Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filí gan Iomrádh

Title
Filí gan Iomrádh
Author(s)
Mac Grianna, Seosamh,
Pen Name
Iolann Fionn
Composition Date
1926
Publisher
Ultach, An t-

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I.



Is fada an lá sgoláirí ag obair go dicheallach, ag
bailiughadh chuid filidheachta na h-Éireann, as na sean láimh-
sgríbhinnibh agus ó lucht seanchais anns an Ghaedhealtacht.
Níor leig siad mórán thársta; féadaim a rádh, rud ar bith
a bhí i n-ainm a bheith 'na ranntuigheacht ar chor ar bith, gur
chruinnigh siad chucú go gradamach é. Béidh iongantas ar
mhórán daoiní, mar sin de, nuair a chluinfidh siad go bhfuil
cuid de'n chuid is feárr de'n fhilidheacht go fóill nach mó
ná gur tugadh fá dear ar chor ar bith. Bhí trí fhile 'na
gcómhnaidhe i Rann-na-Feirsde i dTír Chonaill tá céad
bliadhain o shoin a d'fhág cnuasach mór de fhíor-fhilidheacht
'na ndiaidh nár náire ar bith dúinn a chur i gcló imeasc
an litridheachta is fearr atá againn. Tá cuid mhór de na
solathar caillte; dá bhfágfaidh gan scríobhadh glún eile é,
bhí sé uilig caillte. Agus ní'l duine ar bith a léighfeas na
h-amhráin seo, nach gcaithfidh a rádh gur mhór an truaighe
sin; ná bainfidh an deise atá annta léim as, agus cuirfidh
sé a mheabhrughadh é.



Teaghlach de Dhálach a mhair i Rann-na-Feirsde a rinne
an fhilidheacht seo a bhfuil mé ag trácht oirthí. Bhí siad teach
mór fear ann - Aodh, Séamus, Peadar, Pádraig, Seán
agus Mághnus; acht ní rabh cuisle na filidheachta acht anns
an chéad triúir. Glacfaidh duine fios a bheith aige goidé
mar bhí an saoghal 'na shuidhe 'san am i dTír Chonaill le 'na
dtuigbheáil mar is cóir. Le na linn, bhí Éire go díreach i
ndeireadh ghéar-leanamhaint na h-ochtmhadh h-aoise déag.
Bhí droch-dhóigh ar Chaitilicigh, go h-áirid ar na daoinibh a bhí
'na gcómhnaidhe 'sna sléibhthibh agus a chois cladaigh i dTír
Chonaill thiar. Bhaineadh siad bárr gortach as giotaí fuara
caoráin, agus mharbhadh siad corr bheathach éisg. Sin a rabh
de ghléas beo acú, agus chan ar obair a bhí a n-umhail. Mar
a gcéadna, bhí a gcuid toightheach bocht, cionnas gan iad
saothar a fhághail uatha. Bhí toighthe cloiche annamh anns an
am; bothógaí fód nach mó ná go gcuirfidhe cearca anntú
'san am i lathair a bhí ag an mhór-chuid acú. Ní'l amhras ar
bith ná thiocfadh leobhtha a bheith rud beag ní ba seascaire,
dá bhfiachadh siad leis. Acht ní rabh ar a n-umhail acht troid
agus filidheacht agus seanchas. Ba é seo an áit a deárn
cuid clann Thír Chonaill cómhnaidhe nuair a briseadh agus
nuair a díbriughadh iad. Indiaidh céad nó céad go leith
bliadhain a dhul thart, bhí oiread de chuimhne acú ar an
tsean-dóigh a bhí ag na gcuid sinnsear nuair a bhí siad 'na
bhflathaibh i dTír Chonaill, agus dá bhfághadh Éire ceart


L. 4


anns an am a bhfuil mé ag trácht air, nach mbéadh moill
ortha pilleadh as na Rosaibh agus as Gaoth Dobhair go
Bealach Seanaigh agus go Caisleán Mhic Shuibhne na dTuath.
Bhí an dligheadh ro-throm ortha le iad claidhmhtheacha a
iomchur, acht ní rabh aon fhear amháin nach mbíodh a bhata leis
mara mbíodh sé acht ag dul dhá shlait o'n dorus. Bhí na
cinidheacha ag troid ann a measc féin. Bhíodh cathanna aca
ar na h-aontaighe a mbíodh sgéal fada go deo orthu.
Annsin bhí a gcroidhe astoigh i bhfilidheacht agus i
sgéalaidheacht. Tá cuid de'n litridheacht sin fágtha. Acht
ní mó ná go dtig linn i gceart a thuigbheáil goidé an
saidhbhreas Gaedhilge a bhí acú. Sinne a chualaidh sean-
daoiní a bhí leith-chéad nó trí scór bliadhain níos sine ná
muid féin ag cainnt Gaedhilge, tá fhios againn go bhfuil
oiread Gaedhilge acú a bharraidheacht orainne agus tá
againne a bharraidheacht ar lucht na "nua-Ghaedhilge."
Smuaintigheadh achan duine dó féin ar na daoinibh a bhí
ann leith-chéad bliadhain roimhe na seandaoiní seo, agus
an teanga a chaithfeadh a bheith acú!



Sin anois an seort daoiní a bhí i Rann-na-Feirsde
nuair a mhair Aodh agus Séamus agus Peadar Gréasaidhe,
clann Phádraig Duibh Uí Dhómhnaill. Bhí, daoiní uaisle
teinntridhe, a bhí sásta le bochógaí fód, agus le tráth ná
beirt de phreátaí ná de bhrachán choirce 'sa lá, fhad agus
thiocfadh leobhtha gníomh éifeachtach a dheánamh i gcionn bata,
ná amhrán filiúnta a chur indiaidh a chéile. Agus gann i
mbiadh agus mar bhí siad, ba iad a bhí neartmhar, chan
ionann sin agus an dream atá anois ann. Innistear fiche
sgéal beag go fóill a bheir le tuigbheáil dúinn go soiléir
goidé an seort daoiní a bhí annta, agus seo ceann acú,
agus tá níos mó eolais ann ná thiocfadh liom-sa a thabhairt
uaim dá mbínn ag sgríobhadh go ceann seachtmhaine.



Tháinig soitheach i dtír i n-Inis Mhic an Duirn, agus bhí
fear dubh ar bórd oirthí a bhí 'na choraidhe mhillteanach.
Chuaidh fear de bhunadh an oileáin, Eoin Fhearghail Uí
Bhaoighill, chun spáirne leis. Bhí cath cruaidh acú, acht leag
Eoin Fheargail 'sa deireadh é agus bhris sé a chos. "Goidé
an biadh a bheir tú de do mhac?" arsa caiptín na luinge
le Feargal Ó Baoighill. "Tá," arsa an seanduine,
"garbh-iasg, preátaí, agus toradh na bó."



Ní'l a fhios agat cé acú is mó a síleann tú dó, neart
an mhic ná teanga an athara.



Thig linn smuaintiughadh ar an tsaoghal a bhí ag na
Dálaigh anns an aois sin. Ní rabh siad ag buaidhreadh a


L. 5


gcinn leis an domhan mhór a bhí taobh thoir de'n Mhucais.
Bhí an Eoraip uilig dá criathrughad ag Buonaparte anns
an am; bhí tíortha móra ag tuitim agus ag éirghe; bhí
smuaintigheacha móra ag spreagadh an chineadh daonna;
acht má bhí, ba bheag áird a bhí orthú i Rann-na-Feirsde.
Ba acú a bhí an saoghal aoibhinn, mar chlann Phádraig Duibh
Uí Dhómhnaill. Ní rabh áilneacht ná iolmhaitheas fá dtaobh
daobhtha mar ba chóir a bheith fá dtaobh de éigsibh. Acht bhí
na sléibhte agus an mhuir i gcómhnaidhe ann sin acú le
smuaintigheacha domhaine a mhusgladh ann a gcroidhe, agus
ní rabh úspaireacht shanntach le deánamh acú a bhodhróchadh
an inntinn ná dhallfadh an inntleacht acú. Is iomdha
oidhche Gheimhridh a chruinnigh siad thart fa'n teiní, agus gan
dadadh ag cur bhuaidheartha orthú acht oiread le éanacha an
aeir. Tharraing Aodh air rann deagh-bhriathrach ná ramás
ráscánta; thug Séamus freagra air; thainig Peadar le
na cheathramhadh féin; bhí "cor i n-aghaidh an chaim agus cam
i n-aghaidh an choir" acú ó dhul ó soluis de go h-am luighe.
Is iomdha uair a bhí duine de'n comhursain ag dul an
bealach, agus chualaidh sé an gleo acú, ag baint mac alla
as na creataighe le filidheacht agus le greann; agus
dubhairt leis féin, creidim, gurbh' ortha a bhí an dóigh.



Seo rann beag de chuid an ama sin, a chan Peadar.
Lá amháin a bhí siad 'na suidhe ag 'na ndínneár preátaí,
agus thainig sean-Phádraig isteach. Thóg an chlann gleo
gáiridhe nuair a thainig sé chun toighe, a us shíl seisean gur
faoi féin a bhí siad ag gáiridhe. Bheannaigh sé daobhtha go
géar:



"Is deas an áit ar thárla mé
Fríd lán toighe de amhais."



Acht ní mo ná go rabh an focal deireannach as a bhéal
nuair a thug Peadar freagra air:



"Má's file thusa a shiubhlas le dántaí,
Agus do "bhuig" go státamhail leat ar do chluais.
Ná bain dínne fá na preátaí,
Ná be'idh tú gárrtha go cruaidh."



Is iomdha píosa beag de'n chineál sin a rinne siad,
creidim - seóide beaga a tháinig leobhtha go nádurtha nár
chuir siad de saothar orthú féin dá ndeánamh acht oiread
agus dá mbíodh siad ag beannughadh an am dhe lá de
dhuine - agus a leigeadh ar dearmad. Is dóighche gur
choinnig siad acú féin cuid mhór de na h-aistidhe seo a
rinne siad ann a n-óige, ná gur leor leobhtha an
t-aoibhneas a bhain siad féin asta, agus nach rabh siad ag


L. 6


iarraidh molta ó dhaoiní eile. Ar scor ar bith, ní'l a fhios
againn níos mó fá na Dálaigh go dtí gur scab siad, agus
go deachaidh achan duine acú a dheánamh as do féin.



II.



B'éigean dó na Dálaigh go rabh siad ní ba toiceamhla
ná an chomhursa, nó ar scor ar bith go rabh níos mó
dheánamh gnaithe anntú; ná bhí ceird ag achan uile fhear
ariamh acú. Bhí Aodh agus Séamus 'na saorthaí cloiche,
bhí Peadar 'na ghréasaidhe, bhí Pádraig 'na shaor-ádhmaid,
agus bhí Mághnus 'na fhonnsóir. Acht má bhí féin, ní rabh
mórán tábhaicht anntú, go h-áithrid Aodh agus Peadar
Gréasaidhe. Bhí rudaí eile ar a n-umhail d'iombaite de
sheascaireacht an tsaoghail seo. Dubhairt Aodh é féin go
feagranta é:



"Marab é gur rugadh faoi'n chinneamhaint mé nár
bh'fhéidir mo thabhairt i n-éifeacht."



Rud beag eile de, ní rabh mórán le saothrughadh ag lucht
ceirde anns an cheanntar bhocht sin.



Chuaidh Pádraig siar i rith an chasáin go Carraig Na
Mart i gConnachta gur fhóghluim sé an t-ádhmad a
oibriughadh. Thainig sé 'na bhaile go Rann-na-Feirsde
agus é cóirighthe go fiúntach ann a chasóig dheirg agus ann
a bhearrád de chroiceann an róin. Nuair a chonnaic
Peadar Gréasaidhe an t-éideadh a bhí air, dar leis go
mbéadh cuid de aige féin. Is iongantach an sgéal le
h-innse é go bhfuigeadh file rud comhtrom ar bith ar son
amhráin anns an am bocht is mar bhí na daoiní. Nár bheag
áthrach a thainig ar na Gaedhil ó bhí aimsir Cholmcille agus
Chómhdhail Drom Ceat ann go dtí aimsir Pheadair
Gréasaidhe, tá céad bliadhain ó shoin!



Seo an t-amhrán a d'aithris Peadar de 'na
dhearbhrathair:



Nach caol an t-agra is mé beo, fá'n bhearrád ce'r
mhór mo gheall.
Ar léabh de chroiceann an róin 'sa chumas a bhí mór
fá'n tuinn.
Ní'l aon dá ndearcfadh ar mo dhóigh ó reath mise as
órdughadh cinn,
Nuair a bhéadh an sneachta ar an mhóin nár bh'fhogus mo
chabhair dá bhonn.
Ceiligidh an 't-aicseán' seo ar Aodh na millfidh sé
an tuidh le ceol
Fá dh'aidreabhacht an bhearráid uaim síos is mo hata
ann a ndíobla mhór;


L. 7


Acht ó's cinneamaint damh imtheacht 'mo dhíorfach, is
furtach ag aon nach bhfághaim,
'S gan agam acht luighe 'chois bruaigh go bpiocaidh na
daoil mé beo.
Dá mbíodh mo hata ann a státh ní chluinfidh go bráthach
mé ag cainnt;
Acht dá fheabhas mo chulaith go bárr go dtig oirthí
gráin o'n cheann.
Tá an saoghal seo ag mealladh a lán 's is cleasach
a dháil, dar liom;
An pósaí 's deise 'sa ghárraidh nuair a chailleas sé
a bhláth is ba fann.
A dhuine de d'anam deán tárrtháil, 's mo chloigeann
ná fág í lom;
'S go bhfuil béal na n-aingeal 'ghá rádh linn an
mhaitheas a dheánamh i n-am;
Ná'n uair a thiocfas an bás is nach dtugann duit spás
ná faill,
Go bhfuighir luach an bhearráid go sásta, i bFlaithis
gheobhair fáilte dhá chionn.
Déirce a d'agarfá a dheánamh nach orm a b'fheárr duit
a roinnt;
'S gur ghléas mé currghain is mála, ag imtheacht fá
ghránaidhe an chinn;
Ba samhail damh roiltheach gan snámh ag siubhal a chois
trágha go fann,
Gan feoil ná fuil ar a chnámhaibh, acht na h-asnacha
'breith bárr o'n druim.
Is geárr go dtiocfaidh an lá a mbéidh breitheamhnas
géar fá'n roinnt,
'S ní'l aonduine dá dtainig ó Ádhamh nach mbéidh ann
an lá sin cruinn;
Nuair a rachas na peacaidh sa scála nár thaismeach dá
dtárladh trom;
Bearrád go gcrochfadh thú anáirde, 's tú i n-Ifreann
go bráth fá'n tsainnt.



Thug Pádraig an bearrád dó go fial flaitheamhail.
Ba doiligh á dhiúltughadh, fear ar bith a bhí i n-innimh
canamhaint mar sin a chur indiaidh a chéile. Tá corr locht
beag ar an mheadaracht annseo is annsiud, acht tá an
chanamhaint an-fhiliúnta ó thús go deireadh; agus aindheoin
gan cuid de na smuaintigheacha a bheith ag cur le chéile ró-
mhaith - sin mar déarfá, beárn ro-mhór a bheith eadar tús


L. 8


agus deireadh ceathramhan, mar tá sa tríomhadh agus sa
ceathramhadh ceathramhadh - tá siad domhain agus tá neart
acú anns an amhrán. Agus ár ndóighe tá dhá líne ann nár
bh'fhéidir a shárughadh:



"Gur samhail damh roiltheach gan snámh ag siubhal a
chois trágha go fann,
Gan feoil ná fuil ar a chnámhaibh acht na h-asnacha
'breith bárr o'n druim."



Le na dtuigbheáil i gceart, caithfidh duine eolas a bheith
aige ar an roiltheach. Éan bocht lom deileóir atá ann, a
bíos fá imeall an láin-mhara agus gan snámh ar bith aige.
Deirtear go dtug sé an snámh do'n fhaoilinn agus nach
bhfuair sé ní ba mhó é; tá sean-fhocal ann, "iasacht an
roilthigh de'n fhaoilinn." Smuaintigh ar an roiltheach ag
siubhal i n-imeall an láin-mhara ag amharc amach ar an
faoilinn bhródamhail ar uachtar na dtonn, an áit nach dtig
leis a dhul na diaidh, agus é ag meabhrughadh ar a dhóig.
Agus an deilbh a bhí air! Ná'r scáthmar an t-eagar é ag
rud ar bith a rabh an anál ann!



Bá é sin tús na filideachta, acht chár bh'é a deireadh
é. An lá ar na bhárach tháinig Séamus isteach chuig Aodh:



"An misde damh a fhiafruigh duit cá bhfuil tú ag
gabhail anois?" arsa Aodh nuair a bhí sé ag imtheacht.



"Maise ní misde. Tá mé ag gabhail síos chuig
Pádraig, a dh'amharc air, agus a dh'amharc ar dheil a bhí
leis as Carraig na Mart. An rud a bíos annamh bíonn
sé iongantach, agus ní fhaca mé aon deil ariamh aroimhe."



"An dtabharfaidh tú sgéala uaim chuige?"



"Maise ní truimide sin damh."



Thoisigh Aodh:



Beir scéala uaim 'soir Phádraig go bhfuil mise 'mo
cheatharnaigh,
Mar bhí Rudhraigh Bán i mBéal Muilid 'na leomhan,
Faoi éideadh mhaith shásta ó imleann go sáil.
Acht ní h-amhlaidh bím "seárbhailte" ó sin go dtí'n
sgóig.
A chongnamh mur bfágha mise suas ó mo bhrághaid,
Fríd choilltibh go ngéabhfad a chasgairt an tsloigh,
Agus mór a bhí ag Aodh Bán liom faoi phúdar 's faoi
ghrán,
'S dar liom-sa gur scáthmhar an rud duine dhe mo
shórt.


L. 9


D'imthigh Séamus síos chuig Pádraig agus seo an
forán a chuir sé air:



Nach bocht 'riú, a Phádraig, an sgéal atá ar do
dhearbhrathair,
Ag imtheacht 'na cheatharnaigh a' robáil an tslóigh;
'S gur aidigh sé de'n Áirdrigh do chongnamh dá
bhfághadh sé,
Go bhfanóchadh sé ag Nábla go dtéidheadh sé faoi fhód.
'S bocht 'riú an cás é i n-aondumhadh mar tá tú,
'S gan eagla ort-sa báilligh go dtógann do bhó;
Aríst a bhéas gráin ort, 's gan caoi le na tárrtháil,
'Sé mheasaim gur feárr duit an jacket a thabhairt dó.



Ní'l iomrádh go deárn Pádraig filidheacht ar bith
ariamh. Is dóighche gur Séamus a rinne an cheathramhadh
seo ann a ainm:



Is trioblóid na Dálaigh, 'sé shílim, dar mo láimh, ó,
'S ní féidir damh a sásadh go dtéidh mé faoi fhód -
Mo jacket mhaith scarlet a chosain na táintí,
Nár mhór leobhtha a fághail uaim le h-agallaimh ceoil.
Tá coisbheart mhaith shásta air, dar liom-sa, mar tá
sé, -
Bríste maith láidir agus bun-chóta-mór;
'S fághadh sé píosa de'n bháinín ó Shéamus Ó h-Árlaigh,
Agos ceannughadh sé féin mádar ná leigeadh sé dó.
Annsin bhuail an t-aithreachas Séamos as a bheith
ro-iarratasach
Tá sagairt is bráithre dá mhíniughadh go gnásamhail
Gur beag ar an Áirdrigh lucht chruinnighste an stóir,
Ba ró-mhíle a b'fheárr duit an déirce seo a dheánamh
Ar bhochtaibh i n-anrath a bhéadh taitmheach 'sa ghlóir.



Is dóighche gur Aodh a chuir an rann seo i gceann
Sheáin:



Caith chuige í, 'Phádraig 's ná bíodh sé le rádh leat;
'Sí an jacket í 's feárr duit a chuir tú go fóill,
Ar Shliabh Siain an lá sin gheobhair éiric ro-shásta,
'S tú 'g imtheacht go Parrthas ar thoiseach an tslóigh.



Ní'l na "h-agallaimh ceoil" seo uilig againn, agus
níl a fhios againn cia acú a thug Pádraig uadh an jacket
ná nach dtug. Acht féadann muid a bheith cinnte nár
eitigh sé Aodh indiaidh an méid sin ceoil a chur ann a
chluasaibh.



Ba mhinic Aodh agus Séamus i ndeabhaidh lainn le
chéile 'san fhilidheacht. Bhí Aodh iarratasach go maith; bhí
cuid mhór de na sean-fhilí ann. Acht níor b'amhlaidh de


L. 10


Shéamus; bhí seisean onórach i gceart, agus bhí sé trom
ar an fhear eile as a shiocair sin. Uair amháin thug
gréasaidhe a rabh Nioclás Mhac Fheargail air bearrád de
Aodh, agus fuair sé buidheachas dóigheamhail:



A Niocláis, 's tú sgoith na bhfear saor de Chlanna na
Míleadh tréan,
Ba duthcha bheith 'dTeamhair 'do righ, 's tú d'fholuigh
mo mhaoil aréir
Leis an bhearrád ba ghile na'n t-aol, 's an breacadh a
bhí fríd le scéim.
'S ó d'éag sin Cathbharr as Midhe, tá tusa 'do righ
'na dhiaidh.



A Niocláis Mhic Fheargail gan áidhbhéil, is tú fuair an
tsár-chliú mór,
Ag deánamh buatair 's bróga árda ó Iorrais go
Máluinn Mhóir.
'S tú an gréasaidhe is feárr anns an áit seo agus
thug tusa bárr ar gach seoid;
'Seacht mh'anam déag do lámh, 's tú chuirfeadh an tsál
ar dóigh.



Ní'l mé ag rádh go bhfuil aon líne i bhfilidheacht na
nDálach a bhfuil an ceol agus an deallramh ann atá
ann atá anns an líne sin:



Leis an bhearrad ga ghile ná 'n t-aol, 's an breacadh
a bhí fríd le scéimh



Tá ceathramhadh amháin ar a laighead caillte de'n
amhrán sin, ná bheir freagra Shéamus le fios dúinn gur
chuir Aodh Nioclás i gcosamhlacht le Gofraidh Ó Dómhnaill.
Seo mar labhair Séamus a dh'aonturas ar an fhear eile:



Ná creidigidh aon fhocal ó Aodh dá gcanfaidh sé a
choidhche i gceol,
Ó luadh sé Gofraidh an fear groidhe a mharbh an
Muimhneach Mór;
Cathbharr a scapfadh gan mhaoidhimh airgead, maoin is
ór -
Mo mhallacht de'n fhear a chuir síos é de shean-Nioclás
mhaol na mbróg.



Seo sompla de na gcuid ceoil cánta - buillí troma
mí-thrócaireacha, mar bhéadh órd ar inneoir ann. Ba iad
nach rachadh ar chúl sgéithe leis an chainnt a bhí le rádh acú,
bíodh sí milis ná searbh.


L. 11


III.



Chuaidh "An Chrúbach" fada leitheadach ar fud Thír
Chonaill, agus chárbh' iongantas ar bith sin. Cé go rabh
triúr uilig fá dtaobh de'n amhrán is é Aodh Ó Dómhnaill
is mó fuair dá chliú. Ar an ádhbhar sin tráchtfamuid ann
seo oirthí nuair atá muid ag trácht ar Aodh ar leith leis
féin. Seo ádhbhar an amhráin:



Dhíol Aodh Ó Dómhnaill bó ar aonach Ghort a' Choirce
le Éamonn Ó Dúthchain as Toraigh - bó a dtugadh siad an
"Chrúbach" oirthí, siocair adharca cama a bheith oirthí. Níor
bh'fada a bhí sí ag Éamonn gur mharbh sé í, agus gur chuir
sé a croiceann mar seithche ar churach. Tháinig oidhche
mhillteanach ghaoithe móire agus siabadh an curach amach
as an chamus ar bhárr na fairrge. Bhí file a rabh Dómhnall
Colm air 'na comhnaidhe i bpobal Chloich Cheann Fhaolaidh,
agus nuair a chualaidh sé an sgéal chuir sé ceathramhadh
cheoil chuig Aodh Ó Dómhnaill:



Beir sgéala uaim siar chun na Rosann
Annsoir an Dálach ar b'ainm do Aodh,
Gur éaluigh an Chrúbach as Toraigh
'S go deachaidh sí anonn ar an ghaoth.
Ní rabh ann acht a cnámha 's a croiceann,
'S nach láidir mar chuaidh sí chun sgaoil,
Gan coite gan bád ann a h-aice
A bhéarfadh go seascair í 'dtír.



Aodh.



Chuartuigheas na cuantaí gan fheasbhaidh,
'S a tuairisc ní fhuaras go fóill;
Acht amháin dó go gcualaidh mé a samhailt
Go deachaidh sí anonn ar Gaoth Dobhair.
Deir daoiní má chuaidh sí go Croichshlige,
Nach dual daoithe pilleadh níos mó
Ná tá Cormac Ruadh 'deánamh curaigh,
Agus thuas atá croiceann na bó.



Séamus.



Ar Chormac ná maoidhtear an croiceann,
Ná ba daor daoibh an duine do luadh;
Ná chuirfinn-se an dís i gcúirt Easboic
Mar saorfaidh go tapaidh an fear ruadh.
Ar lorg na laochraidh bhí i dTeamhair
Bhí a ghníomharthaí agus a aigneadh go buan,


L. 12


An carrfhiadh a chlaoidh le na chonairt,
'S chan ag smuaintiughadh ar churach a chur suas.



Ní'l aon duine de na sean-iondairibh le fághail a dtig
leis a innse goidé mar rinneadh an chuid eile de'n abhrán.
Acht tá sé le tuigbheáil as na smuaintigheacha gurab é
Aodh a rinne a bhunadhas, é uilig acht cúpla ceathramhadh,
b'fhéidir, a chuir Séamus isteach ann.



Aodh.



Bhí an Chrúbach comh luthmhar 'sa phannc
Le gearrfiadh donn ná fiadh bán;
Thainig Éamonn Ó Dúthchain anall
Agus dhearc sé ar a com 's ar a cár.
Chuir sé a lámh oirthí siar fá'n leath-deiridh
Agus d'éirigh sí 'na seasamh dhe léim
Ghlan sí amach sráid Ghort A' Choirce
'S bhí an chuid sin de'n mhargadh léi.
Nach í an Chrúbach a chuir cluain ar a rabh i dToraigh,
Nuair a d'fhág sí an tsíorothaidh 'na diaidh;
Ní rabh páiste ná tachrán gan cheangal
Go deachaidh na sean-mhná ó ghléas.
Acht sé rud a bhí acú an seanduine,
Is thug siad dó bruithe na bó;
D'éaluigh sí léithe 'na bhaile
Agus bhuail sí an cladach faoi sheol.



Is dóighche gurbh é Séamus a chum na ceathramhnacha
seo a leanas, ná tá siad ag deánamh truaighe de
Éamonn Ó Dúthchain, agus de réir mar tá an chuid eile
de'n amhrán ag maoideamh, chan truaighe a bhí ag Aodh dó,
acht díombuidheachas a bhí aige air fá íde a bhó.



D'éirigh Éamonn Ó Dúthchain 'na sheasamh:



"A dhaoiní, cá deachaidh mo bhó?"
Ó, gheobhaidh tú í thiar i mBun a' Leaca,
Ná i n-Inis Bó Finne dhe do chomhair.
Éamoinn Uí Dhúthchain i dToraigh,
Mo chúise níor mhaith liom do bhó;
Ná ba tusa an fear cliúiteach i mbaile,
Badh duthcha a bheith seal i dtoigh an óil.



Dá maireadh an Chrúbach ann d'aice,
Bhéadh liúdair comh farsaing le móin,
Ná níor bh'fhearr léithe 'siubhal ar an talamh
Ná ag cúrsáil amach go tír mór;


L. 13


'S ní'l páiste, duine aosta ná tachrán
'Bhfuigheadh braon dá cuid bainne le h-ól,
Nach líonfadh de chroidhe agus de dh'aigneadh
Comh siamsach le searrach Féil' Eoin.



Is léir de gach duine gurab é Aodh a chan an chuid
eile de'n amhrán. Labhaireann sé ar tús i n-ainm na
Chrúbaigh:



Ó, nach mise a bhí cumhartha fá'n astar,
Fá'n tsiubhal nár fhág croidhe ann mo chliabh;
'S mé 'breathnughadh fá'n dún 'na mbíodh Balor
'S ag smuaintiugadh gur chinneamhaint damh an phian,
'S líonmhar a bhí mé 'sa phota
Ag an mhnaoi ud nár choigil mé riamh,
'S 'mo líbín le dís a chois cladaigh
Go líontaigh mo chroiceann de iasc.



Acht mar Iolann i dtréarthaibh 's i ngaisge
Ní leigfidh mé m'astar le h-aon
Fá'n úsáid a thug Éamonn do mo chroiceann,
Ag léimnigh 'sa chamus mar bhíodh,
Bhí liúdair 'ghá rúscadh 'sa chamus,
'Sin an chúis a d'fhág mise gan feoil
Acht go h-umhal chun an ghiústais go rachad
Fá m'úsáid i dToraigh le bliadhain.



Ann sin chuaidh sé a thabhairt freagra ar Dhómhnall
Colm, ag innse cá deachaidh an Chrúbach, agus gur ag an
tsluagh sidhe a bhí sí fá dheireadh:



Nuair a tháinig an Chrúbach 'na chladaigh
Rinne sise sgairteach ar Aodh.
D'éirigheas go luthmhar 'mo sheasamh,
'S bhí fionnadh i n-áit saill ar a taoibh.
A Dhomhnaill, nach cumhain leat len' aithris
Mar tugadh an Ghlas Ghaibhleanna Mhór
Go Toraigh ar lorg a rubaill,
'S thainig sí arais go tír mór?



Ba bhinne liom ná ceoltaí Mhic Manainn
An gleo a bhí acú 'sa ghaoith,
Le dromaí dhá dtógáil o'n talamh
Ag stócaigh comh tiugh leis an líon.
Bhí a gcuid claidhmhtheacha geala leo,


L. 14


'S mórán de bhaignéidí fríobhth',
'S níor bh'fiú le mo bhó-sa a bheith i dToraigh
Dá seoladh chun camuis san oidhch'.



Beir sgéala 'soir Dhómhnall go tapaidh
An bhróg atá ar caitheamh le mí
'Chuartughadh fríd chuantaí na mara
'S a tuairisg nár casadh 'na shlighe;
Go bhfuil sí 'sa dún seo 'tabhairt bhainne
Go h-uaibhreach 'na bearach bheag mhaol;
'S na h-adharca fuair Éamonn 'sa bhriseadh
'Na diaidh iad má's maith leis a bheith buan.



Beir scéala 'soir Dhómhnall len' aithris
De Éamonn nach nglacfainn uadh bríb,
Ná go luthmhar go mbéidh mé 'gus gaisgidhigh
Ann a éadan ag seasamh na siege,
Béidh púdar anu a h-éiric dá thachtadh
'S ní léir dó cá rachaidh 'sa tslighe,
Mar thaimg na Gréagaigh gan fheasbhaidh
Fá Helen le'r scriosadh an Traoi.



Tá corr lúb ar lár anns an amhrán seo thall is abhfos,
focal Béarla annseo, agus meadar éagcothrom annsiud.
Acht caithfimid a choinneáil i gcuimhne nár scríobhadh é go
dtí scorthaí bliadhantach indiaidh a deánamh. Eadar
lochtannaibh agus eile, tá sé lán filidheachta - tá greann
ann, tá samhailteacha móra ann, tá canamhaint fhíor-deas
uilig ann. Agus tá meadaracht luascánach bheo ann, a
ghnidh an t-amhrán "chomh siamsach le searrach Feil Eoin,"
mar dubhairt an file é féin. Ní thiocfadh le Burns a
dheánamh a dhath níos feárr.



Is é "An Chrúbach" an t-amhrán is feárr a d'fhág Aodh
'na dhiaidh. Acht is iomdha ceathramhadh agus is iomdha
rann a chum sé gan saothar, mar bhéadh an uiseóg ag
seinm lá Earraigh ann. Níor fhág aon fhear de na Dálaigh
oiread 'na dhiaidh leis.



Bhí fear 'sa chomHursain aige a ghnidheadh cineál go
minic air - Séamus Mór a' Mhuilinn a bhí ar an Bhun Bheag.
Fear neartmhar a bhí ann nach rabh fear a chosgartha i
gcionn bata i n-íochtar tíre acht Micheál Ruadh Ó Baoighill
a bhí i Rann-na-Feirsde. Creidim as an tsiocair sin féin
go rabh neart námhad aige. Ar scor ar bith, gheall duine
acú cóta de Aodh dá ndeánadh - sé ceol cánta de'n
mhuilteoir. Thoisigh Aodh, acht dhálta Bhalaam nuair a


L. 15


h-iarradh air a dhul a mhallachtaigh ar Chlann Israel, níor
labhair sé mar bhithear ag dúil leis:



Gheall an bodach éadach dathamhail damh dá dtéidhinn
a dheánamh ceoil dó,
A chumhdóchadh ó'n fhearthainn mise maidín is tráthnóna.
Chan dith nár mhaith liom agam é, acht chreathnuigh mé
fá'n ócáid;
Dhiúltuigh mé roimh an pheacadh agus ní ghlacfainn uadh
a chóta.
Ná thug Séamus oiread iolmhaithis damh agus dheánfadh
duine bocht saidhbhir,
Acht go bé gur rugadh faoi'n chinneamhaint mé nach
dtiocfadh mo thabhairt i n-éifeacht.
Acht dheánfaidh mise aithris ar Fhleascach, Uaill gan
Éadáil.
Ní mholfadh sé acht Cathbharr, agus molfaidh mise
Séamus.



Ní'l aon seod indiaidh na nDálach nach gur iomlán an
dá cheathramhadh seo.



Ba bheag an tsiocair a bhí a dhith ar Aodh le dhul a
dheánamh filidheachta. Rud beag dá laighead é agus bí sé
ar obair. Seo amhrán a rinne sé oidhche amháin doineannta
a chuaidh a bhean a dh'áirneál agus a d'fhág sí ag na
páisdibh é:



D'imthigh tú uaim a Nábla, gan dealughadh cléir nó
Pápa,
Agus d'fhág tú ar an árd mé le scártha agus le
fuacht.
Go sílinn le achan squall gur amuigh i bPáirc an
Chárnáin
A gheobhfaidhe mé 's mé báidhte 's mo chár orm le
fuacht.
Mise a cheannuigh an lámhth'radh a b'mhíle b'fhearr damh
a chárdáil,
A nighe go maith amárach agus fhásgadh go cruaidh;
Go sílinn go mbrisfeadh an rámha ná'n taobhán a thug
Seán damh,
'S gach maide a rabh san ánráidh dá mo sgannradh
anuas.
Nuair a bhí muid geanamhail sásta agus chodail siad
na páistí,
Gach míle straip a bhfuair bás ariamh 's a másaí 'sa
luaith.


L. 16


Rinne fear acú-sin gaire agus chuir fear eile cár
air: -
"Béidh tú linn a Dhálaigh, nuair a deánfamuid ár
gcuairt."



Tá gleo gáibhtheach, gaothach, eadar shúgradh is dairíribh,
anns na ceathramhnacha seo. Dá mbíodh sin ann duine nár
mhothuigh aon oidhche gaoithe móire ariamh, thuigfeadh sé
goidé a rabh sí cosamhail leis o'n cheol atá 'sa dá líne
dheireannach de'n darna ceathramhadh. Tá na líntí céadna
ag umhlughadh agus ag cneadaigh mar bhí na maidí faoi
mheadhachán an doininn.



Nach filiúnta a chuirfeadh duine thart tamall de
oidhche, ag smuaintiughadh ar Aodh Ó Dhómhnaill 'na shuidhe
annsin oidhche na gaoithe nióire; na páistí 'na gcodladh
agus gan focal 'sa teach; teine mhaith mhónadh thíos agus
an file ag amharc isteach inntí; an doineann ag deánamh
ualláin uathbhasaigh amuigh fá bheanna an toighe. Tchidh muid
go soiléir é, fear mór neartmhar agus ceann mór uasal
air. Tá an suaimhneas atá anns an chró bheag ag
méadughadh an tuargain atá amuigh. Tig fuacht faobhrach
isteach ar bhun an tseandoruis, agus fríd na claiseannaibh
atá sna cláraibh. Beireann an seideán ar an chró go
dtí go dtéid na maidí a chriongán i bpianaidh. Chan
oidhche ar bith grinn í ag file; agus briseann an brón mór
atá i ndubhshraith an tsaoghail, briseann sé amach fríd an
ghreann ar Aodh. Bheir na seideáin mhillteanacha atá ag
réabadh trasna an domhain mar bhéadh geaftaí na
síorraidheachta foscailte agus slóighte na marbh ag teacht
amach ar mhuin a gcuid eachraidh, bheir siad an saoghal eile
ann a cheann. Tchí sé na taidhbhsí, cuid acú b'fhéidir comh
sean le Ceann tSáile, 'na suidhe thart. Tráchtann sé go
magamhail orthú, acht imthigheann an osna air ó'n aindheoin:



"Béidh tú linn a Dhálaigh nuair a dheánfamuid ár
gcuairt."



Chuir chéile Nábla Aodh a dh'fhilidheacht níos mó ná
aon uair amháin. Bhí sí am amháin agus bhí ádhbhar gréasáin
de olainn astoigh aicí, agus bhí culaidh geallta do Aodh
nuair a bhéadh an gréasán sníghte agus fighte. Acht bhí
Náblá dá chur ó lá go lá, agus bhí an file gránna ag
eirghe sgifleogach. "A Nábla," a deireadh sé anois is
arís, "cad chuige nach sníomhann tú an olann?" "Maise,
a chroidhe, b'fhada an lá sníghte agam í acht go bé nach


L. 17


bhfuil cárdaí ar bith agam," deireadh Nábla. 'Sa deireadh
d'éirig Aodh maidín amháin agus thug leis mála. Chuaidh
sé isteach chuig 'na chomhursa bhéal dorais.



"Maise, 'Aodh, 'sé do bheatha. Bí do shuidhe."
"'Sé mo thuras chun an dúin seo d'iarraidh túirne
agus cárda;
Tá mo ghréasán dá ughmadh 's is brúighte 'tchím Nábla;
Gheobhaidh tú éiric Dia Luain ann, bean túirne mhaith
sásta,
'S a spéirbhean ná diúltaigh mé fá chnuasach an
ádhmaid."
"Maise leoga cá ndiúltuighim."



Fuair sé na cárdaí. Bhain sé an darna teach amach
agus an manadh céadna aige. Ba é an deireadh a bhí air
go rabh an mála lán cárdaí aige. Phill sé annsin annsoir
Náblainn, agus d'fholmhuigh sé mála na gcárdaí ar bhun
an urlár.



"Anois an díoghbháil cárdaí atá ort?"



Bhí file 'na chómhnaidhe i mBaile an Mhuilinn ar an
taobh thiar de na Rosaibh, a dtugadh siad Donnchadh Aoibhinn
air. Thug bean a rabh Máire an Bharraigh oirthí léine dó
as amhrán a dheánamh dá moladh, agus ag cáineadh mna
eile a bhithear a chur i gcomortas léithe. Chuaidh Aodh i
leith na mná a rabhthar ag aor oirthí. Arsa seisean:



Ar bharrach ná'r lín ní leigfinn thú síos,
Ná do'n fhear a bhfuair bríb mar léine;
Do chuid fathamhan-fholt buidhe bhéarfadh solus anns
an oidhche,
Dá gcasfaidhe go gclaoidhfidhe an féar leo.
Ar philleadh dí aníos ar thaisde na gcraobh
Mar sholus a bíos ar ghéagaibh;
Go dtug Pairthis Mac Priamh a samhail ó'n righ,
Mar chaill sé na míle Gréag leis.
Tá an chuid eile do na h-agallaimh caillte, amach ó
cheithre líne do chuid Dhonnchaidh:



Chan tusa, 'Aodh, go bhfuair mise nidh,
'S go dearbhtha níor bfíor do scéalaidhe,
Ná bearrád ar mhaoil ní bhfuair mise mar bhríb,
Ná toisigh 'dul faoi mo ladhara.



Is dóighche go rabh i bhfad níos mó ná sin 'sa tseanchas, dá
mbíodh sé uilig le fágháil.



Chastaoi corr-dhuine ar Aodh a bhíodh trom go leor
aige. Bhí bean fá na Rosaibh a rabh Máire Chonnachtach


L. 18


oirthí, bean siubhail a bhíodh ag gabhail thart ag cruinniughadh
congantach. Bocht is mar bhí sí, bhí inntinn aicí nach
mbíonn ag mórán agus teangaidh a gheárrfadh an t-iarann
fuar, ná a mheallfadh an tsúil as do cheann. Thainig sí
chuig Aodh lá amháin, agus chuir sé forán filidheachta oirthí.
Tá sé riachtanach a innse gur bean de Dhálach a bhí inntí,
agus go rabh sí pósta ar fhear darbh' ainm Anntoinn
Mhághnuis. Arsa Aodh leithe:



Tréig Anntoinn Mághnuis, a stáidbhean na bpéarlaí,
Agus imthigh leis an Dálach fríd áltáin na h-Éireann,
Mar bhí Diarmaid is Gráinne, seal ráithe ann gach
réagún;
Is béidh daoine 'shíor-rádh linn gur sásta bhí an péire.



D'fhreagair Máire é:



'Aodh Mhóir Uí Dhálaig, is áin liom do sgéala,
Scaoilimid Nábla 's Mac Mhághnuis le chéile;
Ó sin go lá an bráthaich go mbéidh trácht ar an péire -
Fuil uasal na nDálach mar ghrádhuigh siad a chéile.



Sin deireadh a bhfuil againn de sholathar an fhir is mó
a bhfuil trácht air de na Dálaigh - Aodh mór an ghrinn agus
an drabhláis.



Níor fhág Séamus oiread canta le Aodh. De réir
mar chluinim, bhí sé ní ba tábhachtaige, agus bhí dóigh ní
b'fheárr air ná Aodh. Bhí rudaí eile ár a umhail d'iombaite
de fhilidheacht. Acht nuair a chanadh sé, chanadh sé go
beacht. Tá a chuid línte fighte go dlúith agus tá méadhchán
ann a chuid smuaintigheach. Níor fhág sé aon rann 'na
dhiaidh is soiléire a theiseánas a chuid tréartha ná an ceann
a rinne sé do Chonall Mhac Grianna. Fear modhamhail
sóghantach a bhí i gConall. Bhí dhá mhí-fhortún mhóra aige le
cur suas leo - bean dalba, agus mathair a rabh seachrán
oirthí. Maidín amháin a bhí Séamus fá'n chladach casadh
air é, agus é indiaidh oidhche iasgaireachta a dheánamh.



"An bhfuil dadadh leat?" arsa Séamus.



"Ní'l liom acht an t-aon-bheathach," arsa Conall Bocht
go truaghcánta.



D'amharc Séamus 'na dhiaidh tamall beag. Ann sin
labhair sé:



Mo dhith, mo dheacair! 's mé i muinighin an aon-
chréatúir,
Is m'oidhche gur chaith mé ar Charraig na Síor-
Bhéicfidhe;


L. 19


Indiaidh mo shaothair ag sglamhaidhe go bfuighead
léabairt,
'S ní áirighim Ceallaigh atá ar mearadh 's i ndith
céadfaidh.



Bhí sé sáithte as Máire Chonnachtach comh maith le duine.
Am amháin a bhithear ag déanamh teach pobail, cuireadh
ádhmad a thainig fa thír mar cheann air. Bhí Máire ag
maoidheamh gur b'éagcórach an rud ádhmad a bhaint le
lámh-láidir an dlige de na fir a fuair a shaothar é a
thabhairt i dtír:



Fear gan chéill a rachadh gcléibhín amach i n-éadan an
mhórtais,
Le h-art a mhéir agus le tréan céasladh gur chuir
téad agus dul dhe rópa air;
Tharraing 'na dhiaidh é go bun an mhéile, agus cá
bfuil an té a bhéadh na dheoidh air,
Gan a thabhairt de dh'aoinneach ar beathuigheadh i
n-Éirinn nár fhliuch a ladhara 'san ócáid.



Séamus.



Má's lag ná láidir a chaill an t-ádhmad nach maith an
áit a chur sa tséipeal,
A chrochadh anáirde os coinne an Áirdríogh le bheith
guidhe go bráthach ar na créatúir;
Dearc a Mháire, ar na fir a fágadh, 's gan lucht a
dtárrthála i n-Éirinn!



'S gol go cráidhte ba chóir a dheánamh, 's chan a bheith
'gáiridhe fá'n éadáil.



Máire.



Dá mbitheá i n-Árainn taobh 'stoigh de dhá bhliadhain,
tchífeá ádhmad go leor ann -
Muicfheoil shásta agus síoda Spáinneach 's ba bheag
a b'fhearrde 'thír mór é.
'Sé dubhairt Naomh Pádraig gur mhíle b'fheárr dúinn
a bheith 'cuartughadh grágán fríd mhónaidh,
Ná 'bheith 'tógáil ádhmaid le h-órdughadh báillí 's 'ghá
chur i dteampaill na Róimhe.



Deir na seandaoiní go mb'éigean do Sheamus an
bealach a thabhairt daoithe.



Am eile a bhí Séamus ag pilleadh ar an bhaile indiaidh
a bheith suas an tír ag díol póitín ná ar ócáid de'n


L. 20


tseort sin. Thainig an galar garbh ar an ghearrán a bhí
leis. Nuair a chonnaic Séamus an beathach 'na luighe ag
lúbarnaigh, d'agair sé 'sna foclaibh seo é:



'Ghearráin, tabhair síos mé ar amharc mo thíre,
Nó tá tú ar tí mo náiriughadh;
Agus bheárfaidh mé dlaoidh de choirce mhaith bhuidhe
duit,
Is tamall i gcroidhe mo pháirce.
Béimid mar bhí Cúchulainn is Laogh,
Seal tamaill go h-aoibhinn sásta -
I bhfad ó mo dhaoinibh, eadar dhá dtír,
A chara, ná smuaintigh m'fhágáil.



Ní h-aithristear dúinn goidé a rinne an gearrán,
acht is é mo mheas nár fhág sé san fhaopach é, acht oiread
agus d'fhágfadh an Liath Mhacha Cú na gCleas.



Bhí Séamus agus fear de na chineadh féin - Seán Óg
Ó Dómhnaill- le chéile fosta. Ba gnathach le bean
Shéamuis a bheith ag áirneál ag Seán Óg go minic.
Mhaoidh Séamus go rabh contabhairt oirthí go dtiocfadh an
sluagh sidhe oirthí am éigin agus go mbéadh an chaill ann.



Séamus.



Tá mo shean-bhean-sa i mbaoghal gach oidhche ag
tarraingt ar Sheán Óg,
'S gurab é baramhail na ndaoiní gur daor a cheann-
ochaidh sí an ceol;
Ná má thig oirthí an sgaoi d'fhág sínte Cathal san
abhainn,
Béidh mise gan mhnaoi a choidhche feasta níos mó.



Seán Óg.



Bí 'teacht a dh'áirneal, a stáid-bhean, 's ní h-eagal
duit tóir;
Cathal ná a pháirtidh go bráthach ní thiocfaidh dé do
chomhair,
Béidh na bochta fuair bás dhe do tharrtháil má's dorcha
an oidhch',
'S gur i bhFlaithis tá d'árus fá 'deárn tú de mhaitheas
's de ghníomh.



Séamus.



'S binne é ná'n phíob 'sná an chaoin-chruit Mhanainn
fá dhó;
Is furast do mhnaoi bheith i n-aoibh le h-aigneadh a
cheoil.


L. 21


Ní'l aon bhean anns an tír dá bhfuigheadh oidhche de
chaidreamh Sheáin Óig,
Nach dtiocfadh arís dá mbíodh an sneachta ar an
mhóin.



Seán Óg.



Ní thig liom a shéanadh, 'Shéamuis, mara ndearcfainn
ar dháimh,
Nach n-imtheochainn léithe fríd shléibhtibh go h-aigeantach
árd;
Ná macasamhail an phearla ni léar liom go bhfuil sí
san áit,
Agus focal a béilín go leigheasfadh mise 's fághaim
bás.



Tá sé ion-ráidhte annseo gur bh'iomdha file a bhí fá
chladaigh Thír Chonaill d'iombaite de na Dálaigh - Dómhnall
Colm, Donnchadh Aoibhinn, Máire Chonnachtach, Seán Óg!
Agus gan le fágháil acht corr cheathramhadh de na gcuid
filidheachta! A Thighearna, an méid atá caillte orainn!



Ba as pobal Gaoth Dobhair an bhean a bhí ag Séamus,
agus bí leath-bhróg ar achan duine acú le na phobal féin.
Fuair sise pisín cait i nGaoth Dobhair agus ní rabh sé féin
agus madadh Shéamuis ag teacht go ro-mhaith le chéile. Lá
amháin bhuail bean a' toighe an madadh. Thoisigh Séamus:



An cat sin a thainig as Dobhar 'sé mheasaim nach mór
an chaill
Gogán maith bainne thabhairt do, acht cuideachta mhór
is greann;
Acht mo choileán dá gcuirfeadh a shrón ann go
mbrisfidh le fód a dhruim,
'S cuirim seacht mallacht 'sa tóin ar a dtáinig dá
phór anall.



Acht is é an chliú file a b'fhearr a fuair Séamus ariamh
nuair a rinne sé an t-amhrán de na mhac Pádraig, a
báitheadh ar Gaoth Dobhair. Sin sgéal comh brónach agus
tá le cluinstin i dTír Chonaill indiu. Bhí Séamus agus
a mhac Pádraig thall ar an Bhun Bheag, baile beag a chois
cladaigh i bpobal Gaoth Dobhair. Fuair siad sac dheich
gcloch fichead órna agus chuir siad 'sa churach é. Bhí oiread
de lasta sa churach agus go mb'fheárr le Séamus a dhul
thart timcheall, sé nó seacht de mhíltibh, ná a dhul isteach
ann. Chuaidh sé an talamh agus chuaidh an mac an fhairrge.
Nuair a bhain Séamus an baile amach ní bhfuair sé Pádraig


L. 22


roimhe. Tugadh iarraidh ar an chladach, agus fuaras báidhte
é fá ghiota bheag de'n chladach.



Ní raibh ann acht nár bhris croidhe Shéamus 'na dhiaidh.
Lá amháin, go geárr indiaidh an tórraimh, cuireadh
crothnughadh air. Fuaras é ag spaisdeoracht fríd na
fargáin os cionn an chladaigh, an áit a deárnadh a chrádh.
Bhí sé ag cumadh an chaointe.



Cuiread an t-amhrán seo i gcló i leabhar Shéamuis Uí
Shearcaigh, i "gCloich Cheann Fhaolaidh." Seo é:



An céad Mháirt de Fhóghmhar ba bhrónach tuirseach mo
sgéal -
Lámh thapaidh bhí cródha ag dul romham ar leabaidh na
n-éag.
Ar charraig na ndeor is dóigh gur chaill mé mo
radharc,
'S go dtéidh mé faoi fhód ní thógfad m'aigneadh do
dhiaidh.



Tá do mhathair is Niall faoi chian 's is fada leo an
lá;
Tá osna ann a gcliabh nach léigheasann doctúir ná
leáigh.
Ar sholathar mé ariamh is bíodh sé uilig cruinn ann mo
láimh,
Go dtabharfainn é uaim acht fuascladh Phaidí bheith
slán.



Tá do dheirbhshiuracha cráidhte de ghnáth 's iad ag
sileadh na súl,
'S gan fhios ce'n lá go bráth a n-imtheochaidh a
gcumhaidh.
D'fhág tú d'aicme faoi smál is is náir liom mar
rinne tú an siubhal,
Nuair nár agair tú Párrthas le spás beag eile
thabhairt dúinn.



Mo mhallacht go buan fá bhruach an chladaigh seo thíos,
'Sé d'fhág d'aicme faoi gruaim is rinne gual damhsa
i n-aice mo chroidhe;
'Sé do chur anns an uaigh, monuar, a d'fhág mise gan
bhrigh,


L. 23


Gan mhisneach, gan stuaim, acht 'mo thruaill bhocht ag
imtheacht le gaoith.



'S fada mo shaoghal 's mé 'deánamh mo ghéaráin go
bráth,
'S mé ag amharc uain síos fá bhruach an chladaigh gach
lá.
Ní'l cuideachta ag aon mar bhíod án rannaig seo
'ghnath,
Acht osna 'na gcliabh, faraor, 's gan fortacht le
fághail.



Stadfad mo ghéar-ghol is dheánfad mo ghéarán le
Cách,
Fuair pioláid is péin fá bhruach na croiche go h-árd;
Ó 'Mhuire, má's féidir linn d'aon-Mhac 'agradh gan
spás,
Guidhimid É le bheith fadhrach de Phaidí fá'n cháin.



Míle is ocht gcéad a léightear ó thainig Sé chun
tsaoghail,
An cúig is an sé, leis an sgéal sin 'aithris go fíor -
Ó thainig Mac Dé chun tsaoghail le'r gceannacht go
daor,
Chuaidh Paidí i gcré, mo léan, 's nach bpilleann a
choidhch'.



Is iomdha caoineadh agus feartlaoi a canadh i
n-Éirinn. Bhí an smior-chailleach bainte as an Chaoineadh
sul ar cumadh an t-amhrán seo. Ar an ádhbhar sin ní
h-iongantas ráidhte a bheith ann a canadh aroimhe, agus a
bhaineas cuid de'n bhrigh as an amhrán. Na dhiaidh sin an
té a chuirfeas i gcomartas é leis na feartlaoithe eile atá
againn, caithfidh sé áit a dheánamh de Shéamus Ó Dhómhnaill
i n-ur-thoiseach fhilí na h-Éireann. Cad is briseadh
croidhe ann, marab é seo é?



Is fada mo shaoghal 's mé 'deánamh mo ghéaráin go
bráthach,
'S mé ag amharc uaim síos fá bhruach an chladaigh gach
lá.


L. 24


Agus ar ndóighe ní thiocfadh le duine rud ar bith a
chluinstin ní ba chosgarthaighe ná seo:



D'fhág tú d'aicine faoi smál, 's is náir liom mar
rinne tú an siubhail
Nuair nár agair tú Párrthas le spás beag eile
thabhairt dúinn



Sin an comhartha buaidheartha is mó a thig le duine a
teiseáint, a bheith ag tabhairt achmhusáin de'n té atá ar lár
fá'n rud nach rabh neart aige air. "Orú, goidé a rinne
tú orm?" adeireadh na Gaedhil ag caoineadh a marbh.



V.



Tá sé maoidhte ar Pheadar Gréasaidhe gurbh é ba
deagh-chainntighe de na Dáilaigh. Ní'l mórán de na
sholathar againn, acht an méid atá, tá siad lán grinn.
Bhí toil mhór ag na daoinibh de "Mhac Néill Na Carraige,"
agus ba ghnáthach leo a rádh i dtoightibh cuideachta go dtí
ar na fíor-mhallaibh. Amhrán grinn atá ann. Créatúr
beag éadtreoireach a bhí i n-Éamonn Néill na Carraige
nach rabh croidhe dreolláin ann. Lá amháin thainig boc
gabhair air agus bhuail sé é agus chuir sé an teicheadh air.
Seo an bhail a chuir Peadar ar Éamonn ghránna:



'Sé mac sin Néill na Carraige an t-amharc dubh ag
Sasanaigh;
Tá Éire mhór agus Alba seasta le na lá.
Le na thaoibh-san níor bh'fiú bioran an Red Riever
ná Liam Wallace,
Ná an Duke o' Cumberland a bhí ceannascach i
mbriseadh Fontenoy.



Gluais an míleadh sgailleagánta leis go Gibraltar,
Go dtógfadh sé na h-airtseanna bhí druidthe os a
chionn,
Na bombshells uadh go gcaithfeadh sé, na cathracha go
loisgfeadh sé,
Go réabfadh sé na geaftaí mar bhéadh Seán a' Bhuille
Mhóir.



Ar scaoileadh amach an luing dó gur sháirigh sé
Columbus,
Caiptín Drake is gach ceannphort de'n dream sin
ariamh dá'r sheol;


L. 25


Cabhlach mór na Frainnce gur umhluigh dó le
grandeur,
'S gurab é an focal a bhí ag gach ceannphort,
"Strike down colours all."



Ar éirigh suas ó'n talamh dó, na h-air-balloons gur
bhreathnuigh sé -
Suidheachán na Sasana a bhfuil ann intleacht an
tslóigh;
Mar Bhuonaparte 's mar Napper Tandy a bhí Éamonn
Óg le h-aicseáin,
Ar quarter-deck 'na sheasamh i n-aimsire catha is gleo.



'Sé mo chreach, mo bhrón 's m'angar nach rabh Éamonn
Óg sa champa,
I n-Eachdhruim d'fhág an t-iomlán de'n dream sin
faoi bhrón;
Béal Átha Luain go cinnte bhéadh ag Sarsfield ann a
roinn-san,
Leis an ruaig a chur ar Ginkell 's ar King William
Mhór.



Tá tuargan amaideach anns an mheadar agus anns
an chainnt atá san amhrán seo, atá ag fóirstin go maith,
go h-áirid anns an cheathramhadh:



Ghluais an míleadh sgailleagánta leis go Gibraltar.



Bí fear de bhunadh Árann a dtugadh siad Liam Mac
Conaglaigh air, 'na chaiphtín luinge. Ba ghnáthach leis
lastaí a thabhairt as Sligeach chun na Rosann. Uair amháin
a thárla ar shiubhal fa choinne lasta mine é, thainig an
mórtas, agus síleadh go rabh sé féin agus a long caillte.
Thainig sé i dtír fá dheireadh agus é a mhitheas dó, agus
bhailigh na daoiní a chur fáilte roimhe féin agus roimhe an
fhoireann. Bhí Peadar ar a ndeireadh, acht b'fhearr a
mhoill ná luathas daoiní eile. Arsa seisean:



Ná gothuigh mé 'Liam, chan díoghbháil luthgháire romhat
A choinnigh mé uait, acht buaidhreadh an tachráin 's a
ngleo,
Ná mo rosca gur fhiaruigh ag giall an bhóithigh gach
neoin,
'S mé 'breathnughadh uaim siar go cian fá stacaí Ros
Eoghain.


L. 26


Tá an "Happy" 'teacht aniar 's is cian a h-aigneadh
faoi sheol;
'Sé samhailt dá triall mar fhiadh mbéadh conairt 'na
dheoidh.
Seirc agus míoltaí siar go bfúigfeadh 'na deoidh,
'Sná coiglighidh biadh, tá an fial ag tarraingt 'mar
gcóir.



Ó thainig mé i n-inntleacht cinn le 'mbreathnóchainn
spórt,
Ná cluinstin ar "band" le 'seinntear ar "instru-
ment" cheoil,
Ba taitmhighe le m'inntinn Doiminic 's Liam faoi
sheol,
'S an "Happy Return" 's í 'tionntódh mara d'á bórd.



'Siad na fir seo fuair ból gach áit ariamh dár sheol,
'S dá airde an squall go n-áirdeochadh reef a seoil;
Le h-aicseáin i mbád gur sháirigh draoidhte ceoil,
'S nach "credit" de Árainn bád gan spíd dá seort.



Thug Liam is Doiminic iomrádh ariamh ar sheol -
Drake is Anson is Columbus a rinne páirt de'n
domhan,
Pairthís is Ionn a bhain prize de'n Ghréig a bhí mór -
Queen Helen na luimneach ronn-rosc ler' sgriosadh
an domhan.



Ó d'imthigh an Bhreacmharcach gheal-bhrághad a bhí ann
i n-aimsir na bhFiann,
Macasamhail do bháid ar sáile níor astar ariamh;
Bhí an fhairrge 'ghá cáthadh 's í ag áirdiughadh mar
chnocaibh fá shliabh,
Acht b'fhurast daoithe a dheánamh, bhí sástaidhe aicí dá
riar.



Tá an ghealach 's an ghrian ag tabhairt sgéala nach
fada uainn cabhair;
Na potsticks bíodh réidh, 's ní baoghal gan brachán go
leor;
Ná mar Cathbharra fial atá Liam dá scabadh ar an
tslógh,
'S nár fheicidh sé Dia má iarrann leith-phighinn go deo.


L. 27


"Chan iarrann ort-sa ar scor ar bith," arsa Liam
Mhac Conaglaigh, ag fágáil mála mine ag n-a chosaibh.



Tá an locht céadna ar an amhrán sin atá ar "Éamonn
Néill na Carraige" - tá barraidheacht Béarla ann. Na
dhiaidh sin, tá blas aosta, filiúnta ar an Ghaedhilic atá
ann, línte breaghtha cosamhail le



Mo rosca gur fhiaruigh ag giall an bhoithigh gach neoin,
agus
Ó thainig mé i n-inntleacht cinn le a mbreathnóchainn
spórt.



Acht bainfeamaid níos mó 'phléisiúr as cupla píosa
beag a bheir le fios duinn goidé an greann a bhí i
bPeadar Gréasaidhe. Is é a bhfuil de thruaighe ann nach
bhfuil le fágháil acht cuid daobhtha. É féin agus file de
Mhuinntir Chanann a bhí amuigh ar a chéile. Thainig duine
muinnteardha de Pheadar ag innse go rabh Mac Uí
Chanann ag deánamh ceoil cánta dó, agus ag iarraidh
cabhrach.



"An bhfuil a fhios agat rud ar bith le caitheamh suas
leis?" arsa Peadar.



"Maise ní'l fhios."



"Rud ar bith ar chor ar bith?"



"Ní'l fhios, acht go dtugann siad an gabhar mar
leas-ainm air."



"Maith go leor; dheánfaidh sin gnaithe," arsa
Peadar.



"Char shamhail mé de bhoc ar bith gabhair a bheith i
dtu gse ná i meabhair mhaith chinn
Comh beacht is go gceartóchadh ceol acht ag imtheacht
fá bhórdaí beann."



Féadaigh sé gurab é an Canann céadna a rabh
Peadar ag tracht air nuair a rinne sé an aiste seo:



I Leitir a thoisigh an scaoll fá'n chogadh 's gan baoghal
dá gcomhair -
Cuid acú d'imthigh gan bhríste, hata ar a maoil ná
bróg;
Is beag acú rinne é comh críonna 's gur fhan siad
go mbíodh leo lón,
Acht Canann 's an Sagart Ó Frighil, is chuaidh siad
ar aon i gcomhar.


L. 28


Bhí pucán de chroiceann leo líonta, agus asal go
gclaoidhfeadh an lód;
Ar a dhul trasna ar an díg daobhtha, an baig sin gur
scauil 's gur dhóirt.
"Blood," arsa'n Sagart Ó Frighil le Cormac a bhí
'na dheóidh,
"Nach taismeach do thallann fá'n díg, nuair a scab
tú mar shíol an lón."



Tá an chuid eile de'n amhrán caillte orainn, ar an
droch-uair dúinn. Tá sé innsighthe go bhfacaidh Canann
agus an sagart fear eile ag dul an bealach agus ualach
bidh leis. "An dtabharfaidh tú asblóid damh," arsa Mac
Uí Chanann, "má leanaim é agus an lón a bhaint de?" Ní
dheachaidh an sagart ar chúl sgeithe leis, acht órdughadh dó
a beith ar shiubhal:



"Lean é go tapaidh 'sa tslighe, agus crag é mar
pílidh róin."



Ní'l tuairisg ar bith againn goidé mar chuir "Canann
's an Sagart Ó Frighil" deireadh ar a n-astar. Ní'l
amhras ar bith ná tá ceathramhnacha greannmhara caillte
orainn. Iarraim ar chainnteoir duthchais ar bith an líne seo
a rádh go h-árd:



Nach taismeach do thallann fán díg nuair a scab tú
mar shíol an lón.



Gheobhaidh sé ádhbhar iongantais anns na foclaibh seo, anns
an dóigh a bhfuil siad fighte fá choinne grinn agus fá
choinne ceoil.



File a bhí ann a bPeadar ar dhoiligh a mhacasamhail
fhághail, dá mbíodh a chuid oibre uilig ag cur le chéile.
Acht tá cuid mhór focla Béarla aige a mhilleas a chuid
canamhainte, agus tá an meadar cineál cnapanach
i n-áiteachaibh. Ní'l cuma air go bhfuair sé mórán saothair
ag cumadh a chuid dán, cionnus é a bheith 'na dhuine
shiubhlach, creidim, nach rabh umhail mhór ar obair de chineál
ar bith aige. Deirtear gur daimhseóir mór a bhí ann,
agus go rabh sé geallmhar i gceart ar chuideachta. Acht
ní'l buaidh ar bith aige is iongantaighe ná an t-eolas a tá
aige ar stair na h-Éireann agus na Sasana agus na
Gréige. De fhear gan léigheann sgoile, is iongantach é
iomrádh a chluinstin ar Cholumbus ar Drake agus Anson,
ar Liam Wallace agus ar an Red River agus ar dhaoinibh
eile nach samhalfá go mbéadh trácht ortha fá na Rosaibh i
dTír Chonaill anns an am sin.


L. 29


Sin an méid a coinnigheadh i gcuimhne de chuid
filidheacht na nDálach; credim gur leigeadh a lán eile
chun dearmaid. Acht, gann gearr-ruballach agus mar tá
an cnuasach, bheir sé le fios dúinn goidé an mhéid a bhí
i n-obair na bhfilí seo, mar bhéarfadh ballaí beárnacha
sean-chaisleáin lideadh dúinn fá bhreághacht an áruis nuair
a bhí sé iomlán. Ní'l dochar liom a rádh dá mbíodh a
saothar uilig againn, go mbéadh ádhbhar leabhair againn a
bhéadh 'na leabhair annamh imeasc leabharthaí Gaedhilge.
Indiaidh a bhfuil de lochtannaibh ortha, féadamuid i gceart
na Dálaigh a chur i gcomórtas le cuid filí na h-ochtmhadh
h-aoise déag. Tá moladh mór ar Eoghan Ruadh
Ó Súilleabháin, ar Shean Chlárach, ar Art Mhac Chubhthaigh
agus ar scaifte eile nach bhfuil feidhm a n-ainm a luadh,
agus chan gan fáth. D'fhág siad ranntuigheacht bhinn
cheolmhar againn go dearbhtha. Acht chum siad bunudhas a
gcuid dántaí anns na sean mhúnlaibh - an Aisling, an
Feartlaoi, an t-Agallamh, agus dá réir sin. Níor chuir
siad saothar ar bith ortha féin ag smuaintiughadh daobhtha
féin, ná ag nochtughadh na sean-smuaintigheach ní b'fhíre ná
rinneadh romhpa. Thonn siad uatha tuilteacha luinnireacha
de aideachtaibh a dhallas an inchinn agus a bhodhras an
chluas le barraidheacht ceoil, acht nach mbogann an croidhe
ná an t-anam, agus nach mbaineann gáire ná deor amach.
Is deas agus is uasal Éire agus ní'l innse béil ar an
grádh atá againn oirthí; acht nuair a thig sí chugainn fiche
uair anns an tsuan, agus an chéad uair gur



"Trillseach tiugh buidhe casta ar ór-dhath
A dlaoigh-fholt go bróig leis an mbéith,"
agus an ficheadh h-uair gur



"Dualach dréimreach, daithte tiugh
A craobh-fholt cuachach camarsach
Ag teacht go scuabach bachallach
Léi i n-éinfheacht go féar;"



nuair a fhiafruigheas muid daoithe achan uair an í Déirdre
í, ná "Helen fá'r tréadughadh slóigh"; nuair adeir sí i
dtólamh gurab í "céile is nuachar Charoluis" í, agus go
"mbéidh flít i gcuantaibh Bhanba" gan moill; éirigheann
muid tuirseach de'n tsean-phort chéadna, dá bhinneas é.
Bheir sé sólás dúinn nuair a thig séadaidhe de mhnaoi
bhéal-scaoilte dheagh-bhriathrach mar Mháire Chonnachtach
chugainn, agus chuireas sí caibideáil ar bun fá "thógáil
ádhmaid le h-órdughadh báillí, 's 'ghá cur i dteampaill na


L. 30


Róimhe." Is nádurtha agus is óraice an rud na mairbh a
chaoi agus a chuimhneadh, acht nuair a tchímid achan la
tórraimh,



"Apollo na luighe, gan bhrigh, gan mhisneach, gan
stuaim
Minerbhe ag caoi, 'sa croidhe astoigh 'bascarnaigh
suas,"



tig sé frínn a rádh leis na coimhthighthighthe chosgarthacha seo



"Seasaigidh thart, a lucht na ngruaidheann tirm, go
gcaoinidh Séamus Ó Dómhnaill a mhac:



"Is fada mo saoghal, 's mé 'deánamh mo ghéaráin go
bráth
'S mé ag amharc uaim síos fá bhruach an chladaigh gach
lá.
Ní'l cuideachta ag aon mar bhíodh fá'n rannaigh seo
'ghnáth,
Acht osna 'na gcliabh, faraor, 's gan furtacht le
fághail."



Ní rabh scoláracht na bhfilí seo ag na Dálaigh. Tá a shéala
sin ortha thall agus i bhfos; tá a gcuid mheadarachta
cineál éagcomhthrom i n-áiteachaibh. Acht bhuaidh siad níos
mó ar fheasbaidh na scolárachta ná chaill siad léithe. Bhí
an tsean-sgoláracht ro-chumhang le gléas fáis a thabhairt
de mhórán de fhíor-fhilidheacht. Nuair nach rabh na sean-
ráidhte ar bhain céadtaí filí an smior-chailleach astú i
gceann na nDálach, d'fhigh siad an chanamhain a bhí i mbéal
na ndaoiní go nádurtha agus go neartmhar. B'annamh a
bhí an focal ceart ceillte orthú. Duine ar bith a bhfuil
súil ann a cheann agus a chonnaic curach éadtrom ar bhárr
suaintigheacha móra fairrge, déarfaidh sé nach dtiocfadh
a chosamhlacht a innse ní b'fheárr ná rinneadh anns an
"Chrúbaigh" - "ag léimnigh 'sa chamus." Is beag sin de
na gcuid focal fóirstineach, acht sompla maith atá ann.
Chum siad fosta a gcuid filidheachta fá'n tsaoghal a bhí acú
féin agus ag na gcomharsain ann a dtimcheall, fá oidhche
gaoithe móire, fá éadáil ag teacht fá thír, fá churach ag
imtheacht le sruth, fá iascaire ag teacht ar maidín agus
gan leis acht an aon-bheathach. Achan chineal leis an
chineál eile, is maith agus is nuaidh iad nuair atá muid
leath-thuirseach de na filibh léigheanta. Tá siad mar
bhéarfadh duine a chúl le grianán luinnireach a mbéadh ór


L. 31


agus airgead agus clocha buadhacha agus criostal 'na
mbreacadh fríd le sgéimh agus le deallramh; agus rachadh
sé amach fa chlúid bheag fhiadhain, fhosgaidheach, os cionn
cladach fionnfhuar, an áit a gcómhnuidheann daoiní
croidheamhla nádúrtha, agus a bhfuil an saoghal mór comh
soiléir le feiceáil, beo beathaidheach, ag éalodh agus ag
áthrughadh, seal comh deileoir le "roiltheach gan snamh,"
agus seal "comh siamsach le searrach Féil Eoin."



(A CHRÍOCH.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services