Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cloich Cheann-Fhaolaidh

Title
Cloich Cheann-Fhaolaidh
Author(s)
Ua Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1908
Publisher
Gill, M.H. & Son Ltd

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


REAMH-RÁDH.



Bhéarfar fá dear nach bhfuil cur síos iomlán ar áit
ar bith ins an leabhairín seo: níl ann acht gearr-
chunntas ar Chloich Cheann-Fhaolaidh agus ar na
háiteachaibh eile atá comhgarach de a dteachamar ar
cuairt ortha an chéad bhliadhain a fosgladh an Choláiste.
B'fhéidir go mbroslóchadh an beagán atá ann duine
éighinteacht eile le seanchas, &rl., na n-áiteach seo a
chur síos i leabhar. Má bhrosluigheann, tiocfaidh toradh
éighinteacht de bhárr ar saothair.



Is i nGaedhilg atá an tagra. B'fhusa a léigheadh
agus ciall a bhaint as dá mbadh i mBéarla a bhéadh sé,
acht chuireas síos i nGaedhilg é de bhrígh go bhfeicthear
damh gur ceart agus gur mithid dúinn iarraidh a
thabhairt ar gach ceist, dá deacracht, a mhíniughadh agus
a chur thríd a chéile i nGaedhilg má's mian linn a
coinneáil beo. Go ndeanfar sin is mór m'eagla nach
dtéidheann léigheann Gaedhilge 'un tosaigh.



'Sé an tAthair Mícheál Ó Maoláin a thug orm
toiseacht ar an leabhairín seo agus a bhrosluigh mé 'un
tosaigh leis. Cibé tairbhe bhainfeas lucht foglumtha na
Gaedhilge as ní ceart dóbhtha dearmad a dheanamh de'n
tSagart Ó Maoláin, ná murab é eisean ní dóighthe
go mbéadh sé ar fágháil aca ar chor ar bith.



Caithfead mo bhuidheachas a ghabháil le Seaghán Mac
a' Bháird, le hAntoine Ó Dochartaigh, le Peadar Mac
Fhionnlaoich agus le hÉnrí Ó Muirgheasa as an
sgríbhinn a léigheadh agus as mé a chur ar an eolas go


L. ii


minic. Cuid de'n bheachtughadh rinne siad glacadh leis
agus cuid eile de nár glacadh. Gabhaim buidheachas le
hEilís Ní Mhaolagáin as na pioctúiribh a tharraingt, &rl.
Bheirim buidheachas fosta do Úna Ní Fhaircheallaigh, M.E.,
agus do'n Dr. Mac Énrí as na fromhthaibh a léigheadh,
do Phádraic Mac Giolla Chearr as abhrán ata ann a
sgríobhadh, agus do Sheosamh Laoide as cupla ceist a
réidhteach damh. Luach a saothair go bhfuighidh siad
uilig thall.



SÉAMUS Ó SEARCAIGH.



Lá Fhéile Muire Mór,
Fóghmhar, 1908.


L. 1


CLOICH CHEANN-FHAOLAIDH.



In ainm an Ríogh cuirim tús ar an
leabhairín seo “chum glóire Dé agus
onóra na hÉireann.”



B'fhéidir nár bh'fhearr nídh dá ndean-
fainn 'ná rud éighinteacht a chur síos ar
thamall shubhailceach a chaith sgaifte
againn ar Árd-sgoil Cholumcille anur-
aidh, i gCloich Cheann-Fhaolaidh!



I gCloich Cheann-Fhaolaidh! Cá bhfuil
Cloich Cheann-Fhaolaidh? adeir an léightheoir. Maise,
a léightheoir mhaith, shaoileas nach mbéadh féidhm orm sin
a innsin duit. Badh í an bharamhail a bhí agam nach rabh
Gaedheal ó chionn go cionn na hÉireann nach gcualaidh
trácht ar Chloich Cheann-Fhaolaidh.



Dá gcuirtí ceist orm cá bhfuil an áit is Gaedheal-
aighe i gCúige Uladh, bhéarfainn mar fhreagra nach
bhfuil áit ann comh Gaedhealach leis an cheanntar
talaimh atá os coinne Oileán Thoraighe isteach. 'Sí an
teanga a labhair Columcille imeasg sléibhte Thír
Chonaill na mílte bliadhan ó shoin a chluintear ag aosta
agus ag óg go fóill ann. Ar altóir Dé cuireann an
sagart i gcuimhne do'n phobal ann, i dteangaidh
Phádraic, go dtiocfaidh an lá nuair a chaithfeas cách
cunntas cruinn a thabhart do'n Chruthuightheoir mar chaith
sé 'ach a'n bhomaite dá shaoghal. Má's ag siubhal an
bhealaigh mhóir ann atá tú, castar airde de ghlúin de
pháiste ort nach dtuigeann acht an teanga a bhí fá


L. 2


réim i nÉirinn go dtí gur thoisigh sinn féin ag fágháil
droch-mheasa uirthi. Dálta gach áit' eile i nÉirinn cha
rabhthar 'ghá teagasg ins na sgoltachaibh ann go dtí le
goirid. Acht táthar 'ghá teagasg go maith i gcuid aca
anois, agus tá súil againn go dtiocfaidh thríd am
duine éighinteacht as a sheasóchas cliú Thír Chonaill
agus a bhéarfas meas agus cáil ar Chrích Fódla.



Ar an ádhbhar sin saoilim nach bhfuil contabhairt ar
bith i gcionn na Gaedhilge feasta i gCloich Cheann-
Fhaolaidh. Go dtugaidh Dia go bhfuil lá na h-ainbhfeasa
thart agus go bhfuil an lá sin i ngar dhúinn i n-a léigh-
fear go blasta, binn mar cheol fuiseoige maidin
Bhealtaine an teanga a labhair Aodh Ruadh ag bros-
lughadh 'un catha sliocht Chonaill, nuair badh mhó clanna
Gaedheal i ngéibheann ag náimhdibh ar dtíre.



Ó, a mhuinntear Choich Cheann-Fhaolaidh agus a Chinéil
Chonaill, badh bhocht a gheobhthaidhe sinn dá leigeamuis
uainn an oighridheacht is luachmhaire dar fhág sinnsear
uasal ag aon dhream daoine riamh. Cuimhnighidh ar
Cholumcille, ar Mhícheál Ó Cléirigh agus ar an
Doctúir Ó Gallchobhair agus abraidh nach leigfear
do'n teangaidh a rabh meas aca-san uirthi sleamhnughadh
uainn go simplidhe. Abraidh nach leigfear uainn í go
dtigidh tuile as an áird aniar agus go sguabtar
duthaigh Mhic Suibhne na dTuath amach 'un na fairrge
agus go dtéidhidh sé as amharc faoi uisge na mara.
Is againn féin atá sé an Ghaedhilg a shábháil agus a
choinneáil beo. Má ghnímid é béidh sé le rádh againn
go dtugamar iarraidh ar rud beag éighinteacht a
dheanamh le cliú ar dtíre a chosnadh.


L. 3


MAR THAINIC AN T-AINM AR AN ÁIT.



Ní gan fáth a bheireadh ar sinnsear
ainm ar áit. Bhíodh ciall éighin-
teacht i gcomhnaidhe aca le “Cnoc
na Naomh,” “Gleann Mór,” nó
“Sliabh Ruadh” a thabhairt mar
ainm ar chnoc, ar ghleann nó ar
shliabh. Agus ní gan ádhbhar a
tugadh Cloich Cheann-Fhaolaidh na mílte bliadhan ó shoin
ar an cheanntar sin atá os coinne Oileán Thoraighe
isteach. Éist le Gaedhilgeoir as an áit ag innsin an
sgéil bhig seo agus tuigfidh tú as níos fearr 'ná dá
mbéinn-se ag cur síos duit air go gcrupfadh na
méara agam.



“Bhí gabha thoir annsin i nDruim na Teineadh a dtug
siad Gaibhide Gabhanna air. Bhí bó aige a rabh an
Ghlas Ghaibhleann uirthi. Bhí triúr dearbhráithreacha de
chlainn Mhic Cheann-Fhaolaidh. Bhí Fionn ar an fhear
badh shine aca; Donn ar an dara fear; Dubh ar an
tríomhadh fear. Chuaidh siad isteach chuig an ghabha seo
le trí claidhmhtheacha 'fhágháil deanta. Dubhairt an
gabha go gcaithfeadh siad an bhó a choimheád - fear ar
a sheal go ndeanfadh sé claidheamh.



“Nuair a bhí claidhmhtheacha an chead bheirt deanta
bhí an fear óg ag dul amach go ndeanfadh sé a chlaidh-
eamh féin. Smaoi'tigh sé nach rabh sé i n-a fhear comh
maith leis an bheirt eile. Phill sé isteach ar ais


L. 4


ag iarraidh a cheann féin a dheanamh níos éadtruime.
Ag dul amach ar ais dó bhí an bhó ar siubhal.



“D'imthigh sé leis annsin ar eagla go muirbhfeadh
an Gabha é. Casadh sgaifte ag iomáin air ag Tóin
Bhinn an Fhéidh. Chuaidh siad a mhagadh air. Sgairt
fear aca air seasamh go mbéadh an báire curtha agus
go rachadh sé leis a chuartughadh na bó; ná gur ghoid
Balor an bhó is go rabh sí i dToraigh. Giall Dubh bhí
ar an fhear seo.



“Fuair siad currach thiar i Mín Lárach agus
dubhairt sé go rabh seacht seitheacha glasa i n-áirde
ag Balor le toit agus le súighche agus go gcaithfeadh
sé a n-ithe le hórdlach na coinnle. Dubhairt Giall
Dubh leis: cead aige-sean a ngearradh agus go n-íos-
fadh seisean iad.



“Thoisigh Ceann-Fhaolaidh 'ghá ngearradh is cha rabh
baoghal ar an órdlaigh dóighte nuair a bhí siad ithte.



“Dubhairt sé go rabh buaidh eile i gcionn na bó
aige; go rabh a nighean thoir ar an Dún; go gcaith-
feadh sí amach buarach ar uair a dó dhéag; dá gcuir-
feadh sí an bhuarach isteach ar a chionn go bhfuigheadh sé
an bhó, agus mura gcuirfeadh nach bhfuigheadh.



“Chaith sí amach an bhuarach agus chuir isteach ar a
chionn í agus fuair sé an bhó. Thug siad amach an bhó
agus d'fhág siad ag an Ghabha í.



“Annsin chuaidh siad isteach go Toraigh agus fuair
siad mac le nighin Bhaloir. Thainic siad amach agus
an leanbh leo. Cha rabh dul aca banaltra 'fhágháil
dó.



“Chuaidh siad isteach ar ais agus rinne siad margadh
le Balor. Thug sé cead dóbhtha an leanbh a fhágáil


L. 5


ag n-a nighin acht coillidh a chur i dToraigh dó. Thoisigh
siad a phlantáil annsin gur chuir siad coillidh bhreagh ann.



“Nuair bhí an leanbh mór thug siad amach é. Lugh
Fadlámhach bhí ar an fhear óg seo. Bhí sé i ndán do
Bhalor gur bh'é an Lugh seo chuirfeadh 'un báis é.



“Thainic séideán gaoithe agus steall sé na crainn
amach leis an fhairrge.



“Thainic Balor amach, agus bhí súil nimhe aige. Bhí
naoi bpilleadh éadaigh uirthi.



“Nuair a bhí sí nochtuighthe go dtí dhá philleadh, chuir
Lugh Fadlámhach lorgaid dhearg iarainn isteach thríd
an dá philleadh is bhain sé an tsúil as.



“Lean sé Lugh annsin. Nuair a bhí sé tuirseach 'na
dhiaidh, dubhairt sé gurab é a ua féin a bhí ann cé bith
taobh a dtainic sé.



“D'iarr sé air an ceann a ghearradh de agus a chur
i mullach a chinn féin. Chuir sé i mullach cloiche gairbhe
é agus thainic deor nimhe amach as. Sgoilt sé an
chreag, agus d'éirigh loch ann.”



Sin agat, a léightheoir, an sgéal focal ar fhocal
mar chualaidh mise i gCloich Cheann-Fhaolaidh é. Is deas
liom féin é, agus tá súil agam go dtaitneóchaidh sé
leat-sa. Acht, is beag nach bhfuilmid comh dall is bhí
riamh fá caidé mar thainic Cloich Cheann-Fhaolaidh mar
ainm ar an áit.



Acht ní rabh mise gan iomrádh a chluinstin ar Bhalor
agus ar Cheann-Fhaolaidh na bliadhanta sul a rabh a fhios
agam cá rabh Cloich Cheann-Fhaolaidh ar chor ar bith.
Seo cuid de'n sgéal chéadna mar chualas é agus mé
'mo ghasúr:—


L. 6


“Fuair Balor amach gurbh'é Ceann-Fhaolaidh athair
an pháiste .i. Lugh Fadlámhach. Rinne Bríghdeog an
tSléibhe tarngaireacht gurbh'é a ua féin a chuirfeadh
Balor 'un báis.



“Nuair a rugadh an leanbh, d'iarr Balor brat
éadaigh a chur thart air agus dealg a chur san bhrat:
a thabhairt amach i mBéal Thoraighe ann sin agus a
leigean leis an tsruth.



“Tugadh amach é agus cuireadh 'san fhairrge é, acht
má cuireadh thainic Bríghdeog an tSléibhe, thóg faoi na
brat draoidheachta é agus thug léithe é.



Cloich Cheann-Fhaolaidh


L. 7


“Tá an chloch ar ar bhain Balor an ceann de Cheann-
Fhaolaidh le feiceáil agat go fóill comhgarach do'n Fhál
Charrach. Tá lorg na fola ar an chloich ann go fóill.



“Shaoil Balor go rabh an leanbh báithte agus nach
rabh contabhairt ar bith roimhe ní badh mhó.



“Nuair a d'éirigh an leanbh suas i n-a bhuachaill cuireadh
'un na ceardcha chuig Gaibhide Gabhanna é a fhoghluim
céirde. Thainic Balor isteach lá. Bhí a fhios ag Lugh
gurab é a mharbh a athair. Sháith sé lorgaid dhearg
iarainn thríd an tsúil nimhe agus mharbh sé é.”



Measaim go dtuigfear anois caidé an fáth ar
tugadh Cloich Cheann-Fhaolaidh mar ainm ar an áit.
Cloich Cheann-Fhaolaidh .i. an chloch ar ar bhain Balor an
ceann de Cheann-Fhaolaidh.



Agus, a léightheoir mhaith, nach deas an sgéal é!
Chonnaictheas damh agus mé ag éisteacht leis an sgéal
go bhfacas an Gabha ag obair ar a dhícheall ag deanamh
claidhmhtheach. Dar liom go rabh sgaifte de bhuachaillibh
gasta luthmhara ag bualadh báire cupla céad slat
taobh thíos de'n áit a bhfuil Árd-Sgoil Cholumcille
anois. Tig Balor féin os mo chomhair agus an tsúil
nimhe cumhdaighthe aige. Sáithtear lorgaid dhearg
iarainn thríthe agus geibh Balor bás.



I ngleanntán aoibhinn i nUibh Laoghaire; ar mhalaidh
shléibhe i gCon na Mara; imeasg sléibhte árd nó ar
oileán mara i dTír Chonaill castar ort go fóill sean-
duine críon, liath a bhéarfas leis siar thú go gcastar
Balor Béimeann, Lugh Fadlámhach nó Cúchulainn Mhuir-
theimhne ort. Tiocfaidh Naoise mac Uisnigh, Oisín



(I gCath Mhuighe Tuireadh ó thuaidh a marbhadh Balor adeir an
seanchas. Féach M. & Cust. Vol. II. O'Curry.)


L. 8


mac Fhinn nó Conall Cearnach romhat agus cailltear
i n-a measg thú.



Ó, nár leigidh Dia go bhfeicfeadh Inis Banban an lá
nach mbéadh a fhios ag a clainn cia ar bh'iad na gais-
gidhigh chródha agus na laoich mhíleanta thainic rompa!
Má thig an lá sin a choidhche bíodh sé le rádh, a léigh-
theoir dhílis, nach sinne féin is cionntaighe leis.


L. 9


MUINNTEAR CHLOICH CHEANN FHAOLAIDH.



Is cuma cé an chuid de Ghaedhealtacht Éireann
a gcastar ann bhéarfaidh tú fá dear gur
beag an difridheacht atá eadar nósanna
na ndaoine ann. Ní fhacas rud ar bith
imeasg Gaedheal Bhéal Átha an Ghaorthaidh
nach bhfuil le feiceáil i dTír Chonaill.
Cluintear an ceol céadna i dTúr Mhic
Éadaigh a chluintear i gCloich Cheann-
Fhaolaidh. Bhéarfar breith ar do chuid
Gaedhilge i nGaedhealtacht Uladh comh maith is bhéarfar
i nGaedhealtacht na Mumhan nó i gCúige Chonnacht.
Innistear sgéalta ar an nós chéadna i n-Oileán
Thoraighe a n-innistear i gCúige Mumhan iad. Is cuma
liom cá rachaidh tú, tá an dúil chéadna aca i gceol
agus i ndamhsa.



Cé nach dtig liom mórán a chur síos annseo fá
mhuinntir Chloich Cheann-Faolaidh nach bhfuil a fhios ag
an léightheoir comh maith liom féin, saoilim i n-a dhiaidh
sin is uilig nár miste damh beagán a rádh fá dtaobh
de'n dream is Gaedhealaighe i gCúige Uladh indiu.



Ní'l maoin shaoghalta comh fairsing i gCloich Cheann-
Fhaolaidh is tá sí i n-áiteachaidh eile i nÉirinn. Acht,
caidé mar bhéadh! Áit nach mbíonn talamh maith ní
bhíonn acht dóigh bhocht ar na daoinibh ann. Agus i n-a
dhiaidh sin is uilig, is leor do mhuinntir na taoibhe seo
de Thír Chonaill mar bhaineann siad a mbeatha amach.
Baintear cuid di as an talamh, acht ní bhaintear í


L. 10


uilig as an talamh. Murab é iasgaireacht sgadán
'san Gheimhreadh agus iasgaireacht bradán 'san tSamhradh
níl a fhios caidé mar bhéadh leath a bhfuil de dhaoinibh
ann beo. Ghníthear airgead trom anois agus arís
ar iasgaireacht, acht ní hannamh a chailltear go mór,
maith léithe. Ins an Gheimhreadh nuair atá eangacha na
sgadán amuigh tig stoirm ó'n taoibh ó thuaidh. Mairidh
an stoirm trí nó ceathair de laethibh. Níl uchtach ag
oiread is fuireann amháin, bád a chur 'un na fairrge
agus a gcuid eangach a thógáil. Ísligheann an t-anfadh
agus socruigheann an fhairrge. Agus nuair a théidheas
na hiasgairí a chuartughadh a gcuid eangach ní bhíonn
siad le fágháil. Ní'l ann annsin acht rudaí eile a
cheannach agus b'fhéidir a gcailleadh arís.



Is beag Geimhreadh nach gcailltear luach na mílte
punnta de ghléasaibh iasgaireachta chois cladaigh ann-
seo, i dTír Chonaill.



Bíonn dúil mhór ag muinntir na n-oileán agus chois
cladaigh a bheith ag cainnt ar iasgaireacht. Lá dá raibh
trí nó ceathair de chlaignibh againn ag dul a shnámh,
bhuail triúr nó ceathrar fear trasna orainn i ndiaidh a
bheith ag buain. Bhí corrán le 'ach a'n fhear aca, agus
cé go saoilfeá gur cheart go mbéadh tuirse ortha
ó bheith ag buain ó mhaidin, bhí tréan fonn cainnte
ortha. Agus, dar ndóighe, is orainne bhí an lúthgháir a
bheith ag cainnt leo. Bhí fear aca - fear meadhon
aosta - is ní rabh nídh dar tharlaidh ó bhí aimsear na
Díleann ann nach rabh a fhios aige fá dtaobh de. Dá
n-íosfá an rud is lugha thar an cheart d'fheoil, dhean-
fadh sé tinn thú; acht ní mar sin d'iasg úr. D'fhéadfá
iasg úr a ithe go mbéitheá tuirseach, agus ní dheanfadh


L. 11


sé dadaidh ort. Agus chonnaic sé sin cruthuighthe.



Ní rabh a fhios ag ceachtar againne caidé mar rinn-
eadh an chéad bhád, acht bhí seisean ábalta sin a innsin
dhúinn. Agus i ndiaidh an bháid a bheith deanta ní rabh
rud ar bith le n-a stiúradh. Bhíthear beagnach comh
holc annsin is bhíthear ariamh roimhe sin. Bhí duine
éighinteacht ar bhruach na fairrge lá - bean, saoilim, a
bhí ann. Chonnaic sí iasg thíos fúithe. Chonnaic sí
nuair a bhogadh an tiasg a ruball go dtiocfadh leis
a cheann a corrughadh do réir mar chorruigheadh sé a
ruball. Shaoil sí dá mbéadh rud éighinteacht ar nós
rubaill ar bhád go bhféadfaidhe í a chorrughadh bealach
ar bith ar mhian leat, agus badh as sin thainic deanamh
na stiúire.



Leanadh de'n comhrádh gur labhair duine éighin-
teacht againne ar shnámh. Chuir na fir ar ar bhfaithchill
sinn. Dubhairt siad go rabh áiteacha thíos annsin agus
gur chontabhairteach an rud do'n té nach rabh snámh
maith aige dhul amach ionnta. Bhí sruth i n-a léitheid
seo d'áit agus sruth eile i n-a léitheid siud d'áit.



Badh é an fear meadhon aosta badh chainntighe. Agus
má badh é féin, leoga bhí fios a labhartha go maith aige.
Badh ghasta an fear, dar leis, a d'éireochadh as an
uisge agus a rachadh isteach i mbád. Badh mhinic a
rinne seisean é agus é i n-a stócach ag éirghe aníos.
Ní fhéadfadh duine ar bith éirghe agus a dhul isteach ar
thaoibh báid. Dá bhfuightheá greim ar thoiseach nó ar
dheireadh báid ní bhéadh moill ar dhuine óg ar bith é
féin a tharraingt isteach.



B'fhiú a thrí oiread ama a chaitheamh ag éisteacht leo
is chaith sinne an tráthnóna ud. Is aca-san bhí an blas


L. 12


ar an Ghaedhilg. Bhí go leor, leor focal aca a shaoil
mise nac rabh le fágháil i dTír Chonaill anois ar chor
ar bith. Acht, b'fhéidir go bhfuil go leór ráidhte agam
fá dtaobh díobhtha.



Máthair agus a inghean ag dul 'un Aifrinn
go Gort a' Choirce.



Tráthnóna amháin dá rabh an Paidrín le bheith i dtoigh
phobail Ghort an Choirce thárlaidh go rabh sgaifte de
mhuinntir na h-áite i n-a seasamh ag an gheabhta ag
teacht damh féin ann. Chuireas forán ortha agus
labhradh go blasta, caoin liom. Ar dhóigh nach léar
damh anois toisigheadh a chainnt ar ainmneachaibh áiteach.
Dubhairt mé féin nach rabh a'n áit ariamh aca nach rabh
fáth leis an ainm a bhí air a thabhairt air. Acht ní
thabhairfeadh sean-fhear dá rabh ann isteach do sin ar


L. 13


chor ar bith. Nuair a bhéadh caoirigh ag fear le fágáil
ar shliabh bhéarfadh sé ainm ar an áit ar dhóigh go
mbéadh a fhios aige cár fhág sé iad. Sul a rabh faill
againn ní badh mhó a rádh buaileadh an clog agus thug
cách aghaidh ar dhoras thoighe an phobail.



Badh ag muinntir Chloich Ceann-Fhaolaidh bhí an dúil
i gceol is i ndamhsa. An oidhche a bhéadh céilidhe 'san
Coláiste ní thiocfadh leat a theacht isteach thar an
doras le daoinibh. Agus ní daoine óga uilig a bhíodh
ann. Ní'l a fhios agam nach mó an dúil a bhí ag
na daoinibh aosta a bheith ag éisteacht le sgéal nó
le ceol 'ná mar bhí ag na daoinibh óga. Agus ba mhaith
chuige cuid aca féin sgéal a innsin nó abhrán a
ghabháil.



Badh mhinic lucht an aineolais 'ghá rádh gur dhaoine
ainbhfiosacha iad seo nach labhrann acht Gaedhilg.
B'fhearr liom go mbéadh cuid de lucht an aineolais ar
sgoil Ghort an Choirce tráthnóna amháin 'san Fhóghmhar
's chuaidh thart. Dá mbéadh, chífeadh siad fear nár
labhair b'fhéidir céad focal de theangaidh ar bith ariamh
seachas a theangaidh dhuthchais féin, ag éirghe i n-a sheasamh
nuair a hiarradh air é. Agus an fear nár shaoil go
n-iarrfaidhe air labhairt go dtí an bomaite sin
labhair sé go bríoghmhar, céillidhe ar feadh dheich mbom-
aite. Deirim-se nach duine amháin a bhí ann a rabh
iongantas air nuair a bí sé réidh.



Má's ag siubhal an bhealaigh mhóir a bhéas tú maidin
Shamhraidh 'tchífidh tú ar 'ach a'n taoibh díot buachaillí
nó cailíní ag buachailleacht bó. Ní'l páirceanna móra,
féarmhara i gCloich Cheann-Fhaolaidh agus sgonnsaí
thart ortha. Ar an ádhbhar sin caithfear coimheád a


L. 14


choinneáil ar an eallach agus gan iad a leigean 's
na preataibh nó 'san choirce.



Is breagh an dóigh a bhíos ar na buachaillibh nuair a
bhíos cupla duine aca i gcuideachta a chéile. Amuigh
faoi aer na spéire ag éisteacht le ceol na n-éan
agus an ghrian ag taithneamh go fonnmhar ortha! Bí
na ba ag ingheilt fá dtaobh díobhtha. Má's go moch
ar maidin é agus driúcht ar an fhéar 'tchífidh tú
an fonn a bhíos ar an eallach a gcuid a dheanamh. Bí
'ach a'n rud ceart go leor aca go dtigidh teas
an lae agus a sáith ithte ag an eallach. Tig beach thart
agus mothuigheann ceann de'n eallach í. Tógann sé a
ruball agus siúd 'un siubhail í. Leanann an chuid
eile í. Má bhí aoibh mhaith ar an bhuachaill bó ó chuaidh
sé amach ar maidin go dtí anois, tig athrughadh air
agus comh dóigh le rud eile gur pus caointe chuireas
sé air i n-áit na haoibhe. Acht caidé an dóigh eile a
mbéadh mo dhuine bocht, gan a fhios aige cá gceapfaidh
sé a chuid eallaigh!



Nuair a bíos ceathrar nó chúigear de bhuachaillibh bó
i gcionn a chéile, ní i n-a dtost a bhíos siad go minic.
Is iomdha cleas a ghníos siad ó théid siad amach ar
maidin go dtigidh siad isteach 'san eadarthráth. Caith-
tear tamall ag gearradh léimneach nó ag bualadh báire.
Má's comhgarach do'n fhairrge a bhíos siad, fágthar duine
ag tabhairt aire do'n eallach agus téid an chuid eile a
shnámh. Is minic a chuirtear cupla buachaill a rith agus
an chéad duine bhéas ag bun an rása gheibh sé cnaipe
nó dhó mar dhuais. Ní thig liom cur síos ar leath nó
trian na gcleas a bhíos aca, agus ar an ádhbhar sin
saoilim gur fearr damh a bhfágáil annsin leo féin.


L. 15


Acht, a léightheoir dhílis, fiafróchaidh tú díom a
dtéidheann na buachaillí bó seo 'un na sgoile ar chor
ar bith. Go deimhin agus go dearbhtha dhuit is beag
duine aca gheibheas mórán sgoile. Cuirtear ann
iad ar feadh chupla mí 'san Gheimhreadh agus nuair
a thigeas an Geimhreadh ar ais bí ar fhoghluim siad
an Geimhreadh roimhe sin caillte aca.



Is beag de na sean-daoinibh 'san áit seo a chaith
mórán ama ar sgoil. Agus ní abraim nach fearrde
d'Éirinn indiu é. Tá a fhios ag an tsaoghal gurbh' iad
na sgoltacha an námha badh mhó dá dtainic ariamh 'un
na Gaedhealtachta. Agus b'fhéidir nár miste a rádh
gur beag i n-a ndiaidh a bhí cuid de'n chléir. Acht ná
saoileadh oidí sgoile an lae indiu go bhfuil sin ag
caitheamh droch-mheasa ortha-san. Ní rabh baint aca-san
leis.



Mura bhfuilthear ábalta Béarla a léigheadh agus a
sgríobhadh - go mór-mhór imeasg na sean-daoine - sa
roinn seo de Thír Chonaill nílthear gan foghluim a bheith
aca ann. B'fhiú dhuit oidhche fhada Gheimhridh a chaitheamh
i gcuideachta thriúir nó cheathrair de shean-daoinibh na
háite ag éisteacht le ceol agus le sgéaltaibh. Is
iongantach ar fad amach an ceann atá ar chuid de na
daoinibh fá seo. Tá fear amháin, ar a laighead,
comhgarach do Chloich Cheann-Fhaolaidh agus thig leis
sgéal a innsin os coinne 'ach a'n lae sa bliadhain.
C'áit 'san Ghalltacht a gcasfar a léitheid sin ort?
Agus ná saoil go bhfuil sé i muinighin sgéalta a
bheith aige. Creidim nach lughaide a bhfuil de
abhránaibh agus de laoithibh aige 'ná mar tá de
sgéaltaibh.


L. 16


Ní'l lá dá bhfuil ag teacht nach bhfuilthear ag cailleadh
cuid de oighridheacht ar sinnsir uasail. Chualaidh mé
tá goirid ó shoin go dteachaidh beirt i gcomórtas
cheoil tráthnóna amháin. Thoisigh an beirt aca - duine
i ndiaidh an duine eile - a ghabháil cheoil. Níor cluineadh
an t-abhrán céadna fá dhó. Cheol an bheirt aca leo
go tainic an lá isteach ar an doras chuca lá ar na
bhárach. Ó, nach brónach an sgéal le rádh againne
indiu gur lughaide fá thrian ar lón sgéalta agus
abhrán anois 'ná mar bhí tá fiche bliadhain ó shoin!


L. 17


ÁRD-SGOIL CHOLUMCILLE.



Badh bheag an tsuim a bíthear ag cur
i n-oideachas i nÉirinn go dtí gur
toisiughadh ag fágháil measa ar an
Ghaedhilg. Sul ar cuireadh Conn-
radh na Gaedhilge ar bun bhíthear ag
dalladh intleacht Gaedheal le hoid-
eachas Gallta. Théidheadh páiste
géar-chúiseach, intleachtach 'un sgoile
nó 'un ruda a dtugadh siad coláiste air le foghluim
agus oideachas a fhágháil. Chaitheadh sé cúig bliadhna,
deich mbliadhna nó dhá bhliadhain déag ag foghluim rud
éighinteacht. D'fhágadh sé an sgoil nó an choláiste
agus thiocfadh sé 'un a' bhaile le caismirt Bhéarla agus
b'fhéidir cupla focal Laidne nó Frainncise ar bhárr a
theangtha aige. I dtaca le Gaedhilg de, má bhí focal
di aige sul a dteachaidh sé a fhoghluim, chaill sé é
imeasg an “ghalantais.” Is cuma liom dá chlisteacht
dá mbéadh duine ní bhéadh cáil fhoghlumtha air dá mbéadh
a fios go rabh focal amháin Gaedhilge aige. Le n-a
mhíniughadh níos fearr, b'fhéidir nár mhiste dam an
sgéal beag seo a chualaidh mé tá goirid ó shoin ann, a
chur síos annseo :-



“Deich nó dhó dhéag de bhliadhantaibh ó shoin bhí
sagart óg ann - séiplíneach a bhí ann 'san am ud, acht
sagart a bhfuil meas agus cliú air indiu é. I bpar-
óiste Ghaoth Dobhair a bhí sé 'san am. hIarradh air a
theacht go paróiste Cloich Cheann-Fhaolaidh agus sean-


L. 18


móir a dheanamh. Thainic sé agus rinne an tseanmóir.
Badh i nGaedhilg a rinne sé í. Nuair a bhí an tsean-
móir thart agus na daoine ag sgabadh thoisigh siad a
chainnt fá'n tseanmóir. Bhí Niall ag rádh le Pádraic
nár cluineadh a léitheid i Cloich Cheann-Fhaolaidh
ariamh. Agus dubhairt Domhnall rud éighinteacht eile
ag deimhniughadh cuid focal Néill.



“Maise, a fheara,” arsa Pádraic, “a bhfuil a fhios
agaibh caidé tá mé ag dul a innsin daoibh? Déarfá
gur duine é nár chaith lá ar sgoil ariamh.”



Is léar as an mhéid seo caidé bhí sgoltacha agus
coláistí a deanamh.



Do réir mar bhíthear ag foghluim na Gaedhilge bhí-
thear ag cur suime i ngach rud dar bhain de'n tír.
Thoisigh fir agus mná cliste a smaoi'tiughadh ar oid-
eachas na tíre. Sgríobhadh ailt air agus cuireadh ar
na páipeáraibh nuaidheachta iad. Cáineadh lucht stiúrtha
an oideachais. Fuarthas locht ar an dóigh a múintí
teangthacha sa tír. Dubhradh gur cheart teanga agus
seanchas na hÉireann a theagasg i ngach sgoil agus i
ngach coláiste i Éirinn. Daoine neamh-acracha fíora
a thuig dá gcaillfidhe teanga na hÉireann go gcaill-
fidhe an rud is luachmhaire againn i náisiúntacht na
hÉireann, a bhí ag cainnt. Is deacair buaidh a fhágháil
ar an cheart. Toisigheadh a ghéilleadh do réir a chéile
do lucht na cainnte fíre. Toisigheadh a dheanamh
Gaedhealach oideachas na tíre. Toisigheadh a fhoghluim an
teanga Ghaedhilge. Acht bhí teagasgthóirí Gaedhilge
gann, agus an méid aca a bhí ann féin, níor thuig siad
caidé mar badh cheart teanga a theagasg.



Thainic Gaedhil na Mumhan i gcionn a chéile agus


L. 19


cuireadh Coláiste Minteoireachta na Mumhan ar
bun. Duine ar bith a chaith tamall uirthi tá a fhios
aige caidé mar is ceart a dhul i gcionn Gaedhilg a
theagasg. Cha rabh Coláiste na Mumhan ar bun acht
bliadhain gur cuireadh ceann Chonnacht ar bun. Thainic
bliadhain eile, agus chonnaictheas Gaedhil óga Chúige
Uladh ag foghluim teangtha a sean agus a sinnsir ar
Árd-Sgoil Cholumcille, i gCloich Ceann-Fhaolaidh.
Níl bliadhain dá bhfuil ag teacht nach hfuilthear ag
cur Coláiste Gaedhealaighe ar bun. Tá sé nó seacht
do cheannaibh curtha ar bun cheana féin.



Is ar Dháil Uladh is mó is ceart buidheachas a
bheith cionnas an Choláiste Ghaedhealach seo bheith againn
indiu i gCloich Cheann-Fhaolaidh. Bhí obair mhór roimh
an Dáil an lá ar cuireadh ar bun í. Tá obair mhór
roimpi go fóill. Acht nuair a bhéas muinighin ag
duine as féin is beag rud nach dtig leis a dheanamh.
Bí muinighin ag lucht na Dála asta féin agus 'tchímid
anois an toradh atá ag teacht ar a gcuid oibre.



Ar a deich a chlog a thoisighthí ar obair an lae ar
Árd-Sgoil Cholumcille. Tuaim-eolas an chead rud
ar an chlár ar maidin. Bhíodh uair againn ag cur síos
ar thuamaibh. Tarraingeadh an maighistir ceann duine
ar an chlár-dubh. Bhíodh na fiacla, an teanga, an sile
seadháin, an teanga beag agus go leor rudaí eile le
feiceáil agat ann. Theisbeanadh sé caidé mar chuir
fidhe an teanga le n-a léitheid seo nó le n-a léitheid
siud de thuaim a dheanamh. Annsin chumadh sé tuairim
ar dhuisín focal agus chuirfeadh ar na sgoláiribh iad.
Sgríobhfadh siad-san síos i n-a gcuid leabhar iad.
Sgairteadh sé annsin ar dhuine a sgríobhfadh síos ar


L. 20


an chlar-dubh iad. Is annsin a bhíodh an chuideachta.
Nuair a thigeadh an sgríbhneoir ar fhocal a rabh amhras
ar bith air fá dtaobh de, déarfadh duine gur mar seo
a dubhairt an maighistir é agus déarfadh duine eile
nach eadh. Leigfeadh an maighistir dóbhtha bomaite
go bhfeicfeadh sé iad ag dul a dhíospóireacht fá
dtaobh de'n fhocal. D'éireochadh sé annsin agus
déarfadh gur mar seo adubhairt seisean é. Chífeá an
aoibh a thigeadh ar an mhuinntir a rabh sé thíos aca,
mar dubhairt an maighistir é. Ní rabh ag an mhuinntir
nach rabh sé thíos i gceart aca acht marc a chur os a
chionn agus é bheith ar an chunntas aca nuair a bhéadh
deireadh thart.



Nuair a bhéadh an tuaim-eolas thart toisighthí
dh'innsin sgéalta go cionn leath-uaire. Níor bh'fhearr
le cuid againn ar bhanais 'ná ag éisteacht le Fionn
Mac Cumhaill ag innsin sgéil. Ní thiocfadh le duine
ar bith atchífeadh Fionn ag dul de sgéaltaibh a rádh nach
rabh seanchaidhthe i dTír Chonaill go fóill.



Ní mhothóchaidhe eadar an tuaim-eolas, an sgéal-
aidheacht, an léightheoireacht agus an sgríbhneoireacht
go mbéadh meadhon lae ann. Bhíodh ó'n dó dhéag go
dtí a haon a chlog againn le dhul 'un a' bhaile le greim
a fhágháil le hithe. B'fhearr le cuid de na buachaillibh
a dhul a bhualadh báire 'ná greim bidh 'ithe. Bhíodh
na camáin aca sa Choláiste is ní bhéadh aca le
deanamh acht a dhul isteach i bpáirc a bhí i n-aice na
hÁrd-Sgoile.



Thoisighthí ar an “Modh Díreach” ar a haon a chlog.
Bhíodh ceachta ag trí nó ceathair de chlaignibh le
teagasg gach lá os coinne na sgoláirí. Nuair a bhéadh


L. 21


ceacht ar siubhal bhíodh sinne agus ar gcuid peann
againn ag cur síos locht ar bith a bhí ins an té bhí ag
teagasg. Sgairteadh an maighistir ar dhuine thall
agus ar dhuine i bhfos beachtughadh a dheanamh ar an
cheacht a mhúin a léitheid seo. Agus leanfaidhe de'n
obair annsin go mbéadh an t-am caithte.



Bhíomuis ag dul de na leabharthaibh ó'n dó go dtí'n
trí. I dtráthaibh a trí a chlog bhíodh ceathramha uaire
nó ó sin go dtí leath-uair againn ag gabháil cheoil.
Creidim go mbíodh sin ar leath-uair comh subhailceach
is bhíodh ann. Bhíodh Mícheál Ó Duibhir ann agus an
“Thaom Bó!” aige. Bhíodh Peadar Ó Dubhda ann
agus “Leather away with the Wattle, O!” aige.
Cibé bhéadh ann agus cibé nach mbéadh ann badh deas
leat a bheith ar Árd-Sgoil Cholumcille i dtráthaibh
a trí a chlog ag éisteacht le ceol ar an sean nós.
Gach uile dhuine a rabh guth aige (agus daoine nach
rabh guth ar bith aca) bhíodh sé ag iarraidh an sean nós
a fhoghluim.



Ní'l a fhios agam nach ndeantaoi oiread taobh
amuigh de'n am ar cheart de'n Choláiste a bheith fos-
gailte 'ach a'n lá is ghníthí taobh istoigh de. Is beag
seachtmhain nach dtigeadh Gaedheal cliúiteach éighin-
teacht chugainn le léigheacht a dheanamh. Agus bhí cuid
de na sgoláiribh iad féin a rinne léigheachta maithe.
Is i mBéarla bhí corr-cheann aca.



Bhí tamall beag ar feadh chupla lá, gach seachtmhain,
curtha i leath-taoibh fá choinne filidheachta agus litridh-
eachta. Thugas fá dear gur chuir an beagán adubhradh
fá fhilidheacht file amháin ar a laighead, ar an bhealach
cheart. Saoilidh go leor gur ceart aithris a dheanamh


L. 22


ar fhilidheacht an Bhéarla nuair atáthar ag cumadh
abhráin nó dáin Ghaedhilge. Bhí an file ar labhair mé
air ag deanamh aithrise ar fhilidheacht an Bhéarla, acht
anois 'tchí sé nach rabh an ceart aige.



Agus bhíodh cupla uair 'ach a'n seachtmhain againn ag
dul do stair na hÉireann. Acht b'fhéidir gurabh é an rud
a bh'fhearr a bhíodh ann — 'sé sin fá choinne cleachtadh
cainnte agus subhailce — na díospóireachta. Bhéadh
fuagradh thuas ar chlár againn árd-thráthnóna go
mbéadh díospóireacht ar a léitheid seo de cheist ar a
hocht a chlog. Bhéadh ainmneacha na ndaoine bhí le
labhairt i leith na ceiste sgríobhtha síos ar thaoibh amháin
de'n fhuagradh agus ainmneacha na ndaoine bhí i n-a
haghaidh ar an taobh eile ar dhóigh go mbéadh siad réidh
le labhairt nuair a thiocfadh an hocht.



Agus, á léightheoir mhaith, ná saoil go dtuigeann
duine ar bith caidé an rud an Ghaedhealtacht go
gcaithidh sé tamall i n-áit mar Árd-Sgoil Cholum-
cille. Duine ar bith a thainic ann ó cuireadh an
Choláiste ar bun, thainic sé ann le teangaidh Fhódla a
fhoghluim. Cha dtainic a'n duine ann nach raibh fuath
agus gráin aige ar dhamhsaibh agus ar nósannaibh na
nGall. Dá dtigeadh Gall nó seóinín ann, badh ghoirid
a bhéifidhe 'ghá dheanamh Gaedhealach. Ó! nach bréagh an
rud an Ghaedhealtacht agus nach gránna an rud an
Ghalltacht! Ní thuigfear seo go gcaithtear mí i n-áit
mar Chloich Cheann-Fhaolaidh. Má tá léitheid Thír na
n-Óg ann, seo é gan amhras. Cé hé nár mhaith leis
Éire uilig a bheith comh Gaedhealach seo!



B'fhéidir go bhfiafróchadh duine éighinteacht díom
caidé bhí an t-aos óg seo a dheanamh i gCloich Cheann-


L. 23


Fhaolaidh nó caidé thug ann iad? Tá, bhí siad ag iarr-
aidh an teanga a fhoghluim a bhí fá mheas i nÉirinn ó
d'áitigh sliocht Ghaedhil Ghlais í ó thús. Agus ní bréag
ná áidhbhéil a rádh go bhfuil siad 'ghá dheanamh sin go
dúthrachtach. Imtheochaidh siad as an Árd-Sgoil agus
rún aca a dtír dhuthchais a Ghaedhealughadh. Imtheochaidh
siad agus fonn ortha rud éighinteacht a dheanamh le
pian a mathara a laghdughadh. Múinfidh siad teanga
Bhanban dá clainn. Bíodh misneach agat, a Éire. Ní
fada go rabh do theanga féin ag do chlainn. Tá
cuidiughadh maith agat anois. Tá clann mac agus
ingheanach agat a throidfeas ar do shon. Ná bíodh
eagla ort nach gcosnóchaidh siad do chliú agus do
cháil. Níl eagla ar bith ortha nach bhfeicfear coróin
ríoghdha ort. Cuirfidh siad ort í, má tá sí i ndán
duit. Agus cé deir nach bhfuil?



Tá toradh na hoibre a rinneadh ar Árd-Sgoil
Cholumcille le feiceáil cheana féin ar fud Chúige
Uladh. 'Tchífear tuilleadh de ar ball beag. Creidim
féin gur leagadh cloch de chlochaibh Ollsgoile Ghaedh-
ealaighe an lá cuireadh an Choláiste seo ar bun i
gCloich Cheann-Fhaolaidh. Ar an ádhbhar sin, sibh-se a
chaith tamall ar Árd-Sgoil Cholumcille, amharcaidh
siar agus machtnuighidh ar an mhéid a rinne sibh le hoid-
eachas glan Gaedhealach a chur ar bun i nÉirinn.
'Tchífidh sibh ar ball beag, nuair a bhéas an Ghaedhilg
dá labhairt ó Cheann tSáile go Toraigh na dTonn,
agus ó Chuan na Gaillimhe go Beinn Éadar Eadar-
Ghaoithe, nach ndeanfar dearmad ar an choláiste atá
i n-a suidhe i ngleanntán aerach i dTír Chonaill.


L. 24


AERAIDHEACHT.



Is beag tráthnóna fhad is bhí Árd-Sgoil
Cholumcille fosgailte nach mbeadh céilidhe
ann. Ní go hannamh a cluineadh tuaim
bhinn, cheolmhar na bpíob taobh istoigh de
dhoras na Coláiste. Bhíodh cailíní aeracha
agus buachaillí groidheamhla amuigh ar
urlár cláir ann ag damhsa. D'innisigheadh
sean-fhear sgéal a bhéadh ag cur iongantais
ort go cionn míosa agus chanadh sean-bhean
laoi ann a thógfadh do chroidhe go cionn fada go leor.



Dá fheabhas é bheith ar céilidhe cé leis nach fearr
amuigh faoi aer na spéire guirme 'ná istoigh i seomra
cumhang, plúchtach tráthnóna Samhraidh nó Fóghmhair.
Ó, nach breagh an rud a bheith amuigh 'san áit a mbíonn
fairsingeacht agus aer agat! Is minic agus sinn
istoigh i seomra plúchtach ar mhaith linn cead a dhul
amach faoi aer na spéire, a bheith againn.



Is iomdha sin ball creagach agus ardán féarmhar
i gCloich Cheann-Fhaolaidh a rabh aeraidheacht ann ó
fosgladh Coláiste Uladh go dtí gur druideadh í. Má
caitheamh tráthnóna subhailceach nó oidhche shultmhar
ariamh, caitheamh tráthnóna aerach agus oidhche phléisiúrdha
ar Cnoc na Bealtaine i lár an Fhóghmhair s' chuaidh
thart. Go ndruidtear clár os cionn m'éadain
coinneochad cuimhne ar an tráthnóna céadna ud.



A léightheoir dhílis, a léitheid d'amharc is nocht
chugainn ag dul suas taobh an chnuic dúinn! Dar


L. 25


liom gur fada arís go bhfeicfead a léitheid. Spéir
ghlan-ghorm os ar gcionn! An ghrian a bhí ag apughadh
an choirce go tréan ó mhaidin ag dul as amharc ar
chúl Chnoc Fola! Agus i ndiaidh í dhul as ar n-amharc
féin, ar chúl an chnuic, bhí a fhios againn nach dteachaidh
sí as amharc faoi uisge na mara fhad is bhí sí ag
caitheamh soluis bhuidhe-dheirg ar na sléibhtibh árda bhí
thart fá dtaobh dínn.



“Ó, caidé siud,” arsa duine éighinteacht i n-áit a
bhfaca sé mar bhéadh teine mhór lasta amuigh i lár na
fairrge. Toraigh a bhí ann. Déarfá gur le theinidh a
bhí sé, acht ní headh. Dá mbadh maidin Bhealtaine
bhéadh ann ar m'fhocal duit go gcreidfinn go dtainic
na Trí Mic Uí Ghorra aniar ó chúl Uaighe le cóir
ghaoithe agus nach bhfacthas iad go rabh an t-oileán le
theinidh aca. Níor chualaidh mé riamh go rabh con-
tabhairt ar bith i n-a chionn acht amháin maidin lá
Bealtaine 'ach a'n seachtmhadh bliadhain agus ar an
ádhbhar sin badh deacair tabhairt orm aidmheáil gur
le theinidh a bhéadh sé i lár an Fhóghmhair. Agus caidé
bhí ann? arsa tusa. Ní rabh ann acht soillsiughadh na
gréine agus í ag dul a luighe thiar i gcúl Áranna.



Déarfá gur thíos fúinn atá Inis Bó Finne. Acht tá
sé níos faide uainn 'ná shaoilfeá. Nuair a bhíos
tú thuas ar chnoc árd samhluigheann gach rud fá chupla
míle duit a bheith thíos fút nó comhgarach duit. Chon-
naictheas damh-sa an tráthnóna ud nach rabh Inis Bó
Finne níos mó 'ná míle uainn.



Cnocán cruinn, féarmhar is eadh Cnoc na Bealtaine.
Ní mór duit thú féin a choimheád ag dul suas duit ar
an taoibh ó dheas de nó sleamhnóchaidh tú. Féar


L. 26


goirid, mín a fhásas air uilig beag nach. Bí eallach ag
ingheilt air rith an tSamhraidh. Agus ní bhíonn sé gan
eallach a bheith air ins an Fhóghmhar acht oiread.



Bhaineamar mullach Chnoc na Bealtaine amach ar
dhóigh nach mór gur léar damh anois. Bhí cailíní subhail-
ceacha agus buachaillí misneamhla ann romhainn. Bhí
daoine ag teacht as gach cearn ann. Bhí cuid aca
agus fuair siad a sáith de bhuaidhreadh an tsaoghail
agus cuid eile aca nach rabh a fhios aca caidé an rud
é. Is leor dá luathas dá béidh a fhios aca é.



Badh bhreagh an t-amharc a bhí romhainn an tráthnóna ud
agus sinn ar mhullach an chnuic. Amach romhainn ó thuaidh
bhí an fhairrge mhór. Chífeá long ag dul siar agus long
ag dul soir. Bhéadh iongantas ort cá mbeadh a leath ag
dul. Bhí cuid aca agus b'fhéidir go rabh ar bórd leo
cailín geanamhail nó buachaill lúthmhar a bhí ar an uair
sin ag caitheamh an amhairc dheireannaigh ar Éirinn ghlais.
Go leor, leor dá bhfágann Éire 'ach a'n bhliadhain seo
an bealach a théidheas siad ag imtheacht dóibh.



Cluineadh ceol na bpíob an tráthnóna céadna ud
le luighe gréine na mílte ó'n chnoc. Bhí píobaire mór
Thír Chonaill .i. Toirdhealbhach Mac Suibhne ann, agus é ag
tógáil chroidhe gach sean-fhir crín léith le portaibh Gaedh-
ealacha ar na píobaibh. Bhí cuid de na buachaillibh agus
ní mór nach rabh na cosa ag imtheacht as fúbhtha le
tréan fonn damhsa nuair a chualaidh siad na puirt a
bhí dá seinm ar na píobaibh ag Toirdhealbhach. Bhí cnap
mór mónadh ar fhíor-mhullach an chnuic. Níor bh'fhada
gur cuireadh lasóg ann, agus ar ball beag bhí an
teine ba bhreaghtha dá bhfacthas le fada fá'n áit seo
ag caitheamh soluis fá Chnoc na Bealtaine.


L. 27


Cnoc na Bealtaine agus teine air.



Chuaidh an ghrian a luighe agus thainic dorchadas na
hoidhce anuas ar Chloich Cheann-Fhaolaidh. Char thuit an
dorchadas sin ar Chnoc na Bealtaine. Dá dtuitfeadh
biorán ar an fhéar ann, 'tchífeá é leis an tsolus a bhí ann.



Tamall i ndiaidh luighe gréine d'éirigh an ghealach os
cionn an Mhac Uchta. Thainic solus mar bhéadh breacadh
an lae ann. Le linn soluis na gealaighe ní rabh cuma
ar an teinidh bheith comh maith is bhí sí roimhe sin. Acht
ní fada bhí an ghealach i n-a suidhe nuair a thainic néal
eadar í féin agus an talamh. Thainic dorchadas ar
theach agus ar áit mar thuiteas nuair a thigeas urdhubhadh
ar an ré. Badh annsin a las an teine bhí ar Chnoc na
Bealtaine suas go rabh mar bhéadh an cnoc uilig le
theinidh agus go bhfacthas a rabh de dhaoinibh ann ag
damhsa, na mílte ó'n áit sin.


L. 28


Acht caidé badh chionntaighe le n-a léitheid de éirghe
i n-áirde a bheith orainn? Tá, Úna Ní Fhaircheallaigh a
d'fhág sinn agus a chuaidh go Baile Átha Cliath ar feadh
chupla lá. Chonnaictheas do chuid de na sgoláiribh gur
bh'é badh lugha thiocfadh leo a dheanamh fáilte a chur
roimpi ag teacht ar ais di. Dá mhéad an fháilte a cuir-
eadh roimpi an tráthnóna céadna, níor mhó é 'ná
b'airidhe uirthi é.



I dtráthaibh am luighe thainic siorradh gaoithe a chuir
mórán againn ar crioth le fuacht. Dubhradh gur bh'fhearr
do chách an baile a bhaint amach ó thárla go rabh sé ag
éirghe mall agus go rabh againn uilig le héirghe ar
maidin le dhul 'un na Coláiste.



Anuas linn fá dheireadh. Badh faithchilleach a bhí cuid
againn ag teacht anuas taobh an chnuic. Déarfá gur
ar bhruach beinne bhíomar ag siubhal agus eagla orainn
gach uair a thógamuis ar gcosa gur amach thar an
bheinn a bhíomar 'ghá gcur. Má baineadh tuitim as
cupla duine féin, char loiteadh duine ar bith. Bhí na
sgoláirí uilig ar an Choláiste lá ar na bhárach comh beo
beathaidheach is bhí siad ariamh.



Coinneochar cuimhne ar an tráthnóna ud a caitheadh
ar Chnoc na Bealtaine fhad is mhairfeas duine dá rabh
ann. Tiocfaidh sé romhainn nuair is mó teas gréine i
lár an Samhraidh. Smaoi'teochar air agus an ghrian
ag dul a luighe tráthnóna ciúin Fóghmhair: agus nuair
is mó faoi ghruaim sinn ó fhuacht agus dhoininn an
Gheimhridh tiocfaidh Cnoc na Bealtaine romhainn, acht
ní glas, féarmhar a bhéas sé annsin acht geal, bán mar
eala ar tuinn.


L. 29


CAISLEÁN NA dTUATH.



Ar ball beag nuair a rachas Clann
Chonaill i gcéim le feabhas léighinn
i n-a dteangaidh dhuthchais béidh
trácht níos minice ar Chaisleán
Mhic Suibhne na dTuath 'ná mar tá
fá láthair. Ní ceart go leigfidhe
do'n áit 'nar hoileadh an té b'intleachtaighe dá rabh
ar Chlainn Chonaill le corradh is míle bliadhan imtheacht
as ar n-amharc.



Maidin Shathairn amháin agus sinn ar Árd-Sgoil
Cholumcille rinneadh amach gur cheart dhúinn cuairt
a thabhairt ar Chaisleán na dTuath. Ní luaithe a labhradh
ar Chaisleán na dTuath 'ná bhíomar uilig réidh le
himtheacht. Bhí seachtar nó ochtar againn a thug linn
rothair agus a thug aghaidh soir. Chuaidh an chuid eile
ar an traen agus ní haithristear sgéala ortha go
gcastar orainn ar an Chraoslach iad.



Bhog sinne linn ar na rotharaibh soir thríd an Fhál-
Charrach agus soir linn thríd Dhún Fionnachaidh gur
casadh sinn ar bhruach trágha. D'fhágamar na rothair
i n-a luighe ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus chuadhamar
amach a shnámh. Níor fhanamar ró-fhada amuigh ar eagla
go mbéadh an mhuinntear a chuaidh ar an traen ag
fanacht linn ar an Chraoslach.



Anois bhí ar gcuid súl agus ar gcuid cluas
fosgailte againn ag teacht dúinn thríd an Fhál-Charrach
agus thríd Dhún Fionnachaidh. Thugamar fá dear gur
bailte beaga Gallta iad. Tuiteann an galar ar a


L. 30


dtugtar an Ghalltacht ar na bailtibh beaga seo ar
dtús agus annsin spréidheann sé amach go dtí go
rabh ceanntar mór faoi. Ins na bailtibh móra tá
“uaisle” agus “mion-uaisle” na tíre. Tá gach rud
“galánta” fá dtaobh díobhtha. Teanga “ghalánta” atá
i n-a gcionn aca: damhsa “galánta” nach bhfuil a
fhios ce hé ná cá háit ar cuireadh ar bun ar dtús é, a
bhíos aca agus ceol a chum sreanglomán éighinteacht
thall ar shráid Lonndan a chluintear aca. A Éire, ní mór
duit fir agus mná tréana a bheith agat do do chosnadh
ar “uaisleacht” agus ar “mhion-uaisleacht” na tíre.



I ndiaidh a theacht ar fad as Cloich Cheann-Fhaolaidh
ar na rotharaibh agus tamall a chaitheamh ag snámh
bhíomar ar an Chraoslach comh luath leis an chuid eile
de na sgoláiribh a thainic ar an traen. Creidim
nach bhfuil sa domhan mhór traen eile cosamhail leis an
traen atá againn annseo. Tá mé cinnte nach dtéid
sí níos mó 'ná dhá mhíle dhéag 'san uair an t-am is mó
a bhfuil siubhal fúithe. Is cumhan liom go rabh sí, tráth-
nóna amháin, tuairim ar cheithre huaire go leith ag teacht
as Leitir Ceanainn go Caiseal na gCorr. Agus
saoilim go gcualaidh mé go rabh cupla uair eile
nach dtainic léithe a theacht ar chor ar bith.



Tá Caisleán na dTuath tuairim ar dhá mhíle go leith
nó trí mhíle as an Chraoslach. Nuair a d'ólamar
braon tae thugamar aghaidh air. Sinne a rabh na
rothair linn chonnaictheas dúinn gur bh'fhearr rothaidh-
eacht a dheanamh 'ná siubhal. Thugamar linn na rothair
agus ar siubhal linn. Shiubhal an chuid eile 'nar
ndiaidh as an Chraoslach.


L. 31


Bhí sinne uair a' chluig, ar a laighead, thíos ag an
chaisleán sul ar nocht a'n duine dá rabh ag siubhal
chugainn. Bhíomar ag cur iongantais ann agus ag
amharc fá dtaobh de go dtí sa deireadh go bhfuar-
amar bealach a dhul isteach. Áit fuinneoige saoilim
a bhí san áit a dteachamar isteach ann.



Agus i ndiaidh a bheith istoigh b'fhearr le cuid againn
a bheith amuigh arís. Bhí sé comh dorcha sin nár léar
duit do mhéar a chur in do shúil. Ní bhéadh a fhios agat
dá dtógfá do chos cá leagfá í. Mura gcoinneochthá
greim láimhe nó cóta ar an té bhéadh isteach leat
ní bhéadh a fhios agat cá rachthá a chuartughadh ó gheobhthá
thú féin coiscéim taobh istoigh de bhalla an chaisleáin.
Cha rachainn isteach ann liom féin ar ór nó ar airgead.
Ní heagla roimhe thaidhbhsíbh a bhéadh orm comh mór le
heagla go rachainn ar seachrán agus go gcaillfidhe
ann mé.



Acht, dorcha is uile mar bhí sé, d'éirigh linn a theacht
ar staighre atá ann. Leanadh de'n staighre, agus thug
sé go fíor-mhullach an chaisleáin sinn. Agus, leoga,
níor bhréag caisleán a thabhairt air, tráth. Is ann atá
an obair chloiche! Níor bh'iongantas gur bheag an bhinn
a bhí ag Mac Suibhne ar Shasanaighibh fhad is bhí an dún
seo aige. Is iomdha fear cródha agus laoch míleanta
a hoileadh aige ann. A Aoidh Ruaidh Uí Dhomhnaill, is
iomdha uair a shuidh tú ar mhullach an chaisleáin seo
agus a bhfaca tú Clann tSuibhne thíos fút. Chonnaic
tú an fhairrge mhór ag teacht isteach fá bhun an chais-
leáin agus ag imtheacht amach arís. Fuair tú fogh-
luim ó Mhac Suibhne, agus ní theachaidh sé amugha nuair
a thainic ionnat buille a bhualadh ar son do thíre.


L. 32


A Chlann Chonaill, b'árd bhar nglór agus badh siam-
samhail sibh nuair a bhí bhar bprionnsa óg faoi bhallaibh
an chaisleáin seo. Acht “tig as an tsiamsa mhór an
dubrón,” mar deir an sean-fhocal. Thainic néal dubh
agus sgamall dorcha anuas ar shléibhtibh Thír Chonaill
an lá a thug Eoghan óg Mac Suibhne aghaidh ar chais-
leán a dhearbhráthar ag cionn Locha Suilighe. Ó! a
fhealltacht na Sasanach! Níor bh'é sin an chéad uair
daoibh ag fágáil croidhthe briste i gcléibh ban, agus
fir ag éagcaoin go hárd! Agus ní hé an uair dheir-
eannach agaibh é! Cé hé nach mbeadh cráidhte ag
amharc ar luing ag imtheacht faoi sheól agus an té
b'intleachtaighe dá rabh ar Chlainn Chonaill leis na
ciantaibh ar bórd léithe, gan a fhios an bhfeicfidhe
a choidhche arís é ag siubhal na gcnoc agus na mbán
imeasg a mhuinntire féin.



Ag smaoi'tiughadh mar seo a bhíos nuair a chluinim
gáiridhe agus callán. Tógaim mo cheann agus amharc-
aim thart. Chugainn anuas 'tchím ag teacht iad seo
a rabh aca siubhal as an Chraoslach. Ní rabh oiread
moille ortha-san a theacht isteach is a dhul go
mullach an chaisleáin is bhí orainne. B'fhéidir go
mbéadh siad níos measa 'ná bhí sinne acht go dteach-
aidh duine againne agus go dtearn sé an t-eolas
dóbhtha.



Nuair a chonnaictheas bunudhas a rabh le feiceáil
fá'n áit thoisigh na buachaillí a chaitheamh cloiche agus a
ghearradh léimneach. Chuaidh triúr nó cheathrar ar
seachrán istoigh 'san chaisleán agus ní rabh dul aca
a theacht ar bhealach a bhéarfadh amach iad. Nuair
d'innis Seaghán Mac a' Bháird comh maith is thiocfadh


L. 33


leis cá huair a tógadh an caisleán seo agus gach
seanchas beag eile fá dtaobh de dubhradh go mbéadh
sé mall go leor nuair a bhéadh cách sa bhaile agus
gur bh'fhearr dúinn an bóthar a ghiorrughadh.



Thug 'ach a'n dhuine aghaidh ar an Chraoslach ar
ais. Chuaidh sinne ar na rotharaibh agus rinne fá
choinne Chloich Cheann-Fhaolaidh. Ag fágáil an Chraos-
laigh dhúinn bhí an ghrian ag dul a luighe thiar i gcúl na
gcnoc. Thainic bearradh fuar ar an tráthnóna mar
thig i gcomhnaidhe fá'n am seo de'n bhliadhain i ndiaidh
luighe gréine. Níor cuireadh oiread alluis ag dul
siar dúinn is cuireadh ag teacht aniar.



Bhaineamar Cloich Cheann-Fhaolaidh amach tuirseach
go leor i ndiaidh an aistir fada.



Sul a gcuirfead críoch leis an aiste seo badh mhaith
liom a rádh gurab í an bharamhail atá agam nach dtig
le duine ar bith seanchas nó stair na tíre seo a
thuigbheáil gan na sean-fhothracha seo a feiceáil. Tá
a fhios agam gur mó an tsuim a chuirim-se anois i
gCaisleán na dTuath 'ná chuireas sul a bhfacas le mo
dhá shúil féin é. Is maith agus is ion-mholta an rud
aistí a léigheadh ar shean-fhothrachaibh acht is fearr go
mór do'n sgoláire iad a fheiceáil le n-a shúilibh féin.


L. 34


TORAIGH.



Ní rabh a'n lá ó chuir cuid againn ar
gcosa isteach thar dhoras Árd-
Sgoil Cholumcille nach rabhthar
ag cainnt ar a dhul go Toraigh
Agus cé go rabh fonn mór orainn
cos a leagan ar Oileán Thoraighe,
ní rabh cuma go rabh barraidheacht
deifre ar dhuine ar bith a dheanamh. Bhíthear dhá chur ó
lá go lá go dtí sa deireadh gur baineadh súil de dhul
ann.



Maidin bhréagh Dhomhnaigh amháin go díreach nuair a
bhí cuid againn ag éirghe thainic sgéala chugainn go
rabh long ag fanacht ag Machaire Rabhartaigh le sinn a
thabhairt isteach. Ghléas 'ach a'n dhuine air comh luath,
géar is thiocfadh leis agus thriall go tapaidh, éasgaidh
go rabh ar thráigh Mhachaire Rabhartaigh



I gcionn uaire nó uaire go leith indiaidh sgéala
'fhágháil bhí eadar deich gclaigne fichead agus dhá fhichid
claigeann i na seasamh ag port Mhachaire Rabhartaigh
ag fanacht le bád a bhéarfadh amach 'un na luinge iad.
Badh truagh liom féin agus badh truagh le cách nach
hfuair mic-léighinn na Coláiste uilig sgéala. Bhí
siad comh sgabtha soir siar sin thríd Chloich Ceann-
Fhaolaidh nár bh'fhurus sgéala a thabhairt dóbhtha agus
deifre an tsaoghail ar 'ach a'n duine ar eagla go
mbéadh sé mall agus go mbéadh an long ar siubhal
sul a mbéadh sé ag an phort.


L. 35


Fuarthas dhá bhád a thug amach agus a chuir ar bórd
sinn.



Nuair a fuarthas sinn uilig ar bórd tugadh toiseach
na luinge amach 'un na fairrge agus a deireadh do
thír. Badh chomhthrom ciúin a bhí an fhairrge an lá
céadna. Bhí sí comh ciúin le loch. Badh deas leat a
bheith ag éisteacht le tuaim na dtonn ag briseadh ar
an tráigh a bhí fágtha 'nár ndiaidh againn. Ní rabh cuma
go rabh eagla ar bith ar a'n duine dá rabh ar bórd.
Agus i dtaca le tinneas fairrge de, níor smaoi'tigh
duine againn go rabh a léitheid ann ariamh.



Amach linn, thart Ceann Inis Bó Finne agus amach
'un na fairrge. Thógfadh cailleach dhubh a ceann ann-
seo, agus nuair atchífeadh sí an long ag tarraingt
uirthi, rachadh sí síos faoi an uisge arís, agus d'éir-
eochadh thall udaidh. Bhí faoileoga geala bána le
feiceáil 'ach a'n áit dá dtabhairfeá do shúil, agus anois
agus arís théidheadh ceann aca ar eiteogaibh ag fág-
áil an bhealaigh againn. Chuirfeadh muc-mhara a ceann
aníos fa ghiota bheag dhúinn, agus rachadh síos agus
d'éireochadh arís chomh maith is dá mbéadh gan sinne
a bheith ann ar chor ar bith.



D'éirigh mar bhéadh ceo éadtrom ó'n fhairrge agus
le na linn níor mhór gur léar dhúinn an tír-mór a
fágadh 'nar ndiaidh. B'fhearr liom féin go mór fada
gan ceo ar bith a bheith ann, agus saoilim go rabh bun-
udhas a rabh ar an luing an lá udaidh ar an intinn
chéadna liom. Acht ní ceart a bheith ag súil le barr-
aidheacht ó láimh an Dúilimh. Badh cheart gur fíor-
bhuidheach a bhéamuis agus lá comh breagh ciúin is a
bí ann a fhágháil.


L. 36


Níor bh'fhada bhíthear ar bórd nuair nach rabh a dhath
ag cur bhuadhartha ar dhuine ar bith acht cé hé an chéad
duine 'tchífeadh Toraigh. Bhí cách agus a dhá shúil ag dul
amach ar a chionn ag féacháil an bhfeicfeadh sé an
t-oileán ag nochtughadh chuige. Acht bhí sé comh deacair
sin Toraigh a fheiceáil leis an cheo a bhí ann is dá
mbéadh gan an t-oileán a bheith ann ar chor ar bith.



Thainic tinneas fairrge ar chupla bean de na
cailínibh acht cha rabh siad go ró-olc leis. Toisigh-
eadh a thabhairt sóláis dóbhtha, ag rádh nach mbéifidhe
i bhfad go sroisfeamuis Toraigh. Ní mheasaim go
dtearn seo maith ar bith dóbhtha ná ní thainic cuma
bhisigh ar bith ortha le n-a linn. hIarradh ortha annsin
a n-aghaidh a thabhairt ar an ghaoith is nach mbéadh
dadaidh ortha.



“Toraigh! siud Toraigh,” arsa triúr nó cheathrar.
Ní luaithe cluineadh tuaim an fhocail 'ná bhí gach duine
againn i n-a sheasamh ar bórd ag coimheád amach uadh.
Cha rabh sé níos mó 'ná míle uainn. Ní rabh cuma ró-
mhaith ar dhuine ar bith ó chuadhthas ar bórd ag Machaire
Rabhartaigh go dtí anois; acht nuair a chonnaictheas
comh comhgarach is bhíomar do Thoraigh thainic aoibh
bhréagh ar 'ach a'n dhuine. Déarfá gur éirigh croidhthe
na gcailín a bhí tinn comh maith le croidhthibh na gcailín
agus na mbuachaill nach rabh nuair a chonnaic siad an
t-oileán.



“Dheanfaimuid Tonnaí Thoraighe anois,” arsa Fionn
Mac Cumhaill agus thoisigh sé a dhamhsa annsin.



“Caidé atá ag teacht oraibh, a chailíní agus a
bhuachaillí, nach mbíonn ag damhsa,” adeir sé, nuair
atchíos sé nach bhfuil buachaill nó cailín ann a chuid-


L. 37


eochas leis “Tonnaí Thoraighe” a dheanamh ar bórd
luinge i mBéal Thoraighe.



Ní thiocfadh leis an luing a dhul isteach agus sinne
a chur amach ar chéidh Thoraighe. B'éigean dúinn a dhul
ins na bádaibh ar ais nuair a caitheadh amach an
t-angcaire agus stad an long.



Níor fhan bean, fear nó páiste i dToraigh nach
dtainic anuas go dtí an chéidh nuair a chonnaic siad
sinn ag teacht. Níor luaithe bhuail an bád port 'ná
cuireadh na mílte fáilte romhainn go dtí an t-oileán.
Toisigheadh a chainnt annsin. Bhí 'ach a'n duine againne
ag iarraidh a rabh de Ghaedhilg aige a thabhairt 'un cinn.
I ndiaidh ar ndícheall a dheanamh badh bheag ar gcuid
di agus badh mhall sinn 'ghá labhairt le taoibh muinntire
Thoraighe.



Nuair fuarthas greim le hithe badh é an chéad bhuaidh-
readh a bhí orainn oiread de'n oileán a fheiceáil is
thiocfadh linn roimh an oidhche. Char fhan duine againn
leis an duine eile acht ag iarraidh na n-iongantas
uilig a dheanamh amach dó féin.



Soir ag tarraingt ar an Tor Mhór tugadh aghaidh ar
dtús. Thoir annsin atá Príosún Bhaloir. Sgeilp
fhada, dhomhain atá ann atá ar bhruach na mbeann. An
té a mbéadh sé de mhí-ádh air is go rachadh sé síos ann
creid mise nach aníos a thiocfadh sé go réidh. Dá
dtéidhtheá síos ann comh dóigh le rud eile nach dtiocfá
aníos a choidhche. Dá gcuirtí cuid de na gaisgidheachaibh
tréana bhí fá ghlas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráth,
agus a bhris amach, isteach i bPríosún Bhaloir ní
bhéifidhe ag léigheadh indiu fá mhórán de ghniomharthaibh
gaisgeamhla Fear na hÉireann. Dá mbéadh Aodh


L. 38


Ruadh Ó Domhnaill ann le linn Bhaloir Bhéimeann agus
go dtógfaidhe ar siubhal go Toraigh é is go gcuir-
feadh Balor isteach i n-a Phríosún é, ní chluinfidhe
focal eile fa dtaobh de agus b'amhlaidh badh mheasa
Clanna Gaedheal indiu gan a ainm a bheith dá luadhadh.



Leac an Leannáin an chéad áit ar tugadh aghaidh
i ndiaidh Príosún Bhaloir a fhágáil. Cloch nach bhfuil ró-
mhór atá i n-a suidhe ar bhruach na mbeann atá sa leic
seo. Creideann daoine nach bhfuil aca acht suidhe
uirthi agus athchuinge a iarraidh is go bhfuighidh siad é.
Is contabhairteach an rud do dhuine ar bith, dar liom,
a dhul a comhair. Tá sí annsiud ar bhruach na mbeann
agus gan a fhios ag duine ar bith cé'n bomaite a
dtuitfidh sí síos agus a ndeanfar míle cuid di ar
thóin na fairrge thíos na mílte troigh. Deirtear go
bhfuil sí le himtheacht le duine éighinteacht. Badh
bhocht an bás a bhéadh i ndán do'n té a bhéadh i n-a shuidhe
uirthi nuair a d'imtheochadh sí.



Is árd na beanna atá fá Thoraigh. Bhí eagla mo
bháis orm a dhul a gcomhair ar eagla go dtiocfadh
mearbhlán in mo chionn is go dtuitfinn síos.



Thug cuid de na bhuachaillibh leo cupla currach, agus
amach faoi na beannaibh leo a chuartughadh uamhach.
Bhíthear dhá rádh gur a chuartughadh neadrach a chuaidh
cuid aca. Cibé bhí siad a dheanamh, ní fhaca sinne iad
go bhfacthas ag teacht isteach iad i ndiaidh a bheith amuigh
cupla uair a' chluig.



Bhí cuid de na sgoláiribh nach bhfaca currac ariamh,
agus bíodh a fhíos gur mhór an t-iongantas leo fear a
fheiceáil ar a dhá ghlúin i dtoiseach curraigh ag céas-
lóireacht.


L. 39


Ní luaithe chonnaictheas na curraigh ag tarraingt ar
an chladach, 'ná síos linne. Comh luath is bhuail an
chéad cheann a dheireadh ar an chladach, thug Peadar
Ó Dubhda iarraidh a dhul isteach de léim ann, agus 'san
am chéadna thug Fionn Mac Cumhaill iarraidh dhul
isteach ann. Bhuail Fionn é féin i n-aghaidh Pheadair
ar dhóigh go dteachaidh Peadar 'san tsáile agus fliuch-
adh suas go dtí an dá ghlúin é. Ghlac Peadar go
breagh é, agus bhí na gáiridhe ag briseadh amach ar
Fhionn nuair a chonnaic sé caidé bhí deanta aige.



Bhí sé ag éirghe mall, agus dubhradh gur bh'fhearr
dúinn an chéidh a bhaint amach ar eagla go n-imtheochadh
an long orainn agus go bhfuigfidhe ar an oileán sinn.
Níor bh'fhearr le cuid aca áit eile a mbéadh siad 'ná
ar Oileán Thoraighe. Má bhí deifre orm-sa ag baint
na céadha amach, ní tuirseach de Thoraigh a bhí mé, acht
ar eagla go n-imtheochadh an long is nach mbéadh gléas
agam a fhágáil go luath. Leoga, is orm a bhí an buaidh-
readh nach rabh níos mó ama againn ann, ar dhóigh go
mbéadh faill againn gach uamhach dá bhfuil ann a fheiceáil
agus deoch a ól as na tobrachaibh fíor-uisge atá ann.



Acht, le deireadh a chur leis an turus udaidh go
Toraigh, níl agam le rádh acht gur fhág an long amuigh
ag Tráigh Mhachaire Rabhartaigh sinn. Thugamar buidh-
eachas do'n chaiphtín is do'n fhuireann, agus bhaineamar
an baile amach le tuitim na hoidhche sásta go breagh
do'n tráthnóna chaitheamar i dToraigh.


L. 40


CNOC FOLA.



Tráthnóna breagh, ciúin amháin
thug triúr againn linn ar gcuid
rothar agus síos linn bealach
Mhachaire Rabhartaigh chois na
fairrge. Bhí bád as Toraigh
thíos ar Thráigh Mhachaire Rabhar-
taigh ag deanamh réidh le dhul
'un a' bhaile. Fágadh na rothair i leath-taoibh agus síos
linne ó'n bhealach mhór 'un na trágha. Chuireamar
forán ar mhuinntir Thoraighe agus thoisigh a sheanchas
agus a choinneáil cainnte leo gur thionntuigh fear na
stiúrach toiseach an bháid amach 'un na fairrge.



Ní rabh a fhios againn cá rachamuis annsin. Dubhairt
duine éighinteacht gur bhreagh an rud a bheith ar mhullach
Chnoc Fola a léitheid de thráthnóna. Dubhairt an chuid
eile gur bhreagh go díreach agus gan focal eile a rádh
siud sinn de léim ar na rotharaibh agus ar siubhal linn.



Cnoc Fola.


L. 41


Eadar a bheith ag cainnt is ag comhrádh níor mhothuigh
ceachtar againn sinn féin go rabhamar ag bun Chnoc
Fola. Nuair a chonnaiceas féin sin dubhairt mé go
rabh sé comh maith againn tuirlingeadh. D'amharc an
bheirt eile suas ar an chnoc agus dubhairt go rabh sé
comh maith againn dhul siar giota eile is go mb'fhéidir
go bhfuighmis áit a mbéadh sé furus a dhul suas ann.



Cha dteachamar i bhfad siar gur thuirlingeamar.
Tugadh na rothair isteach ó'n bhealach mhór agus fágadh
i n-a luighe annsin 'san fhraoch iad. Suas linne annsin
thríd raithnigh a bhí ag dul go dtí an dá asgaill
orainn.



Bhí caoirigh dá gcastáil orainn 'ach a'n áit ó
d'fhágamar bun an chnuic. Caoirigh maithe, móra a bhí
ionnta. Bhí oiread olna ar chionn aca is a dheanfadh
culaidh éadaigh d'fhear. Bhéadh iongantas ort caidé
mar thig leis na caorchaibh mairstin ann ar chor ar bith.
Ní féar atá ann le hithe aca agus, cinnte, ní ar
raithnigh a mhaireann siad. I ndiaidh sin is uilig is
bocht an áit nach bpiocfadh caora a chuid nuair a bhíos
an aimsear mhaith ann. Creidim nach mbíonn moill ar
na caorchaibh a bhíos ar Chnoc Fola oiread a fhágháil
sa tSamhradh is ghníos gnaithe dóbhtha. Acht bíonn
athrughadh sgéil ann 'san Gheimhreadh. Is beag a b'fhiú
theacht an Earraigh, caora d'fhanfadh ann rith an Gheimhridh.



Go díreach le luighe gréine bhí an triúr againn 'nar
seasamh ar charnán cloch atá ar mhullach an chnuic.
Cha rabh focal dá labhairt ag ceachtar againn acht gach
duine ag breathnughadh uadh agus ag baint lán a dhá
shúil as a rabh thart air. Agus, a léightheoir dhílis, a
léitheid d'amharc is bhí romhainn! Ag imtheacht amach


L. 42


fad amhairc bhí an fhairrge mhór. Ní rabh bogadh innte.
Bhí sí comh ciúin le loch. Rachadh currach ar a shuaimh-
neas ó Thoraigh go hÁrainn is ní bhéadh contabhairt go
dtógfadh sé oiread le steallóig amháin uisge, bhí an
fhairrge comh ciúin sin.



“Siud bád Thoraighe,” arsa duine de'n bheirt eile.



Thugas féin mo shúil soir ó thuaidh le linn na ceiste
seo, acht má thug féin cha rabh dul agam ar í fheiceáil.
Badh léar go bhfaca an bheirt eile í ná bhí siad ag
iarraidh a teisbeanadh damh-sa. D'amharcas ní badh
ghéire annsin agus chonnaic mé rud éighinteacht mar
bhéadh fód mónadh ann eadar mé agus Toraigh.



Is iongantach a bhfuil d'oileánaibh beaga mara uainn
siar. Ní'l Gabhla níos mó 'ná trí mhíle uainn. Siud
amuigh thiar ud Oileán Uaighe. Cupla míle taobh
amuigh de tá na trí Mic Uí Ghorra. Is fada annsiud
iad. Ní abróchad cá fhad ann iad de bhrígh nach bhfuil
a fhios agam. “Acht cé arbh' iad na Mic Uí Ghorra?”
arsa tusa.



Tá, beirt dearbhráithreacha agus deirbhshiúr a bhí ann
fad ó shoin i n-aimsir na draoidheachta. Cuireadh fá
gheasaibh iad. Maidin Lá Bealtaine 'ach a'n seacht-
mhadh bliadhain tógann siad a gcuid seolta agus
tugann aghaidh ar Thoraigh le n-a chur le theinidh. Má
éirigheann leo a bhaint amach gan duine ar bith a
bhfeiceáil cuirfidh siad le theinidh é agus sgaoilfear a
ngeasa annsin.



Bhí Clann Lir naoi gcéad bliadhan ag snámh ar
bhrághaid na dtonn agus fuair siad fuasgladh i
ndeireadh an ama sin; acht níl a fhios agam an
bhfuighidh na Mic Uí Ghorra fuasgladh a choidhche.


L. 43


Níor éirigh leo Toraigh a chur le theinidh go dtí seo
agus measaim nach bhfuil contabhairt ar bith i n-a chionn
anois.



Agus ó thárla gur ag sgríobhadh ortha atá mé
annseo, níor mhaith an rud go ndeanfainn dearmad
ar a gcuid ainmneach a chur síos. Aodh, Tadhg agus
Siubhán a bhí ortha. Tá siad annsiud amuigh i lár na
fairrge agus an lá is ciúine dar shéid gaoth as aer
ariamh bíonn na tonna ag briseadh i n-a gcubhar geal,
bán i n-a mullach. Is iomdha stoirm mhór agus doin-
eann láidir a thainic ar Éirinn ó thuit súil fir ó
thús ortha agus is iomdha athrughadh a thiocfas uirthi go
dtigidh an lá nach mbíonn na Mic Uí Ghorra le
feiceáil ar chúl Uaighe.



Is minic a chluininn ag daoinibh aosta dhá rádh
go rabh talamh amhach annseo romhainn faoi uisge na
mara. Is duine de Chlainn tSuibhne a bhfuil sé i ndán
dó a fhágháil. Nuair atchífeas sé an talamh má
choinnigheann sé a shúil air go bhfuighidh sé cloch a fhuig-
feas sé ann is leis é; acht má thógann sé a shúil
de caillfidh sé é.



Ní fhacthas dúinne go rabh cosamhlacht thalaimh ar bith
amach romhainn an tráthnóna ud. Ní rabh dadaidh le
feiceáil againn ann acht long a bhí eadrainn agus
bun na spéire.



Le linn súile a thabhairt ó dheas thig sléibhte árda
Thír Chonaill os ar gcomhair. Tá an t-Eargal annsiud
ag tógáil a chinn os cionn na gcodach eile uilig. Is
annamh lá nach mbíonn bearad bán ar a chionn. Cha
rabh ceo ná bearad air agus sinne ag amharc air ó


L. 44


Chnoc Fola. B'fhada liom agus mé ag amharc suas
air go bhfuighinn faill a dhul go dtí n-a bhárr. Chonn-
aictheas damh dá mbeinn ar bhárr an Eargail i n-áit a
bheith ar Chnoc Fola gur bhreagh an t-amharc a bhéadh
romham.



Deirtear go bhfuil loch ag bun an Eargail is go
bhfuil doimhne mór innte. Bhí bean mhór ann fad ó
shoin agus shiubhail sí an domhan uilig go dtainic sí go
dtí an loch seo. Báitheadh ann í. Rinneadh ceathramha
cheoil agus seo cuid de:



“Loch Dhabhair, Loch Dhabhair, an loch is doimhne sa
domhan,
Trí doimhne Loch Dhabhair Loch Bhárr Ghaoth Dobhair.”



Cnapánach go maith atá an ceanntar seo atá romh-
ainn. Tá sléibhte árda agus gleanntáin dhomhna ann.
Istoigh i lár gleanntáin tig loch chiúin os ar gcomhair.
Gluaiseann sruthán anuas ó mhullach sléibhe agus
isteach sa loch agus amach arís, agus ní dheanann sé
stad ná comhnaidhe go measgthar leis an fhairrge mhóir
é. Léimeann breac amuigh i lár locha anois agus
éirigheann bradán i mbéal abhann' arís. Shaoilfeá
go mbéadh am breagh ag muinntir na háite seo ag
iasgaireacht fá na lochannaibh is fá na haibhnibh. Acht,
i n-áit sin, ní fhághann siad cead amharc ar bhreac ná
ar bhradán chan é amháin ceann a mharbhadh. Tig boic
mhóra anall as Sasanaibh 'ach a'n bhliadhain agus caith-
eann a gcuid ama ag dul thart ag marbhadh an éisg
nach leo acht le hÉireannchaibh.



Chuaidh an ghrian a luighe thiar ag Ceann Áranna.
I ndiaidh í 'dhul a luighe thainic mar thiocfadh fuacht
siocáin ar mhullach Chnoc Fola. Dar linne, nuair a


L. 45


mothuigheadh an fuacht ag teacht go rabh sé i n-am
againn a dhul a bhaile.



Tugadh amharc amháin eile thart agus annsin tugadh
aghaidh ar an áit ar fágadh na rothair. Ní har Chnoc
Fola bhíthear ag dul a chaitheamh na hoidhche, cé go rabh
leisg orainn a fhágáil. Síos linn — duine i ndiaidh an
duine eile. Bhainfidhe truisleadh as duine annseo
agus tuitim as duine annsiud go dtí gur baineadh
an bealach mór amach thíos. Is annsin a bhí an chuid-
eachta. Ní rabh a fhios againn cé'n ball ar fágadh na
rothair ann. Déarfadh duine gur annseo a fágadh iad
agus déarfadh duine eile nach headh acht annsiud.
Chuadhthas 'á gcuartughadh agus fuarthas iad 'san áit ar
fágadh iad. Baineadh an baile amach acht má baineadh
féin tá duine amháin ann a choinneochas cuimhne ar
an tráthnóna ud a chaith sé ar mhullach Chnoc Fola.


L. 46


JUNO, APOLLO, VENUS.



<Fil.>
Juno, Apollo, Venus bheir glóir do Dhia agus
Déirdre
Thainic aréir do m'fhéachaint is mé féin 'o shuan;
Bantracht na sgéimhe bheir solas mar na réalta;
Musgladh as mo néal mé is mé ag éagcaoin go
cruaidh.
D'éirigh mé de'n léim udaidh suas ins na spéarthaibh,
Shaoileas féin go héag, a chroidhe, nach bpillfinn
anuas;
D'fhosgail mé mo ghéaga 's mé ag gáiridhe leis a'
dé-mhnaoi,
'S níor bh'fhada 'n a dhiaidh sin gur éaluigh sí uaim.



Is deas do mhalaidhe is d'fhéacaint le'r mharbh tú na
céadta
Is do shleamhain-fholt buidhe, craobhach síos leat ag
fás,
Go dúnta, daithte, druimleach, a chúil feamnach, buin-
seach;
Do dhearc-shúil mar na réalta ag éirghe ó'n lá.
Badh dheas do chíocha déanta, do bhrollach mar an
fhaoileán,
Do chorp ó bhroinn déanta is do bhoinn chaola d'fhás;
Cumhradh in do chroidhe ort-sa Éibhir is tú do bhreath-
nuigh Éire,
Nach bhfuair amach an spéir-bhean a choinnigh mé ó'n
bhás.


L. 47


Dhearbheochainn-se féin ar Ghallaibh agus ar Ghaedhealaibh L
Do shamhail i nÉirinn nach bhfuil sé le fágháil,
Le gile, le sgéimhe; le finne, le méine,
Badh bhinne guth béile 's badh chumasaighe cainnt.
Má's tusa croidhe an réidhtighe bhain solas geal an
lae dínn,
Mhusgail as na néaltraibh bhí dorcha ar chách;
Mur' cionntaighe thú féin leis go dtéidhidh mise sa
chréafóig,
Ní stadfaidh ó mo bhéal acht do mholadh go bráth.



A ghrádh, is a shearc ná smaoinigh gur bréag nó stair
adubhras,
Gur éag mé seal ag dúil leat is ná diúlt mé go
bráth;
Gníomha maithe, múinte 's an taobh ó dheas a shiubhlas,
Is fada ó dearbhuigheadh dúinne gur fionn, geal na
mná,
Ní'l a'n óig-fhear, cliste, lúthmhar adeirfeadh nach tú
mo rún-sa, L
Nach mbainfinn fuil go húr, go cúiteach as a lár.
Tar is triall is bí liom-sa ar bhórdaibh taiste go
Lonndain
Tréig do bhailte, dúnta is ná diúltaigh ar ndáil.


L. 48


PÁDRAIC 'AG RUAIDHRÍ.



A Phádraic 'ag Ruaidhrí, a chorp an duine uasail,



Go mairidh tú buan in do shláinte;
Gur i dToraigh ó thuaidh atá deagh-mhac a' tsuaircis,
'Mbíonn luingis go buan aige is bádaí;
Ní fá chladaighibh go suarach badh mhian leis bheith a'
gluaiseacht,
Acht ag tarraingt ar chuantaibh na Spáinne;
Tá cabhlach sa ruaig air, 'san lámhach anuas leo,
'S ní bheirfear i gcruadhtan ar Phádraic.



A Nansaí, tá an chraobh leat i dToraigh go síorruidhe,
Is éireochaidh an saoghal ann go bráth leat;
Níor lugha le Cáitríona, bean Éamoinn an chroidhe
mhóir,
Is aici atá aoibhneas na háite;
Tá an stór aice líonta de'n bheoraigh is daoire,
Rum, brandaí is fíonta na Spáinne;
Tá bádaí na tíre ag tarraingt go líonmhar
Is ag ceannach i n-a saoirseacht ó Phádraic.



Tá coirce 'gus eorna comh fairsing le mónaidh
Aniar ó Ghaoth Dobhair go dtí'n gleann seo;
Bheirfidh Pádraic go leor as Condae Mhuigheo,
Ní bhéidh orainne brón ins an tSamhradh;
Níl a'n áit 'san Roinn Eorpa a mbéidh fairsingeacht
ar foghnamh
Nach mbéidh againn i gcomhnuidhe i n-am aingeamhail;
Ar choimrigh Ríogh an Domhnaigh a sgaith na bhfear cródha
Le linn gaoithe móire nó dainseáir.



(Do réir na Gramadaighe “a chuirp” badh cheart a bheith annseo.)


L. 49


Tá an rigging i n-órdughadh — ní baoghal dá cuid
seolta,
Le linn gaoithe móire nó dainseáir;
Tá canbhas go leor uirthi — is daor a cuid rópaí,
A ceannuigheadh ar chóstaibh na Frainnce;
Tá tier gunnaí móra ar gach taoibh di i n-órdughadh,
Is ró-dheas a sheolas sí'n aidhbhleis,
Luingis chríoch Fódla is bíodh i n-a deoidh-se
Dar liom-sa go ndóighfeadh sí'n t-iomlán.


L. 50


LÉIGHEACHT AGUS CUIRM CHEOIL.



Árd-thráthnóna a bhí ann. Bhí sé
i n-a bhárr-láin. Bhí an lán-mara
ag teacht aníos féadaim a rádh fhad
le Dún an Dálaigh. Thíos ar sgáth
an oileáin bhig udaidh thíos tá cúig
nó sé de chlaignibh amuigh ag snámh.
Siud bád faoi sheol ag tarraingt
ar Bhaile an Easa. Ní abróchainn nach de chuid
Thoraighe í. Tá an chóir léithe agus déarfá le
hamharc uirthi nach mbainfeadh sí tír ná talamh amach
a choidhche. Tá sí ag treabhadh thríd an uisge comh
tapaidh sin gur mór an chontabhairt mura dtéidhidh sí
go tóin roimh i bhfad. Acht, ní heagal di. Leigfear
leis an sgód má 'tchífear contabhairt ar bith ag
teacht.



Tóg do shúla ó'n fhairrge agus amharc suas bealach
an talaimh. Ar gach ardán 'tchí tú sgaifte eallaigh
ag ingheilt. Thuas ar mhullach Chnoc na Bealtaine tá
sgaifte mór eallaigh ann agus triúr nó cheathrar
gasúr 'ghá gcoimheád. Ag tarraingt soir ar Ghort
an Choirce 'tchí tú cupla cailín ag siubhal ar a suaimh-
neas. Creidim gur ag tarraingt ar Oifig an Phosta
atá siad. Béidh leitreacha nó b'fhéidir cárdaí posta
aca le cur sa bhocsa. Agus déarfá go bhfuil siad ag
léigheadh leabhair rompa! Tá cinnte. Cuid de
sgoláiribh na hÁrd-Sgoile atá ann agus iad ag
léigheadh “Laoi Oisín” nó “An Cruinneolaidhe.”



Agus an é siud an Maighistir Mac Giolla Cheárr!


L. 51


'Sé leoga. Siud é ag obair fá'n sgoil. Tá sé “ag
cur eagair uirthi” mar deireadh sé féin. Tá duine
uasal ag teacht ar thraen leath-uair i ndiaidh a ceathair
agus dheanfaidh sé léigheacht i Sgoil Ghort an Choirce
anocht. Tá iomrádh go mbéidh cuirm cheoil i ndiaidh
na léigheachta. Caithfimid an turas sin go Corrán
Binne a chur ar gcúl go dtí tráthnóna i mbárach ar
eagla go gcaillfeamuis an léigheacht agus an chuirm
cheoil anocht.



Tá an ghrian ag dul as amharc thiar ar chúl na
gcnoc. Nach deas a lonnradh ar na sléibhtibh agus í
ag dul a luighe! Féach ar an Eargal. Cá bhfuightheá
radharc níos deise 'ná é ar an bhomaite seo? Agus
Cnoc Fola! Le cupla bomaite thainic dath air atá
comh dearg le fuil. I gcionn chúig mbomaite eile
béidh cuma air comh dubh dorcha is bhí air ariamh.



Tá na páistí ag cur an eallaigh 'un a' bhaile. Agus
déarfá go bhfuil deifre mhór ortha 'ghá dtiomáint
rompa fosta. Acht dhar ndóighe ní thig leis na páistíbh
an chuideachta atá le bheith i dtoigh na sgoile a
chailleadh acht oiread.



Seo chugainn daoine as 'ach a'n chearn ag tarraingt
ar Ghort an Choirce. Níl mórán de sgoláiribh na
hÁrd-Sgoile ann go fóill. Béidh cuid aca agus níor
mhiste liom a rádh go mbéidh cuid mhaith de'n léigheacht
thart sul a bhfeicthear iad. An locht is mó atchím ar
Ghaedhealaibh óga na haimsire seo, .i. a bheith ag tar-
raingt ar áit cúig bhomaite nó ó sin go dtí leath-uair
nó b'fhéidir uair i ndiaidh an ama ar cheart dóbhtha a
bheith ann. Is mór a thaitnigheas sé liom daoine a
fheiceáil cruinnighthe roimh an am atá leagtha amach


L. 52


roimh ré le céilidhe a chur ar bun nó sgoil a fhosgladh.



Bhí an sgoil bog-lán go maith i dtráthaibh a hocht a
chlog. Bhí sé leath-uair i ndiaidh a hocht sul ar
toisiughadh ar an léigheacht. Rinneadh airchinneach de
shéiplíneach na háite. Agus, leoga, badh mhaith an
t-airchinneach é. D'éirigh sé agus thug buidheachas
dúinn as an urraim a thugamar dhó. Dubhairt sé linn
go rabh fear uasal i láthair — fear a rabh aithne ag
mórán againn air agus a gcualaidh 'ach a'n dhuine
iomrádh air. Labhair sé leis ar feadh chupla bomaite
agus annsin d'iarr sé ar an fhear uasal labhairt, ná
gur leis a b'fhearr a thiocfadh a dheanamh.



D'éirigh an duine uasal annsin agus rinne léigheacht
a thaitin go mór le gach duine dá rabh ann.



D'éirigh duine de na hollamhnaibh agus chuir rún
i bhféidhm ag tabhairt buidheachais do'n duine uasal as
a theacht agus léigheacht a dheanamh. Thoisigh sé ag tús
na léigheachta agus thainic anuas go tapaidh thríthe.
Mhol sé í go mór. Ní rabh rud ar bith innti nár aon-
tuigh sé leis. Chuir sé an rún os ar gcomhair agus
shuidh síos.



D'éirigh ollamh eile agus d'aontuigh leis an rún.
Dubhairt sé beagán fá dtaobh de'n léigheacht mar
an gcéadna.



D'éirigh duine eile agus i ndiaidh aontughadh leis an
rún thoisigh sé mar seo: —“Is iomdha léigheacht mhaith,
bhríoghmhar a chualamar ó fosgladh an Choláiste, acht
saoilim féin go dtig linn uilig a rádh gurabh í seo an
léigheacht is fearr dár chualamar go fóill. Thug an
duine uasal seo leis siar sinn go dtí an t-am a rabh
Columcille ag siubhal na ngleann agus na n-ardán


L. 53


seo. Theisbeán sé dúinn caidé an seort saoghail a
bhí aca i n-Éirinn fad ó shoin. A cháirde, saoilim féin
gur mór an mhaith a ghníos léigheachta dá léitheid seo
agus badh cheart dúinn iad a bheith againn annseo níos
minice 'ná mar a bhíos.” Dubhairt sé beagán eile
agus annsin shuidh sé síos.



Thoisigh duine eile annsin agus nuair bhí seisean
réidh labhairt beirt nó thriúr eile.



Acht fá dheireadh thiar thall sgairt duine éighinteacht
ar Fhionn Mhac Cumhaill. Ní rabh Fionn ag éirghe.
Thug an t-airchinneach a shúil síos thríd an sgoil agus
aoibh an gháire air agus dubhairt sé:— “A Fhinn, má tá
tú annsin éirghe agus abair cupla focal, le do thoil.”



Anois an oidhche a bhéadh céilidhe ann agus nach
mbéadh Fionn i láthair shaoilfeadh 'ach a'n dhuine nach
mbéadh cuideachta ar bith aca. Nuair d'iarrfaidhe ar
Fhionn sgéal a innsin stadfadh an gleo agus an callán
agus chuirfeadh gach duine cluas éisteachta air féin.
Agus leoga níor bh'iongantas ar bith sin! Badh
bhreagh an sgéalaidhe é Fionn. Char casadh a léitheid
de bhuachaill óg orm ariamh a dtiocfadh leis sgéal a
innsin nó laoi a chanadh comh deas leis. Chuirfeadh sé
cos i mullach na coise eile agus thoiseochadh a dh'innsin
caidé mar chaill an Fhiann an Sgian go mBuaidh nó
chanfadh sé cuid de Laoi an Deirg nó b'fhéidir go
n-abróchadh sé abhrán, acht ní fios damh go dtug sé
iarraidh guth a chur le habhrán ariamh. Tá sean-
sgéal Gaedhilge adeir go rabh na hUltaigh cruinnighthe
i n-Eamhain Mhacha tráth amháin agus go rabh gleo agus
callán mór aca. Acht i lár an challáin d'éirigh Con-
chubhar agus chroith sé “An Chraob-Éisteachta.” “Thuit


L. 54


sos ar Ultaibh annsin,” adeir an sgéal, “foir” adeir
an sgríbhneoir “badh Dia beag Conchubhar ag Ultaibh
an ionbhaidh sin.” Thuitead sos orainne nuair
thoiseochadh Fionn ar sgéal a innsin.



Acht le theacht ar ais ar an áit ar fhág mé an
t-airchinneach ag iarraidh ar Fhionn éirghe; d'éirigh sé.
Agus cuma fhaitcheach go leor a bhí air ag éirghe dhó.
Bhíomar uilig ag fanacht le Fionn labhairt. Acht cé
go rabh sé i n-a sheasamh ní rabh sé ag rádh focail. Fá
dheireadh thoisigh sé:—“A athair urramaigh agus a
cháirde,” adeir sé “badh mhaith liom-sa cupla focal a
rádh fá dtaobh de —.” Ní thainic leis níos mó a
rádh. Bhris na gáiridhe amach air. Agus ní rabh a fhíos
ag duine ar bith cad chuige. Ní rabh a fhios agam
féin é ar sgór ar bith.



Dubhradh leis go mb'fhéidir go dtabhairfeadh sé
iarraidh eile. Thug, acht ní raibh maith ann. Níor
dhubhairt sé acht cupla focal gur bhris na gáiridhe
amach arís air is gur bh'éigean dó suidhe síos.



Bhí iongantas orainn uilig nach dtainic leis an
sgéalaidhe mhór níos mó 'ná sé nó seacht d'fhoclaibh
a chur le chéile nuair d'éirigh sé le labhairt. Cupla lá
i n-a dhiaidh sin leig Fionn liom féin gurab é an fáth
nach dtainic leis labhairt: go raibh sé i n-a shuidhe
imeasg sgaifte cailín agus nuair thoiseochadh sé a
chainnt bhainfeadh bean aca liomóg as anois, agus ar
ball beag bhainfeadh bean eile aca liomóg as go dtí
gur bh'éigean dó suidhe síos sa deireadh.



Fá dheireadh d'éirigh an timthire agus thoisigh an
Ghaedhilg a theacht amach as a bhéal mar thuile a bhéadh
ag dul le fánaidh. Mhol sé agus níor cháin sé. Is


L. 55


leis féin a thig an moladh a thabhairt uadh. Acht badh é
deireadh a chuid cainnte gur mhol sé dhúinn cuirm
cheoil a chur ar bun: go rabhamar tuirseach de chainnt.
Agus leoga bhí an fhírinne aige. Bhíomar ag éirghe
tuirseach de'n cainnt gan amhras.



Thoisigh Éamonn Ó Tuathail le “Mo Chailín Deas
Óg,” thug Aodh Ó Dubhthaigh “Níl sé i n-a lá, níl go
fóill” dúinn, agus dubhairt Mícheál Ua Duibhir
“Tiocfaidh an Samhradh.” Dubhairt sean-bhean dá rabh
ann dán diadha dhúinn. Chan Aodh Mac Gabhanna
abhrán a chum sé féin agus ghabh duine éighinteacht eile
“Crúbach Thoraighe.”



Leis an chainnt agus leis an cheol shleamhnuigh an
t-am thart go rabh sé i n-am againn a bheith ag smaoi'-
tiughadh ar an bhaile a bhaint amach.



D'éirigh Aodh Ó Dubhthaigh arís agus thug uadh
“Fuadach Aoidh Ruaidh.” Is maith is cumhan liom go
fóill an deireadh a bhí aige leis:—



“Is dá nglacfaidhe a chomhairle an oidhche sin, roimh
an bhriseadh bhrónach, mhall
Bhéadh athrughadh dlighidh againn indiu ó Cheann tSáile
go Dún na nGall.”



Ar theacht amach dhúinn bhí an ghealach i n-a suidhe. Bhí
sí ag caitheamh soluis bhreagh ar an tír thart fá dtaobh
dínn. Déarfá gur ag damhsa a bhí a solus ar an
fhairrge. Thiocfadh le duine fanacht ag amharc air ó
sin go maidin. Thiocfadh leis suidhe ar thaoibh ardáin
ag amharc air agus 'san am chéadna bheith ag éisteacht
le tonnaibh na mara ag briseadh ar thráigh nó i n-éadan
carraice. Thiocfadh leis amharc ortha — ceann i ndiaidh


L. 56


an chinn eile ag deanamh ar an tráigh. Agus ar n-a
bhfeiceáil dó thiocfadh leis smaoi'tiughadh ar an Dúileamh
agus ar a mhaitheas do'n chineadh daonda: mar chuir
Sé an ghealach ins an spéir 'san oidhche le solas a
thabhairt dúinn agus mar chuir Sé tonna na mara a
rith i ndiaidh a chéile le sólás agus aoibhneas a thabhairt
dúinn.



Acht níor fhan a'n dhuine againne ag amharc ar an
ghealaigh ag damhsa ar an fhairrge ná ag éisteacht le
tuaim na dtonn ag briseadh ar thráigh Mhachaire
Rabhartaigh nó ar thráigh ar bith eile. Bhí codladh ag
teacht orainn. Bhaineamar an baile amach agus chuaidh
a luighe. Chuadhamar 'un suain. Thainic aisling
chugainn i n-a bhfacamar —



Gaedhil go dian ag foghluim na Gaedhilge
'S ag trácht arís gan ghó le héifeacht;
Mar d'éaluigh Naoise 'gus an óig-bhean Déirdre,
Gur imthig an dís go brónach as Éirinn
Thar Sruth na Maoile 'gus ceo ar an spéir.



I n-a dhiaidh sin 'tchímid laochra calma, tréana,
Cúchulainn cródha, 'gus é ag claoidheadh céadta,
Lucht leanamhna Mhéadhbha ag bruighean sa ghéibheann,
Oisín féin ar stéid-each 'n a shuidhe go maordha
Le hainnir bhéasach an bhuidhe-fhuilt réidh.



Cluinmid briathra, ró-bhinn' ceolmhar' Gaedhilge.
Ag tógáil na gcroidhthe bhí brónach i nÉilge
'S ag rádh le héifeacht mar cheol ar théadaibh
Nach bhfeicfear Fódla ag lucht an Bhéarla
Go réabfar na sléibhte is go ndóighfear an saoghal.


L. 57


ABHRÁN PHÁDRAIC SHÉAMUIS.



(Séamus Ó Domhnaill, file a bhí i n-a chomhnuidhe
i Rann na Feirste tuairim ar cheithre fichid bliadhain ó
shoin, a chum an tuireamh nó an caoineadh seo fá
mhach dó a báitheadh. Fuair mise é ó Phroinnseas Ó
Griana atá i n-a chomhnuidhe i gCnoc an Chaocháin agus
ó Phaidí Mhac Pháidín atá i n-a chomhnuidhe i Rann na
Feirste.)



An chéad Mhárta de Fhóghmhar badh bhrónach tuirseach
mo sgéal,
Lámh thapaidh bhí cródha ag dul romham ar leabaidh na
néal;
Ar Charraic na nDeor is dó' gur chaill mé mo
radharc
'S go dteidhidh mé faoi fhód ní thógfaidh mé m'aigne
'do dhiaidh.



Tá do mháthair is Niall faoi chian 'gus is fada leo'n
lá,
'S tá osnadh 'n a gcliabh nach leigheasfadh doctúir ná
leáigh;
Ar sholáthair mé riamh is bíodh sé cruinn in mo láimh,
Go dtabhairfinn é uaim acht fuasgladh Paidí bheith
slán.



Tá do dheirbhshiúracha cráidhte i ngnás ag sileadh na
súl
'S níl a fhios ce'n lá go bráthach a n-imtheochaidh
a gcumhaidh;


L. 58


D'fhág tú d'aicme faoi smál, mo chrádh! mar rinne
tú an siubhal,
Nuair nár agair tú Párrthas le spás beag eile
a thabhairt dúinn.



Badh charthanach, fial thú riamh, is badh shona do lámh,
'S go mbéitheá faoi chian mura riarfá a dtiocfadh
'do dháil;
Ba ró-dheas do chiall le 'ch aon do d'aicme ar an
tsráid,
'S ní mhairfidh mé bliadhain i mbuaidhreadh feasta
mar táim.



Mo mhallacht go buan fá bhruach an chladaigh seo
thíos,
'Sé d'fhág d'aicme faoi ghruaim is rinne gual damh
i n-aice mo chroidhe,
'Sé do chur ins an uaigh monuar! d'fhág mise gan
bhrigh,
Gan mheisnigh, gan stuaim acht 'mo thruaill bhocht ag
imtheacht le gaoith.



Ó, stadfad mo ghéar-ghol is dhéanfad mo ghearán le
Cách,
Fuair Píoláid is péin ar thaobh na croiche go h-árd;
A Mhuire, má's féidir dúinn d'Aon-Mhac agradh
gan spás
Le furtacht do féin is gan é bheith feasta faoi cháin.



Ceannach Síol Éabha as péin a d'fhulaing Sé 'n pháis,
Ní dhearcamuid féin Air, acht b'fhéidir mailís gach
tráth;


L. 59


Le faillighe gan chlaon 's níl éinneach fiosach i n-a
spás,
'Gus agramuid É le bheith fabharach duit-se fá'n
cháin.



Míle is ocht gcéag léightear deimhin gan chlaon,
A cúig is a sé déag leis an sgéal sin aithris go
fíor,
Ó thainic mac Dé 'un tsaoghail le'r gceannach go
daor,
Chuaidh Paidí i gcré is mo léan! ní phillfidh sé
choidhch'.



Críoch.


L. 60


TAGRA



CLOICH CHEANN-FHAOLAIDH. — Cloich-ionn-Aola an tuaim atá le
hainm na h-áite seo ag Gaedhilgeoiribh Thír Chonaill. Cloch Chinn
Fhaolaidh agus Cloch Chinn Fhaoladh atá thíos ag Seán Ó Donnabháin
i n-Annála Ríoghachta Éireann nuair a thráchtar ar an áit seo ann.



SG, SP, ST. — Cé gur “g” “b” agus “d” an tuaim a thigeas i
ndiaidh “s” i bhfoclaibh mar “sgéal, speal, stad” chuireamar
síos “sp” agus “st” mar is mar sin a sgríobhtar anois iad.
Agus ar an dóigh chéadna “sg” atá thíos againn.



MUINNTEAR, AIMSEAR. — Seo an litriughadh atá thíos againn
ar an dá fhocal seo sa tuiseal ainmneach. MUINNTIR, AIMSIR,
atá thíos sa tuiseal tabharthach.



-MUIS nó -MUIST. — Seo é an deireadh a bhíos i comhnaidhe ag
sean-Ghaedhilgeoiribh Thír Chonaill ar bhriathraibh sa chead pearsain
de'n uimhir iolraidh 'san aimsir ainfhoirbhthe agus 'san aimsir choin-
ghiollaigh, m.sh., thógamuis, thigeamuis, agus thógfamuis, thioc-
famuis. Cé gur minic a chluintear “t” i ndiaidh an “s” saoilim
nach ceart a chur síos i sgríbhneoireacht.



-MAR. — Ní ró-mhinic a chluintear -mar (.i. = sinn) i ndeireadh
bréithir ar bith anois i gCúigeadh Uladh. Acht mar sin féin níl sé
caillte ag sean-Ghaedhilgeoiribh an chúigidh go fóill. Chonnaictheas
dúinn ó thárla é ann ar chor ar bith gur cheart dhúinn a chur síos
agus iarraidh a thabhairt ar a shábháil. Cluintear “chuadhamar,
bhíomar, srl., coitcheannta go leor i gCloich Cheann-Fhaolaidh i
nGaoth Dobhair, ins na Rosaibh, agus i ndeisceart Uladh.



TEARN TEACHAIDH. — “Ní thearn, ní theachaidh” adeirtear i
gCúigeadh Uladh i náit “ní dhearn, ní dheachaidh.” Tá mórán
sgríbhneoir Gaedhilge i n-Ultaibh agus ní aontuigheann siad
linn nuair adeirmid gur “ní thearn go dtearn; ní theachaidh go
dteachaidh, srl. is ceart a chur síos má táthar ag sgríobhadh
canamhna an Chúigidh; deir siad nach ceart “t” ar bith a bheith ins
na foclaibh seo. Sgríobhann siad féin “ní dhearn, go dearn: ní
dheachaidh go deachaidh, srl.”



Anois nach dtigeann ur-dhubhadh i ndiaidh “go”? Agus cad
chuige nach dtigeann sé i n-a dhiaidh roimhe na foclaibh seo má's é
“d” an chead leitir ionnta ag Ultaibh? I gConnachtaibh deir-
tear “go ndearna, go ndeachaidh, srl.” Is léar gurab é “d”
an chead leitir ins na foclaibh seo ag Connachtaibh. Is minic a
ghníthear “t” de “d” i nUltaibh, m.s., “teana” i n-áit
“dean.” Agus rinneadh “t” de “d” ins na foclaibh seo
“dearn, deachaidh.”



Bhíthear ag iarraidh a chur i n-umhail dúinn go rabhamar ar
seachrán ar fad nuair chonnaictheas “ní thearn, go dtearn: ní
theachaidh, go dteachaidh, srl.,” thíos againn. Sgríobhamar chuig
Seosamh Laoide fa dtaobh díobhtha agus seo é an freagra chuir sé
chugainn :—



“Má's fearr leat canamhain Chúigidh Uladh a chur síos sgríobh
“ní thearn, ní theachaidh; go dtearn, go dteachaidh, srl.,” óir is é
sin mar tá siad ag Ultaibh gan amhras, acht má's fearr leat
Gaedhilg na leabhar cuir síos an rud eile,” .i. go ndearna, go
ndeachaidh. Saoilim go socruigheann sin an cheist seo. Tuigthear
gur canamhain “tearn; teachaidh.”


L. 61


GAIBHIDE GABHANNA. — Gabhann .i. an gheinide atá ar “gabha.”
I dTír Conaill cuirtear “a” eile ann sa tuiseal gheineamhnach.
Cuirtear “a” le focal ar bith a bhfuil -an nó -ann mar gheinidein
air, m.sh., Éireanna, Albana, Áranna. Is de'n treas dio-chlaonadh na
focla seo ag Ultaibh. Tógann siad Éirinn, Albain, Árainn, srl.,
mar ainmnidh.



GLAS GHAIBHLEANN. — Tá Glas Ghaibhneann le fágháil i leabhar-
thaibh. Deir Seaghán Mac a' Báird, Na Cealla Beaga, gur “An
Glas Gaibhlinn” a chualaidh sé féin i gcomhnaidhe riamh.



Nuair a bhí claidhmhtheacha an chead bheirt deanta. CLAIDEAMH
adubhairt an sgéalaidhe. DEAN. — Guthaidhe goirid atá ins an
fhocal seo ag Ultaibh.



AG DUL. — Dá mbéadh mo dhóigh féin agam-sa “ag gabhail” a
chuirfinn síos.



Le h-órdlach na COINNLE .i. fhad is bhéadh órdlach coinnle dá
dóghadh.



-ADH nó -AMH. — Tá -amh thíos mar dheireadh againn ar bheagán
focal, m.sh., deanamh, caitheamh. Sin mar is gnáth a bhfeiceail ins
na sean-leabharthaibh agus ins na nua-leabharthaibh fosta. Agus
fáth eile le n-a sgriobhadh: cluintear srónacht i ndeireadh na
bhfocal seo. Agus dar ndóighe níl srónacht ar bith ag baint le
“adh.”



COILLIDH. — Is minic fuirm an tuisil thabharthaigh againn i
n-ainmneachaibh a bhfuil baint aca leis an chúigeadh dío-chlaonadh i
n-áit ar chirte fuirm an tuisil ainmnigh a beith. Deirimid
“caraid” i n-áit “cara” “teinidh” i n-áit “teine” “teangaidh”
i n-áit “teanga”.



Leantar riaghalacha na gramadaighe ins an leabhairín seo acht
nuair atáthar ag cur síos na cainnte as béal duine.



TORAIGH — Ní dheantar úsáid ar bith de'n tuiseal ainmneach
“Torach” i measg na ndaoine. Nuair labhairtear ar áit is ins
an tuiseal tabhartach a labhairtear air beag nach i gcomhnuidhe,
m.sh., bhí mé i dToraigh. Tá mé ag dul go Toraigh. Is ion-ráidhte
an mhéid seo i dtaoibh “ceall” agus mórán focal eile mar a
gcéadna.



LUGH FADLÁMHAC, .i., Lugh nó Lughaidh Lámhfhada.



Thuigfeá ar an sgéal seo gur fá Cloich Cheann-Fhaolaidh a mar-
bhadh Balor acht do réir an tseanchasa mharbh Lugh Lámhfhada é
i gCath Mhuighe Tuireadh ó tuaidh. (Féach Mans. Materials. Lect XI.
O'Curry. Féach fosta Manners and Customs. Vol. 4, page 251.
O'Curry.)



AR = our. Tá an guthaidhe goirid go fóill ins an fhocal seo.



MAIRIDH — Seo é an sean-dóigh ar “maireann.” Cluintear -idh
go minic i ndeireadh bréithir 'san aimsir laithrigh i n-áit -ann.



BÍ, .i., bíonn. — Tá “bí” beo go fóill i mbéalaibh na ndaoine i
gCúigeadh Uladh.



CEANN, CIONN. — “Ceann” atá thíos sa tuiseal ainmneach agus
“cionn” sa tuiseal tabharthach.



BRADÁN, ORDÓG, srl., nó BRADAN, ORDOG, srl. — Tá an
bhéim-ghotha (tonic accent) againne i gcomhnaidhe ar an chead siolla i
bhfoclaibh mar iad seo. Anois ó tharla sin mar sin má chuirim
síos “bradan, ordog,” srl., béidh na gutaidhthe deireannacha


L. 62


ionnta dorcha (obscure) (nó is ceart dóbhtha a bheith dorcha) acht
chan fhuil siad dorcha i gcainnt na ndaoine. Agus chan fhuil siad
fada. 'Sí an tuaim ghoirid atá ar “á” atá ar an ghuthaidhe
dheireannach ins an fhocal “bradán” agus is í an tuaim ghoirid
atá ar “ó” atá ar an ghuthaidhe dheireannach ins an fhocal
“ordóg.” Tá comhartha éighinteacht a dhith orainn le cur ar
ghuthaidhe ghoirid mar seo i siolla nach bhfuil béim-ghotha air agus
an dtig linn comhartha níos fearr a fhágháil 'ná an comhartha a bhí
ann i gcomhnaidhe .i. an síneadh fada.



LE LINN SOLUIS NA GEALAIGHE. — I gcainnt na ndaoine i
n-abairt mar í seo ní gnáthach acht an gheinide dheireannach a bheith ann.



TOIGH agus TOIGHE. — Castar “toigh” nó “taigh” orainn comh
maith le “tigh” ins an Trip. Life of St. Patrick agus i sean-
leabharthaibh eile.



CIONN. — Is annamh a chluintear an t-iolradh i n-abairt mar í
seo:— “Teanga ‘ghalánta’ atá i n-a gcionn aca.”



AERAIDHEACHT. — Bíonn an consona a thigeas roimhe “e” caol,
acht bíonn an consona thigeas i n-a dhiaidh leathán. Aeridheacht an
leitriughadh is coitcheannta ar an fhocal seo. Caidé mar thig le
“r” a bheith caol agus leathán 'san am chéadna?



-AIBH, -IBH. — Tá tuaim an “bh” caillte i Cúige Uladh sa tuiseal
tabhartach de'n uimh. iolraidh. Cluintear é corr-uair i bhfilidheacht,
agus i mbeagán focal anois agus arís i gcainnt na ndaoine.



JUNO, APOLLO, VENUS.



File de mhuinntir Mhac Gabhanna a bhí i n-a chomhnuidhe i gCloich
Cheann-Fhaolaidh tuairim ar cheithre fichid bliadhain ó shoin a chum
an t-abhrán seo. Donnchadh Mac Gabhanna d'aithris damh-sa é.
Seo é an fáth ar cumadh é, do réir Dhonnchaidh:



“Bhí an file i n-a chodladh. Thainic aisling chuige. Chonnaictheas
dó go rabh duine éighinteacht ag an doras. D'éirigh sé agus d'fhos-
gail sé an doras. Chonnaic sé an bhean badh dheise agus badh
dhóigheamhla dá bhfacthas ariamh i n-a seasamh taobh amuigh de'n
doras nuair a d'fhosgail sé é. D'imthigh sí agus lean seisean í.



“Bhí sneachta trom ar an talamh. Níor bhfada chuaidh an file
gur éirigh ceo. Cuaidh sé ar seachrán.



“Nuair a mhusgail a bhean, thug sí fá dear nach rabh a fear i n-a
luighe agus nach rabh sé le feiceáil sa toigh. Chuadhthas a chuart-
ughadh agus fuarthas é amuigh i n-a luighe sa tsneachta agus é beag
nach conáilte. Tugadh 'un a' bhaile é, agus nuair a thainic sé chuige
féin rinne sé an t-abhrán seo ag moladh na mná ar eagla go
dtiocfadh sí air ar ais. Bean-sidhe a bhí innti.”



ABHRÁN PHÁDRAIC SHÉAMUIS.



Mac de'n fhile a báitheadh a bhfuil an t-abhrán seo fá dtaobh
de. Badh doiligh, dar liom, é a shárughadh ar bhinneas agus ar
bhrónacht ceoil; agus ní i ngach abhrán a bhfuil na hárd-
smaoi'tighthe atá 'san abhrán seo. Féach ceathramha a sé agus a
seacht.



Seo leagan eile atá ar thús na ceathramhan deireannaighe:—



Míle 'gus ocht gcéad do réir gach sgríbhinn' pinn,
A cúig agus a sé, 'sé atá i méadar ann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services