Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oíche Shamhraidh
Title
Oíche Shamhraidh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
Clólucht an Bhranair Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oíche Shamhraidh. Bhíos amuich i gclós na feirme bige, ag ullmhú chun dul ar mo rothar go Calainn, mar a raibh comhnaí ar cholceathar dom, agus ní miste liom a rá go gcuirinn mo chuaird chúichi ar athló mara mbeadh gur chuimh- níos ar chailín bheag dhubh a cuireadh in aithne dhom bliain roime sin sa bhaile bheag chéanna san, baile a bheidh ina phríomh-chathair chontae lá éigin do réir an tsean-fhocail: "Ceanannus a bhí, Cill Choinnigh atá, Calainn a bheidh," agus do réir cosúlachta beidh, mar tá sé ag dul i méid o bhliain go bliain agus bíonn sna sráid- eanna beaga cumhanga ann gleithearán gnótha ná bíonn do ghnáth i "gCathair an Mharmair." Tháinig m'aintín amach as an tigh, tigh beag suarach a tógadh nuair a bhí na tiarnaí talmhan in aoirde a gcomhachta agus ná leomhadh éinne aon cheann do chur ar a thigh ach ceann tuighe ná aon urlár do chur ann ach urlár cré, ar eagla go n-árdófí an cíos air. Bean bheag aosta ab ea m'aintín, beannacht Dé lena hanam! Samh- laítear dom go bhfeicim arís í mar a bhí sí an lá úd: dronn bheag uirri ón aois mhóir a bhí aici, a dhá súil mhóra ghlasa ag féachaint orm go cineálta; agus caipín beag dubh ar a cuid gruaige ná raibh bán ar fad ná buí ar fad ach idir eatorra. Bhíos ag caitheamh mo laeth- anta saoire ina fochair mar a dhininn gach bliain. Beirt mhac a bhí ag oibriú na feirme dhi: fear óg dathúil a chuireadh ana-shuim ina chuid beach agus crann ubhall agus, ní nár locht air, sna cailíní chó maith; agus crúnca cruaidh meán-aosta nár chuir coileur féna mhuin- eál riamh agus ná raibh suim aige ach i ndíol is i gcean- nach beithíoch. Bhí mac eile aici a chuaidh chun na hAstráile ar mhaithe lena shláinte agus bhí ceathrar inghean aici a fuair fir mhaithe chreidiúnacha dhóibh féin tréis tamall do thabhairt in aimsir ag na "huaisle"
nó i bpostana eile. Bhí triúr acu san ina gcomhnaí in aice na háite - Cnoc Droma, ainm an-oiriúnach, mar is cnoc agus is drom tailimh in éineacht é. Bhíodar go léir compórdach go maith agus dféadfí a rá i dtaobh beirt acu go rabhdar saibhir. Do labhair sí liom. - Ní mholfinn duit dul chó fada o bhaile iniu, a Sheáin, ar sise. - Agus canathaobh ná déanfainn? arsa mise; tá an lá go háluinn agus ní fios ná go mbeadh sé fliuch amárach. Agus dféachas síos an cnoc ar na barraí breátha buí fé thaithneamh na gréine. - Bhail, bhail, béidir go bhfuil an ceart agat, ar sise. - Is dócha ná fuil ann ach piseogacht tréis an tsaoil, ar sise arís agus í ag miongháirí; ach a bhfuil fhios agat, ar sise - agus tháinig mar a bheadh scamall ar a haghaidh- táim á bhraith le trí lá go bhfuil rud éigin, mí-fhortiún éigin, ag teacht, agus taidhríodh dom aréir go bhfeaca corp fir agus fuil 'na slaodaibh leis. - Mhuise, bíodh ciall agat. Sé malairt an ní a taidh- rítear do dhuine a thuiteann amach i gcomhnaí. Ní deirim ná go gcloisfimíd go luath i dtaobh duine éigin a bheith ag pósa - mé féin, béidir. - Ní chuirfinn thort é, ach seachain - an leabaidh a dhéanfir is inti a chaithfe tú luí. Dhin sí gáire beag agus do chuaidh sí isteach san abhallórd. Maidir liom féin, níor chuimhníos ar an scéal a thuille. Chuas anáirde ar mo chapaillín iarainn agus seo chun siuil me síos an bóithrín beag caol, idir dhá chlaidhe an-árda, godí an bóthar mór. Níl Calainn thar deich míle ó Chnoc Droma agus, cé go bhfuil na bóithre caol, táid, no bhíodar an uair sin, go hana-mhaith, mar thugadh an lucht údaráis an-aire dhóibh. Bhíos ag imeacht go mall mar ba mhian liom aoibhneas a bhaint as áilleacht na tíre agus as áilleacht na haimsire in éineacht. Ós rud é gur istigh i gcathair Bhaile Atha Cliath a chaithinn furmhór mór na bliana, leathchéad
seachtain, chuireadh gach éinní a chínn ar an tuaith áthas mór orm. B'iongna liom daoine bheith ag cur aimsire amú ag féachaint ar phictiúirí péinteálta agus radhairc ab áille go mór le feiscint i ngach lúib de bhóthar thuatha. Ba gheall le blúire filíochta dhom gach tor, no crann, no geata. Chínn áilleacht sna nithe ba shuaraí, agus nuair a bhínn ag gluaiseacht ar bhóthar idir chrainn árda bfearr liom é ná Tír na nOg. Do samhlaítí dhom go mbéidir go mbeadh sé d'ádh orm go nochtfadh an slua sidhe iad féin dom ar phlásóigín ghleoite éigin imeasc na gcrann, go bhfeicfinn mná áille in éadaíbh ioldaite sróill is síoda agus uaisle móra agus córú ríoga ortha, ag déanamh aoibhnis is aeríochta ina dteanta, agus clocha lómhara ag rince is ag glicscarnaigh ar an gcuideachtain go léir; no go dtiocfadh spéirbhean amach romham ar an mbóthar, á chur de gheasaibh fíor-laoich orm í fhuascailt ó dhaorsmacht draoi. Ag gabháil trí Cheanannus dom do thugas strac-fhéachaint ar an seana-chaisleán a fuair an bhataráil ó ghunnaí Chromail agus do chuimhníos ar an bhfear óg, mac feirmeóra, a bhí seacht mbliana fé dhraíocht ann agus nár leig an scannra d'éinne an rud beag d'iarr sé do dhéanamh chun é shaora sara mbéarfí go caisleán eile é. Chuaidh beirt fhear óg ann oíche agus do chonnacadar ag rince ann cuideachta mhór d'uaislibh a bhí gléasta i bhfaisean na séú aoise déag. Ag machtnamh dom ar an gcuma san ní rabhas i bhfad ag cur an bhóthair díom. Cuireadh míle fáilte romham i gCalainn agus fuaras caoi ar fhurmhór an tráthnóna do chaitheamh i bhfochair an chailín bhig úd. Níor chuimhníos ar fhille godí go raibh sé déanach go maith san oíche. Dfágas slán ag gach éinne sa bhaile bheag agus thugas aghaidh ar an mbóthar a bhaile. Bhí mo chroí chó héadtrom san go rabhas ag amhrán agus me ag cur díom ar mo shuaimhneas fé sholus na ré is na réiltíní a chuir fíor-dheabhramh draíochta ar gach aon rud am' thimpall. Bhí orm gabháil thar seana-roilig cúpla míle ó Chnoc
Droma. Do chonnac cabhlach mór briste na seana- mhainistreach i bhfad uaim agus tháinig orm an saghas san scannra a thagann ar dhaoine do ghnáth ina leithéid de bhall in am mhairbh na hoíche agus a thagadh orm féin, leis, in ainneoin mo réasúin, gach aon uair a ghabhainn an bóthar san istoíche. Bhíos ag cur díom suas an cnoc dian agus me ag séide alluis le cruas na hoibre a bhí agam á dhéanamh lem' dhá chois agus mo cheann anuas ar stiúir an rothair. Mar sin a bhíos nuair a samhluíodh dom gur chuala an caointeachán bog íseal fé chiúnas mharbh na hoíche samhraidh. Níor dhin sé ach a chur fhiachaint orm tuille nirt a chur i ngach sáth a thugadh mo chosa síos, ad iarraidh an rothair do thiomáint ar aghaidh ní ba thapúla. Do stad an caointeachán tréis tamaillín agus bhí sé ag dul ina luí orm nár chuala éinní in aon chor. Bhíos comhgarach do bharr an chnuic um an dtaca san, agus é nách mór ag teip orm ar fad an rothar do thiomáint toisc a dhéine bhí an ball áirithe sin den chnoc, nuair a chuala an caointeachán arís. Dféachas i leataoibh agus cad a chífinn ach an bhean bheag íseal agus a folt buí go talamh léi. Lena linn sin díreach do thuiteas isteach sa díg, ach siúd amach láithreach arís me, gan cuimhneamh ar na gearrthaíocha a dhin na driseoga is na sceacha orm. Suas ar mo rothar arís liom gan moill nómait! Chuir an scannra breis nirt am' chosaibh agus do sciúrdas liom ar nós na gaoithe, ag teiche roimis an gcaointeachán san a bhí ag teacht am' dhiaidh i gcomhnaí agus a samhlaíodh dom a bheith am' chluasaibh fós nuair a bhíos ró-fhada uaidh chun é chloisint. Tháinig maolú beag ar an sceon a bhí ionam agus thugas fé ndeara go rabhas traochta amach agus go raibh m'aghaidh gearrtha agus mo chuid éadaigh stractha. Do chuimhníos ansan ar an taidhreamh a dineadh dom' aintín agus d'admhaíos dom féin nár mhiste do dhuine géille do phiseoga anois is arís. Do leigeas osna nuair a chonnac ná rabhas ach roinnt slat o gheata na feirme.
Do thúirlingeas den rothar agus do buaileas isteach. Bhíos chó tógtha suas san ag cuimhneamh ar eachtra na hoíche ná feaca an triúr no ceathrar fear a bhí ag dorus an tighe. Níor aithníos iad godí go rabhas cúpla slat uatha. Do chromas láithreach ar a innsint dóibh cad a thuit amach dom, ach is ar éigin a bhí éinní ráite agam nuair a stadas, mar ba léir dom ná raibh puinn suime acu á chur am' scéal agus bhí féachaint ghreannúr, shola- manta, ina súilibh. - Cad tá bun-os-cionn? arsa mise leo. Níor fhanas le freagra, áfach, mar chonnac an nómat san go raibh an chistin lán de dhaoine agus iad ag caint go híseal. Chuireas mo rothar leis an bhfalla agus do bhuaileas isteach go dithinsach. Bhí doras an tseomra leapan ar leatha agus solus coinnle ann. Do ritheas isteach agus do stadas go hobann. A Thiarna na ngrást! Cadé seo a chím! Mo cholceathar, an fear óg láidir dathúil a chonnac ina shaol is 'na shláinte ar maidin: é ina luí fuar marbh ansan ar an leabaidh agus gearra mór garbh doimhin in' éadan! A mháthair bhocht ina suí ag ceann na leapan agus í ag gol go croí-bhriste. A dhritháir ina sheasamh in aice léi, ag féachaint amach roimis fé mar a bheadh a mheabhair bainte dhe. Níl puinn eile le hinnsint. Is amhlaidh a thuit an fear óg anuas de bharr cruaiche féir agus do bhuail a cheann i gcoinnibh cloiche móire géire. Níor mhair sé ach cúpla nómat. Dhin cuid desna comharsain é iompar abhaile chun a mháthar. Maidir liom-sa, níor fhanas san áit ach an méid aimsire ba chuibhe dhom fanúint ann tréis na sochraide ach fanfidh cuimhne na hoíche úd agam go dtiocfidh an bás orm féin. Liam O Rinn.
Lucht an Aeir. I. An té a mbíonn brionglóidí go minic aige, is eol dó go mbíonn créatúirí aisteacha áithride ag teacht isteach ina shuain-bheatha anois is arís, créatúirí nach mbíonn aithne aige féin orra. Ní féidir leis cosg a chur ar theacht ná ar imeacht na gcréatúirí seo, ná ní bhíonn aon smacht aige ar a gcuid gníomhartha, maith nó olc. Uaireannta aithneóchaidh an brionglóidí pearsantachtaí áithride arís agus arís eile, agus chífidh sé i ngach uile chineál aislinge is brionglóide iad; agus is minic do dhuine 'á rá leis féin: "Cé hiad na daoine seo nár casadh orm ariamh lem' bheó, na daoine seo nach bhfaca mé ariamh lem' shúilibh daonna; nó 'tuige a' mbíonn siad 'á dtaisbeáint féin dom ar an dóigh seo agus mé mo chodla?" Bíonn suain-bheatha níos gléinighe, níos beódhúla, ag na páistí ná mar bhíos ag daoine fásta; thar é is tana é an brat atá ina chrocha idir an dúiseacht is an codla sa leanbh, agus is bog so-lúbtha iad na slabhraí do-fheicse úd a cheanglas an t-anam is an corp. Is mó cara - agus eascara freisin - a bhíos ag leanbh i ndúthaigh na mbriong- lóidí go minic. Agus 'siad na leanbhaí, níos minicí ná na fir is na mná, a chuireanns an cheist chéadna úd orra féin: "Cé hiad na strainséaraí seo," ar siad, "nó cérb' as dóibh? Bhfuil siad beo' dá ríribh? ..." Is inspéise an cheist í gan amhras, agus is mó freagra éagsúil a tugadh uirri, agus is mó easaontas d'eirigh 'na taoibh. II. Ní mar a chéile iad na brionglóidí choíche. Ní hionann iad na cúiseanna bhíos mar bhun leó, dar liom-sa, ná ní hionann iad na híomháighthe ná na pearsantachtaí bhíos d'á léiriú ionnta. Maidir le cúis nó fáth na coda is
mó dhíobh arnó tá tuairmí Freud againn 'na dtaoibh sin, tuairmí a bhfuil mórchuid den fhírinne, gan amhras ar bith, ag baint leó. Séard deir Freud* agus a lucht lean- úna ná gurab iad mianta leath-smachtuithe leath-thuigthe na haigne is an chuirp faoi ndeár ár mbrionglóidí go léir; agus is cinnte gurab iad na mianta éagsúla úd an chine daonna: mianta airgid, mianta cumhachta, mianta insgne, agus mar sin de: a chruthuigheanns samhlachtaí agus íomháighthe sa bhfó-mheabhair d'fhonn iad féin a chur i gcéill (thar é níl mian ar bith sa gcroidhe daonna nach bhfuighidh é féin do chur i gcéill ar chaoi éigin, cuma cé'n smacht, cuma cé'n cosg a chuirfeas an coinsias nó an réasún air.) Agus tugamuid brionglóidí mar ainm ar na samhlachtaí agus ar na híomháighthe sin, nó ar na cuimhneacha camtha measgtha fhágas siad 'na ndiaidh. Ní ar bhun-chúis ná ar fháth na mbrionglóidí is mian liom trácht annseo, áfach, ach ar mharthain nea-spleách na n-íomháighthe is na bpearsantacht a bhíos le feiceál ionnta. Ní leór liom a rá nach bhfuil sna híomháighthe ná sna pearsantachtaí seo ach "cruthú na samhluíochta." Mar deir AE, ba cheart dúinn brí an fhocail sin "samh- luíocht" féin do mhíniú i gceart ar dtúis sul má iarramuid cruaidh-cheisteanna na n-aislinglí is na físíochta is na mbrionglóidí do mhíniú leis. Ag seo, mar sin, an cheist atá ag déanamh imní dhom: Cé hiad na daoine do-aithnide úd a feictear sna brionglóidí, nó an bhfuil aon bheatha faoi leith aca? Chreid mé tráth - agus béidir go gcreidim fós é - go raibh fuasgailt na ceiste úd le fáil sa mbarúil a bhí ag na cineachaibh ársa: daoine do chomhnuigheadh i ngiorracht don talamh, agus a mbíodh cuid mhór de rúin is de mhistéirí na talmhan ar eólas aca, rudaí atá caillte againn-ne, ag cine an lae indiú. Na cineacha ársa seo, fíor-chlann na ngaoth is na * Féach "Die Traumdeutung," Sigmund Freud do sgríobh, Wien 1900; agus leabhra eile ón údar céadna. * Féach "The Candle of Vision," AE do sgríobh; Lonndain 1918.
réalt, chreididís gurab ionann na créatúirí úd fheicimid sna brionglóidí agus áitreabhaigh an domhain sidhe agus nach féidir linn a bhfeiceál ach amháin nuair bhímid lasmuigh den chorp, agus lasmuigh den truime bhaineas leis an gcorp. Agus tráth a mbíonn duine 'na chodla agus é ag brionglóidigh, tig leis an truime chorpora sin fhágáil 'na dhiaidh, agus tig le n-a chorp íogmhar, nó le n-a chorp codalta, nó cibé ainm eile d'fheilfeadh don pháirt sin den duine dá dtárluigheann eachtraí taidhbhseacha na hoidhche, tig leis sin dhul ar fán is ar seachrán ar fud an tsaoil, agus, béidir, thar teórainn an tsaoil. Cá bhfios dúinn-ne cé na rudaí aisteacha dob fhéidir le súile an chuirp éadtruim aerigh úd an chodalta fheiceál? Nó cá bhfios dúinn cé na créatúirí sgáiliúla nea-shaolta casfaí leis? Béidir nach mbíonn aon eagla ar áitreabhaigh an domhain sin - ar na sidheóga, ar na taidhbhsí, ar na sgáthanna gan ainm - roimh chorp na mbrionglóidí agus é saor ón gcolainn chorpora. Béidir go dtig siad i ngar dúinn, nuair sgaoileas an codla truime an ghnáth-shaoil anuas dínn, agus go dtosnuigheann siad ag cogar 'nár gcluasaibh. 111. Ba mhaith liom míniú mo bharúla thabhairt annseo, agus, le n-a chois sin, sampla nó dhó de theagmhaisí éagsúla, d'eachtraí beaga i ndúthaigh na mbrionglóidí a d'eirigh dhom féin agus do cháirde liom ó am go ham do chur síos freisin. Ní sgríobhfaidh mé ach iomlán na fírinne. Ní hé gur mian liom rud ar bith do dheimhniú. Tá mé tuirseach de theóirithe gur féidir a ndeimhniú. Ní bheirim na heachtraí seo mo dhiaidh uaim ach le mo theoirí féin do dhéanamh níos soiléire. Ní theas- tuigheann uaim ach sin. Tá aithne agam ar mhnaoi a mbíodh brionglóidí éagsúla aici gach oidhche agus í 'na girsigh. Ceann de na brionglóidí seo bhíodh sé aici arís is arís eile, seachtain i ndiaidh seachtaine, nuair bhí sí tuairim is ocht mbliana
d'aois. Samhluightí dhi go raibh sí 'na seasamh ar mhullach cnuic ísil in áit fhiadháin uaignigh eicínt. Sléibhte bagarthacha sgéirdeacha 'na tímpeall agus iad bán faoi shneachta. Leathsholus doiléar thart uirri. E go han-fhuar. Chíodh sí go hobann sluagh de dhaoine beaga ag déanamh uirri. Deireadh sí léi féin gur dhócha gur síodh-dhaoine bhí ionnta, ach nach raibh aon phioc cosúlachta idir iad agus na sidheóga a mbíodh trácht orra 'na cuid leabhar sgéaluíochta Gaedhealaighe. Firíní beaga mí-chumtha bhí ionnta, duairt sí liom, agus iad go gruama gránna mailíseach. Bhí teanga iasachta eicínt nár thuig sise ar siúl aca. Srónta fada bioracha ar chuid díobh, srónta gearra geanncacha ar chuid eile; cosa ábhal-mhóra millteacha faoi chuid díobh, agus gan aon chosa faoi chuid eile; súile cruinne soilseacha ag cuid díobh, agus cuid eile dall ar fad; ach iad uile ag gabháil fhuinn is ag cómhrá go glionndarach is go mistéireach le chéile. Chuimhnigh bean na brionglóide go maith ar a gcuid éadaigh is eile, agus thug sí cunntas beacht dom-sa 'na dtaoibh. Ní fiú liom gluaiseacht ná sgéal na haislinge úd innseacht annseo, thar é níl aon bhaint aige sin le mo theóirí. Ach ar chaoi ar bith, nuair bhí sí trí bliana déag d'aois, sílim, thug duine éigin leabhar sgéaluíochta Lochlannaighe dhi mar bhronntanas Nodlag, agus pioctúirí ann ó láimh pinnteora Shuainigh eicínt. Chonnaic sí láithreach bonn gurbh ionann na "trollaí," na haeróga, is na habhaic a bhí sa leabhar seo agus na creatúirí aisteacha mí-chumtha do chonnaic sí 'na brionglóidí féin fad ó. Ní thig liom a cheapa gur seans gan brí fá ndeár an teagmhas seo. Go deimhin, ba dheacra a chreidiúint gurab é an "seans" bun agus bárr 'chuile rud ait dó-mhínithe san saol seo ná a chreidiúint, mar chreid na céadta saoithe is daoithe rómhainn, go bhfuil an chruinne lán de bheatha éigin faoi leith nach bhfuil aon eólas againn uirri, ach amháin nuair bhíos súile na colna corpora druidthe ag an gcodla, agus súile na
colna rúindiamhraighe eile úd, colann na mbrionglóidí is na mian sgáiliúil mí-shásta, ar osgailt. 1V. Tá mé chun trácht anois ar eachtra den tsórt sin a cloistear sáthach minic ó dhaoinibh a mbíonn brionglóidí go gnáthach aca. Ach béidir go gcuirfí spéis ann. Bhí cara ag duine de mo dhriothúrachaibh uair; bean mheadhon-aosta a raibh taithneamh is cultúr mór ag baint léi, creidim. Bhí an bheirt bhan an-mhór le chéile. Ba mhinic dom' dhriothúir a rá liom: "Caithfidh tú aithne chur ar Chaitlín Ní Dh - "; ach shleamhnuigh an aimsir thart (ní raibh ionnam ach gasúr an tráth úd), agus ní fhaca mé ariamh í. Tráthnóna amháin tháinig mo dhriothúir abhaile agus í go buartha imníoch, agus d'innis dúinn go raibh a cara an-tinn - an fiabhras cléibh a bhí uirri, creidim - agus go raibh eagla ar an dochtúir go bhfuigheadh sí bás. D'imigh sise (mo dhriothúir) amach an oidhche chéadna úd, agus chuaidh go tigh a carad, féachaint an bhféad- fadh sí rud ar bith do dhéanamh ar a son. Cúpla lá nó mar sin 'na dhiaidh sin, ámh, tháinig sí abhaile arís. Bhí a cara marbh. An oidhche chéadna úd bhí brionglóid agam-sa- brionglóid a raibh soiléireacht iongantach, soiléireacht na físe, ag baint léi. B'fhacas dom go raibh mé ag siúl trí sheómraí is trí hallaí móra leath-dhorcha i dteach éigin nár aithnigh mé. Bhí mo dhriothúir 'mo theannta. Tháinig muid, tharéis tamaillín, go seómra mór fairsing a raibh trosgán áluinn aosta ann, agus pioctúir de mhnaoi shúil-ghlas eicínt 'na chrocha ar an mballa. B'eól dom láithreach cé bhí ann. Dhearc mé ar an bpioctúir agus gan focal asam. Agus is annsin do tháinig athrú ar an mbrionglóid: tháinig dath agus crot taidhbhseach mí-shaolta uirri. Chorruigh an bhean a bhí sa bpioctúir; chorruigh sí go mall righin; tháinig meanga beag gáire ar a béal; bhris sí an ghloine
bhí á clúdach, agus tháinig anuas chugainn sa seomra gur thosuigh sí ag cainnt linn. Chualas a glór; chonnaic- eas an fhéachaint leath-chúthalach, leath-dhána ina súilibh; thugas faoi deara an fáinne trom Síneach a bhí ar a méir. Sgathamh maith 'na dhiaidh sin thárla go gcuala mo dhriothúir go mbéadh roinnt rudaí pearsanta le Caitlín Ní Dh - - idir seóda, leabhra is eile - le fáil aici-se de réir na huachta bhí sgríobhtha aici. Chonnaic mise na rudaí seo ar theacht abhaile chuig mo dhriothúir dóibh. Ina measg bhí an pioctúir de Chaitlín féin a chonnaic mise sa mbrionglóid, agus fáinne trom Síneach do chaitheadh sí i gcomhnaí, de reir cosúlachta, agus í beo. Béidir go gceapfaí nach bhfuil aon bhaint ag an sampla seo thuas leis an teideal a chuir mé ar an aiste seo, ná leis an tuairim a nochtuigh mé ar ball beag - go dtagann aeróga is sidheóga is áitreabhaigh eile an aeir ag déanamh buartha don aigne istoidhche. Ní raibh an bhean úd do thaisbeán í féin do shúilibh mo chuirp chodalta 'na sidheóig nó 'na haeróig, déarfar. Is fíor an méid sin freisin, ní nach iongna; ach caithfear a chuimhniú gurab ionann an plána mar a gcomhnuigheann na daoine sidhe, de réir an teóirí atá d'á nochtú agam, agus an plána chleachtuigheas colann bhrionglóide an duine dhaonna. Mar gheall air sin féadann an duine daonna agus é ag brionglóidigh, féadann sé créatúirí de 'chuile chineál fheicsint, idir creatúirí mí-chumtha an dorchadais agus déithe niamhdha an Árdsholuis; idir na créatúirí sgáiliúla drilseacha úd a dtugamuid na Daoine Sidhe orra agus créatúirí a chine féin: cuirp bhrionglóide nó cruthanna codalta fear is ban, agus iad saor ó bheatha theoranta a gcorp de bharr an Dianmhachtnaimh, an Chodalta, nó an Bháis. V. Bíonn na créatúirí seo an aeir 'á dtaisbeáint féin do shúilibh an duine agus é 'na dhúiseacht go minic. Tráth-
nóna amháin dá rabhas-sa i dtram i mBaile Átha Cliath, mhothuigh mé go hobann go raibh athrú aisteach ag teacht ar a raibh 'mo thímpeall - ar na daoine eile bhí sa tram, ar shoillsibh is ar sgáileannaibh na cathrach, ar ghleó is ar fhothram Shráid Uí Chonaill - go raibh mar bhéadh ceó 'á gclúdach agus 'á gceilt orm; agus, ina theannta sin, go raibh dathanna agus cruthanna domhain eicínt eile dá léiriú go mall dom. I gceann tamaillín eile thuigeas go rabhas 'mo sheasamh imeasg crann foraoise móire éigin, áit a raibh ceó liathbhán spéir-ghealaighe ag cur cosúlacht sgáthann daithte ar na craobhacha is ar na duilleóga. Oidhche Fhómhair a bhí ann, agus bhí brón fann foilcheasach san aer. Bhí na duilleóga feósaí ag tuitim anuas thríd an teimhe 'mo thímpeall. Féachaint dá dtug mé ar an talamh chonnaic mé rud éigin a raibh luisne sgáiliúil an óir uaidh ina luighe imeasg duilleóg tuitthe agus fréamh casta na gcrann. Thóg mé aníos 'mo bhaclainn é agus chonnaic mé gurab é rud a bhí ann, faun beag nocht agus éadach óir fillte air. Ba bháine ná réalt é a chorp fá leathsholus doiléar na coille, agus bhí na súile dúnta aige. Bhí sé fuar marbh. D'fhill mé san éadach órdha arís é gur chuir mé i bhfolach faoi dhuilleóga buidhe an Fhómhair é. Agus nuair bhí íomháigh na coille duaibhsighe úd agus na colna bige iomhóige úd imithe ó mo shúilibh go bhfaca mé arís na daoine agus na soillse geala bhí thart orm, agus go gcuala mé arís raic is tormán Shráid Uí Chonaill 'mo thímpeall, sé duairt mé liom féin: "Tá adhra na háilneachta ársa dearmadtha againn cinnte agus déithe na háilneachta ársa marbh againn, agus déithe nua coigríocha cruthuithe againn 'na n-ionad." V1. Tá aithne agam ar mhnaoi áithrid a bhí ag fanacht cois na teine oidhche le teacht abhaile dá fear céile. Bhí sí 'na haonar sa teach, agus í ag éisteacht le glór
gaoithe an gheimhridh ag caoine taobh amuigh de na fuinneóga. Chuala sí fuaim na heochrach i nglas an dorais ar ball, agus b'eol di gurab é a fear bhí ann. Chuaidh sí amach sa halla le forán a chur air, agus chon- naic sí ag teacht chuici é tríd na sgáileanna. Níor chuir sé focal as, agus bhí an bhean ag fiafruighe dhi féin an amhla bhí rud éigin ar cearr. Thug sí faoi deara annsin go raibh cosúlacht sgáiliúil nea-ghnáthach air, ach duairt sí léi féin gurab é an solus fann bhí ar lasa sa halla fá ndear é sin béidir, agus níor chuir sí suim mhór ann. Lean sí isteach sa seómra ithe é. Bhí seisean aisteach ciúin. Níor labhair sé focal léi fós. Shuidh sé faoi ar chathaoir in aice na teine agus a dhruim léi. Tháinig imní uirri annsin agus d'fhiafruigh sí dhe céard do bhí air, nó an raibh sé tinn, nó 'tuige nár labhair sé? Annsin d'iompuigh seisean a cheann go tobann i nós go bhfaca sí a ghnúis. Leig sí sgread. Níorbh é a fear é ar chor ar bith do bhí ina shuidhe os cóir na teine, ach créatúir millteach gruama eicínt agus é ag breathnú go géar uirri. Bhí a shúile ag soillsiú 'na chloigeann, agus fiar-gháire adhfhuathmhar ar a bhéal. Ise ag féachaint go balbh eaglach air. Shíl sí labhairt ach níor tháinig aon fhocal as a béal... Agus nuair tháinig a fear féin isteach, cúig nóiméadaí 'na dhiaidh sin, fuair sé bán crithiúil í, agus gan 'na cumas aon cheó eile a rá ach amháin: "'Tuige nár tháinig tú níos luaithe? "Tuige nár tháinig tú níos luaithe? ... " "Cérbh é an créatúir uamhnach úd?" ar sise liom-sa uair amháin. "Cérbh as dó?"[.] Ach cá bhfios dom-sa? Nach bhfuil an saol seo líonta fós féin de rudaí do-mhínithe, de thaidhbhsí is de shidheóga is d'áitreabhaigh eile an aeir? Bíonn clann sgáiliúil dearmadtha seo an bhreacsholuis 'nár dtímpeall fós féin, sílim, ag fanacht de shíor, ag faire de shíor. Micheal Mac Liammhoir.
Is féidir casadh le mná nach ndeárna suirghe ariamh; acht is an-deacair mná fhagháil nach ndeárna acht aon uair amháin é! Mar a chéile don ghrádh agus don teinidh, ní féidir leó araon gan bheith ag corruighe; ní mhaireann sé gan dóchas - nó gan faitchíos. Is é fearacht na dtaibhseacha ag an bhfíor-ghrádh é; chuala gach éinne trácht orra, is beag duine a chonnaic iad. Muna bhfuilir an-mhuinighneach asat féin, bí do thost. Is fearr go minic le daoine eile ár lochta, ná ár ndeagh- thréithe. Níl aon rud is flaitheamhla bronntar ná comhairle. Is maith le sean-daoine deagh-chomhairle a thabhairt; mar shólás dóibh féin, is dócha, ar gan é bheith ar a gcumas a thuilleadh droch-shampla a theasbáint! An cleas is clisde, leigeann ort go bhfuil tú ag tuitim isteach sa bpaintéar a leagtar dhuit; ní imrighthear beart ar dhuine choidhche chomh forusda is nuair a cheapas sé go bhfuil beart ghá imirt aige ar dhuine eile. Is minic a níthear maitheas le slighe fhagháil chun olc a dhéanamh. Liam O Briain
Cumhaidh Oidhche Shamhna. Mhuise, a Bhriain, nach dona do sgeul, mo leun, I do aonar gan charaid ná gaol, 'sa tsaoghal. Oidhche Shamhna gan sógh, fiú ubhall ná cnó Och! ní huaignighe ná tusa an chloch 'san loch A dhuine chroidhe-chráidhte 'Mhic Ghioll' Eóin. 11. Is beag iad na daoine gan mhaoin, ná díon Ach níl fascadh agatsa ó'n tsín, a Bhriain. Chaith tú beatha shámh, shaor, agus eugfair, faraor! 'Gus ní cluinfear 'sa deireadh do sgread, tréith-lag A dhiabhail thruaighmhéiligh 'Mhic Ghioll' Eóin. III. Níl ionnat ach seachrán amach; mo chreach Níl éireóg ná cearc chugat isteach, ná amach Siubhail do bhóthar go socair; faigh bás - cé'n dochar- Mar an sean-shionnach craptha, ag uaill i n-uain Is ba bheag é do chiall-sa "Mhic Gioll" Eóin. 1V. Ach fan! ta aoidheacht le fáil, ar ball 'San tsean-reilig chruimhigh úd thall, fé fhal Agus cuirfear do cheann ar adhairt bhreáh dhonn Ins an chré dheas ramhair; i do shuain; go ciúin I do chodladh go dtí Lá an Luain.
V. Nuair a bhéas tú curtha san uaigh - gan truaigh Fé shúisín ghlas feurach i n-úir, tais, fuar Nárbh' shólásach é nár fhág tú 'do dhéidh: Aoinne ag sileadh na ndeor geur mór Ná ag cumhaidh ar fhód Mhic Ghioll' Eóin. V1. Féasta Shamhna ní bhfuair ariamh; dar fiadh Ach bhéarfaidh tú béile do liacht na criadha Tabhair cead a gcinn daobhtha agus cuirfidh siad faobhtha Agus sluigfidh siad thusa le toil - gan mhoill 'Gus ní chaillfidh siad pioc díot "Mhic Ghioll" Eóin. V11. Nuair a bhéas do chnámha iomlán mar stán Sgiobtha 'gus snasta go geal lom-ghlan Folmhochar an ceann de'n dícéille a bhí ann Agus déarfaidh na piasta ruadha "Arú! "Níorbh fhiú thú a phiocadh "Mhic Gioll" Eóin." Deomaic.
An Córtha Óir. Do bhí triúr drithár 'n-a gcomhnuidhe i gcaisleán mór uaigneach i righeacht Asturias, sa Sbáinn. Ambrós, Ricardo agus Chrisostom a n-ainmneacha. Bhí an triúr san ar na daoinibh uaisle ba mhó riachtanas agus ba dhealbha ó shaidhbhreas saolta d'á raibh le fáil sa chomhursanacht san. Bhí a rian ar a n-áit chomhnuithe. Is ar éigin a bhí licín slinne gan bhriseadh ná pána slán gloine fágtha ag an ngaoith ar an sean-chabhlach tighe a bhí acu. Croiceann gabhair a bhíodh mar éadach acu, agus thugaidís na tráthnóntaí geimhridh ag rástáil síos suas úrlar na cistineach, a d'iarraidh teas do chur 'n-a gcnámhaibh agus ag glinneamhaint ar an dteinnteán mhór fhuar fholamh. Ní bhíodh acu i gcóir béile na h-oidhche ach crústa d'arán dubh agus blúirín gáirleóige. Nuair a bhíodh a gcuid caithte acu do bhuailidís amach chun an stábla agus do shínidís thórsa ar shop easrach i n-aice na gcapall, sar a leathfí le fuacht i rith na h-oidhche iad. Ba ró-aindeis an crot a bhí ar na capallaibh céadna. Is acu a bhí na h-asnaidheacha loma agus na muiníl sgrogacha. Bhíodh na mainnseuracha féin creimithe acu le neart ocrais. Maidin bhreágh Dhomhnaigh san earrach do bhuail an triúr isteach sa choill le súil go mbéarfaidís ar choinín nó ar rud éigin eile le n-ithe. Sa tsiúl dóibh thárla go bhfeacadar, istigh i lár scairte, pluais charaige agus córtha mór daingean iarainn sa chúinne ba shia siar di. Bhí trí cinn de ghlasaibh ar an gcórtha agus eochair sáidhte i ngach glas díobh. Bhí leath-rann Aráibise
sgríobhtha ar an gclúdach, agus na leitreacha leath-ithte ag an meirg. D'osgaladar an córtha agus do leath a súile ortha nuair a chonnacadar go raibh sé lán go bara de phíosaíbh óir! Ba bheag ná gur bhain an radharc san a meabhair shaolta dhíobh. Do sháidh gach fear acu a lámha go h-uilinn sa chórtha, agus chuireadar suas uaill gháirí a bhain crothadh as na crannaibh mórthímpal. Ach níorbh' fhada ar an aigne sin iad. Do dhruideadar siar agus d'fhéachadar ar a chéile go droch-amhrasach. I gcionn tamaill do thóg Ambrós a lámha ar nós breithimh agus dubhairt nár bhfoláir an t-ór do mheágh- chaint i meidh, agus trí treana cothroma do dhéanamh de, agus é do rainnt go macánta. Go dteipfadh ar a ndícheall, ámhthach, an méid sin ualaigh do bhreith leó abhaile i n-aghaidh an chnuic d'aon iarracht amháin. 'Na choinnibh sin thall nár cheart dóibh imeacht a dtriúr agus an córtha d'fhágaint 'n-a ndiaidh gan chosaint. Uime sin, nár bhfearra dhóibh rud a dhéan- faidís 'ná duine acu do bhailiú leis chun an tsráid-bhaile agus trí mealbhóga leathair do cheannach, agus trí tomhaiseanna cruithneachtan i gcóir na gcapall, agus trí cístí agus trí buidéil fíona dhóibh féin. Nuair a bheadh an biadh sin caithte acu go mbeidís féin agus na capaill i bhfonn ní b'fhearr chun na h-oibre dhéanamh nuair a thiocfadh an oidhche. Mhol sé Ricardo mar theachtaire mar gurab é duine ab éasga agus ba luathchosaighe é. "Is maith an chomhairle agat í!" arsa Chrisostom. Ach ní ró-mhaith a thaithn an moladh san le Ricardo. Do dhubh agus do dhearg air agus do chrom sé ar mhachtnamh. I gcionn tamaill tháinig smaoineamh dó agus do labhair sé leis an mbeirt eile. "A dhritháracha," ar seisean, "tá trí h-eochracha sa chórtha. Déanfad-sa é do dhainginiú le h-eochair
díobh agus béarfad liom am' póca í. Ní'l bac ar gach duine agaibh-se an rud céadna do dhéanamh le n-a eochair féin." Do socruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do rug Ricardo ar a chapall agus chuaidh de léim ar a mhuin agus d'imigh fé dhéin na sráide. 11. Do bhí sruthán beag ag rith thar bráid, le tuitim an tailimh, isteach i lochán uisge. Do shuidh an bheirt ar chloich mhóir chúnlaigh i n-aice an tsrutháin sin agus a gclaimhte anuas ar a nglúnaibh acu. Bhí an dá chapall ag inníor tamall beag uatha anonn. D'fhéach Chrisostom suas ar an ngréin agus chuir sé méanfadhach as le neart ocrais. Do bhain Ambrós a shean-chaipín de agus chrom sé ar labhairt go breágh réidh. Chuir sé i gcuimhne do'n fhear eile conus nár mhian le Ricardo ar dtúis dul i n-aonacht leó isteach sa choill i n-aon chor. Dubhairt sé gur mhór an truagh go dtáinig sé ar atharach aigne. Dá bhfanadh sé sa bhaile ar maidin ná beadh ortha féin ach dhá leath do dhéanamh de'n stórus óir. Agus, donas an sgéil, ná beadh a mhalairt de chrích ar a thrian- san ach é chaitheamh ins na tithibh tabhairne ar a lucht cómh-óil. "Nách maith is eól dúinn, a dhritháir," ar seisean, "dá ráiníodh go bhfaghadh Ricardo an t-ór so agus é 'n-a aonar, gur bheag an bhreith a bheadh againn-ne ar a dhath d'fheisgint." Do chuir an fear eile cnead as, go tur agus go feargach. "Mo lámh duit gur bheag," ar seisean. "Cníopaire críochnuithe iseadh an Ricardo céadna. Nách cuimhin leat anuiridh, nuair a bhuaidh sé an céad dúcat úd lá an aonaigh, conus mar a thug sé an t-eiteachas domh-sa nuair a iarras trí dúcait air chun casóige nua do cheannach?"
"Féach féin gur thug," arsa Ambrós, agus bhí droch- sheasamh 'n-a shúilibh. Do lean Ambrós air: "Agus cad é an gnó a bheadh aige de'n ór so?" ar seisean. "Ní h-aon ní fóghanta an chasachtach san a bhíonn ar siubhal aige ar feadh na h-oidhche. Nách minic a thugas fé ndeara na smóla dúbha ar an úrlár i n-aice na leabthan aige? Gabhaim-se orm gur ag tabhairt fola a bhíonn sé. Preit! a dhuine, tá a phort seinnte. Ní mhairfidh sé bliain eile, agus abhfad sar a mbeidh an bhliain sin féin istigh beidh a chuid airgid ídithe scaipithe aige le h-ólachán agus le ragairne - an t-airgead le n-a bhféadfaimíd-ne an caisleán do shlánú agus do shlachtú agus do chur i dtreo, agus na h-airm agus an eachra, an tighearnas agus an mharc- shluagh is dual sinnsear dúinn do chruinniú 'n-ar dtímpal arís." "Go deimhin le fírinne níor chás liomsa dá bhfaghadh sé bás indiu féin," arsa Chrisostom. Do rug Ambrós ar chuislinn ar a dhritháir agus dhírigh sé a mhéar chun an chasáin a ghaibh Ricardo ag imeacht dó. "Tá áit oiriúnach tamall beag as so ameasg na gcrann," ar seisean. "Tusa a dhéanfidh an bheart, a Chrisostoim, ó is treise agus is tapúla d'fhear thú 'ná mise. Aon tsáth amháin idir an dá shlinnean agus beidh an gnó déanta. Annsan, ní bheidh caoi aige siúd muc agus dallacán do thabhairt ort in sna tithibh tabhairne a thuille. An sleamhnanaí bithúnaigh!" Do shocruíodar ar luigheachán i bhfolach do Ricardo chun eirighe chuige agus é mharbha nuair a bheadh sé ag gabháil thórsa. Do luighdar i gceilt i n-aice an chasáin. Do chaith Chrisostom é féin ar a chromadh sa díg agus a chlaidheamh ar tarrang aige. Chuireadar an aimsir díobh ag machtnamh ar an bhfíon agus ar na cístíbh, agus an t-ocras dh'á stolladh agus dh'á stracadh istigh ionnta.
Fé dheire d'airighdar chúcha coisíocht an chapaill agus guth an mharcaigh agus amhrán ar siúl aige. I gcionn cúpla nóimeat eile bhí an capall agus an marcach buailte leó. Do phreab Chrisostom ar aghaidh agus sháith sé a chlaidheamh i gcliathán Ricardo go dornchlainn. Do thuit seisean de'n iallait gan anam gan lúth. Níor dhein sé aon fhothram le n-a ghlór mar ní raibh an glór ann. Do rug Ambrós ar adhastar ar an gcapall agus do sgiob sé an eochair a' brollach an duine mhairbh. Chrom sé ar an gcapall do tharrang 'n-a dhiaidh, ach do chuir an beithíoch cos i dtalamh agus nocht sé na fiacla fada buidhe. B'éigean d'Ambrós é do phriocadh le bior a chlaidhimh agus rith le n-a ais. Bhí an ghrian tar éis dul fé um an dtaca 'nar shrois sé an áit 'na raibh an córtha. Bhí Chrisostom sínte ar a bhéal agus ar a aghaidh os cionn an tsrutháin, a mhuinchillí fillte suas thar uilinn aige, agus é ag glanadh na fola d'á lámhaibh agus d'á éadan. Bhí sgian ag Ambrós ar a cheathrúin fé n-a bhrat. Dhruid sé anonn taobh thiar de'n fhear eile gan aon fhothram a dhéanamh. Do shleamhnuigh sé an lámh dheas síos fé n-a bhrat agus sháidh sé an sgian i ndrom a dhrithár. Níor dhein Chrisostom oiread agus cnead do chur as. Thuit sé isteach sa tsruthán agus d'fhan a chuid gruaige fada ar snámh ar barr uisge. Bhí a shean-sparán leathair taobh thíos de agus é greamuithe go daingean d'á chliathán. B'éigean d'Ambrós an corp do thógaint amach agus é leagadh anuas ar an bport sar ar eirigh leis greim d'fháil ar an eochair. 111. Do bhain Ambrós searradh as féin agus chuir sé an anál 'n-a séideánaibh amach tré phollaibh a shróine ar nós duine a bheadh ag rith. Ach i gcionn tamaill do
spreag sé a mheanma agus chrom sé ar mhachtnamh ar cad é an chéad aitheasg eile a dhéanfadh sé. Shocruigh sé ar chuid le n-ithe do thabhairt do sna capallaibh ar dtúis, agus gan aon iarracht a dhéanamh ar an ór d'aistriú go dtí go dtagadh an oidhche. Idir an dá linn nár bh'fhearra dhó rud a dhéanfadh sé 'ná fanamhaint socair mar a raibh aige agus a thuirse do chur de. D'osgail sé an córtha agus do thóg sé amach lán duirn de'n ór agus chuir sé 'n-a charn anuas ar an lic é. Nár dheas gleoite na píosaí iad! Agus ba leis féin iad go léir! Chuir sé a lámh isteach i gceann de sna mealbhógaibh agus tharraing sé amach buidéal fíona agus lacha bhreágh reamhar. Ní raibh blúire ithte aige i rith an lae ach amháin stiall d'iasg leasuithe. Bhí ocras buile air. Agus cad é an fhaid aimsire ó n-ar bhlais sé aon ní i bhfuirm lachan? Do shuidh sé ar an bhféar agus chuir sé na soghluistí idir a dhá ghlúin. "'Seadh," ar seisean 'n-a aigne féin. "Ba mhaith an sás sgeine d'oibriú Ricardo, agus is ró-chruinn a thuig sé cad ab fhearr a raghadh le fear ocrais. Dhein sé a ghnó ar áilneacht an domhain. Níor bh'é a dhearmhad gan ubhla crainn ola do thabhairt leis. Ach, dáltha an sgéil, cad chuige dhó gan ach dhá bhuidéal fíona do sholáthar i gcóir trír? Nách greannmhar an rud é sin?" Do strac Ambrós sgiathán de'n lacha agus chrom sé ar é dh'ithe le h-airc is le h-ampladh. Bhí an oidhche ag tuitim um an dtaca san. Bhí grathain phréachán anáirde ar chrann ar a aghaidh anonn, agus ciachghlór acu dh'á chur asta. Bhí a ndóithin ithte ag na capallaibh, agus bhí a gcinn cromtha acu agus iad ag míogarnaigh. Bhí an sruthán ag rith le fánaidh go glórach agus corp an fhir mhairbh dh'á nighe aige. Do thóg Ambrós buidéal suas os comhair a shúl agus
d'fhéach sé tríd. Níor bhfoláir, dar leis, nó chosain sé trí píosaí agus an dath breágh luisniúil a bhí air. An t-aon bholgam amháin sin de'n ndeoch bhreágh bhorb láidir, nách tapaidh a chuir sé teas 'n-a bhallaibh beatha! Chaith sé uaidh an buidéal agus é folamh. Bhain sé an corc as an dara buidéal, ach tháinig smaoineamh dó agus níor ól. Níor mhór dó bheith ara chéill go dtí go mbeadh na trí h-ualaí óir slán fé lic an teinnteáin sa bhaile aige. Luigh sé siar agus chrom sé ar mhachtnamh ar an mbéilteach teine a bheadh aige ar an dteinnteán gcéadna san, agus ar an gceann nua slinne a chuirfadh sé ar an sean-chaisleán. Bhí doircheacht na h-oidhche tagaithe nách mór. Tháinig fonn air de phreib tosnú ar an obair a bhí roimis amach. Rug sé ar chapall agus siúd anonn chun an chórtha é. Thóg sé mám de'n ór amach. Ach cad é an rud é seo? Nó cad a bhí ag eirighe dhó? D'árduigh sé a lámha chun cláir a éadain agus do thuit na píosaí óir chun an tailimh. Cad a bhí imithe air i n-aon chor? Ó, a Dhia mhóir na bhfeart! Caor... caor agus é ar dearg-lasadh a bhí istigh 'n-a chroidhe agus 'n-a sgórnaigh! Do strac sé brollach a léine, agus gach aon tséideóg aige dh'á chur as. Bhí an teanga dh'á losgadh istigh 'n-a bhéal, agus bhí cubhar fuar-alluis ag sile leis an bhféasóig aige. Bhí an saol mór ag crith agus ag luasgadh mórthímpal air. Á! an caor arís, ach é níos treise ar dúbailt, 'ghá chéasadh agus 'ghá dhóghadh. Do sgread sé ar chabhair. Do ghlaoidh sé ar Ricardo agus ar Chrisostom as a n-ainm. "An é seo an bás atá agam?" ar seisean, "agus gan duine dhom fhurtacht i n-aon ghaobhar dom." Chrom sé ar an bhféar do stracadh as an dtalamh. Bhí an lasair ag rith tré n-a fhéitheachaibh 'n-a caisíbh
ar buile. Mhothuigh sé a chnámha dh'á raobadh aici ar nós frathacha tighe a cuirfí tré theine. Dhruid sé anonn chun an tsrutháin chun a thart' do mhúchadh. Bhuail sé leath-ghlún leis anuas ar chorp Chrisostoim agus thúm sé a aghaidh san uisge. Ach níor dhein an t-uisge ach breis nimhneachta do chur sa teinneas. Do sgríob sé an charraig le n-a ingnibh. Do staith sé dornán féir as an dtalamh agus chrom ar é stupadh isteach 'n-a bhéal chun an úrmhaireacht do shúghadh as. Thuig sé iomláine an sgéil d'urchar, agus d'eirigh an croidhe ann le sgannradh. Ar theacht do'n tsráidbhaile do Ricardo ar maidin an lae sin, agus roim biadh ná fíon do cheannach dó, do bhailigh sé leis isteach i siopa Iúdaigh áirithe a bhí 'n-a photacaeridhe i n-áit iargcúlta taobh thiar de'n eaglais. Fuair sé rainnt nimhe ó fhear an tsiopa agus mheasg sé an nimh ar an bhfíon. Ar an gcuma san, dar leis, ní bheadh aon éileamh ar an ór ag aon duine beo ach é féin. Tháinig an oidhche. Do thúirling dhá phréachán anuas ar chorp Ricardo. Do lean an ghlaise bheag ag snámh léi agus í ag crónán agus ag cogarnaigh. Bhí Ambrós 'n-a luighe ar an bhféar ar a thár anáirde, agus a ghnúis iompuithe chómh dubh le pic. Tá an córtha óir ann go dtí an lá indiu, i n-achrann na coille. D. Ó. M.
Sgéal na mBeog. Timcheall is trí chéad bliadhain ó shoin bhí ceannaidhe dar bha shloinneadh Leeuwenhack sa Tír Fó Thuinn. Chuir sé suim mhór sa miondracán agus chuir feabhas mór ar na cinn shimplí a bhí ann go nuige sin. Thrí chongnamh a mhiondracáin d'éirigh leis mion- ainmhidhthe beaga bídeacha d'fheiceál i n-uisge agus i bputógaibh ainmhidhthe. Tá miondracáin i bhfad Éireann níos cumhachtaighe againn anois agus chítear dúile beodha níos lugha fós ar a dtugtar "beoga." Níor tugadh mórán áirde ar fhionnacht Leeuwenhack go ceann 150 bliadhain eile nuair tugadh fá deara go mbíonn beoga i gcomhnuidhe i n-aon rud a bhíos ag lobhadh. Bhí sagart Eadálach, dar bha shloinneadh Spallantani, ann agus rinne fromhachán. Chuir sé rud so-lobhtha isteach i mbuidéal agus chuir corca agus séala i mbéal an bhuidéil ar chaoi nach bhféadfadh aer dul isteach ann. Annsin bhruith sé an buidéal agus a raibh ann agus thug fá deara nach raibh a nduth ná a ndath de bheogaibh beodha le feiceál ann. A fhad is bhí an buidéal dúnta ní tháinig lobhadh ar an rud istigh ann ach, an túisge do leigeadh an t-aer isteach, thosuigh an lobhadh agus bhí beoga beodha ar fágháil ann. Ní dearnadh mórán eile go ceann céad bliadhain d'ár gcionn nuair do fionnadh nach ndéanfadh an t-aer aon dochar dá dtéigheadh sé thrí shearbhán ruibheach nó thrí fhiodán an-te. B'iontuigthe uaidh sin nárbh'é an t-aer ba cionntach leis an lobhadh acht na beoga a bhí ann. Do ceaptaoi ar feadh i bhfad gur féidir le beogaibh bheith d'á ngeineadh i rud so-lobhtha gan aon tuismigh- theoir rómpa ann. "Geineadh gan tuismheadh" a bheirtí ar an teoir sin ach bréagnuigheadh í de bhárr na bhfromhachán réamh-ráidhte. Ba follasach gur ab é
an t-aer a bhíodh ag iomchur na mbeog. Acht bhí corr-dhuine ann a chreid an teoir úd go dtí go ndearnaidh an Franncach clumhail, Louis Pasteur, sraith fromhachán eile. Do chruinnigh Pasteur smúr an aeir. Do chuir sé beagán de isteach i bhfiodán fromhtha ar mhianach ainbheogach a bhéadh feileamhnach d'fhás na mbeog. Do chuir sé an fiodán isteach i ngorachán agus d'fhág sé annsin é ar feadh lae nó dhó fá theas feileamhnach seasta. I ndeireadh an ama sin bhí goracht de na beogaibh aige agus na mílte acu ann i n-aghaidh gach cinn do chuir sé. D'fhéad sé annsin iad do sgrúdughadh fá'n miondracán agus iad do chomhaireamh. Chruth- uigh sé gur tearc beog do bhí san aer glé ar shléibhtibh árda na hEilbhéise; go bhfuil siad níos fairsinge i n-aer na ngleann; agus fá chéad i n-aer na mbailte mór. Cé go raibh a fhios ag daoinibh na beoga do bheith i mianach a bhí ag lobhadh níor ceapadh go dtí sin gur ab iad ba siocair leis an lobhadh acht chruthuigh Pasteur gur ab amhlaidh do bhí. Go dtí an t-am sin, nuair do ghníthí obráide ar dhaoin- ibh breoite ins na hosbuidéil, gheibheadh a leath bás de bhárr brachadh agus lobhadh a theacht ar na goin. Is minic do thárluigheadh go n-éagadh gach uile dhuine i seomra osbuidéil. Do bhí láimh-liaigh i nGlaschú dar bha shloinneadh Lister. Do léigh sé fá na fromhacháin do rinne Pasteur agus tháinic sé i n-a cheann go mb'fhéidir gurbh' iad na beoga ba cionntach le brachadh na ngoin thar éis obráide. Rinne sé fromhachán le searbhán carbólach. Ar bheith dhó ar tí obráid do dhéanamh do chuireadh sé uisge agus searbhán carbólach dá ngailiughadh timcheall an duine bhreoite; do nigheadh sé a lámha agus a chuid uirlis leis an gcumasg céadna agus do ghlanadh sé an ghoin leis. Ba ghearr gur bh'fhollasach nach raibh an oiread sin daoine ag fágháil bháis i seomraí Lister is bhí i seomraí eile an osbuidéil. Fá cheann dhá bhliadhain bhí
laghdughadh ar líon na mbás ó 45 go dtí 15 fá'n gcéad. "Leigheas frith-bheogach" a tugadh ar an ngléas oibre sin. Thar éis mórán freasabhra bhí le Lister sa deireadh. Do fionnadh thar éis tamaill gur leor lámha an láimh- leagha a bheith glan, na huirlisí a bhruitheadh, agus na beoga a sgrios le íodán ar chroiceann an duine bhreoite. "Leigheas ainbheogach" a bheirtear air sin agus is mór mór an gar do'n chineadh daonda é agus is an-mhór an chumaoin a chuir Pasteur agus Lister orainn. Tárr- thuigheadh na milliúin duine ó'n bhás ó shoin i leith de bhárr a saothair. Baineann furmhór na mbeog leis an aicme de ríogh- acht na luibheann darab ainm "músgáin" nó "fungaí" acht tá siad an-íseal ar dhréimire na beathadh. Tá siad chomh beag sin is nach mór na mílte acu do chur as ceann a chéile le orlach do dhéanamh. Tá a gcruth an- tsimplí; cuid acu ar dhéanamh slaitíní; cuid eile cosamhail le cadhaintibh cruinne; agus cuid eile cam nó spíorálach. Baineann beagán díobh le cineáil ísle de ríoghacht na n-ainmhidhthe, m. sh. - na cinn is siocair leis an bhfiabh- ras creathach agus leis an tinneas codlata san Aifric. Nuair d'fhionn lucht beog-eolais gur féidir beoga do ghoradh agus do chur ag fás sa ngorachán agus annsin iad do sgrúdughadh fá'n miondracán thosuigheadar ar staidéar cruinn do dhéanamh ortha. Tugadh fá deara gurab é caoi is mó i n-a méaduightear a líon .i. sgoilteann an bheog i n-a lár i riocht is go mbíonn dhá bheoig ann i leabaidh aon chinn amháin. Fásann an dá cheann sin agus sgoilteann siad-san arís agus tá de luathas an fháis agus an sgoilte sin gur féidir na mílte beog do shíol- rughadh ó aon cheann amháin i n-imtheacht cúpla uair an chluig. Tá an t-ádh orainn nach féidir leobhtha méadughadh chomh sgiobtha sin i gcomhnuidhe nó ba ghearr a bheadh an cineadh daonda beo. Caoi eile i n-a ngeintear as an nuadh iad .i. sílíní d'fhás istigh sa mbeoig. Ar bhfágháil bháis do'n
bheoig, geintear an sílín agus fásann beog óg as go díreach mar fhásas plannda ó ghráinne síl. Bíonn beoga na ngalar go fairsing i n-ár dtimcheall i gcomhnuidhe, san aer, san mbiadh, san digh, i n-ár mbéal, agus i n-ár gcorp acht ní thig leobhtha aon dochar a dhéanamh a fhad is tá gléis cosanta an chuirp go láidir. Acht, má thagann aon lagadh air sin, éirigheann leis na beogaibh dul isteach sa bhfuil agus droch-fhuadar fútha. Tosuigheann troid mhór idir na beoga agus cuirpíní bána na fola. Steallann na beoga nimh amach. Buail- eann taom tinnis an duine. Tagann fiabhras agus comharthaí eile air. Má bhíonn dul ag na cuirpíníbh ar na beogaibh tagann biseach ar an duine breoite acht gheibheann sé bás má's ag na beogaibh atá an ceann is fearr. Iar n-a fhionnacht gur féidir beoga do ghoradh agus a gcur ag fás go tiugh sa ngorachán, rinneadh go leor fromhachán leobhtha. Do fionnadh go marbhuigheann solus na gréine agus teas-mhéid 150 F. iad acht gur deacra i bhfad na sílíní do sgrios. Nuair bhíos beoga i mbainne, i n-uisge, nó i n-éadaighibh duine bhreoite ghníthear iad a théitheadh go mbídh na beoga marbh. Ghníthear an rud céadna le uirlisíbh an láimh-leagha agus leis na fásgáin, agus rl., a cuirtear ar ghoin nó ar ghearradh. Do bhárr fromhachán eile do fionnadh gur féidir le beoga fuacht an-mhór d'fhulaint gan dochar dhóibh acht nach féidir leobhtha fás ná a líon do mhéadughadh fá theas-mhéid seaca. Baintear féidhm as sin le feóil do choinneál úr ag teacht di ó thíorthaibh i gcéin. Coinnigh- tear i seomraíbh chomh fuar le sioc í. I gcompráid le n-a bhfuil de bheogaibh san domhan ní'l acht beagán díobh a ghníos dochar do'n duine ná do'n bheithidheach. Is cáirde dhúinn go leor beog. Cineáil beog a ghníos an fíon agus an fínéigre agus a bheireas ar an taos éirighe ag déanamh aráin do'n fhuinnteoir. Marach na beoga a lobhas beithidhigh agus planndaí marbha bhéadh gach uile cheann a fuair bás ó thús an
domhain caithte fós i n-a gcarnáin ar uachtar talmhan. Lobhann na beoga iad agus ghníonn biadh do na plann- daíbh dhíobh agus itheann an duine agus an beithidheach agus an éanlaith toradh na bplanndaí. Bímís buidh- each de na beogaibh faoi sin. Cé go bhfuil cinnte fós ar lucht beog-eolais cuid de na beogaibh is siocair le galraibh áithride d'aithneachtáil de bhárr iad a bheith ro-bheag le feiceál thrí mhiondracán d'á láidre, tá cuid mhaith acu fáighte amach cheana. Beoga is cionntach le gach galar so-sgaipthe a théigheas ó dhuine go duine, leis an slaghdán coitcheannta agus leis an bhflú, agus rl. Anuas go dtí tuilleadh is céad bliadhain ó shoin bhíodh bolgach Dé ag déanamh sgriosa ar an gcineadh daonda. Tugadh fá deara nach dtagadh an galar ath-uair ar aon duine dá dtagadh slán as. D'á bhrígh sin bhíthí ag tabhairt an ghalair do'n aos óg le súil is go luighfeadh sé go héadtrom ortha agus go mbéidís ar n-a gcosaint ar an ngalar uaidh sin amach acht is minic a gheibhidís bás d'á bhárr. Annsin thug Jenner fá deara nach dtagadh bolgach Dé ar aon duine a chuirfeadh an bholgach bhó dhe .i. cineál bolgaighe a bhíos ar na ba agus nach bhfuil contabhairteach. Thosuigh sé ar "bhó-bholgáil" a chleachtadh .i. fuil-mheadhg do bhaint as laogh a raibh an bholgach bhó air agus é a chur ar chroiceann sgríobtha an duine. Fuair an duine sin an bholgach bhó agus bhí sé cosainte ar bholgaigh Dé uaidh sin amach. De bhárr na "bó-bholgála" sin is rí-annamh chítear bolgach Dé anois acht ar dhaoinibh nár ghlac an "bhó-bholgáil." Tá a lán crostachán i Sasana nach nglacann léithi agus tá a shliocht ortha, tá bolgach Dé ag dul i bhfairsingeacht i Sasana arís. Ní facthas cás di i nÉirinn le fada an lá acht ar chorr-dhuine a tháinic ó thíorthaibh eile agus beoga an ghalair d'á ngoradh ann. D'á fheabhas dár éirigh leis an "mbó-bholgáil" ní dearnadh aon iarracht go ceann céad bliadhain ar a leithid de leigheas do dhéanamh ar ghalraibh eile. Acht
timcheall is deich mbliadhna fichead ó shoin do fionnadh go gcuireann na beoga amach nimhe ar ar tugadh "nimhe beoige." Rinneadh fromhacháin le beogaibh an diftéir. Rinneadh goracht lachtach de na beogaibh agus do sioladh sin thrí shiolán porsalánach i gcruth is go rachadh an lacht, agus an nimh ann, thrí phuillíní an tsioláin acht go gcosgfaidhe na beoga. Nuair do stealladh an lacht nimhe sin fá chneas beithidhigh tháinic comh- arthaí an diftéir air go díreach mar thárlóchadh dá mbeadh na beoga ann. Thárluigh an ní céadna maidir le "glas ar ghiall." Thar éis an nimh do stealadh isteach go minic do fionnadh go ndearnadh i bhfuil an bheithidhigh susmaid ar ar tugadh "frith-nimh" do chuir an nimh bheoige ar ceal. Annsin baineadh fuil as an mbeithidh- each. Do slagadh í. Do sgaradh an fol-ghruth agus an fuil-mheadhg ó na chéile. Do stealladh an fuil-mheadhg sin fá chneas duine a raibh an diftéar air agus do leigh- easadh é. Is mar seo a bhí an sgéal. Do chuir na beoga nimh dhíobh i bhfuil an duine bhreoite. Isí an nimh sin do bhí ag cur an duine i mbaoghal báis. Do bhí frith-nimh i bhfuil-mheadhg an bheithidhigh úd agus chuir sin an nimh bheoige ar ceal agus thárrthuigh an duine. Ghníth- ear a leithid de leigheas ar go leor galar eile. "Galar- shaorsacht neamh-ghníomhach" bheirtear ar an gcosaint a gheibhthear de bhárr an leighis sin. Leigheastar an breoiteán acht níl sé cosainte ar ionnsuidhe eile. Bheirtear "Galar-shaorsacht ghníomhach" ar an gcos- aint ar bheogaibh áithride go ceann tamaill mhaith a gheibheas duine de bhárr leighis eile. Tá galair ann, m. sh. - an Colara agus an fiabhras túfóideach nach dtagann ar bheithidheachaibh agus, d'á chionn sin, níl aon mhaith na beoga do stealladh fá n-a gcneas óir ní déantar frith-nimh sa bhfuil. Acht ghníthear cleas eile. Gheibhthear beoga ó dhuine bhreoite. Gortar san ngor- achán iad. Sgartar na beoga ar leith atá uait ó na beog- aibh eile san ngoracht. Measgthar iad seo ar uisge.
Comhairtear an méid beog atá i ngach ceintiméatar cúbach den uisge. Téithtear é go dtí 150 F. leis na beoga do mharbhadh. Cuirtear beagán de shearbhán carbólach thríd. Bheirtear "beog-lacht" air annsin agus tá sé réidh le beagán de do stealladh fá chneas an duine. Méaduightear an foracún de réir a chéile go beith cosainte go maith don duine. Úsáidtear beog- lacht le duine breoite do leigheas nó le duine slán do chosaint ar ionnsuidhe na mbeog d'á ndéantar é. Le linn an chogaidh mhóir do stealltaoi beog-lacht i n-aghaidh an fhiabhrais túfóidigh fá chneas gach uile ádbhair saighdiúir agus tháinig dhe sin gur fíor-bheagán de'n fhiabhras sin tháinig ar na harmaibh cé go marbhuigheadh sé na mílte le linn gach uile chogaidh roimhe sin. Is é seo an ní a thárluigheas. Iar stealladh an bheog- lachta isteach fá chneas, brostuigheann an nimh bheoige fuil an duine chun frith-nimh do dhéanamh. Itheann cuirpíní bána na fola na beoga marbha agus taithnigheann siad leobhtha chomh maith sin is go n-éirigheann siad cíocrach go ceann tamaill mhaith i n-a dhiaidh sin chun beoga den chineál céadna d'alpadh. Sin é sgéal na mbeog go nuige seo. Tá go leor fionnta cheana i n-a dtaobh acht tá súil ag dochtúiríbh a lán eile d'fhágháil amach le himtheacht na haimsire agus furmhór na ngalar so-sgaipthe do sgrios amach ar fad. Seaghan Ph. Mac Enri. Ainbheogach, aseptic; beóg, a microbe, bithóg (cf. micros bios); beog-lacht (a vaccine); bó-bholgail, vaccina- tion (against small-pox); cadhain, a cell; fiftéar, diph- theria; fiodán fromhtha, a test tube; fol-ghruth, clot; frith-bheogach, antiseptic; frith-nimh, anti-toxin; fromh- achan, an experiment; fuil-mheadhg, serum; galar- shaorsacht ghníomhach, acitve immunity; galar-shaor- sacht neamh-ghníomhach, passive immunity; geineadh
gan tuismhe, spontaneous generation; glas ar ghiall, tetanus; gorachán, an incubator; goracht, a culture; músgán, a fungus; nimh bheoige, a toxin; obráid, an operation; searbhán ruibheach, sulphuric acid; sílín, a spore; spíorálach, spiral; susmaid, substance; teas- mhéid, temperature. Do Ghioblachán Garsúin. A Bhuachaillín ar bheagán stóir, Ag siúl go mall righin thar an ród, Ag cantain mar do chanfadh éan, Go canta ceólmhar ar an gcraebh, Arbh fhearra leat bheith id' fhlaith, Le seilbh mhóir is iomad cáil' Ná id' stródhaire bhocht gan sógh gan sás, Gan cóta ort ná bróg let' sháil? Arbh fhearra leat, a gharsúin ghrinn, An leaba chlúimh is soghaile bídh Ná codladh amuich faoi 'n gcruinneachán, Gan blúire bídh ach crústa aráin? Níorbh fhearra leat, a chroidhe gan cháim, 'S níorbh fhearra dhuit, ní miste a rádh; Dá mbeadh agat neart maoine is óir, An mbeadh agat glan-chroidhe, a stór? Sean Mac Giolla Bhuidhe.
Tír an Bhrothail. (Ath-innsint ar scéal Túrcaise do cheap Mehmet Sadi.) Bhí an sráid-bhaile ina cholla. Ansúd ag bun na spéire léithe ciuine bhí na beanna clochacha le feiscint ina gcoilg-sheasamh. Ní raibh an ghrian eirithe fós. Maidin fhionnfhuar sa Bhealtaine ab ea é. An brat uaithne d'arúr a bhí sínte amach ar gach taobh agus é breactha le cailleacha dearga bhí sé ag crith fén leoithne éadtrom gaoithe agus bhí an taobh thoir go léir ag glios- carnaigh ar nós pictiúra bheadh déanta de shliogánaibh néamhainn. Bhí bóthar an tsráid-bhaile clúduithe le smúit bháin agus le tuighe. Ar an mbóthar san, os comhair stábla iadhta agus in aice le cróchar roth-bhriste, bhí dhá dhamh agus iad ag géimnigh go ceólmhar, ag cur fáilte roimis an lóchaint. O áit go háit ar an machaire bhí na coiligh ag glaoch is ag freagairt a chéile. Bhí madra caorach ina shámh-cholla agus a cheann mór idir a dhá lapa aige... D'oscail Zeyneb a súile agus dféach go mall ar na rudaí a bhí mór-thimpall uirri. Dféach sí ar an síleáil de chré ghairbh ar a raibh cuileanna thar comhreamh; ar na pánaí briste a bhí á gcimeád le chéile sa bhfuinneoig le réiltíní páipéir; ar an solus lag a bhí ag sleamhnú isteach ar a haghaidh bháin; ar an dá ghloine agus ar na plátaí a bhí trí n-a chéile ar sheilp in aice léi. Bhí gach aon rud mara bheadh ina cholla. Tréis dúiseacht as a machtnamh do Zeyneb, d'eirigh sí agus siúd amach sa chlós léi. An bhó agus na gabhair a bhí ina luighe cois falla, d'iompuíodar a gcinn chun féachaint uirri agus dhineadar géimneach is meigeallach go ciúin agus go binn. Thóg Zeyneb an dá chrúsca adhmaid
a bhí in aice an dorais agus thug sí aghaidh ar an tobar. Ba gheairid go raibh a cosa agus íochtar a bríste fliuch ón drúcht a bhí ar an bhféar. Ag dul síos di i lár na gcarraigeach mar a raibh an tobar bhí uirri í féin do chosaint ar na spící géara. Do líon sí na crúscaí, thóg sí a ceann agus dféach sí suas ar na carraigeacha árda. Bhí an ghrian tréis eirithe, agus bhí tréad an tsráid- bhaile ag fille ón machaire ar ar chaitheadar an oíche, agus iad ag meigeallaigh fé aer throm na maidne. Chuaidh Zeyneb suas bóthar na gcloch go mall arís. Tháinig tuirse uirri agus do shín sí tháirsi ar fhanaidh ag bun tuir. Chonaic sí an deatach gorm ag eirghe as simnéithe tithe na sráide. Chrom sí ar mhachtnamh ar choraibh an tsaoil, ar ghreann agus ar uaigneas na haimsire bhí caite. Bhí sí fiche bliain d'aois ach níor bhraith sí go raibh faid aon lae amháin sa méid sin aimsire. Bhí fhios aici luath go leor go bhfuair a máthair bás le linn di í thabhairt ar an saol agus, an t-aireachas a thabharfadh máthair di, go raibh sé in easnamh uirri ón gcéad lá riamh. Bean chancarach ab ea an leas-mháthair a thóg í agus bhí sí sin, leis, le dhá bhliain, ina luí sa roilig bhig ná raibh oiread is crann amháin ann. An bothán ina raibh comhnaí uirri, áit go raibh an talamh lom mar urlár ann agus síleáil chré os a chionn san, ba mhó a dheabhramh le tuama ná le háit chomhnaithe do dhaoine beo. Bhí a beirt drithár in éintigheas léi, maraon le na hathair a bhí ag croma ní b'ísle in aghaidh an lae fé ualach na sean-aoise. Seo ar aghaidh arís í. Bhí na crúscaí trom agus níor mhór di a scíth a leigint arís in aice na roilige. Bhí roinnt uan is caorach ag inníor ann agus cailín beag á n-aodhaireacht. A Hadidja, arsa Zeyneb léi, a bhfuil ár gcuid-ne ansan agat, leis? Le miongháire is le bagairt chinn do chuir an cailín beag in úil di go raibh san amhlaidh. Agus b'aoibhinn le Zeyneb bheith ina haodhaire arís, mar a bhí sí ocht
mbliana roime sin, gan éinní ar domhan ag déanamh buartha dhi. Cár bhfios cá raibh Hassan an nómat san, cadé an t-uaigneas, cadé an díseart loisgneach ina raibh sé ag síor-fheitheamh, agus tuirse ar a shúilibh o bheith ag síor-scrúdú bun na spéire, agus coinne aige o lo go lo le nuacht éigin ón sráid-bhaile in ar rugadh é! Sa roilig sin a thagadh sí fadó chun cainte le Hassan. E cosnochtuithe, fez stracuithe ar a cheann, a léine ina giobail, a bhata ina láimh aige, a chuid aráin sa mhealbh- óig a bhíodh lena chliathán air: mar sin a bhíodh sé agus na caoire aige á thabhairt isteach ansan, agus dféadaidís buala um á chéile o am go ham. B'é a colceathar é agus bhíodar geallta dá chéile as a n-óige. Rud ana-shimplí ab ea an gheallúint sin. Níor dineadh ach cnaipe gorm do cheangal ar cheann-bhirt stracaithe an gharsúin agus ciarsúir ioldaite do chur ar cheann an ghearra-chaile óig. Agus ansan do dhin an bheirt tréadta an tsráid-bhaile d'aodhaireacht i dteanta chéile agus iad 'na suí le hais a chéile sa roilig o mhaidin go hoíche. Do ghluais na blianta. Ansan d'imigh Hassan chun na reisiminte. "Fillfad i gceann trí mblian," ar seisean léi agus é ag fágaint slán aici; "fanfir-se liom; imíonn bliain nách mór i gan fhios do dhuine!" D'imigh sé agus ag scarúint lena chéile dhóibh bhíodar araon ag gol. Níor bhfios cadé an tír díreach in ar seoladh é. An mhuintir a thagadh tharnais do labhraidís ar bhaile agus ar shráid-bhaile a bhí timpallaithe le páirceanna deasa agus le coillte giúise. Ach bhí tír ann o ná tagtí tharnais agus nuair a luaití a hainm do chimileadh na sean- óirí a bhféasóga agus do chrothadh na seana-mhná a gcinn agus do thriomaíodh na mná óga a súile le n-a mbrait. Tír í a bhí i bhfad i gcéin uatha agus níor mhór gabháil thar uiscíocha agus dúthaighe mór-bhrothaill
chun í shroisint. Is inti a chaill an gárda tuatha a thriúr cloinne agus deireadh sé gur gheall le hifreann í. I gcionn leath-bhliana tréis imeacht do Hassan tháinig leitir uaidh ón gcrích sin. Ansan a bhí sé, mar sin. Ach dubhairt Zeyneb léis féin: "Ní dócha go dtiocfidh an bás ar gach éinne a théigheann ansan... " Ón áit sin a cuirtí na leitreacha ar feadh bliana. Deireadh Hassan ionta go mbíodh a cheann á dhógha ag an ngréin agus a chosa á losca ag an ngainimh ann agus, nuair a ráiníodh do suidhe fé scáth tuir, go gcuimhníodh sé ar an gcrann mór beithe a bhí ina shráid-bhaile dhúchais. Bhí bliain eile imithe gan scéala uaidh agus gan éinne theacht lena thuarisc ón tír sin. Agus b'iné fé ndeár solus na ndeor a bheith le feiscint i súilibh na mná óige. Do samhlaítí dhi go bhfeiceadh sí Hassan agus é ina luighe, fé scáth tuir luim, ar an ngain- imh loisgneach úd a bhí, gan amhras, deabharthach leis na tailte gan scáth gan fliuchra a bhí sínte amach ansan laistiar den tsráid. Do samhlaítí dhi go bhfeic- eadh sí é ag feitheamh le scéala ón mbaile agus imníomh is éadóchas air. Bhí an smaoineamh san á marbha: do ghoileadh sí ní ba mhó ná riamh agus do bhraitheadh sí mar a bheadh a croí á dhógha ag anáil teasa o íochtar ifrinn. Dfill sí abhaile. Ar aghaidh na teine amach bhí a hathair ag ól a chuid moka agus bhí na páistí ag ithe blúire gáirleoige. Dféach an seanduine uirri go cneasta agus chonnaic sí ina shúilibh go raibh buairt éigin air. Bhí sé ag goilliúint air-sean, leis, gan scéala bheith ag teacht o Hassan, mar is as Hassan a bhí a dhóchas go léir. Uaireanta do castí air an gárda tuatha úd 'nar cailleadh a chlann mhac sa tír úd, agus do bhíodh comhrá fada eatorra. Do labhraidís i dtaobh na tíre sin agus do leigeadh an gárda osna agus dféachadh sé ar Zeyneb le trua mór. Ansan do ghoileadh an bheirt aithreacha san
gan focal a rá. Isí an tír iasachta a bhí mar abhar comhráidh acu tráthnóna iné roime sin agus ba dhó leat go raibh gaoth ana-the tréis bheith ag séide ar bhuaic- eanna cré tithe na sráide. Do leag Zeyneb an crúsca ar an talamh in aice an dorais agus amach léi sa chlós. Bhí an callaire sa mhosc tréis an ghairm chun úrnaithe an mheán lae do chantainn. Bhí an ghrian loisgneach ar árd na spéire agus bhí na hainmhithe ag dul fén scáth lag a thabharfadh na fallaí dhóibh. Na cearca amháin a dhfan amuich fén teas láidir, ag siúl timpall tamall beag ón mosc, mórthimpall ar choileach 'na raibh gráinne amháin cruithneachtan ina ghob aige agus é ag cuimhneamh, béidir, ar fhéasta thabhairt dá chuid cearc. Do cloiseadh an guth screadach fé aer chiúin na sráide: "Hé! a ghárda thuatha!" Póilín 'na raibh gunna ar a mhuin aige agus fuip i láimh leis, bhí sé tréis teacht anuas de chapall. Do leath an scéal san láithreach bonn baill imeasc na seana- bhothán. Do chrom roinnt leanbhaí leath-lomrachta ar fhéachaint amach o chúinní sráid agus o bhuaiceanna tithe; do chuir cuid desna mnáibh a gcinn amach na dóirse leath-oscailte go scáthmhar. Do sheasaimh na fir go hurramúil ar aghaidh an mhosc amach. Bhíthas tréis roinnt brat urláir agus cúisíní do thabhairt amach o thigh an mhéara agus iad do chur fé shreath de leamhán- aibh. Bhí an gárda tuatha tréis imeacht de phreib ad iarraidh féir don chapall. Do shiuil an póilín ar aghaidh go huaibhreach agus do shuidh ar an mbrat. Bhí an méara féin ag bhálcaereacht an chapaill agus ní raibh drud á rá fós ag an bpóilín. Bhí na tuathánaigh cruinn- ithe ina thimpall agus imníomh orra. D'ól an póilín deoch chaifé agus, chun gan bheith ina thost ar fad, dfiarfa sé den mhéara: - Níl na cánacha go léir íoctha agaibh fós? Tháinig crith-eagla ar gach éinne. Dfreagair an méara:
- Le cúnamh Dé íocfimíd ár bhfiacha go léir nuair a thiocfidh an fómhar. Níl pioc againn fé láthair. Dubhairt an póilín ansan go raibh gnó aige le déanamh sa tsráid-bhaile ba ghoire dhóibh; thóg sé leitir amach as a phóca, thug don mhéara í, do chuaidh anáirde ar a chapall arís, agus d'imigh. Do leig gach éinne osna ... D'oscail an méara clúdach na leitreach. Dfana- dar leis an imám chun an leitir do léigheamh dóibh. Fé dheire do léigheadh an leitir. Bhí oighreacht Hassan ag teacht tharnais ó thír an teasa agus bhí an rialtas ag lorg na n-oighrí. Bhí ocht bpiástraí déag is trí fichid agus aon chaora amháin le fáil acu! Dfill athair Zeyneb abhaile agus a shúile lán de dheoraibh. Tháinig fásca ar an gcroí ag Zeyneb agus do cheistigh sí a hathair. Níor fhreagair seisean ach do rug sé barróg uirri agus tháinig na deoracha anuas an fhéasóg bhán air. Bíonn Zeyneb á shamhlú dhi féin i gcomhnaí go bhfeic- eann sí Hassan agus é ag feitheamh le scéala áthais ón sráid-bhaile, agus é fé scáth tuir thirm ar an ngainimh the, agus ansan é ag fáil bháis don droch-mhisneach agus don éadóchas. T.C.L.
Ní o na buadha saolta an t-aoibhneas. Tá sean-fhocal ann a deireas "Níl fhios nach mar is dona is fearr, cé gur deacair a rádh gurb eadh." Ach déarfadh duine 'na dhiaidh sin gur deacair deagh- staid a thabhairt ar dhroch-staid. Bhí sgríbhneoir innseo i nÉirinn seal gearr blian ó shoin agus sgríobh sé sgéal uair dhá thasbáint an té is measa ar éirigh leis ar an saol seo, thréis a mhíle dícheall a dhéanamh ag obair, agus thréis a dhúthracht a chaitheamh le n-a shaothar, chínn air dubh is dubh aon chóisgreas a chur air féin ná aon chosamhlacht bisigh a theacht ar a chuid oibre a thiubhradh le tuisgint do dhaoine gur éirigh an saol leis. Agus dá indeoin sin, sin é an fear ar éirigh leis a shaothar a chur i dtairbhe. Ní déarfainn nach raibh cuid mhaith den cheart ag an sgríbhneoir sin, mar is minic nach é an comhartha buadha atá ag duine atá ag duine eile. Ní leis an miosúr céadna a thomhaiseas gach uile dhuine; an rud a mbeadh an-dúil amach agad-sa ann ní thiubhradh do chomhursa trumpa gan teanga air - is minic nach dtiubhradh nó ar nós ar bith is iomdha duine gur beag aige an rud a ndéanann an duine eile sgéal mór de. Seadh 'nois d'eile, má tá sin amhlaidh, ó tá, nár chóir dhá n-iompuighthí an cás go mbainfí fírinne freisin as, agus an fhírinne chéadna: sé sin le rádh an té is fearr a n-éirigheann an saol leis, do réir tuairim an tsaoil, nach mbíonn de shásamh aige as ach mar bheadh duine nach n-éireoch' chor ar bith leis; nó má bhíonn aon tsásamh aige as gurb é an beagán é. Agus ní hé sin amháin, ach is pionús agus clampar agus amhgar do dhuine an chéim is áirde a thugas sé. Mar adeir an sean-fhocal: "Ní bhíonn an sonas gan an donas a bheith in' órlaigh thríd." Bhí sé ar a
chomhairle féin nó gur éirigh sé sa saol agus gur éirigh an saol leis, agus uaidh sin amach is geall le duine é atá pósta leis an saol, caithfidh sé géilleadh do staid an phósta agus fanacht faoi smacht an duine eile. Níl sé ina mháighistir ar a ghnathaí féin gan chomhairle ón bhfear thall: tá neart daoine ann atá toilteanach ar é chur ar bhealach a leasa - má's fíor dhóibh féin- i n-aisge. Is fearr dhó seo a dhéanamh agus siúd a fhágáil gan déanamh agus an cúrsa eile a sheachaint, sin nó ní dhéanfa sé a leas. Agus tá foireann comh- airleoirí aige féin ar b'é a ngnótha áithrid é comhairle a thabhairt dó agus tuarastal dóibh as congnamh agus comhairle a thabhairt dó agus is minic go gcaithfe sé a bheith faoi n-a smacht-san, mar is ortha-san atá cúram na ngnótha a stiúradh, agus is eolaithe móra iad ar chúrsaíbh an tsaoil agus tá fhios acu cá dtagann cúrsaí gnótha le chéile agus cá gcuireann siad trasnuidheacht ar a chéile. An té fhágfas é féin faoi threorú lucht comhairle den tsórt sin is aige is fearr atá breith ar shuaimhneas; níl sé i ndán dó an pobal go hiomlán a shású agus é féin a shású: ní thigeann a choinsias (má bhíonn a léitheide de rud ag gabháil leis) agus coinsias an phobail le n-a chéile (níl aon choinsias ag an bpobal ach amanntaí). Breathnuigh anois ar na daoine is mó cáil i ngairm bheatha ar bith sa mbaile nó i gcéin agus cuir i gcomórtas iad le na daoine is úir-ísle ar bith ar t'eolus go bhfeice tú cé acu is suaimhnighe atá. Maidir leis an té is suaraighe a castar leat bíodh fiadhnuise a shuaimhnis ar a iomchur. Ní mór dhuit aithne lae nó seachtaine nó míosa a chur air agus chífe tú é gan bhróig ar a chois ná b'éidir léine ar a chroiceann agus sin é ag gabháil fhuinn é chómh maith agus tá ina cheann, nó a sgartaighil gháirí faoi rud fánach eicínt. Níl aon rud a' cur imní air. Agus chuala tú sgéal an rí a chuir an teachtaire amach ar lorg an fhir is sólásaighe a bheadh le fáil aige tréis an tír a chuartú. Bu rí duairc
gruama é an rí seo agus ní raibh aon tsomhaoin ná aon tsogh dhá fháil aige ar an saol; agus chuir sé fios ar a dhaoine feasa agus ar a ghiollaí glice féachaint a bhfuigh- eadh sé aon leigheas ar an éagcaoine bhí aige. Ní bhfuair. Chuir sin cantal air agus bhagair sé ortha mara bhfaighdís sásamh eicínt a thabhairt dó go mbu dhóibh bu mheasa. Fuair siad-san duine bu críonna ná iad féin agus thuig seisean gur uabhar agus easba saothair a bhí ar an rí agus dubhairt sé leis nach raibh aon tsuaimhneas i ndán dó nó go gcuireadh sé ar a chroiceann féin an léine a bhí ar an bhfear ba suaimhnighe insan ríoghacht. Bhí go maith, is é an fear a thug an chomhairle an fear a fuair an t-ordú a dhul amach ar lorg na léine agus ar lorg an fhir a raibh an léine air. Seadh d'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe agus gach uile áit dhá gcastaoi duine air bhuaileadh sé bleid chainte air, ach bu daoine duarca iad go léir nó daoine gruama nó daoine gan chroidhe gan mhisneach, cé go rabhdar ar fad gan aon easba eile a bheith ortha ach easba an tsuaircis. Cuid acu a bhí deiseamhail, cuid acu a bhí go saibhir, ach ualach nó imní eicínt ar a chroidhe ag gach uile dhuine acu. Bhí sé cortha ón siubhal faoi dheire, mo dhuine bocht, agus níor nár dhó é, mar is fada an t-aistear a bhí siubhalta aige agus droch-mhisneach a' teacht air ar fhaitcheas nach dtiocfadh sé ar a iarraidh chor ar bith. Lá dhá raibh sé a' siubhal agus a' tarraint ar bhaile mhór do tháinic sé ar fhear a bhí 'na shuidhe i leath-taobh an bhóthair. Buachaill meidhreach a bhí ann agus é ag déanamh a ghora leis an ngréin agus ag crónán ag gabháil fhuinn dó fhéin. Chuir an lorgaire caint ar an bhfear bóthair a' fiafruighe dhe cé'n tslí bheatha bhí aige agus céard a rinne chó spleódrach sin é, nó an gnáthach leis a bheith amhlaidh. Dubhairt an fear eile nárbh aon mhaith dhó bheith brónach agus nach raibh ór ná airgead ná tada eile de mhaoin an tsaoil aige a chuirfeadh imní
air agus dá bhrí sin nach raibh aon imní ná aon bhrón air. "Is tusa an fear atá uaim," adeir an fear glic. "Mise?" arsan fear bocht, "más mé tá mé innseo agus tá mé agad anois agus 'b'áil leat díom." D'innis an fear glic dhó faoi'n rí agus faoi'n léine, "agus," ar seisean, "bhéarfa mé breith do bhéil féin duit ar do léine, go dtuga mé 'uig an rí í." "Léine féin!" adeir an fear bocht, "do dheamhan sin léine orm-sa, ná a dtastuigheann de léine uaim, an fhad is tá an lá breagh ann. Níl fhios agam cá 'aid ó bhí léine orm." Chuaidh an teachtaire ar ais agus d'aithris an sgéal don rí. Thuig an rí innsin nach ó ollmhaitheas an tsaoil a thagas suaimhneas ná sógh agus chuir sin foighid mhór ann leis an ruaig mí-mheanmna a thagadh air go ró-mhinic. Sin é a fhearacht é ag daoine móra eile ar fuaid an domhain. Is cuma dhóibh an saibhreas agus an mhaoin shaolta a bheith acu ó n-a n-athaireachaí nó más iad féin a d'éirigh sa saol ní aon tairbhe dhóibh an sócamhal atá an t-airgead i n-ann a cheannacht dóibh, ach an oiread agus dhá mbeidís gan tada. Maidir le lucht airgid, nach 'in iad a' rith ó áit go hionad, iad ar lorg pléisiúir agus ar lorg caitheamh aimsire agus sóláis. Agus céard tá dhá bharr acu? Atá go mbíonn an pléisiúr nua gan aon bhlas a bheith air ach an blas leamh, nach raibh an pléisiúr céadna leath chó maith agus bhí a cháil ná leath chó tairbheach agus bhí a thuairisg. Ach iséard tá ar dhaoine den tsórt sin ceas agus iomarcus. Níl locht ar bith ar an bpléisiúr, más pléisiúr dá ríre é, ach is iad féin atá bun os cionn. Cuireann sin i gcuimhne dhom an fear deiseamhail a bhí ann uair agus bhí mac aige nach raibh ghá iomchur fhéin mar bu chóir dhó. Ghoill sin ar an athair ach ní raibh sé dhá leigean le n'ais go raibh sé ag cur imní ar bith air. Chuir an mac isteach lá ar chomhursain agus ar charaid don athair, agus mar bhí an chomhursa an-mhór leis an athair,
níor mhaith leis mórán a dhéanamh de mhí-staid an mhic, ach mar sin féin ní fhéadfadh sé a leigean thairis gan a innseacht don athair. "Tá do mhac a leigean leis féin," adeir an chomharsa leis an athair lá, "agus é caithmheach go maith agus saol agus sólás mór dhá bhaint aige as do chuid airgid." "Má bhaineann sé an oiread sóláis as a chaitheamh agus bhain mise as a shaothrú," adeir an t-athair, "beidh saol breagh gan bhréig aige as." Ní hé an t-airgead an ní ar bhain an t-athair an chom- póirt as ach an obair a rinne sé le n-ar shaothruigh sé an t-airgead. Bhí cóir agus deis aige ar rud ar bith a cheannacht a cheapfá do dhuine le haghaidh an tsóláis, ach níor bh'aon tairbhe dhó é gan a bheith ag obair agus bheith isteach is amach le daoine aitheantais mar chleacht sé le na blianta, agus má bhí cruatan ná trioblóid le fáil as an obair b'fhiú an tairbhe an trioblóid dó an lá go dtáinic an obair sin agus a chlaonta le n-a chéile. Thréis a sheacht sáth de mhaoin an tsaoil a bheith ag an bhfear sin ní thiubhradh sin mac maith dhó. Marach an obair a bheith le déanamh aige ní cosmhail go seasfadh sé an droch-shaol a tharraing an saibhreas air. D'á bhrí sin má bhíonn i ndán agus go dtairigeó' aon duine go deo sócamhal duit, 'sé sin teach breagh fada fairsing déanta go maith agus go dathamhail ar aghaidh na gréine agus céad acra talmhan ag gabháíl isteach leis, den talamh is míne torthamhla le fáil agus gach uile shámhas dá réir sin bheith agad ann agus má chuireann sé míle punt sa tseachtain de theacht isteach leis sin dhuit agus an t-iomlán a thabhairt duit as fanacht in do chomhnuidhe agus gan smeach oibre a dhéanamh ó Luan go Satharn ná ó mhaidin go fuíthin, ach cead a bheith agad do chuid airgid a chaitheamh ar do rogha cuma, le ól agus le ithe, le comhluadar, le greann, fainic ar chroiceann do chluas a nglacfá tairisgint an duine sin; má ghlacair tá deire le do shuaimhneas uaidh sin amach; ní fheicfe tú bliain ón lá sin nó go mbeidh tú
ag imeacht romhat in do dhearg-gheilt agus gan aithinne céille agad. Isé dlí Dé a tugadh d'Adhamh agus d'Éabh nuair a díbrigheadh as gáirdín Phárrthas iad go saothróchaidís a mbeatha le allus a gcnámh, agus níor chuala aon duine go ndeárnadh aon athrú ar an dlí sin fós. Is ionann an t-allus insan gcás sin agus saothar dílis cneasta is cuma thú dhá dhéanamh le do lámha, nó le do chosa nó le t'inchinn. An té a choimhlíonas an dlí sin beidh an suaimhneas aige agus an té is dílse a choimhlíonas é is aige is mó bheas suaimhneas. Tá fhios againn go léir na daoine is mó le rádh dá raibh ann anuas ón tsean-aimsir nach raibh aon ghaisge riamh ortha le sógh de bharr a gcéime. Bhí le rádh faoi chuid acu gur le brise croidhe a cailleadh iad, más fíor é nó maran fíor. Agus ní hé amháin na daoine aonraice nach mbíonn aon tairbhe de bharr a mbuadha acu ach na tíortha chó maith. An cogadh mór a bhí ann innseo deich mbliana ó shoin deir siad gurb iad na Franncaigh agus na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh a bhí buaidhte sa sgríb. Céard tá acu indiu de dhruim a mbuadha- ag na Franncaigh, cuir i gcás, má bhíodar i n-áirde sa gcogadh sin? Sgriosadh glan amach stiall mhór mhillteach dhá dtír san áit a raibh an t-ár cumasach ar fad - an cheathramha ó thuaidh dhi. Níor fágadh cloch ná crann ann, claidhe ná tórainn, teach ná árus gan sprúdhánaí a dhéanamh díobh; na bailte beaga is na bailte móra leagadh go talamh iad agus cuid acub a ndeárnadh puill mhóra sa talamh san ngiodán ar a raibh na tighthe go m'éigin do na daoine teicheadh le n-a n-anam, an chuid acub nár mharbh na hurchair. Cailleadh nó marbhadh a raibh ann díobh mara raibh duine sé nó seachráin ann, agus an té sin féin chaill sé ar ndóigh a raibh aige roimhe sin. Milleadh an tír agus an talamh, sgriosadh nó lotadh nó marbhadh na daoine ach 'na dhiaidh sin 's uilig chuaidh acu ar an námhaid, ach má chuaidh, níor thug sin ar ais na mairbh,
ná ní rabhdar i n-ann ialach a chur ar an námhaid íoc as an díoghbháil a rinneadar. Fuaireadar órdláimh ar dhá chúige mhóra a bhí faoi stiúradh na nGearmánach roimhe sin, ach ní shásuigheann sin iad, ní mó ná dhá bhfuighdís seilbh ar an nGearmáine go huile agus go hiomlán agus muintir na tíre sin a chur faoi chois go sásóchadh sé iad. Is iad na Franncaigh a dfhuiling cruatan an chogaidh mhóir sin mar is ina dtír a rinneadh furmhór na troda ach ní dheacha na Sasanaigh saor as gan roinnt eigínt den sgrios a sheasamh. Chailleadar an t-ór ina shrutháin agus chailleadar na fir ina mílte agus céard tá dhá thairbhe indiu acu? Níl, fionna feanna, ach an oiread agus dhá mbeidí gan urchar a chaitheamh. Leagadh tighthe ortha agus doghadh tighthe agus marbhadh roinnt daoine agus cuireadh criothnú ina gcroidhe ag go leor leor eile acu, ach níl aon fheabhas ortha mar gheall ar a bheith ag troid. Agus na Meiriocánaigh cé'n bhuadhachtáil atá acu-san dá bhárr? Shaothruigheadar-san an t-airgead an fhad agus bhí an sléachta ar siubhal idir na tíortha eile (más aon tsólás dóibh é) ach de bharr a gcuid féin sa troid luach na feorlainge ná na cíonóige dá thairbhe níl sin acu; má tá barr ann is mó an míofhurtún dóibh go hiomlán an measga rinneadh ar na daoine agus an droch- chomhluadar a bhí ar fud na dtíortha. Maidir le na tíortha eile budh é an sgéal céadna acu é: an Ghréig, an Eadáil, an Turcach, an Rúiseach, an Pól, an tÁstriach agus na dreamanna eile sa gceanntar sin den mhór-roinn, an áit i raibh máthair ghuir na hurchóide. Agus is beag is measa bhí an Ghearmáine a bhí i n-íochtar, mar dhóigh dhe, ná na tíortha bhí i n-uachtar. Ar mhodh ní raibh sí chomh dona chor ar bith leis an bhFrainc, mar níor leagadh na tighthe ná níor coinn- igheadh ó shaothrú na talmhan iad, ná ní dheárnadh sgeanach den dúthaigh ortha, cé nach ndeachadar as
ar bhealaigh eile. Is beag a bhí idir iad féin agus an dream eile gan a bheith comh-dhona, comh-mhíofhor- túnach - i gcruthamhnas duit gur bheag nár chuma iad a bheith thíos nó thuas i ndeire na sgríbe. Níl ná ní bheidh insan mbuadhachtáil do na Franncaigh ach an folamhas: níl aon fháil ar ais acu ar ar chailleadar agus níl únsa aoibhneasa d'fhear is barracu ó bheith, dar leo féin, i n-uachtar. Isé an sgéal céadna é ag an duine aonraic: éirigheadh sé nó go sroiche sé an chéim is áirde dá bhfuil roimhe mar ghairm bheatha, níl brí ar bith leis sin, ní sásta é gan rud eicínt eile bheith aige; ní sa rud atá aige atá an sogh ach sa rud nach bhfuil fós aige, agus dhá maireadh sé míle isé an sgéal céadna bheadh aige. Níl aon chabhair sgéal fada a dhéanamh dhe feasta: an té ar mhian leis sogh an tsaoil a bheith aige go fairsing is as obair dhílis chneasta atá sé le fáil is cuma cruatan a bheith san obair nó gan a bheith, fainic thú féín ar na céimeannaí árda agus ar an sádhaile a théidheas leo. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn ach ní féarmhar. Eoghan Ó Neachtain.
Rudaí Reatha. Do hinnseadh do Choimisiún na Gaeltachta le déanaí go raibh an Roinn Oideachais ag cuimhneamh ar roinnt coláistí ullmhucháin do chur ar bun, a bhfurmhór sa Ghaeltacht, do mhic léinn go bhfuil an Ghaedhilg go maith acu, chun gach abhar, ach amháin Béarla agus teangthacha iasachta eile, do mhúine dhóibh tríd an nGaedhilg. Do chaithfidí cheithre bliana sna coláistí sin agus láithreach ina dhiaidh sin do cuirfí go dtí na coláistí múinteoireachta iad. Isé cúis fé ndeár é sin ná gan ár ndóthin oidí do bheth againn do bheadh ábalta ar gach ní do theagasc tríd an nGaedhilg. Ciscéim ar aghaidh sa treó cheart é sin, ach ní dó linn go mbeidh gach ní mar ba chóir go dtí go mbeidh an Ghaedhilg mar mheán teagaisc ag ollúin na bpríomh-scoileanna. Braithimíd go bhfuil easba críochnúlachta ar gach ní a bhaineann leis an teangain náisiúnta. Ní dintar éínní go hiomlán. Fiú amháin nuair a bhíonn beirt Ghaedhilgeoirí ag labhairt ar chúrsaí coitianta tarraingid focail agus abairtí Béarla chucha bíodh is go mbeidís féin tréis Gaedhilg do chur ortha i scéal, in aiste, no i scríbhinn éigin eile. Ba leath-chuma mar gheall air sin mara mbeadh go mbíonn rian an tsaghas aigne atá laistiar de ar gach éinní a dhinimíd. Bhí díospóireacht i bpáipeur laethúil ar rud d'innis Seoirse Mac Niocaill, M.A., don Choimisiún: nuair a tosnuíodh ar áireamh do mhúine as Gaedhilg, i gceann de scoileanna Chorcaighe, do gharsúin go raibh ana- chaitheamh acu i ndiaidh na Gaedhilge agus ná raibh ag foghluim an áirimh go ro-mhaith i mBéarla, do tháinig feabhas ortha láithreach. Do nochtadh sa díospóireacht gurb é cúis is dóchí a bhí leis sin ná gan an iomad téarmaí teicniciúla do-thuigthe bheith sa teangain dúchais agus, dá bhrí sin, go mbíonn ar an múinteoir caint shimplí do tharrac chuige chun an t-áireamh do mhíniú agus, ní nách iongna, gurb usa a ghlacann na scoláirí an fhoghluim dá bharr san. Dar
linne, tá san do réir réasúin mar, an smaoineamh a bhíonn fé cheilt sa téarma mhór, bíonn sé simplí so- thuigthe ann féin do ghnáth. Do chuir sé iongna orainn a chloisint gur dhó le hArt Mac an Bháird, Oifigeach Feidhmiúcháin in Ard-Oifig an Phuist, go bhfuil níos mó Gaedhilgeoirí i seirbhís an Phuist i mBaile Atha Cliath ná mar atá sa chuid eile den tseirbhís le chéile, mar cheapamair go raibh an tseirbhís sin ana-Ghaelach ar fad. Níor chuir sé aon iongna orainn, áfach, a chloisint go raibh sé fásta ina bhéas ag na hoifigigh in oifigí beaga sa Ghaeltacht an Béarla do chleachta i ngnó oifigiúil agus gur dó leis na daoine gur gá dhóibh aithris do dhéanamh ortha nuair a théighid isteach sna hoifigí sin. Is eagail linn gur fada go mbeidh atharú ar an scéal san mar tá sé ana- dheacair dea-nós do chur in ionad droch-nóis. B'é scéal Thomáis Mhic Ardghail, den Roinn Rialtais Aitiúla, gur dó leis an Roinn sin gur gá do dhochtúirí a ceaptar don Ghaeltacht eolas do bheith acu ar an nGaedhilg. Abhar scrúduithe isea an Ghaedhilg ach ní habhar oblagáideach í, ach fé láthair níl éinní chun cosc do chur le hoifigeach gan eolas ar Ghaedhilg do cheapa don Ghaeltacht. Tá an galar agus a leigheas innste go beacht sa méid sin. Do réir fianaise R. Uí Chonchubhair, den Bhrainse Cheárd-Oideachais den Roinn Tailte agus Talmhaíochta, tá coiste curtha ar bun ag an Aire Oideachais chun féachaint isteach i gcúrsaí na ranganna Gaedhilge atá ar siúl i gceanntair thuatha fé scéimeanna ceárd- oideachais d'fhonn na ranganna san do dhéanamh chó héifeachtúil agus is féidir é maidir le múine na teangan agus d'fhonn cultúr Gaelach do leatha mór-thimpall. Tá an Roinn ag obair do réir seana-chláir. Ní raibh uain fós acu ar aon atharú mór do dhéanamh; ní féidir
a léithéid do dhéanamh go tapaidh ach tá an scéal fé scrúdú. Táthár ag múine cócaireachta, etc., trí Ghaedhilg i dtrí no i gceathair de scoileanna. Tá ceann acu san i Muineachán agus ceann eile i mBaile Atha Cliath. Tá cheithre cinn de chomhairlí contae ná fuil aon ráta buailte acu i gcóir múine na teangan. Is greannúr an rud áit chó Gaelach le Tír Chonaill do bheith gan aon ráta Gaedhilge fós. Dubhairt Rúnaí na Roinne go raibh claona imeasc muintir na Gaeltachta chun Béarla do labhairt, do réir tuairiscí o chuid de sna maoir thalmhaíochta. Sa Spideul, in Uachtar Ard, sa Chlochán, agus i gceanntair eile den tsórt san, dineann na teagascóirí úsáid den Ghaedhilg ach is annamh is gá dhóibh é. Ní dó leis an Rúnaí go bhféadfidh an Roinn deighleáil, go ceann trí no ceathair de bhlianta, leis an gceist seo, teagasc i dtalmhaíocht do thabhairt as Gaedhilg, go coitianta ná do dhaoine a haistreofí fé scéim roinnte talmhan. Maidir leis an Arm níl ach 196 daoine, idir oifigigh agus saighdiúirí sa chath Ghaelach, in ionad 500 duine mar ba chóir. Tá oiread Gaedhilgeoirí san Arm, lasmuich den Chath san, agus dhéanfadh tuairim is cath go leith. Ní iarraid dul isteach sa chath Ghaelach; ní leigid ortha gur Gaedhilgeoirí iad, agus níl aon bhontáiste ann le n-a bhféadfí iad do mhealla isteach ann. Lasmuich de sin ní bheadh aon deacracht ag baint le cúpla cath Gaelach no trí do chur ar bun ach oifigigh do sholáthar dóibh. Scéal ana-mhaith ar fad isea có-fhreagarthas oifigiúil a roinne do bheith á dhéanamh as Gaedhilg ag Rúnaí Mileata an Chinn Fuirinne le bliain geall leis. Bhí roinnt trioblóide ag baint leis sin ar dtúis ach bheadh iongna ar oifigeach anois dá bhfaghadh sé leitir i mBéarla ón Roinn sin.
Níl slí againn anso ach do roinnt bheag de sna nithe do nochtadh do Choimisiún na Gaeltachta ach taisbeanann an méid sin féin, mara bhfuil gach ní ar fheabhas sna ranna rialtais go léir maidir le Gaedhilg d'úsáid, tais- beanann sé go bhfuil síor-iarracht á déanamh le roinnt blian chun an Ghaedhilg do chur ar aghaidh ionta agus níl aon amhrus againn ná go n-eireoidh leis na hiarrachtaí sin má dhineann na Gaedhil atá lasmuich de sheirbhís an Rialtais cabhrú go báigiúil agus go dícheallach leis an dream atá laistigh. Ní fheicimíd aon iarracht á déanamh ar an bhfírinne do cheilt ná ar aon dream do shaora ó mhillean ná do mhola nuair nách cóir é. Nuair a bheidh an fhírinne lom againn, agus beidh le congnamh an Choimisiúin, beidh sé saoráideach na huilc do leigheas. Do léiríodh "An Béar" in Amharclann na Mainistreach an mhí seo caite i bhfad níos fearr ná mar a léiríodh riamh roime sin é agus do thaitn sé go mór leis an lucht eisteachta. Do hath-bheodhadh "An Scaothaire," dráma grinn i dtrí míreanna, le Piaras Béaslaí, agus tá gach aon deabhramh go gcuirfe sé le clú an údair, atá árd go maith cheana féin. Tugadh fé ndeara go raibh feabhas mór tagtha ar na hAisteoirí go léir. Beidh suaimhneas acu anois go dtí tosach an tríú siosóin, suaimhneas atá tuillte go maith acu. Scéal áthais dúinn go mbeidh an Ghaedhilg mar abhar oblagáideach ón gcéad lá d'Eanair, 1927, i ngach scrúdú a bheidh ar siúl sa Roinn Puist agus Telegrafa. Más maith é is mithid. Is mór an trua a bheith againn le hinnsint gur cailleadh Deora Frinseach ón uair dheireannach a foillsíodh An Branar. Bhí dlúth-bhaint aici leis fadó. Mara mbeadh í is ar éigin a cuirfí an seana-Bhranar ar bun
agus a cimeádfí ar siúl chó fada é. Nuair a bhí sé á ath-bheochaint bhí sí ina luí breoite ach, mar sin féin, nuair a hinnseadh di mar gheall air do ghuidh sí rath agus sean air. Ní hé gach éinne a thuigeann i gceart an méid a dhin sí ar son teangan a tíre. Ní dhineadh sí óráideacha agus do sheachnadh sí bheith os cóir na ndaoine, ach is iongantach an méid oibre do dhineadh sí agus bhí sé de bhua aici go bhféadadh sí, go deas ciúin discréideach, daoine eile do sprioca chun oibre. Gach aon uair, le breis is dhá bhliain déag, a bhíodh obair chruaidh le déanamh, obair nea-thaithneamhach d'iarradh neart aigne agus gliocas chun pleananna do chur i bhfeidhm, bhíodh Deora Frinseach ullamh i gcomhnaí ar a cion féin, agus breis, do dhéanamh le fonn. Ar feadh breis is deich mbliana ba bhall í den Choiste Ghnótha agus d'fhurmhór fó-choistí an Choiste sin agus de Choiste Cheanntair Bhaile Atha Cliath. Ar feadh roinnt blian do dhineadh sí nách mór an obair go léír a bhaineadh le Feis Bhaile Atha Cliath. Thugadh sí cuaird ar na scoileanna gach bliain i ndiaidh a chéile, ag tathant ar na hoidí an Ghaedhilg do mhúine do sna leanbhaí, agus de bhárr an tsaothair sin do mhéaduigh o bhliain go bliain ar an méid leanbhaí a thagadh chun na Feise. Do bhailíodh sí féin, ina haonar, suim shubstainteach do Chiste Chonnra na Gaedhilge gach bliain. Faid a bhí sí ina Rúnaí do Chraobh na gCúig gCúigí bhí an chraobh san ar cheann de sna craobhacha dob fhearr sa tír. Níorbh aon iongna gur bhris a sláinte fén ualach oibre sin beagán blian o shin agus gur buaileadh breoite arís agus arís eile í go dtí go dtáinig an bás uirthi. Fiú amháin le linn an tsláinte bheith go holc aici níor laguigh ar an suim mhóir a bhí aici in obair na Gaedhilge. Bhíodh dea-shompla a misnigh agus a dílseachta le feiscint i gcomhnaí pé cora bhíodh ar a sláinte agus pé cuma ina mbíodh an saol i dtaobh na Gaedhilge. Do
chaith sí a neart agus a dúthracht in obair na Gaedhilge agus is ceart í d'áireamh mar dhuine den dream bheag a thug a saol agus a fuair bás ag obair do theangain na hEireann. Go ndéanaidh Dia trócaire ar a hanam!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services