Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cloich Cheann-Fhaolaidh
Title
Cloich Cheann-Fhaolaidh
Author(s)
Ua Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1908
Publisher
Gill, M.H. & Son Ltd
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
REAMH-RÁDH. Bhéarfar fá dear nach bhfuil cur síos iomlán ar áit ar bith ins an leabhairín seo: níl ann acht gearr- chunntas ar Chloich Cheann-Fhaolaidh agus ar na háiteachaibh eile atá comhgarach de a dteachamar ar cuairt ortha an chéad bhliadhain a fosgladh an Choláiste. B'fhéidir go mbroslóchadh an beagán atá ann duine éighinteacht eile le seanchas, &rl., na n-áiteach seo a chur síos i leabhar. Má bhrosluigheann, tiocfaidh toradh éighinteacht de bhárr ar saothair. Is i nGaedhilg atá an tagra. B'fhusa a léigheadh agus ciall a bhaint as dá mbadh i mBéarla a bhéadh sé, acht chuireas síos i nGaedhilg é de bhrígh go bhfeicthear damh gur ceart agus gur mithid dúinn iarraidh a thabhairt ar gach ceist, dá deacracht, a mhíniughadh agus a chur thríd a chéile i nGaedhilg má's mian linn a coinneáil beo. Go ndeanfar sin is mór m'eagla nach dtéidheann léigheann Gaedhilge 'un tosaigh. 'Sé an tAthair Mícheál Ó Maoláin a thug orm toiseacht ar an leabhairín seo agus a bhrosluigh mé 'un tosaigh leis. Cibé tairbhe bhainfeas lucht foglumtha na Gaedhilge as ní ceart dóbhtha dearmad a dheanamh de'n tSagart Ó Maoláin, ná murab é eisean ní dóighthe go mbéadh sé ar fágháil aca ar chor ar bith. Caithfead mo bhuidheachas a ghabháil le Seaghán Mac a' Bháird, le hAntoine Ó Dochartaigh, le Peadar Mac Fhionnlaoich agus le hÉnrí Ó Muirgheasa as an sgríbhinn a léigheadh agus as mé a chur ar an eolas go
minic. Cuid de'n bheachtughadh rinne siad glacadh leis agus cuid eile de nár glacadh. Gabhaim buidheachas le hEilís Ní Mhaolagáin as na pioctúiribh a tharraingt, &rl. Bheirim buidheachas fosta do Úna Ní Fhaircheallaigh, M.E., agus do'n Dr. Mac Énrí as na fromhthaibh a léigheadh, do Phádraic Mac Giolla Chearr as abhrán ata ann a sgríobhadh, agus do Sheosamh Laoide as cupla ceist a réidhteach damh. Luach a saothair go bhfuighidh siad uilig thall. SÉAMUS Ó SEARCAIGH. Lá Fhéile Muire Mór, Fóghmhar, 1908.
CLOICH CHEANN-FHAOLAIDH. In ainm an Ríogh cuirim tús ar an leabhairín seo “chum glóire Dé agus onóra na hÉireann.” B'fhéidir nár bh'fhearr nídh dá ndean- fainn 'ná rud éighinteacht a chur síos ar thamall shubhailceach a chaith sgaifte againn ar Árd-sgoil Cholumcille anur- aidh, i gCloich Cheann-Fhaolaidh! I gCloich Cheann-Fhaolaidh! Cá bhfuil Cloich Cheann-Fhaolaidh? adeir an léightheoir. Maise, a léightheoir mhaith, shaoileas nach mbéadh féidhm orm sin a innsin duit. Badh í an bharamhail a bhí agam nach rabh Gaedheal ó chionn go cionn na hÉireann nach gcualaidh trácht ar Chloich Cheann-Fhaolaidh. Dá gcuirtí ceist orm cá bhfuil an áit is Gaedheal- aighe i gCúige Uladh, bhéarfainn mar fhreagra nach bhfuil áit ann comh Gaedhealach leis an cheanntar talaimh atá os coinne Oileán Thoraighe isteach. 'Sí an teanga a labhair Columcille imeasg sléibhte Thír Chonaill na mílte bliadhan ó shoin a chluintear ag aosta agus ag óg go fóill ann. Ar altóir Dé cuireann an sagart i gcuimhne do'n phobal ann, i dteangaidh Phádraic, go dtiocfaidh an lá nuair a chaithfeas cách cunntas cruinn a thabhart do'n Chruthuightheoir mar chaith sé 'ach a'n bhomaite dá shaoghal. Má's ag siubhal an bhealaigh mhóir ann atá tú, castar airde de ghlúin de pháiste ort nach dtuigeann acht an teanga a bhí fá
réim i nÉirinn go dtí gur thoisigh sinn féin ag fágháil droch-mheasa uirthi. Dálta gach áit' eile i nÉirinn cha rabhthar 'ghá teagasg ins na sgoltachaibh ann go dtí le goirid. Acht táthar 'ghá teagasg go maith i gcuid aca anois, agus tá súil againn go dtiocfaidh thríd am duine éighinteacht as a sheasóchas cliú Thír Chonaill agus a bhéarfas meas agus cáil ar Chrích Fódla. Ar an ádhbhar sin saoilim nach bhfuil contabhairt ar bith i gcionn na Gaedhilge feasta i gCloich Cheann- Fhaolaidh. Go dtugaidh Dia go bhfuil lá na h-ainbhfeasa thart agus go bhfuil an lá sin i ngar dhúinn i n-a léigh- fear go blasta, binn mar cheol fuiseoige maidin Bhealtaine an teanga a labhair Aodh Ruadh ag bros- lughadh 'un catha sliocht Chonaill, nuair badh mhó clanna Gaedheal i ngéibheann ag náimhdibh ar dtíre. Ó, a mhuinntear Choich Cheann-Fhaolaidh agus a Chinéil Chonaill, badh bhocht a gheobhthaidhe sinn dá leigeamuis uainn an oighridheacht is luachmhaire dar fhág sinnsear uasal ag aon dhream daoine riamh. Cuimhnighidh ar Cholumcille, ar Mhícheál Ó Cléirigh agus ar an Doctúir Ó Gallchobhair agus abraidh nach leigfear do'n teangaidh a rabh meas aca-san uirthi sleamhnughadh uainn go simplidhe. Abraidh nach leigfear uainn í go dtigidh tuile as an áird aniar agus go sguabtar duthaigh Mhic Suibhne na dTuath amach 'un na fairrge agus go dtéidhidh sé as amharc faoi uisge na mara. Is againn féin atá sé an Ghaedhilg a shábháil agus a choinneáil beo. Má ghnímid é béidh sé le rádh againn go dtugamar iarraidh ar rud beag éighinteacht a dheanamh le cliú ar dtíre a chosnadh.
MAR THAINIC AN T-AINM AR AN ÁIT. Ní gan fáth a bheireadh ar sinnsear ainm ar áit. Bhíodh ciall éighin- teacht i gcomhnaidhe aca le “Cnoc na Naomh,” “Gleann Mór,” nó “Sliabh Ruadh” a thabhairt mar ainm ar chnoc, ar ghleann nó ar shliabh. Agus ní gan ádhbhar a tugadh Cloich Cheann-Fhaolaidh na mílte bliadhan ó shoin ar an cheanntar sin atá os coinne Oileán Thoraighe isteach. Éist le Gaedhilgeoir as an áit ag innsin an sgéil bhig seo agus tuigfidh tú as níos fearr 'ná dá mbéinn-se ag cur síos duit air go gcrupfadh na méara agam. “Bhí gabha thoir annsin i nDruim na Teineadh a dtug siad Gaibhide Gabhanna air. Bhí bó aige a rabh an Ghlas Ghaibhleann uirthi. Bhí triúr dearbhráithreacha de chlainn Mhic Cheann-Fhaolaidh. Bhí Fionn ar an fhear badh shine aca; Donn ar an dara fear; Dubh ar an tríomhadh fear. Chuaidh siad isteach chuig an ghabha seo le trí claidhmhtheacha 'fhágháil deanta. Dubhairt an gabha go gcaithfeadh siad an bhó a choimheád - fear ar a sheal go ndeanfadh sé claidheamh. “Nuair a bhí claidhmhtheacha an chead bheirt deanta bhí an fear óg ag dul amach go ndeanfadh sé a chlaidh- eamh féin. Smaoi'tigh sé nach rabh sé i n-a fhear comh maith leis an bheirt eile. Phill sé isteach ar ais
ag iarraidh a cheann féin a dheanamh níos éadtruime. Ag dul amach ar ais dó bhí an bhó ar siubhal. “D'imthigh sé leis annsin ar eagla go muirbhfeadh an Gabha é. Casadh sgaifte ag iomáin air ag Tóin Bhinn an Fhéidh. Chuaidh siad a mhagadh air. Sgairt fear aca air seasamh go mbéadh an báire curtha agus go rachadh sé leis a chuartughadh na bó; ná gur ghoid Balor an bhó is go rabh sí i dToraigh. Giall Dubh bhí ar an fhear seo. “Fuair siad currach thiar i Mín Lárach agus dubhairt sé go rabh seacht seitheacha glasa i n-áirde ag Balor le toit agus le súighche agus go gcaithfeadh sé a n-ithe le hórdlach na coinnle. Dubhairt Giall Dubh leis: cead aige-sean a ngearradh agus go n-íos- fadh seisean iad. “Thoisigh Ceann-Fhaolaidh 'ghá ngearradh is cha rabh baoghal ar an órdlaigh dóighte nuair a bhí siad ithte. “Dubhairt sé go rabh buaidh eile i gcionn na bó aige; go rabh a nighean thoir ar an Dún; go gcaith- feadh sí amach buarach ar uair a dó dhéag; dá gcuir- feadh sí an bhuarach isteach ar a chionn go bhfuigheadh sé an bhó, agus mura gcuirfeadh nach bhfuigheadh. “Chaith sí amach an bhuarach agus chuir isteach ar a chionn í agus fuair sé an bhó. Thug siad amach an bhó agus d'fhág siad ag an Ghabha í. “Annsin chuaidh siad isteach go Toraigh agus fuair siad mac le nighin Bhaloir. Thainic siad amach agus an leanbh leo. Cha rabh dul aca banaltra 'fhágháil dó. “Chuaidh siad isteach ar ais agus rinne siad margadh le Balor. Thug sé cead dóbhtha an leanbh a fhágáil
ag n-a nighin acht coillidh a chur i dToraigh dó. Thoisigh siad a phlantáil annsin gur chuir siad coillidh bhreagh ann. “Nuair bhí an leanbh mór thug siad amach é. Lugh Fadlámhach bhí ar an fhear óg seo. Bhí sé i ndán do Bhalor gur bh'é an Lugh seo chuirfeadh 'un báis é. “Thainic séideán gaoithe agus steall sé na crainn amach leis an fhairrge. “Thainic Balor amach, agus bhí súil nimhe aige. Bhí naoi bpilleadh éadaigh uirthi. “Nuair a bhí sí nochtuighthe go dtí dhá philleadh, chuir Lugh Fadlámhach lorgaid dhearg iarainn isteach thríd an dá philleadh is bhain sé an tsúil as. “Lean sé Lugh annsin. Nuair a bhí sé tuirseach 'na dhiaidh, dubhairt sé gurab é a ua féin a bhí ann cé bith taobh a dtainic sé. “D'iarr sé air an ceann a ghearradh de agus a chur i mullach a chinn féin. Chuir sé i mullach cloiche gairbhe é agus thainic deor nimhe amach as. Sgoilt sé an chreag, agus d'éirigh loch ann.” Sin agat, a léightheoir, an sgéal focal ar fhocal mar chualaidh mise i gCloich Cheann-Fhaolaidh é. Is deas liom féin é, agus tá súil agam go dtaitneóchaidh sé leat-sa. Acht, is beag nach bhfuilmid comh dall is bhí riamh fá caidé mar thainic Cloich Cheann-Fhaolaidh mar ainm ar an áit. Acht ní rabh mise gan iomrádh a chluinstin ar Bhalor agus ar Cheann-Fhaolaidh na bliadhanta sul a rabh a fhios agam cá rabh Cloich Cheann-Fhaolaidh ar chor ar bith. Seo cuid de'n sgéal chéadna mar chualas é agus mé 'mo ghasúr:—
“Fuair Balor amach gurbh'é Ceann-Fhaolaidh athair an pháiste .i. Lugh Fadlámhach. Rinne Bríghdeog an tSléibhe tarngaireacht gurbh'é a ua féin a chuirfeadh Balor 'un báis. “Nuair a rugadh an leanbh, d'iarr Balor brat éadaigh a chur thart air agus dealg a chur san bhrat: a thabhairt amach i mBéal Thoraighe ann sin agus a leigean leis an tsruth. “Tugadh amach é agus cuireadh 'san fhairrge é, acht má cuireadh thainic Bríghdeog an tSléibhe, thóg faoi na brat draoidheachta é agus thug léithe é. Cloich Cheann-Fhaolaidh
“Tá an chloch ar ar bhain Balor an ceann de Cheann- Fhaolaidh le feiceáil agat go fóill comhgarach do'n Fhál Charrach. Tá lorg na fola ar an chloich ann go fóill. “Shaoil Balor go rabh an leanbh báithte agus nach rabh contabhairt ar bith roimhe ní badh mhó. “Nuair a d'éirigh an leanbh suas i n-a bhuachaill cuireadh 'un na ceardcha chuig Gaibhide Gabhanna é a fhoghluim céirde. Thainic Balor isteach lá. Bhí a fhios ag Lugh gurab é a mharbh a athair. Sháith sé lorgaid dhearg iarainn thríd an tsúil nimhe agus mharbh sé é.” Measaim go dtuigfear anois caidé an fáth ar tugadh Cloich Cheann-Fhaolaidh mar ainm ar an áit. Cloich Cheann-Fhaolaidh .i. an chloch ar ar bhain Balor an ceann de Cheann-Fhaolaidh. Agus, a léightheoir mhaith, nach deas an sgéal é! Chonnaictheas damh agus mé ag éisteacht leis an sgéal go bhfacas an Gabha ag obair ar a dhícheall ag deanamh claidhmhtheach. Dar liom go rabh sgaifte de bhuachaillibh gasta luthmhara ag bualadh báire cupla céad slat taobh thíos de'n áit a bhfuil Árd-Sgoil Cholumcille anois. Tig Balor féin os mo chomhair agus an tsúil nimhe cumhdaighthe aige. Sáithtear lorgaid dhearg iarainn thríthe agus geibh Balor bás. I ngleanntán aoibhinn i nUibh Laoghaire; ar mhalaidh shléibhe i gCon na Mara; imeasg sléibhte árd nó ar oileán mara i dTír Chonaill castar ort go fóill sean- duine críon, liath a bhéarfas leis siar thú go gcastar Balor Béimeann, Lugh Fadlámhach nó Cúchulainn Mhuir- theimhne ort. Tiocfaidh Naoise mac Uisnigh, Oisín (I gCath Mhuighe Tuireadh ó thuaidh a marbhadh Balor adeir an seanchas. Féach M. & Cust. Vol. II. O'Curry.)
mac Fhinn nó Conall Cearnach romhat agus cailltear i n-a measg thú. Ó, nár leigidh Dia go bhfeicfeadh Inis Banban an lá nach mbéadh a fhios ag a clainn cia ar bh'iad na gais- gidhigh chródha agus na laoich mhíleanta thainic rompa! Má thig an lá sin a choidhche bíodh sé le rádh, a léigh- theoir dhílis, nach sinne féin is cionntaighe leis.
MUINNTEAR CHLOICH CHEANN FHAOLAIDH. Is cuma cé an chuid de Ghaedhealtacht Éireann a gcastar ann bhéarfaidh tú fá dear gur beag an difridheacht atá eadar nósanna na ndaoine ann. Ní fhacas rud ar bith imeasg Gaedheal Bhéal Átha an Ghaorthaidh nach bhfuil le feiceáil i dTír Chonaill. Cluintear an ceol céadna i dTúr Mhic Éadaigh a chluintear i gCloich Cheann- Fhaolaidh. Bhéarfar breith ar do chuid Gaedhilge i nGaedhealtacht Uladh comh maith is bhéarfar i nGaedhealtacht na Mumhan nó i gCúige Chonnacht. Innistear sgéalta ar an nós chéadna i n-Oileán Thoraighe a n-innistear i gCúige Mumhan iad. Is cuma liom cá rachaidh tú, tá an dúil chéadna aca i gceol agus i ndamhsa. Cé nach dtig liom mórán a chur síos annseo fá mhuinntir Chloich Cheann-Faolaidh nach bhfuil a fhios ag an léightheoir comh maith liom féin, saoilim i n-a dhiaidh sin is uilig nár miste damh beagán a rádh fá dtaobh de'n dream is Gaedhealaighe i gCúige Uladh indiu. Ní'l maoin shaoghalta comh fairsing i gCloich Cheann- Fhaolaidh is tá sí i n-áiteachaidh eile i nÉirinn. Acht, caidé mar bhéadh! Áit nach mbíonn talamh maith ní bhíonn acht dóigh bhocht ar na daoinibh ann. Agus i n-a dhiaidh sin is uilig, is leor do mhuinntir na taoibhe seo de Thír Chonaill mar bhaineann siad a mbeatha amach. Baintear cuid di as an talamh, acht ní bhaintear í
uilig as an talamh. Murab é iasgaireacht sgadán 'san Gheimhreadh agus iasgaireacht bradán 'san tSamhradh níl a fhios caidé mar bhéadh leath a bhfuil de dhaoinibh ann beo. Ghníthear airgead trom anois agus arís ar iasgaireacht, acht ní hannamh a chailltear go mór, maith léithe. Ins an Gheimhreadh nuair atá eangacha na sgadán amuigh tig stoirm ó'n taoibh ó thuaidh. Mairidh an stoirm trí nó ceathair de laethibh. Níl uchtach ag oiread is fuireann amháin, bád a chur 'un na fairrge agus a gcuid eangach a thógáil. Ísligheann an t-anfadh agus socruigheann an fhairrge. Agus nuair a théidheas na hiasgairí a chuartughadh a gcuid eangach ní bhíonn siad le fágháil. Ní'l ann annsin acht rudaí eile a cheannach agus b'fhéidir a gcailleadh arís. Is beag Geimhreadh nach gcailltear luach na mílte punnta de ghléasaibh iasgaireachta chois cladaigh ann- seo, i dTír Chonaill. Bíonn dúil mhór ag muinntir na n-oileán agus chois cladaigh a bheith ag cainnt ar iasgaireacht. Lá dá raibh trí nó ceathair de chlaignibh againn ag dul a shnámh, bhuail triúr nó ceathrar fear trasna orainn i ndiaidh a bheith ag buain. Bhí corrán le 'ach a'n fhear aca, agus cé go saoilfeá gur cheart go mbéadh tuirse ortha ó bheith ag buain ó mhaidin, bhí tréan fonn cainnte ortha. Agus, dar ndóighe, is orainne bhí an lúthgháir a bheith ag cainnt leo. Bhí fear aca - fear meadhon aosta - is ní rabh nídh dar tharlaidh ó bhí aimsear na Díleann ann nach rabh a fhios aige fá dtaobh de. Dá n-íosfá an rud is lugha thar an cheart d'fheoil, dhean- fadh sé tinn thú; acht ní mar sin d'iasg úr. D'fhéadfá iasg úr a ithe go mbéitheá tuirseach, agus ní dheanfadh
sé dadaidh ort. Agus chonnaic sé sin cruthuighthe. Ní rabh a fhios ag ceachtar againne caidé mar rinn- eadh an chéad bhád, acht bhí seisean ábalta sin a innsin dhúinn. Agus i ndiaidh an bháid a bheith deanta ní rabh rud ar bith le n-a stiúradh. Bhíthear beagnach comh holc annsin is bhíthear ariamh roimhe sin. Bhí duine éighinteacht ar bhruach na fairrge lá - bean, saoilim, a bhí ann. Chonnaic sí iasg thíos fúithe. Chonnaic sí nuair a bhogadh an tiasg a ruball go dtiocfadh leis a cheann a corrughadh do réir mar chorruigheadh sé a ruball. Shaoil sí dá mbéadh rud éighinteacht ar nós rubaill ar bhád go bhféadfaidhe í a chorrughadh bealach ar bith ar mhian leat, agus badh as sin thainic deanamh na stiúire. Leanadh de'n comhrádh gur labhair duine éighin- teacht againne ar shnámh. Chuir na fir ar ar bhfaithchill sinn. Dubhairt siad go rabh áiteacha thíos annsin agus gur chontabhairteach an rud do'n té nach rabh snámh maith aige dhul amach ionnta. Bhí sruth i n-a léitheid seo d'áit agus sruth eile i n-a léitheid siud d'áit. Badh é an fear meadhon aosta badh chainntighe. Agus má badh é féin, leoga bhí fios a labhartha go maith aige. Badh ghasta an fear, dar leis, a d'éireochadh as an uisge agus a rachadh isteach i mbád. Badh mhinic a rinne seisean é agus é i n-a stócach ag éirghe aníos. Ní fhéadfadh duine ar bith éirghe agus a dhul isteach ar thaoibh báid. Dá bhfuightheá greim ar thoiseach nó ar dheireadh báid ní bhéadh moill ar dhuine óg ar bith é féin a tharraingt isteach. B'fhiú a thrí oiread ama a chaitheamh ag éisteacht leo is chaith sinne an tráthnóna ud. Is aca-san bhí an blas
ar an Ghaedhilg. Bhí go leor, leor focal aca a shaoil mise nac rabh le fágháil i dTír Chonaill anois ar chor ar bith. Acht, b'fhéidir go bhfuil go leór ráidhte agam fá dtaobh díobhtha. Máthair agus a inghean ag dul 'un Aifrinn go Gort a' Choirce. Tráthnóna amháin dá rabh an Paidrín le bheith i dtoigh phobail Ghort an Choirce thárlaidh go rabh sgaifte de mhuinntir na h-áite i n-a seasamh ag an gheabhta ag teacht damh féin ann. Chuireas forán ortha agus labhradh go blasta, caoin liom. Ar dhóigh nach léar damh anois toisigheadh a chainnt ar ainmneachaibh áiteach. Dubhairt mé féin nach rabh a'n áit ariamh aca nach rabh fáth leis an ainm a bhí air a thabhairt air. Acht ní thabhairfeadh sean-fhear dá rabh ann isteach do sin ar
chor ar bith. Nuair a bhéadh caoirigh ag fear le fágáil ar shliabh bhéarfadh sé ainm ar an áit ar dhóigh go mbéadh a fhios aige cár fhág sé iad. Sul a rabh faill againn ní badh mhó a rádh buaileadh an clog agus thug cách aghaidh ar dhoras thoighe an phobail. Badh ag muinntir Chloich Ceann-Fhaolaidh bhí an dúil i gceol is i ndamhsa. An oidhche a bhéadh céilidhe 'san Coláiste ní thiocfadh leat a theacht isteach thar an doras le daoinibh. Agus ní daoine óga uilig a bhíodh ann. Ní'l a fhios agam nach mó an dúil a bhí ag na daoinibh aosta a bheith ag éisteacht le sgéal nó le ceol 'ná mar bhí ag na daoinibh óga. Agus ba mhaith chuige cuid aca féin sgéal a innsin nó abhrán a ghabháil. Badh mhinic lucht an aineolais 'ghá rádh gur dhaoine ainbhfiosacha iad seo nach labhrann acht Gaedhilg. B'fhearr liom go mbéadh cuid de lucht an aineolais ar sgoil Ghort an Choirce tráthnóna amháin 'san Fhóghmhar 's chuaidh thart. Dá mbéadh, chífeadh siad fear nár labhair b'fhéidir céad focal de theangaidh ar bith ariamh seachas a theangaidh dhuthchais féin, ag éirghe i n-a sheasamh nuair a hiarradh air é. Agus an fear nár shaoil go n-iarrfaidhe air labhairt go dtí an bomaite sin labhair sé go bríoghmhar, céillidhe ar feadh dheich mbom- aite. Deirim-se nach duine amháin a bhí ann a rabh iongantas air nuair a bí sé réidh. Má's ag siubhal an bhealaigh mhóir a bhéas tú maidin Shamhraidh 'tchífidh tú ar 'ach a'n taoibh díot buachaillí nó cailíní ag buachailleacht bó. Ní'l páirceanna móra, féarmhara i gCloich Cheann-Fhaolaidh agus sgonnsaí thart ortha. Ar an ádhbhar sin caithfear coimheád a
choinneáil ar an eallach agus gan iad a leigean 's na preataibh nó 'san choirce. Is breagh an dóigh a bhíos ar na buachaillibh nuair a bhíos cupla duine aca i gcuideachta a chéile. Amuigh faoi aer na spéire ag éisteacht le ceol na n-éan agus an ghrian ag taithneamh go fonnmhar ortha! Bí na ba ag ingheilt fá dtaobh díobhtha. Má's go moch ar maidin é agus driúcht ar an fhéar 'tchífidh tú an fonn a bhíos ar an eallach a gcuid a dheanamh. Bí 'ach a'n rud ceart go leor aca go dtigidh teas an lae agus a sáith ithte ag an eallach. Tig beach thart agus mothuigheann ceann de'n eallach í. Tógann sé a ruball agus siúd 'un siubhail í. Leanann an chuid eile í. Má bhí aoibh mhaith ar an bhuachaill bó ó chuaidh sé amach ar maidin go dtí anois, tig athrughadh air agus comh dóigh le rud eile gur pus caointe chuireas sé air i n-áit na haoibhe. Acht caidé an dóigh eile a mbéadh mo dhuine bocht, gan a fhios aige cá gceapfaidh sé a chuid eallaigh! Nuair a bíos ceathrar nó chúigear de bhuachaillibh bó i gcionn a chéile, ní i n-a dtost a bhíos siad go minic. Is iomdha cleas a ghníos siad ó théid siad amach ar maidin go dtigidh siad isteach 'san eadarthráth. Caith- tear tamall ag gearradh léimneach nó ag bualadh báire. Má's comhgarach do'n fhairrge a bhíos siad, fágthar duine ag tabhairt aire do'n eallach agus téid an chuid eile a shnámh. Is minic a chuirtear cupla buachaill a rith agus an chéad duine bhéas ag bun an rása gheibh sé cnaipe nó dhó mar dhuais. Ní thig liom cur síos ar leath nó trian na gcleas a bhíos aca, agus ar an ádhbhar sin saoilim gur fearr damh a bhfágáil annsin leo féin.
Acht, a léightheoir dhílis, fiafróchaidh tú díom a dtéidheann na buachaillí bó seo 'un na sgoile ar chor ar bith. Go deimhin agus go dearbhtha dhuit is beag duine aca gheibheas mórán sgoile. Cuirtear ann iad ar feadh chupla mí 'san Gheimhreadh agus nuair a thigeas an Geimhreadh ar ais bí ar fhoghluim siad an Geimhreadh roimhe sin caillte aca. Is beag de na sean-daoinibh 'san áit seo a chaith mórán ama ar sgoil. Agus ní abraim nach fearrde d'Éirinn indiu é. Tá a fhios ag an tsaoghal gurbh' iad na sgoltacha an námha badh mhó dá dtainic ariamh 'un na Gaedhealtachta. Agus b'fhéidir nár miste a rádh gur beag i n-a ndiaidh a bhí cuid de'n chléir. Acht ná saoileadh oidí sgoile an lae indiu go bhfuil sin ag caitheamh droch-mheasa ortha-san. Ní rabh baint aca-san leis. Mura bhfuilthear ábalta Béarla a léigheadh agus a sgríobhadh - go mór-mhór imeasg na sean-daoine - sa roinn seo de Thír Chonaill nílthear gan foghluim a bheith aca ann. B'fhiú dhuit oidhche fhada Gheimhridh a chaitheamh i gcuideachta thriúir nó cheathrair de shean-daoinibh na háite ag éisteacht le ceol agus le sgéaltaibh. Is iongantach ar fad amach an ceann atá ar chuid de na daoinibh fá seo. Tá fear amháin, ar a laighead, comhgarach do Chloich Cheann-Fhaolaidh agus thig leis sgéal a innsin os coinne 'ach a'n lae sa bliadhain. C'áit 'san Ghalltacht a gcasfar a léitheid sin ort? Agus ná saoil go bhfuil sé i muinighin sgéalta a bheith aige. Creidim nach lughaide a bhfuil de abhránaibh agus de laoithibh aige 'ná mar tá de sgéaltaibh.
Ní'l lá dá bhfuil ag teacht nach bhfuilthear ag cailleadh cuid de oighridheacht ar sinnsir uasail. Chualaidh mé tá goirid ó shoin go dteachaidh beirt i gcomórtas cheoil tráthnóna amháin. Thoisigh an beirt aca - duine i ndiaidh an duine eile - a ghabháil cheoil. Níor cluineadh an t-abhrán céadna fá dhó. Cheol an bheirt aca leo go tainic an lá isteach ar an doras chuca lá ar na bhárach. Ó, nach brónach an sgéal le rádh againne indiu gur lughaide fá thrian ar lón sgéalta agus abhrán anois 'ná mar bhí tá fiche bliadhain ó shoin!
ÁRD-SGOIL CHOLUMCILLE. Badh bheag an tsuim a bíthear ag cur i n-oideachas i nÉirinn go dtí gur toisiughadh ag fágháil measa ar an Ghaedhilg. Sul ar cuireadh Conn- radh na Gaedhilge ar bun bhíthear ag dalladh intleacht Gaedheal le hoid- eachas Gallta. Théidheadh páiste géar-chúiseach, intleachtach 'un sgoile nó 'un ruda a dtugadh siad coláiste air le foghluim agus oideachas a fhágháil. Chaitheadh sé cúig bliadhna, deich mbliadhna nó dhá bhliadhain déag ag foghluim rud éighinteacht. D'fhágadh sé an sgoil nó an choláiste agus thiocfadh sé 'un a' bhaile le caismirt Bhéarla agus b'fhéidir cupla focal Laidne nó Frainncise ar bhárr a theangtha aige. I dtaca le Gaedhilg de, má bhí focal di aige sul a dteachaidh sé a fhoghluim, chaill sé é imeasg an “ghalantais.” Is cuma liom dá chlisteacht dá mbéadh duine ní bhéadh cáil fhoghlumtha air dá mbéadh a fios go rabh focal amháin Gaedhilge aige. Le n-a mhíniughadh níos fearr, b'fhéidir nár mhiste dam an sgéal beag seo a chualaidh mé tá goirid ó shoin ann, a chur síos annseo :- “Deich nó dhó dhéag de bhliadhantaibh ó shoin bhí sagart óg ann - séiplíneach a bhí ann 'san am ud, acht sagart a bhfuil meas agus cliú air indiu é. I bpar- óiste Ghaoth Dobhair a bhí sé 'san am. hIarradh air a theacht go paróiste Cloich Cheann-Fhaolaidh agus sean-
móir a dheanamh. Thainic sé agus rinne an tseanmóir. Badh i nGaedhilg a rinne sé í. Nuair a bhí an tsean- móir thart agus na daoine ag sgabadh thoisigh siad a chainnt fá'n tseanmóir. Bhí Niall ag rádh le Pádraic nár cluineadh a léitheid i Cloich Cheann-Fhaolaidh ariamh. Agus dubhairt Domhnall rud éighinteacht eile ag deimhniughadh cuid focal Néill. “Maise, a fheara,” arsa Pádraic, “a bhfuil a fhios agaibh caidé tá mé ag dul a innsin daoibh? Déarfá gur duine é nár chaith lá ar sgoil ariamh.” Is léar as an mhéid seo caidé bhí sgoltacha agus coláistí a deanamh. Do réir mar bhíthear ag foghluim na Gaedhilge bhí- thear ag cur suime i ngach rud dar bhain de'n tír. Thoisigh fir agus mná cliste a smaoi'tiughadh ar oid- eachas na tíre. Sgríobhadh ailt air agus cuireadh ar na páipeáraibh nuaidheachta iad. Cáineadh lucht stiúrtha an oideachais. Fuarthas locht ar an dóigh a múintí teangthacha sa tír. Dubhradh gur cheart teanga agus seanchas na hÉireann a theagasg i ngach sgoil agus i ngach coláiste i Éirinn. Daoine neamh-acracha fíora a thuig dá gcaillfidhe teanga na hÉireann go gcaill- fidhe an rud is luachmhaire againn i náisiúntacht na hÉireann, a bhí ag cainnt. Is deacair buaidh a fhágháil ar an cheart. Toisigheadh a ghéilleadh do réir a chéile do lucht na cainnte fíre. Toisigheadh a dheanamh Gaedhealach oideachas na tíre. Toisigheadh a fhoghluim an teanga Ghaedhilge. Acht bhí teagasgthóirí Gaedhilge gann, agus an méid aca a bhí ann féin, níor thuig siad caidé mar badh cheart teanga a theagasg. Thainic Gaedhil na Mumhan i gcionn a chéile agus
cuireadh Coláiste Minteoireachta na Mumhan ar bun. Duine ar bith a chaith tamall uirthi tá a fhios aige caidé mar is ceart a dhul i gcionn Gaedhilg a theagasg. Cha rabh Coláiste na Mumhan ar bun acht bliadhain gur cuireadh ceann Chonnacht ar bun. Thainic bliadhain eile, agus chonnaictheas Gaedhil óga Chúige Uladh ag foghluim teangtha a sean agus a sinnsir ar Árd-Sgoil Cholumcille, i gCloich Ceann-Fhaolaidh. Níl bliadhain dá bhfuil ag teacht nach hfuilthear ag cur Coláiste Gaedhealaighe ar bun. Tá sé nó seacht do cheannaibh curtha ar bun cheana féin. Is ar Dháil Uladh is mó is ceart buidheachas a bheith cionnas an Choláiste Ghaedhealach seo bheith againn indiu i gCloich Cheann-Fhaolaidh. Bhí obair mhór roimh an Dáil an lá ar cuireadh ar bun í. Tá obair mhór roimpi go fóill. Acht nuair a bhéas muinighin ag duine as féin is beag rud nach dtig leis a dheanamh. Bí muinighin ag lucht na Dála asta féin agus 'tchímid anois an toradh atá ag teacht ar a gcuid oibre. Ar a deich a chlog a thoisighthí ar obair an lae ar Árd-Sgoil Cholumcille. Tuaim-eolas an chead rud ar an chlár ar maidin. Bhíodh uair againn ag cur síos ar thuamaibh. Tarraingeadh an maighistir ceann duine ar an chlár-dubh. Bhíodh na fiacla, an teanga, an sile seadháin, an teanga beag agus go leor rudaí eile le feiceáil agat ann. Theisbeanadh sé caidé mar chuir fidhe an teanga le n-a léitheid seo nó le n-a léitheid siud de thuaim a dheanamh. Annsin chumadh sé tuairim ar dhuisín focal agus chuirfeadh ar na sgoláiribh iad. Sgríobhfadh siad-san síos i n-a gcuid leabhar iad. Sgairteadh sé annsin ar dhuine a sgríobhfadh síos ar
an chlar-dubh iad. Is annsin a bhíodh an chuideachta. Nuair a thigeadh an sgríbhneoir ar fhocal a rabh amhras ar bith air fá dtaobh de, déarfadh duine gur mar seo a dubhairt an maighistir é agus déarfadh duine eile nach eadh. Leigfeadh an maighistir dóbhtha bomaite go bhfeicfeadh sé iad ag dul a dhíospóireacht fá dtaobh de'n fhocal. D'éireochadh sé annsin agus déarfadh gur mar seo adubhairt seisean é. Chífeá an aoibh a thigeadh ar an mhuinntir a rabh sé thíos aca, mar dubhairt an maighistir é. Ní rabh ag an mhuinntir nach rabh sé thíos i gceart aca acht marc a chur os a chionn agus é bheith ar an chunntas aca nuair a bhéadh deireadh thart. Nuair a bhéadh an tuaim-eolas thart toisighthí dh'innsin sgéalta go cionn leath-uaire. Níor bh'fhearr le cuid againn ar bhanais 'ná ag éisteacht le Fionn Mac Cumhaill ag innsin sgéil. Ní thiocfadh le duine ar bith atchífeadh Fionn ag dul de sgéaltaibh a rádh nach rabh seanchaidhthe i dTír Chonaill go fóill. Ní mhothóchaidhe eadar an tuaim-eolas, an sgéal- aidheacht, an léightheoireacht agus an sgríbhneoireacht go mbéadh meadhon lae ann. Bhíodh ó'n dó dhéag go dtí a haon a chlog againn le dhul 'un a' bhaile le greim a fhágháil le hithe. B'fhearr le cuid de na buachaillibh a dhul a bhualadh báire 'ná greim bidh 'ithe. Bhíodh na camáin aca sa Choláiste is ní bhéadh aca le deanamh acht a dhul isteach i bpáirc a bhí i n-aice na hÁrd-Sgoile. Thoisighthí ar an “Modh Díreach” ar a haon a chlog. Bhíodh ceachta ag trí nó ceathair de chlaignibh le teagasg gach lá os coinne na sgoláirí. Nuair a bhéadh
ceacht ar siubhal bhíodh sinne agus ar gcuid peann againn ag cur síos locht ar bith a bhí ins an té bhí ag teagasg. Sgairteadh an maighistir ar dhuine thall agus ar dhuine i bhfos beachtughadh a dheanamh ar an cheacht a mhúin a léitheid seo. Agus leanfaidhe de'n obair annsin go mbéadh an t-am caithte. Bhíomuis ag dul de na leabharthaibh ó'n dó go dtí'n trí. I dtráthaibh a trí a chlog bhíodh ceathramha uaire nó ó sin go dtí leath-uair againn ag gabháil cheoil. Creidim go mbíodh sin ar leath-uair comh subhailceach is bhíodh ann. Bhíodh Mícheál Ó Duibhir ann agus an “Thaom Bó!” aige. Bhíodh Peadar Ó Dubhda ann agus “Leather away with the Wattle, O!” aige. Cibé bhéadh ann agus cibé nach mbéadh ann badh deas leat a bheith ar Árd-Sgoil Cholumcille i dtráthaibh a trí a chlog ag éisteacht le ceol ar an sean nós. Gach uile dhuine a rabh guth aige (agus daoine nach rabh guth ar bith aca) bhíodh sé ag iarraidh an sean nós a fhoghluim. Ní'l a fhios agam nach ndeantaoi oiread taobh amuigh de'n am ar cheart de'n Choláiste a bheith fos- gailte 'ach a'n lá is ghníthí taobh istoigh de. Is beag seachtmhain nach dtigeadh Gaedheal cliúiteach éighin- teacht chugainn le léigheacht a dheanamh. Agus bhí cuid de na sgoláiribh iad féin a rinne léigheachta maithe. Is i mBéarla bhí corr-cheann aca. Bhí tamall beag ar feadh chupla lá, gach seachtmhain, curtha i leath-taoibh fá choinne filidheachta agus litridh- eachta. Thugas fá dear gur chuir an beagán adubhradh fá fhilidheacht file amháin ar a laighead, ar an bhealach cheart. Saoilidh go leor gur ceart aithris a dheanamh
ar fhilidheacht an Bhéarla nuair atáthar ag cumadh abhráin nó dáin Ghaedhilge. Bhí an file ar labhair mé air ag deanamh aithrise ar fhilidheacht an Bhéarla, acht anois 'tchí sé nach rabh an ceart aige. Agus bhíodh cupla uair 'ach a'n seachtmhain againn ag dul do stair na hÉireann. Acht b'fhéidir gurabh é an rud a bh'fhearr a bhíodh ann — 'sé sin fá choinne cleachtadh cainnte agus subhailce — na díospóireachta. Bhéadh fuagradh thuas ar chlár againn árd-thráthnóna go mbéadh díospóireacht ar a léitheid seo de cheist ar a hocht a chlog. Bhéadh ainmneacha na ndaoine bhí le labhairt i leith na ceiste sgríobhtha síos ar thaoibh amháin de'n fhuagradh agus ainmneacha na ndaoine bhí i n-a haghaidh ar an taobh eile ar dhóigh go mbéadh siad réidh le labhairt nuair a thiocfadh an hocht. Agus, á léightheoir mhaith, ná saoil go dtuigeann duine ar bith caidé an rud an Ghaedhealtacht go gcaithidh sé tamall i n-áit mar Árd-Sgoil Cholum- cille. Duine ar bith a thainic ann ó cuireadh an Choláiste ar bun, thainic sé ann le teangaidh Fhódla a fhoghluim. Cha dtainic a'n duine ann nach raibh fuath agus gráin aige ar dhamhsaibh agus ar nósannaibh na nGall. Dá dtigeadh Gall nó seóinín ann, badh ghoirid a bhéifidhe 'ghá dheanamh Gaedhealach. Ó! nach bréagh an rud an Ghaedhealtacht agus nach gránna an rud an Ghalltacht! Ní thuigfear seo go gcaithtear mí i n-áit mar Chloich Cheann-Fhaolaidh. Má tá léitheid Thír na n-Óg ann, seo é gan amhras. Cé hé nár mhaith leis Éire uilig a bheith comh Gaedhealach seo! B'fhéidir go bhfiafróchadh duine éighinteacht díom caidé bhí an t-aos óg seo a dheanamh i gCloich Cheann-
Fhaolaidh nó caidé thug ann iad? Tá, bhí siad ag iarr- aidh an teanga a fhoghluim a bhí fá mheas i nÉirinn ó d'áitigh sliocht Ghaedhil Ghlais í ó thús. Agus ní bréag ná áidhbhéil a rádh go bhfuil siad 'ghá dheanamh sin go dúthrachtach. Imtheochaidh siad as an Árd-Sgoil agus rún aca a dtír dhuthchais a Ghaedhealughadh. Imtheochaidh siad agus fonn ortha rud éighinteacht a dheanamh le pian a mathara a laghdughadh. Múinfidh siad teanga Bhanban dá clainn. Bíodh misneach agat, a Éire. Ní fada go rabh do theanga féin ag do chlainn. Tá cuidiughadh maith agat anois. Tá clann mac agus ingheanach agat a throidfeas ar do shon. Ná bíodh eagla ort nach gcosnóchaidh siad do chliú agus do cháil. Níl eagla ar bith ortha nach bhfeicfear coróin ríoghdha ort. Cuirfidh siad ort í, má tá sí i ndán duit. Agus cé deir nach bhfuil? Tá toradh na hoibre a rinneadh ar Árd-Sgoil Cholumcille le feiceáil cheana féin ar fud Chúige Uladh. 'Tchífear tuilleadh de ar ball beag. Creidim féin gur leagadh cloch de chlochaibh Ollsgoile Ghaedh- ealaighe an lá cuireadh an Choláiste seo ar bun i gCloich Cheann-Fhaolaidh. Ar an ádhbhar sin, sibh-se a chaith tamall ar Árd-Sgoil Cholumcille, amharcaidh siar agus machtnuighidh ar an mhéid a rinne sibh le hoid- eachas glan Gaedhealach a chur ar bun i nÉirinn. 'Tchífidh sibh ar ball beag, nuair a bhéas an Ghaedhilg dá labhairt ó Cheann tSáile go Toraigh na dTonn, agus ó Chuan na Gaillimhe go Beinn Éadar Eadar- Ghaoithe, nach ndeanfar dearmad ar an choláiste atá i n-a suidhe i ngleanntán aerach i dTír Chonaill.
AERAIDHEACHT. Is beag tráthnóna fhad is bhí Árd-Sgoil Cholumcille fosgailte nach mbeadh céilidhe ann. Ní go hannamh a cluineadh tuaim bhinn, cheolmhar na bpíob taobh istoigh de dhoras na Coláiste. Bhíodh cailíní aeracha agus buachaillí groidheamhla amuigh ar urlár cláir ann ag damhsa. D'innisigheadh sean-fhear sgéal a bhéadh ag cur iongantais ort go cionn míosa agus chanadh sean-bhean laoi ann a thógfadh do chroidhe go cionn fada go leor. Dá fheabhas é bheith ar céilidhe cé leis nach fearr amuigh faoi aer na spéire guirme 'ná istoigh i seomra cumhang, plúchtach tráthnóna Samhraidh nó Fóghmhair. Ó, nach breagh an rud a bheith amuigh 'san áit a mbíonn fairsingeacht agus aer agat! Is minic agus sinn istoigh i seomra plúchtach ar mhaith linn cead a dhul amach faoi aer na spéire, a bheith againn. Is iomdha sin ball creagach agus ardán féarmhar i gCloich Cheann-Fhaolaidh a rabh aeraidheacht ann ó fosgladh Coláiste Uladh go dtí gur druideadh í. Má caitheamh tráthnóna subhailceach nó oidhche shultmhar ariamh, caitheamh tráthnóna aerach agus oidhche phléisiúrdha ar Cnoc na Bealtaine i lár an Fhóghmhair s' chuaidh thart. Go ndruidtear clár os cionn m'éadain coinneochad cuimhne ar an tráthnóna céadna ud. A léightheoir dhílis, a léitheid d'amharc is nocht chugainn ag dul suas taobh an chnuic dúinn! Dar
liom gur fada arís go bhfeicfead a léitheid. Spéir ghlan-ghorm os ar gcionn! An ghrian a bhí ag apughadh an choirce go tréan ó mhaidin ag dul as amharc ar chúl Chnoc Fola! Agus i ndiaidh í dhul as ar n-amharc féin, ar chúl an chnuic, bhí a fhios againn nach dteachaidh sí as amharc faoi uisge na mara fhad is bhí sí ag caitheamh soluis bhuidhe-dheirg ar na sléibhtibh árda bhí thart fá dtaobh dínn. “Ó, caidé siud,” arsa duine éighinteacht i n-áit a bhfaca sé mar bhéadh teine mhór lasta amuigh i lár na fairrge. Toraigh a bhí ann. Déarfá gur le theinidh a bhí sé, acht ní headh. Dá mbadh maidin Bhealtaine bhéadh ann ar m'fhocal duit go gcreidfinn go dtainic na Trí Mic Uí Ghorra aniar ó chúl Uaighe le cóir ghaoithe agus nach bhfacthas iad go rabh an t-oileán le theinidh aca. Níor chualaidh mé riamh go rabh con- tabhairt ar bith i n-a chionn acht amháin maidin lá Bealtaine 'ach a'n seachtmhadh bliadhain agus ar an ádhbhar sin badh deacair tabhairt orm aidmheáil gur le theinidh a bhéadh sé i lár an Fhóghmhair. Agus caidé bhí ann? arsa tusa. Ní rabh ann acht soillsiughadh na gréine agus í ag dul a luighe thiar i gcúl Áranna. Déarfá gur thíos fúinn atá Inis Bó Finne. Acht tá sé níos faide uainn 'ná shaoilfeá. Nuair a bhíos tú thuas ar chnoc árd samhluigheann gach rud fá chupla míle duit a bheith thíos fút nó comhgarach duit. Chon- naictheas damh-sa an tráthnóna ud nach rabh Inis Bó Finne níos mó 'ná míle uainn. Cnocán cruinn, féarmhar is eadh Cnoc na Bealtaine. Ní mór duit thú féin a choimheád ag dul suas duit ar an taoibh ó dheas de nó sleamhnóchaidh tú. Féar
goirid, mín a fhásas air uilig beag nach. Bí eallach ag ingheilt air rith an tSamhraidh. Agus ní bhíonn sé gan eallach a bheith air ins an Fhóghmhar acht oiread. Bhaineamar mullach Chnoc na Bealtaine amach ar dhóigh nach mór gur léar damh anois. Bhí cailíní subhail- ceacha agus buachaillí misneamhla ann romhainn. Bhí daoine ag teacht as gach cearn ann. Bhí cuid aca agus fuair siad a sáith de bhuaidhreadh an tsaoghail agus cuid eile aca nach rabh a fhios aca caidé an rud é. Is leor dá luathas dá béidh a fhios aca é. Badh bhreagh an t-amharc a bhí romhainn an tráthnóna ud agus sinn ar mhullach an chnuic. Amach romhainn ó thuaidh bhí an fhairrge mhór. Chífeá long ag dul siar agus long ag dul soir. Bhéadh iongantas ort cá mbeadh a leath ag dul. Bhí cuid aca agus b'fhéidir go rabh ar bórd leo cailín geanamhail nó buachaill lúthmhar a bhí ar an uair sin ag caitheamh an amhairc dheireannaigh ar Éirinn ghlais. Go leor, leor dá bhfágann Éire 'ach a'n bhliadhain seo an bealach a théidheas siad ag imtheacht dóibh. Cluineadh ceol na bpíob an tráthnóna céadna ud le luighe gréine na mílte ó'n chnoc. Bhí píobaire mór Thír Chonaill .i. Toirdhealbhach Mac Suibhne ann, agus é ag tógáil chroidhe gach sean-fhir crín léith le portaibh Gaedh- ealacha ar na píobaibh. Bhí cuid de na buachaillibh agus ní mór nach rabh na cosa ag imtheacht as fúbhtha le tréan fonn damhsa nuair a chualaidh siad na puirt a bhí dá seinm ar na píobaibh ag Toirdhealbhach. Bhí cnap mór mónadh ar fhíor-mhullach an chnuic. Níor bh'fhada gur cuireadh lasóg ann, agus ar ball beag bhí an teine ba bhreaghtha dá bhfacthas le fada fá'n áit seo ag caitheamh soluis fá Chnoc na Bealtaine.
Cnoc na Bealtaine agus teine air. Chuaidh an ghrian a luighe agus thainic dorchadas na hoidhce anuas ar Chloich Cheann-Fhaolaidh. Char thuit an dorchadas sin ar Chnoc na Bealtaine. Dá dtuitfeadh biorán ar an fhéar ann, 'tchífeá é leis an tsolus a bhí ann. Tamall i ndiaidh luighe gréine d'éirigh an ghealach os cionn an Mhac Uchta. Thainic solus mar bhéadh breacadh an lae ann. Le linn soluis na gealaighe ní rabh cuma ar an teinidh bheith comh maith is bhí sí roimhe sin. Acht ní fada bhí an ghealach i n-a suidhe nuair a thainic néal eadar í féin agus an talamh. Thainic dorchadas ar theach agus ar áit mar thuiteas nuair a thigeas urdhubhadh ar an ré. Badh annsin a las an teine bhí ar Chnoc na Bealtaine suas go rabh mar bhéadh an cnoc uilig le theinidh agus go bhfacthas a rabh de dhaoinibh ann ag damhsa, na mílte ó'n áit sin.
Acht caidé badh chionntaighe le n-a léitheid de éirghe i n-áirde a bheith orainn? Tá, Úna Ní Fhaircheallaigh a d'fhág sinn agus a chuaidh go Baile Átha Cliath ar feadh chupla lá. Chonnaictheas do chuid de na sgoláiribh gur bh'é badh lugha thiocfadh leo a dheanamh fáilte a chur roimpi ag teacht ar ais di. Dá mhéad an fháilte a cuir- eadh roimpi an tráthnóna céadna, níor mhó é 'ná b'airidhe uirthi é. I dtráthaibh am luighe thainic siorradh gaoithe a chuir mórán againn ar crioth le fuacht. Dubhradh gur bh'fhearr do chách an baile a bhaint amach ó thárla go rabh sé ag éirghe mall agus go rabh againn uilig le héirghe ar maidin le dhul 'un na Coláiste. Anuas linn fá dheireadh. Badh faithchilleach a bhí cuid againn ag teacht anuas taobh an chnuic. Déarfá gur ar bhruach beinne bhíomar ag siubhal agus eagla orainn gach uair a thógamuis ar gcosa gur amach thar an bheinn a bhíomar 'ghá gcur. Má baineadh tuitim as cupla duine féin, char loiteadh duine ar bith. Bhí na sgoláirí uilig ar an Choláiste lá ar na bhárach comh beo beathaidheach is bhí siad ariamh. Coinneochar cuimhne ar an tráthnóna ud a caitheadh ar Chnoc na Bealtaine fhad is mhairfeas duine dá rabh ann. Tiocfaidh sé romhainn nuair is mó teas gréine i lár an Samhraidh. Smaoi'teochar air agus an ghrian ag dul a luighe tráthnóna ciúin Fóghmhair: agus nuair is mó faoi ghruaim sinn ó fhuacht agus dhoininn an Gheimhridh tiocfaidh Cnoc na Bealtaine romhainn, acht ní glas, féarmhar a bhéas sé annsin acht geal, bán mar eala ar tuinn.
CAISLEÁN NA dTUATH. Ar ball beag nuair a rachas Clann Chonaill i gcéim le feabhas léighinn i n-a dteangaidh dhuthchais béidh trácht níos minice ar Chaisleán Mhic Suibhne na dTuath 'ná mar tá fá láthair. Ní ceart go leigfidhe do'n áit 'nar hoileadh an té b'intleachtaighe dá rabh ar Chlainn Chonaill le corradh is míle bliadhan imtheacht as ar n-amharc. Maidin Shathairn amháin agus sinn ar Árd-Sgoil Cholumcille rinneadh amach gur cheart dhúinn cuairt a thabhairt ar Chaisleán na dTuath. Ní luaithe a labhradh ar Chaisleán na dTuath 'ná bhíomar uilig réidh le himtheacht. Bhí seachtar nó ochtar againn a thug linn rothair agus a thug aghaidh soir. Chuaidh an chuid eile ar an traen agus ní haithristear sgéala ortha go gcastar orainn ar an Chraoslach iad. Bhog sinne linn ar na rotharaibh soir thríd an Fhál- Charrach agus soir linn thríd Dhún Fionnachaidh gur casadh sinn ar bhruach trágha. D'fhágamar na rothair i n-a luighe ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus chuadhamar amach a shnámh. Níor fhanamar ró-fhada amuigh ar eagla go mbéadh an mhuinntear a chuaidh ar an traen ag fanacht linn ar an Chraoslach. Anois bhí ar gcuid súl agus ar gcuid cluas fosgailte againn ag teacht dúinn thríd an Fhál-Charrach agus thríd Dhún Fionnachaidh. Thugamar fá dear gur bailte beaga Gallta iad. Tuiteann an galar ar a
dtugtar an Ghalltacht ar na bailtibh beaga seo ar dtús agus annsin spréidheann sé amach go dtí go rabh ceanntar mór faoi. Ins na bailtibh móra tá “uaisle” agus “mion-uaisle” na tíre. Tá gach rud “galánta” fá dtaobh díobhtha. Teanga “ghalánta” atá i n-a gcionn aca: damhsa “galánta” nach bhfuil a fhios ce hé ná cá háit ar cuireadh ar bun ar dtús é, a bhíos aca agus ceol a chum sreanglomán éighinteacht thall ar shráid Lonndan a chluintear aca. A Éire, ní mór duit fir agus mná tréana a bheith agat do do chosnadh ar “uaisleacht” agus ar “mhion-uaisleacht” na tíre. I ndiaidh a theacht ar fad as Cloich Cheann-Fhaolaidh ar na rotharaibh agus tamall a chaitheamh ag snámh bhíomar ar an Chraoslach comh luath leis an chuid eile de na sgoláiribh a thainic ar an traen. Creidim nach bhfuil sa domhan mhór traen eile cosamhail leis an traen atá againn annseo. Tá mé cinnte nach dtéid sí níos mó 'ná dhá mhíle dhéag 'san uair an t-am is mó a bhfuil siubhal fúithe. Is cumhan liom go rabh sí, tráth- nóna amháin, tuairim ar cheithre huaire go leith ag teacht as Leitir Ceanainn go Caiseal na gCorr. Agus saoilim go gcualaidh mé go rabh cupla uair eile nach dtainic léithe a theacht ar chor ar bith. Tá Caisleán na dTuath tuairim ar dhá mhíle go leith nó trí mhíle as an Chraoslach. Nuair a d'ólamar braon tae thugamar aghaidh air. Sinne a rabh na rothair linn chonnaictheas dúinn gur bh'fhearr rothaidh- eacht a dheanamh 'ná siubhal. Thugamar linn na rothair agus ar siubhal linn. Shiubhal an chuid eile 'nar ndiaidh as an Chraoslach.
Bhí sinne uair a' chluig, ar a laighead, thíos ag an chaisleán sul ar nocht a'n duine dá rabh ag siubhal chugainn. Bhíomar ag cur iongantais ann agus ag amharc fá dtaobh de go dtí sa deireadh go bhfuar- amar bealach a dhul isteach. Áit fuinneoige saoilim a bhí san áit a dteachamar isteach ann. Agus i ndiaidh a bheith istoigh b'fhearr le cuid againn a bheith amuigh arís. Bhí sé comh dorcha sin nár léar duit do mhéar a chur in do shúil. Ní bhéadh a fhios agat dá dtógfá do chos cá leagfá í. Mura gcoinneochthá greim láimhe nó cóta ar an té bhéadh isteach leat ní bhéadh a fhios agat cá rachthá a chuartughadh ó gheobhthá thú féin coiscéim taobh istoigh de bhalla an chaisleáin. Cha rachainn isteach ann liom féin ar ór nó ar airgead. Ní heagla roimhe thaidhbhsíbh a bhéadh orm comh mór le heagla go rachainn ar seachrán agus go gcaillfidhe ann mé. Acht, dorcha is uile mar bhí sé, d'éirigh linn a theacht ar staighre atá ann. Leanadh de'n staighre, agus thug sé go fíor-mhullach an chaisleáin sinn. Agus, leoga, níor bhréag caisleán a thabhairt air, tráth. Is ann atá an obair chloiche! Níor bh'iongantas gur bheag an bhinn a bhí ag Mac Suibhne ar Shasanaighibh fhad is bhí an dún seo aige. Is iomdha fear cródha agus laoch míleanta a hoileadh aige ann. A Aoidh Ruaidh Uí Dhomhnaill, is iomdha uair a shuidh tú ar mhullach an chaisleáin seo agus a bhfaca tú Clann tSuibhne thíos fút. Chonnaic tú an fhairrge mhór ag teacht isteach fá bhun an chais- leáin agus ag imtheacht amach arís. Fuair tú fogh- luim ó Mhac Suibhne, agus ní theachaidh sé amugha nuair a thainic ionnat buille a bhualadh ar son do thíre.
A Chlann Chonaill, b'árd bhar nglór agus badh siam- samhail sibh nuair a bhí bhar bprionnsa óg faoi bhallaibh an chaisleáin seo. Acht “tig as an tsiamsa mhór an dubrón,” mar deir an sean-fhocal. Thainic néal dubh agus sgamall dorcha anuas ar shléibhtibh Thír Chonaill an lá a thug Eoghan óg Mac Suibhne aghaidh ar chais- leán a dhearbhráthar ag cionn Locha Suilighe. Ó! a fhealltacht na Sasanach! Níor bh'é sin an chéad uair daoibh ag fágáil croidhthe briste i gcléibh ban, agus fir ag éagcaoin go hárd! Agus ní hé an uair dheir- eannach agaibh é! Cé hé nach mbeadh cráidhte ag amharc ar luing ag imtheacht faoi sheól agus an té b'intleachtaighe dá rabh ar Chlainn Chonaill leis na ciantaibh ar bórd léithe, gan a fhios an bhfeicfidhe a choidhche arís é ag siubhal na gcnoc agus na mbán imeasg a mhuinntire féin. Ag smaoi'tiughadh mar seo a bhíos nuair a chluinim gáiridhe agus callán. Tógaim mo cheann agus amharc- aim thart. Chugainn anuas 'tchím ag teacht iad seo a rabh aca siubhal as an Chraoslach. Ní rabh oiread moille ortha-san a theacht isteach is a dhul go mullach an chaisleáin is bhí orainne. B'fhéidir go mbéadh siad níos measa 'ná bhí sinne acht go dteach- aidh duine againne agus go dtearn sé an t-eolas dóbhtha. Nuair a chonnaictheas bunudhas a rabh le feiceáil fá'n áit thoisigh na buachaillí a chaitheamh cloiche agus a ghearradh léimneach. Chuaidh triúr nó cheathrar ar seachrán istoigh 'san chaisleán agus ní rabh dul aca a theacht ar bhealach a bhéarfadh amach iad. Nuair d'innis Seaghán Mac a' Bháird comh maith is thiocfadh
leis cá huair a tógadh an caisleán seo agus gach seanchas beag eile fá dtaobh de dubhradh go mbéadh sé mall go leor nuair a bhéadh cách sa bhaile agus gur bh'fhearr dúinn an bóthar a ghiorrughadh. Thug 'ach a'n dhuine aghaidh ar an Chraoslach ar ais. Chuaidh sinne ar na rotharaibh agus rinne fá choinne Chloich Cheann-Fhaolaidh. Ag fágáil an Chraos- laigh dhúinn bhí an ghrian ag dul a luighe thiar i gcúl na gcnoc. Thainic bearradh fuar ar an tráthnóna mar thig i gcomhnaidhe fá'n am seo de'n bhliadhain i ndiaidh luighe gréine. Níor cuireadh oiread alluis ag dul siar dúinn is cuireadh ag teacht aniar. Bhaineamar Cloich Cheann-Fhaolaidh amach tuirseach go leor i ndiaidh an aistir fada. Sul a gcuirfead críoch leis an aiste seo badh mhaith liom a rádh gurab í an bharamhail atá agam nach dtig le duine ar bith seanchas nó stair na tíre seo a thuigbheáil gan na sean-fhothracha seo a feiceáil. Tá a fhios agam gur mó an tsuim a chuirim-se anois i gCaisleán na dTuath 'ná chuireas sul a bhfacas le mo dhá shúil féin é. Is maith agus is ion-mholta an rud aistí a léigheadh ar shean-fhothrachaibh acht is fearr go mór do'n sgoláire iad a fheiceáil le n-a shúilibh féin.
TORAIGH. Ní rabh a'n lá ó chuir cuid againn ar gcosa isteach thar dhoras Árd- Sgoil Cholumcille nach rabhthar ag cainnt ar a dhul go Toraigh Agus cé go rabh fonn mór orainn cos a leagan ar Oileán Thoraighe, ní rabh cuma go rabh barraidheacht deifre ar dhuine ar bith a dheanamh. Bhíthear dhá chur ó lá go lá go dtí sa deireadh gur baineadh súil de dhul ann. Maidin bhréagh Dhomhnaigh amháin go díreach nuair a bhí cuid againn ag éirghe thainic sgéala chugainn go rabh long ag fanacht ag Machaire Rabhartaigh le sinn a thabhairt isteach. Ghléas 'ach a'n dhuine air comh luath, géar is thiocfadh leis agus thriall go tapaidh, éasgaidh go rabh ar thráigh Mhachaire Rabhartaigh I gcionn uaire nó uaire go leith indiaidh sgéala 'fhágháil bhí eadar deich gclaigne fichead agus dhá fhichid claigeann i na seasamh ag port Mhachaire Rabhartaigh ag fanacht le bád a bhéarfadh amach 'un na luinge iad. Badh truagh liom féin agus badh truagh le cách nach hfuair mic-léighinn na Coláiste uilig sgéala. Bhí siad comh sgabtha soir siar sin thríd Chloich Ceann- Fhaolaidh nár bh'fhurus sgéala a thabhairt dóbhtha agus deifre an tsaoghail ar 'ach a'n duine ar eagla go mbéadh sé mall agus go mbéadh an long ar siubhal sul a mbéadh sé ag an phort.
Fuarthas dhá bhád a thug amach agus a chuir ar bórd sinn. Nuair a fuarthas sinn uilig ar bórd tugadh toiseach na luinge amach 'un na fairrge agus a deireadh do thír. Badh chomhthrom ciúin a bhí an fhairrge an lá céadna. Bhí sí comh ciúin le loch. Badh deas leat a bheith ag éisteacht le tuaim na dtonn ag briseadh ar an tráigh a bhí fágtha 'nár ndiaidh againn. Ní rabh cuma go rabh eagla ar bith ar a'n duine dá rabh ar bórd. Agus i dtaca le tinneas fairrge de, níor smaoi'tigh duine againn go rabh a léitheid ann ariamh. Amach linn, thart Ceann Inis Bó Finne agus amach 'un na fairrge. Thógfadh cailleach dhubh a ceann ann- seo, agus nuair atchífeadh sí an long ag tarraingt uirthi, rachadh sí síos faoi an uisge arís, agus d'éir- eochadh thall udaidh. Bhí faoileoga geala bána le feiceáil 'ach a'n áit dá dtabhairfeá do shúil, agus anois agus arís théidheadh ceann aca ar eiteogaibh ag fág- áil an bhealaigh againn. Chuirfeadh muc-mhara a ceann aníos fa ghiota bheag dhúinn, agus rachadh síos agus d'éireochadh arís chomh maith is dá mbéadh gan sinne a bheith ann ar chor ar bith. D'éirigh mar bhéadh ceo éadtrom ó'n fhairrge agus le na linn níor mhór gur léar dhúinn an tír-mór a fágadh 'nar ndiaidh. B'fhearr liom féin go mór fada gan ceo ar bith a bheith ann, agus saoilim go rabh bun- udhas a rabh ar an luing an lá udaidh ar an intinn chéadna liom. Acht ní ceart a bheith ag súil le barr- aidheacht ó láimh an Dúilimh. Badh cheart gur fíor- bhuidheach a bhéamuis agus lá comh breagh ciúin is a bí ann a fhágháil.
Níor bh'fhada bhíthear ar bórd nuair nach rabh a dhath ag cur bhuadhartha ar dhuine ar bith acht cé hé an chéad duine 'tchífeadh Toraigh. Bhí cách agus a dhá shúil ag dul amach ar a chionn ag féacháil an bhfeicfeadh sé an t-oileán ag nochtughadh chuige. Acht bhí sé comh deacair sin Toraigh a fheiceáil leis an cheo a bhí ann is dá mbéadh gan an t-oileán a bheith ann ar chor ar bith. Thainic tinneas fairrge ar chupla bean de na cailínibh acht cha rabh siad go ró-olc leis. Toisigh- eadh a thabhairt sóláis dóbhtha, ag rádh nach mbéifidhe i bhfad go sroisfeamuis Toraigh. Ní mheasaim go dtearn seo maith ar bith dóbhtha ná ní thainic cuma bhisigh ar bith ortha le n-a linn. hIarradh ortha annsin a n-aghaidh a thabhairt ar an ghaoith is nach mbéadh dadaidh ortha. “Toraigh! siud Toraigh,” arsa triúr nó cheathrar. Ní luaithe cluineadh tuaim an fhocail 'ná bhí gach duine againn i n-a sheasamh ar bórd ag coimheád amach uadh. Cha rabh sé níos mó 'ná míle uainn. Ní rabh cuma ró- mhaith ar dhuine ar bith ó chuadhthas ar bórd ag Machaire Rabhartaigh go dtí anois; acht nuair a chonnaictheas comh comhgarach is bhíomar do Thoraigh thainic aoibh bhréagh ar 'ach a'n dhuine. Déarfá gur éirigh croidhthe na gcailín a bhí tinn comh maith le croidhthibh na gcailín agus na mbuachaill nach rabh nuair a chonnaic siad an t-oileán. “Dheanfaimuid Tonnaí Thoraighe anois,” arsa Fionn Mac Cumhaill agus thoisigh sé a dhamhsa annsin. “Caidé atá ag teacht oraibh, a chailíní agus a bhuachaillí, nach mbíonn ag damhsa,” adeir sé, nuair atchíos sé nach bhfuil buachaill nó cailín ann a chuid-
eochas leis “Tonnaí Thoraighe” a dheanamh ar bórd luinge i mBéal Thoraighe. Ní thiocfadh leis an luing a dhul isteach agus sinne a chur amach ar chéidh Thoraighe. B'éigean dúinn a dhul ins na bádaibh ar ais nuair a caitheadh amach an t-angcaire agus stad an long. Níor fhan bean, fear nó páiste i dToraigh nach dtainic anuas go dtí an chéidh nuair a chonnaic siad sinn ag teacht. Níor luaithe bhuail an bád port 'ná cuireadh na mílte fáilte romhainn go dtí an t-oileán. Toisigheadh a chainnt annsin. Bhí 'ach a'n duine againne ag iarraidh a rabh de Ghaedhilg aige a thabhairt 'un cinn. I ndiaidh ar ndícheall a dheanamh badh bheag ar gcuid di agus badh mhall sinn 'ghá labhairt le taoibh muinntire Thoraighe. Nuair fuarthas greim le hithe badh é an chéad bhuaidh- readh a bhí orainn oiread de'n oileán a fheiceáil is thiocfadh linn roimh an oidhche. Char fhan duine againn leis an duine eile acht ag iarraidh na n-iongantas uilig a dheanamh amach dó féin. Soir ag tarraingt ar an Tor Mhór tugadh aghaidh ar dtús. Thoir annsin atá Príosún Bhaloir. Sgeilp fhada, dhomhain atá ann atá ar bhruach na mbeann. An té a mbéadh sé de mhí-ádh air is go rachadh sé síos ann creid mise nach aníos a thiocfadh sé go réidh. Dá dtéidhtheá síos ann comh dóigh le rud eile nach dtiocfá aníos a choidhche. Dá gcuirtí cuid de na gaisgidheachaibh tréana bhí fá ghlas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráth, agus a bhris amach, isteach i bPríosún Bhaloir ní bhéifidhe ag léigheadh indiu fá mhórán de ghniomharthaibh gaisgeamhla Fear na hÉireann. Dá mbéadh Aodh
Ruadh Ó Domhnaill ann le linn Bhaloir Bhéimeann agus go dtógfaidhe ar siubhal go Toraigh é is go gcuir- feadh Balor isteach i n-a Phríosún é, ní chluinfidhe focal eile fa dtaobh de agus b'amhlaidh badh mheasa Clanna Gaedheal indiu gan a ainm a bheith dá luadhadh. Leac an Leannáin an chéad áit ar tugadh aghaidh i ndiaidh Príosún Bhaloir a fhágáil. Cloch nach bhfuil ró- mhór atá i n-a suidhe ar bhruach na mbeann atá sa leic seo. Creideann daoine nach bhfuil aca acht suidhe uirthi agus athchuinge a iarraidh is go bhfuighidh siad é. Is contabhairteach an rud do dhuine ar bith, dar liom, a dhul a comhair. Tá sí annsiud ar bhruach na mbeann agus gan a fhios ag duine ar bith cé'n bomaite a dtuitfidh sí síos agus a ndeanfar míle cuid di ar thóin na fairrge thíos na mílte troigh. Deirtear go bhfuil sí le himtheacht le duine éighinteacht. Badh bhocht an bás a bhéadh i ndán do'n té a bhéadh i n-a shuidhe uirthi nuair a d'imtheochadh sí. Is árd na beanna atá fá Thoraigh. Bhí eagla mo bháis orm a dhul a gcomhair ar eagla go dtiocfadh mearbhlán in mo chionn is go dtuitfinn síos. Thug cuid de na bhuachaillibh leo cupla currach, agus amach faoi na beannaibh leo a chuartughadh uamhach. Bhíthear dhá rádh gur a chuartughadh neadrach a chuaidh cuid aca. Cibé bhí siad a dheanamh, ní fhaca sinne iad go bhfacthas ag teacht isteach iad i ndiaidh a bheith amuigh cupla uair a' chluig. Bhí cuid de na sgoláiribh nach bhfaca currac ariamh, agus bíodh a fhíos gur mhór an t-iongantas leo fear a fheiceáil ar a dhá ghlúin i dtoiseach curraigh ag céas- lóireacht.
Ní luaithe chonnaictheas na curraigh ag tarraingt ar an chladach, 'ná síos linne. Comh luath is bhuail an chéad cheann a dheireadh ar an chladach, thug Peadar Ó Dubhda iarraidh a dhul isteach de léim ann, agus 'san am chéadna thug Fionn Mac Cumhaill iarraidh dhul isteach ann. Bhuail Fionn é féin i n-aghaidh Pheadair ar dhóigh go dteachaidh Peadar 'san tsáile agus fliuch- adh suas go dtí an dá ghlúin é. Ghlac Peadar go breagh é, agus bhí na gáiridhe ag briseadh amach ar Fhionn nuair a chonnaic sé caidé bhí deanta aige. Bhí sé ag éirghe mall, agus dubhradh gur bh'fhearr dúinn an chéidh a bhaint amach ar eagla go n-imtheochadh an long orainn agus go bhfuigfidhe ar an oileán sinn. Níor bh'fhearr le cuid aca áit eile a mbéadh siad 'ná ar Oileán Thoraighe. Má bhí deifre orm-sa ag baint na céadha amach, ní tuirseach de Thoraigh a bhí mé, acht ar eagla go n-imtheochadh an long is nach mbéadh gléas agam a fhágáil go luath. Leoga, is orm a bhí an buaidh- readh nach rabh níos mó ama againn ann, ar dhóigh go mbéadh faill againn gach uamhach dá bhfuil ann a fheiceáil agus deoch a ól as na tobrachaibh fíor-uisge atá ann. Acht, le deireadh a chur leis an turus udaidh go Toraigh, níl agam le rádh acht gur fhág an long amuigh ag Tráigh Mhachaire Rabhartaigh sinn. Thugamar buidh- eachas do'n chaiphtín is do'n fhuireann, agus bhaineamar an baile amach le tuitim na hoidhche sásta go breagh do'n tráthnóna chaitheamar i dToraigh.
CNOC FOLA. Tráthnóna breagh, ciúin amháin thug triúr againn linn ar gcuid rothar agus síos linn bealach Mhachaire Rabhartaigh chois na fairrge. Bhí bád as Toraigh thíos ar Thráigh Mhachaire Rabhar- taigh ag deanamh réidh le dhul 'un a' bhaile. Fágadh na rothair i leath-taoibh agus síos linne ó'n bhealach mhór 'un na trágha. Chuireamar forán ar mhuinntir Thoraighe agus thoisigh a sheanchas agus a choinneáil cainnte leo gur thionntuigh fear na stiúrach toiseach an bháid amach 'un na fairrge. Ní rabh a fhios againn cá rachamuis annsin. Dubhairt duine éighinteacht gur bhreagh an rud a bheith ar mhullach Chnoc Fola a léitheid de thráthnóna. Dubhairt an chuid eile gur bhreagh go díreach agus gan focal eile a rádh siud sinn de léim ar na rotharaibh agus ar siubhal linn. Cnoc Fola.
Eadar a bheith ag cainnt is ag comhrádh níor mhothuigh ceachtar againn sinn féin go rabhamar ag bun Chnoc Fola. Nuair a chonnaiceas féin sin dubhairt mé go rabh sé comh maith againn tuirlingeadh. D'amharc an bheirt eile suas ar an chnoc agus dubhairt go rabh sé comh maith againn dhul siar giota eile is go mb'fhéidir go bhfuighmis áit a mbéadh sé furus a dhul suas ann. Cha dteachamar i bhfad siar gur thuirlingeamar. Tugadh na rothair isteach ó'n bhealach mhór agus fágadh i n-a luighe annsin 'san fhraoch iad. Suas linne annsin thríd raithnigh a bhí ag dul go dtí an dá asgaill orainn. Bhí caoirigh dá gcastáil orainn 'ach a'n áit ó d'fhágamar bun an chnuic. Caoirigh maithe, móra a bhí ionnta. Bhí oiread olna ar chionn aca is a dheanfadh culaidh éadaigh d'fhear. Bhéadh iongantas ort caidé mar thig leis na caorchaibh mairstin ann ar chor ar bith. Ní féar atá ann le hithe aca agus, cinnte, ní ar raithnigh a mhaireann siad. I ndiaidh sin is uilig is bocht an áit nach bpiocfadh caora a chuid nuair a bhíos an aimsear mhaith ann. Creidim nach mbíonn moill ar na caorchaibh a bhíos ar Chnoc Fola oiread a fhágháil sa tSamhradh is ghníos gnaithe dóbhtha. Acht bíonn athrughadh sgéil ann 'san Gheimhreadh. Is beag a b'fhiú theacht an Earraigh, caora d'fhanfadh ann rith an Gheimhridh. Go díreach le luighe gréine bhí an triúr againn 'nar seasamh ar charnán cloch atá ar mhullach an chnuic. Cha rabh focal dá labhairt ag ceachtar againn acht gach duine ag breathnughadh uadh agus ag baint lán a dhá shúil as a rabh thart air. Agus, a léightheoir dhílis, a léitheid d'amharc is bhí romhainn! Ag imtheacht amach
fad amhairc bhí an fhairrge mhór. Ní rabh bogadh innte. Bhí sí comh ciúin le loch. Rachadh currach ar a shuaimh- neas ó Thoraigh go hÁrainn is ní bhéadh contabhairt go dtógfadh sé oiread le steallóig amháin uisge, bhí an fhairrge comh ciúin sin. “Siud bád Thoraighe,” arsa duine de'n bheirt eile. Thugas féin mo shúil soir ó thuaidh le linn na ceiste seo, acht má thug féin cha rabh dul agam ar í fheiceáil. Badh léar go bhfaca an bheirt eile í ná bhí siad ag iarraidh a teisbeanadh damh-sa. D'amharcas ní badh ghéire annsin agus chonnaic mé rud éighinteacht mar bhéadh fód mónadh ann eadar mé agus Toraigh. Is iongantach a bhfuil d'oileánaibh beaga mara uainn siar. Ní'l Gabhla níos mó 'ná trí mhíle uainn. Siud amuigh thiar ud Oileán Uaighe. Cupla míle taobh amuigh de tá na trí Mic Uí Ghorra. Is fada annsiud iad. Ní abróchad cá fhad ann iad de bhrígh nach bhfuil a fhios agam. “Acht cé arbh' iad na Mic Uí Ghorra?” arsa tusa. Tá, beirt dearbhráithreacha agus deirbhshiúr a bhí ann fad ó shoin i n-aimsir na draoidheachta. Cuireadh fá gheasaibh iad. Maidin Lá Bealtaine 'ach a'n seacht- mhadh bliadhain tógann siad a gcuid seolta agus tugann aghaidh ar Thoraigh le n-a chur le theinidh. Má éirigheann leo a bhaint amach gan duine ar bith a bhfeiceáil cuirfidh siad le theinidh é agus sgaoilfear a ngeasa annsin. Bhí Clann Lir naoi gcéad bliadhan ag snámh ar bhrághaid na dtonn agus fuair siad fuasgladh i ndeireadh an ama sin; acht níl a fhios agam an bhfuighidh na Mic Uí Ghorra fuasgladh a choidhche.
Níor éirigh leo Toraigh a chur le theinidh go dtí seo agus measaim nach bhfuil contabhairt ar bith i n-a chionn anois. Agus ó thárla gur ag sgríobhadh ortha atá mé annseo, níor mhaith an rud go ndeanfainn dearmad ar a gcuid ainmneach a chur síos. Aodh, Tadhg agus Siubhán a bhí ortha. Tá siad annsiud amuigh i lár na fairrge agus an lá is ciúine dar shéid gaoth as aer ariamh bíonn na tonna ag briseadh i n-a gcubhar geal, bán i n-a mullach. Is iomdha stoirm mhór agus doin- eann láidir a thainic ar Éirinn ó thuit súil fir ó thús ortha agus is iomdha athrughadh a thiocfas uirthi go dtigidh an lá nach mbíonn na Mic Uí Ghorra le feiceáil ar chúl Uaighe. Is minic a chluininn ag daoinibh aosta dhá rádh go rabh talamh amhach annseo romhainn faoi uisge na mara. Is duine de Chlainn tSuibhne a bhfuil sé i ndán dó a fhágháil. Nuair atchífeas sé an talamh má choinnigheann sé a shúil air go bhfuighidh sé cloch a fhuig- feas sé ann is leis é; acht má thógann sé a shúil de caillfidh sé é. Ní fhacthas dúinne go rabh cosamhlacht thalaimh ar bith amach romhainn an tráthnóna ud. Ní rabh dadaidh le feiceáil againn ann acht long a bhí eadrainn agus bun na spéire. Le linn súile a thabhairt ó dheas thig sléibhte árda Thír Chonaill os ar gcomhair. Tá an t-Eargal annsiud ag tógáil a chinn os cionn na gcodach eile uilig. Is annamh lá nach mbíonn bearad bán ar a chionn. Cha rabh ceo ná bearad air agus sinne ag amharc air ó
Chnoc Fola. B'fhada liom agus mé ag amharc suas air go bhfuighinn faill a dhul go dtí n-a bhárr. Chonn- aictheas damh dá mbeinn ar bhárr an Eargail i n-áit a bheith ar Chnoc Fola gur bhreagh an t-amharc a bhéadh romham. Deirtear go bhfuil loch ag bun an Eargail is go bhfuil doimhne mór innte. Bhí bean mhór ann fad ó shoin agus shiubhail sí an domhan uilig go dtainic sí go dtí an loch seo. Báitheadh ann í. Rinneadh ceathramha cheoil agus seo cuid de: “Loch Dhabhair, Loch Dhabhair, an loch is doimhne sa domhan, Trí doimhne Loch Dhabhair Loch Bhárr Ghaoth Dobhair.” Cnapánach go maith atá an ceanntar seo atá romh- ainn. Tá sléibhte árda agus gleanntáin dhomhna ann. Istoigh i lár gleanntáin tig loch chiúin os ar gcomhair. Gluaiseann sruthán anuas ó mhullach sléibhe agus isteach sa loch agus amach arís, agus ní dheanann sé stad ná comhnaidhe go measgthar leis an fhairrge mhóir é. Léimeann breac amuigh i lár locha anois agus éirigheann bradán i mbéal abhann' arís. Shaoilfeá go mbéadh am breagh ag muinntir na háite seo ag iasgaireacht fá na lochannaibh is fá na haibhnibh. Acht, i n-áit sin, ní fhághann siad cead amharc ar bhreac ná ar bhradán chan é amháin ceann a mharbhadh. Tig boic mhóra anall as Sasanaibh 'ach a'n bhliadhain agus caith- eann a gcuid ama ag dul thart ag marbhadh an éisg nach leo acht le hÉireannchaibh. Chuaidh an ghrian a luighe thiar ag Ceann Áranna. I ndiaidh í 'dhul a luighe thainic mar thiocfadh fuacht siocáin ar mhullach Chnoc Fola. Dar linne, nuair a
mothuigheadh an fuacht ag teacht go rabh sé i n-am againn a dhul a bhaile. Tugadh amharc amháin eile thart agus annsin tugadh aghaidh ar an áit ar fágadh na rothair. Ní har Chnoc Fola bhíthear ag dul a chaitheamh na hoidhche, cé go rabh leisg orainn a fhágáil. Síos linn — duine i ndiaidh an duine eile. Bhainfidhe truisleadh as duine annseo agus tuitim as duine annsiud go dtí gur baineadh an bealach mór amach thíos. Is annsin a bhí an chuid- eachta. Ní rabh a fhios againn cé'n ball ar fágadh na rothair ann. Déarfadh duine gur annseo a fágadh iad agus déarfadh duine eile nach headh acht annsiud. Chuadhthas 'á gcuartughadh agus fuarthas iad 'san áit ar fágadh iad. Baineadh an baile amach acht má baineadh féin tá duine amháin ann a choinneochas cuimhne ar an tráthnóna ud a chaith sé ar mhullach Chnoc Fola.
JUNO, APOLLO, VENUS.
Juno, Apollo, Venus bheir glóir do Dhia agus Déirdre Thainic aréir do m'fhéachaint is mé féin 'o shuan; Bantracht na sgéimhe bheir solas mar na réalta; Musgladh as mo néal mé is mé ag éagcaoin go cruaidh. D'éirigh mé de'n léim udaidh suas ins na spéarthaibh, Shaoileas féin go héag, a chroidhe, nach bpillfinn anuas; D'fhosgail mé mo ghéaga 's mé ag gáiridhe leis a' dé-mhnaoi, 'S níor bh'fhada 'n a dhiaidh sin gur éaluigh sí uaim. Is deas do mhalaidhe is d'fhéacaint le'r mharbh tú na céadta Is do shleamhain-fholt buidhe, craobhach síos leat ag fás, Go dúnta, daithte, druimleach, a chúil feamnach, buin- seach; Do dhearc-shúil mar na réalta ag éirghe ó'n lá. Badh dheas do chíocha déanta, do bhrollach mar an fhaoileán, Do chorp ó bhroinn déanta is do bhoinn chaola d'fhás; Cumhradh in do chroidhe ort-sa Éibhir is tú do bhreath- nuigh Éire, Nach bhfuair amach an spéir-bhean a choinnigh mé ó'n bhás.
Dhearbheochainn-se féin ar Ghallaibh agus ar Ghaedhealaibh L Do shamhail i nÉirinn nach bhfuil sé le fágháil, Le gile, le sgéimhe; le finne, le méine, Badh bhinne guth béile 's badh chumasaighe cainnt. Má's tusa croidhe an réidhtighe bhain solas geal an lae dínn, Mhusgail as na néaltraibh bhí dorcha ar chách; Mur' cionntaighe thú féin leis go dtéidhidh mise sa chréafóig, Ní stadfaidh ó mo bhéal acht do mholadh go bráth. A ghrádh, is a shearc ná smaoinigh gur bréag nó stair adubhras, Gur éag mé seal ag dúil leat is ná diúlt mé go bráth; Gníomha maithe, múinte 's an taobh ó dheas a shiubhlas, Is fada ó dearbhuigheadh dúinne gur fionn, geal na mná, Ní'l a'n óig-fhear, cliste, lúthmhar adeirfeadh nach tú mo rún-sa, L Nach mbainfinn fuil go húr, go cúiteach as a lár. Tar is triall is bí liom-sa ar bhórdaibh taiste go Lonndain Tréig do bhailte, dúnta is ná diúltaigh ar ndáil.
PÁDRAIC 'AG RUAIDHRÍ. A Phádraic 'ag Ruaidhrí, a chorp an duine uasail, Go mairidh tú buan in do shláinte; Gur i dToraigh ó thuaidh atá deagh-mhac a' tsuaircis, 'Mbíonn luingis go buan aige is bádaí; Ní fá chladaighibh go suarach badh mhian leis bheith a' gluaiseacht, Acht ag tarraingt ar chuantaibh na Spáinne; Tá cabhlach sa ruaig air, 'san lámhach anuas leo, 'S ní bheirfear i gcruadhtan ar Phádraic. A Nansaí, tá an chraobh leat i dToraigh go síorruidhe, Is éireochaidh an saoghal ann go bráth leat; Níor lugha le Cáitríona, bean Éamoinn an chroidhe mhóir, Is aici atá aoibhneas na háite; Tá an stór aice líonta de'n bheoraigh is daoire, Rum, brandaí is fíonta na Spáinne; Tá bádaí na tíre ag tarraingt go líonmhar Is ag ceannach i n-a saoirseacht ó Phádraic. Tá coirce 'gus eorna comh fairsing le mónaidh Aniar ó Ghaoth Dobhair go dtí'n gleann seo; Bheirfidh Pádraic go leor as Condae Mhuigheo, Ní bhéidh orainne brón ins an tSamhradh; Níl a'n áit 'san Roinn Eorpa a mbéidh fairsingeacht ar foghnamh Nach mbéidh againn i gcomhnuidhe i n-am aingeamhail; Ar choimrigh Ríogh an Domhnaigh a sgaith na bhfear cródha Le linn gaoithe móire nó dainseáir. (Do réir na Gramadaighe “a chuirp” badh cheart a bheith annseo.)
Tá an rigging i n-órdughadh — ní baoghal dá cuid seolta, Le linn gaoithe móire nó dainseáir; Tá canbhas go leor uirthi — is daor a cuid rópaí, A ceannuigheadh ar chóstaibh na Frainnce; Tá tier gunnaí móra ar gach taoibh di i n-órdughadh, Is ró-dheas a sheolas sí'n aidhbhleis, Luingis chríoch Fódla is bíodh i n-a deoidh-se Dar liom-sa go ndóighfeadh sí'n t-iomlán.
LÉIGHEACHT AGUS CUIRM CHEOIL. Árd-thráthnóna a bhí ann. Bhí sé i n-a bhárr-láin. Bhí an lán-mara ag teacht aníos féadaim a rádh fhad le Dún an Dálaigh. Thíos ar sgáth an oileáin bhig udaidh thíos tá cúig nó sé de chlaignibh amuigh ag snámh. Siud bád faoi sheol ag tarraingt ar Bhaile an Easa. Ní abróchainn nach de chuid Thoraighe í. Tá an chóir léithe agus déarfá le hamharc uirthi nach mbainfeadh sí tír ná talamh amach a choidhche. Tá sí ag treabhadh thríd an uisge comh tapaidh sin gur mór an chontabhairt mura dtéidhidh sí go tóin roimh i bhfad. Acht, ní heagal di. Leigfear leis an sgód má 'tchífear contabhairt ar bith ag teacht. Tóg do shúla ó'n fhairrge agus amharc suas bealach an talaimh. Ar gach ardán 'tchí tú sgaifte eallaigh ag ingheilt. Thuas ar mhullach Chnoc na Bealtaine tá sgaifte mór eallaigh ann agus triúr nó cheathrar gasúr 'ghá gcoimheád. Ag tarraingt soir ar Ghort an Choirce 'tchí tú cupla cailín ag siubhal ar a suaimh- neas. Creidim gur ag tarraingt ar Oifig an Phosta atá siad. Béidh leitreacha nó b'fhéidir cárdaí posta aca le cur sa bhocsa. Agus déarfá go bhfuil siad ag léigheadh leabhair rompa! Tá cinnte. Cuid de sgoláiribh na hÁrd-Sgoile atá ann agus iad ag léigheadh “Laoi Oisín” nó “An Cruinneolaidhe.” Agus an é siud an Maighistir Mac Giolla Cheárr!
'Sé leoga. Siud é ag obair fá'n sgoil. Tá sé “ag cur eagair uirthi” mar deireadh sé féin. Tá duine uasal ag teacht ar thraen leath-uair i ndiaidh a ceathair agus dheanfaidh sé léigheacht i Sgoil Ghort an Choirce anocht. Tá iomrádh go mbéidh cuirm cheoil i ndiaidh na léigheachta. Caithfimid an turas sin go Corrán Binne a chur ar gcúl go dtí tráthnóna i mbárach ar eagla go gcaillfeamuis an léigheacht agus an chuirm cheoil anocht. Tá an ghrian ag dul as amharc thiar ar chúl na gcnoc. Nach deas a lonnradh ar na sléibhtibh agus í ag dul a luighe! Féach ar an Eargal. Cá bhfuightheá radharc níos deise 'ná é ar an bhomaite seo? Agus Cnoc Fola! Le cupla bomaite thainic dath air atá comh dearg le fuil. I gcionn chúig mbomaite eile béidh cuma air comh dubh dorcha is bhí air ariamh. Tá na páistí ag cur an eallaigh 'un a' bhaile. Agus déarfá go bhfuil deifre mhór ortha 'ghá dtiomáint rompa fosta. Acht dhar ndóighe ní thig leis na páistíbh an chuideachta atá le bheith i dtoigh na sgoile a chailleadh acht oiread. Seo chugainn daoine as 'ach a'n chearn ag tarraingt ar Ghort an Choirce. Níl mórán de sgoláiribh na hÁrd-Sgoile ann go fóill. Béidh cuid aca agus níor mhiste liom a rádh go mbéidh cuid mhaith de'n léigheacht thart sul a bhfeicthear iad. An locht is mó atchím ar Ghaedhealaibh óga na haimsire seo, .i. a bheith ag tar- raingt ar áit cúig bhomaite nó ó sin go dtí leath-uair nó b'fhéidir uair i ndiaidh an ama ar cheart dóbhtha a bheith ann. Is mór a thaitnigheas sé liom daoine a fheiceáil cruinnighthe roimh an am atá leagtha amach
roimh ré le céilidhe a chur ar bun nó sgoil a fhosgladh. Bhí an sgoil bog-lán go maith i dtráthaibh a hocht a chlog. Bhí sé leath-uair i ndiaidh a hocht sul ar toisiughadh ar an léigheacht. Rinneadh airchinneach de shéiplíneach na háite. Agus, leoga, badh mhaith an t-airchinneach é. D'éirigh sé agus thug buidheachas dúinn as an urraim a thugamar dhó. Dubhairt sé linn go rabh fear uasal i láthair — fear a rabh aithne ag mórán againn air agus a gcualaidh 'ach a'n dhuine iomrádh air. Labhair sé leis ar feadh chupla bomaite agus annsin d'iarr sé ar an fhear uasal labhairt, ná gur leis a b'fhearr a thiocfadh a dheanamh. D'éirigh an duine uasal annsin agus rinne léigheacht a thaitin go mór le gach duine dá rabh ann. D'éirigh duine de na hollamhnaibh agus chuir rún i bhféidhm ag tabhairt buidheachais do'n duine uasal as a theacht agus léigheacht a dheanamh. Thoisigh sé ag tús na léigheachta agus thainic anuas go tapaidh thríthe. Mhol sé í go mór. Ní rabh rud ar bith innti nár aon- tuigh sé leis. Chuir sé an rún os ar gcomhair agus shuidh síos. D'éirigh ollamh eile agus d'aontuigh leis an rún. Dubhairt sé beagán fá dtaobh de'n léigheacht mar an gcéadna. D'éirigh duine eile agus i ndiaidh aontughadh leis an rún thoisigh sé mar seo: —“Is iomdha léigheacht mhaith, bhríoghmhar a chualamar ó fosgladh an Choláiste, acht saoilim féin go dtig linn uilig a rádh gurabh í seo an léigheacht is fearr dár chualamar go fóill. Thug an duine uasal seo leis siar sinn go dtí an t-am a rabh Columcille ag siubhal na ngleann agus na n-ardán
seo. Theisbeán sé dúinn caidé an seort saoghail a bhí aca i n-Éirinn fad ó shoin. A cháirde, saoilim féin gur mór an mhaith a ghníos léigheachta dá léitheid seo agus badh cheart dúinn iad a bheith againn annseo níos minice 'ná mar a bhíos.” Dubhairt sé beagán eile agus annsin shuidh sé síos. Thoisigh duine eile annsin agus nuair bhí seisean réidh labhairt beirt nó thriúr eile. Acht fá dheireadh thiar thall sgairt duine éighinteacht ar Fhionn Mhac Cumhaill. Ní rabh Fionn ag éirghe. Thug an t-airchinneach a shúil síos thríd an sgoil agus aoibh an gháire air agus dubhairt sé:— “A Fhinn, má tá tú annsin éirghe agus abair cupla focal, le do thoil.” Anois an oidhche a bhéadh céilidhe ann agus nach mbéadh Fionn i láthair shaoilfeadh 'ach a'n dhuine nach mbéadh cuideachta ar bith aca. Nuair d'iarrfaidhe ar Fhionn sgéal a innsin stadfadh an gleo agus an callán agus chuirfeadh gach duine cluas éisteachta air féin. Agus leoga níor bh'iongantas ar bith sin! Badh bhreagh an sgéalaidhe é Fionn. Char casadh a léitheid de bhuachaill óg orm ariamh a dtiocfadh leis sgéal a innsin nó laoi a chanadh comh deas leis. Chuirfeadh sé cos i mullach na coise eile agus thoiseochadh a dh'innsin caidé mar chaill an Fhiann an Sgian go mBuaidh nó chanfadh sé cuid de Laoi an Deirg nó b'fhéidir go n-abróchadh sé abhrán, acht ní fios damh go dtug sé iarraidh guth a chur le habhrán ariamh. Tá sean- sgéal Gaedhilge adeir go rabh na hUltaigh cruinnighthe i n-Eamhain Mhacha tráth amháin agus go rabh gleo agus callán mór aca. Acht i lár an challáin d'éirigh Con- chubhar agus chroith sé “An Chraob-Éisteachta.” “Thuit
sos ar Ultaibh annsin,” adeir an sgéal, “foir” adeir an sgríbhneoir “badh Dia beag Conchubhar ag Ultaibh an ionbhaidh sin.” Thuitead sos orainne nuair thoiseochadh Fionn ar sgéal a innsin. Acht le theacht ar ais ar an áit ar fhág mé an t-airchinneach ag iarraidh ar Fhionn éirghe; d'éirigh sé. Agus cuma fhaitcheach go leor a bhí air ag éirghe dhó. Bhíomar uilig ag fanacht le Fionn labhairt. Acht cé go rabh sé i n-a sheasamh ní rabh sé ag rádh focail. Fá dheireadh thoisigh sé:—“A athair urramaigh agus a cháirde,” adeir sé “badh mhaith liom-sa cupla focal a rádh fá dtaobh de —.” Ní thainic leis níos mó a rádh. Bhris na gáiridhe amach air. Agus ní rabh a fhíos ag duine ar bith cad chuige. Ní rabh a fhios agam féin é ar sgór ar bith. Dubhradh leis go mb'fhéidir go dtabhairfeadh sé iarraidh eile. Thug, acht ní raibh maith ann. Níor dhubhairt sé acht cupla focal gur bhris na gáiridhe amach arís air is gur bh'éigean dó suidhe síos. Bhí iongantas orainn uilig nach dtainic leis an sgéalaidhe mhór níos mó 'ná sé nó seacht d'fhoclaibh a chur le chéile nuair d'éirigh sé le labhairt. Cupla lá i n-a dhiaidh sin leig Fionn liom féin gurab é an fáth nach dtainic leis labhairt: go raibh sé i n-a shuidhe imeasg sgaifte cailín agus nuair thoiseochadh sé a chainnt bhainfeadh bean aca liomóg as anois, agus ar ball beag bhainfeadh bean eile aca liomóg as go dtí gur bh'éigean dó suidhe síos sa deireadh. Fá dheireadh d'éirigh an timthire agus thoisigh an Ghaedhilg a theacht amach as a bhéal mar thuile a bhéadh ag dul le fánaidh. Mhol sé agus níor cháin sé. Is
leis féin a thig an moladh a thabhairt uadh. Acht badh é deireadh a chuid cainnte gur mhol sé dhúinn cuirm cheoil a chur ar bun: go rabhamar tuirseach de chainnt. Agus leoga bhí an fhírinne aige. Bhíomar ag éirghe tuirseach de'n cainnt gan amhras. Thoisigh Éamonn Ó Tuathail le “Mo Chailín Deas Óg,” thug Aodh Ó Dubhthaigh “Níl sé i n-a lá, níl go fóill” dúinn, agus dubhairt Mícheál Ua Duibhir “Tiocfaidh an Samhradh.” Dubhairt sean-bhean dá rabh ann dán diadha dhúinn. Chan Aodh Mac Gabhanna abhrán a chum sé féin agus ghabh duine éighinteacht eile “Crúbach Thoraighe.” Leis an chainnt agus leis an cheol shleamhnuigh an t-am thart go rabh sé i n-am againn a bheith ag smaoi'- tiughadh ar an bhaile a bhaint amach. D'éirigh Aodh Ó Dubhthaigh arís agus thug uadh “Fuadach Aoidh Ruaidh.” Is maith is cumhan liom go fóill an deireadh a bhí aige leis:— “Is dá nglacfaidhe a chomhairle an oidhche sin, roimh an bhriseadh bhrónach, mhall Bhéadh athrughadh dlighidh againn indiu ó Cheann tSáile go Dún na nGall.” Ar theacht amach dhúinn bhí an ghealach i n-a suidhe. Bhí sí ag caitheamh soluis bhreagh ar an tír thart fá dtaobh dínn. Déarfá gur ag damhsa a bhí a solus ar an fhairrge. Thiocfadh le duine fanacht ag amharc air ó sin go maidin. Thiocfadh leis suidhe ar thaoibh ardáin ag amharc air agus 'san am chéadna bheith ag éisteacht le tonnaibh na mara ag briseadh ar thráigh nó i n-éadan carraice. Thiocfadh leis amharc ortha — ceann i ndiaidh
an chinn eile ag deanamh ar an tráigh. Agus ar n-a bhfeiceáil dó thiocfadh leis smaoi'tiughadh ar an Dúileamh agus ar a mhaitheas do'n chineadh daonda: mar chuir Sé an ghealach ins an spéir 'san oidhche le solas a thabhairt dúinn agus mar chuir Sé tonna na mara a rith i ndiaidh a chéile le sólás agus aoibhneas a thabhairt dúinn. Acht níor fhan a'n dhuine againne ag amharc ar an ghealaigh ag damhsa ar an fhairrge ná ag éisteacht le tuaim na dtonn ag briseadh ar thráigh Mhachaire Rabhartaigh nó ar thráigh ar bith eile. Bhí codladh ag teacht orainn. Bhaineamar an baile amach agus chuaidh a luighe. Chuadhamar 'un suain. Thainic aisling chugainn i n-a bhfacamar — Gaedhil go dian ag foghluim na Gaedhilge 'S ag trácht arís gan ghó le héifeacht; Mar d'éaluigh Naoise 'gus an óig-bhean Déirdre, Gur imthig an dís go brónach as Éirinn Thar Sruth na Maoile 'gus ceo ar an spéir. I n-a dhiaidh sin 'tchímid laochra calma, tréana, Cúchulainn cródha, 'gus é ag claoidheadh céadta, Lucht leanamhna Mhéadhbha ag bruighean sa ghéibheann, Oisín féin ar stéid-each 'n a shuidhe go maordha Le hainnir bhéasach an bhuidhe-fhuilt réidh. Cluinmid briathra, ró-bhinn' ceolmhar' Gaedhilge. Ag tógáil na gcroidhthe bhí brónach i nÉilge 'S ag rádh le héifeacht mar cheol ar théadaibh Nach bhfeicfear Fódla ag lucht an Bhéarla Go réabfar na sléibhte is go ndóighfear an saoghal.
ABHRÁN PHÁDRAIC SHÉAMUIS. (Séamus Ó Domhnaill, file a bhí i n-a chomhnuidhe i Rann na Feirste tuairim ar cheithre fichid bliadhain ó shoin, a chum an tuireamh nó an caoineadh seo fá mhach dó a báitheadh. Fuair mise é ó Phroinnseas Ó Griana atá i n-a chomhnuidhe i gCnoc an Chaocháin agus ó Phaidí Mhac Pháidín atá i n-a chomhnuidhe i Rann na Feirste.) An chéad Mhárta de Fhóghmhar badh bhrónach tuirseach mo sgéal, Lámh thapaidh bhí cródha ag dul romham ar leabaidh na néal; Ar Charraic na nDeor is dó' gur chaill mé mo radharc 'S go dteidhidh mé faoi fhód ní thógfaidh mé m'aigne 'do dhiaidh. Tá do mháthair is Niall faoi chian 'gus is fada leo'n lá, 'S tá osnadh 'n a gcliabh nach leigheasfadh doctúir ná leáigh; Ar sholáthair mé riamh is bíodh sé cruinn in mo láimh, Go dtabhairfinn é uaim acht fuasgladh Paidí bheith slán. Tá do dheirbhshiúracha cráidhte i ngnás ag sileadh na súl 'S níl a fhios ce'n lá go bráthach a n-imtheochaidh a gcumhaidh;
D'fhág tú d'aicme faoi smál, mo chrádh! mar rinne tú an siubhal, Nuair nár agair tú Párrthas le spás beag eile a thabhairt dúinn. Badh charthanach, fial thú riamh, is badh shona do lámh, 'S go mbéitheá faoi chian mura riarfá a dtiocfadh 'do dháil; Ba ró-dheas do chiall le 'ch aon do d'aicme ar an tsráid, 'S ní mhairfidh mé bliadhain i mbuaidhreadh feasta mar táim. Mo mhallacht go buan fá bhruach an chladaigh seo thíos, 'Sé d'fhág d'aicme faoi ghruaim is rinne gual damh i n-aice mo chroidhe, 'Sé do chur ins an uaigh monuar! d'fhág mise gan bhrigh, Gan mheisnigh, gan stuaim acht 'mo thruaill bhocht ag imtheacht le gaoith. Ó, stadfad mo ghéar-ghol is dhéanfad mo ghearán le Cách, Fuair Píoláid is péin ar thaobh na croiche go h-árd; A Mhuire, má's féidir dúinn d'Aon-Mhac agradh gan spás Le furtacht do féin is gan é bheith feasta faoi cháin. Ceannach Síol Éabha as péin a d'fhulaing Sé 'n pháis, Ní dhearcamuid féin Air, acht b'fhéidir mailís gach tráth;
Le faillighe gan chlaon 's níl éinneach fiosach i n-a spás, 'Gus agramuid É le bheith fabharach duit-se fá'n cháin. Míle is ocht gcéag léightear deimhin gan chlaon, A cúig is a sé déag leis an sgéal sin aithris go fíor, Ó thainic mac Dé 'un tsaoghail le'r gceannach go daor, Chuaidh Paidí i gcré is mo léan! ní phillfidh sé choidhch'. Críoch.
TAGRA CLOICH CHEANN-FHAOLAIDH. — Cloich-ionn-Aola an tuaim atá le hainm na h-áite seo ag Gaedhilgeoiribh Thír Chonaill. Cloch Chinn Fhaolaidh agus Cloch Chinn Fhaoladh atá thíos ag Seán Ó Donnabháin i n-Annála Ríoghachta Éireann nuair a thráchtar ar an áit seo ann. SG, SP, ST. — Cé gur “g” “b” agus “d” an tuaim a thigeas i ndiaidh “s” i bhfoclaibh mar “sgéal, speal, stad” chuireamar síos “sp” agus “st” mar is mar sin a sgríobhtar anois iad. Agus ar an dóigh chéadna “sg” atá thíos againn. MUINNTEAR, AIMSEAR. — Seo an litriughadh atá thíos againn ar an dá fhocal seo sa tuiseal ainmneach. MUINNTIR, AIMSIR, atá thíos sa tuiseal tabharthach. -MUIS nó -MUIST. — Seo é an deireadh a bhíos i comhnaidhe ag sean-Ghaedhilgeoiribh Thír Chonaill ar bhriathraibh sa chead pearsain de'n uimhir iolraidh 'san aimsir ainfhoirbhthe agus 'san aimsir choin- ghiollaigh, m.sh., thógamuis, thigeamuis, agus thógfamuis, thioc- famuis. Cé gur minic a chluintear “t” i ndiaidh an “s” saoilim nach ceart a chur síos i sgríbhneoireacht. -MAR. — Ní ró-mhinic a chluintear -mar (.i. = sinn) i ndeireadh bréithir ar bith anois i gCúigeadh Uladh. Acht mar sin féin níl sé caillte ag sean-Ghaedhilgeoiribh an chúigidh go fóill. Chonnaictheas dúinn ó thárla é ann ar chor ar bith gur cheart dhúinn a chur síos agus iarraidh a thabhairt ar a shábháil. Cluintear “chuadhamar, bhíomar, srl., coitcheannta go leor i gCloich Cheann-Fhaolaidh i nGaoth Dobhair, ins na Rosaibh, agus i ndeisceart Uladh. TEARN TEACHAIDH. — “Ní thearn, ní theachaidh” adeirtear i gCúigeadh Uladh i náit “ní dhearn, ní dheachaidh.” Tá mórán sgríbhneoir Gaedhilge i n-Ultaibh agus ní aontuigheann siad linn nuair adeirmid gur “ní thearn go dtearn; ní theachaidh go dteachaidh, srl. is ceart a chur síos má táthar ag sgríobhadh canamhna an Chúigidh; deir siad nach ceart “t” ar bith a bheith ins na foclaibh seo. Sgríobhann siad féin “ní dhearn, go dearn: ní dheachaidh go deachaidh, srl.” Anois nach dtigeann ur-dhubhadh i ndiaidh “go”? Agus cad chuige nach dtigeann sé i n-a dhiaidh roimhe na foclaibh seo má's é “d” an chead leitir ionnta ag Ultaibh? I gConnachtaibh deir- tear “go ndearna, go ndeachaidh, srl.” Is léar gurab é “d” an chead leitir ins na foclaibh seo ag Connachtaibh. Is minic a ghníthear “t” de “d” i nUltaibh, m.s., “teana” i n-áit “dean.” Agus rinneadh “t” de “d” ins na foclaibh seo “dearn, deachaidh.” Bhíthear ag iarraidh a chur i n-umhail dúinn go rabhamar ar seachrán ar fad nuair chonnaictheas “ní thearn, go dtearn: ní theachaidh, go dteachaidh, srl.,” thíos againn. Sgríobhamar chuig Seosamh Laoide fa dtaobh díobhtha agus seo é an freagra chuir sé chugainn :— “Má's fearr leat canamhain Chúigidh Uladh a chur síos sgríobh “ní thearn, ní theachaidh; go dtearn, go dteachaidh, srl.,” óir is é sin mar tá siad ag Ultaibh gan amhras, acht má's fearr leat Gaedhilg na leabhar cuir síos an rud eile,” .i. go ndearna, go ndeachaidh. Saoilim go socruigheann sin an cheist seo. Tuigthear gur canamhain “tearn; teachaidh.”
GAIBHIDE GABHANNA. — Gabhann .i. an gheinide atá ar “gabha.” I dTír Conaill cuirtear “a” eile ann sa tuiseal gheineamhnach. Cuirtear “a” le focal ar bith a bhfuil -an nó -ann mar gheinidein air, m.sh., Éireanna, Albana, Áranna. Is de'n treas dio-chlaonadh na focla seo ag Ultaibh. Tógann siad Éirinn, Albain, Árainn, srl., mar ainmnidh. GLAS GHAIBHLEANN. — Tá Glas Ghaibhneann le fágháil i leabhar- thaibh. Deir Seaghán Mac a' Báird, Na Cealla Beaga, gur “An Glas Gaibhlinn” a chualaidh sé féin i gcomhnaidhe riamh. Nuair a bhí claidhmhtheacha an chead bheirt deanta. CLAIDEAMH adubhairt an sgéalaidhe. DEAN. — Guthaidhe goirid atá ins an fhocal seo ag Ultaibh. AG DUL. — Dá mbéadh mo dhóigh féin agam-sa “ag gabhail” a chuirfinn síos. Le h-órdlach na COINNLE .i. fhad is bhéadh órdlach coinnle dá dóghadh. -ADH nó -AMH. — Tá -amh thíos mar dheireadh againn ar bheagán focal, m.sh., deanamh, caitheamh. Sin mar is gnáth a bhfeiceail ins na sean-leabharthaibh agus ins na nua-leabharthaibh fosta. Agus fáth eile le n-a sgriobhadh: cluintear srónacht i ndeireadh na bhfocal seo. Agus dar ndóighe níl srónacht ar bith ag baint le “adh.” COILLIDH. — Is minic fuirm an tuisil thabharthaigh againn i n-ainmneachaibh a bhfuil baint aca leis an chúigeadh dío-chlaonadh i n-áit ar chirte fuirm an tuisil ainmnigh a beith. Deirimid “caraid” i n-áit “cara” “teinidh” i n-áit “teine” “teangaidh” i n-áit “teanga”. Leantar riaghalacha na gramadaighe ins an leabhairín seo acht nuair atáthar ag cur síos na cainnte as béal duine. TORAIGH — Ní dheantar úsáid ar bith de'n tuiseal ainmneach “Torach” i measg na ndaoine. Nuair labhairtear ar áit is ins an tuiseal tabhartach a labhairtear air beag nach i gcomhnuidhe, m.sh., bhí mé i dToraigh. Tá mé ag dul go Toraigh. Is ion-ráidhte an mhéid seo i dtaoibh “ceall” agus mórán focal eile mar a gcéadna. LUGH FADLÁMHAC, .i., Lugh nó Lughaidh Lámhfhada. Thuigfeá ar an sgéal seo gur fá Cloich Cheann-Fhaolaidh a mar- bhadh Balor acht do réir an tseanchasa mharbh Lugh Lámhfhada é i gCath Mhuighe Tuireadh ó tuaidh. (Féach Mans. Materials. Lect XI. O'Curry. Féach fosta Manners and Customs. Vol. 4, page 251. O'Curry.) AR = our. Tá an guthaidhe goirid go fóill ins an fhocal seo. MAIRIDH — Seo é an sean-dóigh ar “maireann.” Cluintear -idh go minic i ndeireadh bréithir 'san aimsir laithrigh i n-áit -ann. BÍ, .i., bíonn. — Tá “bí” beo go fóill i mbéalaibh na ndaoine i gCúigeadh Uladh. CEANN, CIONN. — “Ceann” atá thíos sa tuiseal ainmneach agus “cionn” sa tuiseal tabharthach. BRADÁN, ORDÓG, srl., nó BRADAN, ORDOG, srl. — Tá an bhéim-ghotha (tonic accent) againne i gcomhnaidhe ar an chead siolla i bhfoclaibh mar iad seo. Anois ó tharla sin mar sin má chuirim síos “bradan, ordog,” srl., béidh na gutaidhthe deireannacha
ionnta dorcha (obscure) (nó is ceart dóbhtha a bheith dorcha) acht chan fhuil siad dorcha i gcainnt na ndaoine. Agus chan fhuil siad fada. 'Sí an tuaim ghoirid atá ar “á” atá ar an ghuthaidhe dheireannach ins an fhocal “bradán” agus is í an tuaim ghoirid atá ar “ó” atá ar an ghuthaidhe dheireannach ins an fhocal “ordóg.” Tá comhartha éighinteacht a dhith orainn le cur ar ghuthaidhe ghoirid mar seo i siolla nach bhfuil béim-ghotha air agus an dtig linn comhartha níos fearr a fhágháil 'ná an comhartha a bhí ann i gcomhnaidhe .i. an síneadh fada. LE LINN SOLUIS NA GEALAIGHE. — I gcainnt na ndaoine i n-abairt mar í seo ní gnáthach acht an gheinide dheireannach a bheith ann. TOIGH agus TOIGHE. — Castar “toigh” nó “taigh” orainn comh maith le “tigh” ins an Trip. Life of St. Patrick agus i sean- leabharthaibh eile. CIONN. — Is annamh a chluintear an t-iolradh i n-abairt mar í seo:— “Teanga ‘ghalánta’ atá i n-a gcionn aca.” AERAIDHEACHT. — Bíonn an consona a thigeas roimhe “e” caol, acht bíonn an consona thigeas i n-a dhiaidh leathán. Aeridheacht an leitriughadh is coitcheannta ar an fhocal seo. Caidé mar thig le “r” a bheith caol agus leathán 'san am chéadna? -AIBH, -IBH. — Tá tuaim an “bh” caillte i Cúige Uladh sa tuiseal tabhartach de'n uimh. iolraidh. Cluintear é corr-uair i bhfilidheacht, agus i mbeagán focal anois agus arís i gcainnt na ndaoine. JUNO, APOLLO, VENUS. File de mhuinntir Mhac Gabhanna a bhí i n-a chomhnuidhe i gCloich Cheann-Fhaolaidh tuairim ar cheithre fichid bliadhain ó shoin a chum an t-abhrán seo. Donnchadh Mac Gabhanna d'aithris damh-sa é. Seo é an fáth ar cumadh é, do réir Dhonnchaidh: “Bhí an file i n-a chodladh. Thainic aisling chuige. Chonnaictheas dó go rabh duine éighinteacht ag an doras. D'éirigh sé agus d'fhos- gail sé an doras. Chonnaic sé an bhean badh dheise agus badh dhóigheamhla dá bhfacthas ariamh i n-a seasamh taobh amuigh de'n doras nuair a d'fhosgail sé é. D'imthigh sí agus lean seisean í. “Bhí sneachta trom ar an talamh. Níor bhfada chuaidh an file gur éirigh ceo. Cuaidh sé ar seachrán. “Nuair a mhusgail a bhean, thug sí fá dear nach rabh a fear i n-a luighe agus nach rabh sé le feiceáil sa toigh. Chuadhthas a chuart- ughadh agus fuarthas é amuigh i n-a luighe sa tsneachta agus é beag nach conáilte. Tugadh 'un a' bhaile é, agus nuair a thainic sé chuige féin rinne sé an t-abhrán seo ag moladh na mná ar eagla go dtiocfadh sí air ar ais. Bean-sidhe a bhí innti.” ABHRÁN PHÁDRAIC SHÉAMUIS. Mac de'n fhile a báitheadh a bhfuil an t-abhrán seo fá dtaobh de. Badh doiligh, dar liom, é a shárughadh ar bhinneas agus ar bhrónacht ceoil; agus ní i ngach abhrán a bhfuil na hárd- smaoi'tighthe atá 'san abhrán seo. Féach ceathramha a sé agus a seacht. Seo leagan eile atá ar thús na ceathramhan deireannaighe:— Míle 'gus ocht gcéad do réir gach sgríbhinn' pinn, A cúig agus a sé, 'sé atá i méadar ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services