Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oíche Shamhraidh

Title
Oíche Shamhraidh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
Clólucht an Bhranair Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Oíche Shamhraidh.



Bhíos amuich i gclós na feirme bige, ag ullmhú chun
dul ar mo rothar go Calainn, mar a raibh comhnaí
ar cholceathar dom, agus ní miste liom a rá go gcuirinn
mo chuaird chúichi ar athló mara mbeadh gur chuimh-
níos ar chailín bheag dhubh a cuireadh in aithne dhom
bliain roime sin sa bhaile bheag chéanna san, baile a
bheidh ina phríomh-chathair chontae lá éigin do réir an
tsean-fhocail: "Ceanannus a bhí, Cill Choinnigh atá,
Calainn a bheidh," agus do réir cosúlachta beidh, mar tá
sé ag dul i méid o bhliain go bliain agus bíonn sna sráid-
eanna beaga cumhanga ann gleithearán gnótha ná bíonn
do ghnáth i "gCathair an Mharmair."



Tháinig m'aintín amach as an tigh, tigh beag suarach a
tógadh nuair a bhí na tiarnaí talmhan in aoirde a
gcomhachta agus ná leomhadh éinne aon cheann do chur
ar a thigh ach ceann tuighe ná aon urlár do chur ann ach
urlár cré, ar eagla go n-árdófí an cíos air. Bean bheag
aosta ab ea m'aintín, beannacht Dé lena hanam! Samh-
laítear dom go bhfeicim arís í mar a bhí sí an lá úd:
dronn bheag uirri ón aois mhóir a bhí aici, a dhá súil
mhóra ghlasa ag féachaint orm go cineálta; agus caipín
beag dubh ar a cuid gruaige ná raibh bán ar fad ná buí
ar fad ach idir eatorra. Bhíos ag caitheamh mo laeth-
anta saoire ina fochair mar a dhininn gach bliain. Beirt
mhac a bhí ag oibriú na feirme dhi: fear óg dathúil a
chuireadh ana-shuim ina chuid beach agus crann ubhall
agus, ní nár locht air, sna cailíní chó maith; agus
crúnca cruaidh meán-aosta nár chuir coileur féna mhuin-
eál riamh agus ná raibh suim aige ach i ndíol is i gcean-
nach beithíoch. Bhí mac eile aici a chuaidh chun na
hAstráile ar mhaithe lena shláinte agus bhí ceathrar
inghean aici a fuair fir mhaithe chreidiúnacha dhóibh
féin tréis tamall do thabhairt in aimsir ag na "huaisle"


L. 160


nó i bpostana eile. Bhí triúr acu san ina gcomhnaí
in aice na háite - Cnoc Droma, ainm an-oiriúnach, mar
is cnoc agus is drom tailimh in éineacht é. Bhíodar go
léir compórdach go maith agus dféadfí a rá i dtaobh beirt
acu go rabhdar saibhir.



Do labhair sí liom.



- Ní mholfinn duit dul chó fada o bhaile iniu, a Sheáin,
ar sise.



- Agus canathaobh ná déanfainn? arsa mise; tá an lá
go háluinn agus ní fios ná go mbeadh sé fliuch amárach.
Agus dféachas síos an cnoc ar na barraí breátha buí fé
thaithneamh na gréine.



- Bhail, bhail, béidir go bhfuil an ceart agat, ar sise.



- Is dócha ná fuil ann ach piseogacht tréis an tsaoil, ar
sise arís agus í ag miongháirí; ach a bhfuil fhios agat, ar
sise - agus tháinig mar a bheadh scamall ar a haghaidh-
táim á bhraith le trí lá go bhfuil rud éigin, mí-fhortiún
éigin, ag teacht, agus taidhríodh dom aréir go bhfeaca
corp fir agus fuil 'na slaodaibh leis.



- Mhuise, bíodh ciall agat. Sé malairt an ní a taidh-
rítear do dhuine a thuiteann amach i gcomhnaí. Ní
deirim ná go gcloisfimíd go luath i dtaobh duine éigin a
bheith ag pósa - mé féin, béidir.



- Ní chuirfinn thort é, ach seachain - an leabaidh a
dhéanfir is inti a chaithfe tú luí.



Dhin sí gáire beag agus do chuaidh sí isteach san
abhallórd. Maidir liom féin, níor chuimhníos ar an
scéal a thuille. Chuas anáirde ar mo chapaillín iarainn
agus seo chun siuil me síos an bóithrín beag caol, idir
dhá chlaidhe an-árda, godí an bóthar mór. Níl Calainn
thar deich míle ó Chnoc Droma agus, cé go bhfuil na
bóithre caol, táid, no bhíodar an uair sin, go hana-mhaith,
mar thugadh an lucht údaráis an-aire dhóibh. Bhíos
ag imeacht go mall mar ba mhian liom aoibhneas a
bhaint as áilleacht na tíre agus as áilleacht na haimsire in
éineacht. Ós rud é gur istigh i gcathair Bhaile Atha
Cliath a chaithinn furmhór mór na bliana, leathchéad


L. 161


seachtain, chuireadh gach éinní a chínn ar an tuaith
áthas mór orm. B'iongna liom daoine bheith ag cur
aimsire amú ag féachaint ar phictiúirí péinteálta agus
radhairc ab áille go mór le feiscint i ngach lúib de bhóthar
thuatha. Ba gheall le blúire filíochta dhom gach tor, no
crann, no geata. Chínn áilleacht sna nithe ba shuaraí, agus
nuair a bhínn ag gluaiseacht ar bhóthar idir chrainn árda
bfearr liom é ná Tír na nOg. Do samhlaítí dhom go
mbéidir go mbeadh sé d'ádh orm go nochtfadh an slua
sidhe iad féin dom ar phlásóigín ghleoite éigin imeasc
na gcrann, go bhfeicfinn mná áille in éadaíbh ioldaite
sróill is síoda agus uaisle móra agus córú ríoga ortha, ag
déanamh aoibhnis is aeríochta ina dteanta, agus clocha
lómhara ag rince is ag glicscarnaigh ar an gcuideachtain
go léir; no go dtiocfadh spéirbhean amach romham ar an
mbóthar, á chur de gheasaibh fíor-laoich orm í fhuascailt
ó dhaorsmacht draoi. Ag gabháil trí Cheanannus dom do
thugas strac-fhéachaint ar an seana-chaisleán a fuair an
bhataráil ó ghunnaí Chromail agus do chuimhníos ar an
bhfear óg, mac feirmeóra, a bhí seacht mbliana fé
dhraíocht ann agus nár leig an scannra d'éinne an rud
beag d'iarr sé do dhéanamh chun é shaora sara mbéarfí
go caisleán eile é. Chuaidh beirt fhear óg ann oíche agus
do chonnacadar ag rince ann cuideachta mhór d'uaislibh
a bhí gléasta i bhfaisean na séú aoise déag.



Ag machtnamh dom ar an gcuma san ní rabhas i bhfad
ag cur an bhóthair díom. Cuireadh míle fáilte romham
i gCalainn agus fuaras caoi ar fhurmhór an tráthnóna
do chaitheamh i bhfochair an chailín bhig úd. Níor
chuimhníos ar fhille godí go raibh sé déanach go maith
san oíche. Dfágas slán ag gach éinne sa bhaile bheag
agus thugas aghaidh ar an mbóthar a bhaile. Bhí mo
chroí chó héadtrom san go rabhas ag amhrán agus me
ag cur díom ar mo shuaimhneas fé sholus na ré is na
réiltíní a chuir fíor-dheabhramh draíochta ar gach aon rud
am' thimpall.



Bhí orm gabháil thar seana-roilig cúpla míle ó Chnoc


L. 162


Droma. Do chonnac cabhlach mór briste na seana-
mhainistreach i bhfad uaim agus tháinig orm an saghas san
scannra a thagann ar dhaoine do ghnáth ina leithéid de
bhall in am mhairbh na hoíche agus a thagadh orm féin,
leis, in ainneoin mo réasúin, gach aon uair a ghabhainn an
bóthar san istoíche. Bhíos ag cur díom suas an cnoc
dian agus me ag séide alluis le cruas na hoibre a bhí agam
á dhéanamh lem' dhá chois agus mo cheann anuas ar
stiúir an rothair. Mar sin a bhíos nuair a samhluíodh
dom gur chuala an caointeachán bog íseal fé chiúnas
mharbh na hoíche samhraidh. Níor dhin sé ach a chur
fhiachaint orm tuille nirt a chur i ngach sáth a thugadh
mo chosa síos, ad iarraidh an rothair do thiomáint ar
aghaidh ní ba thapúla. Do stad an caointeachán
tréis tamaillín agus bhí sé ag dul ina luí orm nár chuala
éinní in aon chor. Bhíos comhgarach do bharr an chnuic
um an dtaca san, agus é nách mór ag teip orm ar fad an
rothar do thiomáint toisc a dhéine bhí an ball áirithe sin
den chnoc, nuair a chuala an caointeachán arís.
Dféachas i leataoibh agus cad a chífinn ach an bhean
bheag íseal agus a folt buí go talamh léi. Lena linn
sin díreach do thuiteas isteach sa díg, ach siúd amach
láithreach arís me, gan cuimhneamh ar na gearrthaíocha
a dhin na driseoga is na sceacha orm. Suas ar mo rothar
arís liom gan moill nómait! Chuir an scannra breis nirt
am' chosaibh agus do sciúrdas liom ar nós na gaoithe,
ag teiche roimis an gcaointeachán san a bhí ag teacht
am' dhiaidh i gcomhnaí agus a samhlaíodh dom a bheith
am' chluasaibh fós nuair a bhíos ró-fhada uaidh chun é
chloisint.



Tháinig maolú beag ar an sceon a bhí ionam agus
thugas fé ndeara go rabhas traochta amach agus go raibh
m'aghaidh gearrtha agus mo chuid éadaigh stractha.
Do chuimhníos ansan ar an taidhreamh a dineadh dom'
aintín agus d'admhaíos dom féin nár mhiste do dhuine
géille do phiseoga anois is arís. Do leigeas osna nuair a
chonnac ná rabhas ach roinnt slat o gheata na feirme.


L. 163


Do thúirlingeas den rothar agus do buaileas isteach.
Bhíos chó tógtha suas san ag cuimhneamh ar eachtra na
hoíche ná feaca an triúr no ceathrar fear a bhí ag dorus
an tighe. Níor aithníos iad godí go rabhas cúpla slat
uatha. Do chromas láithreach ar a innsint dóibh cad a
thuit amach dom, ach is ar éigin a bhí éinní ráite agam
nuair a stadas, mar ba léir dom ná raibh puinn suime acu
á chur am' scéal agus bhí féachaint ghreannúr, shola-
manta, ina súilibh.



- Cad tá bun-os-cionn? arsa mise leo.



Níor fhanas le freagra, áfach, mar chonnac an nómat san
go raibh an chistin lán de dhaoine agus iad ag caint go
híseal. Chuireas mo rothar leis an bhfalla agus do
bhuaileas isteach go dithinsach. Bhí doras an tseomra
leapan ar leatha agus solus coinnle ann. Do ritheas
isteach agus do stadas go hobann. A Thiarna na ngrást!
Cadé seo a chím! Mo cholceathar, an fear óg láidir
dathúil a chonnac ina shaol is 'na shláinte ar maidin: é
ina luí fuar marbh ansan ar an leabaidh agus gearra mór
garbh doimhin in' éadan! A mháthair bhocht ina suí
ag ceann na leapan agus í ag gol go croí-bhriste. A
dhritháir ina sheasamh in aice léi, ag féachaint amach
roimis fé mar a bheadh a mheabhair bainte dhe.



Níl puinn eile le hinnsint. Is amhlaidh a thuit an fear
óg anuas de bharr cruaiche féir agus do bhuail a cheann
i gcoinnibh cloiche móire géire. Níor mhair sé ach
cúpla nómat. Dhin cuid desna comharsain é iompar
abhaile chun a mháthar. Maidir liom-sa, níor fhanas san
áit ach an méid aimsire ba chuibhe dhom fanúint ann
tréis na sochraide ach fanfidh cuimhne na hoíche úd agam
go dtiocfidh an bás orm féin.



Liam O Rinn.


L. 164


Lucht an Aeir.



I.



An té a mbíonn brionglóidí go minic aige, is eol dó go
mbíonn créatúirí aisteacha áithride ag teacht isteach
ina shuain-bheatha anois is arís, créatúirí nach mbíonn
aithne aige féin orra. Ní féidir leis cosg a chur ar theacht
ná ar imeacht na gcréatúirí seo, ná ní bhíonn aon smacht
aige ar a gcuid gníomhartha, maith nó olc. Uaireannta
aithneóchaidh an brionglóidí pearsantachtaí áithride arís
agus arís eile, agus chífidh sé i ngach uile chineál aislinge
is brionglóide iad; agus is minic do dhuine 'á rá leis féin:
"Cé hiad na daoine seo nár casadh orm ariamh lem' bheó,
na daoine seo nach bhfaca mé ariamh lem' shúilibh
daonna; nó 'tuige a' mbíonn siad 'á dtaisbeáint féin dom
ar an dóigh seo agus mé mo chodla?"



Bíonn suain-bheatha níos gléinighe, níos beódhúla,
ag na páistí ná mar bhíos ag daoine fásta; thar é is tana é
an brat atá ina chrocha idir an dúiseacht is an codla sa
leanbh, agus is bog so-lúbtha iad na slabhraí do-fheicse
úd a cheanglas an t-anam is an corp. Is mó cara - agus
eascara freisin - a bhíos ag leanbh i ndúthaigh na mbriong-
lóidí go minic. Agus 'siad na leanbhaí, níos minicí ná
na fir is na mná, a chuireanns an cheist chéadna úd orra
féin: "Cé hiad na strainséaraí seo," ar siad, "nó cérb'
as dóibh? Bhfuil siad beo' dá ríribh? ..."



Is inspéise an cheist í gan amhras, agus is mó freagra
éagsúil a tugadh uirri, agus is mó easaontas d'eirigh 'na
taoibh.



II.



Ní mar a chéile iad na brionglóidí choíche. Ní hionann
iad na cúiseanna bhíos mar bhun leó, dar liom-sa, ná ní
hionann iad na híomháighthe ná na pearsantachtaí
bhíos d'á léiriú ionnta. Maidir le cúis nó fáth na coda is


L. 165


mó dhíobh arnó tá tuairmí Freud againn 'na dtaoibh sin,
tuairmí a bhfuil mórchuid den fhírinne, gan amhras ar
bith, ag baint leó. Séard deir Freud* agus a lucht lean-
úna ná gurab iad mianta leath-smachtuithe leath-thuigthe
na haigne is an chuirp faoi ndeár ár mbrionglóidí go léir;
agus is cinnte gurab iad na mianta éagsúla úd an chine
daonna: mianta airgid, mianta cumhachta, mianta
insgne, agus mar sin de: a chruthuigheanns samhlachtaí
agus íomháighthe sa bhfó-mheabhair d'fhonn iad féin a
chur i gcéill (thar é níl mian ar bith sa gcroidhe daonna
nach bhfuighidh é féin do chur i gcéill ar chaoi éigin,
cuma cé'n smacht, cuma cé'n cosg a chuirfeas an coinsias
nó an réasún air.) Agus tugamuid brionglóidí mar ainm
ar na samhlachtaí agus ar na híomháighthe sin, nó ar na
cuimhneacha camtha measgtha fhágas siad 'na ndiaidh.
Ní ar bhun-chúis ná ar fháth na mbrionglóidí is mian
liom trácht annseo, áfach, ach ar mharthain nea-spleách
na n-íomháighthe is na bpearsantacht a bhíos le feiceál
ionnta. Ní leór liom a rá nach bhfuil sna híomháighthe
ná sna pearsantachtaí seo ach "cruthú na samhluíochta."
Mar deir AE, ba cheart dúinn brí an fhocail sin "samh-
luíocht" féin do mhíniú i gceart ar dtúis sul má iarramuid
cruaidh-cheisteanna na n-aislinglí is na físíochta is na
mbrionglóidí do mhíniú leis.



Ag seo, mar sin, an cheist atá ag déanamh imní dhom:
Cé hiad na daoine do-aithnide úd a feictear sna brionglóidí,
nó an bhfuil aon bheatha faoi leith aca?



Chreid mé tráth - agus béidir go gcreidim fós é - go
raibh fuasgailt na ceiste úd le fáil sa mbarúil a bhí ag na
cineachaibh ársa: daoine do chomhnuigheadh i ngiorracht
don talamh, agus a mbíodh cuid mhór de rúin is de
mhistéirí na talmhan ar eólas aca, rudaí atá caillte
againn-ne, ag cine an lae indiú.



Na cineacha ársa seo, fíor-chlann na ngaoth is na



* Féach "Die Traumdeutung," Sigmund Freud do sgríobh, Wien 1900; agus
leabhra eile ón údar céadna.



* Féach "The Candle of Vision," AE do sgríobh; Lonndain 1918.


L. 166


réalt, chreididís gurab ionann na créatúirí úd fheicimid
sna brionglóidí agus áitreabhaigh an domhain sidhe
agus nach féidir linn a bhfeiceál ach amháin nuair
bhímid lasmuigh den chorp, agus lasmuigh den truime
bhaineas leis an gcorp. Agus tráth a mbíonn duine 'na
chodla agus é ag brionglóidigh, tig leis an truime chorpora
sin fhágáil 'na dhiaidh, agus tig le n-a chorp íogmhar,
nó le n-a chorp codalta, nó cibé ainm eile d'fheilfeadh
don pháirt sin den duine dá dtárluigheann eachtraí
taidhbhseacha na hoidhche, tig leis sin dhul ar fán is ar
seachrán ar fud an tsaoil, agus, béidir, thar teórainn an
tsaoil. Cá bhfios dúinn-ne cé na rudaí aisteacha dob
fhéidir le súile an chuirp éadtruim aerigh úd an chodalta
fheiceál? Nó cá bhfios dúinn cé na créatúirí sgáiliúla
nea-shaolta casfaí leis? Béidir nach mbíonn aon eagla
ar áitreabhaigh an domhain sin - ar na sidheóga, ar na
taidhbhsí, ar na sgáthanna gan ainm - roimh chorp na
mbrionglóidí agus é saor ón gcolainn chorpora. Béidir
go dtig siad i ngar dúinn, nuair sgaoileas an codla truime
an ghnáth-shaoil anuas dínn, agus go dtosnuigheann siad
ag cogar 'nár gcluasaibh.



111.



Ba mhaith liom míniú mo bharúla thabhairt annseo,
agus, le n-a chois sin, sampla nó dhó de theagmhaisí
éagsúla, d'eachtraí beaga i ndúthaigh na mbrionglóidí
a d'eirigh dhom féin agus do cháirde liom ó am go ham
do chur síos freisin. Ní sgríobhfaidh mé ach iomlán na
fírinne. Ní hé gur mian liom rud ar bith do dheimhniú.
Tá mé tuirseach de theóirithe gur féidir a ndeimhniú.
Ní bheirim na heachtraí seo mo dhiaidh uaim ach le
mo theoirí féin do dhéanamh níos soiléire. Ní theas-
tuigheann uaim ach sin.



Tá aithne agam ar mhnaoi a mbíodh brionglóidí
éagsúla aici gach oidhche agus í 'na girsigh. Ceann de
na brionglóidí seo bhíodh sé aici arís is arís eile, seachtain
i ndiaidh seachtaine, nuair bhí sí tuairim is ocht mbliana


L. 167


d'aois. Samhluightí dhi go raibh sí 'na seasamh ar
mhullach cnuic ísil in áit fhiadháin uaignigh eicínt.
Sléibhte bagarthacha sgéirdeacha 'na tímpeall agus iad
bán faoi shneachta. Leathsholus doiléar thart uirri.
E go han-fhuar. Chíodh sí go hobann sluagh de dhaoine
beaga ag déanamh uirri. Deireadh sí léi féin gur dhócha
gur síodh-dhaoine bhí ionnta, ach nach raibh aon phioc
cosúlachta idir iad agus na sidheóga a mbíodh trácht
orra 'na cuid leabhar sgéaluíochta Gaedhealaighe.
Firíní beaga mí-chumtha bhí ionnta, duairt sí liom, agus
iad go gruama gránna mailíseach. Bhí teanga iasachta
eicínt nár thuig sise ar siúl aca. Srónta fada bioracha
ar chuid díobh, srónta gearra geanncacha ar chuid eile;
cosa ábhal-mhóra millteacha faoi chuid díobh, agus gan
aon chosa faoi chuid eile; súile cruinne soilseacha
ag cuid díobh, agus cuid eile dall ar fad; ach iad uile
ag gabháil fhuinn is ag cómhrá go glionndarach is go
mistéireach le chéile. Chuimhnigh bean na brionglóide
go maith ar a gcuid éadaigh is eile, agus thug sí cunntas
beacht dom-sa 'na dtaoibh. Ní fiú liom gluaiseacht
ná sgéal na haislinge úd innseacht annseo, thar é níl
aon bhaint aige sin le mo theóirí. Ach ar chaoi ar bith,
nuair bhí sí trí bliana déag d'aois, sílim, thug duine
éigin leabhar sgéaluíochta Lochlannaighe dhi mar
bhronntanas Nodlag, agus pioctúirí ann ó láimh pinnteora
Shuainigh eicínt. Chonnaic sí láithreach bonn gurbh
ionann na "trollaí," na haeróga, is na habhaic a bhí
sa leabhar seo agus na creatúirí aisteacha mí-chumtha
do chonnaic sí 'na brionglóidí féin fad ó.



Ní thig liom a cheapa gur seans gan brí fá ndeár an
teagmhas seo. Go deimhin, ba dheacra a chreidiúint
gurab é an "seans" bun agus bárr 'chuile rud ait
dó-mhínithe san saol seo ná a chreidiúint, mar chreid
na céadta saoithe is daoithe rómhainn, go bhfuil an
chruinne lán de bheatha éigin faoi leith nach bhfuil
aon eólas againn uirri, ach amháin nuair bhíos súile
na colna corpora druidthe ag an gcodla, agus súile na


L. 168


colna rúindiamhraighe eile úd, colann na mbrionglóidí is
na mian sgáiliúil mí-shásta, ar osgailt.



1V.



Tá mé chun trácht anois ar eachtra den tsórt sin a
cloistear sáthach minic ó dhaoinibh a mbíonn brionglóidí
go gnáthach aca. Ach béidir go gcuirfí spéis ann.



Bhí cara ag duine de mo dhriothúrachaibh uair;
bean mheadhon-aosta a raibh taithneamh is cultúr
mór ag baint léi, creidim. Bhí an bheirt bhan an-mhór
le chéile. Ba mhinic dom' dhriothúir a rá liom:
"Caithfidh tú aithne chur ar Chaitlín Ní Dh - ";
ach shleamhnuigh an aimsir thart (ní raibh ionnam ach
gasúr an tráth úd), agus ní fhaca mé ariamh í.



Tráthnóna amháin tháinig mo dhriothúir abhaile agus
í go buartha imníoch, agus d'innis dúinn go raibh a
cara an-tinn - an fiabhras cléibh a bhí uirri, creidim - agus
go raibh eagla ar an dochtúir go bhfuigheadh sí bás.
D'imigh sise (mo dhriothúir) amach an oidhche chéadna
úd, agus chuaidh go tigh a carad, féachaint an bhféad-
fadh sí rud ar bith do dhéanamh ar a son. Cúpla lá
nó mar sin 'na dhiaidh sin, ámh, tháinig sí abhaile arís.
Bhí a cara marbh.



An oidhche chéadna úd bhí brionglóid agam-sa-
brionglóid a raibh soiléireacht iongantach, soiléireacht
na físe, ag baint léi. B'fhacas dom go raibh mé ag siúl
trí sheómraí is trí hallaí móra leath-dhorcha i dteach
éigin nár aithnigh mé. Bhí mo dhriothúir 'mo theannta.
Tháinig muid, tharéis tamaillín, go seómra mór fairsing
a raibh trosgán áluinn aosta ann, agus pioctúir de
mhnaoi shúil-ghlas eicínt 'na chrocha ar an mballa.
B'eól dom láithreach cé bhí ann. Dhearc mé ar an
bpioctúir agus gan focal asam. Agus is annsin do
tháinig athrú ar an mbrionglóid: tháinig dath agus
crot taidhbhseach mí-shaolta uirri. Chorruigh an
bhean a bhí sa bpioctúir; chorruigh sí go mall righin;
tháinig meanga beag gáire ar a béal; bhris sí an ghloine


L. 169


bhí á clúdach, agus tháinig anuas chugainn sa seomra
gur thosuigh sí ag cainnt linn. Chualas a glór; chonnaic-
eas an fhéachaint leath-chúthalach, leath-dhána ina
súilibh; thugas faoi deara an fáinne trom Síneach a bhí
ar a méir.



Sgathamh maith 'na dhiaidh sin thárla go gcuala mo
dhriothúir go mbéadh roinnt rudaí pearsanta le Caitlín
Ní Dh - - idir seóda, leabhra is eile - le fáil aici-se de
réir na huachta bhí sgríobhtha aici. Chonnaic mise na
rudaí seo ar theacht abhaile chuig mo dhriothúir dóibh.
Ina measg bhí an pioctúir de Chaitlín féin a chonnaic
mise sa mbrionglóid, agus fáinne trom Síneach do
chaitheadh sí i gcomhnaí, de reir cosúlachta, agus í beo.



Béidir go gceapfaí nach bhfuil aon bhaint ag an sampla
seo thuas leis an teideal a chuir mé ar an aiste seo, ná
leis an tuairim a nochtuigh mé ar ball beag - go dtagann
aeróga is sidheóga is áitreabhaigh eile an aeir ag déanamh
buartha don aigne istoidhche. Ní raibh an bhean úd do
thaisbeán í féin do shúilibh mo chuirp chodalta 'na
sidheóig nó 'na haeróig, déarfar. Is fíor an méid sin
freisin, ní nach iongna; ach caithfear a chuimhniú
gurab ionann an plána mar a gcomhnuigheann na daoine
sidhe, de réir an teóirí atá d'á nochtú agam, agus an plána
chleachtuigheas colann bhrionglóide an duine dhaonna.
Mar gheall air sin féadann an duine daonna agus é ag
brionglóidigh, féadann sé créatúirí de 'chuile chineál
fheicsint, idir creatúirí mí-chumtha an dorchadais agus
déithe niamhdha an Árdsholuis; idir na créatúirí sgáiliúla
drilseacha úd a dtugamuid na Daoine Sidhe orra agus
créatúirí a chine féin: cuirp bhrionglóide nó cruthanna
codalta fear is ban, agus iad saor ó bheatha theoranta a
gcorp de bharr an Dianmhachtnaimh, an Chodalta, nó
an Bháis.



V.



Bíonn na créatúirí seo an aeir 'á dtaisbeáint féin do
shúilibh an duine agus é 'na dhúiseacht go minic. Tráth-


L. 170


nóna amháin dá rabhas-sa i dtram i mBaile Átha Cliath,
mhothuigh mé go hobann go raibh athrú aisteach ag
teacht ar a raibh 'mo thímpeall - ar na daoine eile bhí
sa tram, ar shoillsibh is ar sgáileannaibh na cathrach,
ar ghleó is ar fhothram Shráid Uí Chonaill - go raibh
mar bhéadh ceó 'á gclúdach agus 'á gceilt orm; agus,
ina theannta sin, go raibh dathanna agus cruthanna
domhain eicínt eile dá léiriú go mall dom. I gceann
tamaillín eile thuigeas go rabhas 'mo sheasamh imeasg
crann foraoise móire éigin, áit a raibh ceó liathbhán
spéir-ghealaighe ag cur cosúlacht sgáthann daithte ar
na craobhacha is ar na duilleóga. Oidhche Fhómhair
a bhí ann, agus bhí brón fann foilcheasach san aer.
Bhí na duilleóga feósaí ag tuitim anuas thríd an teimhe
'mo thímpeall. Féachaint dá dtug mé ar an talamh
chonnaic mé rud éigin a raibh luisne sgáiliúil an óir
uaidh ina luighe imeasg duilleóg tuitthe agus fréamh
casta na gcrann. Thóg mé aníos 'mo bhaclainn é agus
chonnaic mé gurab é rud a bhí ann, faun beag nocht
agus éadach óir fillte air. Ba bháine ná réalt é a chorp
fá leathsholus doiléar na coille, agus bhí na súile dúnta
aige. Bhí sé fuar marbh. D'fhill mé san éadach
órdha arís é gur chuir mé i bhfolach faoi dhuilleóga
buidhe an Fhómhair é. Agus nuair bhí íomháigh na
coille duaibhsighe úd agus na colna bige iomhóige úd
imithe ó mo shúilibh go bhfaca mé arís na daoine agus
na soillse geala bhí thart orm, agus go gcuala mé arís
raic is tormán Shráid Uí Chonaill 'mo thímpeall, sé
duairt mé liom féin: "Tá adhra na háilneachta ársa
dearmadtha againn cinnte agus déithe na háilneachta
ársa marbh againn, agus déithe nua coigríocha cruthuithe
againn 'na n-ionad."



V1.



Tá aithne agam ar mhnaoi áithrid a bhí ag fanacht
cois na teine oidhche le teacht abhaile dá fear céile.
Bhí sí 'na haonar sa teach, agus í ag éisteacht le glór


L. 171


gaoithe an gheimhridh ag caoine taobh amuigh de na
fuinneóga. Chuala sí fuaim na heochrach i nglas an
dorais ar ball, agus b'eol di gurab é a fear bhí ann.
Chuaidh sí amach sa halla le forán a chur air, agus chon-
naic sí ag teacht chuici é tríd na sgáileanna. Níor chuir
sé focal as, agus bhí an bhean ag fiafruighe dhi féin an
amhla bhí rud éigin ar cearr. Thug sí faoi deara annsin
go raibh cosúlacht sgáiliúil nea-ghnáthach air, ach
duairt sí léi féin gurab é an solus fann bhí ar lasa sa
halla fá ndear é sin béidir, agus níor chuir sí suim mhór
ann. Lean sí isteach sa seómra ithe é. Bhí seisean
aisteach ciúin. Níor labhair sé focal léi fós. Shuidh
sé faoi ar chathaoir in aice na teine agus a dhruim léi.
Tháinig imní uirri annsin agus d'fhiafruigh sí dhe
céard do bhí air, nó an raibh sé tinn, nó 'tuige nár labhair
sé? Annsin d'iompuigh seisean a cheann go tobann
i nós go bhfaca sí a ghnúis. Leig sí sgread. Níorbh é
a fear é ar chor ar bith do bhí ina shuidhe os cóir na
teine, ach créatúir millteach gruama eicínt agus é ag
breathnú go géar uirri. Bhí a shúile ag soillsiú 'na
chloigeann, agus fiar-gháire adhfhuathmhar ar a bhéal.
Ise ag féachaint go balbh eaglach air. Shíl sí labhairt
ach níor tháinig aon fhocal as a béal... Agus nuair
tháinig a fear féin isteach, cúig nóiméadaí 'na dhiaidh
sin, fuair sé bán crithiúil í, agus gan 'na cumas aon
cheó eile a rá ach amháin: "'Tuige nár tháinig tú níos
luaithe? "Tuige nár tháinig tú níos luaithe? ... "



"Cérbh é an créatúir uamhnach úd?" ar sise liom-sa
uair amháin. "Cérbh as dó?"[.]



Ach cá bhfios dom-sa? Nach bhfuil an saol seo
líonta fós féin de rudaí do-mhínithe, de thaidhbhsí is de
shidheóga is d'áitreabhaigh eile an aeir? Bíonn clann
sgáiliúil dearmadtha seo an bhreacsholuis 'nár dtímpeall
fós féin, sílim, ag fanacht de shíor, ag faire de shíor.



Micheal Mac Liammhoir.


L. 172


Is féidir casadh le mná nach ndeárna suirghe ariamh;
acht is an-deacair mná fhagháil nach ndeárna acht aon
uair amháin é!



Mar a chéile don ghrádh agus don teinidh, ní féidir leó
araon gan bheith ag corruighe; ní mhaireann sé gan
dóchas - nó gan faitchíos.



Is é fearacht na dtaibhseacha ag an bhfíor-ghrádh é;
chuala gach éinne trácht orra, is beag duine a chonnaic
iad.



Muna bhfuilir an-mhuinighneach asat féin, bí do thost.



Is fearr go minic le daoine eile ár lochta, ná ár ndeagh-
thréithe.



Níl aon rud is flaitheamhla bronntar ná comhairle.



Is maith le sean-daoine deagh-chomhairle a thabhairt;
mar shólás dóibh féin, is dócha, ar gan é bheith ar a
gcumas a thuilleadh droch-shampla a theasbáint!



An cleas is clisde, leigeann ort go bhfuil tú ag tuitim
isteach sa bpaintéar a leagtar dhuit; ní imrighthear
beart ar dhuine choidhche chomh forusda is nuair a
cheapas sé go bhfuil beart ghá imirt aige ar dhuine eile.



Is minic a níthear maitheas le slighe fhagháil chun olc
a dhéanamh.



Liam O Briain


L. 173


Cumhaidh Oidhche Shamhna.



Mhuise, a Bhriain, nach dona do sgeul, mo leun,
I do aonar gan charaid ná gaol, 'sa tsaoghal.
Oidhche Shamhna gan sógh, fiú ubhall ná cnó
Och! ní huaignighe ná tusa an chloch 'san loch
A dhuine chroidhe-chráidhte 'Mhic Ghioll' Eóin.



11.



Is beag iad na daoine gan mhaoin, ná díon
Ach níl fascadh agatsa ó'n tsín, a Bhriain.
Chaith tú beatha shámh, shaor, agus eugfair, faraor!
'Gus ní cluinfear 'sa deireadh do sgread, tréith-lag
A dhiabhail thruaighmhéiligh 'Mhic Ghioll' Eóin.



III.



Níl ionnat ach seachrán amach; mo chreach
Níl éireóg ná cearc chugat isteach, ná amach
Siubhail do bhóthar go socair; faigh bás - cé'n dochar-
Mar an sean-shionnach craptha, ag uaill i n-uain
Is ba bheag é do chiall-sa "Mhic Gioll" Eóin.



1V.



Ach fan! ta aoidheacht le fáil, ar ball
'San tsean-reilig chruimhigh úd thall, fé fhal
Agus cuirfear do cheann ar adhairt bhreáh dhonn
Ins an chré dheas ramhair; i do shuain; go ciúin
I do chodladh go dtí Lá an Luain.


L. 174


V.



Nuair a bhéas tú curtha san uaigh - gan truaigh
Fé shúisín ghlas feurach i n-úir, tais, fuar
Nárbh' shólásach é nár fhág tú 'do dhéidh:
Aoinne ag sileadh na ndeor geur mór
Ná ag cumhaidh ar fhód Mhic Ghioll' Eóin.



V1.



Féasta Shamhna ní bhfuair ariamh; dar fiadh
Ach bhéarfaidh tú béile do liacht na criadha
Tabhair cead a gcinn daobhtha agus cuirfidh siad
faobhtha
Agus sluigfidh siad thusa le toil - gan mhoill
'Gus ní chaillfidh siad pioc díot "Mhic Ghioll" Eóin.



V11.



Nuair a bhéas do chnámha iomlán mar stán
Sgiobtha 'gus snasta go geal lom-ghlan
Folmhochar an ceann de'n dícéille a bhí ann
Agus déarfaidh na piasta ruadha "Arú!
"Níorbh fhiú thú a phiocadh "Mhic Gioll" Eóin."



Deomaic.


L. 175


An Córtha Óir.



Do bhí triúr drithár 'n-a gcomhnuidhe i gcaisleán
mór uaigneach i righeacht Asturias, sa Sbáinn.
Ambrós, Ricardo agus Chrisostom a n-ainmneacha.
Bhí an triúr san ar na daoinibh uaisle ba mhó riachtanas
agus ba dhealbha ó shaidhbhreas saolta d'á raibh le
fáil sa chomhursanacht san. Bhí a rian ar a n-áit
chomhnuithe. Is ar éigin a bhí licín slinne gan
bhriseadh ná pána slán gloine fágtha ag an ngaoith ar
an sean-chabhlach tighe a bhí acu. Croiceann gabhair
a bhíodh mar éadach acu, agus thugaidís na tráthnóntaí
geimhridh ag rástáil síos suas úrlar na cistineach, a
d'iarraidh teas do chur 'n-a gcnámhaibh agus ag
glinneamhaint ar an dteinnteán mhór fhuar fholamh.



Ní bhíodh acu i gcóir béile na h-oidhche ach crústa
d'arán dubh agus blúirín gáirleóige. Nuair a bhíodh
a gcuid caithte acu do bhuailidís amach chun an stábla
agus do shínidís thórsa ar shop easrach i n-aice na gcapall,
sar a leathfí le fuacht i rith na h-oidhche iad.



Ba ró-aindeis an crot a bhí ar na capallaibh céadna.
Is acu a bhí na h-asnaidheacha loma agus na muiníl
sgrogacha. Bhíodh na mainnseuracha féin creimithe
acu le neart ocrais.



Maidin bhreágh Dhomhnaigh san earrach do bhuail
an triúr isteach sa choill le súil go mbéarfaidís ar choinín
nó ar rud éigin eile le n-ithe. Sa tsiúl dóibh thárla go
bhfeacadar, istigh i lár scairte, pluais charaige agus
córtha mór daingean iarainn sa chúinne ba shia siar di.



Bhí trí cinn de ghlasaibh ar an gcórtha agus eochair
sáidhte i ngach glas díobh. Bhí leath-rann Aráibise


L. 176


sgríobhtha ar an gclúdach, agus na leitreacha leath-ithte
ag an meirg.



D'osgaladar an córtha agus do leath a súile ortha
nuair a chonnacadar go raibh sé lán go bara de phíosaíbh
óir!



Ba bheag ná gur bhain an radharc san a meabhair
shaolta dhíobh. Do sháidh gach fear acu a lámha go
h-uilinn sa chórtha, agus chuireadar suas uaill gháirí
a bhain crothadh as na crannaibh mórthímpal.



Ach níorbh' fhada ar an aigne sin iad. Do dhruideadar
siar agus d'fhéachadar ar a chéile go droch-amhrasach.



I gcionn tamaill do thóg Ambrós a lámha ar nós
breithimh agus dubhairt nár bhfoláir an t-ór do mheágh-
chaint i meidh, agus trí treana cothroma do dhéanamh
de, agus é do rainnt go macánta. Go dteipfadh ar a
ndícheall, ámhthach, an méid sin ualaigh do bhreith
leó abhaile i n-aghaidh an chnuic d'aon iarracht amháin.
'Na choinnibh sin thall nár cheart dóibh imeacht a
dtriúr agus an córtha d'fhágaint 'n-a ndiaidh gan
chosaint. Uime sin, nár bhfearra dhóibh rud a dhéan-
faidís 'ná duine acu do bhailiú leis chun an tsráid-bhaile
agus trí mealbhóga leathair do cheannach, agus trí
tomhaiseanna cruithneachtan i gcóir na gcapall, agus
trí cístí agus trí buidéil fíona dhóibh féin. Nuair a
bheadh an biadh sin caithte acu go mbeidís féin agus na
capaill i bhfonn ní b'fhearr chun na h-oibre dhéanamh
nuair a thiocfadh an oidhche. Mhol sé Ricardo mar
theachtaire mar gurab é duine ab éasga agus ba
luathchosaighe é.



"Is maith an chomhairle agat í!" arsa Chrisostom.



Ach ní ró-mhaith a thaithn an moladh san le Ricardo.
Do dhubh agus do dhearg air agus do chrom sé ar
mhachtnamh.



I gcionn tamaill tháinig smaoineamh dó agus do labhair
sé leis an mbeirt eile.



"A dhritháracha," ar seisean, "tá trí h-eochracha
sa chórtha. Déanfad-sa é do dhainginiú le h-eochair


L. 177


díobh agus béarfad liom am' póca í. Ní'l bac ar gach
duine agaibh-se an rud céadna do dhéanamh le n-a
eochair féin."



Do socruigheadh an sgéal ar an gcuma san. Do rug
Ricardo ar a chapall agus chuaidh de léim ar a mhuin
agus d'imigh fé dhéin na sráide.



11.



Do bhí sruthán beag ag rith thar bráid, le tuitim an
tailimh, isteach i lochán uisge. Do shuidh an bheirt
ar chloich mhóir chúnlaigh i n-aice an tsrutháin sin
agus a gclaimhte anuas ar a nglúnaibh acu. Bhí an dá
chapall ag inníor tamall beag uatha anonn.



D'fhéach Chrisostom suas ar an ngréin agus chuir sé
méanfadhach as le neart ocrais.



Do bhain Ambrós a shean-chaipín de agus chrom sé
ar labhairt go breágh réidh. Chuir sé i gcuimhne do'n
fhear eile conus nár mhian le Ricardo ar dtúis dul i
n-aonacht leó isteach sa choill i n-aon chor. Dubhairt
sé gur mhór an truagh go dtáinig sé ar atharach aigne.
Dá bhfanadh sé sa bhaile ar maidin ná beadh ortha
féin ach dhá leath do dhéanamh de'n stórus óir. Agus,
donas an sgéil, ná beadh a mhalairt de chrích ar a thrian-
san ach é chaitheamh ins na tithibh tabhairne ar a
lucht cómh-óil.



"Nách maith is eól dúinn, a dhritháir," ar seisean,
"dá ráiníodh go bhfaghadh Ricardo an t-ór so agus
é 'n-a aonar, gur bheag an bhreith a bheadh againn-ne
ar a dhath d'fheisgint."



Do chuir an fear eile cnead as, go tur agus go
feargach.



"Mo lámh duit gur bheag," ar seisean. "Cníopaire
críochnuithe iseadh an Ricardo céadna. Nách cuimhin
leat anuiridh, nuair a bhuaidh sé an céad dúcat úd lá
an aonaigh, conus mar a thug sé an t-eiteachas domh-sa
nuair a iarras trí dúcait air chun casóige nua do
cheannach?"


L. 178


"Féach féin gur thug," arsa Ambrós, agus bhí droch-
sheasamh 'n-a shúilibh.



Do lean Ambrós air:



"Agus cad é an gnó a bheadh aige de'n ór so?" ar
seisean. "Ní h-aon ní fóghanta an chasachtach san
a bhíonn ar siubhal aige ar feadh na h-oidhche. Nách
minic a thugas fé ndeara na smóla dúbha ar an úrlár
i n-aice na leabthan aige? Gabhaim-se orm gur ag
tabhairt fola a bhíonn sé. Preit! a dhuine, tá a phort
seinnte. Ní mhairfidh sé bliain eile, agus abhfad sar
a mbeidh an bhliain sin féin istigh beidh a chuid airgid
ídithe scaipithe aige le h-ólachán agus le ragairne -
an t-airgead le n-a bhféadfaimíd-ne an caisleán do
shlánú agus do shlachtú agus do chur i dtreo, agus na
h-airm agus an eachra, an tighearnas agus an mharc-
shluagh is dual sinnsear dúinn do chruinniú 'n-ar
dtímpal arís."



"Go deimhin le fírinne níor chás liomsa dá bhfaghadh
sé bás indiu féin," arsa Chrisostom.



Do rug Ambrós ar chuislinn ar a dhritháir agus dhírigh
sé a mhéar chun an chasáin a ghaibh Ricardo ag imeacht
dó.



"Tá áit oiriúnach tamall beag as so ameasg na
gcrann," ar seisean. "Tusa a dhéanfidh an bheart, a
Chrisostoim, ó is treise agus is tapúla d'fhear thú 'ná
mise. Aon tsáth amháin idir an dá shlinnean agus
beidh an gnó déanta. Annsan, ní bheidh caoi aige siúd
muc agus dallacán do thabhairt ort in sna tithibh
tabhairne a thuille. An sleamhnanaí bithúnaigh!"



Do shocruíodar ar luigheachán i bhfolach do Ricardo
chun eirighe chuige agus é mharbha nuair a bheadh sé
ag gabháil thórsa.



Do luighdar i gceilt i n-aice an chasáin. Do chaith
Chrisostom é féin ar a chromadh sa díg agus a chlaidheamh
ar tarrang aige. Chuireadar an aimsir díobh ag
machtnamh ar an bhfíon agus ar na cístíbh, agus an
t-ocras dh'á stolladh agus dh'á stracadh istigh ionnta.


L. 179


Fé dheire d'airighdar chúcha coisíocht an chapaill
agus guth an mharcaigh agus amhrán ar siúl aige.



I gcionn cúpla nóimeat eile bhí an capall agus an
marcach buailte leó. Do phreab Chrisostom ar aghaidh
agus sháith sé a chlaidheamh i gcliathán Ricardo go
dornchlainn. Do thuit seisean de'n iallait gan anam
gan lúth. Níor dhein sé aon fhothram le n-a ghlór
mar ní raibh an glór ann.



Do rug Ambrós ar adhastar ar an gcapall agus do
sgiob sé an eochair a' brollach an duine mhairbh. Chrom
sé ar an gcapall do tharrang 'n-a dhiaidh, ach do chuir
an beithíoch cos i dtalamh agus nocht sé na fiacla fada
buidhe. B'éigean d'Ambrós é do phriocadh le bior a
chlaidhimh agus rith le n-a ais.



Bhí an ghrian tar éis dul fé um an dtaca 'nar shrois
sé an áit 'na raibh an córtha. Bhí Chrisostom sínte ar
a bhéal agus ar a aghaidh os cionn an tsrutháin, a
mhuinchillí fillte suas thar uilinn aige, agus é ag glanadh
na fola d'á lámhaibh agus d'á éadan.



Bhí sgian ag Ambrós ar a cheathrúin fé n-a bhrat.
Dhruid sé anonn taobh thiar de'n fhear eile gan aon
fhothram a dhéanamh. Do shleamhnuigh sé an lámh
dheas síos fé n-a bhrat agus sháidh sé an sgian i ndrom
a dhrithár.



Níor dhein Chrisostom oiread agus cnead do chur as.
Thuit sé isteach sa tsruthán agus d'fhan a chuid gruaige
fada ar snámh ar barr uisge. Bhí a shean-sparán leathair
taobh thíos de agus é greamuithe go daingean d'á
chliathán. B'éigean d'Ambrós an corp do thógaint
amach agus é leagadh anuas ar an bport sar ar eirigh
leis greim d'fháil ar an eochair.



111.



Do bhain Ambrós searradh as féin agus chuir sé an
anál 'n-a séideánaibh amach tré phollaibh a shróine ar
nós duine a bheadh ag rith. Ach i gcionn tamaill do


L. 180


spreag sé a mheanma agus chrom sé ar mhachtnamh ar
cad é an chéad aitheasg eile a dhéanfadh sé.



Shocruigh sé ar chuid le n-ithe do thabhairt do sna
capallaibh ar dtúis, agus gan aon iarracht a dhéanamh
ar an ór d'aistriú go dtí go dtagadh an oidhche. Idir
an dá linn nár bh'fhearra dhó rud a dhéanfadh sé 'ná
fanamhaint socair mar a raibh aige agus a thuirse do
chur de.



D'osgail sé an córtha agus do thóg sé amach lán duirn
de'n ór agus chuir sé 'n-a charn anuas ar an lic é. Nár
dheas gleoite na píosaí iad! Agus ba leis féin iad go
léir!



Chuir sé a lámh isteach i gceann de sna mealbhógaibh
agus tharraing sé amach buidéal fíona agus lacha bhreágh
reamhar. Ní raibh blúire ithte aige i rith an lae ach
amháin stiall d'iasg leasuithe. Bhí ocras buile air.
Agus cad é an fhaid aimsire ó n-ar bhlais sé aon ní i
bhfuirm lachan?



Do shuidh sé ar an bhféar agus chuir sé na soghluistí
idir a dhá ghlúin.



"'Seadh," ar seisean 'n-a aigne féin. "Ba mhaith
an sás sgeine d'oibriú Ricardo, agus is ró-chruinn a thuig
sé cad ab fhearr a raghadh le fear ocrais. Dhein sé a
ghnó ar áilneacht an domhain. Níor bh'é a dhearmhad
gan ubhla crainn ola do thabhairt leis. Ach, dáltha
an sgéil, cad chuige dhó gan ach dhá bhuidéal fíona do
sholáthar i gcóir trír? Nách greannmhar an rud é
sin?"



Do strac Ambrós sgiathán de'n lacha agus chrom sé
ar é dh'ithe le h-airc is le h-ampladh. Bhí an oidhche
ag tuitim um an dtaca san. Bhí grathain phréachán
anáirde ar chrann ar a aghaidh anonn, agus ciachghlór
acu dh'á chur asta. Bhí a ndóithin ithte ag na
capallaibh, agus bhí a gcinn cromtha acu agus iad ag
míogarnaigh. Bhí an sruthán ag rith le fánaidh go
glórach agus corp an fhir mhairbh dh'á nighe aige.



Do thóg Ambrós buidéal suas os comhair a shúl agus


L. 181


d'fhéach sé tríd. Níor bhfoláir, dar leis, nó chosain sé
trí píosaí agus an dath breágh luisniúil a bhí air. An
t-aon bholgam amháin sin de'n ndeoch bhreágh bhorb
láidir, nách tapaidh a chuir sé teas 'n-a bhallaibh beatha!



Chaith sé uaidh an buidéal agus é folamh. Bhain sé
an corc as an dara buidéal, ach tháinig smaoineamh
dó agus níor ól. Níor mhór dó bheith ara chéill go dtí
go mbeadh na trí h-ualaí óir slán fé lic an teinnteáin
sa bhaile aige.



Luigh sé siar agus chrom sé ar mhachtnamh ar an
mbéilteach teine a bheadh aige ar an dteinnteán gcéadna
san, agus ar an gceann nua slinne a chuirfadh sé ar an
sean-chaisleán.



Bhí doircheacht na h-oidhche tagaithe nách mór.
Tháinig fonn air de phreib tosnú ar an obair a bhí roimis
amach. Rug sé ar chapall agus siúd anonn chun an
chórtha é.



Thóg sé mám de'n ór amach. Ach cad é an rud é
seo? Nó cad a bhí ag eirighe dhó? D'árduigh sé a
lámha chun cláir a éadain agus do thuit na píosaí óir
chun an tailimh.



Cad a bhí imithe air i n-aon chor? Ó, a Dhia mhóir
na bhfeart! Caor... caor agus é ar dearg-lasadh
a bhí istigh 'n-a chroidhe agus 'n-a sgórnaigh!



Do strac sé brollach a léine, agus gach aon tséideóg
aige dh'á chur as. Bhí an teanga dh'á losgadh istigh
'n-a bhéal, agus bhí cubhar fuar-alluis ag sile leis an
bhféasóig aige. Bhí an saol mór ag crith agus ag luasgadh
mórthímpal air.



Á! an caor arís, ach é níos treise ar dúbailt, 'ghá
chéasadh agus 'ghá dhóghadh. Do sgread sé ar chabhair.
Do ghlaoidh sé ar Ricardo agus ar Chrisostom as a
n-ainm.



"An é seo an bás atá agam?" ar seisean, "agus gan
duine dhom fhurtacht i n-aon ghaobhar dom."



Chrom sé ar an bhféar do stracadh as an dtalamh.
Bhí an lasair ag rith tré n-a fhéitheachaibh 'n-a caisíbh


L. 182


ar buile. Mhothuigh sé a chnámha dh'á raobadh aici
ar nós frathacha tighe a cuirfí tré theine.



Dhruid sé anonn chun an tsrutháin chun a thart' do
mhúchadh. Bhuail sé leath-ghlún leis anuas ar chorp
Chrisostoim agus thúm sé a aghaidh san uisge. Ach
níor dhein an t-uisge ach breis nimhneachta do chur sa
teinneas. Do sgríob sé an charraig le n-a ingnibh. Do
staith sé dornán féir as an dtalamh agus chrom ar é
stupadh isteach 'n-a bhéal chun an úrmhaireacht do
shúghadh as.



Thuig sé iomláine an sgéil d'urchar, agus d'eirigh
an croidhe ann le sgannradh.



Ar theacht do'n tsráidbhaile do Ricardo ar maidin
an lae sin, agus roim biadh ná fíon do cheannach dó, do
bhailigh sé leis isteach i siopa Iúdaigh áirithe a bhí
'n-a photacaeridhe i n-áit iargcúlta taobh thiar de'n
eaglais.



Fuair sé rainnt nimhe ó fhear an tsiopa agus mheasg
sé an nimh ar an bhfíon. Ar an gcuma san, dar leis,
ní bheadh aon éileamh ar an ór ag aon duine beo ach
é féin.



Tháinig an oidhche. Do thúirling dhá phréachán
anuas ar chorp Ricardo. Do lean an ghlaise bheag ag
snámh léi agus í ag crónán agus ag cogarnaigh.



Bhí Ambrós 'n-a luighe ar an bhféar ar a thár anáirde,
agus a ghnúis iompuithe chómh dubh le pic.



Tá an córtha óir ann go dtí an lá indiu, i n-achrann
na coille.



D. Ó. M.


L. 183


Sgéal na mBeog.



Timcheall is trí chéad bliadhain ó shoin bhí
ceannaidhe dar bha shloinneadh Leeuwenhack sa
Tír Fó Thuinn. Chuir sé suim mhór sa miondracán agus
chuir feabhas mór ar na cinn shimplí a bhí ann go nuige
sin. Thrí chongnamh a mhiondracáin d'éirigh leis mion-
ainmhidhthe beaga bídeacha d'fheiceál i n-uisge agus i
bputógaibh ainmhidhthe. Tá miondracáin i bhfad
Éireann níos cumhachtaighe againn anois agus chítear
dúile beodha níos lugha fós ar a dtugtar "beoga."



Níor tugadh mórán áirde ar fhionnacht Leeuwenhack
go ceann 150 bliadhain eile nuair tugadh fá deara go
mbíonn beoga i gcomhnuidhe i n-aon rud a bhíos ag
lobhadh. Bhí sagart Eadálach, dar bha shloinneadh
Spallantani, ann agus rinne fromhachán. Chuir sé rud
so-lobhtha isteach i mbuidéal agus chuir corca agus séala
i mbéal an bhuidéil ar chaoi nach bhféadfadh aer dul
isteach ann. Annsin bhruith sé an buidéal agus a raibh
ann agus thug fá deara nach raibh a nduth ná a ndath de
bheogaibh beodha le feiceál ann. A fhad is bhí an
buidéal dúnta ní tháinig lobhadh ar an rud istigh ann ach,
an túisge do leigeadh an t-aer isteach, thosuigh an
lobhadh agus bhí beoga beodha ar fágháil ann.



Ní dearnadh mórán eile go ceann céad bliadhain d'ár
gcionn nuair do fionnadh nach ndéanfadh an t-aer aon
dochar dá dtéigheadh sé thrí shearbhán ruibheach nó
thrí fhiodán an-te. B'iontuigthe uaidh sin nárbh'é an
t-aer ba cionntach leis an lobhadh acht na beoga a bhí
ann.



Do ceaptaoi ar feadh i bhfad gur féidir le beogaibh
bheith d'á ngeineadh i rud so-lobhtha gan aon tuismigh-
theoir rómpa ann. "Geineadh gan tuismheadh" a
bheirtí ar an teoir sin ach bréagnuigheadh í de bhárr na
bhfromhachán réamh-ráidhte. Ba follasach gur ab é


L. 184


an t-aer a bhíodh ag iomchur na mbeog. Acht bhí
corr-dhuine ann a chreid an teoir úd go dtí go ndearnaidh
an Franncach clumhail, Louis Pasteur, sraith fromhachán
eile.



Do chruinnigh Pasteur smúr an aeir. Do chuir sé
beagán de isteach i bhfiodán fromhtha ar mhianach
ainbheogach a bhéadh feileamhnach d'fhás na mbeog.
Do chuir sé an fiodán isteach i ngorachán agus d'fhág
sé annsin é ar feadh lae nó dhó fá theas feileamhnach
seasta. I ndeireadh an ama sin bhí goracht de na
beogaibh aige agus na mílte acu ann i n-aghaidh gach
cinn do chuir sé. D'fhéad sé annsin iad do sgrúdughadh
fá'n miondracán agus iad do chomhaireamh. Chruth-
uigh sé gur tearc beog do bhí san aer glé ar shléibhtibh
árda na hEilbhéise; go bhfuil siad níos fairsinge i n-aer
na ngleann; agus fá chéad i n-aer na mbailte mór.



Cé go raibh a fhios ag daoinibh na beoga do bheith i
mianach a bhí ag lobhadh níor ceapadh go dtí sin gur ab
iad ba siocair leis an lobhadh acht chruthuigh Pasteur
gur ab amhlaidh do bhí.



Go dtí an t-am sin, nuair do ghníthí obráide ar dhaoin-
ibh breoite ins na hosbuidéil, gheibheadh a leath bás de
bhárr brachadh agus lobhadh a theacht ar na goin. Is
minic do thárluigheadh go n-éagadh gach uile dhuine i
seomra osbuidéil. Do bhí láimh-liaigh i nGlaschú dar
bha shloinneadh Lister. Do léigh sé fá na fromhacháin
do rinne Pasteur agus tháinic sé i n-a cheann go mb'fhéidir
gurbh' iad na beoga ba cionntach le brachadh na ngoin
thar éis obráide.



Rinne sé fromhachán le searbhán carbólach. Ar
bheith dhó ar tí obráid do dhéanamh do chuireadh sé
uisge agus searbhán carbólach dá ngailiughadh timcheall
an duine bhreoite; do nigheadh sé a lámha agus a chuid
uirlis leis an gcumasg céadna agus do ghlanadh sé an
ghoin leis. Ba ghearr gur bh'fhollasach nach raibh an
oiread sin daoine ag fágháil bháis i seomraí Lister is bhí
i seomraí eile an osbuidéil. Fá cheann dhá bhliadhain bhí


L. 185


laghdughadh ar líon na mbás ó 45 go dtí 15 fá'n gcéad.
"Leigheas frith-bheogach" a tugadh ar an ngléas oibre
sin. Thar éis mórán freasabhra bhí le Lister sa deireadh.



Do fionnadh thar éis tamaill gur leor lámha an láimh-
leagha a bheith glan, na huirlisí a bhruitheadh, agus na
beoga a sgrios le íodán ar chroiceann an duine bhreoite.
"Leigheas ainbheogach" a bheirtear air sin agus is mór
mór an gar do'n chineadh daonda é agus is an-mhór an
chumaoin a chuir Pasteur agus Lister orainn. Tárr-
thuigheadh na milliúin duine ó'n bhás ó shoin i leith de
bhárr a saothair.



Baineann furmhór na mbeog leis an aicme de ríogh-
acht na luibheann darab ainm "músgáin" nó "fungaí"
acht tá siad an-íseal ar dhréimire na beathadh. Tá siad
chomh beag sin is nach mór na mílte acu do chur as
ceann a chéile le orlach do dhéanamh. Tá a gcruth an-
tsimplí; cuid acu ar dhéanamh slaitíní; cuid eile
cosamhail le cadhaintibh cruinne; agus cuid eile cam nó
spíorálach.



Baineann beagán díobh le cineáil ísle de ríoghacht na
n-ainmhidhthe, m. sh. - na cinn is siocair leis an bhfiabh-
ras creathach agus leis an tinneas codlata san Aifric.



Nuair d'fhionn lucht beog-eolais gur féidir beoga do
ghoradh agus do chur ag fás sa ngorachán agus annsin iad
do sgrúdughadh fá'n miondracán thosuigheadar ar
staidéar cruinn do dhéanamh ortha. Tugadh fá deara
gurab é caoi is mó i n-a méaduightear a líon .i. sgoilteann
an bheog i n-a lár i riocht is go mbíonn dhá bheoig ann i
leabaidh aon chinn amháin. Fásann an dá cheann sin
agus sgoilteann siad-san arís agus tá de luathas an fháis
agus an sgoilte sin gur féidir na mílte beog do shíol-
rughadh ó aon cheann amháin i n-imtheacht cúpla uair
an chluig. Tá an t-ádh orainn nach féidir leobhtha
méadughadh chomh sgiobtha sin i gcomhnuidhe nó ba
ghearr a bheadh an cineadh daonda beo.



Caoi eile i n-a ngeintear as an nuadh iad .i. sílíní
d'fhás istigh sa mbeoig. Ar bhfágháil bháis do'n


L. 186


bheoig, geintear an sílín agus fásann beog óg as go díreach
mar fhásas plannda ó ghráinne síl.



Bíonn beoga na ngalar go fairsing i n-ár dtimcheall i
gcomhnuidhe, san aer, san mbiadh, san digh, i n-ár
mbéal, agus i n-ár gcorp acht ní thig leobhtha aon dochar
a dhéanamh a fhad is tá gléis cosanta an chuirp go láidir.
Acht, má thagann aon lagadh air sin, éirigheann leis na
beogaibh dul isteach sa bhfuil agus droch-fhuadar fútha.
Tosuigheann troid mhór idir na beoga agus cuirpíní
bána na fola. Steallann na beoga nimh amach. Buail-
eann taom tinnis an duine. Tagann fiabhras agus
comharthaí eile air. Má bhíonn dul ag na cuirpíníbh ar
na beogaibh tagann biseach ar an duine breoite acht
gheibheann sé bás má's ag na beogaibh atá an ceann is
fearr.



Iar n-a fhionnacht gur féidir beoga do ghoradh agus a
gcur ag fás go tiugh sa ngorachán, rinneadh go leor
fromhachán leobhtha. Do fionnadh go marbhuigheann
solus na gréine agus teas-mhéid 150 F. iad acht gur
deacra i bhfad na sílíní do sgrios. Nuair bhíos beoga i
mbainne, i n-uisge, nó i n-éadaighibh duine bhreoite
ghníthear iad a théitheadh go mbídh na beoga marbh.
Ghníthear an rud céadna le uirlisíbh an láimh-leagha agus
leis na fásgáin, agus rl., a cuirtear ar ghoin nó ar ghearradh.



Do bhárr fromhachán eile do fionnadh gur féidir le
beoga fuacht an-mhór d'fhulaint gan dochar dhóibh acht
nach féidir leobhtha fás ná a líon do mhéadughadh fá
theas-mhéid seaca. Baintear féidhm as sin le feóil do
choinneál úr ag teacht di ó thíorthaibh i gcéin. Coinnigh-
tear i seomraíbh chomh fuar le sioc í.



I gcompráid le n-a bhfuil de bheogaibh san domhan ní'l
acht beagán díobh a ghníos dochar do'n duine ná do'n
bheithidheach. Is cáirde dhúinn go leor beog. Cineáil
beog a ghníos an fíon agus an fínéigre agus a bheireas ar
an taos éirighe ag déanamh aráin do'n fhuinnteoir.
Marach na beoga a lobhas beithidhigh agus planndaí
marbha bhéadh gach uile cheann a fuair bás ó thús an


L. 187


domhain caithte fós i n-a gcarnáin ar uachtar talmhan.
Lobhann na beoga iad agus ghníonn biadh do na plann-
daíbh dhíobh agus itheann an duine agus an beithidheach
agus an éanlaith toradh na bplanndaí. Bímís buidh-
each de na beogaibh faoi sin.



Cé go bhfuil cinnte fós ar lucht beog-eolais cuid de na
beogaibh is siocair le galraibh áithride d'aithneachtáil de
bhárr iad a bheith ro-bheag le feiceál thrí mhiondracán
d'á láidre, tá cuid mhaith acu fáighte amach cheana.
Beoga is cionntach le gach galar so-sgaipthe a théigheas
ó dhuine go duine, leis an slaghdán coitcheannta agus leis
an bhflú, agus rl.



Anuas go dtí tuilleadh is céad bliadhain ó shoin bhíodh
bolgach Dé ag déanamh sgriosa ar an gcineadh daonda.
Tugadh fá deara nach dtagadh an galar ath-uair ar aon
duine dá dtagadh slán as. D'á bhrígh sin bhíthí ag
tabhairt an ghalair do'n aos óg le súil is go luighfeadh sé
go héadtrom ortha agus go mbéidís ar n-a gcosaint ar an
ngalar uaidh sin amach acht is minic a gheibhidís bás
d'á bhárr. Annsin thug Jenner fá deara nach dtagadh
bolgach Dé ar aon duine a chuirfeadh an bholgach bhó
dhe .i. cineál bolgaighe a bhíos ar na ba agus nach bhfuil
contabhairteach. Thosuigh sé ar "bhó-bholgáil" a
chleachtadh .i. fuil-mheadhg do bhaint as laogh a raibh
an bholgach bhó air agus é a chur ar chroiceann sgríobtha
an duine. Fuair an duine sin an bholgach bhó agus bhí
sé cosainte ar bholgaigh Dé uaidh sin amach. De bhárr
na "bó-bholgála" sin is rí-annamh chítear bolgach Dé
anois acht ar dhaoinibh nár ghlac an "bhó-bholgáil."
Tá a lán crostachán i Sasana nach nglacann léithi agus tá
a shliocht ortha, tá bolgach Dé ag dul i bhfairsingeacht
i Sasana arís. Ní facthas cás di i nÉirinn le fada an lá
acht ar chorr-dhuine a tháinic ó thíorthaibh eile agus
beoga an ghalair d'á ngoradh ann.



D'á fheabhas dár éirigh leis an "mbó-bholgáil" ní
dearnadh aon iarracht go ceann céad bliadhain ar a
leithid de leigheas do dhéanamh ar ghalraibh eile. Acht


L. 188


timcheall is deich mbliadhna fichead ó shoin do fionnadh
go gcuireann na beoga amach nimhe ar ar tugadh
"nimhe beoige." Rinneadh fromhacháin le beogaibh
an diftéir. Rinneadh goracht lachtach de na beogaibh
agus do sioladh sin thrí shiolán porsalánach i gcruth is go
rachadh an lacht, agus an nimh ann, thrí phuillíní an
tsioláin acht go gcosgfaidhe na beoga. Nuair do stealladh
an lacht nimhe sin fá chneas beithidhigh tháinic comh-
arthaí an diftéir air go díreach mar thárlóchadh dá mbeadh
na beoga ann. Thárluigh an ní céadna maidir le "glas
ar ghiall." Thar éis an nimh do stealadh isteach go
minic do fionnadh go ndearnadh i bhfuil an bheithidhigh
susmaid ar ar tugadh "frith-nimh" do chuir an nimh
bheoige ar ceal. Annsin baineadh fuil as an mbeithidh-
each. Do slagadh í. Do sgaradh an fol-ghruth agus an
fuil-mheadhg ó na chéile. Do stealladh an fuil-mheadhg
sin fá chneas duine a raibh an diftéar air agus do leigh-
easadh é.



Is mar seo a bhí an sgéal. Do chuir na beoga nimh
dhíobh i bhfuil an duine bhreoite. Isí an nimh sin do
bhí ag cur an duine i mbaoghal báis. Do bhí frith-nimh
i bhfuil-mheadhg an bheithidhigh úd agus chuir sin an
nimh bheoige ar ceal agus thárrthuigh an duine. Ghníth-
ear a leithid de leigheas ar go leor galar eile. "Galar-
shaorsacht neamh-ghníomhach" bheirtear ar an gcosaint
a gheibhthear de bhárr an leighis sin. Leigheastar an
breoiteán acht níl sé cosainte ar ionnsuidhe eile.



Bheirtear "Galar-shaorsacht ghníomhach" ar an gcos-
aint ar bheogaibh áithride go ceann tamaill mhaith a
gheibheas duine de bhárr leighis eile. Tá galair ann,
m. sh. - an Colara agus an fiabhras túfóideach nach
dtagann ar bheithidheachaibh agus, d'á chionn sin, níl
aon mhaith na beoga do stealladh fá n-a gcneas óir ní
déantar frith-nimh sa bhfuil. Acht ghníthear cleas eile.
Gheibhthear beoga ó dhuine bhreoite. Gortar san ngor-
achán iad. Sgartar na beoga ar leith atá uait ó na beog-
aibh eile san ngoracht. Measgthar iad seo ar uisge.


L. 189


Comhairtear an méid beog atá i ngach ceintiméatar
cúbach den uisge. Téithtear é go dtí 150 F. leis na
beoga do mharbhadh. Cuirtear beagán de shearbhán
carbólach thríd. Bheirtear "beog-lacht" air annsin
agus tá sé réidh le beagán de do stealladh fá chneas an
duine. Méaduightear an foracún de réir a chéile go
beith cosainte go maith don duine. Úsáidtear beog-
lacht le duine breoite do leigheas nó le duine slán do
chosaint ar ionnsuidhe na mbeog d'á ndéantar é. Le linn
an chogaidh mhóir do stealltaoi beog-lacht i n-aghaidh an
fhiabhrais túfóidigh fá chneas gach uile ádbhair saighdiúir
agus tháinig dhe sin gur fíor-bheagán de'n fhiabhras sin
tháinig ar na harmaibh cé go marbhuigheadh sé na mílte
le linn gach uile chogaidh roimhe sin.



Is é seo an ní a thárluigheas. Iar stealladh an bheog-
lachta isteach fá chneas, brostuigheann an nimh bheoige
fuil an duine chun frith-nimh do dhéanamh. Itheann
cuirpíní bána na fola na beoga marbha agus taithnigheann
siad leobhtha chomh maith sin is go n-éirigheann siad
cíocrach go ceann tamaill mhaith i n-a dhiaidh sin chun
beoga den chineál céadna d'alpadh.



Sin é sgéal na mbeog go nuige seo. Tá go leor fionnta
cheana i n-a dtaobh acht tá súil ag dochtúiríbh a lán eile
d'fhágháil amach le himtheacht na haimsire agus furmhór
na ngalar so-sgaipthe do sgrios amach ar fad.



Seaghan Ph. Mac Enri.



Ainbheogach, aseptic; beóg, a microbe, bithóg (cf.
micros bios); beog-lacht (a vaccine); bó-bholgail, vaccina-
tion (against small-pox); cadhain, a cell; fiftéar, diph-
theria; fiodán fromhtha, a test tube; fol-ghruth, clot;
frith-bheogach, antiseptic; frith-nimh, anti-toxin; fromh-
achan, an experiment; fuil-mheadhg, serum; galar-
shaorsacht ghníomhach, acitve immunity; galar-shaor-
sacht neamh-ghníomhach, passive immunity; geineadh


L. 190


gan tuismhe, spontaneous generation; glas ar ghiall,
tetanus; gorachán, an incubator; goracht, a culture;
músgán, a fungus; nimh bheoige, a toxin; obráid, an
operation; searbhán ruibheach, sulphuric acid; sílín, a
spore; spíorálach, spiral; susmaid, substance; teas-
mhéid, temperature.



Do Ghioblachán Garsúin.



A Bhuachaillín ar bheagán stóir,
Ag siúl go mall righin thar an ród,
Ag cantain mar do chanfadh éan,
Go canta ceólmhar ar an gcraebh,
Arbh fhearra leat bheith id' fhlaith,
Le seilbh mhóir is iomad cáil'
Ná id' stródhaire bhocht gan sógh gan sás,
Gan cóta ort ná bróg let' sháil?



Arbh fhearra leat, a gharsúin ghrinn,
An leaba chlúimh is soghaile bídh
Ná codladh amuich faoi 'n gcruinneachán,
Gan blúire bídh ach crústa aráin?
Níorbh fhearra leat, a chroidhe gan cháim,
'S níorbh fhearra dhuit, ní miste a rádh;
Dá mbeadh agat neart maoine is óir,
An mbeadh agat glan-chroidhe, a stór?



Sean Mac Giolla Bhuidhe.


L. 191


Tír an Bhrothail.



(Ath-innsint ar scéal Túrcaise do cheap Mehmet Sadi.)



Bhí an sráid-bhaile ina cholla. Ansúd ag bun na
spéire léithe ciuine bhí na beanna clochacha le feiscint
ina gcoilg-sheasamh. Ní raibh an ghrian eirithe fós.
Maidin fhionnfhuar sa Bhealtaine ab ea é. An brat
uaithne d'arúr a bhí sínte amach ar gach taobh agus é
breactha le cailleacha dearga bhí sé ag crith fén leoithne
éadtrom gaoithe agus bhí an taobh thoir go léir ag glios-
carnaigh ar nós pictiúra bheadh déanta de shliogánaibh
néamhainn.



Bhí bóthar an tsráid-bhaile clúduithe le smúit bháin
agus le tuighe. Ar an mbóthar san, os comhair stábla
iadhta agus in aice le cróchar roth-bhriste, bhí dhá
dhamh agus iad ag géimnigh go ceólmhar, ag cur fáilte
roimis an lóchaint. O áit go háit ar an machaire bhí na
coiligh ag glaoch is ag freagairt a chéile. Bhí madra
caorach ina shámh-cholla agus a cheann mór idir a dhá
lapa aige...



D'oscail Zeyneb a súile agus dféach go mall ar na
rudaí a bhí mór-thimpall uirri. Dféach sí ar an síleáil de
chré ghairbh ar a raibh cuileanna thar comhreamh; ar
na pánaí briste a bhí á gcimeád le chéile sa bhfuinneoig le
réiltíní páipéir; ar an solus lag a bhí ag sleamhnú isteach
ar a haghaidh bháin; ar an dá ghloine agus ar na plátaí
a bhí trí n-a chéile ar sheilp in aice léi. Bhí gach aon rud
mara bheadh ina cholla.



Tréis dúiseacht as a machtnamh do Zeyneb, d'eirigh sí
agus siúd amach sa chlós léi. An bhó agus na gabhair
a bhí ina luighe cois falla, d'iompuíodar a gcinn chun
féachaint uirri agus dhineadar géimneach is meigeallach go
ciúin agus go binn. Thóg Zeyneb an dá chrúsca adhmaid


L. 192


a bhí in aice an dorais agus thug sí aghaidh ar an tobar.
Ba gheairid go raibh a cosa agus íochtar a bríste fliuch
ón drúcht a bhí ar an bhféar. Ag dul síos di i lár na
gcarraigeach mar a raibh an tobar bhí uirri í féin do
chosaint ar na spící géara. Do líon sí na crúscaí, thóg
sí a ceann agus dféach sí suas ar na carraigeacha árda.



Bhí an ghrian tréis eirithe, agus bhí tréad an tsráid-
bhaile ag fille ón machaire ar ar chaitheadar an oíche, agus
iad ag meigeallaigh fé aer throm na maidne.



Chuaidh Zeyneb suas bóthar na gcloch go mall arís.
Tháinig tuirse uirri agus do shín sí tháirsi ar fhanaidh
ag bun tuir. Chonaic sí an deatach gorm ag eirghe as
simnéithe tithe na sráide. Chrom sí ar mhachtnamh ar
choraibh an tsaoil, ar ghreann agus ar uaigneas na
haimsire bhí caite. Bhí sí fiche bliain d'aois ach níor
bhraith sí go raibh faid aon lae amháin sa méid sin aimsire.
Bhí fhios aici luath go leor go bhfuair a máthair bás le
linn di í thabhairt ar an saol agus, an t-aireachas a
thabharfadh máthair di, go raibh sé in easnamh uirri ón
gcéad lá riamh. Bean chancarach ab ea an leas-mháthair
a thóg í agus bhí sí sin, leis, le dhá bhliain, ina luí sa roilig
bhig ná raibh oiread is crann amháin ann.



An bothán ina raibh comhnaí uirri, áit go raibh an
talamh lom mar urlár ann agus síleáil chré os a chionn san,
ba mhó a dheabhramh le tuama ná le háit chomhnaithe
do dhaoine beo. Bhí a beirt drithár in éintigheas léi,
maraon le na hathair a bhí ag croma ní b'ísle in aghaidh
an lae fé ualach na sean-aoise.



Seo ar aghaidh arís í. Bhí na crúscaí trom agus níor
mhór di a scíth a leigint arís in aice na roilige. Bhí
roinnt uan is caorach ag inníor ann agus cailín beag á
n-aodhaireacht.




A Hadidja, arsa Zeyneb léi, a bhfuil ár gcuid-ne ansan
agat, leis?



Le miongháire is le bagairt chinn do chuir an cailín
beag in úil di go raibh san amhlaidh. Agus b'aoibhinn le
Zeyneb bheith ina haodhaire arís, mar a bhí sí ocht


L. 193


mbliana roime sin, gan éinní ar domhan ag déanamh
buartha dhi.



Cár bhfios cá raibh Hassan an nómat san, cadé an
t-uaigneas, cadé an díseart loisgneach ina raibh sé
ag síor-fheitheamh, agus tuirse ar a shúilibh o bheith ag
síor-scrúdú bun na spéire, agus coinne aige o lo go lo le
nuacht éigin ón sráid-bhaile in ar rugadh é!



Sa roilig sin a thagadh sí fadó chun cainte le Hassan.
E cosnochtuithe, fez stracuithe ar a cheann, a léine ina
giobail, a bhata ina láimh aige, a chuid aráin sa mhealbh-
óig a bhíodh lena chliathán air: mar sin a bhíodh sé agus
na caoire aige á thabhairt isteach ansan, agus dféadaidís
buala um á chéile o am go ham.



B'é a colceathar é agus bhíodar geallta dá chéile as a
n-óige. Rud ana-shimplí ab ea an gheallúint sin. Níor
dineadh ach cnaipe gorm do cheangal ar cheann-bhirt
stracaithe an gharsúin agus ciarsúir ioldaite do chur ar
cheann an ghearra-chaile óig.



Agus ansan do dhin an bheirt tréadta an tsráid-bhaile
d'aodhaireacht i dteanta chéile agus iad 'na suí le hais a
chéile sa roilig o mhaidin go hoíche. Do ghluais na
blianta. Ansan d'imigh Hassan chun na reisiminte.
"Fillfad i gceann trí mblian," ar seisean léi agus é ag
fágaint slán aici; "fanfir-se liom; imíonn bliain nách
mór i gan fhios do dhuine!"



D'imigh sé agus ag scarúint lena chéile dhóibh bhíodar
araon ag gol.



Níor bhfios cadé an tír díreach in ar seoladh é. An
mhuintir a thagadh tharnais do labhraidís ar bhaile agus
ar shráid-bhaile a bhí timpallaithe le páirceanna deasa
agus le coillte giúise. Ach bhí tír ann o ná tagtí tharnais
agus nuair a luaití a hainm do chimileadh na sean-
óirí a bhféasóga agus do chrothadh na seana-mhná a
gcinn agus do thriomaíodh na mná óga a súile le n-a
mbrait. Tír í a bhí i bhfad i gcéin uatha agus níor mhór
gabháil thar uiscíocha agus dúthaighe mór-bhrothaill


L. 194


chun í shroisint. Is inti a chaill an gárda tuatha a thriúr
cloinne agus deireadh sé gur gheall le hifreann í.



I gcionn leath-bhliana tréis imeacht do Hassan tháinig
leitir uaidh ón gcrích sin.



Ansan a bhí sé, mar sin. Ach dubhairt Zeyneb léis
féin: "Ní dócha go dtiocfidh an bás ar gach éinne a
théigheann ansan... "



Ón áit sin a cuirtí na leitreacha ar feadh bliana.
Deireadh Hassan ionta go mbíodh a cheann á dhógha
ag an ngréin agus a chosa á losca ag an ngainimh ann agus,
nuair a ráiníodh do suidhe fé scáth tuir, go gcuimhníodh
sé ar an gcrann mór beithe a bhí ina shráid-bhaile
dhúchais.



Bhí bliain eile imithe gan scéala uaidh agus gan éinne
theacht lena thuarisc ón tír sin.



Agus b'iné fé ndeár solus na ndeor a bheith le feiscint
i súilibh na mná óige. Do samhlaítí dhi go bhfeiceadh sí
Hassan agus é ina luighe, fé scáth tuir luim, ar an ngain-
imh loisgneach úd a bhí, gan amhras, deabharthach
leis na tailte gan scáth gan fliuchra a bhí sínte amach
ansan laistiar den tsráid. Do samhlaítí dhi go bhfeic-
eadh sí é ag feitheamh le scéala ón mbaile agus imníomh
is éadóchas air. Bhí an smaoineamh san á marbha:
do ghoileadh sí ní ba mhó ná riamh agus do bhraitheadh
sí mar a bheadh a croí á dhógha ag anáil teasa o íochtar
ifrinn.



Dfill sí abhaile. Ar aghaidh na teine amach bhí a
hathair ag ól a chuid moka agus bhí na páistí ag ithe
blúire gáirleoige. Dféach an seanduine uirri go cneasta
agus chonnaic sí ina shúilibh go raibh buairt éigin air.
Bhí sé ag goilliúint air-sean, leis, gan scéala bheith ag
teacht o Hassan, mar is as Hassan a bhí a dhóchas go
léir. Uaireanta do castí air an gárda tuatha úd 'nar
cailleadh a chlann mhac sa tír úd, agus do bhíodh comhrá
fada eatorra. Do labhraidís i dtaobh na tíre sin agus do
leigeadh an gárda osna agus dféachadh sé ar Zeyneb le
trua mór. Ansan do ghoileadh an bheirt aithreacha san


L. 195


gan focal a rá. Isí an tír iasachta a bhí mar abhar
comhráidh acu tráthnóna iné roime sin agus ba dhó leat
go raibh gaoth ana-the tréis bheith ag séide ar bhuaic-
eanna cré tithe na sráide.



Do leag Zeyneb an crúsca ar an talamh in aice an dorais
agus amach léi sa chlós. Bhí an callaire sa mhosc tréis
an ghairm chun úrnaithe an mheán lae do chantainn.
Bhí an ghrian loisgneach ar árd na spéire agus bhí na
hainmhithe ag dul fén scáth lag a thabharfadh na fallaí
dhóibh. Na cearca amháin a dhfan amuich fén teas
láidir, ag siúl timpall tamall beag ón mosc, mórthimpall
ar choileach 'na raibh gráinne amháin cruithneachtan ina
ghob aige agus é ag cuimhneamh, béidir, ar fhéasta
thabhairt dá chuid cearc.



Do cloiseadh an guth screadach fé aer chiúin na sráide:



"Hé! a ghárda thuatha!"



Póilín 'na raibh gunna ar a mhuin aige agus fuip i
láimh leis, bhí sé tréis teacht anuas de chapall. Do leath
an scéal san láithreach bonn baill imeasc na seana-
bhothán. Do chrom roinnt leanbhaí leath-lomrachta ar
fhéachaint amach o chúinní sráid agus o bhuaiceanna
tithe; do chuir cuid desna mnáibh a gcinn amach na
dóirse leath-oscailte go scáthmhar. Do sheasaimh na
fir go hurramúil ar aghaidh an mhosc amach. Bhíthas
tréis roinnt brat urláir agus cúisíní do thabhairt amach o
thigh an mhéara agus iad do chur fé shreath de leamhán-
aibh. Bhí an gárda tuatha tréis imeacht de phreib ad
iarraidh féir don chapall. Do shiuil an póilín ar aghaidh
go huaibhreach agus do shuidh ar an mbrat. Bhí an
méara féin ag bhálcaereacht an chapaill agus ní raibh
drud á rá fós ag an bpóilín. Bhí na tuathánaigh cruinn-
ithe ina thimpall agus imníomh orra. D'ól an póilín
deoch chaifé agus, chun gan bheith ina thost ar fad,
dfiarfa sé den mhéara:



- Níl na cánacha go léir íoctha agaibh fós?



Tháinig crith-eagla ar gach éinne. Dfreagair an
méara:


L. 196


- Le cúnamh Dé íocfimíd ár bhfiacha go léir nuair a
thiocfidh an fómhar. Níl pioc againn fé láthair.



Dubhairt an póilín ansan go raibh gnó aige le déanamh
sa tsráid-bhaile ba ghoire dhóibh; thóg sé leitir amach as
a phóca, thug don mhéara í, do chuaidh anáirde ar a
chapall arís, agus d'imigh. Do leig gach éinne osna



... D'oscail an méara clúdach na leitreach. Dfana-
dar leis an imám chun an leitir do léigheamh dóibh. Fé
dheire do léigheadh an leitir. Bhí oighreacht Hassan
ag teacht tharnais ó thír an teasa agus bhí an rialtas ag
lorg na n-oighrí. Bhí ocht bpiástraí déag is trí fichid
agus aon chaora amháin le fáil acu! Dfill athair Zeyneb
abhaile agus a shúile lán de dheoraibh. Tháinig fásca
ar an gcroí ag Zeyneb agus do cheistigh sí a hathair.
Níor fhreagair seisean ach do rug sé barróg uirri agus
tháinig na deoracha anuas an fhéasóg bhán air.



Bíonn Zeyneb á shamhlú dhi féin i gcomhnaí go bhfeic-
eann sí Hassan agus é ag feitheamh le scéala áthais ón
sráid-bhaile, agus é fé scáth tuir thirm ar an ngainimh
the, agus ansan é ag fáil bháis don droch-mhisneach
agus don éadóchas.



T.C.L.


L. 197


Ní o na buadha saolta an
t-aoibhneas.



Tá sean-fhocal ann a deireas "Níl fhios nach mar is
dona is fearr, cé gur deacair a rádh gurb eadh."
Ach déarfadh duine 'na dhiaidh sin gur deacair deagh-
staid a thabhairt ar dhroch-staid. Bhí sgríbhneoir
innseo i nÉirinn seal gearr blian ó shoin agus sgríobh
sé sgéal uair dhá thasbáint an té is measa ar éirigh leis
ar an saol seo, thréis a mhíle dícheall a dhéanamh ag
obair, agus thréis a dhúthracht a chaitheamh le n-a
shaothar, chínn air dubh is dubh aon chóisgreas a chur
air féin ná aon chosamhlacht bisigh a theacht ar a chuid
oibre a thiubhradh le tuisgint do dhaoine gur éirigh an
saol leis. Agus dá indeoin sin, sin é an fear ar éirigh
leis a shaothar a chur i dtairbhe. Ní déarfainn nach
raibh cuid mhaith den cheart ag an sgríbhneoir sin, mar
is minic nach é an comhartha buadha atá ag duine atá
ag duine eile. Ní leis an miosúr céadna a thomhaiseas
gach uile dhuine; an rud a mbeadh an-dúil amach agad-sa
ann ní thiubhradh do chomhursa trumpa gan teanga
air - is minic nach dtiubhradh nó ar nós ar bith is iomdha
duine gur beag aige an rud a ndéanann an duine eile
sgéal mór de. Seadh 'nois d'eile, má tá sin amhlaidh,
ó tá, nár chóir dhá n-iompuighthí an cás go mbainfí
fírinne freisin as, agus an fhírinne chéadna: sé sin le
rádh an té is fearr a n-éirigheann an saol leis, do réir
tuairim an tsaoil, nach mbíonn de shásamh aige as ach
mar bheadh duine nach n-éireoch' chor ar bith leis;
nó má bhíonn aon tsásamh aige as gurb é an beagán é.
Agus ní hé sin amháin, ach is pionús agus clampar
agus amhgar do dhuine an chéim is áirde a thugas sé.
Mar adeir an sean-fhocal: "Ní bhíonn an sonas gan
an donas a bheith in' órlaigh thríd." Bhí sé ar a


L. 198


chomhairle féin nó gur éirigh sé sa saol agus gur éirigh
an saol leis, agus uaidh sin amach is geall le duine é atá
pósta leis an saol, caithfidh sé géilleadh do staid an
phósta agus fanacht faoi smacht an duine eile. Níl sé
ina mháighistir ar a ghnathaí féin gan chomhairle ón
bhfear thall: tá neart daoine ann atá toilteanach ar
é chur ar bhealach a leasa - má's fíor dhóibh féin-
i n-aisge. Is fearr dhó seo a dhéanamh agus siúd a
fhágáil gan déanamh agus an cúrsa eile a sheachaint,
sin nó ní dhéanfa sé a leas. Agus tá foireann comh-
airleoirí aige féin ar b'é a ngnótha áithrid é comhairle
a thabhairt dó agus tuarastal dóibh as congnamh agus
comhairle a thabhairt dó agus is minic go gcaithfe sé
a bheith faoi n-a smacht-san, mar is ortha-san atá
cúram na ngnótha a stiúradh, agus is eolaithe móra
iad ar chúrsaíbh an tsaoil agus tá fhios acu cá dtagann
cúrsaí gnótha le chéile agus cá gcuireann siad
trasnuidheacht ar a chéile.



An té fhágfas é féin faoi threorú lucht comhairle den
tsórt sin is aige is fearr atá breith ar shuaimhneas; níl
sé i ndán dó an pobal go hiomlán a shású agus é féin
a shású: ní thigeann a choinsias (má bhíonn a léitheide
de rud ag gabháil leis) agus coinsias an phobail le n-a
chéile (níl aon choinsias ag an bpobal ach amanntaí).



Breathnuigh anois ar na daoine is mó cáil i ngairm
bheatha ar bith sa mbaile nó i gcéin agus cuir i
gcomórtas iad le na daoine is úir-ísle ar bith ar t'eolus
go bhfeice tú cé acu is suaimhnighe atá. Maidir leis
an té is suaraighe a castar leat bíodh fiadhnuise a
shuaimhnis ar a iomchur. Ní mór dhuit aithne lae
nó seachtaine nó míosa a chur air agus chífe tú é gan
bhróig ar a chois ná b'éidir léine ar a chroiceann agus
sin é ag gabháil fhuinn é chómh maith agus tá ina cheann,
nó a sgartaighil gháirí faoi rud fánach eicínt. Níl aon
rud a' cur imní air. Agus chuala tú sgéal an rí a
chuir an teachtaire amach ar lorg an fhir is sólásaighe a
bheadh le fáil aige tréis an tír a chuartú. Bu rí duairc


L. 199


gruama é an rí seo agus ní raibh aon tsomhaoin ná aon
tsogh dhá fháil aige ar an saol; agus chuir sé fios ar a
dhaoine feasa agus ar a ghiollaí glice féachaint a bhfuigh-
eadh sé aon leigheas ar an éagcaoine bhí aige. Ní
bhfuair. Chuir sin cantal air agus bhagair sé ortha
mara bhfaighdís sásamh eicínt a thabhairt dó go mbu
dhóibh bu mheasa. Fuair siad-san duine bu críonna
ná iad féin agus thuig seisean gur uabhar agus easba
saothair a bhí ar an rí agus dubhairt sé leis nach raibh
aon tsuaimhneas i ndán dó nó go gcuireadh sé ar a
chroiceann féin an léine a bhí ar an bhfear ba suaimhnighe
insan ríoghacht. Bhí go maith, is é an fear a thug an
chomhairle an fear a fuair an t-ordú a dhul amach ar
lorg na léine agus ar lorg an fhir a raibh an léine
air.



Seadh d'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe agus
gach uile áit dhá gcastaoi duine air bhuaileadh sé bleid
chainte air, ach bu daoine duarca iad go léir nó daoine
gruama nó daoine gan chroidhe gan mhisneach, cé go
rabhdar ar fad gan aon easba eile a bheith ortha ach
easba an tsuaircis. Cuid acu a bhí deiseamhail, cuid
acu a bhí go saibhir, ach ualach nó imní eicínt ar a
chroidhe ag gach uile dhuine acu. Bhí sé cortha ón
siubhal faoi dheire, mo dhuine bocht, agus níor nár
dhó é, mar is fada an t-aistear a bhí siubhalta aige agus
droch-mhisneach a' teacht air ar fhaitcheas nach
dtiocfadh sé ar a iarraidh chor ar bith. Lá dhá raibh
sé a' siubhal agus a' tarraint ar bhaile mhór do tháinic
sé ar fhear a bhí 'na shuidhe i leath-taobh an bhóthair.
Buachaill meidhreach a bhí ann agus é ag déanamh a
ghora leis an ngréin agus ag crónán ag gabháil fhuinn
dó fhéin. Chuir an lorgaire caint ar an bhfear bóthair
a' fiafruighe dhe cé'n tslí bheatha bhí aige agus céard
a rinne chó spleódrach sin é, nó an gnáthach leis a bheith
amhlaidh. Dubhairt an fear eile nárbh aon mhaith
dhó bheith brónach agus nach raibh ór ná airgead ná
tada eile de mhaoin an tsaoil aige a chuirfeadh imní


L. 200


air agus dá bhrí sin nach raibh aon imní ná aon bhrón
air. "Is tusa an fear atá uaim," adeir an fear glic.



"Mise?" arsan fear bocht, "más mé tá mé innseo
agus tá mé agad anois agus 'b'áil leat díom."



D'innis an fear glic dhó faoi'n rí agus faoi'n léine,
"agus," ar seisean, "bhéarfa mé breith do bhéil féin
duit ar do léine, go dtuga mé 'uig an rí í."



"Léine féin!" adeir an fear bocht, "do dheamhan
sin léine orm-sa, ná a dtastuigheann de léine uaim, an
fhad is tá an lá breagh ann. Níl fhios agam cá 'aid ó
bhí léine orm."



Chuaidh an teachtaire ar ais agus d'aithris an sgéal
don rí. Thuig an rí innsin nach ó ollmhaitheas an tsaoil a
thagas suaimhneas ná sógh agus chuir sin foighid mhór
ann leis an ruaig mí-mheanmna a thagadh air go
ró-mhinic.



Sin é a fhearacht é ag daoine móra eile ar fuaid an
domhain. Is cuma dhóibh an saibhreas agus an mhaoin
shaolta a bheith acu ó n-a n-athaireachaí nó más iad
féin a d'éirigh sa saol ní aon tairbhe dhóibh an sócamhal
atá an t-airgead i n-ann a cheannacht dóibh, ach an
oiread agus dhá mbeidís gan tada. Maidir le lucht
airgid, nach 'in iad a' rith ó áit go hionad, iad ar lorg
pléisiúir agus ar lorg caitheamh aimsire agus sóláis.
Agus céard tá dhá bharr acu? Atá go mbíonn an pléisiúr
nua gan aon bhlas a bheith air ach an blas leamh, nach
raibh an pléisiúr céadna leath chó maith agus bhí a
cháil ná leath chó tairbheach agus bhí a thuairisg. Ach
iséard tá ar dhaoine den tsórt sin ceas agus iomarcus.
Níl locht ar bith ar an bpléisiúr, más pléisiúr dá ríre é,
ach is iad féin atá bun os cionn. Cuireann sin i gcuimhne
dhom an fear deiseamhail a bhí ann uair agus bhí mac
aige nach raibh ghá iomchur fhéin mar bu chóir dhó.
Ghoill sin ar an athair ach ní raibh sé dhá leigean le
n'ais go raibh sé ag cur imní ar bith air. Chuir an mac
isteach lá ar chomhursain agus ar charaid don athair,
agus mar bhí an chomhursa an-mhór leis an athair,


L. 201


níor mhaith leis mórán a dhéanamh de mhí-staid an
mhic, ach mar sin féin ní fhéadfadh sé a leigean thairis
gan a innseacht don athair.



"Tá do mhac a leigean leis féin," adeir an chomharsa
leis an athair lá, "agus é caithmheach go maith agus
saol agus sólás mór dhá bhaint aige as do chuid airgid."



"Má bhaineann sé an oiread sóláis as a chaitheamh
agus bhain mise as a shaothrú," adeir an t-athair, "beidh
saol breagh gan bhréig aige as."



Ní hé an t-airgead an ní ar bhain an t-athair an chom-
póirt as ach an obair a rinne sé le n-ar shaothruigh sé an
t-airgead. Bhí cóir agus deis aige ar rud ar bith a
cheannacht a cheapfá do dhuine le haghaidh an tsóláis,
ach níor bh'aon tairbhe dhó é gan a bheith ag obair
agus bheith isteach is amach le daoine aitheantais mar
chleacht sé le na blianta, agus má bhí cruatan ná trioblóid
le fáil as an obair b'fhiú an tairbhe an trioblóid dó an
lá go dtáinic an obair sin agus a chlaonta le n-a chéile.
Thréis a sheacht sáth de mhaoin an tsaoil a bheith ag
an bhfear sin ní thiubhradh sin mac maith dhó. Marach
an obair a bheith le déanamh aige ní cosmhail go seasfadh
sé an droch-shaol a tharraing an saibhreas air. D'á
bhrí sin má bhíonn i ndán agus go dtairigeó' aon duine
go deo sócamhal duit, 'sé sin teach breagh fada fairsing
déanta go maith agus go dathamhail ar aghaidh na
gréine agus céad acra talmhan ag gabháíl isteach leis,
den talamh is míne torthamhla le fáil agus gach uile
shámhas dá réir sin bheith agad ann agus má chuireann
sé míle punt sa tseachtain de theacht isteach leis sin
dhuit agus an t-iomlán a thabhairt duit as fanacht in
do chomhnuidhe agus gan smeach oibre a dhéanamh
ó Luan go Satharn ná ó mhaidin go fuíthin, ach cead
a bheith agad do chuid airgid a chaitheamh ar do rogha
cuma, le ól agus le ithe, le comhluadar, le greann, fainic
ar chroiceann do chluas a nglacfá tairisgint an duine
sin; má ghlacair tá deire le do shuaimhneas uaidh sin
amach; ní fheicfe tú bliain ón lá sin nó go mbeidh tú


L. 202


ag imeacht romhat in do dhearg-gheilt agus gan aithinne
céille agad. Isé dlí Dé a tugadh d'Adhamh agus d'Éabh
nuair a díbrigheadh as gáirdín Phárrthas iad go
saothróchaidís a mbeatha le allus a gcnámh, agus níor
chuala aon duine go ndeárnadh aon athrú ar an dlí sin
fós. Is ionann an t-allus insan gcás sin agus saothar
dílis cneasta is cuma thú dhá dhéanamh le do lámha,
nó le do chosa nó le t'inchinn. An té a choimhlíonas
an dlí sin beidh an suaimhneas aige agus an té is dílse
a choimhlíonas é is aige is mó bheas suaimhneas.



Tá fhios againn go léir na daoine is mó le rádh dá raibh
ann anuas ón tsean-aimsir nach raibh aon ghaisge riamh
ortha le sógh de bharr a gcéime. Bhí le rádh faoi chuid
acu gur le brise croidhe a cailleadh iad, más fíor é nó
maran fíor.



Agus ní hé amháin na daoine aonraice nach mbíonn
aon tairbhe de bharr a mbuadha acu ach na tíortha
chó maith. An cogadh mór a bhí ann innseo deich
mbliana ó shoin deir siad gurb iad na Franncaigh agus
na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh a bhí buaidhte sa
sgríb. Céard tá acu indiu de dhruim a mbuadha-
ag na Franncaigh, cuir i gcás, má bhíodar i n-áirde sa
gcogadh sin? Sgriosadh glan amach stiall mhór
mhillteach dhá dtír san áit a raibh an t-ár cumasach ar
fad - an cheathramha ó thuaidh dhi. Níor fágadh
cloch ná crann ann, claidhe ná tórainn, teach ná árus
gan sprúdhánaí a dhéanamh díobh; na bailte beaga
is na bailte móra leagadh go talamh iad agus cuid acub
a ndeárnadh puill mhóra sa talamh san ngiodán ar a
raibh na tighthe go m'éigin do na daoine teicheadh le
n-a n-anam, an chuid acub nár mharbh na hurchair.
Cailleadh nó marbhadh a raibh ann díobh mara raibh
duine sé nó seachráin ann, agus an té sin féin chaill sé
ar ndóigh a raibh aige roimhe sin. Milleadh an tír
agus an talamh, sgriosadh nó lotadh nó marbhadh na
daoine ach 'na dhiaidh sin 's uilig chuaidh acu ar an
námhaid, ach má chuaidh, níor thug sin ar ais na mairbh,


L. 203


ná ní rabhdar i n-ann ialach a chur ar an námhaid íoc
as an díoghbháil a rinneadar. Fuaireadar órdláimh
ar dhá chúige mhóra a bhí faoi stiúradh na nGearmánach
roimhe sin, ach ní shásuigheann sin iad, ní mó ná dhá
bhfuighdís seilbh ar an nGearmáine go huile agus go
hiomlán agus muintir na tíre sin a chur faoi chois go
sásóchadh sé iad.



Is iad na Franncaigh a dfhuiling cruatan an chogaidh
mhóir sin mar is ina dtír a rinneadh furmhór na troda
ach ní dheacha na Sasanaigh saor as gan roinnt eigínt
den sgrios a sheasamh. Chailleadar an t-ór ina
shrutháin agus chailleadar na fir ina mílte agus céard
tá dhá thairbhe indiu acu? Níl, fionna feanna, ach
an oiread agus dhá mbeidí gan urchar a chaitheamh.
Leagadh tighthe ortha agus doghadh tighthe agus
marbhadh roinnt daoine agus cuireadh criothnú ina
gcroidhe ag go leor leor eile acu, ach níl aon fheabhas
ortha mar gheall ar a bheith ag troid. Agus na
Meiriocánaigh cé'n bhuadhachtáil atá acu-san dá bhárr?
Shaothruigheadar-san an t-airgead an fhad agus bhí
an sléachta ar siubhal idir na tíortha eile (más aon
tsólás dóibh é) ach de bharr a gcuid féin sa troid luach
na feorlainge ná na cíonóige dá thairbhe níl sin acu;
má tá barr ann is mó an míofhurtún dóibh go hiomlán
an measga rinneadh ar na daoine agus an droch-
chomhluadar a bhí ar fud na dtíortha.



Maidir le na tíortha eile budh é an sgéal céadna acu
é: an Ghréig, an Eadáil, an Turcach, an Rúiseach, an
Pól, an tÁstriach agus na dreamanna eile sa gceanntar
sin den mhór-roinn, an áit i raibh máthair ghuir na
hurchóide.



Agus is beag is measa bhí an Ghearmáine a bhí i
n-íochtar, mar dhóigh dhe, ná na tíortha bhí i n-uachtar.
Ar mhodh ní raibh sí chomh dona chor ar bith leis an
bhFrainc, mar níor leagadh na tighthe ná níor coinn-
igheadh ó shaothrú na talmhan iad, ná ní dheárnadh
sgeanach den dúthaigh ortha, cé nach ndeachadar as


L. 204


ar bhealaigh eile. Is beag a bhí idir iad féin agus an
dream eile gan a bheith comh-dhona, comh-mhíofhor-
túnach - i gcruthamhnas duit gur bheag nár chuma iad
a bheith thíos nó thuas i ndeire na sgríbe. Níl ná ní
bheidh insan mbuadhachtáil do na Franncaigh ach an
folamhas: níl aon fháil ar ais acu ar ar chailleadar
agus níl únsa aoibhneasa d'fhear is barracu ó bheith,
dar leo féin, i n-uachtar.



Isé an sgéal céadna é ag an duine aonraic: éirigheadh
sé nó go sroiche sé an chéim is áirde dá bhfuil roimhe mar
ghairm bheatha, níl brí ar bith leis sin, ní sásta é gan
rud eicínt eile bheith aige; ní sa rud atá aige atá an
sogh ach sa rud nach bhfuil fós aige, agus dhá maireadh
sé míle isé an sgéal céadna bheadh aige.



Níl aon chabhair sgéal fada a dhéanamh dhe feasta:
an té ar mhian leis sogh an tsaoil a bheith aige go
fairsing is as obair dhílis chneasta atá sé le fáil is cuma
cruatan a bheith san obair nó gan a bheith, fainic
thú féín ar na céimeannaí árda agus ar an sádhaile a
théidheas leo. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn ach
ní féarmhar.



Eoghan Ó Neachtain.


L. 205


Rudaí Reatha.



Do hinnseadh do Choimisiún na Gaeltachta le déanaí
go raibh an Roinn Oideachais ag cuimhneamh ar
roinnt coláistí ullmhucháin do chur ar bun, a bhfurmhór sa
Ghaeltacht, do mhic léinn go bhfuil an Ghaedhilg go
maith acu, chun gach abhar, ach amháin Béarla agus
teangthacha iasachta eile, do mhúine dhóibh tríd an
nGaedhilg. Do chaithfidí cheithre bliana sna coláistí
sin agus láithreach ina dhiaidh sin do cuirfí go dtí na
coláistí múinteoireachta iad. Isé cúis fé ndeár é sin
ná gan ár ndóthin oidí do bheth againn do bheadh
ábalta ar gach ní do theagasc tríd an nGaedhilg. Ciscéim
ar aghaidh sa treó cheart é sin, ach ní dó linn go mbeidh
gach ní mar ba chóir go dtí go mbeidh an Ghaedhilg
mar mheán teagaisc ag ollúin na bpríomh-scoileanna.
Braithimíd go bhfuil easba críochnúlachta ar gach ní
a bhaineann leis an teangain náisiúnta. Ní dintar éínní
go hiomlán. Fiú amháin nuair a bhíonn beirt
Ghaedhilgeoirí ag labhairt ar chúrsaí coitianta tarraingid
focail agus abairtí Béarla chucha bíodh is go mbeidís féin
tréis Gaedhilg do chur ortha i scéal, in aiste, no i scríbhinn
éigin eile. Ba leath-chuma mar gheall air sin mara
mbeadh go mbíonn rian an tsaghas aigne atá laistiar de
ar gach éinní a dhinimíd.



Bhí díospóireacht i bpáipeur laethúil ar rud d'innis
Seoirse Mac Niocaill, M.A., don Choimisiún: nuair a
tosnuíodh ar áireamh do mhúine as Gaedhilg, i gceann
de scoileanna Chorcaighe, do gharsúin go raibh ana-
chaitheamh acu i ndiaidh na Gaedhilge agus ná raibh
ag foghluim an áirimh go ro-mhaith i mBéarla, do
tháinig feabhas ortha láithreach. Do nochtadh sa
díospóireacht gurb é cúis is dóchí a bhí leis sin ná
gan an iomad téarmaí teicniciúla do-thuigthe bheith
sa teangain dúchais agus, dá bhrí sin, go mbíonn ar an
múinteoir caint shimplí do tharrac chuige chun an
t-áireamh do mhíniú agus, ní nách iongna, gurb usa a
ghlacann na scoláirí an fhoghluim dá bharr san. Dar


L. 206


linne, tá san do réir réasúin mar, an smaoineamh a
bhíonn fé cheilt sa téarma mhór, bíonn sé simplí so-
thuigthe ann féin do ghnáth.



Do chuir sé iongna orainn a chloisint gur dhó le hArt
Mac an Bháird, Oifigeach Feidhmiúcháin in Ard-Oifig
an Phuist, go bhfuil níos mó Gaedhilgeoirí i seirbhís
an Phuist i mBaile Atha Cliath ná mar atá sa chuid
eile den tseirbhís le chéile, mar cheapamair go raibh an
tseirbhís sin ana-Ghaelach ar fad. Níor chuir sé aon
iongna orainn, áfach, a chloisint go raibh sé fásta ina
bhéas ag na hoifigigh in oifigí beaga sa Ghaeltacht an
Béarla do chleachta i ngnó oifigiúil agus gur dó leis na
daoine gur gá dhóibh aithris do dhéanamh ortha nuair
a théighid isteach sna hoifigí sin. Is eagail linn gur
fada go mbeidh atharú ar an scéal san mar tá sé ana-
dheacair dea-nós do chur in ionad droch-nóis.



B'é scéal Thomáis Mhic Ardghail, den Roinn Rialtais
Aitiúla, gur dó leis an Roinn sin gur gá do dhochtúirí
a ceaptar don Ghaeltacht eolas do bheith acu ar an
nGaedhilg. Abhar scrúduithe isea an Ghaedhilg ach
ní habhar oblagáideach í, ach fé láthair níl éinní chun
cosc do chur le hoifigeach gan eolas ar Ghaedhilg do
cheapa don Ghaeltacht. Tá an galar agus a leigheas
innste go beacht sa méid sin.



Do réir fianaise R. Uí Chonchubhair, den Bhrainse
Cheárd-Oideachais den Roinn Tailte agus Talmhaíochta,
tá coiste curtha ar bun ag an Aire Oideachais chun
féachaint isteach i gcúrsaí na ranganna Gaedhilge atá
ar siúl i gceanntair thuatha fé scéimeanna ceárd-
oideachais d'fhonn na ranganna san do dhéanamh chó
héifeachtúil agus is féidir é maidir le múine na teangan
agus d'fhonn cultúr Gaelach do leatha mór-thimpall.
Tá an Roinn ag obair do réir seana-chláir. Ní raibh
uain fós acu ar aon atharú mór do dhéanamh; ní féidir


L. 207


a léithéid do dhéanamh go tapaidh ach tá an scéal fé
scrúdú.



Táthár ag múine cócaireachta, etc., trí Ghaedhilg i
dtrí no i gceathair de scoileanna. Tá ceann acu san i
Muineachán agus ceann eile i mBaile Atha Cliath. Tá
cheithre cinn de chomhairlí contae ná fuil aon ráta buailte
acu i gcóir múine na teangan. Is greannúr an rud áit chó
Gaelach le Tír Chonaill do bheith gan aon ráta Gaedhilge
fós.



Dubhairt Rúnaí na Roinne go raibh claona imeasc
muintir na Gaeltachta chun Béarla do labhairt, do réir
tuairiscí o chuid de sna maoir thalmhaíochta. Sa
Spideul, in Uachtar Ard, sa Chlochán, agus i gceanntair
eile den tsórt san, dineann na teagascóirí úsáid den
Ghaedhilg ach is annamh is gá dhóibh é. Ní dó leis an
Rúnaí go bhféadfidh an Roinn deighleáil, go ceann trí
no ceathair de bhlianta, leis an gceist seo, teagasc i
dtalmhaíocht do thabhairt as Gaedhilg, go coitianta ná
do dhaoine a haistreofí fé scéim roinnte talmhan.



Maidir leis an Arm níl ach 196 daoine, idir oifigigh
agus saighdiúirí sa chath Ghaelach, in ionad 500 duine
mar ba chóir. Tá oiread Gaedhilgeoirí san Arm,
lasmuich den Chath san, agus dhéanfadh tuairim is
cath go leith. Ní iarraid dul isteach sa chath Ghaelach;
ní leigid ortha gur Gaedhilgeoirí iad, agus níl aon
bhontáiste ann le n-a bhféadfí iad do mhealla isteach
ann. Lasmuich de sin ní bheadh aon deacracht ag baint
le cúpla cath Gaelach no trí do chur ar bun ach oifigigh
do sholáthar dóibh.



Scéal ana-mhaith ar fad isea có-fhreagarthas oifigiúil
a roinne do bheith á dhéanamh as Gaedhilg ag Rúnaí
Mileata an Chinn Fuirinne le bliain geall leis. Bhí
roinnt trioblóide ag baint leis sin ar dtúis ach bheadh
iongna ar oifigeach anois dá bhfaghadh sé leitir i mBéarla
ón Roinn sin.


L. 208


Níl slí againn anso ach do roinnt bheag de sna nithe
do nochtadh do Choimisiún na Gaeltachta ach taisbeanann
an méid sin féin, mara bhfuil gach ní ar fheabhas sna
ranna rialtais go léir maidir le Gaedhilg d'úsáid, tais-
beanann sé go bhfuil síor-iarracht á déanamh le roinnt
blian chun an Ghaedhilg do chur ar aghaidh ionta agus
níl aon amhrus againn ná go n-eireoidh leis na hiarrachtaí
sin má dhineann na Gaedhil atá lasmuich de sheirbhís
an Rialtais cabhrú go báigiúil agus go dícheallach leis
an dream atá laistigh. Ní fheicimíd aon iarracht á
déanamh ar an bhfírinne do cheilt ná ar aon dream do
shaora ó mhillean ná do mhola nuair nách cóir é. Nuair
a bheidh an fhírinne lom againn, agus beidh le congnamh
an Choimisiúin, beidh sé saoráideach na huilc do
leigheas.



Do léiríodh "An Béar" in Amharclann na Mainistreach
an mhí seo caite i bhfad níos fearr ná mar a léiríodh riamh
roime sin é agus do thaitn sé go mór leis an lucht
eisteachta. Do hath-bheodhadh "An Scaothaire,"
dráma grinn i dtrí míreanna, le Piaras Béaslaí, agus tá
gach aon deabhramh go gcuirfe sé le clú an údair, atá
árd go maith cheana féin. Tugadh fé ndeara go raibh
feabhas mór tagtha ar na hAisteoirí go léir. Beidh
suaimhneas acu anois go dtí tosach an tríú siosóin,
suaimhneas atá tuillte go maith acu.



Scéal áthais dúinn go mbeidh an Ghaedhilg mar abhar
oblagáideach ón gcéad lá d'Eanair, 1927, i ngach scrúdú
a bheidh ar siúl sa Roinn Puist agus Telegrafa. Más
maith é is mithid.



Is mór an trua a bheith againn le hinnsint gur cailleadh
Deora Frinseach ón uair dheireannach a foillsíodh An
Branar. Bhí dlúth-bhaint aici leis fadó. Mara
mbeadh í is ar éigin a cuirfí an seana-Bhranar ar bun


L. 209


agus a cimeádfí ar siúl chó fada é. Nuair a bhí sé á
ath-bheochaint bhí sí ina luí breoite ach, mar sin féin,
nuair a hinnseadh di mar gheall air do ghuidh sí rath
agus sean air.



Ní hé gach éinne a thuigeann i gceart an méid a dhin
sí ar son teangan a tíre. Ní dhineadh sí óráideacha
agus do sheachnadh sí bheith os cóir na ndaoine, ach is
iongantach an méid oibre do dhineadh sí agus bhí sé
de bhua aici go bhféadadh sí, go deas ciúin discréideach,
daoine eile do sprioca chun oibre. Gach aon uair, le
breis is dhá bhliain déag, a bhíodh obair chruaidh le
déanamh, obair nea-thaithneamhach d'iarradh neart
aigne agus gliocas chun pleananna do chur i bhfeidhm,
bhíodh Deora Frinseach ullamh i gcomhnaí ar a cion
féin, agus breis, do dhéanamh le fonn. Ar feadh breis
is deich mbliana ba bhall í den Choiste Ghnótha agus
d'fhurmhór fó-choistí an Choiste sin agus de Choiste
Cheanntair Bhaile Atha Cliath. Ar feadh roinnt blian
do dhineadh sí nách mór an obair go léír a bhaineadh
le Feis Bhaile Atha Cliath. Thugadh sí cuaird ar na
scoileanna gach bliain i ndiaidh a chéile, ag tathant ar
na hoidí an Ghaedhilg do mhúine do sna leanbhaí, agus
de bhárr an tsaothair sin do mhéaduigh o bhliain go
bliain ar an méid leanbhaí a thagadh chun na Feise.
Do bhailíodh sí féin, ina haonar, suim shubstainteach
do Chiste Chonnra na Gaedhilge gach bliain. Faid a
bhí sí ina Rúnaí do Chraobh na gCúig gCúigí bhí an
chraobh san ar cheann de sna craobhacha dob fhearr
sa tír. Níorbh aon iongna gur bhris a sláinte fén ualach
oibre sin beagán blian o shin agus gur buaileadh breoite
arís agus arís eile í go dtí go dtáinig an bás uirthi. Fiú
amháin le linn an tsláinte bheith go holc aici níor laguigh
ar an suim mhóir a bhí aici in obair na Gaedhilge.
Bhíodh dea-shompla a misnigh agus a dílseachta le
feiscint i gcomhnaí pé cora bhíodh ar a sláinte agus pé
cuma ina mbíodh an saol i dtaobh na Gaedhilge. Do


L. 210


chaith sí a neart agus a dúthracht in obair na Gaedhilge
agus is ceart í d'áireamh mar dhuine den dream bheag
a thug a saol agus a fuair bás ag obair do theangain na
hEireann. Go ndéanaidh Dia trócaire ar a hanam!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services