Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fabhail-scéalta ó Aesop 2
Title
Fabhail-scéalta ó Aesop 2
Author(s)
Aesop,
Pen Name
Seán a' Chóta (Aistr.)
Translator
Ó Caomhánaigh, Seán
Composition Date
1925
Publisher
Alec Tom agus a chuid, Teóranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fabhail-Scéalta Ó AESOP
An Eilit Leath-shúlach. Do dheineadh Eilit a bhí ar leath-shúil inbhear in aice na mara, ionnas go mbeadh sí níos daingne in aghaidh ionnsaidhthe, agus bhíodh a leath-shúil ar thaobh na talmhan fé theacht lucht fiadhaig, agus a taobh caoch leis an bhfarraige, áit ná raibh aon eagla aice roimis. Ghaibh máirnéalaig an treó, agus nuair chonnacadar an eilit, chaitheadar í agus lámhachadar. Sa croitíbh deidheanacha dhi, do leig sí clí-osnadh, go ndubhairt, "nách mé an créatúir mío-ádhmharach! do bhíos ó bhaoghal ar thaobh na talmhan mar a raibh súil lé
hionnsaidhe agam, ach geibhim namhaid ón bhfarraige mar a raibh breis shúil lé cosaint agam." Is as an áird gur lugha súil againn leis a thagann ár ndiachair. An Leómhan, an t-Asal, agus an Sionnach ag Fiadhach. Chuaidh an Leómhan, an t-Asal agus an Sionnach 'n-a mbuidhin ag fiadhach lá. Do ghabh- adar eadáil mhór, agus nuair bhí an fiadhach i leathtaoibh do mhachtnuigheadar ar bhéile shubháil- ceach do bheith aca. D'iarr an Leómhan ar an Asal an tseilg do roinnt. Uime sin do dhein an t-Asal trí coda comhthroma den seilg, agus d'iarr ar a cháirdibh a rogha roinnt do bheith aca; ar sin do ling an Leómhan, agus buile mhór air, ar an Asal, agus strac as a chéile é. Annsan d'iarr sé ar an Sionnach roinnt do dhéanamh. Bhailig seisean in aon chnocán mór amháin a raibh ann, agus níor choimeád ach mír bheag, bhíognach do féin. "Á! a chara" ars an Leómhan, "cé mhúin duit roinnt chómh comhthrom san do dhéanamh?" "Níor theastuig aon cheacht eile uaim ach aoide an Asail," ars an Sionnach. Is feárr ciall cheannuig ó mhío-ádh ár gcómharsan ná ó ár mío-ádh féin.
Na Deilfeanna agus an Salán. Do thárla na Deilfeanna agus na Míolta Móra i gcogadh lé céile, agus faid bhí an cómhrac in aoirde láin, tháinig Salán eatartha agus thug iarracht ar iad do scaramhaint. Ach scread ceann des na Deilfeannaibh go ndubhairt, "A Chara, b'fheárr linn bás d'fhághail san gcómhrac, ná tusa do dhéanamh síothchána eadrainn." "Ní deaghaidh fear na teasardhan riamh as" — Seanfhocal. Na Machtírí agus na Caoire. Tráth n-aon do chuir na Machtírí toscaire chun na gCaorach, lé fonn síothchána do bheith eatartha feasda. "Cad fáth," ar siad, "go mbeimís ag síorchur an chómhraic mharbhtha so? Is iad na madraidhe malluighthe seo a chúis ar fad; bíd do shíor ag sceamhghal orainn agus dár ngríosadh. Cuiridh uaibh iad, agus feasda ní bheidh cosc ar shíorcharadas agus shíothcháin eadrainn." D'éist na caoire baotha, agus cuireadh chun siubhaill na madraidhe; agus an chuid chosanta b'fheárr aca bainte den dtréad ar an gcuma so, budh chreach shonaoideach dá namhaid fhealltamhail na caoire.
Na Taistealaidhthe agus an Beithir. Do bhí beirt charad ag taisteal an bhóthair, tráth, i bhfochair a chéile, agus bhuail beithir leó. Anáirde crann mór, árd le duine aca, agus uamhan a chroidhe air, gan aon smaoineamh aige ar a chómhthais- tealaidhe, agus chuaidh i bhfolach. Nuair chonnaic an fear eile ná raibh aon dul aige, 'n-a aonar, in aghaidh an bheithir, ní raibh faic ar a chumas ach é féin do raideadh ar an dtalamh agus a leigeant air a bheith marbh, mar bhí sé cloiste
aige ná bainfeadh beithir lé corp duine mhairbh. A's é 'n-a luighe mar seo, do tháinig an beithir agus chrom ar a shoc do chimilt de, agus do bheith ghá bholadhghal gen a chluais, a shróin agus a chroidhe, ach d'fhan an fear gan cor do chur as, agus gan a anál do tharang, agus óir gur saoileadh don mbeithir é do bheith marbh do bhailig sé leis. Nuair bhí an beithir as amharc go maith, tháinig fear an chrainn anuas, agus d'fhiafruig dá chómh- thaistealaidhe cad chogair an beithir 'n-a chluais, — "mar," ar seisean, "do thugas fé ndeara gur chuir sé a shoc in an-ghiorracht dod chluais." "Dar ndóigh," ars an fear eile, "níor bh'aon discréid mhór é; níor dhein sé ach do chur i bhfighis orm gan cómhluadar do dhéanamh leó-so a fhágas a gcáirde ar fóraoil nuair thagann cruadhtan ortha."
An Carrfiadh agus an Corr Daimh. Do cuireadh an oiread san eagla ar Charrfhiadh, a bhí ghá chluiche agus ghá sheilg chómh cruaidh, a's gur tiomáineadh ó n-a fhascain é, gur thug fé dhéin an chéad tighe fheirmeóra a chonnaic sé, agus chuaidh i bhfolach i gcorr daimh a ráinig ar oscailt. Agus é d'iarraidh é féin do cheilt san tuighe d'fhiafruig Damh de, "Cad is bun agat lé rith isteach i gcuan do mharbhtha, agus tu féin do chur ar iontaoibh gnáthóg daoine?" "Ná déin-se me do bhraith," ars an Carrfhiadh, "agus bead ar siubhall airís chómh luath agus gheóbhad an chéad chaoi." Tháinig an tráthnóna; thug an t-aodhaire biadh dá chuid eallaig, ach ní
fheacaidh sé faic. Do ghaibh feadhmannaig eile an fheirmeóra isteach agus amach. Ní raibh baoghal ar an gCarrfhiadh fós. Ar an mball tháinig an báille; thaidhbhsig gach aon nidh i gceart dó san leis. Tuigeadh don gCarrfiadh bheith slán ó bhaoghal, agus chrom ar a bhuidheachas do thabhairt don nDamhraidh mar gheall ar a bhféile. "Fan go fóil," arsa ceann aca, "go deimhin is áil linn do mhaith, ach tá duine eile fós, duine go bhfuil céad súil aige; dá mbuailfeadh sé an treó so is baoghal liom go mbeadh do bheatha i gconntabhairt go fóil." Faid agus bhí an Damh ag cainnt, tháinig an máighistir, tréis séire do, d'fhéachaint an raibh gach aon nidh i gceart i gcómhair na hoidhche, mar tuigeadh do lé deidheanaighe ná raibh deallramh chómh maith agus budh cheart ar a chuid eallaig. Chuaidh sé mar a raibh an raca: "Cad 'n-a thaobh a luighead san foráiste annso?" ar seisean. "Cad fáth ná fuil a thuilleadh tuighe ann?" Agus "Cá faid beithfí ag scuabadh na nead dubhán allaidh seo!" Ag infhiúchadh 's ag scrúdughadh thall sabhfus, agus san uile áit, do leag a shúil ar adharcaibh an Charrfhiaidh, a's iad ag nochtadh tríd an dtuighe, agus do ghlaoidh ar a lucht feadhma agus do ghabhadar an Carrfhiadh ar an láthair. Níl an tsúil mar shúil an mháighistir.
An Ghaoth agus an Ghrian. D'eirigh iomarbháidh tráth idir an nGaoith agus an nGréin, ceaca budh láidre den dís, agus d'aontuigheadar an cúrsa do shocrughadh ar an slighe seo, peaca chuirfeadh iachall ar thaistealaidhe a chlóca do bhaint de, gur b'é measfí budh chómhachtaighe. Thosnuig an Ghaoth, agus shéid go lánneartmhar, siolla chómh fuar, chómh fíochda lé spéirling Thráise; ach a dhéine shéid sí is dlúithe chas an taisteal- aidhe a chlóca 'n-a thímcheall, agus a fháiscighthe ghreamuig sé lé 'n-a lámhaibh é. Annsan
do spalp an ghrian: lé n-a gathaidhibh do spréidh sí an gal agus an fuacht; do bhraith an taistealaidhe an teódhacht chaoin, agus lé n-a taithneamh geal, glé do shuidh sé mar bhí an teas dá chor, agus raid a chlóca ar an dtalamh. Ar an gcuma so fógradh gur bh'í an Ghrian dob fheárr; agus riamh ó shoin dar lé cách gur feárr tafant ná fóirneart; agus gur túisce osclóchaidh croidhe duine bhoicht do ghealas shlighe chneasda, chaoin ná do bhagairt agus do chómhacht úghdaráis bloman- aig dá mhéid.
An t-Asal agus an Measán. Do bhí Asal agus Measán ann fadó, agus budh leis an máighistir gcéadna iad. San eachlann do ceangluightí an t-Asal, agus bhíodh a dhóthain mór arbhair agus féir tirim aige, agus bhí chómh maith as agus b'fhéidir le hAsal do bheith. Is ag súgradh 'sag damhas do féin do chaiteadh an Measán a chuid aimsire, as ag lútáil ar a mháighistir ar mhíle slighe greanmhar, ionnas gur deineadh leathchuma mór de, agus go leómhadh an máighistir do suidhe in a ucht féin. Go deimhin, dearbhtha do bhíodh a dhá dhóthain ag an Asal le déanamh; ag tarang adhmaid i rith an lae, agus ag déanamh uanaidheachta oibre muilinn ist oidhche. Dá mhéid a ghoill a aiste féin air, ghaibh sé tríd go croidhe an tsaoráid agus an tsocamhlacht a bhí ag an Measán; ar an adhbhar san gur tuigeadh do dá ndeineadh cion an Mhadra dá mháighistir, go n-eireóchadh leis mar an gcéadna, gur bhris a adhastar lá, agus do rith isteach 'on halla agus do chrom ar léasadh agus ar phramsáil ar chuma an-ait ar fad; annsan do ag scuabadh a earbaill, ag aithris ar shúgradh an Mhadra, do leag sé an bórd mar a raibh a mháighistir ag itheadh a phroinne, agus dhein dhá leath dhe, agus dhein blodhtaca
des na h-áraistíbh go léir; ná ní stadfadh sé gur léim i mullach a mháighistir, ghá ghliúmáil lé n-a chruidhtibh. Nuair chonnaic an lucht feadhma a máighistir i nguais, saoileadh dóibh gur mhithid teasardha do dhéanamh, agus ar a fhuascailt dóibh ó lútáil an Asail, do phleannacadar an t-Asal lé cuailidhibh, nár eirigh sé go deó airís; agus é san anáil dheireanaig do scread sé: "Cad fáth ná rabhas sásta lém ionad nádúrdha, agus gan iarracht do thabhairt, lé cleasaibh as cumaidhibh, aithris do dhéanamh ar rud ná raibh ann tréis an tsaoghail ach dailtín coileáin."
An Dall agus an Coileán. Budh ghnáth lé Dall a ínnsint cad é an saghas aon ainmhidhe do cuirtí 'n-a lámhaibh. Tugadh Coileán Machtíre chuige uair. Bhraith sé gach aon phioc de fé n-a mhéireannaibh, agus ar bheith in amhras do 'n-a thaobh, dubhairt, "Ní fheadar ceaca machtíre nó madra dob athair duit; ach so tá a fhios agam, ná cuirfinn aon iontaoibh asat ameasc tréad caorach." Teasbáintear an drochfhuadar go luath.
Na Crainn agus an Tuagh. Tháinig Coillteóir isteach 'on fhoraois ar lorg feaca dá thuaig ar na Crannaibh. Thaidhbhsig sé chómh séimh sin d'iarratas gur aontuig na hÁrdchrainn go léir, agus gur socruigheadh eatartha go soláthróchadh an fhuinnseóg neamhmhaiseamhail, neamhchúiseach an nidh a bhí ag tasdbháil. Ní túisce bhí an feac curtha i bhfearas ag an gCoillteóir, ná gur chrom ar ghearradh ar gach taobh de, agus gur leag na Crainn dob uaibhrighe san gCoill. Nuair chonnaic an Dair go raibh an scéal ródheidheanach aice, do chogair sí leis an gCéadras: "Do cailleadh an cúrsa ar fad tríd an gcéad ghéilleadh; dá mbeimís
gan ár gcómharsa úiríseal do reic, b'fhéidir go seasóchaimís féin ar feadh na n-aos fós." Nuair ghéilleann lucht ionmhais ceart na mbocht, scaraid lé húirlis in aghaidh a bpríbhléidí féin. An Bolg agus na Baill Bheatha. San tseanaimsir, nuair ná hoibrigheadh uile bhall beatha an duine chómh síothchánta lé chéile agus dheinid anois, agus go raibh toil agus slighe dá chuid féin ag gach ceann aca, budh ghnáth leis na Ballaibh locht d'fhághail ar an mBolg i dtaobh beatha chómh díomhaoin, socamhail do chaitheamh, faid bhíodar féin do shíor i bhfeidhil saothruighthe chun a chothuighthe, agus ag soláthar dá uireasbaidh agus dá aoibhneas; ar an adhbhar san do chuadar i gcóimhcheilg chun deireadh feasda do chur leis an lón. Ní bhéarfadh na Lámha biadh feasda chun an Bhéil, ná ní ghlacfadh an Béal leis, ní lugha ná chognóchadh na Fiacla é. Níor bhfada dhóibh ar an gcuma so d'iarraidh iachall do chur ar an mBolg géilleadh de bhárr gorta, gur thosnuigheadar go léir, ceann ar cheann theip agus dul chun deireadh, agus an Corp ar fad ar chnaoidhe. Annsan seadh cuireadh 'n-a luighe ar na Ballaibh beatha, dá aindeisighe agus neamháiseamhla thaidhbhsig an Bolg go raibh feidhm thábhachtach fé leith
aige; agus ná féadfaidís déanamh gan é, ní lugha ná fhéadfadh seisean déanamh gan iad san; agus dá mian leó cóiriughadh an chuirp do bheith ar aiste shláinteamhail, go gcaith- fidís oibriughadh lé chéile, gach ceann aca 'n-a cháilidheacht féin, dá leas choitcheann go léi. An Colúr agus an Príochán. Colúr a bhí ar coimeád i gcás do chrom ar gháirdeachas mór do bheith air mar gheall ar líon a mhuirir. "Staon, a chara chóir," ars an Príochán, "de bheith ag maoidheamh as an adhbhar san, mar breis gheárrcach breis dhaor chun do chráidhte." Is iad luacha na Saoirse mallachta na Daoirse.
An Girrfhiadh agus an Chú. Do mhúscail Cú Girrfhiadh as thor, agus dhein a thóraidheacht tamall maith, ach bhí an chuid dob fheárr ag an nGirrfhiadh de, agus thug na cosa leis. Ráinig Aodhaire gabhar an tslighe agus chrom ar cleithmhagadh fé'n gCoin, ghá rádh gur bh'é an Girrfhiadh an reathaidhe b'fhearr den dís. "Tá so de dhearmhad ort," ars an Chú, "nách ionann bheith ag rith ar son do phroinne agus ar son do bheatha." Earcail agus an Cairteóir. Ar bheith do Thuata ag tiomáint a chuin- girighe go neamhaireach trí sheachbhóthar lathaighe,
do cheangail na rothanna chómh doimhin sin san lathaig gur stad na capaill. Gan aon iarracht do dhéanamh é féin, do chrom an Tuata ar ghlaodhach ar Earcail teacht chun a chónganta 'n-a chruadhtan. Ach chuir Earcail in iúil air a ghuala féin do chur fén roth, ghá dheimhniughadh dho ná tagann cabhair ó neamh ar aon'ne ach ortha so a thugas iarracht ar chabhair do thabhairt ortha féin. Is fuar dúinn súil do bheith againn lé héisteacht ár n-athchuinghe, muna ndeinimíd dícheall chómh maith lé húrnaighe. An Moncaidhe agus an Camall. Ar chruinniughadh mór des na fiadhbheithi- dheachaibh d'eirigh an Moncaidhe amach chun rinnce. Do dhearscnuig sé go mór agus fuar adhmholadh a raibh láithreach. Mhúscail sin drochaigne an Chamaill. D'eirigh seisean amach agus chrom ar rinnce freisin; ach rinnce gan aon deallramh dob eadh é, agus dhein feile chaoch de féin, gur tháinig olc mór ar na Fiadhbheithidheachaibh chuige, gur sháidh- eadar chuige le bataidhibh, gur ruaigeadar as chródh an rinnce é. Ná sín do ghéag níos sia ná mar chlúdóchaidh do mhuilchirte í.
An Leómhan i nGrádh. Thárlaidh sa tseanaimsir gur thuit Leómhan i ngrádh le hinghin Coillteóra, agus go raibh sé de dhíthcéille air í do lorg i gcleamhnas ar a hathair. Ní rómhór thaithnig an tairsgint leis an gCoillteóir, agus do dhiúltuig do chómhgas chómh conntabharthach. Bhagair an Leómhan a mhíoghnaoi ríoghamhail ar an bhfear mbocht, agus, ó nár bh'fhéidir ainmhidhe cómh huathbhásach san d'éaradh, bheartuig an Coill- teóir ar an gcleas so: "Cuireann do thairsgin bhladardha aoibhneas mór orm; ach,
a chara chóir," ar seisean, "nách agat atá na fiacla móra, agus nách ort atá na hingne! Cá bhfuil an óigbhean ná beadh scannruighthe roim na hairm seo? Ní fuláir duit t'fhiacla do stathadh agus t'ingne do bhearradh sara mbír mar chéile oireamhnach dom inghin- se." Do ghéill an Leómhan lom, láithreach (mar cad ná deintear ar son grádha?) agus annsan thug cuaird ar an athair go nglacfadh leis mar chliamhain. Ach ní raibh aon eagla feasda ar an gCoillteóir roim an mbuailimsciath mín, dío-armtha, agus do ghreamuig cuaille teann agus ruaig an t-éilightheóir míchialldha ó n-a dhoras. An Buaiceas Feóirlinge. Do tháinig cothughadh agus táthaireacht ar Bhuaiceas de bhárr iomad smearaidh, agus mhaoidh, tráthnóna áirighthe, os chómhair cómh- luadair mhóir, gur ghile shoillsig sé ná an ghrian féin, an ghealach, ná na réilthíní go léir. Ar an uain sin tháinig séideán gaoithe agus do mhúch é. An té a las airís é, seadh adubhairt, "Soillsig, a chara buaicis, agus bí id thost; truagh ná tréan ní múchtar soillse na bhflaitheas."
Na Girrfhiadhtha agus na Loscáin. Tráth n-aon do bhí na Girrfhiadhtha curtha glan as a meabhair ag iomad namhad a bhí bailighthe 'n-a dtímcheall ar gach taobh, agus do rúnuigheadar go dobrónach iad féin d'aoideadh, uile go léir. Do ghreadadar leótha go dtí loch a bhí i bhfoigse dhóibh, ar inntin iad féin do bhádh mar chréatúirí mío- ádhmharacha. Ráinig ráth mhór Loscán 'n-a suidhe ar bhruach an locha, agus do scann- ruigheadar ar theacht na nGirrfhiadhtha, agus léimeadar go huamhanach, fotharagach isteach 'on uisce. "Ní hamhlaidh in ao'chor, a cháirde," arsa Girrfhiadh a bhí in úrthosach an scata, "níl ár ndáil chómh haindeis sin fós; mar féachaidh annso créatúirí is laige croidhe ná sinn féin." Ná glac furtacht, ach misneach, ó anacair chách, agus bí deimhnightheach; pé cruaidhchéim a bhíos ort, go bhfuil daoine ann ná malartófá do dhán leó.
An Carrfhiadh Breóidhte. Buaileadh breóidhte Carrfhiadh, agus luig fé ar ghlasrach shaidhbhir lanntáin in aice lé cliathán coille, ionnas go mbeadh fosaidheacht socair aige. Acht tháinig an oiread san feithidí ghá fhiosrughadh — mar budh dheaghchómharsa é — gur itheadar, greim ar ghreim, agus beagán ar bheagán, a raibh d'fhéar san áit. Acht cé gur théarnuig an fiadh ó n-a aicíd; do cheileabhair sé de dhruim easba féir, agus sa deireadh ar chailleamhaint a choda dho d'éag sé.
An Sionnach gan Earball. Do rugadh ar Shionnach in inneall, agus budh luthgháireach leis a earball do chur i gcumha a mhuiníl; acht ar ghabháil amach fén saoghal mór do, níor bhfada gur bhraith sé an aithis a bhéarfadh a cheal do, i slighe a's gur bhfeárr leis nách mór bás d'fhághail ná teacht gan an t-earball. Chuir sé roimis, ámhthach, drochchúrsa do leasughadh, agus chuir gairm- scoile ar na sionnachaibh eile go léir, agus chuir os a gcómhair gur cheart dóibh go léir sompla do ghabháil leis féin. "Níl aon tuairm agaibh do a fhusacht agus a chompór-
daighe a ghluaisim thart tímcheall; ní chreid- finn choidhche é mara mbeadh mé ghá thástáil, ach, dar fiadh, nuair léireófá dhuit féin é, aguisín gránda, neamháiseamhail, neamhghádh- tarach 'seadh an t-earball céadna so, gur b'é an t-iongadh go mbruicfeadh sinne, Sionnaig, chómh fada san leis. Cuirim os bhur gcómhair mar sin, a bhráithreacha fhiughan- tacha, go mbainfidh sibh sochar as an gciall cheannaig atá fachta agam-sa agus atá fonn orm do chur os bhur gcómhair, agus ón lá so amach go dteascfaidh na Sionnaig go léir a n-earbaill." Ar chlos so don sluagh Sionnach, d'eirigh ceann budh shine ná an chuid eile amach as a measc, agus dubhairt, "is móide mo thuairm, a chara, ná tabharfá do chómhairle dhúinn scaramhaint lé n-ár gcuid earball dá mbeadh aon dul agat ar t'ear- ball féin d'aiseag." An Bhainleómhan. Do dhein sé corraighe mór ameasc na bhFiadhbheithidheach, ceaca gur bhféidir leis maoidheamh as an ál budh mhó. Ar an adhbhar san thángadar go dtí'n mBainleómhan. "Cé mhéid coileán a bhíos agat ar gach breith?" d'fhiafruigheadar. "Ceann," ar sise, agus scaimh uirthe; "achis Leómhan an coileán san." Tagann cáilidheacht roim iomadamhlacht.
An Feirmeóir agus a Chlann Mhac. Ar bheith d'Fheirmeóir ar barrghal báis, agus fonn air slighe rathamhnais feirmeóir- eachta d'fhoillsiughadh dá chlainn mhac, do ghlaoidh chuige iad, agus dubhairt, "A chlann, táim ag tréigean na beatha so anois, agus a bhfuil agam lé fágaint agaibh gheóbhaidh sibh san bhfionbhúir é." Dar leis an gclainn mhac gur ag tagairt do chisde foluighthe éigin do bhí an t-athair, agus chómh luath agus bhí an seanfhear marbh, chuadar i bhfeidhil oibre lé n-a gcuid rann agus céachtaidhe agus an uile úirlis dob áiseamhail dhóibh, gur iompuigh- eadar an fonn síos suas airís agus airís eile. Go deimhin ní bhfuaireadar aon chisde; acht do neartuig agus d'fheabhasuig na fineamhain leis an gcriathrughadh acfuinneach so, gur thugadar toradh budh bhreághtha ná thugadar riamh roime sin, a's gur chúitig go sármhaith saothar na gcriadhairí óg so. Mar sin go fírinneach is cisde ann féin an saothar. An t-Iascaire agus an t-Éiscín. Tréis lae fada saothair ag iascach ní raibh ag iascaire ach éiscín bíognach. "Anacail me" ars an t-éiscín, "athchuinghim
ort; agus an toirt atá ionam sa is suarach an bhéile dhéanfad duit. Nílim tagtha im thaidhbhse iomláin fós; caith thar n-ais 'on abhainn me go fóil, agus annsan nuair bhead níos mó agus gur fiú mé d'itheadh, is féidir leat teacht annso agus breith orm airís." "Ní headh, ní headh," ars an fear, "táir agam anois, ach dá bhfaghthá thu féin thar n-ais san uisce, 'sé ceól a bheadh agat, 'beir orm, más féidir leat."" Is feárr éan san láimh ná dhá éan ar an gcraoibh.
An Caochán agus a Mháthair. Arsa Caochán óg lé n-a mháthair, "A mhathair, tá mo radharc agam," Mar sin chun é do thástáil, do chuir an Mháthair cnapán túise os a chómhair, agus d'fhiafruig de cad é. "Cloch" ars an ceann óg. "Ó, a leinbh!" ars an Mháthair, "ní hamháin ná fuil radharc agat ach ní fhéadfá boladh d'fhághail." Maoidh as mháchail, agus scéith ar mháchail eile. An tSeanbhean agus an Liagh. Seanbhean gur bhuail an daille í, do chuir fios ar liagh, agus gheall do os chómhair fínidhthe, dá n-aisirigheadh sé a radharc di, go dtabharfadh díolfiach taithneamhach do, ach mara leighisfeadh sé a radharc, agus go bhfanfadh a daille uirthe, ná faigheadh sé faic. Nuair bhí an margadh chríochnuighthe aca, do theangbháil an liagh ó am go ham lé súilibh na seanmhná, agus san am gcéadna, d'árduig leis a cuid earraidhe, smut ar smut. Sa deireadh chuaidh sé i bhfeidhil a ghnótha i ndáiriribh gur leighis sé an tSeanbhean, agus gur iarr an díolaidheacht achtuighthe. Ach ar fhághail a radhairc don
Seanmhnaoi ní fheacaidh sí pioc dá cuid earraidhe 'n-a tig. Ar an adhbhar san, tréis síoriarrtha a dhíolaidheachta don liagh, gan toradh, agus gur chuir sise dhi é lé leath- scéalaibh, cuir sé chun na dlighe í os cómhair breitheamhan. Ar ghlaodhach uirthe-se 'n-a cosaint féin, dubhairt sí, "an nidh a deir an fear so tá sé fíor go leór; gheallas díolfiach do dá n-aisirightí mo radharc dom, ach faic in ao' chor níor gheallas do dá bhfanadh mo cheasnaidhe orm. Anois mar sin deir seisean go bhfuilim leighiste, ach deirim-se a mhalairt sin ar fad; mar nuair tháinig mo ghalar orm ar dtúis, b'fhéidir liom an uile shaghas troscáin agus earraidhe d'fheicsint im thig; acht anois, nuair deir sé go bhfuil mo radharc aisirighthe aige dhom, ní féidir liom pioc díobh so ná súd d'fheicsint. An té imreas cleas ní fuláir do cnáid d'fhulang.
An tSeanbhean agus an Fíonchrúsca. Do chonnaic Seanbhean fíonchrúsca follamh caithte ar an dtalamh. Cé ná raibh srabh ann den bhfíon deaghbhlasta, go raibh sé lán de tráth, níl aon'ne ghaibheadh tharais ná go bhfaigheadh boladh cúmhra uaidh. Do chuir an tSeanbhean a srón go dlúth, lánmhiantach leis an gCrúsca, do bhí ag sughadh a bholadh chúmhra chúiche, agus scread, "a rud mhilis! nár bh'aoibhin an deoch a bhí ionat seal agus go bhfuil an dríodar chómh cúmhra so!"
An Machtíre agus an Chaora. Do bhain madra greim as Mhachtíre agus d'fhág go haindeis é, i slighe a's ná féadfadh sé corraighe. Do ghlaoidh sé ar chaora a bhí ag gabháil thar brághaid, agus d'athchuinig uirthe uisce do bhreith cuige as abhain in athchomaireacht. "Mar," ar seisean, "má thugann tusa uisce chugham, sroichfead feóil ar chuma éigin me féin." "Seadh," ars an chaora," níl aon amhras agam 'n-a thaobh san,
mar má thagaim-se cómhgarach go leór duit chun dighe do thabhairt duit, is geairrid an mhoill ort mionbhrughain do dhéanamh díom- sa." An t-Osclán Cipíní. Criadhaire, go raibh muirear an-bhruigh- eantach aige, agus gur dhíomhaoin do bheith d'iarraidh iad do cheannsughadh lé n-a bhriathar síothchána, tuigeadh do sa deireadh go mbfhéidir go bhféadfadh iad do bhuadhachtaint lé deaghshompla. Mar sin ghairm sé chuige a chlann mac agus d'iarr ortha osclán cipíní Do leagadh os a chómhair. Annsan ar bheith dóibh ceangailte aige i mbrosna, dubhairt sé leis na garsúnaibh a thógaint, duine ar dhuine, agus a bhriseadh. Thástáladar go léir, ach bhí fuar aca. Annsan do scaoil sé an brosna agus thug na cipíní dhóibh, ceann ar cheann, lé briseadh. San do dheineadar Go bog. Sé dubhairt an t-athair annsan. "Mar seo, a mhaca, faid agus fhanann sibh in aontadh, is comórtas do bhur namhaid sibh; ach easaontuighidh agus dealuighidh agus mill- fear sibh." Ní neart go haontadh.
An Bhaintreabhach agus an Chaora. Bhí Baintreabhach áirighthe ann a bhí i dtortaoibh lé haon Chaora amháin, agus d'fhonn agus olann na caorach so do chur chun na críche dob fheárr, do bhearraidh sí chómh lom san í gur ghearraidh sí a croicean chómh maith leis an olainn. Do scread an Chaora lé freangaidhibh tinnis ón ndéanamh gránda so — "Cad fáth go gcéasair me ar an gcuma so? Cad é an bhreis meádhach- tainte ar mo chuid olna mo chuid fola? Má theastuigheann mo chuid feóla uait, a Bhean Mhaith, cuir fios ar an mBrothaire, a chuirfidh as m' anró me gan moill; ach má sé mo lomra atá uait, cuir fios ar an mBeárrthóir, agus beárrfaidh seisean mo chuid olna gan mo chuid fola do tharang."
An Bhanaltra agus an Machtíre. Machtíre a ráinig ar thóir bidh, ghaibh sé tar dhoras mar a raibh leanbh ag lóg- óireacht agus a bhan- altra ag cáinseamh air. A's é 'n-a sheasamh ag éisteacht chuala sé ag an mbanaltra ghá rádh, "Anois bíodh deir- eadh léd chuid lógóir- eachta, nó caithfead amach go dtí'n Mach- tíre thu." Mar sin do mhachtnuig an Machtíre gur chomhall ar a briathar an tSean- bhean, agus d'fhan sé go ciúin, cúthail tímcheall an tighe lé hion-
chas go mbeadh séire iongtach aige. Ach leis an ndoirchiughadh agus lé dul don leanbh chun suaimhnis, chuala sé an bhanaltra, agus í ag tláithínteacht leis an leanbh, ghá rádh: "Sin é an múirnín dílis; má thag- ann an Machtíre gránda úd ag triall ar mo leanbh-sa marbhócham lé bata é, déanfam san." Go díombáidheach, cráidhte tuigeadh don Machtíre anois gur ró-mhithid do bheith ag gluaiseacht abhaile, agus chómh hocrach agus b'fhéidir lé Machtíre do bheith, dubhairt sé fé n-a fhiaclaibh, a's é ag bualadh an bhóthair: "Is de bhárr tur do thabhairt ar dhaoinibh a deir rud agus a mheádhas rud eile an méid seo." An Criadhaire agus an Corriasc. Do shocruig Criadhaire líon 'n-a ghort, lá, chun beirthe ar na Corraibh Glasa a thagadh ag itheadh a chuid arbhair nuadhchurtha. Ar dhul ar thuairisc an lín do, d'fhéachaint an méid Corr a bhí gabhtha, do fuairtheas Corriasc ar a líon. "Anacail me," ars an Corriasc, "agus leig liom. Corrglas ní headh me. Pioc ded chuid arbhair níor itheas. Corriasc bocht, neimhchionnta 'seadh me, mar is léir duit — an t-éan is cráibhthighe agus is umhalta ar éanaibh. Bheirim onóir agus cóngamh dom athair agus dom mháthair. Bheirim —"
Ach choisc an Criadhaire go hoban é, go ndubhairt "Is féidir do ghlór do bheith fíor, ní déarfainn ná go bhfuil, ach is eól dom go rugas ort 'n-a measc so eile a bhí ag milleadh mo bharraidhe, agus caithfir fulang i bhfochair na cuideachtan gur gabhadh thu." Is mó chruthuigheann drochchuideachta ná caoinghlórtha. An Moncaidhe agus an Deilf. Sean-nós dob eadh ag máirnéalachaibh measáin bheaga ó Oileán Mhálta, nó Mon- caidhthe, do bhreith leó chun caitheamh aimsire
do bhaint asta ar a n-iomramh; agus mar sin thárla uair gur thug fear Moncaidhe leis mar chuallaidhe ar bórd luinge. Agus iad amach ar an bhfarraige ó Shuinium, ceanntíre áitrighthe Aiticea, rugadh ar an luing i spéirling uathbhásaig, gur buaileadh a béal fúithe, agus gur teilgeadh a raibh ar bórd 'on uisce, agus b'éigean dóibh snámh chun talmhan chómh maith agus d'fhéadadar. Agus ar a measc do bhí an Moncaidhe. Chonnaic Deilf ag coimheascar é, agus, ó tuigead do gur bh'fhear a bhí ann, do chuaidh chun a chabhartha agus d'iomchair ar a dhruim é fé dhéin talmhan. Nuair thángadar ar chómhuisce lé Pioraes, cuan na hAithne, d'fhiafruig an Deilf den Moncaidhe, "an Aithneach thu?" "Seadh," ars an Moncaidhe, "go dearbhtha, agus de árdthreabhachasaibh na háite." "Mar sin, gan amhras, is eól duit Pioraes," ars an Deilf. "Ó, is eól," ars an Moncaidhe, a shaoil gur ainm cathraig céimeamhla éigin do luaidh an Deilf, "is duine dem dhlúth- cháirdibh é." Go feargach mar gheall ar fhealladh agus bhréig chómh mór san, do lach an Deilf go tóin puill, agus d'fhág an Moncaidhe éithig ar thrócaire na bóchna.
An Fear agus an Leómhan. Tráth n-aon thárla Fear agus Leómhan ag taisteal i bhfochair a chéile, agus fé dheireadh d'eirigh teas cainnte eatartha ceaca de'n dís budh chródha agus budh láidre. Agus an t-imreas ag dul i dteódhacht eatartha, thárla gur ghabhadar thar dealbh fir ag tachtadh Leómhain. "Féach annsan," ars an Fear; "cad eile deimhniughadh doisheunta bheadh uait ar ár mbárrchéim-ne ná san?" "Sin é," ars an Leómhan "do chóiriughadh-sa; bím'ís 'n-ár ndealbhthóiríbh mar sin, agus in aghaidh gach leómhain fé chois fir, beidh fiche fear fé lapa leómhain." Fíné suarach an duine 'n-a chúis féin. An Fear go Rug an Madra Air. Fear go rug Madra air, bhí ag imtheacht tímcheall ar lorg duine chneasóchadh é. Duine dár bhuail uime, dubhairt leis: "A dhuine chóir, más áil leat do chneasughadh, faigh blúire aráin agus túm i bhfuil na créachta é, agus tabhair don madra rug ort é." Do dein an fear a gháire, agus dubhairt: "Dá leanain do chómhairle níl madra sa chathair ná béarfadh orm." An té a fhógras go gceannóchaidh a namhada ní bheidh a n-easnamh choidhche air.
An Capall agus an Carrfhiadh. Do bhí faid agus leathad móinfhéir ag Capall chuige féin; ach ar theacht do Charrfhiadh agus díobháil do dhéanamh don bhféarach, d'iarr an Capall, lé fonn díoghaltais, ar fhear, an bhféadfadh sé cabhradh leis chun sásta do bhaint de'n gCarrfhiadh. "Féad- fad," ars an Fear, "acht amháin leig dom béalbhach do chur ionat, agus dul ar do dhruim, agus geóbhad na hairm." D'aontuig an Capall, agus dá réir sin chuaidh an Fear ar a mhuin; acht in ionad an Chapaill d'fhághail díoghaltais, is amhlaidh atá sé 'n-a dhaor ag an nduine riamh ó shoin. Is ró-cheannuighthe an díoghaltas a geibhtear ar luach na daoirse.
An Aithid agus an Líomhán. Bhuail Aithid isteach go ceárdchain gabhan agus chrom ar chuardach ruda éigin lé n-itheadh. Sa deireadh, ar bhfeicsint Líomháin di, chuaidh chuige agus thosnuig ar bheith ag breith lé n-a fiaclaibh air; ach ghoir an Líomhán uirthe leigeant do féin, go ndubh- airt: "Is deallramhtach gur beag a bhainfir díom-sa, gurb 'é mo ghnó bheith ag baint de chách." Iúipitear, Neiptiúin, Buinéid, agus Momus. Tráth n-aon (dréir scéil) chuaidh Iúipitear, Neiptiúin agus Buinéid i gcomórtas ceaca cheapfadh an rud dob iomláine. Cheap
Iúipitear Fear; cheap Lallas Teach; cheap Neiptiúin Tarbh; agus Momus — mar ní raibh sé um an dtaca so díbeartha as Olampus — toghadh eisean mar bhreitheamh lé haghaidh molta ceaca ceapadh budh mhó tréith. Thosnuig sé lé locht d'fhághail ar an dTarbh, toisc ná raibh a adharca fé bhun a shúl, ionnas go bhfeicfeadh nuair phleanncfadh sé leó. Annsan fuair sé locht ar an bhFear, toisc ná raibh fuinneóg 'n-a chlí go bhfeicfeadh cách smaointe agus motháltha uaigneacha a chroidhe. Agus ar deireadh thiar fuair locht ar an dTeach, toisc ná raibh rothanna fé chun a chur ar chumas a lucht áitrimh aistriughadh ó dhroch- chómharsanaibh. Ach dhíbir Iúipitear an meastóir amach as neamh, ghá rádh leis nár bhféidir choidhche lochtaire do shásamh, agus gur thráthamhail oibreacha chách do mheas nuair bheadh rud éigin fóghanta déanta aige féin. An Fháinleóg agus an Fiach Dubh. Chuaidh an fháinleóg agus an Fiach Dubh i gcomórtas ceaca budh bhreághtha éan. Do chríochnuig an Fiach Dubh a argóint, go ndubhairt: "T'áilne-se is don samhradh amháin é, ach fulaingeóchaidh m'áilne-se a liacht geimhreadh." Is feárr buancas ná teasbánadh.
An Madra agus a Mháighistir. Do bhí fear áirighthe ag gluaiseacht ar Aistear, agus, nuair chonnaic sé a Mhadra 'n-a sheasamh sa doras, do scread sé air, "Cad air go bhfuil do bhéal ar leathadh agat mar sin? Ullamhuig thu féin chun teacht in aonfheacht liomsa." Dubhairt an Madra, agus é ag crothadh a earbaill: "Táim-se ullamh, a Mháighistir, is ort-sa atá an tiargabháil do dhéanamh." An Madra Crosta Do bhí Madra ann chómh fiadhain, crosta san, gur bh'éigean dá mháighistir tromán trom do ceangal tímcheall a mhuiníl, chun é do chosc ar bheith ag ciapadh na gcómharsan. Do
ghaibh mórtas an Madra as a cómhartha, agus shiubhalluig an margadh, agus a thromán ghá chrothadh aige, chun caoraidheachta na ndaoine do tharang air. Ach chogair cara sleamhain, glic 'n-a chluais: "Dá luighead glóir a dheinir seadh is feárr; ní haon dualgas fiughantais do chómhartha dealuighthe, ach cómhartha aithise!". Is minic do dheineann daoine dearmhad in aitheantacht ar chlú, agus gur bhfeárr leó a gcomharthughadh i dtaobh a ndubháilcí nó a mbaois ná gan a gcómharthughadh in ao' chor. An Seanaire agus an Fhuiseóg. Do bhí Seanaire ag cur gaistí ar choimín, nuair fhiafruig Fuiseóg, a chonnaic ag obair ó achar é, de cad bhí ar siubhall aige. "Táim ag cur coilín ar bun," ar seisean, "agus ag leagadh buinn mo chéadchathrach." Ar sin, chuaidh an Fear i leathtaoibh agus chuir é féin i bhfolach. Toisc gur chreid an Fhuiseóg a bhriathar, níor bh'fhada gur léim sí anuas, agus ar shlogadh an bhoighte dhi do greamuigh- eadh í san tsúil ruibe; ar an uain gcéadna tháinig an Seanaire lom díreach uirthe, agus
dhein bráighe dhi. "Is deas an buachaill tusa!" ars an Fhuiseóg; "má siad so na coilíní atá agat ghá chur ar bun, ní mór na himirceóirí gheóbhair." Na Taistealaidhthe agus an Crann Plána. Taistealaidhthe go raibh grian an mheádhon- lae ag cur ortha, lá beirbhthe samhraidh, d'imtigheadar fé dhéin Crainn Plána a chonnacadar, agus shíneadar iad féin ar an dtalamh fé n-a scáth, agus leigeadar a scíth. Ag féachaint anáirde dhóibh ar an gcrann, agus iad 'n-a luighe ar an gcuma so, dubhradar lé chéile: "Nách neamhthairbheach an crann don nduine an Plána lom so!" Acht d'fhreagair an Crann Plána iad, — "A rudaidhe neamhbhuidheacha! ar an uain go bhfuiltí ag baint aoibhnis maitheasa asam, táthaoi dom cháineadh nách fiú faic me." Ní táire míobhuidheachas ná a dhaille.
An t-Aodhaire agus an Tarbh ar Iarraidh. Aodhaire, go raibh Tarbh ar iarraidh uaidh, d'imthig ghá chuar- dach tríd an bhforaois. Óir nár b'féidir leis a fhághail, chrom ar
mhóidiughadh do Bhaindéithibh uile na foraoise a's an tsléibhe, do Mhearcaraidhe as do Phan, go ndéanfadh uan do thoirbheirt dóibh, dá noch- tófaidhe an bitheamhnach do. Ar an uain sin téidheann ar dhruim árd talmhan, agus cidheann Leómhan 'n-a sheasamh os chionn ablaig a Thairbh áluinn. Móidigheann an fear bocht an Tarbh maidir leis an uan, ach go n-éalóchadh féin gathaidhe an bhitheamhnaig. Dá mbronntí ár n-athchuinghthe míbhreithe orainn i gcómhnaidhe, nách mór a millfí ar a n-iarratas féin. An Mhíoltóg agus an Tarbh. Míoltóg a bhí ag dórdán tímcheall cinn Tairbh, do luig fúithe sa deireadh ar adhairc leis, agus d'iarr a leithscéal ar an dTarbh i dtaobh é do bhuaidhreamh: "ach," ar sise, "má dheineann mo thruime aon chiotaighe dhuit, athchuinghim thu, abair é, agus baileóchad liom gan moill." "Ó," ars an Tarbh, "ná bodhar do cheann leis sin, mar is ionann dom-sa tu fhanacht nó imtheacht agus chun na fírinne d'ínnsint, ní raibh a fhios agam go rabhais ann in ao'chor." Luighead na hÍnntine breis na Mórchúise.
Na Géanna agus na Glaschorra Do bhí ádhbhar Géann agus ádhbhar Glaschorr ag itheadh i bhfochair a chéile san ngort gcéadna. Lá n-aon tháinig sealgairí ortha go hoban. Toisc na Glaschorra bheith éadtromchorpach, léimeadar ar an nóimint agus d'éaluigh- eadar; acht na Géanna, trom, aindeis lé cothuighteacht, rugadh ortha go léir. Lé linn buaidhrimh ameasc daoine is iad is lugha ceangal is mó dul as.
Iúipitear agus an Bheach. Sa tseanaimsir, nuair bhí an saoghal óg, do bhí Beach ann go raibh fóghmhar fóghanta déanta aice, agus a cuid criathar curtha i stór aice, agus d'eiteal anáirde ar neamh chun iodhbartha meala do dhéanamh mar thoir- bheirt. Do bhí an oiread san áthais ar Iúipitear leis an ndualgas, gur gheall sé dhi go mbronnfadh uirthe cibé nidh a iarrfadh sí air. Ar an adhbhar san d'athchuinig sí é, ghá rádh: "A Ióib ghlórmhair, cruthuightheóir a's uachtarán ormsa, Beach bhocht, bronn ar t'fheadhmannach cealg, ionnas nuair thiocfaidh aon'ne i ngiorracht dom chruiceóig chun mo chuid meala do ghoid, go marbhóchad ar an láthair é." Trí ghrádh don nduine do bhí fearg ar Iúipitear mar gheall ar a hathchuinge agus d'fhreagair mar seo í: "Ní bhfaighir do ghuidhe sa tslighe is áil leat, ach an cealg a lorgair beidh agat; ach nuair thagann aon'ne chun do chuid meala d'fhuadach agus go n-ionnsaidhir é, ní do san is tubaisteach an ghoin ach duit-se, mar imtheóchaidh do bheatha léd chealg." An té a ghuidheas díobháil dá chómharsain, iarrann mallacht air féin.
An Mhaighdean Tuatha agus Callán Bainne. Do bhí Maighdean Tuatha ag siubhal roimpe, agus callán Bainne ar a ceann aice, nuair tháinig an tsruth machtnaimh seo chúiche, "An t-airgead go ndíolfad an bainne seo air, cuirfidh ar mo chumas dom mo chuid ubh do mhéadughadh go trí chéad. Tabharfaidh na huibhe, agus lamháilt d'uibhibh glogair, agus dóibh seo a loitfeadh tréadáin, dhá chéad goileith sicín. Beidh na sicíní oireamhnach lé tabhairt ar an margadh díreach tímcheall na
huaire go mbíonn éanlaithe daor i gcómh- naidhe; ionnas, ar theacht don nuadhbhliain ná teipfidh orm airgead mo dhóthain do bheith agam chun gúna nuadh do cheannach. Uaithne — fan go machtnóchad — tagann san dom shnódh, agus uaithne bheidh agam. San gculaidh seo raighead ar an aonach, mar a mbeidh na buachaillí óga go léir dom iarraidh bheith mar pháirtidhe aca; acht ní bhead — diúltóchad do gach aon'ne aca, agus lé maig táire iompóchad uatha." Do chuir an teadh so fíoraoibhneas uirthe, agus ní fhéadfadh sí foidneamh do dhéanamh gan an crothadh do bhaint as a ceann do leanamhaint a smaoinimh; nuair — anuas leis an gcallán bainne! agus mhúch a sonas iomháighneach ar an dtoirt.
Mearcaraidhe agus an Coillteóir. Do bhí Coillteóir ag leagadh crainn ar bhruach abhan, agus lé cinneamhaint do shleamh- nuig a thuagh 'on uisce uaidh, agus chuaidh ar tóin puill. Ar bheith fé bhuaidhreamh mhór do dá chionn san, do shuidh fé lé ciumhais an tsrotha, agus do chaoin a chailleamhaint go géar. Budh lé Mearcaraidhe an abha agus ghlac truagh don bhFear é, agus láithrig os a chómhair ar an dtoirt; agus ar chlos cúis a bhróin do uaidh, do lach go tóin na habhan, agus ar thabhairt tuagha órdha aníos, d'fhiafruig de'n gCoillteóir ma b'í sin a thuagh. Ar a shéanadh don bhfear, gur bh'í do lach Mearcaraidhe an dara feacht, agus thug aníos tuagh airgid. Airís do shéan an fear gur bh'í a chuid í. Mar sin ar lachadh an tríomhadh feacht do, sholáthruig sé an tuagh cheannain chéadna a chaill an fear. "Sin í mo thuagh-so!" ars an Coillteóir, áthas air gur aiseagadh a thuagh dho; agus bhí Mear- caraidhe chómh sásta san lé fírinne agus macántacht an fhir, gur bhronn sé ar an láthair sin an dá cheann eile air. Téidheann an fear chun a chuallaidhthe annsan, agus ar thabhairt cúntais dóibh ar cad do thárla do, chinn duine aca ar thásdáil an mbeadh a chómhmhaith d'ádh air féin. Mar
sin téidheann fé dhéin na háite céadna, mar bheadh ar thoisc adhmaid do ghearradh, agus do scaoil uaidh a thuagh d'aon ghnó 'on abhain, agus annsan do shuidh ar bhruach na habhan, agus dhein taidhbhseamh mór guil. Láithrig Mearcaraidhe mar dhein roime sin, agus ar chlos ón bhfear gur de dheascaibh cailleamhna a thuagha dob eadh a dheóra, do lach sé uair eile 'on tsruth; agus ar bhreith tuagha órdha aníos do, d'fhiafruig de'n bhfear má b'í an tuagh a chaill sé í. "Sí go deimhin," ars an fear go fonnmhar; agus bhí sé ar tí greama do bhreith uirthe, nuair staon Mearcaraidhe é, agus ní hamháin gur dhiúl- tuig í do thabhairt do, ach chun a smachtuighthe, mar gheall ar a mhíonáire agus a chuid éithig, ní aisreóchadh a thuagh féin do airís. Macántacht an tslighe is fearr.
An Cat agus na Luchaidh. Cat, go raibh fainne tagtha air lé seanaois, agus ná raibh ann feasda Luchaidh do thóraidh- eacht mar budh ghnáth leis, mhachtnuig sé connus b'fhéidir iad do mhealladh i ngiorracht roch- taine a lapa. Taidhbhsigheadh do go gcuirfeadh é féin i riocht mála, nó cait mhairbh, ar a luighead, ach go háirighthe, agus do chroch é féin ar a chosaibh deireadh lé taca, lé hionchas ná beadh aon eagla feasda ar na Luchaidh
teacht i ngiorracht do. Seanluch, go raibh gliocas a dóthain innte fanacht i bhfad amach uaidh, chogair i gcluais carad di, "Is iomdha san mála do chonnac lém linn, ach riamh ní fheaca mála go raibh ceann cait air." "Fan ar crochadh annsan, a Fhir mhaith," ars an ceann eile, "ach ní chuirfinn-se me féin ar t'iontaoibh dá mbeitheá lán de thuighe." Ní lé cáith beirtear ar sheanéanaibh. An Giolla Gabhar sa Chuid Gabhar. Lá spéirlinge dob eadh é, agus an sneachtadh ag tuiteam go tiugh, gur thiomáin Giolla gabhar a chuid Gabhar, agus iad go léir geal leis an sneachtadh, isteach in uaimh fásaighe 'on bhfoithin. Annsan fuair sé go raibh tréad mór gabhar fiadhain, níos líon- mhaire agus níos mó ná a chuid féin, i seilbh na háite cheana. Mar sin, ag machtnamh do iad go léir do ghnóthughadh, d'fhág sé a chuid féin ar a mbuille, agus chaith sé na beanngáin a bhí tugtha leis aige i gcómhair a choda féin chun na ngabhar fiadhain lé n-a mbroscadh. Ach nuair ghlan an aimsir, fuair sé go raibh a chuid féin fachta bás leis an ocras, feadh go raibh na gabhair fhiadhaine bailighthe leó chun na gcnoc a's na gcoillte. Mar sin d'fhill an Giolla gabhar 'n-a bhall mhagaidh ameasc
a chómharsan, ar theipeadh dho na gabhair fhiadhaine do ghnóthughadh, agus ar chailleamhaint a choda féin. Iad so a thugas faillighe 'n-a seancháirdibh arson nuadhcháirde, geibhid cion a ndearmaid má chaillid idir shean agus nuadh iad. Na Mairt agus na Brothairí. Tráth n-aon do chinn na Mairt ar dheireadh do chur leis na Brothairíbh, go raibh a n-ealadha ar fad, mar dubhradar, ceaptha chun a millte féin. Ar an adhbhar san bhailigheadar i gceann a chéile, agus chuireadar faobhar ar a n-adharcaibh i gcómhair an choimheascair, agus
labhair Damh an-aosta, go raibh a shaoghal caithte fé'n gcéachta aige, leó mar seo:- "Bíodh bhúr n-aire, a cháirde, cad dhéanfaidh sibh. Ach go háirighthe, marbhuigheann na fir seo sinn lé galántacht as eólas, ach má thuitimíd lé baillséaraibh in ionad brothairí fulaingeócham bás fé dhó; mar bídh lán- deimhnightheach de, ní bheidh easbaidh feóla ar dhaoinibh, fiú amháin agus iad do bheith gan brothairí." Is feárr fulang leis an olc atá, ná dul i dtreis na n-olc nách eól dúinn. Pósadh na Gréine. Tráth n-aon, agus samhradh an-the ann, do bhí ráfla coitcheann ar siubhal go raibh an Ghrian ar tí pósta. Chuir a mhachtnamh áthas ar éan a's ar ainmhidhe; agus seachas aon dream eile, do bhí fonn ar na Loscánaibh lá saoire maith do bheith aca. Ach chuir sean Bhuaf cosc ar a lúthgháireacht, go ndubhairt gur mhóide d'ócáid bróin ná áthais í. "Mar," ar seisean, "má dheineann an Ghrian aiste féin na corraidhthe do thiormughadh ionnas gur deacair dúinn é d'fhulang, cad thárlóchaidh dúinn dá mbeadh leathdosaon éigin Grian beag in aonfheacht léithe aice?"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services