Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filí gan Iomrádh
Title
Filí gan Iomrádh
Author(s)
Mac Grianna, Seosamh,
Pen Name
Iolann Fionn
Composition Date
1926
Publisher
Ultach, An t-
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I. Is fada an lá sgoláirí ag obair go dicheallach, ag bailiughadh chuid filidheachta na h-Éireann, as na sean láimh- sgríbhinnibh agus ó lucht seanchais anns an Ghaedhealtacht. Níor leig siad mórán thársta; féadaim a rádh, rud ar bith a bhí i n-ainm a bheith 'na ranntuigheacht ar chor ar bith, gur chruinnigh siad chucú go gradamach é. Béidh iongantas ar mhórán daoiní, mar sin de, nuair a chluinfidh siad go bhfuil cuid de'n chuid is feárr de'n fhilidheacht go fóill nach mó ná gur tugadh fá dear ar chor ar bith. Bhí trí fhile 'na gcómhnaidhe i Rann-na-Feirsde i dTír Chonaill tá céad bliadhain o shoin a d'fhág cnuasach mór de fhíor-fhilidheacht 'na ndiaidh nár náire ar bith dúinn a chur i gcló imeasc an litridheachta is fearr atá againn. Tá cuid mhór de na solathar caillte; dá bhfágfaidh gan scríobhadh glún eile é, bhí sé uilig caillte. Agus ní'l duine ar bith a léighfeas na h-amhráin seo, nach gcaithfidh a rádh gur mhór an truaighe sin; ná bainfidh an deise atá annta léim as, agus cuirfidh sé a mheabhrughadh é. Teaghlach de Dhálach a mhair i Rann-na-Feirsde a rinne an fhilidheacht seo a bhfuil mé ag trácht oirthí. Bhí siad teach mór fear ann - Aodh, Séamus, Peadar, Pádraig, Seán agus Mághnus; acht ní rabh cuisle na filidheachta acht anns an chéad triúir. Glacfaidh duine fios a bheith aige goidé mar bhí an saoghal 'na shuidhe 'san am i dTír Chonaill le 'na dtuigbheáil mar is cóir. Le na linn, bhí Éire go díreach i ndeireadh ghéar-leanamhaint na h-ochtmhadh h-aoise déag. Bhí droch-dhóigh ar Chaitilicigh, go h-áirid ar na daoinibh a bhí 'na gcómhnaidhe 'sna sléibhthibh agus a chois cladaigh i dTír Chonaill thiar. Bhaineadh siad bárr gortach as giotaí fuara caoráin, agus mharbhadh siad corr bheathach éisg. Sin a rabh de ghléas beo acú, agus chan ar obair a bhí a n-umhail. Mar a gcéadna, bhí a gcuid toightheach bocht, cionnas gan iad saothar a fhághail uatha. Bhí toighthe cloiche annamh anns an am; bothógaí fód nach mó ná go gcuirfidhe cearca anntú 'san am i lathair a bhí ag an mhór-chuid acú. Ní'l amhras ar bith ná thiocfadh leobhtha a bheith rud beag ní ba seascaire, dá bhfiachadh siad leis. Acht ní rabh ar a n-umhail acht troid agus filidheacht agus seanchas. Ba é seo an áit a deárn cuid clann Thír Chonaill cómhnaidhe nuair a briseadh agus nuair a díbriughadh iad. Indiaidh céad nó céad go leith bliadhain a dhul thart, bhí oiread de chuimhne acú ar an tsean-dóigh a bhí ag na gcuid sinnsear nuair a bhí siad 'na bhflathaibh i dTír Chonaill, agus dá bhfághadh Éire ceart
anns an am a bhfuil mé ag trácht air, nach mbéadh moill ortha pilleadh as na Rosaibh agus as Gaoth Dobhair go Bealach Seanaigh agus go Caisleán Mhic Shuibhne na dTuath. Bhí an dligheadh ro-throm ortha le iad claidhmhtheacha a iomchur, acht ní rabh aon fhear amháin nach mbíodh a bhata leis mara mbíodh sé acht ag dul dhá shlait o'n dorus. Bhí na cinidheacha ag troid ann a measc féin. Bhíodh cathanna aca ar na h-aontaighe a mbíodh sgéal fada go deo orthu. Annsin bhí a gcroidhe astoigh i bhfilidheacht agus i sgéalaidheacht. Tá cuid de'n litridheacht sin fágtha. Acht ní mó ná go dtig linn i gceart a thuigbheáil goidé an saidhbhreas Gaedhilge a bhí acú. Sinne a chualaidh sean- daoiní a bhí leith-chéad nó trí scór bliadhain níos sine ná muid féin ag cainnt Gaedhilge, tá fhios againn go bhfuil oiread Gaedhilge acú a bharraidheacht orainne agus tá againne a bharraidheacht ar lucht na "nua-Ghaedhilge." Smuaintigheadh achan duine dó féin ar na daoinibh a bhí ann leith-chéad bliadhain roimhe na seandaoiní seo, agus an teanga a chaithfeadh a bheith acú! Sin anois an seort daoiní a bhí i Rann-na-Feirsde nuair a mhair Aodh agus Séamus agus Peadar Gréasaidhe, clann Phádraig Duibh Uí Dhómhnaill. Bhí, daoiní uaisle teinntridhe, a bhí sásta le bochógaí fód, agus le tráth ná beirt de phreátaí ná de bhrachán choirce 'sa lá, fhad agus thiocfadh leobhtha gníomh éifeachtach a dheánamh i gcionn bata, ná amhrán filiúnta a chur indiaidh a chéile. Agus gann i mbiadh agus mar bhí siad, ba iad a bhí neartmhar, chan ionann sin agus an dream atá anois ann. Innistear fiche sgéal beag go fóill a bheir le tuigbheáil dúinn go soiléir goidé an seort daoiní a bhí annta, agus seo ceann acú, agus tá níos mó eolais ann ná thiocfadh liom-sa a thabhairt uaim dá mbínn ag sgríobhadh go ceann seachtmhaine. Tháinig soitheach i dtír i n-Inis Mhic an Duirn, agus bhí fear dubh ar bórd oirthí a bhí 'na choraidhe mhillteanach. Chuaidh fear de bhunadh an oileáin, Eoin Fhearghail Uí Bhaoighill, chun spáirne leis. Bhí cath cruaidh acú, acht leag Eoin Fheargail 'sa deireadh é agus bhris sé a chos. "Goidé an biadh a bheir tú de do mhac?" arsa caiptín na luinge le Feargal Ó Baoighill. "Tá," arsa an seanduine, "garbh-iasg, preátaí, agus toradh na bó." Ní'l a fhios agat cé acú is mó a síleann tú dó, neart an mhic ná teanga an athara. Thig linn smuaintiughadh ar an tsaoghal a bhí ag na Dálaigh anns an aois sin. Ní rabh siad ag buaidhreadh a
gcinn leis an domhan mhór a bhí taobh thoir de'n Mhucais. Bhí an Eoraip uilig dá criathrughad ag Buonaparte anns an am; bhí tíortha móra ag tuitim agus ag éirghe; bhí smuaintigheacha móra ag spreagadh an chineadh daonna; acht má bhí, ba bheag áird a bhí orthú i Rann-na-Feirsde. Ba acú a bhí an saoghal aoibhinn, mar chlann Phádraig Duibh Uí Dhómhnaill. Ní rabh áilneacht ná iolmhaitheas fá dtaobh daobhtha mar ba chóir a bheith fá dtaobh de éigsibh. Acht bhí na sléibhte agus an mhuir i gcómhnaidhe ann sin acú le smuaintigheacha domhaine a mhusgladh ann a gcroidhe, agus ní rabh úspaireacht shanntach le deánamh acú a bhodhróchadh an inntinn ná dhallfadh an inntleacht acú. Is iomdha oidhche Gheimhridh a chruinnigh siad thart fa'n teiní, agus gan dadadh ag cur bhuaidheartha orthú acht oiread le éanacha an aeir. Tharraing Aodh air rann deagh-bhriathrach ná ramás ráscánta; thug Séamus freagra air; thainig Peadar le na cheathramhadh féin; bhí "cor i n-aghaidh an chaim agus cam i n-aghaidh an choir" acú ó dhul ó soluis de go h-am luighe. Is iomdha uair a bhí duine de'n comhursain ag dul an bealach, agus chualaidh sé an gleo acú, ag baint mac alla as na creataighe le filidheacht agus le greann; agus dubhairt leis féin, creidim, gurbh' ortha a bhí an dóigh. Seo rann beag de chuid an ama sin, a chan Peadar. Lá amháin a bhí siad 'na suidhe ag 'na ndínneár preátaí, agus thainig sean-Phádraig isteach. Thóg an chlann gleo gáiridhe nuair a thainig sé chun toighe, a us shíl seisean gur faoi féin a bhí siad ag gáiridhe. Bheannaigh sé daobhtha go géar: "Is deas an áit ar thárla mé Fríd lán toighe de amhais." Acht ní mo ná go rabh an focal deireannach as a bhéal nuair a thug Peadar freagra air: "Má's file thusa a shiubhlas le dántaí, Agus do "bhuig" go státamhail leat ar do chluais. Ná bain dínne fá na preátaí, Ná be'idh tú gárrtha go cruaidh." Is iomdha píosa beag de'n chineál sin a rinne siad, creidim - seóide beaga a tháinig leobhtha go nádurtha nár chuir siad de saothar orthú féin dá ndeánamh acht oiread agus dá mbíodh siad ag beannughadh an am dhe lá de dhuine - agus a leigeadh ar dearmad. Is dóighche gur choinnig siad acú féin cuid mhór de na h-aistidhe seo a rinne siad ann a n-óige, ná gur leor leobhtha an t-aoibhneas a bhain siad féin asta, agus nach rabh siad ag
iarraidh molta ó dhaoiní eile. Ar scor ar bith, ní'l a fhios againn níos mó fá na Dálaigh go dtí gur scab siad, agus go deachaidh achan duine acú a dheánamh as do féin. II. B'éigean dó na Dálaigh go rabh siad ní ba toiceamhla ná an chomhursa, nó ar scor ar bith go rabh níos mó dheánamh gnaithe anntú; ná bhí ceird ag achan uile fhear ariamh acú. Bhí Aodh agus Séamus 'na saorthaí cloiche, bhí Peadar 'na ghréasaidhe, bhí Pádraig 'na shaor-ádhmaid, agus bhí Mághnus 'na fhonnsóir. Acht má bhí féin, ní rabh mórán tábhaicht anntú, go h-áithrid Aodh agus Peadar Gréasaidhe. Bhí rudaí eile ar a n-umhail d'iombaite de sheascaireacht an tsaoghail seo. Dubhairt Aodh é féin go feagranta é: "Marab é gur rugadh faoi'n chinneamhaint mé nár bh'fhéidir mo thabhairt i n-éifeacht." Rud beag eile de, ní rabh mórán le saothrughadh ag lucht ceirde anns an cheanntar bhocht sin. Chuaidh Pádraig siar i rith an chasáin go Carraig Na Mart i gConnachta gur fhóghluim sé an t-ádhmad a oibriughadh. Thainig sé 'na bhaile go Rann-na-Feirsde agus é cóirighthe go fiúntach ann a chasóig dheirg agus ann a bhearrád de chroiceann an róin. Nuair a chonnaic Peadar Gréasaidhe an t-éideadh a bhí air, dar leis go mbéadh cuid de aige féin. Is iongantach an sgéal le h-innse é go bhfuigeadh file rud comhtrom ar bith ar son amhráin anns an am bocht is mar bhí na daoiní. Nár bheag áthrach a thainig ar na Gaedhil ó bhí aimsir Cholmcille agus Chómhdhail Drom Ceat ann go dtí aimsir Pheadair Gréasaidhe, tá céad bliadhain ó shoin! Seo an t-amhrán a d'aithris Peadar de 'na dhearbhrathair: Nach caol an t-agra is mé beo, fá'n bhearrád ce'r mhór mo gheall. Ar léabh de chroiceann an róin 'sa chumas a bhí mór fá'n tuinn. Ní'l aon dá ndearcfadh ar mo dhóigh ó reath mise as órdughadh cinn, Nuair a bhéadh an sneachta ar an mhóin nár bh'fhogus mo chabhair dá bhonn. Ceiligidh an 't-aicseán' seo ar Aodh na millfidh sé an tuidh le ceol Fá dh'aidreabhacht an bhearráid uaim síos is mo hata ann a ndíobla mhór;
Acht ó's cinneamaint damh imtheacht 'mo dhíorfach, is furtach ag aon nach bhfághaim, 'S gan agam acht luighe 'chois bruaigh go bpiocaidh na daoil mé beo. Dá mbíodh mo hata ann a státh ní chluinfidh go bráthach mé ag cainnt; Acht dá fheabhas mo chulaith go bárr go dtig oirthí gráin o'n cheann. Tá an saoghal seo ag mealladh a lán 's is cleasach a dháil, dar liom; An pósaí 's deise 'sa ghárraidh nuair a chailleas sé a bhláth is ba fann. A dhuine de d'anam deán tárrtháil, 's mo chloigeann ná fág í lom; 'S go bhfuil béal na n-aingeal 'ghá rádh linn an mhaitheas a dheánamh i n-am; Ná'n uair a thiocfas an bás is nach dtugann duit spás ná faill, Go bhfuighir luach an bhearráid go sásta, i bFlaithis gheobhair fáilte dhá chionn. Déirce a d'agarfá a dheánamh nach orm a b'fheárr duit a roinnt; 'S gur ghléas mé currghain is mála, ag imtheacht fá ghránaidhe an chinn; Ba samhail damh roiltheach gan snámh ag siubhal a chois trágha go fann, Gan feoil ná fuil ar a chnámhaibh, acht na h-asnacha 'breith bárr o'n druim. Is geárr go dtiocfaidh an lá a mbéidh breitheamhnas géar fá'n roinnt, 'S ní'l aonduine dá dtainig ó Ádhamh nach mbéidh ann an lá sin cruinn; Nuair a rachas na peacaidh sa scála nár thaismeach dá dtárladh trom; Bearrád go gcrochfadh thú anáirde, 's tú i n-Ifreann go bráth fá'n tsainnt. Thug Pádraig an bearrád dó go fial flaitheamhail. Ba doiligh á dhiúltughadh, fear ar bith a bhí i n-innimh canamhaint mar sin a chur indiaidh a chéile. Tá corr locht beag ar an mheadaracht annseo is annsiud, acht tá an chanamhaint an-fhiliúnta ó thús go deireadh; agus aindheoin gan cuid de na smuaintigheacha a bheith ag cur le chéile ró- mhaith - sin mar déarfá, beárn ro-mhór a bheith eadar tús
agus deireadh ceathramhan, mar tá sa tríomhadh agus sa ceathramhadh ceathramhadh - tá siad domhain agus tá neart acú anns an amhrán. Agus ár ndóighe tá dhá líne ann nár bh'fhéidir a shárughadh: "Gur samhail damh roiltheach gan snámh ag siubhal a chois trágha go fann, Gan feoil ná fuil ar a chnámhaibh acht na h-asnacha 'breith bárr o'n druim." Le na dtuigbheáil i gceart, caithfidh duine eolas a bheith aige ar an roiltheach. Éan bocht lom deileóir atá ann, a bíos fá imeall an láin-mhara agus gan snámh ar bith aige. Deirtear go dtug sé an snámh do'n fhaoilinn agus nach bhfuair sé ní ba mhó é; tá sean-fhocal ann, "iasacht an roilthigh de'n fhaoilinn." Smuaintigh ar an roiltheach ag siubhal i n-imeall an láin-mhara ag amharc amach ar an faoilinn bhródamhail ar uachtar na dtonn, an áit nach dtig leis a dhul na diaidh, agus é ag meabhrughadh ar a dhóig. Agus an deilbh a bhí air! Ná'r scáthmar an t-eagar é ag rud ar bith a rabh an anál ann! Bá é sin tús na filideachta, acht chár bh'é a deireadh é. An lá ar na bhárach tháinig Séamus isteach chuig Aodh: "An misde damh a fhiafruigh duit cá bhfuil tú ag gabhail anois?" arsa Aodh nuair a bhí sé ag imtheacht. "Maise ní misde. Tá mé ag gabhail síos chuig Pádraig, a dh'amharc air, agus a dh'amharc ar dheil a bhí leis as Carraig na Mart. An rud a bíos annamh bíonn sé iongantach, agus ní fhaca mé aon deil ariamh aroimhe." "An dtabharfaidh tú sgéala uaim chuige?" "Maise ní truimide sin damh." Thoisigh Aodh: Beir scéala uaim 'soir Phádraig go bhfuil mise 'mo cheatharnaigh, Mar bhí Rudhraigh Bán i mBéal Muilid 'na leomhan, Faoi éideadh mhaith shásta ó imleann go sáil. Acht ní h-amhlaidh bím "seárbhailte" ó sin go dtí'n sgóig. A chongnamh mur bfágha mise suas ó mo bhrághaid, Fríd choilltibh go ngéabhfad a chasgairt an tsloigh, Agus mór a bhí ag Aodh Bán liom faoi phúdar 's faoi ghrán, 'S dar liom-sa gur scáthmhar an rud duine dhe mo shórt.
D'imthigh Séamus síos chuig Pádraig agus seo an forán a chuir sé air: Nach bocht 'riú, a Phádraig, an sgéal atá ar do dhearbhrathair, Ag imtheacht 'na cheatharnaigh a' robáil an tslóigh; 'S gur aidigh sé de'n Áirdrigh do chongnamh dá bhfághadh sé, Go bhfanóchadh sé ag Nábla go dtéidheadh sé faoi fhód. 'S bocht 'riú an cás é i n-aondumhadh mar tá tú, 'S gan eagla ort-sa báilligh go dtógann do bhó; Aríst a bhéas gráin ort, 's gan caoi le na tárrtháil, 'Sé mheasaim gur feárr duit an jacket a thabhairt dó. Ní'l iomrádh go deárn Pádraig filidheacht ar bith ariamh. Is dóighche gur Séamus a rinne an cheathramhadh seo ann a ainm: Is trioblóid na Dálaigh, 'sé shílim, dar mo láimh, ó, 'S ní féidir damh a sásadh go dtéidh mé faoi fhód - Mo jacket mhaith scarlet a chosain na táintí, Nár mhór leobhtha a fághail uaim le h-agallaimh ceoil. Tá coisbheart mhaith shásta air, dar liom-sa, mar tá sé, - Bríste maith láidir agus bun-chóta-mór; 'S fághadh sé píosa de'n bháinín ó Shéamus Ó h-Árlaigh, Agos ceannughadh sé féin mádar ná leigeadh sé dó. Annsin bhuail an t-aithreachas Séamos as a bheith ro-iarratasach Tá sagairt is bráithre dá mhíniughadh go gnásamhail Gur beag ar an Áirdrigh lucht chruinnighste an stóir, Ba ró-mhíle a b'fheárr duit an déirce seo a dheánamh Ar bhochtaibh i n-anrath a bhéadh taitmheach 'sa ghlóir. Is dóighche gur Aodh a chuir an rann seo i gceann Sheáin: Caith chuige í, 'Phádraig 's ná bíodh sé le rádh leat; 'Sí an jacket í 's feárr duit a chuir tú go fóill, Ar Shliabh Siain an lá sin gheobhair éiric ro-shásta, 'S tú 'g imtheacht go Parrthas ar thoiseach an tslóigh. Ní'l na "h-agallaimh ceoil" seo uilig againn, agus níl a fhios againn cia acú a thug Pádraig uadh an jacket ná nach dtug. Acht féadann muid a bheith cinnte nár eitigh sé Aodh indiaidh an méid sin ceoil a chur ann a chluasaibh. Ba mhinic Aodh agus Séamus i ndeabhaidh lainn le chéile 'san fhilidheacht. Bhí Aodh iarratasach go maith; bhí cuid mhór de na sean-fhilí ann. Acht níor b'amhlaidh de
Shéamus; bhí seisean onórach i gceart, agus bhí sé trom ar an fhear eile as a shiocair sin. Uair amháin thug gréasaidhe a rabh Nioclás Mhac Fheargail air bearrád de Aodh, agus fuair sé buidheachas dóigheamhail: A Niocláis, 's tú sgoith na bhfear saor de Chlanna na Míleadh tréan, Ba duthcha bheith 'dTeamhair 'do righ, 's tú d'fholuigh mo mhaoil aréir Leis an bhearrád ba ghile na'n t-aol, 's an breacadh a bhí fríd le scéim. 'S ó d'éag sin Cathbharr as Midhe, tá tusa 'do righ 'na dhiaidh. A Niocláis Mhic Fheargail gan áidhbhéil, is tú fuair an tsár-chliú mór, Ag deánamh buatair 's bróga árda ó Iorrais go Máluinn Mhóir. 'S tú an gréasaidhe is feárr anns an áit seo agus thug tusa bárr ar gach seoid; 'Seacht mh'anam déag do lámh, 's tú chuirfeadh an tsál ar dóigh. Ní'l mé ag rádh go bhfuil aon líne i bhfilidheacht na nDálach a bhfuil an ceol agus an deallramh ann atá ann atá anns an líne sin: Leis an bhearrad ga ghile ná 'n t-aol, 's an breacadh a bhí fríd le scéimh Tá ceathramhadh amháin ar a laighead caillte de'n amhrán sin, ná bheir freagra Shéamus le fios dúinn gur chuir Aodh Nioclás i gcosamhlacht le Gofraidh Ó Dómhnaill. Seo mar labhair Séamus a dh'aonturas ar an fhear eile: Ná creidigidh aon fhocal ó Aodh dá gcanfaidh sé a choidhche i gceol, Ó luadh sé Gofraidh an fear groidhe a mharbh an Muimhneach Mór; Cathbharr a scapfadh gan mhaoidhimh airgead, maoin is ór - Mo mhallacht de'n fhear a chuir síos é de shean-Nioclás mhaol na mbróg. Seo sompla de na gcuid ceoil cánta - buillí troma mí-thrócaireacha, mar bhéadh órd ar inneoir ann. Ba iad nach rachadh ar chúl sgéithe leis an chainnt a bhí le rádh acú, bíodh sí milis ná searbh.
III. Chuaidh "An Chrúbach" fada leitheadach ar fud Thír Chonaill, agus chárbh' iongantas ar bith sin. Cé go rabh triúr uilig fá dtaobh de'n amhrán is é Aodh Ó Dómhnaill is mó fuair dá chliú. Ar an ádhbhar sin tráchtfamuid ann seo oirthí nuair atá muid ag trácht ar Aodh ar leith leis féin. Seo ádhbhar an amhráin: Dhíol Aodh Ó Dómhnaill bó ar aonach Ghort a' Choirce le Éamonn Ó Dúthchain as Toraigh - bó a dtugadh siad an "Chrúbach" oirthí, siocair adharca cama a bheith oirthí. Níor bh'fada a bhí sí ag Éamonn gur mharbh sé í, agus gur chuir sé a croiceann mar seithche ar churach. Tháinig oidhche mhillteanach ghaoithe móire agus siabadh an curach amach as an chamus ar bhárr na fairrge. Bhí file a rabh Dómhnall Colm air 'na comhnaidhe i bpobal Chloich Cheann Fhaolaidh, agus nuair a chualaidh sé an sgéal chuir sé ceathramhadh cheoil chuig Aodh Ó Dómhnaill: Beir sgéala uaim siar chun na Rosann Annsoir an Dálach ar b'ainm do Aodh, Gur éaluigh an Chrúbach as Toraigh 'S go deachaidh sí anonn ar an ghaoth. Ní rabh ann acht a cnámha 's a croiceann, 'S nach láidir mar chuaidh sí chun sgaoil, Gan coite gan bád ann a h-aice A bhéarfadh go seascair í 'dtír. Aodh. Chuartuigheas na cuantaí gan fheasbhaidh, 'S a tuairisc ní fhuaras go fóill; Acht amháin dó go gcualaidh mé a samhailt Go deachaidh sí anonn ar Gaoth Dobhair. Deir daoiní má chuaidh sí go Croichshlige, Nach dual daoithe pilleadh níos mó Ná tá Cormac Ruadh 'deánamh curaigh, Agus thuas atá croiceann na bó. Séamus. Ar Chormac ná maoidhtear an croiceann, Ná ba daor daoibh an duine do luadh; Ná chuirfinn-se an dís i gcúirt Easboic Mar saorfaidh go tapaidh an fear ruadh. Ar lorg na laochraidh bhí i dTeamhair Bhí a ghníomharthaí agus a aigneadh go buan,
An carrfhiadh a chlaoidh le na chonairt, 'S chan ag smuaintiughadh ar churach a chur suas. Ní'l aon duine de na sean-iondairibh le fághail a dtig leis a innse goidé mar rinneadh an chuid eile de'n abhrán. Acht tá sé le tuigbheáil as na smuaintigheacha gurab é Aodh a rinne a bhunadhas, é uilig acht cúpla ceathramhadh, b'fhéidir, a chuir Séamus isteach ann. Aodh. Bhí an Chrúbach comh luthmhar 'sa phannc Le gearrfiadh donn ná fiadh bán; Thainig Éamonn Ó Dúthchain anall Agus dhearc sé ar a com 's ar a cár. Chuir sé a lámh oirthí siar fá'n leath-deiridh Agus d'éirigh sí 'na seasamh dhe léim Ghlan sí amach sráid Ghort A' Choirce 'S bhí an chuid sin de'n mhargadh léi. Nach í an Chrúbach a chuir cluain ar a rabh i dToraigh, Nuair a d'fhág sí an tsíorothaidh 'na diaidh; Ní rabh páiste ná tachrán gan cheangal Go deachaidh na sean-mhná ó ghléas. Acht sé rud a bhí acú an seanduine, Is thug siad dó bruithe na bó; D'éaluigh sí léithe 'na bhaile Agus bhuail sí an cladach faoi sheol. Is dóighche gurbh é Séamus a chum na ceathramhnacha seo a leanas, ná tá siad ag deánamh truaighe de Éamonn Ó Dúthchain, agus de réir mar tá an chuid eile de'n amhrán ag maoideamh, chan truaighe a bhí ag Aodh dó, acht díombuidheachas a bhí aige air fá íde a bhó. D'éirigh Éamonn Ó Dúthchain 'na sheasamh: "A dhaoiní, cá deachaidh mo bhó?" Ó, gheobhaidh tú í thiar i mBun a' Leaca, Ná i n-Inis Bó Finne dhe do chomhair. Éamoinn Uí Dhúthchain i dToraigh, Mo chúise níor mhaith liom do bhó; Ná ba tusa an fear cliúiteach i mbaile, Badh duthcha a bheith seal i dtoigh an óil. Dá maireadh an Chrúbach ann d'aice, Bhéadh liúdair comh farsaing le móin, Ná níor bh'fhearr léithe 'siubhal ar an talamh Ná ag cúrsáil amach go tír mór;
'S ní'l páiste, duine aosta ná tachrán 'Bhfuigheadh braon dá cuid bainne le h-ól, Nach líonfadh de chroidhe agus de dh'aigneadh Comh siamsach le searrach Féil' Eoin. Is léir de gach duine gurab é Aodh a chan an chuid eile de'n amhrán. Labhaireann sé ar tús i n-ainm na Chrúbaigh: Ó, nach mise a bhí cumhartha fá'n astar, Fá'n tsiubhal nár fhág croidhe ann mo chliabh; 'S mé 'breathnughadh fá'n dún 'na mbíodh Balor 'S ag smuaintiugadh gur chinneamhaint damh an phian, 'S líonmhar a bhí mé 'sa phota Ag an mhnaoi ud nár choigil mé riamh, 'S 'mo líbín le dís a chois cladaigh Go líontaigh mo chroiceann de iasc. Acht mar Iolann i dtréarthaibh 's i ngaisge Ní leigfidh mé m'astar le h-aon Fá'n úsáid a thug Éamonn do mo chroiceann, Ag léimnigh 'sa chamus mar bhíodh, Bhí liúdair 'ghá rúscadh 'sa chamus, 'Sin an chúis a d'fhág mise gan feoil Acht go h-umhal chun an ghiústais go rachad Fá m'úsáid i dToraigh le bliadhain. Ann sin chuaidh sé a thabhairt freagra ar Dhómhnall Colm, ag innse cá deachaidh an Chrúbach, agus gur ag an tsluagh sidhe a bhí sí fá dheireadh: Nuair a tháinig an Chrúbach 'na chladaigh Rinne sise sgairteach ar Aodh. D'éirigheas go luthmhar 'mo sheasamh, 'S bhí fionnadh i n-áit saill ar a taoibh. A Dhomhnaill, nach cumhain leat len' aithris Mar tugadh an Ghlas Ghaibhleanna Mhór Go Toraigh ar lorg a rubaill, 'S thainig sí arais go tír mór? Ba bhinne liom ná ceoltaí Mhic Manainn An gleo a bhí acú 'sa ghaoith, Le dromaí dhá dtógáil o'n talamh Ag stócaigh comh tiugh leis an líon. Bhí a gcuid claidhmhtheacha geala leo,
'S mórán de bhaignéidí fríobhth', 'S níor bh'fiú le mo bhó-sa a bheith i dToraigh Dá seoladh chun camuis san oidhch'. Beir sgéala 'soir Dhómhnall go tapaidh An bhróg atá ar caitheamh le mí 'Chuartughadh fríd chuantaí na mara 'S a tuairisg nár casadh 'na shlighe; Go bhfuil sí 'sa dún seo 'tabhairt bhainne Go h-uaibhreach 'na bearach bheag mhaol; 'S na h-adharca fuair Éamonn 'sa bhriseadh 'Na diaidh iad má's maith leis a bheith buan. Beir scéala 'soir Dhómhnall len' aithris De Éamonn nach nglacfainn uadh bríb, Ná go luthmhar go mbéidh mé 'gus gaisgidhigh Ann a éadan ag seasamh na siege, Béidh púdar anu a h-éiric dá thachtadh 'S ní léir dó cá rachaidh 'sa tslighe, Mar thaimg na Gréagaigh gan fheasbhaidh Fá Helen le'r scriosadh an Traoi. Tá corr lúb ar lár anns an amhrán seo thall is abhfos, focal Béarla annseo, agus meadar éagcothrom annsiud. Acht caithfimid a choinneáil i gcuimhne nár scríobhadh é go dtí scorthaí bliadhantach indiaidh a deánamh. Eadar lochtannaibh agus eile, tá sé lán filidheachta - tá greann ann, tá samhailteacha móra ann, tá canamhaint fhíor-deas uilig ann. Agus tá meadaracht luascánach bheo ann, a ghnidh an t-amhrán "chomh siamsach le searrach Feil Eoin," mar dubhairt an file é féin. Ní thiocfadh le Burns a dheánamh a dhath níos feárr. Is é "An Chrúbach" an t-amhrán is feárr a d'fhág Aodh 'na dhiaidh. Acht is iomdha ceathramhadh agus is iomdha rann a chum sé gan saothar, mar bhéadh an uiseóg ag seinm lá Earraigh ann. Níor fhág aon fhear de na Dálaigh oiread 'na dhiaidh leis. Bhí fear 'sa chomHursain aige a ghnidheadh cineál go minic air - Séamus Mór a' Mhuilinn a bhí ar an Bhun Bheag. Fear neartmhar a bhí ann nach rabh fear a chosgartha i gcionn bata i n-íochtar tíre acht Micheál Ruadh Ó Baoighill a bhí i Rann-na-Feirsde. Creidim as an tsiocair sin féin go rabh neart námhad aige. Ar scor ar bith, gheall duine acú cóta de Aodh dá ndeánadh - sé ceol cánta de'n mhuilteoir. Thoisigh Aodh, acht dhálta Bhalaam nuair a
h-iarradh air a dhul a mhallachtaigh ar Chlann Israel, níor labhair sé mar bhithear ag dúil leis: Gheall an bodach éadach dathamhail damh dá dtéidhinn a dheánamh ceoil dó, A chumhdóchadh ó'n fhearthainn mise maidín is tráthnóna. Chan dith nár mhaith liom agam é, acht chreathnuigh mé fá'n ócáid; Dhiúltuigh mé roimh an pheacadh agus ní ghlacfainn uadh a chóta. Ná thug Séamus oiread iolmhaithis damh agus dheánfadh duine bocht saidhbhir, Acht go bé gur rugadh faoi'n chinneamhaint mé nach dtiocfadh mo thabhairt i n-éifeacht. Acht dheánfaidh mise aithris ar Fhleascach, Uaill gan Éadáil. Ní mholfadh sé acht Cathbharr, agus molfaidh mise Séamus. Ní'l aon seod indiaidh na nDálach nach gur iomlán an dá cheathramhadh seo. Ba bheag an tsiocair a bhí a dhith ar Aodh le dhul a dheánamh filidheachta. Rud beag dá laighead é agus bí sé ar obair. Seo amhrán a rinne sé oidhche amháin doineannta a chuaidh a bhean a dh'áirneál agus a d'fhág sí ag na páisdibh é: D'imthigh tú uaim a Nábla, gan dealughadh cléir nó Pápa, Agus d'fhág tú ar an árd mé le scártha agus le fuacht. Go sílinn le achan squall gur amuigh i bPáirc an Chárnáin A gheobhfaidhe mé 's mé báidhte 's mo chár orm le fuacht. Mise a cheannuigh an lámhth'radh a b'mhíle b'fhearr damh a chárdáil, A nighe go maith amárach agus fhásgadh go cruaidh; Go sílinn go mbrisfeadh an rámha ná'n taobhán a thug Seán damh, 'S gach maide a rabh san ánráidh dá mo sgannradh anuas. Nuair a bhí muid geanamhail sásta agus chodail siad na páistí, Gach míle straip a bhfuair bás ariamh 's a másaí 'sa luaith.
Rinne fear acú-sin gaire agus chuir fear eile cár air: - "Béidh tú linn a Dhálaigh, nuair a deánfamuid ár gcuairt." Tá gleo gáibhtheach, gaothach, eadar shúgradh is dairíribh, anns na ceathramhnacha seo. Dá mbíodh sin ann duine nár mhothuigh aon oidhche gaoithe móire ariamh, thuigfeadh sé goidé a rabh sí cosamhail leis o'n cheol atá 'sa dá líne dheireannach de'n darna ceathramhadh. Tá na líntí céadna ag umhlughadh agus ag cneadaigh mar bhí na maidí faoi mheadhachán an doininn. Nach filiúnta a chuirfeadh duine thart tamall de oidhche, ag smuaintiughadh ar Aodh Ó Dhómhnaill 'na shuidhe annsin oidhche na gaoithe nióire; na páistí 'na gcodladh agus gan focal 'sa teach; teine mhaith mhónadh thíos agus an file ag amharc isteach inntí; an doineann ag deánamh ualláin uathbhasaigh amuigh fá bheanna an toighe. Tchidh muid go soiléir é, fear mór neartmhar agus ceann mór uasal air. Tá an suaimhneas atá anns an chró bheag ag méadughadh an tuargain atá amuigh. Tig fuacht faobhrach isteach ar bhun an tseandoruis, agus fríd na claiseannaibh atá sna cláraibh. Beireann an seideán ar an chró go dtí go dtéid na maidí a chriongán i bpianaidh. Chan oidhche ar bith grinn í ag file; agus briseann an brón mór atá i ndubhshraith an tsaoghail, briseann sé amach fríd an ghreann ar Aodh. Bheir na seideáin mhillteanacha atá ag réabadh trasna an domhain mar bhéadh geaftaí na síorraidheachta foscailte agus slóighte na marbh ag teacht amach ar mhuin a gcuid eachraidh, bheir siad an saoghal eile ann a cheann. Tchí sé na taidhbhsí, cuid acú b'fhéidir comh sean le Ceann tSáile, 'na suidhe thart. Tráchtann sé go magamhail orthú, acht imthigheann an osna air ó'n aindheoin: "Béidh tú linn a Dhálaigh nuair a dheánfamuid ár gcuairt." Chuir chéile Nábla Aodh a dh'fhilidheacht níos mó ná aon uair amháin. Bhí sí am amháin agus bhí ádhbhar gréasáin de olainn astoigh aicí, agus bhí culaidh geallta do Aodh nuair a bhéadh an gréasán sníghte agus fighte. Acht bhí Náblá dá chur ó lá go lá, agus bhí an file gránna ag eirghe sgifleogach. "A Nábla," a deireadh sé anois is arís, "cad chuige nach sníomhann tú an olann?" "Maise, a chroidhe, b'fhada an lá sníghte agam í acht go bé nach
bhfuil cárdaí ar bith agam," deireadh Nábla. 'Sa deireadh d'éirig Aodh maidín amháin agus thug leis mála. Chuaidh sé isteach chuig 'na chomhursa bhéal dorais. "Maise, 'Aodh, 'sé do bheatha. Bí do shuidhe." "'Sé mo thuras chun an dúin seo d'iarraidh túirne agus cárda; Tá mo ghréasán dá ughmadh 's is brúighte 'tchím Nábla; Gheobhaidh tú éiric Dia Luain ann, bean túirne mhaith sásta, 'S a spéirbhean ná diúltaigh mé fá chnuasach an ádhmaid." "Maise leoga cá ndiúltuighim." Fuair sé na cárdaí. Bhain sé an darna teach amach agus an manadh céadna aige. Ba é an deireadh a bhí air go rabh an mála lán cárdaí aige. Phill sé annsin annsoir Náblainn, agus d'fholmhuigh sé mála na gcárdaí ar bhun an urlár. "Anois an díoghbháil cárdaí atá ort?" Bhí file 'na chómhnaidhe i mBaile an Mhuilinn ar an taobh thiar de na Rosaibh, a dtugadh siad Donnchadh Aoibhinn air. Thug bean a rabh Máire an Bharraigh oirthí léine dó as amhrán a dheánamh dá moladh, agus ag cáineadh mna eile a bhithear a chur i gcomortas léithe. Chuaidh Aodh i leith na mná a rabhthar ag aor oirthí. Arsa seisean: Ar bharrach ná'r lín ní leigfinn thú síos, Ná do'n fhear a bhfuair bríb mar léine; Do chuid fathamhan-fholt buidhe bhéarfadh solus anns an oidhche, Dá gcasfaidhe go gclaoidhfidhe an féar leo. Ar philleadh dí aníos ar thaisde na gcraobh Mar sholus a bíos ar ghéagaibh; Go dtug Pairthis Mac Priamh a samhail ó'n righ, Mar chaill sé na míle Gréag leis. Tá an chuid eile do na h-agallaimh caillte, amach ó cheithre líne do chuid Dhonnchaidh: Chan tusa, 'Aodh, go bhfuair mise nidh, 'S go dearbhtha níor bfíor do scéalaidhe, Ná bearrád ar mhaoil ní bhfuair mise mar bhríb, Ná toisigh 'dul faoi mo ladhara. Is dóighche go rabh i bhfad níos mó ná sin 'sa tseanchas, dá mbíodh sé uilig le fágháil. Chastaoi corr-dhuine ar Aodh a bhíodh trom go leor aige. Bhí bean fá na Rosaibh a rabh Máire Chonnachtach
oirthí, bean siubhail a bhíodh ag gabhail thart ag cruinniughadh congantach. Bocht is mar bhí sí, bhí inntinn aicí nach mbíonn ag mórán agus teangaidh a gheárrfadh an t-iarann fuar, ná a mheallfadh an tsúil as do cheann. Thainig sí chuig Aodh lá amháin, agus chuir sé forán filidheachta oirthí. Tá sé riachtanach a innse gur bean de Dhálach a bhí inntí, agus go rabh sí pósta ar fhear darbh' ainm Anntoinn Mhághnuis. Arsa Aodh leithe: Tréig Anntoinn Mághnuis, a stáidbhean na bpéarlaí, Agus imthigh leis an Dálach fríd áltáin na h-Éireann, Mar bhí Diarmaid is Gráinne, seal ráithe ann gach réagún; Is béidh daoine 'shíor-rádh linn gur sásta bhí an péire. D'fhreagair Máire é: 'Aodh Mhóir Uí Dhálaig, is áin liom do sgéala, Scaoilimid Nábla 's Mac Mhághnuis le chéile; Ó sin go lá an bráthaich go mbéidh trácht ar an péire - Fuil uasal na nDálach mar ghrádhuigh siad a chéile. Sin deireadh a bhfuil againn de sholathar an fhir is mó a bhfuil trácht air de na Dálaigh - Aodh mór an ghrinn agus an drabhláis. Níor fhág Séamus oiread canta le Aodh. De réir mar chluinim, bhí sé ní ba tábhachtaige, agus bhí dóigh ní b'fheárr air ná Aodh. Bhí rudaí eile ár a umhail d'iombaite de fhilidheacht. Acht nuair a chanadh sé, chanadh sé go beacht. Tá a chuid línte fighte go dlúith agus tá méadhchán ann a chuid smuaintigheach. Níor fhág sé aon rann 'na dhiaidh is soiléire a theiseánas a chuid tréartha ná an ceann a rinne sé do Chonall Mhac Grianna. Fear modhamhail sóghantach a bhí i gConall. Bhí dhá mhí-fhortún mhóra aige le cur suas leo - bean dalba, agus mathair a rabh seachrán oirthí. Maidín amháin a bhí Séamus fá'n chladach casadh air é, agus é indiaidh oidhche iasgaireachta a dheánamh. "An bhfuil dadadh leat?" arsa Séamus. "Ní'l liom acht an t-aon-bheathach," arsa Conall Bocht go truaghcánta. D'amharc Séamus 'na dhiaidh tamall beag. Ann sin labhair sé: Mo dhith, mo dheacair! 's mé i muinighin an aon- chréatúir, Is m'oidhche gur chaith mé ar Charraig na Síor- Bhéicfidhe;
Indiaidh mo shaothair ag sglamhaidhe go bfuighead léabairt, 'S ní áirighim Ceallaigh atá ar mearadh 's i ndith céadfaidh. Bhí sé sáithte as Máire Chonnachtach comh maith le duine. Am amháin a bhithear ag déanamh teach pobail, cuireadh ádhmad a thainig fa thír mar cheann air. Bhí Máire ag maoidheamh gur b'éagcórach an rud ádhmad a bhaint le lámh-láidir an dlige de na fir a fuair a shaothar é a thabhairt i dtír: Fear gan chéill a rachadh gcléibhín amach i n-éadan an mhórtais, Le h-art a mhéir agus le tréan céasladh gur chuir téad agus dul dhe rópa air; Tharraing 'na dhiaidh é go bun an mhéile, agus cá bfuil an té a bhéadh na dheoidh air, Gan a thabhairt de dh'aoinneach ar beathuigheadh i n-Éirinn nár fhliuch a ladhara 'san ócáid. Séamus. Má's lag ná láidir a chaill an t-ádhmad nach maith an áit a chur sa tséipeal, A chrochadh anáirde os coinne an Áirdríogh le bheith guidhe go bráthach ar na créatúir; Dearc a Mháire, ar na fir a fágadh, 's gan lucht a dtárrthála i n-Éirinn! 'S gol go cráidhte ba chóir a dheánamh, 's chan a bheith 'gáiridhe fá'n éadáil. Máire. Dá mbitheá i n-Árainn taobh 'stoigh de dhá bhliadhain, tchífeá ádhmad go leor ann - Muicfheoil shásta agus síoda Spáinneach 's ba bheag a b'fhearrde 'thír mór é. 'Sé dubhairt Naomh Pádraig gur mhíle b'fheárr dúinn a bheith 'cuartughadh grágán fríd mhónaidh, Ná 'bheith 'tógáil ádhmaid le h-órdughadh báillí 's 'ghá chur i dteampaill na Róimhe. Deir na seandaoiní go mb'éigean do Sheamus an bealach a thabhairt daoithe. Am eile a bhí Séamus ag pilleadh ar an bhaile indiaidh a bheith suas an tír ag díol póitín ná ar ócáid de'n
tseort sin. Thainig an galar garbh ar an ghearrán a bhí leis. Nuair a chonnaic Séamus an beathach 'na luighe ag lúbarnaigh, d'agair sé 'sna foclaibh seo é: 'Ghearráin, tabhair síos mé ar amharc mo thíre, Nó tá tú ar tí mo náiriughadh; Agus bheárfaidh mé dlaoidh de choirce mhaith bhuidhe duit, Is tamall i gcroidhe mo pháirce. Béimid mar bhí Cúchulainn is Laogh, Seal tamaill go h-aoibhinn sásta - I bhfad ó mo dhaoinibh, eadar dhá dtír, A chara, ná smuaintigh m'fhágáil. Ní h-aithristear dúinn goidé a rinne an gearrán, acht is é mo mheas nár fhág sé san fhaopach é, acht oiread agus d'fhágfadh an Liath Mhacha Cú na gCleas. Bhí Séamus agus fear de na chineadh féin - Seán Óg Ó Dómhnaill- le chéile fosta. Ba gnathach le bean Shéamuis a bheith ag áirneál ag Seán Óg go minic. Mhaoidh Séamus go rabh contabhairt oirthí go dtiocfadh an sluagh sidhe oirthí am éigin agus go mbéadh an chaill ann. Séamus. Tá mo shean-bhean-sa i mbaoghal gach oidhche ag tarraingt ar Sheán Óg, 'S gurab é baramhail na ndaoiní gur daor a cheann- ochaidh sí an ceol; Ná má thig oirthí an sgaoi d'fhág sínte Cathal san abhainn, Béidh mise gan mhnaoi a choidhche feasta níos mó. Seán Óg. Bí 'teacht a dh'áirneal, a stáid-bhean, 's ní h-eagal duit tóir; Cathal ná a pháirtidh go bráthach ní thiocfaidh dé do chomhair, Béidh na bochta fuair bás dhe do tharrtháil má's dorcha an oidhch', 'S gur i bhFlaithis tá d'árus fá 'deárn tú de mhaitheas 's de ghníomh. Séamus. 'S binne é ná'n phíob 'sná an chaoin-chruit Mhanainn fá dhó; Is furast do mhnaoi bheith i n-aoibh le h-aigneadh a cheoil.
Ní'l aon bhean anns an tír dá bhfuigheadh oidhche de chaidreamh Sheáin Óig, Nach dtiocfadh arís dá mbíodh an sneachta ar an mhóin. Seán Óg. Ní thig liom a shéanadh, 'Shéamuis, mara ndearcfainn ar dháimh, Nach n-imtheochainn léithe fríd shléibhtibh go h-aigeantach árd; Ná macasamhail an phearla ni léar liom go bhfuil sí san áit, Agus focal a béilín go leigheasfadh mise 's fághaim bás. Tá sé ion-ráidhte annseo gur bh'iomdha file a bhí fá chladaigh Thír Chonaill d'iombaite de na Dálaigh - Dómhnall Colm, Donnchadh Aoibhinn, Máire Chonnachtach, Seán Óg! Agus gan le fágháil acht corr cheathramhadh de na gcuid filidheachta! A Thighearna, an méid atá caillte orainn! Ba as pobal Gaoth Dobhair an bhean a bhí ag Séamus, agus bí leath-bhróg ar achan duine acú le na phobal féin. Fuair sise pisín cait i nGaoth Dobhair agus ní rabh sé féin agus madadh Shéamuis ag teacht go ro-mhaith le chéile. Lá amháin bhuail bean a' toighe an madadh. Thoisigh Séamus: An cat sin a thainig as Dobhar 'sé mheasaim nach mór an chaill Gogán maith bainne thabhairt do, acht cuideachta mhór is greann; Acht mo choileán dá gcuirfeadh a shrón ann go mbrisfidh le fód a dhruim, 'S cuirim seacht mallacht 'sa tóin ar a dtáinig dá phór anall. Acht is é an chliú file a b'fhearr a fuair Séamus ariamh nuair a rinne sé an t-amhrán de na mhac Pádraig, a báitheadh ar Gaoth Dobhair. Sin sgéal comh brónach agus tá le cluinstin i dTír Chonaill indiu. Bhí Séamus agus a mhac Pádraig thall ar an Bhun Bheag, baile beag a chois cladaigh i bpobal Gaoth Dobhair. Fuair siad sac dheich gcloch fichead órna agus chuir siad 'sa churach é. Bhí oiread de lasta sa churach agus go mb'fheárr le Séamus a dhul thart timcheall, sé nó seacht de mhíltibh, ná a dhul isteach ann. Chuaidh sé an talamh agus chuaidh an mac an fhairrge. Nuair a bhain Séamus an baile amach ní bhfuair sé Pádraig
roimhe. Tugadh iarraidh ar an chladach, agus fuaras báidhte é fá ghiota bheag de'n chladach. Ní raibh ann acht nár bhris croidhe Shéamus 'na dhiaidh. Lá amháin, go geárr indiaidh an tórraimh, cuireadh crothnughadh air. Fuaras é ag spaisdeoracht fríd na fargáin os cionn an chladaigh, an áit a deárnadh a chrádh. Bhí sé ag cumadh an chaointe. Cuiread an t-amhrán seo i gcló i leabhar Shéamuis Uí Shearcaigh, i "gCloich Cheann Fhaolaidh." Seo é: An céad Mháirt de Fhóghmhar ba bhrónach tuirseach mo sgéal - Lámh thapaidh bhí cródha ag dul romham ar leabaidh na n-éag. Ar charraig na ndeor is dóigh gur chaill mé mo radharc, 'S go dtéidh mé faoi fhód ní thógfad m'aigneadh do dhiaidh. Tá do mhathair is Niall faoi chian 's is fada leo an lá; Tá osna ann a gcliabh nach léigheasann doctúir ná leáigh. Ar sholathar mé ariamh is bíodh sé uilig cruinn ann mo láimh, Go dtabharfainn é uaim acht fuascladh Phaidí bheith slán. Tá do dheirbhshiuracha cráidhte de ghnáth 's iad ag sileadh na súl, 'S gan fhios ce'n lá go bráth a n-imtheochaidh a gcumhaidh. D'fhág tú d'aicme faoi smál is is náir liom mar rinne tú an siubhal, Nuair nár agair tú Párrthas le spás beag eile thabhairt dúinn. Mo mhallacht go buan fá bhruach an chladaigh seo thíos, 'Sé d'fhág d'aicme faoi gruaim is rinne gual damhsa i n-aice mo chroidhe; 'Sé do chur anns an uaigh, monuar, a d'fhág mise gan bhrigh,
Gan mhisneach, gan stuaim, acht 'mo thruaill bhocht ag imtheacht le gaoith. 'S fada mo shaoghal 's mé 'deánamh mo ghéaráin go bráth, 'S mé ag amharc uain síos fá bhruach an chladaigh gach lá. Ní'l cuideachta ag aon mar bhíod án rannaig seo 'ghnath, Acht osna 'na gcliabh, faraor, 's gan fortacht le fághail. Stadfad mo ghéar-ghol is dheánfad mo ghéarán le Cách, Fuair pioláid is péin fá bhruach na croiche go h-árd; Ó 'Mhuire, má's féidir linn d'aon-Mhac 'agradh gan spás, Guidhimid É le bheith fadhrach de Phaidí fá'n cháin. Míle is ocht gcéad a léightear ó thainig Sé chun tsaoghail, An cúig is an sé, leis an sgéal sin 'aithris go fíor - Ó thainig Mac Dé chun tsaoghail le'r gceannacht go daor, Chuaidh Paidí i gcré, mo léan, 's nach bpilleann a choidhch'. Is iomdha caoineadh agus feartlaoi a canadh i n-Éirinn. Bhí an smior-chailleach bainte as an Chaoineadh sul ar cumadh an t-amhrán seo. Ar an ádhbhar sin ní h-iongantas ráidhte a bheith ann a canadh aroimhe, agus a bhaineas cuid de'n bhrigh as an amhrán. Na dhiaidh sin an té a chuirfeas i gcomartas é leis na feartlaoithe eile atá againn, caithfidh sé áit a dheánamh de Shéamus Ó Dhómhnaill i n-ur-thoiseach fhilí na h-Éireann. Cad is briseadh croidhe ann, marab é seo é? Is fada mo shaoghal 's mé 'deánamh mo ghéaráin go bráthach, 'S mé ag amharc uaim síos fá bhruach an chladaigh gach lá.
Agus ar ndóighe ní thiocfadh le duine rud ar bith a chluinstin ní ba chosgarthaighe ná seo: D'fhág tú d'aicine faoi smál, 's is náir liom mar rinne tú an siubhail Nuair nár agair tú Párrthas le spás beag eile thabhairt dúinn Sin an comhartha buaidheartha is mó a thig le duine a teiseáint, a bheith ag tabhairt achmhusáin de'n té atá ar lár fá'n rud nach rabh neart aige air. "Orú, goidé a rinne tú orm?" adeireadh na Gaedhil ag caoineadh a marbh. V. Tá sé maoidhte ar Pheadar Gréasaidhe gurbh é ba deagh-chainntighe de na Dáilaigh. Ní'l mórán de na sholathar againn, acht an méid atá, tá siad lán grinn. Bhí toil mhór ag na daoinibh de "Mhac Néill Na Carraige," agus ba ghnáthach leo a rádh i dtoightibh cuideachta go dtí ar na fíor-mhallaibh. Amhrán grinn atá ann. Créatúr beag éadtreoireach a bhí i n-Éamonn Néill na Carraige nach rabh croidhe dreolláin ann. Lá amháin thainig boc gabhair air agus bhuail sé é agus chuir sé an teicheadh air. Seo an bhail a chuir Peadar ar Éamonn ghránna: 'Sé mac sin Néill na Carraige an t-amharc dubh ag Sasanaigh; Tá Éire mhór agus Alba seasta le na lá. Le na thaoibh-san níor bh'fiú bioran an Red Riever ná Liam Wallace, Ná an Duke o' Cumberland a bhí ceannascach i mbriseadh Fontenoy. Gluais an míleadh sgailleagánta leis go Gibraltar, Go dtógfadh sé na h-airtseanna bhí druidthe os a chionn, Na bombshells uadh go gcaithfeadh sé, na cathracha go loisgfeadh sé, Go réabfadh sé na geaftaí mar bhéadh Seán a' Bhuille Mhóir. Ar scaoileadh amach an luing dó gur sháirigh sé Columbus, Caiptín Drake is gach ceannphort de'n dream sin ariamh dá'r sheol;
Cabhlach mór na Frainnce gur umhluigh dó le grandeur, 'S gurab é an focal a bhí ag gach ceannphort, "Strike down colours all." Ar éirigh suas ó'n talamh dó, na h-air-balloons gur bhreathnuigh sé - Suidheachán na Sasana a bhfuil ann intleacht an tslóigh; Mar Bhuonaparte 's mar Napper Tandy a bhí Éamonn Óg le h-aicseáin, Ar quarter-deck 'na sheasamh i n-aimsire catha is gleo. 'Sé mo chreach, mo bhrón 's m'angar nach rabh Éamonn Óg sa champa, I n-Eachdhruim d'fhág an t-iomlán de'n dream sin faoi bhrón; Béal Átha Luain go cinnte bhéadh ag Sarsfield ann a roinn-san, Leis an ruaig a chur ar Ginkell 's ar King William Mhór. Tá tuargan amaideach anns an mheadar agus anns an chainnt atá san amhrán seo, atá ag fóirstin go maith, go h-áirid anns an cheathramhadh: Ghluais an míleadh sgailleagánta leis go Gibraltar. Bí fear de bhunadh Árann a dtugadh siad Liam Mac Conaglaigh air, 'na chaiphtín luinge. Ba ghnáthach leis lastaí a thabhairt as Sligeach chun na Rosann. Uair amháin a thárla ar shiubhal fa choinne lasta mine é, thainig an mórtas, agus síleadh go rabh sé féin agus a long caillte. Thainig sé i dtír fá dheireadh agus é a mhitheas dó, agus bhailigh na daoiní a chur fáilte roimhe féin agus roimhe an fhoireann. Bhí Peadar ar a ndeireadh, acht b'fhearr a mhoill ná luathas daoiní eile. Arsa seisean: Ná gothuigh mé 'Liam, chan díoghbháil luthgháire romhat A choinnigh mé uait, acht buaidhreadh an tachráin 's a ngleo, Ná mo rosca gur fhiaruigh ag giall an bhóithigh gach neoin, 'S mé 'breathnughadh uaim siar go cian fá stacaí Ros Eoghain.
Tá an "Happy" 'teacht aniar 's is cian a h-aigneadh faoi sheol; 'Sé samhailt dá triall mar fhiadh mbéadh conairt 'na dheoidh. Seirc agus míoltaí siar go bfúigfeadh 'na deoidh, 'Sná coiglighidh biadh, tá an fial ag tarraingt 'mar gcóir. Ó thainig mé i n-inntleacht cinn le 'mbreathnóchainn spórt, Ná cluinstin ar "band" le 'seinntear ar "instru- ment" cheoil, Ba taitmhighe le m'inntinn Doiminic 's Liam faoi sheol, 'S an "Happy Return" 's í 'tionntódh mara d'á bórd. 'Siad na fir seo fuair ból gach áit ariamh dár sheol, 'S dá airde an squall go n-áirdeochadh reef a seoil; Le h-aicseáin i mbád gur sháirigh draoidhte ceoil, 'S nach "credit" de Árainn bád gan spíd dá seort. Thug Liam is Doiminic iomrádh ariamh ar sheol - Drake is Anson is Columbus a rinne páirt de'n domhan, Pairthís is Ionn a bhain prize de'n Ghréig a bhí mór - Queen Helen na luimneach ronn-rosc ler' sgriosadh an domhan. Ó d'imthigh an Bhreacmharcach gheal-bhrághad a bhí ann i n-aimsir na bhFiann, Macasamhail do bháid ar sáile níor astar ariamh; Bhí an fhairrge 'ghá cáthadh 's í ag áirdiughadh mar chnocaibh fá shliabh, Acht b'fhurast daoithe a dheánamh, bhí sástaidhe aicí dá riar. Tá an ghealach 's an ghrian ag tabhairt sgéala nach fada uainn cabhair; Na potsticks bíodh réidh, 's ní baoghal gan brachán go leor; Ná mar Cathbharra fial atá Liam dá scabadh ar an tslógh, 'S nár fheicidh sé Dia má iarrann leith-phighinn go deo.
"Chan iarrann ort-sa ar scor ar bith," arsa Liam Mhac Conaglaigh, ag fágáil mála mine ag n-a chosaibh. Tá an locht céadna ar an amhrán sin atá ar "Éamonn Néill na Carraige" - tá barraidheacht Béarla ann. Na dhiaidh sin, tá blas aosta, filiúnta ar an Ghaedhilic atá ann, línte breaghtha cosamhail le Mo rosca gur fhiaruigh ag giall an bhoithigh gach neoin, agus Ó thainig mé i n-inntleacht cinn le a mbreathnóchainn spórt. Acht bainfeamaid níos mó 'phléisiúr as cupla píosa beag a bheir le fios duinn goidé an greann a bhí i bPeadar Gréasaidhe. Is é a bhfuil de thruaighe ann nach bhfuil le fágháil acht cuid daobhtha. É féin agus file de Mhuinntir Chanann a bhí amuigh ar a chéile. Thainig duine muinnteardha de Pheadar ag innse go rabh Mac Uí Chanann ag deánamh ceoil cánta dó, agus ag iarraidh cabhrach. "An bhfuil a fhios agat rud ar bith le caitheamh suas leis?" arsa Peadar. "Maise ní'l fhios." "Rud ar bith ar chor ar bith?" "Ní'l fhios, acht go dtugann siad an gabhar mar leas-ainm air." "Maith go leor; dheánfaidh sin gnaithe," arsa Peadar. "Char shamhail mé de bhoc ar bith gabhair a bheith i dtu gse ná i meabhair mhaith chinn Comh beacht is go gceartóchadh ceol acht ag imtheacht fá bhórdaí beann." Féadaigh sé gurab é an Canann céadna a rabh Peadar ag tracht air nuair a rinne sé an aiste seo: I Leitir a thoisigh an scaoll fá'n chogadh 's gan baoghal dá gcomhair - Cuid acú d'imthigh gan bhríste, hata ar a maoil ná bróg; Is beag acú rinne é comh críonna 's gur fhan siad go mbíodh leo lón, Acht Canann 's an Sagart Ó Frighil, is chuaidh siad ar aon i gcomhar.
Bhí pucán de chroiceann leo líonta, agus asal go gclaoidhfeadh an lód; Ar a dhul trasna ar an díg daobhtha, an baig sin gur scauil 's gur dhóirt. "Blood," arsa'n Sagart Ó Frighil le Cormac a bhí 'na dheóidh, "Nach taismeach do thallann fá'n díg, nuair a scab tú mar shíol an lón." Tá an chuid eile de'n amhrán caillte orainn, ar an droch-uair dúinn. Tá sé innsighthe go bhfacaidh Canann agus an sagart fear eile ag dul an bealach agus ualach bidh leis. "An dtabharfaidh tú asblóid damh," arsa Mac Uí Chanann, "má leanaim é agus an lón a bhaint de?" Ní dheachaidh an sagart ar chúl sgeithe leis, acht órdughadh dó a beith ar shiubhal: "Lean é go tapaidh 'sa tslighe, agus crag é mar pílidh róin." Ní'l tuairisg ar bith againn goidé mar chuir "Canann 's an Sagart Ó Frighil" deireadh ar a n-astar. Ní'l amhras ar bith ná tá ceathramhnacha greannmhara caillte orainn. Iarraim ar chainnteoir duthchais ar bith an líne seo a rádh go h-árd: Nach taismeach do thallann fán díg nuair a scab tú mar shíol an lón. Gheobhaidh sé ádhbhar iongantais anns na foclaibh seo, anns an dóigh a bhfuil siad fighte fá choinne grinn agus fá choinne ceoil. File a bhí ann a bPeadar ar dhoiligh a mhacasamhail fhághail, dá mbíodh a chuid oibre uilig ag cur le chéile. Acht tá cuid mhór focla Béarla aige a mhilleas a chuid canamhainte, agus tá an meadar cineál cnapanach i n-áiteachaibh. Ní'l cuma air go bhfuair sé mórán saothair ag cumadh a chuid dán, cionnus é a bheith 'na dhuine shiubhlach, creidim, nach rabh umhail mhór ar obair de chineál ar bith aige. Deirtear gur daimhseóir mór a bhí ann, agus go rabh sé geallmhar i gceart ar chuideachta. Acht ní'l buaidh ar bith aige is iongantaighe ná an t-eolas a tá aige ar stair na h-Éireann agus na Sasana agus na Gréige. De fhear gan léigheann sgoile, is iongantach é iomrádh a chluinstin ar Cholumbus ar Drake agus Anson, ar Liam Wallace agus ar an Red River agus ar dhaoinibh eile nach samhalfá go mbéadh trácht ortha fá na Rosaibh i dTír Chonaill anns an am sin.
Sin an méid a coinnigheadh i gcuimhne de chuid filidheacht na nDálach; credim gur leigeadh a lán eile chun dearmaid. Acht, gann gearr-ruballach agus mar tá an cnuasach, bheir sé le fios dúinn goidé an mhéid a bhí i n-obair na bhfilí seo, mar bhéarfadh ballaí beárnacha sean-chaisleáin lideadh dúinn fá bhreághacht an áruis nuair a bhí sé iomlán. Ní'l dochar liom a rádh dá mbíodh a saothar uilig againn, go mbéadh ádhbhar leabhair againn a bhéadh 'na leabhair annamh imeasc leabharthaí Gaedhilge. Indiaidh a bhfuil de lochtannaibh ortha, féadamuid i gceart na Dálaigh a chur i gcomórtas le cuid filí na h-ochtmhadh h-aoise déag. Tá moladh mór ar Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin, ar Shean Chlárach, ar Art Mhac Chubhthaigh agus ar scaifte eile nach bhfuil feidhm a n-ainm a luadh, agus chan gan fáth. D'fhág siad ranntuigheacht bhinn cheolmhar againn go dearbhtha. Acht chum siad bunudhas a gcuid dántaí anns na sean mhúnlaibh - an Aisling, an Feartlaoi, an t-Agallamh, agus dá réir sin. Níor chuir siad saothar ar bith ortha féin ag smuaintiughadh daobhtha féin, ná ag nochtughadh na sean-smuaintigheach ní b'fhíre ná rinneadh romhpa. Thonn siad uatha tuilteacha luinnireacha de aideachtaibh a dhallas an inchinn agus a bhodhras an chluas le barraidheacht ceoil, acht nach mbogann an croidhe ná an t-anam, agus nach mbaineann gáire ná deor amach. Is deas agus is uasal Éire agus ní'l innse béil ar an grádh atá againn oirthí; acht nuair a thig sí chugainn fiche uair anns an tsuan, agus an chéad uair gur "Trillseach tiugh buidhe casta ar ór-dhath A dlaoigh-fholt go bróig leis an mbéith," agus an ficheadh h-uair gur "Dualach dréimreach, daithte tiugh A craobh-fholt cuachach camarsach Ag teacht go scuabach bachallach Léi i n-éinfheacht go féar;" nuair a fhiafruigheas muid daoithe achan uair an í Déirdre í, ná "Helen fá'r tréadughadh slóigh"; nuair adeir sí i dtólamh gurab í "céile is nuachar Charoluis" í, agus go "mbéidh flít i gcuantaibh Bhanba" gan moill; éirigheann muid tuirseach de'n tsean-phort chéadna, dá bhinneas é. Bheir sé sólás dúinn nuair a thig séadaidhe de mhnaoi bhéal-scaoilte dheagh-bhriathrach mar Mháire Chonnachtach chugainn, agus chuireas sí caibideáil ar bun fá "thógáil ádhmaid le h-órdughadh báillí, 's 'ghá cur i dteampaill na
Róimhe." Is nádurtha agus is óraice an rud na mairbh a chaoi agus a chuimhneadh, acht nuair a tchímid achan la tórraimh, "Apollo na luighe, gan bhrigh, gan mhisneach, gan stuaim Minerbhe ag caoi, 'sa croidhe astoigh 'bascarnaigh suas," tig sé frínn a rádh leis na coimhthighthighthe chosgarthacha seo "Seasaigidh thart, a lucht na ngruaidheann tirm, go gcaoinidh Séamus Ó Dómhnaill a mhac: "Is fada mo saoghal, 's mé 'deánamh mo ghéaráin go bráth 'S mé ag amharc uaim síos fá bhruach an chladaigh gach lá. Ní'l cuideachta ag aon mar bhíodh fá'n rannaigh seo 'ghnáth, Acht osna 'na gcliabh, faraor, 's gan furtacht le fághail." Ní rabh scoláracht na bhfilí seo ag na Dálaigh. Tá a shéala sin ortha thall agus i bhfos; tá a gcuid mheadarachta cineál éagcomhthrom i n-áiteachaibh. Acht bhuaidh siad níos mó ar fheasbaidh na scolárachta ná chaill siad léithe. Bhí an tsean-sgoláracht ro-chumhang le gléas fáis a thabhairt de mhórán de fhíor-fhilidheacht. Nuair nach rabh na sean- ráidhte ar bhain céadtaí filí an smior-chailleach astú i gceann na nDálach, d'fhigh siad an chanamhain a bhí i mbéal na ndaoiní go nádurtha agus go neartmhar. B'annamh a bhí an focal ceart ceillte orthú. Duine ar bith a bhfuil súil ann a cheann agus a chonnaic curach éadtrom ar bhárr suaintigheacha móra fairrge, déarfaidh sé nach dtiocfadh a chosamhlacht a innse ní b'fheárr ná rinneadh anns an "Chrúbaigh" - "ag léimnigh 'sa chamus." Is beag sin de na gcuid focal fóirstineach, acht sompla maith atá ann. Chum siad fosta a gcuid filidheachta fá'n tsaoghal a bhí acú féin agus ag na gcomharsain ann a dtimcheall, fá oidhche gaoithe móire, fá éadáil ag teacht fá thír, fá churach ag imtheacht le sruth, fá iascaire ag teacht ar maidín agus gan leis acht an aon-bheathach. Achan chineal leis an chineál eile, is maith agus is nuaidh iad nuair atá muid leath-thuirseach de na filibh léigheanta. Tá siad mar bhéarfadh duine a chúl le grianán luinnireach a mbéadh ór
agus airgead agus clocha buadhacha agus criostal 'na mbreacadh fríd le sgéimh agus le deallramh; agus rachadh sé amach fa chlúid bheag fhiadhain, fhosgaidheach, os cionn cladach fionnfhuar, an áit a gcómhnuidheann daoiní croidheamhla nádúrtha, agus a bhfuil an saoghal mór comh soiléir le feiceáil, beo beathaidheach, ag éalodh agus ag áthrughadh, seal comh deileoir le "roiltheach gan snamh," agus seal "comh siamsach le searrach Féil Eoin." (A CHRÍOCH.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services