Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeuluidheacht Chúige Mumhan
Title
Sgeuluidheacht Chúige Mumhan
Author(s)
Ua Laoghaire, Pádraig,
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Roimh-Rádh. Ag clos mórán sgeul dom agus me go han- óg adubhart féin dá mbaileóchaidhe iad, agus iad do chlóbhualadh go dtairbheochadh sé d'á lán - dóibh-seo go háirithe ná cuala iad. B'fhiosach me go rabhadar luachmhar, óir taisbeánaid dúinn intinn agus intleacht na nGaodhal níos soléire solusmhaire, b'fhéidir, ná aonnidh eile atá fágtha anois againn, agus aonrud soillsigheas ar a nósaibh-san is cóir dúinn bheith suimeamhuil ann. Má's blúireacha iad féin, agus blúireacha truail- lighthe, ar uairibh, is oighreacht saidhbhir iad i n-a dhiaidh san. Cionnus nár cuireadh cúram ionnta i bhfad roimhe seo ní heolach domhsa. Luthgháirim go ndeárnaidh an "Chraoibhín Aoibhinn" níos mó ná aonneach eile mo bhrostughadh chun cnuasach na sgeul so. Ní gur iarr sé orm a dhéanamh, acht 'nuair léighios ar chruinnigh sé féin díobh, tháinig fonn orm feuchaint le beagán d'á luigheadh, 'nuair nach raibh aonneach eile ag claoidhe chuige. Bhí a fhios agam go raibh mianach comh saidhbhir agamsa im' chúige féin agus do bhí aige-sion i n-a chúige féin. Fágaim faoi'n léightheoir a ndeárna mo ghnó maith nó olc. Is le lucht léighte na sgéal-so luighios cló- bhualadh tuille d'a leithéididhibh, óir díoltar a
dian-luigheadh-san de leabhraibh Gaedhilge gur misde do'n té chaitheas mórán d'á aimsir leó. Ní fuaras acht síbhialtacht, carthanacht, agus féile ó'n mhuintir tug na sgéalta dham. Do Dhomhnall O Néill, thar agus os cionn cách eile bheirim buidheachas ó chroidhe. Do gach n-aon do chabhruigh liom i leith sgéil, airgid, agus uile táim an-bhuidheach. Ámh muna mbeidheadh an lucht do dhíol as tabhairt-imach an leabhair-seo ní fheudfainn-se a fhaisnéis go fóil, nó b'fhéidir eile go deo. Do léigh Seaghán O hOgáin na fromhtha dom agus bhí comh maith agus na focail agus na ráidhte ba dhóigh leis bheith do-thuigthe do'n léigh- theoir coitchionn do chur i n-iúl dom. Pádruig a Laoghaire.
Na Tri Preacháin. Do bhí triúr buachaillidh comharsan gan ór gan airgiod gan talamh gan treó, gan aon tsaidh- bhreas eile acht saoghal gadhair agus sláinte an bhradáin. Do chuadar i dtriúr do'n domhan tsoir, agus deintear fir feadhma díobh i n-armáil righ áirithe. Fear socair soilbhir teilgioch tar- raigeach b'eadh ceann aca, acht i dtaoibh na beirte eile, do raghdaois trí poll trathaire ar bhraon bíotáille, nó bhainfidís an tsrón do'n áidhbheir- seoir dá dteangóchadh sé leó i dtroid. D'fhan- adar le cois an righ-seo go ceann seacht mbliadhan. "Imeóchad ibhaile imbáireach," ars an fear socair leis an mbeirt eile. "Ragham-na led' chois," ars an beirt eile. "Cad dob' áil libhse abhaile" ar seision, "agus gan pingin 'núr bpóca?" "Ó b'fhéidir ná fuileam cómh dealbh agus is dóigh leat," arsa ceann de'n bheirt. An lá ar n-a bháireach d'imtheigheadar i dtriúr leo, agus do ghaibh orra féin triall d'á mbaile duthchais. Do bhíodar ag dul ó dhúthaigh go dúthaigh go dtárluigh coill mhór uaigneach orra thrí n-ar chaitheachtain dóibh gabháil. Agus iad i n-a coimh- leathan rug an bheirt ar an bhfear socair agus
do cheangal le córdaibh caola cnáibe de chrann é, agus do bhain na súile as; do phioc a raibh d'airgead aige uadh, do sgaoileadar annsan é, thug a mbóthar orra, agus d'fhág seisean mar a raibh aige i gcosaibh chró. D'fhan sé mar soin go ceann trí lá. Annsan do thúirling tri préacháin ar chrann taobh leis. Do bhí a mheamhair aige fós. Do thosnuigheadar ag caint le n-a chéile; agus b'fhéidir leis-sion a gcaint agus caint gach éin 'san domhan do thuigsint. "Nár shocair shásta bheidheadh an duine dá mbeidheadh mo chuid feasa-sa aige," ars an chéad préachán leis an mbeirt eile. "Cionnus san?" ar siad-san. "Mar is eol dómhsa," ar seision. "dá mb'fhéidir leis an bhfear as ar bhaineadh na súile iad d'fhághail - agus táid le hais buin crainn i n-aice leis - a lámha chuimilt do'n drúcht, agus na súile chur 'n-a n-áit arís do bheidís comh maith agus do bhíodar riamh." "Nar shocair shásta do'n duine dá mbeidheadh mo chuid feasa-sa aige?" ars an tarna préachán leis an mbeirt eile. "Cionnos san?" ar siad san. "Ná fuil sé," ar seision, "ag dul de dhocht- úiridhibh an domhain inghíon righ na háite-seo
leigheas, agus luibh agus fás díreach donn mar a bhfuil na súile, dhéanfadh í leigheas i leath- nóimiot, acht í bhaint agus do bheirbheadh, agus an t-uisge i n-a mbeireobhthaidhe í thabhairt di le n-ól; annsan do bheidheadh sí chomh maith faoi shaoghal agus faoi shláinte agus do bhí riamh roimhe sin." "Nár shocair shásta do'n duine dá mbeidheadh mo chuid feasa-sa aige?" ars an tríomhadh préachán leis an mbeirt eile. "Mar," ar seision, "atá righ na háite seo chun árd-chathair a righeachta thréigion, do bhrigh go bhfuil easbaidh uisge ag cur airri. Dá gcuir- fidhe poll mór 'san gcarraig chíorduibh atá ag an gceann toir de'n chathair do sgéithfiodh uisge go leór do sheacht gcathrachaibh aiste." Annsan d'imthigh na trí préacháin leó. Do chuartaigh seision; do fuair sé a shúile, do chuimil a lámhna de'n drúcht, do chur na súile i n-a n-áit arís, agus lomláithreach do bhí a radharc aige cómh maith agus do bhí aon lá riamh, nó b'fhéidir niachan níos feárr. Do fuair sé an luibh aileis, do chuir i n-a phóca í, agus thug a bhothar air gur shroich sé cúirt righ na háite sin. Nuair tháinic go ruig geata na cúirte, do bhuail agus d'iarr cead é leagon isteach. "Cad tá uait?" ars an geatóir.
"Inghion an righ d'fheicsint chun a leigheas, " ar seision. "Tar isteach," ars an geatóir, "má's maith leat do cheann do bheith caithte dhíot." "Do baineadh na súile cheana asam," ar seision," agus d'á dheasgaibh-sin ní bheidheadh iongna orm dá mbaintí an ceann anois díom." "Isteach leat mar sin," ars an geatóir. Leastigh de'n geata bhí na céadta plaosg. "Cad é an mí-ádh shaothruigh na plaoisg-seo 'san áit seo," ar seision, "nó cad dob'áil leó ann i n-aon chor?" "Sin cinn na ndochtúiridh," ars an fear eile. "le nár eirigh inghion an righ leigheas; agus is géarr go mbeidh do cheann-sa i n-a cheann i n-a measg, má théidheann díot, agus is dócha gur dh'a chéile sibh." Níor laguigh sin misneach an dochtúra. Chuaidh sé os cómhair an rígh, agus dubhairt gur theastuigh uadh a inghíon d'fheicsint go leigheasadh í. "Is beag an bhrigh dhuit bheith léi," ars an righ, "agus go ndeaghaidh san, de ghníomh go deo de dhochtúiribh cheana; dogheóbhair-se do thoil ámh; acht mura rithidh leat bainfear an eann ó'n gcolainn díot mar dogheineadh le cách eile, romhat." "Atáim sásta," ars an dochtúir agus d'osg-
ladh dorus seomra inghine an rígh dho. Dho bhí sí i n-a luighe i n-a leabaidh, beag nach le béalaibh báis. D'orduigh sé an áit d'fhágaint faoi féin, agus d'fhágadh. Do thóg sé imach an luibh annsan, do bheírbh í, agus thug tarrac na téi airri, agus annsan thug cuid de'n uisge i n-a mbeirbheadh í do'n mhnaoi bhreoite. Ní túisge bhí ólta aice 'ná bhí sí i n-a sán-rith arís, agus do chuaidh go ruig a hathair, agus go deimhin ní mó an t-áthas do bhí airri féin 'ná air-sion. Do ghlaoidh sé an dochtúir chuige láithreach bonn, agus dubhairt - "Thiubhrainn duit m'inghion anois i gcleamhnas acht dogheóbhadh sibh bás d'easbaidh uisge 'san gcathair seo." An lá ar n-a bháireaé do chuaidh inghion an righ agus an dochtúir ag aeruidhiocht dóibh féin i gcairt an righ. Do thiomáineadar leó go ruig an ceann toir do'n chathair; do chonnaic an dochtúir carraig chíordhubh an-mhór árd ann. "Atáim lán-deimhneach," ar seision le hinghin an righ, "go bhfuil uisge go leor do'n chathair i gcoimhleathan na carraige sin dá mbrisfí í, nó poll mór do chur innti, agus do thiocfadh an t-uisge aisti annsan." Do fuair inghíon an righ fiche fear de thapa- goin, agus do thosnuigheadar ag léasadh na car- raige go lom lúthmhar láidir gur phléasg sí i
ndeireadh na dála. Annsan do streall an t-uisge imach; do sgéith agus do leaith ar fuaid na háite, ar chuma go ndeaghaidh isteach i dtigh- thibh na cathrach. Thug an rígh a inghíon annsan do'n dochtúir, agus do pósadh iad, agus dob' fhiú é í. I gcionn bhliadhna d'éis an phósta, do bhí seision, lá ag siubhal leis féin 'nuair cé bhuailfeadh i n-a threó acht an bheirt bhitheamhnach do bhain na súile as. D'aithin seision iadsan, acht níor b'é sin dála dóibh-san. D'innis seision dóibh, ámhacht, cia'r bh'é féin. Do bhí iongna orra cionnus do fuair sé ionghion an righ, agus níos mó ná san 'nuair d'innis sé dhóibh go raibh togha an radhairc aige. D'aithris sé dhóibh a imtheachta ó thús deiriodh. Annsan do bhíodar ag crith i n-a gcroiceann le heagla go gcuirfeadh sé tógaint orra, agus go gcrochfaidhe iad leis an mbeart mbréan d'imireadar air, acht dubhairt seision leó gan aon rud do bheith orra i n-a thaobh san, mar leis féin de, mar gur mhaitheas agus ní díoghbháil do tháinic as do féin. "Atá sé cómh maith dhúinne leis," ar siadsan, "dul agus sinn féin do cheangal do chrann, agus b'fhéidir le Dia go n-inneósadh na préacháin céadna dhúinne, nó préacháin éigin - ba chuma
linn mar leis sin de cá bhfaghmaois inghíona righ le pósadh." D'imthigheadar orra annsan agus do chuadar faoi dhéin na háite mar phiocadar na súile as an bhfear eile agus do cheangladar iad féin féin do dhá chrann. Ba gheárr dóibh ann gur thúirling trí préacháin ar chrann taobh leó. "Bliadhain an taici seo bhíomair i dtriúr annso cheana," arsa preachán leis an mbeirt eile, "bhí fear ag éisteacht linn an uair sin, rug leis a ndubhramar, agus atá sé go lán láidir anois. Atá beirt eile taghtha arís ámh, le súil go bhfagh- daois rud éigin do bhárr ár gcainte." "Seadh, má's eadh; beidh sásamh againne araon as an mbeirt-seo láithreach, agus bainfeam a súile asta," agus ar n-a radh sain dóibh do léim- eadar anuas agus seo ag gobadh súl an dhá bheith- eamhnach iad gur phiocadar amach asta iad. Do ghreadadar leó annsan, agus do fuair na bitheamhnaigh bás 'san choill de ghorta agus de ghabhatar.
Páidín Ó Dálaigh Do bhí fear de mhuintir Dálaigh ag a raibh beirt mhac, dar ab ainm Páidín agus Seaghán. Idir cromadh agus liathadh dho, fuair sé bás, agus níor bh'aon náire dho é, mar d'fhág an bheirt-seo suas i n-a dhiaidh. D'éis bháis a n-athar do chruaidh an saoghal ar an mbeirt bhioránach agus a máthair, agus do chuaidh sé chomh dhocht san orra gur glas d'fheud- adar a bhfiacha dhíol, gan teacht thar an gcíos i n-aon chor. Do bhí an tighearna talaimh ag bagairt orra faid gach n-oirid, acht ní móide tháinig leótha aon ghníomh do dhéanamh leis. l n-deiriodh thiar thall do chuir an tighearna an sir- riam agus a lucht leanamhna uaidh chun tigh na nDálach do leagadh. An lá thar a dtangadar do chuir Seaghan agus Páidín a gcómhairle faoi chéile, agus 'san gcaint dóibh dubhradar gur ceart dóibh cur i n-iúl do na bitheamhnuighibh go raibh an spréach ionnta. Bhí cáil na macán- tachta imuigh orra, agus dar ndoigh tháinic na rapairidhe go deaghmhoch chun éirligh mar ba bhéas dóibh. Do chuadar go léir isteach, mar do bhí na dóirse ar deargleathadh, agus gan gog ná gíog ó aonneach leastigh. Do bhí na Dálaigh i bhfolach
istigh ámhacht, agus chómh luath agus do fuaradar iad ar fad faoi dhíon tighe do léimeadar suas lomláithreach, agus do tharraingeadar imach a gcloidhmhte glana géara glasa agus d'imir beatha na n-éag ar lucht a léirsgris, acht 'san gcóimheasgar dóibh do cuireadh pléar i gcroidhe Sheagháin Ui Dálaigh, agus do chaith an fear bocht bás d'fhagháil d'á dheasgaibh. Do chuarduigh Páidín i bpócaidhibh an tsirriaim, agus do fuair se ionnta míle púnt, agus do thóg iad agus thug d'á mháthair iad. Ba féigion do féin teichiodh ar eagla a chrochta. I gcionn tréimhse mhaith aim- sire tháinic sé thar n-ais chun a mháthair, agus d'innis di go raibh míle púnt geallta d'aon- neach doghéanadh é bhrath, agus go raibh sé ar aigne anois go háirithe an bóthar do bhogadh, agus a aghaidh thabhairt ar áit éigin eile. Thug a mháthair a sporán chuige, agus adubhairt leis é chur chuige féin i gcómhar na slighe; acht do thug seision leath a raibh sa' sporán d'á mháthair, ag rádh go raibh lúth i n-a lámhaibh féin do saoth- róchadh biadh agus beatha dho dá ndruidfeadh an gábhatar leis. Do cheannuigh sé culaith bhreágh éaduigh, agus níor dhearmhuid dá phiostal ocht n-uruchar déag do chur chuige, agus annsan do fuair sé seanbhalcaisidhe ó sheanfhear siubhail, agus do chuir leasmuigh do'n chulaith eile iad,
agus go ghabh maide dealgach droighin i n-a láimh, deis, agus mála leathan láidir teann tuirt- eamhuil i n-a láimh chlé, agus d'imthigh air, agus do bhí ag cur de go ceann seacht lá, gan suidhe suaimhnis ná fuaradh boinn, acht 'mháin an fhaid do bheidheadh ag caitheamh a choda, nú ag codladh tathaimhín do'n oidhche. An t-ochtmhadh lá chonnaic sé meithioll ag baint arbhair i bpáirc fhada fhairsiog. Do leig a ucht ar an bpáil, i n-aice bhuin an iomaire go dtangadar chuige tar éis an tsreaith chríocnughadh. Ní raibh dream riamh d'á fheabhas nach raibh droch-dhuine éigin i n-a measg, agus b'in é a ndála so. Do labhair cuid aca chuige gan easonóir ná easumhlacht an uair do chuir seision orra, acht dubhairt geócach éigin leis go deas-bhéalach - "Cad dob áil leat annsan? nú an dóigh leat go bhfuil aonnidh le déanamh againne acht bheith ag caint leat?" "Ní fhuil aonnidh uaim" arsa Páidín, "acht ba mhaith liom bheith ag feuchaint ar na fearaibh ag baint mar bhíos féin lá, acht d'imthigh san foraoir." "Seo, seo," ars an buachaill "na faghmaois a thuille dhe feasta, acht gread ort go mear, agus glan as ár líontaibh, mar dá fhaid d'fhan- thair annso, sin a mbeidh dh'á bhárr agat."
Ní gábhadh dhuit an doicheall ná an dobhracht, a dhailtín," arsa Páidín, "ní fhuilim-se ag iar- raidh pioc ort, agus b'fhéidir ná fuil puínn fág- haltais agat i n-aon chor, chun bheith ag chaitheamh mo bhochtaine 'sa tsúil orm; acht," ar seision, ag lasadh le feirg, "táimse cómh maith d'fhear leat; ná cuimhnimh acht go bh-fuilim." "Is ann díobh i gcomhnuidhe," ar san geócach arís, slog sglóndair agus gan puinn le cur leis agaibh - seadh bacach mar tusa cómh maith d'féar liomsa,- gcloistí ar so a cháirde!" "Seadh, seadh," arsa Páidin, "agus gach aon suanne leis, agus 'speánfainn duit é ar nói- miot, dá mbeidheadh fear déanta cirt agam mar atá agat-sa tímchioll ort" Dubhairt an feirmeoir go fearamhail imasa go ndeanfadh se féin ceart agus cóir do, agus gan aon eagla bheith air, i n-a thaoibh soin de, agus do chuir se fear do'n mheithill de steang reatha ag iarraidh dhá mhaide droighin go ruig a thigh. Tháinig sé agus na maididhe aige go saoth- rach agus cúbhar le n-a bhéal le anaithe iomshao- thair agus easbaidh anáil. "Seo maide," arsa an feirmeoir le Páidín. "Tá maitín agam féin" arsa Páidín, "do dhéanfaidh an gnó, go raibh míle maith agat. Ní iarfad screatal ort, ach ceart do deanamh dom."
Do fuair an fear eile a mhaide agus bhí ag ceáfráil anonn 's anall chun sgamhramh, maraige, chur ar Pháidín, i leaith as gur fear mharbhtha céad é. Annsan thug sé tailm faoi bhuille thabhairt do Pháidín acht níor eirigh leis é aimsiughadh. Thug Páidín fogha faoi eision, do sgaoil an mhala chlé ar sileadh leis agus feadáin fola ag sgéith aisti. Thuit sé ar faoilphleasg a droma; agus d'imthigh agus do chuaidh fear eile agus do strac an maide imach as a láimh agus dubhairt go raghadh féin leis. "Atáim sásta," arsa Páidín, "acht b'fheárr liom go mór go gceapfá do shuaimhnios," "Tar annso," ars an fear eile, "ní déarfar go brách dheilbhe an domhain ná raibh croidhe agam- sa roimh do leithéid-se de leadhbán bacaigh, seo, seo, tar annso, no bíodh ort féin." Seo chun a chéile iad, acht b'ionann sgéal do féin agus do'n chéad fhear do chuaidh leis. Do thréaill fear eile é agus ní raibh a mhalairt de sgéal aige, agus fear eile arís, agus mar soin doibh siar síos go dtí go raibh cách i n-a mhartrán mhasluighthe, ag tabhairt a gcod' fola i n-aon chúil chnámh amháin gan fear fortaigh a chéile aca. "Is tréan an fear thu," ars an feirmeoir. "Do bhíos coímheasach uair," arsa Páidín. Uain agus tráth cé chasfaidhe chúcha acht preab-
aire tuíncéarach agus a mhealbhóg ar faoil-árd a dhroma. Ar dteacht do i n-athchomairiocht dóibh do chonnaic gach aonnidh mar a bhí agus dubhairt - "Cad é an t-éirleach-so ar lámhaibh agaibh, nú cé an mac mí-áidh chuir san anchás-so iad-so?" Do innis an feirmeoir do rún a sgéil ó thúis deiriodh. Thug an tuíncéir aghaidh chómhráidh air agus dá infhiuchadh go géar ó shál rínn dubhairt - "Cé an diabhal duine se thu?" "Mise me féin," arsa Páidín, "acht cé so thusa?" "Is cuma dhuit," arsa an tuíncéir, "acht is dóigh liom go gcurfead do mhailidhe ar crochadh leat." "Mise is beag bínn ort" arsa Páidín. Go ghaibh an rapaire tuincéarach an maide droighin i n-a láimh agus thug fogha faoi mhala le Páidín acht do chuaidh de í aimsiughadh. Bhí gach re mbuille aca araon go raibh buille agus fiche buailte ag cách díobh, acht níor liuireadar féin a chéile. An tarna buille ar fhichid do chuir Páidín a mhaide ag luighe go neamh-chlé i mhala deis an tuíncéarach agus leis an mbuille i n-a dhiaidh d'imir an cleas céadna ar an mala eile agus thug na cheithre croibh anáirde air. "A bhfuil do dhóithin fághaltha fós agat?" arsa Páidín. "Gréidh, gréidh, orú," ars an tuíncéar," agus
ná marbh ar fad mé, ní beag liom díot." D'éirigh an tuíncéar faoi cheann tamaill an- mhaith, agus dubhairt le Páidín nár bhuaidh aonneach riamh air acht aon duine amháin. "Is é sin Páidín O Dálaigh," ar seision "agus déarfainn gur tusa é acht ná feaca riamh i n-a bhacach é." "Is mé atá ann ámh," arsa Páidín, "agus anois ó thugas an aoide-seo ort, seo chúig phúint duit do cheannóchaidh do dhóithin stáin duit do chuirfidh ceol id' chluasaibh fad do bheidh na mailidhe-sin agat ag cneasughadh." Thug na cúig phúint do, agus do ghread air, agus do bhí ag cur de go luath léir gur ghlan as radharc na háite sin, agus annsan go righin réidh ar a shuaimhnios. Agus an andoirchiocht ann do rug sgológ air agus capall agus turcail aige. D'iarr Páidín lift air agus do fuair. 'Nuair thangadar go tigh áirithe, adubhairt sé leis teacht imach as an dtrucail, agus dul isteach sa tigh agus go bhfaghadh lóistín na hoidhche ó'n té bhí ann. "Agus an leat féin an tigh?" arsa Páidín. "Ní liom," ar seision, "acht le fear oibre bhíonn agam. Do thiubhrainn chun mo thighe féin thu, acht do bheidheadh miteachas orm roim mo mhnaoi, ar eagla go mbeidheadh sí 'sa druim ruaig
orm i n-a thaoibh." Ná bac leis," arsa Páidín, "ní bheidhead-sa ag deunamh aon bhárthain díobh." Do ghreasáil sé an capall leis agus d'fhág Páidín ag baint teineadh chreasa as dorus tighe an fhir oibre. D'osgladh an dorus do agus leigiodh isteach é, agus d'iarr sé teacht-síos go lá, agus do fuair. Dubhairt an fear siubhail, .i. Páidín, dá mbu mhaith le fear an tighe é go raghadh sé féin le n-a chois gruig an sgioból ag súisteáil rith an lae, 'sé sin dá mbu aon luigh- eadughadh gnótha ná lagachar alluis do-san soin. Dar ndóigh ní raibh ó'n sclábhuidhe bhocht acht an focal. Is é ghlac an tarraingsint go macnais- each buidheach. Do chuadar go dtí an sgioból, agus seo Paidín ag bualadh, agus cómh mear agus d'fheud an sclábhuidhe punanacha chaitheamh chuige bhíodar sgoth-bhuailte agus glan-bhuailte aige. "Is tu an buailteoir tuighe is luaithe agus is léire d'á bhfeaca riamh," ar seision le Páidín. Do chaitheadar an lá ar an nós san, agus ist oidhche chuadar ibhaile, agus má dheaghdar ní raibh aonnidh maith ná foghanta le n-ithe rómpa. "Ní bheidheam 'san aisti-seo," ars Páidín, "fad atá airgiod agamsa; seo chúig phúint," ar seision leis an sclábhuidhe bhocht, "agus ceannuigh lón dúinn; ní ceart dúinn sinn féin
do leogon ar leirg an fhaid atá dlús chaithte agus choimeádta againn." An lá ar n-a bháireach do chuaidh an bheirt arís faoi dhéin an sgiobóil agus adubhairt Páidín leis an sclábhuidhe gan innsint do'n sgológ cé'r bh'é féin, agus go dtiubhradh sé dho a bheag nó a mhór airgid do thuillfeadh. Ní mór ná fada dóibh ag súisteáil 'nuair tháinic an feirmeoir orra, agus dob' iongna agus ollsacht leis súisteoir mar Pháidín d'fheicsint. "Is mó ab' fhiú é sin," ar seision, "ná triúr fear." "Tabhair pádh triuir fear domhsa agus fanfad agat," arsa Páidín. "Tiubhradh," ars an feirmeoir. Do chuaidh Páidín ar aimsir chun an fheoirmeora, agus thug a phádh do'n sclábhuidhe bhocht. Do bhí aon inghíon amháin ag an bhfeirmeoir, agus ba han-bhreágh an cailín í. Níor bh'fhada do Pháidín san tigh imasa nuair thuit sise i ngrádh leis mar do bhí seision cómh deallrathach d'fhear agus do shiubhal riamh ar féar ná ar faithche. Thug sé máilín beag di; is ann do bhí a dhá phiostal; dubhairt léi é chongbháil go n-iarrfadh sé arís airri é, acht air a bás gan é osgailt. Lá dá ndeaghaidh an sgológ chun na sráide, chonnaic sé páipéiridhe postálta thall 's abhus i ngach treó d'ár chaith catsúl; do léigh. Is amhlaidh bhí 'ná míle
púnt geallta d'aonneach bhéarfadh sgéal nú tuairisg ar Pháidín O Dálaigh, agus do bhí a chuma, a chrut, agus a cheartughadh ann síos go cruinn. Nuair tháinic an feirmeoir ibhaile d'infhiuch sé Páidín ó sál rínn, acht níor leog faic ar domhan air. Ar leabaidh ist oidhche, chuir sé i gcead d'á mhnaoi a mbraithfeadh sé Páidín chun an airgiod d'fhagháil. "Ar do bhás ná déin," ars an bhean, "is seirbh- íseach maith é, is deacair a leithéid d'fhagháil." "Tá a fhios agam é sin," ars an feirmeoir "ar a shon soin féin is deacaire ná san croiceann do chur ar míle púnt." "Ar soin Dé," ar sise, "agus ná déin a leithéid sin; do bheidheadh sé i n-a bhraon-anuas ort an dá lá saoghail as do mhairfeá, agus ní gheobhadh do chuid chloinne id dhiaidh aon bhárra fóghanta go brách." Acht níor bh'aon bhrigh dhi bheith leis. Ar maidin i mbáireach do ghléas agus go ghaibh a chapall, agus do chuaidh go dtí barraic na soighdiuiridh, agus d'innis go raibh Páidín O Dálaigh go lán láidir i n-a thigh féin, agus go dtáinic chun é bhreith suas dóibh idir fuith feadh, agus gan aon milleán do bheith ar féin ó as sin suas. Nuair do bhí inghíon an fheirmeora ag crúth ar maidin, súilfheuchaint éigin d'á dtug Páidín do chonnaic
í ag sileadh na ndeor; agus d'imthigh agus do chuaidh faoi n-a déin, agus d'fhiarfuigh cad ba bhun le n-a cuid goil. "Ní fhuil aonnidh," ar sise. "Sin é an chéad uair riamh do chonnac bean ag gol gan fáth; acht ní mar soin atá," ar seision. "Innis dom an fáth, a chogair, má tá aon bhaint aige liom." Acht níor innis sí pioc do. Do ghlan sé uaithe annsan, agus faoi cheann tamaill tháinig thar n-ais arís chúiche agus do cheistigh í go cruaidh. I ndeiriodh na dála do bhris ar an tocht aici; do innis do an feall do bhí 'ghá hathair le himirt air, agus do chuir na dromanta dubha chuir Fionn leis na bárnaighibh gan leogan air le haon- neach go dtug sí féin aon bhrághadaoil do air, le heagla go mbeithtí ar n-a marbhthaibh maola léithi dá dheasgaibh. "Ní gabhadh dhuit aon eagla bheith ort," ar seision, "agus dar mo bhriadar, ní leogfad mun mo chluasaibh ort, me chur ar mh'iongain. Beidh anns inocht go háirithe, nuair bheidh na ba crúithte agat beir chúgam mo mhealbhóg." Do rug. I dteinnidh an lae tháinig an feirmeoir go saothrach, agus níor leog aonnidh air. Ar teacht na hoidhche dubhairt sé le Páidín dul agus feuchaint i ndiaidh an chapaill. "Ní raghadh," arsa Páidín, "teirigh féin. Do-
gheobhainn le n-ais bheith nídh b'fheárr 'ná taim inocht." D'imthigh an feirmeoir imach annsan, agus do théalluigh Páidín imach le n-a shalaibh, agus do chuaidh i n-aice an gheataidh le hais chrainn mhóir, agus d'fhan ann go ceann tamaill. Ba ró-gheárr do gur ghread sgread sgréachóige siar agus aniar thrí n-a innchinn, agus do léim ceithre saigh- diuir isteach an geatadh. Bhí na piostail i lámhaibh Pháidín agus iad lán. Ar iontáil thart doghein ceithre pleisteanna marbha do na saighdiuraibh. Seo isteach i dtig an fheirmeora é, seo imach an feirmeoir le súil go raibh Páidín ag tabhairt an fhásaigh, acht rug Páidín suas ar ghiúlthaoigh air, agus d'fhiafruigh de cad é an aoide nó crích ab fheárr leis. Níor labhair sé gíog ar dtúis, mar do baineadh as a mheamhair é, acht i gcionn tamaill tháinig sé chuige féin, agus seo ag truaigínteacht ar Páidín é gan é chur chun báis, agus do gheall na huirc agus na heairc do, acht níor ghein Páidín acht an solus do sgaoileadh thríd. Tháinic a bhean orra díreach donn agus d'iarr air ar son Dé í féin d'fhagaint suas, agus d'fhág acht adubhairt ar bhiorán bhuidhe go ndéanfadh an rud céadna léithi-si, mar dá mbeidheadh aon spaing innti ní leogfadh do'n diabhal spriúnlóige bhí ceangailt dhi é dhíol mar
ghiúll ar lathairt beag airgid. 'Acht," ar seision, "bíodh aige anois, ní bheinn-si ag manaois leis," Do chuir Páidín uime a chulaith bacaigh, d'fhág a chuid airgid idir fuith feadh ag inghin an fheirm- eora go dtí aon trí saoil amháin do chongaibh sé aige féin, agus do sgaoil chun siubhal. Níor bh'fada do ar bóthar 'nuair casadh bocach air. Do bheannuig do agus do bheannuigheadar féin d'á chéile. "Ar soin an Aoin Mhic," ar seision le Páidín, "agus tabhairt rud éigin dam- pingin éinig airgid. Táim ag cur alluis díom de cheal seaich tobac agus screatal na ngrás ní fhuil agam do cheannóchadh blas de. Thug Páidín raol do, agus do sgaradar araon le n-a chéile. Ba dian- gheárr ámh gur bhuail bacach eile uime, dubhairt go raibh a bholg ceangailte do chnámh a dhroma le gortadh agus le gábhatar. "Ní fhuil faic ar domhan agam, agus an oiread agus do chuirfeadh fearg ae do shúil ní bhfaghainn ó aonneach annso. Táim seighte glan imach!" "Ní fhuil agam féin," arsa Páidín leis "acht scillinn, agus tiubhrad a leath soin duit-se." Agus do thug, agus do bhog sé an bóthar arís, agus do casadh bocach eile air, agus dubhairt go raibh sé ag dul as a chroiceann le híotain, agus go raibh a ionathar agus a raibh uile istigh
ann chomh tirm tur san go raibh eagla air gur geárr go raghdaois thrí theinidh. D'imthigheadar araon ó chéile, annsan, gach n-aon aca ar a raon féin; ba gheárr an scríb do shiubhal Páidín 'nuair casadh duine uasal an- bhréagh thar bárr air, agus do labhair chun Páidín, agus adubhairt le Páidín gur b'é féin ár Slánuightheoir, agus gur bh'é bhuail leis na trí huaire, gach aon uair i bhfoirb bacaigh. "Anois," ar seision, "ó bhís cómh fairsiog liom, "tiubh- rad duit aon trí athchuinge is maith leat, acht ar dtúis," ar seision le Páidín "cuimhnimh ar a bhfuil déanta as an tslighe agat, agus ar do bhás ná dearmhad t'anam, an cheud athchuinge anois." "Mo phócaidhe bheith lán d'airgiod gach aon uair do chuirfead mo lámha ionta," arsa Páidín. "A Pháidín," arsa ár Slanuightheoir, "níor chuimhnighis ar t'anam, acht anois atá súil agam go mbeir níos mó i n-a saothar an athuair. An tarna athchuinge anois - acht ar do bhás, cuimhnigh ar t'anam." "Cuimhneóchadh," arsa Páidín, "an tarna ath- chuinge iarraim ort - gan aonnídh théidheas isteach im mhála theacht amach as gan mo chead." "Faire! a Pháidín," arsa ár Slánuightheoir, "níor chuimhníghis ar t'anam bocht, acht ar do
bhás, Ó! a Pháidín, ar do bhás, cuimhnigh ar t'anam anois nú riamh, nú beidh i n-a shéala ort." "Cuimhneochad go deimhin," arsa Páidín, "an triomhadh athchuinge - buaidh imiortha i ngach cleas." "Ó mo náire é, a Pháidín," arsa ár Slánuigh- theoir, "me díoltha leatm go brách arís." "Faire! faire! a Shlánuightheoir, ná habair sin," arsa Páidín, "atáim óg láidir fós, agus tá breith leighis ar mh'anam - cuimhneochadh air n-a dhiaidh-so 'ar mo bhás,' mar adubhraois féin, a Shlánuightheoir." D'imthigh ár Slánuightheoir air annsan, agus d'fhág Páidín mar a bhí. Do ghluais Páidín air aileis, acht ba gheárr do ghluais ámh, gur bhuail fear mór leis, agus culaith bhreágh uime ná raibh smúit ná smáit i n-a chodladh innte. Do labhair chuige, agus do labhair seision leis agus adubhairt - "Nach tu Páidín O Dálaigh?" "Is mé díreach," arsa Páidín, "acht cé thu féin ámh?" "Mise an Fear Mór!" ar seision. "Seadh go díreach," arsa Páidín, "ní mór duit." "Táim ag teacht chun thusa thabhairt liom," arsa an diabhal, "mar is liom thu anois ó taoi díoltha le Dia."
"Thangaois an eadh?" arsa Páidín, "acht ní raghad-sa led' chois ámh. B'shaith liom san, go bhfaghad bás ar dtús go háirithe!" "Imasa mhaise caithfir," arsa an Fear Mór, "cuirfead-sa d'fhiachaint ort é; d'fheudfainn- se aonnidh is maith liom do dheánamh." "Ní fheudfá, is dóigh," arsa Páidín. "D'fheudfainn go deimhin" ars an Fear Mór. "A ndéanfá siubhal ar do dhá láimh?" arsa Páidín. "Dóghéanfainn i nóimiot," ar seision, dh'a chaitheamh féin ar a dhá dheárnain, agus seo ag siubhal é gan mhairg." Orú a amadáin," arsa Páidín, "ná feudfainn féin san do dhéanamh; acht a raghthá thrí chró na snáthaide-sin?" ar seision. "Do raghainn," ars an Fear Mór. "agus do thiocfainn thar n-ais comh maith céadna." Agus do chuaidh agus tháinic thar n-ais arís iompáil na baise. "Is diabhaltha an fear thu," arsa Páidín, "do bhuaidhis ar a bhfeaca riamh; acht cogar, a raghthá isteach im mhála go fóil?" "Is me raghaidh," ars an Fear Mór, "agus tiocfad imach as arís go mear." "Ní raghthá is doigh," arsa Páidín. "Ní raghainn imás!" ars an Fear Mór, ag rádh le Páidín béal a mhála d'osgailt do,
agus d'osgail agus do léim isteach ann i n-a streille-bheathaidh, acht má chuaidh is ar Pháidín ba ghiorra mhoíll dúnadh air agus ní leogfadh imach é. "Seadh! seadh!" arsa Páidín leis an bhFear Mór, "do bhí lán mór fút le fada, acht atá beortha ort i ndeiriodh na dála, mo bhuachaill, agus geallaim-se dhuit go n-agaróchad-sa mo dhioghalthas ort sula gheóbhair cead do chos arís." Do chaith sé a mhála ar a dhrom, agus níor stad go dtáinic go ceárdchainn, agus do chuaidh isteach, agus d'fhiarfhuigh do na goibhnibh a léasuidís an mála agus a raibh ann, agus go ndíolfadh sé iad go dian-mhaith as a saothar. Do leig sé de a mhála agus do chuir a lámha i n-a phócaidhibh agus do bhí ag strealladh airgid ar an úrlár chúcha go raibh sé tuirseach tnáithte. Seo iad-san leaithte anuas air i nóimiot, acht dubhairt seision leo i ndomhnach congbháil glan de go dtuillfidís é. Dar ndóigh beirid ar a n-órdaibh agus ar a gceapórdaibh go mear agus tosnuighidh ag liuradh agus ag leadhbhadh an mhála go raibh allus ag tuitim leó anuas ar an dtalamh. "Atá a dhóithin fághaltha feasta aige," ars an árdghobha, "dá mb'é an Fear Mór féin do bheidheadh ann!" "Agus a bhfuil a fhios agaibh i n-aon chor gur
b'é, a greinn?" arsa Páidín. "Ní fhuil orú," ar siad san. 'Sé go deimhin," arsa Páidín. Agus do ruga- dar ar a n-órdaibh agus ar a gceapórdaibh arís, agus thugadar tamall eile d'á léasadh go raibh sé ag buirfheach agus ag béicigh mar leanbh lom- nochtuighthe go mbeidhfidhe as a riastáil le slait. "Seadh, bailigh an t-airgiod anois," arsa Páidín, "ní beag dhíobh de," agus do chaith an mála agus a raibh ann ar a dhrom, agus thug a bhóthar air go dtáinic go muilionn reamhruighthe. "A reamhróchtha an mála-so agus a bhfuil ann?" arsa Páidín leis an muilneoir. "A bhfuileann tú as do mheabhair, orú?" ars an muilneoir," nú cad é an diabhal atá ort?" "Ní fhuilim as aon mheabhair," arsa Páidín, "de rogha agam diabhal do bheith orm nú dhíom. Díolfad-sa thu go dian-áluinn as do shaothar,' ag caitheamh a mhála ar an úrlár, agus ag cur a dhá láimh i n-a phócaidhibh, agus ag breacadh an talaimh muardtímchioll air, i n-iontáil na baise le píosaidhib óir. Do chrom an muilneoir air láithreach, agus do bhí ag piocadh ar lán a dhíchill, mar is dócha gur fada roimhe sin do chonnaic sé an oiread, má chonnaic riamh. "Fan go fóil," arsa Páidín, "go mbeidh mo mhála agus a bhfuil ann reamhruighthe agat."
Is ar an muilneoir ba ghiorra an mála chur 'dir na blocaibh, agus do sgaoil leis an muilionn ar siubhal annsan. Plub plab anonn 'sanall ag an mála agus a raibh ann go raibh sé ana- thamall ag a reamhrughadh. Annsan do thóg an muilneoir imach é, agus do chaith an mála ar an dtalamh, a' rádh. "Tá sé reamhruighthe a dhóithin, dá mb'é an diabhal féin do bheidheadh ann." "Orú, a ghreinn, agus a bhfuil a fhios agat i n-aonchor gur b'é?" "A gcreidfead thu?" ars an muilneoir. "Creid nú ná creid," ar seision, "acht adeirim-se leat gur b'é an seanbhuachaill céadna atá ann. "Mhuise," ar seision, "ó rug sé orm do shólás shaoghail an rógaire bheith faoi mo smacht agam, cuirfead isteach arís é, agus tiubhrad greas eile reamhruighthe dho uaim féin - ní fhéidir go bhfuil aon bhruid ort!" "A dhuine na n-árann," arsa Páidín, "an diabhal bruid orm-sa - agair do dhíoghalthus air 'n fhaid so bheith sé agat." Do chuir sé a dhá oiread uisge le roth an mhuilinn agus do bhí an chéad uair, ar shlighe nár bh'aonnidh a bhfuair sé ar dtús i gcómhnáird do'n tarna huair. Do chaith Páidín a mhála ar a dhrom arís, 'nuair do chuaidh sé tamall
do'n tslighe d'fhiafruigh do'n Fhear Mór a raibh sé cortha de fós? "Is me atá," ar seision. "Seadh, is maith liom san do chlos," ars an fear eile, "sin mar is mó leanfad díot ámh, go mbainfead cuid do'n teasbach díot." Do chuaidh Páidín go tig i n-a raibh an t-éacht de ghréasuithibh. "Caith bhur gcip uaibh agus faigh bhur meannaithídhe go bhfuaithfidh sibh an mála-so dhom," arsa Páidín. D'fheuchadar suas air, agus dogheiniodar gáirídh agus magadh go leór faoi féin agus faoi n-a mhála. "Cad é an galar míoráin-sin sa' cheann agat?" ar siad san, "nár chirtisí go mór duit na leadbhacha-san ar do chosaibh do dheisiughadh. Feuchuid, a cháirde, atá a órdóga ag briseadh imach thríotha." Acht do chaith seision a mhála d'á dhrom, do chuir a lámha i n-a phócaidhibh, agus seo ag strealladh airgid é, gur las súile na ngréasuithe le sgiumhadh croidhe chuige, agus is dócha go léimfidís d'á bhailiughadh, acht ní leog- fadh an sgamhramh dóibh é; ní acht go raibh sgamhramh go leór aca chun an airgid, nidh nach locht orra. Dá mbeinn féin ann doghéanfainn fear i n-a measg. B'fhéidir anois," arsa Páidín, "go bhfuaith- feadh sibh mo mhála 'nuair chuaidh balaithe 'n airgid
faoi n'úr srónaibh. "Orú," ar siad san, "an amhlaidh measann tú a rádh go bhfagham an t-airgiod - agus dar ndóigh ní airgiod é féin acht ór breágh buidhe - acht 'mhian do mhála d'fhuath dhuit?" "Cad eile, a dhuine?" arsa Páidín. "A laoigh faid a n-uruchair chaitheadar a gcip; seo cuid aca ag cuardach do mheannuithíbh, cuid aca do shnáth, cuid aca do chéir agus do ghuair- eachaibh, agus an chuid eile ag fuath go mear daingion le dúthracht, ar chuma nár fhágadar guaire gan úsáid, blúire céireach gan ídeach, croidheachán snátha gan caitheamh, ná tuínte gan a chur i bhfeidhm fuaithte, agus i dtaoibh na mean- nuithe níor fhágadh ceann beag ná mór faoi dhíon tighe gan briseadh agus a bhfágaint i n-a gcodladh san mála agus a raibh ann. Ní fheudfaidís a thuille dhéanamh annsan. Rug an t-árd-ghréasuidhe ar an mála, agus do chaith faoi dhéin Pháidín é, ag radh, "Is dóigh liom-sa go bhfuil sé fuaithte go leór, dá mb'é an mac mallachtan féin do bheidheadh ann." "Agus nach é aileis, orú?" arsa Páidín. "Dáríríbh?" ar seision. "Dáiríribh cruinn," ars an fear eile. "Ar t'fhocal?" ar seision. "Ar mh'fhocal go deimhin," ars an fear eile.
"Ar t'anam?" ar seision. "Ar mh'anam agus ar mo chorp," ars an fear eile. "Ar soin Dé?" ar seision. "Ar soin Dé agus Mhuire agus ar a bhfuil thíos agus anáirde; agus ná bíodh a thuille ann anois," arsa Páidín. "Orú," ar seision, "nach truagh mar atáim rithte imach as gach aon nidh; mura bheidheadh san, ní bheidheadh deiriodh agam-sa leis go fóil. Atá daod agus dímhéid agam chuige le fada ó chuir sé i gceann mó mhná téallughadh léi lá agus imtheacht i n-ainm an diabhail di, i bhfochair fhir eile; acht is dócha thar éis an méid do fuair sé i gcaitheamh an lae indiumh ná beidh sé comh siubhlóideach callphléathach agus do bhí le fada. Ní fheadar an tagtha as do, ó'n dtuireann-so a thuille? Acht tiocfaidh dar ndóigh, mar atá an diabhal déanta air le righineas. A Mhuire, dá bhfeudfaidhe é thachtadh istigh 'sa' mhála, nár bhreágh an saoghal do bheidheadh againn annsan; 'sé an buachaill - agus milleadh agus míle milleadh féin air i dteannta a bhfuil fághaltha aige - 'sé an buachaill seo tá ag déanamh builcín ainglis do'n domhan." "Ní fheadar mhaise, cé heile," arsa Páidín. Do chaith sé a mhála ar a dhrom, agus doleog
dos na gréasuithibh bheith ag bailiughadh an airgid, agus bheith ag dul ar scórnaigh a chéile mar ghiúll air. Do labhair chun an fhir do bhí ar a mhuin dá uair, agus d'fhiarfhuigh cionnus do bhíothars aige, acht ní fuair aon freagra. "Labhair," ar seision, "mura bhfuileann tú marbh imuigh 's amach." Do labhair agus adubhairt, "Is geárr uaim." "Gur ab giorra ná san é," arsa Páidín. Do bhí an Fear Mór ag truaigínteacht air é leogan imach, acht níor chuimhnimh ar a leithéid do dhéanamh go n-oirfeadh dho féin. Do chuaidh Páidín go barra cnuic do bhí an-árd lán de splínceacaibh geura garbha, agus do leog a mhála agus a raibh ann síos le fanaidh. Bhí gach aon bhuille i gcoinnibh na gcloch agus na gcar- raigeach aige, agus ni túisge bhíodh sé sgartha le ceann aca ná bhíodh sé buailte i gcoinnibh chínn eile faoi fuinneamh, céad uair níos mó, agus do bhí ar an gcuma san go dtáinic go dtí an bun. Annsan ní raibh aon chuma i n-aon chor air, do bhí sé an oiread san scríobtha screaibhte, agus an diabhal cnámh ann ná raibh comh briste brúighte comh tabhartha-san d'á chéile ná raibh faic deifiríochta idir feoil agus cnámh ann, acht é istigh i n-aon sgeaithre frog amháin. "Seadh," arsa Paíidín, ag teacht anuas do'n chnoc, agus ag dul faoi n-a dhéin, "ciannos
táthars agat?" acht ní raibh gíog as-san. Do cheistigh sé an athuair é, acht níor labhair focal. "Seadh!" ar seision, "mura labhrair chugam- sa, mo bhuachaill maith, míneóchad-sa a thuille tu, sula sgarfad leat." "A Pháidín, a Pháidín," ar seision, "sgaoil ar siubhal mé." "Leogfad," arsa Páidín, "mar táim tuirseach teínn ó bheith ag gabháil díot, acht caithfir geallamhain do thabhairt dom ná tiocfair taobh liom go deó arís." "Geallaim-se duit," arsa an Fhear Mór, "dá bhfaghainn me féin glan díot aon uair amháin go gcoimeádfainn faid géime na bó uait a thuille, mar do leithéid d'áidhbheirseoir ní'l san aer thuas ná i n-Ifrionn thíos." D'osgail Páidín a mhála. "Imach leat," ar seision, agus ní gabhadh dhom a rádh gur air nár thóg i bhfad glanadh as a radharc; níor bhac le feuchaint thar a chúlaibh acht comh beag. I gcaitheamh na haimsire chaith mo Pháidín bás d'fhagháil, agus d'imthigh agus do chuaidh go flaith- eamhnas, agus do bhuail ag an ndorus; tháinic an geatóir imach agus d'fhiarfhuig cé'r bh'é sin. Dubhairt seision gur rith sé leis gur b'é féin do bhí ann. "Agus cad atá uait?" ar seision. "An fear go rabhas ag caint fad ó leis," ar Páidín.
"Agus cá fios dómhsa cé féin?" ar seision, "nú nár thugais a chomharthaidhe níos feárr dom?" "Agus nach cuma dhuit orú?" arsa Páidín, "acht gread ort, agus abair go bhfuilim-se ag feithiomh annso leis." Do dhún sé an dorus, agus má ghein ba gheárr gur osgladh arís, agus tháinic ár Slánaightheoir imach. "Nach tú Páidín O Dálaigh?" ar seision. "Smot de," arsa Páidín. "Cá bhfuil an smot eile?" ar seision. "Cá mbeidheadh sé acht 'sa bhaile im dhiaidh," arsa Páidín. "Cad atá ag teastabháil bhuait?" ar seision. "Me leogan isteach," arsa Páidín. "Cá ionad isteach?" ar seision. "Go flaitheamhnas orú!" arsa Páidín. "Is soth liom go bhfuileann tú díoltha bhuaim, imthigh ort go hifrionn anois," agus d'imthigh. 'Nuair chonnaic an Fear Mór ag teacht é, d'ór- duigh na dóirse go léir do dhúnadh agus do dhaing- niughadh, agus gan poll 'ná porrán d'fhágaint ar osgailt, ar eagla thrí aon mhí-ádh go seolfaidhe chúcha isteach é, "Mar," ar seision, "dá aoirde de dhiabhal mise, ní fiú faic me i gcomhnáird do súd." Do bhuail Páidín ag an ndorus le na línn sin, acht má bhuail ba bheag an bhrigh do san; ní leog- faidís orra amháin go gcualadar é. "Comhfhaid
an t-slighe ag dul agus ag teacht," arsa Páidín, ag imtheacht air arís, agus níor lag cos ná lámh go dtáinic go geata na bhflaitheas. Do bhuail buille; bhí an dorus iadhta, agus ba gheárr gur osgladh. "Cad do thug arís thu?" ars an geatóir. "Cad do thiubhradh me," arsa Páidín, "acht mo chosa." "Agus cad tá bhuait máseadh?" ar seision. "An fear le n-a rabhas ag caint cheana," ars an fear eile. "Tá a fhios go maith agam anois cé theas- tuigheann bhuait," ars an geatóir. "Seadh, má tá," arsa Páidín, "teirigh chuige, agus abair go bhfuilim-se annso arís." "Agus ca fios domhsa cé thu féin, a dhuine," ar seision. "Nach cuma duit 'sa diabhal," arsa Páidín, "acht déin rud orm." Agus imbasa féin do ghein; d'iaidh an dorus i n-a dhiaidh agus ba dhian-geárr gur osgladh é arís, agus tháinic ár Slánuightheoir imach. "Orú," ar seision, "nach tu san; cad atá bhuait?" "Shíleas," arsa Páidín, "go gcuala agus me im bheathaidh - 'sé thugas im chluasaibh liom, pé ar domhan é - go mbíodh ifrionn ar osgailt i gcómhnuidhe."
"Bíonn aileis orú," arsa ár Slánuightheoir. "Mhaise, go deimhin féin, ní id' shárughadh-sa é, ní mar sin do bhí sé an uair do ghabhas-sa an bóthar," arsa Páidín, "acht dúnta go daingion; agus ní bhfaghainn dul isteach; dar ndóigh níor bhfeárr liom-sa sgéul de, 'ná bheith imuigh as, an fhaid as fheudfad, ar deirtios ná fuilthios ró- mhaith ag an gcuid is feárr aca annsúd." "Raghad féin," ars ár Slánuightheoir," i n-éin- fheacht leat anois, agus go deimhin caithfear thu leogaint isteach, de chois nú d'each;" agus do chuaidh; agus dá mb'át a rádh gur b'éigion osgailt do annsan. Nuair chuaidh sé isteach do theich gach aon diabhal agus deamhan d'á raibh ann roimis, agus do bhídís ag briseadh a gcos d'fheuch- aint cia'ca ba shia ó Pháidín bheidheadh, agus ar an tsaoghalacht ní thiocfaidís i n-a ghoire. Nuair bhí sé tuirseach do bheith i n-a aonar do chuaidh sé go dtí an Fear Mór agus adubhairt leis gur ghein- eadar féin mórán as an tslighidh ar a chéile riamh, agus gur chóir dóibh a chaitheamh as a gceann fad ó. "Faghaim blas ar do chaint," ars an Fear Mór; " a mbeidheadh tamall ar cártaidhibh agat?" ar seision. "Ní feárr liom rud eile," arsa Páidín, "acht cad é an margadh bheidheas eadrainn?" "Fan go mbeidh deiriodh imiortha againn," ars
an Fear Mór, "annsan iarradh an té is mó cluichidh bheith aon nidh is toil leis ar an bhfear eile agus caithfear a thabhairt do; a bhfuilir sásta?" ar seision. "Táim," arsa Páidín. Do thosnuigheadar ar imirt annsan, agus níor stadadar lá ná oidhche go raibh seacht lá na seachtmhuine caithte aca ar an nós-san, agus do rug Páidín gach aon chluiche, mar do bhí buaidh imiortha i ngeach cleas aige. "Cad d'iarrfair?" ars an Fear Mór, ag crith i n-a chroiceann, le Páidín. 'Sé an fáth gur ghein sé an margadh ar dtúis mar shíl sé gur aige féin do bheidheadh gach cluiche. "Gach aon duine riamh," arsa Páidín, "atá i n-Ifrionn do sgaoileadh imach, acht mháin an té thóg an bhreab thar mo cheann-sa agus má tá aon áit níos measa 'ná an ball i n-a bhfuil seision, cuir ann é, agus sin go tapaidh leis." Imach leo go léir i n-a ndraodamaibh, agus Páidín ar a bhog stróc i n-a ndiaidh, agus níor stadadar go ndeaghadar go flaitheamhnas agus do ghlaoidh ár Slánuightheoir eision isteach comh maith le cách. An uair dhéidhionach do chonnac-sa é, bhí sé taoibh-istigh do dhorus flaitheamhnuis, agus inghíon an fheirmeora pósta aige, agus iad araon ar a dtoil. Ní fuaras-sa d'á mbárr go léir, pé sgéal é, acht bróga páipéir agus gáirtéiridhe bainne ruimhir.
Rí na mBréag. Do bhí baintreabhach ann, agus do bhí mór- sheisior mac aici. Bhí an cead mac comh ísiol san ná feudfadh capall Lá Márta breith ar mhullach a chod' gruaige, agus bheith ag inbhír 'san pháirc is loime d'á bhfeacaidh súil riamh; an tarna mac i n-ionannas leis an bhféar; an tríomhadh mac comh beag san ná raibh sé d'aoirde ann tar-ghad úghaime asailín a mháthar do dhúnadh gan suidhistín do chur faoi n-a chosaibh féin; an ceathramhadh mac mar aon fhear; an cúigeadh mac comh árd leis an rae; an ré-amhadh mac comh mór san nár leomhaidh riamh caipín do chaitheamh sula pléasgadh sé an spéir, agus an seachtmhadh mac níor sheasaimh riamh acht ag lamhacán i gcomh- nuidhe, agus árd a thóna ag cuimilt leis an spéir. Do bhí rí 'san Domhan Toir, agus do bhí aon inghíon amháin aige, an bhean ba bhreághtha d'fheuch ar aer 'ná ar thalamh. Do bhí sé féin ag tuitim chun aoise, agus do gheall go dtiubhradh a inghíon i gcleamhnas do'n chéad fhear do chuirfeadh d'iaf- acht air "Thugais d'éitheach," nú "Thugais do chéad éitheach" do rádh. 'Sé an ainm do bhíodh ag lucht magaidh air acht Rí na mBréag, i dtaoibh ná
raibh sé do ghliocas ann an oiread as aon bhréag amháin d'innsint riamh. Do chuaidh mac na baintreáibhche chuige agus d'innis do cad thug é. An chéad lá thug an rí imach leis é, agus do thaisbeán a chuid ba dho. "Cuirfidh mé geall," ar seision, "ná facaois an oiread-sa ba i bhfocair a chéile riamh." "Ní fhaca imás," ar san fear eile. "Ca'n a thaobh ná feicfinn orú," ar seision, "Tá an oiread-san ba gom mháthair im dhiaidh-se 'sa bhaile, go gcuir- eann an bhláthach do bhíonn againn thar éis na cuiginne dhéanamh seacht gcéad muilionn ar siubhal." Níor chuir an rí huf ná haf as acht éistiocht leis ar a shuaimhnios. An tarna lá, thug an rí ag feuchaint ar a chuid chruiceóg é. "Cuirfead geall leat, indiumh go háirithe,," ar seision, "nár leogais do shúil riamh ar an oiread-sa cruiceóg." "Orú," ars an fear eile, "is geárr go raghaidís ar a bhfuil 'sa bhaile gom mháthair díobh." "Acht má's eadh féin," ars an rí, "ní bhíonn an oiread toraidh ar sathaibh do mháthar agus do bhíonn ar mo chuid-se." "Orú, a dhuine," ar seision, "dún suas do bhéal dom, agus inneosad-sa duit ná fuil id' chaint acht bolgan-béic. Is mise bhíonn ag tabhairt aire do chruiceógaibh mo mháthar; agus atá seacht gcéad míle cruiceóg aici. Caithim na beacha go
léir do chomhairiomh, ar dtúis ar maidin, ar eagla go bhfanfadh aon bheach aca istigh rith an lae thrí leisge agus leiceacht, agus ist oidhche arís le heagla go bhfanfadh aon cheann aca imuigh uainn. Tráthnóna, bhíos beach geárr; mar as go raibh an chuid eile suidhte sochair ar a suaimhnios, istigh i n-a gcruiceógaibh d'imthigheas sa' chuaird. Do bhaineas imach an cnoc agus do bhuail gearrán liom, do lámhuighios é agus do phreabas ar a mhuin, agus do bhíos ag cur díom go dtánag chun coille. Istigh i gcrann mhór do bhí mo bheach go breágh ar a socairiocht di féin; do ghearras cuid do chaillitínidhibh na coille agus dogheinios dá chiseán; do chaitheas mo dhá chiseán trasna an ghearráin agus do líonas suas go barraibh na sáithte iad lem' mhil - soláthar aon lae amháin. Bheirios ar an mbeach agus do leogas anuas ar dhrom an ghearráin í 'dir an dhá chiseán. Le hiomarca ualaigh do bhris cnámh-droma an ghear- ráin. Rugas ar maide mór daraighe, sháthas isteach i n-a bhéal é, agus thríd siar imach, agus annsan thiománas ibhaile é féin agus a raibh air." Níor labhair an rí gíog acht éisteacht leis i gcomhnuidhe, cé gur dheacair leis sin. An tríomhadh lá chuadar araon arís ag feuchaint ar phónaire an rígh. "Nách breágh árd an pónaire é sin?" ars an rí. 'Seadh, árd,"
ars an fear eile, "mar ná facaois pónaire mo mháthar. Fásann gach aon léas de anáirde 'san aer, agus as san go dtí an spéir. Nach suas thrí ghéagán chínn aca do théidhim-se gach aon mhaidion Domhnaigh ag éisteacht aifrinn ins na flaitheas- aibh! Domhnach d'á rabhas thuas, d'eirigh sé chun gaoithe agus gála, agus threasgarthar gach aon léas riamh acaa. Thógas féin mo lóistín mar a raibh agam an oidhche-sin. Um maidin an lae ar n-a bháireach do chuireas rómham triall ibhaile. Do casadh triúr ban orm ag cáthadh choirce i dtáirsigh dhoruis do na flaithis. "A dtiubhradh sibh adhbhar súgáin dom?" arsa mise. "Tiubhram orú," ar siad-san, agus thugadar. Chasas mo shúgán, chrochas leis an spéir é, agus leogas anuas mé féinig leis. Bhí go maith go dtána i n-athchomairiocht do'n bhun, as ar imthigh pé luid bheag chasta bhí ann; 'nuair thánag go dtí san bhris sé agus seo anuas liom ar bhior mo chínn. Díreach agus mé treó trí slat ó'n dtalamh do léim mada-ruadh suas im' choinnibh agus do sgiob an ceann díom do'n sgiob sin. Do ritheas i n-a dhiaidh, rugas ar earball air agus do bhíos ag gabháil air go dtugas seacht gcéad cic do; i ndiaidh gach aon chic do leog sé seacht gcéad breim, agus gach aon bhreim aca san seacht gcéad uair níos mó d'fhear 'ná bhis-se do rígh riamh!"
"Thugais do chéad éitheach," ars an rí, "agus ní do chéad éitheach thugais, acht na mílte marbhtha aca." "Tar slán! Tar slán!" arsa mac na bain- treáibhche, "tá t'inghíon agam anois." "Tá," ar seision, "agus nár fhághad 'úr dtairbhe araon, agus nár leogaidh Dia d'á chéile sibh i bhfad!" Do pósadh iad, agus ní doigh liom go bhfuair an sean-duine a ghuidhe orra, mar do mhaireadar ag a chéile go rabhadar comh liath le luich. OILEÁN NA gCÚIG mBEANN. Do bhí rí agus do cailleadh a bhean. Do phós sé arís i gcionn sgathaimh, agus má phós ní raibh breis áthais air i dtaoibh a ghnótha, mar d'iontuigh a bhean imach go holc, agus do bhí i n-a droichcheann dá leaschloínn - mac agus inghíon. Do chuireadar suas léi i bhfad, acht i ndeiriodh na dála chaith an rí iad do chur ar deílt uaithi. Bhí oileáinín deas tamall maith ó n-a chaisleán, agus ann do- ghein sé dhóibh araon cúirt áluinn aolda, gan bun cleite imach ná bárr cleite isteach buailte le slataibh bruin, a táirseach de sgeanaibh
beárrtha agus fárdorus do snáthadaibh cruaidhe: cleite péacóige ag tabhairt an tsoluis is breághtha do'n chúirt go léir. Annsan do chuir sé a bheirt chloinne isteach ann chun comhnuidhthe, agus d'fhógair fada agus geárr ar fuaid a righeacht gan aon domhan duine do dhul chúcha, nó dá dtéidheadh go mbeadh a shéala air. Do snámh buachaill imach faoi dhéin an oileáin, agus do fuair an t-éalag ar an gcailín, ar slighe gur gheárr go raibh sí ag dul i mbreis. 'Nuair tháinig an t-am rug sí - préacháinín! Go ceann lae agus lán-bhliadhna níor chorruigh sé imach, acht ar a shon san agus uile bhí ag teacht ann. Lá do chroith sé a sgiatháin, agus thug an dorus imach air. "Cá raghair anois?" ars a mháthair leis. "Go dtí an Túirín Tuathaidh", ar seision, "ag feuchaint cion- us atáthars god' leas-mháthar. "Fan sa' bhaile orú a mhío-fhortúin," ars a mháthair leis an bpréacháinín, "agus ná bíodh aon bac agat léi- sin. Ní beag linn a bhfeacamair di cheana gan tusa bheith ag griobairt airri arís." Acht níor leig an préacháinín air go gcualaidh sé í, ag eirighe 'san aer agus imtheacht air chomh mear i n-Éirinn agus d'fheud sé, agus níor stad go dtáinic go ruig an Túirín Tuathaidh, agus do thúirling ar chrann leastmuigh do'n dorus. D'airigh an tsean-bhean é, agus do tháinic ar an
dtáirsigh agus adubhairt - "Cad as duit a phréachainín?" ar sise; nó bhí a fhios aici comh maith agus do bhí aige féin. Ó Oileán na gCúig mBeann," ars an préach- áinín, "mar a bhfuil Fiadh mar a bhfuil Fiolar, inghíon an righ agus mac an righ, agus iad go léir go lán láidir." "Orú, a phréacháinín, a gcreidthead thu?" ars an tseanbhean. "Creid nú ná creid," ars an préacháinín, "acht táim-se ag ínnsint na fírinne duit." "Seadh más's eadh," ar sise, "cuirim-se de cheist agus de bhreith agus de mhór-ualach ar mhac an righ gan an tarna béile d'ithe as aon bhord, gan an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go bhfagaidh sé domhsa laogh na bó béildeirge." D'imthigh an préacháinín leis annsan, 'nuair chualaidh sé an chaint-seo, agus áthas a chroidhe air mar shí sé gur b'é an sgéal ba bhreághtha ar domhan do bhí aige. Nuair chuaidh sé ibhaile, d'fhiarfhuigh a mháthair de a raibh aon thuairisg aige do bhárr an lae, agus dubhairt seision go mustarach go raibh, agus nár sgéal beag leis é, agu d'innis dóibh araon focal ar fhocal do réir mar a bhí agus mar a dhubhras leis. Rug a mháthair air, agus do bhí ag gabháil air mi an úrlár, go raibh fuil ag
sileadh i n-a braonaibh as, pé beag mór di bhí ann, agus is deallrathach ná raibh aon an-reise ar fad di ann. Acht pé scéal é, do rug a mháthair ar an bpréacháinin arís, agus dubhairt leis, "O! orú, milleadh ort agus maidhm mharbh ort, cad aige nár gheinis rud orm?" agus do chaith suas ar an lochta é. Ar maidin, an lá ar n-a bháireach, d'eirigh mac an righ, do nigh a aghaidh agus a lámha, d'fheuch soir ó dheas, agus d'iarr trócaire agus cabhair ar Dhia, nú mar ar iarr do leog do. Do ghléas sé air a léine shíoda shíthplis shliosach chúinneach choiléarach íochtarach uachtarach bhéicleach bhean- nachtach, faoi chnapaíbh na hÓróipe, d'á hiadhadh agus d'á hosgailt, faoi chúba agus faoi sgreata gaisgidhigh; a bhróga tíorma teó do leathair na hogbó ná rug gamhain agus ná béarfaidh, nár luigh agus ná luighfidh, mura luighfeadh ar chaolaibh a droma nú ar bharraibh a hadharc; a mheadóg sgeine sgoth-ghéire 'n-a béal do chear iaran, d'á mhaoidheamh agus d'á rádh gur b'é féin fear cosgartha na coróineach agus fear na córach do thagairt, agus ná tiubhradh ceart ná cóir d'aon- neach acht do'n té ar mhaith leis féin. D'imthigh sé annsan agus thugadh léim truslóige thar móin- teánaibh fada fiadhaile, agus thar dá dtrian an domhain mhóir, agus bhí ag cur de riamh agus
coidhche go raibh drúcht deirionnaighe agus meirg ceoidh an, an lár bhán ag dul faoi sgáth na cupóige agus an chupóg ag teichiodh roimpi, aghaidh na mbó ar an mbaile, aghaidh na gcoileach ar an t-eudach orra anuas. Tháinic sé go caisleán mar a raibh bean uasal agus í i n-a suidhe ar chathaoir airgid ag cíoradh a cinn le círín óir; do mhúch sí le pógaibh é d'fhliuch sí le deoraibh é agus do thíormuigh le éadaighibh síoda agus sróil é. D'innis sé di cad thug é agus adubhairt sise leis nár bh'é an ceud duine é chuaidh ar tór- uidheacht laoigh na bó béildeirge, agus gach aon domhan duine d'á ndeaghaidh gur b'in a raibh d'á bhárr aige, é féin do chur i n-umar na ham- ailéise, agus gan teacht as go deó. "Agus," ar sise, "is amhlaidh bhíonn an laogh-san ag seinm an cheoil is binne d'á gcualthas riamh i n-Oileán an Uaignis do'n bhó bhéildeirg, agus mura mbeadh an ceól-san do shlugfadh sí an domhan. Codlann an bhó uain áirithe agus dá bhfeudfaidhe an t-éalag d'fhagháil ar an laogh annsan b'fhur- aiste é ghoid, acht dá nduiseóchadh a mháthair le línn na huaire-sin do mharóbhadh sí an tsaogh- lacht dá mbéarfadh orra." Thug sise slaitín do agus dubhairt leis an ceud smotán daraighe bhuailfeadh leis ar imioll na trágha do bhualadh
léi, agus go mbeadh i n-a churachán breágh láith- reach. Do ghein sé díreach mar dubhradh leis, agus d'iarracht do bhí an curachán ba bhreághtha d'á bhfeacathas riamh ag luasgadh ar an muir os a chómhair. Do léim sé isteach innti agus d'árduigh a seólta bogóideacha ban-dearga, a mbun a gcrann árd, a mbárr i gcrann íseal agus do ghluais air go ndeaghaidh as gaoith is gála dho. Annsan do chuir sé imach a mhaidídhe bínne bána buana bosleathna, do bhun na fuin- seoige nú do bhárr an chaorthain, do chuireadh cubhar na fairge i n-íochtar agus grean na fairge i n-uachtar, míola móra éisgínidhe agus péistínidhe ar bhosaibh agus ar bhasaibh, agus ar shleasaibh a mhaididh bínne bána buana bos- leathna; gur seoladh é 'san áit ná raibh tonn d'á bhualadh, tonn d'á luasgadh, acht tonnta dubha cubhráin d'á chur ar chuantaibh na sábhála. Do léim sé imach, do chuaidh i dtír, agus do ghread air go dtáinic go dtí an áit mar a raibh laogh na bó béildeirge. Bhí an bhó 'n-a suan agus an laogh ag rith i n-a thimchioll ag déanamh an cheoil is binne d'á gcualathas riamh. Do bhuail sé an laogh le n-a shlaitín draoidheachta, agus do lean é, agus do rith seision chomh mear ar domhan agus dó bhí i n-a chosaibh, do léim isteach i n-a churachán agus do léim an laogh i n-a dhiaidh go preab-
amhail. D'árduigh sé a sheólta bogóideacha bán- dearga, a mbun i gcrann árd, a mbárr i gcrann íseal, agus do ghluais air go ndeaghaidh as gaoith is gála do; agus é tamall maith imach do dhúisigh an bhó, agus nuair mhothuigh sí a laogh uaithe, do rith anonn 's anall agus do chuir géim aisti do chuir an domhan toir agus an domhan tiar ar son-chrith, agus do bhain imach an tráigh agus do chonnaic an curachán ag gabháil béal an chuain imach. Do léim sí lomláithreach isteach san mhuir mhóir, agus do shnámh i n-a dhiaidh, agus do bhí ag breith suas leis gur chuir seision imach a mhaididhe binne bána buana bosleathna, do bhun na fuinseoige nú do bhárr an chaorthain, do chuireadh cubhar na fairge i n-íochtar, agus grean na fairge i n-uachtar, míola móra, éisgínidhe agus péistínidhe ar bhos- aibh, agus ar bhasaibh agus ar shleasaibh a mhaididh bínne bána buana bosleathna. Do báthadh an bhó. Do léim seision ar an talamh tirim. Do léim an laogh 'n-a dhiaidh. Do bhuail sé buille d'á shlaitín ar an gcurachán agus bhí i n-a smotán daraighe arís. Tháinic sé go caisleán na mná uaisle agus d'innis di cionnus do chuaidh dho, agus thug an tslaitín draoidheachta ar ais di. Do ghléas sí biadh agus deoch do, agus d'ith agus d'ól sé a dhóthain agus do ghluais air annsan arís, agus níor stad agus níor staon go dtáinig go Cais-
léan Oileáin na gCúig mBeann. Do bhí a dheirbh- shiur 'san dorus roimis, agus do rith sí 'n-a choinnibh agus do bheir barróg air agus do phóg agus do dheoch é, agus annsan do thuit i néall áthais agus d'fhan ann logonoidhche. Do bhíodar anois ar a suaimhnios, agus cíos cás ná cathughadh orra, an laogh ag déanamh ceoil dóibh ná beitheá tuirseach go deo de, go dtí lá 'na ar mhúsgail an préacháinín, do chroith a chuid sgiathán, agus thug béal an doruis imach air. "Cá bhfuileann tú ag dul anois arís?" arsa a mháthair leis. "Ní fhéid gur do'n Túirín Tua- taidh bheitheá ag dul." "Cá ionad eile?" ar seision. "Míochothrom teinn ort," arsa a mháthair, "fan istigh 'sa bhaile, agus ná bí ag cur tuille galair míreáin im cheann, i bhfochair a bhfuil ann cheana. Acht ba bheag an bhrigh di bheith leis. D'imthigh air agus níor stad do'n scríb-sin go dtúirlig ar chrann do bhí ag fás leastmuigh do dhorus an Túirín Tuataidh. D'airigh an bhean do bhí istigh é, geallaim-se dhuit, agus tháinig ar an dtáirsigh agus adubhairt - "Cad as duit a phréacháinín orú?" ar sise. "Ó oileán na gCúig mBeann," ars an simp- leoir eile, "mar a bhfuil fiad, mar a bhfuil fiolar,
inghíon an righ, mac an righ, laogh na bó béil- deirge, agus iad go léir lán láidir?" "Ní chreidfead thu stoigh," ars an bhean mhaith leastigh, ag leogan airri. "Creid go deimhin," ars an simpleoir beag arís, "mar is fíor a n-abraim." "Seadh má's eadh," ar sise. "cuirim-se do cheist agus do bhreith agus do mhór-ualach ar mhac an righ, gan an tarna béile bidh d'ithe ar aon bhórd, an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go saothróchaidh sé dómh-sa banbh na cránach breac- duibhe." Níor labhair focal eile, acht d'iompugh isteach di féin, agus d'imthigh an préacháinín leis, leis an sgéal do bhí aige, agus do bhí d'á bhualadh féin mi gach aon túrtan agus túrtóg d'ár casadh air sa' tslighe, faoi dhéin an bhaile le bárr áthais agus nú níór ghábhadh dho dul chun na trioblóide mar fuair sé a dhóithin agus breis agus a dhá dhóithin déag 'nuair shroich sé an chúirt, agus mo ghreinn é is dócha gur beag de ghéanfadh é. Ar ndul isteach do, seo ag brácaoil é. D'fhiarfuigh a mháthair de, cad é an mí-ádh san do bhí ag gabháil do, nú cad aige go raibh sé ar an nós-san. D'innis seision rún a sgéil di go háthasach, réir mar do bhí, gan focal faoi ná tharais. Rugadh air ar mhullach cínn agus bhí sí
dhá ghabháil de ar lic an teinteáin gur mhúch sé an teine le dóibireacha fola, agus do caitheadh ar an lochta siar annsan i n-ainm an diabhal 'san deamhain do. Maidion an lae ar n-a bháireach d'eirigh mac an rígh, 7c. D'innis sé di cad do thug é, an athuair, agus dubhairt sise leis gan aon easbhaidh cráiste bheith air, agus bh'fhéid go dtiocfadh leis banbh na cránach breacbuidhe ghoid comh maith le laogh na bó béildeirge. Annsan d'innis sí do gur ab amhlaidh bhíonn an banbh-san ag gabháil tímchioll na cránach-san i gcómhnuidhe gan aon stad, ag seinm an cheoil is breághtha ar domhan di, ag iarraidh í chur chun suain le heagla go n-íosadh sí an saoghal go léir. Do chodladh an chráin am áirithe, agus dá bhfeudfaidhe teacht ar an mbanbh annsan, b'fhuraiste é ghoid. Thug sí slaitín draoidheachta dho, agus dubhairt leis déanamh nós mar ghein sé cheana. D'imthigh sé annsan agus tháinig go bruach na trágha, agus do bhuail buille d'á shlaitín ar an gceud smotán daraighe le n-ar bhuail sé, agus do bhí i n-a churachán áluinn ar nóimiot, ag luasgadh os a chómhair imach. Do léim isteach innti, agus d'árduigh a seolta bogóideacha, 7c. Do léim sé ar an dtráigh, agus níor fhan acht
bualadh air go mear go dtáinic go ruig an áit mar a raibh banbh na cránach breacduibhe. Bhí an chráin féin i n-a codladh, agus gach aon srann do chuireadh aisti, do sheasadh gach aon ribe gruaige ar mhac an righ, agus do chritheadh trí huaire. Bhuail sé an banbh agus do lean é, agus níor lag cos go dtáinic go dtí an tráigh. Do léim sé isteach sa' churachán, do léim an banbh isteach i n-a dhiaidh gan mhairg, agus d'árduigh sé a seolta bogóideacha bándearga, a mbun i gcrann árd, a mhbárr i gcrann íseal, agus do bhí ag gluaisiocht go mear, 'nuair do dhúisigh an chráin agus ní fheacaidh sí a banbh i n-aon treó. Chuir sí grutháil aisti do leag na cnoic muardtím- chioll airri, agus do rith anonn 's anall, agus do léim le buile agus le deargbhuile, agus do chuaidh ar bhalaithe an bhainbh go ruig an tráigh, ag déanamh tonntsrothaigh do'n talamh 'n-a diaidh, agus do chonnaic an curachán ag gabháil béal an chuain imach, agus do shnáimh chúiche agus a craos ar deargleathadh, agus do tháinic suas léi i nóimiot agus do shluig an curachán siar síos i n-a bolg go dtí an crann láir, acht do chuir seision imach a maididhe bínne bána buana bosleathna, 7c. Do ghearr an chráin a scórnach leis an snámh, agus do bog d'á greim, agus do báthadh í. Do léim mac an righ imach ar an dtráigh, do léim
banbh na cránach breacduibhe i n-a dhiaidh. Thug buille d'á shlaitín do'n churachán agus do bhí i n-a smotán daraige arís. D'imthigh agus do tháinic go caisleán na mná uaisle, agus d'innis di cion- nus do chuaidh do, agus thug an tslaitín di arís. Do ghleus sí biadh agus deoch do; d'ith agus d'ól seision a dhóithin, nó marar ghein ba mhór an t-amadán é. Annsan do thug sé na cosa do'n bhóthar agus níor stad do'n stáir-sin gur shroich sé a chúirt féin. Do bhí a dheirbhshiur ar an dtáir- sigh ag faire imach; níor fhág sí an áit-sin fad a bhí seision imuigh, ag gul 'sag gollán thar a n-imtheóchadh aonní air. Do rith sí chuige agus do rug barróg air, agus i n-a dhiaidh do thuit i néall áthais agus níor tháinig chúiche féin go ceann lae agus oidhche. Bhíodar ar a socairiocht annsan, gan cíos cás ná cathughadh; an laogh agus an banbh ag déanamh ceoil do scaipfeadh brón an tsaoghail do chloisfeadh é. Acht ní raibh an préacháinín sásta. Ba gheárr gur chroith sé a chuid sgiathán arís. Do rith a mháthair chun an doruis roimis, acht do bhí an taobh imuigh aige-san sul ar shroich léi lic na táirsighe bhaint imach. "Na teirigh i n-aonbhall as ár radharc anois," ar sise leis, nuair ná raibh aon leighis eile aici air, "agus ar do bhás ná cuimhnigh ar dul go dtí an Túirín Tuathaidh."
"Ca n-a thaobh ná raghainn orú?" ar seision. "Deirim leat fanamhaint sa' bhaile," ar sise." "Mhaise táim fada go leor sa' bhaile," ar seision, "agus ní móide mo bhuidheachas 'n-a thaobh, acht indiu go háirithe beidh aeríocht agam." "Do bhí a mháthair chun díriughadh air arís nuair leaith seision a sgiathána agus d'éirigh go hárd 'san aer, agus d'imthigh go ndeaghaidh go ruig an Túirín Tuathaidh, agus do thúirlig ar an gcrann gur thúirlig sé cheana air. Dá mb'át rádh gur ar an mnaoi mhaith leastigh nár thóg sé i bhfad teacht ar an ndorus, do chuir a dá huillinn ar dá ursain an dorus agus dubhairt - "Cad as duit a phréacháinín a ghreinn?" ar sise. "Ó oileán na gCúig mBeann," ar seision, "mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon an righ, mac an righ, laogh na bó béildeirge, agus banbh na cránach breacduibhe, agus iad go léir go lán láidir." "Orú a gcreidfead thu?" ar sise. "Creid imasa," ars an mac mí-áidh eile. "Seadh má's eadh," ar sise, "cuirim-se de cheist agus de bhreith agus de mhórualach ar mhac an righ gan an tarna béile bidh d'ithe ar aon bhórd, an tharna deoch dighe d'ól as aon chupán, ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go
bhfaghaidh sé dhómh-sa an Teampán Uaine." D'iontuigh sí isteach annsan agus clab airri ag gáirídh i dtaoibh a ndubhairt sí, mar bhí súil aici go gcaillfidhe mac an righ gan aon agó, an tríomhadh huair. D'imthigh an préacháinín leis, agus dá ghiorra bhí sé sa' tslighe b'fhada leis é, bhí an oiread-san deithnis air chun a sgéal do chur d'á chroidhe, mar shíl sé gur b'é ba bhreághtha 'ná a chéile; níor ghein an bhatráil ruainne maithis do. Nuair chuaidh sé isteach domhothuigh a mháthair an t-áthas air fad air, agus níor bhain sí aon fáth foghanta as. "Ní fhláir," ar sise, "nú tá eachtraidhe móra agat th'réis an lae?" "Tá," ar seision. "Agus cad é so mar sgéal agat anois?" ar sise. D'innis sé dhi gach ní mar a bhí. Is beag nár thuit an t-anam aisti nuair innis seision di go raibh air ag a dearbhráthair imtheacht agus an Teampán Uaine d'fhagháil do chois nú d'each. Nuair tháinic sí cúichi féin níor maoidhthe ar an bpréacháinín é; níor fhág sí cleite air ó'n gcnámh imach agus leastigh do'n chnámh, má theighe- ann préamhacha na gcleitidh cómh fada-san, gan stathadh, agus do chaith iad annsan i gcoimhleathan na teineadh, agus d'fhaduigh anuas orra go rabha- dar cómh dóithte ná raibh fagháil ná feicsin amhán ar a luath. Caitheamh an loimirceach bocht
siar ar an lochta, agus do leogadh dho bheith ag cur chleitídh thríd imach arís nó leogaint dóibh féin cia 'ca a chéile b'fheárr leis. Maidin lae ar n-a bháireach d'eirigh mac an righ, 7c. D'innis sé di cad do thug é an tríomhadh huair, agus adubhairt go raibh eagla air ná eireóchadh leis an uair seo, "Acht ar a shon-sain agus uile," ar seision, "beidh mo shúil suas." "Bíodh," ar sise. Thug sí an tslaitín draoidheachta do agus adubhairt leis gach aonní dhéanamh nós mar ghein sé an dá uair cheana. "Anois," ar sise, "nuair raghair isteach san oileán, imthigh go dtí an chúirt do chífir ar mhullach an chnoic, agus bhí ar t'sheachaint féin, mar," ar sise, "dá ndúis- eochthá na machtínidhe bhíonn ag feighil an Team- páin Uaine, stracfaidís ó chéile thu, agus ní fheicfeadh duine ná beithidheach leadhb ná ribín díot go brách. Do gheall seision go ndéan- fadh rud airri, agus dubhairt sise mura ndéan- fadh gur b'é féin do bheadh thíos leis agus a bheith air féin. Agus imbasa d'imthigh air, agus nuair tháinig sé go bruach na trágha, bhuail sé buille d'á shlaitín ar smotán daraighe bhí ar imioll na sáile, agus láithreach do bhí curachán breágh ag luasgadh roimis ar an dtaoide. Do léim sé isteach innte agus d'árduigh a seolta bogóideacha, 7c.
Do léim sé imach, thug a aghaidh ar an gcnoc, agus tháinig gruig an caisleán, agus do chonnaic agus do chómhairigh ceithre mactínidhe fichead 'n-a ndubhchodladh taobh imuigh de. Bhí eagla air go ndúiseo'daois, agus do ghaibh thársa agus do chuaidh isteach sa' chaisleán, agus do chonnaic an Teampán Uaine ar cróchadh agus do bhuail d'á shlaitín draoidheachta é agus do sgiob leis é, agus do chuaidh thar n-ais gréidh, thura ndúiseóchadh sé an sgeimhiol machtínidh, agus do ghaibh thársa agus níor chuireadar cor ná coirín díobh. Nuair fuair sé a shála glan uatha, agus ní glan do bhíodar acht salach - tá an ceart agat, bhí a chuid bróg uime, agus is dócha nár leogadar aon ghuta isteach ní' láir. Acht pé sgéal é, do bhain sé an churachán imach - b'é bu dheas air - agus do phreab isteach innti agus d'árduigh a seolta bogóideacha bándearga, a mbun i gcrann árd, a mbárr i gcránn ísiol. Agus é ag gearradh roimis gan mhairg, cad do chífeadh anuas le fánaidh an chnoic act na machtínídhe go léir agus iad ag caitheamh rúspóg scalpacha agus molla- chloch faid do radhairc sa' spéir le bárr na tiomána. D'airigheadar é ag gabháil béal an chuain imach; nuair thángadar i dtreó na trágha do sgaoileadar leó féin imach agus do bhíodar ag teacht suas leis go mear gur chur sé imach a
mhaidhidhe bínne, 7c. Éire bheith air do shéirseáil na maichtínidhe iad féin, agus ní raibh pioc d'a bhárr aca, acht amháin gur bháthadar iad féin, agus tuille do'n tubaisde chúcha. Táinig sé go caisleán na mná uaisle, agus d'innis a sgéal di go mustrach, agus thug a slaitín di. Do ghléas sisi biadh agus deoch do, agus d'ith agus d'ól a dhóthain, agus thug a chosa do'n bhóthar arís. Nuair bhí sé ag teacht chun a' tighe, bhí a dheirbhshiúr sa' táirsigh roimis, agus gan innti acht snamh na beatha, ó bheith ag gol 's ag gollán fad do bhí seision imuigh. Nuair chon- naic sí é agus an Teampán Uaine aige, bhí a fhios aici go maith gur eirigh leis, agus do thuit i laige le aiteall, agus níor tháinig chúici féin go ceann lae agus oidhche. Annsan do bhíodar ar a sácrántacht; acht níor bh'fhada bhíodar mar sin, nuair chroith an préacháinín a sgiathána - is dócha gur eirigh fás go maith le n-a chuid chleitidh. Thug sé an dorus imac air sul ar fheudadh é stop. Tháinig a mháthair agus do lean imach é ag iarraidh air ar son a raibh thíos agus anáirde fanamhaint sa' bhaile. Acht ní raibh beann broibh aige-sion ar a raibh thíos agus anáirde. Bhí a fhios aige, is dócha, go mbeithí 'n-a chómhair nuair raghadh sé thar n-ais, acht osgais leis stríocadh do sgaoil sé chun cínn go dtáinic go dtí an Túirín Tua-
thaidh. Geallaim-se dhuit ná raibh aon réim i súilibh na seanbhainrioghna. Tháinig sí ar an dtáirsigh agus do ghein an-iongna mairge do'n phréacháinín, agus dubhairt - "Cad as duit a phréacháinín orú?" "Ó Oileán na gCúig mBeann mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon an righ, mac an righ, laogh na bó béildeirge, banbh na cránach breacduibhe, agus Teampán Uaine Oileáin an Uaignis agus iad go léir go lán láidir." "Orú a gcreidfead thu?" ar sise. "Cad fá ná creidfeá," ar seision, "agus corp agus anam na fírinne agam?" "Seadh má's eadh, ar sise arís, "curim-se de cheist agus de bhreith agus de mhórualach ar mhac an righ gan an tarna béíle bidh d'ithe ar aon bhórd, an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go bhfaghaidh sé dhomh sa an Áluinn Innmheach." D'iontuigh sí ar sálaibh a bróg annsan, agus d'imthigh isteach, agus an t-anam ag dul aisti le bárr áthais, mar shíl sí gan aon cradhasgal go raibh sé thiar ar mhac an righ, mar atá a léine ar an mbeitheamhnach, a ceist do réiteach. Acht mar leis an bpréacháinín de, do ghread sé air, cómh mear i n-Éirinn agus do bhí sé 'n-a sgiathánaibh; faoi'n am gur bhain sé imach an chúirt, bhí a anál
i n-uachtar an uchta aige le iomshaothar, bhí an oiread-san deithnis air chun a eachtra innsint. Nuair chuaidh sé isteach d'infhiuch a mháthair é, agus má infhiuch a mháthair é, ní raibh aon tsúil aici le sgéal maith; bhraith sí an t-áthas ar fad air; acht do chisigh sí airri féin agus níor leog aonní airri. Níor cheistigh sí é lag ná láidir; is dócha nár beag léi a luaithi bheadh an droichsgéal ar láimh aici. "A mháthair," ars an preacháinín, nuair bhris ar an bhfoighne aige, "nach iongna ná fuileann tú ag cur aon tuairisgidh orm orú." "Mhaise," ar sise, "'sé is mór cráidhte liom a dtugann tú chughainn isteach nuair ghabhann tú imach." D'innis sé di annsan a sgéal áthais; ní dheaghaidh sé fíos léithi-si 'n-a áthair. Thuit sí i laige i bhfiadhnaise na teineadh. Mura mbeadh a dearbhráthair do bheith istigh do dhóithfidhe í, mar ní raibh sé de neart san phréacháinín í tharrag imach, dá mbeadh fonn a dhéanta air féin, agus atáim deimhneach ná raibh. Nuair tháinic sí chúichi féin fuair an préacháinín é ar a dhá thaobh agus ar a bholg. Tugadh an oireadsan murchadh dho, ná rabh húm ná ham as. Acht níor chuir san ar a mháthair. Níor ghein sí acht é chaitheamh siar sa' lochta, agus bheith dh'á chaoineadh féin ar a shuaimhnios.
Maidin an lae ar n-a bháireach d'éirigh mac an righ, 7c. D'innis sé dhi cad do thug é arís, agus do bhí an-bhrón air. Do dhírigh sí air agus dubhairt leis a chráiste chongbháil suas. Nuair bhí sé ag im- theacht ní bhfuair sé aon tslaitín. Nuair ghlan sé as an digh tháinic sí ar an ndorus agus seo ag sgeartaoidh í. D'fhiarfhuigh sé di cad do bhí airri. Agus dubhairt sise go raibh cúis gáiridh aici. "Cad é an chúis é sin?" ar seision. "Fear," ar sise, "ag cuardach do'n rud atá os cómhair a dhá súil imach." "Cá bhfuil an rud," ar seision, "nú cad é an rud atá ar siubhal agat?" "Is cuma liom im shiubhal nó im stad me," ar sise, "acht adeirim-se leat gur mise an Áluinn Innmhioch." Do rith rí chuige, agus do phóg sí é, agus b'fhéidir ná raibh aici acht a cuid de. Do phóg seision ise, ní nár locht air, agus do phógadar féin a chéile. Réir mar a chuala, is beag nár phógadar na béil as a chéile le pógaibh. Ní dheaghaidh sé níos sia acht d'iontuigh isteach agus do ghléas sise biadh agus deoch do, agus d'ith- eadar agus d'óladar araon a ndóithin, nú marar gheiniodar b'anghabhadh dhóibh é, 'sé sin má bhí aon ocrus ná tart orra. Do ghluais sé
air ibhaile annsan agus sise i n-éinfheacht leis. Bhí lán a chroidhe d'athas air. Níor miste dho, agus an bhean ba bhreághtha ar an dtalamh aige, cois ar chois, go dtáinig go dtí an chúirt. Bhí a dheirbh- shiúr ar an ndorus, agus gan innti acht na ceithre uaithne ó bheith ag gul 'n-a dhiaidh, agus nuair chonnaic sí an bhean bhreágh thar bárr le n-a chois, d'imthigh sí imach agus do leaith a dá láimh, agus b'é ba bheag léi a raibh aici dhíobh; an méid fáilte rúmpa araon. Do bhíodar ar a dtoil annsan, agus gliadar go leór ar mhac an righ ag cur síos d'á dheirbhshír ar a chuid siúbhloide agus ag moladh na mná uaisle, agus nó toíll sí é. San gcaint dóibh, do théalluigh an préach- áinín imach i nganfhios dóibh, agus níor stad go ndeaghaidh gruig an Túirín Thuathaidh. Ní raibh aon mhanna-leathar ar súilibh na bainrioghna; tháinic sí imach agus dubhairt - "Cad as duit, a phréacháinín?" "Ó Oileán na gCúig mBeann," ar seision, "mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon an rígh, mac an righ, laogh na bó béildeirge, banbh na cránach breacduibhe, Teampán Uaine Oileáin an Uaignis, agus an Áluinn Innmhioch, an bhean is breághtha ar an dtalamh dromóideach, agus iad go léir go lán láidir."
"An gcreidfhead thu?" ar sise. "Mhuise imasa," ar seision, "ní fheadar-sa cad do ghéanfair i dtaoibh do chod' chreideamhna acht creidim-se féin é, mar chonnac gach aon cheann aca." Nuair chuala sí an chaint-sin, do thuit sí 'n-a pleist mharbh mar a raibh sí. D'imthigh an préach- áinín air agus do tháinig ibhaile agus d'innis a sgéal - sgéal is dócha nár bhain deór asta. Phós mac an righ agus an Áluinn Innmhioch agus bhí saoghal breágh aca ó san suas. An uair dhéidhionach do bhíos-sa 'san chúirt, bhí an t-oileán lán de chloinn aca.
AN CHROCH GHEAL Ní mise cheap. Ní fhuil agam-sa acht mar a chuala. Ní chuala acht mar adubhradh, agus ní dubhradh acht bréaga nú éitheach ar fad. Seadh, bhí dearbhráthair ag Áraoisteatoil d'ar ab ainm an Bárd-sgológ. Bhí triúr mac aige. Ní raibh san domhan toir ná thiar beirt ba mhó fóghluim ná an Bárd-sgológ agus a dhearbhráthair. Agus i dtaobh triúr mac na Bárd-sgolóige ní raibh aonní faoi fhlaitheas Dé (agus páirt de sin leis b'fhéidir) ná raibh eolas aca air; acht imasa bhí aon trí ceistionna amháin agus do chuaidh díobh iad san do réitioch. Sgéaluidhe b'eadh an céad mac agus ní fhéadfadh sé déanamh imach cia' ca ar féin nú ar fear an tighe ba cheart do'n cheud sgéal dul. Buachaill bó b'eadh an tarna mac, agus do chuaidh de fios d'fhagháil cia' ca bu ghiorra i ngaol do a athair nú a mháthair; agus fear adhmaid do ghearradh an tríomhadh fear. D'fheuch sé sin gach aon chúinse ní bun ghéire ná a chéile ag iarraidh 'fhagháil imach ar shia uadh an
domhan thíos ná an domhan tuas, acht chaith sé é thabhairt suas mar ní raibh aon mhaith dho bheith leis. Dubhradar go raghaidís go dtí an Domhan Toir chun fios d'fhagháil ar na trí neithibh-seo, agus go raghadaois go ruig Áraoisteatoil ar dtús, acht ná cuirfidís síos a ngaol do. Nuair bhíodar tamall o'n dtigh, d'imthigh an té bu shine aca agus do chuaidh fá dhéin Áraoisteatoil agus d'fhiarfuigh de a bhfaghadh sé aimsir uaidh. "Cad d'fheudfá dhéanamh dom?" ar seision. "D'inneósainn sgéaltha breághtha duit," ars an fear eile. "Coingheóbhad go ceann rátha thu," ar seision. I gcionn tamaill eile tháinig an tarna mac, agus d'fhiarfuigh a dtógfaidhe é féin i n-aimsir. "Cad é an tslighe maireamhna tá agat?" ar seision. "D'fheighilfinn ba nú do chrúthfainn," ars an fear eile. "Ní gábhataraighe fear eile," ar seision, "fan go ceann rátha go háirithe." I gcionn tamaillín eile tháinig an duine domhan déidhionac, agus d'fhiarfuigh a raibh buachaill ag teastbháil uaidh? "Cad is féidir leat déanamh?" ar seision. "Do gheárrfainn adhmad go maith, agus dá
mbu ghábhadh ghéanfainn céad aicillídheacht nach é," ar seision gan cuimhniomh d'á dhruim, mar bhí gach aonní aige i rínn éin mhéire. Thuit an oidhche agus dubhradh leis an sgéaluidhe sgéal d'innsint. "Ní fheadar," ar seision, "an orm féin nú ar fear an tighe théigheann an ceud sgéal." "Atá an ceart agat," arsa Áraoisteatoil. "Is ar fear an tighe féin gan amhrios." D'innis Áraoisteatoil an ceud sgéal, annsan do thosnuigh an fear eile, agus do lean de go raibh sé am leapachais. Ar maidin do ghlaoidh Áraoisteatoil ar bhuachaill na mba d'fheighil; níor fhreagair aonneach é ámh; do ghlaoidh arís agus arís eile acht b'in a raibh d'á bhárr aige. Chuaidh sé go ruig an leabaidh mar a raibh sé. "Cad atá agat dhá dhéanamh annsan?" ar seision. Is amhlaidh bhí sé acht dhá léine aige, chuireadh ceann aca uimis, bhaineadh de í arís; chuireadh an ceann eile uime annsan, do bhaineadh sé de í agus chuireadh sé an céad ceann uime arís eile. "Cad é sin ar siubhal agat?" ars Áraois- teatoil leis. "Mh'athair agus mo mháthair d'fhág a léinteacha agam; ní fheadar cia 'ca díobh is athchomaire i
ngaol dam, agus mar sin ní fiosach dom cia'ca léine is ceart dom cur lem' chneas." "Is furaiste an cheist sin do réitioch," arsa Áraoisteatoil; "is athchomire t'athair go mór duit." Ní raibh an lá ró-shean-chríona ar fad nuair doghein Áraoisteatoil aghaidh ar an gcoíll; 'sé an cuma i n-a bhfuair sé fear gearrata an adhmaid acht a thuagh greamuighthe go docht aige i n-a dhá dhóid, thugadh tailm faoi'n spéir uair agus tailm faoi bhuille thabhairt do'n talamh uair eile. Uain agus trath cé thiocfadh air acht Araoisteatoil. "Cad é an mí-ádh-san ort," ar seision, "nú a bhfuil splannc meamhrach i n-aonchor id phlaosg?" "Ní fhuil imás, ars an fear eile, "acht id cheann-sa. "Cad é sin ar siubhal agat?" ar seision "shíleas gur cuireadh tu ag baint adhmaid." "Cuireadh leis dhia," ars an fear eile, "feuch annso me; acht b'an-mhaith liom fios d'fhagháil an athchomaire dhom an domhan tíos ná an domhan tuas." "A amadáin óinsighe," arsa Áraoisteatoil, "ataoi i lár an domhain, agus ná faghmaois a thuille dod' gháitsidhibh uait."
D'imthigh sé air annsan, agus d'fhág an fear eile ag baint an adhmai ar lán a dhíchill, agus b'é bu bhreagh chuige, geallaim-se dhuit; dob air bu ghiorra mhoíll an oired do ghearradh agus doghein Áraoisteatoil go ceann seachtmhaine agus breis. Ar tuitimín na hoidhche bhíodar i dtriúr i bhfochair a chéile i dtigh Áraoisteatoil, agus thar éis tamaill do'n oidhche chaitheamh ar sgéaluidheacht, chuadar a chodladh. Acht ní chun codalta é ámhacht. I n-uaigneas na hoidhche, chuireadar umpa a gcuid éadaigh - ní fheadar go deimhin a ndeagh- adar chun an oiread-san trioblóide agus é bhaint díobh féin nú ná deaghadar, agus is ró- chuma liom leis mar leis sin de. Acht pé ar domhan é, ghlanadar leó san doircheacht, agus bhíodar ag cur díobh go dtángadar go coíll mhór. Bhí a fhios aca go maith gur geárr go mbeití i n-a dtóir, agus chuige sin, cheapadar go raibh sé comh maith aca fanamhaint socair, agus a gcuid tuirse chur díobh, 'sé sin má bhí a leithéid orra. Nuair d'eirigh Áraoisteatoil ar maidin do ghlaoidh sé go hairthinneach ar fear na mba d'fheighil, acht dá mbeadh sé ag callaireacht air go lá an luain ba bheag an bhrigh do é. "An diabhal," ar seision, "ní bhead-sa ag tabhairt bidh, dighe, gus díl duit-se atá ag
codladh mar so, imach go headarshuth!" Chuaidh sé go dtí an leabaidh mar bu cheart dóibh, dar leis féin, go mbeidís; acht nuair d'osgail sé an dorus do leaith a shúile air, mar ní raibh duine do'n triúr le fagháil ann, ná i n-aon treo acht comh beag. Do chuaidh sé láthaireach chun athach do bhí aige, agus dubhairt leis imtheacht air go mear agus a gcínn do thabhairt chuige, nú mara dtiubhradh bheith air féin, agus d'imthigh an t-athach leis go humhal éasgaidh. An uair chonnacadar é ag triall ar an áit i n-a rabhadar do rugadar ar uan; do marbh- uidear é agus do chuimilidear a chuid fola d'á gcionnaighthibh agus d'á lámhaibh, agus do ghear- radar trí trom-ghéagáin agus seo iad ag gabháil ar a chéile. Chonnaic seision iad, acht ní raibh a fhios aige cé ar bh'iad ámh. Do chaith sé é féin eatorra ag déanamh eadargabhála, acht sin mar is mó do lúireadar a chéile mairge. Faoi dheiriodh fuair sé a scaramhaint. "Cad is fáth leis an dtroid-seo?" ar seision. "Mar ghiúll ar an gcoíll seo," ars an té ba shine dhíobh, acht is liomsa í." "Ní leat," ars an tarna mac," acht liom-sa." "Ní le haonne' 'gaibh í anois," ars an trío- mhadh mac, "ó táthaoi ag dul chuige sin, acht is liom-sa í."
"Cionnus is leat-sa í?" ar seision leis an té ba shine aca. "Mar," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil críon agus glas do'n choíll agam. "Agus cionnus is leat-sa í mar sin?" ar seision leis an tarna mac. "Mar," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil cam agus díireach do'n choíll agam-sa." "Acht cionnus is leat-sa í ámh?" ar seision leis an té ab óige aca. "Mara," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil faoi thalamh di agus os a chionn agam-sa!" ag feuchaint suas go neamh-fuiseach ar an athach. D'infhiúch an t-athach iad i dtriúr i ndiaidh éin chínn, d'fheuchaint a rabhadar dáríribh leis, acht níor chuireadar oiread agus smiota gáire asta, acht iad comh mánla le seanchat 'n-a shuidhe i bhfiadh- naise an ghríosuigh. "Ní féidir liom-sa réitioch eadraibh," ars an t-athach, "bíodh an diabhal agaibh féin gus ag 'úr n-athair." Agus d'iontuigh sé ar a chúlaibh agus d'imthigh sé uatha. Chuaidh sé thar n-ais chun Áraoi- steatoil agus d'innis sé a sgéal do. "Míochothrom chugat," ar seision leis an athach, "b'in iad iad; ca 'n-a thaobh nár bhainis na cínn díobh, A! ba chaillthe an mhaise agat é."
"Eist, eist, agus ná habhair sin go fóil," ars an t-athach, agus le n-a línn sin do léim. "Níor ith na cait an lá agam fós," ar seision arís, agus seo chun siubhal leis le trí huaire an oiread fuadair agus do bhí ar dtúis. D'airigh na buachaillidhe chúca é, agus d'airigh seision iad san. Chuadar i dtriúr isteach i sgioból mar a raibh triúr súisteoiridh ag bualadh choirce. "Bhuail greas," ar siad-san leis an dtriúr do tháinig isteach; agus do rug an triúr do tháinig isteach ar na súistidhibh uatha, agus seo ag bualadh iad go mear lúthmhar léir, agus b'iad bu bhreághtha chuige. Chaith an triúr eile iad féin ar an tuighe bhí buailte. Ba ghairid dóibh go dtáinic an t-athach isteach, agus gan fiu focal do labhairt chun aonne, do sgaoil suas ar na créatúiribh do bhí ag tógaint a suaimhnis dóibh féin, agus do bhain na cínn díobh; do rug ar stutha orra, agus thug a bhóthar air go saigiléartha, agus níor stad do'n stair-sin go dtáinic chun Araoisteatoil. Do chaith sé 'n-a fiadhnaise iad. "Seo iad anois," ar seision, "ní fuláir nú taoi sásta." Rug Araoisteatoil orra, i ndiaidh éin chinn d'infhiuch iad go géar agus adubhairt- "Ní hiad- so iad; innis dom cá bhfuairis iad-so," ar seision. Agus d'innis an t-athach do gach aonní mar do bhí.
"Míochothrom ort," ar seision, "agus ná raibh sé ort de; sin iad do bhí ag bualadh an choirce mic mo dhearbhráthair." Do léim an t-athach agus do léim sé comh hárd-san gur beag nár léim sé imach as a chroiceann, agus seo ag glamhaisgín é. "Beidh agam-sa," ar seision, "roimh oidhche." "Léir ort, agus stad, a bhreallsúin!" arsa Áraoisteatoil, "leig leó, ar eagla go ndéanfá a thuille as an tslighe; agus ní beag a bhfuil déanta cheana agat." Ní raibh an t-athach suaimhniosach 'n-a aigne nú nár sgaoileadh leis. D'fhág triúr mac na Bárdsgolóige an sgioból agus do chuadar go ruig tigh tabhairne, do cheannuigheadar trí buidéil fuisgí, agus dubhradar go raghadaois ag toighead feasa ar Dall Bán an Churraigh, chun a fháil imach uaidh cad do bhí gealltha dhóibh. "Agus", ar siad-san le n-a chéile, "ní fhuil aon tslighe níos géar- chúisighe chuige sin ná leogaint orainn bheith ar meisge agus sinn féin do chur i n-aice an chosáin mar is gnáth leis siubhal gac aon lá i n-éinfeacht le giolla." Chaith an té ba shine aca é fein i lár an chosáin. "Tá fear marbh annso," ars an giolla leis an nDall.
"Leog mo lámh air go fóil," ars an Dall. Rug an giolla ar láimh leis an nDall agus do chuir sé í ar an bhfear do bhí treasgartha. "Ní fhuil sé marbh i n-aonchor," ar seision; 'sé ná fuil mar sin; beidh sé sin i n-a chaptaen loinge fós." D'fhágadar annsan é. Ba gheárr go dtáng- adar ar an tarna fear; bhí sé sínte i ndíg do bhí i ngar do'n chosán. "Tá fear ámh marbh annso," ars an giolla leis na nDall. "Leog mo lámh air," ar seision. Rug sé ar láimh an Daill, agus do leog í ar an bhfear bhí sínte siar san ndígh. "Ní fhuil baoghal air," ar seision, "rithfidh leis sin go maith fós, agus beidh sé 'n-a cheann ar armáil san Domhan Toir lá d'á dtiocfaidh." D'fhágadar é mar do bhí aige, agus do bhuail- eadar orra go dtángadar chun srutha bhí toabh leis an gcosán. Is amhlaidh bhí ná té b'óige do mhacaibh na Bárdsgolóige sínte sa tsruith, a cheann os cionn uisge i dteannta leis an mbanc, agus an t-uisge 'n-a thulcaibh ag dul thar an gcuid eile de, idir corp anam, agus buidéal fuisgí faoi n-a chorc ag nochtadh a sgrugail aníos as póca a chasóige.
"Tá fear annso," ars an giolla, "agus mara bhfuil sé marbh imuigh 's imach tá seamróg na gceithre gcluas ar iomchar aige." "Leog mo lámh air go fóil," ars an Dall. Do leog. "Saoghal duit," ar seision, "is fada uaidh é, gheobhaidh sé sin an Chroch Gheal." "Ní gan í thuilleamh é má's eadh," ars an fear do bhí ar a tháranáirde sa tsruth, agus do léim suas comh mear agus do bhí ann agus do ghlan leis. Tháinic sé chun seanduine bhíodh ag déanamh pigínidh, porrainséiridh agus a leithéidi sin. Do chuaidh sé le céird chuige. I gcionn tréimhse chuaidh an ráfal imach go raibh an banbh ba bhreaghtha bhí ag aonneach riamh ag méire na cathrach-so mar a raibh an bheirt chun comhnuidhthe, agus gur mhór ab fhiu dul agus é fheicsint. Is dócha go ndeaghaidh a lán ann, acht do chuaidh príntíseach fear na pigínidh dhéanamh ann go háirithe, pé duine eile chuaidh nú ná deaghaidh. Nuair tháinig sé ibhaile ó bheith ag feuchaint air mar cách, d'fhiarfuigh a mháighistir de cionnus do thaithin an banbh leis. Dubhairt sé gur thaithin sé go maith leis, acht go dtaithneochadh sé níos feárr leis dá mbeadh smot de aige faoi n-a chuid fiacal, "Acht mara bhfuil," ar seision, "is geárr
le congnamh Dé go mbeidh." "Cad é sin adeirí orú?" ars an maighistir leis. "Deirim é siúd," ar seision, "ná cualaois mé?" "Chuala is dóigh," ar an seanduine, acht -" "Acht!" ars an príntíseach, "cad é an eagla- san ort a dhuine? ca 'n-a thaobh ná cuireann tú ceann ar do sgéal, ná bheith mar sin ag smot- aoil ar an nós-san?" "Tá an ceart agat," ar seision, ag cur smota gáire as. "Cad é an chúis gáire sin ort anois?" ars an buachaill, d'á infhiuchadh go geur. "Ní fheadar," ar seision, "tá sé ag rith thríom rádhmhuillidhibh, acht ní thugaim chun mo chuimhnte anois é." "Ní fheadaraois imás!" ars an buacaill, "acht mara bhfeadaraois féin is cuma san de. Tá a fhios agam-sa go maith cad air do bhís ag macht- namh nuair chuiris an smota gáire úd asat." "Sgaoil chughainn é," ars an seanduine. "Tá," ars an buachaill, "gur tu bheadh sásta dá mbeadh alp do'n bhanbh úd faoid' chúlfhiaclaibh agat, agus is tu chogaineóchadh go gramhasach é dá mhantaighe taoi. Ní dubhairt an fear eile faic; do fhátgháirigh
sé ámh. Acht chun sgéal geárr do dhéanamh de, chuadar araon faoi dhéin na muice san oidhche, agus bhailigheadar leó go baileach í. Mar as go rabhadar sa bhaile níor fhágbhadar an fhuacht air. Do chrochadar corcán uisge ar an dteinidh, agus do marbhadh é láithreach, agus comh luath agus bhí an t-uisge ar fiuchaidh, thógadar de'n teinidh é; do nigheadar, do ghlanadar, agus do ghearradar i miotaidhibh beaga an banbh bocht, agus chuireadar é ar salann, agus rapadar síos san tobán é, nach mór i n-a streille-bheathaidh. An lá ar n-a bháireach fuarthas go raibh an banbh imthighthe gan fios a thuairisg. Níor leog an méire pioc air, acht do chuir lorg ar Dall Bán an Churragh. D'innis sé do focal ar fhocal, agus d'iarr comh- airle air. 'Sí an chomhairle fuair sé acht baraille lán d'airgiod do chur san áit mar a mbíodh an banbh aige d'á thaisbeáint, poll do chur least- muigh de, agus pic leachta agus tarradh measgtha ar fuaid a chéile 'dir an barraille agus an pháil i slighe éigin ná tiubhradh an bitheamhnach fá ndeara é, treó as go dtiocfadh arís agus go mbéarfaoi air. Thug an méire toradh ar chaint an Daill, agus doghein gach ní mar adubhradh leis. Níor dhóbhair ná go ngeóbhadh an buachaill an bóthar arís. Chuaidh sé ibhaile agus d'innis
gach aonní mar bhí d'á mháighistir. B'fhuraiste an droich-sheóladh chur air. Geallaim-se dhuit, dá liathacht do bhí se, mar bíonn an dúil i ndiaidh na tathuighthe d'imthigheadar araon arís, i lár na hoidhce nuair thangadar go dtí an pháil, adubhairt an buachaill go raghadh sé féin isteach, mar bu luaithe agus bu léire, acht ní fuair an seanduine aon bhlas air. "Fan," ar seision, "agus raghad féin; tá an radharc níos géire agat-sa ná tá agam-sa, agus déanfair-se níos feárr chun faire." Nó bhí an oidhche a dhuibheacht-san ná feicfeá an té chuirfeadh méar id shúil. "Sé is feárr ná a chéile," ars an buachaill. "Lean do shrón;" agus do lean. "Is amhlaidh bhí eagla ar an seanduine go gcuirfeadh an buach- aill cuid de'n airgiod i bhfolach air féin dá dtéigheadh sé isteach, agus annsan go mbeadh breis aige air féin. Isteach lem' sheanduine mar sin, agus nuair léim fá dhéin an bharraille cá raghadh acht go cromán i nduibheaigeán an tar- raidh agus na pice, agus nuair thug sé iarracht faoi féin do tharrac as, is amhlaidh chuaidh sé níos doimhne agus níos doimhne, ar shlighe gur geárr ná raibh aníos de acht a rabh ó n-a smigín suas. "Dia linn," ar seision, "atáim caillte!"
Bhí an buachaill imuigh ag feitheamh ar airgead do chlos d'á chárnáil imach chuige. Bu gheárr go gcualaidh sé an seanduine ag rádh - "Tuille do'n diabhal chugham, dá mb'áil liom fanamhaint ar mo shuimhnios sa bhaile." Do ghlaoidh ar an mbuachaill, acht ní raibh seision an oiread d'amadán le n-a mháighistir, ní nach locht air. Leog sé a uchd ar an bpáil agus do chrom isteach. Bí an fear istigh ag úrsnámh ag iarraidh an ruda bhí thiar air do dhéanamh. Níor bh'fhada go ndeaghaidh an tarradh agus an pic isteach i n-a bhéal agus siar síos a sgórnach, agus do shgluig sé i gcionn tamaill agus an buachaill ag feuchaint air agus ná feudfadh cobhair choise ná láimhe thabhairt do. Chualaidh an bhuachaill tuairt, agus shíl cóir- máireach go rabhthars i n-a chomhair féin leis, acht ní tháinig aonneach air ámh. Dubhairt sé leis féin annsan go bhfuighthí imach ché bhí ann nuair thiocfadh an mhaidion. "Acht tá a fhios agam-sa cad do ghéanfad," ar seision, ag baint an chínn d'á mhaighistir, agus do sgiob leis é, agus níor leog d'aon fhéar fás fá n-a chosaibh go dtáinig sé go dtí an gáirdín do bhí i n-aice an tighe agus do chuir annsan é. Nuair chuaidh isteach ibhaile d'fhiarfuigh an tseanbhean de cá raibh an
seanduine. Níor labhair sé gíog acht do gháirigh. Thosnuigh sise ag gol 's ag gollán. "Cá bhfuil sé?" ar sise, "innis dam amháin cá bhfuil sé?" "Cá cuma duit sa diabhal cá bhfuil sé?" ar seision, "mara bhfeicfir choidhche é. Ná fuilim féin i n-a mhalairt níos feárr agat!" Agus imbasa do stad sí annsan d'á dusaracht, agus is í bhí go sásta i gcionn tréimhse. An lá ar n-a bháireach fuarthas an fear fuar marbh, acht ní fheadair aonneach cia ro díobh nó cad as é, nú ná raibh fios, fagháil, ná feic- sint ar a cheann, agus bhí gach aonneach ag déanamh iongnaidh do'n mbitheamhnach ná tug a cheann leis ag déanamh na gaduidheachta. Chua- thars ag triall ar Dall Bán an Churraigh. 'Sí an chómhairle thug sé uaidh acht an cholann do cheangal idir caplaibh agus í tharrac ar fuaid na cathrach i lár an lae, go dtiocfaidhe ar an táirsigh maras do bheithí ag gabháil thar an ndorus aca, agus go ndéanfadh an té ar leis é olagon, agus d'fheudfaidhe méar do chur ar a mhuintir láithreach bonn. Dogheineadh mar dubh- arthas. Nuair bhíothars ag gabháil thar an mboth- áinín 'nar mhair sé, tháinig a bhean imach agus do chas sí olagón go fada fíoch, agus annsan chuaidh isteach chun an príntíseach do bhí istigh ag déanamh pigínidh dho féin. Do lean an gárda
isteach í. Nuair fuair seision ag teacht iad, do leog sé lúidín a láimhe chlé ar an gceap-sníomh- gair agus do gheárr de í leis an dtuaigh; ann- san do léim sé 'n-a fhear buile ar fuaid an tighe. Dhírigh sé faoi an ngárda, agus d'fhiarfuigh díobh cad do bhí d'á dtabhairt isteach, agus cad é an iongna bhí orra i dtaoibh an bhean do bheith ag gol nuair bhí dé féin geárrtha cómh dona sin, agus gan aice do'n tsaoghal acht é. Agus thugadar an dorus imach orra ag gabháil párdúin aige. Bhíodar ag imtheacht ó cheann ceann na sráide go dtí dar ndóigh, fá dheiriodh ná raíbh na cnámha féin fágtha ann de. D'innseadh do'n méire ná fuar- thas aonneach do'n chorpán. Chuir sé iarraidh ar an nDall, arís, agus d'innis do ná raibh aon mhaitheas 'n-a chomhairle. "Má's eadh," ars an Dall, "ní fada bheidh san le rádh agat, acht déin rud orm. Cuir gairm scoile imach agus tabhair cuireach dh'á bhfuil d'óg agus d'aosda muardtíompall ort; annsan cuir t'inghíon i rúm fé ghlas, tabhair buidéilín di, agus má théigheann aonneach ag triall airri - ní raghaidh aonneach acht 'mháin an té ghoid do bhanbh - cuireadh sí cuid dh'á mbeidh ann i gclár a eudain mar chómhartha." "An ag magadh fúm taoi?" ars an méire.
"Seadh ag magadh!" ars an Dall, "b'shaith liom san!" "Dá mbu dhóigh liom gur b'eadh," ars an méire, "do phiocfainn na súile imach asat; ní bheadh sé níos lugha agat." Seadh, cuireadh an gairm scoile imach, tháinig gach n-aon; nó ní raibh uatha acht an focal. Fuair cuid d'á dtáinig fios go rabh inghíon an mhéire fé ghlas, acht má fuair féin ní raibh an spaing ionta tabhairt fúithe. Bhí ite agus ól go leór aca, rinceadh agus abhráin, agus gan aimhrios beagán bruighne comh maith céadna. Sula raibh leath na hoidhche caithte, bhí gach neach ar dearg- mheisge, gan aithne a mbeart aca, acht 'mháin prín- tíseach fear na bpigínidh dhéanamh. Do chuaidh sé anáirde agus ar chuma éigin chúinseamhail fuair sé an glas do bhaint anuas do dhorus an rúim mar a raibh aon-inghíon an mhéire, agus seo isteach leis go hughdarthásach. Chuir sí cuid do'n stuif do bhí san mbuidéilín ar chlár a eudain, acht do ghoid seision an buidéilín uaithi, agus do chuaidh síos agus do chomharthuigh gach aon domhan duine d'á raibh fé iadha 'n tighe an oidhche sin, agus ann- san do luigh síos agus doghein fear meisgidh 'n-a measg. Tháinic an méire go mocheoirighe ar maidin agus d'osgail an dorus do bhí dúnta go daingion ó'n dtaoibh-imuigh. Seo imach le fear.
Lámhuigheadh é go mear. "Tá beortha ort, mo bhuachaill maith," ars an méire. "Cad í an choir seo déanta agam?" ar seision. "Coir do chrochta! ars an méire. Le n-a linn sin tagann fear eile imach. Chon- naic an méire a chomhartha air go deas. Rugadh air go tapaidh. "Tá beirt bitheamhnach agaibh ann," ars an méire. Imach le beirt eile agus a gcroisín dubh ar chlár a n-eudain aca, agus beirt eile 'n-a ndiaidh sin; agus bu dhian-ghairid go raibh an dorus pul- caighthe le daoinibh ag teacht imach, agus gan an oiread agus geil gan a chómhartha ar a n-eudan. Do leaith a shúile ar mo méire agus tháinig uathbhás air. "Mo inghíon, ó mh'inghíon, mo inghíon," ar seision, "nú cá bhfuil Dall Bán an Churraigh? Cuiridh lorg air go mear go mbainfead na súile as an dallacán diabhail. Is lag an t-áthas dom bheith mar seo aige!" ar seision arís. Cuireadh. D'órduigh an méire, lá áirithe, béil- thigheach do dhéanamh, agus na cosa agus na lámha cheangal ag an nDall, agus é chaitheamh idir corp anam isteach innti. Tháinig an lá. Bhailigh muintear na cathrach ar fad - an méid ná
raibh puínn eile le déanamh aca. Nuair cean- gladh an Dall bocht agus bhíothars ar bhruach é chaitheamh i gcoimhleathan na teineadh deirge, cé léimfeadh imach acht mac na Bárdsgolóige, agus adubhairt ná raibh san ceart - "Is mise ghoid an banbh," ar seision; "is me bhain a cheann do'n mbitheamhnach; is me chuaidh ag triall ar inghín an mhéire nuair bhí sé fé ghlas i n-a rúm féin; is mé ghein ceud rud nach iad," ar seision, "agus má tá an teine-seo tuillte ag aonneach is liom-sa tá." "Tr'um do lámh," ars an méire; thug. "Tuil- leann tú m'inghíon-sa," ar seision, "agus bíodh sí agat!" 'Sé an t-ainm bhí airri acht An Chroch Gheal, ar shlighe gur bh'fhíor do'n Dall go ngeobhadh sé í. Pósadh iad araon annsan, agus bhí saoghal breágh aca i gcaitheamh na coda eile d'á n-aimsir, agus ba dhóibh nár mhisde. Sin é mo sgéal-sa, agus má's bréag é ní fhuil leighios agamsa anois air!
AN FIOLAR FEALLTACH. Bhí rí ar Éirinn agus bhí aon mhac amháin aige. Maidin tar éis eirighthe do na buachaillibh aim- sire fuaradar an t-iothla lán d'éanlaithibh éag- samhla, agus thugadar sgéal do'n righ go rabhadar ann. Dubhairt an rí gan bac leo go n-eireóchadh féin, agus níor bhacadar. Bhí an mac i n-a chodladh aileis, acht má bhí do dhúisigh an chaint é, agus do chualadh an cómhradh do bhí aca. D'eirigh sé níos luaithe ná a athair; chuir a chuid éadaigh uime, d'fheuch amach thríd an bhfuineoig agus do chonnaic na héanlaithe go léir; do rith chun a ghuna; do chaith urchar agus do leónuigh fiolar san chois. Ar n-eirighe do'n athair chonnaic an fiolar bacach agus d'fhiarfuigh de cad d'imthigh air, agus ar bhféidir a leigheas? "Do mhac-sa do león me," ar sé, "agus ní leigheasfaidh aonní me acht seacht mart na seacht mbliadhan." "Ní puínm san," ars an rí, "agus do gheóbhair iad pé tráth is mian leat." Annsan dubhairt an fiolar le gach a raibh sa' chúirt dul imach go fóil acht mac an rígh amháin.
Do chuadar, agus nuair bhíodar go léir amuigh dubhairt an fiolar le mac an righ dul ar a dhruim. Do chuaidh acht má chuaidh níor bhféidir leis teacht anuas arís go dtug an fiolar chun an Domhan Toir é do'n scríb-sin. Mac sean- chaillighe b'eadh an fiolar so. Nuair shroich sé ceann a riain d'innis d'á mháthair go raibh a chos leointe acht go raibh an bitheamhnach do leoin í aige. Bhí an rí agus lucht a chúirte ar an bhfeadh-so ag feitheamh le h-iad do ghlaodhach isteach. Nuair b'fhada leo bhíodar ag siocadúireacht chuadar isteach, acht mioth ná maith fiolair agus mac an righ ní raibh le fagháil. Thug an sean-chailleach órdughadh do'n chailín aimsire mac righ Éireann do chur i chodladh, agus deoch caol-leanna thabhairt do. Do chuir an cailín i chodladh é, acht ní ar an leabaidh d'órduigh an sean-cailleach di. Do chóirigh sí a leabaidh féin do, agus annsan d'innis do go raibh trí cruaidh-ghníomhartha ag an gcailligh le cur roimhe, nár bhféidir le neart duine a ndéanamh, acht go dtiubhradh sí féin cobhair agus congnamh do, agus gan ceann-faoi ná mitheachas bheith air. Air maidin imbáireach th'réis eirighthe do, dubhairt an tsean-chailleach leis, an loch do bhí faoi bhun na cúirte do thaosgadh, agus fáinne óir
do chaill a sion seanmháthair ann seacht gceud bliadhain roimhe sin do bheith aige sula raghadh an ghrian i bhfairrge um thráthnóna. Thug cupán chun taosgtha do annsan. D'imthigh agus do chuaidh chun oibre ag taosgadh, acht b'fhánach do a ghnó i n-aghaidh an aon chupáin do thaosgach imach thagadh seacht gcupáin isteach. Shuidh sé síos i gcionn tamaill mar bhí sé comh maith aige, agus d'fhan mar sin go dtáinic an cailín chuige le rud le n-ithe. Sul ar shroich leis- sion bheith ithte aige bhí an loch taosgtha aici agus an fáinne ar fagháil. "Seo," ar sise, "an fáinne agus coiméad é; b'fhéid go dteastóchadh sé bhuait ar ball." D'imthigh an cailín airri annsan, agus d'fhan seision mar bhí aige go tráthnóna déidhionach; nuair do chuaidh abhaile agus d'innis do'n chailligh go bhfuair an fáinne. Níor iarr an chailleach an fáinne air ámh, agus do mhéaduigh san go han- mhór a chuid áthais. Le linn dul i chodlach do, dubhairt an tsean- chailleach leis an gcailín an caol-leann do tabhairt mar doghein an oidhche roimhe sin, acht b'fhada-san ó n-a cuimhne. Do ollmhuigh suipéar de shóghnidhibh do, agus d'éis a chaithte thug a leabaidh féin do. I mbáireach thug an chailleach píce tri-ladhrach
do agus dubhairt leis aoileach do ghlanadh as eachlann i raibh seacht gcéad capall do rith seacht gceud bliadhan, agus snáthad do chaill a sion sean-mháthair ann do bheith ar fagháil di. Thug a bhóthar air agus thosnuigh ag caitheamh an aoiligh imach go luath léir, acht b'fhánach do a ghnó nú go dtáinic an cailín chuige, thug rud le n-ithe dho agus fad a bhí dhá chaitheamh do ghlan sí féin an t-eachlann, agus do fuair an tsnáthad bhí ar seochad rith seacht gcéad bliadhan. Dubhairt sí leis an tsnáthad-san do chongbháil, agus gan í thabhairt do'n sean-chailligh. D'imthigh an cailín abhaile annsan agus níor leig aonní airri. Um thráthnóna deirionnach tháinic Mac Righ Éireann isteach, agus dubhairt go raibh an tsnáthad aige. Bhí an tsean-chailleach i n-a suidhe ar a coragiob le h-ais na teineadh, agus ní dubhairt huf ná haf, agus nó níor bhfeárr le Mac Righ Éireann mar bhí aci. Nuair bhí sé am codalta aca, do ghlaoidh ar an gcailín, agus d'órduigh di go hairthinneach an caol-liúnn do thabhairt do Mhac Righ Eireann, agus dul i chodladh go mear. Bhí suipéar breágh ollamh aici i n-a chomhair, acht dalla ná diuir do'n caol- liúnn ní dheachaidh i n-a bheul, agus ní thug sise do aileis acht comh beag. Do chuir i n-a leabaidh
féin é d'éise sin, agus do chodail sí féin i réidh- leabaidh. Maidin an tríomhadh lae thug an tsean-chail- leach tuagh do Mhac Rígh Éireann, thug go dtí an dorus é, do thaisbeáin crann mór árd téagartha do. Dubhairt leis an crann-san do ghearradh, go raibh bocsa i n-a bhárr agus lacha ann ar gor ar aon ubh amháin, agus an t-ubh-san do bheith aige di faoi an tráthnóna. Do ghread air go dtáinic go ruig an crann, d'infhiuch é ó mhullach talamh, do thóg a thuagh go neartmhar neamhchlé go hárd san aer, agus do chuir í go cúl i mbun an chrann. Ar dtarrac na tuaighe do, do sgéith sgaoin fola imach as i slighe gur gheárr go raibh loch fola timcheall buin an chrainn, agus do chaith mac Righ Éireann teichiodh, agus do bhí an loch ag dul i leithe agus i leathad go dtáinic an cailín, thug rud le n-ithe dho, agus do gheárr an crann í féin fad do bhí sé ag caitheamh a chod' bidh. As go brách leis an lacha, thuit an t-ubh sa' loch fola, agus thuit croidhe Mhic Righ Éireann comh maith leis, mar shíl go raibh a ghnó déanta, acht ní raibh; doghein an cailín madruisge di féin, agus ar iontáil na boise do bhí an t-ubh aici ó íochtar an locha, agus dubhairt leissean a chur chuige agus do choimeád i bhfochair an fháinne agus na snáthaide,
agus ar a bhás nú ar a bheatha gan iad do thabhairt do'n chailligh go n-iarrfadh iad. D'imthigh an cailín annsan agus d'fhág seision mar a bhí aige. Um tráthnóna tháinic Mac Righ Éireann agus dubhairt leis an gcailligh go raibh an t-ubh aige, acht níor leig sise airri go gcualaidh é, aghus ní dubhairt seision gog ná gíog eile, acht d'fhág í ag smaoineadh agus ag smúráil gan bac gan buaint léi go dtí faoi dheiriodh gur thuit sí i n-aon chúil-chnámh isteach sa' teinidh, agus dóbhair go ndéantaoi gréisg agus gríosach di féin agus d'á smuaintibh - pé saghas smaointe b'eadh iad, agus is baoghal ná rabhadar blasta. Nuair bhí sé am suain dubhradh leis an gcailín an caol liúnn do thabhairt do Mhac Rígh Éireann agus dul i chodladh láithreach, acht ní dheachaidh aon- neach aca i chodladh agus d'fhan ag áirneán, ag beirbhiughadh agus ag bácáil lóin dóibh féin i gcomhair an bhóthair bhí rómpa mar bhíodar chun teichiodh an oidhche sin. Trí huaire an oidhche sin d'fhiarfuigh an chailleach díobh a ndeachadar i chodladh fós. Dubhradh do'n chéad fhreagara ná deaghadar; do'n dara freagra go rabhadar ollamh; agus an tríomhadh freagra ní fuaradh fós mar bhí an cailín agus Mac Righ Éireann ag teichiodh rómpa i n-a dha sheabhac.
Bhíodar ag imtheacht agus ag síor-imtheacht go ndubhairt an cailín le Mac Righ Éireann feuch- aint ar a chúlaibh sul a mbeadh aonneach ar a dtóir. D'fheuch sé agus ní fheacaidh dubhaidh ná dadaidh. "Feuch arís," ar sise i gcionn tamaill mhaith eile; d'fheuch, agus dubhairt léi gur léir do dhá dhúradán acht go rabhadar i bhfad uatha fós. "Sin iad an chailleach agus a mac," ar sise, "agus tráth bheid ag teacht i ngar dúinn caith an fáinne chúca; faid bheid ag cuardach de beam- ne i bhfad chun tosaigh orra. Doghein seision mar d'órduigheadh do. I gcionn an-thamaill eile dubhairt an cailín le Mac Righ Éireann feuchaint ar a chúlaibh; d'fheuch agus ní fheacaidh aonní. "Feuch arís," ar sise. D'fheuch. "Chím dhá dhúradán ag teacht suas linn go tréan tapaidh." "Sin iad an chailleach agus a mac," ar sise, "caith an tsnáthad chúca anois." Do chaith, agus faid do bhíodar ag cromadh agus ag cuardach di bhí an bheirt eile i bhfad 's i bhfad chun tosaigh orra. "Feuch arís eile," ar an cailín le Mac Righ Éireann. D'fheuch agus ní fheacaidh sé aonni. "Feuch anois arís," ar sise i gcionn tamaillín eile, agus d'fheuch. "Ní fheicim," ar sé, "acht aon dúradán amháin an uair seo."
"Sin í an chailleach féin," ars an cailín," "tá a mac cortha. Tóg amach an t-ubh go mear agus má bhís deagh-uruchair riamh anois an t-am, agus má's féidir leat aimsigh í san adhbhar atá i n-a hucht; mara n-aimseochair támaoid araon i gcosaibh cró." Nuair bhí sí ag teacht i n-a ngar chaith sé an t-ubh i n-a coinnibh, d'aimsigh í san ucht, do chuaidh an ceann caol de'n ubh ar bhior a chínn i bhfolach san adhbhar, agus an ceann seamhar go lán- tapaidh i n-a dhiaidh. Do sgread agus do sgréach an chailleach le pian agus peannaid. Do sgéith an t-anagarr as an adhbhar agus thuit i n-a thulcadh go dtí an talamh; thuit sise i n-a dhiaidh, agus thuit an t-anam aiste. Chuaidh an cailín agus Mac Righ Éireann go dtí an Domhan Tiar d'éise-seo. Thángadar go ruig cúirt Righ Éireann, dubhairt an cailín le Mac Righ Éireann dul isteach. "Raghad," ar seision "Má raghair-se lem' chois." "Ní raghad anois," as sise, "acht geall dom ná leigfir do'n choin chiair atá ag t'athair tu shlíobadh." Chuaidh sé isteach annsan go h-aimhleisgeamhuil mar shíl sé go bhfanfadh sí i n-a fhochair, agus go mbeadh mar mhnaoi aige. Bhí fáilte agus fiche
gan aimhrios aca go léir roimhe. Tamall thar éis dul isteach do, do léim an cú ciar suas air agus é i n-a shuidhe le hais na teineadh, agus do shlíob a aghaidh. Ó san suas ní raibh cuimhne aige ar an gcailín. Thug an cailín a bóthar airri, agus bhí ag siúbhal agus ag síor-siubhal go raibh drúcht agus deirionnaighe ann. Do chuaidh suas ar chrann, agus do bhí d'fhonn airri fanamhain ann rith na hoidhche. Do bhí abha le hais an chrainn agus ceárdcha seal uaidh. Do bhí tart ar an ngabhain. Dubhairt le hinghin leis dul agus braon uisge thabhairt chuige. Fuair sí an crúsca, agus do chuaidh go bruach na habhan, agus do chonnaic an scáil bhreágh thar bárr; shíl sí nó gurab í a scáil féin í. Do chaith an crúsca uaithe, ag rádh ná beadh bean comh breágh léi féin ag tarrac uisge do ghabha grána. Cuir sé inghíon eile amach acht b'é an sgéal céadna é. An triomhadh uair chuir sé a bhean amach, acht bhí sí sin seacht n-uair níos measa ná an d'á hinghíonaibh. Bhí tart maith ar an ngabhain faoi dheireadh. Chaith sé féin an bóthar do bhogadh annsan. Nuair tháinic go bruach na habhan do chonnaic scáil na mná, do fheuch suas ar an gcrann; do chuir an bhean do bhí thuas sa' chrann smota gáire aiste.
"Bhí beagán magaidh agat fuinn go léir," ars an gobha. "Bhí aileis," ar sise. Tháinig sí anuas agus do chuaidh i bhfochair an ghabhain, agus d'fhan aca go ceann an-thamaill an-fhada, agus is airri ba mhaith an díol mar is i ba thogha agus rogha na mban chun gach aon tsaghas gnótha, mín agus garbh. Aon oidhche amháin chuaidh sí go cúirt an righ; níor aithin aonneach í. Do leig coilleach óir agus cearc airgid ar bhórd an righ. Do chaith sí gráine coirce chúca; rug an coilleach air, agus do shluig de thapagoin é. "Is olc an ceart san duit," ars an cailín, "an cuimhin leat an t-am do shaor sí t'anam duit?" Bhí Mac Righ Éireann láithaireach, agus ag éisteacht. Thug sé chun cuimhnte a imtheacht san Domhan Toir. Do dhruid sé taobh léi agus d'infhiuch í go maith, rug barróg airri, agus do theann le n-a ucht í. Pósadh iad araon. Ní fheadar-sa cionnus mar atáthar aca anois agus is ró-chuma liom.
MÁIRE NÍ RÓGÁIN. Do bhí bean i gCiarruidhe dar bh'ainm Máire Ní Rógáin. Bean bhreágh thar bárr b'eadh í, acht mar mhórán d'á saghas bhí a lochta féin airri. Le feabhus a breághacht shíl gach rí agus rudaire gur aige féin bheadh sí; ní beag de sheó ar chail- leadar d'ór agus d'áirgead faghaint a bhfeud- faidís teacht i n-a treo ar aon chuma. Nó ní nár bh'iongnadh rith sé leo go bhfeudfadh saidh- bhreas an tsaoghlacht do mhealladh. Ba gheárr ámh go bhfuaradar imach go rabhadar féin meallta; níor fheudadar aon bhogadh bhaint aisti. Go deimhin féin ní fheadar an amhlaidh bhí sí air- giodamhuil a dóthain nú cad é bhí ag eirighe di, acht go háirithe ní raibh aon chaitheamh mór aice i ndiaidh aonneach díobh-seo do bhí go mór ar a tuairisc. B'fhéidir nár bheag léi a luatha do phósfadh; cé gur dóigh liom gur b'in galar ná fuil gnáthach i measg ban. Pé fáth ba bhun do, dubhairt sí ná pósfadh sí aon duine choidhche acht an té do raghadh d'aistear aonlae ó Chiarruidhe go Baile-atha-Cliath agus do thiocfadh thar n-ais ag iarraidh fáinne an phósta. Do bhí a fhios ag gach aonduine ná raibh aon dul air sin, agus
d'fhágadh mo Mháire Ní Rógáin ar a máithreachaibh fada go leor i ndeiriodh na dála. Do rith an sgéal agus do leath sé mar is béas ó bheul go beul agus ó dhuine go duine go raibh sé i ngach aonbhall fae cheann tamaill. Do chuala Donnchadh Daoi é. Do léim sé agus do phreab agus do gheit a chroidhe le háthas. "Ca fios," ar seision, "nach domh-sa táthas d'á fágaint!" An riabhach de nár bheirbh lón agus nár ghleus é féin is na balcaisidhibh ab fheárr do bhí aige, agus do ghluais air go sásta róghach ar a phógrás. Níor bh'fada do sa tsiubhal gur casadh é ar fear fada lúthmhar. Do bhí sgeoin i n-a shúilibh más eadh, agus cos leis fae n-a chrios. Nuair chonnaic mo Dhonnchadh é, tháinic fonn gáiridh air, acht nuair chuimhnigh sé air féin i gceart dubhairt sé leis féin nár bh'aon chúis gháiridh a lethéid. Ní abraim ná go raibh leath eagla air leis, acht bhí sé comh cráisteamhail sin ná raibh aon neart ag aon tsaghas eagla fanamhaint i n-a chuibhrionn i bhfad, agus imbasa cad deiri leis, acht go ndeaghaidh sé chuige agus do chuir caint air, agus dubhairt - "An misde dam labhairt leat?" "Ní misde," ars an fear eile, "muran misde leat féin." "Ní fhuil uaim acht caint," arsa Donnchadh.
"Seadh máseadh," ars an fear eile, "ná bíodh eagla ort go mbeidh aon easbaidh cainte ort fad do bheir i n-éinfheacht liom-sa maran tu féin is ciontach leis." "Is furaiste réitioch liom-sa," arsa Donn- chadh, "acht cogar, caidé t'ainm?" "Cos-fae-Chrios," ar seision." Chuala teacht tharat go minic," arsa Donnchadh; dian gur tu bhí uaim díreach, ámh shíleas go rabhais marbh, agus go raibh deiriodh do mhaithis fagháltha fad ó." "Atá breith agam ar an mbás," arsa an fear eile," is feárr lá as an uaigh ná lá inte." "A, abair é," ars Donnchadh, "agus rud eile, má tá aonní foghanta le fagháil thall tá an tSíorruidheacht fada ár ndóthain chuige." "Díreach," ars an fear eile, "bhainis as mo bheul é; acht caide seo is ainm duit?" "Donnchadh Daoi," ar seision. Is beag nár phléasg gáiridh an Chos-fae-Chrios nuair chualaidh sé cia bhí aige, mar san am-san ní raibh fiú brónc ná raibh a fhios aige go dian- mhaith gur bhé mo Dhonnchadh Daoi an leath-amadán ba mhó bhí i nÉirinn. Do chisigh sé air féin máseadh agus do bhrúigh chuige comh maith agus d'fheud, acht do bhreathnuigh agus d'infhiuch sé é go géar. Nó do shíl an fear eile gur breágh an rud an fheuch-
aint-seo, agus do labhair sé arís agus d'fhiarfuigh sé de cad aige cos leis bheith faoi n-a chrios, nú cad do bhí ar siubhal aige 'n aonchor?" "Gnó ait atá ar láimh agam-sa," arsa Cos-fae- Chrios; "Tá feirm annso i n-a bhfuil seacht gceud páirc; i ngach páirc aca-san atá seacht gceud n-acra, seacht gceud beárna in gach páirc, agus seacht gceud gearrfhiadh i n-aghaidh gach beárnan. Caithfead-sa gach aon cheann riamh díobh do choimeád isteach." "Caithfir?" arsa Donnchadh. "Caithfead go deimhin," arsa an fear eile. "Diabhal go bhfuil feidhm ort," arsa Donnchadh, "níor mhaith liom bheith id bhrógaibh, acht caidé an fáth go bhfuil cos leat feistighthe suas fádh chrios agat?" "A dhuine," arsa mo Bhos-fae-Chrios, "rithim-se comh mear-san nach gábhadh dhom acht cos, dá mbeadh siad araon fúm mar tá fút-sa is dócha ná feudfainn stad nuair ba mhaith liom." "Ní fuláir nú go mbionn pádh an-árd duit as- san?" arsa mo Dhonnchadh. "Riabhach ruainne mhaise acht aon chúig phúintín amháin gortaidh. "Tut, tut, agus ná bí ag magadh fúm," arsa Donnchadh. "An ann measann tú go mbeinn ag streal-
Domhan Toir, agus gur leor do aon chluais amháin chuige-sin. "Cloisim," ar seision," gach aonní; "agus nach bocht an díol dam chúig púintín san mbliadhain?" "Bocht, an eadh?" arsa Donnchadh, "ní headh mhaise acht spriúnlaithe; cad adéarfá dá bhfuigh- theá deich púint uaim-se anois? "Déarfainn ná heiteochainn," arsa Cluais-le- hEisteacht. Do chuir sé lámh i n-a phóca agus do thairg na deich púint do. Do ghlac sé iad go ceanamhail, agus do ghluaisiodar a dtriúr orra annsan go tiugh teasaid. Faoi cheann lae nú mar sin do casadhi adan ar fear eile, ait go leor, dála beirte eile. Bhí a lámh chlé ar súil leis, agus guna i n-a láimh eile, agus é mar bheadh sé ag tabhairt faoi éun nó ainmhidhe éigin mar sin. Do chuadar chuige agus d'fhiarfuigheadar an as a mheamhair do nó ag magadh fútha féin do bhí sé. Nó ba mhór an iongna nár mhairbh sé iad, bu dhiabhail an chráiste bhí ag piaca aca do labhair leis, agus an guna ar léigh aige-sean, agus dá rithfeadh leis go bhfeudfadh iad d'fhágaint tréith. "Ní fuilim as mo mheamhair," ar seision, "agus ní oraibh-se a bhuidheachas. Tá gnó mór ar láimh agam - páirc chruithneachhta atá annso le béal bainte. Tá seacht n-éin san spéir anáirde i
n-aghaidh gach léis dá bhfuil ann, agus dá bhfeud- faidís teacht anuas ní fhágfaidís roiléith de le chéile." "Agus cad tá dhuit as?" arsa mo Dhonnchadh breágh. "Cúig phúint," ar seision. "Lag go leor agus ró-lag," arsa Donnchadh, ag crothadh a chínn le truagh dho, mairge." "Ní fhuil leighios air," ars an fear eile, "toisg gan aon phreis bheith ar shócainidh, tá airgiod tearc." "Tearc nú reiseamhuil," arsa Donnchadh," seo deich púint agus tar liom-sa; má bhíonn tú id bhuachaill mhaith gheóbhair ball éadaigh nú b'fhéidir culaith ó mhullach talamh i gciunn do bhliadhna dhuit." "Biodh i n-a mhargadh," arsa Súil-le-Feuchaint - b'in é a ainm. Do ghluais an triúr i n-éinfheacht le mo Dhonn- chadh annsan, agus níor staonadar do'n stáir- sin gur shroicheadar cúirt Mháire Ní Rógáin. Do bhuail mo leath-amhadán go húghdarthásach ag an ngeata; leis an bplab thug se shíltheas gur tighearna éigin anmhór do bhí imuigh. D'osgladh do go mear, agus d'fhiarfuigheadh cad do thug é. D'innis sé do'n gheatóir gur b'í an chailín óg do bhí uaidh.
"Agat féin atá a fagháil nó a cailleamh- aint," ars an fear eile. Tugadh Donnchadh i láthair na mná óige. Dubh- radh leis bheith ollamh go moch air maidin. Fuair sé féin agus a chuid fear rud le n-ithe agus le n-ól, an méid ba mheon leó agus leapachas. Le deargadh an dá neull bhí Donnchadh i n-a shuidhe, agus ithte agus ólta aige féin agus ag á chuid fear. Do chuadar imach ar an macha; bhí mo Mháire imuich rómpa, réidh rianta chun aisdir. "Bhfuil tu ollamh?" ar sise le Donnchadh. "Duin-uasal seadh mise," ar seision léi, "agus fad atá buachaill agam ní fhuil sé ceart agam dul leat; raghaidh sé seo leat," ar seision, ag póinteáil ar Chos-fae-Chrios. Bhí sí sásta. Ar léi féin agus Cos-fae-Chrios annsan. D'imthigh- eadar agus d'imthigheadar gur cailleadh radharc orra. Máseadh sé Cos-fae-Chrios bhí ar tosach. Ní fheudfadh an ghaoth congbháil suas leó, comh géar-san a ngreadadh agus a ngluaiseacht. Ba gheárr gur séirseáladh Máire Ní Rógáin. Do bhí Cos-fae-Chrios i nglínntibh chun cínn airri. D'fhan sé léi ar mhullach cnuic. "Táim traochta," ar sise, "leig do cheann im ucht go fóilín." Do leig. I nóimitín do chuir sí an biorán suain i n-a chúl, agus do thuit sé i n-a chodladh go
sámh. D'éirigh sise, agus do ghread sí léithi agus d'fhág seision annsan. Do bhí an triúr eile ag tigh Mháire Ní Rógáin, agus saoghal breágh aca mar ná raibh riamh roimhe-sin. I lár an tsuilt agus an spóirt do léim Cluas-le-hÉisteacht suas. "Go réidh go fóil," ar seision, "cloisim mar bheadh srann." Do chiuinigh an chuid eile, agus creidim gur dheacair leo é. Do chuir cluas ar féin arís. Is ann bhí ná Cos-fae-Chrios ag sranntarnaigh ar lán a dhíchill. "Bí imuigh, bí imuigh," arsa Donnchadh Daoi, "agus feuch." D'éirigh Súl-le-Feuchaint agus do rith imach an dorus; is beag nár bhris sé ceann d'á chosaibh leis an bhfuadar do bhí faoi. Do rith sé isteach tar éis feuchaint go maith géar do le n-a leath- shúil. "Tá Cos-fae-Chrios i n-a dhubhchodladh, agus sean-chloigeann sean-chapaill fá n-a cheann aige." "Tá an eadh?" arsa Donnchadh, agus do thuit a chroidhe ar an leadhb bocht, agus d'athrugh a líthe. "Sin é díreach an tsrantarnach do chuala-sa," arsa Cluas-le-hÉisteacht. Do chuadar imach i bhfochair a chéile annsan. Ní raibh smog as mo Dhonnchadh Daoi, mar shíl sé cóir- máireach go raibh an bhean-uasal caillte aige. Do chuir Súil-le-feuchaint a ghuna le n-a leath-
ghualainn agus do thug iarracht faoi Chos-fae- Chrios, agus do chuir an sean-chloigeann do bhí fá n-a cheann, na seacht léig chun seachráin. Do phreab sé suas agus do chuimil a shúile d'fheuch- aint cá raibh sé 'n-aonchor, agus nuair tháinig sé chuige féin, agus d'aibigh an radharc aige do sgaoil sé sa tsiubhal. Rug sé ag Baile-átha- Cliath ar Mháire Ní Rógáin, agus i istigh i siopa ag ceannach fáinne. Do cheannaigh mo Chos-fae- Chrios fáinne eile. Nuair thug sé an t-airgiod chun díol as, níor fhan sé leis an mbriseadh d'fhagháil, acht comh luath as do fuair greim ar an bhfáinne do ghlan leis, mar as go gcuirfeá na gadhair leis, agus níor stad ar chnoc ná sliabh, ar bhóthar ná i n-aon áit eile gur shroich sé mar a raibh mháighistir agus an bheirt eile. Do bhí an lá buaidhte aige, agus mo leadhbán leath-óinsighe buaidhte leis go deo. Pósadh mo Dhonnchadh Daoi agus Máire Ní Rógáin nó láith- reach bonn. Do chongaibh sé an triúr-so rith a saoghail, agus níor leig sé síos orra a fheabhas d'imreadar do nuair bhí sé i n-an-chás. (Deiriodh.) NOTAIDHE. Cé beag an leabhrán-so tá mórán neithe ann ná glacfar agus nach glactha le n-a lán. Dom dóigh, ní fhuil aonní b'fhéidir ar a mbeithior níos fuathmhaire 'ná "ná" roimh briathraibh gan análughadh gan urdhubhadh i n-áit "nach" ag urdhubhadh. Ní scríobhfainn "ná" acht go bhfuil cleachtuithe ar fud Chúige Mhumhan. agus go bhfaghthar é go mion minic i sgríbhinnibh bhaineas le haimsiribh sárfhada siar. Ní fhuilim d'á rádh gur ceart a aithbheochan, nó le ceart a choitchionnughadh, óir tá sé beo go leor fós, acht nach fuil coitchionn leastmuigh do Mhumhain, go bhfios domh-sa. Ní léir dam aon fháth nach déanta é, má tá indéanta ó tá. Go bhfuil urdhubhadh iomad- amhail san nGaedhilg indiu is follus d'aonneach; tá gleus annso le n-a bhfeudfar a laghdughadh beagán, agus ní ghlacfar
do láimh é, do bhrigh nach fuil an gnás i gConnachtaibh ná i nUlltaibh. Ní'l aon agamh ná go bhfuil neithe i ngach uile Chóige nach inleata do sgríbhneoir, achtannso go háirithe atá litridheacht líonmhar ag neartughadh leis an ngnás Muimhneach, bíodh go bhfuil an gnás eile sogfhaghala comh maith ceudna. Do bheadh aonduine ainchneasda adéaradh gur ceart aon díobh-so do chaitheamh i leathtaoibh, ar lorg bheagáin graiméarach do cheap agus do chur ar bun mórán dlighthe atá araon mícheart mío-dhual. Ar righ-scoláiridhibh ní labhraim, acht orra-so do shaoth- ruigh eolus éigin ar an teanga láithrigh as leabhraibh, agus do bhí ainbhfiosach ar fad ar an teangaidh seanda, agus aineolach go mór ar Ghaedhilg mar labharthar i n-a líomthacht í, ó Phort- Láirge siar suas go Doire. Mar adubhart cheana ní fhuilim d' rádh go bhfuil "nach" aincheart, acht adeirim go bhfuil "ná" comh ceart leis, agus b'fhéidir níos cirte. Le heagla ná creidfeadh a lán so uaim, dobheirim beagán somplaidh as "Passions and Homilies," atcinsoin, ag taisbeánadh an nóis díreach mar cleachtathar indiu i gCúige Mhumhan. Nó : Nú I n-áit "nó" deirthior "nú" i Mumhain. Fós níor casadh aon eisiompláir de liom 'san litridheacht. B'fhéidir ó sontar "nua", .i. úr, mar "nó," go ndeárnadh an t-athrughadh so, chor go bhfeudfaidhe an dá fhocal do dheifirughadh go soilléir.
F AGUS EÓ SAN OIRTHEARACH. Is na briathraibh aimhriaghalta ní ceart F acht ionnta- so amháin "dochím", "cluinim," "tigim," ámh tá sé ag sleamh- nughadh isteach, nó tá istigh cheana féin, agus comh fada sin anois go bhfuilim eaglach nach féidir a dhíbirt, dá mbu mhaith é féin. I gcuid aca tá sé ionadtha comh daingion gur cinnte mé ná dífhreumhochar anois é; i gcuid eile díobh tá sé comh mío- thairbheach mícheart-san gur cóir a sgrios láithreach. m.s. … 'íos- fad," "rachfad." Ionnta-so tá sé so-sgriosta go leor; acht - i mórán eile díobh is doleighiste, dosgriosta anois é; feuch ar "adeirim," agus "doghnímh." D'fheudfaidhe iad-so d'athcheart- ughadh go heusgaidh, dom dhoigh ámh ní dingéantar choidhche, agus ní déanta b'fhéidir, dá ndingeantaoi. Caithfear a admháil ná fuil aon bhriathar comh truaillighthe i gcaint, ná comh ilghnéitheach i litriughadh le "doghnímh." San deisceart ní abarthar "dorinne" (dorighne, doringhne, nó dorinn, mar castar orainn iad uile), acht "doghein" nó "ghein" ("dhein," ar uairibh). Ní déarad- sa a thuille i n-a dtaoibh-so, acht seolaim an macléighinn go "Trí Bior-Ghaoithe an Bháis." Taobhimuigh do "táim," cuir- thior an F isteach i n-oirthioracht bréithre aimhriaghalta. Is na briathraibh riaghalta, ar an leith eile, sonntar é mar "th" - is dóigh gur fuighioll an "t" oirthioraigh i Sean-Ghaedhilg an T so - muna gcríochnuighidh le guth nó le fuaim ghutha, m.s. cnaoim, cnaoifead; réidhim, réifead, 7c. San bhfoirm fulangtha ní laguighthior F go th choidhche; ní abeórthaoi "casthar," "chas- thaoidhe," i n-ionad "casfar," "chasfaidhe.'c. San dara comhcheangal briathar, .i. iad-so i n-uighim. Athruighthior I go EO, agus Gh go Ch chum an oirthioraigh do dhéanamh. I gCúige Mumhan ní malartuighthior an Gh ar aonchor. Eirigheann so, dom thuairim, as fuathmhaireacht do gharbh-fhoghar Ch. Mar sin do sgríobhtar; árdóchadh, -air, -aidh, 7c., mar árdoghadh, -air, -aidh; nó árdód, -óir, -óidh, 7c., go minic, agus sontar amhlaidh sin i gcomhnuidhe iad. Achr is ceart an dá
fhuirm so do chosg, agus aon aca do thoghadh agus araile do dhíoghadh, acht i bhfilidheacht,cé gur feárrde aon fhuirm annso leis, chor go mbeadh aontomhas coitchionn. ADH, IDH I NDEIRIODH FOCAL. Go minic fágaim imuigh "adh" a mórán focal do nach ceart. Is fiosach dom go maith gur cirte "cúigeadh" ná "cúige," "tuilleadh" ná "tuille," agus mar sin de. Ní fheicim caidé an tairbhe iad so do sgríobhadh, acht amháin do bheagán scoláir lorgas focal-eolais. Chítear d'aonneach go bhfuil an iomad litreach balbh cheana i n-ár measg, agus cuid aca san gan úghdarthás mar atá "teith," "béith," "uaithne," "Nidh," 7c., i n-áit "te," "bé," "uaine," "ní," 7c. Sgríobhaim "fagháil," cé gur cirte "faghbháil"; atá "fagháil" comh seanda-san ná feicim caidé an maitheas "balbhán" do chur mar ualach ann anois. Ní cóir dham a dhearmad gur leigeas imach litreacha i "slighe", "teine," agus a léithéid sin. I ndeireadh mbriathar sontar "dh" i gCúige Mhumhan mar "ig," agus comh maith céadna i ngeineamhnach ainmeann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services