Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fé lán-tseol arís

Title
Fé lán-tseol arís
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
Clólucht an Bhranair Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


25 Márta 1925



Fé lán-tseol arís.



Nuair a tháinig An Branar amach ar dtúis
d'aithin gach éinne gur rud nua é i leitríocht na
Gaedhilge. Thug sé do scríbhneoirí caoi ná raibh
riamh acu ar a gceárd do chleachta, agus thug sé do
léitheoirí rud ná raibh acu go dtí san, irisleabhar in ar
dineadh iarracht ar leitríocht na Gaedhilge do shaothrú
mar a saothruítear leitríocht i ngach tír eile, gan aon
rian uirthi den nós tuatha a bhí ag cur cosc le teanga
líomhtha nua-aimseartha dhéanamh den teangain
náisiúnta. Thaithneadh sé go mór le lucht a léite,
agus bhíodh súil anáirde acu leis i gcomhnaí. Ach
tháinig cor sa tsaol, agus suatha agus corraí mór sa
tír dá dheascaibh agus ba dheacair aire cheart do
thabhairt do leitríocht. Ní hiongna nár fhéad An
Branar seasamh agus an scéal amhlaidh.



Ba thrua san lena lán daoine agus bhíodar ag cuimh-
neamh is ag machtnamh [o am go ham ar conus a
b'fhéidir an t-irisleabhar do chur ar bun arís. Tháinig
an chaoi sa deire thiar thall agus, tréis mórán duaidh
agus trioblóide, fuarthas meitheal d'oibritheoirí fonn-
mhara chun branar na leitríochta do threabha. B'iongna
linn an méid cabhrach a tháinig chughainn.



Táthar tréis cumann do chur ar bun chun féachaint
i ndiaidh na hoibre agus, má bhíonn idir scríbhneoirí
agus léitheoirí dílis seasmhach, níl aon amhrus againn
ná go bhféadfimíd an t-irisleabhar do thabhairt amach
go tráthúil uair sa mhí agus leibheul leitríocht na
Gaedhilge do chimeád chó hárd is bhí sé sa Bhranar
cheana, agus é dhéanamh níos aoirde fós, béidir. Beidh
slí ann do gach scríbhneoir Gaedhilge go mbeidh éinní
fónta le rá aige, d'ainneoin canúna. Fágaimíd fé sna
léitheoirí anois a rá ce'ca tá deabhramh le n-a bhfuil
ráite againn no ná fuil.


L. 2


An Gárlach .. A shean-athair, a Chéin, fóir orm.



Cian .. Cad é sin ort, a mhacáin?



An Gárlach .. Cíocras bidh, a dhaid chríona.



Cian .. Ocras, a leanbhaín! Cíocras bídh, adeirir.
Tú ag gol leis. Ná bí. Ní h-aon mhaith é. Níl ort
ach dála an tsaoghail uile. Ní díobháil é, ná galar é,
ná náire é.



Is mór é an t-ocras. Is comhacht é. Is treise é ná
teine. Bíonn an duine 'na mháighistir ar an teine ach
bíonn an t-ocras na mháighistir ar an duine. Is cruaidh
an máighistir é ach is tuigsionach. Tá rudaí agus ba
mheasa dhuit ort iad ná ocras. Tá teasbach nó sáthacht
nó díomhaointeas. Beir leat sin, a mhacáin, agus tuig,
agus ná goil. Sé an t-ocras do bhuac thar gach ní eile.
Dein freastal do agus sclábhaíocht do i n-allus do mhaoil,
agus saorfaidh sé thú ó mhórán uilc.



Sé an t-ocras is dán beatha dhuit agus ná bí 'á chásamh
sin óir ní dulta dhuit uaidh. A dtáinig romhat agus a
dtiocfaidh id' dhiaidh is don ocras a bheireadar agus a
bhéarfaid dílse agus dícheall. Ní féidir a mhalairt.
Sé an dlí bhunaidh é, sé an sár-mhian suthain é.



Féach féin, a ógáin, mór-chomhacht an ocrais ar
dhaoinibh, ar bheithíochaibh, ar éanlaithibh, ar chnumh-
aibh, ar iascaibh, ar chuilibh. 'Sé a chorruigheas iad
uile ón sámhán ba mhian leo. Féach féin an duine.
Is mian d'á mhianaibh gan saothar a dhéanamh ach
mar shaothar teasbaidh. Ní h-áil leis moch-thráth ná
deagh-thráth. Ní h-áil leis síor-shaothar ná síor-allus ná
síor-áitreamh. 'Sé is mian do, sámhán, agus síneadh
agus ithe an Lótuis agus sásamh a mhianta agus a
theasbaidh - 'na shodamán shámh agus 'na ghuagán
gaoithe agus 'na fhiadhaire feadha. Is é sin mian an


L. 3


duine. Braithim féin fós im chnámha agus im fheoil é
agus mé anois ar deire m'aoise. Is é do mhian-sa uile
é óir atá do chnámh bog agus t'fheoil óg. Is é mian na
mná úd é sa ghluaisteán shocair sin agus an cóta
fionnaidh á clúdach agus is é dóchas na mná úd eile
é atá ag féachaint uirri, agus ag formad léi toisc ná fuil
uirri féin ach culaith preabán i dtrucaill asail. Féach
uait an scrúille sin ag an gcúinne atá guala le falla ar
scur scíthe. Féach gach alt d'á chorp 'á scaoileadh féin
chun socrachta agus go gcuirfeá geall gur leasc leis
a lámh do tharrac as phóca a bhríste chun piúnt dighe
d'árdú chun a bhéil dá dtugadh duine do é tré mhearbhall
nó dí-chéille, agus dearc ded' shúil ar shluagh an tsaothair
ag fuadar is ag gluasacht sa tsráid sin amuigh, gur léir
duit imnidhe a gcroidhe i gcoisíocht chíocraigh a gcos.
Is éadmhar iad san le mnaoi an fhionnaidh róin ins an
ngluaisteán shocair mar b'é a mian mór féin bheith
mar ise agus a ngéaga do chosc ón síor-choisíocht chruaidh
is dán dóibh agus síneadh sámh a dhéanamh ar thulg
thaithnimh, mar do ghní sise, dar leo. B'é a mian uile
é, a mhacáin, bheith ag ithe an Lótuis nó ag cothú
teasbaidh. Ach féach féin, a ghiolla bhig, nach é sin
do ghníd ach an saothar cruaidh ar bhóthar mhí-chothrom
agus braonta alluis ar a ngruadh.



"Cumá ná téighid le h-ithe an Lótuis?" arsa tusa.
"Cad tá á gcosg?" arsa tusa. Atá, a mhacáin bhig,
an ní is treise ná a mianta uile eile 'á gcosg agus 'á
ngríosadh agus 'á dtiomáint. Tá sé 'na mbolg fé mar
tá sé it' bholg-sa - an t-ocras. Dá stadaidís den tsaothar
do phreabfadh an t-ocras chuca. Chuirfeadh sé é
féin i n-iúl dóibh. Déarfadh sé leo bogadh agus freastal
air féin. Mara ndeinidís do mharbhóchadh sé iad agus
b'in deire leo. Ach ní h-áil leis an duine deire bheith
leis. B'fhearr leis an cruadhtan agus saothar agus allus
ná suaimhneas an bháis. Dá bhrí sin téighid ag lorg
bidh chun an t-ocras do shásamh. Tréigid an sámhán
agus ní bhíonn géilleadh do thuirse aca. Tá mar sin


L. 4


ó thúis, a ógáin, óir dubhairt Dia leis an gcéad duine :
"In allus do mhaoil iseadh thuillfir do chuid;" agus
leis an mbreith sin do chuir Dia an duine ó ithe an
Lótuis, agus do chuir feasta é le saothar agus le duadh
agus le h-anacra chuirp. Agus chun go leanadh an
duine de sin do chuir Dia an t-ocras ar a thí; agus
féach, a mhic bhig mo mhic, nach 'na cheann a cuireadh
an t-ocras ná 'na chroidhe. Níorbh eadh, a mhacáin,
mar do líonfadh machtnamh an ceann agus do shásóchadh
áthas an croidhe, agus níor ghádh don chorp é féin do
shuathadh chun an t-ocras do shásamh. Do láithrigh-
eadh sa bhlog é, a mhacáin, mar is é an bolg máighistir
an duine agus máighistir a chroidhe, agus a inchinne.
Tá an t-ocras 'na mháighistir ar an máighistir sin.



Sin é cúis, a ghilín, ná deinid cách dála fir na gualann
le cúinne. Ní leigfeadh an t-ocras dóibh é. Isé a
ndícheall freastal ar an ocras san leis an saothar a
dheinid ag lorg bidh. Tiomáineann an t-ocras iad. Is
neart é. Is lasc é. Is bior brostaithe é, a mhacáin.
Sin é atá i ngreim ionnat-sa anois. Bíonn sé sa duine
ón lá beirtear é. Ach lean-se ded' chleas agus ded'
liathróid tamall beag eile. Déanfad-sa saothar beirte
trí dhúthracht duit agus soláthróchad do chuid-se fara
mo chuid féin. Do ghníthear mar sin tamall ar son
grádha, ach ní mhaireann an grádh agus bíonn a bholg
féin 'na chúram ar gach aoinne. Bean úd an chóta
fionnaidh : fuair sí duine do dhein saothar beirte ach
is daor an díol do bheir sí ar ithe an Lótuis, óir is é an
t-allus an ceannach is saoire do bheir duine ar a chuid
bidh. Fear úd na gualann le cúinne : ná bí i bhformad
leis, bíodhgfaidh an t-ocras ins na h-inní aige sin agus
caithfidh sé dul le saothar ar son bidh - nó dul le goid.
Más le goid a théigheann, trí ghrádh don leisce, bhéarfar
air, crochfar é, geobhaidh a chorp suaimhneas gan
briseadh. Ach ní h-áil leis an suaimhneas san agus
déanfaidh sé saothar. Tá an t-ocras 'na mháighistir
air.


L. 5


Is maith sin a bheith mar atá, a mhic bhig mo mhic,
óir féach féin a mbeadh d'olc imeasc daoine mara mbeadh
an t-ocras so. Dá mbeadh teasbach ar dhaoinibh ní
leigfidís d'á chéile fiú aon uaire. Nár léighis féin sa
stair gurbh áil leis an mbeirt ó n-ar geineadh sinn uile
bheith i gcomh-náird leis an Té Mór maille le h-ithe
bidh na h-aithne; agus tuig, a mhacáin, gurab é sin
tréith do lean dínn riamh gus indiu an tráth bhíos
dóthain gar dár lámhaibh agus flúirse dár ndingeadh
gan a cheannach le braonta alluis. Is mó a thagann
cogadh de bhárr teasbaidh ná de bhárr gorta agus nuair
tosnuighthear cogadh an teasbaidh 'sé an t-ocras a
chuireas críoch leis.



Ná bíodh, a mhacáin, aon olc agat chun an ocrais
mar is é do dhuine muinteartha é a chuirfeas ar do leas
tú féin agus cách eile má bheireann sibh an aithne is
cóir air. Is air sin atá foirgneamh beathadh an duine
tógtha. An té théigheas le h-ithe an Lótuis tuitfidh a
thigh air féin agus ní bheidh a cháil 'na dhiaidh. Ná
cáin an t-ocras, a mhacáin, ná goil fé. Is cóir é shásamh
agus bheith ag freastal air. Mara dtugair freastal do
marbhóchaidh sé thú.



Agus, a dhalta liom, féach-se an freastal do ghní
cách ar son sásaimh an ocrais. Féach an fear san agus
neart a chuirp aige 'á thabhairt fén mála guail sin d'fhonn
a ghoile a shásamh. Féach an fear sleamhain cíortha
san a thuilleann a chuid le géire a thuigsiona i gcúrsaí
díolta agus ceannaighthe. Féach an cailín siopa san go
bhfuil tuirse 'na cosaibh agus cráiteacht 'na croidhe
agus í a d'iarraidh gáire séimh a dhéanamh leis an mnaoi
sin a fhéachann gach rud ach ná ceannuigheann dadamh.
Féach buachaill sin na bpáipéar a dhíol - an preab atá
ann, an tsúil aibidh, an bhéic mhór. Féach sean-bhean
na mbláth feochta a dhíol, agus an cléireach san go
bhfuil rian an stóil ar thóin a bhríste. Féach an t-easbog
agus an hata árd síoda air, agus an síoth-mhaor ag an
gcros-tsráid agus an breitheamh ar an mbinnse. Féach


L. 6


bean fhir an ghuail i dtigh cumhang ag freastal ar a
fear agus ar a gasra leanbh. Féach bean an cheannaidhe
'na tigh uasal agus an crádh céadna uirri d'iarraidh a
cuid féin do riar. Féach an t-ughdar ag crádh a chinn
agus a mheabhrach d'iarraidh leabhar agus eolas agus
filíocht agus litríocht do shaothrú.



Féach iad, a mhacáin, agus meáidh cad a dhúisigheas
iad uile san tslí a ghabhaid. Cad a bheir ná gabhaid le
sáimhe agus le taithneamhaighe agus le sádhaile?
Ní amháin do bheir sin - as ní a thug ort féin gol agus
mairg a dhéanamh - ocras, baoghal an ocrais, eagla
an ocrais - máighistir an duine cholaidhe agus tríd sin,
ach beag, máighistir an duine spioraidighe.



An Seabhac.


L. 7


An Bhainríoghan Spéarthaid.



(Sgéal a chéad-cheap Alex. Pushkin sa Rúisis.)



Oifigeach airm go raibh dírim marcach fe n-a
láimh ab eadh Naroumoff. Do bhí gasra bailighthe
'n-a lóisdín oidhche gheimhridh áirighthe ag imirt
cártaí. Bhí an oidhche go léir curtha dhíobh acu ar
an gcuma san, agus bíodh a's go raibh dubhluachair
na bliana ann agus go raibh na h-oidhcheannta fada
go maith, is ar éigin a mhothuighdar an aimsir ag
sleamhnú thórsa, i gcaoi go raibh sé a cúig a'chlog
um an dtaca gur cuireadh an suipéar ar an mbórd.



Bhí an goile go maith ag cuid de'n lucht imeartha-
b'iad san an dream do dhein go maith ar na cártaí,
dar ndóigh - ach ní ró-mhór an t-ampladh chun an
bhídh a bhí ar a thuille de'n chuideachtain. Bhí cúis
leis an easba goile sin. I gcionn tamaill bhig, ámhthach,
do bhog fíon súileach na Frainnce a dteangthacha-san,
agus d'eirigh geoin chainnte mórthímpal an bhúird.



Do shín duine de'n chuideachtain a mhéar i dtreo
ógánaigh áirighthe agus do labhair sé le n-a chomhursain :



"Nách aisteach an mac Hermann san?" ar seisean.



"Níor chuir sé geall le h-aoinne riamh - ní h-eadh,
ach isé mo thuairim nár dhein sé oiread agus cárta do
ghlacadh ina láimh i gcaitheamh a shaoghail. Agus
'n-a thaobh-san is greann leis bheith ag féachaint orainn-
ne ag imirt na gcártaí go dtí a cúig a' chlog ar maidin."



"Ní h-amhlaidh atáim gan spéis do chur ionnta,
mar chártaí," arsa Hermann. "Ach is beag mo
dhóithin dom a bhfuil de mhaoin an tsaoghail agam.
B'fhearr liom greim do chimeád ar an mbeagáinín
sin, agus gan bheith ag brath ar an gcinneamhaint
chun breis do chur air."


L. 8


"Allmáineach iseadh Hermann," arsa Tomski, "agus
baineann sé teilgean as a chuid airgid. Sin a bhfuil
sa sgéal. Ach is í is mó a chuireann iongna ormsa 'ná
an tsean-bhainphrionnsa úd Anna Fedorovna."



"Conus san?" arsa cách.



"Ná fuil sé tabhartha fé ndeara agaibh ná h-imireann
sí cártaí in aon chor?"



"Is fíor," arsa Naroumoff. "Bean i n-aois a ceithre
fichid ná baineann choidhche le cárta! Nách suaithean-
tas an sgéal é?



"Agus an bhfuil a fhios agat cad fé ndeara san?"



"Níl a fhios. An amhlaidh atá cúis fé leith leis?"



"Cogar i leith chugham. Do thug mo sheanmháthair
cuairt go Páras na Frainnce tá tuairim is trí fichid
bliain ó shoin ann anois. Thóg sí barr óna raibh de
mhnáibh uaisle sa chathair sin an uair sin ar áilneacht
a crutha agus ar bhláth a sgéimhe. Ba ghearr go raibh
a h-ainm i mbéalaibh daoine go h-árd agus go h-oirdheirc.
Do rithidís 'n-a diaidh in sna sráideannaibh. Do
thugaidís "Vénus na Rúise" uirthi. Do thug Richelieu
féin grádh dhi, ach ní ró-chneasta a ghlac sise an grádh
uaidh. Do réir a tuairisge féin ba bheag nár chomáin
sí an fear bocht as a mheabhair.



"Tráthnóna áirighthe bhí sí ag imirt fáró sa phálás,
agus do chaill sí a lán airgid. Ar theacht abhaile dhi
do labhair sí lem sheanathair agus d'iarr sí air an
t-airgead do thabhairt di. Ach ní raibh aon mhaitheas
di ann. Ní dhéanfadh sé éisteacht léi. Ní raibh a
fhios aici cad a dhéanfadh sí.



"I gcionn tamaill chuimhnigh sí ar chleas. Bhí
aithne aici ar fhear go raibh teist mhór air an uair sin.
Do chualabhair go léir trácht ar St. Germain, an rodaire
oirdheirc úd. Is 'mdó sgéal míchuibheasach a h-innstear
'n-a thaobh anois féin. Saghas Iúdaigh Fáin a bhí
ann, dar le dream áirighthe. Deirtí go raibh Siopluis
na Síor-Bheathadh aige agus Cloch na hEagna.



"Pé sgéal é, d'innis sé rún éigin a bhain le cártaíbh


L. 9


dom sheanmháthair. Siúd go dtí Versailles ise gan
a thuille cáirde chun teaghlaigh na bainríoghna, agus
dhein sí ceann ar aghaidh ar lucht na himeartha.



"Do b'é an Duc d'Orleans féin a bhí ag ceann an
bhúird. (B'shin é an duine go raibh a cuid airgid ag
dul dó). Do cheap mo sheanmháthair sgéilín éigin
'ghá cosaint féin i dtaobh gan an t-airgead do dhíol
leis. Do shuidh sí síos agus do chrom ar an imirt.



"Thóg sí trí cinn de chártaíbh as an bpaca. Do
bhuaidh sí an bheart leis an gcéad chárta. Do dhúbail
sí an geall ar an dtarna ceann agus do bhuaidh arís.
Do dhúbail sí arís eile ar an gcárta dheireannach agus
d'eirigh léi an cluiche do bhuachtaint an tríomhadh
h-uair."



II.



Do chuaidh an sgéilín sin go hana-dhaingean i bhfeidhm
ar Hermann.



"Dá mb'áil léi siúd a rún d'innsint domh-sa," ar
seisean leis féin. "Dá mb'é a toil na trí cártaí úd
d'ainmniú dhom. Ní foláir dom aithne do chur uirthi.
D'fhéadfinn bheith ag cimilt mheala fúithi, agus
b'fhéidir go dtiocfadh liom a rún do bhréagadh uaithi.
Tá sí i n-aois a seacht mblian is ceithre fichid anois.
Níor bh'aon iongnadh liom dá bhfaghadh sí bás an
tseachtmhain seo, nó amáireach féin, b'fhéidir."



Pé sgéimh áilneachta a bhí ar an mbainphrionnsa
an uair úd, ní miste a admháil go raibh sí imthighthe
dhi leis na ciantaibh. Bhí a culaith éadaigh do réir
na nósanna a bhí fé réim leath-chéad bliain roimis
sin, ach 'n-a thaobh-san ba bhéas léi a lán aimsire do
chaitheamh ag cur mhaise uirthi féin, agus ní feictí
aon uair i gcomhgar daoine í ach "gabhtha go sámh."
Do bhíodh breis agus a dhá dóithin le déanamh ag
Lisabéta, an cailín a bhí aici mar mhnaoi choimhdeachta.


L. 10


Dhá lá i ndiaidh na sgoruidheachta a bhí i lóisdín
Naroumoff, do chonnaic Lisabéta amuich sa tsráid
an t-oifigeach óg Hermann, agus é ag féachaint suas
'n-a treo. Is amhlaidh a bhí beartuighthe aige-sean
a leogaint air go raibh sé i ngrádh leis an gcailín.
D'eirigh leis i ndiaidh ar ndiaidh, agus níor bh'fhada
go raibh an bheirt ana-mhór le n-a chéile.



Lá áirighthe chomáin Lisabéta leitir chuige 'n-ar
dhein sí coinne leis bualadh uimpi 'n-a párlús féin,
dh'á chur i n-iúil dó go mbeadh na seirbhísigh eile as
baile le linn na h-uaire a cheap sí. Do chuir sí i dtuisgint
dó, leis, conus a bhainfadh sé an párlús amach, dh'á
léiriú dhó nárbh fholáir dó gabháil thar seomra codlata
na bainphrionnsa tríd an ndoras a chífadh sé ar a láimh
chlé, agus staighre beag casta do chur i n-áirde dhe.



Bhí Hermann 'n-a sheasamh ar an dtaobh thall de'n
tsráid ar a deich a' chlog, agus é ag faire chuige. Ba
chaillte agus ba challóideach an oidhche í. Bhí an
sneachta ag tuitim 'n-a cháithníníbh móra. B'fhada
le Hermann go bhfeacaidh sé cóiste na bainphrionnsa
ag teacht fé n-a dhéin ó bhun na sráide. Do h-osgaladh
doras an tighe mhóir agus tháinig sí féin amach. Do
shuidh sí isteach agus d'imthigh an cóiste.



Díreach ar bhuille a h-aondéag do phreab Hermann
anáirde ar na céimeannaibh agus do bhrúigh sé isteach
doras na sráide. Do bhí solus breágh ar lasadh sa halla
ach ní raibh aon dóirseóir ann. Do chuir sé an staighre
suas de gan baint leis nách mór, agus chuaidh sé isteach
i seomra 'na raibh duine de'n lucht freastail sínte ar
an úrlár agus é 'n-a chodladh go sámh.



Do shleamhnuigh Hermann thairis chómh tapaidh
le splannc; chuir sé halla an bhídh de agus seomra
an aoibhnis. Ní raibh aon tsolus sa tseomra san, ach
bhí léas beag ag taithneamh isteach ó'n lampa a bhí
ar lasadh i n-aice an ghiolla freastail. Fé dheire do
shrois sé seomra codlata na bainphrionnsa.



Bhí sgáileán 'n-a sheasamh ann agus é clúdaithe


L. 11


ó bhun barr le peictiúiríbh agus le h-íomhághthaibh,
agus lampa órdha ar lasadh os a gcomhair amach.



Do ghaibh Hermann ar an dtaobh thiar de'n sgáileán
mar a raibh cnaiste beag leapthan iarainn ar an úrlár.
Do chonnaic sé an dá dhoras fé mar a h-innseadh dó.
D'osgail sé an doras a bhí ar a láimh chlé agus do chonnaic
sé an staighre ar ar dhein Lisabéta trácht 'n-a leitir.
Do dhún sé an doras san agus d'osgail an doras a bhí
ar a láimh dheis agus isteach leis i seomra ná raibh
aon tsolus ann.



Do ghluais an aimsir go mall righin. Do chlois
sé an buille chlog - do chlois sé an dá bhuille - agus
tamall 'n-a dhiaidh san thug sé fé ndeara go raibh
cóiste ag teacht 'n-a threo. Tháinig an cóiste go mear
agus dhein sé stad ar aghaidh an tighe amach.



Do cloiseadh an gheoin chainnte agus fothram na
seirbhísigh ag gabháil tímpal, agus do cuireadh soillse
ar lasadh ar fuaid an tighe ar leagadh na súl.



I gcionn tamaill do chuaidh an bhean uasal féin
isteach agus do shuidh sí i gcathaoir mhóir bhaclann.



D'fhéach Hermann thar an ndoras. Do chonnaic
sé Lisabéta ag gabháil thart i n-aice leis, agus d'airigh
sé a coiscéimeanna agus í ag cur an staighre bhig suas
di. Tháinig iarracht d'aithreachas air de bharr an
ghnímh a bhí beartuighthe aige. Ach níorbh fhada
gur imthigh an t-aithreachas de agus bhí sé ceapaithe
socair 'n-a aigne arís.



D'eirigh an tseanbhean uasal 'n-a seasamh agus
chrom sí ar a cuid éadaigh do bhaint di. Ach tháinig
atharú gné uirthi de phreib. D'iompuigh a líth innti
agus tháinig sgárd 'n-a súilibh. Bhí an duine iasachta
'n-a sheasamh os a comhair amach!



"Ná bíodh aon phioc d'eagla ort, a bhean uasal,"
arsa Hermann, go h-íseal, ach de ghlan-ghuth. "Ar
ghrádh Dé ná bíodh aon eagla ort. Ní ar tí do
dhíobhála atáim-se, ach a mhalairt. Is amhlaidh atá
comaoine agam le h-iarraidh ort."


L. 12


D'fhéach an bhainphrionnsa air díreach fé mar a
bheadh sí bodhar balbh. Do chlaon Hermann a cheann
agus labhair sé léi arís :



"Is féidir leat sogh agus sonas do chur i n-a áirithe
dhom," ar seisean, "agus san gan tú féin do bheith
oiread a's leathphinge ruadh chun deiridh leis. Tá a
fhios agam go bhfuil ar do chumas duit trí cartaí
d'ainmniú dhom -"



Níor labhair sise focal. Do lean Hermann air :



"Cad chuige dhuit rún do chimeád ar an sgéal ar
mhaithe led shliocht?" ar seisean. "Níl aon teora
le n-a bhfuil de mhaoin an tsaoghail acu-san cheana.
Níl beann acu ar airgead, nídh nách iongnadh. Ní
dheinid siad de ach drabhghail. Cad é an tairbhe d'á
leithéidíbh do thrí cártaí do bheith acu? Níl ionnta
ach lucht imeartha is óil. An té ná féadfaidh greim
do chimeád ar a oighreacht béarfidh an dealbhas air
luath nó mall, bíodh a's go mbeadh gliocas agus tuisgint
agus meabhair cinn an Fhir Mhóir féin aige. Ach fear
daingean stuamdha iseadh mise - fear a chuireann suim
i n-airgead. Geallaim dhuit go mbainfad-sa sochar
as na trí cártaíbh úd. Brostuigh ort, a bhean
uasal!"



Do bhí creathán 'n-a ghlór fé'n dtaca san. Do stad
sé de'n chainnt, ag súil le freagra uaithi-sin. Níor
tháinig focal aisti. Do chaith Hermann é féin ar a dhá
ghlúin agus do labhair sé léi arís :



"Má tá aon chuimhneamh agat ar cad a bhaineann
le grádh," ar seisean - "má rug glór leinbh greim ar an
gcroidhe agat i gcaitheamh do shaoghail riamh - má bhí
truagh agat d'aoinne beo ó'n lá a rugadh thu - iarraim i
n-athchuingeachaibh ort truagh do dhéanamh domh-sa
anois. Ar ghrádh th'oinigh sgaoil chugham do rún.
Taoi'n tú aosta. Tá do thréimhse ar an saoghal so nách
mór caithte. Tuig at' aigne go bhfuilim ag brath ort-sa
chun an chuid eile de'm shaoghal do chaitheamh fé
mhaise agus fé áthas. Má dheineann tú rud orm anois,


L. 13


beidh tú it' dhia bheag agam agus ag mo shliocht go
bráth na breithe."



Níor tháinig an smiog ba lugha uaithi-sin.



Do phreab Hermann ar a bhonnaibh agus tharraing
sé pistol amach as a phóca.



"A chailligh!" ar seisean. "Cuirfad fhiachaint ort
do bhéal d'osgailt."



Tháinig crith chos agus lámh ar an seanmhnaoi. Do
shín sí lámh amach fé mar a bhéadh sí a d'iarraidh an
phistoil do chur i leathtaoibh. Annsan thuit sí siar sa
chathaoir 'n-a cnaipe gan anam.



"Bíodh ciall agat," arsa Hermann. "Ní labharfad
focal eile leat. An 'neosfir dom cad iad na trí cártaí
úd?" Níor tugadh aon fhreagra air. Bhí an bhain-
phrionnsa marbh.



III.



Trí lá 'n-a dhiaidh san, ar a naoi a' chlog ar maidin,
do chuaidh Hermann isteach sa teaghlach ban riaghalta
'na raibh corp na bainphrionnsa 'n-a luighe. Ní raibh
an blúire beag ba lugha d'aon nídh i bhfuirm aithreachais
ná aithmhéala le feisgint air nuair a chonnaic sé an
chómhra, bíodh a's gur ró-mhaith ab eol dó gurab é
féin ba chionntach i mbás an duine mhairbh.



Fé mar is gráth le daoinibh gan puinn creidimh bhí
sé tugtha do phiseógaibh, agus cheap sé go mb'fhéidir
go n-eireoch leis a droch-aigne sin do sheachaint ach an
corp do leanamhaint chun na roilige.



Dhein sé ar a aghaidh agus chaith sé é féin ar a
ghlúinibh i bhfianaise na comhrann. I gcionn neomaite
d'eirigh sé agus d'fhéach sé isteach tríd an gcomhla
gloine a bhí sa chlúdach.



Samhluigheadh dó de phreib go raibh an bhean
mharbh ag cur na súl tríd. Do thabharfadh sé an
leabhar go raibh fáthadh an gháire 'n-a béal, agus gur
chaoch sí leathshúil léi go magamhail fonomhaideach.



Do baineadh ana-gheit as agus thuit sé i ndiaidh a


L. 14


chúil. Do rith rainnt daoine fé n-a dhéin. San am
gcéadna do chuir Lisabéta liach aisti agus do thuit sí 'n-a
cnaipe láimh leis an ndoras.



D'imthigh Hermann air abhaile. Do shín sé thairis
ar an leabaidh gan a chuid éadaigh do bhaint de, agus
níorbh fhada go raibh sé 'n-a throm-chodladh. Phreab
sé 'n-a dhúiseacht i n-am mhairbh na h-oidhche. Bhí
solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd an
bhfuinneóig. D'fhéach sé ar a uaireadóir. Bhí sé a
ceathramha chun a trí. Níor fhan aon fhonn codlata
air. D'eirigh sé aniar ar a chabhail agus chrom sé
ar mhachtnamh ar an seanmhnaoi agus ar iomláine
eachtra an lae roimhe sin.



Sa phúnc aimsire chéadna san do ghaibh duine éigin
thar an bhfuinneóig, agus thug sé súilfhéachaint isteach
sa tseomra.



Ar éigin a luigh súile Hermann air sar a raibh sé
imthighthe.



I gcionn neomait eile d'airigh sé doras an tseomra ba
ghiorra dhó dh'á osgailt agus mar a bheadh duine ag
siubhal go breágh réidh fé n-a dhéin.



Do h-osgaladh an doras agus do chonnaic Hermann
an bhean, agus í gléasta i n-éadaighibh bána, ag druidim
suas leis. Cheap sé nárbh fholáir nó gur bh'í a shean-
bhanaltra féin a bhí ann, agus d'fhiafruig de féin cad é
an gnó a dh'fhéadfadh bheith aici dhe ar uair chómh
mí-thráthamhail. Do bhí sise cois cnaiste na leapthan
fé'n dtaca san agus d'aithin Hermann an bhainphrionnsa.



Do labhair sí leis :



"Is i gcoinnibh mo chos a thánag chughat," ar sise,
"ach níl dul uaidh agam ach do ghuidhe do thabhairt
duit. Buaidhfidh an trí, an seacht, agus an t-aon ach
iad do leigint ar an mbórd i ndiaidh chéile. An tarna
coingheall - gan ach aon chárta amháin d'imirt in sna
ceithre huaire fichead. Ní mór duit a gheallamhaint,
leis, ná bainfir le cárta arís an dá lá is an fhaid a mhairfir.


L. 15


Maithim mo mharbhú dhuit ach go bpósfir mo chumhal
choimhdeachta, Lisabéta Ivanovna."



Nuair a bhí an méid sin cainnte déanta aici chuaidh
sí go doras agus sgeinn as a radharc.



Do chlois sé fuaim an dorais eile dh'á osgailt, agus
i gcionn tamaill bhig fuair sé strac-fhéachaint ar rud
éigin bán ag gabháil thar doras an tighe síos.



Do thuit an lug ar an lag ag Hermann agus d'fhan
sé mar a raibh aige go ceann abhfad. Annsan d'eirigh
sé 'n-a shuidhe agus do bhuail sé isteach sa tseomra
eile.



Bhí an giolla sínte ar an úrlár agus é caoch ar meisge,
mar ba ghnáth leis. Do mhúisgil Hermann é, ach ba
dhícheall dó. Do cheistigh sé é ach ní raibh aon mhaith
dhó ann. Bhí an giolla dall ar an sgéal. Bhí an glas
ar an ndoras ó'n dtaobh istigh.



Siúd siar sa tseomra codlata é. Do shuidh sé chun
búird agus do sgríbh sé síos gach uile nídh fé mar a
thuit amach.



IV.



Do bhí buidhean daoine saidhbhre i Moscow an uair
sin a thagadh i gcionn a chéile gach tosach oidhche chun
cártaí d'imirt. Fear dar bh'ainim Tchekalinski a bhíodh
i gceannas ortha. Bhí a bheatha-san go dtí san tabhartha
aige ag imirt cártaí, agus bhí sé amuich air go raibh na
naoi mílte bailighthe le chéile aige d'á mbarr. Do chuir
Naroumoff aithne ag Hermann agus ag an nduine uasal
san ar a chéile.



"Ar mhiste dhom lámh do bheith agam san imirt?"
arsa Hermann. Do shín sé a lámh de dhruim ghualann
duine de'n lucht imeartha agus do phioc sé cárta suas.
Do sgríbh sé rainnt figiúirí ar bhlúire páipéir agus
thaisbeáin sé do Tchekalinski iad.



"Gabhaim párdún agat, a dhuine uasail," arsa
Tchekalinski, "ach níl an radharc ar fóghnamh agam.
An mór atá agat annsan?"


L. 16


"Seacht míle is dathad rúbal," arsa Hermann.



Do thóg gach aoinne lán a shúl de'n chearrbhach nua.



"Tá sé as a mheabhair," arsa Naroumoff 'n-a aigne
féin.



Do chuir fear an bhainc smuta gáire as.



"Ba cheart dom a innsint duit," ar seisean, "nách
gnáth linn níos mó 'na céad seacht ndeich a cúig de
rúbalaibh do chur síos mar thosnú."



"Tá go maith," arsa Hermann, "ach innis dom an
bhfuilir sásta."



"Bíodh agat," arsa Tchekalinski. "Ní mór duit,
ámhthach, an t-airgead do chur síos ar an mbórd. Níl
uaim ach a chur i n-iúil duit gurab shin béas a bhaineann
leis an imirt seo againn-ne."



Do thóg Hermann bille bainc amach as a phóca agus
do shín sé chun Tchekalinski é. Do luigh a shúile-sin
go tapaidh ar an mbille agus do bhuail sé anuas ar
chárta Hermainn é.



Do chrom sé annsan ar na cártáí do rainnt. D'iom-
puigh sé deich ar an láimh dheis agus trí ar an láimh chlé.



"Tá buaidhte agam," arsa Hermann, agus a thrí
féin dh'á shíneadh amach 'n-a láimh aige.



Tháinig iongna agus leathadh súl ar a raibh láithreach.
Do chuir fear an bhainc púic air féin, ach ar leagadh
na súl bhí sé ag miongháirí arís.



"An oirfeadh duit an cúnntas do shocrú láithreach
baill?" ar seisean le Hermann.



"D'oirfeadh, maran miste leat é," arsa Hermann.



Do thóg Tchekalinski dornán nótaí as a sparán agus
shín sé chun Hermainn iad. Do chuir seisean an t-airgead
'n-a phóca chuige agus d'imthigh leis abhaile.



Tháinig sé thar n-ais lar na mháireach an lae sin um
thráthnóna. Do bhí Tchekalinski ag ceann an bhúird
arís. Do thug Hermann aghaidh ar an mbórd. Do
dhein gach aoinne slighe dhó an turas so. D'umhluigh
Tchekalinski go beásach dó. I gcionn tamaill bhig do
thóg Hermann cárta suas agus chuir sé a sheacht míle


L. 17


is dathad rúbal anuas air an tarna h-uair, agus an seacht
míle is dathad rúbal eile a bhuaidh sé aréir roimis sin
'n-a dteannta.



Do thosnuigh Tchekalinski ar na cártaí do rainnt.
D'iompuigh sé cuireata ar an láimh dheis agus seacht
ar an láimh chlé.



Do chaith Hermann a chárta féin ar a bhéal i n-áirde
anuas ar an gclár. Seacht eile a bhí ann!



Do chuir an chuideachta liúgh suas. Níor dheabhruigh
Tchekalinski go raibh sé ró-shásta 'n-a aigne, ach do
dhein sé an comhaireamh agus do dhíol an t-airgead,
cheithre mhíle déag is cheithre fichid rúbal. Do thóg
Hermann go ciúin iad agus d'imthigh.



Tháinig sé arís an tráthnóna a bhí chughainn ar an
uair gcéadna. Bhí súil i n-áirde ag an gcuideachtain
leis. Bhíodar go léir cruinnighthe mórthímpal an
bhúird n-a raibh Tchekalinski agá cheann, agus an
lucht frithálmha féin chómh maith le cách.



Nuair a shuidh Hermann síos d'eirigh na cearrbhaigh
eile as an imirt, bhí an oiread san dúlach acu a fheisgint
cad é an deire a bheadh ar an gcluiche. Bhí fear an
bhainc ag miongháirí fé mar ba ghnáth leis. Do shuaith
sé na cártaí go cliste agus do bhearr Hermann díobh. Do
thoibh Hermann cárta agus chuir sé nótaí anuas 'n-a
gcruaich air. Is ar éigin a mhothóchthá an anál dh'á
tarrac ag aoinne d'á raibh sa tseomra, bhí an chuideachta
chómh ciúin sin. Do rainn Tchekalinski na cártaí, agus
a lámha ar baille-chrith. Leig sé bainríoghan ar thaobh
agus aon ar an dtaobh eile.



"An t-aon a bhuadhann," arsa Hermann.



"Ní h-é," arsa Tchekalinski. "'Sí an bhainríoghan
a chaillean."



D'fhéach Hermann ar an mbórd. I n-ionad an aoin
b'í an bhainríoghan spéarthaid a bhí ar a aghaidh
amach. Ba dhóich le duine air gur bh'amhlaidh nár
fhéad sé radharc a shúl féin do chreideamhaint. Bhí
sé fé dhraoidheacht ag an gcárta mí-ádhmharach san.


L. 18


Níor fhéad sé a shúile do bhogadh dhe. Annsan do
cheap sé gur dhein an bhainríoghan spéarthaid leathshúil
léi d'osgailt agus do dhúnadh arís, fé mar a bheadh sí
ag stealla-mhagadh fé. D'eirigh gach ruibe gruaige a
bhí ar a cheann le neart uathbháis. Do phléasg rud
éigin istigh 'n-a chluais, dar leis. Do baineadh a
mheabhair shaoghalta ar fad de nuair a thug sé fé
ndeara go raibh ana-dheallramh ag an mbainríoghan
spéarthaid leis an sean-bhainphrionnsa Anna Fedorovna!




Tá Hermann i dtig na ngealt in Oboukoff anois-
seomra a 17 - -gan súil le dul as aige. Ní thugann sé
freagra ar aon cheist a cuirtear chuige. Ní bhíonn de
ghnó ar siubhal aige ó roim lá go dubh na h-oidhche ach
an t-aon fhocal amháin do labhairt leis féin.-



An trí, an seacht, an t-aon;



An trí, an seacht, an bhaínríoghan!



D. O M.


L. 19


Críost Mac Dé,



Na Pearsana:



Críost Mac Dé.
An Diabhal.
An Mhaighdean Mhuire.
Leanbhaí.
Máthaír Eoin Bruinne.
Comharsa.



Ait : Tír Israéíl.



GNÍOMH A HAON.



Amharc a hAon : Sa bhfásach.



(Tagann an Diabhal isteach.)



An Diabhal : Dar liom, is é Mac Dé é seo. Ach féach
Cad chuige Dho bheith umhal don té sin Eoin,
A's baisteadh ghlacadh uaidh? D'fohnn mise mhealladh
'Seadh deineadh é. Nár chuala guth ó neamh
Ghá rádh : Sé seo mo Mhac, mo Mhac Ró-dhil.
Tá sé 'sa bhfásach so le dathad lá,
'S i rith na ré sin blúire bídh níor bhlais.
Anois ní f'láir nó tá mór-ocras air,
'S ar uair na faille déanfaidh mé é phromhadh.
Beidh fhios agam annsan go cruinn, dar liom,
Cé hé tá 'gam. Féach tá sé teacht im threó.



(Tagann ár dTíarna isteach.)



Seadh nois, má's tú Mac Dé, cuir d'fhiachaibh ar
Na clochaibh seo go ndéanfadh díobh arán.


L. 20


Iosa : Ní har arán amháin a mhaireann duine
Ach ar gach focal a thagann ó bhéal Dé.



An Diabhal : Féach tabharfad duit an saoghal go
léir 's a réim



Má dheineann tú mé dh'adhradh.



Iosa : Imthig, a Dhiabhail



Do Thiarna Dia tá ort-sa é dh'adhradh, leis,
'S a réir amháin a dhéanamh.



Exít Críost.



An Díabhal : Mo Thiarna Dia!



É dh'adhradh. B'ait liom san's an saoghal go léir
Im adhradh féin. Anois is dearabh liom
Gurb' é Mac Dé é, 's cuirfidh sé síor-stad
Lem' réim go bráth má leigtear do bheith beó
Ní féidir dom baint leis, ach scaoilfidh mé
Mo choin na dhiaidh, lucht uabhair na catharach
A's gríosfad iad i dtreó go gceapfaidh siad
Gur ceart dóibh bás a's bigéal d'imirt air. Exit.



AMHARC A Dó : Seomra i Nasaret.



(Tagann an Mhaighdean Mhuire isteach.)



An Mhaighdean Mhuire : Tá dachad lá 'nois ann ó
imthigh sé



Cathain a chasfaidh sé, mo mhúirnín geal?
Ach deir an croidhe seo ionam go dtiucfaidh sé
Indiu. Beidh ocras air a's déanfaidh mé
A chuid a chur i dtreó dho.



(Tagann Máthaír Eoín Bruínne ísteach.)



Dé bheatha chughainn!



Máthair Eoín : Do ghlaodhas isteach chum a fhiafraighe
dhíot, a ghrádh!


L. 21


A bhfuairis scéal ód mhac.



Muire : Ní bhfuair mé, a chuid!
Ach tiucfaidh sé indiu, dar liom. An lon
So 'gainn, níor labhair sé druid ó imthigh sé
Go dtí an lá indiu. Acht riamh níor chuala mé
Ean cheol chomh binn a's tá 'ge ar siubhal i rith
an lae. Tá sé 'na thost le tamaillín.
Ní fheadar cá bhfuil sé. Ní fheicim é
ar fuid an bhaill.



Máthaír Eoin : Agus rud ait, 'dóigh leat
Cad dubhairt ár nEoin ó chianaibh liom? "A Mham"
Ar sé, "Tá Iosa ag teacht a bhaile indiu.
Mo chroidhe 'seadh tá dá nochtadh dhom." Lem'
shaoghal.
Ní fheaca buachaill chomh ceanamhail ar éinne
A's tá sé ar do mhac. Andaidh! airighim
Garsúin an bhaile ag tabhairt an máighistir air
Mar ainm.




(Ritheann comharsa eile isteach.)



Bean C. : Tá Iosa ag teacht i leith an cnoc
Do rith leanbhaí an bhaill go léir amach
Na choinnibh nuair chualadar go raibh sé ag teacht
Is iongna liom an lasadh grádha atá 'cu
Go léir do. Beidh río-rádh ar siubhal anocht.
O imthigh sé, éan spriod ní raibh ionnta.
Is fada 'táid ag teacht.



AMHARC A TRÍ : In aice Nasaret.



(Tagann Iosa isteach. Chíonn Sé a pheata loin marbh
ar an sneachta.)



Iosa : O, a éinín bhoicht is mairg liom do bhás.
Ar bhrollach mhín an tsneachta ghil tá d'fhuil
Anois ag scéith. Ba chealagach an gníomh


L. 22


Do'n té do leag ar lár m'éinín. Fiagaidhe
Gan chroidhe dhein é, a's é chomh leanabaidhe.
Cad a dhein sé as an slighe ach teacht amach
D'fhonn fáilte d'fhearadh róm? O, a éinín liom!
Níor chuir sé suim it ghlór, do ghlór ró-bhinn
Do ghuth ró-árd, ró-shaidhbhir groidhe, do thóg
Gach lá an ceó dem' chroidhe, do dhíbreadh uaim
Gach buairt, gach gníomh. Slán leat, a chara dhil,
A chara bhinn! Ní bheadsa i bhfad it dhiaidh.
Teithfidh na deamhain nuair chloisfid siad mo ghuth.
Leanfaidh na mílte mé ar feadh scathaimh.
Beidh mé ghá leigheas 's ag déanamh maithis dóibh
Ach iompóchaidh siad im choinnibh lá 'gus sleagh
Trím' chroidhe seadh chuirfidh siad, a's beidh
Mo chru ghá scéith ar thalamh fé mar tá
Do chuid-se anois.



(Tagann na leanbhaí isteach).



Mo leanbhaí bochta dílse!
Féachaidh annso mo lon, a's fuil a chroidhe
Ghá sgéith go húr fé mar a bheidh mo chuid
Féin sar a fada.



Leanbhaí : Ní leigfeam d'éinne baint leat,
Go bráth ní thréigfeam tú.



Iosa : Díbreochaidh bhur muintir mé
I gcionn roinnt lá ó'n mbaile seo, 's go bráth
Arís ní feicfear mé i Nasaret.



Exeunt.
Colm Cille


L. 23


Bhí gabhtha agam thar an gceárnóig roinnt uaireanta
agus gach tráth dá luigheadh mo shúil ar an
ngáirdín a bhí i lár na ceárnóige do mhúsgaluíodh sadhas
truagha is taise do-thuigse im chlí; do mhothuighinn
go neamh-chruinn go raibh truagh-sgeul éigin aige dá
chur i n-umhail dom ach go rabhas ró-mhaol-aigeantach
chun é bhreith liom.



Bhí ceud uair dá bhfeaca é ná lá breágh i dtosach
an tsamhraidh agus an ghrian ag taithneamh go fialmhar
ar shuaitheantais de chrannaibh liomháin agus beathóige
agus sgeiche gile agus lilac fé bhláth agus cnapóga de
bhláthannaibh ar fhaithche féir ghlais le feisgint trí sna
crannaibh. Paiste den tuaith dé istigh de ráileachaibh
iarainn i lár ceárnóige cathardha, arsa mise im' aigne
féin; ach níor thuigeas cad fé ndeara an bíodhgadh
truagha agus có-bhróin do ráinig dom le linn na bhfocal
son do rá.



Ag rothuíocht a bhíos agus deabhadh orm agus ba
gheárr gur sgaoileas tharm an cheist, gan réiteach gan
cuimhneamh air a thuilleadh. Ach do ghabhas an
treo ceudna arís agus arís eile agus gach tráth dá
bhfeicinn gáirdín na ceárnóige do mhothuighinn an
cho-ghruaim cheudna orm.



Níorbh fholáir a adamháil gur fheuch sé go fír-dheas
na laethanta samhraidh úd. Ní rabhas ar na daoine
saivre do chomhnuíoch san cheárnóig agus ní raibh éin
bhreith agam ar eochair na ceárnóige. Ach níorbh í
sin an chúis go gcuireadh a radharc cumha agus uaigneas
orm.



Lá de sna laethantaibh bhí sé d'uain agam fanamhaint
agus an gáirdín do sgrúdú go cruinn. Do ghlinneas
tríd an ráil iarainn feuchaint an léireóchadh sidhbhean
an Gháirdín í féin dom tré sna crannaibh, ach sin a


L. 24


raibh dá bhárr agam. Níor léir dom gile a róba ná
niamh a ball bán.



Níorbh fholáir dom gan spéis fé leith a chur i rún-
diamhair an gháirdín cheárnógaigh sin a bhí ag casadh
le sgeul truaimhéileach éigin do chur i n-umhail dom.
Rith sé chugam go mb' fhéidir go raibh stair éachtach
ag baint leis - fear do dhein dúnmharbhadh ann, nó
beirt leannán do mhairbh iad féin le neart grá.



Do chromas ar finnsgéalta cheapadh dhom féin i
dtaobh an gháirdín. Do dheininn leadrán ag gabháil
thar brághaid dom. Fé dheireadh, lá fóghair, do labhair
Sidhbhean an Gháirdín liom, agus do sgaip sí an
measgán mearaidhe dem aigne.



Do chuala osnuíol a glóir tré fhuaim na gcrann á
luasgadh ag an ngaoith; bhí bárr mí-shástachta agus
uaignis agus mianguis gan éifeacht ann.
- Tá cumha orm, ar sise. Tá cumha orm!
- Ní hannamh an sgiamh agus an cumha i gcomh-
luadar a chéile, arsa mise, agus taoi-se go sgiamhach.
Ach cad fé ndeara an cumha so ort, a shidhbhean?
- Mé bheith i ngéibhinn, ar sise go simplidhe.
- I ngéibhinn? arsa mise agus iongna mór orm.
Do labhair sí arís agus ba gheárr gur thuigeas fios
fáth an sgéil uaithi.
- Nach cuimhin leat do bhriathra féin? ar sise.
- Paiste den tuaith dé istigh de ráileachaibh iarainn."
Nach follus duit gur danardha, neamh-thrócaireach an
gníomh mé fhágaint fé ghlas, laistigh de bharraíbh
iarainn i measg na sráideanna i bhfad óm ghaoltaibh?
Níl de chuideachtain agam annso ach rudaí iasachta,
rudaí mí-chineálta nach dual dom caidreamh a
dhéanamh leo. Níl ionam caidreamh a dhéanamh le
sna tithibh grána so ná le sna ráileachaibh malluithe
iarainn so. Ní oireamhnuighmíd a chéile. Conus
fhéadfaimís bheith páirteach le chéile i n-aon pheictiúir
amháin? Isí an chuallacht ba chuibhe dhom ná na
machairí breághtha fairsinge agus na bóithre fada
smúiteacha agus na srutháin siansacha - agus (mo ghrá


L. 25


iad) na cnuic cineálta grámhara agus iad ag gáirí agus
ag bagairt a mbuac orm. Tá mo chroidhe go teinn
le neart caitheamh na ndiaidh.



- Do mhothuigheas cheana, arsa mise, go raibh brón
agus uaigneas ort. Cheapas go raibh truagh-sgeul
éigin ag baint leat - éacht do thit amach annson istigh.
- Siné díreach cúis mo ghearáin. Níor thit éin éacht
amach annso riamh ná ní thitfidh go deo. Tá an gáirdín
seo oiriúnach chuige. Dá dteastuíodh ó fhile úrsgeul
grá d'insint, cá bhfaghadh sé ionad níos feárr chuige
ná an áit seo? Dfeudfadh sé cur síos go breágh ar an
mbeirt leannán ag comhrádh le chéile fé sgáth na
gcrann so. Tá abhar duain nó eachtra ionam - ach ní
thitfidh éin eachtra amach annso. Coscaid na ráileacha
iarainn agus na glasa é. Ní bhíon annso de ló ach
gárlaigh ag béicigh agus a mbanaltraí, agus um thráth-
nóna bíon roint ghaigí gan éifeacht agus cailíní leamha
ann ná faghaim éan bhlas ortha. Níl baint agam le
saol na tuaithe ná le saol na cathrach : A fhaid ar a
ghiorracht, táimse i ngéibhinn.



- Is mó bliain fhada thuirsiúil atá caithte agam i
mbraighdeanas annso, ag tnúth le saoirse agus le
muinteardhas. Ach dá olcas mo chás, níor mheath
mo sgiamh agus d'eirigh liom bíodhgadh truagha agus
gnaoi do mhúsgailt i gcroidhe fo-thaistealaidhe dar
ráinig an tslí. Labhraim leo chó maith 's is féidir liom.
Deinim mo dhícheal chun mo rún do chur i dtuigsint
dóibh.



Do sgaras léi agus gruaim orm. Ní raibh leigheas
agam ar a brón. Thugas aghaidh ar an dtuaith agus
tháinig aoibhneas orm nuair a fuaireas radharc ar na
páirceanna agus na crainn agus na bláthanna ná raibh
dé istigh de ráileachaibh iarainn ná i lár na dtithe ná
an deataigh. Chuireadar aoibhneas orm; ach do
chuimhnigheas annson ar an ngáirdín bocht uaigneach
i ngéibhinn san chathair, gan baint le sgeul ná eachtra,
le filíocht ná le draoidheacht saoghail na saoirse.



PIARAS BEASLAI.


L. 26


Páid a' chóta.



Spailpín fánach dob eadh é, ach diabhal pioc
grádha bhí aige d'fhéar ná do mhóinfhéar riamh.
B'fheárr leis salachar an bhóthair ar a bhróga ná glaine
an mhóinfhéir. B'fheárr leis bolath an tobac agus an
leanna 'na thíompall san tigh-tabhairne ná bolath an
fhéir gheárrtha á thiormú. Seachtain dó ag obair is
seachtain ag ól; annsan, thugadh sé na bóithre fada
bána air féin, agus ní fheicfí san dúthaigh arís é, go
ceann abhfad.



Fear meán-aosta dob eadh é, an chéad uair chuireas-
sa aithne air. E beag téagartha. Gruaig chinn liath
air, agus corrán géill géar. Dhá shúil dubha dhoimhne
aige, agus iad á gceilt nach mór ag malaí ruainneacha.
Rian an ólacháin ar a aghaidh. Bhíodh sean-chaipín
ar a leath-cheann aige, agus carabhat dearg salach fé
n-a mhuineál, de ghnáth. Bríste cianaosta caithte de
chórda an Rí air.



Ach a chóta! Cóta mór dob eadh é, tráth, do réir
deallraimh - cóta mór saighdiúra. Do gearradh an
leath íochtarach de, uair éigin, chun cóta geárr a
dheunamh de.



Níor bhfeas dúinn riamh cé'r dhíobh an spailpín úd.
Níor innis sé dhúinn cé'n sloinne bhí air. "Páid a'
Chóta" thugaimís air, nuair ná bíodh sé ag éisteacht,
agus "Páid" nuair a bhíodh sé i láthair.



Bhí sé san Arm Gallda, tráth, adubhairt sé. Throid
sé i gcoinnibh na mBúrach, agus thug sé a thamall ar
slógadh, san India agus san Eigipt.



Seadh, bhí sceulta le h-innsint aige ach gan fonn air
iad d'innsint. Badh chuma agus é ar meisce féin;
ní raibh sé tugtha do'n chainnt.


L. 27


Má bhí creideamh aige, níor nocht sé dhúinn é.
Séipéal ná Eaglais ní thaithigheadh sé i nár ndúthaigh-
ne ar aon chuma. Ní bhéadh fhios againn gur Chríos-
tuidhe féin é mara mbéadh go n-airighmís uaidh go
minic an focal so : "Fág fé Dhia é."



Cúis grinn dúinn an abairt sin riamh. Ba gheárr
gur bhaist áilteoirí an bhaile "Páid na bPaidir" air.
Ach bhíodh a chóta ait le feiscint againn i gcomhnuidhe.
Tar éis tamaill, chuaidh "Páid na bPaidir" i n-éag,
mar ainm, is do mhair "Páid a' chóta."



Ach tá an dubhachas agus an subhachas suidhte i
n-aice a chéile i gcroidhe an duine : bíonn an magadh
agus an dáiríreacht, an grádh agus an ghráin, ag
deunamh uainigheachta ar a chéile; agus tagann an
gol ar shálaibh an gháire.



Mar sin dúinne, sa mbliain sin na troda in Eirinn,
an bhliain d'aois ár dTiarna a naoi gcéad déag is fiche.



II



An samhra bhí ann, is bhí an troid ag dul i ngéire.
Toisc gur Ghaedhil na comhursana uile níor ghádh
dhúinn ár mbéil d'iadhadh agus sinn le chéile. Ar an
adhbhar san, ba mhinic mé féin agus Páid ag cainnt
sa mhóin-fhéar - nó, badh chóra dhom a rádh, mise ag
cainnt agus Páid ag éisteacht.



Do thárla gur dóghadh Tigh-Uachtair sa chomhar-
sanacht. Bhí roinnt scaireanna liom san Tigh-Uachtair
sin, agus, nidh nárbh iongna, ní ró-shásta a bhíos nuair
d'airigheas an sceul. Dhírigheas ar spidiúchán agus ar
cháineadh na nGall. Bhí Páid ag féachaint orm agus
gan focal as. Stadas. Do labhair Páid.



"Beidh gach rud sa cheart ar ball," ar seisean. "Fág
fé Dhia é."



"Seadh," arsa mise, agus an searbhus ag gabháil
feidhme orm. "Is ró-fhada d'fhágamar Eire fé Dhia.
Agus is deallramhthach gur fhág Dia fé sna Gaill í.
Eatorra uile tá an sceul go h-olc."


L. 28


"Fág fé Dhia é," arsa Páid arís, de ghuth réidh.
Sháitheas mo phíce sa bhféar arís is d'oibrigheas romham
go feargach.



B'éigean dom dul ar mo choimeád. D'fhágas sceula
san tigh do Pháid á iarraidh air fanacht ann lem dhrifiúr
go mbéadh an féar san scioból agus gach rud i dtreo i
gcóir an gheimhridh.



Mí ina dhiaidh sin, fuaireas sceul ó bhaile. Bhí an
féar istigh agus bhí Páid san tigh fós. Badh mhinicí
ná riamh é san tigh-tabhairne anois agus b'annamh
gan é bheith ar meisce. Ach badh mhaith lem' dhrifiúr
fear éigin do bheith sa tigh léi agus, dá bhrí sin, níor
chuir sí an ruaig ar Pháid.



Bhí an geimhreadh ag druidim linn.



Chuaidh Risteárd de Paor abhaile, tráthnóna, chun a
bhean d'fheiscint. Ní raibh ach tíompall ceathrú míle
slíghe idir tigh Risteird agus mo thigh-se. Theastuigh
uaim teachtaireacht a thabhairt dó i gcóir Mháire, ach
d'imthigh sé i gan fhios dom. Ní raibh sé dhá uair
a' chluig san tigh léi nuair a bhuail na Dubh-Chrónaigh
an doras isteach. Tógadh amach é. D'airigh a bhean
na h-urchair á scaoileadh. Fuarthas corp Risteird cois
claidhe ar maidin.



Bhí luigheachán le bheith againn ag Léim-a-rí.
Bhíomar ag feitheamh ann le h-uair a' chluig. Mara
mbéadh ár lucht faire bhí deire linn. Bhí fhios ag an
namhaid sinn do bheith ann agus bhíodar ad iarraidh
teacht ar gach taobh dínn nuair a thug an lucht faire
an rabhadh dhúinn. Agus sinn ag cúladh, do marbhuigh-
eadh duine d'ár mbuachaillí - buachaill óg do bhíodh
geal-gháiriteach de shíor. Bhíomar uile go trom-
chroidheach an oíche sin.



Go deimhin, bhí lúb ar lár, bhí spiaire i n-ár measc.



III



Tháinig sceula ó bhaile arís. Dob annamh Páid san


L. 29


tigh anois, dubhairt mo dhrifiúr. Thíos san tigh-
tabhairne ag ól ó mhaidin go h-oíche a bhíodh sé. Bhí
ráflaí ar siubhal ag na comharsain leis - connacthas
Páid ag cainnt le Sáirsint na nDubh-Chrónach, lá; uair
eile, tháinig an Sáirsint isteach san tigh-tabhairne agus
d'iarr sé ar Pháid ól leis. D'fhan an bheirt díobh ag ól le
chéile go dtí go raibh sé go déanach amach san oíche.
Tháinig Páid abhaile agus é ins na stártha meisce.



Bhí fíoch agus fearg im' chroidhe, agus droch-amhras
agam ar Pháid leis. Dá mb'é a bhí cionntach i mbás
an Phaoraigh? Ach conus dob fhéidir é dheimhniú?
Is deacair do dhuine gan gunna cur i gcoinnibh Dubh-
Chrónaigh, agus ní thógfainn ar Pháid an tamall a
chaith sé leis an Sáirsint.



Mar sin féin, chuireas sceula ag triall ar mo dhrifiúr
á iarraidh uirri Páid a chur chun siubhail láithreach
bonn.



Tháinig an freagra. Ní imtheochadh sé. Agus,
nuair d'eirigh mo dhrifiúr i bhfeirg agus gur chas sí
leis go raibh droch-amhras air, níor dhein sé ach an
gnáth-fhreagra a thabhairt uirri : "Fág fé Dhia é."



Do shéan na comhursana Páid as san amach. Ní
bheannuigheadh aoinne dhó anois, agus do dhruideadh
na buachaillí-oibre eile uaidh nuair a bhuaileadh sé
umpa.



Thuig sé a sceul. D'eirigh sé níos doicheallaighe
ná riamh, dá mb'féidir san. Ní labhradh sé lem'
dhrifiúr a thuille, agus níor iarr sé aon airgead uirri
arís. Do luigh sé isteach ar an ólachán agus is mó
píosa geal airgid - pé áit go dtáinig sé as - a chuir sé
thar chúnntar an tighe-tabhairne an geimhreadh sin.



IV



Bhí cruinniú againn i dtigh Mhic Chárthaigh seachtain
roimh Nodlaig. Bhíomar ag cur is ag cúiteamh féachaint
cad a dhéanfaimís le Páid. B'áil le beirt den chuid-
eachtain é mharbhú láithreach. Ach ní raibh cúis


L. 30


a dhaortha againn. Ní raibh droch-amhras againn ar
aoinne eile agus ba léir go raibh spiaire san dúthaigh.



Bhíomar ag áiteamh nuair a buaileadh ar an ndoras.
Isteach le beirt de'n lucht faire agus príosúnach aca.



Páid a' Chóta a bhí ann.



A dhá láimh sáitte síos ina phócaí aige. A shean-
chóta fillte thar a ucht aige. A cheann cromtha agus
cruit ar a dhrom.



Cadé mar atharú a bhí tagaithe air! Dhá shúil
bholgacha anois aige. A ghiall ruainneach agus a
aghaidh stríoctha deargtha ataithe ag an ólachán.



"Tháinig sé chughainn," arsa duine de sna gárdaí,
liom. "Tusa atá uaidh."



D'imthigh na gárdaí amach arís. Tháinig Páid
anall i dtreo an bhúird ag a rabhamar.



Thosnuigh Páid ar a sceul.



I gceann uair' a chluig, bhíomar i n-aice le Bearraic
na nDubh-Chrónach. Bhí am mhairbh na hoíche ann.
Shleamhnuigh cuid d'ár ndream isteach ins na tighthe
ar aghaidh na Bearraice amach. Chuaidh an chuid
eile dhínn mórdtíompall go rabhamar taobh thiar den
Bhearraic. Bhí an Ceann Briogáide agus mé féin ar
an ndream sin, agus bhí Páid a' Chóta linn.



Ní raibh aon tigh lastiar den Bhearraic. Ní raibh
de chosaint againn ach claidhe beag a bhí tíompall dhá
chéad slat amach ón mBearraic. Siúd linn ag lámh-
ancán go dtí an claidhe. Labhair an Ceann le gach
fear i gcogar, agus teasbáin a ionad agus a ghnó ar
leithlig do chách. Nuair a bhí gach nidh i n-eagar
aige, shleamhnuigh sé thar n-ais mar a raibh Páid agus
mé féin. Labhair sé liomsa ar dtúis. Annsan, d'iom-
puigh sé chun Pháid.



"Maran fíor a ndubhraís," ar seisean, "tá bás gan
taise i ndán duit."



"Ar mh'anam gur fíor," arsa Páid, "níl ach an seisear
díobh ann, agus níl an meaisín-ghunna aca anocht."


L. 31


Annsan do dhruid an Ceann cúpla slat anonn uainn.



D'fhéachas ar Pháid. Bhí a ucht leis an gclaidhe
agus a dhá shúil dubha dírighthe ar an mBearraic aige.



Annsan, do séideadh an fead, is thosnuigheamar ag
scaoileadh.



Ar leagadh na súl, tháinig an freagra.



Tré ghlór na ngunnaí d'airigheas an glór eile.



Rat-tat! Rat-tat-tat!



A Dhia na ngrást! An meaisín-ghunna!



Ghluais Páid de léim thar an gclaidhe. Siúd ag rith
é i dtreo na Bearraice. Bhí meascán mearaidhe im
cheann ar feadh nóimit. Annsan do scaoileas fé. Ró-
dhéanach arís! Ní fhéadfainn é fheiscint a thuille san
dorchadas.



"Leanfam de," arsa'n Ceann, agus tháinig na focail
go fíochmhar tré na fhiacla. "Is cuma liom an
Bhearraic anois, má gheibhim Páid a' Chóta anocht."



Bhí an Bhearraic dhubh ag eirighe mar sgáil in áirde
sa spéir. Istigh san sgáil sin bhí na beara dearga ag
bladhmadh gan sos gan staonadh, á theasbáint dúinn
cá raibh na fuinneoga...



Do ghéaruigh ar an gcath.



Fuaim na ngunnaí im' thíompall. Glór na n-urchar
ag feaduíol os ár gcionn nó ag bualadh i gcoinnibh na
Bearraice. Fothram na bpléascán ag briseadh tré sna
fuinneoga is ag raobadh an tighe istigh. Agus thar
gach fuaim is fothram d'eirigh torann crith-eaglach an
mheaisín-ghunna a bhí ag stealladh na n-urchar te
díreach 'n-ár gcoinnibh-ne...



Do bhladhm splannc teine go h-árd na spéire.



Chonnac an falla lom dubh a bhí stríoctha ag na
h-urchair.



Chonnac na fuinneoga briste agus na dallóga iarainn
a bhí raobtha ag na pléascáin. Chonnac na slinnte
ag tuitim de bhuaic an tighe mar ar bhuail pléascán
é annsan díreach.



Chonnac sa bhfuinneoig ós cionn an chúl-dorais, an


L. 32


meaisín-ghunna uathbhásach úd a bhí ag scaoileadh
fós fúinn. Chonnac na gunnaí á síneadh tré sna dallóga
briste. Chonnac an ghabháil féir tré theine ag cúl-
doras na Bearraice. Agus chonnac an duine ag caitheamh
tuille féir isteach san teine sin...



Thuit an duine isteach san lasair!



Bhí an cath ar siubhal i gcomhnuidhe. Bhí an solas
anois againn. D'aimsigh gach pléar ceart-lár fuinneoige.
Bhí na pléascáin á radadh isteach tríd an teine sa chúl-
doras... Sháitheas tuille pléar isteach im' ghunna
agus theannas ar an scaoileadh arís...



Stad an meaisín-ghunna de'n scaoileadh. Diaidh ar
ndiaidh, stad na gunnaí istigh. Cuireadh gunna amach
tré fhuinneoig. Ar bharr an ghunna bhí an brat bán
ar crochadh.



Bhí an Bhearraic gabhtha againn.



VII



"Mara mbéadh gur chuaidh an tigh tré theine
orainn, ní thiocfadh libh sinn a ghabháil," arsa'n
Sáirsint linn, nuair a bhí na príosúnaigh go léir bailithe
lasmuigh de'n Bhearraic againn.



"Dála an scéil," arsa'n Ceann linn, "cé las an teine?"



D'fhéachamar ar a chéile ag lorg an fhreagra. Le
n-a linn sin, tháinig ceathrar d'ár mbuachaillí agus
corp á iompar eatorra ar chóta-mór. D'fhágadar ar
an mbóthar os ár gcomhair amach é.



"Fuaireamar ins an teine ag an gcúl-doras é," arsa
duine acu.



D'fhéachamar ar an gcorp. Níor fhág na lasracha
pioc den éadach air. Bhí an corp dubh dóighte, agus
bhí bolath na feola dóighte uaidh.



Ach níor bhain an teine leis an aghaidh. Bhí na
malaí ruainneacha ag ceilt na súl ndubh fós. Agus
bhí mion-gháire na síochána ar na ceannacha.



B'é Páid a' Chóta a bhí ann.


L. 33


"An raibh aithne agat ar an bhfear seo?" arsa'n
Ceann leis an Sáirsint.



"Bhí sé sa chomplacht chéadna liom san India,"
d'fhreagair an Sáirsint. "Cara dílis dom dob eadh é.
Nuair a bhuail sé umam annso dhá mhí ó shoin, bhínn
ag tathant air teacht san Chonstáblacht liom, ach ní
thiocfadh. Tuigim anois cé'n fáth. Duine ded'
fhearaibh-se dob eadh é, ar feadh an ama."



"Bé ba bhun leis an mBearraic seo d'ionnsuidhe.
Agus, ós rud é gurab é a las an teine, bé ba bhun leis
an mBearraic do ghabháil. Duine dem fhearaibh-se
feasta é... Ach, innis dom so. Cé'n fáth gur innsis
do go mbeifeá féin agus fiche fear, agus an meaisín-
ghunna libh, ag dul go Béal an Rátha anocht?"



"D'innis sé san duit? Dob fhíor do é. Bhíomar
ar tí imtheacht nuair a tháinig an sceul á rádh ná beadh
gnó aca dhínn."



Bhí gach rud soiléir dúinn anois.



D'árduigheamar corp Pháid agus thugamar an bóthar
ó thuaidh orainn. Solas an bhuadha a bhí ar lasadh
inár súile tamaillín ó shoin, bhí sé múchta anois ag
dubhachas agus dubrón. Gan focal as aoinne againn
ach ár gcinn cromtha fúinn agus sinn ag siubhal romh-
ainn go brónach buaidheartha.



D'adhlacamar Páid a' Chóta, an mhaidin sin, ar
thaobh cnuic...



VIII



Tháinig an tsíocháin. Lá 'le Muire, d'árduigheamar
corp Pháid agus thugamar aníos chun na reilge é.
Tháinig na daoine ó chian is ó chomhgar, agus ghluais
na céadta óglach síos an tsráidín go mall mileata i
ndiaidh na comhrann.



Tá Páid ina luighe go sámh indiu le h-ais Risteird
de Paor, san reilig thíos.



Leabacha Fíníneach i bhflaitheas Dé go raibh ag a
n-anaman araon.



Seachranaidhe.


L. 34


Máirnéalach.



Ar mo tharraing im réim fé dhéin mo thailimh
dhúthchais,
Cathracha méithe im dhéidh as amharc dúnta,
Is labhartha béil, nár fhéad mo theanga a lúbadh,
Sgartha lem mhéin do réir mar chasainn cúl leó;
Ar an ngainimh do shéid an ghaoth mo bharc i bhfionntar
'S do chailleas mo ghréithre 'n tsaoghail is gach ar
shiubhail liom,
Do stracas an t-éadach féin i nglaic na dtonntha,
Is, a-bhaile dá éis do éaluíos dealbh dubhach bocht.
Seadh, casaimís tréimhse ar raon an tseanadhúthchais.
Na mairbh le séada 'on chré do chalmthionnlach,
Blaiseadh na gcaoltsruth céille, is dearbhsgrúdadh
Ar bheartaibh an tsaoghail 's ar éag na ndragan
n-ionnraic.
Aithiris sgéal don tréad cois teallaigh bhrúchtaigh,
Eachtraí strae agus éachta seanamhúirne
A chasann ag déanamh paéir den anam chúthail,
Cleasa agus claonta is baosradh leathdearmhadtha.
Aisling ar ghléire an tsaoghail i ngallathriúchaibh
A leathann a léinte ar sgéimh na mara fútha,
'S a phreabann go héasga ar théacht na maidne chúcha,
Samhail na n-éacht do dhéanfadh Garadh Glúingheal.
Is mar bharra ar an sgléip, an chaor i ngar do mhúchadh,
Lagadh ar an ngaéith chun séimhe i gcrannaibh dubha
'muigh,
An ghealach do sgéidhe fiargnéitheach trasna an rúma
Don bhaile bheir séan is gléire 'on talamh dúthchais.



- Torna.



(ex Adolf Schírmer.)


L. 35


An Marbh 'na bheo.



Caithreim an Innill.



Cuig neomaití chun na huaire! Tá a huain buailte
léi. Tagann ana-fhuadar agus ana-shuatha fé lucht
an stáisiúin : tá paisigéirí ag rith, bagáiste dá thiomáint,
doirse dá ndúna, slán dá fhágáil, lámha dá gcrotha.
Fanann sí féin ciúin i gcomhnuí.



Seo fé na déin anois an tiománaí, a chulaith gorm
smeartha le híle, a chaipín bog anuas ar a éadan.
Árduíonn sé é féin go mall maordha ar an láithreán
agus tosnuíonn sé ag méaracht na bpíobán agus na
gcomhlann. Seo 'na dhiaidh an giolla a bhí go dtí so
ag stealla íle isteach inti agus ag cimilt cirte smeartha
le n-a cruaidh i dtreo go bhfuil sí lonnrach soillseach
anois. Leis sin, osclann an tiománaí comhla an phíobáin
agus gluaiseann sruth gaile tríthi agus critheann sí
mar do chrithfeadh rud beo le neart imní agus binibe
chun an bhóthair. Tá sé in' uain anois! Leigeann an
gárda fead as, beartuíonn sé an brat uaithne, dúnann
sé an doras deireannach. Caitheann an tiománaí na
comhlaí go léir ar oscailt, rúisceann an ghal léi trés
na píobáin, gluaiseann na rotha móra ar aghaidh, agus
le saothar is le creathán beodha sceinneann sí amach
chun bóthair. Tá an t-inneall i mbeo-riocht airís, tá
an bheatha tagaithe na géagaibh móra agus scuabann
sí an traen léi amach as an stáisiún mar féach "an
marbh ba mharbh is beo do bhí."



Tá taistealaithe ann agus ó mhéid a dtaithí uirthi,
ní hiongantas leo an ghluaiseacht seo na traenach,
an aithbheochaint seo an innill. Ach am' thaobh-sa
dhe is cúis áthais agus ócáid iongna dhom gach uair
a chím an rud mór marbh ag teacht na bheathaidh


L. 36


airís agus ag léimt amach ar an mbóthar chumhang
atá ar síne roimpi na mílte míle slí. Féach í na lán-
tsaothar anois! Féach mar a rúisgeann sí an bóthar
fúithi, mar a leadrann sí na rálacha iarainn! Féach
mar a chritheann sí ó bhun bárr, mar a luascann sí
ó thaobh taobh, an mhíorúilt seo an luathais agus
na comhachta. Gearrann sí a slí tríd an spás, fágann
sí 'na diaidh bailte agus áitreabh daoine, léimeann sí
thar aibhne, tollann sí tré shléibhte, ar aghaidh léi
i gcomhnuí. Agus níl ach an bheirt fhear na feighil,
a súile greamuithe ar an mbóthar cumhang, a lámha
réidh ar phíobán is ar roithín, loinnir na teine ortha,
losca an teasa ortha, iad ag léimt agus ag luasca le
gach léim agus luasca a chuireann sí dhi; agus fós
leigeann siad breis fuinnimh agus breis comhachta
léi go dtí go screadann an ghaoth na timpall, go
gcritheann an talamh fúithi, go bpreabann na mílte
slí taobh thiar di. Cad é mar áthas mheisgiúil, bheith
ar láithreán innill agus í ag rúsca léi mar sin tríd an
spás!



Sea agus i ngach áit a shroiseann sí, tagann an
fuinneamh agus an saothar céadna. Féach an stáisiún
seo romhainn atá 'na luí 'na thoirchim shuain go dtí
go gcuireann sí roimis foláireamh agus fógra. Ar leaga
na súl tá rith agus ruaille mar a raibh mairbheacht.
Gluaiseann, mar adéarfá, gaoth an fhuinnimh agus
an tsaothair amach aisti agus tagann bruid mar a raibh
trom-shuan. Dúisítear, rithtear, curtar allus. Ansan
le fead agus le beartú brait tá sí chun siúil airís. An
dé bheatha do thug sí léi san áit mhairbh seo, beireann
sí léi airís í 'na caithréim tríd an tír agus tuittear
i suan arís. Agus is caithréim i ndáiríribh aici é! Scuireann
an sclábhuí dá theasc sa ghort chun ionga do dhéanamh
di. Arduíonn na leanbhaí béic agus gáir áthais ar a
druidim leo ar dhroichead. Sciúrdann na capaill is na
ba sa pháirc ar gclos a teachta dhóibh, agus an coinín
cúthail a mheall an ghrian amach as an bpoll chun a


L. 37


ghora dhéanamh, sceinneann sé leis tharnais nuair a
mhothuíonn sé an talamh ar crith fé bhuillí na roth
mór.



Tuiteann an doircheacht uirthi ach is cuma léi san;
ní chuireann sí moill neomait uirthi. Dhá shúil mhóra
ar lasa ar tosach, súilín uaithne ar thaobh di, súilín
dearg ar an dtaobh eile, leanann sí dá caithréim. Tá
an ghal 'na hearball fada 'na diaidh agus ó am go ham
nuair oscaltar an cúm mór istigh, féach mar a dheargann
bladhm na teine an ghal san. Uaireanta eile, léimeann
na spréacha teine aisti i n-áirde agus seo tor aitinn nó
fraoch tirm 'na lóchrann dearg 'na diaidh chun a
thaisbeáint gur ghaibh ollphiast mhór éigin an tslí
ag réaba aeir, ag leadra tailimh agus ag scaipe na teine
na timcheall.



Ach i ndeire na dála tagann tuirse uirthi. Mothuigh-
tear leisge éigin ag teacht ar chasa na roth agus
traocha éigin i saothar an innill. Ní fada uaithi, áfach,
deire an turais. Amach ag bun na spéire chítear loinnir
ar scamaill ó shoillse na cathrach agus i ndiaidh ar
ndiaidh téigheann an loinnir sin i ngile agus i soiléire.
Tosnuíonn na sráideanna ag rith amach chúichí ag
síne mar adéarfá géag fada chun í fhásca. Deinid na
tighthe cumhangrú ar an mbóthar iarainn. Níos maille
agus níos maille fós a chasann na rotha, téigheann
an chomhacht go léir i luighead. Siúd an stad ar oscailt os
a cóir go soillseach geal, agus árdáin fhada, dubh le
dacine. Sleamhnuíonn sí isteach. Stadann. Tá deire
leis an gcaithréim.



Ar ball cuireann sí puth beag gaile aisti, gluaiseann
sí le saothar fén ndíon, imíonn an teas agus an bheatha
aisti, níl inti feasta ach rud mór marbh. Agus túirlingeann
beirt fhear traochta tréith anuas di agus imíonn siad
tríd an oidhche, a ndualgas déanta.



Seamus O hAodha.


L. 38


Rún na mara.



"A Sheumuis, innis scéal."



"Scéal! A Dhia caidé chuir sin in do cheann?"
"Tá, mé bheith den bharamhail nach bhfuil máir-
néalach ar bith gan neart scéalta agus eachtraí a bheith
aige. Is beag fear acu a chonnaic mé ariamh nach
raibh ábulta scéal maith substainteach croicneach a
innse."



"Ach le ceart ní máirnéalach mise; inneoin go
bhfuil cleachtadh maith agam ar an fhairrge agus lámh
mhaith agam ar bhád, ní máirnéalach mé."



"Nach bhfuil tú 'do mháistir ar Theach an Bháid
annseo agus 'do chaiptín ar bhád na tárrthála agus
cinnte, cinnte is iomdha rud íontach agus rud suim-
eamhail a chonnaic tú agus is iomdha gábhadh millteanach
a ndeachaidh tú fríd. Cladach corrach clochach cósta
so Thírchonaill agus bíonn cuid mór éadálacha ag
teacht fá thír ann."



"M'anam gur fíor duit agus cha deirim nach bhfaca
mé saol cruaidh agus am leathtromach annseo amannaí.
Bíodh fhios agat nuair a thig an ghaoth mhór agus an
síon agus an stoirm agus réaplacha fairrge móire, bíodh
fhios agat go mbíonn saol cruaidh annseo; ach san
am chéanna níl fhios agam an bhfuil a dhath agam ar
fiú scéal a thabhairt air."



"Amaidigh! a dhuine. Innis dúinn an rud is íontaí
a thárluigh riamh dhuit - an rud is mó a chuir eagla
agus scannradh ort."



Tráthnóna samhraidh a bhí ann agus bhí siad araon
ina suidhe ar fhascadh Theach an Bháid ar Cheann an
Dúin Mhóir. Bhí Arainn Mór agus Uaigh agus Gabhla
agus na h-oileáin bheaga ina luighe amuich sa bháighe
ar thaobh na láimhe clé agus Toraigh agus Innis Meadhoin


L. 39


agus Innis Oirthir ar thaobh na láimhe deise. Bhí
ladhara fada garbha clochacha an chósta sínte amach
san fhairrge ar gach taobh agus na tonnaí móra ag briseadh
ina n-éadan. Bhí long gaile le feiceáil amuich go h-árd
sa bháighe i gcúl Bhuilg Chonaill agus ceann eile ag
déanamh soir ar Thoraigh. Bhí soitheach seoltóireachta
ag dul as amharc ag Ceann Aranna. Bhí an bháighe
breacuithe le bádaí beaga agus le curaigh - cuid acu ag
iascaireacht garbhánach le duirg láimhe, agus cuid eile
acu ag tógáil potaí gliomach...



Fá dheireadh tógaidh Seumus de Lap a cheann.
Bhain sé smailc no dhó go láidir as an phíopa agus
thoisigh air :



"Creidim gur cuimhin leat an stoirm mhór a bhí ann
deich mbliana 'gus an t-am seo. Badh é i dtús na
stoirme sin a thárluigh sé. Bhí lá ciúin sochmaidhe
ann - lá nach mbogfadh ribe ar do cheann - ach ina
dhiaidh sin as uile, bhí cuma thláith liadranta bhuidhe
ar an ghréin, agus ina chuideachta sin gan fáth gan
siocair, dar leat, tháinig tonn íontach chorrach san
fhairrge; agus amach idir tú as tráthnóna tháinig
beochán beag géar gaoithe aniar andeas.



"Tá an doineann air," arsa fear de na fir liom féin.



"Le clap-sholus, d'imthigh an ceo agus an toit, ghlan
an spéir agus las na réalta suas go cruaidh géar nimh-
neach freisniseach ar bhallaí na spéire. Thoisigh an
ghaoth a chruadhadh agus a ghéaradh agus a theacht
ina cnapáin agus ina tonntracha. Ní tháinig mórán
athruithe ar na tonnaí ach go dtáinig siad isteach ní
ba tiugha agus gur mhó an trup a ghníodh siad. Agus
anois agus arís go dtigeadh saoiste mór corrach isteach
agus nuair a bhriseadh sé a chroidhe in éadan an chlad-
aigh, bhéarfá mionna an leabhair gur urchar gunna
mhóir a chuala tú. Bhí fhios agam féin go raibh an
léan ag teacht agus go raibh an doineann agus an stoirm
agus an géarbhach amuich thiar taobh ba thiar de bhun
na spéire.


L. 40


Ghéaruigh sé leis do réir a chéile i rith na h-oíche
agus ar maidin bhí réaplacha gaoithe móire ann agus
an fhairrge ag éirghe ar an fhéar.



I dtrátha an h-ocht, tháinig Cormac, fear den
fhuirinn isteach chugam féin agus dubhairt go raibh
long bheag seoltóireachta faoi stiúradh mhire amuich
sa bháighe agus go raibh cuma uirthi go raibh sí ag
déanamh caol díreach ar an chladach. Amach linn.
Bhí sí annsin taobh amuich dínn ceart go leor agus
dar m'anam gur chuir sí ar sáith íontais orainn. Ní
raibh cuma uirthi go raibh mórán ar cearr léithe no
leis an chaoi a raibh a cuid seoltaí teannta uirthí, ach
go raibh sí ag tarraingt ar an chladach agus gan í
ach corradh beag as trí mhíle uainn, agus a léithéid de
stiúradh mhire gan chéill ní fhaca mé ariamh. Cor-uair
théigheadh sí suas chó lom sin ar an ghaoith go gcailleadh
sí iomlán siubhail beagnach agus annsin bheireadh
an ghaoth arís uirthi agus théigheadh sí thart go dtí
go mbíodh trí cheathramha córach léithe; ach bunus
an ama bhí sí ag strócadh léithe le gaoth taoibhe.



"Is aisteach an fear stiúrach atá uirthi," arsa Cormac
fá cheann tamaill bhig, "Níl cuma air go bhfuil sé ag
brath iarraidh ar bith a dhéanamh í shábháil ar an
chladach."



"Ní maith atá fhios agam caidé déarfaidh mé
léithe," arsa mé féin, "bfhéidir gur cascradh a corp agus
nach bhfuil díon ar bith innti agus gur thréig an fhuir-
eann í nuair nach raibh siad ábulta maith a dhéanamh
léithe."



"Ach d'amharc Cormac fríd na gloiní agus chraith
sé a cheann.



"Chím fear ag rotha na stiúrach," ar seisean, "agus
tá a thuilleadh aca le feiceáil fosta ach níl cuma ortha
go bhfuil siad ag bogadh ná ag déanamh dadaidh. Tá
siad mar bheadh siad gan luth gan láthair.



"Bfhéidir go bhfuil siad go léir ar meisce," arsa
mé féin.


L. 41


"Caidé faoi thalamh Mhic Dé a bhéarfadh ar an
fhuirinn uilig a dhul ar meisce agus mórtas fairrge ann."



"Cé bith atá ortha," arsa'n fear eile, "níl cuma
ortha go bhfuil siad ag dul a dh'atharú cúrsa na luinge
agus beidh sí ina cláraí ar an chladach. Má bhuaileann
sí an cladach san fhairrge sin, féadaimíd ár mbeannacht
a scaoileadh leo."



"Amach linn go mear ina h-airicis," arsa mé féin.



D'orduigh mé don fhuirinn iad féin d'fheistiú agus
a dhéanamh réidh fá choinne na báighe. Rinneadar
sin. Sáitheadh síos an bád go dtí go raibh a gob ag
marc an láin-mhara. Nuair a fuaireamar ionad sháith-
eamar amach sa lán-mhara í agus shuidh na fir ar na
rámhaí agus tharraing siad an méid a bhí ina n-anam.
Ba ghearr go rabhamar amach as na bristeacha agus
annsin d'amharcamar thart go bhfeicimís cá raibh an
long.



"Bhí sí taobh amuich dínn agus í anonn agus anall
mar bhí sí nuair a bhíomar ag amharc ón talamh uirthi.
Thug sí coradh dí féin agus ba é an chuma a bhí uirthi
go ndéanfadh sí cláraí dhínn. Níl fhios agam caidé
ba chiontach leis ach tháinig eagla m'anama orm go
rithfeadh sí isteach sa mhullach orainn. Scannruigh
mé agus tháinig cineál de chrith-eagla orm roimpí, agus
d'aithin mé go dtáinig an eagla chéanna ar an chuid
eile de na fir. Rinne mé mo dhícheall leis na fir a
ghríosadh. Scairt mé gan eagla bheith ortha ach iomradh
leo go géar, go gcaithfimís a dhul fhad léithe sul a
dtiocfadh sí ró-fhada isteach. Níorbh 'fhada go rabhamar
aici agus leig mé féin scairt asam ach níor tugadh freag-
ra ar bith orm.



"Ní thiocfadh liom duine ar bith fheiceáil ach fear
na stiúrach. Bhí seisean ina sheasamh ag an rotha
agus bhí rud éigin ina chrochaíocht nach rabh óraice.
Bhí an hata tarraingte anuas in sna súile air agus bhí
sé ina luighe crom ar an rotha mar bheadh fear ann a
bheadh ro-thuirseach le seasamh uaidh féin. Bheireadh


L. 42


an long gach aon luascadh do agus ní raibh fhios cén
bomaite a thuitfeadh sé.



Scairt mé ath-uair ach ní rabh gar ann; níor tugadh
freagra ar bith orm. Chuir seo tuilleamh íontais orainn.



"Nár dhubhairt mé leat go rabhadar go léir ar meisce?"
arsa Cormac.



"Cá bhfuil an chuid eile acu?"



"Tá siad ina suidhe le h-ais an chábáin ar thaobh
an fhascaidh."



"Bhí an long ar shéala casadh eile a thabhairt agus
scairt mé féin le na fir bualadh fútha, agus nuair a
rachadh sí tharainn go rachaimís suas faoi n-a ceath-
ramha ar thaobh an fhascaidh. Rinne, agus nuair a
thangamar ar amharc thaobh an fhascaidh, chonnaic
mé féin beirt fhear ina suidhe le h-ais an chábáin.
Bhí leabhar ag fear acu ina ucht agus é á léigheamh
agus a hata tarraingte anuas in sna súile air, díreach
cosamhail leis an fhear a bhí ina sheasamh ag rotha
na stiúrach. Bhí sé ag luascadh anonn agus anall.
Bhí doruga amuich ar a deireadh ag an fhear eile agus
cuma air go raibh sé ag faire go géar ar an doruga
chéanna. Bhí an hata tarraingte anuas ins na súile
airsean fosta agus é ag bogadaigh agus ag luascadh
anonn's anall agus aniar agus siar leis an luing. D'amharc
mé féin ar Chormac agus arsa mise leis:



"Ní gnáthach le fir mheisce a bheith ag léigheamh."



"A dhuine, tá siad ar dearg-mheisce. Tá a gciall
agus a gcéadfaí caillte acu. Tá siad as a meabhair.
Níl fhios acu caidé tá siad a dhéanamh," arsa Cormac.



Chraith mé féin mo cheann agus scairt mé ar an
fhear tosaigh an cábla a chaitheamh chuca go gasta
sul a dtiocfadh barraíocht siubhail uirthi le sinn cois
a choinneáil léithe. "Fainic thú féin." arsan fear
tosaigh ar a shean-scairt agus leis sin chaith sé an cábla
agus d'fhág sé ina luighe in ucht an fhir a bhí ag léigh-
eamh é.



Ach dheamhan bogadh riamh a rinne aon duine


L. 43


acu ach ag bogadaigh anonn's anall agus ag luascadh
leis an luing mar bheadh daoine ann a mbeadh an galar
creathach ortha.



"Leag air!" arsa mé féin "caithfimíd a dul ar bord
ar an artharach sin go bhfeicimíd caidé tá ar cearr."



Luigh siad ar na rámhaí agus shín siad iad féin
agus tharraing ach aon bhuille fada mar bheadh fuireann
rása ann. Bhíomar ag taobh na luinge arís i bhfaiteadh
na súl agus léim an fear tosaigh ar bórd agus rith sé
siar go deireadh leis an chábla. Chuamar uilig ar bórd
agus ceangladh an bád go maith sul ar h-amharcadh
caidé bhí cearr le fuireann na luinge.



"Annsin thionntuigh mé féin thart agus rug mé
greim gualann ar fhear na stiúrach agus bhain mé
crathadh as. Thuit an ceann siar go tapaidh leis an
chrathadh a thug mé dhó; thuit an hata dhe agus-
ní dhéanfaidh mé dearmad fhad is bhéas mé beo ar an
amharc a fuair mé air. O! a Dhia! an dreach agus
an chuma a bhí air! Cubhar glas liath tirim ar a bhéal
agus dath salach bruighte idir a bheith buidhe agus
glas ar a aghaidh. Bhí na lámha ceangailte de spócaí
an rotha agus bhí an corp ceangailte fosta sa dóigh
nárbh' fhéidir dó tuitim is cuma caidé'n corradh a
chuireadh an soitheach dí. Thug mé an dara léim
go dtí an bheirt a bhí ina suidhe le h-ais an chábáin
agus fuair mé iad-san ceangailte fosta agus iad marbh
- ceangailte sa dóigh go dtabharfá fíor-mhionna an
leabhair go rabhadar ina suidhe annsin go socair sámh
dá mbeitheá giota uatha.



"D'amharc mo chuid fear orm agus cuma scann-
ruithe eaglach ortha. Ghearr mé na téadaí den fhear
a bhí ag rotha na stiúrach agus chuir mé fear de mo
chuid féin i gcionn na stiúrach. Bhí an doineann ag
géaradh agus ba é an chuma a bhí orainn go mbéimís
inar ngiotaí ar an chladach roimh chúig bhomaite mara
n-éirigheadh linn í choinneáil suas chun na gaoithe. Righ-
eamar scód an tseoil mhóir agus rinne fear na stiúrach


L. 44


a dhícheall agus thug sé a h-aghaidh ar Ghob na
Dumhcha.



"Annsin tharraing mé m'anál agus chuaidh mé síos
sa chábán. Bhí lampa soithigh ar crochadh sa chá-
bán agus é ar lasadh. Bhí buidéal agus cúpla gloinne
ina luighe ar an urlár. Bhí beirt fhear ina suidhe ag
an tábla. Leag mé lámh ortha... Bhíodar araon
marbh agus an an-chuma chéanna agus an dath salach
bruighte céanna ortha a bhí ar na fir a bhí ar uachtar.
"Idir an bheirt ar an tábla, bhí píosa de pháipéar
agus é greamuithe den tábla. D'amharc mé air agus
seo an rud a bhí scríobhtha air :



"Beatha agus Sláinte ó Chaiptín...



"Chuaidh mé ar bórd ar an luing seo Dé Luain, an
15adh lá d'Fheabhra, ar a 3 a chlog tráthnóna. Thug mé
deoch bhreagh bhríoghmhar do gach mac máthara ar
bórd agus fuair mé íocaíocht mhaith ar a shon sin.
Ní ólfaidh siad aon deor go bráth arís."



Bhí fhios agam caidé a bhí ina intinn nuair
adubhairt sé gur h-íocadh go maith é mar nuair
a dhearc mé thart agus nuair a chuarduigh mé an
long ní raibh a dhath ar a corp - bhí gach rud
goidte...



Ní chualathas trácht ar an fhoghlaí mara seo
roimhe nó ina dhiaidh ó shoin... Ach an dochtúir
a scrúduigh an stuif a bhí sa bhuidéal dubhairt sé gur
nimh a bhí ann agus go muirbhfeadh sé fear i ndeich
mbomaite. Thug sé ainm mór fada coimhightheach air.



Cartuigheadh an long chun an chladaigh d'ar gceart
míle inneoin. Níorbh' fhéidir a sábháil ach thugamar
an buidéal agus an leitir linn - agus na cuirp. Rinneadh
a bhfaire agus a dtórramh agus a gcur go fiúntach, na
créatúir.



Ach caidé mar fuaradar bás?



"Sin ceist a ndéanfaidh mise agus tusa rún uirthi;
sin ceann eile de na rúin nach sgéitheann an mhuir
mhór mhódhamhail sin amuigh." Alpha.


L. 45


(Bunuithe ar sonnet do scríobh F. Ruckert, Gearmáineach.)



A Ghabha na mbéam ngeal, innis dom féinig cad tá á
dhéana' agat?
Slabhraí tréana le neart is éifeacht agus beidh siad
réidh anocht.
Fóiríor géar-bhocht le scrios is daor-ghol sar a dtagfaidh
bliain ó indiu,
Is ort-sa féinig a cuirfar téada de sna slabhraí tréana so.



A Thuataigh aonraic, abair d'aon ghuth cad tá á threabha
agat?
Talamh aolmhaigh ar a bhfásfaidh préamha agus tortha
a bheathóchaidh stuic.
Seadh! mo léar-ghoin is gheobhair ód' shaothar an méid
seo áirimhím duit,
Dras duit féinig le dúil á thaosga agus an síol dod'
námhaid thar muir.



A Fhiadhuí éascaidh, aithris féin dom cad tá á lámhach
agat!
Inneosad féin sin gan bréag ná éitheach, tá bás gan
staon don mhéith-phoc.
Maraon le méith-phoc nó fós le faol-choin agus deirim
féinig sin,
Go mbeidh sibh traochta is fé smacht ró-chéasta agus
déanfar léir oraibh.


L. 46


A Iasgaire is tréine, is duit nách baol dom ach cad tá á
dhéana' agat?
Líonta néata le moguil déanta ná leogfaidh d'éisg uaim
scur.
Mo chreach id' phiantaibh nuair a thiocfaidh céasa agus
glaoch ón Aon Mhac ort,
An bás dubh taobh leat agus tú chun éaga, cé dhéanfaidh
réiteach duit?



A Mháthair chaomh-rosc nea-chodlatach shéanmhar, cad
tá á luasca agat?
Buachaillí tréana ná béarfaidh bréaga is gan staona
claoifid liom,
Och mo mháchail! mar déanfaid beárna ort agus beid
gach lá go tur,
Tír a máthar dá gonadh aca láithreach agus iad fé námh-
daibh dubh.



A Fhile na héigse, cad iad na bréithre atá agat féin á
scríbhe?
I bhfocalaibh caora gheobhair uaim féin ann mo scanail
shaolta fhíor.
Seadh! ód bhéal mhilis go ndéanfar léir-scrios is do
chéile tréigfar síor,
Agus ní smaoinfidh éinne ar a shaoirse féinig ach bheith
go tréith-lag daoir.



DIARMUID O DUIBHNE.


L. 47


Bhí gach éinne ana-shásta leis an gcaitheamh aimsire
a thug Aisteoirí Ath Cliath dhúinn in Amharclann na
Mainistreach an mí seo caite. Is ionmholta an iarracht a
dhin Liam Gógan ar thalamh nua do bhrise leis An
Saoghal Eile. Sa dráma beag san chuir sé roinnt mac
léighinn ag argóint i dtaobh ceisteanna móra : ce'ca tá
Dia ann nó ná fuil, ce'ca tá anam ag an duine nó ná fuil,
etc. Do bhrathamair, áfach, nách comhrá a bhí ar
siúl acu ach oráideacha beaga ina raibh téarmaí móra,
téarmaí a úsáideann Béarlóirí gan puinn gá leo go
minic; do béidir dul i bhfad níos doimhne in achrann
sna ceisteanna móra san dá n-éamais. O n-a bhfuil
léite againn ar na ceisteanna so ba dhó linn go bhféadfí
cruthúnas sáthach láidir do dhéanamh, le hargóint, ar
anam a bheith ag an duine, gan dul i muinín na seifte
suaraí a tharraig an t-údar chuige, sé sin, duine den
chuideachtain do bháth agus a sprid do thabhairt ar
an stáitse chun a rá go bhfuil saol eile ann. Mar sin
féin do thaithn an dráma linne, agus le furmhór a raibh
i láthair, mar gur rud nua é, agus iarracht ar eirghe
as an ngnáth-chúrsa. Maidir leis an aicteáil, bhí beirt
nó triúr den bhfuirinn go maith ach bhí an chuid eile
acu go lag - ní raibh an fuinneamh agus an ghéire sin
ina gcaint ba dhó le duine a bheadh i gcaint mhac léighinn
agus iad ag argóint go láidir i dtaobh nithe táchtacha.
Ina theanta san tháinig an argóint ró-obann - ní bhain-
eann sé le deabhramh go dtosnódh scata mac léighinn
ar argóint den tsórt san díreach ar theacht isteach i
seomra dhóibh.



Aistriú ag Fíachra Eilgeach ar choiméide Béarla
an tarna píosa : Ag suirghe leis an mbaintreach


L. 48


agus is fearr a léiríodh é ná an chéad cheann. An
taithí atá ag na hAisteoirí ar dhrámai grinn fé ndeár é
sin. Ní raibh ach ceathrar ann agus bhí an cur-le-
chéile eatorra ar fheabhas.



Fear an Scéílín Ghrinn an tríú habhar a cuireadh
ar an stáitse. Bhí fuinneamh agus luasca agus cur-le-
chéile ar fheabhas san aicteáil o thúis deire agus, dá
mhinicí a conacthas an dráma so cheana, thaithn sé
go seoidh le gach éinne - níos mó go mór, is dó linn,
ná aon choiméide eile dá bhfuil ar an gclár ag na
hAisteoirí. Is leor san dúinn mar chruthú ar a fheabhas.
Dá mbeadh ár slí féin againn chuirfimís fhiachaint ar
Phiaras Béaslaí a lán drámaí eile do scríobh dhúinn.



Ba mhór an t-ábhar dóchais dúinn go léir an chó-
dháil de Ghaelaibh a thug Connra na Gaedhilge le
chéile an t-ochtú lá d'Eanair na bliana so. Bhí an
Connra ag dul i laige o ló go ló agus do tuigeadh nárbh
fhada go mbeadh deire leis ar fad mara gcuirfí deire
leis an meath. An deighilt atá idir lucht polaitíochta
fé ndeár an laige sin ach nuair a séideadh an trompa
dfreagair an dá dhream pholaitíochta go tapaidh agus
do conacthas radharc nár mheasamair a chífí go deo
arís : taoisigh an dá dhream ag teacht le chéile ar an
aon láthair chun ceist mhór phuiblí do phlé chó maith
is ná beadh aon achrann riamh sa tír. Chuir san i
gcuimhne dhúinn an scoilt mhór pholaiticiúil eile a
bhí ann nuair a cuireadh Connra na Gaedhilge ar bun.
Ca bhfios ná go ndéanfidh obair na Gaedhilge mórán chun
na cneathacha dearga atá ar Eirinn fé láthair do chneasú
agus síocháin is aondacht do thabhairt tharnais arís
dúinn? Pé scéal é, do cuireadh ar bun coiste atá ag
obair go dian ó shin ad iarraidh plean do shocrú le n-a
ndéanfar an Connra do láidriú agus do neartú ath-uair.


L. 49


Táthar ag súil le rudaí móra ó Choimisiún so na Gael-
tachta a chuir an Rialtas ar bun le déanaí.



Sid iad na téarmaí tagartha :



(I) Fiosrú do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabh-
airt don Ard-Chomhairle ar an méid fén gcéad de
chainteoirí nár mhór a bheith in aon cheanntar chun an
ceanntar d'áireamh (a) mar cheanntar Ghaelach no (b)
mar cheanntar bhreac-Ghaelach; agus ar fhairsinge agus
ar shuidheamh na gceanntar san.



(2) Fiosrú agus molta do dhéanamh i dtaobh na Gaedhilge
d'úsáid i riara na gceanntar san, i dtaobh na gcóracha
oideachais atá ionta, agus i dtaobh nithe ar bith ba chóir
a dhéanamh chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine
ionta.



Tá leabhair Ghaedhilge líonmhar go maith le
déanaí agus dá mbeadh a gcáilíocht chó mór lena
líonmhaireacht ba mhaith an bhail orainn é. Leabhair
scoile a bhfurmhór. Níl ach roinnt bheag acu san go
mbeadh aon mhola mór ag dul dóibh fiú amháin mar
leabhair scoile. Chó fada is théigheann leabhair nách
leabhair scoile is ar éigin atá éinní á dhéanamh ag na
Muimhnigh lasmuich den méid atá fágtha ina dhiaidh
ag an Athair Peadaí agus atá ag teacht amach go tapaidh.
In iarthar na hEireann tá Pádraic Óg O Conaire ag
obair go dian. Tá trí no ceathair d'úrscéalta curtha i gcló
aige. Béidir nách aon tsárleitríocht iad ach leitríocht de
shaghas chomónta nár mhiste dhúinn neart de bheith
againn fé mar atá ag lucht gach teangan eile. Tá roinnt
leabhar fachta againn ó Chúige Uladh - ó Fhionn Mac
Cumhaill agus o Mháire - agus is fiú go maith do
dhuine iad do léigheamh. Leabhar ana-mhaith ar fad
do dhaoine óga isea An Dochartach a scríbh Fionn
Mac Cumhaill agus teastóidh na céadta dá shórt uainn i
gcóir na ngarsún is na ngearrachaillí a bheidh ag fágaint
scoile agus a ndóthin Gaedhilge acu chun blas d'fháil
ar a leithéidí, ach gan a ndóthin di acu, béidir, chun


L. 50


aoibhneas a bhaint as dánta Aodhgáin I Rathaille no
Eoghain Ruaidh I Shúilleabháin.



Tá Eireannach mór, an Dr. Seoirse Mac Sigir, tréis
bháis. D'éag sé Dé Máirt, an 17adh lá den mhí seo caite,
in aois a sheacht mblian is cheithre fichid, ina thig i Sráid
an Chláir, i mBaile Atha Cliath. Tá clú mór ar dhoch-
tiúirí na hEireann agus bhí an Dr. Seoirse Mac Sigir ar
dhuine de sna daoine ba mhó ortha. Bhí eolas thar barr
aige ar ghalair mheabhrach. Ach ní mar dhochtúir
leighis is mó a thuill sé an cion agus an meas a bhí ag
Eireannaigh air ach mar Eireannach ionnraic agus mar
leon cosanta i ngach beárna bhaoil. Rugadh é i Holyhill,
in aice an tSratha Bháin, i 1839, agus tugadh scolaíocht
do i gColáiste na Banríona i gCorcaigh agus ina dhiaidh
sin i mBaile Atha Cliath, agus i bPáras mar a raibh sé
ag déanamh foghluma fén lucht eolaíochta, Charcot,
Claude Bernard agus Duchenne. Chuir sé Béarla ar na
leictiúirí a scríbh Charcot ar ghalair neirbhíseacha.
Scríbh sé tráchtaisí ar The Need and Use of Village
Hospítals, Political Prísoners agus Land Tenures
sara dtánamair-ne ar an saol. D'admhuigh Glad-
stone gur mhór an cúnamh do an tríú leabhar san
chun cúrsaí Eireannacha do thuisgint. Scríbh sé ana-
chuid aistí is dánta i mBéarla ar chúrsaí náisiúnta agus
d'aistrigh sé go Béarla a lán de dhánta Gaedhilge na
Mumhan. I 1897 foillsíodh Bards of the Gael and
Gall, an obair leitríochta is mó atá againn ina dhiaidh. Bhí
ana-shuim riamh aige in obair na Gaedhilge agus dhin
sé cion fir riamh ag cosaint na teangan náisiúnta.
Beannacht Dé len' anam!


L. 51


Lúcián : An tAthair Peadar Ua Laoghaire Canónach, S.P.
d'aistrigh; Brún agus O Nóláin, Teor. ; 3s. 6d.



Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha, Coda I., II., III.,
IV. ; an tAthair Peadar; Brún agus O Nóláin, Teor. ; 3s. 6d. ar
gach Cuid.



Críost Mac Dé, Coda 1. agus 11. ; An tAthair Peadar; Brún
agus O Nóláin, Teor. ; 3s. 6d. ar gach Cuid.



Is maith an rud go raibh an tAthair Peadar againn chun an
ghnáth-Ghaelig do chosaint nuair ba bhaolach go gcuirfí i réim
Gaelig a bhí in ainm bheith do réir na scanúdar agus ná raibh
inti dáiriribh ach droch-aithris ar dhroch-Bhéarla. Cé go bhfuil
an fear bocht san uaig le tamall maith, beannacht Dé len'anam!
níl a shaothar litríochta go léir i bhfuirm leabhar fós againn -
tá a leath le teacht fós is dócha. Cuid den tsaothar san na
leabhair sin thuas a foillsíodh le déanaí.



Níl aon eolas agam ar Ghréigis agus dá bhrí sin ní fheadar
an aistriú cruinn beacht scoláiriúil ar Lúcián atá sa chéad leabhar
san thuas, ach léitheoireacht ana-thaithneamhach isea é o thúis
deire. Agallmha idir na déithe an chuid is mó dhe agus déarfadh
duine go raibh an creideamh págánach lag go maith nuair a
céad-scríobhadh iad mar níl puinn urrama dosna déithe le
feiscint ionta. Abhar grinn do Lúcián iad, fé mar is abhar grinn
do eirghe-anáirde agus mórchúis na ndaoine mór a bhí tréis
bháis. Nuair a léigheas iad san Ibernian Journal fadó isé
an t-aon locht amháin a fuaras ortha ná gur dhó le duine, in
áiteanna, gur Corcaighig na déithe agus na daoine móra, mar
gheall ar fhocail mar "airiú" agus "aililiú" a bheith ina
mbéal acu. Sé rud fé ndéar é sin, is dócha, ná gan aon phríomh-
chanúint no standárd a bheith saothraithe fós againn. Godí go
mbeidh, is ar éigin a fhéadfimíd gan Muimhnig no Connachtaig
no Ultaig a dhéanamh de dhaoine ná fuil aon bhaint acu le
hEirinn.



Do léigheas tráth ag údar éigin iasachta gan puinn creidimh,
dáma ná beadh aon fhírinne sa tseana-thiomna, ná raibh aon


L. 52


leabhar ab oiriúnaí ná é do dhaoine óga i dtreo go mbeadh
tuairim éigin acu i dtaobh tosach an domhain. Sna scéalaidh-
eachta so ón Athair Peadar faghmíd gach scéal fónta dá bhfuil
sa tseana-thiomna ó chruthnú an domhain godí scéal Achab, mac
mic Sholomoin, agus iad innste ar a nós cruinn soiléir féin. Ní
gá cur síos ar fheabhas na scéal san. I lámhaibh chuid desna
húdair mhóra, is baolach go bhfuil an scéal geairid ag cailliúint
a bhun-tréithe. Is ar éigin is cóir "scéalta" do ghlaoch ar
chuid acu mar is beag farra stuidéar ar aigne agus ar nósanna
is béasa daoine áirithe bhíon ionta agus, dá dtéití ro-fhada leis
sin, ní bheadh ionta ar ball, béidir, ach aistí aigneolaithe nua
ar ghalair aigne. Scéalta den tseana-shaghas ar a bhfuil taithí
againn atá sna Scéalaidheachta, scéalta go bhfuil tosach ceart
ortha agus deire ceart leo agus iad lán de ghníomhartha. Sa
Cork Examiner a bhíodar ar dtúis agus tá a lán eile acu le
teacht amach i leabhair fós. Sna leabhair seo, agus i Lúcián,
gheobhfar togha na Gaelge agus oiread ráite fada is shásóidh
an té is mó fuath do ráite beaga snapacha agus oiread castaíocha
cainte is shásódh gramadóir buile ar bith.



Do scríbh an tAthair Peadar Lúcián agus na Scéalaidheachta
nuair a bhí neart is sláinte aige agus fuinneamh ann dá réir.
Bhí sé tréis an Bíobla go léir d'aistriú - ní raibh sé ach dhá
bhliain á dhéanamh - agus bhí an bás ag déanamh air go tapaidh
nuair a chuir sé roimis Críost Mac Dé do scríobh agus bhí sé
nách mór aigh ar aigh leis an síorraíocht, agus breoiteacht air,
le linn cuid mhaith den obair sin a bheith aige á dhéanamh.
Tá a rian air : tá a stíl ana-lag anso is ansúd sa dá imleabhar
so (tá ceann eile le teacht). Ach mar sin féin, níor thréig glaine
is cruinneas bunaidh a chuid Gaelge in aon áit é - tá an dá ní
sin le feiscint i ngach abairt aige chó soiléir is bhí riamh. Tugan
sé tréan-iarracht ar an saol mar a bhí sé le linn an tSlánathóra
do léiriú dhúinn fé mar a dhinid na húdair mhóra go léir san
aimsir seo nuair a bhíon an t-abhar céanna ina dtráchtaisí acu.
Ní nách iongna, ní har an taobh san is mó a luíon sé ach ar
theagasc an tSlánathóra agus ar an mbrí atá leis, ní is tairfí
go mór dhúinn, san aimsir seo an phágánachais nua, ná aon
chuntas staire dá áilleacht is dá ghlé-bheócht a bheadh sé.



Tá páipéar maith agus cló soiléir sna leabhair seo agus clúdaigh
mhaihe cárta is éadaig orra.



Coinneach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services