Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fabhail-scéalta ó Aesop 2

Title
Fabhail-scéalta ó Aesop 2
Author(s)
Aesop,
Pen Name
Seán a' Chóta (Aistr.)
Translator
Ó Caomhánaigh, Seán
Composition Date
1925
Publisher
Alec Tom agus a chuid, Teóranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fabhail-Scéalta
Ó AESOP


L. 5


An Eilit Leath-shúlach.



Do dheineadh Eilit a bhí ar leath-shúil
inbhear in aice na mara, ionnas go mbeadh
sí níos daingne in aghaidh ionnsaidhthe, agus
bhíodh a leath-shúil ar thaobh na talmhan fé theacht
lucht fiadhaig, agus a taobh caoch leis an
bhfarraige, áit ná raibh aon eagla aice
roimis. Ghaibh máirnéalaig an treó, agus
nuair chonnacadar an eilit, chaitheadar í agus
lámhachadar. Sa croitíbh deidheanacha dhi, do
leig sí clí-osnadh, go ndubhairt, "nách mé an
créatúir mío-ádhmharach! do bhíos ó bhaoghal
ar thaobh na talmhan mar a raibh súil lé


L. 6


hionnsaidhe agam, ach geibhim namhaid ón
bhfarraige mar a raibh breis shúil lé cosaint
agam."



Is as an áird gur lugha súil againn leis
a thagann ár ndiachair.



An Leómhan, an t-Asal, agus an
Sionnach ag Fiadhach.



Chuaidh an Leómhan, an t-Asal agus an
Sionnach 'n-a mbuidhin ag fiadhach lá. Do ghabh-
adar eadáil mhór, agus nuair bhí an fiadhach i
leathtaoibh do mhachtnuigheadar ar bhéile shubháil-
ceach do bheith aca. D'iarr an Leómhan ar an
Asal an tseilg do roinnt. Uime sin do dhein an
t-Asal trí coda comhthroma den seilg, agus
d'iarr ar a cháirdibh a rogha roinnt do bheith
aca; ar sin do ling an Leómhan, agus buile
mhór air, ar an Asal, agus strac as a chéile
é. Annsan d'iarr sé ar an Sionnach roinnt
do dhéanamh. Bhailig seisean in aon chnocán
mór amháin a raibh ann, agus níor choimeád
ach mír bheag, bhíognach do féin. "Á! a
chara" ars an Leómhan, "cé mhúin duit
roinnt chómh comhthrom san do dhéanamh?"



"Níor theastuig aon cheacht eile uaim ach
aoide an Asail," ars an Sionnach.



Is feárr ciall cheannuig ó mhío-ádh ár
gcómharsan ná ó ár mío-ádh féin.


L. 7


Na Deilfeanna agus an Salán.



Do thárla na Deilfeanna agus na Míolta
Móra i gcogadh lé céile, agus faid bhí an
cómhrac in aoirde láin, tháinig Salán eatartha
agus thug iarracht ar iad do scaramhaint. Ach
scread ceann des na Deilfeannaibh go
ndubhairt, "A Chara, b'fheárr linn bás
d'fhághail san gcómhrac, ná tusa do dhéanamh
síothchána eadrainn."



"Ní deaghaidh fear na teasardhan riamh
as" — Seanfhocal.



Na Machtírí agus na Caoire.



Tráth n-aon do chuir na Machtírí toscaire
chun na gCaorach, lé fonn síothchána do bheith
eatartha feasda. "Cad fáth," ar siad, "go
mbeimís ag síorchur an chómhraic mharbhtha
so? Is iad na madraidhe malluighthe seo a
chúis ar fad; bíd do shíor ag sceamhghal
orainn agus dár ngríosadh. Cuiridh uaibh
iad, agus feasda ní bheidh cosc ar
shíorcharadas agus shíothcháin eadrainn."



D'éist na caoire baotha, agus cuireadh chun
siubhaill na madraidhe; agus an chuid
chosanta b'fheárr aca bainte den dtréad ar
an gcuma so, budh chreach shonaoideach dá
namhaid fhealltamhail na caoire.


L. 8


Na Taistealaidhthe
agus
an Beithir.



Do bhí beirt charad ag
taisteal an bhóthair, tráth, i
bhfochair a chéile, agus bhuail
beithir leó. Anáirde crann
mór, árd le duine aca, agus
uamhan a chroidhe air, gan aon
smaoineamh aige ar a chómhthais-
tealaidhe, agus chuaidh i bhfolach.
Nuair chonnaic an fear eile ná
raibh aon dul aige, 'n-a aonar, in aghaidh
an bheithir, ní raibh faic ar a chumas ach
é féin do raideadh ar an dtalamh agus a
leigeant air a bheith marbh, mar bhí sé cloiste


L. 9


aige ná bainfeadh beithir lé corp duine
mhairbh. A's é 'n-a luighe mar seo, do tháinig
an beithir agus chrom ar a shoc do chimilt
de, agus do bheith ghá bholadhghal gen a chluais,
a shróin agus a chroidhe, ach d'fhan an fear
gan cor do chur as, agus gan a anál do
tharang, agus óir gur saoileadh don mbeithir
é do bheith marbh do bhailig sé leis. Nuair
bhí an beithir as amharc go maith, tháinig fear
an chrainn anuas, agus d'fhiafruig dá chómh-
thaistealaidhe cad chogair an beithir 'n-a
chluais, — "mar," ar seisean, "do thugas fé
ndeara gur chuir sé a shoc in an-ghiorracht dod
chluais." "Dar ndóigh," ars an fear eile,
"níor bh'aon discréid mhór é; níor dhein sé
ach do chur i bhfighis orm gan cómhluadar do
dhéanamh leó-so a fhágas a gcáirde ar fóraoil
nuair thagann cruadhtan ortha."


L. 10


An Carrfiadh agus an Corr Daimh.



Do cuireadh an oiread san eagla ar
Charrfhiadh, a bhí ghá chluiche agus ghá sheilg chómh
cruaidh, a's gur tiomáineadh ó n-a fhascain
é, gur thug fé dhéin an chéad tighe fheirmeóra
a chonnaic sé, agus chuaidh i bhfolach i gcorr
daimh a ráinig ar oscailt. Agus é d'iarraidh
é féin do cheilt san tuighe d'fhiafruig Damh
de, "Cad is bun agat lé rith isteach i gcuan
do mharbhtha, agus tu féin do chur ar iontaoibh
gnáthóg daoine?" "Ná déin-se me do
bhraith," ars an Carrfhiadh, "agus bead ar
siubhall airís chómh luath agus gheóbhad an chéad
chaoi." Tháinig an tráthnóna; thug an
t-aodhaire biadh dá chuid eallaig, ach ní


L. 11


fheacaidh sé faic. Do ghaibh feadhmannaig
eile an fheirmeóra isteach agus amach. Ní
raibh baoghal ar an gCarrfhiadh fós. Ar an
mball tháinig an báille; thaidhbhsig gach aon
nidh i gceart dó san leis. Tuigeadh don
gCarrfiadh bheith slán ó bhaoghal, agus chrom
ar a bhuidheachas do thabhairt don nDamhraidh
mar gheall ar a bhféile. "Fan go fóil,"
arsa ceann aca, "go deimhin is áil linn do
mhaith, ach tá duine eile fós, duine go bhfuil
céad súil aige; dá mbuailfeadh sé an treó
so is baoghal liom go mbeadh do bheatha i
gconntabhairt go fóil." Faid agus bhí an
Damh ag cainnt, tháinig an máighistir, tréis
séire do, d'fhéachaint an raibh gach aon nidh i
gceart i gcómhair na hoidhche, mar tuigeadh
do lé deidheanaighe ná raibh deallramh chómh
maith agus budh cheart ar a chuid eallaig.
Chuaidh sé mar a raibh an raca: "Cad 'n-a
thaobh a luighead san foráiste annso?" ar
seisean. "Cad fáth ná fuil a thuilleadh
tuighe ann?" Agus "Cá faid beithfí ag
scuabadh na nead dubhán allaidh seo!" Ag
infhiúchadh 's ag scrúdughadh thall sabhfus, agus
san uile áit, do leag a shúil ar adharcaibh an
Charrfhiaidh, a's iad ag nochtadh tríd an
dtuighe, agus do ghlaoidh ar a lucht feadhma
agus do ghabhadar an Carrfhiadh ar an láthair.



Níl an tsúil mar shúil an mháighistir.


L. 12


An Ghaoth agus an Ghrian.



D'eirigh iomarbháidh tráth idir an nGaoith
agus an nGréin, ceaca budh láidre den dís,
agus d'aontuigheadar an cúrsa do shocrughadh
ar an slighe seo, peaca chuirfeadh iachall ar
thaistealaidhe a chlóca do bhaint de, gur b'é
measfí budh chómhachtaighe. Thosnuig an
Ghaoth, agus shéid go lánneartmhar, siolla
chómh fuar, chómh fíochda lé spéirling Thráise;
ach a dhéine shéid sí is dlúithe chas an taisteal-
aidhe a chlóca 'n-a thímcheall, agus a fháiscighthe
ghreamuig sé lé 'n-a lámhaibh é. Annsan


L. 13


do spalp an ghrian: lé n-a gathaidhibh do
spréidh sí an gal agus an fuacht; do bhraith
an taistealaidhe an teódhacht chaoin, agus lé
n-a taithneamh geal, glé do shuidh sé mar bhí
an teas dá chor, agus raid a chlóca ar an
dtalamh.



Ar an gcuma so fógradh gur bh'í an
Ghrian dob fheárr; agus riamh ó shoin dar
lé cách gur feárr tafant ná fóirneart;
agus gur túisce osclóchaidh croidhe duine
bhoicht do ghealas shlighe chneasda, chaoin ná do
bhagairt agus do chómhacht úghdaráis bloman-
aig dá mhéid.


L. 14


An t-Asal agus an Measán.



Do bhí Asal agus Measán ann fadó, agus
budh leis an máighistir gcéadna iad. San
eachlann do ceangluightí an t-Asal, agus
bhíodh a dhóthain mór arbhair agus féir tirim
aige, agus bhí chómh maith as agus b'fhéidir
le hAsal do bheith. Is ag súgradh 'sag
damhas do féin do chaiteadh an Measán a
chuid aimsire, as ag lútáil ar a mháighistir
ar mhíle slighe greanmhar, ionnas gur deineadh
leathchuma mór de, agus go leómhadh an
máighistir do suidhe in a ucht féin. Go
deimhin, dearbhtha do bhíodh a dhá dhóthain ag
an Asal le déanamh; ag tarang adhmaid i
rith an lae, agus ag déanamh uanaidheachta
oibre muilinn ist oidhche. Dá mhéid a ghoill
a aiste féin air, ghaibh sé tríd go croidhe an
tsaoráid agus an tsocamhlacht a bhí ag an
Measán; ar an adhbhar san gur tuigeadh do
dá ndeineadh cion an Mhadra dá mháighistir,
go n-eireóchadh leis mar an gcéadna, gur
bhris a adhastar lá, agus do rith isteach 'on
halla agus do chrom ar léasadh agus ar
phramsáil ar chuma an-ait ar fad; annsan
do ag scuabadh a earbaill, ag aithris ar
shúgradh an Mhadra, do leag sé an bórd
mar a raibh a mháighistir ag itheadh a phroinne,
agus dhein dhá leath dhe, agus dhein blodhtaca


L. 15


des na h-áraistíbh go léir; ná ní stadfadh
sé gur léim i mullach a mháighistir, ghá
ghliúmáil lé n-a chruidhtibh. Nuair chonnaic
an lucht feadhma a máighistir i nguais,
saoileadh dóibh gur mhithid teasardha do
dhéanamh, agus ar a fhuascailt dóibh ó lútáil
an Asail, do phleannacadar an t-Asal lé
cuailidhibh, nár eirigh sé go deó airís; agus
é san anáil dheireanaig do scread sé: "Cad
fáth ná rabhas sásta lém ionad nádúrdha,
agus gan iarracht do thabhairt, lé cleasaibh as
cumaidhibh, aithris do dhéanamh ar rud ná raibh
ann tréis an tsaoghail ach dailtín coileáin."


L. 16


An Dall agus an Coileán.



Budh ghnáth lé Dall a ínnsint cad é an
saghas aon ainmhidhe do cuirtí 'n-a lámhaibh.
Tugadh Coileán Machtíre chuige uair. Bhraith
sé gach aon phioc de fé n-a mhéireannaibh,
agus ar bheith in amhras do 'n-a thaobh, dubhairt,
"Ní fheadar ceaca machtíre nó madra dob
athair duit; ach so tá a fhios agam, ná
cuirfinn aon iontaoibh asat ameasc tréad
caorach."



Teasbáintear an drochfhuadar go luath.


L. 17


Na Crainn agus an Tuagh.



Tháinig Coillteóir isteach 'on fhoraois ar
lorg feaca dá thuaig ar na Crannaibh.
Thaidhbhsig sé chómh séimh sin d'iarratas gur
aontuig na hÁrdchrainn go léir, agus gur
socruigheadh eatartha go soláthróchadh an
fhuinnseóg neamhmhaiseamhail, neamhchúiseach an
nidh a bhí ag tasdbháil. Ní túisce bhí an
feac curtha i bhfearas ag an gCoillteóir, ná
gur chrom ar ghearradh ar gach taobh de, agus
gur leag na Crainn dob uaibhrighe san
gCoill. Nuair chonnaic an Dair go raibh
an scéal ródheidheanach aice, do chogair sí
leis an gCéadras: "Do cailleadh an cúrsa
ar fad tríd an gcéad ghéilleadh; dá mbeimís


L. 18


gan ár gcómharsa úiríseal do reic, b'fhéidir
go seasóchaimís féin ar feadh na n-aos fós."



Nuair ghéilleann lucht ionmhais ceart na
mbocht, scaraid lé húirlis in aghaidh a
bpríbhléidí féin.



An Bolg agus na Baill Bheatha.



San tseanaimsir, nuair ná hoibrigheadh
uile bhall beatha an duine chómh síothchánta lé
chéile agus dheinid anois, agus go raibh toil
agus slighe dá chuid féin ag gach ceann aca,
budh ghnáth leis na Ballaibh locht d'fhághail ar
an mBolg i dtaobh beatha chómh díomhaoin,
socamhail do chaitheamh, faid bhíodar féin do
shíor i bhfeidhil saothruighthe chun a chothuighthe,
agus ag soláthar dá uireasbaidh agus dá
aoibhneas; ar an adhbhar san do chuadar i
gcóimhcheilg chun deireadh feasda do chur leis
an lón. Ní bhéarfadh na Lámha biadh feasda
chun an Bhéil, ná ní ghlacfadh an Béal leis,
ní lugha ná chognóchadh na Fiacla é. Níor
bhfada dhóibh ar an gcuma so d'iarraidh
iachall do chur ar an mBolg géilleadh de
bhárr gorta, gur thosnuigheadar go léir,
ceann ar cheann theip agus dul chun deireadh,
agus an Corp ar fad ar chnaoidhe. Annsan
seadh cuireadh 'n-a luighe ar na Ballaibh beatha,
dá aindeisighe agus neamháiseamhla thaidhbhsig
an Bolg go raibh feidhm thábhachtach fé leith


L. 19


aige; agus ná féadfaidís déanamh gan é,
ní lugha ná fhéadfadh seisean déanamh gan
iad san; agus dá mian leó cóiriughadh an
chuirp do bheith ar aiste shláinteamhail, go gcaith-
fidís oibriughadh lé chéile, gach ceann aca 'n-a
cháilidheacht féin, dá leas choitcheann go léi.



An Colúr agus an Príochán.



Colúr a bhí ar coimeád i gcás do chrom
ar gháirdeachas mór do bheith air mar gheall
ar líon a mhuirir. "Staon, a chara chóir,"
ars an Príochán, "de bheith ag maoidheamh as
an adhbhar san, mar breis gheárrcach breis
dhaor chun do chráidhte."



Is iad luacha na Saoirse mallachta na
Daoirse.


L. 20


An Girrfhiadh agus an Chú.



Do mhúscail Cú Girrfhiadh as thor, agus
dhein a thóraidheacht tamall maith, ach bhí an
chuid dob fheárr ag an nGirrfhiadh de, agus
thug na cosa leis. Ráinig Aodhaire gabhar
an tslighe agus chrom ar cleithmhagadh fé'n
gCoin, ghá rádh gur bh'é an Girrfhiadh an
reathaidhe b'fhearr den dís. "Tá so de
dhearmhad ort," ars an Chú, "nách ionann
bheith ag rith ar son do phroinne agus ar son
do bheatha."



Earcail agus an Cairteóir.



Ar bheith do Thuata ag tiomáint a chuin-
girighe go neamhaireach trí sheachbhóthar lathaighe,


L. 21


do cheangail na rothanna chómh doimhin sin
san lathaig gur stad na capaill. Gan aon
iarracht do dhéanamh é féin, do chrom an
Tuata ar ghlaodhach ar Earcail teacht chun a
chónganta 'n-a chruadhtan. Ach chuir Earcail
in iúil air a ghuala féin do chur fén roth,
ghá dheimhniughadh dho ná tagann cabhair ó neamh
ar aon'ne ach ortha so a thugas iarracht ar
chabhair do thabhairt ortha féin.



Is fuar dúinn súil do bheith againn lé
héisteacht ár n-athchuinghe, muna ndeinimíd
dícheall chómh maith lé húrnaighe.



An Moncaidhe agus an Camall.



Ar chruinniughadh mór des na fiadhbheithi-
dheachaibh d'eirigh an Moncaidhe amach chun
rinnce. Do dhearscnuig sé go mór agus
fuar adhmholadh a raibh láithreach. Mhúscail
sin drochaigne an Chamaill. D'eirigh seisean
amach agus chrom ar rinnce freisin; ach
rinnce gan aon deallramh dob eadh é, agus
dhein feile chaoch de féin, gur tháinig olc mór
ar na Fiadhbheithidheachaibh chuige, gur sháidh-
eadar chuige le bataidhibh, gur ruaigeadar as
chródh an rinnce é.



Ná sín do ghéag níos sia ná mar
chlúdóchaidh do mhuilchirte í.


L. 22


An Leómhan i nGrádh.



Thárlaidh sa tseanaimsir gur thuit Leómhan
i ngrádh le hinghin Coillteóra, agus go raibh
sé de dhíthcéille air í do lorg i gcleamhnas
ar a hathair. Ní rómhór thaithnig an tairsgint
leis an gCoillteóir, agus do dhiúltuig do
chómhgas chómh conntabharthach. Bhagair an
Leómhan a mhíoghnaoi ríoghamhail ar an bhfear
mbocht, agus, ó nár bh'fhéidir ainmhidhe cómh
huathbhásach san d'éaradh, bheartuig an Coill-
teóir ar an gcleas so: "Cuireann do
thairsgin bhladardha aoibhneas mór orm; ach,


L. 23


a chara chóir," ar seisean, "nách agat atá na
fiacla móra, agus nách ort atá na hingne!
Cá bhfuil an óigbhean ná beadh scannruighthe
roim na hairm seo? Ní fuláir duit
t'fhiacla do stathadh agus t'ingne do bhearradh
sara mbír mar chéile oireamhnach dom inghin-
se." Do ghéill an Leómhan lom, láithreach
(mar cad ná deintear ar son grádha?)
agus annsan thug cuaird ar an athair go
nglacfadh leis mar chliamhain. Ach ní raibh
aon eagla feasda ar an gCoillteóir roim
an mbuailimsciath mín, dío-armtha, agus do
ghreamuig cuaille teann agus ruaig an
t-éilightheóir míchialldha ó n-a dhoras.



An Buaiceas Feóirlinge.



Do tháinig cothughadh agus táthaireacht ar
Bhuaiceas de bhárr iomad smearaidh, agus
mhaoidh, tráthnóna áirighthe, os chómhair cómh-
luadair mhóir, gur ghile shoillsig sé ná an
ghrian féin, an ghealach, ná na réilthíní go
léir. Ar an uain sin tháinig séideán gaoithe
agus do mhúch é. An té a las airís é, seadh
adubhairt, "Soillsig, a chara buaicis, agus
bí id thost; truagh ná tréan ní múchtar
soillse na bhflaitheas."


L. 24


Na Girrfhiadhtha agus na Loscáin.



Tráth n-aon do bhí na Girrfhiadhtha curtha
glan as a meabhair ag iomad namhad a bhí
bailighthe 'n-a dtímcheall ar gach taobh, agus
do rúnuigheadar go dobrónach iad féin
d'aoideadh, uile go léir. Do ghreadadar
leótha go dtí loch a bhí i bhfoigse dhóibh, ar
inntin iad féin do bhádh mar chréatúirí mío-
ádhmharacha. Ráinig ráth mhór Loscán 'n-a
suidhe ar bhruach an locha, agus do scann-
ruigheadar ar theacht na nGirrfhiadhtha, agus
léimeadar go huamhanach, fotharagach isteach
'on uisce. "Ní hamhlaidh in ao'chor, a
cháirde," arsa Girrfhiadh a bhí in úrthosach an
scata, "níl ár ndáil chómh haindeis sin fós;
mar féachaidh annso créatúirí is laige croidhe
ná sinn féin."



Ná glac furtacht, ach misneach, ó anacair
chách, agus bí deimhnightheach; pé cruaidhchéim a
bhíos ort, go bhfuil daoine ann ná malartófá
do dhán leó.


L. 25


An Carrfhiadh Breóidhte.



Buaileadh breóidhte Carrfhiadh, agus luig
fé ar ghlasrach shaidhbhir lanntáin in aice lé
cliathán coille, ionnas go mbeadh fosaidheacht
socair aige. Acht tháinig an oiread san feithidí
ghá fhiosrughadh — mar budh dheaghchómharsa é —
gur itheadar, greim ar ghreim, agus beagán
ar bheagán, a raibh d'fhéar san áit. Acht cé
gur théarnuig an fiadh ó n-a aicíd; do
cheileabhair sé de dhruim easba féir, agus sa
deireadh ar chailleamhaint a choda dho d'éag
sé.


L. 26


An Sionnach gan Earball.



Do rugadh ar Shionnach in inneall, agus
budh luthgháireach leis a earball do chur i
gcumha a mhuiníl; acht ar ghabháil amach fén
saoghal mór do, níor bhfada gur bhraith sé
an aithis a bhéarfadh a cheal do, i slighe a's gur
bhfeárr leis nách mór bás d'fhághail ná teacht
gan an t-earball. Chuir sé roimis, ámhthach,
drochchúrsa do leasughadh, agus chuir gairm-
scoile ar na sionnachaibh eile go léir, agus
chuir os a gcómhair gur cheart dóibh go léir
sompla do ghabháil leis féin. "Níl aon
tuairm agaibh do a fhusacht agus a chompór-


L. 27


daighe a ghluaisim thart tímcheall; ní chreid-
finn choidhche é mara mbeadh mé ghá thástáil,
ach, dar fiadh, nuair léireófá dhuit féin é,
aguisín gránda, neamháiseamhail, neamhghádh-
tarach 'seadh an t-earball céadna so, gur
b'é an t-iongadh go mbruicfeadh sinne,
Sionnaig, chómh fada san leis. Cuirim os
bhur gcómhair mar sin, a bhráithreacha fhiughan-
tacha, go mbainfidh sibh sochar as an gciall
cheannaig atá fachta agam-sa agus atá fonn
orm do chur os bhur gcómhair, agus ón lá
so amach go dteascfaidh na Sionnaig go léir
a n-earbaill." Ar chlos so don sluagh
Sionnach, d'eirigh ceann budh shine ná an
chuid eile amach as a measc, agus dubhairt,
"is móide mo thuairm, a chara, ná tabharfá
do chómhairle dhúinn scaramhaint lé n-ár gcuid
earball dá mbeadh aon dul agat ar t'ear-
ball féin d'aiseag."



An Bhainleómhan.



Do dhein sé corraighe mór ameasc na
bhFiadhbheithidheach, ceaca gur bhféidir leis
maoidheamh as an ál budh mhó. Ar an adhbhar
san thángadar go dtí'n mBainleómhan. "Cé
mhéid coileán a bhíos agat ar gach breith?"
d'fhiafruigheadar. "Ceann," ar sise, agus
scaimh uirthe; "achis Leómhan an coileán san."



Tagann cáilidheacht roim iomadamhlacht.


L. 28


An Feirmeóir agus a Chlann Mhac.



Ar bheith d'Fheirmeóir ar barrghal báis,
agus fonn air slighe rathamhnais feirmeóir-
eachta d'fhoillsiughadh dá chlainn mhac, do
ghlaoidh chuige iad, agus dubhairt, "A chlann,
táim ag tréigean na beatha so anois, agus
a bhfuil agam lé fágaint agaibh gheóbhaidh sibh
san bhfionbhúir é." Dar leis an gclainn
mhac gur ag tagairt do chisde foluighthe éigin
do bhí an t-athair, agus chómh luath agus bhí
an seanfhear marbh, chuadar i bhfeidhil oibre
lé n-a gcuid rann agus céachtaidhe agus an
uile úirlis dob áiseamhail dhóibh, gur iompuigh-
eadar an fonn síos suas airís agus airís
eile. Go deimhin ní bhfuaireadar aon chisde;
acht do neartuig agus d'fheabhasuig na
fineamhain leis an gcriathrughadh acfuinneach
so, gur thugadar toradh budh bhreághtha ná
thugadar riamh roime sin, a's gur chúitig go
sármhaith saothar na gcriadhairí óg so. Mar
sin go fírinneach is cisde ann féin an saothar.



An t-Iascaire agus an t-Éiscín.



Tréis lae fada saothair ag iascach ní
raibh ag iascaire ach éiscín bíognach.



"Anacail me" ars an t-éiscín, "athchuinghim


L. 29


ort; agus an toirt atá ionam sa is suarach
an bhéile dhéanfad duit. Nílim tagtha im
thaidhbhse iomláin fós; caith thar n-ais 'on
abhainn me go fóil, agus annsan nuair bhead
níos mó agus gur fiú mé d'itheadh, is féidir
leat teacht annso agus breith orm airís."



"Ní headh, ní headh," ars an fear, "táir
agam anois, ach dá bhfaghthá thu féin thar n-ais
san uisce, 'sé ceól a bheadh agat, 'beir
orm, más féidir leat.""



Is feárr éan san láimh ná dhá éan ar an
gcraoibh.


L. 30


An Caochán agus a Mháthair.



Arsa Caochán óg lé n-a mháthair, "A
mhathair, tá mo radharc agam," Mar sin
chun é do thástáil, do chuir an Mháthair cnapán
túise os a chómhair, agus d'fhiafruig de cad
é. "Cloch" ars an ceann óg. "Ó, a
leinbh!" ars an Mháthair, "ní hamháin ná
fuil radharc agat ach ní fhéadfá boladh
d'fhághail."



Maoidh as mháchail, agus scéith ar mháchail
eile.



An tSeanbhean agus an Liagh.



Seanbhean gur bhuail an daille í, do chuir
fios ar liagh, agus gheall do os chómhair
fínidhthe, dá n-aisirigheadh sé a radharc di, go
dtabharfadh díolfiach taithneamhach do, ach mara
leighisfeadh sé a radharc, agus go bhfanfadh a
daille uirthe, ná faigheadh sé faic. Nuair bhí
an margadh chríochnuighthe aca, do theangbháil
an liagh ó am go ham lé súilibh na seanmhná,
agus san am gcéadna, d'árduig leis a cuid
earraidhe, smut ar smut. Sa deireadh chuaidh
sé i bhfeidhil a ghnótha i ndáiriribh gur leighis sé
an tSeanbhean, agus gur iarr an díolaidheacht
achtuighthe. Ach ar fhághail a radhairc don


L. 31


Seanmhnaoi ní fheacaidh sí pioc dá cuid
earraidhe 'n-a tig. Ar an adhbhar san, tréis
síoriarrtha a dhíolaidheachta don liagh, gan
toradh, agus gur chuir sise dhi é lé leath-
scéalaibh, cuir sé chun na dlighe í os cómhair
breitheamhan. Ar ghlaodhach uirthe-se 'n-a
cosaint féin, dubhairt sí, "an nidh a deir
an fear so tá sé fíor go leór; gheallas
díolfiach do dá n-aisirightí mo radharc dom,
ach faic in ao' chor níor gheallas do dá bhfanadh
mo cheasnaidhe orm. Anois mar sin deir
seisean go bhfuilim leighiste, ach deirim-se a
mhalairt sin ar fad; mar nuair tháinig mo
ghalar orm ar dtúis, b'fhéidir liom an uile
shaghas troscáin agus earraidhe d'fheicsint im
thig; acht anois, nuair deir sé go bhfuil mo
radharc aisirighthe aige dhom, ní féidir liom
pioc díobh so ná súd d'fheicsint.



An té imreas cleas ní fuláir do cnáid
d'fhulang.


L. 32


An tSeanbhean agus an Fíonchrúsca.



Do chonnaic Seanbhean fíonchrúsca follamh
caithte ar an dtalamh. Cé ná raibh srabh ann
den bhfíon deaghbhlasta, go raibh sé lán de
tráth, níl aon'ne ghaibheadh tharais ná go
bhfaigheadh boladh cúmhra uaidh. Do chuir an
tSeanbhean a srón go dlúth, lánmhiantach leis
an gCrúsca, do bhí ag sughadh a bholadh chúmhra
chúiche, agus scread, "a rud mhilis! nár
bh'aoibhin an deoch a bhí ionat seal agus go
bhfuil an dríodar chómh cúmhra so!"


L. 33


An Machtíre agus an Chaora.



Do bhain madra greim as Mhachtíre agus
d'fhág go haindeis é, i slighe a's ná féadfadh
sé corraighe. Do ghlaoidh sé ar chaora a bhí
ag gabháil thar brághaid, agus d'athchuinig
uirthe uisce do bhreith cuige as abhain in
athchomaireacht. "Mar," ar seisean, "má
thugann tusa uisce chugham, sroichfead feóil
ar chuma éigin me féin." "Seadh," ars an
chaora," níl aon amhras agam 'n-a thaobh san,


L. 34


mar má thagaim-se cómhgarach go leór duit
chun dighe do thabhairt duit, is geairrid an
mhoill ort mionbhrughain do dhéanamh díom-
sa."



An t-Osclán Cipíní.



Criadhaire, go raibh muirear an-bhruigh-
eantach aige, agus gur dhíomhaoin do bheith
d'iarraidh iad do cheannsughadh lé n-a bhriathar
síothchána, tuigeadh do sa deireadh go
mbfhéidir go bhféadfadh iad do bhuadhachtaint
lé deaghshompla. Mar sin ghairm sé chuige a
chlann mac agus d'iarr ortha osclán cipíní
Do leagadh os a chómhair. Annsan ar bheith
dóibh ceangailte aige i mbrosna, dubhairt
sé leis na garsúnaibh a thógaint, duine ar
dhuine, agus a bhriseadh. Thástáladar go
léir, ach bhí fuar aca. Annsan do scaoil sé
an brosna agus thug na cipíní dhóibh, ceann
ar cheann, lé briseadh. San do dheineadar
Go bog. Sé dubhairt an t-athair annsan.



"Mar seo, a mhaca, faid agus fhanann sibh
in aontadh, is comórtas do bhur namhaid sibh;
ach easaontuighidh agus dealuighidh agus mill-
fear sibh."



Ní neart go haontadh.


L. 35


An Bhaintreabhach agus an Chaora.



Bhí Baintreabhach áirighthe ann a bhí i
dtortaoibh lé haon Chaora amháin, agus
d'fhonn agus olann na caorach so do chur
chun na críche dob fheárr, do bhearraidh sí
chómh lom san í gur ghearraidh sí a croicean
chómh maith leis an olainn. Do scread an
Chaora lé freangaidhibh tinnis ón ndéanamh
gránda so — "Cad fáth go gcéasair me ar
an gcuma so? Cad é an bhreis meádhach-
tainte ar mo chuid olna mo chuid fola?
Má theastuigheann mo chuid feóla uait, a
Bhean Mhaith, cuir fios ar an mBrothaire, a
chuirfidh as m' anró me gan moill; ach má
sé mo lomra atá uait, cuir fios ar an
mBeárrthóir, agus beárrfaidh seisean mo
chuid olna gan mo chuid fola do tharang."


L. 36


An Bhanaltra
agus
an Machtíre.



Machtíre a ráinig
ar thóir bidh, ghaibh sé
tar dhoras mar a
raibh leanbh ag lóg-
óireacht agus a bhan-
altra ag cáinseamh
air. A's é 'n-a
sheasamh ag éisteacht
chuala sé ag an
mbanaltra ghá rádh,
"Anois bíodh deir-
eadh léd chuid lógóir-
eachta, nó caithfead
amach go dtí'n Mach-
tíre thu." Mar sin
do mhachtnuig an Machtíre gur
chomhall ar a briathar an tSean-
bhean, agus d'fhan sé go ciúin,
cúthail tímcheall an tighe lé hion-


L. 37


chas go mbeadh séire iongtach aige. Ach
leis an ndoirchiughadh agus lé dul don
leanbh chun suaimhnis, chuala sé an bhanaltra,
agus í ag tláithínteacht leis an leanbh, ghá
rádh: "Sin é an múirnín dílis; má thag-
ann an Machtíre gránda úd ag triall
ar mo leanbh-sa marbhócham lé bata é,
déanfam san." Go díombáidheach, cráidhte
tuigeadh don Machtíre anois gur ró-mhithid do
bheith ag gluaiseacht abhaile, agus chómh hocrach
agus b'fhéidir lé Machtíre do bheith, dubhairt
sé fé n-a fhiaclaibh, a's é ag bualadh an
bhóthair: "Is de bhárr tur do thabhairt ar
dhaoinibh a deir rud agus a mheádhas rud
eile an méid seo."



An Criadhaire agus an Corriasc.



Do shocruig Criadhaire líon 'n-a ghort, lá,
chun beirthe ar na Corraibh Glasa a thagadh ag
itheadh a chuid arbhair nuadhchurtha. Ar dhul
ar thuairisc an lín do, d'fhéachaint an méid
Corr a bhí gabhtha, do fuairtheas Corriasc ar
a líon. "Anacail me," ars an Corriasc,
"agus leig liom. Corrglas ní headh me.
Pioc ded chuid arbhair níor itheas. Corriasc
bocht, neimhchionnta 'seadh me, mar is léir
duit — an t-éan is cráibhthighe agus is umhalta
ar éanaibh. Bheirim onóir agus cóngamh
dom athair agus dom mháthair. Bheirim —"


L. 38


Ach choisc an Criadhaire go hoban é, go
ndubhairt "Is féidir do ghlór do bheith fíor,
ní déarfainn ná go bhfuil, ach is eól dom
go rugas ort 'n-a measc so eile a bhí ag
milleadh mo bharraidhe, agus caithfir fulang
i bhfochair na cuideachtan gur gabhadh thu."



Is mó chruthuigheann drochchuideachta ná
caoinghlórtha.



An Moncaidhe agus an Deilf.



Sean-nós dob eadh ag máirnéalachaibh
measáin bheaga ó Oileán Mhálta, nó Mon-
caidhthe, do bhreith leó chun caitheamh aimsire


L. 39


do bhaint asta ar a n-iomramh; agus mar
sin thárla uair gur thug fear Moncaidhe leis
mar chuallaidhe ar bórd luinge. Agus iad
amach ar an bhfarraige ó Shuinium, ceanntíre
áitrighthe Aiticea, rugadh ar an luing i
spéirling uathbhásaig, gur buaileadh a béal
fúithe, agus gur teilgeadh a raibh ar bórd
'on uisce, agus b'éigean dóibh snámh chun
talmhan chómh maith agus d'fhéadadar. Agus
ar a measc do bhí an Moncaidhe. Chonnaic
Deilf ag coimheascar é, agus, ó tuigead do
gur bh'fhear a bhí ann, do chuaidh chun a chabhartha
agus d'iomchair ar a dhruim é fé dhéin
talmhan. Nuair thángadar ar chómhuisce lé
Pioraes, cuan na hAithne, d'fhiafruig an
Deilf den Moncaidhe, "an Aithneach thu?"



"Seadh," ars an Moncaidhe, "go dearbhtha,
agus de árdthreabhachasaibh na háite." "Mar
sin, gan amhras, is eól duit Pioraes," ars
an Deilf. "Ó, is eól," ars an Moncaidhe,
a shaoil gur ainm cathraig céimeamhla éigin
do luaidh an Deilf, "is duine dem dhlúth-
cháirdibh é." Go feargach mar gheall ar
fhealladh agus bhréig chómh mór san, do lach
an Deilf go tóin puill, agus d'fhág an
Moncaidhe éithig ar thrócaire na bóchna.


L. 40


An Fear agus an Leómhan.



Tráth n-aon thárla Fear agus Leómhan ag
taisteal i bhfochair a chéile, agus fé dheireadh
d'eirigh teas cainnte eatartha ceaca de'n dís
budh chródha agus budh láidre. Agus an
t-imreas ag dul i dteódhacht eatartha, thárla
gur ghabhadar thar dealbh fir ag tachtadh
Leómhain. "Féach annsan," ars an Fear;
"cad eile deimhniughadh doisheunta bheadh uait
ar ár mbárrchéim-ne ná san?" "Sin é,"
ars an Leómhan "do chóiriughadh-sa; bím'ís
'n-ár ndealbhthóiríbh mar sin, agus in aghaidh
gach leómhain fé chois fir, beidh fiche fear fé
lapa leómhain."



Fíné suarach an duine 'n-a chúis féin.



An Fear go Rug an Madra Air.



Fear go rug Madra air, bhí ag imtheacht
tímcheall ar lorg duine chneasóchadh é.
Duine dár bhuail uime, dubhairt leis: "A
dhuine chóir, más áil leat do chneasughadh,
faigh blúire aráin agus túm i bhfuil na créachta
é, agus tabhair don madra rug ort é." Do
dein an fear a gháire, agus dubhairt: "Dá
leanain do chómhairle níl madra sa chathair
ná béarfadh orm."



An té a fhógras go gceannóchaidh a
namhada ní bheidh a n-easnamh choidhche air.


L. 41


An Capall agus an Carrfhiadh.



Do bhí faid agus leathad móinfhéir ag
Capall chuige féin; ach ar theacht do Charrfhiadh
agus díobháil do dhéanamh don bhféarach,
d'iarr an Capall, lé fonn díoghaltais, ar
fhear, an bhféadfadh sé cabhradh leis chun
sásta do bhaint de'n gCarrfhiadh. "Féad-
fad," ars an Fear, "acht amháin leig dom
béalbhach do chur ionat, agus dul ar do
dhruim, agus geóbhad na hairm." D'aontuig
an Capall, agus dá réir sin chuaidh an Fear
ar a mhuin; acht in ionad an Chapaill
d'fhághail díoghaltais, is amhlaidh atá sé 'n-a
dhaor ag an nduine riamh ó shoin.



Is ró-cheannuighthe an díoghaltas a geibhtear
ar luach na daoirse.


L. 42


An Aithid agus an Líomhán.



Bhuail Aithid isteach go ceárdchain gabhan
agus chrom ar chuardach ruda éigin lé
n-itheadh. Sa deireadh, ar bhfeicsint Líomháin
di, chuaidh chuige agus thosnuig ar bheith ag
breith lé n-a fiaclaibh air; ach ghoir an
Líomhán uirthe leigeant do féin, go ndubh-
airt: "Is deallramhtach gur beag a bhainfir
díom-sa, gurb 'é mo ghnó bheith ag baint de chách."



Iúipitear, Neiptiúin, Buinéid, agus
Momus.



Tráth n-aon (dréir scéil) chuaidh Iúipitear,
Neiptiúin agus Buinéid i gcomórtas ceaca
cheapfadh an rud dob iomláine. Cheap


L. 43


Iúipitear Fear; cheap Lallas Teach; cheap
Neiptiúin Tarbh; agus Momus — mar ní
raibh sé um an dtaca so díbeartha as
Olampus — toghadh eisean mar bhreitheamh lé
haghaidh molta ceaca ceapadh budh mhó tréith.
Thosnuig sé lé locht d'fhághail ar an dTarbh,
toisc ná raibh a adharca fé bhun a shúl, ionnas
go bhfeicfeadh nuair phleanncfadh sé leó.
Annsan fuair sé locht ar an bhFear, toisc
ná raibh fuinneóg 'n-a chlí go bhfeicfeadh cách
smaointe agus motháltha uaigneacha a chroidhe.
Agus ar deireadh thiar fuair locht ar an
dTeach, toisc ná raibh rothanna fé chun a chur
ar chumas a lucht áitrimh aistriughadh ó dhroch-
chómharsanaibh. Ach dhíbir Iúipitear an
meastóir amach as neamh, ghá rádh leis nár
bhféidir choidhche lochtaire do shásamh, agus gur
thráthamhail oibreacha chách do mheas nuair
bheadh rud éigin fóghanta déanta aige féin.



An Fháinleóg agus an Fiach Dubh.



Chuaidh an fháinleóg agus an Fiach Dubh i
gcomórtas ceaca budh bhreághtha éan. Do
chríochnuig an Fiach Dubh a argóint, go
ndubhairt: "T'áilne-se is don samhradh
amháin é, ach fulaingeóchaidh m'áilne-se a liacht
geimhreadh."



Is feárr buancas ná teasbánadh.


L. 44


An Madra agus a Mháighistir.



Do bhí fear áirighthe ag gluaiseacht ar
Aistear, agus, nuair chonnaic sé a Mhadra
'n-a sheasamh sa doras, do scread sé air,
"Cad air go bhfuil do bhéal ar leathadh agat
mar sin? Ullamhuig thu féin chun teacht in
aonfheacht liomsa." Dubhairt an Madra,
agus é ag crothadh a earbaill: "Táim-se
ullamh, a Mháighistir, is ort-sa atá an
tiargabháil do dhéanamh."



An Madra Crosta



Do bhí Madra ann chómh fiadhain, crosta
san, gur bh'éigean dá mháighistir tromán trom
do ceangal tímcheall a mhuiníl, chun é do
chosc ar bheith ag ciapadh na gcómharsan. Do


L. 45


ghaibh mórtas an Madra as a cómhartha, agus
shiubhalluig an margadh, agus a thromán ghá
chrothadh aige, chun caoraidheachta na ndaoine
do tharang air. Ach chogair cara sleamhain,
glic 'n-a chluais: "Dá luighead glóir a
dheinir seadh is feárr; ní haon dualgas
fiughantais do chómhartha dealuighthe, ach
cómhartha aithise!".



Is minic do dheineann daoine dearmhad
in aitheantacht ar chlú, agus gur bhfeárr
leó a gcomharthughadh i dtaobh a ndubháilcí
nó a mbaois ná gan a gcómharthughadh
in ao' chor.



An Seanaire agus an Fhuiseóg.



Do bhí Seanaire ag cur gaistí ar choimín,
nuair fhiafruig Fuiseóg, a chonnaic ag obair
ó achar é, de cad bhí ar siubhall aige. "Táim
ag cur coilín ar bun," ar seisean, "agus
ag leagadh buinn mo chéadchathrach." Ar sin,
chuaidh an Fear i leathtaoibh agus chuir é féin
i bhfolach. Toisc gur chreid an Fhuiseóg a
bhriathar, níor bh'fhada gur léim sí anuas,
agus ar shlogadh an bhoighte dhi do greamuigh-
eadh í san tsúil ruibe; ar an uain gcéadna
tháinig an Seanaire lom díreach uirthe, agus


L. 46


dhein bráighe dhi. "Is deas an buachaill
tusa!" ars an Fhuiseóg; "má siad so na
coilíní atá agat ghá chur ar bun, ní mór na
himirceóirí gheóbhair."



Na Taistealaidhthe agus an Crann
Plána.



Taistealaidhthe go raibh grian an mheádhon-
lae ag cur ortha, lá beirbhthe samhraidh,
d'imtigheadar fé dhéin Crainn Plána a
chonnacadar, agus shíneadar iad féin ar an
dtalamh fé n-a scáth, agus leigeadar a scíth.
Ag féachaint anáirde dhóibh ar an gcrann,
agus iad 'n-a luighe ar an gcuma so,
dubhradar lé chéile: "Nách neamhthairbheach
an crann don nduine an Plána lom so!"
Acht d'fhreagair an Crann Plána iad, — "A
rudaidhe neamhbhuidheacha! ar an uain go
bhfuiltí ag baint aoibhnis maitheasa asam,
táthaoi dom cháineadh nách fiú faic me."



Ní táire míobhuidheachas ná a dhaille.


L. 47


An t-Aodhaire agus an
Tarbh ar Iarraidh.



Aodhaire, go raibh Tarbh ar
iarraidh uaidh, d'imthig ghá chuar-
dach tríd an bhforaois. Óir nár
b'féidir leis a fhághail, chrom ar


L. 48


mhóidiughadh do Bhaindéithibh uile na foraoise
a's an tsléibhe, do Mhearcaraidhe as do Phan,
go ndéanfadh uan do thoirbheirt dóibh, dá noch-
tófaidhe an bitheamhnach do. Ar an uain sin
téidheann ar dhruim árd talmhan, agus
cidheann Leómhan 'n-a sheasamh os chionn ablaig
a Thairbh áluinn. Móidigheann an fear bocht
an Tarbh maidir leis an uan, ach go n-éalóchadh
féin gathaidhe an bhitheamhnaig.



Dá mbronntí ár n-athchuinghthe míbhreithe
orainn i gcómhnaidhe, nách mór a millfí ar a
n-iarratas féin.



An Mhíoltóg agus an Tarbh.



Míoltóg a bhí ag dórdán tímcheall cinn
Tairbh, do luig fúithe sa deireadh ar adhairc
leis, agus d'iarr a leithscéal ar an dTarbh
i dtaobh é do bhuaidhreamh: "ach," ar sise,
"má dheineann mo thruime aon chiotaighe
dhuit, athchuinghim thu, abair é, agus baileóchad
liom gan moill." "Ó," ars an Tarbh, "ná
bodhar do cheann leis sin, mar is ionann
dom-sa tu fhanacht nó imtheacht agus chun
na fírinne d'ínnsint, ní raibh a fhios agam
go rabhais ann in ao'chor."



Luighead na hÍnntine breis na Mórchúise.


L. 49


Na Géanna agus na
Glaschorra



Do bhí ádhbhar Géann agus
ádhbhar Glaschorr ag itheadh i
bhfochair a chéile san ngort
gcéadna. Lá n-aon tháinig
sealgairí ortha go hoban.
Toisc na Glaschorra bheith éadtromchorpach,
léimeadar ar an nóimint agus d'éaluigh-
eadar; acht na Géanna, trom, aindeis lé
cothuighteacht, rugadh ortha go léir.



Lé linn buaidhrimh ameasc daoine is iad
is lugha ceangal is mó dul as.


L. 50


Iúipitear agus an Bheach.



Sa tseanaimsir, nuair bhí an saoghal óg,
do bhí Beach ann go raibh fóghmhar fóghanta
déanta aice, agus a cuid criathar curtha i
stór aice, agus d'eiteal anáirde ar neamh
chun iodhbartha meala do dhéanamh mar thoir-
bheirt. Do bhí an oiread san áthais ar
Iúipitear leis an ndualgas, gur gheall sé
dhi go mbronnfadh uirthe cibé nidh a iarrfadh
sí air. Ar an adhbhar san d'athchuinig sí é,
ghá rádh: "A Ióib ghlórmhair, cruthuightheóir
a's uachtarán ormsa, Beach bhocht, bronn ar
t'fheadhmannach cealg, ionnas nuair thiocfaidh
aon'ne i ngiorracht dom chruiceóig chun mo
chuid meala do ghoid, go marbhóchad ar an
láthair é." Trí ghrádh don nduine do bhí
fearg ar Iúipitear mar gheall ar a hathchuinge
agus d'fhreagair mar seo í: "Ní bhfaighir do
ghuidhe sa tslighe is áil leat, ach an cealg a
lorgair beidh agat; ach nuair thagann aon'ne
chun do chuid meala d'fhuadach agus go
n-ionnsaidhir é, ní do san is tubaisteach an
ghoin ach duit-se, mar imtheóchaidh do bheatha
léd chealg."



An té a ghuidheas díobháil dá chómharsain,
iarrann mallacht air féin.


L. 51


An Mhaighdean Tuatha agus Callán
Bainne.



Do bhí Maighdean Tuatha ag siubhal
roimpe, agus callán Bainne ar a ceann aice,
nuair tháinig an tsruth machtnaimh seo chúiche,
"An t-airgead go ndíolfad an bainne seo
air, cuirfidh ar mo chumas dom mo chuid ubh
do mhéadughadh go trí chéad. Tabharfaidh na
huibhe, agus lamháilt d'uibhibh glogair, agus
dóibh seo a loitfeadh tréadáin, dhá chéad
goileith sicín. Beidh na sicíní oireamhnach lé
tabhairt ar an margadh díreach tímcheall na


L. 52


huaire go mbíonn éanlaithe daor i gcómh-
naidhe; ionnas, ar theacht don nuadhbhliain ná
teipfidh orm airgead mo dhóthain do bheith
agam chun gúna nuadh do cheannach. Uaithne
— fan go machtnóchad — tagann san dom
shnódh, agus uaithne bheidh agam. San gculaidh
seo raighead ar an aonach, mar a mbeidh na
buachaillí óga go léir dom iarraidh bheith
mar pháirtidhe aca; acht ní bhead — diúltóchad
do gach aon'ne aca, agus lé maig táire
iompóchad uatha." Do chuir an teadh so
fíoraoibhneas uirthe, agus ní fhéadfadh sí
foidneamh do dhéanamh gan an crothadh do
bhaint as a ceann do leanamhaint a smaoinimh;
nuair — anuas leis an gcallán bainne! agus
mhúch a sonas iomháighneach ar an dtoirt.


L. 53


Mearcaraidhe agus an Coillteóir.



Do bhí Coillteóir ag leagadh crainn ar
bhruach abhan, agus lé cinneamhaint do shleamh-
nuig a thuagh 'on uisce uaidh, agus chuaidh ar
tóin puill. Ar bheith fé bhuaidhreamh mhór do
dá chionn san, do shuidh fé lé ciumhais an
tsrotha, agus do chaoin a chailleamhaint go
géar. Budh lé Mearcaraidhe an abha agus
ghlac truagh don bhFear é, agus láithrig os a
chómhair ar an dtoirt; agus ar chlos cúis a
bhróin do uaidh, do lach go tóin na habhan,
agus ar thabhairt tuagha órdha aníos,
d'fhiafruig de'n gCoillteóir ma b'í sin a
thuagh. Ar a shéanadh don bhfear, gur bh'í
do lach Mearcaraidhe an dara feacht, agus
thug aníos tuagh airgid. Airís do shéan an
fear gur bh'í a chuid í. Mar sin ar lachadh
an tríomhadh feacht do, sholáthruig sé an tuagh
cheannain chéadna a chaill an fear. "Sin í
mo thuagh-so!" ars an Coillteóir, áthas air
gur aiseagadh a thuagh dho; agus bhí Mear-
caraidhe chómh sásta san lé fírinne agus
macántacht an fhir, gur bhronn sé ar an láthair
sin an dá cheann eile air.



Téidheann an fear chun a chuallaidhthe
annsan, agus ar thabhairt cúntais dóibh ar
cad do thárla do, chinn duine aca ar thásdáil
an mbeadh a chómhmhaith d'ádh air féin. Mar


L. 54


sin téidheann fé dhéin na háite céadna, mar
bheadh ar thoisc adhmaid do ghearradh, agus do
scaoil uaidh a thuagh d'aon ghnó 'on abhain,
agus annsan do shuidh ar bhruach na habhan,
agus dhein taidhbhseamh mór guil. Láithrig
Mearcaraidhe mar dhein roime sin, agus ar
chlos ón bhfear gur de dheascaibh cailleamhna
a thuagha dob eadh a dheóra, do lach sé uair
eile 'on tsruth; agus ar bhreith tuagha órdha
aníos do, d'fhiafruig de'n bhfear má b'í an
tuagh a chaill sé í. "Sí go deimhin," ars an
fear go fonnmhar; agus bhí sé ar tí
greama do bhreith uirthe, nuair staon
Mearcaraidhe é, agus ní hamháin gur dhiúl-
tuig í do thabhairt do, ach chun a smachtuighthe,
mar gheall ar a mhíonáire agus a chuid éithig,
ní aisreóchadh a thuagh féin do airís.



Macántacht an tslighe is fearr.


L. 55


An Cat agus na Luchaidh.



Cat, go raibh fainne tagtha air lé seanaois,
agus ná raibh ann feasda Luchaidh do thóraidh-
eacht mar budh ghnáth leis, mhachtnuig sé connus
b'fhéidir iad do mhealladh i ngiorracht roch-
taine a lapa. Taidhbhsigheadh do go gcuirfeadh
é féin i riocht mála, nó cait mhairbh, ar a
luighead, ach go háirighthe, agus do chroch é
féin ar a chosaibh deireadh lé taca, lé hionchas
ná beadh aon eagla feasda ar na Luchaidh


L. 56


teacht i ngiorracht do. Seanluch, go raibh
gliocas a dóthain innte fanacht i bhfad amach
uaidh, chogair i gcluais carad di, "Is iomdha
san mála do chonnac lém linn, ach riamh ní
fheaca mála go raibh ceann cait air." "Fan
ar crochadh annsan, a Fhir mhaith," ars an ceann
eile, "ach ní chuirfinn-se me féin ar t'iontaoibh
dá mbeitheá lán de thuighe."



Ní lé cáith beirtear ar sheanéanaibh.



An Giolla Gabhar sa Chuid Gabhar.



Lá spéirlinge dob eadh é, agus an
sneachtadh ag tuiteam go tiugh, gur thiomáin
Giolla gabhar a chuid Gabhar, agus iad go
léir geal leis an sneachtadh, isteach in uaimh
fásaighe 'on bhfoithin. Annsan fuair sé go
raibh tréad mór gabhar fiadhain, níos líon-
mhaire agus níos mó ná a chuid féin, i seilbh
na háite cheana. Mar sin, ag machtnamh do
iad go léir do ghnóthughadh, d'fhág sé a chuid
féin ar a mbuille, agus chaith sé na beanngáin
a bhí tugtha leis aige i gcómhair a choda féin
chun na ngabhar fiadhain lé n-a mbroscadh.
Ach nuair ghlan an aimsir, fuair sé go raibh
a chuid féin fachta bás leis an ocras, feadh go
raibh na gabhair fhiadhaine bailighthe leó chun
na gcnoc a's na gcoillte. Mar sin d'fhill
an Giolla gabhar 'n-a bhall mhagaidh ameasc


L. 57


a chómharsan, ar theipeadh dho na gabhair
fhiadhaine do ghnóthughadh, agus ar chailleamhaint
a choda féin.



Iad so a thugas faillighe 'n-a seancháirdibh
arson nuadhcháirde, geibhid cion a ndearmaid
má chaillid idir shean agus nuadh iad.



Na Mairt agus na Brothairí.



Tráth n-aon do chinn na Mairt ar dheireadh
do chur leis na Brothairíbh, go raibh a n-ealadha
ar fad, mar dubhradar, ceaptha chun a millte
féin. Ar an adhbhar san bhailigheadar i
gceann a chéile, agus chuireadar faobhar ar
a n-adharcaibh i gcómhair an choimheascair, agus


L. 58


labhair Damh an-aosta, go raibh a shaoghal
caithte fé'n gcéachta aige, leó mar seo:-



"Bíodh bhúr n-aire, a cháirde, cad dhéanfaidh
sibh. Ach go háirighthe, marbhuigheann na fir
seo sinn lé galántacht as eólas, ach má
thuitimíd lé baillséaraibh in ionad brothairí
fulaingeócham bás fé dhó; mar bídh lán-
deimhnightheach de, ní bheidh easbaidh feóla ar
dhaoinibh, fiú amháin agus iad do bheith gan
brothairí."



Is feárr fulang leis an olc atá, ná dul
i dtreis na n-olc nách eól dúinn.



Pósadh na Gréine.



Tráth n-aon, agus samhradh an-the ann, do
bhí ráfla coitcheann ar siubhal go raibh an
Ghrian ar tí pósta. Chuir a mhachtnamh áthas
ar éan a's ar ainmhidhe; agus seachas aon
dream eile, do bhí fonn ar na Loscánaibh lá
saoire maith do bheith aca. Ach chuir sean
Bhuaf cosc ar a lúthgháireacht, go ndubhairt
gur mhóide d'ócáid bróin ná áthais í.



"Mar," ar seisean, "má dheineann an
Ghrian aiste féin na corraidhthe do thiormughadh
ionnas gur deacair dúinn é d'fhulang, cad
thárlóchaidh dúinn dá mbeadh leathdosaon
éigin Grian beag in aonfheacht léithe aice?"













19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services