Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fabhail-scéalta ó Aesop 3

Title
Fabhail-scéalta ó Aesop 3
Author(s)
Aesop,
Pen Name
Seán a' Chóta (Aistr.)
Translator
Ó Caomhánaigh, Seán
Composition Date
1925
Publisher
Alec Tom agus a chuid, Teóranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fabhail-Scéalta
Ó
AESOP


L. 5


An Leómhan, an Beithir, agus an Sionnach.



Fuair Leómhan agus Beithir ablach Oisín,
agus do dheineadar troid fhada fé 'n-a
shealbhughadh. Do bhí an coimheascar chómh fada,
dian san, agus chómh comhthrom san, go rabhadar
araon, sa deireadh, leathchaoch, leathmharbh sínte
ar an dtalamh agus saothar ortha, gan de
neart ionta baint leis an nduais a bhí leagtha
eatartha. Sionnach a bhí ag gabháil thar
brághaid ar an uain sin, agus a chonnaic an
aiste anbhfann a bhí ortha, do chuaidh idir an


L. 6


cómhlannaidhthe agus d'árduig leis an chreach.
"Nach sinn na créatúirí mío-ádhmharacha," do
screadadar, "atá tréis ár nirt do thraochadh,
agus sinn féin do ghortughadh, díreach chun
proinne do sholáthar do chladhaire!"



An Ghé agus na hUibhe Órdha.



Do bhí sé d'ádh ar fhear áirighthe Gé bheith
'n-a sheilbh a rugadh Ubh Órdha an uile lá. Ach
de chionn a mhíoshástacht lé fághaltas chómh
mall san agus gur smaoineadh do an cisde
ar fad do ghreamughadh in aoinfheacht, do
mhairbh sé an Ghé; agus ar a hoscailt do,
fuair í — ar nós aon ghé eile!



Teastuigheann breis ón mórán agus
cailleann an t-iomlán.



An Leómhan agus an Deilf.



Do bhí Leómhan ag gluaiseacht do féin
go neamhaistearach cois farraige go bhfeacaidh
Deilf ghá ghrianadh féin ar ucht an uisce, agus
thug cuireadh dho cómhar do dhéanamh leis,
"mar," ar seisean, "ós mise rí na n-ain-
mhidhthe agus gur tusa rí na n-iasc budh chóir


L. 7


gur chómhcháirde agus chómhchuallaidhthe sinn."
D'aontuig an Deilf go háthastamhail; agus
níor bhfada 'n-a dhiaidh san go ráinig troid
idir an Leómhan agus tarbh fiadhain, agus ghoir
an Leómhan ar an nDeilf a chóngamh geallta
do thabhairt do. Ach cé go raibh fonn cónganta
ar an nDeilf, ní fhéadfadh teacht amach as an
bhfarraige chun an Leómhain, agus chuir
seisean coir bhraithte 'n-a leith. "Na bíodh
milleán agat orm," ars an Deilf i bhfreagra,
"ach bíodh a mhilleán agat ar mo nádúir,
mar cé gur cómhachtach í ar an bhfarraige, is
anbhfann í ar an dtalamh."



Ag toghadh ár lucht cómhair ní fuláir dúinn
a gcómhacht do bhreithniughadh maidir lé fonn
a gcabhartha.


L. 8


An Stocaire in a Bhráighe.



Stocaire gur deineadh bráighe de, d'iarr
ceathramha go dúthrachtach, "Anaclaidh me, a
fheara maithe, athchuingim oraibh, agus ná
cuiridh chun báis me gan cúis mhaith, mar nár
mharbhuighas féin aon'ne, agus ná fuil aon
airm agam ach an stoc so." "Ar an adhbhar
gcéadna san," ar siad san a ghreamuig é,
"is eadh is túisce cuirfear chun báis thu,
mar gan spirid na troda ionat féin,
spreagair cách chun catha agus fola."



An té a spreagas coimheascar is measa
é ná an té a chuidigheas ann.


L. 9


An Fiadhaidhe agus an t-Iascaire.



Do bhí Fiadhaidhe ag filleadh abhaile ós na
sléibhtibh agus tromsheilg aige, agus bhí
Iascaire ar an am gcéadna ag triall abhaile
agus cliabh lán d'iasc aige, agus ránguigh-
eadar ar a chéile. Tháinig éileamh ag an
bhFiadhaidhe ar mhéis den iasc: budh mhéine
leis an Iascaire séire den seilg. Mar sin
thug ceachtar aca a raibh 'n-a chiseán don
bhfear eile. Agus ar an gcuma so do
mhalartuigheadar go laetheamhail a seilg, go
ndubhairt duine dár thug fé ndeara iad,
"Anois millfidh an síormhalartughadh so dúil
a mbéile; agus is geairrid gur b'é mian
cheachtair aca filleadh ar a stór féin airís."



An Ghiumhais agus an Dris.



Lá n-aon do bhí Crann Giumhaise ag
maoidheamh as féin le Dris. "Níl aon áis
ionat-sa in ao'chor; acht connus tógfaidhe
sciobóil agus tighthe gan mise?" "A dhuine
chóir," ars an Dris, "ar theacht dos na
Coillteóiribh annso lé n-a dtuaightibh sa
dtuireascaibh, cad chuirfeá i gcumha bheith id
Dhris in ionad Giumhaise?"



Is feárr dáil neamhchúiseach i ndaingneacht
ná an t-iomard san chonntabhairt a bhíos ar
tí lucht láin agus tóirtéise.


L. 10


An Madra ar cuireadh Séire.



Thug duine uasal, go
raibh fleadh mór ullamh aige,
cuireadh do Charaid chun
séire; agus ar bhualadh do
Mhadra an Duine Uasail
lé madra na Carad dubhairt,
"Téanam, a bhuachaill mhaith,
agus bíodh do shéire agat im
fhochair-se anocht." Do tháinig
áthas a chroidhe
ar an Madra
i dtaobh an
chuireadh, agus
ar fheicsint an
chóirighthe ar
fad i gcómh-
air na fleadhtha
dubhairt leis
féin, "Ríogh-
chóir lóin go
deimhin! dar
fiadh, is fíorádh


L. 11


so go fírinneach. Bainfead aoibhneas as
shóghaltaisíbh, agus tabharfad aire mhaith
tómas flúirseach do chur isteach anocht, mar
b'fhéidir ná beadh faic lé n-itheadh agam
ambáireach." Ghá rádh so leis féin, do chroith
sé a earball go háthastamhail, agus thug
féachaint shleamhain ar a charaid a thug an
cuireadh dho. Ach leag súil an chócaire ar
earball an Mhadra ag luascadh sall 'sanall.
D'aithin an cócaire gur madra iasachta é,
agus gan puinn moille do ghreamuig ar
chosaibh deireadh é, agus chaith amach tríd an
bhfuinneóig é. Ar shroichstint na talmhan do,
seo leis síos an tsráid ag glamghal, gur
rith Madraidhe na gcómharsan chuige a's gur
fhiafruig de connus mar thaithnig a shéire
leis. "Dar fiadh, mhuise," ar seisean, go
bróngháireach, "ní mór gur feas dom, mar
d'ólamair chómh trom san nách féidir liom a
ínnsint dibh ceaca slighe ghaibheas amach as an
dtig."



Iad so a ghaibheas isteach tríd an gcúl-
staighre ná bíodh díombáidh ortha má
teasbáintear an fhuinneóg dóibh.


L. 12


An Fhuiseóg agus a Cuid Geárrcach.



Ráinig ál Geárrcach Fuiseóige i ngort
arbhar a bhí aibidh, agus ag dul amach an
uile lá ar lorg bídh dá máthair, chuireadh sí
ar a súilibh dóibh, mar bhí coinne aice lé lucht
an bhainte, cluas lé héisteacht do bheith aca
agus tuairisc gacha scéala do bheith aca dhi.
Lá amháin, agus an mháthair amuigh, tháinig
fear an ghuirt d'amharc connus mar bhí an
barra. "Is lánmhithid," ar seisean, "mitheal
des na cómharsanaibh do bhailiughadh, agus mo
chuid arbhair do bhaint." Nuair tháinig an
tSeanfhuiseóg abhaile d'innis na geárrcaig
di a gcualadar, agus d'athchuingeadar uirthe
iad d'aistriughadh feasda. "Am go leór,"
ar sise; má chuireann sé iontaoibh as a
chómharsanaibh beidh fanacht fada aige lé n-a
chuid fóghmhair." An lá 'n-a dhiaidh san tháinig


L. 13


fear an ghuirt airís, ámhthach, agus ar bheith
don ngréin níos teó agus don arbhar níos
aibeamhla, agus gan faic déanta, dubhairt,
"Níl nóimint lé cailleamhaint, ní tugtha
dhúinn iontaoibh do chur as ár gcómharsanaibh;
caithfeam glaodhach ar ár ngaoltaibh"; agus
labhair lé n-a mhac, "Imthig agus glaoidh ar
t'úncailíbh agus ar do ghaoltaibh, agus feic go
dtosnuighid ambáireach." Budh mhó go mór
eagla na ngeárrcach ag ínnsint an scéil
seo dá máthair. "Mara b'shin a bhfuil ann,"
ars an mháthair, "níl cúis eagla agaibh, mar
tá a gcuid fóghmhair féin 'ge n-a ngaoltaibh;
ach bídh an-aireach i dtaobh a gcloisfidh sibh an
chéad uair eile, agus bídh deimhnightheach é
d'ínnsint dom go cruinn." Chuaidh sí amach
lá'r n-a bháireach, agus tháinig an feirmeóir,
mar tháinig an lá roime sin, agus fuair an
gráine ag silleadh lé haibeamhlacht, agus gan
aon'ne ag obair, ghlaoidh sé ar a mhac. "Ní
féidir linn fanacht feasda lé n-ár gcómhar-
sanaibh ná ár gcáirdibh; téidhir agus fostuig
lucht bainte anocht, agus cuirfeam sinn féin
i bhfeidhil oibre ambáireach." Nuair ínns
na rudaidhe óga so dá máthair dubhairt sí:-



"Mar sin is mithid dúinn bheith ag gluaiseacht
go deimhin, mar in ionad é d'fhágaint fé
dhaoinibh eile, bí dearbhtha dhe go meádhann sé
cur chun oibre i ndáiríribh."


L. 14


Na Lorcáin ar Lorg Righe.



Sa tseanaimsir, nuair bhí a saoirse ag na
Loscánaibh ameasc na loch, agus iad tuirseach
do, gach aon'ne aca, bheith ag leanamhaint dá
dheóintibh féin, do chruinnigheadar i dteannta
a chéile, agus ní gan mórchuid glisiama
d'athchuingeadar Iúipitear rí do bheith aca
chun breis riartha do dhéanamh 'n-a measc,
agus iachall do chur ortha beatha níos macánta
do chaitheamh. B'eól d'Iúipitear baois a
gcroidhe, agus chuir a n-iarratas ag mion-
gháirí é, agus chaith bloc adhmaid anuas 'on
loch, agus leis an streall agus an suathadh
a dhein sé, do chuir sé scannradh agus alltacht
ar an gcomhfhlaitheas go léir. Do lingeadar
fé'n uisce agus isteach 'on tslab, agus níor
leómhaidh teacht i ngiorracht faid deich
gcéimeann don sail. Sa deireadh sháidh
Loscán budh dháine ná an chuid eile a cheann
os cionn uisce, chun amharc do bhaint as a
Rí nuadh, seal neamhchonntabharthach uaidh. Ar
an mball, nuair chonnacadar go raibh an
tsail 'n-a cómhnaidhe, gan cor aiste, chrom
a thuilleadh aca ar snámh chúiche agus tímcheall
uirthe; go rabhadar ag dul i ndánaidheacht,
uidh ar n-uidh, agus fé dheóidh do léimeadar
anáirde uirthe agus táir mhór aca dhi. Óir
go rabhadar míoshásta lé riaghalthóir chómh


L. 15


mín sin d'ímpidheadar ar an mball Iúipitear
rí eile budh ghníomhaighe do thabhairt dóibh.
Ar sin do chuir sé Corriasc chúcha, nách túisce
a bhí in a measc ná chrom ar a n-alpadh,
ceann ar cheann, chómh tapaidh a's d'fhéadfadh
breith ortha, agus b'fhuar aca iarracht do
thabhairt ar éalódh uaidh. Annsan chuir-
eadar Mearcaraidhe lé teachtaireacht rúin
go dtí Iúipitear, ghá athchuinge air, truagh
do bheith aige dhóibh uair eile, ach d'fhreagair
Iúipitear iad ná rabhadar ach ag fulang an
pionóis budh chóir dá mbaois, agus feasda
go bhfoghlumóchaidís leigeant don maith, agus
gan míoshásamh do bheith ortha mar gheall ar
a ndáil nádúrdha.


L. 16


An Seanduine agus an Bás.



Seanduine a thaisteal achar fada agus
beart mór slat ar a dhruim aige, d'eirig
chómh tuirseach san gur chaith uaidh é, agus ghlaoidh
ar an mBás teacht agus é d'fhuascailt ó
n-a bheata anródhach. Tháinig an Bás de
phreib ar a ghlaodhach, agus d'fhiafruig de
cad bhí uaidh. "Guidhim thu, a dhuine chóir,"
ar seisean a chur de chomaoin orm amháin,
an t-ualach so d'árdughadh orm airís."



Ní hionann glaodhach ar an mBás agus
é d'fheicsint ag teacht.



An t-Iascaire.



Cuaidh Iascaire chun abhan chun iascaig;
agus nuair bhí a líonta curtha aige treasna
an tsrotha, do cheangail sé cloch ar théid fhada,
agus do bhuail an t-uisce ar dhá thaobh an
lín, chun an éisc do bhagairt isteach ann.
Duine des na cómharsanaibh a chómhnuig
tímcheall an bhaill sin, agus a thug a chúram
fé ndeara, bhuail sé fé n-a dhéin agus
mhilleánuig go mór é i dtaobh an uisce do
chorraighe, agus a dhéanamh chómh salach san ná
raibh sé ionólta. "Is oth liom," ars an
t-Iascaire, "ná taithnigheann so leat, ach is
lé suathadh an uisce ar an gcuma so a
gheibhim-se mo shlighe bheatha."


L. 17


An Gadaidhe agus an Madra.



B'é mian Gadaidhe, a tháinig chun tighe do
shlad, slaimice do chaitheamh chun Madra an
tighe go stadfadh sé dá sceamhghal. "Gread
leat!" ars an Madra; "Do bhí amhras
agam ort cheana, ach dearbhuigheann an bárr
síthbhialtachta so dom gur cladhaire thu."



Foillsigheann breab na láimhe míoghníomh
an chroidhe.


L. 18


An t-Asal agus a Mháighistirí.



Asal a bhí ag Gárdnóir go raibh mórchuid
lé déanamh aige, agus fíorbheagán lé hitheadh,
d'athchuinig ar Iúipitear é d'fhuascailt ó
fhóghnamh an Ghárdnóra, agus mháighistir eile
do chur air. Go feargach i dtaobh míoshás-
tachta an Asail do thug Iúipitear do
Criadóir é. Budh thruime go mór na
hualaighe a bhíodh ghá iomchar anois aige, agus
d'athchuinig ar Iúipitear é d'fhuascailt airís;
dá réir sin do shocruig Iúipitear é do dhíol
lé custaire. Anois go raibh an t-Asal bocht
i gcrúcaidhibh budh mheasa ná riamh, agus
cúram a mháighistir ghá thabhairt fé ndeara
go laetheamhail aige, do gháir go cneadach,
"Fáiríor géar! nách mise an truaghán!
B'fheárr dom fanacht go sásta dom féin i
bhfochair mo sheanmháighistirí, mar cidhtear
dom anois, ní hamháin go n-oibrigheann an
té gur leis anois me, faid is beó dhom, ach
ná coigleóchaidh dom sheithe agus me marbh!"



An té a bhíos míoshásta in aon áit amháin
is annamh a bheadh sásta in áit eile.


L. 19


An Dá Phota.



Dhá Phota, ceann aca de chré, an ceann
eile d'umha, árduigheadh síos ar abhain tuille
iad. D'iarr an Pota Umha ar a chompánach
fanacht in a aice féin, agus go gcosnóchadh
é. "Go raibh maith agat i dtaobh do
thairsgine," ars an Pota Cré, "ach sin é
díreach go bhfuil an t-eagla agam roimis;
dá ndéantá-sa fanacht uaim b'fhéidir go
snámhfainn síos saor; ach dá dteangbhaidh-
imís ar a chéile, táim deimhnightheach gur mise
a dhíolfadh as."



Seachain cómharsa róchomhachtach; mar má
thagann crágadh, is é an té is laige go
gcuirtear an tinn air.


L. 20


An Dochtúir agus a Othar.



Do bhí Dochtúir ag fritheáilt ar dhuine
bhreóidhte ar feadh i bhfad, ach d'éag sé fé
n-a láimh. Sa tsochraid ghaibh an Dochtúir
tímcheall ameasc gaolta an fhir, ghá rádh,
"Ár gcara bocht, dá ndéanfadh sé fanacht
ón bhfíon, agus freasdal ar an dtaobh
laistig aige, agus earraidheacht cheart do
thabhairt do féin, ní beadh sé n-a luighe annso
anois." D'fhreagair duine den lucht
éagcaointe é, "A dhuine chóir, ní haon
mhaitheas tusa ghá rádh san anois, budh chóra
duit an t-oideaf san do thabhairt dot Othar
faid agus bhí sé beó chun a thógtha."



Is minic sárchómhairle ródheidheanach.



Na hÉin, na hAinmhidhthe agus an
Básdorcha.



Tráth n-aon do cuireadh cath fíochmhar idir
na hÉin agus na hAinmhidhthe. Ar feadh i
bhfad níor ródhearbhtha cad críoch do bheadh ar
an gcómhrac, agus ag breith búntáiste ar a
nádúir neimhchinnte, sheachain an Básdorcha
iad agus d'fhan neachtarach. Fé dheireadh
nuair thaidhbhsig na hAinmhidhthe bheith in uachtar,
do luig an Básdorcha lé n-a dtreasaibh, agus
bhí go gníomhach sa troid; ach ar athshlógadh


L. 21


dos na hÉanaibh, agus gur eirig leó, fuair-
theas i ndeireadh an lae é ar threasaibh na
mbuacach. Ar shíothcháin do chríochnughadh go
luath, do dhaor an dá thaobh an Básdorcha as
a mhí-iomchar, agus ó ná haithneóchadh aon
taobh aca é, agus gur éisceadh é ó choingheall-
aibh an tsosa, b'éigean do caolughadh leis chómh
maith agus d'fhéad, agus riamh ó shoin tá a
chómhnaidhe i bpollaibh agus i gcúileannaibh,
gan é de mhisneach aige aghaidh do thabhairt ar
an saoghal ach in amhascarnach na cróntrátha.



An t-Arab agus a Chamall.



Ar chur ualaig ar a Chamall d'Arab
d'fhiafruig de ceaca bfheárr leis gabháil leis
an gcnoc nó i gcoinnibh an chnuic. "Guidhim
thú, a mháighistir" ars an Camall go tur,
"aithris dom, an bhfuil an tslighe dhíreach
treasna an mhágha dúnta?"


L. 22


An Leómhan agus an Gabhar.



Lá beirbhthe samhraidh, agus an teas ag
goilleamhaint ar gach aon nidh, tháinig Leómhan
agus Gabhar ar aon uain chun tobair bhig
chun a dtarta do mhúchadh. Chromadar ar
throid gan mhoill ceaca ólfadh ar dtúis, go
dtí sa deireadh gur dheallramhtach go raibh
ceachtar aca ar tí seasamh in aghaidh an chinn
eile go bás fiú amháin. Acht, ar staonadh
dhóibh ar feadh nóiminte den imreas, chun a
n-anála do tharang, chonnacadar ealta badhb
os a gcionn ag follumhain, ag feitheamh ar
chao d'fhághail ar phreabadh ar peaca thuitfeadh.
Ar sin do dheineadar síothcháin, agus d'aon-
tuigheadar gur bh'feárr go mór don mbeirt
aca bheith 'n-a gcáirdibh, ná biadh príochán agus
badhb do dhéanamh díobh féin.


L. 23


An Machtíre agus an t-Aodhaire.



B'fhada do Mhachtíre ar imeall tréad
caorach gan aon díobháil do dhéanamh dóibh.
Mar sin féin do bhí amhras ag an Aodhaire,
agus níor thug faillighe sa chaoiribh in aghaidh
an Mhachtíre mar bhí meas namhad dearbhtha
aige air. Ach nuair ghluaiseadh an Machtíre
ar fuaid na gcaorach gan aon iarracht do
thabhairt ar iad do chiapadh, budh mhóide meas
carad ná namhad ag an Aodhaire air; agus
lá áirighthe go raibh d'ócáid air dul isteach
'on chathair, d'fhág sé na caoire fé n-a chúram.
Ní túisce fuair an Machtíre an chao ná sháidh
chun na gcaorach, ghá gciapadh agus ghá mar-


L. 24


bhughadh; agus ar fhilleadh don Aodhaire, agus
fheicsint a thréada millte, do scread sé,
"Is mise an t-amadán! ach níor thuilleas
a mhalairt agus mo thréad do chur ar
iontaoibh Machtíre!"



Is mó conntabhairt cara doiléir ná
namhaid dhearbhtha.


L. 25


An t-Asal, an Sionnach, agus an
Leómhan.



Do dhein Asal agus Sionnach cómhar
daingean, agus chuadar ameasc na ngort
ag fiadhach. Bhuail Leómhan ar an slighe
leó. Chonnaic an Sionnach an chonntabhairt
ag bagairt, agus dhein muinnteardhas leis
an Leómhan, agus chogair go mbraithfeadh an
t-Asal do, má gheallfadh do gan a dhiobháil
féin do dhéanamh. Ar aontughadh don Leómhan
san do dhéanamh, thug an Sionnach iarracht
ar an Asal do chur i ndraip. Ní túisce
chonnaic an Leómhan an t-Asal daingean,
ná sháidh sé chun an tSionnaig, ag coimeád
an Asail i gcómhair an chéad bhéile eile.


L. 26


Na Beacha, na Ceirneabháin agus an
Earc



Do dhein ádhbhar Beach a gcruiceóg i
dtamhán follamh crainn daraighe. D'áitig
na Ceirneabháin gur bh'i a ndéantús féin í,
agus gur leó í. Rugadh an chúis 'on chúirt
os chómhair an Bhreithimh Earc. Toisc a eólais
ar an dá thaobh, labhair sé mar seo leó:-



"Tá na héilightheóirí agus na cosnaig chómh
deallramhtach san lé chéile i gcruth sa ndath
go gcuirfeadh sealbhaidheacht na cruiceóige i
bpoll an amhrais duine, agus is maith is ceart
an chúis do thabhairt os mo chómhair. Is leis
an gcúinse atá agam lé cur os bhur gcómhair
is fearr a cuideófar lé fáth na córa agus le
conspóid na cúirte. Tógadh gach dream agaibh
cruiceóg chúcha féin, agus deinidh criathar,
ionnas go bhfoillsdóchadh sealbhthóirí dlistin-
eacha an ghabháltais atá i dtagairt iad féin
ó chuma na gceall agus bhlas na meala.
D'aontuig na Beacha go léir cúinse na
h-Earca. Do dhiúltuig na Ceirneabháin de.
Ar sin thug an Earc a breith: — "Is follus
anois cé dhein an chruiceóg, agus cé nách
féidir leó a dhéanamh; molann an Chúirt
an mhil dos na Beachaib."


L. 27


An t-Asal agus an Tiománaidhe.



Asal a bhí ghá thiomáint fean an bhóthair
'ge n-a Mháighistir, ghéaruig air agus d'fhág
an gnáthchasán, agus dhein corp ar aghaidh ar
bhruach faille. Nuair bhí sé díreach ar tí
tuiteam, tháinig an Máighistir ar an láthair
agus rug ar earball air, agus thug iarracht
ar é do chúladh chun a shaortha; ach ar bheith
don Asal ag cur n-a choinnibh, agus ag
tarang ar mhalairt slighe, do scaoil an fear
a ghreim, agus dubhairt, "Seadh, a bhuachaill,
ós áil leat bheith id mháighistir, níl aon leigheas
agam-sa ort. Caithfidh ainmhidhe ceanndáine
a shlighe féin do beith aige."


L. 28


Na Luchaidh agus na hEasa.



Dob fhada na Luchaidh agus na hEasa i
gcogadh lé chéile, agus de bhrigh go gcuirtí
an ball ar na Luchaibh do shíor, d'aontuigh-
eadar fé dheireadh, ar chruinniughadh a
gairmeadh go solomanta i gcómhair na
hócáide, gur lé ceal smachta a tháinig a
ruaig i gcómhnaidhe, agus nách de dheascaibh
aon nidh eile, agus chinneadar, dá réir sin,
Cinn urraidh riaghalta do thoghadh i gcómhair
na haimsire lé teacht. Ar an adhbhar san
do thoghadar iad so gur dhearbhuig a n-éacht
'sa gcalmacht iad i gcómhair an ionaid thábhach-
taig. Lán de mheas as a n-ionad, agus
fonn ortha bheith taidhbhseach agus b'fhéidir do
bheith, cheangail na nuadh-Chinn urraidh seo
adharca ar a n-éadanaibh agus saghas círe
mar chómhartha céime. Níor bh'fada 'n-a dhiaidh
san gur thárlaidh cath. Budh gheairrid, mar
budh ghnáth, gur cuireadh an ruaig ar na
Luchaibh; do theich an díoscar 'n-a bpollaibh;
ach ó nár bhféidir leis na Ceannaibh urraidh
dul isteach 'n-a bpollaibh mar gheall ar faid
a n-adharc do rugadh ortha, ceann ar cheann,
agus alpadh iad.



Níl aon chéimdhealughadh gan a chonntabh-
airt coimhdeachta.


L. 29


An Cairrfhiadh agus an Fhineamhain.



Carrfhiadh go raibh fiadhaidhthe go dian ar
a thóraidheacht, chuaidh i bhfolach do féin fé
bheanngánaibh Fineamhna. Do ghaibh na fiadh-
aidhthe tharais gan a fhionnachtain, agus nuair
tuigeadh do go raibh saor, slán ó ghuais, do
chrom ar na duilleógaibh a fholuig é do
bhroscadh. Ach bhraith duine des na fiadhaidhthibh
glór, agus d'iompuig tímcheall, agus, ar
thuairm go raibh an fiadh ann, chaith urchar
isteach 'on tor agus mhairbh é. Agus é ag
fághail bháis do, chnead sé na bréithre seo:



"Tá cion mo dhearmaid agam as mo
mhíobhuidheachas, ná féadfainn foidne díobhála
do dhéanamh ar an bhFineamhain a chosain me
lé linn na guaise."


L. 30


Na Taistealaidhthe agus an Tuagh.



Bhí beirt fhear ag taisteal ar an mbóthar
gcéadna lá, agus fuair duine aca tuagh ag
dul amugha; thóg sé í, agus scread, "Feuch
cad fuaireas-sa!" "Ná habair fuaireas-
sa," ars an fear eile, "ach fuaireamair-
ne." Tréis tamaill, tháinig na fir a chaill
an tuagh, agus chasadar leis an bhfear go
raibh sí aige gur ghoid sé í. "Fairír," ar
seisean lé n-a chuallaidhe, "Tá deireadh
linn!" "Ná habair linne," d'fhreagair
an fear eile, "ach tá deireadh liom-sa; mar
an té ná leigfeadh dá charaid a chuid den
nduais do bheith aige, ná bíodh súil aige fonn
do bheith air a chuid den gconntabhairt do
bheith aige."



An Leómhan agus an t-Asal ag Fiadhach.



Do dhein Leómhan agus Asal margadh dul
amach ag fiadhach i dteannta a chéile. Ar
ball thángadar go dtí uaimh, mar ar dhein
mórán gabhar fiadhain a ngnáthóg, agus ar
dhul isteach don Asal, do speach agus do
gháir, agus dhein mórfhothrom chun iad do scann-
rughadh amach as an uaimh. Nuair bhí beirthe
ag an Leómhan ar chuid mhaith dhíobh, tháinig an
t-Asal amach agus d'fhiafruig de má budh
dhóigh leis ar dhein sé troid éachtach, agus an


L. 31


ruaig do chur ar na gabharaibh i gceart.



"Do dheinis go deimhin," ars an Leómhan,
"agus dearbhuighim duit go scannrófá me
féin leis, mara mbeadh a fhios a bheith agam
gur Asal thu."



Nuair lamháltar scaothairí i gcuideachtain
a n-uachtarán, is chun áise do bhaint asta é
agus chun ceap magaidh do dhéanamh díobh.



An t-Athair agus a Bheirt Inghean.



Fear go raibh beirt inghean aige thug
duine aca i gcleamhnas do Gárdnóir, agus
an duine eile do Chriadóir. Tréis tamaill
thug sé cuaird ar thig an Gárdnóra, agus
d'fhiafruig dá inghin connus mar bhí aice,
agus connus mar bhí ag eirghe léithe. "Go
sármhaith," ar sí; "tá gach aon nidh againn
atá ag tasdáil uainn; 'sí m'aon athchuinge
go dtiocfaidh duartán báistighe chun ár
bplanndaidhe d'fhliuchadh." B'shiúd leis go
tig an Chriadóra, agus d'fhiafruig dá inghin
connus mar bhí an saoghal aice-se. "Níl
faic in easnamh orainn," d'fhreagair sí;
"agus is é mo ghuidhe go leanfaidh an aimsir
thirim seo de, chun ár leac do bhácáil."



"Fairír," ars an t-Athair, "má ghuidhir-se
aimsir bhreágh, agus do dhribhshiúr báisteach,
ceaca ghuidhfead féin?"


L. 32


An Capall agus an t-Asal Ualaigh.



Fear go raibh Capall agus Asal aige b'é
a ghnáth ar a chúrsaidhibh coigilt don gCapall,
agus an t-ualach ar fad do chur ar dhruim
an Asail. Ráinig an t-Asal ag ceileabhradh
lé tamall, agus d'iarr lá ar an gCapall
cóngamh do thabhairt do lé cuid de'n ualach,
"Mar" ar seisean, "dá dtógthá ádhbhar
cuibheasach, raighead i bhfeabhas go luath airís;
ach má dhiúltuighir do chabhair orm marbhóchaidh
an truime seo me. Do ghoir an Capall,
ámhthach, ar an Asal bualadh air agus gan bheith
ghá bhodhradh lé n-a ghireántaibh. Ghread an
t-Asal leis, gan gnús as, ach níor bhfada ná
go raibh an t-ualach rómhaith dho agus gur
thuit sé 'n-a phleist mhairbh mar fhoraithris sé.
Ar sin tháinig an maor, do scaoil an t-ualach
de'n Asal marbh, do chuir ar mhuin an
Chapaill é, agus chuir iachall air ablach an
Asail d'iomchar 'n-a theannta san. "Mo
thruagh, mo dhrochaigne!" ars an Capall;
"I dtaobh diúltuighthe mo chion comhthruim
de'n ualach is éigean dom é ar fad d'iomchar
anois, agus ualach marbh mar bhárr ar an
scéal."



Ní fada ón gcois ag drochaigne a smach-
ughadh.


L. 33


An Sionnach agus an Púicín.



D'éaluig Sionnach isteach go tig aisteóra,
agus ag piardáil 'sag útamáil do ameasc
a ilghréithre, fuair Púicín deighcheárdach.



"Ceann deighfheuchain, go deimhin!" d'éig
sé; "a thruagh go bhfuil ceal incheann air!"



Is suarach is fiú scéimh bhreágh ar luach
na háite istig.


L. 34


An Leómhan Breóidhte.



Leómhan ná raibh ann feasda fiadhach na
seilge do dhéanamh de dheascaibh seanaoise,
luig fé 'n-a phruais, agus dubhairt agus duadh
anála air go raibh sé an-bhreóidhte go deimhin.
Do leath an ráfla ameasc na n-ainmhidhthe,
agus budh mhór é a mbrón san don Leómhan
breóidhte. Ceann ar cheann thángadar ar a
thuairisc; acht, ar bhreith mar seo dho ortha
'n-a n-aonar, budh gheárr an mhoill air creach
do dhéanamh díobh, agus chuaidh i mbeathuigh-
teacht ar a chóir bídh. Tháinig amhras ag an
Sionnach ar fhírinne an scéil, agus chuaidh ghá
fhiosrughadh, agus 'n-a sheasamh do tamall uaidh,
d'fhiafruig de'n Leómhan connus mar bhí 'ge
n-a Shoillse? "Á, a chara is ionmhuine,"
ars an Leómhan, "an tusa san? Cad fáth
seasamh chómh fada uaim? Druid liom, a
chara bhinn, agus cogair focal cómhfhurtachta
i gcluais an Leómhain bhoicht, go bhfuil snáth
a shaoghail ar tí briste." "Mo bheannacht
ort!" ars an Sionnach, "ach gaibh agam-sa
toisc nách féidir liom fanamhaint; mar, chun
na fírinne d'ínnsint, nílim istig liom féin
ge'n rian cos go léir a chím annso, ag gabháil
fé dhéin do phruaise, agus gan ceann aca
ag deimhniughadh fillte amach."


L. 35


Is fusa dul ná teacht as áit; agus níl
ann ach ciall choitcheann bealach ár bhfillte
do bhreithniughadh sara dtéidhimíd i leith dulta
isteach.



An Feirmeóir agus na Corra Glasa.



Do luig ádhbhar Corr Glas i ngort nuadh-
churtha Feirmeóra. Ar feadh tamaill scann-
ruig an Feirmeóir iad lé bagairt crann-
tabhaill folaimh ortha. Ach nuair fuair na
Corra Glasa gur ag bagairt ar an ngaoith
do bhí sé, níor chuireadar aon nath ann as
san amach, ná níor léimeadar uaidh. Ar
sin do theilg an Feirmeóir lé clochaibh ortha,
agus do mhairbh mórchuid aca. "Gluais-
imís," ars an chuid eile aca, "go tír na
Luprachán, mar ní bagairt atá ar ínntin ag
an bhfear so feasda, ach ár gcoscairt i
ndáiríribh."


L. 36


An Fiolar agus an Cág.



Thug Fiolar fogha ó charraig aoird ar
uan, agus d'árduig leis é. Cág, a chonnaic
an móréacht san, agus gur tuigeadh do a
chóimhghníomh do dhéanamh, scaoil anuas lé n-a
lánneart ar reatha, ar ínntin a árdach leis
mar luachsaothair. Ach ar dhul dá chrúcaidhibh
in achrann san olainn, do dhein sé an oiread
san fothruim d'iarraidh éalódh, gur tháinig
an t-aodhaire, ar fheicsint do connus mar
bhí, agus rug ar an gCág, do bhearraidh a
sciatháin, agus d'árduig leis abhaile é chun a
leanbhaidhe ar thuiteam oidhche. "Cad é an


L. 37


t-éan é seo atá tugtha chughainn agat, a
athair?" d'fhiafruig an chlann. "Seadh,
má fhiafruigheann sibh de féin é, déarfaidh
gur Fiolar; ach má ghaibheann sibh lém fhocal
so, tá a fhios agam ná fuil ann ach Cág."



An Colúr Tartmhar.



Colúr go raibh an tart ag cur go dian
air, agus a chonnaic gloine uisce dathuighthe
mar chómhartha, do tuigeadh do gur gloine
dhearbhtha í; agus ar an adhbhar san do ling
anuas lé n-a neart ar fad, gur bhuail i
gcoinnibh an chláir, agus gur bhris a sciathán
agus gur teilgeadh go lagbhrigheach chun
talmhan, ionnas go rug duine a bhí ag gabháil
thar brághaid air.



Ní minic gur siubhall mór deabhadh mór.



An Beithidheach agus an Damh.



Beithidheach a bhí imthighthe fiadhain ameasc
na ngort, agus nár bhraith riamh an chuing
ar a mhuineál, chas sé lá lé damh treabhtha i
dtaobh géilleadh do n-a lithéid de shaothar a's
de dhuaibhseamhlacht. Ní dubhairt an Damh
faic ach leanamhaint dá ghnó. Níor bhfada
'n-a dhiaidh san gur fearadh féile mhór. Fuair
an Damh lá saoire; ach árduigheadh chun an
altóra an beithidheach lé n-íodhbairt. "Má


L. 38


sí seo crích do dhíomhaointis-se," ars an Damh,
"dar liom gur feárr mo chuid oibre ná do
chuid súgraidh. Is mór gur feárr liom an
chuing ná an tuagh ar mo mhuineál."



An Ridire Maol.



Ridire áirighthe go raibh an t-aos ag teacht
air, do thuit an ghruaig de agus d'eirig
maol; chun na heasbaidh seo do cheilt chaith
sé bréigchiabh. Ach ar bheith dho i bhfochair
daoine eile lé conairt fiadhaig, do sciob
soighneán oban an bhréigchiabh de, gur nochtadh
a chloigean maol. Ní fhéadfadh an chuideachta
foidne ar gháirí fé'n gcinneamhaint; agus
gháir sé féin chómh hárd lé cách agus dubhairt,


L. 39


"Connus b'fhéidir súil do bheith liom gruaig
iasachta do choimeád ar mo cheann, nuair ná
fanfadh mo chuid gruaige féin orm?"



An Sionnach agus an Corriasc.



Lá n-aon thug Sionnach cuireadh proinne
do Chorriasc, agus ó b'áil leis súgradh do
dhéanamh do féin ar mhíoghnaoi a aoidhe, níor
sholáthruig i gcómhair na cuirme ach lag-an-
bhruithe i méis eadoimhin. Budh gheárr an
mhoill ar an Sionnach so do leubadh, agus
maidir leis an gCorriasc, ní raibh i ndán
béalóige do thógaint lé n-a ghob fada, caol,
agus bhí chómh hocrach i ndeireadh na proinne
a's bhí nuair thosnuig sé. Ar an am gcéadna
do leig an Sionnach air cathughadh do bheith
air i dtaobh a luighead a ith an Corriasc,
agus go raibh eagla air ná raibh an mhias
sobhlasta a dóthain dá charabhat. Ní mór a
dubhairt an Corriasc, ach d'athchuinig ar an
Sionnach an chuaird do chúiteamh; agus dá
réir sin d'aontuig proinn do caitheamh i
bhfochair an Chorriaisc lá ar n-a bháireach.
Ráinig an Sionnach go tráthamhail, dílis dá
gheallamhaint, agus órduigheadh an phroinn ar
an dtoirt; ach ar a cur 'n-a láthair, cuireadh
uamhan air gur in árus caolscrogallach a
bhí an phroinn, síos ann gur sháidh an Corriasc


L. 40


a ghob 'sa sheangmhuineál, tráth a's gur
bh'éigean don Sionnach bheith sásta lé leupghal
ar scrogall an chrúsca. Óir nár bh'féidir
leis a chuid ocrais do shásamh, chúl leis chómh
galánta agus d'fhéad, ghá rádh gur dheacair
do lucht d'fhághail ar a chaoimheachán, nár thug
do ach cion dá dhéanamh féin.



An Seabhacadóir agus an Phaitrisc.



Ar bhreith do Sheabhacadóir ar Phaitrisc
'n-a lion, do scread an t-éan go dobrónach,
Scaoil liom, a Mhaoir Seabhacadóra, agus
geallaim duit go meallfad Paitriscí eile
'od líon." "Ní scaoilfead," ars an fear,
"pé rud a dhéanfainn, tá fonn orm anois
gan tusa d'anacal; mar níl aon bhás ró-olc
don té atá ullamh ar a cháirdibh do bhraith."


L. 41


An Criadhaire agus an Fharraige.



Do chonnaic Criadhaire long lánfhuirin
ghá thuargaint ag an bhFarraige, agus scread
uirthe: "A Fharraige! a dhúil mhealltaig,
neamhthruaighmhéilig, a mhilleas a dtéidheann ar
t'ucht!" Chualaidh an Farraige é, agus
ghaibh chúiche guth mná, agus d'fhreagair, "Ná
tabhair milleán dom-sa; ní mise cúis an
anaithe seo, ach an Gaoth ná tugann sos dom
nuair shéideann chugham. Ach dá seóltá-sa
orm nuair bhíonn an Ghaot i bhfad uaim,
déarfair gur míne agus gur soronna me
ná do thalamh beatha féin."



An Chéis agus na Caoire.



Chuir céis óg fúithe i gcródh Caorach. Lá
amháin do ghreamuig an t-aodhaire í, agus
má ghreamuig, do scréach agus do speach an
chéis go láidir, teann. Do chas na Caoire
léithe an screadach, agus dubhradar: Is
minic do ghreamuigheann an maor sinne,
agus ní screadaimíd." "Seadh, san,"
d'fhreagair an Chéis, "ach ní hionann cás
dúinn; mar is ar son bhur gcuid olna a
ghreamuigheann sé sibhse, acht mise chun mo
fhriochtadh."


L. 42


An Tarbh agus an Gabhar.



Ar bheith do Tharbh ghá chluiche ag Leómhan,
do theich isteach in uaimh mar ar dhein Gabhar
fiadhain a ghnáthóg. Do chrom an Gabhar ghá
chiapadh agus ghá phleanncadh mar gheall
air sin. "Ná tuig," ars an Tarbh, "má
fhulaingim seo anois, gur rómhat-sa atá aon
eagla orm. Bíodh an Leómhan as amharc, agus
foillseóchad duit an deifridheacht atá idir
An Tharbh agus Gabhar."



Beireann daoine suaracha buntáiste ar
chruadhtan a gcómharsan chun a gciaptha; ach
tagann an tráth go mbíonn aithreachas a
ndrochmhúinte ortha.


L. 43


An Chú agus an Girrfhiadh.



Tréis fhiadhaig fada rug Cú ar Girrfhiadh
sa deireadh, agus chrom ar ghreim fiacaile do
bhaint as agus, annsan ar é do leubadh.
Níor bh'feas don nGirrfhiadh cad fuadar a bhí
fé'n gCoin, agus dubhairt: "Más cara thu,
tuige greim fiacaile do bhaint asam? — ach
más namhaid thu, cad fáth me shlíogadh?"



Is measa cara amhrais ná namhaid
dhearbhtha; bíodh fear mar seo nó mar siúd,
agus is eól duinn connus réidhteach leis.



An Garsún agus na Collchnóite.



Chuir garsún áirighthe a lámh isteach i
gcrúsca mar a raibh mórchuid Fígí agus
Collchnóite; do ghreamuig sé oiread agus
d'fhéadfadh a lámh do chongbháil, ach nuair
thug iarracht ar í do tharang amach, do choisc
caoile an scrogail é. Budh neamhfhonn leis
aon chuid aca do chailleamhaint, ach ó nár
bhféidir leis a lámh do tharang amach, do
phléasc sé ar ghol, agus chaoin a mhío-ádh go
géar. Buachaill macánta a ráinig 'n-a
sheasamh in aice dho, thug an chómhairle ghlic,
chiallda so dho:- "Ná greamuig ach leath an
dlúsa atá agat, a bhuachaill, agus eireóchaidh
leat go bog."


L. 44


An Fearasal in Oifig.



Asal a bhí ag iomchar Íomháig ar thascar
creidimh, do bhítheas ghá thiomáint tríd an
mbaile mór, agus fuair umhalughadh an uile
dhuine ghaibh tharais. Ar sin do bhorr an
t-Asal go mór, mar tuigeadh do gur do
féin an t-adhradh so, agus ní chorróchadh céim
eile. Ach budh gheárr an mhoill ar an dtiom-
ánaidhe an bata do chur 'n-a luighe ar a
easnadhachaibh, ghá rádh, ar an am gcéadna,
"A bhreillice baoise! Ní duitse atáthar ag
umhalughadh ach don Íomhágh atá ar iomchar
agat."



Glacann amadáin ortha féin an meas a
bhíos ag dul dá n-oifig.


L. 45


An Seangán agus an Colúr.



Chuaidh Seangán chun tobair chun a tharta
do mhúchadh, agus thuit isteach, agus d'fhóbair
a bhádhadh. Ach ráinig Colúr 'n-a shuidhe ar
chrann chómhgarach, go bhfeacaidh conntabhairt
an tSeangáin, agus do staith duilleóg, agus
chaith san uisce chun an tSeangáin í. Chuaidh
an Seangán ar an nduilleóig, agus ar an
mball caitheadh i dtalamh é. Díreach ar an
uain sin, do bhí éanadóir ag leathadh a lín,
agus bhí ar tí an Cholúir do mhogalughadh
ann, nuair thug an Seangán fé ndeara an
fuadar do bhí fé, agus phrioc sa tsáil é.
Leis an bpreib do baineadh as an bhfear dob
éigean do an líon do scaoileadh uaidh, agus
ar mhúscailt d'eagla a guaise don gColúr
léim leis go slán.



Tuilleann deighbheart deighbheart.


L. 46


An Meannán agus an Machtíre.



Chuaidh Meannán ar fán ó n-a thréad,
agus dhein Machtíre tóraidheacht air. Nuair
chonnaic sé ná raibh aon tslighe éaluighthe aige,
d'iompuig ar an Machtíre, agus dubhairt,
"Ní fuláir dom a admháilt go deimhin gur
me do chreach, ach ós rud é gur saoghal gearra
atá agam bíodh sé meidhreach. Seinn-se ar
feadh tamaill, agus rínncfead-sa." Faid
bhí an Machtíre ag píobaireacht agus an
Meannán ag rinnce, chualaidh na Madraidhe
an gheóin agus ritheadar fé n-a déin d'fhéach-
aint cad bhí ar siubhall, agus b'áthas leis an
Machtíre greadadh leis chómh mear agus bhí
'n-a chois.


L. 47


An té chuireas é féin as an slighe chun
amadáin do dhéanamh do féin, ná bíodh iongadh
air má chailleann an duais.



An Feirmeóir agus na Madraidhe.



Feirmeóir nár bh'fhéidir leis a thig
d'fhágaint ar feadh an gheimhridh chruaidh ag
sneachtadh, agus go raibh an scéal go dian
air i dtaobh bídh nár bh'fhéidir leis gabháil
amach chun a sholáthair, chrom ar a chuid caorach
d'itheadh. Toisc gur lean an drochaimsir,
d'ith sé na gabhair annsan. Agus sa deireadh
— mar nár tháinig aon aitreamh ar an
ndoininn — chrom sé ar dhamhraidh an treabhtha
d'itheadh. Ar sin sé dubhairt na Madraidhe
lé chéile, "bímís ag bogadh; óir ná fuil aon
truagh ag an Máighistir don ndamhraidh oibre,
ní cosamhail go dtabharfaidh anacail dúinne.



Nuair bhíonn teine i dtig ár gcómharsan,
is mithid dúinn súil do thabhairt ar ár dtig
féin.



An Luch agus an Eas.



Is go duaibhseamhail do thriall Luch bheag,
ocrach, sheirgthe isteach i gciseán arbhair mar
a bhfuair sí an choinnimh chómh maith gur líon
agus gur dhíng í féin chómh mór san, ná raibh
an poll mór a dhóthain dá corp borruighthe
nuair budh mhian léithe fágaint. Agus í n-a


L. 48


suidhe ag béal an phuill ag cneadaig fé n-a
dán, tháinig Eas, a chualaidh a glórtha caoi,
ar an bhfód, agus labhair ar an gcuma so
léithe:- "Fan annsan, a chara, agus déin
troscadh go dtéidhir i dtanaidheacht; mar
go deó na ndeór ní thiocfair amach go dtí
go luigheaduighir thu féin go dtí'n can céadna
'n-a rabhais ar dhul isteach duit."



An Feirmeóir agus an Leómhan.



Do chuaidh Leómhan, lá, isteach i mbannra,
agus lé fonn beartha air do dhún an feir-
meóir an geata air. Nuair ná féadfadh an
Leómhan gabháil amach do chrom ar na caoiribh
d'ionnsaidhe, agus annsan thug a aghaidh ar
an ndamhraidh. Mar sin, ar eagla agus ar
mhaithe leis féin, d'oscail an Feirmeóir an
geata, agus chuir an Leómhan de chómh tapaidh
agus b'fhéidir leis. Thug bean an fheirmeóra
an cúrsa ar fad fé ndeara, agus d'éig ar
a fear nuair chonnaic sí iomard chómh mór
san air mar gheall ar dhochar a chuid eadála,
— "Tá cion do dhearmaid fachta agat; mar
cad bheir duit bheith chómh mór san ar díthcéille
agus ainmhidhe a choimeád, dá bhfeictheá tamall
"uait gur mhian leat a bheith níos sia uait."



Is feárr eagla do chur ar ghadaidhe ná
breith i ngaiste air.


L. 49


Saobhliagh Loscáin.



Ar eirghe amach as shlab corraig do
Loscán, d'fhógair don saoghal go raibh tagtha
chun na huile aicíde do leigheas. "Féachaidh!"
ar seisean "tagaidh chun dochtúra, fear míodh-
chuine a leithéid nár airig an duine riamh
roime seo; níor airig, fiú amháin Aoscula-
pais féin, liagh rítheaghlaig Ióib féin!"



"Agus connus," ars an Sionnach, "a leó-
mhair cur rómhat cách do leigheas, tusa ná fuil
ar do chumas do chéim bhacach féin do leigheas,
agus do chroiceann gearbach, rocach?"



Fromhaidh maoidheamh fir as a chleachtadh.
A Liaigh, leighis thu féin!


L. 50


An Fál agus an Fíonghort.



Oidhre óg leanbaidhe a tháinig i seilbh
inmhe a athar ghlic, do thóch sé a raibh d'fhálaibh
tímcheall an fhíonghuirt, toisc nár thugadar
aon tsilíní. D'fhág leagadh na bhfál a chuid
talmhan fé léith dhuine agus ainmhidhe, agus
budh ghearr gur loiteadh a chuid fineamhan go
léir. Ar an gcuma so d'foghlumuig an
buachaill saonta, nuair bhí sé ródheidheanach
aige, nár cheart do súil do bheith aige silíní
do bheith ar dhriseógaibh, agus go raibh sé
chómh tábhachtach a Fineamhain do chosaint lé
n-a sealbhughadh.



An Gabhar agus an Giolla Gabhar.



D'imthig Gabhar ar fán ón dtréad, agus
bhí an Giolla Gabhar ar a chroidhe díchill
d'iarraidh é do thabhairt thar n-ais chun a
chuallaidhthe. Nuair ná cuirfeadh an Gabhar
aon tuath ann féin ná 'n-a chuid feadghala,
do rug sé ar chloich sa deireadh, agus bhuail
an Gabhar san adhairc gur bhris í. Lé
scannradh mar gheall ar cad bhí déanta aige,
d'athchuinig an Giolla ar an nGabhar gan é
do ghireán lé n-a mháighistir; acht d'fhreagair
an Gabhar: "A Aodhaire Gabhar is lugha


L. 51


chéille! inneósaidh m'adharc féin an scéal,
gidh ná deurfainn-se focal."



Is léire cómharaidhthe na fírinne ná bréithre.



An t-Asal i gCroiceann Leómhain.



Asal a chuir croiceann Leómhain uime,
d'imthigh do féin ag cur eagla ar an uile
ainmhidhe baoth a bhuail leis, agus ar fheicsint
Sionnaig do, thug iarracht ar scannradh do
chur air. Ach ar chlos a ghutha don Sionnach
seadh dubhairt san, "Dar fiadh! go deimhin,
mara mbeadh gur chuala ag gáirí thu do
chuirfeá eagla orm-sa freisin."



Iad so a ghlacas clódh nách dual dóibh is
gnáthach leó scéidheachtaint ortha féin ar dhul
thar cailc.


L. 52


An Capall Cogaidh agus an t-Asal.



Capall cogaidh go raibh treallamh breágh
air, do bhuail go fothromach ar bhóthar, agus
ghein formad in Asal bocht a bhí ag bacadghal
leis fé ualach throm. "Fág an bealach!"
ars an Capall tóirtéiseach, "nó pasálfad
fém chosaibh thu." Ní dubhairt an t-Asal
faic, ach dul i leathtaoibh chun leigeant don
gCapall gabháil tharais. Níor bhfada 'n-a
dhiaidh san go raibh an Capall i gcogadh, agus
goineadh chómh mór san é ná raibh aon mhaith
ann feasda amhsaine do dhéanamh, agus
cuireadh ag obair ar fheirm é. Nuair
chonnaic an t-Asal é agus cuingireach throm
ghá tharang aige go duaibhseamhail, thuig sé
gur bheag é a chúis formaid lé hainmhidhe a
chaill na cáirde, a dhéanfadh fóirthint air, lé
linn a ghábhtair, trí n-a mhustar lé linn a
chonáig.



An Prásaidhe agus a Mhadra.



Do bhí Prásaidhe áirighthe ann go raibh
Madra beag aige. Faid agus bhíodh sé ag
gabháil dá chuid mitil, do chodluigheadh an
Madra, ach pé uair a shuidheadh an Prásaidhe
chun a phroinne mhúscladh an Madra. "A


L. 53


chormhadra chodlataig!" ars an Prásaidhe,
ag caitheamh cnámha chuige, "codlair trí glór
na hineóna, ach músclair ar chéadchlag-
airt m' fhiacal."



Daoine a thugas cluas bhodhar d'annródh
a gcarad bíd beó go leór dá dtairbhe féin.



Bhéanas agus an Cat.



Cat a thuit i ngrádh lé hóigfhear, d'ath-
chuinig ar Bhéanas gearrchaile do dhéanamh
de, lé hionchas go ngnóthóchadh a chean. Ar
ghlacadh truaig don mBaindia dho, do chlaoch-
lóidh 'n-a ógmhnaoi áluinn an Cat; agus
d'árduig an t-óigfhear abhaile leis é, lé
dianghrádh dho. Agus iad 'n-a suidhe n-a
n-aireacal, budh mhian lé Bhéanas fios ar
atharuig sí 'n-a nádúir maidir lé n-a clódh,
agus chuir Luch os a cómhair. Do dhearmhad an
Cailín bocht a nuadhchruth, do phreab ó n-a
suidheachán, agus ling ar an Luich mar bheadh
sí chun a hithte ar an dtoirt; ar sin do
ghríosuig guagacht an Chailín an Bhaindia, agus
ar an mball d'athruig 'n-a Cat airís í.



An rud a geintear san gcnámh fanann
san bhfeóil.



Briseann an dúthchas trí shúilibh an Cait.


L. 54


An Garsún ar Snámh.



Bhí Garsún ar snámh in abhain, agus, ag
dul thar a aoirde dho, do bhí ar tí dulta
ar tóin puill, nuair chonnaic sé aistreachán
ag gabháil thart, agus ghlaoidh in árd a chínn
sa ghutha air teacht chun a thárrthála. Chrom
an Fear ar léigheacht do thabhairt don nGarsún
mar gheall ar a bhaothdhánaidheacht; ach scread
an gárlach air, "Ó, a fhir mhaith! saor ar
dtúis me, agus annsan teagasc me."


L. 55


Na Móiréisceanna agus na
Mionéisceanna.



Do bhí Iascaire ag tarang lín lán de'n
uile shaghas éisc as an bhfarraige. D'éaluig
na Mionéisceanna trí mhogallaibh an lín,
agus thar n-ais leó 'on aigéan, ach rugadh
ar na Móiréisceannaibh agus tógadh ar bórd
luinge iad.



Is minic gur b'í ár suaraidheacht cúis ár
saortha.



Na Garsúin agus na Loscáin.



Do bhí gasradh Gharsún ag súgradh ar
bhruach linne, agus ar thabhairt scata Loscán
fé ndeara dhóibh san uisce, chromadar ar a
bpleanncadh lé clochaibh. Marbhuigheadar
cuid mhaith dhíobh. Sháidh Loscán budh mhisneamhla
ná an chuid eile a cheann aníos, agus d'éig
ortha: "Stadaidh d'bhúr súgradh cruadhálach,
a bhuachaillí; cuimhnighidh, an rud is Súgradh
dhíbh-se gur Bás dúinne é."


L. 56


An Machtíre agus an Leómhan.



Lá n-aon d'fhuaduig Machtíre caora as
chródh, agus bhí ghá hiomchar abhaile chun a
chróidh féin, gur bhuail Leómhan leis, a rug
greim ar an dtoirt ar an gcaora agus
d'árduig leis. Do scread an Machtíre gur
mhór an náire dho é, gur shlad an Leómhan
dá chuid mhacánta féin é. Do gháir an
Leómhan fé, go ndubhairt: "Is dócha mar
sin gur b'é do chara maith, an t-aodhaire, a
thug duit-se í." Goid ó ghadaidhe goid gan
pheaca.


L. 57


An t-Asal, an Coileach agus an
Leómhan.



Do chómhnuig Asal agus Coileach i
dteannta a chéile i mbannra. Lá n-aon
agus Leómhan ocrach ag gabháil thar brághaid,
agus ar fheicsint an Asail ar aiste mhaith, do
chinn ar bhéile do dhéanamh de. Anois, tá
sé ráidhte ná fuil aon rud is mó gráin ag
Leómhan ná glaodhach Coilig; agus ar an
uain sin do chrom an Coileach ar ghlaodhach,
do chuir an Leómhan de chómh deithineasach agus
b'fhéidir ón mball. Do bhain an t-Asal
sult mór as a shmaoineamh go bhféadfadh
éan a lithéid d'eagla do chur ar an Leómhan,
do chruinnig misneach, agus siúd leis ar
cosanairde i ndiaidh an Leómhan, agus áthas
air go ruaigfeadh rí na n-ainmhidhthe. Ní
mór an bóthar a bhí curtha aige dhe, ámhthach,
nuair chas an leómhan go hoban air, agus
chuir crích air an luighe na súl.



Túis tóirtéise aineólas agus creach a
deireadh.


L. 58


Na hAibhnteacha agus an Fharraige.



Tráth n-aon do chóimhcheangail na
hAibhnteacha in aghaidh na Mara, agus ar
dhul 'n-a ndiorma dhóibh, do chasadar léithe,
go ndubhradar: "Cad fáth nuair fhearaimíd-
ne, Aibhnteacha, ár gcuid uiscí úr, milis duit-
se, go ndeinir-se lomláithreach sáile dobhlasta
díobh?" Ar bhreithniughadh don Muir an
ínntin ar n-ar thángadar, d'fhreagair sí go
maol: "Mara mian libh sáile do dhéanamh
díbh, fanaidh uaim-se, lé nbhúr dtoil."



Is minic gur b'iad an dream is mó
tairbhightear is túisce gireán.


L. 59


An Machtíre agus
an Gabhar.



Machtíre a chonnaic
Gabhar ag inbhear ar stuaic
faille aoirde, in áit ná
féadfadh teacht air, do ghoir
air teacht anuas níos ísle,
ar eagla go straoillfeadh
sé san áit árd, mhéadhbhánach
san, "agus, iomorro," ar
seisean, "is mó gur mílse agus gur flúirsighe
an féar thíos annso." Ach d'fhreagair an
Gabhar: "Gaibh agam-sa; ní chun mo
phroinne-se thugair cuireadh dhom, ach chun do
phroinne féin."


L. 60


An t-Asal ag iomchar an tSalainn.



Gáineálaidhe áirighthe go raibh Asal aige,
agus a chualaidh go raibh Salann lé fagháil
ar shaormhargadh cois farraige, thiomáin a
Asal leis fé n-a dhéin chun cuid de do
cheannach. Tréis ualaig do chur ar an Asal
chómh maith agus b'fhéidir leis sin d'iomchar,
do thiomáin leis abhaile. Ag dul thar cuiripe
sleamhain carraige, thuit an t-Asal 'on abhain,
agus leighidh an Salann, agus d'fhuascail san
an t-Asal dá ualach. Sroich sé an port,
agus lean dá bhealach, go héadtrom i gcorp
sa spirid. Go geairrid 'n-a dhiaidh san do
bhuail an Gáineálaidhe airís fé dhéin na trágha
d'iarraidh a thuilleadh Salainn, agus líon
ualach ar an Asal níos truime, má b'fhéidir
ná an t-ualach roimhe sin. Ar fhilleadh dhóibh
a's ag dul treasna na habhan céadna dhóibh
do thuit an t-Asal d'aontoisc, agus ar
leigheadh don Salann fuascladh dá ualach
airís é. Do chuir dochar an t-Salainn fearg
ar an máighistir, agus ar mhachtnamh do
connus b'fhéidir an t-Asal do leigheas dá
chleas, ar an gcéad aistear eile don oirear
do chuir sé ualach múscán air. Nuair
shroicheadar an tsruth chéadna airís do
tharaing an t-Asal a sheanchleasa chuige, agus


L. 61


d'iomloisc é féin san uisce, ach ar shughadh
an uisce go mór dos na múscánaibh, fuair
an t-Asal ag triall abhaile dho, gur b'amhlaidh
thromuig sé a ualach in ionad a éadtrom-
thuighte.



Ní oireann na cúinsí céadna an uile
chúrsa; agus is féidir an cleas céadna
d'imirt uair sa mbreis.



An Leómhan agus a Thriúr Cómhairleach.



Do ghlaoidh Leómhan ar Chaora d'fhéachaint
an raibh boladh ó n-a anáil: dubhairt an
Chaora, "Tá"; sciob an Leómhan an ceann
di mar óinsig. Ghlaoidh sé ar an Machtíre,
agus d'fhiafruig an nidh céadna dhe: dubhairt
seisean, "Níl"; dhein sé greamanna dhe
mar bhladaire. Fé dheireadh ghlaoidh sé ar
Shionnach, agus d'fhiafruig de. Go deimhin
do bhí slaghdán air sin, agus ní bhfaigheadh
boladh aon nídh.



Ní osclann daoine glioca a mbéal le
linn conntabhairte.


L. 62


An Onchú agus an Sionnach.



Bhí comórtas idir Onchú agus Sionnach,
ceaca budh bhreághtha crot. D'áitimh an
Onchú áilne a ball do-áirighthe, ach d'fhreag-
air an Sionnach — "Is feárr ínntin ilchleasach
ná corp ioldathach."



An Moncaidhe agus na h-Iascairí.



Do bhí Moncaidhe 'n-a shuidhe go hárd in
áirde ar chrann, agus chonnaic uaidh anuas
Iascairí ar abhain ag cur a líonta, agus
d'fhair cad bhí ar siubhall aca. Ní túisce
bhí na líonta curtha ag na hIascairíbh, agus
iad imthighthe achar ón áit chun a bproinne
d'itheadh, ná tháinig an Moncaidhe anuas as
an gcrann, ar inntin a chuid féin den súgradh


L. 63


do bheith aige. Acht ag gabháil des na líontaibh,
chuaidh sé in achrann chómh mór san ionta, go
raibh ar barrghal athachta, agus b'éigean do
screadadh go hárd: "Tuillim an méid
seo, mar cad é an gnó a bhí agam-sa, ná
feadair faic i dtaobh iascaig, baint lé fearas
mar é seo?"



An Gormán.



Do cheannuig fear áirighthe Gormán,
agus tuigeadh do gur de dheascaibh faillighe
a sheanmháighistir dath a chroicinn, agus ní
túisce thug abhaile leis é ná sholáthruig an
uile shaghas fearais sciúrtha, scuaba cimealtha,
galbhúnach, agus pairín, agus chuaidh i bhfeidhil
oibre chun a ghealtha airís, dar leis. Do
deineadh as a silleadh mhaol bháidhte é lé
huisce, agus caitheadh na tráthanna ghá chimilt,
ach bfhuar é a ngnó; bhí a chroiceann chómh
dubh agus bhí riamh; agus ní mór ná go
bhfuair an truaghán bocht bás leis an
iondrabháil.



Ní haon mhaith cómhacht dhaonna ar athar-
ughadh nádúra urchóideach ó bhunadh.


L. 64


An Fhineamhain agus an Gabhar.



Do bhí Fineamhain ag tuiteam dá mogail
lé toradh trom, aibidh agus beanngánaibh
séimhe, nuair tháinig Gabhar teasbamhail, agus
chnaoidh an choirt, agus bhrosc na duilleóga
óga. "Déanfad díoghaltas ort," ars an
Fhineamhain, "mar gheall ar an easonóir seo;
mar i gceann cúpla lae nuair béarfar mar
chreach chun altóra thu, is é súghlach mo shilíní
bhéas mar dhrúcht báis ar téadan."



Dá mhoille é an cúiteamh tagann sé.


L. 65


An Cromán Breóidhte.



Cromán a bhí breóidhte ar feadh i bhfad,
dubhairt lé n-a mháthair. "Ná goil, a mháthair;
ach téidhir agus guidh chun na ndéithe go
dtéarnóchainn ón aicíd uathbhásaig seo agus
ón bpian rómhór," "Fairír! a leinbh,"
ars an mháthair, "ceaca des na déithibh
d'impeóchad duit-se a shlad a n-altóirí go
léir?"



Is bocht an cúiteamh aithrighe lé linn báis
ar mhíoghníomhaibh lánsaoghail.



An Garsún agus an Neanntóg.



Garsún a bhí ag súgradh ameasc na ngort
agus gur chealg Neanntóg é, do rith abhaile
chun a mháthar, ghá ínnsint di nár dhein ach
teangbháil leis an bhfiadhaile gránda, agus
gur chealg é. "Díreach i dtaobh nár dheinis
ach teangbháil leis budh bhun gur chealg sé
thu, a bhuachaill," ars an mháthair "an chéad
uair eile a bhainfir lé Neanntóig, greamuig
go dlúth í, agus ní dhéanfaidh bascadh dhuit."



An rud a dheinir dein go dána é.


L. 66


An Sionnach agus an
Príochán.



Do sciob Príochán geannc
mhaith cháise as fhuinneóig, agus
léim léithe go crann árd, ar
ínntin aoibhneas do bhaint as
a luach saothair. Do dhearc an
Sionnach an blúire deaghbhlasta,
agus mar seo do bheartuig
ar dhul 'n-a chómhair. "A
Phríocháin," ar seisean, "nách
áluinn iad do sciatháin, nách


L. 67


geal do shúil! Nách seang do mhuineál!
Ucht fiolair t'ucht-sa! Do chrúcaidhe — gaibh
agam — do ghríbhe, is comórtas d'ainmhidhthibh
uile an mháig. Ó, a thruagh do lithéid d'éan
do bheith balbh gan guth!" Lé háthas an
Phríocháin as an bplámás so, do dhein
miongháire as an slighe chuirfeadh iongtas ar
an Sionnach lé n-a ghráig, agus d'oscail a
bhéal — anuas do thuit an cháis! gur
ghreamuig an Sionnach í, agus go ndubhairt
ag bailiughadh leis do, "Pé rud adubhart
mar gheall ar t' áilne, ní dubhart faic mar
gheall ar t'inchinn."



Is annamh dheineann cách plámás gan rún
éigin do bheith ar maoith aca; ach iad-so a
éisteas lé n-a lithéid de cheól bíodh súil aca
lé díol as an bpíobaire.


L. 68


An Triúr Ceárdaidhthe.



Do bhí súil ag muinntir cathrach áirighthe
lé hiomshuidhe, agus glacadh cómhairle dá
réir sin connus b'fheárr b'fhéidir í do
dhaingniughadh. Thug Saorbríce a thuairm ná
raibh aon rud do b'fheárr n-a cómhair ná bríc.
D'iarr Saoradhmaid cead a chur a bhfighis
ortha gur iontoghtha adhmad. Air sin d'eirig
Boinleasaidhe, agus dubhairt: "A fheara
mhaithe, nuair bheidh an méid atá lé rádh ráidhte
agaibh, níl aon rud mar an leathar."



An Fiachdubh agus an Eala.



Tháinig éad ag Fiachdubh lé hEala mar
gheall ar a cuid clúimh; agus ó smaoineadh
do gur de bhárr an uisce ar n-a gcómhnuigheadh
sí tháinig a háilne, thréig sé na haltóirí mar
a bhfaigheadh a shlighe bheatha, agus thug é féin
ar shruthánaibh a's ar línntibh. Annsan do
ghléas agus do chleitig é féin agus d'ionnlaidh
a fhionna, ach níor b'aon mhaith dho é, d'fhan
an dath céadna dubh ar a chuid clúimh, agus
níor bhfada ná go bhfuair bás de cheal a
ghnáithbhídh.



Ní atharach áite atharach nádúra.


L. 69


Scáth an Asail.



Lá beirbhthe samhraidh d'fhostuig Ógánach
Asal chun a thabhartha ó cathair na hAithne go
Meagara. Um meádhonlae do bhí an ghrian
chómh scólta san gur thúirling an t-Ógánach
de'n Asal, agus budh mhian leis suidhe i scáth
an Asail chun sosa. Ach d'áitig tiománaidhe
an Asail air nár leis an áit, ghá rádh go
raibh chómhbhuanacht aige féin air. "Cad
san!" ars an t-Ógánach, "nár fhostuigheas-
sa an t-Asal so lé haghaidh an turusa ar
fad?" "D'fhostuighis," ars an Tiomán-
aidhe, "an t-Asal, ach níor fhostuighis Scáth
an Asail." Faid bhíodar ag áiteamh 'sag
achrann ar an gcuma so, ghread an t-Asal leis.


L. 70


Na Madraidhe agus na Seithí.



Madraidhe go raibh ocras ortha do
chonnacadar ádhbhar Seithí neimhleasuighthe a
fhág feannadóir ar thóin srutha, agus ó nár
bh'féidir leó a sroicheamhaint d'aontuigheadar
eatartha féin an abha d'ól. Mar sin
chromadar ar ól, ach sar ar shroicheadar na
Seithí, ná in aon ghiorracht dhóibh, phléascadar.



Iad so a aimsigheas rud lé slighe aing-
ciallda, is móide go millfid iad féin san
iarracht.



An t-Aodhaire agus an Fharraige.



D'aistrig Aodhaire a thréad chun féaraig
cois Farraige, agus ar a feicsint chómh ciúin,


L. 71


sleamhain ghaibh fonn láidir é seóladh ar a
hucht. Ar an adhbhar san dhíol sé a chuid
caorach go léir agus cheannuig last Dáileóg,
agus sheól leis. Níor bhfada imthighthe dho
gur eirig spéirling; briseadh a long, agus
chaill a chuid Daileóg agus gach aon nidh eile,
agus budh lé duadh mór a shaor sé é féin.
Níorbh bh'fada 'n-a dhiaidh san, agus an Fharraige
'n-a sos, gur tháinig cara do'n bhfear ag
suimiughadh na Farraige, agus dubhairt an
fear: "Bí aireach, a bhuachaill mhaith, ar an
ucht réidh sin, is amhlaidh atá ar tí Dáileóg."



An Fháinleóg i gCúirt.



Do dhein Fáinleóg a nead fé bhúndalaig
Cúirte na Córach. Sar ar bh'féidir lé n-a
rudaidhibh beaga eiteall, d'únamh Nathair
amach as a phruais, agus d'ith na geárrcaig
go léir. Nuair fhill an t-éan bocht ar a
nid agus fuair follamh í, do chrom ar chaoi
thruaig; ach cómharsa a chuir in iúl uirthe,
i riocht cómhfhurtachta mar dh'eadh, nár bh'í an
chéad éan í a chaill a hál, d'fhreagair an
fhuiseóg í. "Is fíor san, ach ní hiad mo
rudaidhe beaga a chaoinim ar fad, ach go
ndéanfaidhe éagcóir orm mar a dtriallann
cách maislighthe chun córa d'fhaghail."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services