Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aesop a Tháinig go hÉirinn 1-5
Title
Aesop a Tháinig go hÉirinn 1-5
Author(s)
Aesop,
Translator
O'Leary, Peter, Very Rev. Canon
Compiler/Editor
Borthwick, Norma
Composition Date
1909
Publisher
Irish Book Company, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aesop a tháinig go h-éirinn. Cuid I. Gréagach dob' eadh Aesop. Rugadh é tímpal sé cheud bliadhain roimh Chríost. Daor dob' eadh é. Do mhair sé le línn Sólóin, an t-ollamh dlíghe ba mhó d'á raibh ar Ghreugaibh. D'ínseadh sé na Fabhail mar sholuídí, chum cómhairle a leasa thabhairt do ríghthibh agus do chómhachtaibh na h-aimsire sin. Táid na Fabhail cheudna d'á n-ínsint ó shoin anuas i dteangthachaibh agus i n-urlabhraibh an domhain. Táthar 'ghá n-ínsint anois anso i nGaoluing bhreagh bhlasta bhínn. 1. - An Frog agus an Mada Ruadh. Tháinig frog mór buidhe-bhreac ainíos as an loch agus do shuigh sé ar an bport agus chuir sé fógra amach, 'ghá rádh gur bh'árd-liagh é agus go raibh leigheas gach galair aige. Thánadar na h-ainmhighthe go léir fá dhéin an leighis. Bhí an mada ruadh ann. D'fheuch sé ar an bhfrog. Nuair chonaic sé an t-ainmhíghe beag suarach do chuir sé drangháire as. "Airiú greadadh chúgat!" ar seisean, "má tá an t-eólus úd go léir agat fé mar fhógrais dúinn, nách mór an iongna ná h-imirean tu beagán dé ar do chorpáinín féin. Ní'l aoinne anso indiú is mí-chúmtha 'ná thu. Agus cheapfá a chur 'na luighe orainn go bhfuilir ábalta ar ár ngearánta go léir do leigheas. Thuit tonóisg beag amach dómh-sa agus baineadh an t-earball díom. Cheapas, nuair airígheas an fhógairt seo uait-se, go mb'fhéidir go gcurfá earball i n' inead orm. Ní fheicim, ámh, go bhfuil earball ort féin. Preit! a dhuine, cá bh'fhios dod' leithéid-se cad a bhainean le h-earball!" Agus thug sé a chúl air go mí-cheadtach agus d'imthigh sé. Do lean an chuid eile é agus iad go bréan díobh féin. An Múineadh. An t-é ná féadan a ghnó féin do dhéanamh is deacair a rádh go bhféadfaidh sé gnó an fhir thall do dhéanamh. "Do ghnó féin déin, a dhuine, Ná bac mo ghnó; ná mise.
2. - An Coileach agus an Mada Ruadh. Maidin bhreagh shamhraidh do thárla go raibh mada ruadh ag siúbhal go ciúin agus go h-aicillíghe, i gcómhgar do chró na gcearc. Is réidh a thógadh sé na cosa agus is réidhe 'ná san a leigeadh sé féi iad. Dá fheabhas aire a thug sé dhóibh níor bh'fhada gur chuir sé cos acu sa n-innil a cuireadh sa n-áit d'aon ghnó chum beirtha air. Bhí an coileach 'na sheasamh anáirde ar an gcró. Do chonaic sé cad a thuit amach agus an cruadh-chás 'na raibh an mada ruadh. "Ó! a choiligh an chroídhe 'stigh!" arsan mada ruadh, "tar agus bog díom an rud so nó is gearr go mbéidh mé gan chos. Tá ioscad ghaoíl agam leat. Tar agus fuasgail mé. Díolfad an cómhar leat uair éigin." Níor dhein an coileach acht imtheacht láithreach agus an sgéal d'ínsint d'fhear an tighe. Tháinig seisean agus cleith aige agus do mhairbh sé an mada ruadh. An Múineadh. Truagh do'n chuirptheach! Mo thruagh-sa an t-é go bhfuil san aige. Díolfaidh sé as an uair is lugha bhéidh cuinne aige. 3. An Giorfhiadh agus an Gealún. Do rug fiolar ar ghiorfhiadh. Bhí sé 'ghá mhille agus 'ghá chnáthadh. Bhí gealún ar sgairt ag féuchaint ortha. "Cá bhfuil do chosa?" arsan gealún. "Cad 'na thaobh ná ruithean tú uaidh? Dá mbéinn-se ad chás --." Ní raibh sé d'uain aige a thuille do rádh. Do sguab seabhac chum siúbhail é. "A!" arsan giorfhiadh, "is minic airígheas gur maith an t-iománaídhe an t-é a bhíon ar an gclaidh." An Múineadh. An t-é bhéidh ag faire ar ghnó an fhir thall tabharfaidh sé fail- lighe 'na ghnó féin. Ná tabhair cómhairle chómhgarach neamhchon- gantach uait nó tiocfaidh sí abhaile chúgat uair éigin.
4. An Fhuiseóg agus a h-Ál. Bhí fuiseóg agus nead aici i ngort. D'imthígheadh sí amach gach lá ag soláthar do'n ál bheag abhí sa nid aici. Lá d'á raibh sí amuich tháinig fear an ghuirt agus a mhac agus d'airig na h-éin bheaga ag caint iad. "Ar airíghis, a mhic ó," arsan fear, "tá an gort so aibig. Ní foláir é bhaint. Imthig agus bailig na cómharsain agus bídís anso agat ar maidin amárach go mbaineam é." Nuair tháinig an fhuiseóg abhaile d'inis na h-éin bheaga dhí cad dúbhairt an fear, "agus cad dhéanfam!" ar siad. "Marbhóchar sinn!" "Ní baoghal daoibh," ar sise. D'imthigh sí lá'r na mhárach ag soláthar mar an gcéadna. Tháinig an fear agus a mhac chum an arbhair do bhaint acht níor tháinig aon chómharsa, agus nuair ná táinig aon chongnamh níor dheineadar aon obair. D'fhanadar go h-eadartha ag feitheamh. Ansan dúbhairt an t-athair: - "Is beag an tairbhe bheith ag feiteamh leó so," ar seisean. "Imthigh ag triall ar ár ndaoíne muínteartha agus bídís anso agat ar maidin go mbaineam an pháirc seo." Tháinig an fhuiseóg abhaile agus d'inis na h-éin bheaga an chaint sin dí, agus sgeón ionta. "Glacaig bhúr suaimhneas," ar sise. "Ní'l baoghal orainn." D'imthigh sí airís ar maidin ag soláthar. Tháinig an fear agus a mhac, acht níor tháinig aon duine muínteartha. D'fhan an bheirt ag feitheamh go h-eadartha agus 'na dhiaigh. Ansan do labhair an t-athair. "Is amhlaidh mar atá an sgeul, a mhic ó," ar seisean, "caithfam féin an obair do dhéanamh. Dá dtosnuíghmís ar maidin indé bhéadh a fhormhór déanta againn um an dtaca so. Acht is fearr déanaighe 'ná ró dhéanaighe. Téanam abhaile anois go ragham a chodla i n-am agus béam anso ar eirghe laé ar maidin agus bainfam féin an gort." Tháinig an fhuiseóg abhaile. "Cad dúbhradh indiu?" ar sise. "Dúbhairt an fear," ar siad, "go mbéadh sé féin agus a mhac anso ar eirghe laé ar maidin agus go mbainfidís féin an gort." "Ambasa, a chlann ó," ar sise, "ní foláir dúinn bheith ag gluaiseacht. Bainfar an gort amárach." An Múineadh. An t-é bhéidh ag brath ar an bhfear thall chum a ghnótha dhéanamh, béidh an gnó gan déanamh aige.
5. An t-Asal agus an Bia. Bhí asal agus bhí ciseán ar a mhuin, agus bhí an ciseán lán de bhia mhaith, i gcóir na bhfear a bhí ag obair sa ghort ar an dtaobh thall de'n bhaile. Ag cur an bhóthair dé do'n asal, do chonaic sé feóchadán breágh glas borb i leith taoíbh an bhóthair, agus chrom sé ar é dh'ithe. Nuair a chuaidh blas cúmhrtha an fheóchadáin suas 'na chogansach do dhein sé a mhachtnamh mar seo. "Is greanmhar an sgéal é," ar seisean. "Is iomdha bhia fóghanta agam sa chiseán so thiar ar mo mhuin, agus is mór é dúil na bhfear ann. Acht am briathar go mb'fhearr liom féin an feócha- dán so 'ná é." An Múineadh. "Gach aoinne a's a mheón féin aige." "Beatha dhuine a thoil!" 6. Na Machtírí agus na Caoíre. Bhíodar na machtírí agus na caoíre abhfad i gcogadh le chéile. Fé dheire d'iaradar sos cómhraic ar a chéile le h-ionchas go ndéanfí síothcháin. Dob' éigean géill do thabhairt ó gach taobh go ndéanfí an sos comhraic do sheasamh. Dúbhradar na machtírí, na caoíre do thabhairt na ngadhar uatha, agus go tabharfidís féin a gcoileáin uatha. Do deineadh mar sin. Ar ball, nuair chonacadar na coileáin na caoíre 'na dtímpal agus gan tuairisg ar a máithreachaibh fein, chromadar ar ghlamuíol agus ar ghol go truaghmhéileach. D'airigh na máithreacha gol na gcoileán. "O!" ar siad, "táid na caoíre úd ag marbhadh ár gcoileán! Tá an sos cómhraic briste!" Agus siúd ameasg na gcaorach iad, 'ghá marbhadh agus 'ghá n-ithe, mar ní raibh aon ghadhar anois ag na caoíre bochta. An Múineadh. Glac cómhairle ód' namhaid - acht féuch nách cómhairle ar mhaithe leis féin í.
7. - An León agus na Cheithre Tairbh. Bhí cheithre tairbh ar ínse ag inníor. Bhí cion acu ar a chéile agus d'fhanadar coitchianta i n-aice a chéile. Bhí león ar charaig ag faire ortha agus mian mairtfheóla air. Bhí a fhios aige, dá dtugadh sé fé cheann acu do mharbhadh go gcuirfadh an chuid eile na h-adharca láithreach ann agus go marbhóchaidís é. Bhí sé i gcruadh-chás feuchaint cad ba mhaith dhó dhéanamh. Fé dheire do chuímhnig sé ar shligh 'na dtiocfadh sé ortha. Do ghluais sé ar measg na gcómharsan agus chrom sé ar uisge fé thalamh do dhéanamh ameasg na dtarbh. Dúbhairt sé i gcogar leis an mada ruadh gur airigh sé an tarbh ceanfhion 'ghá radh gur tharbh gan mhaith an tarbh druimfhion. Dúbhairt sé leis an meaig gur airigh sé an tarbh donn 'ghá rádh gur bhitheamhnach an tarbh ceanfhion. Dúbhairt sé leis an bhfiach ndubh gur airigh sé an tarbh dubh 'ghá rádh go raibh an tarbh donn ar tí an tairbh cheanfhinn do mharbhadh. Bá ghearr go raibh an mada ruadh ar an ínse, 'na shuíghe ar thúrtóig, agus an fiach dubh tamal uaidh anonn, ar ghéig fuinseóige agus iad 'ghá ínsint d'á chéile cad dúbhairt an león. Bhí an meaig ag imtheacht ó dhrom tairbh go drom tairbh eile agus é ag sgeath- aireacht. "Cad tá ag an mbeirt úd thall d'á rádh?" arsa tarbh de'n cheathrar, i gcogar, leis an meaig. Ba ghearr go raíbh an chogarnach go léir ínste dhóibh ag an meaig. D'inis sé an sgéal i gcogar do gach tarbh fé leith sa tímpal. As sain amach do tháinig droch iontaoíbh ag an gceathrar as a chéile. Chuireadar suas de labhairt le chéile acht go h-anamh agus go cosantach. I ndiaidh ar ndiaidh do dhruideadar ó chéile. Fé dheire d'imthígheadar a' radharc a chéile. Ansan do tháinig an león ortha, agus do mhairbh sé iad agus d'ith sé iad ar a shástacht, 'na gceann a's 'na gceann. An Múineadh. Ní neart go cur le chéile. Ní laige go sgaipe. "Tá duine ann is measa 'ná an t-áirseóir, fíor na Croise idir sinn a's é! 'Sé sin an tiúsgalóir." Éire i bpáirt - Éire ar lár.
8. Na Frogana a' lorg Rígh. Bhí loch breágh mór fairsing i lár machaire, agus é lán ó thaobh taobh d'fhroganaibh. Frogana breághtha sleamhne beathuighthe b'eadh iad. Bhí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid acu críona, cuid acu buídhe agus cuid acu crón. Acht beag agus mór dóibh, buídhe agus crón dóibh, óg agus críona dhóibh, ní raibh oiread agus aon fhrog amháin acu go raibh buairt ná brón ná easba sláinte air. Ní raibh de ghnó ná d'obair ná de chúram ortha, ó mhaidin go h-oídhche acht bheith ag snámh anonn 's anall tríd an uisge, nó ag caitheamh trí léim táiliúra de dhruim achéile, nó 'gá n-iomlosg féin sa ghlóthaig. Dar leó níor deineadh ceól síghe riamh ba bhreághtha 'ná an ceól a bhiodh acu agus iad ag crónán agus ag cnádán agus ag cneadaig, mór thímpal an locha. Do cluintí an dórd seacht n-acra ó'n loch, i dtreó, nuair bhíodh an mada ruadh nó an giorfhiadh ag teacht abhaile ó'n bhfiadhach go sta- daidís tamal ag éisteacht leis an bhfoghar mbreágh. Dá fheabhas a bhí an saoghal acu ní rabhdar sásta. Thuigeadar na n-aigne go raibh aon easnamh amháin ortha agus ná raibh maith ar bith i n-aon nídh d'á raibh acu muna leighisfí an t-easnamh san dóibh. B'é easnamh é sin 'ná iad do bheith gan rígh os a gcionn. "Is truagh," ar siad, "gan rígh uasal os ár gcionn, agus é 'na shuighe 'na chathaoír ríoga, agus a choróinn ríoga ar a cheann aige, agus é ag déanamh dlighthe agus riaghalta dhúinn!" Isé Iupiter do dhéineadh agus do bhriseadh ríghthe sa n-am san. Thiomáineadar teachtaireacht ag trial ar Iupiter 'ghá iaraidh air rígh thabhairt dóibh. "Imthigh," arsa Iupiter le n-a ghiolla, "agus tabhair rígh dhóibh siúd." "Cad é an rígh a thabharfad dóibh?" arsan giolla. "Déanfaidh sail mhaith mhór ghiúise a ngnó," arsa Iupiter. D'imthig an giolla agus d'aimsigh sé sail mhór ghiúise agus thug sé leis í agus chaith sé chúcha isteach í, i lár an locha. Nuair thuit an tsail sa loch do stealladh an t-uisge sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na froganaibh gur shádhadar iad féin d'aon tsádh amháin síos ins a' draoíbh a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs asta go ceann abhfad. Fé dheire, nuair nár airigheadar a thuille fothraim, do thóg frog acu a cheann agus d'fheuch sé suas. Bhí an tsail ansúd sínte ar bár uisge agus gan cor ná leid aici dá chur dí. Do ghlaoidh an frog san láithreach ar an gcuid eile. "Éiríg," ar seisean, "agus téanam go bhfeiceam an rígh!" D'eiríghdar, go maol agus go modhmhail ar dtúis. Thánadar go réidh i dtreó na saile. Do shnámhdar 'na tímpal agus fan a dhá taobh síos agus suas. Ansan do shnámhdar treasna fúithi anonn agus anall. Níor chuir sí cor dí, nídh nách iongna. Ba ghearr gur chuadar i ndánacht. Ba ghearr gur léim frog acu anáirde
uirthi. Ba ghearr go rabhdar anáirde uirthi 'na bhfichidibh. Níor chuir sise cor dí. "Ach!" ar siad, "ní'l sa rígh seo acht rígh gan mhaith!" Thiomáineadar teachtaireacht eile ag trial ar Iupiter 'ghá iaraidh air rígh do chur chúcha "go mbéadh gníomh ann." "Imthigh," arsa Iupiter le n-a ghiolla, "agus tabhair dóibh siúd rígh go mbéidh gníomh ann." D'imthigh an giolla agus thug sé leis athair nímhe, árachtaídhe do phéist mhór chraosach, agus chaith sé sa loch chúcha an phiast. Ní túisge thúirling an phiast sa lóch 'ná ghluais sí i ndiaigh na bhfrogana 'ghá n-ithe ar a díthchioll. Do liúghdar ar Iupiter an phiast do thógáilt uatha. "B'fhéidir," arsa Iupiter, "dá olcas é go dtiocfadh rígh ba mheasa 'ná é 'na dhiaigh chúghaibh." "A!" ar siad. "Is truagh chráidhte nár fhanamair mar bhí againn ar dtúis. Is maith is cuímhin linn a fheabhas a bhí an saoghal againn!" "An t-é ná béidh ciall aige béidh cuímhne aige," arsa Iupiter leó. 9. - An Mac agus a Mháthair. Bhí an mac ar sgoil agus ghoid sé leabhar ó sgoláire eile. Nuair tháinig sé abhaile agus an leabhar aige is amhlaidh a mhol an mháthair an gníomh a bhí déanta aige. Ba ghearr gur ghoid sé tuille agus má ghoid do mhol sí níos fearr é. Fé mar a neartuigh sé sa n-aois do chruaidh sé sa ghaduígheacht agus thug sé a lán neithe ba dhaoíre 'ná a chéile chum a mháthar. Fé dheire do rugadh air agus do daoradh chum a chrochta é. Bhí sé thuas ar an gcroich agus an teud fé n-a mhuineál. Bhí a mháthair 'na seasamh ag bun na croiche agus í ag gol. D'iar sé ar an lucht coimeádta leigint dó focal do labhairt léi. Do leigeadh anáirde í. Do chrom sé a cheann chum a cluaise mar bhéadh sé chum cogair a thabhairt dí. I n-a inead san is amhlaidh a rug sé ar chluais uirthi le n-a fhiacalaibh. Do bhain sé an chluas ó'n gceann dí! Do sgread a raibh láithreach le grain ar a leithéid de ghníomh ag mac d'á dheanamh ar a mháthair agus é ag dul chum báis. "Stadaig, a dhaoíne maithe," ar seisean. "Cé is dóich libh a thug chum na croiche seo mise?" ar seisean. "Sin+í ansan í," ar seisean. "Dá ngabhadh sí orm go maith le slait an lá a ghuideas an leabhar ní ghuidfinn a thuille agus ní bhéinn anso anois." An Múineadh. Tosach an uilc isé is usa do chosg. "Nuair chruadhan an tslat is deacair í shníomh." "Ní bhíon an rath acht mar a mbíon an smacht."
AESOP a tháinig go h-Éirinn. Cuid II. 10. An Mada Ruadh sa Tobar. Thuit mada ruadh síos i dtobar lá. Bhí an tobar ró dhoimhinn agus na fallaídhe 'n-a thímpal ró shleamhain agus do theip air teacht ainíos. B'é a dhíthchioll é féin do choimeád gan dul fé uisge. Thárla do mhachtíre bheith ag ghabháil thar an dtobar. D' airigh sé an rud ag coruíghe thíos ins a' tobar. D'fheuch sé síos. "Ó! a Reinaird an chroídhe 'stig!" ar seisean, "cad d'imthig ort, nó conus a chuais ansan síos! Ó! Ó! Ó! Mo thruagh thu, a fhir bhocht! Go deimhin féin agus go dearbhtha is oth liom go mór a leithéid de mhatalang do thuitim amach duit. Ó! go deimhin agus go dearbhtha is fada nár tháinig aon nídh crosda orm is mó chuir de chathúghadh orm 'ná tu fheicsint i n-a leithéid de chás." Chómh luath agus fuair an mada ruadh caoí ar fhocal do labhairt do labhair sé. "Is maith an rud truagh bheith agat do dhuine, gan amhras, acht dá ndéintá iaracht éigin ar mé tharang amach as an áit seo," ar seisean, "ba dhóich liom gur thairbhíghe é 'ná a bhfuil de chaint agat." An Múineadh. "Ní chothuíghid na bréithre na bráithre." 11. - An t-Athair Nímhe agus an Portán. Do thárla portán agus athair nímhe i n-aontígheas. Bhí an portán macánta díreach 'na mheón agus 'na chroídhe. Níor mhar sin do'n athair nímhe. Bhí sé 'na lúbaire cham chealgach. Níor thaithn an lúbaireacht agus an camastuíol leis an bportán. Thug sé cómhairle a leasa go minic do'n athair nímhe acht ní raibh aon mhaith dhó ann. Bhí an cam agus an cheilg sa n-athair nímhe do réir dúthchais agus ní chuirfadh an saoghal fhiachaibh air iad do
chaitheamh uaidh. Fé dheire tháinig eagla ar an bportán roimis. Tháinig droch amhras aige air, agus droch iontaoibh aige as. "Marbhóchaidh sé mé oídhche eigin agus mé am chodla!" ar seisean. "Tá sé chómh maith agam tusach do bheith agam air," ar seisean. Do mhairbh sé an t-athair nímhe an oidhche sin. Nuair a bhí an t-athair nímhe marbh do bhí sé sínte amach, chómh díreach le riaghail, ar an úrlár, agus gan cor ná lúb anonn ná anall ann. D'fheuch an portán air ar feadh tamail. Fé dheire dubhairt sé, as a mhachtnamh, - "Dá mbéadh do bheó chómh díreach le d' mharbh ba shiaide do shaoghal é." An Múineadh. An rógaire is caime déinean an bás fear díreach dé. "Seachain gleacaídhe milis sleamhain." Ná déin caidreamh le feall nó déanfar an feall ort. "Is mairg a bhíon thíos ar an gcéad bheárnain." 12. - An Sealgaire agus an Colúr. Chuaidh sealgaire amach lá ag sealgaireacht. Chonaic sé colúr ar chrann. Chuir sé saighead fé shraíng a bhogha. Do leig sé é féin ar a leath ghlúin chum an urchair do chaitheamh. Díreach le línn é bheith chum an urchair do chaitheamh, agus a ghlúin ag teacht chum tailimh, do chuir sé órdóg a choise deise ar athair nímhe a bhí 'na luíghe sa bhféar laistiar dé. Do rug an t-athair nímhe ar sháil air. Do léim sé suas gan an t-urchar do chaitheamh agus do chuaidh an t-eun saor. Do ghluais an nímh ó fhiacal na péiste tríd an sáil agus tríd an gcois agus tríd an gcolainn ar fad, agus ba ghearr go raibh an duine i n-uadhacht bháis. "Á!" ar seisean. "Tháinig an t-olc tímpal. An bás a cheapas do'n eun isé is trúig bháis dom féin!" An Múineadh. An t-é dheinean an t-olc is air a bhíon iarsma an uilc, .i. an peacadh. Ní túisge thugan an duine toil do'n pheacadh 'ná shatlan sé ar athair nímhe. Cuirean an peacadh fiacal nímhe ann agus gabhan an nimh sin tré n-a chroídhe agus tré n-a anam. Téidhan an t-éun saor, ámh. Ní théidhan an peacadh thar an t-é dheinean an t-olc. An t-é fhuilgean an t-olc ní bhíon aon smól de'n pheacadh air.
13. - An Fear agus a Chlann Mhac. Bhí fear ann, agus bhí ainim airgid air, agus bhí sé ag dul chum báis. Ní fheidir aoinne dh'á chlaínn cá raibh an t-airgead i bhfolach aige, agus bhí eagla ortha go bhfaghadh sé bás gan an áit d'ínsint d'aoinne agus go mbeidís i n-éaghmais an airgid. Tar éis machtnaimh agus cómhairle dhóibh, isé cheapadar gur bh' fhearr a fhiafraíghe dhé cá raibh sé i bhfolach. Níor thug sé freagra ortha go ceann abhfad. Chuireadar an cheist chuige airís agus airís eile. Fé dheire dúbhairt sé, "Tá sé curtha troig goileith i dtalamh, sa pháirc sin amuich." Níor fhéadadar a thuille eóluis d'fhághail uaidh. Fuair sé bás agus do cuireadh é. Siúd ag lorg an airgid iadsan. Do theip ortha a dhéanamh amach sa pháirc, áit ba dhóichíghe 'ná a chéile chum an airgid do bheith ann. Dhéineadar poll thall agus poll abhfus, fé mar cheapadar go mb' fhéidir go bhfaighdís é, acht ní bhfuaradar a thuairisg. Fé dheire thánadar i dtusach na páirce agus do rómhradar thórsa an uile órlach di, troig go leith ar doimhneas. Ní bhfuar- adar an t-airgead. Ní raibh sé ann chuige. "Cad a dhéanfam anois?" arsa duine acu. "Cuirimís arbhar sa pháirc," arsa duine eile, "agus bíodh rud éigin againn de bhár ár saothair." Do deineadh san, agus an bara arbhair a bhí ar an bpáirc sin sa bhfoghmhar a bhí chúgainn do baineadh é agus do buaileadh é agus cuireadh d'á dhíol é, agus do dhein sé níos mó airgid 'ná mar cheapadar a bhí i bhfolach agá n-athair ó thusach. Thugadar an saothrúghadh céadna ar dhá pháirc i gcóir na h-athbhliaghna, agus dhéineadar a dhá oiread airgid, agus mar sin dóibh go dtí go rabhdar neamhspleághach go maith. An Múineadh. Nuair a bhéir ag dul chum báis fág agad' chlainn cómhairle a leasa agus fonn na cómhairle sin do dhéanamh ortha. Is ádhbhar- aíghe dhóibh san 'ná airgead mór. 14. - An t-Aodhre agus an Fharge. Bhí aodhre ag aodhreacht i n-aice na farge lá breágh samhraidh. Bhí an t-uisge go sámh agus an ghrian ag taithneamh anuas air. Bhí long tamal amach ar an uisge, agus a seólta breaghtha geala uirthi. Bhí an t-aodhre ag feuchaint ar an uisge agus ar an loíng, agus é ag machtnamh. Dúbhairt sé leis féin, as a mhachtnamh: "Imtheóchad," ar seisean, "agus díolfad na caoíre seo agus ceanóchad raint meala agus cuirfad ar bórd loinge í agus
béarfad liom anonn tar farge í, agus díolfad í thall ar a dhá oiread agus chosnóchaidh sí anso. Ansan is gearr go mbeidh airgead mo dhóithin agam, oiread agus ná béadh go deó agam de bhár na gcaorach so." Do dhéin sé mar sin. Ní raibh sé acht lá nó dhó ar an bhfarge nuair 'eirig stoirm agus bhí an long i rochtaibh a báithte. Chum na loinge do choimeád ar bár uisge b' éigean do'n fhuirean loinge gach a raibh d'ualach acu do chaitheamh amach fé'n bpoll. Do caitheadh an mhil amach i dteanta na cod' eile. Tháinig an long saor. D'iompuig an t-aodhre airís ar an aodhreacht. Dob fhada go raibh tréad maith caorach airís aige, acht do ráinig go raibh i gcionn aimsire. Do thárla mar an gcéadna go raibh sé lá breágh eile samhraidh ag aodhreacht i n- aice na farge. Má ba bhreágh fheuch sí an chéad uair ba dhá bhreághtha 'ná san fheuch sí an dara h-uair. D'fheuch sé uirthi go dlúth ar feadh tamail. Ansan do labhair sé. "Tuigim thú!" ar seisean. "Tuille meala atá uait!" An Múineadh. "Breithnigh an abha sul a dtéidhir 'na cuilith." 15. - An Machtíre i gCroicean na Caorach. Chuir machtíre croicean caorach uime, agus d' imthig sé ameasg na gcaorach, agus bhíodh sé 'ghá marbhadh agus 'ghá n-ithe a gan fhios. Fé dheire thug an t-aodhre fé ndeara é. Ní túisge thug 'ná rug sé air agus chuir sé téad fé n-a mhuineál agus chroch sé a' géig craínn é. Tháinig na h-aodhrí eile agus chonacadar, dar leó, an chaora ar crochadh. "Aililiú!" ar siad, "Cad dob áil leat ag crochadh na gcaorach?" "Ní caora atá ann," ar seisean. Agus do bhain sé croicean na caorach de cheann an mhachtíre. "Siné agaibh é!" ar seisean. "An bitheamhnach!" An Múineadh. "Ná tabhair do bhreith ar an gcéad sgéal go mbeiridh an dara sgéal ort." B'fhéidir go mbéadh croicean caorach ar rud agus nár chaora é 'na thaobh san. Sul a dtugair do bhreith feuch laistig de'n chroicean.
16. - An Machtíre agus an t-Uan agus an Gabhar. Tháinig machtíre lá ar gabhar, agus uan 'ghá deól. "Tá dear- mhad ort, a uainín," arsan machtíre. "Ní h-é an gabhar san do mháthair. Siní thall í, feuch, a+measg na gcaorach." "Ní fheadar, i ndomhnach!" arsan t-uan. "B'fhéidir gur bh' iúd í thall mo mháthair, acht ní h-í thóg mé. Ní h-í chothuig mé. Sidí anso an mháthair do choimeád am bheathaidh mé agus is dí a leanfad anois." An Múineadh. Má fhágan tú do leanbh le h-oileamhaint ag duine iasachta ní bheidh agat ar ball acht leanbh iasachta. 17. - An Luch Tuatha agus Luch an Bhaile Mhóir. Thug luch na tuatha cuireadh chum féasta do luch an bhaile mhóir oídhche. Bhí sean aithne acu ar a chéile. Chuir luch na tuatha os cómhair a charaid sódhluistí móra, dar leis. Bhí blúire de bhrioscóid aige a déineadh de'n phlúr ba mhíne agus ba ghile; blúire de shean bhagún; gráinne mine coirce a bhí go cúmhrtha agus go deighbhlasta; blúire nua-cháise; agus smut d'abhal dheas, aibig, mhilis. Níor ith sé féin aon phioc de'n bhia le h-eagla ná béadh a ndóithin araon ann. Acht chum a leigint air go raibh sé ag ithe d'aimsigh sé dias cruithneachtan agus bhí sé 'ghá piocadh. Ní raibh i luch na tuatha acht cábóigín. Duine uasal dob eadh luch na cathrach. Agus do labhair sé. "Feuch!" ar seisean, "a dhuine mhuínteartha, ná tóg orm é má dhéinim dánaídheacht ort. Measaim gur mór go léir an díth céille dhuit bheith ag caitheamh do shaoghail sa n-áit seo, gan d'inead cómhnuighthe agat acht poillín cúmhang uaigneach, gan ad thímpal acht móinteáin agus cnuic agus srutháin, gan de chómhluadar agat acht bheith ag éisteacht le guth na n-eun. Ba dhóich liom gur bh'fhearr tig breágh mór sa chathair mar a mbeidhfá ag éisteacht le cómhrádh uasal, agus mar a bhfeicfá uaisleacht agus órnáid agus breághthacht an tsaoghail. Téanam ort, a dhuine, láithreach bonn! M'fhocal duit ná beidh cathúghadh 'na thaobh ort. Cad é an tairbhe do dhuine a shaoghal muna mbeidh sult nó sásamh nó aoíbhneas éigin aige as! Ní foláir do bheirt againn a admháil go bhfuil stráice maith d'ár saoghal caithte againn. Táimíd anso indiu. Ní fios cá mbeidhmíd amárach. Bíodh pléisiúr an tsaoghail againn an fhaid atá an chaoi againn air. Téanam ort!" D'imthighdar. D'éaluíghdar isteach sa chathair le doircheacht na h-oidhche. Bhí eólus na slíghe go maith ag luch na cathrach. Chuadar isteach i dtig mhór bhreágh chumasach. Thárla go raibh
dínnéar mór agus cuideachta uasal sa tig i dtusach na h-oidhche. Bhí bia briste ar an úrlár, oiread agus ná h-íosfad fiche luch. Do cuireadh an luch tuatha ar lár an úrláir, ar bhrat úrláir gur dhóich le duine gur mhór an peacadh seasamh air. Do cuireadh os a chómhair sódhluistí nár shódhluistí go dtí iad, bia uasal buacach nár bhlais sé a leithéid riamh agus nách lúgha 'ná mheas sé go raibh a leithéid déanta. Isé a bhí ar a shástacht. "Nách truagh," ar seisean i n-a aigne féin, "ná tánag anso fadó!" Is ar éigin a bhí an machtnamh san déanta aige nuair a h- osgladh an dorus agus tháinig daoíne isteach. Do sgiúrd na luchaig anonn 's anall fé'n dtriosgán. Bhí i n-aonfheacht leis na daoíne piarda de ghadhar mhór mhichuíbhsach, maistín grána colgach agus é ag léimrig ar fuaid an úrláir, agus go gcrithidís fallaí an tíghe le gach olbhúir de ghlam d'á gcuireadh sé as. Bhí an luch bocht iasachta i dteanta. Do stadadh a anál, agus ba bheag ná go dtuiteadh an t-anam as, i n-aghaidh gach ulfairte d'á gcuireadh an gadhar mór as. I gcionn tamail d'imthig na daoíne amach agus d'imthigh an gadhar mór i n-aonfheacht leo, agus do dúnadh an dorus. Ansan do labhair luch na tuatha le n-a charaid. "Má sé seo saoghal atá agatsa anso," ar seisean, "ní beag liomsa dhé!" D'éaluigh sé amach agus d'éaluigh sé abhaile, agus ba mhaith an t-é fhéadfadh é mhealladh i dtreó na cathrach airís. Nuair bhuail- idís na luchaig a bhí sa chómharsanacht uime ó am go h-am agus nuair fhiafraighdís dé cad é an saghas áite an baile mór ní fhéadaidís a fhághail as choídhche acht - "Ní cathair mar a thuairisg é!" An Múineadh. Seachain aér an tsaoghail. Seachain an uaisleacht nár thaithíghis. "Ní cathair mar a tuairisg í." "Is buan fear 'n-a dhúthaigh." 18. - An Fhiolar agus an Mada Ruadh. Bhí fiolar ag soláthar d'á h-ál maidion. Do chonaic sí ag bruach pluaise, 'ghá ghrianadh féin, coileán an mhada ruaidh. Do thúirling sí air agus do sgiob sí chum siubhail é 'n-a dhá crobh. Chonaic máthair an choileáin í ag imtheacht agus an coileán aici. "Ó!" ar sise, "ar ghrádh th'oinig, a eun uasal, ná beir uaim mo choileán breágh beathuighthe ruadh, agus gan agam acht é!" Níor thug an fhiolar aon toradh uirthi. Bhí daoíne i gcómhgar na h-áite agus altóir déanta acu, agus bhí teine acu ar an altóir chum ídhbirte. D'imthig an mada ruadh agus do sgiob sí de'n altóir
smailín adhmaid agus é ar lasadh, agus siúd anonn í go dtí an crann daraighe 'na raibh nead an fhiolair thuas ann. Bhí cruinniú- ghadh mór de dhuileabhar fheóchta agus do bhrosna agus de chipineach ag bun an chrainn. Nuair chonaic an fhiolar an mada ruadh ag teacht agus an teine aici, tháinig sgannradh uirthi sul a loisgfí a nead agus a h-ál. "Ó! stad, stad," ar sise. "Gheabhair do choileán." Thug sí léi anuas an coileán láithreach agus chuir sí uaithi é, slán foláin, ag bruach na pluaise, mar a bhfuair sí é. An Múineadh. Ná déin an éugcóir. Dá shuaraíghe é an t-é go ndéanfair an éugcóir agus an lámhláidir air, beidh sé suas leat ar chuma éigin, luath nó mall, agus ní tu is fearr a thiocfaidh as. 19. - An Frog agus an Luch. Bhí imreasán mór tráth idir an bhfrog agus an luch, feuchaint ciacu go mbéadh an túrtóg aige. Bhí an frog ró láidir do'n luich agus is minic a thagadh sé uirthi de léim agus do dtugadh sé folthachtadh dhí. Acht bhí an luichín glic aicillighe, agus is minic a thagadh sí laistiar de'n bhfrog agus ná h-airígheadh sé í go mbaineadh sí droch mhiotóg as, a chuireadh ag sgreadaig é. Fé dheire cheapadar lá chum an sgéil do throid amach ar ghálaibh aonair. Tháinig an dá ghaisgídheach ar an láthair catha agus isé arm a bhí ag gach gaisgídheach acu 'ná brobh maith láidir luachra agus bior air. Do throideadar go calma crógha ar feadh tamail agus ba mhaith chuige iad. Acht le méid a bhfuath d'á chéile agus le méid a ngúbha do'n chómhrac níor thugadar fé ndeara an seabhac. Acht do chonaic seisean iadsan. Do shleamhnuig sé anuas ortha agus do sguab sé chum siúbhail iad, an luch i gcrobh leis agus an frog sa chrobh eile. An Múineadh. Cogadh carad caoí namhad. "Ní bhíon an rath acht mar a mbíon an smacht." An chéad smacht 'na achéile smacht ar dhuine féin. An mhuíntir ná cuirfidh smacht ar a mioscais féin, ní bheidh choídhche acht ag bruighean agus ag clampar agus ag troid, ag ithe a chéile agus ag stoladh a chéile, agus na cómharsain ag magadh fútha, go dtí fé dheire go dtagan a namhaid aicionta agus go gcuirean sé a mhalairt de chúram ortha. Is usa do dhuine é féin 'ghá smachtúghadh féin 'ná a namhaid 'ghá smachtúghadh.
AESOP a tháinig go h-Éirinn. Cuid III. 20. An Dá Fhrog. Bhí dhá fhrog 'na gcómhnuighe i lochán ar feadh abhfad. Tháinig samhradh tirm agus thiormuig an lochán agus b'éigean do'n bheirt gluaiseacht ag lorg inid' cómhnuighthe. Thánadar go dtí tobar. Bhí sé doimhinn acht bhí uisge breágh ionfhuar thíos ann. "Léimimís síos," arsa frog díobh. "Táim dhom losgadh le tart." "Stad," arsan frog eile. "Dá mbeimís thíos agus go ráineóchadh an tobar so do dhul i ndísg fé mar chuaidh ár lochán, conus thiocfimís ainíos?" An Múineadh. "Breithnig an abha sul a dtéidhir 'na cuilith." Ná h-éirig isteach go mbeidh a fhios agat conus thiocfir amach, le h-eagla go bhfanfá istig. 21. - An León, an Beithir, a's an Mada Ruadh. Do mhairbh fiagaídhe eilit óg. Tháinig león agus beithir i n- aonfheacht ar an eilit agus do theith an fiagaídhe. Cheap an león an fheóil do bheith aige. Cheap an beithir í bheith aige féin. D' iompuighdar ar a chéile agus throideadar go fíochmhar. Throidea- dar go rabhdar tnáithte. I ndeire an chatha bhíodar sínte agus gan ionta coruíghe, agus an eilit mharbh eatartha. Ansan do tháinig an mada ruadh agus d'árduig sé leis an fheóil os cómhair a súl agus gan ionta oiread agus drantúghadh chuige. "Is truagh nár roinneamair an fheóil!" ar siad. An Múineadh. "Díng de'n liobhán a sgoilean í féin." "Lámh-láidir agus lámh-láidir eile: - Eatartha féin is fearr é." "Nuair throidid na fathaig is rígh an t-abhac."
22. - Geallamhna an Fhir Bhreóite. Bhí fear ann agus bhí sé ar a leabaidh agus taom trom breóiteachta air. Gheall sé d'Apolo agus d'Aesculapius go ndéanfadh sé ídhbirt míle damh chúcha acht é leigheas. Bhí a bhean ag éisteacht leis. "A dhuine a chroídhe 'stig!" ar sise, "cá bhfaghfása míle damh le h-idhbirt!" "Éist do bheul, a bhean gan chiall," ar seisean. "An amhlaidh a mheasan tú ná fuil aon chúram eile ar dhéithibh acht bheith ag teacht ag éileamh fiach ar mo leithéidse de bhochtán!" Do leighseadh é ámh. Nuair a bhí a shláinte aige d'imthig sé agus d'aimsig sé raint márla buídhe agus d'fhliuch sé é, agus dhéin sé mairtaol de. Ansan do chúm sé as an mairtaol míle damh beag deas bréige. Do thiormuig sé iad agus do ghlan sé iad agus chuir sé ar altóir iad agus d'ídhbir sé iad chum na ndéithe úd. Níor bh' fhada gur dhíol an fear bocht as an gcleas san. Déineadh taibhreamh dó. Do taisbeánadh dó go raibh próca óir i bhfolach ar bruach na farge i n-a leitheid siúd de chúinne, agus do taisbeánadh an cúinne dhó. D'imthig sé sa n-oídhche ag lorg an óir. An fhaid a bhí sé ag taíde ar an ór tháinig fomaraig isteach ó'n bhfarge agus do rugadar air agus chuireadar ar bórd na loinge é, 'ghá bhreith leó. Do gheall sé láithreach deich míle púnt dóibh acht é leigint uatha. Gháireadar. "Dá ngeallthá beagán," ar siad, "b'fhéidir go gcreidfí thu." Do rugadar leó é agus dhíoladar é 'na sclábhach. An Múineadh. Tá daoíne ann agus nuair bhíon teinneas nó trioblóid ortha ba dhóich leat ortha go dtabharfidís an saoghal mór do Dhia na glóire, moladh go deó leis! Ansan, nuair castar sláinte ortha agus bhíon an saoghal ar a dtoil acu, níor dhóich leat ortha aon Dia bheith i n-aon chor ann. Is olc an chrích a bheirean a leithéidí, ámh. Is i ndiaig an tsaidhbhris a bhíd go dtí go dtagan an fomarach, .i. an t-áirseóir, ortha agus go mbeirean sé chum siúbhail leis iad. 23. - An Capal agus an t-Asal. Bhí capal uasal uaibhreach óg, agus eire catha air, agus é ag gluaiseacht fé dhéin an chatha. Bhí ialait ghreanta air agus srian bhreágh go raibh béalbhach airgid inti. Bhí sé óg láidir cuthaig. Bhí gal as a shróin, agus bhí cúbhar geal le n-a chorán. Do thárla, roimis amach ag gabháil an bóthar céadna, asal bocht agus é tuir- seach agus ualach trom air.
"Fág an tslígh uaim nó geabhad de chosaibh ionat, a rud gan mhaith!" arsan capal, agus ba bhorb é a ghlór. Do dhruid an t-asal i leith taoibh agus do ghluais an capal cogaidh thairis amach ar cos anáirde agus teine chreasa aige d'á bhaint as na clochaibh. Chuaidh sé sa chath. Níor mharbhadh ann é acht do baineadh an tsúil as. Nuair bhí sé ar leath-shúil ní raibh a thuille maitheasa ann chum cogaidh. Do díoladh le tíncéir é. Níor cuireadh an ialait ghreanta ná an tsrian bhreágh a thuille air. Do cuireadh ar chapal éigin eile iad. Do chuir an tíncéir sean shrathar fhada air, agus chuir sé sean cheannrach cnáibe air, agus níor thug sé leath a dhóthana le n-ithe dhó. Ba ghearr go raibh an mhórtais agus an mhórdháil agus an mhórchúis agus an teasbach bainte i gceart dé. Ba ghearr go raibh moíng ghiobalach air, agus glúine briste aige agus cromán árd agus asna lom agus muinéal sgrogach. Bhí sé fiona-chas féithleach trochailte, agus earbal sgáinte air. Sa riocht san dó, bhí sé ag dul ar aonach agus ualach giúirléidí air, agus do bhuail an t-asal céadna úd uime. "Seadh!" arsan t-asal, "an tusa san? Ní dóich liom gur baoghal d' aoinne go ngeabhair de chosaibh ann indiu, munab ionan agus an lá úd!" An Múineadh. "Is mairg a labhran go teann!" Is olc é an t-eirghe anáirde. Nuair bhíon sé suas ní bhíon uraim dó. Nuair bhíon sé síos ní bhíon truagh dhó. Chonách air é! "Go réidh! a bhean na dtrí mbó." 24. - An Cromán agus na Colúra. Cromán a bhí ar feadh abhfad ag imtheacht anonn 's anall agus mórthímpal sa n-aér, os cionn tíghe na gcolúr, agus gidh gur mhinic a bhí foghadh santach aige dh'á thabhairt fé cheann acu, bhíodar ró chliste dhó agus do theip air breith ar aon cheann acu. Fé dheire do chuímhnigh sé ar sheift. Tháinig sé agus do labhair sé leó. "A cholúra," ar seisean, "is eagal liom go bhfuil droch iontaíbh éigin agaibh asamsa. Má's fíor é is mór an dearmhad atá oraibh. Ní'l uaimse acht an tairbhe is mó fhéadfainn, do dhéanamh daoíbh. Ní'l am baint de'n tsaoghal acht gan coimeád agus cosnamh feidhmeamhail do bheith ar chóir agus ar cheart bhúr sínsear agaibh. Dá mb' áil libh rígh dhéanamh díomsa agus mé ghlacadh i nbhúr measg níor ghádh dhaoíbh choídhche eagla namhad istig ná amuich do bheith oraibh. Dá dtigheadh fiolar nó seabhac, faolchú
nó mada ruadh, áracht aeir nó olphiast talmhan, ag cur isteach oraibh, mise do throidfadh iad, agus d'imreóchadh bás le gob a's le h-ingnibh ortha, nó thabharfadh a leithéid sin de sgeimhle agus d' anfa dhoibh, 'ghá ruagadh agus 'ghá ndíbirt, nár bhaoghal go bhfíll- fidís." Thuigeadar na colúra gur bhreágh go léir an sgéal dóibh rígh de'n tsórd san do bheith os a gcionn agus gur acu bhéadh an saoghal sámh fé n-a chumas agus fé n-a chosnamh agus ar a sgáth. Ghlacadar 'n-a rígh os a gcionn é. B'éigean dó a dhearbhúgh- adh go daingion go mbeadh sé 'n-a rígh chóir chothrom ortha, agus dhearbhuígheadar-san bheith dílis dúrthachtach dó-san. Ba ghearr go bhfeacadar nídh a chuir iongna ortha. Os a gcómhair amach, gan blúire iongna 'na thaobh air, do rug sé ar cholúr acu agus do mhairbh agus d'ith! D'fheuchadar ar a chéile agus d'fheuchadar air-sean. Níor chuir sé suím ar bith ionta. Ar ball dúbhairt sé go neamhthuairimeach, ná raibh ann acht a dhualgas rígh dhó, colúr do mharbhadh anois agus airís nuair bhéadh mian feóla air. Chuir sé 'na luighe ar a chlainn gur sroich an dualgas céadna iadsan. Ansan iseadh thuigeadar na colúra gur dheineadar dearmhad. Acht bhí sé fuar acu bheith 'ghá thuigsint an uair sin. Níor thuigeadar i n-am é. An Múineadh. Ná glac duine choídhche ar a thuairisg féin. "Ní h-aitheantas go h-aontígheas." 25.- Iupiter agus an Bheach. Thug beach tabharthas do Iupiter, .i. raint meala 'na criathar. Bhí sé chómh buidheach san di go ndúbhairt sé léi a rogha aisce d' iaraidh air agus go raibh sé le fághail aici. D'iar sí air, an t-é go gcuirfadh sí cealg ann go mba thrúig bháis dó é. Ba dheacair leis-sin an aisce sin do thabhairt do phéistín chómh mioscaiseach, gan cosg éigin do chur léi ann. "Tá do mhian agat," ar seisean, "acht seachain! Beidh sé 'na thrúig bháis agat féin leis, mar fágfair an chealg." An Múineadh. Is olc í an mhioscais. Ar nós na ceilge agus na beiche, is pian í do'n t-é ar a n-imeartar í agus is bás í do'n t-é imrean í; .i. bás an pheacadh mhairbh. "Tighean an bhréag tímpal." Fillean an mhailís sa chúl uirthi féin. An fhaid a chruinníghean an bheach mil bíon an rath uirthi. Ní túisge thiomáinean sí an chealg 'ná 'tá deire léi.
26. An Ghráinneóg agus na h-Aithreacha Nímhe. Tháinig an ghráinneóg go dorus pluaise na n-aithreach nímhe oídhche sheaca, agus d'iar sí bheith istigh ortha. Do leigeadar isteach í ó bhí an oídhche chómh fuar. Shocruig sí í fein ar lár an úrláir agus dhein sí liarthóid dí fein, agus shín sí na deilgne amach mór-thímpal uirthi féin, i dtreó ná féadfadh aoinne dul na goire. Ní fhéadadh athair nímhe gabháil tháirse, síos ná suas, ná prioctí é. "Feuch!" ar siad, "tá an phluais seo beag ár ndóithin againne féin. Ní foláir duitse bheith ag imtheacht." "Ambasa," ar sise, " "an t-é leis gur cúmhang fágadh!" Ní'l aon locht agamsa ar an áit seo." An Múineadh. "Ní h-aitheantas go h-aontígheas." Cheap na h-aithreacha nímhe ná bhéadh aon bhac ortha an ghráinneóg do chur amach pé uair ba mhaith leo é, nó fiacal nímhe do chur inti. Níor chuímhnígheadar riamh ar na deilgníbh. 27. An Sean Phoc agus an Laogh. Bhí sean phoc ann agus bhí sé amach i mbliaghanta na tuigsiona go maith, acht ba "ag dul i n-aoís ag dul i n-olcas" dó. Fé dheire bhí sé iompuighthe amach chómh goirgeach san ná féadadh sé stad gan bheith coitchianta ag spriúchadh agus ag adharcáil agus ag búirthig, i dtreó go raibh an tréad go léir cráidhte ciapaithe aige. Bhí laogh óg ag féuchaint air lá agus ag éisteacht leis. Do dhein sí air suas agus do labhair sí leis. "Féuch!" ar sise, "a leithéid seo. Táir-se ana láidir, ana bhuacach ar fad. Táir teasaídhe, nímhneach, fióchmhar feargach. Bíon sgannradh orainn go léir rómhat. Acht ní túisge chloistear glam gadhar nó géim adhairce 'ná siúd ar teithe thu an fhaid bhíon sé ad chosaibh." "A 'ngín ó," ar seisean, "is fíor do chaint agus ní'l am mhilleadh acht nách féidir liom féin an nídh sin do thuigsint. Tá neart agus misneach ionam, agus is minic a cheapaim am aigne aghaidh do thabhairt ar an gcéad thóir eile agus idir ghadhair agus daoíne do mharbhadh. Measaim an uair sin go marbhóchainn a bhfuil de ghadharaibh i n-Éirinn, bíon a leithéid sin de chródhacht agus de mhisneach croídhe ionam. Acht nuair thagan an tóir ní fhanan a chuímhne sin agam. Gluaisid mo chosa uatha féin, ba dhóich leat, agus sguabaid siad chum siúbhail mé i dtreó go mbíon iongna orm cá dtagan an fuinneamh go léir ionta."
An Múineadh. "Is treise dúchas 'ná oileamhaint." "Brisean an dúchas tré shúilibh an chait." "An fhaid a mhairfir féin iseadh mhairfidh do bhéas." "Mar a mhairis riamh iseadh mhairfá choídhche Ó thúis an chluiche go deire na sgríbe." (An Peacach agus an Bás). 28. - An León agus an Machtíre agus an Mada Ruadh. Bhí an león ag dul i n-aoís, agus bhí sé gan bheith ar fóghnamh. Tháinig na beithígh go léir go h-úmhal 'ghá fhéuchaint acht amháin an mada ruadh. "Ní fheadar cad 'tá ag coimeád an mhada ruaidh," arsa'n león. "Tá a fhios agamsa cad 'tá 'ghá choimeád," arsa'n machtíre. "Ceapan sé nách baoghal dó feasda tú, agus ní fhéadfadh sé gan a dhroch iompur do thaisbeáint." Bhí an mada ruadh amuich ag éisteacht leis an gcaint. Do phreab sé isteach láithreach. "A rígh onóraig!" ar seisean, "gabh mo leathsgéal! Bheinn anso fadó riamh acht tá an dúthaig siúbhalta agam ag lorg leighis do t'onóir, agus tá an leigheas agam, le toil t'onóra." "Is maith é sin! Is maith é sin!" arsa'n león. "Cad é an leigheas é? Inis é. Inis é." "Tá," arsa'n mada ruadh, "an croicean do bhaint beó de mhachtíre agus é fhilleadh teith ar do cheann." Bhí an machtíre ag éisteacht leis. Do rugadh air agus baineadh an croicean dé beó. An Múineadh. "Díng de'n liobhán a sgoilean í féin." 29. - An Mada Ruadh agus an Machtíre. Bhailig machtíre stór mór i bpluais, agus ansan cheap sé fanamhaint sa phluais ar a shástacht an fhaid a leanfadh an lón. D'airig an mada ruadh an sgéal. Tháinig sé chum na pluaise.
Bhí an dorus dúnta. Ghlaoidh sé. "Ó! imthigh leat féin," arsa 'n machtíre. "Táim gan bheith ar fóghnamh." "Tuigim!" arsa 'n mada ruadh. "Doicheal atá air. Acht béadsa suas leis." D'imthigh sé agus do sgéidh sé ar an machtíre. D'inis sé do'n aodhre go raibh droch bheithídheach éigin sa phluais. Tháinig an t-aodhre agus píce aige agus mhairbh sé an machtíre. Ansan do chuaidh an mada ruadh chum cómhnuighthe sa phluais agus bhí soláthar an mhachtíre aige agus bhí sé ar a shástacht. Ní ró fhada a bhí. Ba ghearr gur tháinig an t-aodhre céadna chum na pluaise airís, féuchaint an raibh aon mhachtíre eile ann. D'fhéuch sé isteach. Chonaic sé an rud beó istig agus ní túisge chónaic 'ná sháidh sé an píce ann, agus do mhairbh sé an mada ruadh. Sin mar imthig ar an mada ruadh de bhár a ghliocais. An Múineadh. Fillean an feall ar an bhfeallaire. 30. - Na Giorfhithe agus na Frogana agus an Ghaoith. Tháinig gaoith mhór agus bhí sí ag lúbadh na gcrann, agus tháinig a leithéid sin d' anfa ar na giorfhithibh gur cheapadar imtheacht as an saoghal ar fad, mar ná féadfidís an t-éirleach d'fhulang. Ghluaiseadar chum siúbhail. Thánadar go bruach locha agus bhíodar chum iad féin do bháth. D' airígheadar an fothram sa n-uisge. Cad a bheadh ann acht sguainthe frogana agus iad ag teithe le n-a n-anam ag dul fé uisge sa loch. Bhí sean ghiorfhiadh tuigsionach ar na giorfhithibh. "Stadaig, a ghiorfhithe!" ar seisean. "Ní h-againne amháin atá an saoghal go h-olc. Má's fiú dhóibh siúd a n-anam do bhreith saor leó fé uisge ba chóir gur bh' fhiú dhúinne aire thabhairt dúinn féin ar an dtalamh dtirim. Dá olcas atá an sgéal againn anois b'fhéidir muna bhféuchfimís romhainn go mbéadh an sgéal níos measa againn." An Múineadh. "Is mairg a báitear i n-am an anaiche; 'S go dtigean an ghrian indiaig na fearthana."
AESOP a tháinig go h-Éirinn. Cuid IV. 31. - Bean na Circe. Bhí bean ann agus bhí cearc aici, agus bheireadh an chearc ubh i n-aghaidh an lae. Cheap an bhean bhocht dá dtugadh sí breis le n-ithe do'n gcirc go mbearfadh an chearc dhá ubh i n-aghaidh an lae. Chómh maith do thug. Isé rud a dhein an chearc, ámh, 'ná dul i raímhre agus stad de bhreith. An Múineadh. "Níor mheasa do dhuine rud a dhéanfadh díoghbháil dó 'ná rud fóghanta." Sáruíghean an tsaint í féin. Tá daoíne agus ní foláir leó gach aon rud do chur i bhfeabhas. Má tá rud chómh maith agus is féidir dó bheith, ní foláir dó dul i n-olcas le h-athrúghadh. Isé a bhuac gan baint leis. 32. - An Áinle agus na h-Éin eile. Bhí ros lín ag fear d'á chur i bpáirc. Chonaic an áinle é. D'imthig sí agus bhailig sí na h-éin eile. "Féuch," ar sise leó, "tá sé siúd ag cur rois. Is as an ros san d'fhásan an líon d'a ndéintear na líonta le n-a mbeirtar ar éunaibh. Téanaíg liomsa laithreach agus piocaimís an ros as an ithir sul a mbeidh uain aige ar phréamhúghadh. Ansan ní bheidh an líon ann agus ní féadfar na líonta do dhéanamh 'ná iad do chur rómhainn chum ár marbhthe." Níor chuireadar suím inti. Níor piocadh an ros agus do phréamhuig sé agus tháinig an líon os cionn tailimh. Bhailig an áinle na h-éin airís. "Féuch," ar sise, "tá sé os cionn tailimh. Acht ní'l sé ró dhéanach fós againn. Téimís agus stathimís as an dtalamh é sul a neartuighidh sé." Níor chuireadar aon tsuím inti, agus d' fhás an líon go raibh sé 'na loirgnibh árda.
"Téimís," ar sise airís leó, "agus bainimís an ceann dé agus loitfidh san anois féin é." Níor dheineadar acht bheith ag magadh fúithi agus ag glaodhach "áinle an fheasa" uirthi. Nuair chonaic sí ná glacfidís cómhairle a leasa uaithi isé rud a dhéin sí 'ná imtheacht uatha ar fad. Ó shin aleith séanan an áinle na coillte agus na craobhcha agus déinean sí a nead fé dhíonaibh agus fé shlíngibh agus fé sgibhéalaibh na dteach, i n-áit nách baoghal dí líonta. An Múineadh. "Is usa an t-olc do chosg i n-am 'ná é leigheas i n- antráth." "Ní h-é lá na gaoíthe lá na sgolb." "Ní h-é am na cneadaíghe am na h-aithríghe." "Is fearr féuchaint roimhe dhuine 'ná dhá fhéuchaint 'na dhiaidh." "An t-é ná déanfaidh a leas seachain é nó ní dhéanfir-se do leas." 33. - An Sgiathán Leathair agus an Eas. Do rug eas ar sgiathán leathair. "Ó! ná mairbh mé! Iaraim ar ghrádh th' oinig é, tabhair faoiseamh dom!" arsa 'n sgiathán leathair. "Ní thugaim dul as d' éunaibh," arsa 'n eas. "Sdó, ní h-éun mise. Féuch, is luch mé," arsa 'n sgiathán leathair. D' fhéuch an eas air. "Is dóich liom go bhfuil an ceart agat," ar sise, agus do sgaoíl sí uaithi é. Tamal 'na dhiaidh san do rug eas eile air. "Ó!" ar seisean airís, "ná mairbh mé! Iaraim ar ghrádh th' oinig é, tabhair faoiseamh dom." "Ní thugaim dul as do luchaibh," arsa' n eas. "Sdó, ní luch mise," ar seisean. "Feuch, sin+iad mo dhá sgiathán. Is éun mé." "Ní deirim ná go bhfuil an ceart agat," arsa' n eas, agus do sgaoíl sí uaithi é. An Múineadh. Is maith an rud do dhuine dhá shraing do bheith ar a bhogha aige, acht gan feall do dhéanamh ar aoinne leó.
34. - An Príochán agus an Chaora. Bhí príochán lá ar dhrom caorach agus é ag caint go bladh- manach agus go droch mhúinte. "Dá mba gadhar a bhéadh am ineadsa," arsa 'n chaora, "ní bheadh oiread san buinne fútsa." "An amhlaidh is dóich leat ná tuigimse féin an méid sin, a chaileach!" ar seisean. "Déinim caint agus bladhman agus droch mhúine nuair a leigtar dom é, acht nuair ná leigtar bím ciúin go leór." An Múineadh. Is breágh í an fhoidhne, acht is mairg a leigfadh d'aoinne gabháil de chosaibh ann. "Nuair a buailfar ar leacain tu iompuig an leaca eile." Dúbhairt Sé mar sin é, gan amhras. Acht dubhairt Sé rud eile i n-a aice sin. "Má chaillean an salan a bhlas caitear sa n- óileach é agus gabhtar de chosaibh ann." Ní h-ionan foidhne agus spadántacht. Nídh uasal iseadh an fhoidhne, acht ní'l i spadántacht acht salan gan bhlas go ngabhtar de chosaibh ann. 35. - An Sean Duine agus an Bás. Bhí sean duine cas cancarach amuich lá ar an gcnuc agus birtín brosnaidh bailighthe aige. Bhí an t-ualach ar a mhuin aige agus é ag teacht abhaile, agus gach ciscéim dá dtugadh sé bhíodh sé ag spídiúchán ar an ualach mar gheall ar bheith chómh trom. D'airig an ghaoith é agus cheap sí go mbeadh spórt aici air. Dhruid sí chuige suas agus bhain sí únfairt as. "Ó! greadadh chúgat, mar ghaoith!" ar seisean. "Ní h-amhlaidh a thabharfá congnamh dom." Tháinig sí laistiar dé, mar 'dh eadh ag tabhairt conganta dhó, agus do shéid sí amach é i dtreó go mb'éigean dó ruith tré lochán uisge agus gur fliuchadh go glúinibh é agus gur dhóbair go leagthí é. Ní "greadadh chugat mar ghaoíth" a dubhairt sé ansan, acht rud ba mheasa go mór 'ná é. Do sgaoíl sí leis go ceann tamail bhig go dtí go raibh sé ag gabhail tré bhearna draoíbe. Ansan do sguab sí mór thímpal air agus thug sí cor coise dhó agus do leag sí é féin agus an t-ualach sa draoíb agus chuir sí an cnuc amach di. D'éirigh sé agus chrom sé ar ghol. Bhí culaith draoíbe ó mhulach talamh air; an fear bocht! "B' fhearr liom bheith marbh!" ar seisean, " 'ná bheith ag stracadh leis an saoghal so níos sia! B' fhearr liom go dtiocfadh an bás orm an neómat so!"
Le n-a línn sin mhothuig sé an rud laistiar dé. D'fheuch sé thar a ghualainn. Cia bhéadh 'na sheasamh ann acht an bás. D'éirig a ghruaig ar a cheann le sganra. Do stad an spídiúchán. "Ghlaoidhis orm," arsan bás. "Cad tá uait?" "Ó! ní'l faic, a dhuine uasail," ar seisean, "acht go n- árdófá an bheart bhrosnaidh seo orm." D' árduig an bás an bheart air agus do sgaradar. Tháinig an sean duine abhaile agus geallaim duit nár airig sé fuacht 'ná fliuchra 'ná gaoith an chuid eile de'n tslígh. An Múineadh. Nuair a deir duine gur bh'fhearr leis bás d'fhághail 'ná bheith ag stracadh leis an saoghal, ná creid é. 36. - An Corcán agus an Crúsca. Bhí corcán agus crúsca ar bruach abhan. Tháinig an tuille agus do rug sí chum siubhail iad araon. "Ó!" arsa'n crúsca, "cad dhéanfad! Buailfar i gcoinnibh na gcloch mé agus brisfar mé!" "Ná bíodh ceisd ort," arsa 'n corcán, "ní'l baoghal ort. Tabharfadsa aire dhuit." "Ó! fan uaim amach!" arsa 'n crúsca. "Is measa dhom tusa chúgam 'ná na clocha féin. Má buailtear i gcoinnibh a chéile sinn is mise do brisfar agus ní'l aon bhaoghal ortsa. Fan uaim amach a deirim leat!" An Múineadh. Má's crúsca thu seachain an corcán. Pé 'cu crúsca nó corcán tu seachain an droch thean gabhálaídhe. Ná déin caradas munab é do leas é. 37. - An tSaint agus an Formad. Bhí an fear santach agus fear an fhormaid lá ag déanamh ídhbirte chum Iúpiter. Níor bh' áil le Iúpiter bheith 'ghá bhodhradh féin leó agus chuir sé Apollo ag trial ortha chum pé athchuinge a bhí uatha do thabhairt dóibh do réir chirt. Tháinig Apollo. "Seadh!" ar seisean, "tá a fhios agam go bhfuil grádh mór agaibh d'á chéile; má's fíor bréag. Anois an t-am agaibh chum é thaisbeáint. Pé rud iarfaidh duine agaibh gheabhaidh an fear eile ar a dhúbailt é."
Do stadadar. Bhí fear na sainte glic. Cheap sé go leig- fadh sé do'n fhear eile labhairt agus athchuinge d'iaraidh i dtreó go bhfaghadh sé féin an athchuinge sin ar a dhúbailt. Acht ní raibh a fhios aige cad a bhain le formad dá mhéid gliocas abhí ann. Do labhair fear an fhormaid. Ní raibh uaidh acht an chaoi. "Curtar mise ar leath-shúil!" ar seisean. Le n-a línn sin do baineadh an dá shúil a' fear na sainte. Tá formad is measa 'na súd ann, .i. an formad a bhainfadh an dá shúil as féin chum aon tsúil amháin do bhaint a' duine eile. An Múineadh. An t-é dhéanfaidh díoghbháil d'á chómharsain le corp droch aigne déanfaidh sé díoghbhail is mó 'ná é dó fein, .i. díoghbháil anama. 38. - Fuar agus Teith. Bhí fear ag imtheacht tré choill. Lá fuar dob eadh é. Bhí fuacht agus ocras ar an bhfear. Do bhuail duine fiadhain uime. Tháinig truagh ag an nduine fiadhain dó. Do rug sé leis isteach 'na phluais féin é. Bhí an fuacht ag cur ar an bhfear chómh mór san go raibh a mhéireana le 'n-a bhéul aige agus é 'ghá shéideadh. "Cad chuige go séidean tu do mhéireana?" arsan duine fiadhain. "Chum iad do théidh," arsan fear. Ar ball thug an duine fiadhain bia teith dhó. Bhí an bia ró theith agus bhí an fear 'ghá shéideadh. "Cad chuige go séidean tú an bia?" arsan duine fiadhain. "Chum é fhuaradh," arsan fear. "Séidean tú rud chum é théidh agus séidean tú rud chum é fhuaradh!" arsan duine fiadhain. "Imthig as so!" ar seisean. "Ní thaithnean fear liom a shéidean fuar agus teith," agus thiomáin sé uaidh amach é. An Múineadh. "Seachain teanga liom, leó."
39. - An Cat agus an t-Óigfhear. Tháinig grádh ag cat d' óigfhear. D'iar an caitín ar Bhénus í chur i riocht mná óige. Do chuir, agus do pósadh í féin agus an t-óigfhear. Ansan dob áil le Bhénus a dhéanamh amach ar athruig aigne an chait fé mar athruig a gné. Bhí an lánmha ag caitheamh a gcoda lá i bhfochair a chéile. Chuir Bhénus luch ar an úrlár. Chonaic an bhean an luch. Ní túisge a chonaic 'ná do léim sí ó'n mbórd. Do leagadh an bórd agus do briseadh na miasa, acht do rugadh ar an luich. "Éirighim asat!" arsa Bhénus. "Ní dhéanfadh Éire dhíot acht cat!" agus chuir sí 'na riocht féin airís í. "Is maith atá sgartha agatsa léi," arsa Bhénus leis an bhfear. An Múineadh. "Brisean an dúchas tré shúilibh an chait." Seachain-se, a mheic ó, agus ná pós cat i riocht mná óige, dá bhreághthacht í, nó bain an chluas díom go leagfar an bórd agus go mbrisfar na miasa lá éigin. 40. An t-Úcaire agus an Gualadóir. "Tar," arsan gualadóir leis an úcaire, "agus déinimís aontígheas. Ní'l ann acht beirt againn agus déanfaidh aon tig amháin ár ngnó." "Ambasa," arsan t-úcaire, "ní dhéanfadh san an bheart go deó." "Cad 'na thaobh?" arsan gualadóir. "Sdó," arsan t-úcaire, "ní túisge bhéadh rud glan agamsa 'ná bhéadh sé salach agatsa." An Múineadh. "Seachain an droch theangabhálaídhe." 41. - An Gadhar agus an Machtíre. Bhí gadhar ag bhálcaéracht dó féin oídhche bhreágh spéir gheal- aíghe. Do casadh machtíre air. Bhí an gadhar go cothuighthe láidir sleamhain. Bhí an machtíre go caol agus go lom agus go h- ocrach. "Is mór an ionga liom," arsan machtíre, "tusa chómh beath- uighthe agus mise chómh lom. Is treise agus is feár chum fiadhaigh
mé 'ná thu, agus féuch, is fearr a chothuíghean tusa thú féin 'ná mar fhéadaim-se mé féin do chothughadh. Conus a dhéinean tú é?" "Ní'l bac ortsa thu féin do chothughadh chómh maith agus chothuíghimse mé fein acht go ndéanfair an gnó a dhéinim," arsan gadhar. "Cad é an saghas gnótha é?" arsan machtíre. "Ní dheabh- rúighean sé gur gnó ró chruaidh é. Ní fheuchan tú mar fheuchfadh gadhar a bhéadh marbh ó obair." "Neósfadsa dhuit cad é an gnó é," arsan gadhar. "Bíon orm an tig d'fhaire asdoídhche agus na bitheamhnaig do dhíbirt." "An mbíon a thuille?" arsan machtíre. "Ní bhíon a thuille," arsan gadhar, "agus rud is fearr 'ná san, ní'l aon ghno is fearr a thaithnean liom 'ná é." "Andaigh," arsan machtíre, "is breágh bog a thuillean tú do bheatha, agus mise ag sguabadh na gcnuc ar feadh cheithre n-uaire fichid b'fhéidir, go minic, sul a bhfaghaim lán mo bhéil de bhia." "Ní'l aoinne 'ghá iaraidh ort," arsan gadhar. "Ar mhisde dhom dul i n-aonfheacht leatsa anois," arsan machtíre, "agus déanfad an obair a dhéinean tusa?" "Téanam ort," arsan gadhar. Bhí an bheirt ag sodar le cois a chéile, ag déanamh ar an dtig 'nar bhain an gadhar leis. Féuchaint d'á dtug an machtíre ar mhuineál an ghadhair chonaic sé rud éigin. "Cad é an rian é sin a chím ar do mhuineál?" ar seisean leis an ngadhar. "Ach! ní fiú biorán a's é sin," arsan gadhar. "Ní'l ann san acht rian an tslabhra a bhíon orm i gcaitheamh an lae. Gadhar droch mhiotalach iseadh mé, agus caitear mé cheangal i gcaitheamh an lae le h-eagla dá dtigeadh aon chómharsa isteach go mbéar- fainn air." "Agus a'mbíon slabhra ar do mhuineál i gcaitheamh an lae?" arsan machtíre agus iongna air. "Bíon," arsan gadhar, "acht nuair bhéadh taithíghe agat air ní churfá suím ar bith ann." "Ambasa, a mheic ó," arsan machtíre, "do chuirfinnse suím ann. Dá gceangaltaí mar sin mé do bhrisfinn an ceangal nó thachtfinn mé féin. Níor cuireadh aon cheangal ríamh orm agus ní curfar choídhche. Is fearr liom mo chothúghadh féin dá olcas é agus cead mo chos, tré chnucaibh agus tré choílltibh, 'ná do chothughadh-sa dá fheabhas é, agus do shlabhra. Go dtéidhir slán!" Do léim sé thar claidh agus chuir sé an réidh ó thuaidh dé. An Múineadh. Is mairg a dhíolfadh é féin ar a n-íosfadh sé. Ní fhuilgean saor aicme slabhra.
AESOP a tháinig go h-Éirinn. Cuid V. 42. - An Capal agus an Fiadh. Bhí fiadh agus capal i n-aon fhosuígheacht. Throideadar. Toisg na h-adharca géara do bheith ar an bhfiadh do bhuaidh sé ar an gcapal agus do dhíbir sé as an bhfosuígheacht é. D'imthigh an capal ag trial ar an bhfear agus dhéin sé a ghearán leis, agus d' iar sé air conghnamh do thabhairt dó chum an fhiadh do mharbhadh. "Conus fhéadfainnse congnamh do thabhairt duit?" arsan fear. "Tá an fiadh ró ghéar 'na ruith dhom." "Béarfadsa ar mo mhuin thu," arsan capal, "agus tioc- faimíd suas leis." "Tá go maith," arsan fear. "Ní mór dom, ámh, srian agus ialait do chur ort." "Táim sásta," arsan capal, "acht go bhfeicfad díoghaltas d'á imirt ar an rógaire úd na n-adharc." Do cuireadh srian agus ialait ar an gcapal agus chuaidh an fear ar a mhuin. Do leanadh an fiadh. Do ruith sé abhfad, acht do tánathas suas leis agus do marbhadh é. "Seadh!" arsan capal. "Bíodh san aige! Táim sásta anois. Sgaoíl uait mé. Táim ana bhuidheach díot." "Ó! Ambasa," arsan fear, "ní fhéadfainn tú sgaoíleadh uaim ar an gcuma san. Nuair bheidh an fiadh seo ite agam ní mór dhom tusa bheith agam chum ceann eile do mharbhadh. Tá árd choisígheacht agat. Is mór an seans a bhí orm agus tu theacht chúgam. Tabharfad do dhóithin le n-ithe dhuit, ná bíodh eagal ort." Tá an capal fé smacht an fhir ó shoin. An Múineadh. Is olc é an rún-díoghaltais. Má's mian leat olc do dhéanamh ar do namhaid agus cong- namh d' fhághail chuige, seachain sul ar mheasa dhuit chúgat an congnamh 'ná an namhaid. Seachain sul a ndéanfá mar dhéin Diarmuid Mhaoil na mbó.
43. - An t-Iasgaire agus an Ceól. Bhí fear ar bruach na h-abhan. Píopaire dob eadh é. Cheap sé, fé mar bhailígheadh sé na daoíne chum an raince leis an gceól, go meallfadh sé na h-éisg as an abhainn leis an gceól. Bhí sé ag seint agus ag seint agus ag seint dóibh, acht níor chuireadar aon tsuím ann. Fé dheire do chaith sé uaidh an phíb agus do rug sé ar na líntibh. Thug sé an líon lán leis, an chéad iaracht 'ná chéile. Bhí an líon ar an bport aige agus é lán d' iasgaibh, agus iad ag léimrig ann. "Ach! ní'l aon chiall agaibh," ar seisean. "Ní rainncfadh sibh le ceól ó chianaibh, agus anois táthí ag raince gan ceól!" An Múineadh. "Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh tú breac." 44. - Cogar an Bheithir. Bhí beirt fhear ag siúbhal tré choíll uaigneach. Bhí a fhios acu go raibh droch ainmhighthe móra ann. Dheineadar margadh le n-a chéile go gcosnóchaidís a chéile dá dtigheadh aon tóir ortha. Ba ghearr gur siúd beithir chúcha amach a' tiugh na gcrann. Bhí duine acu éadtrom luthmhar agus d'imthig sé suas crann mar dhéanfadh cat. Bhí a fhios ag an bhfear eile ná féadfadh sé an beithir do throid i n-a aonar. Isé rud a dhéin sé 'ná é féin do chaitheamh ar an dtalamh agus a anál do choimeád, mar 'dh eadh gur chorpán é. Bhí a fhios aige ná h-íosfadh an beithir acht an rud a mharbhóchadh sé féin. Tháinig an beithir i n-a aice. Chuir sé a shrón chum a chluaise agus chum a bhéil. Choimeád an duine a anál mar bhí a anam air. Cheap an beithir go raibh sé marbh dáiríribh, agus d' imthig sé. Nuair bhí an beithir imighthe tháinig fear an chrainn anuas. Bhí sé ag mion-gháirídhe agus ag magadh. "Cad a bhí ag an bhfear mór úd d'á rádh leat?" ar seisean. "Ba mhór an seó an chogarnach a bhí ar siúbhal agaibh. Chonac a shrón buailte suas le d' chluais." "Bhí," arsan fear eile, "cogarnach eadrainn. Dúbhairt sé liom an fhaid a mhairfinn airís gan iontaoíbh do thabhairt a' fear meathta, do gheallfadh an fód do sheasamh agus ansan do ruithfadh chómh luath agus chídhfadh sé an tóir ag teacht." An Múineadh. Ná géill do chaint aon duine go bhfeicir a ghníomh.
45. - An Mada Ruadh Maol. Do rugadh ar mhada ruadh i n-innil lá, agus d' fhág sé a earbal ann. Bhí sé ansan ag imtheacht imeasg a chómharsan gan giob de'n earbal air, agus isé a bhí go cráidhte. Bhíodh ceisd agus náire agus ceann fé air nuair chíodh sé an chuid eile agus na sguaba breághtha troma ag tuitim agus ag luasgadh laistiar díobh, agus a dheire féin gan tuínte air, an fear bocht! Tháinig ana mhisneach dó nuair airigh sé an fógradh ó'n bhfrog úd do leighisfeadh an saoghal, dar leis, acht nuair a chonaic sé cad é an saghas an frog do thuit an lug ar an lag airís aige. Fé dheire chuímhnigh sé ar sheift a chuirfadh é, dar leis féin, ó bheith 'na shampla shaoghalta imeasg a chómharsan. Chuir sé sgéala amach gur mhaith leis a chómharsain go léir do theacht chuige ar aon láthair, i lios áirighthe a bhí i lár coille. Thánadar. Ní raibh blúire cuinne acu leis an ngnó a bhí aige dhíobh. Tháinig sé anáirde ar thúrtóig a bhí i lár an leasa agus do labhair sé leó ar an gcuma so. "Feuch!" ar seisean, "a mhadraí ruadha, tá nídh ag déanamh mearbhaill dom le fada agus measaim nách ceart dom é choimeád níos sia ar m' aigne gan cur os bhúr gcómhair. Is iomdha con- tabhairt agus is iomdha iomárd a bhíon os cionn an mhada ruaidh ó mhaidin go h-oídhche agus ó Luan go Satharan. Bíon an fiadhach 'na dhiaig, agus bíon fear na ngéan 'na dhiaig, agus bíon fear na gcearc 'na dhiaig, agus is deacair dó dul uatha go léir. Ba dhóich liom gur cheart do na madraíbh ruadha, an chéad nídh 'ná a chéile, an rud is mó thabharfadh congnamh chum beirtha ortha é chaitheamh uatha. Ba dhóich liom gur mhaith an chiall dóibh é. Ní dóich liom go bhfuil ciall is fearr 'ná é." Do stad sé agus d' fheuch sé 'na thímpal ortha. Ní fheadradar ó thalamh an domhain cad é an fuadar a bhí féi, nó cad air go raibh sé ag teacht. D' fhéuchadar air, agus d' fhéuchadar ar a chéile. Níor labhair aoinne acu. "Tá," ar seisean, "adharca ar an bhfiadh, agus bíodh gur congnamh cosanta dhó iad, is fearr 'ná san de chongnamh chum beirtha air iad. Tá ualach ionta agus tá greidhm maith le fághail ortha. Tá earbal ar an bhfrancach agus má théidhean leis imtheacht ó'n stáca agus a cheann do shádh i bpoll, is minic go bhfanan an t-earbal lasmuich de'n pholl, agus go mbeirtear air, agus go dtarangthar an francach amach as an bpoll agus go mbuailtear buille d'á ceann ar an gcloich, rud nár bh' fhéidir a dhéanamh muna mbéadh an t-earbal. Ní'l adharc ná earbal ar ghiorfhiadh, agus tá a rian air, téidhean sé as choídhche do dtí go mbeirtar ar chabhail air. Tá sé buailte isteach am aigne, agus deirim go
láidir é, gur iomdha mada ruadh maith atá ite ag gadharaibh le bliaghain, agus do bhéadh anso beó i n-ár measg indiu, muna mbéadh an t-earbal. Bhíodh na neithe seo ag teacht am aigne go minic abhfad sul ar baineadh an t-earbal díom fein, acht ó sgaras leis an ualach iseadh thuigim an sgéal i gceart. Deirim gan amhras aon mhada ruadh do bhainfadh an t-earbal dé féin gur luas reatha dhó é, gur sgaramhaint le h-ualach dó é, gur chompórd suighte dhó é, gur luighead ar a chontabhairt ó ghadharaibh é, agus gur bh' fhaid ar a shaoghal é. Is chuige thugas anso sibh chum na neithe sin do chur os bhur gcómhair. Aon mhada ruadh gur maith leis saoghal fada, saoghal suairc compórdach do bheith aige chómhairleóchainn dhó an t-ualach earbail sin do bhaint dé féin láithreach. Is dómhsa is ceart an chómhairle sin do thabhairt uaim ar tá fios dá thaoibh an sgéil agam ó baineadh an t-earbal díom féin. Ní raibh a fhios agam riamh i gceart cad a bhain le compórd ná le h-éasgacht siúbhail, ná le sástacht aigne, go dtí gur baineadh an t-ualach san díom. Cheapas gur cheart dom an sgéal d' ínsint daoíbhse." Do stad sé. D' éirigh sean mhada ruadh thall agus chuir sé casachtach bheag as. D'fhéuch sé 'na thímpal gur sult 'na shúilibh. "Is amhlaidh mar atá an sgéal agamsa," ar seisean. "Tá an tsean sguab so le fada laistiar orm," agus d'fhéuch sé siar uirthi, "agus níor bhain aon ghadhar oiread agus ruibe fós aisti. Is dóich liom gur mór an fhoithin í sa dúbhluachair. Ba dhóich liom dá mbainfí dhíom í gurabh amhlaidh a bhéadh gach aoinne ag feuchaint orm a d' iaraidh a dhéanamh amach ciacu mada ruadh mé nó banabh muice. Má ráiníghean, abhfad uainn an t-olc! trap nó inniol nó fiacal gadhair 'ghá bhaint díom, is mór an sásamh aigne liom a fhios do bheith agam uaitse go bhfuil na maithasaí úd go léir am chóir. Go dtí san is dóich liom go ndéanfad seift ar chur suas le n-a h-ualach." Níor leigeadh a thuille cainte as, d' éirig a leithéid sin d' uail gháirídhe mór thímpal an leasa. An Múineadh. Má bhíon dálta an mhada ruaidh mhaoíl ort ná bí a d' iaraidh daoíne eile dhéanamh chómh dona leat féin. Táid daoíne agus is beag 'ná gur chuma leó cad é an donas a bhéadh ortha féin acht go mbeadh donas chómh mór leis ar dhuine éigin eile. Seachain iad. Ní maith an ara iad.
46. - Ciall Cheanaig. Bhí búistéir ag obair 'na shiopa. Bhí caora aige 'á ghearadh suas. Bhuail sé croídhe na caorach lastiar dé ar bhloc. "Béar- faidh gadhar éigin an croídhe leis," arsa bean an bhúistéara. "Ní'l aon ghadhar ann chuige," arsan búistéir. D' fhan an sgéal mar sin ar feadh tamail. Ansan, nuair a bhí cúl an bhúistéara leis an mbloc do shleamhnuig gadhar iasachta isteach agus do sgiob sé an croídhe leis. Ní raibh sé acht ar an dtaobh amuich de dhorus nuair a chonaic an búistéir é. "Bíodh sé agat!" arsan búistéir. "Is ciall cheanaig dom é. Ní bhéarfair-se 'ná do leithéid, ceann eile uaim." An Múineadh. "Is fearr ciall cheanaig 'ná dhá chéill a múintear." 47. - An Príochán agus an Crúsca. Bhí samhradh brothalach tirim ann. Bhí an talamh 'na bhalc, an féur 'na shnuís, an ithir 'na ceó, an ghrian ag sgoltadh na gcrann, agus "an príochán ag cur a theangan amach" le neart gealáin agus brothail. Bhí aon phríochán amháin ag gluaiseacht tríd an spéir agus é i rochtaibh tuitim chum tailimh le tart. Chonaic sé crúsca ar thaobh bóthair. Siúd anuas é féuchaint an raibh uisge sa chrúsca. Bhí scrugal caol ar an gcrúsca. D'fhéuch an príochán síos ann. Chonaic se an t-uisge thíos ácht bhí an scrugal ró chaol agus ní fhéadfadh sé a cheann do chur síos. Chuir sé chum an chrúsca do leagadh acht ní fhéadfadh sé filleadh ná feacadh bhaint as. Bhí sé i gcruadh-chás. Ba thruagh an sgéal é. É i ndeire an anma le tart agus an t-uisge ansúd os cómhair a shúl dá bhféadadh sé teacht air. D'fhéuch sé 'na thímpal. Bhí gairbhéal leathta ar an mbóthar. D' imthig an príochán agus chrom sé ar na cloichíní beaga do phiocadh agus do thabhairt leis 'na ghob agus do chaitheamh isteach sa chrúsca. Níor bh' fhada gur tháinig an t-uisge ainíos agus gur ól se a dhóithin. An Múineadh. "Is cuma nó muc duine gan seift." "An t-é ná fuil láidir ní foláir dó bheith glic."
48. - An Sliabh i dTeinneas. Bhí sliabh i dtír éigin iasachta agus d' airig na daoíne, lá, fothram agus búirtheach uathbhásach ag teacht as, agus é d'á luasgadh agus d'á lúbadh mar bhéadh rud go mbeadh pian air. D' ruitheadar na daoíne go léir féuchaint cad a bhí ag imtheacht ar an sliabh nó cad fé ndeár an t-éirleach. Do bhuail aodhre úmpa agus é ag teacht ó'n sliabh. "Cad fé ndeár an t-éir- leach?" ar siad, "nó cad 'tá ar an sliabh?" "Tá teinneas ar an sliabh," ar seisean, agus d' imthigh sé. D' fhanadar-san ag féuchaint ar an luasgadh agus ag éisteacht leis an mbúirtheach. Ar ball do léim luch amach a' poll a bhí i dtaobh an chnuic agus do stad an chaismirt. "Och ón!" arsa cách. "Fothram mór ar bheagán cúise!" An Múineadh. Ná déin "mórán cainte ar bheagán cúise." Ná bíodh "deatach mór as droch theine" agat. Ná bíodh "an focal mór agus an gníomh beag" agat. Ná bíodh glór leóin agus croídhe loin agat. 49. - An Dórnán Slat. Bhí fear ann agus bhí cúigear nó seisear mac aige agus bhídís coitchianta ag bruíghean agus ag achran agus ag troid le chéile, i dtreó go raibh an duine bocht ciapaithe acu. Ghlaoidh sé chuige ortha lá agus thaisbeáin sé dórnán slat dóibh agus é ceangailte le gad. Dúbhairt sé leó, an t-é fhéadfadh an dórnán do bhriseadh 'na dhá leath treasna, go bhfágfadh sé a chuid aige, ag dul chum báis dó. Do rug duine acu ar an ndórnán. Do lúb sé é agus do chas sé é, acht do theip air é bhriseadh. Do rug duine eile acu air agus chuir sé ar a ghlúin chuige é, agus do lúb sé é, acht do theip air é bhriseadh. Do rug an trímhadh duine air agus chuir sé fé n-a chois ar an dtalamh é, acht má chuir do theip air é bhriseadh. Do theip sé ortha go léir. Ansan do rug an t-athair ar an ndórnán agus do sgur sé an gad agus do bhris sé gach slat fé leith. "Féuch, a chlann ó," ar seisean. "Is cuma sibh+se nó an dórnán slat san. An fhaid a bhí an gad ar an ndórnán agus na slata dlúite ar achéile níor bh'fhéidir iad do bhriseadh. Acht nuair
a sguradh an gad agus do sgaradh na slata le n-a chéile ní raibh aon bhac ar aoinne iad do bhriseadh 'na gceann a's 'na gceann. Siné an údhálta agaibhse. An fhaid a chuirfidh sibh le chéile ní fhéadfaidh aoinne an lámh uachtair d' fhághail oraibh, acht má thagan fuath agus mioscais eadraibh, agus má thugan sibh druím lámha le n-a chéile, gheabhfar an lámh uachtair láithreach oraibh." An Múineadh. "Is maol-dhualga gan bhráthair, acht is mairg a bhíon gan dearbhráthair." 50. - An tSeilg. D'imthig león agus asal agus mada ruadh amach ag fiadhach lá. B'é an margadh an t-seilg do bheith 'na trí treanaibh eatartha um thráthnóna. Mharbhadar fiadh. Dúbhairt an león leis an asal an tseilg do raint. Do dhéin an t-asal trí treana de'n fhiadh. Ní túisge chonaic an león an raint sin 'ná do rug sé ar an asal agus mhairbh sé é. "Roinnse an tseilg," arsan león leis an mada ruadh. "Ní'l acht beirt againn anso anois," arsan mada ruadh. "Ní'l le déanamh de'n tseilg acht dhá chuid. Bíodh an corpán agatsa agus beidh an ceann agamsa." Do thaithn san leis an león. Bhí ocras air agus bhéadh béile mhaith aige. Ar ball nuair a bhí a dhóithin ite aige agus an mada ruadh ag glanadh an phlaoísg do labhair sé. "Cia mhúin duit," ar seisean, leis an mada ruadh, "conus seilg do roint?" "Do mhúin an t-asal san thall," arsan mada ruadh. "Conus fhéadfadh sé sin rud a mhúineadh dhuit-se," arsan león, "agus gan eólus aige féin air?" "Sdó, siné díreach a mhúin mé," arsan mada ruadh. "Dhéin sé dearmhad agus dhíol sé as, os cómhair mo shúl. B' olc uaim dá ndéininn dom féin láithreach 'na dhiaig an botún a dhéin seisean dó féin." An Múineadh. Ná cuir thu féin i gcomórtas le rígh, muna rígh thu. Ná h-éilimh do cheart Go bhfeicir do neart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services