roimis an ngalar dubh, táim-se ag féachaint 'na dhiaig agus ní hionan
mise agus San Pasquale sin gan mhaith."



Níor casadh Turi ar Nino ó aimsir na miúlach a dhíol; ach chomh luath



Creidtar fós in áiteanna áirithe san Iodáil go dtagan an galar dubh (cholera) as
nimh a leathnuíon daoine atá i bpádh an Ghobhairmint tímpal i gan fhíos.


L. 54


is chualaidh Nino go raibh an bheirt acu breoite do bhrostuigh sé fé dhéin
a dtighe agus do fuair Saridda, a haghaidh go léir dubh tairice, sínte sa tseomra
bheag shuarach le hais a driothár. Bhí an driotháir san annriocht chéadna,
agus é ag statha a ghruaige gan fhios aige cad ba mhaith dho a dhéanamh.



"Á, a Shan Rocco a bhithiúnaig!" arsa Nini le cnead, "ní raibh aon
choinne agam leis seo! A Sharidda, ná haithníon tú me? Nino - é siúd
go mbíodh aithne agat air fadó."



D'fhéach Saridda air agus a súile chomh logartha san nár mhór do dhuine
lanntaer chun iad d'fheisgint, agus ó shúile Nino féin do thit na deora anuas
'na dhá sroth. "Á, a Shan Rocco!" adeireadh sé, "is measa dhom é seo
ná an cleas a dh'imir San Pasquale orm!"



Do tháinig Saridda uaidh, ach go háirithe, agus 'na seasamh sa doras
di, a ceann ceangailte suas i gciarsúir agus a haghaidh chomh buidhe le céir
bheach, deireadh sí leis, "Do dhin San Rocco míorúilt dom, ní mór duit
teacht agus coinneal a thabhairt chuige lá a fhéasta."



Do chroitheadh Nino a cheann le croidhe lán; ach do thóg an fear bocht
féin an aicíd agus bhí sé i mbéal báis. Do sgrabhaig Saridda a haghaidh
ansan agus dubhairt go bhfaghadh sí féin bás 'na theanta; go ngearrfadh sí a
gruaig di agus go gcuirfeadh isteach 'sa chomhrain leis í mar ná feicfí a hagh-
aidh arís an fhaid a mhairfeadh sí.



"Ní headh, ní headh!" adeireadh Nino agus sgaimh ar a aghaidh,
"fásfaidh an ghruaig arís ach ní bhead-sa ann chun tu fheisgint mar beidh
me marbh!"



"Ba dheas an mhíorúilt a dhin San Rocco dhuit!" adeireadh Turi leis
mar shólás mar dheadh. Agus ar ball, nuair a bhíodar ag teacht chútha féin,
do sheasuídís cois an fhalla 'á ngriana féin, agus aghaidh fhada lom ortha,
agus do chasaidís San Rocco agus San Pasquale sa tsúil ar a chéile gan stad.



Do ghaibh Bruno an rothadóir thar bráid lá, mar bhí sé taghtha thar
nais ón dtuaith anois ó bhí deire leis an ngalar dubh, agus ar seisean: "Ba
mhaith linn féasta mór a bheith againn chun baochas a ghabháil le San
Pasquale i dtaobh sinn a thabhairt slán ón ngalar dubh. Ní bheidh aon chur
'nár gcoinne anois, ná imreas, ó cailleadh an fo-ghiúistís sin. Tá an t-imreas
fágtha aige 'na dhiaig, 'na uadhacht fiú amháin."



"Seadh, féasta do sna daoine atá caillte!" arsa Nino le dranna.



"An le fabharuíocht Shan Rocco a mhairean tú féin fós mar sin?"



"An gcuirfe sibh uaibh é," do spalp Saridda amach, "sara gcaithfidh
an galar dubh teacht arís chun síochána a dhéanamh!"



TAUBE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services