Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fé lán-tseol arís
Title
Fé lán-tseol arís
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
Clólucht an Bhranair Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
25 Márta 1925 Fé lán-tseol arís. Nuair a tháinig An Branar amach ar dtúis d'aithin gach éinne gur rud nua é i leitríocht na Gaedhilge. Thug sé do scríbhneoirí caoi ná raibh riamh acu ar a gceárd do chleachta, agus thug sé do léitheoirí rud ná raibh acu go dtí san, irisleabhar in ar dineadh iarracht ar leitríocht na Gaedhilge do shaothrú mar a saothruítear leitríocht i ngach tír eile, gan aon rian uirthi den nós tuatha a bhí ag cur cosc le teanga líomhtha nua-aimseartha dhéanamh den teangain náisiúnta. Thaithneadh sé go mór le lucht a léite, agus bhíodh súil anáirde acu leis i gcomhnaí. Ach tháinig cor sa tsaol, agus suatha agus corraí mór sa tír dá dheascaibh agus ba dheacair aire cheart do thabhairt do leitríocht. Ní hiongna nár fhéad An Branar seasamh agus an scéal amhlaidh. Ba thrua san lena lán daoine agus bhíodar ag cuimh- neamh is ag machtnamh [o am go ham ar conus a b'fhéidir an t-irisleabhar do chur ar bun arís. Tháinig an chaoi sa deire thiar thall agus, tréis mórán duaidh agus trioblóide, fuarthas meitheal d'oibritheoirí fonn- mhara chun branar na leitríochta do threabha. B'iongna linn an méid cabhrach a tháinig chughainn. Táthar tréis cumann do chur ar bun chun féachaint i ndiaidh na hoibre agus, má bhíonn idir scríbhneoirí agus léitheoirí dílis seasmhach, níl aon amhrus againn ná go bhféadfimíd an t-irisleabhar do thabhairt amach go tráthúil uair sa mhí agus leibheul leitríocht na Gaedhilge do chimeád chó hárd is bhí sé sa Bhranar cheana, agus é dhéanamh níos aoirde fós, béidir. Beidh slí ann do gach scríbhneoir Gaedhilge go mbeidh éinní fónta le rá aige, d'ainneoin canúna. Fágaimíd fé sna léitheoirí anois a rá ce'ca tá deabhramh le n-a bhfuil ráite againn no ná fuil.
An Gárlach .. A shean-athair, a Chéin, fóir orm. Cian .. Cad é sin ort, a mhacáin? An Gárlach .. Cíocras bidh, a dhaid chríona. Cian .. Ocras, a leanbhaín! Cíocras bídh, adeirir. Tú ag gol leis. Ná bí. Ní h-aon mhaith é. Níl ort ach dála an tsaoghail uile. Ní díobháil é, ná galar é, ná náire é. Is mór é an t-ocras. Is comhacht é. Is treise é ná teine. Bíonn an duine 'na mháighistir ar an teine ach bíonn an t-ocras na mháighistir ar an duine. Is cruaidh an máighistir é ach is tuigsionach. Tá rudaí agus ba mheasa dhuit ort iad ná ocras. Tá teasbach nó sáthacht nó díomhaointeas. Beir leat sin, a mhacáin, agus tuig, agus ná goil. Sé an t-ocras do bhuac thar gach ní eile. Dein freastal do agus sclábhaíocht do i n-allus do mhaoil, agus saorfaidh sé thú ó mhórán uilc. Sé an t-ocras is dán beatha dhuit agus ná bí 'á chásamh sin óir ní dulta dhuit uaidh. A dtáinig romhat agus a dtiocfaidh id' dhiaidh is don ocras a bheireadar agus a bhéarfaid dílse agus dícheall. Ní féidir a mhalairt. Sé an dlí bhunaidh é, sé an sár-mhian suthain é. Féach féin, a ógáin, mór-chomhacht an ocrais ar dhaoinibh, ar bheithíochaibh, ar éanlaithibh, ar chnumh- aibh, ar iascaibh, ar chuilibh. 'Sé a chorruigheas iad uile ón sámhán ba mhian leo. Féach féin an duine. Is mian d'á mhianaibh gan saothar a dhéanamh ach mar shaothar teasbaidh. Ní h-áil leis moch-thráth ná deagh-thráth. Ní h-áil leis síor-shaothar ná síor-allus ná síor-áitreamh. 'Sé is mian do, sámhán, agus síneadh agus ithe an Lótuis agus sásamh a mhianta agus a theasbaidh - 'na shodamán shámh agus 'na ghuagán gaoithe agus 'na fhiadhaire feadha. Is é sin mian an
duine. Braithim féin fós im chnámha agus im fheoil é agus mé anois ar deire m'aoise. Is é do mhian-sa uile é óir atá do chnámh bog agus t'fheoil óg. Is é mian na mná úd é sa ghluaisteán shocair sin agus an cóta fionnaidh á clúdach agus is é dóchas na mná úd eile é atá ag féachaint uirri, agus ag formad léi toisc ná fuil uirri féin ach culaith preabán i dtrucaill asail. Féach uait an scrúille sin ag an gcúinne atá guala le falla ar scur scíthe. Féach gach alt d'á chorp 'á scaoileadh féin chun socrachta agus go gcuirfeá geall gur leasc leis a lámh do tharrac as phóca a bhríste chun piúnt dighe d'árdú chun a bhéil dá dtugadh duine do é tré mhearbhall nó dí-chéille, agus dearc ded' shúil ar shluagh an tsaothair ag fuadar is ag gluasacht sa tsráid sin amuigh, gur léir duit imnidhe a gcroidhe i gcoisíocht chíocraigh a gcos. Is éadmhar iad san le mnaoi an fhionnaidh róin ins an ngluaisteán shocair mar b'é a mian mór féin bheith mar ise agus a ngéaga do chosc ón síor-choisíocht chruaidh is dán dóibh agus síneadh sámh a dhéanamh ar thulg thaithnimh, mar do ghní sise, dar leo. B'é a mian uile é, a mhacáin, bheith ag ithe an Lótuis nó ag cothú teasbaidh. Ach féach féin, a ghiolla bhig, nach é sin do ghníd ach an saothar cruaidh ar bhóthar mhí-chothrom agus braonta alluis ar a ngruadh. "Cumá ná téighid le h-ithe an Lótuis?" arsa tusa. "Cad tá á gcosg?" arsa tusa. Atá, a mhacáin bhig, an ní is treise ná a mianta uile eile 'á gcosg agus 'á ngríosadh agus 'á dtiomáint. Tá sé 'na mbolg fé mar tá sé it' bholg-sa - an t-ocras. Dá stadaidís den tsaothar do phreabfadh an t-ocras chuca. Chuirfeadh sé é féin i n-iúl dóibh. Déarfadh sé leo bogadh agus freastal air féin. Mara ndeinidís do mharbhóchadh sé iad agus b'in deire leo. Ach ní h-áil leis an duine deire bheith leis. B'fhearr leis an cruadhtan agus saothar agus allus ná suaimhneas an bháis. Dá bhrí sin téighid ag lorg bidh chun an t-ocras do shásamh. Tréigid an sámhán agus ní bhíonn géilleadh do thuirse aca. Tá mar sin
ó thúis, a ógáin, óir dubhairt Dia leis an gcéad duine : "In allus do mhaoil iseadh thuillfir do chuid;" agus leis an mbreith sin do chuir Dia an duine ó ithe an Lótuis, agus do chuir feasta é le saothar agus le duadh agus le h-anacra chuirp. Agus chun go leanadh an duine de sin do chuir Dia an t-ocras ar a thí; agus féach, a mhic bhig mo mhic, nach 'na cheann a cuireadh an t-ocras ná 'na chroidhe. Níorbh eadh, a mhacáin, mar do líonfadh machtnamh an ceann agus do shásóchadh áthas an croidhe, agus níor ghádh don chorp é féin do shuathadh chun an t-ocras do shásamh. Do láithrigh- eadh sa bhlog é, a mhacáin, mar is é an bolg máighistir an duine agus máighistir a chroidhe, agus a inchinne. Tá an t-ocras 'na mháighistir ar an máighistir sin. Sin é cúis, a ghilín, ná deinid cách dála fir na gualann le cúinne. Ní leigfeadh an t-ocras dóibh é. Isé a ndícheall freastal ar an ocras san leis an saothar a dheinid ag lorg bidh. Tiomáineann an t-ocras iad. Is neart é. Is lasc é. Is bior brostaithe é, a mhacáin. Sin é atá i ngreim ionnat-sa anois. Bíonn sé sa duine ón lá beirtear é. Ach lean-se ded' chleas agus ded' liathróid tamall beag eile. Déanfad-sa saothar beirte trí dhúthracht duit agus soláthróchad do chuid-se fara mo chuid féin. Do ghníthear mar sin tamall ar son grádha, ach ní mhaireann an grádh agus bíonn a bholg féin 'na chúram ar gach aoinne. Bean úd an chóta fionnaidh : fuair sí duine do dhein saothar beirte ach is daor an díol do bheir sí ar ithe an Lótuis, óir is é an t-allus an ceannach is saoire do bheir duine ar a chuid bidh. Fear úd na gualann le cúinne : ná bí i bhformad leis, bíodhgfaidh an t-ocras ins na h-inní aige sin agus caithfidh sé dul le saothar ar son bidh - nó dul le goid. Más le goid a théigheann, trí ghrádh don leisce, bhéarfar air, crochfar é, geobhaidh a chorp suaimhneas gan briseadh. Ach ní h-áil leis an suaimhneas san agus déanfaidh sé saothar. Tá an t-ocras 'na mháighistir air.
Is maith sin a bheith mar atá, a mhic bhig mo mhic, óir féach féin a mbeadh d'olc imeasc daoine mara mbeadh an t-ocras so. Dá mbeadh teasbach ar dhaoinibh ní leigfidís d'á chéile fiú aon uaire. Nár léighis féin sa stair gurbh áil leis an mbeirt ó n-ar geineadh sinn uile bheith i gcomh-náird leis an Té Mór maille le h-ithe bidh na h-aithne; agus tuig, a mhacáin, gurab é sin tréith do lean dínn riamh gus indiu an tráth bhíos dóthain gar dár lámhaibh agus flúirse dár ndingeadh gan a cheannach le braonta alluis. Is mó a thagann cogadh de bhárr teasbaidh ná de bhárr gorta agus nuair tosnuighthear cogadh an teasbaidh 'sé an t-ocras a chuireas críoch leis. Ná bíodh, a mhacáin, aon olc agat chun an ocrais mar is é do dhuine muinteartha é a chuirfeas ar do leas tú féin agus cách eile má bheireann sibh an aithne is cóir air. Is air sin atá foirgneamh beathadh an duine tógtha. An té théigheas le h-ithe an Lótuis tuitfidh a thigh air féin agus ní bheidh a cháil 'na dhiaidh. Ná cáin an t-ocras, a mhacáin, ná goil fé. Is cóir é shásamh agus bheith ag freastal air. Mara dtugair freastal do marbhóchaidh sé thú. Agus, a dhalta liom, féach-se an freastal do ghní cách ar son sásaimh an ocrais. Féach an fear san agus neart a chuirp aige 'á thabhairt fén mála guail sin d'fhonn a ghoile a shásamh. Féach an fear sleamhain cíortha san a thuilleann a chuid le géire a thuigsiona i gcúrsaí díolta agus ceannaighthe. Féach an cailín siopa san go bhfuil tuirse 'na cosaibh agus cráiteacht 'na croidhe agus í a d'iarraidh gáire séimh a dhéanamh leis an mnaoi sin a fhéachann gach rud ach ná ceannuigheann dadamh. Féach buachaill sin na bpáipéar a dhíol - an preab atá ann, an tsúil aibidh, an bhéic mhór. Féach sean-bhean na mbláth feochta a dhíol, agus an cléireach san go bhfuil rian an stóil ar thóin a bhríste. Féach an t-easbog agus an hata árd síoda air, agus an síoth-mhaor ag an gcros-tsráid agus an breitheamh ar an mbinnse. Féach
bean fhir an ghuail i dtigh cumhang ag freastal ar a fear agus ar a gasra leanbh. Féach bean an cheannaidhe 'na tigh uasal agus an crádh céadna uirri d'iarraidh a cuid féin do riar. Féach an t-ughdar ag crádh a chinn agus a mheabhrach d'iarraidh leabhar agus eolas agus filíocht agus litríocht do shaothrú. Féach iad, a mhacáin, agus meáidh cad a dhúisigheas iad uile san tslí a ghabhaid. Cad a bheir ná gabhaid le sáimhe agus le taithneamhaighe agus le sádhaile? Ní amháin do bheir sin - as ní a thug ort féin gol agus mairg a dhéanamh - ocras, baoghal an ocrais, eagla an ocrais - máighistir an duine cholaidhe agus tríd sin, ach beag, máighistir an duine spioraidighe. An Seabhac.
An Bhainríoghan Spéarthaid. (Sgéal a chéad-cheap Alex. Pushkin sa Rúisis.) Oifigeach airm go raibh dírim marcach fe n-a láimh ab eadh Naroumoff. Do bhí gasra bailighthe 'n-a lóisdín oidhche gheimhridh áirighthe ag imirt cártaí. Bhí an oidhche go léir curtha dhíobh acu ar an gcuma san, agus bíodh a's go raibh dubhluachair na bliana ann agus go raibh na h-oidhcheannta fada go maith, is ar éigin a mhothuighdar an aimsir ag sleamhnú thórsa, i gcaoi go raibh sé a cúig a'chlog um an dtaca gur cuireadh an suipéar ar an mbórd. Bhí an goile go maith ag cuid de'n lucht imeartha- b'iad san an dream do dhein go maith ar na cártaí, dar ndóigh - ach ní ró-mhór an t-ampladh chun an bhídh a bhí ar a thuille de'n chuideachtain. Bhí cúis leis an easba goile sin. I gcionn tamaill bhig, ámhthach, do bhog fíon súileach na Frainnce a dteangthacha-san, agus d'eirigh geoin chainnte mórthímpal an bhúird. Do shín duine de'n chuideachtain a mhéar i dtreo ógánaigh áirighthe agus do labhair sé le n-a chomhursain : "Nách aisteach an mac Hermann san?" ar seisean. "Níor chuir sé geall le h-aoinne riamh - ní h-eadh, ach isé mo thuairim nár dhein sé oiread agus cárta do ghlacadh ina láimh i gcaitheamh a shaoghail. Agus 'n-a thaobh-san is greann leis bheith ag féachaint orainn- ne ag imirt na gcártaí go dtí a cúig a' chlog ar maidin." "Ní h-amhlaidh atáim gan spéis do chur ionnta, mar chártaí," arsa Hermann. "Ach is beag mo dhóithin dom a bhfuil de mhaoin an tsaoghail agam. B'fhearr liom greim do chimeád ar an mbeagáinín sin, agus gan bheith ag brath ar an gcinneamhaint chun breis do chur air."
"Allmáineach iseadh Hermann," arsa Tomski, "agus baineann sé teilgean as a chuid airgid. Sin a bhfuil sa sgéal. Ach is í is mó a chuireann iongna ormsa 'ná an tsean-bhainphrionnsa úd Anna Fedorovna." "Conus san?" arsa cách. "Ná fuil sé tabhartha fé ndeara agaibh ná h-imireann sí cártaí in aon chor?" "Is fíor," arsa Naroumoff. "Bean i n-aois a ceithre fichid ná baineann choidhche le cárta! Nách suaithean- tas an sgéal é? "Agus an bhfuil a fhios agat cad fé ndeara san?" "Níl a fhios. An amhlaidh atá cúis fé leith leis?" "Cogar i leith chugham. Do thug mo sheanmháthair cuairt go Páras na Frainnce tá tuairim is trí fichid bliain ó shoin ann anois. Thóg sí barr óna raibh de mhnáibh uaisle sa chathair sin an uair sin ar áilneacht a crutha agus ar bhláth a sgéimhe. Ba ghearr go raibh a h-ainm i mbéalaibh daoine go h-árd agus go h-oirdheirc. Do rithidís 'n-a diaidh in sna sráideannaibh. Do thugaidís "Vénus na Rúise" uirthi. Do thug Richelieu féin grádh dhi, ach ní ró-chneasta a ghlac sise an grádh uaidh. Do réir a tuairisge féin ba bheag nár chomáin sí an fear bocht as a mheabhair. "Tráthnóna áirighthe bhí sí ag imirt fáró sa phálás, agus do chaill sí a lán airgid. Ar theacht abhaile dhi do labhair sí lem sheanathair agus d'iarr sí air an t-airgead do thabhairt di. Ach ní raibh aon mhaitheas di ann. Ní dhéanfadh sé éisteacht léi. Ní raibh a fhios aici cad a dhéanfadh sí. "I gcionn tamaill chuimhnigh sí ar chleas. Bhí aithne aici ar fhear go raibh teist mhór air an uair sin. Do chualabhair go léir trácht ar St. Germain, an rodaire oirdheirc úd. Is 'mdó sgéal míchuibheasach a h-innstear 'n-a thaobh anois féin. Saghas Iúdaigh Fáin a bhí ann, dar le dream áirighthe. Deirtí go raibh Siopluis na Síor-Bheathadh aige agus Cloch na hEagna. "Pé sgéal é, d'innis sé rún éigin a bhain le cártaíbh
dom sheanmháthair. Siúd go dtí Versailles ise gan a thuille cáirde chun teaghlaigh na bainríoghna, agus dhein sí ceann ar aghaidh ar lucht na himeartha. "Do b'é an Duc d'Orleans féin a bhí ag ceann an bhúird. (B'shin é an duine go raibh a cuid airgid ag dul dó). Do cheap mo sheanmháthair sgéilín éigin 'ghá cosaint féin i dtaobh gan an t-airgead do dhíol leis. Do shuidh sí síos agus do chrom ar an imirt. "Thóg sí trí cinn de chártaíbh as an bpaca. Do bhuaidh sí an bheart leis an gcéad chárta. Do dhúbail sí an geall ar an dtarna ceann agus do bhuaidh arís. Do dhúbail sí arís eile ar an gcárta dheireannach agus d'eirigh léi an cluiche do bhuachtaint an tríomhadh h-uair." II. Do chuaidh an sgéilín sin go hana-dhaingean i bhfeidhm ar Hermann. "Dá mb'áil léi siúd a rún d'innsint domh-sa," ar seisean leis féin. "Dá mb'é a toil na trí cártaí úd d'ainmniú dhom. Ní foláir dom aithne do chur uirthi. D'fhéadfinn bheith ag cimilt mheala fúithi, agus b'fhéidir go dtiocfadh liom a rún do bhréagadh uaithi. Tá sí i n-aois a seacht mblian is ceithre fichid anois. Níor bh'aon iongnadh liom dá bhfaghadh sí bás an tseachtmhain seo, nó amáireach féin, b'fhéidir." Pé sgéimh áilneachta a bhí ar an mbainphrionnsa an uair úd, ní miste a admháil go raibh sí imthighthe dhi leis na ciantaibh. Bhí a culaith éadaigh do réir na nósanna a bhí fé réim leath-chéad bliain roimis sin, ach 'n-a thaobh-san ba bhéas léi a lán aimsire do chaitheamh ag cur mhaise uirthi féin, agus ní feictí aon uair i gcomhgar daoine í ach "gabhtha go sámh." Do bhíodh breis agus a dhá dóithin le déanamh ag Lisabéta, an cailín a bhí aici mar mhnaoi choimhdeachta.
Dhá lá i ndiaidh na sgoruidheachta a bhí i lóisdín Naroumoff, do chonnaic Lisabéta amuich sa tsráid an t-oifigeach óg Hermann, agus é ag féachaint suas 'n-a treo. Is amhlaidh a bhí beartuighthe aige-sean a leogaint air go raibh sé i ngrádh leis an gcailín. D'eirigh leis i ndiaidh ar ndiaidh, agus níor bh'fhada go raibh an bheirt ana-mhór le n-a chéile. Lá áirighthe chomáin Lisabéta leitir chuige 'n-ar dhein sí coinne leis bualadh uimpi 'n-a párlús féin, dh'á chur i n-iúil dó go mbeadh na seirbhísigh eile as baile le linn na h-uaire a cheap sí. Do chuir sí i dtuisgint dó, leis, conus a bhainfadh sé an párlús amach, dh'á léiriú dhó nárbh fholáir dó gabháil thar seomra codlata na bainphrionnsa tríd an ndoras a chífadh sé ar a láimh chlé, agus staighre beag casta do chur i n-áirde dhe. Bhí Hermann 'n-a sheasamh ar an dtaobh thall de'n tsráid ar a deich a' chlog, agus é ag faire chuige. Ba chaillte agus ba challóideach an oidhche í. Bhí an sneachta ag tuitim 'n-a cháithníníbh móra. B'fhada le Hermann go bhfeacaidh sé cóiste na bainphrionnsa ag teacht fé n-a dhéin ó bhun na sráide. Do h-osgaladh doras an tighe mhóir agus tháinig sí féin amach. Do shuidh sí isteach agus d'imthigh an cóiste. Díreach ar bhuille a h-aondéag do phreab Hermann anáirde ar na céimeannaibh agus do bhrúigh sé isteach doras na sráide. Do bhí solus breágh ar lasadh sa halla ach ní raibh aon dóirseóir ann. Do chuir sé an staighre suas de gan baint leis nách mór, agus chuaidh sé isteach i seomra 'na raibh duine de'n lucht freastail sínte ar an úrlár agus é 'n-a chodladh go sámh. Do shleamhnuigh Hermann thairis chómh tapaidh le splannc; chuir sé halla an bhídh de agus seomra an aoibhnis. Ní raibh aon tsolus sa tseomra san, ach bhí léas beag ag taithneamh isteach ó'n lampa a bhí ar lasadh i n-aice an ghiolla freastail. Fé dheire do shrois sé seomra codlata na bainphrionnsa. Bhí sgáileán 'n-a sheasamh ann agus é clúdaithe
ó bhun barr le peictiúiríbh agus le h-íomhághthaibh, agus lampa órdha ar lasadh os a gcomhair amach. Do ghaibh Hermann ar an dtaobh thiar de'n sgáileán mar a raibh cnaiste beag leapthan iarainn ar an úrlár. Do chonnaic sé an dá dhoras fé mar a h-innseadh dó. D'osgail sé an doras a bhí ar a láimh chlé agus do chonnaic sé an staighre ar ar dhein Lisabéta trácht 'n-a leitir. Do dhún sé an doras san agus d'osgail an doras a bhí ar a láimh dheis agus isteach leis i seomra ná raibh aon tsolus ann. Do ghluais an aimsir go mall righin. Do chlois sé an buille chlog - do chlois sé an dá bhuille - agus tamall 'n-a dhiaidh san thug sé fé ndeara go raibh cóiste ag teacht 'n-a threo. Tháinig an cóiste go mear agus dhein sé stad ar aghaidh an tighe amach. Do cloiseadh an gheoin chainnte agus fothram na seirbhísigh ag gabháil tímpal, agus do cuireadh soillse ar lasadh ar fuaid an tighe ar leagadh na súl. I gcionn tamaill do chuaidh an bhean uasal féin isteach agus do shuidh sí i gcathaoir mhóir bhaclann. D'fhéach Hermann thar an ndoras. Do chonnaic sé Lisabéta ag gabháil thart i n-aice leis, agus d'airigh sé a coiscéimeanna agus í ag cur an staighre bhig suas di. Tháinig iarracht d'aithreachas air de bharr an ghnímh a bhí beartuighthe aige. Ach níorbh fhada gur imthigh an t-aithreachas de agus bhí sé ceapaithe socair 'n-a aigne arís. D'eirigh an tseanbhean uasal 'n-a seasamh agus chrom sí ar a cuid éadaigh do bhaint di. Ach tháinig atharú gné uirthi de phreib. D'iompuigh a líth innti agus tháinig sgárd 'n-a súilibh. Bhí an duine iasachta 'n-a sheasamh os a comhair amach! "Ná bíodh aon phioc d'eagla ort, a bhean uasal," arsa Hermann, go h-íseal, ach de ghlan-ghuth. "Ar ghrádh Dé ná bíodh aon eagla ort. Ní ar tí do dhíobhála atáim-se, ach a mhalairt. Is amhlaidh atá comaoine agam le h-iarraidh ort."
D'fhéach an bhainphrionnsa air díreach fé mar a bheadh sí bodhar balbh. Do chlaon Hermann a cheann agus labhair sé léi arís : "Is féidir leat sogh agus sonas do chur i n-a áirithe dhom," ar seisean, "agus san gan tú féin do bheith oiread a's leathphinge ruadh chun deiridh leis. Tá a fhios agam go bhfuil ar do chumas duit trí cartaí d'ainmniú dhom -" Níor labhair sise focal. Do lean Hermann air : "Cad chuige dhuit rún do chimeád ar an sgéal ar mhaithe led shliocht?" ar seisean. "Níl aon teora le n-a bhfuil de mhaoin an tsaoghail acu-san cheana. Níl beann acu ar airgead, nídh nách iongnadh. Ní dheinid siad de ach drabhghail. Cad é an tairbhe d'á leithéidíbh do thrí cártaí do bheith acu? Níl ionnta ach lucht imeartha is óil. An té ná féadfaidh greim do chimeád ar a oighreacht béarfidh an dealbhas air luath nó mall, bíodh a's go mbeadh gliocas agus tuisgint agus meabhair cinn an Fhir Mhóir féin aige. Ach fear daingean stuamdha iseadh mise - fear a chuireann suim i n-airgead. Geallaim dhuit go mbainfad-sa sochar as na trí cártaíbh úd. Brostuigh ort, a bhean uasal!" Do bhí creathán 'n-a ghlór fé'n dtaca san. Do stad sé de'n chainnt, ag súil le freagra uaithi-sin. Níor tháinig focal aisti. Do chaith Hermann é féin ar a dhá ghlúin agus do labhair sé léi arís : "Má tá aon chuimhneamh agat ar cad a bhaineann le grádh," ar seisean - "má rug glór leinbh greim ar an gcroidhe agat i gcaitheamh do shaoghail riamh - má bhí truagh agat d'aoinne beo ó'n lá a rugadh thu - iarraim i n-athchuingeachaibh ort truagh do dhéanamh domh-sa anois. Ar ghrádh th'oinigh sgaoil chugham do rún. Taoi'n tú aosta. Tá do thréimhse ar an saoghal so nách mór caithte. Tuig at' aigne go bhfuilim ag brath ort-sa chun an chuid eile de'm shaoghal do chaitheamh fé mhaise agus fé áthas. Má dheineann tú rud orm anois,
beidh tú it' dhia bheag agam agus ag mo shliocht go bráth na breithe." Níor tháinig an smiog ba lugha uaithi-sin. Do phreab Hermann ar a bhonnaibh agus tharraing sé pistol amach as a phóca. "A chailligh!" ar seisean. "Cuirfad fhiachaint ort do bhéal d'osgailt." Tháinig crith chos agus lámh ar an seanmhnaoi. Do shín sí lámh amach fé mar a bhéadh sí a d'iarraidh an phistoil do chur i leathtaoibh. Annsan thuit sí siar sa chathaoir 'n-a cnaipe gan anam. "Bíodh ciall agat," arsa Hermann. "Ní labharfad focal eile leat. An 'neosfir dom cad iad na trí cártaí úd?" Níor tugadh aon fhreagra air. Bhí an bhain- phrionnsa marbh. III. Trí lá 'n-a dhiaidh san, ar a naoi a' chlog ar maidin, do chuaidh Hermann isteach sa teaghlach ban riaghalta 'na raibh corp na bainphrionnsa 'n-a luighe. Ní raibh an blúire beag ba lugha d'aon nídh i bhfuirm aithreachais ná aithmhéala le feisgint air nuair a chonnaic sé an chómhra, bíodh a's gur ró-mhaith ab eol dó gurab é féin ba chionntach i mbás an duine mhairbh. Fé mar is gráth le daoinibh gan puinn creidimh bhí sé tugtha do phiseógaibh, agus cheap sé go mb'fhéidir go n-eireoch leis a droch-aigne sin do sheachaint ach an corp do leanamhaint chun na roilige. Dhein sé ar a aghaidh agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh i bhfianaise na comhrann. I gcionn neomaite d'eirigh sé agus d'fhéach sé isteach tríd an gcomhla gloine a bhí sa chlúdach. Samhluigheadh dó de phreib go raibh an bhean mharbh ag cur na súl tríd. Do thabharfadh sé an leabhar go raibh fáthadh an gháire 'n-a béal, agus gur chaoch sí leathshúil léi go magamhail fonomhaideach. Do baineadh ana-gheit as agus thuit sé i ndiaidh a
chúil. Do rith rainnt daoine fé n-a dhéin. San am gcéadna do chuir Lisabéta liach aisti agus do thuit sí 'n-a cnaipe láimh leis an ndoras. D'imthigh Hermann air abhaile. Do shín sé thairis ar an leabaidh gan a chuid éadaigh do bhaint de, agus níorbh fhada go raibh sé 'n-a throm-chodladh. Phreab sé 'n-a dhúiseacht i n-am mhairbh na h-oidhche. Bhí solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd an bhfuinneóig. D'fhéach sé ar a uaireadóir. Bhí sé a ceathramha chun a trí. Níor fhan aon fhonn codlata air. D'eirigh sé aniar ar a chabhail agus chrom sé ar mhachtnamh ar an seanmhnaoi agus ar iomláine eachtra an lae roimhe sin. Sa phúnc aimsire chéadna san do ghaibh duine éigin thar an bhfuinneóig, agus thug sé súilfhéachaint isteach sa tseomra. Ar éigin a luigh súile Hermann air sar a raibh sé imthighthe. I gcionn neomait eile d'airigh sé doras an tseomra ba ghiorra dhó dh'á osgailt agus mar a bheadh duine ag siubhal go breágh réidh fé n-a dhéin. Do h-osgaladh an doras agus do chonnaic Hermann an bhean, agus í gléasta i n-éadaighibh bána, ag druidim suas leis. Cheap sé nárbh fholáir nó gur bh'í a shean- bhanaltra féin a bhí ann, agus d'fhiafruig de féin cad é an gnó a dh'fhéadfadh bheith aici dhe ar uair chómh mí-thráthamhail. Do bhí sise cois cnaiste na leapthan fé'n dtaca san agus d'aithin Hermann an bhainphrionnsa. Do labhair sí leis : "Is i gcoinnibh mo chos a thánag chughat," ar sise, "ach níl dul uaidh agam ach do ghuidhe do thabhairt duit. Buaidhfidh an trí, an seacht, agus an t-aon ach iad do leigint ar an mbórd i ndiaidh chéile. An tarna coingheall - gan ach aon chárta amháin d'imirt in sna ceithre huaire fichead. Ní mór duit a gheallamhaint, leis, ná bainfir le cárta arís an dá lá is an fhaid a mhairfir.
Maithim mo mharbhú dhuit ach go bpósfir mo chumhal choimhdeachta, Lisabéta Ivanovna." Nuair a bhí an méid sin cainnte déanta aici chuaidh sí go doras agus sgeinn as a radharc. Do chlois sé fuaim an dorais eile dh'á osgailt, agus i gcionn tamaill bhig fuair sé strac-fhéachaint ar rud éigin bán ag gabháil thar doras an tighe síos. Do thuit an lug ar an lag ag Hermann agus d'fhan sé mar a raibh aige go ceann abhfad. Annsan d'eirigh sé 'n-a shuidhe agus do bhuail sé isteach sa tseomra eile. Bhí an giolla sínte ar an úrlár agus é caoch ar meisge, mar ba ghnáth leis. Do mhúisgil Hermann é, ach ba dhícheall dó. Do cheistigh sé é ach ní raibh aon mhaith dhó ann. Bhí an giolla dall ar an sgéal. Bhí an glas ar an ndoras ó'n dtaobh istigh. Siúd siar sa tseomra codlata é. Do shuidh sé chun búird agus do sgríbh sé síos gach uile nídh fé mar a thuit amach. IV. Do bhí buidhean daoine saidhbhre i Moscow an uair sin a thagadh i gcionn a chéile gach tosach oidhche chun cártaí d'imirt. Fear dar bh'ainim Tchekalinski a bhíodh i gceannas ortha. Bhí a bheatha-san go dtí san tabhartha aige ag imirt cártaí, agus bhí sé amuich air go raibh na naoi mílte bailighthe le chéile aige d'á mbarr. Do chuir Naroumoff aithne ag Hermann agus ag an nduine uasal san ar a chéile. "Ar mhiste dhom lámh do bheith agam san imirt?" arsa Hermann. Do shín sé a lámh de dhruim ghualann duine de'n lucht imeartha agus do phioc sé cárta suas. Do sgríbh sé rainnt figiúirí ar bhlúire páipéir agus thaisbeáin sé do Tchekalinski iad. "Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail," arsa Tchekalinski, "ach níl an radharc ar fóghnamh agam. An mór atá agat annsan?"
"Seacht míle is dathad rúbal," arsa Hermann. Do thóg gach aoinne lán a shúl de'n chearrbhach nua. "Tá sé as a mheabhair," arsa Naroumoff 'n-a aigne féin. Do chuir fear an bhainc smuta gáire as. "Ba cheart dom a innsint duit," ar seisean, "nách gnáth linn níos mó 'na céad seacht ndeich a cúig de rúbalaibh do chur síos mar thosnú." "Tá go maith," arsa Hermann, "ach innis dom an bhfuilir sásta." "Bíodh agat," arsa Tchekalinski. "Ní mór duit, ámhthach, an t-airgead do chur síos ar an mbórd. Níl uaim ach a chur i n-iúil duit gurab shin béas a bhaineann leis an imirt seo againn-ne." Do thóg Hermann bille bainc amach as a phóca agus do shín sé chun Tchekalinski é. Do luigh a shúile-sin go tapaidh ar an mbille agus do bhuail sé anuas ar chárta Hermainn é. Do chrom sé annsan ar na cártáí do rainnt. D'iom- puigh sé deich ar an láimh dheis agus trí ar an láimh chlé. "Tá buaidhte agam," arsa Hermann, agus a thrí féin dh'á shíneadh amach 'n-a láimh aige. Tháinig iongna agus leathadh súl ar a raibh láithreach. Do chuir fear an bhainc púic air féin, ach ar leagadh na súl bhí sé ag miongháirí arís. "An oirfeadh duit an cúnntas do shocrú láithreach baill?" ar seisean le Hermann. "D'oirfeadh, maran miste leat é," arsa Hermann. Do thóg Tchekalinski dornán nótaí as a sparán agus shín sé chun Hermainn iad. Do chuir seisean an t-airgead 'n-a phóca chuige agus d'imthigh leis abhaile. Tháinig sé thar n-ais lar na mháireach an lae sin um thráthnóna. Do bhí Tchekalinski ag ceann an bhúird arís. Do thug Hermann aghaidh ar an mbórd. Do dhein gach aoinne slighe dhó an turas so. D'umhluigh Tchekalinski go beásach dó. I gcionn tamaill bhig do thóg Hermann cárta suas agus chuir sé a sheacht míle
is dathad rúbal anuas air an tarna h-uair, agus an seacht míle is dathad rúbal eile a bhuaidh sé aréir roimis sin 'n-a dteannta. Do thosnuigh Tchekalinski ar na cártaí do rainnt. D'iompuigh sé cuireata ar an láimh dheis agus seacht ar an láimh chlé. Do chaith Hermann a chárta féin ar a bhéal i n-áirde anuas ar an gclár. Seacht eile a bhí ann! Do chuir an chuideachta liúgh suas. Níor dheabhruigh Tchekalinski go raibh sé ró-shásta 'n-a aigne, ach do dhein sé an comhaireamh agus do dhíol an t-airgead, cheithre mhíle déag is cheithre fichid rúbal. Do thóg Hermann go ciúin iad agus d'imthigh. Tháinig sé arís an tráthnóna a bhí chughainn ar an uair gcéadna. Bhí súil i n-áirde ag an gcuideachtain leis. Bhíodar go léir cruinnighthe mórthímpal an bhúird n-a raibh Tchekalinski agá cheann, agus an lucht frithálmha féin chómh maith le cách. Nuair a shuidh Hermann síos d'eirigh na cearrbhaigh eile as an imirt, bhí an oiread san dúlach acu a fheisgint cad é an deire a bheadh ar an gcluiche. Bhí fear an bhainc ag miongháirí fé mar ba ghnáth leis. Do shuaith sé na cártaí go cliste agus do bhearr Hermann díobh. Do thoibh Hermann cárta agus chuir sé nótaí anuas 'n-a gcruaich air. Is ar éigin a mhothóchthá an anál dh'á tarrac ag aoinne d'á raibh sa tseomra, bhí an chuideachta chómh ciúin sin. Do rainn Tchekalinski na cártaí, agus a lámha ar baille-chrith. Leig sé bainríoghan ar thaobh agus aon ar an dtaobh eile. "An t-aon a bhuadhann," arsa Hermann. "Ní h-é," arsa Tchekalinski. "'Sí an bhainríoghan a chaillean." D'fhéach Hermann ar an mbórd. I n-ionad an aoin b'í an bhainríoghan spéarthaid a bhí ar a aghaidh amach. Ba dhóich le duine air gur bh'amhlaidh nár fhéad sé radharc a shúl féin do chreideamhaint. Bhí sé fé dhraoidheacht ag an gcárta mí-ádhmharach san.
Níor fhéad sé a shúile do bhogadh dhe. Annsan do cheap sé gur dhein an bhainríoghan spéarthaid leathshúil léi d'osgailt agus do dhúnadh arís, fé mar a bheadh sí ag stealla-mhagadh fé. D'eirigh gach ruibe gruaige a bhí ar a cheann le neart uathbháis. Do phléasg rud éigin istigh 'n-a chluais, dar leis. Do baineadh a mheabhair shaoghalta ar fad de nuair a thug sé fé ndeara go raibh ana-dheallramh ag an mbainríoghan spéarthaid leis an sean-bhainphrionnsa Anna Fedorovna! Tá Hermann i dtig na ngealt in Oboukoff anois- seomra a 17 - -gan súil le dul as aige. Ní thugann sé freagra ar aon cheist a cuirtear chuige. Ní bhíonn de ghnó ar siubhal aige ó roim lá go dubh na h-oidhche ach an t-aon fhocal amháin do labhairt leis féin.- An trí, an seacht, an t-aon; An trí, an seacht, an bhaínríoghan! D. O M.
Críost Mac Dé, Na Pearsana: Críost Mac Dé. An Diabhal. An Mhaighdean Mhuire. Leanbhaí. Máthaír Eoin Bruinne. Comharsa. Ait : Tír Israéíl. GNÍOMH A HAON. Amharc a hAon : Sa bhfásach. (Tagann an Diabhal isteach.) An Diabhal : Dar liom, is é Mac Dé é seo. Ach féach Cad chuige Dho bheith umhal don té sin Eoin, A's baisteadh ghlacadh uaidh? D'fohnn mise mhealladh 'Seadh deineadh é. Nár chuala guth ó neamh Ghá rádh : Sé seo mo Mhac, mo Mhac Ró-dhil. Tá sé 'sa bhfásach so le dathad lá, 'S i rith na ré sin blúire bídh níor bhlais. Anois ní f'láir nó tá mór-ocras air, 'S ar uair na faille déanfaidh mé é phromhadh. Beidh fhios agam annsan go cruinn, dar liom, Cé hé tá 'gam. Féach tá sé teacht im threó. (Tagann ár dTíarna isteach.) Seadh nois, má's tú Mac Dé, cuir d'fhiachaibh ar Na clochaibh seo go ndéanfadh díobh arán.
Iosa : Ní har arán amháin a mhaireann duine Ach ar gach focal a thagann ó bhéal Dé. An Diabhal : Féach tabharfad duit an saoghal go léir 's a réim Má dheineann tú mé dh'adhradh. Iosa : Imthig, a Dhiabhail Do Thiarna Dia tá ort-sa é dh'adhradh, leis, 'S a réir amháin a dhéanamh. Exít Críost. An Díabhal : Mo Thiarna Dia! É dh'adhradh. B'ait liom san's an saoghal go léir Im adhradh féin. Anois is dearabh liom Gurb' é Mac Dé é, 's cuirfidh sé síor-stad Lem' réim go bráth má leigtear do bheith beó Ní féidir dom baint leis, ach scaoilfidh mé Mo choin na dhiaidh, lucht uabhair na catharach A's gríosfad iad i dtreó go gceapfaidh siad Gur ceart dóibh bás a's bigéal d'imirt air. Exit. AMHARC A Dó : Seomra i Nasaret. (Tagann an Mhaighdean Mhuire isteach.) An Mhaighdean Mhuire : Tá dachad lá 'nois ann ó imthigh sé Cathain a chasfaidh sé, mo mhúirnín geal? Ach deir an croidhe seo ionam go dtiucfaidh sé Indiu. Beidh ocras air a's déanfaidh mé A chuid a chur i dtreó dho. (Tagann Máthaír Eoín Bruínne ísteach.) Dé bheatha chughainn! Máthair Eoín : Do ghlaodhas isteach chum a fhiafraighe dhíot, a ghrádh!
A bhfuairis scéal ód mhac. Muire : Ní bhfuair mé, a chuid! Ach tiucfaidh sé indiu, dar liom. An lon So 'gainn, níor labhair sé druid ó imthigh sé Go dtí an lá indiu. Acht riamh níor chuala mé Ean cheol chomh binn a's tá 'ge ar siubhal i rith an lae. Tá sé 'na thost le tamaillín. Ní fheadar cá bhfuil sé. Ní fheicim é ar fuid an bhaill. Máthaír Eoin : Agus rud ait, 'dóigh leat Cad dubhairt ár nEoin ó chianaibh liom? "A Mham" Ar sé, "Tá Iosa ag teacht a bhaile indiu. Mo chroidhe 'seadh tá dá nochtadh dhom." Lem' shaoghal. Ní fheaca buachaill chomh ceanamhail ar éinne A's tá sé ar do mhac. Andaidh! airighim Garsúin an bhaile ag tabhairt an máighistir air Mar ainm. (Ritheann comharsa eile isteach.) Bean C. : Tá Iosa ag teacht i leith an cnoc Do rith leanbhaí an bhaill go léir amach Na choinnibh nuair chualadar go raibh sé ag teacht Is iongna liom an lasadh grádha atá 'cu Go léir do. Beidh río-rádh ar siubhal anocht. O imthigh sé, éan spriod ní raibh ionnta. Is fada 'táid ag teacht. AMHARC A TRÍ : In aice Nasaret. (Tagann Iosa isteach. Chíonn Sé a pheata loin marbh ar an sneachta.) Iosa : O, a éinín bhoicht is mairg liom do bhás. Ar bhrollach mhín an tsneachta ghil tá d'fhuil Anois ag scéith. Ba chealagach an gníomh
Do'n té do leag ar lár m'éinín. Fiagaidhe Gan chroidhe dhein é, a's é chomh leanabaidhe. Cad a dhein sé as an slighe ach teacht amach D'fhonn fáilte d'fhearadh róm? O, a éinín liom! Níor chuir sé suim it ghlór, do ghlór ró-bhinn Do ghuth ró-árd, ró-shaidhbhir groidhe, do thóg Gach lá an ceó dem' chroidhe, do dhíbreadh uaim Gach buairt, gach gníomh. Slán leat, a chara dhil, A chara bhinn! Ní bheadsa i bhfad it dhiaidh. Teithfidh na deamhain nuair chloisfid siad mo ghuth. Leanfaidh na mílte mé ar feadh scathaimh. Beidh mé ghá leigheas 's ag déanamh maithis dóibh Ach iompóchaidh siad im choinnibh lá 'gus sleagh Trím' chroidhe seadh chuirfidh siad, a's beidh Mo chru ghá scéith ar thalamh fé mar tá Do chuid-se anois. (Tagann na leanbhaí isteach). Mo leanbhaí bochta dílse! Féachaidh annso mo lon, a's fuil a chroidhe Ghá sgéith go húr fé mar a bheidh mo chuid Féin sar a fada. Leanbhaí : Ní leigfeam d'éinne baint leat, Go bráth ní thréigfeam tú. Iosa : Díbreochaidh bhur muintir mé I gcionn roinnt lá ó'n mbaile seo, 's go bráth Arís ní feicfear mé i Nasaret. Exeunt. Colm Cille
Bhí gabhtha agam thar an gceárnóig roinnt uaireanta agus gach tráth dá luigheadh mo shúil ar an ngáirdín a bhí i lár na ceárnóige do mhúsgaluíodh sadhas truagha is taise do-thuigse im chlí; do mhothuighinn go neamh-chruinn go raibh truagh-sgeul éigin aige dá chur i n-umhail dom ach go rabhas ró-mhaol-aigeantach chun é bhreith liom. Bhí ceud uair dá bhfeaca é ná lá breágh i dtosach an tsamhraidh agus an ghrian ag taithneamh go fialmhar ar shuaitheantais de chrannaibh liomháin agus beathóige agus sgeiche gile agus lilac fé bhláth agus cnapóga de bhláthannaibh ar fhaithche féir ghlais le feisgint trí sna crannaibh. Paiste den tuaith dé istigh de ráileachaibh iarainn i lár ceárnóige cathardha, arsa mise im' aigne féin; ach níor thuigeas cad fé ndeara an bíodhgadh truagha agus có-bhróin do ráinig dom le linn na bhfocal son do rá. Ag rothuíocht a bhíos agus deabhadh orm agus ba gheárr gur sgaoileas tharm an cheist, gan réiteach gan cuimhneamh air a thuilleadh. Ach do ghabhas an treo ceudna arís agus arís eile agus gach tráth dá bhfeicinn gáirdín na ceárnóige do mhothuighinn an cho-ghruaim cheudna orm. Níorbh fholáir a adamháil gur fheuch sé go fír-dheas na laethanta samhraidh úd. Ní rabhas ar na daoine saivre do chomhnuíoch san cheárnóig agus ní raibh éin bhreith agam ar eochair na ceárnóige. Ach níorbh í sin an chúis go gcuireadh a radharc cumha agus uaigneas orm. Lá de sna laethantaibh bhí sé d'uain agam fanamhaint agus an gáirdín do sgrúdú go cruinn. Do ghlinneas tríd an ráil iarainn feuchaint an léireóchadh sidhbhean an Gháirdín í féin dom tré sna crannaibh, ach sin a
raibh dá bhárr agam. Níor léir dom gile a róba ná niamh a ball bán. Níorbh fholáir dom gan spéis fé leith a chur i rún- diamhair an gháirdín cheárnógaigh sin a bhí ag casadh le sgeul truaimhéileach éigin do chur i n-umhail dom. Rith sé chugam go mb' fhéidir go raibh stair éachtach ag baint leis - fear do dhein dúnmharbhadh ann, nó beirt leannán do mhairbh iad féin le neart grá. Do chromas ar finnsgéalta cheapadh dhom féin i dtaobh an gháirdín. Do dheininn leadrán ag gabháil thar brághaid dom. Fé dheireadh, lá fóghair, do labhair Sidhbhean an Gháirdín liom, agus do sgaip sí an measgán mearaidhe dem aigne. Do chuala osnuíol a glóir tré fhuaim na gcrann á luasgadh ag an ngaoith; bhí bárr mí-shástachta agus uaignis agus mianguis gan éifeacht ann. - Tá cumha orm, ar sise. Tá cumha orm! - Ní hannamh an sgiamh agus an cumha i gcomh- luadar a chéile, arsa mise, agus taoi-se go sgiamhach. Ach cad fé ndeara an cumha so ort, a shidhbhean? - Mé bheith i ngéibhinn, ar sise go simplidhe. - I ngéibhinn? arsa mise agus iongna mór orm. Do labhair sí arís agus ba gheárr gur thuigeas fios fáth an sgéil uaithi. - Nach cuimhin leat do bhriathra féin? ar sise. - Paiste den tuaith dé istigh de ráileachaibh iarainn." Nach follus duit gur danardha, neamh-thrócaireach an gníomh mé fhágaint fé ghlas, laistigh de bharraíbh iarainn i measg na sráideanna i bhfad óm ghaoltaibh? Níl de chuideachtain agam annso ach rudaí iasachta, rudaí mí-chineálta nach dual dom caidreamh a dhéanamh leo. Níl ionam caidreamh a dhéanamh le sna tithibh grána so ná le sna ráileachaibh malluithe iarainn so. Ní oireamhnuighmíd a chéile. Conus fhéadfaimís bheith páirteach le chéile i n-aon pheictiúir amháin? Isí an chuallacht ba chuibhe dhom ná na machairí breághtha fairsinge agus na bóithre fada smúiteacha agus na srutháin siansacha - agus (mo ghrá
iad) na cnuic cineálta grámhara agus iad ag gáirí agus ag bagairt a mbuac orm. Tá mo chroidhe go teinn le neart caitheamh na ndiaidh. - Do mhothuigheas cheana, arsa mise, go raibh brón agus uaigneas ort. Cheapas go raibh truagh-sgeul éigin ag baint leat - éacht do thit amach annson istigh. - Siné díreach cúis mo ghearáin. Níor thit éin éacht amach annso riamh ná ní thitfidh go deo. Tá an gáirdín seo oiriúnach chuige. Dá dteastuíodh ó fhile úrsgeul grá d'insint, cá bhfaghadh sé ionad níos feárr chuige ná an áit seo? Dfeudfadh sé cur síos go breágh ar an mbeirt leannán ag comhrádh le chéile fé sgáth na gcrann so. Tá abhar duain nó eachtra ionam - ach ní thitfidh éin eachtra amach annso. Coscaid na ráileacha iarainn agus na glasa é. Ní bhíon annso de ló ach gárlaigh ag béicigh agus a mbanaltraí, agus um thráth- nóna bíon roint ghaigí gan éifeacht agus cailíní leamha ann ná faghaim éan bhlas ortha. Níl baint agam le saol na tuaithe ná le saol na cathrach : A fhaid ar a ghiorracht, táimse i ngéibhinn. - Is mó bliain fhada thuirsiúil atá caithte agam i mbraighdeanas annso, ag tnúth le saoirse agus le muinteardhas. Ach dá olcas mo chás, níor mheath mo sgiamh agus d'eirigh liom bíodhgadh truagha agus gnaoi do mhúsgailt i gcroidhe fo-thaistealaidhe dar ráinig an tslí. Labhraim leo chó maith 's is féidir liom. Deinim mo dhícheal chun mo rún do chur i dtuigsint dóibh. Do sgaras léi agus gruaim orm. Ní raibh leigheas agam ar a brón. Thugas aghaidh ar an dtuaith agus tháinig aoibhneas orm nuair a fuaireas radharc ar na páirceanna agus na crainn agus na bláthanna ná raibh dé istigh de ráileachaibh iarainn ná i lár na dtithe ná an deataigh. Chuireadar aoibhneas orm; ach do chuimhnigheas annson ar an ngáirdín bocht uaigneach i ngéibhinn san chathair, gan baint le sgeul ná eachtra, le filíocht ná le draoidheacht saoghail na saoirse. PIARAS BEASLAI.
Páid a' chóta. Spailpín fánach dob eadh é, ach diabhal pioc grádha bhí aige d'fhéar ná do mhóinfhéar riamh. B'fheárr leis salachar an bhóthair ar a bhróga ná glaine an mhóinfhéir. B'fheárr leis bolath an tobac agus an leanna 'na thíompall san tigh-tabhairne ná bolath an fhéir gheárrtha á thiormú. Seachtain dó ag obair is seachtain ag ól; annsan, thugadh sé na bóithre fada bána air féin, agus ní fheicfí san dúthaigh arís é, go ceann abhfad. Fear meán-aosta dob eadh é, an chéad uair chuireas- sa aithne air. E beag téagartha. Gruaig chinn liath air, agus corrán géill géar. Dhá shúil dubha dhoimhne aige, agus iad á gceilt nach mór ag malaí ruainneacha. Rian an ólacháin ar a aghaidh. Bhíodh sean-chaipín ar a leath-cheann aige, agus carabhat dearg salach fé n-a mhuineál, de ghnáth. Bríste cianaosta caithte de chórda an Rí air. Ach a chóta! Cóta mór dob eadh é, tráth, do réir deallraimh - cóta mór saighdiúra. Do gearradh an leath íochtarach de, uair éigin, chun cóta geárr a dheunamh de. Níor bhfeas dúinn riamh cé'r dhíobh an spailpín úd. Níor innis sé dhúinn cé'n sloinne bhí air. "Páid a' Chóta" thugaimís air, nuair ná bíodh sé ag éisteacht, agus "Páid" nuair a bhíodh sé i láthair. Bhí sé san Arm Gallda, tráth, adubhairt sé. Throid sé i gcoinnibh na mBúrach, agus thug sé a thamall ar slógadh, san India agus san Eigipt. Seadh, bhí sceulta le h-innsint aige ach gan fonn air iad d'innsint. Badh chuma agus é ar meisce féin; ní raibh sé tugtha do'n chainnt.
Má bhí creideamh aige, níor nocht sé dhúinn é. Séipéal ná Eaglais ní thaithigheadh sé i nár ndúthaigh- ne ar aon chuma. Ní bhéadh fhios againn gur Chríos- tuidhe féin é mara mbéadh go n-airighmís uaidh go minic an focal so : "Fág fé Dhia é." Cúis grinn dúinn an abairt sin riamh. Ba gheárr gur bhaist áilteoirí an bhaile "Páid na bPaidir" air. Ach bhíodh a chóta ait le feiscint againn i gcomhnuidhe. Tar éis tamaill, chuaidh "Páid na bPaidir" i n-éag, mar ainm, is do mhair "Páid a' chóta." Ach tá an dubhachas agus an subhachas suidhte i n-aice a chéile i gcroidhe an duine : bíonn an magadh agus an dáiríreacht, an grádh agus an ghráin, ag deunamh uainigheachta ar a chéile; agus tagann an gol ar shálaibh an gháire. Mar sin dúinne, sa mbliain sin na troda in Eirinn, an bhliain d'aois ár dTiarna a naoi gcéad déag is fiche. II An samhra bhí ann, is bhí an troid ag dul i ngéire. Toisc gur Ghaedhil na comhursana uile níor ghádh dhúinn ár mbéil d'iadhadh agus sinn le chéile. Ar an adhbhar san, ba mhinic mé féin agus Páid ag cainnt sa mhóin-fhéar - nó, badh chóra dhom a rádh, mise ag cainnt agus Páid ag éisteacht. Do thárla gur dóghadh Tigh-Uachtair sa chomhar- sanacht. Bhí roinnt scaireanna liom san Tigh-Uachtair sin, agus, nidh nárbh iongna, ní ró-shásta a bhíos nuair d'airigheas an sceul. Dhírigheas ar spidiúchán agus ar cháineadh na nGall. Bhí Páid ag féachaint orm agus gan focal as. Stadas. Do labhair Páid. "Beidh gach rud sa cheart ar ball," ar seisean. "Fág fé Dhia é." "Seadh," arsa mise, agus an searbhus ag gabháil feidhme orm. "Is ró-fhada d'fhágamar Eire fé Dhia. Agus is deallramhthach gur fhág Dia fé sna Gaill í. Eatorra uile tá an sceul go h-olc."
"Fág fé Dhia é," arsa Páid arís, de ghuth réidh. Sháitheas mo phíce sa bhféar arís is d'oibrigheas romham go feargach. B'éigean dom dul ar mo choimeád. D'fhágas sceula san tigh do Pháid á iarraidh air fanacht ann lem dhrifiúr go mbéadh an féar san scioból agus gach rud i dtreo i gcóir an gheimhridh. Mí ina dhiaidh sin, fuaireas sceul ó bhaile. Bhí an féar istigh agus bhí Páid san tigh fós. Badh mhinicí ná riamh é san tigh-tabhairne anois agus b'annamh gan é bheith ar meisce. Ach badh mhaith lem' dhrifiúr fear éigin do bheith sa tigh léi agus, dá bhrí sin, níor chuir sí an ruaig ar Pháid. Bhí an geimhreadh ag druidim linn. Chuaidh Risteárd de Paor abhaile, tráthnóna, chun a bhean d'fheiscint. Ní raibh ach tíompall ceathrú míle slíghe idir tigh Risteird agus mo thigh-se. Theastuigh uaim teachtaireacht a thabhairt dó i gcóir Mháire, ach d'imthigh sé i gan fhios dom. Ní raibh sé dhá uair a' chluig san tigh léi nuair a bhuail na Dubh-Chrónaigh an doras isteach. Tógadh amach é. D'airigh a bhean na h-urchair á scaoileadh. Fuarthas corp Risteird cois claidhe ar maidin. Bhí luigheachán le bheith againn ag Léim-a-rí. Bhíomar ag feitheamh ann le h-uair a' chluig. Mara mbéadh ár lucht faire bhí deire linn. Bhí fhios ag an namhaid sinn do bheith ann agus bhíodar ad iarraidh teacht ar gach taobh dínn nuair a thug an lucht faire an rabhadh dhúinn. Agus sinn ag cúladh, do marbhuigh- eadh duine d'ár mbuachaillí - buachaill óg do bhíodh geal-gháiriteach de shíor. Bhíomar uile go trom- chroidheach an oíche sin. Go deimhin, bhí lúb ar lár, bhí spiaire i n-ár measc. III Tháinig sceula ó bhaile arís. Dob annamh Páid san
tigh anois, dubhairt mo dhrifiúr. Thíos san tigh- tabhairne ag ól ó mhaidin go h-oíche a bhíodh sé. Bhí ráflaí ar siubhal ag na comharsain leis - connacthas Páid ag cainnt le Sáirsint na nDubh-Chrónach, lá; uair eile, tháinig an Sáirsint isteach san tigh-tabhairne agus d'iarr sé ar Pháid ól leis. D'fhan an bheirt díobh ag ól le chéile go dtí go raibh sé go déanach amach san oíche. Tháinig Páid abhaile agus é ins na stártha meisce. Bhí fíoch agus fearg im' chroidhe, agus droch-amhras agam ar Pháid leis. Dá mb'é a bhí cionntach i mbás an Phaoraigh? Ach conus dob fhéidir é dheimhniú? Is deacair do dhuine gan gunna cur i gcoinnibh Dubh- Chrónaigh, agus ní thógfainn ar Pháid an tamall a chaith sé leis an Sáirsint. Mar sin féin, chuireas sceula ag triall ar mo dhrifiúr á iarraidh uirri Páid a chur chun siubhail láithreach bonn. Tháinig an freagra. Ní imtheochadh sé. Agus, nuair d'eirigh mo dhrifiúr i bhfeirg agus gur chas sí leis go raibh droch-amhras air, níor dhein sé ach an gnáth-fhreagra a thabhairt uirri : "Fág fé Dhia é." Do shéan na comhursana Páid as san amach. Ní bheannuigheadh aoinne dhó anois, agus do dhruideadh na buachaillí-oibre eile uaidh nuair a bhuaileadh sé umpa. Thuig sé a sceul. D'eirigh sé níos doicheallaighe ná riamh, dá mb'féidir san. Ní labhradh sé lem' dhrifiúr a thuille, agus níor iarr sé aon airgead uirri arís. Do luigh sé isteach ar an ólachán agus is mó píosa geal airgid - pé áit go dtáinig sé as - a chuir sé thar chúnntar an tighe-tabhairne an geimhreadh sin. IV Bhí cruinniú againn i dtigh Mhic Chárthaigh seachtain roimh Nodlaig. Bhíomar ag cur is ag cúiteamh féachaint cad a dhéanfaimís le Páid. B'áil le beirt den chuid- eachtain é mharbhú láithreach. Ach ní raibh cúis
a dhaortha againn. Ní raibh droch-amhras againn ar aoinne eile agus ba léir go raibh spiaire san dúthaigh. Bhíomar ag áiteamh nuair a buaileadh ar an ndoras. Isteach le beirt de'n lucht faire agus príosúnach aca. Páid a' Chóta a bhí ann. A dhá láimh sáitte síos ina phócaí aige. A shean- chóta fillte thar a ucht aige. A cheann cromtha agus cruit ar a dhrom. Cadé mar atharú a bhí tagaithe air! Dhá shúil bholgacha anois aige. A ghiall ruainneach agus a aghaidh stríoctha deargtha ataithe ag an ólachán. "Tháinig sé chughainn," arsa duine de sna gárdaí, liom. "Tusa atá uaidh." D'imthigh na gárdaí amach arís. Tháinig Páid anall i dtreo an bhúird ag a rabhamar. Thosnuigh Páid ar a sceul. I gceann uair' a chluig, bhíomar i n-aice le Bearraic na nDubh-Chrónach. Bhí am mhairbh na hoíche ann. Shleamhnuigh cuid d'ár ndream isteach ins na tighthe ar aghaidh na Bearraice amach. Chuaidh an chuid eile dhínn mórdtíompall go rabhamar taobh thiar den Bhearraic. Bhí an Ceann Briogáide agus mé féin ar an ndream sin, agus bhí Páid a' Chóta linn. Ní raibh aon tigh lastiar den Bhearraic. Ní raibh de chosaint againn ach claidhe beag a bhí tíompall dhá chéad slat amach ón mBearraic. Siúd linn ag lámh- ancán go dtí an claidhe. Labhair an Ceann le gach fear i gcogar, agus teasbáin a ionad agus a ghnó ar leithlig do chách. Nuair a bhí gach nidh i n-eagar aige, shleamhnuigh sé thar n-ais mar a raibh Páid agus mé féin. Labhair sé liomsa ar dtúis. Annsan, d'iom- puigh sé chun Pháid. "Maran fíor a ndubhraís," ar seisean, "tá bás gan taise i ndán duit." "Ar mh'anam gur fíor," arsa Páid, "níl ach an seisear díobh ann, agus níl an meaisín-ghunna aca anocht."
Annsan do dhruid an Ceann cúpla slat anonn uainn. D'fhéachas ar Pháid. Bhí a ucht leis an gclaidhe agus a dhá shúil dubha dírighthe ar an mBearraic aige. Annsan, do séideadh an fead, is thosnuigheamar ag scaoileadh. Ar leagadh na súl, tháinig an freagra. Tré ghlór na ngunnaí d'airigheas an glór eile. Rat-tat! Rat-tat-tat! A Dhia na ngrást! An meaisín-ghunna! Ghluais Páid de léim thar an gclaidhe. Siúd ag rith é i dtreo na Bearraice. Bhí meascán mearaidhe im cheann ar feadh nóimit. Annsan do scaoileas fé. Ró- dhéanach arís! Ní fhéadfainn é fheiscint a thuille san dorchadas. "Leanfam de," arsa'n Ceann, agus tháinig na focail go fíochmhar tré na fhiacla. "Is cuma liom an Bhearraic anois, má gheibhim Páid a' Chóta anocht." Bhí an Bhearraic dhubh ag eirighe mar sgáil in áirde sa spéir. Istigh san sgáil sin bhí na beara dearga ag bladhmadh gan sos gan staonadh, á theasbáint dúinn cá raibh na fuinneoga... Do ghéaruigh ar an gcath. Fuaim na ngunnaí im' thíompall. Glór na n-urchar ag feaduíol os ár gcionn nó ag bualadh i gcoinnibh na Bearraice. Fothram na bpléascán ag briseadh tré sna fuinneoga is ag raobadh an tighe istigh. Agus thar gach fuaim is fothram d'eirigh torann crith-eaglach an mheaisín-ghunna a bhí ag stealladh na n-urchar te díreach 'n-ár gcoinnibh-ne... Do bhladhm splannc teine go h-árd na spéire. Chonnac an falla lom dubh a bhí stríoctha ag na h-urchair. Chonnac na fuinneoga briste agus na dallóga iarainn a bhí raobtha ag na pléascáin. Chonnac na slinnte ag tuitim de bhuaic an tighe mar ar bhuail pléascán é annsan díreach. Chonnac sa bhfuinneoig ós cionn an chúl-dorais, an
meaisín-ghunna uathbhásach úd a bhí ag scaoileadh fós fúinn. Chonnac na gunnaí á síneadh tré sna dallóga briste. Chonnac an ghabháil féir tré theine ag cúl- doras na Bearraice. Agus chonnac an duine ag caitheamh tuille féir isteach san teine sin... Thuit an duine isteach san lasair! Bhí an cath ar siubhal i gcomhnuidhe. Bhí an solas anois againn. D'aimsigh gach pléar ceart-lár fuinneoige. Bhí na pléascáin á radadh isteach tríd an teine sa chúl- doras... Sháitheas tuille pléar isteach im' ghunna agus theannas ar an scaoileadh arís... Stad an meaisín-ghunna de'n scaoileadh. Diaidh ar ndiaidh, stad na gunnaí istigh. Cuireadh gunna amach tré fhuinneoig. Ar bharr an ghunna bhí an brat bán ar crochadh. Bhí an Bhearraic gabhtha againn. VII "Mara mbéadh gur chuaidh an tigh tré theine orainn, ní thiocfadh libh sinn a ghabháil," arsa'n Sáirsint linn, nuair a bhí na príosúnaigh go léir bailithe lasmuigh de'n Bhearraic againn. "Dála an scéil," arsa'n Ceann linn, "cé las an teine?" D'fhéachamar ar a chéile ag lorg an fhreagra. Le n-a linn sin, tháinig ceathrar d'ár mbuachaillí agus corp á iompar eatorra ar chóta-mór. D'fhágadar ar an mbóthar os ár gcomhair amach é. "Fuaireamar ins an teine ag an gcúl-doras é," arsa duine acu. D'fhéachamar ar an gcorp. Níor fhág na lasracha pioc den éadach air. Bhí an corp dubh dóighte, agus bhí bolath na feola dóighte uaidh. Ach níor bhain an teine leis an aghaidh. Bhí na malaí ruainneacha ag ceilt na súl ndubh fós. Agus bhí mion-gháire na síochána ar na ceannacha. B'é Páid a' Chóta a bhí ann.
"An raibh aithne agat ar an bhfear seo?" arsa'n Ceann leis an Sáirsint. "Bhí sé sa chomplacht chéadna liom san India," d'fhreagair an Sáirsint. "Cara dílis dom dob eadh é. Nuair a bhuail sé umam annso dhá mhí ó shoin, bhínn ag tathant air teacht san Chonstáblacht liom, ach ní thiocfadh. Tuigim anois cé'n fáth. Duine ded' fhearaibh-se dob eadh é, ar feadh an ama." "Bé ba bhun leis an mBearraic seo d'ionnsuidhe. Agus, ós rud é gurab é a las an teine, bé ba bhun leis an mBearraic do ghabháil. Duine dem fhearaibh-se feasta é... Ach, innis dom so. Cé'n fáth gur innsis do go mbeifeá féin agus fiche fear, agus an meaisín- ghunna libh, ag dul go Béal an Rátha anocht?" "D'innis sé san duit? Dob fhíor do é. Bhíomar ar tí imtheacht nuair a tháinig an sceul á rádh ná beadh gnó aca dhínn." Bhí gach rud soiléir dúinn anois. D'árduigheamar corp Pháid agus thugamar an bóthar ó thuaidh orainn. Solas an bhuadha a bhí ar lasadh inár súile tamaillín ó shoin, bhí sé múchta anois ag dubhachas agus dubrón. Gan focal as aoinne againn ach ár gcinn cromtha fúinn agus sinn ag siubhal romh- ainn go brónach buaidheartha. D'adhlacamar Páid a' Chóta, an mhaidin sin, ar thaobh cnuic... VIII Tháinig an tsíocháin. Lá 'le Muire, d'árduigheamar corp Pháid agus thugamar aníos chun na reilge é. Tháinig na daoine ó chian is ó chomhgar, agus ghluais na céadta óglach síos an tsráidín go mall mileata i ndiaidh na comhrann. Tá Páid ina luighe go sámh indiu le h-ais Risteird de Paor, san reilig thíos. Leabacha Fíníneach i bhflaitheas Dé go raibh ag a n-anaman araon. Seachranaidhe.
Máirnéalach. Ar mo tharraing im réim fé dhéin mo thailimh dhúthchais, Cathracha méithe im dhéidh as amharc dúnta, Is labhartha béil, nár fhéad mo theanga a lúbadh, Sgartha lem mhéin do réir mar chasainn cúl leó; Ar an ngainimh do shéid an ghaoth mo bharc i bhfionntar 'S do chailleas mo ghréithre 'n tsaoghail is gach ar shiubhail liom, Do stracas an t-éadach féin i nglaic na dtonntha, Is, a-bhaile dá éis do éaluíos dealbh dubhach bocht. Seadh, casaimís tréimhse ar raon an tseanadhúthchais. Na mairbh le séada 'on chré do chalmthionnlach, Blaiseadh na gcaoltsruth céille, is dearbhsgrúdadh Ar bheartaibh an tsaoghail 's ar éag na ndragan n-ionnraic. Aithiris sgéal don tréad cois teallaigh bhrúchtaigh, Eachtraí strae agus éachta seanamhúirne A chasann ag déanamh paéir den anam chúthail, Cleasa agus claonta is baosradh leathdearmhadtha. Aisling ar ghléire an tsaoghail i ngallathriúchaibh A leathann a léinte ar sgéimh na mara fútha, 'S a phreabann go héasga ar théacht na maidne chúcha, Samhail na n-éacht do dhéanfadh Garadh Glúingheal. Is mar bharra ar an sgléip, an chaor i ngar do mhúchadh, Lagadh ar an ngaéith chun séimhe i gcrannaibh dubha 'muigh, An ghealach do sgéidhe fiargnéitheach trasna an rúma Don bhaile bheir séan is gléire 'on talamh dúthchais. - Torna. (ex Adolf Schírmer.)
An Marbh 'na bheo. Caithreim an Innill. Cuig neomaití chun na huaire! Tá a huain buailte léi. Tagann ana-fhuadar agus ana-shuatha fé lucht an stáisiúin : tá paisigéirí ag rith, bagáiste dá thiomáint, doirse dá ndúna, slán dá fhágáil, lámha dá gcrotha. Fanann sí féin ciúin i gcomhnuí. Seo fé na déin anois an tiománaí, a chulaith gorm smeartha le híle, a chaipín bog anuas ar a éadan. Árduíonn sé é féin go mall maordha ar an láithreán agus tosnuíonn sé ag méaracht na bpíobán agus na gcomhlann. Seo 'na dhiaidh an giolla a bhí go dtí so ag stealla íle isteach inti agus ag cimilt cirte smeartha le n-a cruaidh i dtreo go bhfuil sí lonnrach soillseach anois. Leis sin, osclann an tiománaí comhla an phíobáin agus gluaiseann sruth gaile tríthi agus critheann sí mar do chrithfeadh rud beo le neart imní agus binibe chun an bhóthair. Tá sé in' uain anois! Leigeann an gárda fead as, beartuíonn sé an brat uaithne, dúnann sé an doras deireannach. Caitheann an tiománaí na comhlaí go léir ar oscailt, rúisceann an ghal léi trés na píobáin, gluaiseann na rotha móra ar aghaidh, agus le saothar is le creathán beodha sceinneann sí amach chun bóthair. Tá an t-inneall i mbeo-riocht airís, tá an bheatha tagaithe na géagaibh móra agus scuabann sí an traen léi amach as an stáisiún mar féach "an marbh ba mharbh is beo do bhí." Tá taistealaithe ann agus ó mhéid a dtaithí uirthi, ní hiongantas leo an ghluaiseacht seo na traenach, an aithbheochaint seo an innill. Ach am' thaobh-sa dhe is cúis áthais agus ócáid iongna dhom gach uair a chím an rud mór marbh ag teacht na bheathaidh
airís agus ag léimt amach ar an mbóthar chumhang atá ar síne roimpi na mílte míle slí. Féach í na lán- tsaothar anois! Féach mar a rúisgeann sí an bóthar fúithi, mar a leadrann sí na rálacha iarainn! Féach mar a chritheann sí ó bhun bárr, mar a luascann sí ó thaobh taobh, an mhíorúilt seo an luathais agus na comhachta. Gearrann sí a slí tríd an spás, fágann sí 'na diaidh bailte agus áitreabh daoine, léimeann sí thar aibhne, tollann sí tré shléibhte, ar aghaidh léi i gcomhnuí. Agus níl ach an bheirt fhear na feighil, a súile greamuithe ar an mbóthar cumhang, a lámha réidh ar phíobán is ar roithín, loinnir na teine ortha, losca an teasa ortha, iad ag léimt agus ag luasca le gach léim agus luasca a chuireann sí dhi; agus fós leigeann siad breis fuinnimh agus breis comhachta léi go dtí go screadann an ghaoth na timpall, go gcritheann an talamh fúithi, go bpreabann na mílte slí taobh thiar di. Cad é mar áthas mheisgiúil, bheith ar láithreán innill agus í ag rúsca léi mar sin tríd an spás! Sea agus i ngach áit a shroiseann sí, tagann an fuinneamh agus an saothar céadna. Féach an stáisiún seo romhainn atá 'na luí 'na thoirchim shuain go dtí go gcuireann sí roimis foláireamh agus fógra. Ar leaga na súl tá rith agus ruaille mar a raibh mairbheacht. Gluaiseann, mar adéarfá, gaoth an fhuinnimh agus an tsaothair amach aisti agus tagann bruid mar a raibh trom-shuan. Dúisítear, rithtear, curtar allus. Ansan le fead agus le beartú brait tá sí chun siúil airís. An dé bheatha do thug sí léi san áit mhairbh seo, beireann sí léi airís í 'na caithréim tríd an tír agus tuittear i suan arís. Agus is caithréim i ndáiríribh aici é! Scuireann an sclábhuí dá theasc sa ghort chun ionga do dhéanamh di. Arduíonn na leanbhaí béic agus gáir áthais ar a druidim leo ar dhroichead. Sciúrdann na capaill is na ba sa pháirc ar gclos a teachta dhóibh, agus an coinín cúthail a mheall an ghrian amach as an bpoll chun a
ghora dhéanamh, sceinneann sé leis tharnais nuair a mhothuíonn sé an talamh ar crith fé bhuillí na roth mór. Tuiteann an doircheacht uirthi ach is cuma léi san; ní chuireann sí moill neomait uirthi. Dhá shúil mhóra ar lasa ar tosach, súilín uaithne ar thaobh di, súilín dearg ar an dtaobh eile, leanann sí dá caithréim. Tá an ghal 'na hearball fada 'na diaidh agus ó am go ham nuair oscaltar an cúm mór istigh, féach mar a dheargann bladhm na teine an ghal san. Uaireanta eile, léimeann na spréacha teine aisti i n-áirde agus seo tor aitinn nó fraoch tirm 'na lóchrann dearg 'na diaidh chun a thaisbeáint gur ghaibh ollphiast mhór éigin an tslí ag réaba aeir, ag leadra tailimh agus ag scaipe na teine na timcheall. Ach i ndeire na dála tagann tuirse uirthi. Mothuigh- tear leisge éigin ag teacht ar chasa na roth agus traocha éigin i saothar an innill. Ní fada uaithi, áfach, deire an turais. Amach ag bun na spéire chítear loinnir ar scamaill ó shoillse na cathrach agus i ndiaidh ar ndiaidh téigheann an loinnir sin i ngile agus i soiléire. Tosnuíonn na sráideanna ag rith amach chúichí ag síne mar adéarfá géag fada chun í fhásca. Deinid na tighthe cumhangrú ar an mbóthar iarainn. Níos maille agus níos maille fós a chasann na rotha, téigheann an chomhacht go léir i luighead. Siúd an stad ar oscailt os a cóir go soillseach geal, agus árdáin fhada, dubh le dacine. Sleamhnuíonn sí isteach. Stadann. Tá deire leis an gcaithréim. Ar ball cuireann sí puth beag gaile aisti, gluaiseann sí le saothar fén ndíon, imíonn an teas agus an bheatha aisti, níl inti feasta ach rud mór marbh. Agus túirlingeann beirt fhear traochta tréith anuas di agus imíonn siad tríd an oidhche, a ndualgas déanta. Seamus O hAodha.
Rún na mara. "A Sheumuis, innis scéal." "Scéal! A Dhia caidé chuir sin in do cheann?" "Tá, mé bheith den bharamhail nach bhfuil máir- néalach ar bith gan neart scéalta agus eachtraí a bheith aige. Is beag fear acu a chonnaic mé ariamh nach raibh ábulta scéal maith substainteach croicneach a innse." "Ach le ceart ní máirnéalach mise; inneoin go bhfuil cleachtadh maith agam ar an fhairrge agus lámh mhaith agam ar bhád, ní máirnéalach mé." "Nach bhfuil tú 'do mháistir ar Theach an Bháid annseo agus 'do chaiptín ar bhád na tárrthála agus cinnte, cinnte is iomdha rud íontach agus rud suim- eamhail a chonnaic tú agus is iomdha gábhadh millteanach a ndeachaidh tú fríd. Cladach corrach clochach cósta so Thírchonaill agus bíonn cuid mór éadálacha ag teacht fá thír ann." "M'anam gur fíor duit agus cha deirim nach bhfaca mé saol cruaidh agus am leathtromach annseo amannaí. Bíodh fhios agat nuair a thig an ghaoth mhór agus an síon agus an stoirm agus réaplacha fairrge móire, bíodh fhios agat go mbíonn saol cruaidh annseo; ach san am chéanna níl fhios agam an bhfuil a dhath agam ar fiú scéal a thabhairt air." "Amaidigh! a dhuine. Innis dúinn an rud is íontaí a thárluigh riamh dhuit - an rud is mó a chuir eagla agus scannradh ort." Tráthnóna samhraidh a bhí ann agus bhí siad araon ina suidhe ar fhascadh Theach an Bháid ar Cheann an Dúin Mhóir. Bhí Arainn Mór agus Uaigh agus Gabhla agus na h-oileáin bheaga ina luighe amuich sa bháighe ar thaobh na láimhe clé agus Toraigh agus Innis Meadhoin
agus Innis Oirthir ar thaobh na láimhe deise. Bhí ladhara fada garbha clochacha an chósta sínte amach san fhairrge ar gach taobh agus na tonnaí móra ag briseadh ina n-éadan. Bhí long gaile le feiceáil amuich go h-árd sa bháighe i gcúl Bhuilg Chonaill agus ceann eile ag déanamh soir ar Thoraigh. Bhí soitheach seoltóireachta ag dul as amharc ag Ceann Aranna. Bhí an bháighe breacuithe le bádaí beaga agus le curaigh - cuid acu ag iascaireacht garbhánach le duirg láimhe, agus cuid eile acu ag tógáil potaí gliomach... Fá dheireadh tógaidh Seumus de Lap a cheann. Bhain sé smailc no dhó go láidir as an phíopa agus thoisigh air : "Creidim gur cuimhin leat an stoirm mhór a bhí ann deich mbliana 'gus an t-am seo. Badh é i dtús na stoirme sin a thárluigh sé. Bhí lá ciúin sochmaidhe ann - lá nach mbogfadh ribe ar do cheann - ach ina dhiaidh sin as uile, bhí cuma thláith liadranta bhuidhe ar an ghréin, agus ina chuideachta sin gan fáth gan siocair, dar leat, tháinig tonn íontach chorrach san fhairrge; agus amach idir tú as tráthnóna tháinig beochán beag géar gaoithe aniar andeas. "Tá an doineann air," arsa fear de na fir liom féin. "Le clap-sholus, d'imthigh an ceo agus an toit, ghlan an spéir agus las na réalta suas go cruaidh géar nimh- neach freisniseach ar bhallaí na spéire. Thoisigh an ghaoth a chruadhadh agus a ghéaradh agus a theacht ina cnapáin agus ina tonntracha. Ní tháinig mórán athruithe ar na tonnaí ach go dtáinig siad isteach ní ba tiugha agus gur mhó an trup a ghníodh siad. Agus anois agus arís go dtigeadh saoiste mór corrach isteach agus nuair a bhriseadh sé a chroidhe in éadan an chlad- aigh, bhéarfá mionna an leabhair gur urchar gunna mhóir a chuala tú. Bhí fhios agam féin go raibh an léan ag teacht agus go raibh an doineann agus an stoirm agus an géarbhach amuich thiar taobh ba thiar de bhun na spéire.
Ghéaruigh sé leis do réir a chéile i rith na h-oíche agus ar maidin bhí réaplacha gaoithe móire ann agus an fhairrge ag éirghe ar an fhéar. I dtrátha an h-ocht, tháinig Cormac, fear den fhuirinn isteach chugam féin agus dubhairt go raibh long bheag seoltóireachta faoi stiúradh mhire amuich sa bháighe agus go raibh cuma uirthi go raibh sí ag déanamh caol díreach ar an chladach. Amach linn. Bhí sí annsin taobh amuich dínn ceart go leor agus dar m'anam gur chuir sí ar sáith íontais orainn. Ní raibh cuma uirthi go raibh mórán ar cearr léithe no leis an chaoi a raibh a cuid seoltaí teannta uirthí, ach go raibh sí ag tarraingt ar an chladach agus gan í ach corradh beag as trí mhíle uainn, agus a léithéid de stiúradh mhire gan chéill ní fhaca mé ariamh. Cor-uair théigheadh sí suas chó lom sin ar an ghaoith go gcailleadh sí iomlán siubhail beagnach agus annsin bheireadh an ghaoth arís uirthi agus théigheadh sí thart go dtí go mbíodh trí cheathramha córach léithe; ach bunus an ama bhí sí ag strócadh léithe le gaoth taoibhe. "Is aisteach an fear stiúrach atá uirthi," arsa Cormac fá cheann tamaill bhig, "Níl cuma air go bhfuil sé ag brath iarraidh ar bith a dhéanamh í shábháil ar an chladach." "Ní maith atá fhios agam caidé déarfaidh mé léithe," arsa mé féin, "bfhéidir gur cascradh a corp agus nach bhfuil díon ar bith innti agus gur thréig an fhuir- eann í nuair nach raibh siad ábulta maith a dhéanamh léithe." "Ach d'amharc Cormac fríd na gloiní agus chraith sé a cheann. "Chím fear ag rotha na stiúrach," ar seisean, "agus tá a thuilleadh aca le feiceáil fosta ach níl cuma ortha go bhfuil siad ag bogadh ná ag déanamh dadaidh. Tá siad mar bheadh siad gan luth gan láthair. "Bfhéidir go bhfuil siad go léir ar meisce," arsa mé féin.
"Caidé faoi thalamh Mhic Dé a bhéarfadh ar an fhuirinn uilig a dhul ar meisce agus mórtas fairrge ann." "Cé bith atá ortha," arsa'n fear eile, "níl cuma ortha go bhfuil siad ag dul a dh'atharú cúrsa na luinge agus beidh sí ina cláraí ar an chladach. Má bhuaileann sí an cladach san fhairrge sin, féadaimíd ár mbeannacht a scaoileadh leo." "Amach linn go mear ina h-airicis," arsa mé féin. D'orduigh mé don fhuirinn iad féin d'fheistiú agus a dhéanamh réidh fá choinne na báighe. Rinneadar sin. Sáitheadh síos an bád go dtí go raibh a gob ag marc an láin-mhara. Nuair a fuaireamar ionad sháith- eamar amach sa lán-mhara í agus shuidh na fir ar na rámhaí agus tharraing siad an méid a bhí ina n-anam. Ba ghearr go rabhamar amach as na bristeacha agus annsin d'amharcamar thart go bhfeicimís cá raibh an long. "Bhí sí taobh amuich dínn agus í anonn agus anall mar bhí sí nuair a bhíomar ag amharc ón talamh uirthi. Thug sí coradh dí féin agus ba é an chuma a bhí uirthi go ndéanfadh sí cláraí dhínn. Níl fhios agam caidé ba chiontach leis ach tháinig eagla m'anama orm go rithfeadh sí isteach sa mhullach orainn. Scannruigh mé agus tháinig cineál de chrith-eagla orm roimpí, agus d'aithin mé go dtáinig an eagla chéanna ar an chuid eile de na fir. Rinne mé mo dhícheall leis na fir a ghríosadh. Scairt mé gan eagla bheith ortha ach iomradh leo go géar, go gcaithfimís a dhul fhad léithe sul a dtiocfadh sí ró-fhada isteach. Níorbh 'fhada go rabhamar aici agus leig mé féin scairt asam ach níor tugadh freag- ra ar bith orm. "Ní thiocfadh liom duine ar bith fheiceáil ach fear na stiúrach. Bhí seisean ina sheasamh ag an rotha agus bhí rud éigin ina chrochaíocht nach rabh óraice. Bhí an hata tarraingte anuas in sna súile air agus bhí sé ina luighe crom ar an rotha mar bheadh fear ann a bheadh ro-thuirseach le seasamh uaidh féin. Bheireadh
an long gach aon luascadh do agus ní raibh fhios cén bomaite a thuitfeadh sé. Scairt mé ath-uair ach ní rabh gar ann; níor tugadh freagra ar bith orm. Chuir seo tuilleamh íontais orainn. "Nár dhubhairt mé leat go rabhadar go léir ar meisce?" arsa Cormac. "Cá bhfuil an chuid eile acu?" "Tá siad ina suidhe le h-ais an chábáin ar thaobh an fhascaidh." "Bhí an long ar shéala casadh eile a thabhairt agus scairt mé féin le na fir bualadh fútha, agus nuair a rachadh sí tharainn go rachaimís suas faoi n-a ceath- ramha ar thaobh an fhascaidh. Rinne, agus nuair a thangamar ar amharc thaobh an fhascaidh, chonnaic mé féin beirt fhear ina suidhe le h-ais an chábáin. Bhí leabhar ag fear acu ina ucht agus é á léigheamh agus a hata tarraingte anuas in sna súile air, díreach cosamhail leis an fhear a bhí ina sheasamh ag rotha na stiúrach. Bhí sé ag luascadh anonn agus anall. Bhí doruga amuich ar a deireadh ag an fhear eile agus cuma air go raibh sé ag faire go géar ar an doruga chéanna. Bhí an hata tarraingte anuas ins na súile airsean fosta agus é ag bogadaigh agus ag luascadh anonn's anall agus aniar agus siar leis an luing. D'amharc mé féin ar Chormac agus arsa mise leis: "Ní gnáthach le fir mheisce a bheith ag léigheamh." "A dhuine, tá siad ar dearg-mheisce. Tá a gciall agus a gcéadfaí caillte acu. Tá siad as a meabhair. Níl fhios acu caidé tá siad a dhéanamh," arsa Cormac. Chraith mé féin mo cheann agus scairt mé ar an fhear tosaigh an cábla a chaitheamh chuca go gasta sul a dtiocfadh barraíocht siubhail uirthi le sinn cois a choinneáil léithe. "Fainic thú féin." arsan fear tosaigh ar a shean-scairt agus leis sin chaith sé an cábla agus d'fhág sé ina luighe in ucht an fhir a bhí ag léigh- eamh é. Ach dheamhan bogadh riamh a rinne aon duine
acu ach ag bogadaigh anonn's anall agus ag luascadh leis an luing mar bheadh daoine ann a mbeadh an galar creathach ortha. "Leag air!" arsa mé féin "caithfimíd a dul ar bord ar an artharach sin go bhfeicimíd caidé tá ar cearr." Luigh siad ar na rámhaí agus shín siad iad féin agus tharraing ach aon bhuille fada mar bheadh fuireann rása ann. Bhíomar ag taobh na luinge arís i bhfaiteadh na súl agus léim an fear tosaigh ar bórd agus rith sé siar go deireadh leis an chábla. Chuamar uilig ar bórd agus ceangladh an bád go maith sul ar h-amharcadh caidé bhí cearr le fuireann na luinge. "Annsin thionntuigh mé féin thart agus rug mé greim gualann ar fhear na stiúrach agus bhain mé crathadh as. Thuit an ceann siar go tapaidh leis an chrathadh a thug mé dhó; thuit an hata dhe agus- ní dhéanfaidh mé dearmad fhad is bhéas mé beo ar an amharc a fuair mé air. O! a Dhia! an dreach agus an chuma a bhí air! Cubhar glas liath tirim ar a bhéal agus dath salach bruighte idir a bheith buidhe agus glas ar a aghaidh. Bhí na lámha ceangailte de spócaí an rotha agus bhí an corp ceangailte fosta sa dóigh nárbh' fhéidir dó tuitim is cuma caidé'n corradh a chuireadh an soitheach dí. Thug mé an dara léim go dtí an bheirt a bhí ina suidhe le h-ais an chábáin agus fuair mé iad-san ceangailte fosta agus iad marbh - ceangailte sa dóigh go dtabharfá fíor-mhionna an leabhair go rabhadar ina suidhe annsin go socair sámh dá mbeitheá giota uatha. "D'amharc mo chuid fear orm agus cuma scann- ruithe eaglach ortha. Ghearr mé na téadaí den fhear a bhí ag rotha na stiúrach agus chuir mé fear de mo chuid féin i gcionn na stiúrach. Bhí an doineann ag géaradh agus ba é an chuma a bhí orainn go mbéimís inar ngiotaí ar an chladach roimh chúig bhomaite mara n-éirigheadh linn í choinneáil suas chun na gaoithe. Righ- eamar scód an tseoil mhóir agus rinne fear na stiúrach
a dhícheall agus thug sé a h-aghaidh ar Ghob na Dumhcha. "Annsin tharraing mé m'anál agus chuaidh mé síos sa chábán. Bhí lampa soithigh ar crochadh sa chá- bán agus é ar lasadh. Bhí buidéal agus cúpla gloinne ina luighe ar an urlár. Bhí beirt fhear ina suidhe ag an tábla. Leag mé lámh ortha... Bhíodar araon marbh agus an an-chuma chéanna agus an dath salach bruighte céanna ortha a bhí ar na fir a bhí ar uachtar. "Idir an bheirt ar an tábla, bhí píosa de pháipéar agus é greamuithe den tábla. D'amharc mé air agus seo an rud a bhí scríobhtha air : "Beatha agus Sláinte ó Chaiptín... "Chuaidh mé ar bórd ar an luing seo Dé Luain, an 15adh lá d'Fheabhra, ar a 3 a chlog tráthnóna. Thug mé deoch bhreagh bhríoghmhar do gach mac máthara ar bórd agus fuair mé íocaíocht mhaith ar a shon sin. Ní ólfaidh siad aon deor go bráth arís." Bhí fhios agam caidé a bhí ina intinn nuair adubhairt sé gur h-íocadh go maith é mar nuair a dhearc mé thart agus nuair a chuarduigh mé an long ní raibh a dhath ar a corp - bhí gach rud goidte... Ní chualathas trácht ar an fhoghlaí mara seo roimhe nó ina dhiaidh ó shoin... Ach an dochtúir a scrúduigh an stuif a bhí sa bhuidéal dubhairt sé gur nimh a bhí ann agus go muirbhfeadh sé fear i ndeich mbomaite. Thug sé ainm mór fada coimhightheach air. Cartuigheadh an long chun an chladaigh d'ar gceart míle inneoin. Níorbh' fhéidir a sábháil ach thugamar an buidéal agus an leitir linn - agus na cuirp. Rinneadh a bhfaire agus a dtórramh agus a gcur go fiúntach, na créatúir. Ach caidé mar fuaradar bás? "Sin ceist a ndéanfaidh mise agus tusa rún uirthi; sin ceann eile de na rúin nach sgéitheann an mhuir mhór mhódhamhail sin amuigh." Alpha.
(Bunuithe ar sonnet do scríobh F. Ruckert, Gearmáineach.) A Ghabha na mbéam ngeal, innis dom féinig cad tá á dhéana' agat? Slabhraí tréana le neart is éifeacht agus beidh siad réidh anocht. Fóiríor géar-bhocht le scrios is daor-ghol sar a dtagfaidh bliain ó indiu, Is ort-sa féinig a cuirfar téada de sna slabhraí tréana so. A Thuataigh aonraic, abair d'aon ghuth cad tá á threabha agat? Talamh aolmhaigh ar a bhfásfaidh préamha agus tortha a bheathóchaidh stuic. Seadh! mo léar-ghoin is gheobhair ód' shaothar an méid seo áirimhím duit, Dras duit féinig le dúil á thaosga agus an síol dod' námhaid thar muir. A Fhiadhuí éascaidh, aithris féin dom cad tá á lámhach agat! Inneosad féin sin gan bréag ná éitheach, tá bás gan staon don mhéith-phoc. Maraon le méith-phoc nó fós le faol-choin agus deirim féinig sin, Go mbeidh sibh traochta is fé smacht ró-chéasta agus déanfar léir oraibh.
A Iasgaire is tréine, is duit nách baol dom ach cad tá á dhéana' agat? Líonta néata le moguil déanta ná leogfaidh d'éisg uaim scur. Mo chreach id' phiantaibh nuair a thiocfaidh céasa agus glaoch ón Aon Mhac ort, An bás dubh taobh leat agus tú chun éaga, cé dhéanfaidh réiteach duit? A Mháthair chaomh-rosc nea-chodlatach shéanmhar, cad tá á luasca agat? Buachaillí tréana ná béarfaidh bréaga is gan staona claoifid liom, Och mo mháchail! mar déanfaid beárna ort agus beid gach lá go tur, Tír a máthar dá gonadh aca láithreach agus iad fé námh- daibh dubh. A Fhile na héigse, cad iad na bréithre atá agat féin á scríbhe? I bhfocalaibh caora gheobhair uaim féin ann mo scanail shaolta fhíor. Seadh! ód bhéal mhilis go ndéanfar léir-scrios is do chéile tréigfar síor, Agus ní smaoinfidh éinne ar a shaoirse féinig ach bheith go tréith-lag daoir. DIARMUID O DUIBHNE.
Bhí gach éinne ana-shásta leis an gcaitheamh aimsire a thug Aisteoirí Ath Cliath dhúinn in Amharclann na Mainistreach an mí seo caite. Is ionmholta an iarracht a dhin Liam Gógan ar thalamh nua do bhrise leis An Saoghal Eile. Sa dráma beag san chuir sé roinnt mac léighinn ag argóint i dtaobh ceisteanna móra : ce'ca tá Dia ann nó ná fuil, ce'ca tá anam ag an duine nó ná fuil, etc. Do bhrathamair, áfach, nách comhrá a bhí ar siúl acu ach oráideacha beaga ina raibh téarmaí móra, téarmaí a úsáideann Béarlóirí gan puinn gá leo go minic; do béidir dul i bhfad níos doimhne in achrann sna ceisteanna móra san dá n-éamais. O n-a bhfuil léite againn ar na ceisteanna so ba dhó linn go bhféadfí cruthúnas sáthach láidir do dhéanamh, le hargóint, ar anam a bheith ag an duine, gan dul i muinín na seifte suaraí a tharraig an t-údar chuige, sé sin, duine den chuideachtain do bháth agus a sprid do thabhairt ar an stáitse chun a rá go bhfuil saol eile ann. Mar sin féin do thaithn an dráma linne, agus le furmhór a raibh i láthair, mar gur rud nua é, agus iarracht ar eirghe as an ngnáth-chúrsa. Maidir leis an aicteáil, bhí beirt nó triúr den bhfuirinn go maith ach bhí an chuid eile acu go lag - ní raibh an fuinneamh agus an ghéire sin ina gcaint ba dhó le duine a bheadh i gcaint mhac léighinn agus iad ag argóint go láidir i dtaobh nithe táchtacha. Ina theanta san tháinig an argóint ró-obann - ní bhain- eann sé le deabhramh go dtosnódh scata mac léighinn ar argóint den tsórt san díreach ar theacht isteach i seomra dhóibh. Aistriú ag Fíachra Eilgeach ar choiméide Béarla an tarna píosa : Ag suirghe leis an mbaintreach
agus is fearr a léiríodh é ná an chéad cheann. An taithí atá ag na hAisteoirí ar dhrámai grinn fé ndeár é sin. Ní raibh ach ceathrar ann agus bhí an cur-le- chéile eatorra ar fheabhas. Fear an Scéílín Ghrinn an tríú habhar a cuireadh ar an stáitse. Bhí fuinneamh agus luasca agus cur-le- chéile ar fheabhas san aicteáil o thúis deire agus, dá mhinicí a conacthas an dráma so cheana, thaithn sé go seoidh le gach éinne - níos mó go mór, is dó linn, ná aon choiméide eile dá bhfuil ar an gclár ag na hAisteoirí. Is leor san dúinn mar chruthú ar a fheabhas. Dá mbeadh ár slí féin againn chuirfimís fhiachaint ar Phiaras Béaslaí a lán drámaí eile do scríobh dhúinn. Ba mhór an t-ábhar dóchais dúinn go léir an chó- dháil de Ghaelaibh a thug Connra na Gaedhilge le chéile an t-ochtú lá d'Eanair na bliana so. Bhí an Connra ag dul i laige o ló go ló agus do tuigeadh nárbh fhada go mbeadh deire leis ar fad mara gcuirfí deire leis an meath. An deighilt atá idir lucht polaitíochta fé ndeár an laige sin ach nuair a séideadh an trompa dfreagair an dá dhream pholaitíochta go tapaidh agus do conacthas radharc nár mheasamair a chífí go deo arís : taoisigh an dá dhream ag teacht le chéile ar an aon láthair chun ceist mhór phuiblí do phlé chó maith is ná beadh aon achrann riamh sa tír. Chuir san i gcuimhne dhúinn an scoilt mhór pholaiticiúil eile a bhí ann nuair a cuireadh Connra na Gaedhilge ar bun. Ca bhfios ná go ndéanfidh obair na Gaedhilge mórán chun na cneathacha dearga atá ar Eirinn fé láthair do chneasú agus síocháin is aondacht do thabhairt tharnais arís dúinn? Pé scéal é, do cuireadh ar bun coiste atá ag obair go dian ó shin ad iarraidh plean do shocrú le n-a ndéanfar an Connra do láidriú agus do neartú ath-uair.
Táthar ag súil le rudaí móra ó Choimisiún so na Gael- tachta a chuir an Rialtas ar bun le déanaí. Sid iad na téarmaí tagartha : (I) Fiosrú do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabh- airt don Ard-Chomhairle ar an méid fén gcéad de chainteoirí nár mhór a bheith in aon cheanntar chun an ceanntar d'áireamh (a) mar cheanntar Ghaelach no (b) mar cheanntar bhreac-Ghaelach; agus ar fhairsinge agus ar shuidheamh na gceanntar san. (2) Fiosrú agus molta do dhéanamh i dtaobh na Gaedhilge d'úsáid i riara na gceanntar san, i dtaobh na gcóracha oideachais atá ionta, agus i dtaobh nithe ar bith ba chóir a dhéanamh chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine ionta. Tá leabhair Ghaedhilge líonmhar go maith le déanaí agus dá mbeadh a gcáilíocht chó mór lena líonmhaireacht ba mhaith an bhail orainn é. Leabhair scoile a bhfurmhór. Níl ach roinnt bheag acu san go mbeadh aon mhola mór ag dul dóibh fiú amháin mar leabhair scoile. Chó fada is théigheann leabhair nách leabhair scoile is ar éigin atá éinní á dhéanamh ag na Muimhnigh lasmuich den méid atá fágtha ina dhiaidh ag an Athair Peadaí agus atá ag teacht amach go tapaidh. In iarthar na hEireann tá Pádraic Óg O Conaire ag obair go dian. Tá trí no ceathair d'úrscéalta curtha i gcló aige. Béidir nách aon tsárleitríocht iad ach leitríocht de shaghas chomónta nár mhiste dhúinn neart de bheith againn fé mar atá ag lucht gach teangan eile. Tá roinnt leabhar fachta againn ó Chúige Uladh - ó Fhionn Mac Cumhaill agus o Mháire - agus is fiú go maith do dhuine iad do léigheamh. Leabhar ana-mhaith ar fad do dhaoine óga isea An Dochartach a scríbh Fionn Mac Cumhaill agus teastóidh na céadta dá shórt uainn i gcóir na ngarsún is na ngearrachaillí a bheidh ag fágaint scoile agus a ndóthin Gaedhilge acu chun blas d'fháil ar a leithéidí, ach gan a ndóthin di acu, béidir, chun
aoibhneas a bhaint as dánta Aodhgáin I Rathaille no Eoghain Ruaidh I Shúilleabháin. Tá Eireannach mór, an Dr. Seoirse Mac Sigir, tréis bháis. D'éag sé Dé Máirt, an 17adh lá den mhí seo caite, in aois a sheacht mblian is cheithre fichid, ina thig i Sráid an Chláir, i mBaile Atha Cliath. Tá clú mór ar dhoch- tiúirí na hEireann agus bhí an Dr. Seoirse Mac Sigir ar dhuine de sna daoine ba mhó ortha. Bhí eolas thar barr aige ar ghalair mheabhrach. Ach ní mar dhochtúir leighis is mó a thuill sé an cion agus an meas a bhí ag Eireannaigh air ach mar Eireannach ionnraic agus mar leon cosanta i ngach beárna bhaoil. Rugadh é i Holyhill, in aice an tSratha Bháin, i 1839, agus tugadh scolaíocht do i gColáiste na Banríona i gCorcaigh agus ina dhiaidh sin i mBaile Atha Cliath, agus i bPáras mar a raibh sé ag déanamh foghluma fén lucht eolaíochta, Charcot, Claude Bernard agus Duchenne. Chuir sé Béarla ar na leictiúirí a scríbh Charcot ar ghalair neirbhíseacha. Scríbh sé tráchtaisí ar The Need and Use of Village Hospítals, Political Prísoners agus Land Tenures sara dtánamair-ne ar an saol. D'admhuigh Glad- stone gur mhór an cúnamh do an tríú leabhar san chun cúrsaí Eireannacha do thuisgint. Scríbh sé ana- chuid aistí is dánta i mBéarla ar chúrsaí náisiúnta agus d'aistrigh sé go Béarla a lán de dhánta Gaedhilge na Mumhan. I 1897 foillsíodh Bards of the Gael and Gall, an obair leitríochta is mó atá againn ina dhiaidh. Bhí ana-shuim riamh aige in obair na Gaedhilge agus dhin sé cion fir riamh ag cosaint na teangan náisiúnta. Beannacht Dé len' anam!
Lúcián : An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach, S.P. d'aistrigh; Brún agus O Nóláin, Teor. ; 3s. 6d. Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha, Coda I., II., III., IV. ; an tAthair Peadar; Brún agus O Nóláin, Teor. ; 3s. 6d. ar gach Cuid. Críost Mac Dé, Coda 1. agus 11. ; An tAthair Peadar; Brún agus O Nóláin, Teor. ; 3s. 6d. ar gach Cuid. Is maith an rud go raibh an tAthair Peadar againn chun an ghnáth-Ghaelig do chosaint nuair ba bhaolach go gcuirfí i réim Gaelig a bhí in ainm bheith do réir na scanúdar agus ná raibh inti dáiriribh ach droch-aithris ar dhroch-Bhéarla. Cé go bhfuil an fear bocht san uaig le tamall maith, beannacht Dé len'anam! níl a shaothar litríochta go léir i bhfuirm leabhar fós againn - tá a leath le teacht fós is dócha. Cuid den tsaothar san na leabhair sin thuas a foillsíodh le déanaí. Níl aon eolas agam ar Ghréigis agus dá bhrí sin ní fheadar an aistriú cruinn beacht scoláiriúil ar Lúcián atá sa chéad leabhar san thuas, ach léitheoireacht ana-thaithneamhach isea é o thúis deire. Agallmha idir na déithe an chuid is mó dhe agus déarfadh duine go raibh an creideamh págánach lag go maith nuair a céad-scríobhadh iad mar níl puinn urrama dosna déithe le feiscint ionta. Abhar grinn do Lúcián iad, fé mar is abhar grinn do eirghe-anáirde agus mórchúis na ndaoine mór a bhí tréis bháis. Nuair a léigheas iad san Ibernian Journal fadó isé an t-aon locht amháin a fuaras ortha ná gur dhó le duine, in áiteanna, gur Corcaighig na déithe agus na daoine móra, mar gheall ar fhocail mar "airiú" agus "aililiú" a bheith ina mbéal acu. Sé rud fé ndéar é sin, is dócha, ná gan aon phríomh- chanúint no standárd a bheith saothraithe fós againn. Godí go mbeidh, is ar éigin a fhéadfimíd gan Muimhnig no Connachtaig no Ultaig a dhéanamh de dhaoine ná fuil aon bhaint acu le hEirinn. Do léigheas tráth ag údar éigin iasachta gan puinn creidimh, dáma ná beadh aon fhírinne sa tseana-thiomna, ná raibh aon
leabhar ab oiriúnaí ná é do dhaoine óga i dtreo go mbeadh tuairim éigin acu i dtaobh tosach an domhain. Sna scéalaidh- eachta so ón Athair Peadar faghmíd gach scéal fónta dá bhfuil sa tseana-thiomna ó chruthnú an domhain godí scéal Achab, mac mic Sholomoin, agus iad innste ar a nós cruinn soiléir féin. Ní gá cur síos ar fheabhas na scéal san. I lámhaibh chuid desna húdair mhóra, is baolach go bhfuil an scéal geairid ag cailliúint a bhun-tréithe. Is ar éigin is cóir "scéalta" do ghlaoch ar chuid acu mar is beag farra stuidéar ar aigne agus ar nósanna is béasa daoine áirithe bhíon ionta agus, dá dtéití ro-fhada leis sin, ní bheadh ionta ar ball, béidir, ach aistí aigneolaithe nua ar ghalair aigne. Scéalta den tseana-shaghas ar a bhfuil taithí againn atá sna Scéalaidheachta, scéalta go bhfuil tosach ceart ortha agus deire ceart leo agus iad lán de ghníomhartha. Sa Cork Examiner a bhíodar ar dtúis agus tá a lán eile acu le teacht amach i leabhair fós. Sna leabhair seo, agus i Lúcián, gheobhfar togha na Gaelge agus oiread ráite fada is shásóidh an té is mó fuath do ráite beaga snapacha agus oiread castaíocha cainte is shásódh gramadóir buile ar bith. Do scríbh an tAthair Peadar Lúcián agus na Scéalaidheachta nuair a bhí neart is sláinte aige agus fuinneamh ann dá réir. Bhí sé tréis an Bíobla go léir d'aistriú - ní raibh sé ach dhá bhliain á dhéanamh - agus bhí an bás ag déanamh air go tapaidh nuair a chuir sé roimis Críost Mac Dé do scríobh agus bhí sé nách mór aigh ar aigh leis an síorraíocht, agus breoiteacht air, le linn cuid mhaith den obair sin a bheith aige á dhéanamh. Tá a rian air : tá a stíl ana-lag anso is ansúd sa dá imleabhar so (tá ceann eile le teacht). Ach mar sin féin, níor thréig glaine is cruinneas bunaidh a chuid Gaelge in aon áit é - tá an dá ní sin le feiscint i ngach abairt aige chó soiléir is bhí riamh. Tugan sé tréan-iarracht ar an saol mar a bhí sé le linn an tSlánathóra do léiriú dhúinn fé mar a dhinid na húdair mhóra go léir san aimsir seo nuair a bhíon an t-abhar céanna ina dtráchtaisí acu. Ní nách iongna, ní har an taobh san is mó a luíon sé ach ar theagasc an tSlánathóra agus ar an mbrí atá leis, ní is tairfí go mór dhúinn, san aimsir seo an phágánachais nua, ná aon chuntas staire dá áilleacht is dá ghlé-bheócht a bheadh sé. Tá páipéar maith agus cló soiléir sna leabhair seo agus clúdaigh mhaihe cárta is éadaig orra. Coinneach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services