Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fabhail-scéalta ó Aesop 1

Title
Fabhail-scéalta ó Aesop 1
Author(s)
Aesop,
Pen Name
Seán a' Chóta (Aistr.)
Translator
Ó Caomhánaigh, Seán
Composition Date
1925
Publisher
Alec Tom agus a chuid, Teóranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FABHAIL-SCÉALTA
Ó AESOP


L. 3


An Boghadóir agus an Leómhan.



Fear a bhí an-chliste le n-a bhogha, chuaidh
suas ameasc na sléibhte ag fiadhach. Ar
dhruideam do leis an áit tháinig uamhan mór
agus ruathar ar na fiadhbheithidheachaibh go
léir, ach ar an Leómhan amháin a chuir crot
troda air féin. "Stad," ars an boghad-
óir, "agus fan lém' theachtaire; tá rud
éigin lé rádh aige leat." Leis sin do chaith
sé saighead leis an leómhan, agus ghoin sa
chliathán é. Do theich an Leómhan agus frean-
gaidhe tinnis air isteach i lár doire, ach ar a
fheicsint do Shionnach ag rith, do ghoir air
misneach do ghlacadh, agus aghaidh do thabhairt
ar a namhaid. "Ní dhéanfad," ars an


L. 4


Leómhan, "ní chuirfir 'n-a luighe orm-sa san
do dhéanamh; mar má tá an teachtaire
chuireann sé uaidh chómh gonta so, cad é
cómhacht an té a chuireas uaidh é?"



An Bhaintreabhach agus an Chearc.



Baintreabhach a bhí ann go raibh cearc aici
a rugadh ubh gach maidean. Mhachtnuig an
bhean so léithi féin, "Má dhúbluighim cantam
eórnan mo chirce béarfaidh sí dhá uair sa
ló." Uime sin bhain sí tástáil as a cúinse,
agus d'eirigh an Chearc chómh beathuighthe
slíogach san gur stad sí ar fad de bhreith.



Ní i gcómhnaidhe thagann áireamh agus
áirighthe lé chéile.



An Seangán agus an Feicide.



Lá fuar seaca thairng Seangán chuige cuid
den arbhar a bhí cnuasuighthe aige i rith an
tsamhraidh chun a thriomuighthe. D'athchuinig
Feicide a bhí leath-chaillte leis an ocras é,
goblach do thabhairt do chun an anama do
choimeád ann. "Cad bhí agat ghá dhéanamh
i rith an tsamhraidh seo chaithte?" ars an
Seangán, "Ó," ars an Feicide, "ní rabhas
díomhaoin. Do thugas me féin ar chantain
i rith an tsamhraidh ar fad." Dubhairt an
Seangán go leamhgháireach, a's é ag dúnadh a


L. 5


ghránlainn, "Óir nár mhisde leat bheith ag
cantain i rith an tsamhraidh, ní misde dhuit
bheith ag rínnce i rith an gheimhridh."



Caitheamh an gheimhridh cómhartha cnuasta
an tsamhraidh.



An Coileach agus an tSeód.



Ar mbeith do choileach ag scríobadh ameasc
tuighe i mbannrach, ar lorg bídh dos na
cearcaibh, do rángaidh sé ar sheóid a shroich
an áit ar shlighe éigin. "Hó!" ar seisean,
"is róbhreágh an rud tu, gan amhras, dóibh seo
gur luach leó thu; ach faghaim-se gráine eór-
nan aon lá roim phéarlaidhe an domhain uile."


L. 6


Coileach ciallmhar dob eadh an coileach so;
acht tá mórán daoine ann ná bíonn aca ach
dímheas ar rud luachmhar toisc ná tuigid é.



Cág Mustarach.



Cág a bhí chómh mustarach, tóirtéiseach
agus b'fhéidir lé Cág do bheith, chruinnig
cleití a bhí spealtha ag peacógaibh, agus do
sháidh iad ameasc a chleití féin, agus lé
droichmheas ar a sheanchuallaidhthibh, do chuaidh
go prómhaidhe ameasc scata des na peacó-
gaibh áilne. Thugadar san an cleathamhnach
fé ndeara ar an dtoirt, agus bhaineadar
na cleití iasachta dhe, agus ghabhadar dá
ngobaibh air, gur chuireadar an ruaig air.
Do ghluais an cág mío-ádhmharach go tinn,


L. 7


brónach, smachtuighthe fé dhéin a chuallaidhthe
tráth, agus budh mhian leis claoidhe leó díreach
mar a's nár thárlaidh faic do. Chuimhnigheadar
san, ámhthach, ar na geámaidhibh a chuir sé air
féin roime sin, agus do ruaigeadar as a
gcómhluadar é, agus theagaisc ceann aca, go
raibh a luighead san measa aige ortha seal
beag roime sin, é ar an gcuma so: "Dá
mbeitheá sásta leis an gclódh do chuir an
nádúir ort, do raghfá ó shmachtughadh t'uach-
tarán agus ó tháir do chóimhleacaidhthe."



An Buachaill agus an Scairp.



Do bhí buachaill ar thóir luschuach ar fhalla,
agus do rug ar mhórchuid díobh; go bhfeacaidh
sé Scairp, agus bhí de dhearmhad air gur
shaoil gur luschuach eile í. Díreach agus é ag
leathdhúnadh (ag cuachadh) a láimhe chun beirthe
uirthe, thóg an Scairp a cealg, agus dubhairt:



"Budh mhian liom go ndéantá é, mar chur-
finn iachall ort gan moill mé do leigeant
uait, agus na luschuacha maidir liom, mar
bhárr ar an scéal."



An Beithir agus an Sionnach.



Do mhaoidheadh beithir as a iomarcach shearc
don gcineadh daonna, ghá rádh nár chiap agus
nár thuargain riamh fear marbh. Do ráidh an


L. 8


Sionnach, agus fáthgháire air, "budh mhóide
mo mheas ar do ghlór dá mbeitheá gan é
d'itheadh 'n-a bheathaidh."



Is feárr duine do shaoradh ón mbás ná
a chorp do choigilt.



An Fhaoilean agus an Cromán.



Faoileán go raibh breac greamuighthe aice,
agus gur thug iarracht ar a shlogadh, bhí sé
dá thachtadh, agus shín ar léibheann luinge
mar bheadh marbh. Cromán a bhí ag gabháil
thart, agus a chonnaic é, seo ar thug sé
d'fhurtacht dó —



"Tuilleann tú é; mar cad é cúram
éanlaithe an aoir baint lé héisceannaibh na
mara."


L. 9


An Meanán agus an Machtíre.



Meanán a bhí dulta anáirde ar bhuaic
tighe aoird, agus a chonnaic uaidh anuas fé
n-a bhun Machtíre ag gabháil thar brághaid, do
chrom ar aithis do thabhairt do. Stad an
Machtíre díreach chun an freagra so do
tabhairt air, "A Mheathtaig! ní tusa thugas


L. 10


aithis dom-sa ach an áit ar n-a bhfuilir id
sheasamh."



An t-Oisín agus a Mháthair.



Dubhairt oisín lé n-a mháthair, "a mháthair,
is toirteamhla thu ná aon mhadra, agus is
luaithe agus is feárr anál, agus tá adharca
ort chun do chosanta; connus mar sin go
mbíonn an oiread san eagla ort roim
chonairt?" Do dhein an mháthair miongháire
go ndubhairt, "An uile rud aca san, a
leinbh, is eólach dom go han-mhaith; ach ní
túisce chloisim madra ag sceamhghal, ná ar
shlighe éigin nó eile, go n-árduigheann mo
chosa chun siubhail me chómh mear agus is
féidir leó me d'iomchar."



Ní maitheas bheith ag tafant misnig ar
mheathtach.



An Dá Mhealbhóig.



Níl aoinne ná go bhfuil dhá mhealbhóig ar
iomchar aige, ceann ar a bhéalaibh agus ceann
ar a chúlaibh, agus iad araon lán de lochtaibh.
Ach is de lochtaibh a chómharsan a bhíos an
ceann ar a bhéalaibh lán, agus dhá lochtaibh
féin an ceann ar a chúlaibh. Ar an gcuma
so 'seadh thárla go mbíonn an duine dall ar
a lochtaibh féin, ach go mbíonn lochta a
chómharsan lánshoiléir do.


L. 11


An Machtíre agus an Corr Glas.



Do cheangail cnámh i scórnaig Machtíre,
agus rith síos suas fé iomghoin rómhór, ag
athchuinghe an uile ainmhidhe a bhuail uime é
d'fhuascailt: ar an am gcéadna ag geall-
amhaint díolfiach galánta don ainmhidhe go
n-eireóchadh leis. Do chorruig a athchuinghe
agus a gheallamhaint Corr Glas, agus chuaidh
seisean i leith a mhuiníl mhóir do shádh síos i
gcraos an Mhachtíre, agus thairng aníos an
cnámh. D'iarr sé annsan go míonla an
díolfiach do gealladh do. Dhein an Machtíre
drannadh agus scúig a fhiacla, chuir deallramh
uilc air féin, ghá fhreagairt, "A rud neamh-


L. 12


bhuidhig, aon díolfiach eile do lorg seachas
leigeant duit do cheann do chur i mbéal
Machtíre agus a thabhairt saor amach airís!"



Ní gádh dhóibh seo ná bíonn carthanach ach
lé hionchas cúitimh iongadh do bheith ortha má
gheibhid níos mó fonmhóid ná buidheachais ar
bheith ag pléidh dhóibh lé drochdhaoinibh.



An tSeanchú.



Cú, budh shárchú lé n-a línn, agus a dhein
fóghnamh maith d'á mháighistir (maor) ar pháirc
an fhiadhaig, do chnaoidh sí sa deireadh lé
hualach na mblian agus lé buaidhreamh. Lá
n-aon agus í ag fiadhach an tuirc fhiadhain


L. 13


rug sí ar chluais air, ach ar ghéilleadh dá
fiaclaibh, b'éigean di a greim do scaoileadh,
agus thug an torc na cosa leis. Ar bhfeic-
sint sin don bhfiadhaidhe do tháinig ar an
láthair agus chrom ar mhasladh na con, ach
d'fhreagair an madra bocht, fann.



"Anacail do sheanfheadhmanach! dob í an
chómhacht agus níor bh'í an toil do theip orm.
Is beithte dhuit cuimhneamh ar cad bhí ionam ná
mé do mhasla mar gheall ar cad atá ionam."



An Cromán agus na Colúir.



B'fhada b'eaglach iad ádhbhar colúr roim
chromán, ach ar bheith dhóibh ar a mbiorda do
shíor, agus ag fanacht in aice a gcolmcha
d'eirig leó go dtrásta ionnsaidhe na namhad
do sheachaint. Ar bhfághail don gcromán
nár tháinig toradh dá chuid fogha do bhí a
thriall ar chluain: "Cad n-a thaobh," ar
seisean, "gur feárr libh an bheatha síorim-
nidhe seo nuair dhaingneóchainn-se sibh in
aghaidh gach ionnsaidhe a déanfí oraibh dá
ndéanfadh sibh rí díom oraibh?" Do chuir
na colúir iontaoibh 'n-a ghlór, agus ghair-
meadar air chun na corónach; ach níor thúisce
suidhte dho ann ná dhein gnáth dá phríbhléid,
colúr d'alpadh gach lá. Air sin, sé adubhairt
ceann aca a bhí ag feitheamh lé huain a bháis,
"Is é atá tuillte againn i gceart."


L. 14


Iad so a chuireas cómhacht go toilteanach
i nglaic tíoránaig nó namhad, ní beithte dhóibh
iongadh do bheith ortha má castar 'n-a n-aghaidh
féin fé dheóidh í.



An Sionnach agus an Gabhar.



Do thuit Sionnach isteach i dtobar, agus
bhí ag casadh lé teacht amach ar feadh i bhfad
gur tháinig gabhar sa deireadh chun na háite
go raibh air fonn díghe d'ól, agus d'fhiafruig
de'n Sionnach má bhí an t-uisce go maith
agus má bhí go leór de ann. Do cheil an
Sionnach an mhórghuais a bhí air, agus d'fhreag-
air: "Tar anuas, a chara; tá an t-uisce
chómh maith san nách féidir liom mo dhóthain


L. 15


de d'ól, agus chómh flúirseach san nách féidir
a dhísciughadh." Ar sin do léim an gabhar
gan tuilleadh agó isteach 'on tobar; agus
chómh luath agus fuair an Sionnach comhthrom
ar adharcaibh a charad do léim chómh pras
céadna aníos; agus dubhairt go míonáireach
leis an ngabhar bocht, meallta, — "Dá mbeadh
leathoiread inchinn agat agus tá de
mheigeal, bhreithneófá sar ar léimis."



An Fiolar agus an Sionnach.



Chómhnuig Fiolar agus Sionnach go sítheach,
grádhach i bhfochair a chéile mar deaghchómharsain
ar feadh i bhfad; an Fiolar i mbárr chrainn
aoird, an Sionnach i bpoll ag bun an chrainn.
Lá n-aon, ámhthach, faid agus bhí an Sionnach
lasmuigh do thug an Fiolar sidhe fé n-a
choileán an t-Sionnaig agus d'árduig leis
chun a neide é. Do mhachtnuig nár bhaoghal do
díoghaltas an tSionnaig 'n-a ghnáthóig aoird.
Ar bhfilleadh abhaile don Sionnach, do chas sé
leis an bhFiolar an bheárna caradais a bhí
déanta aige, agus d'iarr go dúthrachtach air a
choileán d'aisirghe dho, acht ar bhfághail do
gur dhíomhaoin í a athchuinge, do sciob sé
trillseán de theineadh altóra a bhí i ngiorracht
do, agus thug lasair agus deatach don
gcrann. Do chuir san iachall ar an bhFiolar,
dá eagla féin agus a chuid geárrcach, an


L. 16


coileán d'aisirghe, an coileán céadna
dhiúltuig sé dá athchuinge roime sin.



Gidh go mbféidir gur beag ar an
dtíoránach deóra an dreama bhíos fé cheann-
smacht aige, ní bhíonn dul ó n-a ndíoghaltas
aca.



An t-Each agus an t-Eachlach.



Eachlach a ghoideadh agus a dhíoladh arbhar
a chapaill, do bhíodh go cúramach ghá chóiriughadh
agus ghá ghiobadh ar feadh an lae ar fad.
"Más mian, dáiríre leat, deallramh maith
do bheith orm, beir dom níos lugha ded chíoradh
agus breis ded chuid arbhair," ars an capall.


L. 17


Na Cuileanna agus an Pota Meala.



Do leagadh pota meala i siopa gáineál-
aidhe, agus bhailig saithí cuileanna 'n-a
thímcheall chun a ithte, ná ní chorróchaidís ón
mball faid agus bhí srabh ann. Sa deireadh
dhlúithcheangail an oiread san den mhil ar a
gcosaibh ná féadfaidís eiteall, agus iad dhá
mhúchadh san milseán rómhilis d'éigheadar,
"Nách sinn na rudaidhe mío-ádhmharacha a
chaith uainn an bheatha ar fad ar son aoibhnis
uaire!"



An Sionnach agus an Leómhan.



Sionnach ná feacaidh riamh go dtí san
leómhan, ar bhualadh uime dho den gcéad uair
trí chinneamhaint, tháinig an oiread san eagla
air nách mór ná go bhfuair bás leis an
scannradh.


L. 18


Nuair bhuail sé uime an dara huair, bhí
an t-eagla céadna air fós, ach d'eirig leis
a eagla do cheilt.



Nuair chonnaic sé an tríomhadh huair é,
bhí sé calmuighthe chómh mór san go ndeaghaidh
chuige agus gur fhiafruig de connus mar bhí
aige.



Méid na haithne a mhéaduigheas an tar-
cuisne.


L. 19


An Fear Tuatha agus an Nathair.



Ar mbeith d'Fhear Tuatha ag filleadh abhaile,
lá geimhridh, tháinig sé ar nathair cois claidhe,
leathmharbh leis an bhfuacht. Ghlac truagh don
ainmhidhe é, bhuail chuige 'n-a bhrollach é agus
d'árduig leis abhaile chun a theinteáin chun é
d'aithbheodhachtaint. Ní túisce d'aisirig teas
na teineadh an nathair ná chrom ar leanbhaidhibh
an bhotháin d'ionnsaidhe. Leis sin rug an
Fear Tuatha ar ghrafán agus mhairbh ar an
láthair an nathair a shaor sé le truagh dho
roime sin.



Iad so a chúitigheas maith lé holc, ná bíodh
súil aca lé truagh a gcómharsan i gcómhnaidhe.



Na Rothanna Gíoscáin.



Ar bheith d'ádhbhar Damh ag tarang cuin-
girighe ar bhóthar aindeis, do dhein na Rothanna
gíoscán uathbhásach. "A bhrúid!" d'éig
tiománaidhe na cuingirighe; "cad fáth go
ndeinir cneadach mar seo, agus iad so atá
ag tarang an ualaig ar fad 'n-a dtost?"



Ní hiad is aoirde cnead is minicidhe is
mó saothar.


L. 20


Na Coilig Throda agus an Fiolar.



Do bhí dhá Choileach óga ag troid chómh fíoch-
mhar agus dá mbudh beirt fhear iad. Ar deir-
eadh do claoidheadh ceann aca agus d'únamh
leis isteach go cúine i gcródh na gcearc agus é
lánghonta. Acht d'eiteall an coileach buadhach
lomdíreach go mullach an tighe, agus chrom ar
a sciathánaibh do ghreadadh agus ar ghlaodhach
do chur a bhuadha in iúil go lúthgháireach. Ar
an uain sin do bhí fiolar ag seóladh thart
san aer, ghreamuig 'n-a chrúcaidhibh an coileach
agus d'árduig leis é, gur eirig an t-éiligh-
theóir claoidhte amach ó 'n-a áit folaig agus
ghaibh seilbh an chairn aoilig gur throideadar
ar a shon.


L. 21


An Machtíre agus an t-Uan.



Ar bheith do Mhachtíre ag lealghadh uisce ar
cheann srotháin reatha, do dhearc sé Uan fáin
achar uaidh síos an srothán, ag cosadghal san
uisce. Ar chinneadh 'n-a aigne dho é do
ghreamughadh, mhachtnuig leis féin connus
b'fhéidir leis an éagcóir do chur 'n-a cóir.



"A chladhaire!" ag rith chun an Uain, "nách
dána an bheart agat an t-uisce atá ghá ól
agam do shailiughadh." "Go deimhin," ars an
t-Uan go humhalta, "ní feictear dom
connus is féidir liom an t-uisce do shail-
iughadh, óir is uait-se chugham-sa, agus ní
uaim-se chughat-sa tá sé ag rith." "Bíodh san
mar tá," d'fhreagair an Machtíre, "níl
ann ach bliain ó shoin gur thugais drochainm-
eacha orm." "Ó, a dhuine chóir!" ars an
t-Uan, agus creathadh air, "bliain ó shoin
ní rabhas saoghaluighthe." "Seadh," ars an
Machtíre, "muna tusa a bhí ann is é t'athair
a bhí ann, agus is ionann san; ach ní haon
mhaith bheith d'iarraidh mise do chur dem' shéire
lé hargóint," — agus gan focal eile d'ionn-
saidh sé an t-Uan bocht, míthreórach agus dhein
greamanna seabhaic de!



Choidhche ní bhíonn gádh leithscéal ag tíor-
ánach, agus is beag é cad na ndaoine ná
bíonn ar a dtaobh ach neamhurchóid agus ceart
seasamh in aghaidh éagcóra na gcómhachtach.


L. 22


An Madra, an Coileach agus
an Sionnach.



Ar dhéanamh coidrimh do
Mhadra agus do Choileach, do
ghluaiseadar ag taisdeal i
dteannta a chéile. Tháinig
tuiteam oidhche ortha i gcoill;
mar sin do léim an Coileach
anáirde i gcrann agus thúirling
ameasc na mbeangán, agus
shín an Madra fé ag bun


L. 23


an chrainn, agus tháinig múisiúm air. Ar
aosughadh don oidhche agus ar ghealadh don lá,
do chrom an Coileach, dréir a ghnátha, ar
ghlaodhach go caolghlórach. Ar a chlos do
Shionnach, machtnuigheadh do béile do dhéanamh
de, agus tháinig agus sheasaimh ag bun an
chrainn, agus dubhairt leis — "Is éan beag
maith, áiseamhail thu dod chómhchréatúiríbh.
Tair anuas mar sin go gceileabhram ár
dtrátha agus go ndéanam gáirdeachas i
bhfochair a chéile." D'fhreagair an Coileach,
"Imthig, a chara mhaith go, bun an chrainn,
agus glaoidh ar an gceallaire chun an chluig
do bhualadh." Ach ar dhul don Sionnach ag
glaodhach air sin do léim an Madra amach ar
an dtoirt agus ghreamuig an Sionnach agus
chuir deireadh leis.



Is minic a beirtear lé n-a mboighte féin
ortha so a chuireas dolaidhe do dhaoinibh eile.


L. 24


An Madra agus an Scáth.



Do bhí bitheamhnach madra tréis blúire
feóla do ghoid as shiopa brothaire, agus bhí ag
dul treasna abhan ar a shlighe abhaile, nuair
chonnaic sé a scáth féin sa tsruth. Ag
machtnamh do gur madra eile agus blúire
eile feola a bhí ann, chinn sé ar sin leis do
bheith aige, thug snap ar an gcisde taidhbhse,
ach má thug thuit an blúire a bhí aige uaidh,
agus ar an gcuma so do chaill an t-iomlán.



Tabhair fogha fén scáth agus caill an
tádhbhact — is é gnáthdhán an té a chuireas luach
dearbh i nguais na maithe taidhbhsighe.


L. 25


An Luch Tuatha agus an Luch Bhaile Mhóir.



Tráth n-aon do thug Luch Tuatha cuireadh
d'á caraid, an Luch Baile Mhóir, ar son
coidrimh seanaimsire, teacht fén dtuath ar
cuaird chúiche. Do glaeadh leis an gcuireadh
go deaghnósach, agus cé gur thuathalach, neamh-
shlachtmhar, coigilteach í an Luch Tuatha,
d'oscail sí a croidhe 'sa stór in onóir aoidh-
eachta agus seancharad. Ní raibh aon ghoblach
deaghthaisce nár thairng chúiche as a lóncha,
piseánach, eórna, fuighleach cáise agus
cnóidhte, lé hionchas go gcúiteóchadh lé breis
an bhídh pé easba a bheadh air i gcáilidheacht,
go réidhteóchadh i gceart lé béal a haoidhe
cháiréisig. Do dheónuig Luch an Bhaile Mhóir
blúire do phriocadh annso agus blúire do


L. 26


phriocadh annsúd, an feadh a bhí a buar ag
creimeadh ar léis tuighe eórnan. Dubhairt
Luch an Bhaile Mhóir sa deireadh, "Connus
bhruiceann tu, a chara, lé spadántacht na
bheatha neamhshlachtmhaire seo? Táir ag mair-
eachtaint mar buaf i bpoll. Dar ndóigh ní
feárr leat na carraigeacha agus na coillte
uaigneacha so ná sráideanna mar a mbíonn
a liacht cóisdí agus daoine. Ar m'onóir
go bhfuilir ag caitheamh do shaoghail go
hanródhach gan mhaith annso. Ní fuláir dúinn
a bhfuil san mbeatha do bhaint aiste faid
bhímíd ann. Ní mhaireann luch go bráth na
breithe. Ar an adhbhar san tair liomsa,
agus teasbáinfeadsa saoghal agus an baile
mór duit. Lé háiteamh na mbriathar
mbreágh so agus an ghlóir líomhtha, d'aontuig
an Luch Tuatha; agus thrialladar rómpa ar
a dturus 'on bhaile mhór. Bhí sé deidheanach
um thráthnóna nuair ghoideadar iad féin
isteach 'on chathair, agus meádhon oidhche sar
ar shroicheadar an tig mór mar ar chuir Luch
an Bhaile Mhóir fúithe. Annsan bhí iomadhaide
fé shróil chorcra, agus rudaidhe greanta as
éabhar, agus gach aon rud a chialluig ionmhas
agus socamhlacht. Ar an mbórd do bhí
fuighleach fleidheáilne, gur cuarduigheadh rogha,
na siopaidhe ar an mbaile an lá roime sin
chun a sholáthruighthe. B'é turus an chúirteóra


L. 27


bheith 'n-a buar anois. Chuir sí a cara ón
dtuath ar phurpur, do rith thall 's abhfus ag
soláthar do gach ceal dá raibh uirthe, do chuir
mias ar mhuin méise chúiche agus sóghlas ar
shóghlas, agus díreach mar bheadh ag freasdal
ar rí, do bhlais gach cúrsa sar ar chuir os
chómhair a carad tuatha é. Do leig an Luch
Tuatha uirthe féin bheith ar a comhthrom, agus
thug buidheachas don ádh a bheir a lithéid
d'atharughadh 'n-a slighe bheatha. Ach i lár an
aoibhneasa, agus í ag machtnamh ar an
ndrochlón do thréig sí, oscladh an doras go
hoban, agus isteach lé cóisire ádhbhachta a bhí
ag teacht ó chuirm ragairne. Sciúird na
luchaidh de'n mbórd agus uamhan ortha, agus
chuadar i bhfolach san gcéadchúil a shroicheadar.
Ní túisce bhí sé de dhánaidheacht ionta snámhcán
amach airís ná theicheadar ó sceamhghal mad-
raidhe, agus uamhan níos mó ná cheana ortha.
Fé dheireadh nuair thaidhbhsig gach aon nidh go
ciúin dóibh, d'éaluig an Luch Tuatha amach as
an áit go raibh sí i bhfolach, agus ag fágaint
slán 'gen a caraid, do chogair 'n-a cluais,
"Ó, a chara mhaith, b'fhéidir go ndéanfadh an
tslighe bheatha bhreágh so don ndream go
dtaithnigheann leó; ach faghaim-se mo chuid
aráin eórnan i síotcháin fé dhaingean roim
an fleadh is cáiréisighe mar a mbíonn Eagla
agus Aire ag freasdal."


L. 28


An Leómhan agus an Luch.



Do bhí leómhan 'n-a chodladh 'n-a ghnáthóig,
agus Luch, ná raibh eólas aice ar rian a
siubhail, rith treasna srón an ainmhidhe mhóir
agus dhúisig é. Do bhuail an Leómhan a
lapa ar an gcréatúir beag, scannruighthe,
agus do bhí ar tí deireadh do chur léithe ar
an dtoirt, nuair d'athchuinig an Luch, de ghlór
truaig air, í d'anacal, gur gan choinne chuir
sí fearg air, agus gan a lapa onórach do
theimheal lé creich chómh suarach léithe féin.
Do leig an leómhan fáthgháire fé eagla a
bhráighe bhig, agus leig uaidh go fialbheartach


L. 29


í. Níor bhfada 'n-a dhiaidh san gur thárla
don Leómhan, agus é ag cuardach na coille
d'á chreich, bheith i nguais ag lucht fiadhaig,
agus ar bhfághail do bheith in achrann ann gan
aon tsúil lé héalódh, do bhúir sé gur cómhchlos
a mhacalla ar fuaid na foraoise. Ar
aithneamhaint glóir a dídeanóra don Luich,
do rith sí go dtí'n mball, agus gan tuilleadh
agó do chrom ar chogaint snaidhme an chórda
a chuibhrig an Leómhan, agus gan rómhoill do
thug cead a chos don ainmhidhe uaibhreach; ar
an slighe seo ghá chur 'n-a luighe air gur
b'annamh théidheann an mhaith amugha, agus ná
fuil aon chréatúir chómh mór san fé bhun a
chóimhchréatúra ná go mbeadh sé ar a chumas
deighghníomh do chúiteamh.



An Granubhall, an t-Ubhall agus an
Dris.



Do thárla iomarbháidh i dtaobh áilneachta
idir Ghranubhall, agus Ubhall. Ar bheith
don gcainnt go dána eatartha, agus an
t-imreas ag dul i ngéire, do sháidh Dris
a ceann amach as thor chómhgarach agus scread,
"tá diospóireacht fada ár ndóthain déanta
againn; ná bíodh tuilleadh comórtais ead-
rainn."



Is minic gur b'iad an dream is suaraighe
an dream is prómhaidhe.


L. 30


An Chearc agus an Cat.



Chualaidh Cat go raibh Cearc 'n-a luighe
breóidhte, agus thug cuaird cómhfhurtachta
uirthe. Buail sé chúiche fé dhéin na leapan,
agus dubhairt léithe, "Connus taoi, a chara
ionmhuin? Cad is féidir liom do dhéanamh
duit? Cad é an t-easba atá ort? Agus
innis dom má tá aon rud ar domhan dob
fhéidir liom do dhéanamh duit; ach bíodh
misneach ort, agus ná tagadh uamhan ort."



"Go raibh maith agat," ars an Chearc, "bí chómh
maith san agus go bhfágfair me, agus níl aon
eagla orm ná go raighead i bhfeabhas go luath."



Aoidhe gan chuireadh is gile a imtheacht.



"Má thagann tu ar phósadh gan cuireadh
beir leat stóilín chun suidhte." — Seanfhocal.


L. 31


An Loscán agus an Damh.



Damh, a bhí ag inbhear ar chluain corraig,
do chuir a chos lé cinneamhaint ameasc scata
Loscán óg, agus ní mór nár dhéin bhrughain
mharbh den ál go léir. Ceann aca a éaluig
do rith chun a mháthar leis an scéala uathbhásach.



"Agus, a mháthair!" ar seisean, "brúid —
brúid áidhbhéil, cheathairchosach! — a dhein é."



"Aidhbhéil?" do ráidh an Seanloscán. Cá
mhéid? An raibh sé chómh mór" — agus do
shéid agus bhorr í féin go rómhór — "chómh
mór so?" "Ó" ars an rud beag, "i
bhfad níos mó ná san." "Seadh an raibh


L. 32


sé chómh mór so?" agus do theann é féin
níos mó, "go deimhin acht, a mháthair, do
bhí; agus dá bpléascfá tu féin ní bheithfeá
go deó leath chómh mór leis." Do spriog a
lithéid de cháineadh ar a chómhacht an Sean-
loscán. Do dhein iarracht eile, agus do
phléasc í féin go deimhin.



Ar an gcuma so milltear daoine
d'iarraidh dáil nách dual dóibh do shroichint.



An Gadhar Tighe agus an Machtíre.



Oidhche bhreágh spéirghealaighe do thárlaidh
Machtíre scruitíneach, ocrach ar Ghadhar Tighe
beathuighthe, feólmhar. Tréis cainnte do chur
ar a chéile, ars an Machtíre, "Connus, a


L. 33


chara chóir, go bhfuil deallramh chómh slíogach
san ort? Nách maith réidhtigheann do chuid
leat! agus sid é mise, de ló agus d'oidhche,
ag saothrughadh dhom féin, agus is ar éigean
is féidir liom me féin do chongbháil ó bhás
gorta." "Seadh" ars an Gadhar, "má
budh mhian leat bheith chómh cothuighthe liomsa,
níl agat ach déanamh mar dheinim-se." "Go
deimhin!" ar seisean, "agus cad san?"



"Tig an mháighistir do chosaint dar ndóigh
agus gadaidhthe do choimeád ón áit ist oidhche."



"Ó chroidhe amach; mar fé láthair níl agam
ach saoghal suarach. Obair dhian dómh-sa
seadh an bheatha so na coille agus a cuid
seaca a's báistighe. Dar liom nách olc an
malartughadh beatha dhom tig tirim, cluthmhair
do bheith os mo chionn agus lán builg de
thomhaltas do bheith im aice i gcómhnaidhe."



"Is fíor," ars an Gadhar; "ar an adhbhar
san lean mise." Agus iad ag imtheacht leó
do thug an Machtíre fé ndeara rian i muineál
an Ghadhair, agus lé bárr fiosrachta ní fhéad-
fadh foidhne ar fhiafraighe cad budh bhun leis.



"Púth! faic in ao'chor," ars an Gadhar.



"Mara b'eadh, guidhim thu" — ars an Machtíre,
"Ó, rud suarach, b'fhéidir an muinche go
mbíonn mo shlabhra ceangailte dhe —"



"Slabhra do!" scread an Machtíre, agus
iongadh air; "Ní mheádhair a rádh nách féidir


L. 34


leat teacht a's imtheacht pé uair agus pé áit
is mian leat?" "Dar ndóigh, ní mór go
bhféadfainn, b'fhéidir; tá sé de theist orm
bheith mós malluighthe, mar sin ceangluightear
uaireannta de ló me, ach gaibhim orm duit
go mbíonn lánchead mo chos ist oidhche agam,
agus tugann an máighistir mo chuid bídh dom
d'á phláta féin, agus tugann na feadhmannaig
na greamanna mílse dhom, tá an oiread san
leagadh aca liom — ach cad tá ort? Cá
bhfuilir ag imtheacht?" "Ó, go n-eirighidh
an oidhche leat," ars an Machtíre, "tá fáilte
rómhat chun do chuid sóghlaistí; ach maidir
liomsa, screamh chruaidh agus cead mo chos
roim shocamhlacht rígh agus Slabhra."



An Correach.



Correach a bhí dulta i mbeathuightheacht
agus i dteasbamhlacht ar iomad cantaim
eórnan, do chrom lá ar léimrig agus ar
speachghal, agus sa deireadh do thóg a earball
agus dubhairt, "Capall ráis dob eadh mo
mháthair, agus táim gach aon phioc chómh maith
léithe-se." Ach ar eirghe cortha, tnáidhte dá
chosanáirde a's dá dhamhas, do chuimhnig sé ar
an dtoirt gur bh'Asal a athair.


L. 35


Bíonn dhá thaobh ar gach fírinne; is maith
an rud iad araon do thabhairt fé ndeara
sara dtaobhuighimíd lé haon cheann aca.



An Ghealach agus a Máthair.



D'iarr an Ghealach ar a Máthair, tráth,
clóca beag oireamhnach do dhéanamh di.



"Connus," d'fhiafruig sise, "is féidir liom
clóca oireamhnach do dhéanamh duit-se, a bhíos
seal id Nuadhghealaig, seal id Lánghealaig,
agus seal eile gan tu mar seo ná mar
siúd?"



An t-Asal agus an Feicide.



Ar chlos gliogarnaighe Feicidí lá d'Asal,
do chuir a gceól aoibhneas air, agus chuir
roimis, dá bhféadadh é, dul i gcomórtas leó,
agus d'fhiosruig díobh cad ar gur bheathuigh-
eadar iad féin a's gur bhféidir leó ceól
chómh binn do dhéanamh. Nuair dubhradar
leis gur ar dhrúcht amháin do mhaireadar, do
thug an t-Asal é féin ar an gcóir bhídh
gcéadna san, ach níor bhfada go bhfuair bás
lé hocras.



Biadh do dhuine nimh do dhuine eile.



"Rud a chothuigheas duine rud a mar-
bhuigheas duine."



An lus go bhfaigheann an bheach mil as
gaibheann an duine nimh as.


L. 36


An Girrfhiadh agus an Sceallbholg.



Dhein Girrfhiadh fonmhód fé Sceallbholg
mar gheall ar mhoille a chéime. Ach gháir an
Sceallbholg fé, agus dubhairt go raigheadh ag
rás leis aon lá d'ainmeóchadh sé. "Seo
linn," ars an Girrfhiadh, "cidhfir go luath cad
de go bhfuil mo chosa-sa déanta." Uime
sin socruigheadh eatartha go dtosnóchaidís gan
moill. D'imthig an Sceallbholg láithreach ag
geamhshiubhal ar a ghnáththruslóig. Níor chuir
an Girrfhiadh ach beagshuim sa chúrsa, agus
dubhairt leis féin go ndéanfadh néal ar
dtúis, agus gur gheárr an mhoill air breith


L. 37


ar an Sceallbholg. Ar an am gcéadna do
threabhuig an Sceallbholg leis, ach an Girrfiadh
a chodail tar cailc, sé uair shroic sé an
sprioc, díreach agus an Sceallbholg ann
roimis.



Mall cómhshnáthach bhuaidheas an rás.



An Partán agus a Mháthair.



Dubhairt Seanphartán, lá, lé ceann óg,
"Cad fáth go siubhallair chómh cam san, a
leinbh? Siubhall díreach!" "A mháthair,"
ars an Partán óg, "teasbáin an tslighe
dhom, an dteasbáin fir? agus nuair chidhfead
rian díreach id dhiaidh, tabharfad iarracht ar
tu do leanamhaint."



Is fearr solaoid ná teagasc.



Iúipitear agus an Camall.



Nuair iarr an Camall, sa tseanaimsir,
ar Iúipitear adharca do bhronnadh air, mar
gur dhoilgheas mhór leis iad d'fheicsint ar
ainmhidhthibh eile, agus a gceal air féin; ní
hamháin gur dhiúltuig Iúipitear na hadharca,
ach chiorrbhuig sé cluasa an Camaill mar
gheall ar a liosdacht.



Is móide dhúinn an beagán a bhíos againn
do chailleamhaint trí iomad do lorg.


L. 38


An Sceallbholg agus an
Fiolar.



Sceallbholg, a bhí go déis-
teanach den saoghal úiríseal a
bhí ghá chaitheamh aige, nuair
chídheadh sé an oiread éan, a
chómharsain, dá súgradh
féin san aer, mach-
tnuigheadh do dá


L. 39


bhféadadh dul anáirde aon uair amháin, go
n-eiteallóchadh sé chómh maith leis an gcuid a
b'fheárr aca, agus uime sin do ghlaoidh ar
Fhiolar agus thairng do a raibh de chisde san
mbóchna dá múineadh do connus eiteall. Do
chuir an Fiolar i gcéill do, ní hamháin gur
bh'aistearach an taidhreamh é ach gur dhoidhéanta,
agus dhiúltóchadh do ach go ndeaghaidh an
Sceallbholg chómh dian san air lé hathchuinghe
agus lé geallamhaint gur aontuig sé sa
deireadh a dhícheall do dhéanamh do. Uime
sin ghá árdach anáirde go hárd san spéir
don bhfiolar, do bhog a ghreim de agus d'éig air,
"Anois mar sin!" ach sar ar bhféidir leis
an Sceallbholg focal d'fhreagairt, do thuit
sé 'n-a phleist ar charraig, agus deineadh
blodhtacha de.



Is é dán an uabhair tuiteam.


L. 40


An t-Uan agus an Machtíre.



Do ghlac Uan go raibh Machtíre ar a
thóraidheacht dídean i dteampall. Ar sin
do ghlaoidh an Machtíre air, go ndubhairt go
marbhóchadh an sagart é dá mbeireadh air.



"Bíodh sé mar sin," ars an t-Uan, "is
feárr m'iodhbairt ar son Dé, ná mé d'alpadh
agat-sa."


L. 41


An t-Aodhaire Garsúna agus an Mach-
tíre.



Aodhaire garsúna, a bhíodh ag tabhairt
aire do thréad caorach in aice sráidbhaile
bhíodh sé de bhéas aige uaireannta é do bheith
mar chaitheamh aimsire aige glaodhach ós árd,
"Machtíre! Machtíre!" Dhó nó trí d'uairibh
d'eirig lé n-a chleas. Thagadh a raibh ar an
sráidbhaile 'n-a rás fé dhéin a chónganta, agus
'sé a bhfaighidís 'n-a dhíol uaidh, bheith ag gáirí
fútha. Fé dheireadh tháinig an Machtíre lá
gan dearmhad. Do scread an Garsún i
ndáiríribh, ach shaoil na cómharsain gur ag
gabháil dá sheanchleasaidheacht a bhí sé, agus
níor chuireadar aon nath in a éigheamh, agus
d'alp an Machtíre na caoire. Ar an gcuma
so foillsigheadh don nGarsún, nuair bhí sé
ródheidheanach aige, ná creidtear an fhírinne
ón nduine bréagach.


L. 42


An Príochán agus an Crúsca.



Príochán, a bhí ar barrghal báis lé tart,
do léim go fonnmhar fé dhéin Crúsca, a
chonnaic sé tamall uaidh. Acht ar theacht
chuige dho, fuair sé an t-uisce chómh híseal
san nár bhféidir leis é do shroicheamhaint,
budh chuma cad é cromadh ná searradh bhaineadh
sé as féin. Ar sin thug iarracht ar an
gCrúsca do bhriseadh; annsan a bhéal do
bhualadh fé, ach ní raibh sé in acfuinn nirt
so ná súd do dhéanamh. Sa deireadh, ar
bhfeicsint púróg beag in aice dho, chaith
mórchuid aca, ceann ar cheann, 'on Chrúsca,


L. 43


agus ar an gcuma so d'árduig sé an t-uisce
go bruach an Chrúsca agus mhúch a thart.



Mar a dteipeann fóirneart eirigheann
lé clisdeacht agus foidne. "Múineann gádh
seift.



"An té ná fuil láidir ní fuláir do bheith
glic."



An Gualadóir agus an t-Úcaire.



Gualadóir, go raibh níos mó slighe 'n-a
thig aige ná theastuig uaidh féin, d'iarr ar
Úcaire teacht chun aontighis leis. "Go raibh
maith agat," ars an t-Úcaire, "ach ní fuláir
dom do thairsgint do dhiúltadh, mar is eagal
liom go ndúbhfá-sa mo chuid earraidhe mar
ghealfainn-se iad.



In áit ná bíonn cosamhlacht ní bhíonn
ceanamhlacht.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services