Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fabhail-scéalta ó Aesop 1
Title
Fabhail-scéalta ó Aesop 1
Author(s)
Aesop,
Pen Name
Seán a' Chóta (Aistr.)
Translator
Ó Caomhánaigh, Seán
Composition Date
1925
Publisher
Alec Tom agus a chuid, Teóranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FABHAIL-SCÉALTA Ó AESOP
An Boghadóir agus an Leómhan. Fear a bhí an-chliste le n-a bhogha, chuaidh suas ameasc na sléibhte ag fiadhach. Ar dhruideam do leis an áit tháinig uamhan mór agus ruathar ar na fiadhbheithidheachaibh go léir, ach ar an Leómhan amháin a chuir crot troda air féin. "Stad," ars an boghad- óir, "agus fan lém' theachtaire; tá rud éigin lé rádh aige leat." Leis sin do chaith sé saighead leis an leómhan, agus ghoin sa chliathán é. Do theich an Leómhan agus frean- gaidhe tinnis air isteach i lár doire, ach ar a fheicsint do Shionnach ag rith, do ghoir air misneach do ghlacadh, agus aghaidh do thabhairt ar a namhaid. "Ní dhéanfad," ars an
Leómhan, "ní chuirfir 'n-a luighe orm-sa san do dhéanamh; mar má tá an teachtaire chuireann sé uaidh chómh gonta so, cad é cómhacht an té a chuireas uaidh é?" An Bhaintreabhach agus an Chearc. Baintreabhach a bhí ann go raibh cearc aici a rugadh ubh gach maidean. Mhachtnuig an bhean so léithi féin, "Má dhúbluighim cantam eórnan mo chirce béarfaidh sí dhá uair sa ló." Uime sin bhain sí tástáil as a cúinse, agus d'eirigh an Chearc chómh beathuighthe slíogach san gur stad sí ar fad de bhreith. Ní i gcómhnaidhe thagann áireamh agus áirighthe lé chéile. An Seangán agus an Feicide. Lá fuar seaca thairng Seangán chuige cuid den arbhar a bhí cnuasuighthe aige i rith an tsamhraidh chun a thriomuighthe. D'athchuinig Feicide a bhí leath-chaillte leis an ocras é, goblach do thabhairt do chun an anama do choimeád ann. "Cad bhí agat ghá dhéanamh i rith an tsamhraidh seo chaithte?" ars an Seangán, "Ó," ars an Feicide, "ní rabhas díomhaoin. Do thugas me féin ar chantain i rith an tsamhraidh ar fad." Dubhairt an Seangán go leamhgháireach, a's é ag dúnadh a
ghránlainn, "Óir nár mhisde leat bheith ag cantain i rith an tsamhraidh, ní misde dhuit bheith ag rínnce i rith an gheimhridh." Caitheamh an gheimhridh cómhartha cnuasta an tsamhraidh. An Coileach agus an tSeód. Ar mbeith do choileach ag scríobadh ameasc tuighe i mbannrach, ar lorg bídh dos na cearcaibh, do rángaidh sé ar sheóid a shroich an áit ar shlighe éigin. "Hó!" ar seisean, "is róbhreágh an rud tu, gan amhras, dóibh seo gur luach leó thu; ach faghaim-se gráine eór- nan aon lá roim phéarlaidhe an domhain uile."
Coileach ciallmhar dob eadh an coileach so; acht tá mórán daoine ann ná bíonn aca ach dímheas ar rud luachmhar toisc ná tuigid é. Cág Mustarach. Cág a bhí chómh mustarach, tóirtéiseach agus b'fhéidir lé Cág do bheith, chruinnig cleití a bhí spealtha ag peacógaibh, agus do sháidh iad ameasc a chleití féin, agus lé droichmheas ar a sheanchuallaidhthibh, do chuaidh go prómhaidhe ameasc scata des na peacó- gaibh áilne. Thugadar san an cleathamhnach fé ndeara ar an dtoirt, agus bhaineadar na cleití iasachta dhe, agus ghabhadar dá ngobaibh air, gur chuireadar an ruaig air. Do ghluais an cág mío-ádhmharach go tinn,
brónach, smachtuighthe fé dhéin a chuallaidhthe tráth, agus budh mhian leis claoidhe leó díreach mar a's nár thárlaidh faic do. Chuimhnigheadar san, ámhthach, ar na geámaidhibh a chuir sé air féin roime sin, agus do ruaigeadar as a gcómhluadar é, agus theagaisc ceann aca, go raibh a luighead san measa aige ortha seal beag roime sin, é ar an gcuma so: "Dá mbeitheá sásta leis an gclódh do chuir an nádúir ort, do raghfá ó shmachtughadh t'uach- tarán agus ó tháir do chóimhleacaidhthe." An Buachaill agus an Scairp. Do bhí buachaill ar thóir luschuach ar fhalla, agus do rug ar mhórchuid díobh; go bhfeacaidh sé Scairp, agus bhí de dhearmhad air gur shaoil gur luschuach eile í. Díreach agus é ag leathdhúnadh (ag cuachadh) a láimhe chun beirthe uirthe, thóg an Scairp a cealg, agus dubhairt: "Budh mhian liom go ndéantá é, mar chur- finn iachall ort gan moill mé do leigeant uait, agus na luschuacha maidir liom, mar bhárr ar an scéal." An Beithir agus an Sionnach. Do mhaoidheadh beithir as a iomarcach shearc don gcineadh daonna, ghá rádh nár chiap agus nár thuargain riamh fear marbh. Do ráidh an
Sionnach, agus fáthgháire air, "budh mhóide mo mheas ar do ghlór dá mbeitheá gan é d'itheadh 'n-a bheathaidh." Is feárr duine do shaoradh ón mbás ná a chorp do choigilt. An Fhaoilean agus an Cromán. Faoileán go raibh breac greamuighthe aice, agus gur thug iarracht ar a shlogadh, bhí sé dá thachtadh, agus shín ar léibheann luinge mar bheadh marbh. Cromán a bhí ag gabháil thart, agus a chonnaic é, seo ar thug sé d'fhurtacht dó — "Tuilleann tú é; mar cad é cúram éanlaithe an aoir baint lé héisceannaibh na mara."
An Meanán agus an Machtíre. Meanán a bhí dulta anáirde ar bhuaic tighe aoird, agus a chonnaic uaidh anuas fé n-a bhun Machtíre ag gabháil thar brághaid, do chrom ar aithis do thabhairt do. Stad an Machtíre díreach chun an freagra so do tabhairt air, "A Mheathtaig! ní tusa thugas
aithis dom-sa ach an áit ar n-a bhfuilir id sheasamh." An t-Oisín agus a Mháthair. Dubhairt oisín lé n-a mháthair, "a mháthair, is toirteamhla thu ná aon mhadra, agus is luaithe agus is feárr anál, agus tá adharca ort chun do chosanta; connus mar sin go mbíonn an oiread san eagla ort roim chonairt?" Do dhein an mháthair miongháire go ndubhairt, "An uile rud aca san, a leinbh, is eólach dom go han-mhaith; ach ní túisce chloisim madra ag sceamhghal, ná ar shlighe éigin nó eile, go n-árduigheann mo chosa chun siubhail me chómh mear agus is féidir leó me d'iomchar." Ní maitheas bheith ag tafant misnig ar mheathtach. An Dá Mhealbhóig. Níl aoinne ná go bhfuil dhá mhealbhóig ar iomchar aige, ceann ar a bhéalaibh agus ceann ar a chúlaibh, agus iad araon lán de lochtaibh. Ach is de lochtaibh a chómharsan a bhíos an ceann ar a bhéalaibh lán, agus dhá lochtaibh féin an ceann ar a chúlaibh. Ar an gcuma so 'seadh thárla go mbíonn an duine dall ar a lochtaibh féin, ach go mbíonn lochta a chómharsan lánshoiléir do.
An Machtíre agus an Corr Glas. Do cheangail cnámh i scórnaig Machtíre, agus rith síos suas fé iomghoin rómhór, ag athchuinghe an uile ainmhidhe a bhuail uime é d'fhuascailt: ar an am gcéadna ag geall- amhaint díolfiach galánta don ainmhidhe go n-eireóchadh leis. Do chorruig a athchuinghe agus a gheallamhaint Corr Glas, agus chuaidh seisean i leith a mhuiníl mhóir do shádh síos i gcraos an Mhachtíre, agus thairng aníos an cnámh. D'iarr sé annsan go míonla an díolfiach do gealladh do. Dhein an Machtíre drannadh agus scúig a fhiacla, chuir deallramh uilc air féin, ghá fhreagairt, "A rud neamh-
bhuidhig, aon díolfiach eile do lorg seachas leigeant duit do cheann do chur i mbéal Machtíre agus a thabhairt saor amach airís!" Ní gádh dhóibh seo ná bíonn carthanach ach lé hionchas cúitimh iongadh do bheith ortha má gheibhid níos mó fonmhóid ná buidheachais ar bheith ag pléidh dhóibh lé drochdhaoinibh. An tSeanchú. Cú, budh shárchú lé n-a línn, agus a dhein fóghnamh maith d'á mháighistir (maor) ar pháirc an fhiadhaig, do chnaoidh sí sa deireadh lé hualach na mblian agus lé buaidhreamh. Lá n-aon agus í ag fiadhach an tuirc fhiadhain
rug sí ar chluais air, ach ar ghéilleadh dá fiaclaibh, b'éigean di a greim do scaoileadh, agus thug an torc na cosa leis. Ar bhfeic- sint sin don bhfiadhaidhe do tháinig ar an láthair agus chrom ar mhasladh na con, ach d'fhreagair an madra bocht, fann. "Anacail do sheanfheadhmanach! dob í an chómhacht agus níor bh'í an toil do theip orm. Is beithte dhuit cuimhneamh ar cad bhí ionam ná mé do mhasla mar gheall ar cad atá ionam." An Cromán agus na Colúir. B'fhada b'eaglach iad ádhbhar colúr roim chromán, ach ar bheith dhóibh ar a mbiorda do shíor, agus ag fanacht in aice a gcolmcha d'eirig leó go dtrásta ionnsaidhe na namhad do sheachaint. Ar bhfághail don gcromán nár tháinig toradh dá chuid fogha do bhí a thriall ar chluain: "Cad n-a thaobh," ar seisean, "gur feárr libh an bheatha síorim- nidhe seo nuair dhaingneóchainn-se sibh in aghaidh gach ionnsaidhe a déanfí oraibh dá ndéanfadh sibh rí díom oraibh?" Do chuir na colúir iontaoibh 'n-a ghlór, agus ghair- meadar air chun na corónach; ach níor thúisce suidhte dho ann ná dhein gnáth dá phríbhléid, colúr d'alpadh gach lá. Air sin, sé adubhairt ceann aca a bhí ag feitheamh lé huain a bháis, "Is é atá tuillte againn i gceart."
Iad so a chuireas cómhacht go toilteanach i nglaic tíoránaig nó namhad, ní beithte dhóibh iongadh do bheith ortha má castar 'n-a n-aghaidh féin fé dheóidh í. An Sionnach agus an Gabhar. Do thuit Sionnach isteach i dtobar, agus bhí ag casadh lé teacht amach ar feadh i bhfad gur tháinig gabhar sa deireadh chun na háite go raibh air fonn díghe d'ól, agus d'fhiafruig de'n Sionnach má bhí an t-uisce go maith agus má bhí go leór de ann. Do cheil an Sionnach an mhórghuais a bhí air, agus d'fhreag- air: "Tar anuas, a chara; tá an t-uisce chómh maith san nách féidir liom mo dhóthain
de d'ól, agus chómh flúirseach san nách féidir a dhísciughadh." Ar sin do léim an gabhar gan tuilleadh agó isteach 'on tobar; agus chómh luath agus fuair an Sionnach comhthrom ar adharcaibh a charad do léim chómh pras céadna aníos; agus dubhairt go míonáireach leis an ngabhar bocht, meallta, — "Dá mbeadh leathoiread inchinn agat agus tá de mheigeal, bhreithneófá sar ar léimis." An Fiolar agus an Sionnach. Chómhnuig Fiolar agus Sionnach go sítheach, grádhach i bhfochair a chéile mar deaghchómharsain ar feadh i bhfad; an Fiolar i mbárr chrainn aoird, an Sionnach i bpoll ag bun an chrainn. Lá n-aon, ámhthach, faid agus bhí an Sionnach lasmuigh do thug an Fiolar sidhe fé n-a choileán an t-Sionnaig agus d'árduig leis chun a neide é. Do mhachtnuig nár bhaoghal do díoghaltas an tSionnaig 'n-a ghnáthóig aoird. Ar bhfilleadh abhaile don Sionnach, do chas sé leis an bhFiolar an bheárna caradais a bhí déanta aige, agus d'iarr go dúthrachtach air a choileán d'aisirghe dho, acht ar bhfághail do gur dhíomhaoin í a athchuinge, do sciob sé trillseán de theineadh altóra a bhí i ngiorracht do, agus thug lasair agus deatach don gcrann. Do chuir san iachall ar an bhFiolar, dá eagla féin agus a chuid geárrcach, an
coileán d'aisirghe, an coileán céadna dhiúltuig sé dá athchuinge roime sin. Gidh go mbféidir gur beag ar an dtíoránach deóra an dreama bhíos fé cheann- smacht aige, ní bhíonn dul ó n-a ndíoghaltas aca. An t-Each agus an t-Eachlach. Eachlach a ghoideadh agus a dhíoladh arbhar a chapaill, do bhíodh go cúramach ghá chóiriughadh agus ghá ghiobadh ar feadh an lae ar fad. "Más mian, dáiríre leat, deallramh maith do bheith orm, beir dom níos lugha ded chíoradh agus breis ded chuid arbhair," ars an capall.
Na Cuileanna agus an Pota Meala. Do leagadh pota meala i siopa gáineál- aidhe, agus bhailig saithí cuileanna 'n-a thímcheall chun a ithte, ná ní chorróchaidís ón mball faid agus bhí srabh ann. Sa deireadh dhlúithcheangail an oiread san den mhil ar a gcosaibh ná féadfaidís eiteall, agus iad dhá mhúchadh san milseán rómhilis d'éigheadar, "Nách sinn na rudaidhe mío-ádhmharacha a chaith uainn an bheatha ar fad ar son aoibhnis uaire!" An Sionnach agus an Leómhan. Sionnach ná feacaidh riamh go dtí san leómhan, ar bhualadh uime dho den gcéad uair trí chinneamhaint, tháinig an oiread san eagla air nách mór ná go bhfuair bás leis an scannradh.
Nuair bhuail sé uime an dara huair, bhí an t-eagla céadna air fós, ach d'eirig leis a eagla do cheilt. Nuair chonnaic sé an tríomhadh huair é, bhí sé calmuighthe chómh mór san go ndeaghaidh chuige agus gur fhiafruig de connus mar bhí aige. Méid na haithne a mhéaduigheas an tar- cuisne.
An Fear Tuatha agus an Nathair. Ar mbeith d'Fhear Tuatha ag filleadh abhaile, lá geimhridh, tháinig sé ar nathair cois claidhe, leathmharbh leis an bhfuacht. Ghlac truagh don ainmhidhe é, bhuail chuige 'n-a bhrollach é agus d'árduig leis abhaile chun a theinteáin chun é d'aithbheodhachtaint. Ní túisce d'aisirig teas na teineadh an nathair ná chrom ar leanbhaidhibh an bhotháin d'ionnsaidhe. Leis sin rug an Fear Tuatha ar ghrafán agus mhairbh ar an láthair an nathair a shaor sé le truagh dho roime sin. Iad so a chúitigheas maith lé holc, ná bíodh súil aca lé truagh a gcómharsan i gcómhnaidhe. Na Rothanna Gíoscáin. Ar bheith d'ádhbhar Damh ag tarang cuin- girighe ar bhóthar aindeis, do dhein na Rothanna gíoscán uathbhásach. "A bhrúid!" d'éig tiománaidhe na cuingirighe; "cad fáth go ndeinir cneadach mar seo, agus iad so atá ag tarang an ualaig ar fad 'n-a dtost?" Ní hiad is aoirde cnead is minicidhe is mó saothar.
Na Coilig Throda agus an Fiolar. Do bhí dhá Choileach óga ag troid chómh fíoch- mhar agus dá mbudh beirt fhear iad. Ar deir- eadh do claoidheadh ceann aca agus d'únamh leis isteach go cúine i gcródh na gcearc agus é lánghonta. Acht d'eiteall an coileach buadhach lomdíreach go mullach an tighe, agus chrom ar a sciathánaibh do ghreadadh agus ar ghlaodhach do chur a bhuadha in iúil go lúthgháireach. Ar an uain sin do bhí fiolar ag seóladh thart san aer, ghreamuig 'n-a chrúcaidhibh an coileach agus d'árduig leis é, gur eirig an t-éiligh- theóir claoidhte amach ó 'n-a áit folaig agus ghaibh seilbh an chairn aoilig gur throideadar ar a shon.
An Machtíre agus an t-Uan. Ar bheith do Mhachtíre ag lealghadh uisce ar cheann srotháin reatha, do dhearc sé Uan fáin achar uaidh síos an srothán, ag cosadghal san uisce. Ar chinneadh 'n-a aigne dho é do ghreamughadh, mhachtnuig leis féin connus b'fhéidir leis an éagcóir do chur 'n-a cóir. "A chladhaire!" ag rith chun an Uain, "nách dána an bheart agat an t-uisce atá ghá ól agam do shailiughadh." "Go deimhin," ars an t-Uan go humhalta, "ní feictear dom connus is féidir liom an t-uisce do shail- iughadh, óir is uait-se chugham-sa, agus ní uaim-se chughat-sa tá sé ag rith." "Bíodh san mar tá," d'fhreagair an Machtíre, "níl ann ach bliain ó shoin gur thugais drochainm- eacha orm." "Ó, a dhuine chóir!" ars an t-Uan, agus creathadh air, "bliain ó shoin ní rabhas saoghaluighthe." "Seadh," ars an Machtíre, "muna tusa a bhí ann is é t'athair a bhí ann, agus is ionann san; ach ní haon mhaith bheith d'iarraidh mise do chur dem' shéire lé hargóint," — agus gan focal eile d'ionn- saidh sé an t-Uan bocht, míthreórach agus dhein greamanna seabhaic de! Choidhche ní bhíonn gádh leithscéal ag tíor- ánach, agus is beag é cad na ndaoine ná bíonn ar a dtaobh ach neamhurchóid agus ceart seasamh in aghaidh éagcóra na gcómhachtach.
An Madra, an Coileach agus an Sionnach. Ar dhéanamh coidrimh do Mhadra agus do Choileach, do ghluaiseadar ag taisdeal i dteannta a chéile. Tháinig tuiteam oidhche ortha i gcoill; mar sin do léim an Coileach anáirde i gcrann agus thúirling ameasc na mbeangán, agus shín an Madra fé ag bun
an chrainn, agus tháinig múisiúm air. Ar aosughadh don oidhche agus ar ghealadh don lá, do chrom an Coileach, dréir a ghnátha, ar ghlaodhach go caolghlórach. Ar a chlos do Shionnach, machtnuigheadh do béile do dhéanamh de, agus tháinig agus sheasaimh ag bun an chrainn, agus dubhairt leis — "Is éan beag maith, áiseamhail thu dod chómhchréatúiríbh. Tair anuas mar sin go gceileabhram ár dtrátha agus go ndéanam gáirdeachas i bhfochair a chéile." D'fhreagair an Coileach, "Imthig, a chara mhaith go, bun an chrainn, agus glaoidh ar an gceallaire chun an chluig do bhualadh." Ach ar dhul don Sionnach ag glaodhach air sin do léim an Madra amach ar an dtoirt agus ghreamuig an Sionnach agus chuir deireadh leis. Is minic a beirtear lé n-a mboighte féin ortha so a chuireas dolaidhe do dhaoinibh eile.
An Madra agus an Scáth. Do bhí bitheamhnach madra tréis blúire feóla do ghoid as shiopa brothaire, agus bhí ag dul treasna abhan ar a shlighe abhaile, nuair chonnaic sé a scáth féin sa tsruth. Ag machtnamh do gur madra eile agus blúire eile feola a bhí ann, chinn sé ar sin leis do bheith aige, thug snap ar an gcisde taidhbhse, ach má thug thuit an blúire a bhí aige uaidh, agus ar an gcuma so do chaill an t-iomlán. Tabhair fogha fén scáth agus caill an tádhbhact — is é gnáthdhán an té a chuireas luach dearbh i nguais na maithe taidhbhsighe.
An Luch Tuatha agus an Luch Bhaile Mhóir. Tráth n-aon do thug Luch Tuatha cuireadh d'á caraid, an Luch Baile Mhóir, ar son coidrimh seanaimsire, teacht fén dtuath ar cuaird chúiche. Do glaeadh leis an gcuireadh go deaghnósach, agus cé gur thuathalach, neamh- shlachtmhar, coigilteach í an Luch Tuatha, d'oscail sí a croidhe 'sa stór in onóir aoidh- eachta agus seancharad. Ní raibh aon ghoblach deaghthaisce nár thairng chúiche as a lóncha, piseánach, eórna, fuighleach cáise agus cnóidhte, lé hionchas go gcúiteóchadh lé breis an bhídh pé easba a bheadh air i gcáilidheacht, go réidhteóchadh i gceart lé béal a haoidhe cháiréisig. Do dheónuig Luch an Bhaile Mhóir blúire do phriocadh annso agus blúire do
phriocadh annsúd, an feadh a bhí a buar ag creimeadh ar léis tuighe eórnan. Dubhairt Luch an Bhaile Mhóir sa deireadh, "Connus bhruiceann tu, a chara, lé spadántacht na bheatha neamhshlachtmhaire seo? Táir ag mair- eachtaint mar buaf i bpoll. Dar ndóigh ní feárr leat na carraigeacha agus na coillte uaigneacha so ná sráideanna mar a mbíonn a liacht cóisdí agus daoine. Ar m'onóir go bhfuilir ag caitheamh do shaoghail go hanródhach gan mhaith annso. Ní fuláir dúinn a bhfuil san mbeatha do bhaint aiste faid bhímíd ann. Ní mhaireann luch go bráth na breithe. Ar an adhbhar san tair liomsa, agus teasbáinfeadsa saoghal agus an baile mór duit. Lé háiteamh na mbriathar mbreágh so agus an ghlóir líomhtha, d'aontuig an Luch Tuatha; agus thrialladar rómpa ar a dturus 'on bhaile mhór. Bhí sé deidheanach um thráthnóna nuair ghoideadar iad féin isteach 'on chathair, agus meádhon oidhche sar ar shroicheadar an tig mór mar ar chuir Luch an Bhaile Mhóir fúithe. Annsan bhí iomadhaide fé shróil chorcra, agus rudaidhe greanta as éabhar, agus gach aon rud a chialluig ionmhas agus socamhlacht. Ar an mbórd do bhí fuighleach fleidheáilne, gur cuarduigheadh rogha, na siopaidhe ar an mbaile an lá roime sin chun a sholáthruighthe. B'é turus an chúirteóra
bheith 'n-a buar anois. Chuir sí a cara ón dtuath ar phurpur, do rith thall 's abhfus ag soláthar do gach ceal dá raibh uirthe, do chuir mias ar mhuin méise chúiche agus sóghlas ar shóghlas, agus díreach mar bheadh ag freasdal ar rí, do bhlais gach cúrsa sar ar chuir os chómhair a carad tuatha é. Do leig an Luch Tuatha uirthe féin bheith ar a comhthrom, agus thug buidheachas don ádh a bheir a lithéid d'atharughadh 'n-a slighe bheatha. Ach i lár an aoibhneasa, agus í ag machtnamh ar an ndrochlón do thréig sí, oscladh an doras go hoban, agus isteach lé cóisire ádhbhachta a bhí ag teacht ó chuirm ragairne. Sciúird na luchaidh de'n mbórd agus uamhan ortha, agus chuadar i bhfolach san gcéadchúil a shroicheadar. Ní túisce bhí sé de dhánaidheacht ionta snámhcán amach airís ná theicheadar ó sceamhghal mad- raidhe, agus uamhan níos mó ná cheana ortha. Fé dheireadh nuair thaidhbhsig gach aon nidh go ciúin dóibh, d'éaluig an Luch Tuatha amach as an áit go raibh sí i bhfolach, agus ag fágaint slán 'gen a caraid, do chogair 'n-a cluais, "Ó, a chara mhaith, b'fhéidir go ndéanfadh an tslighe bheatha bhreágh so don ndream go dtaithnigheann leó; ach faghaim-se mo chuid aráin eórnan i síotcháin fé dhaingean roim an fleadh is cáiréisighe mar a mbíonn Eagla agus Aire ag freasdal."
An Leómhan agus an Luch. Do bhí leómhan 'n-a chodladh 'n-a ghnáthóig, agus Luch, ná raibh eólas aice ar rian a siubhail, rith treasna srón an ainmhidhe mhóir agus dhúisig é. Do bhuail an Leómhan a lapa ar an gcréatúir beag, scannruighthe, agus do bhí ar tí deireadh do chur léithe ar an dtoirt, nuair d'athchuinig an Luch, de ghlór truaig air, í d'anacal, gur gan choinne chuir sí fearg air, agus gan a lapa onórach do theimheal lé creich chómh suarach léithe féin. Do leig an leómhan fáthgháire fé eagla a bhráighe bhig, agus leig uaidh go fialbheartach
í. Níor bhfada 'n-a dhiaidh san gur thárla don Leómhan, agus é ag cuardach na coille d'á chreich, bheith i nguais ag lucht fiadhaig, agus ar bhfághail do bheith in achrann ann gan aon tsúil lé héalódh, do bhúir sé gur cómhchlos a mhacalla ar fuaid na foraoise. Ar aithneamhaint glóir a dídeanóra don Luich, do rith sí go dtí'n mball, agus gan tuilleadh agó do chrom ar chogaint snaidhme an chórda a chuibhrig an Leómhan, agus gan rómhoill do thug cead a chos don ainmhidhe uaibhreach; ar an slighe seo ghá chur 'n-a luighe air gur b'annamh théidheann an mhaith amugha, agus ná fuil aon chréatúir chómh mór san fé bhun a chóimhchréatúra ná go mbeadh sé ar a chumas deighghníomh do chúiteamh. An Granubhall, an t-Ubhall agus an Dris. Do thárla iomarbháidh i dtaobh áilneachta idir Ghranubhall, agus Ubhall. Ar bheith don gcainnt go dána eatartha, agus an t-imreas ag dul i ngéire, do sháidh Dris a ceann amach as thor chómhgarach agus scread, "tá diospóireacht fada ár ndóthain déanta againn; ná bíodh tuilleadh comórtais ead- rainn." Is minic gur b'iad an dream is suaraighe an dream is prómhaidhe.
An Chearc agus an Cat. Chualaidh Cat go raibh Cearc 'n-a luighe breóidhte, agus thug cuaird cómhfhurtachta uirthe. Buail sé chúiche fé dhéin na leapan, agus dubhairt léithe, "Connus taoi, a chara ionmhuin? Cad is féidir liom do dhéanamh duit? Cad é an t-easba atá ort? Agus innis dom má tá aon rud ar domhan dob fhéidir liom do dhéanamh duit; ach bíodh misneach ort, agus ná tagadh uamhan ort." "Go raibh maith agat," ars an Chearc, "bí chómh maith san agus go bhfágfair me, agus níl aon eagla orm ná go raighead i bhfeabhas go luath." Aoidhe gan chuireadh is gile a imtheacht. "Má thagann tu ar phósadh gan cuireadh beir leat stóilín chun suidhte." — Seanfhocal.
An Loscán agus an Damh. Damh, a bhí ag inbhear ar chluain corraig, do chuir a chos lé cinneamhaint ameasc scata Loscán óg, agus ní mór nár dhéin bhrughain mharbh den ál go léir. Ceann aca a éaluig do rith chun a mháthar leis an scéala uathbhásach. "Agus, a mháthair!" ar seisean, "brúid — brúid áidhbhéil, cheathairchosach! — a dhein é." "Aidhbhéil?" do ráidh an Seanloscán. Cá mhéid? An raibh sé chómh mór" — agus do shéid agus bhorr í féin go rómhór — "chómh mór so?" "Ó" ars an rud beag, "i bhfad níos mó ná san." "Seadh an raibh
sé chómh mór so?" agus do theann é féin níos mó, "go deimhin acht, a mháthair, do bhí; agus dá bpléascfá tu féin ní bheithfeá go deó leath chómh mór leis." Do spriog a lithéid de cháineadh ar a chómhacht an Sean- loscán. Do dhein iarracht eile, agus do phléasc í féin go deimhin. Ar an gcuma so milltear daoine d'iarraidh dáil nách dual dóibh do shroichint. An Gadhar Tighe agus an Machtíre. Oidhche bhreágh spéirghealaighe do thárlaidh Machtíre scruitíneach, ocrach ar Ghadhar Tighe beathuighthe, feólmhar. Tréis cainnte do chur ar a chéile, ars an Machtíre, "Connus, a
chara chóir, go bhfuil deallramh chómh slíogach san ort? Nách maith réidhtigheann do chuid leat! agus sid é mise, de ló agus d'oidhche, ag saothrughadh dhom féin, agus is ar éigean is féidir liom me féin do chongbháil ó bhás gorta." "Seadh" ars an Gadhar, "má budh mhian leat bheith chómh cothuighthe liomsa, níl agat ach déanamh mar dheinim-se." "Go deimhin!" ar seisean, "agus cad san?" "Tig an mháighistir do chosaint dar ndóigh agus gadaidhthe do choimeád ón áit ist oidhche." "Ó chroidhe amach; mar fé láthair níl agam ach saoghal suarach. Obair dhian dómh-sa seadh an bheatha so na coille agus a cuid seaca a's báistighe. Dar liom nách olc an malartughadh beatha dhom tig tirim, cluthmhair do bheith os mo chionn agus lán builg de thomhaltas do bheith im aice i gcómhnaidhe." "Is fíor," ars an Gadhar; "ar an adhbhar san lean mise." Agus iad ag imtheacht leó do thug an Machtíre fé ndeara rian i muineál an Ghadhair, agus lé bárr fiosrachta ní fhéad- fadh foidhne ar fhiafraighe cad budh bhun leis. "Púth! faic in ao'chor," ars an Gadhar. "Mara b'eadh, guidhim thu" — ars an Machtíre, "Ó, rud suarach, b'fhéidir an muinche go mbíonn mo shlabhra ceangailte dhe —" "Slabhra do!" scread an Machtíre, agus iongadh air; "Ní mheádhair a rádh nách féidir
leat teacht a's imtheacht pé uair agus pé áit is mian leat?" "Dar ndóigh, ní mór go bhféadfainn, b'fhéidir; tá sé de theist orm bheith mós malluighthe, mar sin ceangluightear uaireannta de ló me, ach gaibhim orm duit go mbíonn lánchead mo chos ist oidhche agam, agus tugann an máighistir mo chuid bídh dom d'á phláta féin, agus tugann na feadhmannaig na greamanna mílse dhom, tá an oiread san leagadh aca liom — ach cad tá ort? Cá bhfuilir ag imtheacht?" "Ó, go n-eirighidh an oidhche leat," ars an Machtíre, "tá fáilte rómhat chun do chuid sóghlaistí; ach maidir liomsa, screamh chruaidh agus cead mo chos roim shocamhlacht rígh agus Slabhra." An Correach. Correach a bhí dulta i mbeathuightheacht agus i dteasbamhlacht ar iomad cantaim eórnan, do chrom lá ar léimrig agus ar speachghal, agus sa deireadh do thóg a earball agus dubhairt, "Capall ráis dob eadh mo mháthair, agus táim gach aon phioc chómh maith léithe-se." Ach ar eirghe cortha, tnáidhte dá chosanáirde a's dá dhamhas, do chuimhnig sé ar an dtoirt gur bh'Asal a athair.
Bíonn dhá thaobh ar gach fírinne; is maith an rud iad araon do thabhairt fé ndeara sara dtaobhuighimíd lé haon cheann aca. An Ghealach agus a Máthair. D'iarr an Ghealach ar a Máthair, tráth, clóca beag oireamhnach do dhéanamh di. "Connus," d'fhiafruig sise, "is féidir liom clóca oireamhnach do dhéanamh duit-se, a bhíos seal id Nuadhghealaig, seal id Lánghealaig, agus seal eile gan tu mar seo ná mar siúd?" An t-Asal agus an Feicide. Ar chlos gliogarnaighe Feicidí lá d'Asal, do chuir a gceól aoibhneas air, agus chuir roimis, dá bhféadadh é, dul i gcomórtas leó, agus d'fhiosruig díobh cad ar gur bheathuigh- eadar iad féin a's gur bhféidir leó ceól chómh binn do dhéanamh. Nuair dubhradar leis gur ar dhrúcht amháin do mhaireadar, do thug an t-Asal é féin ar an gcóir bhídh gcéadna san, ach níor bhfada go bhfuair bás lé hocras. Biadh do dhuine nimh do dhuine eile. "Rud a chothuigheas duine rud a mar- bhuigheas duine." An lus go bhfaigheann an bheach mil as gaibheann an duine nimh as.
An Girrfhiadh agus an Sceallbholg. Dhein Girrfhiadh fonmhód fé Sceallbholg mar gheall ar mhoille a chéime. Ach gháir an Sceallbholg fé, agus dubhairt go raigheadh ag rás leis aon lá d'ainmeóchadh sé. "Seo linn," ars an Girrfhiadh, "cidhfir go luath cad de go bhfuil mo chosa-sa déanta." Uime sin socruigheadh eatartha go dtosnóchaidís gan moill. D'imthig an Sceallbholg láithreach ag geamhshiubhal ar a ghnáththruslóig. Níor chuir an Girrfhiadh ach beagshuim sa chúrsa, agus dubhairt leis féin go ndéanfadh néal ar dtúis, agus gur gheárr an mhoill air breith
ar an Sceallbholg. Ar an am gcéadna do threabhuig an Sceallbholg leis, ach an Girrfiadh a chodail tar cailc, sé uair shroic sé an sprioc, díreach agus an Sceallbholg ann roimis. Mall cómhshnáthach bhuaidheas an rás. An Partán agus a Mháthair. Dubhairt Seanphartán, lá, lé ceann óg, "Cad fáth go siubhallair chómh cam san, a leinbh? Siubhall díreach!" "A mháthair," ars an Partán óg, "teasbáin an tslighe dhom, an dteasbáin fir? agus nuair chidhfead rian díreach id dhiaidh, tabharfad iarracht ar tu do leanamhaint." Is fearr solaoid ná teagasc. Iúipitear agus an Camall. Nuair iarr an Camall, sa tseanaimsir, ar Iúipitear adharca do bhronnadh air, mar gur dhoilgheas mhór leis iad d'fheicsint ar ainmhidhthibh eile, agus a gceal air féin; ní hamháin gur dhiúltuig Iúipitear na hadharca, ach chiorrbhuig sé cluasa an Camaill mar gheall ar a liosdacht. Is móide dhúinn an beagán a bhíos againn do chailleamhaint trí iomad do lorg.
An Sceallbholg agus an Fiolar. Sceallbholg, a bhí go déis- teanach den saoghal úiríseal a bhí ghá chaitheamh aige, nuair chídheadh sé an oiread éan, a chómharsain, dá súgradh féin san aer, mach- tnuigheadh do dá
bhféadadh dul anáirde aon uair amháin, go n-eiteallóchadh sé chómh maith leis an gcuid a b'fheárr aca, agus uime sin do ghlaoidh ar Fhiolar agus thairng do a raibh de chisde san mbóchna dá múineadh do connus eiteall. Do chuir an Fiolar i gcéill do, ní hamháin gur bh'aistearach an taidhreamh é ach gur dhoidhéanta, agus dhiúltóchadh do ach go ndeaghaidh an Sceallbholg chómh dian san air lé hathchuinghe agus lé geallamhaint gur aontuig sé sa deireadh a dhícheall do dhéanamh do. Uime sin ghá árdach anáirde go hárd san spéir don bhfiolar, do bhog a ghreim de agus d'éig air, "Anois mar sin!" ach sar ar bhféidir leis an Sceallbholg focal d'fhreagairt, do thuit sé 'n-a phleist ar charraig, agus deineadh blodhtacha de. Is é dán an uabhair tuiteam.
An t-Uan agus an Machtíre. Do ghlac Uan go raibh Machtíre ar a thóraidheacht dídean i dteampall. Ar sin do ghlaoidh an Machtíre air, go ndubhairt go marbhóchadh an sagart é dá mbeireadh air. "Bíodh sé mar sin," ars an t-Uan, "is feárr m'iodhbairt ar son Dé, ná mé d'alpadh agat-sa."
An t-Aodhaire Garsúna agus an Mach- tíre. Aodhaire garsúna, a bhíodh ag tabhairt aire do thréad caorach in aice sráidbhaile bhíodh sé de bhéas aige uaireannta é do bheith mar chaitheamh aimsire aige glaodhach ós árd, "Machtíre! Machtíre!" Dhó nó trí d'uairibh d'eirig lé n-a chleas. Thagadh a raibh ar an sráidbhaile 'n-a rás fé dhéin a chónganta, agus 'sé a bhfaighidís 'n-a dhíol uaidh, bheith ag gáirí fútha. Fé dheireadh tháinig an Machtíre lá gan dearmhad. Do scread an Garsún i ndáiríribh, ach shaoil na cómharsain gur ag gabháil dá sheanchleasaidheacht a bhí sé, agus níor chuireadar aon nath in a éigheamh, agus d'alp an Machtíre na caoire. Ar an gcuma so foillsigheadh don nGarsún, nuair bhí sé ródheidheanach aige, ná creidtear an fhírinne ón nduine bréagach.
An Príochán agus an Crúsca. Príochán, a bhí ar barrghal báis lé tart, do léim go fonnmhar fé dhéin Crúsca, a chonnaic sé tamall uaidh. Acht ar theacht chuige dho, fuair sé an t-uisce chómh híseal san nár bhféidir leis é do shroicheamhaint, budh chuma cad é cromadh ná searradh bhaineadh sé as féin. Ar sin thug iarracht ar an gCrúsca do bhriseadh; annsan a bhéal do bhualadh fé, ach ní raibh sé in acfuinn nirt so ná súd do dhéanamh. Sa deireadh, ar bhfeicsint púróg beag in aice dho, chaith mórchuid aca, ceann ar cheann, 'on Chrúsca,
agus ar an gcuma so d'árduig sé an t-uisce go bruach an Chrúsca agus mhúch a thart. Mar a dteipeann fóirneart eirigheann lé clisdeacht agus foidne. "Múineann gádh seift. "An té ná fuil láidir ní fuláir do bheith glic." An Gualadóir agus an t-Úcaire. Gualadóir, go raibh níos mó slighe 'n-a thig aige ná theastuig uaidh féin, d'iarr ar Úcaire teacht chun aontighis leis. "Go raibh maith agat," ars an t-Úcaire, "ach ní fuláir dom do thairsgint do dhiúltadh, mar is eagal liom go ndúbhfá-sa mo chuid earraidhe mar ghealfainn-se iad. In áit ná bíonn cosamhlacht ní bhíonn ceanamhlacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services