Roimh-Rádh.
Ag clos mórán sgeul dom agus me go han-
óg adubhart féin dá mbaileóchaidhe iad, agus iad
do chlóbhualadh go dtairbheochadh sé d'á lán - 
dóibh-seo go háirithe ná cuala iad.  B'fhiosach me
go rabhadar luachmhar, óir taisbeánaid dúinn
intinn agus intleacht na nGaodhal níos soléire 
solusmhaire, b'fhéidir, ná aonnidh eile atá fágtha 
anois againn, agus aonrud soillsigheas ar a 
nósaibh-san is cóir dúinn bheith suimeamhuil ann.  
Má's blúireacha iad féin, agus blúireacha truail-
lighthe, ar uairibh, is oighreacht saidhbhir iad i n-a 
dhiaidh san.
Cionnus nár cuireadh cúram ionnta i bhfad 
roimhe seo ní heolach domhsa. Luthgháirim go 
ndeárnaidh an "Chraoibhín Aoibhinn" níos mó ná 
aonneach eile mo bhrostughadh chun cnuasach na 
sgeul so.  Ní gur iarr sé orm a dhéanamh, acht
'nuair léighios ar chruinnigh sé féin díobh, tháinig
fonn orm feuchaint le beagán d'á luigheadh, 
'nuair nach raibh aonneach eile ag claoidhe chuige.  
Bhí a fhios agam go raibh mianach comh saidhbhir 
agamsa im' chúige féin agus do bhí aige-sion i 
n-a chúige féin.  Fágaim faoi'n léightheoir a 
ndeárna mo ghnó maith nó olc.
Is le lucht léighte na sgéal-so luighios cló-
bhualadh tuille d'a leithéididhibh, óir díoltar a
 
dian-luigheadh-san de leabhraibh Gaedhilge gur
misde do'n té chaitheas mórán d'á aimsir leó.
Ní fuaras acht síbhialtacht, carthanacht, agus 
féile ó'n mhuintir tug na sgéalta dham.  Do 
Dhomhnall O Néill, thar agus os cionn cách eile
bheirim buidheachas ó chroidhe.
   
Do gach n-aon do chabhruigh liom i leith sgéil, 
airgid, agus uile táim an-bhuidheach.  Ámh muna 
mbeidheadh an lucht do dhíol as tabhairt-imach an
leabhair-seo ní fheudfainn-se a fhaisnéis go fóil, 
nó b'fhéidir eile go deo.
Do léigh Seaghán O hOgáin na fromhtha dom 
agus bhí comh maith agus na focail agus na 
ráidhte ba dhóigh leis bheith do-thuigthe do'n léigh-
theoir coitchionn do chur i n-iúl dom.
Pádruig a Laoghaire.
 
Na Tri Preacháin.
Do bhí triúr buachaillidh comharsan gan ór gan 
airgiod gan talamh gan treó, gan aon tsaidh-
bhreas eile acht saoghal gadhair agus sláinte 
an bhradáin. Do chuadar i dtriúr do'n domhan 
tsoir, agus deintear fir feadhma díobh i n-armáil 
righ áirithe.  Fear socair soilbhir teilgioch tar-
raigeach b'eadh ceann aca, acht i dtaoibh na beirte 
eile, do raghdaois trí poll trathaire ar bhraon 
bíotáille, nó bhainfidís an tsrón do'n áidhbheir-
seoir dá dteangóchadh sé leó i dtroid.  D'fhan-
adar le cois an righ-seo go ceann seacht 
mbliadhan.
  
"Imeóchad ibhaile imbáireach," ars an fear 
socair leis an mbeirt eile.
"Ragham-na led' chois," ars an beirt eile.
"Cad dob' áil libhse abhaile" ar seision, 
"agus gan pingin 'núr bpóca?"
"Ó b'fhéidir ná fuileam cómh dealbh agus is 
dóigh leat," arsa ceann de'n bheirt.
An lá ar n-a bháireach d'imtheigheadar i dtriúr 
leo, agus do ghaibh orra féin triall d'á mbaile 
duthchais.  Do bhíodar ag dul ó dhúthaigh go dúthaigh 
go dtárluigh coill mhór uaigneach orra thrí n-ar 
chaitheachtain dóibh gabháil.  Agus iad i n-a coimh-
leathan rug an bheirt ar an bhfear socair agus 
 
do cheangal le córdaibh caola cnáibe de chrann 
é, agus do bhain na súile as; do phioc a raibh 
d'airgead aige uadh, do sgaoileadar annsan é,
thug a mbóthar orra, agus d'fhág seisean mar a 
raibh aige i gcosaibh chró.
D'fhan sé mar soin go ceann trí lá.  Annsan 
do thúirling tri préacháin ar chrann taobh leis.  Do 
bhí a mheamhair aige fós.  Do thosnuigheadar ag
caint le n-a chéile; agus b'fhéidir leis-sion 
a gcaint agus caint gach éin 'san domhan do
thuigsint.
"Nár shocair shásta bheidheadh an duine dá 
mbeidheadh mo chuid feasa-sa aige," ars an chéad 
préachán leis an mbeirt eile.
"Cionnus san?" ar siad-san.
"Mar is eol dómhsa," ar seision. "dá 
mb'fhéidir leis an bhfear as ar bhaineadh na súile 
iad d'fhághail - agus táid le hais buin crainn
i n-aice leis - a lámha chuimilt do'n drúcht, agus 
na súile chur 'n-a n-áit arís do bheidís comh 
maith agus do bhíodar riamh."
"Nar shocair shásta do'n duine dá mbeidheadh
mo chuid feasa-sa aige?" ars an tarna 
préachán leis an mbeirt eile.
"Cionnos san?" ar siad san.
"Ná fuil sé," ar seision, "ag dul de dhocht-
úiridhibh an domhain inghíon righ na háite-seo 
 
leigheas, agus luibh agus fás díreach donn mar a 
bhfuil na súile, dhéanfadh í leigheas i leath-
nóimiot, acht í bhaint agus do bheirbheadh, agus 
an t-uisge i n-a mbeireobhthaidhe í thabhairt di le 
n-ól; annsan do bheidheadh sí chomh maith faoi 
shaoghal agus faoi shláinte agus do bhí 
riamh roimhe sin."
"Nár shocair shásta do'n duine dá mbeidheadh 
mo chuid feasa-sa aige?" ars an tríomhadh 
préachán leis an mbeirt eile.
"Mar," ar seision, "atá righ na háite seo 
chun árd-chathair a righeachta thréigion, do bhrigh go 
bhfuil easbaidh uisge ag cur airri.  Dá gcuir-
fidhe poll mór 'san gcarraig chíorduibh atá ag an 
gceann toir de'n chathair do sgéithfiodh uisge go 
leór do sheacht gcathrachaibh aiste."
Annsan d'imthigh na trí préacháin leó.  Do 
chuartaigh seision; do fuair sé a shúile, do chuimil 
a lámhna de'n drúcht, do chur na súile i n-a n-áit 
arís, agus lomláithreach do bhí a radharc aige 
cómh maith agus do bhí aon lá riamh, nó b'fhéidir 
niachan níos feárr.  Do fuair sé an luibh aileis, 
do chuir i n-a phóca í, agus thug a bhothar air gur 
shroich sé cúirt righ na háite sin.  Nuair tháinic 
go ruig geata na cúirte, do bhuail agus 
d'iarr cead é leagon isteach.
"Cad tá uait?" ars an geatóir.
 
"Inghion an righ d'fheicsint chun a leigheas, " ar 
seision.
"Tar isteach," ars an geatóir, "má's maith 
leat do cheann do bheith caithte dhíot."
 
"Do baineadh na súile cheana asam," ar 
seision," agus d'á dheasgaibh-sin ní bheidheadh 
iongna orm dá mbaintí an ceann anois díom."
"Isteach leat mar sin," ars an geatóir.
Leastigh de'n geata bhí na céadta plaosg.
"Cad é an mí-ádh shaothruigh na plaoisg-seo 
'san áit seo," ar seision, "nó cad dob'áil leó 
ann i n-aon chor?"
"Sin cinn na ndochtúiridh," ars an fear eile.  
"le nár eirigh inghion an righ leigheas; agus is 
géarr go mbeidh do cheann-sa i n-a cheann i n-a 
measg, má théidheann díot, agus is dócha gur dh'a 
chéile sibh."
Níor laguigh sin misneach an dochtúra.  Chuaidh 
sé os cómhair an rígh, agus dubhairt gur theastuigh 
uadh a inghíon d'fheicsint go leigheasadh í.
"Is beag an bhrigh dhuit bheith léi," ars an righ, 
"agus go ndeaghaidh san, de ghníomh go deo de 
dhochtúiribh cheana; dogheóbhair-se do thoil ámh;
acht mura rithidh leat bainfear an eann ó'n 
gcolainn díot mar dogheineadh le cách eile, romhat."
"Atáim sásta," ars an dochtúir agus d'osg-
 
ladh dorus seomra inghine an rígh dho. Dho bhí sí 
i n-a luighe i n-a leabaidh, beag nach le béalaibh 
báis. D'orduigh sé an áit d'fhágaint faoi féin, 
agus d'fhágadh. Do thóg sé imach an luibh annsan, 
do bheírbh í, agus thug tarrac na téi airri, agus
annsan thug cuid de'n uisge i n-a mbeirbheadh í 
do'n mhnaoi bhreoite.  Ní túisge bhí ólta aice 'ná 
bhí sí i n-a sán-rith arís, agus do chuaidh go ruig 
a hathair, agus go deimhin ní mó an t-áthas do bhí 
airri féin 'ná air-sion.  Do ghlaoidh sé an 
dochtúir chuige láithreach bonn, agus dubhairt - 
"Thiubhrainn duit m'inghion anois i gcleamhnas 
acht dogheóbhadh sibh bás d'easbaidh uisge 'san 
gcathair seo."
An lá ar n-a bháireaé do chuaidh inghion an righ 
agus an dochtúir ag aeruidhiocht dóibh féin i 
gcairt an righ.  Do thiomáineadar leó go ruig
an ceann toir do'n chathair; do chonnaic an 
dochtúir carraig chíordhubh an-mhór árd ann.
"Atáim lán-deimhneach," ar seision le hinghin 
an righ, "go bhfuil uisge go leor do'n chathair i 
gcoimhleathan na carraige sin dá mbrisfí í, nó
poll mór do chur innti, agus do thiocfadh an 
t-uisge aisti annsan."
Do fuair inghíon an righ fiche fear de thapa-
goin, agus do thosnuigheadar ag léasadh na car-
raige go lom lúthmhar láidir gur phléasg sí i 
 
ndeireadh na dála. Annsan do streall an t-uisge 
imach; do sgéith agus do leaith ar fuaid na
háite, ar chuma go ndeaghaidh isteach i dtigh-
thibh na cathrach.  Thug an rígh a inghíon annsan 
do'n dochtúir, agus do pósadh iad, agus dob' 
fhiú é í.
I gcionn bhliadhna d'éis an phósta, do bhí seision, 
lá ag siubhal leis féin 'nuair cé bhuailfeadh i n-a 
threó acht an bheirt bhitheamhnach do bhain na súile 
as.  D'aithin seision iadsan, acht níor b'é sin
dála dóibh-san. D'innis seision dóibh, ámhacht, 
cia'r bh'é féin.  Do bhí iongna orra cionnus do 
fuair sé ionghion an righ, agus níos mó ná san
'nuair d'innis sé dhóibh go raibh togha an radhairc 
aige. D'aithris sé dhóibh a imtheachta ó thús 
deiriodh.  Annsan do bhíodar ag crith i n-a
gcroiceann le heagla go gcuirfeadh sé tógaint 
orra, agus go gcrochfaidhe iad leis an mbeart 
mbréan d'imireadar air, acht dubhairt seision 
leó gan aon rud do bheith orra i n-a thaobh san, 
mar leis féin de, mar gur mhaitheas agus ní 
díoghbháil do tháinic as do féin.
"Atá sé cómh maith dhúinne leis," ar siadsan, 
"dul agus sinn féin do cheangal do chrann, 
agus b'fhéidir le Dia go n-inneósadh na préacháin
céadna dhúinne, nó préacháin éigin - ba chuma 
 
linn mar leis sin de cá bhfaghmaois inghíona righ 
le pósadh."
D'imthigheadar orra annsan agus do chuadar 
faoi dhéin na háite mar phiocadar na súile as 
an bhfear eile agus do cheangladar iad féin
féin do dhá chrann.  Ba gheárr dóibh ann gur 
thúirling trí préacháin ar chrann taobh leó.
"Bliadhain an taici seo bhíomair i dtriúr annso 
cheana," arsa preachán leis an mbeirt eile, "bhí 
fear ag éisteacht linn an uair sin, rug leis a
ndubhramar, agus atá sé go lán láidir anois.  
Atá beirt eile taghtha arís ámh, le súil go bhfagh-
daois rud éigin do bhárr ár gcainte."
"Seadh, má's eadh; beidh sásamh againne araon 
as an mbeirt-seo láithreach, agus bainfeam a 
súile asta," agus ar n-a radh sain dóibh do léim-
eadar anuas agus seo ag gobadh súl an dhá bheith-
eamhnach iad gur phiocadar amach asta iad.  Do 
ghreadadar leó annsan, agus do fuair na 
bitheamhnaigh bás 'san choill de ghorta agus de 
ghabhatar.
 
Páidín Ó Dálaigh
Do bhí fear de mhuintir Dálaigh ag a raibh beirt 
mhac, dar ab ainm Páidín agus Seaghán.  Idir 
cromadh agus liathadh dho, fuair sé bás, agus níor 
bh'aon náire dho é, mar d'fhág an bheirt-seo suas
i  n-a dhiaidh.
D'éis bháis a n-athar do chruaidh an saoghal ar 
an mbeirt bhioránach agus a máthair, agus do 
chuaidh sé chomh dhocht san orra gur glas d'fheud-
adar a bhfiacha dhíol, gan teacht thar an gcíos i 
n-aon chor. Do bhí an tighearna talaimh ag 
bagairt orra faid gach n-oirid, acht ní móide 
tháinig leótha aon ghníomh do dhéanamh leis.  l 
n-deiriodh thiar thall do chuir an tighearna an sir-
riam agus a lucht leanamhna uaidh chun tigh na 
nDálach do leagadh.  An lá thar a dtangadar 
do chuir Seaghan agus Páidín a gcómhairle faoi 
chéile, agus 'san gcaint dóibh dubhradar gur 
ceart dóibh cur i n-iúl do na bitheamhnuighibh 
go raibh an spréach ionnta.  Bhí cáil na macán-
tachta imuigh orra, agus dar ndoigh tháinic na 
rapairidhe go deaghmhoch chun éirligh mar ba bhéas 
dóibh.  Do chuadar go léir isteach, mar do bhí na
dóirse ar deargleathadh, agus gan gog ná gíog ó 
aonneach leastigh. Do bhí na Dálaigh i bhfolach 
 
istigh ámhacht, agus chómh luath agus do fuaradar 
iad ar fad faoi dhíon tighe do léimeadar suas 
lomláithreach, agus do tharraingeadar imach a
gcloidhmhte glana géara glasa agus d'imir 
beatha na n-éag ar lucht a léirsgris, acht 'san 
gcóimheasgar dóibh do cuireadh pléar i gcroidhe 
Sheagháin Ui Dálaigh, agus do chaith an fear bocht 
bás d'fhagháil d'á dheasgaibh. Do chuarduigh 
Páidín i bpócaidhibh an tsirriaim, agus do fuair 
se ionnta míle púnt, agus do thóg iad agus thug
d'á mháthair iad.  Ba féigion do féin teichiodh ar 
eagla a chrochta.  I gcionn tréimhse mhaith aim-
sire tháinic sé thar n-ais chun a mháthair, agus
d'innis di go raibh míle púnt geallta d'aon-
neach doghéanadh é bhrath, agus go raibh sé ar 
aigne anois go háirithe an bóthar do bhogadh, 
agus a aghaidh thabhairt ar áit éigin eile.  Thug a 
mháthair a sporán chuige, agus adubhairt leis é 
chur chuige féin i gcómhar na slighe; acht do 
thug seision leath a raibh sa' sporán d'á mháthair, 
ag rádh go raibh lúth i n-a lámhaibh féin do saoth-
róchadh biadh agus beatha dho dá ndruidfeadh an
gábhatar leis. Do cheannuigh sé culaith bhreágh 
éaduigh, agus níor dhearmhuid dá phiostal ocht 
n-uruchar déag do chur chuige, agus annsan do
fuair sé seanbhalcaisidhe ó sheanfhear siubhail,
agus do chuir leasmuigh do'n chulaith eile iad, 
 
agus go ghabh maide dealgach droighin i n-a láimh,
deis, agus mála leathan láidir teann tuirt-
eamhuil i n-a láimh chlé, agus d'imthigh air, agus 
do bhí ag cur de go ceann seacht lá, gan suidhe
suaimhnis ná fuaradh boinn, acht 'mháin an fhaid 
do bheidheadh ag caitheamh a choda, nú ag codladh 
tathaimhín do'n oidhche. An t-ochtmhadh lá chonnaic
sé meithioll ag baint arbhair i bpáirc fhada 
fhairsiog.  Do leig a ucht ar an bpáil, i n-aice 
bhuin an iomaire go dtangadar chuige tar éis an 
tsreaith chríocnughadh.  Ní raibh dream riamh 
d'á fheabhas nach raibh droch-dhuine éigin i n-a 
measg, agus b'in é a ndála so.  Do labhair cuid 
aca chuige gan easonóir ná easumhlacht an uair 
do chuir seision orra, acht dubhairt geócach éigin 
leis go deas-bhéalach - 
"Cad dob áil leat annsan? nú an dóigh leat 
go bhfuil aonnidh le déanamh againne acht bheith ag 
caint leat?"
"Ní fhuil aonnidh uaim" arsa Páidín, "acht ba 
mhaith liom bheith ag feuchaint ar na fearaibh 
ag baint mar bhíos féin lá, acht d'imthigh san
foraoir."
"Seo, seo," ars an buachaill "na faghmaois 
a thuille dhe feasta, acht gread ort go mear, 
agus glan as ár líontaibh, mar dá fhaid d'fhan-
thair annso, sin a mbeidh dh'á bhárr agat."
 
Ní gábhadh dhuit an doicheall ná an dobhracht, 
a dhailtín," arsa Páidín, "ní fhuilim-se ag iar-
raidh pioc ort, agus b'fhéidir ná fuil puínn fág-
haltais agat i n-aon chor, chun bheith ag chaitheamh 
mo bhochtaine 'sa tsúil orm; acht," ar seision, ag 
lasadh le feirg, "táimse cómh maith d'fhear leat;
ná cuimhnimh acht go bh-fuilim."
"Is ann díobh i gcomhnuidhe," ar san geócach 
arís, slog sglóndair agus gan puinn le cur 
leis agaibh - seadh bacach mar tusa cómh maith 
d'féar liomsa,- gcloistí ar so a cháirde!"
"Seadh, seadh," arsa Páidin, "agus gach aon 
suanne leis, agus 'speánfainn duit é ar nói-
miot, dá mbeidheadh fear déanta cirt agam 
mar atá agat-sa tímchioll ort"
Dubhairt an feirmeoir go fearamhail imasa 
go ndeanfadh se féin ceart agus cóir do, 
agus gan aon eagla bheith air, i n-a thaoibh soin de, 
agus do chuir se fear do'n mheithill de steang 
reatha ag iarraidh dhá mhaide droighin go ruig a 
thigh.  Tháinig sé agus na maididhe aige go saoth-
rach agus cúbhar le n-a bhéal le anaithe iomshao-
thair agus easbaidh anáil.
"Seo maide," arsa an feirmeoir le Páidín.
"Tá maitín agam féin"  arsa Páidín, "do 
dhéanfaidh an gnó, go raibh míle maith agat.  Ní 
iarfad screatal ort, ach ceart do deanamh dom."
 
Do fuair an fear eile a mhaide agus bhí ag 
ceáfráil anonn 's anall chun sgamhramh, maraige, 
chur ar Pháidín, i leaith as gur fear mharbhtha céad 
é. Annsan thug sé tailm faoi bhuille thabhairt do 
Pháidín acht níor eirigh leis é aimsiughadh.  Thug 
Páidín fogha faoi eision, do sgaoil an mhala chlé 
ar sileadh leis agus feadáin fola ag sgéith aisti.  
Thuit sé ar faoilphleasg a droma; agus d'imthigh 
agus do chuaidh fear eile agus do strac an 
maide imach as a láimh agus dubhairt go raghadh 
féin leis.
"Atáim sásta," arsa Páidín, "acht b'fheárr 
liom go mór go gceapfá do shuaimhnios,"
"Tar annso," ars an fear eile, "ní déarfar 
go brách dheilbhe an domhain ná raibh croidhe agam-
sa roimh do leithéid-se de leadhbán bacaigh, seo, 
seo, tar annso, no bíodh ort féin."
Seo chun a chéile iad, acht b'ionann sgéal do 
féin agus do'n chéad fhear do chuaidh leis.  Do 
thréaill fear eile é agus ní raibh a mhalairt de
sgéal aige, agus fear eile arís, agus mar soin 
doibh siar síos go dtí go raibh cách i n-a mhartrán 
mhasluighthe, ag tabhairt a gcod' fola i n-aon chúil 
chnámh amháin gan fear fortaigh a chéile aca.
"Is tréan an fear thu," ars an feirmeoir.
"Do bhíos coímheasach uair," arsa Páidín.
Uain agus tráth cé chasfaidhe chúcha acht preab-
 
aire tuíncéarach agus a mhealbhóg ar faoil-árd 
a dhroma. Ar dteacht do i n-athchomairiocht dóibh 
do chonnaic gach aonnidh mar a bhí agus dubhairt - 
"Cad é an t-éirleach-so ar lámhaibh agaibh, nú 
cé an mac mí-áidh chuir san anchás-so iad-so?"
Do innis an feirmeoir do rún a sgéil ó thúis 
deiriodh.  Thug an tuíncéir aghaidh chómhráidh air 
agus dá infhiuchadh go géar ó shál rínn dubhairt - 
"Cé an diabhal duine se thu?"
"Mise me féin," arsa Páidín, "acht cé so 
thusa?"
"Is cuma dhuit," arsa an tuíncéir, "acht is dóigh 
liom go gcurfead do mhailidhe ar crochadh leat."
   
"Mise is beag bínn ort" arsa Páidín.
Go ghaibh an rapaire tuincéarach an maide 
droighin i n-a láimh agus thug fogha faoi mhala le 
Páidín acht do chuaidh de í aimsiughadh.  Bhí gach 
re mbuille aca araon go raibh buille agus fiche 
buailte ag cách díobh, acht níor liuireadar féin a 
chéile.  An tarna buille ar fhichid do chuir Páidín
a mhaide ag luighe go neamh-chlé i mhala deis 
an tuíncéarach agus leis an mbuille i n-a dhiaidh 
d'imir an cleas céadna ar an mala eile agus 
thug na cheithre croibh anáirde air.
 
"A bhfuil do dhóithin fághaltha fós agat?" 
arsa Páidín.
"Gréidh, gréidh, orú," ars an tuíncéar," agus 
 
ná marbh ar fad mé, ní beag liom díot."
D'éirigh an tuíncéar faoi cheann tamaill an-
mhaith, agus dubhairt le Páidín nár bhuaidh 
aonneach riamh air acht aon duine amháin.
"Is é sin Páidín O Dálaigh," ar seision 
"agus déarfainn gur tusa é acht ná feaca 
riamh i n-a bhacach é."
"Is mé atá ann ámh," arsa Páidín, "agus anois 
ó thugas an aoide-seo ort, seo chúig phúint 
duit do cheannóchaidh do dhóithin stáin duit do
chuirfidh ceol id' chluasaibh fad do bheidh na 
mailidhe-sin agat ag cneasughadh."
Thug na cúig phúint do, agus do ghread air, 
agus do bhí ag cur de go luath léir gur ghlan as 
radharc na háite sin, agus annsan go righin réidh 
ar a shuaimhnios.  Agus an andoirchiocht ann 
do rug sgológ air agus capall agus turcail 
aige.  D'iarr Páidín lift air agus do fuair.  
'Nuair thangadar go tigh áirithe, adubhairt 
sé leis teacht imach as an dtrucail, agus dul 
isteach sa tigh agus go bhfaghadh lóistín na 
hoidhche ó'n té bhí ann.
"Agus an leat féin an tigh?" arsa Páidín.
"Ní liom," ar seision, "acht le fear oibre 
bhíonn agam.  Do thiubhrainn chun mo thighe féin 
thu, acht do bheidheadh miteachas orm roim mo 
mhnaoi, ar eagla go mbeidheadh sí 'sa druim ruaig 
 
orm i n-a thaoibh."
Ná bac leis," arsa Páidín, "ní bheidhead-sa ag 
deunamh aon bhárthain díobh."
Do ghreasáil sé an capall leis agus d'fhág 
Páidín ag baint teineadh chreasa as dorus tighe 
an fhir oibre.  D'osgladh an dorus do agus 
leigiodh isteach é, agus d'iarr sé teacht-síos go 
lá, agus do fuair.  Dubhairt an fear siubhail, 
.i. Páidín, dá mbu mhaith le fear an tighe é go 
raghadh sé féin le n-a chois gruig an sgioból ag 
súisteáil rith an lae, 'sé sin dá mbu aon luigh-
eadughadh gnótha ná lagachar alluis do-san soin. 
Dar ndóigh ní raibh ó'n sclábhuidhe bhocht acht an 
focal.  Is é ghlac an tarraingsint go macnais-
each buidheach.  Do chuadar go dtí an sgioból, agus 
seo Paidín ag bualadh, agus cómh mear agus 
d'fheud an sclábhuidhe punanacha chaitheamh chuige 
bhíodar sgoth-bhuailte agus glan-bhuailte aige.
"Is tu an buailteoir tuighe is luaithe agus is 
léire d'á bhfeaca riamh," ar seision le Páidín.
Do chaitheadar an lá ar an nós san, agus 
ist oidhche chuadar ibhaile, agus má dheaghdar ní 
raibh aonnidh maith ná foghanta le n-ithe rómpa.
"Ní bheidheam 'san aisti-seo," ars Páidín, 
"fad atá airgiod agamsa; seo chúig phúint," 
ar seision leis an sclábhuidhe bhocht, "agus 
ceannuigh lón dúinn; ní ceart dúinn sinn féin 
 
do leogon ar leirg an fhaid atá dlús chaithte 
agus choimeádta againn."
An lá ar n-a bháireach do chuaidh an bheirt arís 
faoi dhéin an sgiobóil agus adubhairt Páidín
leis an sclábhuidhe gan innsint do'n sgológ cé'r 
bh'é féin, agus go dtiubhradh sé dho a bheag nó a 
mhór airgid do thuillfeadh. Ní mór ná fada dóibh 
ag súisteáil 'nuair tháinic an feirmeoir orra, 
agus dob' iongna agus ollsacht leis súisteoir 
mar Pháidín d'fheicsint. "Is mó ab' fhiú é sin," 
ar seision, "ná triúr fear."
"Tabhair pádh triuir fear domhsa agus fanfad 
agat," arsa Páidín.
"Tiubhradh," ars an feirmeoir.
Do chuaidh Páidín ar aimsir chun an fheoirmeora, 
agus thug a phádh do'n sclábhuidhe bhocht.  Do bhí 
aon inghíon amháin ag an bhfeirmeoir, agus ba
han-bhreágh an cailín í.  Níor bh'fhada do Pháidín
san tigh imasa nuair thuit sise i ngrádh leis mar 
do bhí seision cómh deallrathach d'fhear agus do 
shiubhal riamh ar féar ná ar faithche.  Thug sé 
máilín beag di; is ann do bhí a dhá phiostal; 
dubhairt léi é chongbháil go n-iarrfadh sé arís 
airri é, acht air a bás gan é osgailt.  Lá dá 
ndeaghaidh an sgológ chun na sráide, chonnaic sé 
páipéiridhe postálta thall 's abhus i ngach treó 
d'ár chaith catsúl; do léigh.  Is amhlaidh bhí 'ná míle 
 
púnt geallta d'aonneach bhéarfadh sgéal nú 
tuairisg ar Pháidín O Dálaigh, agus do bhí a 
chuma, a chrut, agus a cheartughadh ann síos go 
cruinn.  Nuair tháinic an feirmeoir ibhaile 
d'infhiuch sé Páidín ó sál rínn, acht níor leog 
faic ar domhan air.  Ar leabaidh ist oidhche, chuir 
sé i gcead d'á mhnaoi a mbraithfeadh sé Páidín 
chun an airgiod d'fhagháil.
"Ar do bhás ná déin," ars an bhean, "is seirbh-
íseach maith é, is deacair a leithéid d'fhagháil."
"Tá a fhios agam é sin," ars an feirmeoir 
"ar a shon soin féin is deacaire ná san 
croiceann do chur ar míle púnt."
"Ar soin Dé," ar sise, "agus ná déin a 
leithéid sin; do bheidheadh sé i n-a bhraon-anuas 
ort an dá lá saoghail as do mhairfeá, agus ní 
gheobhadh do chuid chloinne id dhiaidh aon bhárra 
fóghanta go brách."
Acht níor bh'aon bhrigh dhi bheith leis.  Ar maidin 
i mbáireach do ghléas agus go ghaibh a chapall, 
agus do chuaidh go dtí barraic na soighdiuiridh,
agus d'innis go raibh Páidín O Dálaigh go lán 
láidir i n-a thigh féin, agus go dtáinic chun é 
bhreith suas dóibh idir fuith feadh, agus gan aon
milleán do bheith ar féin ó as sin suas.  Nuair 
do bhí inghíon an fheirmeora ag crúth ar maidin, 
súilfheuchaint éigin d'á dtug Páidín do chonnaic 
 
í ag sileadh na ndeor; agus d'imthigh agus do 
chuaidh faoi n-a déin, agus d'fhiarfuigh cad ba bhun 
le n-a cuid goil. "Ní fhuil aonnidh," ar sise.
"Sin é an chéad uair riamh do chonnac bean 
ag gol gan fáth; acht ní mar soin atá," ar 
seision.  "Innis dom an fáth, a chogair, má tá 
aon bhaint aige liom."
Acht níor innis sí pioc do.  Do ghlan sé uaithe 
annsan, agus faoi cheann tamaill tháinig thar 
n-ais arís chúiche agus do cheistigh í go cruaidh. I
ndeiriodh na dála do bhris ar an tocht aici; 
do innis do an feall do bhí 'ghá hathair le himirt 
air, agus do chuir na dromanta dubha chuir Fionn
leis na bárnaighibh gan leogan air le haon-
neach go dtug sí féin aon bhrághadaoil do air, 
le heagla go mbeithtí ar n-a marbhthaibh maola 
léithi dá dheasgaibh.
"Ní gabhadh dhuit aon eagla bheith ort," ar 
seision, "agus dar mo bhriadar, ní leogfad 
mun mo chluasaibh ort, me chur ar mh'iongain.  
Beidh anns inocht go háirithe, nuair bheidh na ba 
crúithte agat beir chúgam mo mhealbhóg."
Do rug.  I dteinnidh an lae tháinig an feirmeoir 
go saothrach, agus níor leog aonnidh air.  Ar 
teacht na hoidhche dubhairt sé le Páidín dul agus
feuchaint i ndiaidh an chapaill.
"Ní raghadh," arsa Páidín, "teirigh féin.  Do-
 
gheobhainn le n-ais bheith nídh b'fheárr 'ná taim 
inocht."
D'imthigh an feirmeoir imach annsan, agus do  
théalluigh Páidín imach le n-a shalaibh, agus do 
chuaidh i n-aice an gheataidh le hais chrainn mhóir,
agus d'fhan ann go ceann tamaill.  Ba ró-gheárr 
do gur ghread sgread sgréachóige siar agus 
aniar thrí n-a innchinn, agus do léim ceithre saigh-
diuir isteach an geatadh.  Bhí na piostail i lámhaibh 
Pháidín agus iad lán.  Ar iontáil thart doghein 
ceithre pleisteanna marbha do na saighdiuraibh.
Seo isteach i dtig an fheirmeora é, seo imach an 
feirmeoir le súil go raibh Páidín ag tabhairt an 
fhásaigh, acht rug Páidín suas ar ghiúlthaoigh air, 
agus d'fhiafruigh de cad é an aoide nó crích ab 
fheárr leis.  Níor labhair sé gíog ar dtúis, 
mar do baineadh as a mheamhair é, acht i gcionn 
tamaill tháinig sé chuige féin, agus seo ag 
truaigínteacht ar Páidín é gan é chur chun báis, 
agus do gheall na huirc agus na heairc do, acht 
níor ghein Páidín acht an solus do sgaoileadh 
thríd.  Tháinic a bhean orra díreach donn agus 
d'iarr air ar son Dé í féin d'fhagaint suas,
agus d'fhág acht adubhairt ar bhiorán bhuidhe go 
ndéanfadh an rud céadna léithi-si, mar dá 
mbeidheadh aon spaing innti ní leogfadh do'n 
diabhal spriúnlóige bhí ceangailt dhi é dhíol mar 
 
ghiúll ar lathairt beag airgid. 'Acht," ar seision, 
"bíodh aige anois, ní bheinn-si ag manaois leis,"
Do chuir Páidín uime a chulaith bacaigh, d'fhág 
a chuid airgid idir fuith feadh ag inghin an fheirm-
eora go dtí aon trí saoil amháin do chongaibh sé
aige féin, agus do sgaoil chun siubhal.  Níor 
bh'fada do ar bóthar 'nuair casadh bocach air.  Do 
bheannuig do agus do bheannuigheadar féin d'á 
chéile.
"Ar soin an Aoin Mhic," ar seision le Páidín, 
"agus tabhairt rud éigin dam- pingin éinig 
airgid.  Táim ag cur alluis díom de cheal seaich 
tobac agus screatal na ngrás ní fhuil agam do 
cheannóchadh blas de.  Thug Páidín raol do, agus 
do sgaradar araon le n-a chéile.  Ba dian-
gheárr ámh gur bhuail bacach eile uime, dubhairt 
go raibh a bholg ceangailte do chnámh a dhroma 
le gortadh agus le gábhatar.  "Ní fhuil faic ar 
domhan agam, agus an oiread agus do chuirfeadh 
fearg ae do shúil ní bhfaghainn ó aonneach
annso.  Táim seighte glan imach!"
"Ní fhuil agam féin," arsa Páidín leis "acht 
scillinn, agus tiubhrad a leath soin duit-se."  
Agus do thug, agus do bhog sé an bóthar arís, 
agus do casadh bocach eile air, agus dubhairt 
go raibh sé ag dul as a chroiceann le híotain, 
agus go raibh a ionathar agus a raibh uile istigh 
 
ann chomh tirm tur san go raibh eagla air gur 
geárr go raghdaois thrí theinidh.
D'imthigheadar araon ó chéile, annsan, gach 
n-aon aca ar a raon féin; ba gheárr an scríb 
do shiubhal Páidín 'nuair casadh duine uasal an-
bhréagh thar bárr air, agus do labhair chun Páidín, 
agus adubhairt le Páidín gur b'é féin ár 
Slánuightheoir, agus gur bh'é bhuail leis na trí 
huaire, gach aon uair i bhfoirb bacaigh.  "Anois," 
ar seision, "ó bhís cómh fairsiog liom, "tiubh-
rad duit aon trí athchuinge is maith leat, acht ar 
dtúis," ar seision le Páidín "cuimhnimh ar a 
bhfuil déanta as an tslighe agat, agus ar do 
bhás ná dearmhad t'anam, an cheud athchuinge 
anois."
"Mo phócaidhe bheith lán d'airgiod gach aon 
uair do chuirfead mo lámha ionta," arsa Páidín.  
"A Pháidín," arsa ár Slanuightheoir, "níor 
chuimhnighis ar t'anam, acht anois atá súil agam 
go mbeir níos mó i n-a saothar an athuair.  An 
tarna athchuinge anois - acht ar do bhás, cuimhnigh ar t'anam."
"Cuimhneóchadh," arsa Páidín, "an tarna ath-
chuinge iarraim ort - gan aonnídh théidheas isteach 
im mhála theacht amach as gan mo chead."
"Faire! a Pháidín," arsa ár Slánuightheoir, 
"níor chuimhníghis ar t'anam bocht, acht ar do 
 
bhás, Ó! a Pháidín, ar do bhás, cuimhnigh ar
t'anam anois nú riamh, nú beidh i n-a shéala ort."
   
"Cuimhneochad go deimhin," arsa Páidín, "an 
triomhadh athchuinge - buaidh imiortha i ngach cleas."
"Ó mo náire é, a Pháidín," arsa ár Slánuigh-
theoir, "me díoltha leatm go brách arís."
"Faire! faire! a Shlánuightheoir, ná habair 
sin," arsa Páidín, "atáim óg láidir fós, agus 
tá breith leighis ar mh'anam - cuimhneochadh air 
n-a dhiaidh-so 'ar mo bhás,' mar adubhraois féin, 
a Shlánuightheoir."
D'imthigh ár Slánuightheoir air annsan, agus 
d'fhág Páidín mar a bhí. Do ghluais Páidín air 
aileis, acht ba gheárr do ghluais ámh, gur bhuail
fear mór leis, agus culaith bhreágh uime ná raibh 
smúit ná smáit i n-a chodladh innte.  Do labhair 
chuige, agus do labhair seision leis agus 
adubhairt - 
"Nach tu Páidín O Dálaigh?"
"Is mé díreach," arsa Páidín, "acht cé thu 
féin ámh?"
"Mise an Fear Mór!" ar seision.
"Seadh go díreach," arsa Páidín, "ní mór 
duit."
"Táim ag teacht chun thusa thabhairt liom," 
arsa an diabhal, "mar is liom thu anois ó taoi 
díoltha le Dia."
 
"Thangaois an eadh?" arsa Páidín, "acht ní 
raghad-sa led' chois ámh. B'shaith liom san, go 
bhfaghad bás ar dtús go háirithe!"
"Imasa mhaise caithfir," arsa an Fear Mór, 
"cuirfead-sa d'fhiachaint ort é; d'fheudfainn-
se aonnidh is maith liom do dheánamh."
"Ní fheudfá, is dóigh," arsa Páidín.
"D'fheudfainn go deimhin" ars an Fear Mór.
"A ndéanfá siubhal ar do dhá láimh?" arsa 
Páidín.
"Dóghéanfainn i nóimiot," ar seision, dh'a 
chaitheamh féin ar a dhá dheárnain, agus seo ag 
siubhal é gan mhairg."
Orú a amadáin," arsa Páidín, "ná feudfainn 
féin san do dhéanamh; acht a raghthá thrí chró na 
snáthaide-sin?" ar seision.
"Do raghainn," ars an Fear Mór. "agus do 
thiocfainn thar n-ais comh maith céadna."  Agus do 
chuaidh agus tháinic thar n-ais arís iompáil na 
baise.
"Is diabhaltha an fear thu," arsa Páidín, "do 
bhuaidhis ar a bhfeaca riamh; acht cogar, a raghthá 
isteach im mhála go fóil?"
"Is me raghaidh," ars an Fear Mór, "agus 
tiocfad imach as arís go mear."
"Ní raghthá is doigh," arsa Páidín.
"Ní raghainn imás!" ars an Fear Mór, ag 
rádh le Páidín béal a mhála d'osgailt do, 
 
agus d'osgail agus do léim isteach ann i n-a 
streille-bheathaidh, acht má chuaidh is ar Pháidín 
ba ghiorra mhoíll dúnadh air agus ní leogfadh 
imach é.
"Seadh! seadh!" arsa Páidín leis an bhFear 
Mór, "do bhí lán mór fút le fada, acht atá 
beortha ort i ndeiriodh na dála, mo bhuachaill, 
agus geallaim-se dhuit go n-agaróchad-sa mo 
dhioghalthas ort sula gheóbhair cead do chos arís."
Do chaith sé a mhála ar a dhrom, agus níor stad 
go dtáinic go ceárdchainn, agus do chuaidh isteach, 
agus d'fhiarfhuigh do na goibhnibh a léasuidís an 
mála agus a raibh ann, agus go ndíolfadh sé iad 
go dian-mhaith as a saothar.  Do leig sé de a 
mhála agus do chuir a lámha i n-a phócaidhibh agus 
do bhí ag strealladh airgid ar an úrlár chúcha go 
raibh sé tuirseach tnáithte.  Seo iad-san leaithte 
anuas air i nóimiot, acht dubhairt seision leo i 
ndomhnach congbháil glan de go dtuillfidís é.  
Dar ndóigh beirid ar a n-órdaibh agus ar a 
gceapórdaibh go mear agus tosnuighidh ag liuradh 
agus ag leadhbhadh an mhála go raibh allus ag 
tuitim leó anuas ar an dtalamh.
"Atá a dhóithin fághaltha feasta aige," ars an 
árdghobha, "dá mb'é an Fear Mór féin do 
bheidheadh ann!"
"Agus a bhfuil a fhios agaibh i n-aon chor gur 
 
b'é, a greinn?" arsa Páidín.
"Ní fhuil orú," ar siad san.
'Sé go deimhin," arsa Páidín.  Agus do ruga-
dar ar a n-órdaibh agus ar a gceapórdaibh arís, 
agus thugadar tamall eile d'á léasadh go raibh 
sé ag buirfheach agus ag béicigh mar leanbh lom-
nochtuighthe go mbeidhfidhe as a riastáil le slait.
"Seadh, bailigh an t-airgiod anois," arsa 
Páidín, "ní beag dhíobh de," agus do chaith an 
mála agus a raibh ann ar a dhrom, agus thug a 
bhóthar air go dtáinic go muilionn reamhruighthe.
"A reamhróchtha an mála-so agus a bhfuil 
ann?" arsa Páidín leis an muilneoir.
"A bhfuileann tú as do mheabhair, orú?" ars 
an muilneoir," nú cad é an diabhal atá ort?"
"Ní fhuilim as aon mheabhair," arsa Páidín, 
"de rogha agam diabhal do bheith orm nú dhíom.  
Díolfad-sa thu go dian-áluinn as do shaothar,'
ag caitheamh a mhála ar an úrlár, agus ag cur 
a dhá láimh i n-a phócaidhibh, agus ag breacadh an 
talaimh muardtímchioll air, i n-iontáil na baise 
le píosaidhib óir.  Do chrom an muilneoir air 
láithreach, agus do bhí ag piocadh ar lán a dhíchill, 
mar is dócha gur fada roimhe sin do chonnaic sé 
an oiread, má chonnaic riamh.
   
"Fan go fóil," arsa Páidín, "go mbeidh mo 
mhála agus a bhfuil ann reamhruighthe agat."
 
Is ar an muilneoir ba ghiorra an mála chur 
'dir na blocaibh, agus do sgaoil leis an muilionn 
ar siubhal annsan. Plub plab anonn 'sanall 
ag an mála agus a raibh ann go raibh sé ana-
thamall ag a reamhrughadh.  Annsan do thóg an 
muilneoir imach é, agus do chaith an mála ar an 
dtalamh, a' rádh.  "Tá sé reamhruighthe a dhóithin, 
dá mb'é an diabhal féin do bheidheadh ann."
"Orú, a ghreinn, agus a bhfuil a fhios agat i 
n-aonchor gur b'é?"
"A gcreidfead thu?" ars an muilneoir.
"Creid nú ná creid," ar seision, "acht 
adeirim-se leat gur b'é an seanbhuachaill
céadna atá ann.
  
"Mhuise," ar seision, "ó rug sé orm do shólás 
shaoghail an rógaire bheith faoi mo smacht agam, 
cuirfead isteach arís é, agus tiubhrad greas
eile reamhruighthe dho uaim féin - ní fhéidir go 
bhfuil aon bhruid ort!"
"A dhuine na n-árann," arsa Páidín, "an 
diabhal bruid orm-sa - agair do dhíoghalthus air 
'n fhaid so bheith sé agat."
   
Do chuir sé a dhá oiread uisge le roth an 
mhuilinn agus do bhí an chéad uair, ar shlighe nár 
bh'aonnidh a bhfuair sé ar dtús i gcómhnáird do'n 
tarna huair.  Do chaith Páidín a mhála ar a 
dhrom arís, 'nuair do chuaidh sé tamall 
 
do'n tslighe d'fhiafruigh do'n Fhear Mór a raibh 
sé cortha de fós?
"Is me atá," ar seision.
"Seadh, is maith liom san do chlos," ars an 
fear eile, "sin mar is mó leanfad díot ámh, go 
mbainfead cuid do'n teasbach díot."
Do chuaidh Páidín go tig i n-a raibh an t-éacht de 
ghréasuithibh. "Caith bhur gcip uaibh agus faigh 
bhur meannaithídhe go bhfuaithfidh sibh an mála-so 
dhom," arsa Páidín.  D'fheuchadar suas air, agus 
dogheiniodar gáirídh agus magadh go leór faoi 
féin agus faoi n-a mhála.
"Cad é an galar míoráin-sin sa' cheann 
agat?" ar siad san, "nár chirtisí go mór duit 
na leadbhacha-san ar do chosaibh do dheisiughadh. 
Feuchuid, a cháirde, atá a órdóga ag briseadh 
imach thríotha."  Acht do chaith seision a mhála d'á 
dhrom, do chuir a lámha i n-a phócaidhibh, agus seo
ag strealladh airgid é, gur las súile na 
ngréasuithe le sgiumhadh croidhe chuige, agus is 
dócha go léimfidís d'á bhailiughadh, acht ní leog-
fadh an sgamhramh dóibh é; ní acht go raibh 
sgamhramh go leór aca chun an airgid, nidh nach 
locht orra.  Dá mbeinn féin ann doghéanfainn 
fear i n-a measg.
B'fhéidir anois," arsa Páidín, "go bhfuaith-
feadh sibh mo mhála 'nuair chuaidh balaithe 'n airgid 
 
faoi n'úr srónaibh.
"Orú," ar siad san, "an amhlaidh measann tú 
a rádh go bhfagham an t-airgiod - agus dar ndóigh 
ní airgiod é féin acht ór breágh buidhe - acht 
'mhian do mhála d'fhuath dhuit?"
"Cad eile, a dhuine?" arsa Páidín.
"A laoigh faid a n-uruchair chaitheadar a gcip; 
seo cuid aca ag cuardach do mheannuithíbh, cuid 
aca do shnáth, cuid aca do chéir agus do ghuair-
eachaibh, agus an chuid eile ag fuath go mear 
daingion le dúthracht, ar chuma nár fhágadar 
guaire gan úsáid, blúire céireach gan ídeach, 
croidheachán snátha gan caitheamh, ná tuínte gan 
a chur i bhfeidhm fuaithte, agus i dtaoibh na mean-
nuithe níor fhágadh ceann beag ná mór faoi 
dhíon tighe gan briseadh agus a bhfágaint i n-a 
gcodladh san mála agus a raibh ann.
Ní fheudfaidís a thuille dhéanamh annsan.  Rug 
an t-árd-ghréasuidhe ar an mála, agus do chaith 
faoi dhéin Pháidín é, ag radh, "Is dóigh liom-sa 
go bhfuil sé fuaithte go leór, dá mb'é an mac 
mallachtan féin do bheidheadh ann."
"Agus nach é aileis, orú?" arsa Páidín.
"Dáríríbh?" ar seision.
"Dáiríribh cruinn," ars an fear eile.
"Ar t'fhocal?" ar seision.
  
"Ar mh'fhocal go deimhin," ars an fear eile.
 
 
"Ar t'anam?" ar seision.
"Ar mh'anam agus ar mo chorp," ars an fear 
eile.
"Ar soin Dé?" ar seision.
"Ar soin Dé agus Mhuire agus ar a bhfuil 
thíos agus anáirde; agus ná bíodh a thuille 
ann anois," arsa Páidín.
"Orú," ar seision, "nach truagh mar atáim 
rithte imach as gach aon nidh; mura bheidheadh san, 
ní bheidheadh deiriodh agam-sa leis go fóil.  Atá
daod agus dímhéid agam chuige le fada ó chuir 
sé i gceann mó mhná téallughadh léi lá agus 
imtheacht i n-ainm an diabhail di, i bhfochair fhir
eile; acht is dócha thar éis an méid do fuair sé 
i gcaitheamh an lae indiumh ná beidh sé comh 
siubhlóideach callphléathach agus do bhí le fada.
Ní fheadar an tagtha as do, ó'n dtuireann-so a 
thuille?  Acht tiocfaidh dar ndóigh, mar atá 
an diabhal déanta air le righineas.  A Mhuire, 
dá bhfeudfaidhe é thachtadh istigh 'sa' mhála, nár 
bhreágh an saoghal do bheidheadh againn annsan; 
'sé an buachaill - agus milleadh agus míle
milleadh féin air i dteannta a bhfuil fághaltha 
aige - 'sé an buachaill seo tá ag déanamh 
builcín ainglis do'n domhan."
"Ní fheadar mhaise, cé heile," arsa Páidín.
Do chaith sé a mhála ar a dhrom, agus doleog
 
dos na gréasuithibh bheith ag bailiughadh an airgid, 
agus bheith ag dul ar scórnaigh a chéile mar
ghiúll air. Do labhair chun an fhir do bhí ar a mhuin 
dá uair, agus d'fhiarfhuigh cionnus do bhíothars 
aige, acht ní fuair aon freagra. "Labhair," ar 
seision, "mura bhfuileann tú marbh imuigh 
's amach." Do labhair agus adubhairt, "Is geárr 
uaim." "Gur ab giorra ná san é," arsa Páidín.
Do bhí an Fear Mór ag truaigínteacht air 
é leogan imach, acht níor chuimhnimh ar a leithéid 
do dhéanamh go n-oirfeadh dho féin.  Do chuaidh
Páidín go barra cnuic do bhí an-árd lán de 
splínceacaibh geura garbha, agus do leog a 
mhála agus a raibh ann síos le fanaidh.  Bhí gach 
aon bhuille i gcoinnibh na gcloch agus na gcar-
raigeach aige, agus ni túisge bhíodh sé sgartha 
le ceann aca ná bhíodh sé buailte i gcoinnibh chínn
eile faoi fuinneamh, céad uair níos mó, agus 
do bhí ar an gcuma san go dtáinic go dtí an 
bun.  Annsan ní raibh aon chuma i n-aon chor air, 
do bhí sé an oiread san scríobtha screaibhte, 
agus an diabhal cnámh ann ná raibh comh briste 
brúighte comh tabhartha-san d'á chéile ná raibh faic
deifiríochta idir feoil agus cnámh ann, acht é 
istigh i n-aon sgeaithre frog amháin.
"Seadh," arsa Paíidín, ag teacht anuas do'n 
chnoc, agus ag dul faoi n-a dhéin, "ciannos 
 
táthars agat?" acht ní raibh gíog as-san. Do 
cheistigh sé an athuair é, acht níor labhair focal.  
"Seadh!" ar seision, "mura labhrair chugam-
sa, mo bhuachaill maith, míneóchad-sa a thuille tu, 
sula sgarfad leat."  "A Pháidín, a Pháidín," 
ar seision, "sgaoil ar siubhal mé."  "Leogfad," 
arsa Páidín, "mar táim tuirseach teínn ó bheith 
ag gabháil díot, acht caithfir geallamhain do 
thabhairt dom ná tiocfair taobh liom go deó 
arís." "Geallaim-se duit," arsa an Fhear Mór, 
"dá bhfaghainn me féin glan díot aon uair 
amháin go gcoimeádfainn faid géime na bó uait 
a thuille, mar do leithéid d'áidhbheirseoir ní'l san 
aer thuas ná i n-Ifrionn thíos." D'osgail Páidín 
a mhála.  "Imach leat," ar seision, agus ní gabhadh 
dhom a rádh gur air nár thóg i bhfad glanadh as 
a radharc; níor bhac le feuchaint thar a chúlaibh 
acht comh beag.
I gcaitheamh na haimsire chaith mo Pháidín bás 
d'fhagháil, agus d'imthigh agus do chuaidh go flaith-
eamhnas, agus do bhuail ag an ndorus; tháinic
an geatóir imach agus d'fhiarfhuig cé'r bh'é sin.  
Dubhairt seision gur rith sé leis gur b'é féin do 
bhí ann.
"Agus cad atá uait?" ar seision.
"An fear go rabhas ag caint fad ó leis," ar 
Páidín.
 
"Agus cá fios dómhsa cé féin?" ar seision, 
"nú nár thugais a chomharthaidhe níos feárr dom?"
"Agus nach cuma dhuit orú?" arsa Páidín, 
"acht gread ort, agus abair go bhfuilim-se ag 
feithiomh annso leis."  Do dhún sé an dorus, agus 
má ghein ba gheárr gur osgladh arís, agus tháinic 
ár Slánaightheoir imach.
"Nach tú Páidín O Dálaigh?" ar seision.
"Smot de," arsa Páidín.
  
"Cá bhfuil an smot eile?" ar seision.
"Cá mbeidheadh sé acht 'sa bhaile im dhiaidh," 
arsa Páidín.
"Cad atá ag teastabháil bhuait?" ar seision.
  
"Me leogan isteach," arsa Páidín.
"Cá ionad isteach?" ar seision.
"Go flaitheamhnas orú!" arsa Páidín.
"Is soth liom go bhfuileann tú díoltha bhuaim, 
imthigh ort go hifrionn anois," agus d'imthigh.  
'Nuair chonnaic an Fear Mór ag teacht é, d'ór-
duigh na dóirse go léir do dhúnadh agus do dhaing-
niughadh, agus gan poll 'ná porrán d'fhágaint 
ar osgailt, ar eagla thrí aon mhí-ádh go seolfaidhe
chúcha isteach é, "Mar," ar seision, "dá aoirde de 
dhiabhal mise, ní fiú faic me i gcomhnáird do súd."  
Do bhuail Páidín ag an ndorus le na línn sin, 
acht má bhuail ba bheag an bhrigh do san; ní leog-
faidís orra amháin go gcualadar é.  "Comhfhaid 
 
an t-slighe ag dul agus ag teacht," arsa Páidín,
ag imtheacht air arís, agus níor lag cos ná lámh 
go dtáinic go geata na bhflaitheas. Do bhuail 
buille; bhí an dorus iadhta, agus ba gheárr gur 
osgladh.
"Cad do thug arís thu?" ars an geatóir.
"Cad do thiubhradh me," arsa Páidín, "acht mo 
chosa."
"Agus cad tá bhuait máseadh?" ar seision.
"An fear le n-a rabhas ag caint cheana," ars 
an fear eile.
"Tá a fhios go maith agam anois cé theas-
tuigheann bhuait," ars an geatóir.
"Seadh, má tá," arsa Páidín, "teirigh chuige, 
agus abair go bhfuilim-se annso arís."
"Agus ca fios domhsa cé thu féin, a dhuine," ar 
seision.
"Nach cuma duit 'sa diabhal," arsa Páidín, 
"acht déin rud orm."  Agus imbasa féin do ghein; 
d'iaidh an dorus i n-a dhiaidh agus ba dhian-geárr
gur osgladh é arís, agus tháinic ár Slánuightheoir 
imach.
"Orú," ar seision, "nach tu san; cad atá 
bhuait?"
"Shíleas," arsa Páidín, "go gcuala agus me 
im bheathaidh - 'sé thugas im chluasaibh liom, 
pé ar domhan é - go mbíodh ifrionn ar osgailt i 
gcómhnuidhe."
 
"Bíonn aileis orú," arsa ár Slánuightheoir. 
"Mhaise, go deimhin féin, ní id' shárughadh-sa 
é, ní mar sin do bhí sé an uair do ghabhas-sa an 
bóthar," arsa Páidín, "acht dúnta go daingion;
agus ní bhfaghainn dul isteach; dar ndóigh níor 
bhfeárr liom-sa sgéul de, 'ná bheith imuigh as, an 
fhaid as fheudfad, ar deirtios ná fuilthios ró-
mhaith ag an gcuid is feárr aca annsúd."
"Raghad féin," ars ár Slánuightheoir," i n-éin-
fheacht leat anois, agus go deimhin caithfear thu 
leogaint isteach, de chois nú d'each;" agus do 
chuaidh; agus dá mb'át a rádh gur b'éigion 
osgailt do annsan.  Nuair chuaidh sé isteach do 
theich gach aon diabhal agus deamhan d'á raibh ann
roimis, agus do bhídís ag briseadh a gcos d'fheuch-
aint cia'ca ba shia ó Pháidín bheidheadh, agus ar an 
tsaoghalacht ní thiocfaidís i n-a ghoire. Nuair bhí 
sé tuirseach do bheith i n-a aonar do chuaidh sé go 
dtí an Fear Mór agus adubhairt leis gur ghein-
eadar féin mórán as an tslighidh ar a chéile riamh, 
agus gur chóir dóibh a chaitheamh as a gceann fad ó.
"Faghaim blas ar do chaint," ars an Fear 
Mór; " a mbeidheadh tamall ar cártaidhibh agat?" 
ar seision.
"Ní feárr liom rud eile," arsa Páidín, "acht 
cad é an margadh bheidheas eadrainn?"
"Fan go mbeidh deiriodh imiortha againn," ars 
 
an Fear Mór, "annsan iarradh an té is mó 
cluichidh bheith aon nidh is toil leis ar an bhfear 
eile agus caithfear a thabhairt do; a bhfuilir 
sásta?" ar seision.  "Táim," arsa Páidín.
Do thosnuigheadar ar imirt annsan, agus níor 
stadadar lá ná oidhche go raibh seacht lá na 
seachtmhuine caithte aca ar an nós-san, agus do 
rug Páidín gach aon chluiche, mar do bhí buaidh 
imiortha i ngeach cleas aige. "Cad d'iarrfair?" 
ars an Fear Mór, ag crith i n-a chroiceann, le 
Páidín. 'Sé an fáth gur ghein sé an margadh ar 
dtúis mar shíl sé gur aige féin do bheidheadh gach 
cluiche.
"Gach aon duine riamh," arsa Páidín, "atá i 
n-Ifrionn do sgaoileadh imach, acht mháin an té 
thóg an bhreab thar mo cheann-sa agus má tá aon 
áit níos measa 'ná an ball i n-a bhfuil seision,
cuir ann é, agus sin go tapaidh leis."
Imach leo go léir i n-a ndraodamaibh, agus 
Páidín ar a bhog stróc i n-a ndiaidh, agus níor 
stadadar go ndeaghadar go flaitheamhnas agus 
do ghlaoidh ár Slánuightheoir eision isteach comh 
maith le cách.  An uair dhéidhionach do chonnac-sa 
é, bhí sé taoibh-istigh do dhorus flaitheamhnuis, agus
inghíon an fheirmeora pósta aige, agus iad araon 
ar a dtoil.  Ní fuaras-sa d'á mbárr go léir, pé 
sgéal é, acht bróga páipéir agus gáirtéiridhe
bainne ruimhir.
 
Rí na mBréag.
 
Do bhí baintreabhach ann, agus do bhí mór-
sheisior mac aici.  Bhí an cead mac comh ísiol 
san ná feudfadh capall Lá Márta breith ar 
mhullach a chod' gruaige, agus bheith ag inbhír 
'san pháirc is loime d'á bhfeacaidh súil riamh; an 
tarna mac i n-ionannas leis an bhféar; an 
tríomhadh mac comh beag san ná raibh sé d'aoirde ann 
tar-ghad úghaime asailín a mháthar do dhúnadh 
gan suidhistín do chur faoi n-a chosaibh féin; an 
ceathramhadh mac mar aon fhear; an cúigeadh mac 
comh árd leis an rae; an ré-amhadh mac comh mór 
san nár leomhaidh riamh caipín do chaitheamh sula 
pléasgadh sé an spéir, agus an seachtmhadh mac 
níor sheasaimh riamh acht ag lamhacán i gcomh-
nuidhe, agus árd a thóna ag cuimilt leis an 
spéir.
Do bhí rí 'san Domhan Toir, agus do bhí aon 
inghíon amháin aige, an bhean ba bhreághtha d'fheuch 
ar aer 'ná ar thalamh.  Do bhí sé féin ag tuitim
chun aoise, agus do gheall go dtiubhradh a inghíon 
i gcleamhnas do'n chéad fhear do chuirfeadh d'iaf-
acht air "Thugais d'éitheach," nú "Thugais do chéad 
éitheach" do rádh.  'Sé an ainm do bhíodh ag lucht 
magaidh air acht Rí na mBréag, i dtaoibh ná 
 
raibh sé do ghliocas ann an oiread as aon bhréag 
amháin d'innsint riamh.
Do chuaidh mac na baintreáibhche chuige agus 
d'innis do cad thug é. An chéad lá thug an rí 
imach leis é, agus do thaisbeán a chuid ba dho.
"Cuirfidh mé geall," ar seision, "ná facaois an 
oiread-sa ba i bhfocair a chéile riamh."   "Ní 
fhaca imás," ar san fear eile.  "Ca'n a thaobh ná
feicfinn orú," ar seision, "Tá an oiread-san ba 
gom mháthair im dhiaidh-se 'sa bhaile, go gcuir-
eann an bhláthach do bhíonn againn thar éis na 
cuiginne dhéanamh seacht gcéad muilionn ar 
siubhal."  Níor chuir an rí huf ná haf as acht
éistiocht leis ar a shuaimhnios.
An tarna lá, thug an rí ag feuchaint ar a 
chuid chruiceóg é.  "Cuirfead geall leat, indiumh 
go háirithe,," ar seision, "nár leogais do shúil 
riamh ar an oiread-sa cruiceóg."  "Orú," ars 
an fear eile, "is geárr go raghaidís ar a bhfuil 
'sa bhaile gom mháthair díobh."  "Acht má's eadh 
féin," ars an rí, "ní bhíonn an oiread toraidh ar 
sathaibh do mháthar agus do bhíonn ar mo chuid-se."  
"Orú, a dhuine," ar seision, "dún suas do bhéal 
dom, agus inneosad-sa duit ná fuil id' chaint 
acht bolgan-béic.  Is mise bhíonn ag tabhairt aire 
do chruiceógaibh mo mháthar; agus atá seacht 
gcéad míle cruiceóg aici.  Caithim na beacha go 
 
léir do chomhairiomh, ar dtúis ar maidin, ar eagla 
go bhfanfadh aon bheach aca istigh rith an lae thrí 
leisge agus leiceacht, agus ist oidhche arís le 
heagla go bhfanfadh aon cheann aca imuigh uainn.
Tráthnóna, bhíos beach geárr; mar as go raibh an 
chuid eile suidhte sochair ar a suaimhnios, istigh 
i n-a gcruiceógaibh d'imthigheas sa' chuaird. Do 
bhaineas imach an cnoc agus do bhuail gearrán 
liom, do lámhuighios é agus do phreabas ar a 
mhuin, agus do bhíos ag cur díom go dtánag chun
coille.  Istigh i gcrann mhór do bhí mo bheach go 
breágh ar a socairiocht di féin; do ghearras cuid 
do chaillitínidhibh na coille agus dogheinios dá
chiseán; do chaitheas mo dhá chiseán trasna an 
ghearráin agus do líonas suas go barraibh na 
sáithte iad lem' mhil - soláthar aon lae amháin.
Bheirios ar an mbeach agus do leogas anuas 
ar dhrom an ghearráin í 'dir an dhá chiseán.  Le 
hiomarca ualaigh do bhris cnámh-droma an ghear-
ráin. Rugas ar maide mór daraighe, sháthas 
isteach i n-a bhéal é, agus thríd siar imach, agus 
annsan thiománas ibhaile é féin agus a raibh air."
Níor labhair an rí gíog acht éisteacht leis i 
gcomhnuidhe, cé gur dheacair leis sin.
 
An tríomhadh lá chuadar araon arís ag 
feuchaint ar phónaire an rígh. "Nách breágh árd 
an pónaire é sin?" ars an rí.  'Seadh, árd," 
 
ars an fear eile, "mar ná facaois pónaire mo 
mháthar. Fásann gach aon léas de anáirde 'san 
aer, agus as san go dtí an spéir. Nach suas thrí 
ghéagán chínn aca do théidhim-se gach aon mhaidion
Domhnaigh ag éisteacht aifrinn ins na flaitheas-
aibh!  Domhnach d'á rabhas thuas, d'eirigh sé chun 
gaoithe agus gála, agus threasgarthar gach aon 
léas riamh acaa.  Thógas féin mo lóistín mar a 
raibh agam an oidhche-sin.  Um maidin an lae ar 
n-a bháireach do chuireas rómham triall ibhaile.  
Do casadh triúr ban orm ag cáthadh choirce i 
dtáirsigh dhoruis do na flaithis. "A dtiubhradh 
sibh adhbhar súgáin dom?" arsa mise.  "Tiubhram 
orú," ar siad-san, agus thugadar.  Chasas mo 
shúgán, chrochas leis an spéir é, agus leogas 
anuas mé féinig leis.  Bhí go maith go dtána 
i n-athchomairiocht do'n bhun, as ar imthigh pé luid 
bheag chasta bhí ann; 'nuair thánag go dtí san 
bhris sé agus seo anuas liom ar bhior mo chínn.  
Díreach agus mé treó trí slat ó'n dtalamh do 
léim mada-ruadh suas im' choinnibh agus do sgiob 
an ceann díom do'n sgiob sin.  Do ritheas i n-a 
dhiaidh, rugas ar earball air agus do bhíos ag 
gabháil air go dtugas seacht gcéad cic do; i
ndiaidh gach aon chic do leog sé seacht gcéad 
breim, agus gach aon bhreim aca san seacht gcéad 
uair níos mó d'fhear 'ná bhis-se do rígh riamh!"
 
"Thugais do chéad éitheach," ars an rí, "agus 
ní do chéad éitheach thugais, acht na mílte marbhtha 
aca."
"Tar slán!  Tar slán!" arsa mac na bain-
treáibhche, "tá t'inghíon agam anois."
"Tá," ar seision, "agus nár fhághad 'úr 
dtairbhe araon, agus nár leogaidh Dia d'á chéile 
sibh i bhfad!"
Do pósadh iad, agus ní doigh liom go bhfuair 
an sean-duine a ghuidhe orra, mar do mhaireadar 
ag a chéile go rabhadar comh liath le luich.
OILEÁN NA gCÚIG mBEANN.
Do bhí rí agus do cailleadh a bhean. Do phós sé 
arís i gcionn sgathaimh, agus má phós ní raibh breis 
áthais air i dtaoibh a ghnótha, mar d'iontuigh a 
bhean imach go holc, agus do bhí i n-a droichcheann 
dá leaschloínn - mac agus inghíon.  Do chuireadar 
suas léi i bhfad, acht i ndeiriodh na dála chaith an 
rí iad do chur ar deílt uaithi.  Bhí oileáinín 
deas tamall maith ó n-a chaisleán, agus ann do-
ghein sé dhóibh araon cúirt áluinn aolda, gan 
bun cleite imach ná bárr cleite isteach buailte
le slataibh bruin, a táirseach de sgeanaibh 
 
beárrtha agus fárdorus do snáthadaibh cruaidhe:  
cleite péacóige ag tabhairt an tsoluis is 
breághtha do'n chúirt go léir. Annsan do chuir 
sé a bheirt chloinne isteach ann chun comhnuidhthe, 
agus d'fhógair fada agus geárr ar fuaid a 
righeacht gan aon domhan duine do dhul chúcha, 
nó dá dtéidheadh go mbeadh a shéala air.  Do 
snámh buachaill imach faoi dhéin an oileáin, agus 
do fuair an t-éalag ar an gcailín, ar slighe gur 
gheárr go raibh sí ag dul i mbreis.  'Nuair tháinig 
an t-am rug sí - préacháinín!  Go ceann lae agus 
lán-bhliadhna níor chorruigh sé imach, acht ar a shon 
san agus uile bhí ag teacht ann. Lá do chroith sé 
a sgiatháin, agus thug an dorus imach air. "Cá 
raghair anois?" ars a mháthair leis.  "Go dtí an 
Túirín Tuathaidh", ar seision, "ag feuchaint cion-
us atáthars god' leas-mháthar. "Fan sa' bhaile 
orú a mhío-fhortúin," ars a mháthair leis an
bpréacháinín, "agus ná bíodh aon bac agat léi-
sin.  Ní beag linn a bhfeacamair di cheana gan 
tusa bheith ag griobairt airri arís."  Acht níor 
leig an préacháinín air go gcualaidh sé í, ag
eirighe 'san aer agus imtheacht air chomh mear i 
n-Éirinn agus d'fheud sé, agus níor stad go 
dtáinic go ruig an Túirín Tuathaidh, agus do 
thúirling ar chrann leastmuigh do'n dorus.  
D'airigh an tsean-bhean é, agus do tháinic ar an 
 
dtáirsigh agus adubhairt - 
"Cad as duit a phréachainín?" ar sise; nó 
bhí a fhios aici comh maith agus do bhí aige féin.
Ó Oileán na gCúig mBeann," ars an préach-
áinín, "mar a bhfuil Fiadh mar a bhfuil Fiolar, 
inghíon an righ agus mac an righ, agus iad go 
léir go lán láidir."
"Orú, a phréacháinín, a gcreidthead thu?" ars 
an tseanbhean.
"Creid nú ná creid," ars an préacháinín, "acht 
táim-se ag ínnsint na fírinne duit."
"Seadh más's eadh," ar sise, "cuirim-se de cheist 
agus de bhreith agus de mhór-ualach ar mhac an 
righ gan an tarna béile d'ithe as aon bhord, gan 
an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, ná an 
tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go bhfagaidh 
sé domhsa laogh na bó béildeirge."  D'imthigh an
préacháinín leis annsan, 'nuair chualaidh sé an 
chaint-seo, agus áthas a chroidhe air mar shí sé 
gur b'é an sgéal ba bhreághtha ar domhan do bhí
aige.  Nuair chuaidh sé ibhaile, d'fhiarfhuigh a mháthair 
de a raibh aon thuairisg aige do bhárr an lae, 
agus dubhairt seision go mustarach go raibh,
agus nár sgéal beag leis é, agu d'innis dóibh 
araon focal ar fhocal do réir mar a bhí agus 
mar a dhubhras leis.  Rug a mháthair air, agus do 
bhí ag gabháil air mi an úrlár, go raibh fuil ag 
 
sileadh i n-a braonaibh as, pé beag mór di bhí ann, 
agus is deallrathach ná raibh aon an-reise ar 
fad di ann. Acht pé scéal é, do rug a mháthair 
ar an bpréacháinin arís, agus dubhairt leis, "O! 
orú, milleadh ort agus maidhm mharbh ort, cad 
aige nár gheinis rud orm?" agus do chaith suas 
ar an lochta é.
Ar maidin, an lá ar n-a bháireach, d'eirigh mac 
an righ, do nigh a aghaidh agus a lámha, d'fheuch soir 
ó dheas, agus d'iarr trócaire agus cabhair ar
Dhia, nú mar ar iarr do leog do.  Do ghléas sé 
air a léine shíoda shíthplis shliosach chúinneach 
choiléarach íochtarach uachtarach bhéicleach bhean-
nachtach, faoi chnapaíbh na hÓróipe, d'á hiadhadh 
agus d'á hosgailt, faoi chúba agus faoi sgreata 
gaisgidhigh; a bhróga tíorma teó do leathair na 
hogbó ná rug gamhain agus ná béarfaidh, nár 
luigh agus ná luighfidh, mura luighfeadh ar chaolaibh 
a droma nú ar bharraibh a hadharc; a mheadóg 
sgeine sgoth-ghéire 'n-a béal do chear iaran,
d'á mhaoidheamh agus d'á rádh gur b'é féin fear 
cosgartha na coróineach agus fear na córach do 
thagairt, agus ná tiubhradh ceart ná cóir d'aon-
neach acht do'n té ar mhaith leis féin.  D'imthigh 
sé annsan agus thugadh léim truslóige thar móin-
teánaibh fada fiadhaile, agus thar dá dtrian an 
domhain mhóir, agus bhí ag cur de riamh agus 
 
coidhche go raibh drúcht deirionnaighe agus meirg 
ceoidh an, an lár bhán ag dul faoi sgáth na 
cupóige agus an chupóg ag teichiodh roimpi, aghaidh 
na mbó ar an mbaile, aghaidh na gcoileach ar an 
t-eudach orra anuas. Tháinic sé go caisleán mar 
a raibh bean uasal agus í i n-a suidhe ar chathaoir
airgid ag cíoradh a cinn le círín óir; do mhúch 
sí le pógaibh é d'fhliuch sí le deoraibh é agus 
do thíormuigh le éadaighibh síoda agus sróil é.
D'innis sé di cad thug é agus adubhairt sise 
leis nár bh'é an ceud duine é chuaidh ar tór-
uidheacht laoigh na bó béildeirge, agus gach aon
domhan duine d'á ndeaghaidh gur b'in a raibh d'á 
bhárr aige, é féin do chur i n-umar na ham-
ailéise, agus gan teacht as go deó.  "Agus," 
ar sise, "is amhlaidh bhíonn an laogh-san ag seinm 
an cheoil is binne d'á gcualthas riamh i n-Oileán 
an Uaignis do'n bhó bhéildeirg, agus mura 
mbeadh an ceól-san do shlugfadh sí an domhan.  
Codlann an bhó uain áirithe agus dá bhfeudfaidhe 
an t-éalag d'fhagháil ar an laogh annsan b'fhur-
aiste é ghoid, acht dá nduiseóchadh a mháthair le 
línn na huaire-sin do mharóbhadh sí an tsaogh-
lacht dá mbéarfadh orra."  Thug sise slaitín do 
agus dubhairt leis an ceud smotán daraighe 
bhuailfeadh leis ar imioll na trágha do bhualadh
 
léi, agus go mbeadh i n-a churachán breágh láith-
reach. Do ghein sé díreach mar dubhradh leis, 
agus d'iarracht do bhí an curachán ba bhreághtha 
d'á bhfeacathas riamh ag luasgadh ar an muir os 
a chómhair. Do léim sé isteach innti agus 
d'árduigh a seólta bogóideacha ban-dearga, a 
mbun a gcrann árd, a mbárr i gcrann íseal 
agus do ghluais air go ndeaghaidh as gaoith is 
gála dho.  Annsan do chuir sé imach a mhaidídhe 
bínne bána buana bosleathna, do bhun na fuin-
seoige nú do bhárr an chaorthain, do chuireadh 
cubhar na fairge i n-íochtar agus grean na 
fairge i n-uachtar, míola móra éisgínidhe agus 
péistínidhe ar bhosaibh agus ar bhasaibh, agus ar 
shleasaibh a mhaididh bínne bána buana bos-
leathna; gur seoladh é 'san áit ná raibh tonn 
d'á bhualadh, tonn d'á luasgadh, acht tonnta dubha 
cubhráin d'á chur ar chuantaibh na sábhála.  Do 
léim sé imach, do chuaidh i dtír, agus do ghread 
air go dtáinic go dtí an áit mar a raibh laogh 
na bó béildeirge.  Bhí an bhó 'n-a suan agus an 
laogh ag rith i n-a thimchioll ag déanamh an cheoil 
is binne d'á gcualathas riamh.  Do bhuail sé an 
laogh le n-a shlaitín draoidheachta, agus do lean 
é, agus do rith seision chomh mear ar domhan agus 
dó bhí i n-a chosaibh, do léim isteach i n-a churachán
agus do léim an laogh i n-a dhiaidh go preab-
 
amhail. D'árduigh sé a sheólta bogóideacha bán-
dearga, a mbun i gcrann árd, a mbárr i gcrann 
íseal, agus do ghluais air go ndeaghaidh as gaoith 
is gála do; agus é tamall maith imach do dhúisigh 
an bhó, agus nuair mhothuigh sí a laogh uaithe, do rith 
anonn 's anall agus do chuir géim aisti do chuir 
an domhan toir agus an domhan tiar ar son-chrith, 
agus do bhain imach an tráigh agus do chonnaic an 
curachán ag gabháil béal an chuain imach.  Do 
léim sí lomláithreach isteach san mhuir mhóir, agus 
do shnámh i n-a dhiaidh, agus do bhí ag breith suas 
leis gur chuir seision imach a mhaididhe binne bána 
buana bosleathna, do bhun na fuinseoige nú do 
bhárr an chaorthain, do chuireadh cubhar na fairge 
i n-íochtar, agus grean na fairge i n-uachtar,
míola móra, éisgínidhe agus péistínidhe ar bhos-
aibh, agus ar bhasaibh agus ar shleasaibh a mhaididh 
bínne bána buana bosleathna.  Do báthadh an bhó.  
Do léim seision ar an talamh tirim.  Do léim an 
laogh 'n-a dhiaidh. Do bhuail sé buille d'á shlaitín 
ar an gcurachán agus bhí i n-a smotán daraighe 
arís.  Tháinic sé go caisleán na mná uaisle 
agus d'innis di cionnus do chuaidh dho, agus thug 
an tslaitín draoidheachta ar ais di.  Do ghléas sí 
biadh agus deoch do, agus d'ith agus d'ól sé a 
dhóthain agus do ghluais air annsan arís, agus 
níor stad agus níor staon go dtáinig go Cais-
 
léan Oileáin na gCúig mBeann. Do bhí a dheirbh-
shiur 'san dorus roimis, agus do rith sí 'n-a 
choinnibh agus do bheir barróg air agus do phóg 
agus do dheoch é, agus annsan do thuit i néall 
áthais agus d'fhan ann logonoidhche.  Do bhíodar 
anois ar a suaimhnios, agus cíos cás ná cathughadh 
orra, an laogh ag déanamh ceoil dóibh ná beitheá 
tuirseach go deo de, go dtí lá 'na ar mhúsgail an
préacháinín, do chroith a chuid sgiathán, agus thug 
béal an doruis imach air.
"Cá bhfuileann tú ag dul anois arís?" arsa 
a mháthair leis.  "Ní fhéid gur do'n Túirín Tua-
taidh bheitheá ag dul."
 
"Cá ionad eile?" ar seision.
"Míochothrom teinn ort," arsa a mháthair, 
"fan istigh 'sa bhaile, agus ná bí ag cur tuille 
galair míreáin im cheann, i bhfochair a bhfuil ann
cheana.
Acht ba bheag an bhrigh di bheith leis.  D'imthigh 
air agus níor stad do'n scríb-sin go dtúirlig 
ar chrann do bhí ag fás leastmuigh do dhorus an
Túirín Tuataidh.  D'airigh an bhean do bhí istigh é, 
geallaim-se dhuit, agus tháinig ar an dtáirsigh 
agus adubhairt -   
"Cad as duit a phréacháinín orú?" ar sise.
"Ó oileán na gCúig mBeann," ars an simp-
leoir eile, "mar a bhfuil fiad, mar a bhfuil fiolar, 
 
inghíon an righ, mac an righ, laogh na bó béil-
deirge, agus iad go léir lán láidir?"
"Ní chreidfead thu stoigh," ars an bhean mhaith 
leastigh, ag leogan airri.
"Creid go deimhin," ars an simpleoir beag 
arís, "mar is fíor a n-abraim."
"Seadh má's eadh," ar sise. "cuirim-se do cheist 
agus do bhreith agus do mhór-ualach ar mhac an 
righ, gan an tarna béile bidh d'ithe ar aon
bhórd, an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, 
ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go
saothróchaidh sé dómh-sa banbh na cránach breac-
duibhe."  Níor labhair focal eile, acht d'iompugh 
isteach di féin, agus d'imthigh an préacháinín leis, 
leis an sgéal do bhí aige, agus do bhí d'á bhualadh 
féin mi gach aon túrtan agus túrtóg d'ár 
casadh air sa' tslighe, faoi dhéin an bhaile le 
bárr áthais agus nú níór ghábhadh dho dul chun na 
trioblóide mar fuair sé a dhóithin agus breis 
agus a dhá dhóithin déag 'nuair shroich sé an chúirt, 
agus mo ghreinn é is dócha gur beag de ghéanfadh 
é.  Ar ndul isteach do, seo ag brácaoil é.  
D'fhiarfuigh a mháthair de, cad é an mí-ádh san do 
bhí ag gabháil do, nú cad aige go raibh sé ar an
nós-san.  D'innis seision rún a sgéil di go 
háthasach, réir mar do bhí, gan focal faoi ná 
tharais.  Rugadh air ar mhullach cínn agus bhí sí 
 
dhá ghabháil de ar lic an teinteáin gur mhúch sé 
an teine le dóibireacha fola, agus do caitheadh ar an 
lochta siar annsan i n-ainm an diabhal 'san 
deamhain do.
Maidion an lae ar n-a bháireach d'eirigh 
mac an rígh, 7c.
D'innis sé di cad do thug é, an athuair, agus 
dubhairt sise leis gan aon easbhaidh cráiste bheith 
air, agus bh'fhéid go dtiocfadh leis banbh na 
cránach breacbuidhe ghoid comh maith le laogh na 
bó béildeirge.  Annsan d'innis sí do gur ab 
amhlaidh bhíonn an banbh-san ag gabháil tímchioll
na cránach-san i gcómhnuidhe gan aon stad, ag 
seinm an cheoil is breághtha ar domhan di, ag 
iarraidh í chur chun suain le heagla go n-íosadh 
sí an saoghal go léir.  Do chodladh an chráin 
am áirithe, agus dá bhfeudfaidhe teacht ar an mbanbh 
annsan, b'fhuraiste é ghoid.  Thug sí slaitín 
draoidheachta dho, agus dubhairt leis déanamh 
nós mar ghein sé cheana.  D'imthigh sé annsan 
agus tháinig go bruach na trágha, agus do bhuail 
buille d'á shlaitín ar an gceud smotán daraighe 
le n-ar bhuail sé, agus do bhí i n-a churachán 
áluinn ar nóimiot, ag luasgadh os a chómhair imach.  
Do léim isteach innti, agus d'árduigh a seolta 
bogóideacha, 7c.
   
Do léim sé ar an dtráigh, agus níor fhan acht 
 
bualadh air go mear go dtáinic go ruig an áit 
mar a raibh banbh na cránach breacduibhe. Bhí an 
chráin féin i n-a codladh, agus gach aon srann do 
chuireadh aisti, do sheasadh gach aon ribe gruaige 
ar mhac an righ, agus do chritheadh trí huaire.  
Bhuail sé an banbh agus do lean é, agus níor 
lag cos go dtáinic go dtí an tráigh.  Do léim 
sé isteach sa' churachán, do léim an banbh isteach 
i n-a dhiaidh gan mhairg, agus d'árduigh sé a 
seolta bogóideacha bándearga, a mbun i gcrann 
árd, a mhbárr i gcrann íseal, agus do bhí ag
gluaisiocht go mear, 'nuair do dhúisigh an chráin 
agus ní fheacaidh sí a banbh i n-aon treó.  Chuir 
sí grutháil aisti do leag na cnoic muardtím-
chioll airri, agus do rith anonn 's anall, agus 
do léim le buile agus le deargbhuile, agus do 
chuaidh ar bhalaithe an bhainbh go ruig an tráigh, ag
déanamh tonntsrothaigh do'n talamh 'n-a diaidh, agus 
do chonnaic an curachán ag gabháil béal an chuain 
imach, agus do shnáimh chúiche agus a craos ar
deargleathadh, agus do tháinic suas léi i nóimiot 
agus do shluig an curachán siar síos i n-a bolg 
go dtí an crann láir, acht do chuir seision imach 
a maididhe bínne bána buana bosleathna, 7c.
Do ghearr an chráin a scórnach leis an snámh, 
agus do bog d'á greim, agus do báthadh í.  Do 
léim mac an righ imach ar an dtráigh, do léim 
 
banbh na cránach breacduibhe i n-a dhiaidh. Thug 
buille d'á shlaitín do'n churachán agus do bhí i n-a 
smotán daraige arís.  D'imthigh agus do tháinic 
go caisleán na mná uaisle, agus d'innis di cion-
nus do chuaidh do, agus thug an tslaitín di arís.  
Do ghleus sí biadh agus deoch do; d'ith agus d'ól 
seision a dhóithin, nó marar ghein ba mhór an 
t-amadán é.  Annsan do thug sé na cosa do'n 
bhóthar agus níor stad do'n stáir-sin gur shroich 
sé a chúirt féin.  Do bhí a dheirbhshiur ar an dtáir-
sigh ag faire imach; níor fhág sí an áit-sin fad 
a bhí seision imuigh, ag gul 'sag gollán thar a 
n-imtheóchadh aonní air. Do rith sí chuige agus 
do rug barróg air, agus i n-a dhiaidh do thuit i 
néall áthais agus níor tháinig chúiche féin go 
ceann lae agus oidhche.  Bhíodar ar a socairiocht 
annsan, gan cíos cás ná cathughadh; an laogh 
agus an banbh ag déanamh ceoil do scaipfeadh 
brón an tsaoghail do chloisfeadh é. Acht ní raibh 
an préacháinín sásta.  Ba gheárr gur chroith sé 
a chuid sgiathán arís.  Do rith a mháthair chun an 
doruis roimis, acht do bhí an taobh imuigh aige-san 
sul ar shroich léi lic na táirsighe bhaint imach.
  
"Na teirigh i n-aonbhall as ár radharc anois," 
ar sise leis, nuair ná raibh aon leighis eile aici 
air, "agus ar do bhás ná cuimhnigh ar dul go dtí 
an Túirín Tuathaidh."
 
"Ca n-a thaobh ná raghainn orú?" ar seision.
"Deirim leat fanamhaint sa' bhaile," ar sise."
"Mhaise táim fada go leor sa' bhaile," ar 
seision, "agus ní móide mo bhuidheachas 'n-a thaobh, 
acht indiu go háirithe beidh aeríocht agam."
"Do bhí a mháthair chun díriughadh air arís nuair 
leaith seision a sgiathána agus d'éirigh go hárd 
'san aer, agus d'imthigh go ndeaghaidh go ruig an 
Túirín Tuathaidh, agus do thúirlig ar an gcrann 
gur thúirlig sé cheana air. Dá mb'át rádh gur ar 
an mnaoi mhaith leastigh nár thóg sé i bhfad 
teacht ar an ndorus, do chuir a dá huillinn ar 
dá ursain an dorus agus dubhairt - 
"Cad as duit a phréacháinín a ghreinn?" ar 
sise.
"Ó oileán na gCúig mBeann," ar seision, 
"mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon 
an righ, mac an righ, laogh na bó béildeirge, agus 
banbh na cránach breacduibhe, agus iad go léir 
go lán láidir."
"Orú a gcreidfead thu?" ar sise.
"Creid imasa," ars an mac mí-áidh eile.
"Seadh má's eadh," ar sise, "cuirim-se de cheist 
agus de bhreith agus de mhórualach ar mhac an 
righ gan an tarna béile bidh d'ithe ar aon 
bhórd, an tharna deoch dighe d'ól as aon chupán, 
ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go 
 
bhfaghaidh sé dhómh-sa an Teampán Uaine."
D'iontuigh sí isteach annsan agus clab airri 
ag gáirídh i dtaoibh a ndubhairt sí, mar bhí súil 
aici go gcaillfidhe mac an righ gan aon agó, an
tríomhadh huair.  D'imthigh an préacháinín leis, 
agus dá ghiorra bhí sé sa' tslighe b'fhada leis é, 
bhí an oiread-san deithnis air chun a sgéal do chur 
d'á chroidhe, mar shíl sé gur b'é ba bhreághtha 
'ná a chéile; níor ghein an bhatráil ruainne 
maithis do.  Nuair chuaidh sé isteach domhothuigh a 
mháthair an t-áthas air fad air, agus níor bhain 
sí aon fáth foghanta as. 
"Ní fhláir," ar sise, "nú tá eachtraidhe móra 
agat th'réis an lae?" "Tá," ar seision.
"Agus cad é so mar sgéal agat anois?" ar 
sise.  D'innis sé dhi gach ní mar a bhí.  Is beag 
nár thuit an t-anam aisti nuair innis seision di 
go raibh air ag a dearbhráthair imtheacht agus an 
Teampán Uaine d'fhagháil do chois nú d'each.  
Nuair tháinic sí cúichi féin níor maoidhthe ar an
bpréacháinín é; níor fhág sí cleite air ó'n 
gcnámh imach agus leastigh do'n chnámh, má theighe-
ann préamhacha na gcleitidh cómh fada-san, gan
stathadh, agus do chaith iad annsan i gcoimhleathan 
na teineadh, agus d'fhaduigh anuas orra go rabha-
dar cómh dóithte ná raibh fagháil ná feicsin 
amhán ar a luath.  Caitheamh an loimirceach bocht 
 
siar ar an lochta, agus do leogadh dho bheith ag 
cur chleitídh thríd imach arís nó leogaint dóibh 
féin cia 'ca a chéile b'fheárr leis.
Maidin lae ar n-a bháireach d'eirigh mac an 
righ, 7c.
D'innis sé di cad do thug é an tríomhadh huair, 
agus adubhairt go raibh eagla air ná eireóchadh 
leis an uair seo, "Acht ar a shon-sain agus uile,"
ar seision, "beidh mo shúil suas."  "Bíodh," ar 
sise.  Thug sí an tslaitín draoidheachta do agus 
adubhairt leis gach aonní dhéanamh nós mar 
ghein sé an dá uair cheana.  "Anois," ar sise, 
"nuair raghair isteach san oileán, imthigh go dtí 
an chúirt do chífir ar mhullach an chnoic, agus bhí 
ar t'sheachaint féin, mar," ar sise, "dá ndúis-
eochthá na machtínidhe bhíonn ag feighil an Team-
páin Uaine, stracfaidís ó chéile thu, agus ní 
fheicfeadh duine ná beithidheach leadhb ná ribín 
díot go brách.  Do gheall seision go ndéan-
fadh rud airri, agus dubhairt sise mura ndéan-
fadh gur b'é féin do bheadh thíos leis agus a 
bheith air féin.  Agus imbasa d'imthigh air, agus 
nuair tháinig sé go bruach na trágha, bhuail sé 
buille d'á shlaitín ar smotán daraighe bhí ar 
imioll na sáile, agus láithreach do bhí curachán 
breágh ag luasgadh roimis ar an dtaoide.  Do 
léim sé isteach innte agus d'árduigh a seolta 
bogóideacha, 7c.
 
Do léim sé imach, thug a aghaidh ar an gcnoc, 
agus tháinig gruig an caisleán, agus do chonnaic 
agus do chómhairigh ceithre mactínidhe fichead 'n-a 
ndubhchodladh taobh imuigh de.  Bhí eagla air go 
ndúiseo'daois, agus do ghaibh thársa agus do 
chuaidh isteach sa' chaisleán, agus do chonnaic an 
Teampán Uaine ar cróchadh agus do bhuail d'á 
shlaitín draoidheachta é agus do sgiob leis é, 
agus do chuaidh thar n-ais gréidh, thura ndúiseóchadh 
sé an sgeimhiol machtínidh, agus do ghaibh thársa 
agus níor chuireadar cor ná coirín díobh.  Nuair
fuair sé a shála glan uatha, agus ní glan do 
bhíodar acht salach - tá an ceart agat, bhí a chuid 
bróg uime, agus is dócha nár leogadar aon 
ghuta isteach ní' láir.  Acht pé sgéal é, do bhain 
sé an churachán imach - b'é bu dheas air - agus do 
phreab isteach innti agus d'árduigh a seolta
bogóideacha bándearga, a mbun i gcrann árd, 
a mbárr i gcránn ísiol. Agus é ag gearradh 
roimis gan mhairg, cad do chífeadh anuas le 
fánaidh an chnoic act na machtínídhe go léir 
agus iad ag caitheamh rúspóg scalpacha agus molla-
chloch faid do radhairc sa' spéir le bárr na 
tiomána.  D'airigheadar é ag gabháil béal an 
chuain imach; nuair thángadar i dtreó na trágha 
do sgaoileadar leó féin imach agus do bhíodar 
ag teacht suas leis go mear gur chur sé imach a 
 
mhaidhidhe bínne, 7c.
Éire bheith air do shéirseáil na maichtínidhe iad 
féin, agus ní raibh pioc d'a bhárr aca, acht amháin 
gur bháthadar iad féin, agus tuille do'n tubaisde 
chúcha.  Táinig sé go caisleán na mná uaisle, 
agus d'innis a sgéal di go mustrach, agus thug 
a slaitín di.  Do ghléas sisi biadh agus deoch do, 
agus d'ith agus d'ól a dhóthain, agus thug a chosa 
do'n bhóthar arís.  Nuair bhí sé ag teacht chun a' 
tighe, bhí a dheirbhshiúr sa' táirsigh roimis, agus 
gan innti acht snamh na beatha, ó bheith ag gol 
's ag gollán fad do bhí seision imuigh.  Nuair chon-
naic sí é agus an Teampán Uaine aige, bhí a 
fhios aici go maith gur eirigh leis, agus do thuit i 
laige le aiteall, agus níor tháinig chúici féin go 
ceann lae agus oidhche. Annsan do bhíodar ar a 
sácrántacht; acht níor bh'fhada bhíodar mar sin,
nuair chroith an préacháinín a sgiathána - is dócha 
gur eirigh fás go maith le n-a chuid chleitidh.  Thug 
sé an dorus imac air sul ar fheudadh é stop.  
Tháinig a mháthair agus do lean imach é ag iarraidh 
air ar son a raibh thíos agus anáirde fanamhaint
sa' bhaile. Acht ní raibh beann broibh aige-sion 
ar a raibh thíos agus anáirde.  Bhí a fhios aige, is 
dócha, go mbeithí 'n-a chómhair nuair raghadh sé 
thar n-ais, acht osgais leis stríocadh do sgaoil 
sé chun cínn go dtáinic go dtí an Túirín Tua-
 
thaidh. Geallaim-se dhuit ná raibh aon réim i
súilibh na seanbhainrioghna. Tháinig sí ar an 
dtáirsigh agus do ghein an-iongna mairge do'n 
phréacháinín, agus dubhairt - 
"Cad as duit a phréacháinín orú?"
"Ó Oileán na gCúig mBeann mar a bhfuil 
fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon an righ, mac an 
righ, laogh na bó béildeirge, banbh na cránach 
breacduibhe, agus Teampán Uaine Oileáin an 
Uaignis agus iad go léir go lán láidir."
"Orú a gcreidfead thu?" ar sise.
"Cad fá ná creidfeá," ar seision, "agus corp 
agus anam na fírinne agam?" 
"Seadh má's eadh, ar sise arís, "curim-se de 
cheist agus de bhreith agus de mhórualach ar mhac 
an righ gan an tarna béíle bidh d'ithe ar aon 
bhórd, an tarna deoch dighe d'ól as aon chupán, 
ná an tarna oidhche chodladh i n-aon leabaidh go 
bhfaghaidh sé dhomh sa an Áluinn Innmheach."
D'iontuigh sí ar sálaibh a bróg annsan, agus 
d'imthigh isteach, agus an t-anam ag dul aisti le 
bárr áthais, mar shíl sí gan aon cradhasgal go
raibh sé thiar ar mhac an righ, mar atá a léine ar 
an mbeitheamhnach, a ceist do réiteach.  Acht mar 
leis an bpréacháinín de, do ghread sé air, cómh 
mear i n-Éirinn agus do bhí sé 'n-a sgiathánaibh; 
faoi'n am gur bhain sé imach an chúirt, bhí a anál 
 
i n-uachtar an uchta aige le iomshaothar, bhí an 
oiread-san deithnis air chun a eachtra innsint.
Nuair chuaidh sé isteach d'infhiuch a mháthair é, agus 
má infhiuch a mháthair é, ní raibh aon tsúil aici le sgéal maith;
bhraith sí an t-áthas ar fad air; acht do chisigh sí 
airri féin agus níor leog aonní airri.  Níor 
cheistigh sí é lag ná láidir; is dócha nár beag léi 
a luaithi bheadh an droichsgéal ar láimh aici.
"A mháthair," ars an preacháinín, nuair bhris ar 
an bhfoighne aige, "nach iongna ná fuileann tú 
ag cur aon tuairisgidh orm orú."
"Mhaise," ar sise, "'sé is mór cráidhte liom a 
dtugann tú chughainn isteach nuair ghabhann tú 
imach."
D'innis sé di annsan a sgéal áthais; ní 
dheaghaidh sé fíos léithi-si 'n-a áthair.  Thuit sí i 
laige i bhfiadhnaise na teineadh.  Mura mbeadh
a dearbhráthair do bheith istigh do dhóithfidhe í, mar 
ní raibh sé de neart san phréacháinín í tharrag 
imach, dá mbeadh fonn a dhéanta air féin, agus 
atáim deimhneach ná raibh.  Nuair tháinic sí chúichi 
féin fuair an préacháinín é ar a dhá thaobh agus 
ar a bholg.  Tugadh an oireadsan murchadh dho, 
ná rabh húm ná ham as.  Acht níor chuir san ar 
a mháthair.  Níor ghein sí acht é chaitheamh siar sa' 
lochta, agus bheith dh'á chaoineadh féin ar a 
shuaimhnios.
   
 
Maidin an lae ar n-a bháireach d'éirigh mac an 
righ, 7c.
D'innis sé dhi cad do thug é arís, agus do bhí 
an-bhrón air.  Do dhírigh sí air agus dubhairt leis 
a chráiste chongbháil suas.  Nuair bhí sé ag im-
theacht ní bhfuair sé aon tslaitín.  Nuair ghlan 
sé as an digh tháinic sí ar an ndorus agus seo 
ag sgeartaoidh í.  D'fhiarfhuigh sé di cad do bhí
airri.  Agus dubhairt sise go raibh cúis gáiridh 
aici.  "Cad é an chúis é sin?" ar seision.
"Fear," ar sise, "ag cuardach do'n rud atá 
os cómhair a dhá súil imach."
 
"Cá bhfuil an rud," ar seision, "nú cad é an 
rud atá ar siubhal agat?"
"Is cuma liom im shiubhal nó im stad me," 
ar sise, "acht adeirim-se leat gur mise an 
Áluinn Innmhioch."
 
Do rith rí chuige, agus do phóg sí é, agus 
b'fhéidir ná raibh aici acht a cuid de.  Do phóg 
seision ise, ní nár locht air, agus do phógadar
féin a chéile.  Réir mar a chuala, is beag nár 
phógadar na béil as a chéile le pógaibh.  Ní 
dheaghaidh sé níos sia acht d'iontuigh isteach agus 
do ghléas sise biadh agus deoch do, agus d'ith-
eadar agus d'óladar araon a ndóithin, nú 
marar gheiniodar b'anghabhadh dhóibh é, 'sé sin 
má bhí aon ocrus ná tart orra.  Do ghluais sé 
 
air ibhaile annsan agus sise i n-éinfheacht leis.
Bhí lán a chroidhe d'athas air.  Níor miste dho, agus 
an bhean ba bhreághtha ar an dtalamh aige, cois ar 
chois, go dtáinig go dtí an chúirt.  Bhí a dheirbh-
shiúr ar an ndorus, agus gan innti acht na 
ceithre uaithne ó bheith ag gul 'n-a dhiaidh, agus 
nuair chonnaic sí an bhean bhreágh thar bárr le n-a 
chois, d'imthigh sí imach agus do leaith a dá láimh, 
agus b'é ba bheag léi a raibh aici dhíobh; an méid 
fáilte rúmpa araon.  Do bhíodar ar a dtoil 
annsan, agus gliadar go leór ar mhac an righ 
ag cur síos d'á dheirbhshír ar a chuid siúbhloide 
agus ag moladh na mná uaisle, agus nó toíll 
sí é.  San gcaint dóibh, do théalluigh an préach-
áinín imach i nganfhios dóibh, agus níor stad 
go ndeaghaidh gruig an Túirín Thuathaidh. Ní raibh 
aon mhanna-leathar ar súilibh na bainrioghna; 
tháinic sí imach agus dubhairt - 
"Cad as duit, a phréacháinín?"
"Ó Oileán na gCúig mBeann," ar seision, 
"mar a bhfuil fiadh, mar a bhfuil fiolar, inghíon 
an rígh, mac an righ, laogh na bó béildeirge, banbh 
na cránach breacduibhe, Teampán Uaine Oileáin 
an Uaignis, agus an Áluinn Innmhioch, an bhean is 
breághtha ar an dtalamh dromóideach, agus iad 
go léir go lán láidir."
 
"An gcreidfhead thu?" ar sise.
"Mhuise imasa," ar seision, "ní fheadar-sa 
cad do ghéanfair i dtaoibh do chod' chreideamhna 
acht creidim-se féin é, mar chonnac gach aon 
cheann aca."  
Nuair chuala sí an chaint-sin, do thuit sí 'n-a 
pleist mharbh mar a raibh sí.  D'imthigh an préach-
áinín air agus do tháinig ibhaile agus d'innis a
sgéal - sgéal is dócha nár bhain deór asta.  Phós 
mac an righ agus an Áluinn Innmhioch agus bhí 
saoghal breágh aca ó san suas.  An uair 
dhéidhionach do bhíos-sa 'san chúirt, bhí an t-oileán 
lán de chloinn aca.
 
AN CHROCH GHEAL
Ní mise cheap. Ní fhuil agam-sa acht mar a 
chuala.  Ní chuala acht mar adubhradh, agus ní 
dubhradh acht bréaga nú éitheach ar fad. Seadh,
bhí dearbhráthair ag Áraoisteatoil d'ar ab ainm 
an Bárd-sgológ.  Bhí triúr mac aige.  Ní raibh 
san domhan toir ná thiar beirt ba mhó fóghluim
ná an Bárd-sgológ agus a dhearbhráthair.  Agus 
i dtaobh triúr mac na Bárd-sgolóige ní raibh 
aonní faoi fhlaitheas Dé (agus páirt de sin leis
b'fhéidir) ná raibh eolas aca air; acht imasa bhí 
aon trí ceistionna amháin agus do chuaidh díobh 
iad san do réitioch.  Sgéaluidhe b'eadh an céad 
mac agus ní fhéadfadh sé déanamh imach cia' ca 
ar féin nú ar fear an tighe ba cheart do'n cheud 
sgéal dul.  Buachaill bó b'eadh an tarna mac,
agus do chuaidh de fios d'fhagháil cia' ca bu 
ghiorra i ngaol do a athair nú a mháthair; agus 
fear adhmaid do ghearradh an tríomhadh fear.  
D'fheuch sé sin gach aon chúinse ní bun ghéire ná a 
chéile ag iarraidh 'fhagháil imach ar shia uadh an 
 
domhan thíos ná an domhan tuas, acht chaith sé é
thabhairt suas mar ní raibh aon mhaith dho bheith 
leis.
Dubhradar go raghaidís go dtí an Domhan Toir 
chun fios d'fhagháil ar na trí neithibh-seo, agus go 
raghadaois go ruig Áraoisteatoil ar dtús, acht
ná cuirfidís síos a ngaol do.  Nuair bhíodar 
tamall o'n dtigh, d'imthigh an té bu shine aca agus 
do chuaidh fá dhéin Áraoisteatoil agus d'fhiarfuigh
de a bhfaghadh sé aimsir uaidh.
"Cad d'fheudfá dhéanamh dom?" ar seision.
"D'inneósainn sgéaltha breághtha duit," ars an 
fear eile.
"Coingheóbhad go ceann rátha thu," ar seision.
I gcionn tamaill eile tháinig an tarna mac, 
agus d'fhiarfuigh a dtógfaidhe é féin i n-aimsir.
  
"Cad é an tslighe maireamhna tá agat?" ar 
seision.
"D'fheighilfinn ba nú do chrúthfainn," ars an 
fear eile.
"Ní gábhataraighe fear eile," ar seision, 
"fan go ceann rátha go háirithe."
   
I gcionn tamaillín eile tháinig an duine 
domhan déidhionac, agus d'fhiarfuigh a raibh 
buachaill ag teastbháil uaidh?
"Cad is féidir leat déanamh?" ar seision.
"Do gheárrfainn adhmad go maith, agus dá 
 
mbu ghábhadh ghéanfainn céad aicillídheacht nach 
é," ar seision gan cuimhniomh d'á dhruim, mar bhí
gach aonní aige i rínn éin mhéire.
Thuit an oidhche agus dubhradh leis an sgéaluidhe 
sgéal d'innsint.
"Ní fheadar," ar seision, "an orm féin nú 
ar fear an tighe théigheann an ceud sgéal."
"Atá an ceart agat," arsa Áraoisteatoil.  "Is 
ar fear an tighe féin gan amhrios."
  
D'innis Áraoisteatoil an ceud sgéal, annsan 
do thosnuigh an fear eile, agus do lean de go 
raibh sé am leapachais.
Ar maidin do ghlaoidh Áraoisteatoil ar bhuachaill 
na mba d'fheighil; níor fhreagair aonneach é ámh; 
do ghlaoidh arís agus arís eile acht b'in a raibh d'á 
bhárr aige.  Chuaidh sé go ruig an leabaidh mar 
a raibh sé. "Cad atá agat dhá dhéanamh annsan?" 
ar seision. Is amhlaidh bhí sé acht dhá léine aige, 
chuireadh ceann aca uimis, bhaineadh de í arís; 
chuireadh an ceann eile uime annsan, do bhaineadh 
sé de í agus chuireadh sé an céad ceann uime 
arís eile.
"Cad é sin ar siubhal agat?" ars Áraois-
teatoil leis.
"Mh'athair agus mo mháthair d'fhág a léinteacha 
agam; ní fheadar cia 'ca díobh is athchomaire i 
 
ngaol dam, agus mar sin ní fiosach dom cia'ca
léine is ceart dom cur lem' chneas."
"Is furaiste an cheist sin do réitioch," arsa 
Áraoisteatoil; "is athchomire t'athair go mór 
duit."
Ní raibh an lá ró-shean-chríona ar fad nuair
doghein Áraoisteatoil aghaidh ar an gcoíll; 'sé 
an cuma i n-a bhfuair sé fear gearrata an 
adhmaid acht a thuagh greamuighthe go docht aige 
i n-a dhá dhóid, thugadh tailm faoi'n spéir uair 
agus tailm faoi bhuille thabhairt do'n talamh 
uair eile. Uain agus trath cé thiocfadh air acht 
Araoisteatoil.
"Cad é an mí-ádh-san ort," ar seision, "nú a 
bhfuil splannc meamhrach i n-aonchor id phlaosg?"
"Ní fhuil imás, ars an fear eile, "acht id 
cheann-sa.
"Cad é sin ar siubhal agat?" ar seision 
"shíleas gur cuireadh tu ag baint adhmaid."
"Cuireadh leis dhia," ars an fear eile, "feuch 
annso me; acht b'an-mhaith liom fios d'fhagháil an 
athchomaire dhom an domhan tíos ná an domhan 
tuas."
"A amadáin óinsighe," arsa Áraoisteatoil, 
"ataoi i lár an domhain, agus ná faghmaois a 
thuille dod' gháitsidhibh uait."
 
D'imthigh sé air annsan, agus d'fhág an fear eile 
ag baint an adhmai ar lán a dhíchill, agus b'é 
bu bhreagh chuige, geallaim-se dhuit; dob air bu 
ghiorra mhoíll an oired do ghearradh agus 
doghein Áraoisteatoil go ceann seachtmhaine agus 
breis.  Ar tuitimín na hoidhche bhíodar i dtriúr 
i bhfochair a chéile i dtigh Áraoisteatoil, agus thar 
éis tamaill do'n oidhche chaitheamh ar sgéaluidheacht, 
chuadar a chodladh.  Acht ní chun codalta é ámhacht.
I n-uaigneas na hoidhche, chuireadar umpa a 
gcuid éadaigh - ní fheadar go deimhin a ndeagh-
adar chun an oiread-san trioblóide agus é 
bhaint díobh féin nú ná deaghadar, agus is ró-
chuma liom leis mar leis sin de.  Acht pé ar
domhan é, ghlanadar leó san doircheacht, agus 
bhíodar ag cur díobh go dtángadar go coíll 
mhór.  Bhí a fhios aca go maith gur geárr go mbeití
i n-a dtóir, agus chuige sin, cheapadar go raibh 
sé comh maith aca fanamhaint socair, agus a 
gcuid tuirse chur díobh, 'sé sin má bhí a leithéid 
orra.  Nuair d'eirigh Áraoisteatoil ar maidin 
do ghlaoidh sé go hairthinneach ar fear na mba 
d'fheighil, acht dá mbeadh sé ag callaireacht air 
go lá an luain ba bheag an bhrigh do é.
  
"An diabhal," ar seision, "ní bhead-sa ag 
tabhairt bidh, dighe, gus díl duit-se atá ag 
 
codladh mar so, imach go headarshuth!"
Chuaidh sé go dtí an leabaidh mar bu cheart 
dóibh, dar leis féin, go mbeidís; acht nuair 
d'osgail sé an dorus do leaith a shúile air, mar ní
raibh duine do'n triúr le fagháil ann, ná i n-aon 
treo acht comh beag. Do chuaidh sé láthaireach chun 
athach do bhí aige, agus dubhairt leis imtheacht air 
go mear agus a gcínn do thabhairt chuige, nú 
mara dtiubhradh bheith air féin, agus d'imthigh an 
t-athach leis go humhal éasgaidh.
An uair chonnacadar é ag triall ar an áit i 
n-a rabhadar do rugadar ar uan; do marbh-
uidear é agus do chuimilidear a chuid fola d'á 
gcionnaighthibh agus d'á lámhaibh, agus do ghear-
radar trí trom-ghéagáin agus seo iad ag gabháil 
ar a chéile.  Chonnaic seision iad, acht ní raibh a fhios 
aige cé ar bh'iad ámh.  Do chaith sé é féin eatorra 
ag déanamh eadargabhála, acht sin mar is mó do 
lúireadar a chéile mairge.  Faoi dheiriodh fuair 
sé a scaramhaint.
"Cad is fáth leis an dtroid-seo?" ar seision.
"Mar ghiúll ar an gcoíll seo," ars an té ba 
shine dhíobh, acht is liomsa í."
"Ní leat," ars an tarna mac," acht liom-sa."
"Ní le haonne' 'gaibh í anois," ars an trío-
mhadh mac, "ó táthaoi ag dul chuige sin, acht is 
liom-sa í."
 
"Cionnus is leat-sa í?" ar seision leis an té 
ba shine aca.
"Mar," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil 
críon agus glas do'n choíll agam.
"Agus cionnus is leat-sa í mar sin?" ar 
seision leis an tarna mac.
"Mar," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil 
cam agus díireach do'n choíll agam-sa."
"Acht cionnus is leat-sa í ámh?" ar seision 
leis an té ab óige aca.
"Mara," ar seision, "d'fhág mh'athair a bhfuil 
faoi thalamh di agus os a chionn agam-sa!" ag 
feuchaint suas go neamh-fuiseach ar an athach.  
D'infhiúch an t-athach iad i dtriúr i ndiaidh éin chínn, 
d'fheuchaint a rabhadar dáríribh leis, acht níor 
chuireadar oiread agus smiota gáire asta, acht
iad comh mánla le seanchat 'n-a shuidhe i bhfiadh-
naise an ghríosuigh.
"Ní féidir liom-sa réitioch eadraibh," ars an 
t-athach, "bíodh an diabhal agaibh féin gus ag 'úr 
n-athair."  Agus d'iontuigh sé ar a chúlaibh agus 
d'imthigh sé uatha.  Chuaidh sé thar n-ais chun Áraoi-
steatoil agus d'innis sé a sgéal do.
"Míochothrom chugat," ar seision leis an 
athach, "b'in iad iad; ca 'n-a thaobh nár bhainis 
na cínn díobh,  A! ba chaillthe an mhaise agat é."
 
 "Eist, eist, agus ná habhair sin go fóil," ars 
an t-athach, agus le n-a línn sin do léim. "Níor 
ith na cait an lá agam fós," ar seision arís, agus 
seo chun siubhal leis le trí huaire an oiread 
fuadair agus do bhí ar dtúis.  D'airigh na 
buachaillidhe chúca é, agus d'airigh seision iad 
san. Chuadar i dtriúr isteach i sgioból mar a 
raibh triúr súisteoiridh ag bualadh choirce.
"Bhuail greas," ar siad-san leis an dtriúr 
do tháinig isteach; agus do rug an triúr do 
tháinig isteach ar na súistidhibh uatha, agus seo ag
bualadh iad go mear lúthmhar léir, agus b'iad bu 
bhreághtha chuige.  Chaith an triúr eile iad féin ar 
an tuighe bhí buailte.  Ba ghairid dóibh go dtáinic 
an t-athach isteach, agus gan fiu focal do labhairt 
chun aonne, do sgaoil suas ar na créatúiribh do 
bhí ag tógaint a suaimhnis dóibh féin, agus do 
bhain na cínn díobh; do rug ar stutha orra, agus 
thug a bhóthar air go saigiléartha, agus níor stad 
do'n stair-sin go dtáinic chun Araoisteatoil.  Do 
chaith sé 'n-a fiadhnaise iad.  "Seo iad anois," 
ar seision, "ní fuláir nú taoi sásta."
Rug Araoisteatoil orra, i ndiaidh éin chinn 
d'infhiuch iad go géar agus adubhairt- "Ní hiad-
so iad; innis dom cá bhfuairis iad-so," ar 
seision. Agus d'innis an t-athach do gach aonní 
mar do bhí.
 
"Míochothrom ort," ar seision, "agus ná raibh 
sé ort de; sin iad do bhí ag bualadh an choirce 
mic mo dhearbhráthair."
Do léim an t-athach agus do léim sé comh 
hárd-san gur beag nár léim sé imach as a 
chroiceann, agus seo ag glamhaisgín é.
"Beidh agam-sa," ar seision, "roimh oidhche."
"Léir ort, agus stad, a bhreallsúin!" arsa 
Áraoisteatoil, "leig leó, ar eagla go ndéanfá 
a thuille as an tslighe; agus ní beag a bhfuil 
déanta cheana agat."
Ní raibh an t-athach suaimhniosach 'n-a aigne 
nú nár sgaoileadh leis.
D'fhág triúr mac na Bárdsgolóige an 
sgioból agus do chuadar go ruig tigh tabhairne, 
do cheannuigheadar trí buidéil fuisgí, agus 
dubhradar go raghadaois ag toighead feasa ar 
Dall Bán an Churraigh, chun a fháil imach uaidh
cad do bhí gealltha dhóibh.  "Agus", ar siad-san 
le n-a chéile, "ní fhuil aon tslighe níos géar-
chúisighe chuige sin ná leogaint orainn bheith ar 
meisge agus sinn féin do chur i n-aice an chosáin 
mar is gnáth leis siubhal gac aon lá i n-éinfeacht 
le giolla."
Chaith an té ba shine aca é fein i lár an chosáin.
"Tá fear marbh annso," ars an giolla leis an 
nDall.
 
"Leog mo lámh air go fóil," ars an Dall.
Rug an giolla ar láimh leis an nDall agus 
do chuir sé í ar an bhfear do bhí treasgartha.
"Ní fhuil sé marbh i n-aonchor," ar seision; 
'sé ná fuil mar sin; beidh sé sin i n-a chaptaen 
loinge fós."
D'fhágadar annsan é.  Ba gheárr go dtáng-
adar ar an tarna fear; bhí sé sínte i ndíg do 
bhí i ngar do'n chosán.
"Tá fear ámh marbh annso," ars an giolla 
leis na nDall.
"Leog mo lámh air," ar seision.
Rug sé ar láimh an Daill, agus do leog í ar 
an bhfear bhí sínte siar san ndígh.
"Ní fhuil baoghal air," ar seision, "rithfidh 
leis sin go maith fós, agus beidh sé 'n-a cheann 
ar armáil san Domhan Toir lá d'á dtiocfaidh."
D'fhágadar é mar do bhí aige, agus do bhuail-
eadar orra go dtángadar chun srutha bhí toabh 
leis an gcosán.  Is amhlaidh bhí ná té b'óige 
do mhacaibh na Bárdsgolóige sínte sa tsruith, a 
cheann os cionn uisge i dteannta leis an mbanc,
agus an t-uisge 'n-a thulcaibh ag dul thar an 
gcuid eile de, idir corp anam, agus buidéal
fuisgí faoi n-a chorc ag nochtadh a sgrugail aníos as 
póca a chasóige.
 
"Tá fear annso," ars an giolla, "agus mara 
bhfuil sé marbh imuigh 's imach tá seamróg na 
gceithre gcluas ar iomchar aige."
"Leog mo lámh air go fóil," ars an Dall.
Do leog.
"Saoghal duit," ar seision, "is fada uaidh é, 
gheobhaidh sé sin an Chroch Gheal."
"Ní gan í thuilleamh é má's eadh," ars an 
fear do bhí ar a tháranáirde sa tsruth, agus do 
léim suas comh mear agus do bhí ann agus do 
ghlan leis.  Tháinic sé chun seanduine bhíodh 
ag déanamh pigínidh, porrainséiridh agus a leithéidi 
sin.  Do chuaidh sé le céird chuige.  I gcionn
tréimhse chuaidh an ráfal imach go raibh an banbh 
ba bhreaghtha bhí ag aonneach riamh ag méire na 
cathrach-so mar a raibh an bheirt chun comhnuidhthe, 
agus gur mhór ab fhiu dul agus é fheicsint.  Is 
dócha go ndeaghaidh a lán ann, acht do chuaidh 
príntíseach fear na pigínidh dhéanamh ann go 
háirithe, pé duine eile chuaidh nú ná deaghaidh.  
Nuair tháinig sé ibhaile ó bheith ag feuchaint air 
mar cách, d'fhiarfuigh a mháighistir de cionnus do 
thaithin an banbh leis.  Dubhairt sé gur thaithin sé 
go maith leis, acht go dtaithneochadh sé níos feárr 
leis dá mbeadh smot de aige faoi n-a chuid 
fiacal, "Acht mara bhfuil," ar seision, "is geárr 
 
le congnamh Dé go mbeidh."
"Cad é sin adeirí orú?" ars an maighistir leis.
"Deirim é siúd," ar seision, "ná cualaois 
mé?"
"Chuala is dóigh," ar an seanduine, acht -"
"Acht!" ars an príntíseach, "cad é an eagla-
san ort a dhuine? ca 'n-a thaobh ná cuireann tú 
ceann ar do sgéal, ná bheith mar sin ag smot-
aoil ar an nós-san?"
"Tá an ceart agat," ar seision, ag cur 
smota gáire as.
"Cad é an chúis gáire sin ort anois?" ars an 
buachaill, d'á infhiuchadh go geur.
"Ní fheadar," ar seision, "tá sé ag rith thríom 
rádhmhuillidhibh, acht ní thugaim chun mo chuimhnte 
anois é."
"Ní fheadaraois imás!" ars an buacaill, "acht 
mara bhfeadaraois féin is cuma san de. Tá a 
fhios agam-sa go maith cad air do bhís ag macht-
namh nuair chuiris an smota gáire úd asat."
"Sgaoil chughainn é," ars an seanduine.
"Tá," ars an buachaill, "gur tu bheadh 
sásta dá mbeadh alp do'n bhanbh úd faoid' 
chúlfhiaclaibh agat, agus is tu chogaineóchadh go 
gramhasach é dá mhantaighe taoi.
Ní dubhairt an fear eile faic; do fhátgháirigh 
 
sé ámh. Acht chun sgéal geárr do dhéanamh de, 
chuadar araon faoi dhéin na muice san oidhche, 
agus bhailigheadar leó go baileach í.  Mar as go 
rabhadar sa bhaile níor fhágbhadar an fhuacht air.  
Do chrochadar corcán uisge ar an dteinidh, agus 
do marbhadh é láithreach, agus comh luath agus bhí 
an t-uisge ar fiuchaidh, thógadar de'n teinidh é; 
do nigheadar, do ghlanadar, agus do ghearradar 
i miotaidhibh beaga an banbh bocht, agus chuireadar 
é ar salann, agus rapadar síos san tobán é, 
nach mór i n-a streille-bheathaidh.  An lá ar n-a 
bháireach fuarthas go raibh an banbh imthighthe gan 
fios a thuairisg. Níor leog an méire pioc air, 
acht do chuir lorg ar Dall Bán an Churragh.
D'innis sé do focal ar fhocal, agus d'iarr comh-
airle air.  'Sí an chomhairle fuair sé acht baraille 
lán d'airgiod do chur san áit mar a mbíodh an 
banbh aige d'á thaisbeáint, poll do chur least-
muigh de, agus pic leachta agus tarradh measgtha 
ar fuaid a chéile 'dir an barraille agus an pháil 
i slighe éigin ná tiubhradh an bitheamhnach fá 
ndeara é, treó as go dtiocfadh arís agus go 
mbéarfaoi air.  Thug an méire toradh ar chaint 
an Daill, agus doghein gach ní mar adubhradh leis.  
Níor dhóbhair ná go ngeóbhadh an buachaill 
an bóthar arís.  Chuaidh sé ibhaile agus d'innis 
 
gach aonní mar bhí d'á mháighistir. B'fhuraiste 
an droich-sheóladh chur air.  Geallaim-se dhuit, dá 
liathacht do bhí se, mar bíonn an dúil i ndiaidh na 
tathuighthe d'imthigheadar araon arís, i lár na 
hoidhce nuair thangadar go dtí an pháil, 
adubhairt an buachaill go raghadh sé féin isteach, 
mar bu luaithe agus bu léire, acht ní fuair an 
seanduine aon bhlas air.  
"Fan," ar seision, "agus raghad féin; tá an 
radharc níos géire agat-sa ná tá agam-sa, agus 
déanfair-se níos feárr chun faire."
Nó bhí an oidhche a dhuibheacht-san ná feicfeá an 
té chuirfeadh méar id shúil.
"Sé is feárr ná a chéile," ars an buachaill.
"Lean do shrón;" agus do lean.  "Is amhlaidh bhí 
eagla ar an seanduine go gcuirfeadh an buach-
aill cuid de'n airgiod i bhfolach air féin dá 
dtéigheadh sé isteach, agus annsan go mbeadh 
breis aige air féin.  Isteach lem' sheanduine mar 
sin, agus nuair léim fá dhéin an bharraille cá 
raghadh acht go cromán i nduibheaigeán an tar-
raidh agus na pice, agus nuair thug sé iarracht 
faoi féin do tharrac as, is amhlaidh chuaidh sé níos 
doimhne agus níos doimhne, ar shlighe gur geárr
ná raibh aníos de acht a rabh ó n-a smigín suas.
"Dia linn," ar seision, "atáim caillte!"
 
Bhí an buachaill imuigh ag feitheamh ar airgead 
do chlos d'á chárnáil imach chuige. Bu gheárr go 
gcualaidh sé an seanduine ag rádh - 
"Tuille do'n diabhal chugham, dá mb'áil liom 
fanamhaint ar mo shuimhnios sa bhaile."
Do ghlaoidh ar an mbuachaill, acht ní raibh 
seision an oiread d'amadán le n-a mháighistir, 
ní nach locht air.  Leog sé a uchd ar an bpáil 
agus do chrom isteach.  Bí an fear istigh ag 
úrsnámh ag iarraidh an ruda bhí thiar air do 
dhéanamh. Níor bh'fhada go ndeaghaidh an tarradh 
agus an pic isteach i n-a bhéal agus siar síos 
a sgórnach, agus do shgluig sé i gcionn tamaill
agus an buachaill ag feuchaint air agus ná 
feudfadh cobhair choise ná láimhe thabhairt do. 
Chualaidh an bhuachaill tuairt, agus shíl cóir-
máireach go rabhthars i n-a chomhair féin leis, 
acht ní tháinig aonneach air ámh. Dubhairt sé 
leis féin annsan go bhfuighthí imach ché bhí ann 
nuair thiocfadh an mhaidion.  "Acht tá a fhios 
agam-sa cad do ghéanfad," ar seision, ag baint 
an chínn d'á mhaighistir, agus do sgiob leis é, agus 
níor leog d'aon fhéar fás fá n-a chosaibh go 
dtáinig sé go dtí an gáirdín do bhí i n-aice an 
tighe agus do chuir annsan é.  Nuair chuaidh isteach
ibhaile d'fhiarfuigh an tseanbhean de cá raibh an 
 
seanduine. Níor labhair sé gíog acht do gháirigh.  
Thosnuigh sise ag gol 's ag gollán. "Cá bhfuil 
sé?" ar sise, "innis dam amháin cá bhfuil sé?"
"Cá cuma duit sa diabhal cá bhfuil sé?" ar 
seision, "mara bhfeicfir choidhche é.  Ná fuilim 
féin i n-a mhalairt níos feárr agat!"  Agus
imbasa do stad sí annsan d'á dusaracht, agus 
is í bhí go sásta i gcionn tréimhse.
An lá ar n-a bháireach fuarthas an fear fuar 
marbh, acht ní fheadair aonneach cia ro díobh nó 
cad as é, nú ná raibh fios, fagháil, ná feic-
sint ar a cheann, agus bhí gach aonneach ag 
déanamh iongnaidh do'n mbitheamhnach ná tug a 
cheann leis ag déanamh na gaduidheachta.  Chua-
thars ag triall ar Dall Bán an Churraigh.  'Sí 
an chómhairle thug sé uaidh acht an cholann do 
cheangal idir caplaibh agus í tharrac ar fuaid 
na cathrach i lár an lae, go dtiocfaidhe ar an 
táirsigh maras do bheithí ag gabháil thar an 
ndorus aca, agus go ndéanfadh an té ar leis é 
olagon, agus d'fheudfaidhe méar do chur ar a mhuintir
láithreach bonn.  Dogheineadh mar dubh-
arthas.  Nuair bhíothars ag gabháil thar an mboth-
áinín 'nar mhair sé, tháinig a bhean imach agus 
do chas sí olagón go fada fíoch, agus annsan 
chuaidh isteach chun an príntíseach do bhí istigh ag 
déanamh pigínidh dho féin.  Do lean an gárda 
 
isteach í. Nuair fuair seision ag teacht iad, do 
leog sé lúidín a láimhe chlé ar an gceap-sníomh-
gair agus do gheárr de í leis an dtuaigh; ann-
san do léim sé 'n-a fhear buile ar fuaid an 
tighe.  Dhírigh sé faoi an ngárda, agus d'fhiarfuigh 
díobh cad do bhí d'á dtabhairt isteach, agus cad é 
an iongna bhí orra i dtaoibh an bhean do bheith ag 
gol nuair bhí dé féin geárrtha cómh dona sin, agus 
gan aice do'n tsaoghal acht é.  Agus thugadar an 
dorus imach orra ag gabháil párdúin aige.  Bhíodar 
ag imtheacht ó cheann ceann na sráide go dtí 
dar ndóigh, fá dheiriodh ná raíbh na cnámha féin
fágtha ann de.  D'innseadh do'n méire ná fuar-
thas aonneach do'n chorpán. Chuir sé iarraidh 
ar an nDall, arís, agus d'innis do ná raibh 
aon mhaitheas 'n-a chomhairle.
"Má's eadh," ars an Dall, "ní fada bheidh san 
le rádh agat, acht déin rud orm.  Cuir gairm 
scoile imach agus tabhair cuireach dh'á bhfuil d'óg
agus d'aosda muardtíompall ort; annsan cuir 
t'inghíon i rúm fé ghlas, tabhair buidéilín di, 
agus má théigheann aonneach ag triall airri - ní
raghaidh aonneach acht 'mháin an té ghoid do 
bhanbh - cuireadh sí cuid dh'á mbeidh ann i gclár 
a eudain mar chómhartha."
"An ag magadh fúm taoi?" ars an méire.
 
"Seadh ag magadh!" ars an Dall, "b'shaith liom 
san!"
"Dá mbu dhóigh liom gur b'eadh," ars an méire, 
"do phiocfainn na súile imach asat; ní bheadh 
sé níos lugha agat."
Seadh, cuireadh an gairm scoile imach, tháinig 
gach n-aon; nó ní raibh uatha acht an focal.  Fuair 
cuid d'á dtáinig fios go rabh inghíon an mhéire
fé ghlas, acht má fuair féin ní raibh an spaing 
ionta tabhairt fúithe. Bhí ite agus ól go leór
aca, rinceadh agus abhráin, agus gan aimhrios 
beagán bruighne comh maith céadna.  Sula raibh
leath na hoidhche caithte, bhí gach neach ar dearg-
mheisge, gan aithne a mbeart aca, acht 'mháin prín-
tíseach fear na bpigínidh dhéanamh.  Do chuaidh sé 
anáirde agus ar chuma éigin chúinseamhail fuair
sé an glas do bhaint anuas do dhorus an rúim 
mar a raibh aon-inghíon an mhéire, agus seo isteach 
leis go hughdarthásach.  Chuir sí cuid do'n stuif
do bhí san mbuidéilín ar chlár a eudain, acht do 
ghoid seision an buidéilín uaithi, agus do chuaidh 
síos agus do chomharthuigh gach aon domhan duine
d'á raibh fé iadha 'n tighe an oidhche sin, agus ann-
san do luigh síos agus doghein fear meisgidh 'n-a 
measg.  Tháinic an méire go mocheoirighe ar 
maidin agus d'osgail an dorus do bhí dúnta 
go daingion ó'n dtaoibh-imuigh.  Seo imach le fear.  
 
Lámhuigheadh é go mear.
"Tá beortha ort, mo bhuachaill maith," ars an 
méire.
"Cad í an choir seo déanta agam?" ar seision.
"Coir do chrochta! ars an méire.
Le n-a linn sin tagann fear eile imach. Chon-
naic an méire a chomhartha air go deas. Rugadh 
air go tapaidh.
"Tá beirt bitheamhnach agaibh ann," ars an 
méire.
Imach le beirt eile agus a gcroisín dubh ar 
chlár a n-eudain aca, agus beirt eile 'n-a ndiaidh 
sin; agus bu dhian-ghairid go raibh an dorus pul-
caighthe le daoinibh ag teacht imach, agus gan an 
oiread agus geil gan a chómhartha ar a n-eudan.  
Do leaith a shúile ar mo méire agus tháinig
uathbhás air.
"Mo inghíon, ó mh'inghíon, mo inghíon," ar seision, 
"nú cá bhfuil Dall Bán an Churraigh?  Cuiridh 
lorg air go mear go mbainfead na súile as an 
dallacán diabhail.  Is lag an t-áthas dom bheith 
mar seo aige!" ar seision arís.
Cuireadh.  D'órduigh an méire, lá áirithe, béil-
thigheach do dhéanamh, agus na cosa agus na lámha 
cheangal ag an nDall, agus é chaitheamh idir
corp anam isteach innti.  Tháinig an lá.  
Bhailigh muintear na cathrach ar fad - an méid ná 
 
raibh puínn eile le déanamh aca. Nuair cean-
gladh an Dall bocht agus bhíothars ar bhruach é 
chaitheamh i gcoimhleathan na teineadh deirge, cé 
léimfeadh imach acht mac na Bárdsgolóige, agus
adubhairt ná raibh san ceart - 
"Is mise ghoid an banbh," ar seision; "is me 
bhain a cheann do'n mbitheamhnach; is me chuaidh ag 
triall ar inghín an mhéire nuair bhí sé fé ghlas
i n-a rúm féin; is mé ghein ceud rud nach iad," 
ar seision, "agus má tá an teine-seo tuillte 
ag aonneach is liom-sa tá."
"Tr'um do lámh," ars an méire; thug.  "Tuil-
leann tú m'inghíon-sa," ar seision, "agus bíodh 
sí agat!"
'Sé an t-ainm bhí airri acht An Chroch Gheal, ar 
shlighe gur bh'fhíor do'n Dall go ngeobhadh sé í.  
Pósadh iad araon annsan, agus bhí saoghal breágh 
aca i gcaitheamh na coda eile d'á n-aimsir, agus
ba dhóibh nár mhisde.
Sin é mo sgéal-sa, agus má's bréag é ní fhuil 
leighios agamsa anois air!
 
AN FIOLAR FEALLTACH.
Bhí rí ar Éirinn agus bhí aon mhac amháin aige.  
Maidin tar éis eirighthe do na buachaillibh aim-
sire fuaradar an t-iothla lán d'éanlaithibh éag-
samhla, agus thugadar sgéal do'n righ go 
rabhadar ann.  Dubhairt an rí gan bac leo go 
n-eireóchadh féin, agus níor bhacadar.
Bhí an mac i n-a chodladh aileis, acht má bhí do 
dhúisigh an chaint é, agus do chualadh an cómhradh 
do bhí aca.  D'eirigh sé níos luaithe ná a athair; 
chuir a chuid éadaigh uime, d'fheuch amach thríd an 
bhfuineoig agus do chonnaic na héanlaithe go 
léir; do rith chun a ghuna; do chaith urchar agus 
do leónuigh fiolar san chois.
Ar n-eirighe do'n athair chonnaic an fiolar bacach 
agus d'fhiarfuigh de cad d'imthigh air, agus ar 
bhféidir a leigheas?
"Do mhac-sa do león me," ar sé, "agus ní 
leigheasfaidh aonní me acht seacht mart na seacht 
mbliadhan."
"Ní puínm san," ars an rí, "agus do gheóbhair 
iad pé tráth is mian leat."
Annsan dubhairt an fiolar le gach a raibh sa' 
chúirt dul imach go fóil acht mac an rígh amháin.
 
Do chuadar, agus nuair bhíodar go léir amuigh 
dubhairt an fiolar le mac an righ dul ar a 
dhruim. Do chuaidh acht má chuaidh níor bhféidir leis
teacht anuas arís go dtug an fiolar chun an 
Domhan Toir é do'n scríb-sin. Mac sean-
chaillighe b'eadh an fiolar so.
Nuair shroich sé ceann a riain d'innis d'á 
mháthair go raibh a chos leointe acht go raibh an 
bitheamhnach do leoin í aige.
Bhí an rí agus lucht a chúirte ar an bhfeadh-so 
ag feitheamh le h-iad do ghlaodhach isteach.  Nuair 
b'fhada leo bhíodar ag siocadúireacht chuadar
isteach, acht mioth ná maith fiolair agus mac an 
righ ní raibh le fagháil.
Thug an sean-chailleach órdughadh do'n chailín 
aimsire mac righ Éireann do chur i chodladh, 
agus deoch caol-leanna thabhairt do.  Do chuir 
an cailín i chodladh é, acht ní ar an leabaidh 
d'órduigh an sean-cailleach di.  Do chóirigh sí a 
leabaidh féin do, agus annsan d'innis do go raibh 
trí cruaidh-ghníomhartha ag an gcailligh le cur 
roimhe, nár bhféidir le neart duine a ndéanamh, 
acht go dtiubhradh sí féin cobhair agus congnamh 
do, agus gan ceann-faoi ná mitheachas bheith air.
Air maidin imbáireach th'réis eirighthe do, 
dubhairt an tsean-chailleach leis, an loch do bhí 
faoi bhun na cúirte do thaosgadh, agus fáinne óir 
 
do chaill a sion seanmháthair ann seacht gceud 
bliadhain roimhe sin do bheith aige sula raghadh an 
ghrian i bhfairrge um thráthnóna.  Thug cupán chun
taosgtha do annsan.
D'imthigh agus do chuaidh chun oibre ag taosgadh, 
acht b'fhánach do a ghnó i n-aghaidh an aon chupáin 
do thaosgach imach thagadh seacht gcupáin isteach.
Shuidh sé síos i gcionn tamaill mar bhí sé comh 
maith aige, agus d'fhan mar sin go dtáinic an 
cailín chuige le rud le n-ithe.  Sul ar shroich leis-
sion bheith ithte aige bhí an loch taosgtha aici agus 
an fáinne ar fagháil.
"Seo," ar sise, "an fáinne agus coiméad é; 
b'fhéid go dteastóchadh sé bhuait ar ball."
D'imthigh an cailín airri annsan, agus d'fhan 
seision mar bhí aige go tráthnóna déidhionach; 
nuair do chuaidh abhaile agus d'innis do'n chailligh
go bhfuair an fáinne. Níor iarr an chailleach an 
fáinne air ámh, agus do mhéaduigh san go han-
mhór a chuid áthais.
Le linn dul i chodlach do, dubhairt an tsean-
chailleach leis an gcailín an caol-leann do 
tabhairt mar doghein an oidhche roimhe sin, acht 
b'fhada-san ó n-a cuimhne.  Do ollmhuigh suipéar 
de shóghnidhibh do, agus d'éis a chaithte thug a 
leabaidh féin do.
I mbáireach thug an chailleach píce tri-ladhrach 
 
do agus dubhairt leis aoileach do ghlanadh as 
eachlann i raibh seacht gcéad capall do rith 
seacht gceud bliadhan, agus snáthad do chaill a 
sion sean-mháthair ann do bheith ar fagháil di.
Thug a bhóthar air agus thosnuigh ag caitheamh an 
aoiligh imach go luath léir, acht b'fhánach do a ghnó 
nú go dtáinic an cailín chuige, thug rud le n-ithe 
dho agus fad a bhí dhá chaitheamh do ghlan sí féin 
an t-eachlann, agus do fuair an tsnáthad bhí 
ar seochad rith seacht gcéad bliadhan.  Dubhairt
sí leis an tsnáthad-san do chongbháil, agus gan 
í thabhairt do'n sean-chailligh.
D'imthigh an cailín abhaile annsan agus níor 
leig aonní airri.  Um thráthnóna deirionnach 
tháinic Mac Righ Éireann isteach, agus dubhairt 
go raibh an tsnáthad aige.  Bhí an tsean-chailleach 
i n-a suidhe ar a coragiob le h-ais na teineadh, 
agus ní dubhairt huf ná haf, agus nó níor 
bhfeárr le Mac Righ Éireann mar bhí aci.
Nuair bhí sé am codalta aca, do ghlaoidh ar 
an gcailín, agus d'órduigh di go hairthinneach an 
caol-liúnn do thabhairt do Mhac Righ Eireann, agus
dul i chodladh go mear.  Bhí suipéar breágh ollamh 
aici i n-a chomhair, acht dalla ná diuir do'n caol-
liúnn ní dheachaidh i n-a bheul, agus ní thug sise
do aileis acht comh beag.  Do chuir i n-a leabaidh 
 
féin é d'éise sin, agus do chodail sí féin i réidh-
leabaidh.
Maidin an tríomhadh lae thug an tsean-chail-
leach tuagh do Mhac Rígh Éireann, thug go dtí an 
dorus é, do thaisbeáin crann mór árd téagartha 
do. Dubhairt leis an crann-san do ghearradh, 
go raibh bocsa i n-a bhárr agus lacha ann ar 
gor ar aon ubh amháin, agus an t-ubh-san do bheith 
aige di faoi an tráthnóna.
Do ghread air go dtáinic go ruig an crann, 
d'infhiuch é ó mhullach talamh, do thóg a thuagh go 
neartmhar neamhchlé go hárd san aer, agus do 
chuir í go cúl i mbun an chrann.  Ar dtarrac na 
tuaighe do, do sgéith sgaoin fola imach as i 
slighe gur gheárr go raibh loch fola timcheall buin 
an chrainn, agus do chaith mac Righ Éireann 
teichiodh, agus do bhí an loch ag dul i leithe agus 
i leathad go dtáinic an cailín, thug rud le n-ithe
dho, agus do gheárr an crann í féin fad do bhí 
sé ag caitheamh a chod' bidh.  As go brách leis an 
lacha, thuit an t-ubh sa' loch fola, agus thuit 
croidhe Mhic Righ Éireann comh maith leis, mar 
shíl go raibh a ghnó déanta, acht ní raibh; doghein 
an cailín madruisge di féin, agus ar iontáil 
na boise do bhí an t-ubh aici ó íochtar an locha, 
agus dubhairt leissean a chur chuige agus do 
choimeád i bhfochair an fháinne agus na snáthaide, 
 
agus ar a bhás nú ar a bheatha gan iad do thabhairt 
do'n chailligh go n-iarrfadh iad.
D'imthigh an cailín annsan agus d'fhág seision 
mar a bhí aige.  Um tráthnóna tháinic Mac Righ 
Éireann agus dubhairt leis an gcailligh go raibh
an t-ubh aige, acht níor leig sise airri go 
gcualaidh é, aghus ní dubhairt seision gog ná 
gíog eile, acht d'fhág í ag smaoineadh agus ag 
smúráil gan bac gan buaint léi go dtí faoi 
dheiriodh gur thuit sí i n-aon chúil-chnámh isteach sa' 
teinidh, agus dóbhair go ndéantaoi gréisg agus
gríosach di féin agus d'á smuaintibh - pé saghas 
smaointe b'eadh iad, agus is baoghal ná rabhadar 
blasta.
Nuair bhí sé am suain dubhradh leis an gcailín 
an caol liúnn do thabhairt do Mhac Rígh Éireann 
agus dul i chodladh láithreach, acht ní dheachaidh aon-
neach aca i chodladh agus d'fhan ag áirneán, ag 
beirbhiughadh agus ag bácáil lóin dóibh féin i 
gcomhair an bhóthair bhí rómpa mar bhíodar chun 
teichiodh an oidhche sin.  Trí huaire an oidhche sin 
d'fhiarfuigh an chailleach díobh a ndeachadar i 
chodladh fós.  Dubhradh do'n chéad fhreagara ná 
deaghadar; do'n dara freagra go rabhadar 
ollamh; agus an tríomhadh freagra ní fuaradh 
fós mar bhí an cailín agus Mac Righ Éireann ag
teichiodh rómpa i n-a dha sheabhac.
 
Bhíodar ag imtheacht agus ag síor-imtheacht 
go ndubhairt an cailín le Mac Righ Éireann feuch-
aint ar a chúlaibh sul a mbeadh aonneach ar a 
dtóir. D'fheuch sé agus ní fheacaidh dubhaidh ná 
dadaidh.  "Feuch arís," ar sise i gcionn tamaill 
mhaith eile; d'fheuch, agus dubhairt léi gur léir do 
dhá dhúradán acht go rabhadar i bhfad uatha fós.
"Sin iad an chailleach agus a mac," ar sise, 
"agus tráth bheid ag teacht i ngar dúinn caith an 
fáinne chúca; faid bheid ag cuardach de beam-
ne i bhfad chun tosaigh orra.  Doghein seision mar 
d'órduigheadh do.    
I gcionn an-thamaill eile dubhairt an cailín 
le Mac Righ Éireann feuchaint ar a chúlaibh; 
d'fheuch agus ní fheacaidh aonní.  "Feuch arís," ar 
sise. D'fheuch.  "Chím dhá dhúradán ag teacht 
suas linn go tréan tapaidh."
"Sin iad an chailleach agus a mac," ar sise, 
"caith an tsnáthad chúca anois."
Do chaith, agus faid do bhíodar ag cromadh agus 
ag cuardach di bhí an bheirt eile i bhfad 's i 
bhfad chun tosaigh orra.
"Feuch arís eile," ar an cailín le Mac Righ 
Éireann.  D'fheuch agus ní fheacaidh sé aonni.  
"Feuch anois arís," ar sise i gcionn tamaillín 
eile, agus d'fheuch.  "Ní fheicim," ar sé, "acht 
aon dúradán amháin an uair seo."
 
"Sin í an chailleach féin," ars an cailín," "tá 
a mac cortha. Tóg amach an t-ubh go mear agus 
má bhís deagh-uruchair riamh anois an t-am, agus 
má's féidir leat aimsigh í san adhbhar atá i n-a 
hucht; mara n-aimseochair támaoid araon i 
gcosaibh cró."
Nuair bhí sí ag teacht i n-a ngar chaith sé an 
t-ubh i n-a coinnibh, d'aimsigh í san ucht, do chuaidh 
an ceann caol de'n ubh ar bhior a chínn i bhfolach 
san adhbhar, agus an ceann seamhar go lán-
tapaidh i n-a dhiaidh. Do sgread agus do sgréach 
an chailleach le pian agus peannaid.  Do sgéith
an t-anagarr as an adhbhar agus thuit i n-a 
thulcadh go dtí an talamh; thuit sise i n-a dhiaidh, 
agus thuit an t-anam aiste.
Chuaidh an cailín agus Mac Righ Éireann go 
dtí an Domhan Tiar d'éise-seo.  Thángadar go 
ruig cúirt Righ Éireann, dubhairt an cailín le 
Mac Righ Éireann dul isteach.
"Raghad," ar seision "Má raghair-se lem' 
chois."
"Ní raghad anois," as sise, "acht geall dom 
ná leigfir do'n choin chiair atá ag t'athair tu 
shlíobadh."
Chuaidh sé isteach annsan go h-aimhleisgeamhuil 
mar shíl sé go bhfanfadh sí i n-a fhochair, agus go 
mbeadh mar mhnaoi aige.  Bhí fáilte agus fiche
 
gan aimhrios aca go léir roimhe. Tamall thar éis 
dul isteach do, do léim an cú ciar suas air agus 
é i n-a shuidhe le hais na teineadh, agus do shlíob 
a aghaidh.  Ó san suas ní raibh cuimhne aige ar 
an gcailín.
Thug an cailín a bóthar airri, agus bhí ag 
siúbhal agus ag síor-siubhal go raibh drúcht agus 
deirionnaighe ann.  Do chuaidh suas ar chrann, 
agus do bhí d'fhonn airri fanamhain ann rith na 
hoidhche.  Do bhí abha le hais an chrainn agus 
ceárdcha seal uaidh.  Do bhí tart ar an ngabhain.  
Dubhairt le hinghin leis dul agus braon uisge 
thabhairt chuige.  Fuair sí an crúsca, agus do 
chuaidh go bruach na habhan, agus do chonnaic an 
scáil bhreágh thar bárr; shíl sí nó gurab í a 
scáil féin í.  Do chaith an crúsca uaithe, ag rádh 
ná beadh bean comh breágh léi féin ag tarrac 
uisge do ghabha grána.  Cuir sé inghíon eile amach 
acht b'é an sgéal céadna é.  An triomhadh uair 
chuir sé a bhean amach, acht bhí sí sin seacht n-uair 
níos measa ná an d'á hinghíonaibh.
Bhí tart maith ar an ngabhain faoi dheireadh.  
Chaith sé féin an bóthar do bhogadh annsan.  Nuair 
tháinic go bruach na habhan do chonnaic scáil na
mná, do fheuch suas ar an gcrann; do chuir an 
bhean do bhí thuas sa' chrann smota gáire aiste.
 
"Bhí beagán magaidh agat fuinn go léir," ars 
an gobha.
"Bhí aileis," ar sise.
Tháinig sí anuas agus do chuaidh i bhfochair an 
ghabhain, agus d'fhan aca go ceann an-thamaill 
an-fhada, agus is airri ba mhaith an díol mar is i 
ba thogha agus rogha na mban chun gach aon 
tsaghas gnótha, mín agus garbh.
Aon oidhche amháin chuaidh sí go cúirt an righ; 
níor aithin aonneach í. Do leig coilleach óir 
agus cearc airgid ar bhórd an righ.  Do chaith sí
gráine coirce chúca; rug an coilleach air, agus 
do shluig de thapagoin é.
  
"Is olc an ceart san duit," ars an cailín, 
"an cuimhin leat an t-am do shaor sí t'anam 
duit?"
Bhí Mac Righ Éireann láithaireach, agus ag 
éisteacht.  Thug sé chun cuimhnte a imtheacht san 
Domhan Toir.  Do dhruid sé taobh léi agus 
d'infhiuch í go maith, rug barróg airri, agus do 
theann le n-a ucht í.  Pósadh iad araon.  Ní 
fheadar-sa cionnus mar atáthar aca anois agus 
is ró-chuma liom.
 
MÁIRE NÍ RÓGÁIN.
Do bhí bean i gCiarruidhe dar bh'ainm Máire 
Ní Rógáin.  Bean bhreágh thar bárr b'eadh í, acht 
mar mhórán d'á saghas bhí a lochta féin airri. Le 
feabhus a breághacht shíl gach rí agus rudaire gur 
aige féin bheadh sí; ní beag de sheó ar chail-
leadar d'ór agus d'áirgead faghaint a bhfeud-
faidís teacht i n-a treo ar aon chuma.  Nó ní 
nár bh'iongnadh rith sé leo go bhfeudfadh saidh-
bhreas an tsaoghlacht do mhealladh.  Ba gheárr 
ámh go bhfuaradar imach go rabhadar féin 
meallta; níor fheudadar aon bhogadh bhaint aisti.
Go deimhin féin ní fheadar an amhlaidh bhí sí air-
giodamhuil a dóthain nú cad é bhí ag eirighe di, 
acht go háirithe ní raibh aon chaitheamh mór aice i 
ndiaidh aonneach díobh-seo do bhí go mór ar a 
tuairisc.  B'fhéidir nár bheag léi a luatha do 
phósfadh; cé gur dóigh liom gur b'in galar ná 
fuil gnáthach i measg ban.  Pé fáth ba bhun do, 
dubhairt sí ná pósfadh sí aon duine choidhche acht 
an té do raghadh d'aistear aonlae ó Chiarruidhe go
Baile-atha-Cliath agus do thiocfadh thar n-ais 
ag iarraidh fáinne an phósta. Do bhí a fhios ag 
gach aonduine ná raibh aon dul air sin, agus 
 
d'fhágadh mo Mháire Ní Rógáin ar a máithreachaibh 
fada go leor i ndeiriodh na dála.
Do rith an sgéal agus do leath sé mar is béas 
ó bheul go beul agus ó dhuine go duine go raibh 
sé i ngach aonbhall fae cheann tamaill.  Do 
chuala Donnchadh Daoi é.  Do léim sé agus do 
phreab agus do gheit a chroidhe le háthas.  "Ca 
fios," ar seision, "nach domh-sa táthas d'á 
fágaint!" An riabhach de nár bheirbh lón agus 
nár ghleus é féin is na balcaisidhibh ab fheárr do 
bhí aige, agus do ghluais air go sásta róghach ar 
a phógrás. Níor bh'fada do sa tsiubhal gur 
casadh é ar fear fada lúthmhar.  Do bhí sgeoin i 
n-a shúilibh más eadh, agus cos leis fae n-a chrios.  
Nuair chonnaic mo Dhonnchadh é, tháinic fonn gáiridh 
air, acht nuair chuimhnigh sé air féin i gceart 
dubhairt sé leis féin nár bh'aon chúis gháiridh a 
lethéid.  Ní abraim ná go raibh leath eagla air 
leis, acht bhí sé comh cráisteamhail sin ná raibh aon 
neart ag aon tsaghas eagla fanamhaint i n-a 
chuibhrionn i bhfad, agus imbasa cad deiri leis, 
acht go ndeaghaidh sé chuige agus do chuir caint 
air, agus dubhairt -  
"An misde dam labhairt leat?"
"Ní misde," ars an fear eile, "muran misde 
leat féin."
"Ní fhuil uaim acht caint," arsa Donnchadh.
 
"Seadh máseadh," ars an fear eile, "ná bíodh 
eagla ort go mbeidh aon easbaidh cainte ort fad 
do bheir i n-éinfheacht liom-sa maran tu féin is
ciontach leis."
"Is furaiste réitioch liom-sa," arsa Donn-
chadh, "acht cogar, caidé t'ainm?"
"Cos-fae-Chrios," ar seision."
Chuala teacht tharat go minic," arsa Donnchadh; 
dian gur tu bhí uaim díreach, ámh shíleas go rabhais 
marbh, agus go raibh deiriodh do mhaithis fagháltha
fad ó."
"Atá breith agam ar an mbás," arsa an fear 
eile," is feárr lá as an uaigh ná lá inte."
"A, abair é," ars Donnchadh, "agus rud eile, 
má tá aonní foghanta le fagháil thall tá an 
tSíorruidheacht fada ár ndóthain chuige."
"Díreach," ars an fear eile, "bhainis as mo 
bheul é; acht caide seo is ainm duit?"
"Donnchadh Daoi," ar seision.
Is beag nár phléasg gáiridh an Chos-fae-Chrios 
nuair chualaidh sé cia bhí aige, mar san am-san 
ní raibh fiú brónc ná raibh a fhios aige go dian-
mhaith gur bhé mo Dhonnchadh Daoi an leath-amadán 
ba mhó bhí i nÉirinn. Do chisigh sé air féin máseadh 
agus do bhrúigh chuige comh maith agus d'fheud, acht 
do bhreathnuigh agus d'infhiuch sé é go géar.  Nó 
do shíl an fear eile gur breágh an rud an fheuch-
<L95>
aint-seo, agus do labhair sé arís agus d'fhiarfuigh 
sé de cad aige cos leis bheith faoi n-a chrios, nú 
cad do bhí ar siubhal aige 'n aonchor?"
"Gnó ait atá ar láimh agam-sa," arsa Cos-fae-
Chrios; "Tá feirm annso i n-a bhfuil seacht gceud 
páirc; i ngach páirc aca-san atá seacht gceud
n-acra, seacht gceud beárna in gach páirc, agus 
seacht gceud gearrfhiadh i n-aghaidh gach beárnan.  
Caithfead-sa gach aon cheann riamh díobh do 
choimeád isteach."
"Caithfir?" arsa Donnchadh.
"Caithfead go deimhin," arsa an fear eile.
"Diabhal go bhfuil feidhm ort," arsa Donnchadh, 
"níor mhaith liom bheith id bhrógaibh, acht caidé an 
fáth go bhfuil cos leat feistighthe suas fádh chrios 
agat?"
"A dhuine," arsa mo Bhos-fae-Chrios, "rithim-se 
comh mear-san nach gábhadh dhom acht cos, dá 
mbeadh siad araon fúm mar tá fút-sa is dócha 
ná feudfainn stad nuair ba mhaith liom."
  
"Ní fuláir nú go mbionn pádh an-árd duit as-
san?" arsa mo Dhonnchadh.
"Riabhach ruainne mhaise acht aon chúig phúintín 
amháin gortaidh.
"Tut, tut, agus ná bí ag magadh fúm," arsa 
Donnchadh.
"An ann measann tú go mbeinn ag streal-
<L 96
ladh éithigh?" arsa Cos-fae-Chrios.
"Ní headh, faire, ní headh, acht gur lag an 
díol ar chleasaidhe fir mart-sa chúig phúint sa 
mbliadhain," arsa Donnchadh," acht cogar aleith 
go fóil.  Tiubhrad-sa deich bpúint agus culaith 
éadaigh duit acht teacht liom chois."
"Ca bhfuil an t-airgead, stóigh, ar dtúis?" 
arsa Cos-fae-Chrios, mar tháinig iongnadh air an 
oiread-san airgid do bheith ag leadhbán mar é;
nó shíl sé, ní nár locht air, gur ag líminiughadh 
bhréagh do bhí sé, agus ná raibh fiú cianóige aige.  
Imbasa do chuir mo Dhonnchadh a lámh i n-a phóca, 
agus thug an t-airgead do ar an láthair sin.  Do 
bhí Cos-fae-Chrios comh sásta-san gur beag nár 
leag an tarna chos faoi.  Níor bhac sé leis an 
eudach, acht d'imthigheadar araon leo go mear.  
Mar le Donnchadh bocht, do thaosgfá allus de, 
acht Cos-fae-Chrios comh tirm le spríos gan tais-
riughadh air.
I gcionn lae nó mar sin, thángadar ar fear 
i n-a sheasainh i bpáirc an-mhór. Bhí bas leis ar 
a leath-chluais aige.  Do chuadar faoi n-a dhéin,
agus do labhradar chuige.  D'fhiarfuigheadar de 
caidé an t-ainm do bhí air, agus cad aige do bheith 
ar an nós-san.  Dubhairt seision leo gur b'é 
féin Cluas-le-hEisteacht, ná raibh aon adhal-
laoire air, go gcloiseadh an féar ag fás san 
 
Domhan Toir, agus gur leor do aon chluais 
amháin chuige-sin.
"Cloisim," ar seision," gach aonní; "agus nach 
bocht an díol dam chúig púintín san mbliadhain?"
 
"Bocht, an eadh?" arsa Donnchadh, "ní headh 
mhaise acht spriúnlaithe; cad adéarfá dá bhfuigh-
theá deich púint uaim-se anois?
"Déarfainn ná heiteochainn," arsa Cluais-le-
hEisteacht.
Do chuir sé lámh i n-a phóca agus do thairg na 
deich púint do.  Do ghlac sé iad go ceanamhail, 
agus do ghluaisiodar a dtriúr orra annsan go 
tiugh teasaid.  Faoi cheann lae nú mar sin do 
casadhi adan ar fear eile, ait go leor, dála 
beirte eile.  Bhí a lámh chlé ar súil leis, agus 
guna i n-a láimh eile, agus é mar bheadh sé ag
tabhairt faoi éun nó ainmhidhe éigin mar sin.  Do 
chuadar chuige agus d'fhiarfuigheadar an as a 
mheamhair do nó ag magadh fútha féin do bhí sé.  
Nó ba mhór an iongna nár mhairbh sé iad, bu 
dhiabhail an chráiste bhí ag piaca aca do labhair 
leis, agus an guna ar léigh aige-sean, agus dá 
rithfeadh leis go bhfeudfadh iad d'fhágaint tréith.
"Ní fuilim as mo mheamhair," ar seision, "agus 
ní oraibh-se a bhuidheachas. Tá gnó mór ar láimh 
agam - páirc chruithneachhta atá annso le béal 
bainte. Tá seacht n-éin san spéir anáirde i 
 
n-aghaidh gach léis dá bhfuil ann, agus dá bhfeud-
faidís teacht anuas ní fhágfaidís roiléith de le 
chéile."
"Agus cad tá dhuit as?" arsa mo Dhonnchadh 
breágh.
"Cúig phúint," ar seision.
"Lag go leor agus ró-lag," arsa Donnchadh, ag 
crothadh a chínn le truagh dho, mairge."
"Ní fhuil leighios air," ars an fear eile, "toisg 
gan aon phreis bheith ar shócainidh, tá airgiod 
tearc."
"Tearc nú reiseamhuil," arsa Donnchadh," seo 
deich púint agus tar liom-sa; má bhíonn tú id 
bhuachaill mhaith gheóbhair ball éadaigh nú b'fhéidir
culaith ó mhullach talamh i gciunn do bhliadhna 
dhuit."
"Biodh i n-a mhargadh," arsa Súil-le-Feuchaint
- b'in é a ainm.
Do ghluais an triúr i n-éinfheacht le mo Dhonn-
chadh annsan, agus níor staonadar do'n stáir-
sin gur shroicheadar cúirt Mháire Ní Rógáin.  Do 
bhuail mo leath-amhadán go húghdarthásach ag an 
ngeata; leis an bplab thug se shíltheas gur 
tighearna éigin anmhór do bhí imuigh.  D'osgladh do 
go mear, agus d'fhiarfuigheadh cad do thug é.  
D'innis sé do'n gheatóir gur b'í an chailín óg do 
bhí uaidh.
  
"Agat féin atá a fagháil nó a cailleamh-
aint," ars an fear eile.
Tugadh Donnchadh i láthair na mná óige.  Dubh-
radh leis bheith ollamh go moch air maidin.  Fuair 
sé féin agus a chuid fear rud le n-ithe agus le
n-ól, an méid ba mheon leó agus leapachas.  Le 
deargadh an dá neull bhí Donnchadh i n-a shuidhe, 
agus ithte agus ólta aige féin agus ag á chuid
fear.  Do chuadar imach ar an macha; bhí mo 
Mháire imuich rómpa, réidh rianta chun aisdir.
"Bhfuil tu ollamh?" ar sise le Donnchadh.
"Duin-uasal seadh mise," ar seision léi, 
"agus fad atá buachaill agam ní fhuil sé ceart 
agam dul leat; raghaidh sé seo leat," ar seision, 
ag póinteáil ar Chos-fae-Chrios.  Bhí sí sásta.  
Ar léi féin agus Cos-fae-Chrios annsan.  D'imthigh-
eadar agus d'imthigheadar gur cailleadh radharc 
orra. Máseadh sé Cos-fae-Chrios bhí ar tosach.  
Ní fheudfadh an ghaoth congbháil suas leó, comh 
géar-san a ngreadadh agus a ngluaiseacht.  Ba
gheárr gur séirseáladh Máire Ní Rógáin.  Do 
bhí Cos-fae-Chrios i nglínntibh chun cínn airri.  
D'fhan sé léi ar mhullach cnuic. 
"Táim traochta," ar sise, "leig do cheann im 
ucht go fóilín."
Do leig.  I nóimitín do chuir sí an biorán 
suain i n-a chúl, agus do thuit sé i n-a chodladh go 
 
sámh.  D'éirigh sise, agus do ghread sí léithi agus 
d'fhág seision annsan. Do bhí an triúr eile ag 
tigh Mháire Ní Rógáin, agus saoghal breágh
aca mar ná raibh riamh roimhe-sin.  I lár an tsuilt 
agus an spóirt do léim Cluas-le-hÉisteacht 
suas.  "Go réidh go fóil," ar seision, "cloisim 
mar bheadh srann."  Do chiuinigh an chuid eile, 
agus creidim gur dheacair leo é. Do chuir cluas 
ar féin arís.  Is ann bhí ná Cos-fae-Chrios ag 
sranntarnaigh ar lán a dhíchill.
"Bí imuigh, bí imuigh," arsa Donnchadh Daoi, 
"agus feuch."
D'éirigh Súl-le-Feuchaint agus do rith imach an 
dorus; is beag nár bhris sé ceann d'á chosaibh 
leis an bhfuadar do bhí faoi.  Do rith sé isteach
tar éis feuchaint go maith géar do le n-a leath-
shúil.  "Tá Cos-fae-Chrios i n-a dhubhchodladh, agus 
sean-chloigeann sean-chapaill fá n-a cheann 
aige."
"Tá an eadh?" arsa Donnchadh, agus do thuit a 
chroidhe ar an leadhb bocht, agus d'athrugh a líthe.
"Sin é díreach an tsrantarnach do chuala-sa," 
arsa Cluas-le-hÉisteacht.
Do chuadar imach i bhfochair a chéile annsan.  Ní 
raibh smog as mo Dhonnchadh Daoi, mar shíl sé cóir-
máireach go raibh an bhean-uasal caillte aige.  
Do chuir Súil-le-feuchaint a ghuna le n-a leath-
 
ghualainn agus do thug iarracht faoi Chos-fae-
Chrios, agus do chuir an sean-chloigeann do bhí fá 
n-a cheann, na seacht léig chun seachráin. Do 
phreab sé suas agus do chuimil a shúile d'fheuch-
aint cá raibh sé 'n-aonchor, agus nuair tháinig sé 
chuige féin, agus d'aibigh an radharc aige do 
sgaoil sé sa tsiubhal. Rug sé ag Baile-átha-
Cliath ar Mháire Ní Rógáin, agus i istigh i siopa
ag ceannach fáinne.  Do cheannaigh mo Chos-fae-
Chrios fáinne eile.  Nuair thug sé an t-airgiod 
chun díol as, níor fhan sé leis an mbriseadh
d'fhagháil, acht comh luath as do fuair greim ar 
an bhfáinne do ghlan leis, mar as go gcuirfeá 
na gadhair leis, agus níor stad ar chnoc ná 
sliabh, ar bhóthar ná i n-aon áit eile gur shroich 
sé mar a raibh mháighistir agus an bheirt eile.  
Do bhí an lá buaidhte aige, agus mo leadhbán 
leath-óinsighe buaidhte leis go deo.  Pósadh mo 
Dhonnchadh Daoi agus Máire Ní Rógáin nó láith-
reach bonn.  Do chongaibh sé an triúr-so rith a 
saoghail, agus níor leig sé síos orra a fheabhas 
d'imreadar do nuair bhí sé i n-an-chás.
(Deiriodh.)
NOTAIDHE.
Cé beag an leabhrán-so tá mórán neithe ann ná glacfar 
agus nach glactha le n-a lán.  Dom dóigh, ní fhuil aonní b'fhéidir 
ar a mbeithior níos fuathmhaire 'ná "ná" roimh briathraibh gan 
análughadh gan urdhubhadh i n-áit "nach" ag urdhubhadh.  Ní 
scríobhfainn "ná" acht go bhfuil cleachtuithe ar fud Chúige 
Mhumhan.  agus go bhfaghthar é go mion minic i sgríbhinnibh
bhaineas le haimsiribh sárfhada siar.  Ní fhuilim d'á rádh gur
ceart a aithbheochan, nó le ceart a choitchionnughadh, óir tá sé 
beo go leor fós, acht nach fuil coitchionn leastmuigh do 
Mhumhain, go bhfios domh-sa. Ní léir dam aon fháth nach 
déanta é, má tá indéanta ó tá.  Go bhfuil urdhubhadh iomad-
amhail san nGaedhilg indiu is follus d'aonneach; tá gleus
annso le n-a bhfeudfar a laghdughadh beagán, agus ní ghlacfar 
 
do láimh é, do bhrigh nach fuil an gnás i gConnachtaibh ná i 
nUlltaibh. Ní'l aon agamh ná go bhfuil neithe i ngach uile 
Chóige nach inleata do sgríbhneoir, achtannso go háirithe atá 
litridheacht líonmhar ag neartughadh leis an ngnás Muimhneach, 
bíodh go bhfuil an gnás eile sogfhaghala comh maith ceudna.  Do 
bheadh aonduine ainchneasda adéaradh gur ceart aon díobh-so 
do chaitheamh i leathtaoibh, ar lorg bheagáin graiméarach do 
cheap agus do chur ar bun mórán dlighthe atá araon mícheart 
mío-dhual. Ar righ-scoláiridhibh ní labhraim, acht orra-so do shaoth-
ruigh eolus éigin ar an teanga láithrigh as leabhraibh, agus do bhí 
ainbhfiosach ar fad ar an teangaidh seanda, agus aineolach go
mór ar Ghaedhilg mar labharthar i n-a líomthacht í, ó Phort-
Láirge siar suas go Doire.  Mar adubhart cheana ní fhuilim 
d' rádh go bhfuil "nach" aincheart, acht adeirim go bhfuil 
"ná" comh ceart leis, agus b'fhéidir níos cirte.  Le 
heagla ná creidfeadh a lán so uaim, dobheirim beagán somplaidh as 
"Passions and Homilies," atcinsoin, ag taisbeánadh an nóis 
díreach mar cleachtathar indiu i gCúige Mhumhan.
Nó : Nú
I n-áit "nó" deirthior "nú" i Mumhain.  Fós níor casadh aon 
eisiompláir de liom 'san litridheacht.  B'fhéidir ó sontar 
"nua", .i. úr, mar "nó," go ndeárnadh an t-athrughadh so, chor 
go bhfeudfaidhe an dá fhocal do dheifirughadh go soilléir.
 
F AGUS EÓ SAN OIRTHEARACH.
Is na briathraibh aimhriaghalta ní ceart F acht ionnta-
so amháin "dochím", "cluinim," "tigim," ámh tá sé ag sleamh- 
nughadh isteach, nó tá istigh cheana féin, agus comh fada sin 
anois go bhfuilim eaglach nach féidir a dhíbirt, dá mbu mhaith é 
féin.  I gcuid aca tá sé ionadtha comh daingion gur cinnte mé 
ná dífhreumhochar anois é; i gcuid eile díobh tá sé comh mío-
thairbheach mícheart-san gur cóir a sgrios láithreach. m.s. … 'íos-
fad," "rachfad."  Ionnta-so tá sé so-sgriosta go leor; acht - 
i mórán eile díobh is doleighiste, dosgriosta anois é; feuch ar 
"adeirim," agus "doghnímh."  D'fheudfaidhe iad-so d'athcheart-
ughadh go heusgaidh, dom dhoigh ámh ní dingéantar choidhche, agus ní 
déanta b'fhéidir, dá ndingeantaoi. Caithfear a admháil ná fuil 
aon bhriathar comh truaillighthe i gcaint, ná comh ilghnéitheach i 
litriughadh le "doghnímh."  San deisceart ní abarthar "dorinne" 
(dorighne, doringhne, nó dorinn, mar castar orainn iad uile), 
acht "doghein" nó "ghein" ("dhein," ar uairibh).  Ní déarad-
sa a thuille i n-a dtaoibh-so, acht seolaim an macléighinn go 
"Trí Bior-Ghaoithe an Bháis." Taobhimuigh do "táim," cuir-
thior an F isteach i n-oirthioracht bréithre aimhriaghalta. Is
na briathraibh riaghalta, ar an leith eile, sonntar é mar "th" - 
is dóigh gur fuighioll an "t" oirthioraigh i Sean-Ghaedhilg an T so 
 - muna gcríochnuighidh le guth nó le fuaim ghutha, m.s. cnaoim,
cnaoifead; réidhim, réifead, 7c. San bhfoirm fulangtha ní 
laguighthior F go th choidhche; ní abeórthaoi "casthar," "chas-
thaoidhe," i n-ionad "casfar," "chasfaidhe.'c.
San dara comhcheangal briathar, .i. iad-so i n-uighim.  
Athruighthior I go EO, agus Gh go Ch chum an oirthioraigh do 
dhéanamh.  I gCúige Mumhan ní malartuighthior an Gh ar aonchor.  
Eirigheann so, dom thuairim, as fuathmhaireacht do gharbh-fhoghar 
Ch.  Mar sin do sgríobhtar; árdóchadh, -air, -aidh, 7c., mar 
árdoghadh, -air, -aidh; nó árdód, -óir, -óidh, 7c., go minic, agus 
sontar amhlaidh sin i gcomhnuidhe iad.  Achr is ceart an dá
 
fhuirm so do chosg, agus aon aca do thoghadh agus araile do 
dhíoghadh, acht i bhfilidheacht,cé gur feárrde aon fhuirm annso 
leis, chor go mbeadh aontomhas coitchionn.
ADH, IDH I NDEIRIODH FOCAL.
Go minic fágaim imuigh "adh" a mórán focal do nach 
ceart.  Is fiosach dom go maith gur cirte "cúigeadh" ná 
"cúige," "tuilleadh" ná "tuille," agus mar sin de.  Ní 
fheicim caidé an tairbhe iad so do sgríobhadh, acht amháin do 
bheagán scoláir lorgas focal-eolais.  Chítear d'aonneach go
bhfuil an iomad litreach balbh cheana i n-ár measg, agus cuid 
aca san gan úghdarthás mar atá "teith," "béith," "uaithne,"
"Nidh," 7c., i n-áit "te," "bé," "uaine," "ní," 7c. Sgríobhaim 
"fagháil," cé gur cirte "faghbháil"; atá "fagháil" comh 
seanda-san ná feicim caidé an maitheas "balbhán" do chur 
mar ualach ann anois.  Ní cóir dham a dhearmad gur leigeas 
imach litreacha i "slighe", "teine," agus a léithéid sin. I 
ndeireadh mbriathar sontar "dh" i gCúige Mhumhan mar "ig," 
agus comh maith céadna i ngeineamhnach ainmeann.