Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fabhail-scéalta ó Aesop 3
Title
Fabhail-scéalta ó Aesop 3
Author(s)
Aesop,
Pen Name
Seán a' Chóta (Aistr.)
Translator
Ó Caomhánaigh, Seán
Composition Date
1925
Publisher
Alec Tom agus a chuid, Teóranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fabhail-Scéalta Ó AESOP
An Leómhan, an Beithir, agus an Sionnach. Fuair Leómhan agus Beithir ablach Oisín, agus do dheineadar troid fhada fé 'n-a shealbhughadh. Do bhí an coimheascar chómh fada, dian san, agus chómh comhthrom san, go rabhadar araon, sa deireadh, leathchaoch, leathmharbh sínte ar an dtalamh agus saothar ortha, gan de neart ionta baint leis an nduais a bhí leagtha eatartha. Sionnach a bhí ag gabháil thar brághaid ar an uain sin, agus a chonnaic an aiste anbhfann a bhí ortha, do chuaidh idir an
cómhlannaidhthe agus d'árduig leis an chreach. "Nach sinn na créatúirí mío-ádhmharacha," do screadadar, "atá tréis ár nirt do thraochadh, agus sinn féin do ghortughadh, díreach chun proinne do sholáthar do chladhaire!" An Ghé agus na hUibhe Órdha. Do bhí sé d'ádh ar fhear áirighthe Gé bheith 'n-a sheilbh a rugadh Ubh Órdha an uile lá. Ach de chionn a mhíoshástacht lé fághaltas chómh mall san agus gur smaoineadh do an cisde ar fad do ghreamughadh in aoinfheacht, do mhairbh sé an Ghé; agus ar a hoscailt do, fuair í — ar nós aon ghé eile! Teastuigheann breis ón mórán agus cailleann an t-iomlán. An Leómhan agus an Deilf. Do bhí Leómhan ag gluaiseacht do féin go neamhaistearach cois farraige go bhfeacaidh Deilf ghá ghrianadh féin ar ucht an uisce, agus thug cuireadh dho cómhar do dhéanamh leis, "mar," ar seisean, "ós mise rí na n-ain- mhidhthe agus gur tusa rí na n-iasc budh chóir
gur chómhcháirde agus chómhchuallaidhthe sinn." D'aontuig an Deilf go háthastamhail; agus níor bhfada 'n-a dhiaidh san go ráinig troid idir an Leómhan agus tarbh fiadhain, agus ghoir an Leómhan ar an nDeilf a chóngamh geallta do thabhairt do. Ach cé go raibh fonn cónganta ar an nDeilf, ní fhéadfadh teacht amach as an bhfarraige chun an Leómhain, agus chuir seisean coir bhraithte 'n-a leith. "Na bíodh milleán agat orm," ars an Deilf i bhfreagra, "ach bíodh a mhilleán agat ar mo nádúir, mar cé gur cómhachtach í ar an bhfarraige, is anbhfann í ar an dtalamh." Ag toghadh ár lucht cómhair ní fuláir dúinn a gcómhacht do bhreithniughadh maidir lé fonn a gcabhartha.
An Stocaire in a Bhráighe. Stocaire gur deineadh bráighe de, d'iarr ceathramha go dúthrachtach, "Anaclaidh me, a fheara maithe, athchuingim oraibh, agus ná cuiridh chun báis me gan cúis mhaith, mar nár mharbhuighas féin aon'ne, agus ná fuil aon airm agam ach an stoc so." "Ar an adhbhar gcéadna san," ar siad san a ghreamuig é, "is eadh is túisce cuirfear chun báis thu, mar gan spirid na troda ionat féin, spreagair cách chun catha agus fola." An té a spreagas coimheascar is measa é ná an té a chuidigheas ann.
An Fiadhaidhe agus an t-Iascaire. Do bhí Fiadhaidhe ag filleadh abhaile ós na sléibhtibh agus tromsheilg aige, agus bhí Iascaire ar an am gcéadna ag triall abhaile agus cliabh lán d'iasc aige, agus ránguigh- eadar ar a chéile. Tháinig éileamh ag an bhFiadhaidhe ar mhéis den iasc: budh mhéine leis an Iascaire séire den seilg. Mar sin thug ceachtar aca a raibh 'n-a chiseán don bhfear eile. Agus ar an gcuma so do mhalartuigheadar go laetheamhail a seilg, go ndubhairt duine dár thug fé ndeara iad, "Anois millfidh an síormhalartughadh so dúil a mbéile; agus is geairrid gur b'é mian cheachtair aca filleadh ar a stór féin airís." An Ghiumhais agus an Dris. Lá n-aon do bhí Crann Giumhaise ag maoidheamh as féin le Dris. "Níl aon áis ionat-sa in ao'chor; acht connus tógfaidhe sciobóil agus tighthe gan mise?" "A dhuine chóir," ars an Dris, "ar theacht dos na Coillteóiribh annso lé n-a dtuaightibh sa dtuireascaibh, cad chuirfeá i gcumha bheith id Dhris in ionad Giumhaise?" Is feárr dáil neamhchúiseach i ndaingneacht ná an t-iomard san chonntabhairt a bhíos ar tí lucht láin agus tóirtéise.
An Madra ar cuireadh Séire. Thug duine uasal, go raibh fleadh mór ullamh aige, cuireadh do Charaid chun séire; agus ar bhualadh do Mhadra an Duine Uasail lé madra na Carad dubhairt, "Téanam, a bhuachaill mhaith, agus bíodh do shéire agat im fhochair-se anocht." Do tháinig áthas a chroidhe ar an Madra i dtaobh an chuireadh, agus ar fheicsint an chóirighthe ar fad i gcómh- air na fleadhtha dubhairt leis féin, "Ríogh- chóir lóin go deimhin! dar fiadh, is fíorádh
so go fírinneach. Bainfead aoibhneas as shóghaltaisíbh, agus tabharfad aire mhaith tómas flúirseach do chur isteach anocht, mar b'fhéidir ná beadh faic lé n-itheadh agam ambáireach." Ghá rádh so leis féin, do chroith sé a earball go háthastamhail, agus thug féachaint shleamhain ar a charaid a thug an cuireadh dho. Ach leag súil an chócaire ar earball an Mhadra ag luascadh sall 'sanall. D'aithin an cócaire gur madra iasachta é, agus gan puinn moille do ghreamuig ar chosaibh deireadh é, agus chaith amach tríd an bhfuinneóig é. Ar shroichstint na talmhan do, seo leis síos an tsráid ag glamghal, gur rith Madraidhe na gcómharsan chuige a's gur fhiafruig de connus mar thaithnig a shéire leis. "Dar fiadh, mhuise," ar seisean, go bróngháireach, "ní mór gur feas dom, mar d'ólamair chómh trom san nách féidir liom a ínnsint dibh ceaca slighe ghaibheas amach as an dtig." Iad so a ghaibheas isteach tríd an gcúl- staighre ná bíodh díombáidh ortha má teasbáintear an fhuinneóg dóibh.
An Fhuiseóg agus a Cuid Geárrcach. Ráinig ál Geárrcach Fuiseóige i ngort arbhar a bhí aibidh, agus ag dul amach an uile lá ar lorg bídh dá máthair, chuireadh sí ar a súilibh dóibh, mar bhí coinne aice lé lucht an bhainte, cluas lé héisteacht do bheith aca agus tuairisc gacha scéala do bheith aca dhi. Lá amháin, agus an mháthair amuigh, tháinig fear an ghuirt d'amharc connus mar bhí an barra. "Is lánmhithid," ar seisean, "mitheal des na cómharsanaibh do bhailiughadh, agus mo chuid arbhair do bhaint." Nuair tháinig an tSeanfhuiseóg abhaile d'innis na geárrcaig di a gcualadar, agus d'athchuingeadar uirthe iad d'aistriughadh feasda. "Am go leór," ar sise; má chuireann sé iontaoibh as a chómharsanaibh beidh fanacht fada aige lé n-a chuid fóghmhair." An lá 'n-a dhiaidh san tháinig
fear an ghuirt airís, ámhthach, agus ar bheith don ngréin níos teó agus don arbhar níos aibeamhla, agus gan faic déanta, dubhairt, "Níl nóimint lé cailleamhaint, ní tugtha dhúinn iontaoibh do chur as ár gcómharsanaibh; caithfeam glaodhach ar ár ngaoltaibh"; agus labhair lé n-a mhac, "Imthig agus glaoidh ar t'úncailíbh agus ar do ghaoltaibh, agus feic go dtosnuighid ambáireach." Budh mhó go mór eagla na ngeárrcach ag ínnsint an scéil seo dá máthair. "Mara b'shin a bhfuil ann," ars an mháthair, "níl cúis eagla agaibh, mar tá a gcuid fóghmhair féin 'ge n-a ngaoltaibh; ach bídh an-aireach i dtaobh a gcloisfidh sibh an chéad uair eile, agus bídh deimhnightheach é d'ínnsint dom go cruinn." Chuaidh sí amach lá'r n-a bháireach, agus tháinig an feirmeóir, mar tháinig an lá roime sin, agus fuair an gráine ag silleadh lé haibeamhlacht, agus gan aon'ne ag obair, ghlaoidh sé ar a mhac. "Ní féidir linn fanacht feasda lé n-ár gcómhar- sanaibh ná ár gcáirdibh; téidhir agus fostuig lucht bainte anocht, agus cuirfeam sinn féin i bhfeidhil oibre ambáireach." Nuair ínns na rudaidhe óga so dá máthair dubhairt sí:- "Mar sin is mithid dúinn bheith ag gluaiseacht go deimhin, mar in ionad é d'fhágaint fé dhaoinibh eile, bí dearbhtha dhe go meádhann sé cur chun oibre i ndáiríribh."
Na Lorcáin ar Lorg Righe. Sa tseanaimsir, nuair bhí a saoirse ag na Loscánaibh ameasc na loch, agus iad tuirseach do, gach aon'ne aca, bheith ag leanamhaint dá dheóintibh féin, do chruinnigheadar i dteannta a chéile, agus ní gan mórchuid glisiama d'athchuingeadar Iúipitear rí do bheith aca chun breis riartha do dhéanamh 'n-a measc, agus iachall do chur ortha beatha níos macánta do chaitheamh. B'eól d'Iúipitear baois a gcroidhe, agus chuir a n-iarratas ag mion- gháirí é, agus chaith bloc adhmaid anuas 'on loch, agus leis an streall agus an suathadh a dhein sé, do chuir sé scannradh agus alltacht ar an gcomhfhlaitheas go léir. Do lingeadar fé'n uisce agus isteach 'on tslab, agus níor leómhaidh teacht i ngiorracht faid deich gcéimeann don sail. Sa deireadh sháidh Loscán budh dháine ná an chuid eile a cheann os cionn uisce, chun amharc do bhaint as a Rí nuadh, seal neamhchonntabharthach uaidh. Ar an mball, nuair chonnacadar go raibh an tsail 'n-a cómhnaidhe, gan cor aiste, chrom a thuilleadh aca ar snámh chúiche agus tímcheall uirthe; go rabhadar ag dul i ndánaidheacht, uidh ar n-uidh, agus fé dheóidh do léimeadar anáirde uirthe agus táir mhór aca dhi. Óir go rabhadar míoshásta lé riaghalthóir chómh
mín sin d'ímpidheadar ar an mball Iúipitear rí eile budh ghníomhaighe do thabhairt dóibh. Ar sin do chuir sé Corriasc chúcha, nách túisce a bhí in a measc ná chrom ar a n-alpadh, ceann ar cheann, chómh tapaidh a's d'fhéadfadh breith ortha, agus b'fhuar aca iarracht do thabhairt ar éalódh uaidh. Annsan chuir- eadar Mearcaraidhe lé teachtaireacht rúin go dtí Iúipitear, ghá athchuinge air, truagh do bheith aige dhóibh uair eile, ach d'fhreagair Iúipitear iad ná rabhadar ach ag fulang an pionóis budh chóir dá mbaois, agus feasda go bhfoghlumóchaidís leigeant don maith, agus gan míoshásamh do bheith ortha mar gheall ar a ndáil nádúrdha.
An Seanduine agus an Bás. Seanduine a thaisteal achar fada agus beart mór slat ar a dhruim aige, d'eirig chómh tuirseach san gur chaith uaidh é, agus ghlaoidh ar an mBás teacht agus é d'fhuascailt ó n-a bheata anródhach. Tháinig an Bás de phreib ar a ghlaodhach, agus d'fhiafruig de cad bhí uaidh. "Guidhim thu, a dhuine chóir," ar seisean a chur de chomaoin orm amháin, an t-ualach so d'árdughadh orm airís." Ní hionann glaodhach ar an mBás agus é d'fheicsint ag teacht. An t-Iascaire. Cuaidh Iascaire chun abhan chun iascaig; agus nuair bhí a líonta curtha aige treasna an tsrotha, do cheangail sé cloch ar théid fhada, agus do bhuail an t-uisce ar dhá thaobh an lín, chun an éisc do bhagairt isteach ann. Duine des na cómharsanaibh a chómhnuig tímcheall an bhaill sin, agus a thug a chúram fé ndeara, bhuail sé fé n-a dhéin agus mhilleánuig go mór é i dtaobh an uisce do chorraighe, agus a dhéanamh chómh salach san ná raibh sé ionólta. "Is oth liom," ars an t-Iascaire, "ná taithnigheann so leat, ach is lé suathadh an uisce ar an gcuma so a gheibhim-se mo shlighe bheatha."
An Gadaidhe agus an Madra. B'é mian Gadaidhe, a tháinig chun tighe do shlad, slaimice do chaitheamh chun Madra an tighe go stadfadh sé dá sceamhghal. "Gread leat!" ars an Madra; "Do bhí amhras agam ort cheana, ach dearbhuigheann an bárr síthbhialtachta so dom gur cladhaire thu." Foillsigheann breab na láimhe míoghníomh an chroidhe.
An t-Asal agus a Mháighistirí. Asal a bhí ag Gárdnóir go raibh mórchuid lé déanamh aige, agus fíorbheagán lé hitheadh, d'athchuinig ar Iúipitear é d'fhuascailt ó fhóghnamh an Ghárdnóra, agus mháighistir eile do chur air. Go feargach i dtaobh míoshás- tachta an Asail do thug Iúipitear do Criadóir é. Budh thruime go mór na hualaighe a bhíodh ghá iomchar anois aige, agus d'athchuinig ar Iúipitear é d'fhuascailt airís; dá réir sin do shocruig Iúipitear é do dhíol lé custaire. Anois go raibh an t-Asal bocht i gcrúcaidhibh budh mheasa ná riamh, agus cúram a mháighistir ghá thabhairt fé ndeara go laetheamhail aige, do gháir go cneadach, "Fáiríor géar! nách mise an truaghán! B'fheárr dom fanacht go sásta dom féin i bhfochair mo sheanmháighistirí, mar cidhtear dom anois, ní hamháin go n-oibrigheann an té gur leis anois me, faid is beó dhom, ach ná coigleóchaidh dom sheithe agus me marbh!" An té a bhíos míoshásta in aon áit amháin is annamh a bheadh sásta in áit eile.
An Dá Phota. Dhá Phota, ceann aca de chré, an ceann eile d'umha, árduigheadh síos ar abhain tuille iad. D'iarr an Pota Umha ar a chompánach fanacht in a aice féin, agus go gcosnóchadh é. "Go raibh maith agat i dtaobh do thairsgine," ars an Pota Cré, "ach sin é díreach go bhfuil an t-eagla agam roimis; dá ndéantá-sa fanacht uaim b'fhéidir go snámhfainn síos saor; ach dá dteangbhaidh- imís ar a chéile, táim deimhnightheach gur mise a dhíolfadh as." Seachain cómharsa róchomhachtach; mar má thagann crágadh, is é an té is laige go gcuirtear an tinn air.
An Dochtúir agus a Othar. Do bhí Dochtúir ag fritheáilt ar dhuine bhreóidhte ar feadh i bhfad, ach d'éag sé fé n-a láimh. Sa tsochraid ghaibh an Dochtúir tímcheall ameasc gaolta an fhir, ghá rádh, "Ár gcara bocht, dá ndéanfadh sé fanacht ón bhfíon, agus freasdal ar an dtaobh laistig aige, agus earraidheacht cheart do thabhairt do féin, ní beadh sé n-a luighe annso anois." D'fhreagair duine den lucht éagcaointe é, "A dhuine chóir, ní haon mhaitheas tusa ghá rádh san anois, budh chóra duit an t-oideaf san do thabhairt dot Othar faid agus bhí sé beó chun a thógtha." Is minic sárchómhairle ródheidheanach. Na hÉin, na hAinmhidhthe agus an Básdorcha. Tráth n-aon do cuireadh cath fíochmhar idir na hÉin agus na hAinmhidhthe. Ar feadh i bhfad níor ródhearbhtha cad críoch do bheadh ar an gcómhrac, agus ag breith búntáiste ar a nádúir neimhchinnte, sheachain an Básdorcha iad agus d'fhan neachtarach. Fé dheireadh nuair thaidhbhsig na hAinmhidhthe bheith in uachtar, do luig an Básdorcha lé n-a dtreasaibh, agus bhí go gníomhach sa troid; ach ar athshlógadh
dos na hÉanaibh, agus gur eirig leó, fuair- theas i ndeireadh an lae é ar threasaibh na mbuacach. Ar shíothcháin do chríochnughadh go luath, do dhaor an dá thaobh an Básdorcha as a mhí-iomchar, agus ó ná haithneóchadh aon taobh aca é, agus gur éisceadh é ó choingheall- aibh an tsosa, b'éigean do caolughadh leis chómh maith agus d'fhéad, agus riamh ó shoin tá a chómhnaidhe i bpollaibh agus i gcúileannaibh, gan é de mhisneach aige aghaidh do thabhairt ar an saoghal ach in amhascarnach na cróntrátha. An t-Arab agus a Chamall. Ar chur ualaig ar a Chamall d'Arab d'fhiafruig de ceaca bfheárr leis gabháil leis an gcnoc nó i gcoinnibh an chnuic. "Guidhim thú, a mháighistir" ars an Camall go tur, "aithris dom, an bhfuil an tslighe dhíreach treasna an mhágha dúnta?"
An Leómhan agus an Gabhar. Lá beirbhthe samhraidh, agus an teas ag goilleamhaint ar gach aon nidh, tháinig Leómhan agus Gabhar ar aon uain chun tobair bhig chun a dtarta do mhúchadh. Chromadar ar throid gan mhoill ceaca ólfadh ar dtúis, go dtí sa deireadh gur dheallramhtach go raibh ceachtar aca ar tí seasamh in aghaidh an chinn eile go bás fiú amháin. Acht, ar staonadh dhóibh ar feadh nóiminte den imreas, chun a n-anála do tharang, chonnacadar ealta badhb os a gcionn ag follumhain, ag feitheamh ar chao d'fhághail ar phreabadh ar peaca thuitfeadh. Ar sin do dheineadar síothcháin, agus d'aon- tuigheadar gur bh'feárr go mór don mbeirt aca bheith 'n-a gcáirdibh, ná biadh príochán agus badhb do dhéanamh díobh féin.
An Machtíre agus an t-Aodhaire. B'fhada do Mhachtíre ar imeall tréad caorach gan aon díobháil do dhéanamh dóibh. Mar sin féin do bhí amhras ag an Aodhaire, agus níor thug faillighe sa chaoiribh in aghaidh an Mhachtíre mar bhí meas namhad dearbhtha aige air. Ach nuair ghluaiseadh an Machtíre ar fuaid na gcaorach gan aon iarracht do thabhairt ar iad do chiapadh, budh mhóide meas carad ná namhad ag an Aodhaire air; agus lá áirighthe go raibh d'ócáid air dul isteach 'on chathair, d'fhág sé na caoire fé n-a chúram. Ní túisce fuair an Machtíre an chao ná sháidh chun na gcaorach, ghá gciapadh agus ghá mar-
bhughadh; agus ar fhilleadh don Aodhaire, agus fheicsint a thréada millte, do scread sé, "Is mise an t-amadán! ach níor thuilleas a mhalairt agus mo thréad do chur ar iontaoibh Machtíre!" Is mó conntabhairt cara doiléir ná namhaid dhearbhtha.
An t-Asal, an Sionnach, agus an Leómhan. Do dhein Asal agus Sionnach cómhar daingean, agus chuadar ameasc na ngort ag fiadhach. Bhuail Leómhan ar an slighe leó. Chonnaic an Sionnach an chonntabhairt ag bagairt, agus dhein muinnteardhas leis an Leómhan, agus chogair go mbraithfeadh an t-Asal do, má gheallfadh do gan a dhiobháil féin do dhéanamh. Ar aontughadh don Leómhan san do dhéanamh, thug an Sionnach iarracht ar an Asal do chur i ndraip. Ní túisce chonnaic an Leómhan an t-Asal daingean, ná sháidh sé chun an tSionnaig, ag coimeád an Asail i gcómhair an chéad bhéile eile.
Na Beacha, na Ceirneabháin agus an Earc Do dhein ádhbhar Beach a gcruiceóg i dtamhán follamh crainn daraighe. D'áitig na Ceirneabháin gur bh'i a ndéantús féin í, agus gur leó í. Rugadh an chúis 'on chúirt os chómhair an Bhreithimh Earc. Toisc a eólais ar an dá thaobh, labhair sé mar seo leó:- "Tá na héilightheóirí agus na cosnaig chómh deallramhtach san lé chéile i gcruth sa ndath go gcuirfeadh sealbhaidheacht na cruiceóige i bpoll an amhrais duine, agus is maith is ceart an chúis do thabhairt os mo chómhair. Is leis an gcúinse atá agam lé cur os bhur gcómhair is fearr a cuideófar lé fáth na córa agus le conspóid na cúirte. Tógadh gach dream agaibh cruiceóg chúcha féin, agus deinidh criathar, ionnas go bhfoillsdóchadh sealbhthóirí dlistin- eacha an ghabháltais atá i dtagairt iad féin ó chuma na gceall agus bhlas na meala. D'aontuig na Beacha go léir cúinse na h-Earca. Do dhiúltuig na Ceirneabháin de. Ar sin thug an Earc a breith: — "Is follus anois cé dhein an chruiceóg, agus cé nách féidir leó a dhéanamh; molann an Chúirt an mhil dos na Beachaib."
An t-Asal agus an Tiománaidhe. Asal a bhí ghá thiomáint fean an bhóthair 'ge n-a Mháighistir, ghéaruig air agus d'fhág an gnáthchasán, agus dhein corp ar aghaidh ar bhruach faille. Nuair bhí sé díreach ar tí tuiteam, tháinig an Máighistir ar an láthair agus rug ar earball air, agus thug iarracht ar é do chúladh chun a shaortha; ach ar bheith don Asal ag cur n-a choinnibh, agus ag tarang ar mhalairt slighe, do scaoil an fear a ghreim, agus dubhairt, "Seadh, a bhuachaill, ós áil leat bheith id mháighistir, níl aon leigheas agam-sa ort. Caithfidh ainmhidhe ceanndáine a shlighe féin do beith aige."
Na Luchaidh agus na hEasa. Dob fhada na Luchaidh agus na hEasa i gcogadh lé chéile, agus de bhrigh go gcuirtí an ball ar na Luchaibh do shíor, d'aontuigh- eadar fé dheireadh, ar chruinniughadh a gairmeadh go solomanta i gcómhair na hócáide, gur lé ceal smachta a tháinig a ruaig i gcómhnaidhe, agus nách de dheascaibh aon nidh eile, agus chinneadar, dá réir sin, Cinn urraidh riaghalta do thoghadh i gcómhair na haimsire lé teacht. Ar an adhbhar san do thoghadar iad so gur dhearbhuig a n-éacht 'sa gcalmacht iad i gcómhair an ionaid thábhach- taig. Lán de mheas as a n-ionad, agus fonn ortha bheith taidhbhseach agus b'fhéidir do bheith, cheangail na nuadh-Chinn urraidh seo adharca ar a n-éadanaibh agus saghas círe mar chómhartha céime. Níor bh'fada 'n-a dhiaidh san gur thárlaidh cath. Budh gheairrid, mar budh ghnáth, gur cuireadh an ruaig ar na Luchaibh; do theich an díoscar 'n-a bpollaibh; ach ó nár bhféidir leis na Ceannaibh urraidh dul isteach 'n-a bpollaibh mar gheall ar faid a n-adharc do rugadh ortha, ceann ar cheann, agus alpadh iad. Níl aon chéimdhealughadh gan a chonntabh- airt coimhdeachta.
An Cairrfhiadh agus an Fhineamhain. Carrfhiadh go raibh fiadhaidhthe go dian ar a thóraidheacht, chuaidh i bhfolach do féin fé bheanngánaibh Fineamhna. Do ghaibh na fiadh- aidhthe tharais gan a fhionnachtain, agus nuair tuigeadh do go raibh saor, slán ó ghuais, do chrom ar na duilleógaibh a fholuig é do bhroscadh. Ach bhraith duine des na fiadhaidhthibh glór, agus d'iompuig tímcheall, agus, ar thuairm go raibh an fiadh ann, chaith urchar isteach 'on tor agus mhairbh é. Agus é ag fághail bháis do, chnead sé na bréithre seo: "Tá cion mo dhearmaid agam as mo mhíobhuidheachas, ná féadfainn foidne díobhála do dhéanamh ar an bhFineamhain a chosain me lé linn na guaise."
Na Taistealaidhthe agus an Tuagh. Bhí beirt fhear ag taisteal ar an mbóthar gcéadna lá, agus fuair duine aca tuagh ag dul amugha; thóg sé í, agus scread, "Feuch cad fuaireas-sa!" "Ná habair fuaireas- sa," ars an fear eile, "ach fuaireamair- ne." Tréis tamaill, tháinig na fir a chaill an tuagh, agus chasadar leis an bhfear go raibh sí aige gur ghoid sé í. "Fairír," ar seisean lé n-a chuallaidhe, "Tá deireadh linn!" "Ná habair linne," d'fhreagair an fear eile, "ach tá deireadh liom-sa; mar an té ná leigfeadh dá charaid a chuid den nduais do bheith aige, ná bíodh súil aige fonn do bheith air a chuid den gconntabhairt do bheith aige." An Leómhan agus an t-Asal ag Fiadhach. Do dhein Leómhan agus Asal margadh dul amach ag fiadhach i dteannta a chéile. Ar ball thángadar go dtí uaimh, mar ar dhein mórán gabhar fiadhain a ngnáthóg, agus ar dhul isteach don Asal, do speach agus do gháir, agus dhein mórfhothrom chun iad do scann- rughadh amach as an uaimh. Nuair bhí beirthe ag an Leómhan ar chuid mhaith dhíobh, tháinig an t-Asal amach agus d'fhiafruig de má budh dhóigh leis ar dhein sé troid éachtach, agus an
ruaig do chur ar na gabharaibh i gceart. "Do dheinis go deimhin," ars an Leómhan, "agus dearbhuighim duit go scannrófá me féin leis, mara mbeadh a fhios a bheith agam gur Asal thu." Nuair lamháltar scaothairí i gcuideachtain a n-uachtarán, is chun áise do bhaint asta é agus chun ceap magaidh do dhéanamh díobh. An t-Athair agus a Bheirt Inghean. Fear go raibh beirt inghean aige thug duine aca i gcleamhnas do Gárdnóir, agus an duine eile do Chriadóir. Tréis tamaill thug sé cuaird ar thig an Gárdnóra, agus d'fhiafruig dá inghin connus mar bhí aice, agus connus mar bhí ag eirghe léithe. "Go sármhaith," ar sí; "tá gach aon nidh againn atá ag tasdáil uainn; 'sí m'aon athchuinge go dtiocfaidh duartán báistighe chun ár bplanndaidhe d'fhliuchadh." B'shiúd leis go tig an Chriadóra, agus d'fhiafruig dá inghin connus mar bhí an saoghal aice-se. "Níl faic in easnamh orainn," d'fhreagair sí; "agus is é mo ghuidhe go leanfaidh an aimsir thirim seo de, chun ár leac do bhácáil." "Fairír," ars an t-Athair, "má ghuidhir-se aimsir bhreágh, agus do dhribhshiúr báisteach, ceaca ghuidhfead féin?"
An Capall agus an t-Asal Ualaigh. Fear go raibh Capall agus Asal aige b'é a ghnáth ar a chúrsaidhibh coigilt don gCapall, agus an t-ualach ar fad do chur ar dhruim an Asail. Ráinig an t-Asal ag ceileabhradh lé tamall, agus d'iarr lá ar an gCapall cóngamh do thabhairt do lé cuid de'n ualach, "Mar" ar seisean, "dá dtógthá ádhbhar cuibheasach, raighead i bhfeabhas go luath airís; ach má dhiúltuighir do chabhair orm marbhóchaidh an truime seo me. Do ghoir an Capall, ámhthach, ar an Asal bualadh air agus gan bheith ghá bhodhradh lé n-a ghireántaibh. Ghread an t-Asal leis, gan gnús as, ach níor bhfada ná go raibh an t-ualach rómhaith dho agus gur thuit sé 'n-a phleist mhairbh mar fhoraithris sé. Ar sin tháinig an maor, do scaoil an t-ualach de'n Asal marbh, do chuir ar mhuin an Chapaill é, agus chuir iachall air ablach an Asail d'iomchar 'n-a theannta san. "Mo thruagh, mo dhrochaigne!" ars an Capall; "I dtaobh diúltuighthe mo chion comhthruim de'n ualach is éigean dom é ar fad d'iomchar anois, agus ualach marbh mar bhárr ar an scéal." Ní fada ón gcois ag drochaigne a smach- ughadh.
An Sionnach agus an Púicín. D'éaluig Sionnach isteach go tig aisteóra, agus ag piardáil 'sag útamáil do ameasc a ilghréithre, fuair Púicín deighcheárdach. "Ceann deighfheuchain, go deimhin!" d'éig sé; "a thruagh go bhfuil ceal incheann air!" Is suarach is fiú scéimh bhreágh ar luach na háite istig.
An Leómhan Breóidhte. Leómhan ná raibh ann feasda fiadhach na seilge do dhéanamh de dheascaibh seanaoise, luig fé 'n-a phruais, agus dubhairt agus duadh anála air go raibh sé an-bhreóidhte go deimhin. Do leath an ráfla ameasc na n-ainmhidhthe, agus budh mhór é a mbrón san don Leómhan breóidhte. Ceann ar cheann thángadar ar a thuairisc; acht, ar bhreith mar seo dho ortha 'n-a n-aonar, budh gheárr an mhoill air creach do dhéanamh díobh, agus chuaidh i mbeathuigh- teacht ar a chóir bídh. Tháinig amhras ag an Sionnach ar fhírinne an scéil, agus chuaidh ghá fhiosrughadh, agus 'n-a sheasamh do tamall uaidh, d'fhiafruig de'n Leómhan connus mar bhí 'ge n-a Shoillse? "Á, a chara is ionmhuine," ars an Leómhan, "an tusa san? Cad fáth seasamh chómh fada uaim? Druid liom, a chara bhinn, agus cogair focal cómhfhurtachta i gcluais an Leómhain bhoicht, go bhfuil snáth a shaoghail ar tí briste." "Mo bheannacht ort!" ars an Sionnach, "ach gaibh agam-sa toisc nách féidir liom fanamhaint; mar, chun na fírinne d'ínnsint, nílim istig liom féin ge'n rian cos go léir a chím annso, ag gabháil fé dhéin do phruaise, agus gan ceann aca ag deimhniughadh fillte amach."
Is fusa dul ná teacht as áit; agus níl ann ach ciall choitcheann bealach ár bhfillte do bhreithniughadh sara dtéidhimíd i leith dulta isteach. An Feirmeóir agus na Corra Glasa. Do luig ádhbhar Corr Glas i ngort nuadh- churtha Feirmeóra. Ar feadh tamaill scann- ruig an Feirmeóir iad lé bagairt crann- tabhaill folaimh ortha. Ach nuair fuair na Corra Glasa gur ag bagairt ar an ngaoith do bhí sé, níor chuireadar aon nath ann as san amach, ná níor léimeadar uaidh. Ar sin do theilg an Feirmeóir lé clochaibh ortha, agus do mhairbh mórchuid aca. "Gluais- imís," ars an chuid eile aca, "go tír na Luprachán, mar ní bagairt atá ar ínntin ag an bhfear so feasda, ach ár gcoscairt i ndáiríribh."
An Fiolar agus an Cág. Thug Fiolar fogha ó charraig aoird ar uan, agus d'árduig leis é. Cág, a chonnaic an móréacht san, agus gur tuigeadh do a chóimhghníomh do dhéanamh, scaoil anuas lé n-a lánneart ar reatha, ar ínntin a árdach leis mar luachsaothair. Ach ar dhul dá chrúcaidhibh in achrann san olainn, do dhein sé an oiread san fothruim d'iarraidh éalódh, gur tháinig an t-aodhaire, ar fheicsint do connus mar bhí, agus rug ar an gCág, do bhearraidh a sciatháin, agus d'árduig leis abhaile é chun a leanbhaidhe ar thuiteam oidhche. "Cad é an
t-éan é seo atá tugtha chughainn agat, a athair?" d'fhiafruig an chlann. "Seadh, má fhiafruigheann sibh de féin é, déarfaidh gur Fiolar; ach má ghaibheann sibh lém fhocal so, tá a fhios agam ná fuil ann ach Cág." An Colúr Tartmhar. Colúr go raibh an tart ag cur go dian air, agus a chonnaic gloine uisce dathuighthe mar chómhartha, do tuigeadh do gur gloine dhearbhtha í; agus ar an adhbhar san do ling anuas lé n-a neart ar fad, gur bhuail i gcoinnibh an chláir, agus gur bhris a sciathán agus gur teilgeadh go lagbhrigheach chun talmhan, ionnas go rug duine a bhí ag gabháil thar brághaid air. Ní minic gur siubhall mór deabhadh mór. An Beithidheach agus an Damh. Beithidheach a bhí imthighthe fiadhain ameasc na ngort, agus nár bhraith riamh an chuing ar a mhuineál, chas sé lá lé damh treabhtha i dtaobh géilleadh do n-a lithéid de shaothar a's de dhuaibhseamhlacht. Ní dubhairt an Damh faic ach leanamhaint dá ghnó. Níor bhfada 'n-a dhiaidh san gur fearadh féile mhór. Fuair an Damh lá saoire; ach árduigheadh chun an altóra an beithidheach lé n-íodhbairt. "Má
sí seo crích do dhíomhaointis-se," ars an Damh, "dar liom gur feárr mo chuid oibre ná do chuid súgraidh. Is mór gur feárr liom an chuing ná an tuagh ar mo mhuineál." An Ridire Maol. Ridire áirighthe go raibh an t-aos ag teacht air, do thuit an ghruaig de agus d'eirig maol; chun na heasbaidh seo do cheilt chaith sé bréigchiabh. Ach ar bheith dho i bhfochair daoine eile lé conairt fiadhaig, do sciob soighneán oban an bhréigchiabh de, gur nochtadh a chloigean maol. Ní fhéadfadh an chuideachta foidne ar gháirí fé'n gcinneamhaint; agus gháir sé féin chómh hárd lé cách agus dubhairt,
"Connus b'fhéidir súil do bheith liom gruaig iasachta do choimeád ar mo cheann, nuair ná fanfadh mo chuid gruaige féin orm?" An Sionnach agus an Corriasc. Lá n-aon thug Sionnach cuireadh proinne do Chorriasc, agus ó b'áil leis súgradh do dhéanamh do féin ar mhíoghnaoi a aoidhe, níor sholáthruig i gcómhair na cuirme ach lag-an- bhruithe i méis eadoimhin. Budh gheárr an mhoill ar an Sionnach so do leubadh, agus maidir leis an gCorriasc, ní raibh i ndán béalóige do thógaint lé n-a ghob fada, caol, agus bhí chómh hocrach i ndeireadh na proinne a's bhí nuair thosnuig sé. Ar an am gcéadna do leig an Sionnach air cathughadh do bheith air i dtaobh a luighead a ith an Corriasc, agus go raibh eagla air ná raibh an mhias sobhlasta a dóthain dá charabhat. Ní mór a dubhairt an Corriasc, ach d'athchuinig ar an Sionnach an chuaird do chúiteamh; agus dá réir sin d'aontuig proinn do caitheamh i bhfochair an Chorriaisc lá ar n-a bháireach. Ráinig an Sionnach go tráthamhail, dílis dá gheallamhaint, agus órduigheadh an phroinn ar an dtoirt; ach ar a cur 'n-a láthair, cuireadh uamhan air gur in árus caolscrogallach a bhí an phroinn, síos ann gur sháidh an Corriasc
a ghob 'sa sheangmhuineál, tráth a's gur bh'éigean don Sionnach bheith sásta lé leupghal ar scrogall an chrúsca. Óir nár bh'féidir leis a chuid ocrais do shásamh, chúl leis chómh galánta agus d'fhéad, ghá rádh gur dheacair do lucht d'fhághail ar a chaoimheachán, nár thug do ach cion dá dhéanamh féin. An Seabhacadóir agus an Phaitrisc. Ar bhreith do Sheabhacadóir ar Phaitrisc 'n-a lion, do scread an t-éan go dobrónach, Scaoil liom, a Mhaoir Seabhacadóra, agus geallaim duit go meallfad Paitriscí eile 'od líon." "Ní scaoilfead," ars an fear, "pé rud a dhéanfainn, tá fonn orm anois gan tusa d'anacal; mar níl aon bhás ró-olc don té atá ullamh ar a cháirdibh do bhraith."
An Criadhaire agus an Fharraige. Do chonnaic Criadhaire long lánfhuirin ghá thuargaint ag an bhFarraige, agus scread uirthe: "A Fharraige! a dhúil mhealltaig, neamhthruaighmhéilig, a mhilleas a dtéidheann ar t'ucht!" Chualaidh an Farraige é, agus ghaibh chúiche guth mná, agus d'fhreagair, "Ná tabhair milleán dom-sa; ní mise cúis an anaithe seo, ach an Gaoth ná tugann sos dom nuair shéideann chugham. Ach dá seóltá-sa orm nuair bhíonn an Ghaot i bhfad uaim, déarfair gur míne agus gur soronna me ná do thalamh beatha féin." An Chéis agus na Caoire. Chuir céis óg fúithe i gcródh Caorach. Lá amháin do ghreamuig an t-aodhaire í, agus má ghreamuig, do scréach agus do speach an chéis go láidir, teann. Do chas na Caoire léithe an screadach, agus dubhradar: Is minic do ghreamuigheann an maor sinne, agus ní screadaimíd." "Seadh, san," d'fhreagair an Chéis, "ach ní hionann cás dúinn; mar is ar son bhur gcuid olna a ghreamuigheann sé sibhse, acht mise chun mo fhriochtadh."
An Tarbh agus an Gabhar. Ar bheith do Tharbh ghá chluiche ag Leómhan, do theich isteach in uaimh mar ar dhein Gabhar fiadhain a ghnáthóg. Do chrom an Gabhar ghá chiapadh agus ghá phleanncadh mar gheall air sin. "Ná tuig," ars an Tarbh, "má fhulaingim seo anois, gur rómhat-sa atá aon eagla orm. Bíodh an Leómhan as amharc, agus foillseóchad duit an deifridheacht atá idir An Tharbh agus Gabhar." Beireann daoine suaracha buntáiste ar chruadhtan a gcómharsan chun a gciaptha; ach tagann an tráth go mbíonn aithreachas a ndrochmhúinte ortha.
An Chú agus an Girrfhiadh. Tréis fhiadhaig fada rug Cú ar Girrfhiadh sa deireadh, agus chrom ar ghreim fiacaile do bhaint as agus, annsan ar é do leubadh. Níor bh'feas don nGirrfhiadh cad fuadar a bhí fé'n gCoin, agus dubhairt: "Más cara thu, tuige greim fiacaile do bhaint asam? — ach más namhaid thu, cad fáth me shlíogadh?" Is measa cara amhrais ná namhaid dhearbhtha; bíodh fear mar seo nó mar siúd, agus is eól duinn connus réidhteach leis. An Garsún agus na Collchnóite. Chuir garsún áirighthe a lámh isteach i gcrúsca mar a raibh mórchuid Fígí agus Collchnóite; do ghreamuig sé oiread agus d'fhéadfadh a lámh do chongbháil, ach nuair thug iarracht ar í do tharang amach, do choisc caoile an scrogail é. Budh neamhfhonn leis aon chuid aca do chailleamhaint, ach ó nár bhféidir leis a lámh do tharang amach, do phléasc sé ar ghol, agus chaoin a mhío-ádh go géar. Buachaill macánta a ráinig 'n-a sheasamh in aice dho, thug an chómhairle ghlic, chiallda so dho:- "Ná greamuig ach leath an dlúsa atá agat, a bhuachaill, agus eireóchaidh leat go bog."
An Fearasal in Oifig. Asal a bhí ag iomchar Íomháig ar thascar creidimh, do bhítheas ghá thiomáint tríd an mbaile mór, agus fuair umhalughadh an uile dhuine ghaibh tharais. Ar sin do bhorr an t-Asal go mór, mar tuigeadh do gur do féin an t-adhradh so, agus ní chorróchadh céim eile. Ach budh gheárr an mhoill ar an dtiom- ánaidhe an bata do chur 'n-a luighe ar a easnadhachaibh, ghá rádh, ar an am gcéadna, "A bhreillice baoise! Ní duitse atáthar ag umhalughadh ach don Íomhágh atá ar iomchar agat." Glacann amadáin ortha féin an meas a bhíos ag dul dá n-oifig.
An Seangán agus an Colúr. Chuaidh Seangán chun tobair chun a tharta do mhúchadh, agus thuit isteach, agus d'fhóbair a bhádhadh. Ach ráinig Colúr 'n-a shuidhe ar chrann chómhgarach, go bhfeacaidh conntabhairt an tSeangáin, agus do staith duilleóg, agus chaith san uisce chun an tSeangáin í. Chuaidh an Seangán ar an nduilleóig, agus ar an mball caitheadh i dtalamh é. Díreach ar an uain sin, do bhí éanadóir ag leathadh a lín, agus bhí ar tí an Cholúir do mhogalughadh ann, nuair thug an Seangán fé ndeara an fuadar do bhí fé, agus phrioc sa tsáil é. Leis an bpreib do baineadh as an bhfear dob éigean do an líon do scaoileadh uaidh, agus ar mhúscailt d'eagla a guaise don gColúr léim leis go slán. Tuilleann deighbheart deighbheart.
An Meannán agus an Machtíre. Chuaidh Meannán ar fán ó n-a thréad, agus dhein Machtíre tóraidheacht air. Nuair chonnaic sé ná raibh aon tslighe éaluighthe aige, d'iompuig ar an Machtíre, agus dubhairt, "Ní fuláir dom a admháilt go deimhin gur me do chreach, ach ós rud é gur saoghal gearra atá agam bíodh sé meidhreach. Seinn-se ar feadh tamaill, agus rínncfead-sa." Faid bhí an Machtíre ag píobaireacht agus an Meannán ag rinnce, chualaidh na Madraidhe an gheóin agus ritheadar fé n-a déin d'fhéach- aint cad bhí ar siubhall, agus b'áthas leis an Machtíre greadadh leis chómh mear agus bhí 'n-a chois.
An té chuireas é féin as an slighe chun amadáin do dhéanamh do féin, ná bíodh iongadh air má chailleann an duais. An Feirmeóir agus na Madraidhe. Feirmeóir nár bh'fhéidir leis a thig d'fhágaint ar feadh an gheimhridh chruaidh ag sneachtadh, agus go raibh an scéal go dian air i dtaobh bídh nár bh'fhéidir leis gabháil amach chun a sholáthair, chrom ar a chuid caorach d'itheadh. Toisc gur lean an drochaimsir, d'ith sé na gabhair annsan. Agus sa deireadh — mar nár tháinig aon aitreamh ar an ndoininn — chrom sé ar dhamhraidh an treabhtha d'itheadh. Ar sin sé dubhairt na Madraidhe lé chéile, "bímís ag bogadh; óir ná fuil aon truagh ag an Máighistir don ndamhraidh oibre, ní cosamhail go dtabharfaidh anacail dúinne. Nuair bhíonn teine i dtig ár gcómharsan, is mithid dúinn súil do thabhairt ar ár dtig féin. An Luch agus an Eas. Is go duaibhseamhail do thriall Luch bheag, ocrach, sheirgthe isteach i gciseán arbhair mar a bhfuair sí an choinnimh chómh maith gur líon agus gur dhíng í féin chómh mór san, ná raibh an poll mór a dhóthain dá corp borruighthe nuair budh mhian léithe fágaint. Agus í n-a
suidhe ag béal an phuill ag cneadaig fé n-a dán, tháinig Eas, a chualaidh a glórtha caoi, ar an bhfód, agus labhair ar an gcuma so léithe:- "Fan annsan, a chara, agus déin troscadh go dtéidhir i dtanaidheacht; mar go deó na ndeór ní thiocfair amach go dtí go luigheaduighir thu féin go dtí'n can céadna 'n-a rabhais ar dhul isteach duit." An Feirmeóir agus an Leómhan. Do chuaidh Leómhan, lá, isteach i mbannra, agus lé fonn beartha air do dhún an feir- meóir an geata air. Nuair ná féadfadh an Leómhan gabháil amach do chrom ar na caoiribh d'ionnsaidhe, agus annsan thug a aghaidh ar an ndamhraidh. Mar sin, ar eagla agus ar mhaithe leis féin, d'oscail an Feirmeóir an geata, agus chuir an Leómhan de chómh tapaidh agus b'fhéidir leis. Thug bean an fheirmeóra an cúrsa ar fad fé ndeara, agus d'éig ar a fear nuair chonnaic sí iomard chómh mór san air mar gheall ar dhochar a chuid eadála, — "Tá cion do dhearmaid fachta agat; mar cad bheir duit bheith chómh mór san ar díthcéille agus ainmhidhe a choimeád, dá bhfeictheá tamall "uait gur mhian leat a bheith níos sia uait." Is feárr eagla do chur ar ghadaidhe ná breith i ngaiste air.
Saobhliagh Loscáin. Ar eirghe amach as shlab corraig do Loscán, d'fhógair don saoghal go raibh tagtha chun na huile aicíde do leigheas. "Féachaidh!" ar seisean "tagaidh chun dochtúra, fear míodh- chuine a leithéid nár airig an duine riamh roime seo; níor airig, fiú amháin Aoscula- pais féin, liagh rítheaghlaig Ióib féin!" "Agus connus," ars an Sionnach, "a leó- mhair cur rómhat cách do leigheas, tusa ná fuil ar do chumas do chéim bhacach féin do leigheas, agus do chroiceann gearbach, rocach?" Fromhaidh maoidheamh fir as a chleachtadh. A Liaigh, leighis thu féin!
An Fál agus an Fíonghort. Oidhre óg leanbaidhe a tháinig i seilbh inmhe a athar ghlic, do thóch sé a raibh d'fhálaibh tímcheall an fhíonghuirt, toisc nár thugadar aon tsilíní. D'fhág leagadh na bhfál a chuid talmhan fé léith dhuine agus ainmhidhe, agus budh ghearr gur loiteadh a chuid fineamhan go léir. Ar an gcuma so d'foghlumuig an buachaill saonta, nuair bhí sé ródheidheanach aige, nár cheart do súil do bheith aige silíní do bheith ar dhriseógaibh, agus go raibh sé chómh tábhachtach a Fineamhain do chosaint lé n-a sealbhughadh. An Gabhar agus an Giolla Gabhar. D'imthig Gabhar ar fán ón dtréad, agus bhí an Giolla Gabhar ar a chroidhe díchill d'iarraidh é do thabhairt thar n-ais chun a chuallaidhthe. Nuair ná cuirfeadh an Gabhar aon tuath ann féin ná 'n-a chuid feadghala, do rug sé ar chloich sa deireadh, agus bhuail an Gabhar san adhairc gur bhris í. Lé scannradh mar gheall ar cad bhí déanta aige, d'athchuinig an Giolla ar an nGabhar gan é do ghireán lé n-a mháighistir; acht d'fhreagair an Gabhar: "A Aodhaire Gabhar is lugha
chéille! inneósaidh m'adharc féin an scéal, gidh ná deurfainn-se focal." Is léire cómharaidhthe na fírinne ná bréithre. An t-Asal i gCroiceann Leómhain. Asal a chuir croiceann Leómhain uime, d'imthigh do féin ag cur eagla ar an uile ainmhidhe baoth a bhuail leis, agus ar fheicsint Sionnaig do, thug iarracht ar scannradh do chur air. Ach ar chlos a ghutha don Sionnach seadh dubhairt san, "Dar fiadh! go deimhin, mara mbeadh gur chuala ag gáirí thu do chuirfeá eagla orm-sa freisin." Iad so a ghlacas clódh nách dual dóibh is gnáthach leó scéidheachtaint ortha féin ar dhul thar cailc.
An Capall Cogaidh agus an t-Asal. Capall cogaidh go raibh treallamh breágh air, do bhuail go fothromach ar bhóthar, agus ghein formad in Asal bocht a bhí ag bacadghal leis fé ualach throm. "Fág an bealach!" ars an Capall tóirtéiseach, "nó pasálfad fém chosaibh thu." Ní dubhairt an t-Asal faic, ach dul i leathtaoibh chun leigeant don gCapall gabháil tharais. Níor bhfada 'n-a dhiaidh san go raibh an Capall i gcogadh, agus goineadh chómh mór san é ná raibh aon mhaith ann feasda amhsaine do dhéanamh, agus cuireadh ag obair ar fheirm é. Nuair chonnaic an t-Asal é agus cuingireach throm ghá tharang aige go duaibhseamhail, thuig sé gur bheag é a chúis formaid lé hainmhidhe a chaill na cáirde, a dhéanfadh fóirthint air, lé linn a ghábhtair, trí n-a mhustar lé linn a chonáig. An Prásaidhe agus a Mhadra. Do bhí Prásaidhe áirighthe ann go raibh Madra beag aige. Faid agus bhíodh sé ag gabháil dá chuid mitil, do chodluigheadh an Madra, ach pé uair a shuidheadh an Prásaidhe chun a phroinne mhúscladh an Madra. "A
chormhadra chodlataig!" ars an Prásaidhe, ag caitheamh cnámha chuige, "codlair trí glór na hineóna, ach músclair ar chéadchlag- airt m' fhiacal." Daoine a thugas cluas bhodhar d'annródh a gcarad bíd beó go leór dá dtairbhe féin. Bhéanas agus an Cat. Cat a thuit i ngrádh lé hóigfhear, d'ath- chuinig ar Bhéanas gearrchaile do dhéanamh de, lé hionchas go ngnóthóchadh a chean. Ar ghlacadh truaig don mBaindia dho, do chlaoch- lóidh 'n-a ógmhnaoi áluinn an Cat; agus d'árduig an t-óigfhear abhaile leis é, lé dianghrádh dho. Agus iad 'n-a suidhe n-a n-aireacal, budh mhian lé Bhéanas fios ar atharuig sí 'n-a nádúir maidir lé n-a clódh, agus chuir Luch os a cómhair. Do dhearmhad an Cailín bocht a nuadhchruth, do phreab ó n-a suidheachán, agus ling ar an Luich mar bheadh sí chun a hithte ar an dtoirt; ar sin do ghríosuig guagacht an Chailín an Bhaindia, agus ar an mball d'athruig 'n-a Cat airís í. An rud a geintear san gcnámh fanann san bhfeóil. Briseann an dúthchas trí shúilibh an Cait.
An Garsún ar Snámh. Bhí Garsún ar snámh in abhain, agus, ag dul thar a aoirde dho, do bhí ar tí dulta ar tóin puill, nuair chonnaic sé aistreachán ag gabháil thart, agus ghlaoidh in árd a chínn sa ghutha air teacht chun a thárrthála. Chrom an Fear ar léigheacht do thabhairt don nGarsún mar gheall ar a bhaothdhánaidheacht; ach scread an gárlach air, "Ó, a fhir mhaith! saor ar dtúis me, agus annsan teagasc me."
Na Móiréisceanna agus na Mionéisceanna. Do bhí Iascaire ag tarang lín lán de'n uile shaghas éisc as an bhfarraige. D'éaluig na Mionéisceanna trí mhogallaibh an lín, agus thar n-ais leó 'on aigéan, ach rugadh ar na Móiréisceannaibh agus tógadh ar bórd luinge iad. Is minic gur b'í ár suaraidheacht cúis ár saortha. Na Garsúin agus na Loscáin. Do bhí gasradh Gharsún ag súgradh ar bhruach linne, agus ar thabhairt scata Loscán fé ndeara dhóibh san uisce, chromadar ar a bpleanncadh lé clochaibh. Marbhuigheadar cuid mhaith dhíobh. Sháidh Loscán budh mhisneamhla ná an chuid eile a cheann aníos, agus d'éig ortha: "Stadaidh d'bhúr súgradh cruadhálach, a bhuachaillí; cuimhnighidh, an rud is Súgradh dhíbh-se gur Bás dúinne é."
An Machtíre agus an Leómhan. Lá n-aon d'fhuaduig Machtíre caora as chródh, agus bhí ghá hiomchar abhaile chun a chróidh féin, gur bhuail Leómhan leis, a rug greim ar an dtoirt ar an gcaora agus d'árduig leis. Do scread an Machtíre gur mhór an náire dho é, gur shlad an Leómhan dá chuid mhacánta féin é. Do gháir an Leómhan fé, go ndubhairt: "Is dócha mar sin gur b'é do chara maith, an t-aodhaire, a thug duit-se í." Goid ó ghadaidhe goid gan pheaca.
An t-Asal, an Coileach agus an Leómhan. Do chómhnuig Asal agus Coileach i dteannta a chéile i mbannra. Lá n-aon agus Leómhan ocrach ag gabháil thar brághaid, agus ar fheicsint an Asail ar aiste mhaith, do chinn ar bhéile do dhéanamh de. Anois, tá sé ráidhte ná fuil aon rud is mó gráin ag Leómhan ná glaodhach Coilig; agus ar an uain sin do chrom an Coileach ar ghlaodhach, do chuir an Leómhan de chómh deithineasach agus b'fhéidir ón mball. Do bhain an t-Asal sult mór as a shmaoineamh go bhféadfadh éan a lithéid d'eagla do chur ar an Leómhan, do chruinnig misneach, agus siúd leis ar cosanairde i ndiaidh an Leómhan, agus áthas air go ruaigfeadh rí na n-ainmhidhthe. Ní mór an bóthar a bhí curtha aige dhe, ámhthach, nuair chas an leómhan go hoban air, agus chuir crích air an luighe na súl. Túis tóirtéise aineólas agus creach a deireadh.
Na hAibhnteacha agus an Fharraige. Tráth n-aon do chóimhcheangail na hAibhnteacha in aghaidh na Mara, agus ar dhul 'n-a ndiorma dhóibh, do chasadar léithe, go ndubhradar: "Cad fáth nuair fhearaimíd- ne, Aibhnteacha, ár gcuid uiscí úr, milis duit- se, go ndeinir-se lomláithreach sáile dobhlasta díobh?" Ar bhreithniughadh don Muir an ínntin ar n-ar thángadar, d'fhreagair sí go maol: "Mara mian libh sáile do dhéanamh díbh, fanaidh uaim-se, lé nbhúr dtoil." Is minic gur b'iad an dream is mó tairbhightear is túisce gireán.
An Machtíre agus an Gabhar. Machtíre a chonnaic Gabhar ag inbhear ar stuaic faille aoirde, in áit ná féadfadh teacht air, do ghoir air teacht anuas níos ísle, ar eagla go straoillfeadh sé san áit árd, mhéadhbhánach san, "agus, iomorro," ar seisean, "is mó gur mílse agus gur flúirsighe an féar thíos annso." Ach d'fhreagair an Gabhar: "Gaibh agam-sa; ní chun mo phroinne-se thugair cuireadh dhom, ach chun do phroinne féin."
An t-Asal ag iomchar an tSalainn. Gáineálaidhe áirighthe go raibh Asal aige, agus a chualaidh go raibh Salann lé fagháil ar shaormhargadh cois farraige, thiomáin a Asal leis fé n-a dhéin chun cuid de do cheannach. Tréis ualaig do chur ar an Asal chómh maith agus b'fhéidir leis sin d'iomchar, do thiomáin leis abhaile. Ag dul thar cuiripe sleamhain carraige, thuit an t-Asal 'on abhain, agus leighidh an Salann, agus d'fhuascail san an t-Asal dá ualach. Sroich sé an port, agus lean dá bhealach, go héadtrom i gcorp sa spirid. Go geairrid 'n-a dhiaidh san do bhuail an Gáineálaidhe airís fé dhéin na trágha d'iarraidh a thuilleadh Salainn, agus líon ualach ar an Asal níos truime, má b'fhéidir ná an t-ualach roimhe sin. Ar fhilleadh dhóibh a's ag dul treasna na habhan céadna dhóibh do thuit an t-Asal d'aontoisc, agus ar leigheadh don Salann fuascladh dá ualach airís é. Do chuir dochar an t-Salainn fearg ar an máighistir, agus ar mhachtnamh do connus b'fhéidir an t-Asal do leigheas dá chleas, ar an gcéad aistear eile don oirear do chuir sé ualach múscán air. Nuair shroicheadar an tsruth chéadna airís do tharaing an t-Asal a sheanchleasa chuige, agus
d'iomloisc é féin san uisce, ach ar shughadh an uisce go mór dos na múscánaibh, fuair an t-Asal ag triall abhaile dho, gur b'amhlaidh thromuig sé a ualach in ionad a éadtrom- thuighte. Ní oireann na cúinsí céadna an uile chúrsa; agus is féidir an cleas céadna d'imirt uair sa mbreis. An Leómhan agus a Thriúr Cómhairleach. Do ghlaoidh Leómhan ar Chaora d'fhéachaint an raibh boladh ó n-a anáil: dubhairt an Chaora, "Tá"; sciob an Leómhan an ceann di mar óinsig. Ghlaoidh sé ar an Machtíre, agus d'fhiafruig an nidh céadna dhe: dubhairt seisean, "Níl"; dhein sé greamanna dhe mar bhladaire. Fé dheireadh ghlaoidh sé ar Shionnach, agus d'fhiafruig de. Go deimhin do bhí slaghdán air sin, agus ní bhfaigheadh boladh aon nídh. Ní osclann daoine glioca a mbéal le linn conntabhairte.
An Onchú agus an Sionnach. Bhí comórtas idir Onchú agus Sionnach, ceaca budh bhreághtha crot. D'áitimh an Onchú áilne a ball do-áirighthe, ach d'fhreag- air an Sionnach — "Is feárr ínntin ilchleasach ná corp ioldathach." An Moncaidhe agus na h-Iascairí. Do bhí Moncaidhe 'n-a shuidhe go hárd in áirde ar chrann, agus chonnaic uaidh anuas Iascairí ar abhain ag cur a líonta, agus d'fhair cad bhí ar siubhall aca. Ní túisce bhí na líonta curtha ag na hIascairíbh, agus iad imthighthe achar ón áit chun a bproinne d'itheadh, ná tháinig an Moncaidhe anuas as an gcrann, ar inntin a chuid féin den súgradh
do bheith aige. Acht ag gabháil des na líontaibh, chuaidh sé in achrann chómh mór san ionta, go raibh ar barrghal athachta, agus b'éigean do screadadh go hárd: "Tuillim an méid seo, mar cad é an gnó a bhí agam-sa, ná feadair faic i dtaobh iascaig, baint lé fearas mar é seo?" An Gormán. Do cheannuig fear áirighthe Gormán, agus tuigeadh do gur de dheascaibh faillighe a sheanmháighistir dath a chroicinn, agus ní túisce thug abhaile leis é ná sholáthruig an uile shaghas fearais sciúrtha, scuaba cimealtha, galbhúnach, agus pairín, agus chuaidh i bhfeidhil oibre chun a ghealtha airís, dar leis. Do deineadh as a silleadh mhaol bháidhte é lé huisce, agus caitheadh na tráthanna ghá chimilt, ach bfhuar é a ngnó; bhí a chroiceann chómh dubh agus bhí riamh; agus ní mór ná go bhfuair an truaghán bocht bás leis an iondrabháil. Ní haon mhaith cómhacht dhaonna ar athar- ughadh nádúra urchóideach ó bhunadh.
An Fhineamhain agus an Gabhar. Do bhí Fineamhain ag tuiteam dá mogail lé toradh trom, aibidh agus beanngánaibh séimhe, nuair tháinig Gabhar teasbamhail, agus chnaoidh an choirt, agus bhrosc na duilleóga óga. "Déanfad díoghaltas ort," ars an Fhineamhain, "mar gheall ar an easonóir seo; mar i gceann cúpla lae nuair béarfar mar chreach chun altóra thu, is é súghlach mo shilíní bhéas mar dhrúcht báis ar téadan." Dá mhoille é an cúiteamh tagann sé.
An Cromán Breóidhte. Cromán a bhí breóidhte ar feadh i bhfad, dubhairt lé n-a mháthair. "Ná goil, a mháthair; ach téidhir agus guidh chun na ndéithe go dtéarnóchainn ón aicíd uathbhásaig seo agus ón bpian rómhór," "Fairír! a leinbh," ars an mháthair, "ceaca des na déithibh d'impeóchad duit-se a shlad a n-altóirí go léir?" Is bocht an cúiteamh aithrighe lé linn báis ar mhíoghníomhaibh lánsaoghail. An Garsún agus an Neanntóg. Garsún a bhí ag súgradh ameasc na ngort agus gur chealg Neanntóg é, do rith abhaile chun a mháthar, ghá ínnsint di nár dhein ach teangbháil leis an bhfiadhaile gránda, agus gur chealg é. "Díreach i dtaobh nár dheinis ach teangbháil leis budh bhun gur chealg sé thu, a bhuachaill," ars an mháthair "an chéad uair eile a bhainfir lé Neanntóig, greamuig go dlúth í, agus ní dhéanfaidh bascadh dhuit." An rud a dheinir dein go dána é.
An Sionnach agus an Príochán. Do sciob Príochán geannc mhaith cháise as fhuinneóig, agus léim léithe go crann árd, ar ínntin aoibhneas do bhaint as a luach saothair. Do dhearc an Sionnach an blúire deaghbhlasta, agus mar seo do bheartuig ar dhul 'n-a chómhair. "A Phríocháin," ar seisean, "nách áluinn iad do sciatháin, nách
geal do shúil! Nách seang do mhuineál! Ucht fiolair t'ucht-sa! Do chrúcaidhe — gaibh agam — do ghríbhe, is comórtas d'ainmhidhthibh uile an mháig. Ó, a thruagh do lithéid d'éan do bheith balbh gan guth!" Lé háthas an Phríocháin as an bplámás so, do dhein miongháire as an slighe chuirfeadh iongtas ar an Sionnach lé n-a ghráig, agus d'oscail a bhéal — anuas do thuit an cháis! gur ghreamuig an Sionnach í, agus go ndubhairt ag bailiughadh leis do, "Pé rud adubhart mar gheall ar t' áilne, ní dubhart faic mar gheall ar t'inchinn." Is annamh dheineann cách plámás gan rún éigin do bheith ar maoith aca; ach iad-so a éisteas lé n-a lithéid de cheól bíodh súil aca lé díol as an bpíobaire.
An Triúr Ceárdaidhthe. Do bhí súil ag muinntir cathrach áirighthe lé hiomshuidhe, agus glacadh cómhairle dá réir sin connus b'fheárr b'fhéidir í do dhaingniughadh. Thug Saorbríce a thuairm ná raibh aon rud do b'fheárr n-a cómhair ná bríc. D'iarr Saoradhmaid cead a chur a bhfighis ortha gur iontoghtha adhmad. Air sin d'eirig Boinleasaidhe, agus dubhairt: "A fheara mhaithe, nuair bheidh an méid atá lé rádh ráidhte agaibh, níl aon rud mar an leathar." An Fiachdubh agus an Eala. Tháinig éad ag Fiachdubh lé hEala mar gheall ar a cuid clúimh; agus ó smaoineadh do gur de bhárr an uisce ar n-a gcómhnuigheadh sí tháinig a háilne, thréig sé na haltóirí mar a bhfaigheadh a shlighe bheatha, agus thug é féin ar shruthánaibh a's ar línntibh. Annsan do ghléas agus do chleitig é féin agus d'ionnlaidh a fhionna, ach níor b'aon mhaith dho é, d'fhan an dath céadna dubh ar a chuid clúimh, agus níor bhfada ná go bhfuair bás de cheal a ghnáithbhídh. Ní atharach áite atharach nádúra.
Scáth an Asail. Lá beirbhthe samhraidh d'fhostuig Ógánach Asal chun a thabhartha ó cathair na hAithne go Meagara. Um meádhonlae do bhí an ghrian chómh scólta san gur thúirling an t-Ógánach de'n Asal, agus budh mhian leis suidhe i scáth an Asail chun sosa. Ach d'áitig tiománaidhe an Asail air nár leis an áit, ghá rádh go raibh chómhbhuanacht aige féin air. "Cad san!" ars an t-Ógánach, "nár fhostuigheas- sa an t-Asal so lé haghaidh an turusa ar fad?" "D'fhostuighis," ars an Tiomán- aidhe, "an t-Asal, ach níor fhostuighis Scáth an Asail." Faid bhíodar ag áiteamh 'sag achrann ar an gcuma so, ghread an t-Asal leis.
Na Madraidhe agus na Seithí. Madraidhe go raibh ocras ortha do chonnacadar ádhbhar Seithí neimhleasuighthe a fhág feannadóir ar thóin srutha, agus ó nár bh'féidir leó a sroicheamhaint d'aontuigheadar eatartha féin an abha d'ól. Mar sin chromadar ar ól, ach sar ar shroicheadar na Seithí, ná in aon ghiorracht dhóibh, phléascadar. Iad so a aimsigheas rud lé slighe aing- ciallda, is móide go millfid iad féin san iarracht. An t-Aodhaire agus an Fharraige. D'aistrig Aodhaire a thréad chun féaraig cois Farraige, agus ar a feicsint chómh ciúin,
sleamhain ghaibh fonn láidir é seóladh ar a hucht. Ar an adhbhar san dhíol sé a chuid caorach go léir agus cheannuig last Dáileóg, agus sheól leis. Níor bhfada imthighthe dho gur eirig spéirling; briseadh a long, agus chaill a chuid Daileóg agus gach aon nidh eile, agus budh lé duadh mór a shaor sé é féin. Níorbh bh'fada 'n-a dhiaidh san, agus an Fharraige 'n-a sos, gur tháinig cara do'n bhfear ag suimiughadh na Farraige, agus dubhairt an fear: "Bí aireach, a bhuachaill mhaith, ar an ucht réidh sin, is amhlaidh atá ar tí Dáileóg." An Fháinleóg i gCúirt. Do dhein Fáinleóg a nead fé bhúndalaig Cúirte na Córach. Sar ar bh'féidir lé n-a rudaidhibh beaga eiteall, d'únamh Nathair amach as a phruais, agus d'ith na geárrcaig go léir. Nuair fhill an t-éan bocht ar a nid agus fuair follamh í, do chrom ar chaoi thruaig; ach cómharsa a chuir in iúl uirthe, i riocht cómhfhurtachta mar dh'eadh, nár bh'í an chéad éan í a chaill a hál, d'fhreagair an fhuiseóg í. "Is fíor san, ach ní hiad mo rudaidhe beaga a chaoinim ar fad, ach go ndéanfaidhe éagcóir orm mar a dtriallann cách maislighthe chun córa d'fhaghail."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services