Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aesop a Tháinig go hÉirinn 1-5

Title
Aesop a Tháinig go hÉirinn 1-5
Author(s)
Aesop,
Translator
O'Leary, Peter, Very Rev. Canon
Compiler/Editor
Borthwick, Norma
Composition Date
1909
Publisher
Irish Book Company, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aesop
a tháinig go h-éirinn.



Cuid I.



Gréagach dob' eadh Aesop. Rugadh é tímpal sé cheud bliadhain roimh Chríost.
Daor dob' eadh é. Do mhair sé le línn Sólóin, an t-ollamh dlíghe ba mhó d'á
raibh ar Ghreugaibh. D'ínseadh sé na Fabhail mar sholuídí, chum cómhairle a leasa
thabhairt do ríghthibh agus do chómhachtaibh na h-aimsire sin. Táid na Fabhail
cheudna d'á n-ínsint ó shoin anuas i dteangthachaibh agus i n-urlabhraibh an
domhain. Táthar 'ghá n-ínsint anois anso i nGaoluing bhreagh bhlasta bhínn.



1. - An Frog agus an Mada Ruadh.



Tháinig frog mór buidhe-bhreac ainíos as an loch agus do shuigh
sé ar an bport agus chuir sé fógra amach, 'ghá rádh gur bh'árd-liagh
é agus go raibh leigheas gach galair aige. Thánadar na h-ainmhighthe
go léir fá dhéin an leighis. Bhí an mada ruadh ann. D'fheuch sé
ar an bhfrog. Nuair chonaic sé an t-ainmhíghe beag suarach do
chuir sé drangháire as.



"Airiú greadadh chúgat!" ar seisean, "má tá an t-eólus
úd go léir agat fé mar fhógrais dúinn, nách mór an iongna ná
h-imirean tu beagán dé ar do chorpáinín féin. Ní'l aoinne anso
indiú is mí-chúmtha 'ná thu. Agus cheapfá a chur 'na luighe orainn
go bhfuilir ábalta ar ár ngearánta go léir do leigheas. Thuit
tonóisg beag amach dómh-sa agus baineadh an t-earball díom.
Cheapas, nuair airígheas an fhógairt seo uait-se, go mb'fhéidir go
gcurfá earball i n' inead orm. Ní fheicim, ámh, go bhfuil earball
ort féin. Preit! a dhuine, cá bh'fhios dod' leithéid-se cad a
bhainean le h-earball!" Agus thug sé a chúl air go mí-cheadtach
agus d'imthigh sé. Do lean an chuid eile é agus iad go bréan
díobh féin.



An Múineadh.



An t-é ná féadan a ghnó féin do dhéanamh is deacair a rádh
go bhféadfaidh sé gnó an fhir thall do dhéanamh.



"Do ghnó féin déin, a dhuine,
Ná bac mo ghnó; ná mise.


L. 4


2. - An Coileach agus an Mada Ruadh.



Maidin bhreagh shamhraidh do thárla go raibh mada ruadh ag
siúbhal go ciúin agus go h-aicillíghe, i gcómhgar do chró na gcearc.
Is réidh a thógadh sé na cosa agus is réidhe 'ná san a leigeadh sé
féi iad. Dá fheabhas aire a thug sé dhóibh níor bh'fhada gur chuir sé
cos acu sa n-innil a cuireadh sa n-áit d'aon ghnó chum beirtha air.
Bhí an coileach 'na sheasamh anáirde ar an gcró. Do chonaic sé
cad a thuit amach agus an cruadh-chás 'na raibh an mada ruadh.



"Ó! a choiligh an chroídhe 'stigh!" arsan mada ruadh, "tar
agus bog díom an rud so nó is gearr go mbéidh mé gan chos. Tá
ioscad ghaoíl agam leat. Tar agus fuasgail mé. Díolfad an
cómhar leat uair éigin."



Níor dhein an coileach acht imtheacht láithreach agus an sgéal
d'ínsint d'fhear an tighe. Tháinig seisean agus cleith aige agus
do mhairbh sé an mada ruadh.



An Múineadh.



Truagh do'n chuirptheach! Mo thruagh-sa an t-é go bhfuil san
aige. Díolfaidh sé as an uair is lugha bhéidh cuinne aige.



3. An Giorfhiadh agus an Gealún.



Do rug fiolar ar ghiorfhiadh. Bhí sé 'ghá mhille agus 'ghá
chnáthadh. Bhí gealún ar sgairt ag féuchaint ortha. "Cá bhfuil
do chosa?" arsan gealún. "Cad 'na thaobh ná ruithean tú uaidh?
Dá mbéinn-se ad chás --." Ní raibh sé d'uain aige a thuille do
rádh. Do sguab seabhac chum siúbhail é.



"A!" arsan giorfhiadh, "is minic airígheas gur maith an
t-iománaídhe an t-é a bhíon ar an gclaidh."



An Múineadh.



An t-é bhéidh ag faire ar ghnó an fhir thall tabharfaidh sé fail-
lighe 'na ghnó féin. Ná tabhair cómhairle chómhgarach neamhchon-
gantach uait nó tiocfaidh sí abhaile chúgat uair éigin.


L. 5


4. An Fhuiseóg agus a h-Ál.



Bhí fuiseóg agus nead aici i ngort. D'imthígheadh sí amach
gach lá ag soláthar do'n ál bheag abhí sa nid aici. Lá d'á raibh sí
amuich tháinig fear an ghuirt agus a mhac agus d'airig na h-éin
bheaga ag caint iad. "Ar airíghis, a mhic ó," arsan fear, "tá
an gort so aibig. Ní foláir é bhaint. Imthig agus bailig na
cómharsain agus bídís anso agat ar maidin amárach go mbaineam
é."



Nuair tháinig an fhuiseóg abhaile d'inis na h-éin bheaga dhí cad
dúbhairt an fear, "agus cad dhéanfam!" ar siad. "Marbhóchar
sinn!"



"Ní baoghal daoibh," ar sise. D'imthigh sí lá'r na mhárach
ag soláthar mar an gcéadna.



Tháinig an fear agus a mhac chum an arbhair do bhaint acht níor
tháinig aon chómharsa, agus nuair ná táinig aon chongnamh níor
dheineadar aon obair. D'fhanadar go h-eadartha ag feitheamh.
Ansan dúbhairt an t-athair: -



"Is beag an tairbhe bheith ag feiteamh leó so," ar seisean.
"Imthigh ag triall ar ár ndaoíne muínteartha agus bídís anso
agat ar maidin go mbaineam an pháirc seo."



Tháinig an fhuiseóg abhaile agus d'inis na h-éin bheaga an
chaint sin dí, agus sgeón ionta. "Glacaig bhúr suaimhneas," ar
sise. "Ní'l baoghal orainn."



D'imthigh sí airís ar maidin ag soláthar. Tháinig an fear agus
a mhac, acht níor tháinig aon duine muínteartha. D'fhan an bheirt
ag feitheamh go h-eadartha agus 'na dhiaigh.



Ansan do labhair an t-athair. "Is amhlaidh mar atá an sgeul,
a mhic ó," ar seisean, "caithfam féin an obair do dhéanamh. Dá
dtosnuíghmís ar maidin indé bhéadh a fhormhór déanta againn um
an dtaca so. Acht is fearr déanaighe 'ná ró dhéanaighe. Téanam
abhaile anois go ragham a chodla i n-am agus béam anso ar eirghe
laé ar maidin agus bainfam féin an gort."



Tháinig an fhuiseóg abhaile. "Cad dúbhradh indiu?" ar sise.
"Dúbhairt an fear," ar siad, "go mbéadh sé féin agus a mhac
anso ar eirghe laé ar maidin agus go mbainfidís féin an gort."



"Ambasa, a chlann ó," ar sise, "ní foláir dúinn bheith ag
gluaiseacht. Bainfar an gort amárach."



An Múineadh.



An t-é bhéidh ag brath ar an bhfear thall chum a ghnótha dhéanamh,
béidh an gnó gan déanamh aige.


L. 6


5. An t-Asal agus an Bia.



Bhí asal agus bhí ciseán ar a mhuin, agus bhí an ciseán lán de
bhia mhaith, i gcóir na bhfear a bhí ag obair sa ghort ar an dtaobh
thall de'n bhaile. Ag cur an bhóthair dé do'n asal, do chonaic sé
feóchadán breágh glas borb i leith taoíbh an bhóthair, agus chrom sé
ar é dh'ithe. Nuair a chuaidh blas cúmhrtha an fheóchadáin suas 'na
chogansach do dhein sé a mhachtnamh mar seo.



"Is greanmhar an sgéal é," ar seisean. "Is iomdha bhia
fóghanta agam sa chiseán so thiar ar mo mhuin, agus is mór é dúil
na bhfear ann. Acht am briathar go mb'fhearr liom féin an feócha-
dán so 'ná é."



An Múineadh.



"Gach aoinne a's a mheón féin aige."



"Beatha dhuine a thoil!"



6. Na Machtírí agus na Caoíre.



Bhíodar na machtírí agus na caoíre abhfad i gcogadh le chéile.
Fé dheire d'iaradar sos cómhraic ar a chéile le h-ionchas go
ndéanfí síothcháin. Dob' éigean géill do thabhairt ó gach taobh go
ndéanfí an sos comhraic do sheasamh. Dúbhradar na machtírí, na
caoíre do thabhairt na ngadhar uatha, agus go tabharfidís féin a
gcoileáin uatha. Do deineadh mar sin.



Ar ball, nuair chonacadar na coileáin na caoíre 'na dtímpal
agus gan tuairisg ar a máithreachaibh fein, chromadar ar ghlamuíol
agus ar ghol go truaghmhéileach. D'airigh na máithreacha gol na
gcoileán. "O!" ar siad, "táid na caoíre úd ag marbhadh ár
gcoileán! Tá an sos cómhraic briste!" Agus siúd ameasg na
gcaorach iad, 'ghá marbhadh agus 'ghá n-ithe, mar ní raibh aon ghadhar
anois ag na caoíre bochta.



An Múineadh.



Glac cómhairle ód' namhaid - acht féuch nách cómhairle ar
mhaithe leis féin í.


L. 7


7. - An León agus na Cheithre Tairbh.



Bhí cheithre tairbh ar ínse ag inníor. Bhí cion acu ar a chéile
agus d'fhanadar coitchianta i n-aice a chéile. Bhí león ar charaig
ag faire ortha agus mian mairtfheóla air. Bhí a fhios aige, dá
dtugadh sé fé cheann acu do mharbhadh go gcuirfadh an chuid eile
na h-adharca láithreach ann agus go marbhóchaidís é. Bhí sé i
gcruadh-chás feuchaint cad ba mhaith dhó dhéanamh.



Fé dheire do chuímhnig sé ar shligh 'na dtiocfadh sé ortha. Do
ghluais sé ar measg na gcómharsan agus chrom sé ar uisge fé
thalamh do dhéanamh ameasg na dtarbh. Dúbhairt sé i gcogar leis
an mada ruadh gur airigh sé an tarbh ceanfhion 'ghá radh gur tharbh
gan mhaith an tarbh druimfhion. Dúbhairt sé leis an meaig gur
airigh sé an tarbh donn 'ghá rádh gur bhitheamhnach an tarbh ceanfhion.
Dúbhairt sé leis an bhfiach ndubh gur airigh sé an tarbh dubh 'ghá rádh
go raibh an tarbh donn ar tí an tairbh cheanfhinn do mharbhadh.



Bá ghearr go raibh an mada ruadh ar an ínse, 'na shuíghe ar
thúrtóig, agus an fiach dubh tamal uaidh anonn, ar ghéig fuinseóige
agus iad 'ghá ínsint d'á chéile cad dúbhairt an león. Bhí an meaig
ag imtheacht ó dhrom tairbh go drom tairbh eile agus é ag sgeath-
aireacht.



"Cad tá ag an mbeirt úd thall d'á rádh?" arsa tarbh de'n
cheathrar, i gcogar, leis an meaig. Ba ghearr go raíbh an chogarnach
go léir ínste dhóibh ag an meaig. D'inis sé an sgéal i gcogar
do gach tarbh fé leith sa tímpal.



As sain amach do tháinig droch iontaoíbh ag an gceathrar as a
chéile. Chuireadar suas de labhairt le chéile acht go h-anamh agus
go cosantach. I ndiaidh ar ndiaidh do dhruideadar ó chéile. Fé
dheire d'imthígheadar a' radharc a chéile.



Ansan do tháinig an león ortha, agus do mhairbh sé iad agus
d'ith sé iad ar a shástacht, 'na gceann a's 'na gceann.



An Múineadh.



Ní neart go cur le chéile.



Ní laige go sgaipe.



"Tá duine ann is measa 'ná an t-áirseóir, fíor na Croise
idir sinn a's é! 'Sé sin an tiúsgalóir."



Éire i bpáirt - Éire ar lár.


L. 8


8. Na Frogana a' lorg Rígh.



Bhí loch breágh mór fairsing i lár machaire, agus é lán ó thaobh
taobh d'fhroganaibh. Frogana breághtha sleamhne beathuighthe b'eadh
iad. Bhí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid
acu críona, cuid acu buídhe agus cuid acu crón. Acht beag agus
mór dóibh, buídhe agus crón dóibh, óg agus críona dhóibh, ní raibh
oiread agus aon fhrog amháin acu go raibh buairt ná brón ná easba
sláinte air. Ní raibh de ghnó ná d'obair ná de chúram ortha, ó
mhaidin go h-oídhche acht bheith ag snámh anonn 's anall tríd an
uisge, nó ag caitheamh trí léim táiliúra de dhruim achéile, nó 'gá
n-iomlosg féin sa ghlóthaig. Dar leó níor deineadh ceól síghe
riamh ba bhreághtha 'ná an ceól a bhiodh acu agus iad ag crónán
agus ag cnádán agus ag cneadaig, mór thímpal an locha. Do
cluintí an dórd seacht n-acra ó'n loch, i dtreó, nuair bhíodh an
mada ruadh nó an giorfhiadh ag teacht abhaile ó'n bhfiadhach go sta-
daidís tamal ag éisteacht leis an bhfoghar mbreágh.



Dá fheabhas a bhí an saoghal acu ní rabhdar sásta. Thuigeadar
na n-aigne go raibh aon easnamh amháin ortha agus ná raibh maith
ar bith i n-aon nídh d'á raibh acu muna leighisfí an t-easnamh san
dóibh.



B'é easnamh é sin 'ná iad do bheith gan rígh os a gcionn. "Is
truagh," ar siad, "gan rígh uasal os ár gcionn, agus é 'na shuighe
'na chathaoír ríoga, agus a choróinn ríoga ar a cheann aige, agus é
ag déanamh dlighthe agus riaghalta dhúinn!"



Isé Iupiter do dhéineadh agus do bhriseadh ríghthe sa n-am san.
Thiomáineadar teachtaireacht ag trial ar Iupiter 'ghá iaraidh air
rígh thabhairt dóibh. "Imthigh," arsa Iupiter le n-a ghiolla, "agus
tabhair rígh dhóibh siúd." "Cad é an rígh a thabharfad dóibh?" arsan
giolla. "Déanfaidh sail mhaith mhór ghiúise a ngnó," arsa Iupiter.



D'imthig an giolla agus d'aimsigh sé sail mhór ghiúise agus
thug sé leis í agus chaith sé chúcha isteach í, i lár an locha. Nuair
thuit an tsail sa loch do stealladh an t-uisge sa spéir agus do
baineadh a leithéid sin de gheit as na froganaibh gur shádhadar iad
féin d'aon tsádh amháin síos ins a' draoíbh a bhí i mbun an locha,
agus ná raibh gíocs ná míocs asta go ceann abhfad.



Fé dheire, nuair nár airigheadar a thuille fothraim, do thóg frog
acu a cheann agus d'fheuch sé suas. Bhí an tsail ansúd sínte ar
bár uisge agus gan cor ná leid aici dá chur dí. Do ghlaoidh an
frog san láithreach ar an gcuid eile. "Éiríg," ar seisean, "agus
téanam go bhfeiceam an rígh!"



D'eiríghdar, go maol agus go modhmhail ar dtúis. Thánadar
go réidh i dtreó na saile. Do shnámhdar 'na tímpal agus fan a
dhá taobh síos agus suas. Ansan do shnámhdar treasna fúithi
anonn agus anall. Níor chuir sí cor dí, nídh nách iongna. Ba
ghearr gur chuadar i ndánacht. Ba ghearr gur léim frog acu anáirde


L. 9


uirthi. Ba ghearr go rabhdar anáirde uirthi 'na bhfichidibh. Níor chuir
sise cor dí.



"Ach!" ar siad, "ní'l sa rígh seo acht rígh gan mhaith!"



Thiomáineadar teachtaireacht eile ag trial ar Iupiter 'ghá
iaraidh air rígh do chur chúcha "go mbéadh gníomh ann."



"Imthigh," arsa Iupiter le n-a ghiolla, "agus tabhair dóibh siúd
rígh go mbéidh gníomh ann."



D'imthigh an giolla agus thug sé leis athair nímhe, árachtaídhe
do phéist mhór chraosach, agus chaith sé sa loch chúcha an phiast. Ní
túisge thúirling an phiast sa lóch 'ná ghluais sí i ndiaigh na bhfrogana
'ghá n-ithe ar a díthchioll.



Do liúghdar ar Iupiter an phiast do thógáilt uatha.
"B'fhéidir," arsa Iupiter, "dá olcas é go dtiocfadh rígh ba mheasa
'ná é 'na dhiaigh chúghaibh."



"A!" ar siad. "Is truagh chráidhte nár fhanamair mar bhí
againn ar dtúis. Is maith is cuímhin linn a fheabhas a bhí an saoghal
againn!"



"An t-é ná béidh ciall aige béidh cuímhne aige," arsa Iupiter
leó.



9. - An Mac agus a Mháthair.



Bhí an mac ar sgoil agus ghoid sé leabhar ó sgoláire eile.
Nuair tháinig sé abhaile agus an leabhar aige is amhlaidh a mhol an
mháthair an gníomh a bhí déanta aige. Ba ghearr gur ghoid sé tuille
agus má ghoid do mhol sí níos fearr é.



Fé mar a neartuigh sé sa n-aois do chruaidh sé sa ghaduígheacht
agus thug sé a lán neithe ba dhaoíre 'ná a chéile chum a mháthar.



Fé dheire do rugadh air agus do daoradh chum a chrochta é.
Bhí sé thuas ar an gcroich agus an teud fé n-a mhuineál. Bhí a
mháthair 'na seasamh ag bun na croiche agus í ag gol.



D'iar sé ar an lucht coimeádta leigint dó focal do labhairt
léi. Do leigeadh anáirde í. Do chrom sé a cheann chum a cluaise
mar bhéadh sé chum cogair a thabhairt dí. I n-a inead san is amhlaidh
a rug sé ar chluais uirthi le n-a fhiacalaibh. Do bhain sé an chluas
ó'n gceann dí!



Do sgread a raibh láithreach le grain ar a leithéid de ghníomh
ag mac d'á dheanamh ar a mháthair agus é ag dul chum báis.



"Stadaig, a dhaoíne maithe," ar seisean. "Cé is dóich libh a
thug chum na croiche seo mise?" ar seisean. "Sin+í ansan í," ar
seisean. "Dá ngabhadh sí orm go maith le slait an lá a ghuideas
an leabhar ní ghuidfinn a thuille agus ní bhéinn anso anois."



An Múineadh.



Tosach an uilc isé is usa do chosg.



"Nuair chruadhan an tslat is deacair í shníomh."



"Ní bhíon an rath acht mar a mbíon an smacht."


L. 10


AESOP
a tháinig go h-Éirinn.



Cuid II.



10. An Mada Ruadh sa Tobar.



Thuit mada ruadh síos i dtobar lá. Bhí an tobar ró dhoimhinn
agus na fallaídhe 'n-a thímpal ró shleamhain agus do theip air
teacht ainíos. B'é a dhíthchioll é féin do choimeád gan dul fé
uisge.



Thárla do mhachtíre bheith ag ghabháil thar an dtobar. D'
airigh sé an rud ag coruíghe thíos ins a' tobar. D'fheuch sé síos.
"Ó! a Reinaird an chroídhe 'stig!" ar seisean, "cad d'imthig
ort, nó conus a chuais ansan síos! Ó! Ó! Ó! Mo thruagh thu,
a fhir bhocht! Go deimhin féin agus go dearbhtha is oth liom go
mór a leithéid de mhatalang do thuitim amach duit. Ó! go
deimhin agus go dearbhtha is fada nár tháinig aon nídh crosda
orm is mó chuir de chathúghadh orm 'ná tu fheicsint i n-a leithéid
de chás."



Chómh luath agus fuair an mada ruadh caoí ar fhocal do
labhairt do labhair sé. "Is maith an rud truagh bheith agat do
dhuine, gan amhras, acht dá ndéintá iaracht éigin ar mé tharang
amach as an áit seo," ar seisean, "ba dhóich liom gur thairbhíghe é
'ná a bhfuil de chaint agat."



An Múineadh.



"Ní chothuíghid na bréithre na bráithre."



11. - An t-Athair Nímhe agus an Portán.



Do thárla portán agus athair nímhe i n-aontígheas. Bhí an
portán macánta díreach 'na mheón agus 'na chroídhe. Níor mhar
sin do'n athair nímhe. Bhí sé 'na lúbaire cham chealgach. Níor
thaithn an lúbaireacht agus an camastuíol leis an bportán. Thug
sé cómhairle a leasa go minic do'n athair nímhe acht ní raibh aon
mhaith dhó ann. Bhí an cam agus an cheilg sa n-athair nímhe do
réir dúthchais agus ní chuirfadh an saoghal fhiachaibh air iad do


L. 11


chaitheamh uaidh. Fé dheire tháinig eagla ar an bportán roimis.
Tháinig droch amhras aige air, agus droch iontaoibh aige as.
"Marbhóchaidh sé mé oídhche eigin agus mé am chodla!" ar
seisean. "Tá sé chómh maith agam tusach do bheith agam air," ar
seisean. Do mhairbh sé an t-athair nímhe an oidhche sin.



Nuair a bhí an t-athair nímhe marbh do bhí sé sínte amach, chómh
díreach le riaghail, ar an úrlár, agus gan cor ná lúb anonn ná
anall ann.



D'fheuch an portán air ar feadh tamail. Fé dheire dubhairt
sé, as a mhachtnamh, - "Dá mbéadh do bheó chómh díreach le d' mharbh
ba shiaide do shaoghal é."



An Múineadh.



An rógaire is caime déinean an bás fear díreach dé.



"Seachain gleacaídhe milis sleamhain."



Ná déin caidreamh le feall nó déanfar an feall ort.



"Is mairg a bhíon thíos ar an gcéad bheárnain."



12. - An Sealgaire agus an Colúr.



Chuaidh sealgaire amach lá ag sealgaireacht. Chonaic sé
colúr ar chrann. Chuir sé saighead fé shraíng a bhogha. Do leig
sé é féin ar a leath ghlúin chum an urchair do chaitheamh. Díreach
le línn é bheith chum an urchair do chaitheamh, agus a ghlúin ag
teacht chum tailimh, do chuir sé órdóg a choise deise ar athair nímhe
a bhí 'na luíghe sa bhféar laistiar dé. Do rug an t-athair nímhe
ar sháil air. Do léim sé suas gan an t-urchar do chaitheamh agus
do chuaidh an t-eun saor.



Do ghluais an nímh ó fhiacal na péiste tríd an sáil agus
tríd an gcois agus tríd an gcolainn ar fad, agus ba ghearr go
raibh an duine i n-uadhacht bháis.



"Á!" ar seisean. "Tháinig an t-olc tímpal. An bás a
cheapas do'n eun isé is trúig bháis dom féin!"



An Múineadh.



An t-é dheinean an t-olc is air a bhíon iarsma an uilc, .i. an
peacadh. Ní túisge thugan an duine toil do'n pheacadh 'ná
shatlan sé ar athair nímhe. Cuirean an peacadh fiacal nímhe ann
agus gabhan an nimh sin tré n-a chroídhe agus tré n-a anam.



Téidhan an t-éun saor, ámh. Ní théidhan an peacadh thar an
t-é dheinean an t-olc. An t-é fhuilgean an t-olc ní bhíon aon
smól de'n pheacadh air.


L. 12


13. - An Fear agus a Chlann Mhac.



Bhí fear ann, agus bhí ainim airgid air, agus bhí sé ag dul
chum báis. Ní fheidir aoinne dh'á chlaínn cá raibh an t-airgead i
bhfolach aige, agus bhí eagla ortha go bhfaghadh sé bás gan an áit
d'ínsint d'aoinne agus go mbeidís i n-éaghmais an airgid. Tar
éis machtnaimh agus cómhairle dhóibh, isé cheapadar gur bh' fhearr a
fhiafraíghe dhé cá raibh sé i bhfolach. Níor thug sé freagra ortha go
ceann abhfad. Chuireadar an cheist chuige airís agus airís eile.
Fé dheire dúbhairt sé, "Tá sé curtha troig goileith i dtalamh, sa
pháirc sin amuich." Níor fhéadadar a thuille eóluis d'fhághail
uaidh. Fuair sé bás agus do cuireadh é.



Siúd ag lorg an airgid iadsan. Do theip ortha a dhéanamh
amach sa pháirc, áit ba dhóichíghe 'ná a chéile chum an airgid do
bheith ann. Dhéineadar poll thall agus poll abhfus, fé mar
cheapadar go mb' fhéidir go bhfaighdís é, acht ní bhfuaradar a
thuairisg.



Fé dheire thánadar i dtusach na páirce agus do rómhradar
thórsa an uile órlach di, troig go leith ar doimhneas. Ní bhfuar-
adar an t-airgead. Ní raibh sé ann chuige. "Cad a dhéanfam
anois?" arsa duine acu. "Cuirimís arbhar sa pháirc," arsa
duine eile, "agus bíodh rud éigin againn de bhár ár saothair."
Do deineadh san, agus an bara arbhair a bhí ar an bpáirc sin sa
bhfoghmhar a bhí chúgainn do baineadh é agus do buaileadh é agus
cuireadh d'á dhíol é, agus do dhein sé níos mó airgid 'ná mar
cheapadar a bhí i bhfolach agá n-athair ó thusach. Thugadar an
saothrúghadh céadna ar dhá pháirc i gcóir na h-athbhliaghna, agus
dhéineadar a dhá oiread airgid, agus mar sin dóibh go dtí go
rabhdar neamhspleághach go maith.



An Múineadh.



Nuair a bhéir ag dul chum báis fág agad' chlainn cómhairle a
leasa agus fonn na cómhairle sin do dhéanamh ortha. Is ádhbhar-
aíghe dhóibh san 'ná airgead mór.



14. - An t-Aodhre agus an Fharge.



Bhí aodhre ag aodhreacht i n-aice na farge lá breágh samhraidh.
Bhí an t-uisge go sámh agus an ghrian ag taithneamh anuas air. Bhí
long tamal amach ar an uisge, agus a seólta breaghtha geala
uirthi. Bhí an t-aodhre ag feuchaint ar an uisge agus ar an loíng,
agus é ag machtnamh. Dúbhairt sé leis féin, as a mhachtnamh:
"Imtheóchad," ar seisean, "agus díolfad na caoíre seo agus
ceanóchad raint meala agus cuirfad ar bórd loinge í agus


L. 13


béarfad liom anonn tar farge í, agus díolfad í thall ar a dhá
oiread agus chosnóchaidh sí anso. Ansan is gearr go mbeidh airgead
mo dhóithin agam, oiread agus ná béadh go deó agam
de bhár na gcaorach so." Do dhéin sé mar sin. Ní raibh sé acht
lá nó dhó ar an bhfarge nuair 'eirig stoirm agus bhí an long i
rochtaibh a báithte. Chum na loinge do choimeád ar bár uisge b'
éigean do'n fhuirean loinge gach a raibh d'ualach acu do chaitheamh
amach fé'n bpoll. Do caitheadh an mhil amach i dteanta na cod'
eile.



Tháinig an long saor. D'iompuig an t-aodhre airís ar an
aodhreacht. Dob fhada go raibh tréad maith caorach airís aige,
acht do ráinig go raibh i gcionn aimsire. Do thárla mar an
gcéadna go raibh sé lá breágh eile samhraidh ag aodhreacht i n-
aice na farge.



Má ba bhreágh fheuch sí an chéad uair ba dhá bhreághtha 'ná san
fheuch sí an dara h-uair. D'fheuch sé uirthi go dlúth ar feadh
tamail. Ansan do labhair sé. "Tuigim thú!" ar seisean.
"Tuille meala atá uait!"



An Múineadh.



"Breithnigh an abha sul a dtéidhir 'na cuilith."



15. - An Machtíre i gCroicean na Caorach.



Chuir machtíre croicean caorach uime, agus d' imthig sé
ameasg na gcaorach, agus bhíodh sé 'ghá marbhadh agus 'ghá n-ithe a
gan fhios. Fé dheire thug an t-aodhre fé ndeara é. Ní túisge
thug 'ná rug sé air agus chuir sé téad fé n-a mhuineál agus chroch
sé a' géig craínn é.



Tháinig na h-aodhrí eile agus chonacadar, dar leó, an chaora
ar crochadh. "Aililiú!" ar siad, "Cad dob áil leat ag crochadh
na gcaorach?"



"Ní caora atá ann," ar seisean. Agus do bhain sé croicean
na caorach de cheann an mhachtíre. "Siné agaibh é!" ar seisean.
"An bitheamhnach!"



An Múineadh.



"Ná tabhair do bhreith ar an gcéad sgéal go mbeiridh an
dara sgéal ort."



B'fhéidir go mbéadh croicean caorach ar rud agus nár
chaora é 'na thaobh san.



Sul a dtugair do bhreith feuch laistig de'n chroicean.


L. 14


16. - An Machtíre agus an t-Uan agus an Gabhar.



Tháinig machtíre lá ar gabhar, agus uan 'ghá deól. "Tá dear-
mhad ort, a uainín," arsan machtíre. "Ní h-é an gabhar san do
mháthair. Siní thall í, feuch, a+measg na gcaorach."



"Ní fheadar, i ndomhnach!" arsan t-uan. "B'fhéidir gur
bh' iúd í thall mo mháthair, acht ní h-í thóg mé. Ní h-í chothuig mé.
Sidí anso an mháthair do choimeád am bheathaidh mé agus is dí a
leanfad anois."



An Múineadh.



Má fhágan tú do leanbh le h-oileamhaint ag duine iasachta
ní bheidh agat ar ball acht leanbh iasachta.



17. - An Luch Tuatha agus Luch an Bhaile Mhóir.



Thug luch na tuatha cuireadh chum féasta do luch an bhaile
mhóir oídhche. Bhí sean aithne acu ar a chéile. Chuir luch na tuatha
os cómhair a charaid sódhluistí móra, dar leis. Bhí blúire de
bhrioscóid aige a déineadh de'n phlúr ba mhíne agus ba ghile;
blúire de shean bhagún; gráinne mine coirce a bhí go cúmhrtha
agus go deighbhlasta; blúire nua-cháise; agus smut d'abhal dheas,
aibig, mhilis. Níor ith sé féin aon phioc de'n bhia le h-eagla ná
béadh a ndóithin araon ann. Acht chum a leigint air go raibh sé
ag ithe d'aimsigh sé dias cruithneachtan agus bhí sé 'ghá piocadh.



Ní raibh i luch na tuatha acht cábóigín. Duine uasal dob
eadh luch na cathrach. Agus do labhair sé. "Feuch!" ar seisean,
"a dhuine mhuínteartha, ná tóg orm é má dhéinim dánaídheacht
ort. Measaim gur mór go léir an díth céille dhuit bheith ag
caitheamh do shaoghail sa n-áit seo, gan d'inead cómhnuighthe agat
acht poillín cúmhang uaigneach, gan ad thímpal acht móinteáin
agus cnuic agus srutháin, gan de chómhluadar agat acht bheith ag
éisteacht le guth na n-eun. Ba dhóich liom gur bh'fhearr tig breágh
mór sa chathair mar a mbeidhfá ag éisteacht le cómhrádh uasal,
agus mar a bhfeicfá uaisleacht agus órnáid agus breághthacht an
tsaoghail. Téanam ort, a dhuine, láithreach bonn! M'fhocal
duit ná beidh cathúghadh 'na thaobh ort. Cad é an tairbhe do dhuine
a shaoghal muna mbeidh sult nó sásamh nó aoíbhneas éigin aige as!
Ní foláir do bheirt againn a admháil go bhfuil stráice maith d'ár
saoghal caithte againn. Táimíd anso indiu. Ní fios cá mbeidhmíd
amárach. Bíodh pléisiúr an tsaoghail againn an fhaid atá an chaoi
againn air. Téanam ort!"



D'imthighdar. D'éaluíghdar isteach sa chathair le doircheacht
na h-oidhche. Bhí eólus na slíghe go maith ag luch na cathrach.
Chuadar isteach i dtig mhór bhreágh chumasach. Thárla go raibh


L. 15


dínnéar mór agus cuideachta uasal sa tig i dtusach na h-oidhche.
Bhí bia briste ar an úrlár, oiread agus ná h-íosfad fiche luch.
Do cuireadh an luch tuatha ar lár an úrláir, ar bhrat úrláir gur
dhóich le duine gur mhór an peacadh seasamh air. Do cuireadh os
a chómhair sódhluistí nár shódhluistí go dtí iad, bia uasal buacach
nár bhlais sé a leithéid riamh agus nách lúgha 'ná mheas sé go raibh
a leithéid déanta. Isé a bhí ar a shástacht. "Nách truagh," ar
seisean i n-a aigne féin, "ná tánag anso fadó!"



Is ar éigin a bhí an machtnamh san déanta aige nuair a h-
osgladh an dorus agus tháinig daoíne isteach. Do sgiúrd na
luchaig anonn 's anall fé'n dtriosgán. Bhí i n-aonfheacht leis
na daoíne piarda de ghadhar mhór mhichuíbhsach, maistín grána
colgach agus é ag léimrig ar fuaid an úrláir, agus go gcrithidís
fallaí an tíghe le gach olbhúir de ghlam d'á gcuireadh sé as. Bhí
an luch bocht iasachta i dteanta. Do stadadh a anál, agus ba
bheag ná go dtuiteadh an t-anam as, i n-aghaidh gach ulfairte d'á
gcuireadh an gadhar mór as.



I gcionn tamail d'imthig na daoíne amach agus d'imthigh an
gadhar mór i n-aonfheacht leo, agus do dúnadh an dorus.



Ansan do labhair luch na tuatha le n-a charaid. "Má sé seo
saoghal atá agatsa anso," ar seisean, "ní beag liomsa dhé!"
D'éaluigh sé amach agus d'éaluigh sé abhaile, agus ba mhaith an
t-é fhéadfadh é mhealladh i dtreó na cathrach airís. Nuair bhuail-
idís na luchaig a bhí sa chómharsanacht uime ó am go h-am agus
nuair fhiafraighdís dé cad é an saghas áite an baile mór ní
fhéadaidís a fhághail as choídhche acht - "Ní cathair mar a thuairisg
é!"



An Múineadh.



Seachain aér an tsaoghail. Seachain an uaisleacht nár
thaithíghis.



"Ní cathair mar a tuairisg í."



"Is buan fear 'n-a dhúthaigh."



18. - An Fhiolar agus an Mada Ruadh.



Bhí fiolar ag soláthar d'á h-ál maidion. Do chonaic sí ag
bruach pluaise, 'ghá ghrianadh féin, coileán an mhada ruaidh. Do
thúirling sí air agus do sgiob sí chum siubhail é 'n-a dhá crobh.
Chonaic máthair an choileáin í ag imtheacht agus an coileán aici.
"Ó!" ar sise, "ar ghrádh th'oinig, a eun uasal, ná beir uaim mo
choileán breágh beathuighthe ruadh, agus gan agam acht é!" Níor
thug an fhiolar aon toradh uirthi. Bhí daoíne i gcómhgar na h-áite
agus altóir déanta acu, agus bhí teine acu ar an altóir chum
ídhbirte. D'imthig an mada ruadh agus do sgiob sí de'n altóir


L. 16


smailín adhmaid agus é ar lasadh, agus siúd anonn í go dtí an
crann daraighe 'na raibh nead an fhiolair thuas ann. Bhí cruinniú-
ghadh mór de dhuileabhar fheóchta agus do bhrosna agus de chipineach
ag bun an chrainn. Nuair chonaic an fhiolar an mada ruadh ag
teacht agus an teine aici, tháinig sgannradh uirthi sul a loisgfí a
nead agus a h-ál. "Ó! stad, stad," ar sise. "Gheabhair do
choileán." Thug sí léi anuas an coileán láithreach agus chuir sí
uaithi é, slán foláin, ag bruach na pluaise, mar a bhfuair sí é.



An Múineadh.



Ná déin an éugcóir. Dá shuaraíghe é an t-é go ndéanfair
an éugcóir agus an lámhláidir air, beidh sé suas leat ar chuma
éigin, luath nó mall, agus ní tu is fearr a thiocfaidh as.



19. - An Frog agus an Luch.



Bhí imreasán mór tráth idir an bhfrog agus an luch, feuchaint
ciacu go mbéadh an túrtóg aige. Bhí an frog ró láidir do'n
luich agus is minic a thagadh sé uirthi de léim agus do dtugadh
sé folthachtadh dhí. Acht bhí an luichín glic aicillighe, agus is minic
a thagadh sí laistiar de'n bhfrog agus ná h-airígheadh sé í go
mbaineadh sí droch mhiotóg as, a chuireadh ag sgreadaig é.



Fé dheire cheapadar lá chum an sgéil do throid amach ar
ghálaibh aonair.



Tháinig an dá ghaisgídheach ar an láthair catha agus isé arm a
bhí ag gach gaisgídheach acu 'ná brobh maith láidir luachra agus bior
air. Do throideadar go calma crógha ar feadh tamail agus ba
mhaith chuige iad. Acht le méid a bhfuath d'á chéile agus le méid
a ngúbha do'n chómhrac níor thugadar fé ndeara an seabhac. Acht
do chonaic seisean iadsan. Do shleamhnuig sé anuas ortha agus
do sguab sé chum siúbhail iad, an luch i gcrobh leis agus an frog
sa chrobh eile.



An Múineadh.



Cogadh carad caoí namhad.



"Ní bhíon an rath acht mar a mbíon an smacht." An chéad
smacht 'na achéile smacht ar dhuine féin. An mhuíntir ná cuirfidh
smacht ar a mioscais féin, ní bheidh choídhche acht ag bruighean agus
ag clampar agus ag troid, ag ithe a chéile agus ag stoladh a
chéile, agus na cómharsain ag magadh fútha, go dtí fé dheire go
dtagan a namhaid aicionta agus go gcuirean sé a mhalairt de
chúram ortha.



Is usa do dhuine é féin 'ghá smachtúghadh féin 'ná a namhaid
'ghá smachtúghadh.


L. 17


AESOP
a tháinig go h-Éirinn.



Cuid III.



20. An Dá Fhrog.



Bhí dhá fhrog 'na gcómhnuighe i lochán ar feadh abhfad. Tháinig
samhradh tirm agus thiormuig an lochán agus b'éigean do'n bheirt
gluaiseacht ag lorg inid' cómhnuighthe. Thánadar go dtí tobar.
Bhí sé doimhinn acht bhí uisge breágh ionfhuar thíos ann.



"Léimimís síos," arsa frog díobh. "Táim dhom losgadh le
tart."



"Stad," arsan frog eile. "Dá mbeimís thíos agus go
ráineóchadh an tobar so do dhul i ndísg fé mar chuaidh ár lochán,
conus thiocfimís ainíos?"



An Múineadh.



"Breithnig an abha sul a dtéidhir 'na cuilith."



Ná h-éirig isteach go mbeidh a fhios agat conus thiocfir
amach, le h-eagla go bhfanfá istig.



21. - An León, an Beithir, a's an Mada Ruadh.



Do mhairbh fiagaídhe eilit óg. Tháinig león agus beithir i n-
aonfheacht ar an eilit agus do theith an fiagaídhe. Cheap an león an
fheóil do bheith aige. Cheap an beithir í bheith aige féin. D'
iompuighdar ar a chéile agus throideadar go fíochmhar. Throidea-
dar go rabhdar tnáithte. I ndeire an chatha bhíodar sínte agus
gan ionta coruíghe, agus an eilit mharbh eatartha. Ansan do
tháinig an mada ruadh agus d'árduig sé leis an fheóil os cómhair
a súl agus gan ionta oiread agus drantúghadh chuige.



"Is truagh nár roinneamair an fheóil!" ar siad.



An Múineadh.



"Díng de'n liobhán a sgoilean í féin."



"Lámh-láidir agus lámh-láidir eile: - Eatartha féin is fearr
é."



"Nuair throidid na fathaig is rígh an t-abhac."


L. 18


22. - Geallamhna an Fhir Bhreóite.



Bhí fear ann agus bhí sé ar a leabaidh agus taom trom
breóiteachta air. Gheall sé d'Apolo agus d'Aesculapius go
ndéanfadh sé ídhbirt míle damh chúcha acht é leigheas. Bhí a bhean
ag éisteacht leis. "A dhuine a chroídhe 'stig!" ar sise, "cá
bhfaghfása míle damh le h-idhbirt!" "Éist do bheul, a bhean gan
chiall," ar seisean. "An amhlaidh a mheasan tú ná fuil aon
chúram eile ar dhéithibh acht bheith ag teacht ag éileamh fiach ar mo
leithéidse de bhochtán!"



Do leighseadh é ámh. Nuair a bhí a shláinte aige d'imthig sé
agus d'aimsig sé raint márla buídhe agus d'fhliuch sé é, agus
dhéin sé mairtaol de. Ansan do chúm sé as an mairtaol míle
damh beag deas bréige. Do thiormuig sé iad agus do ghlan sé
iad agus chuir sé ar altóir iad agus d'ídhbir sé iad chum na ndéithe
úd.



Níor bh' fhada gur dhíol an fear bocht as an gcleas san.
Déineadh taibhreamh dó. Do taisbeánadh dó go raibh próca óir i
bhfolach ar bruach na farge i n-a leitheid siúd de chúinne, agus do
taisbeánadh an cúinne dhó. D'imthig sé sa n-oídhche ag lorg an
óir. An fhaid a bhí sé ag taíde ar an ór tháinig fomaraig isteach
ó'n bhfarge agus do rugadar air agus chuireadar ar bórd na
loinge é, 'ghá bhreith leó. Do gheall sé láithreach deich míle púnt
dóibh acht é leigint uatha. Gháireadar. "Dá ngeallthá beagán,"
ar siad, "b'fhéidir go gcreidfí thu."



Do rugadar leó é agus dhíoladar é 'na sclábhach.



An Múineadh.



Tá daoíne ann agus nuair bhíon teinneas nó trioblóid ortha
ba dhóich leat ortha go dtabharfidís an saoghal mór do Dhia na
glóire, moladh go deó leis! Ansan, nuair castar sláinte ortha
agus bhíon an saoghal ar a dtoil acu, níor dhóich leat ortha aon
Dia bheith i n-aon chor ann. Is olc an chrích a bheirean a leithéidí,
ámh. Is i ndiaig an tsaidhbhris a bhíd go dtí go dtagan an
fomarach, .i. an t-áirseóir, ortha agus go mbeirean sé chum
siúbhail leis iad.



23. - An Capal agus an t-Asal.



Bhí capal uasal uaibhreach óg, agus eire catha air, agus é ag
gluaiseacht fé dhéin an chatha. Bhí ialait ghreanta air agus srian
bhreágh go raibh béalbhach airgid inti. Bhí sé óg láidir cuthaig.
Bhí gal as a shróin, agus bhí cúbhar geal le n-a chorán. Do thárla,
roimis amach ag gabháil an bóthar céadna, asal bocht agus é tuir-
seach agus ualach trom air.


L. 19


"Fág an tslígh uaim nó geabhad de chosaibh ionat, a rud gan
mhaith!" arsan capal, agus ba bhorb é a ghlór.



Do dhruid an t-asal i leith taoibh agus do ghluais an capal
cogaidh thairis amach ar cos anáirde agus teine chreasa aige d'á
bhaint as na clochaibh.



Chuaidh sé sa chath. Níor mharbhadh ann é acht do baineadh an
tsúil as. Nuair bhí sé ar leath-shúil ní raibh a thuille maitheasa
ann chum cogaidh. Do díoladh le tíncéir é. Níor cuireadh an
ialait ghreanta ná an tsrian bhreágh a thuille air. Do cuireadh
ar chapal éigin eile iad. Do chuir an tíncéir sean shrathar fhada
air, agus chuir sé sean cheannrach cnáibe air, agus níor thug sé
leath a dhóthana le n-ithe dhó. Ba ghearr go raibh an mhórtais agus
an mhórdháil agus an mhórchúis agus an teasbach bainte i gceart
dé. Ba ghearr go raibh moíng ghiobalach air, agus glúine briste
aige agus cromán árd agus asna lom agus muinéal sgrogach.
Bhí sé fiona-chas féithleach trochailte, agus earbal sgáinte air.



Sa riocht san dó, bhí sé ag dul ar aonach agus ualach
giúirléidí air, agus do bhuail an t-asal céadna úd uime.



"Seadh!" arsan t-asal, "an tusa san? Ní dóich liom gur
baoghal d' aoinne go ngeabhair de chosaibh ann indiu, munab
ionan agus an lá úd!"



An Múineadh.



"Is mairg a labhran go teann!"



Is olc é an t-eirghe anáirde. Nuair bhíon sé suas ní bhíon
uraim dó. Nuair bhíon sé síos ní bhíon truagh dhó. Chonách air é!



"Go réidh! a bhean na dtrí mbó."



24. - An Cromán agus na Colúra.



Cromán a bhí ar feadh abhfad ag imtheacht anonn 's anall
agus mórthímpal sa n-aér, os cionn tíghe na gcolúr, agus gidh
gur mhinic a bhí foghadh santach aige dh'á thabhairt fé cheann acu,
bhíodar ró chliste dhó agus do theip air breith ar aon cheann acu.



Fé dheire do chuímhnigh sé ar sheift. Tháinig sé agus do
labhair sé leó.



"A cholúra," ar seisean, "is eagal liom go bhfuil droch
iontaíbh éigin agaibh asamsa. Má's fíor é is mór an dearmhad
atá oraibh. Ní'l uaimse acht an tairbhe is mó fhéadfainn, do
dhéanamh daoíbh. Ní'l am baint de'n tsaoghal acht gan coimeád
agus cosnamh feidhmeamhail do bheith ar chóir agus ar cheart bhúr
sínsear agaibh. Dá mb' áil libh rígh dhéanamh díomsa agus mé
ghlacadh i nbhúr measg níor ghádh dhaoíbh choídhche eagla namhad istig
ná amuich do bheith oraibh. Dá dtigheadh fiolar nó seabhac, faolchú


L. 20


nó mada ruadh, áracht aeir nó olphiast talmhan, ag cur isteach
oraibh, mise do throidfadh iad, agus d'imreóchadh bás le gob a's
le h-ingnibh ortha, nó thabharfadh a leithéid sin de sgeimhle agus d'
anfa dhoibh, 'ghá ruagadh agus 'ghá ndíbirt, nár bhaoghal go bhfíll-
fidís."



Thuigeadar na colúra gur bhreágh go léir an sgéal dóibh rígh
de'n tsórd san do bheith os a gcionn agus gur acu bhéadh an
saoghal sámh fé n-a chumas agus fé n-a chosnamh agus ar a sgáth.



Ghlacadar 'n-a rígh os a gcionn é. B'éigean dó a dhearbhúgh-
adh go daingion go mbeadh sé 'n-a rígh chóir chothrom ortha, agus
dhearbhuígheadar-san bheith dílis dúrthachtach dó-san.



Ba ghearr go bhfeacadar nídh a chuir iongna ortha. Os a
gcómhair amach, gan blúire iongna 'na thaobh air, do rug sé ar
cholúr acu agus do mhairbh agus d'ith! D'fheuchadar ar a chéile
agus d'fheuchadar air-sean. Níor chuir sé suím ar bith ionta.
Ar ball dúbhairt sé go neamhthuairimeach, ná raibh ann acht a
dhualgas rígh dhó, colúr do mharbhadh anois agus airís nuair bhéadh
mian feóla air. Chuir sé 'na luighe ar a chlainn gur sroich an
dualgas céadna iadsan. Ansan iseadh thuigeadar na colúra
gur dheineadar dearmhad. Acht bhí sé fuar acu bheith 'ghá thuigsint
an uair sin. Níor thuigeadar i n-am é.



An Múineadh.



Ná glac duine choídhche ar a thuairisg féin.



"Ní h-aitheantas go h-aontígheas."



25.- Iupiter agus an Bheach.



Thug beach tabharthas do Iupiter, .i. raint meala 'na criathar.
Bhí sé chómh buidheach san di go ndúbhairt sé léi a rogha aisce d'
iaraidh air agus go raibh sé le fághail aici. D'iar sí air, an t-é
go gcuirfadh sí cealg ann go mba thrúig bháis dó é. Ba dheacair
leis-sin an aisce sin do thabhairt do phéistín chómh mioscaiseach,
gan cosg éigin do chur léi ann. "Tá do mhian agat," ar seisean,
"acht seachain! Beidh sé 'na thrúig bháis agat féin leis, mar
fágfair an chealg."



An Múineadh.



Is olc í an mhioscais. Ar nós na ceilge agus na beiche, is
pian í do'n t-é ar a n-imeartar í agus is bás í do'n t-é imrean
í; .i. bás an pheacadh mhairbh.



"Tighean an bhréag tímpal." Fillean an mhailís sa chúl
uirthi féin.



An fhaid a chruinníghean an bheach mil bíon an rath uirthi. Ní
túisge thiomáinean sí an chealg 'ná 'tá deire léi.


L. 21


26. An Ghráinneóg agus na h-Aithreacha Nímhe.



Tháinig an ghráinneóg go dorus pluaise na n-aithreach nímhe
oídhche sheaca, agus d'iar sí bheith istigh ortha. Do leigeadar
isteach í ó bhí an oídhche chómh fuar. Shocruig sí í fein ar lár an
úrláir agus dhein sí liarthóid dí fein, agus shín sí na deilgne
amach mór-thímpal uirthi féin, i dtreó ná féadfadh aoinne dul na
goire. Ní fhéadadh athair nímhe gabháil tháirse, síos ná suas, ná
prioctí é.



"Feuch!" ar siad, "tá an phluais seo beag ár ndóithin
againne féin. Ní foláir duitse bheith ag imtheacht."



"Ambasa," ar sise, " "an t-é leis gur cúmhang fágadh!"
Ní'l aon locht agamsa ar an áit seo."



An Múineadh.



"Ní h-aitheantas go h-aontígheas."



Cheap na h-aithreacha nímhe ná bhéadh aon bhac ortha an
ghráinneóg do chur amach pé uair ba mhaith leo é, nó fiacal nímhe
do chur inti. Níor chuímhnígheadar riamh ar na deilgníbh.



27. An Sean Phoc agus an Laogh.



Bhí sean phoc ann agus bhí sé amach i mbliaghanta na tuigsiona
go maith, acht ba "ag dul i n-aoís ag dul i n-olcas" dó. Fé
dheire bhí sé iompuighthe amach chómh goirgeach san ná féadadh sé
stad gan bheith coitchianta ag spriúchadh agus ag adharcáil agus
ag búirthig, i dtreó go raibh an tréad go léir cráidhte ciapaithe
aige. Bhí laogh óg ag féuchaint air lá agus ag éisteacht leis.
Do dhein sí air suas agus do labhair sí leis. "Féuch!" ar sise,
"a leithéid seo. Táir-se ana láidir, ana bhuacach ar fad. Táir
teasaídhe, nímhneach, fióchmhar feargach. Bíon sgannradh orainn
go léir rómhat. Acht ní túisge chloistear glam gadhar nó géim
adhairce 'ná siúd ar teithe thu an fhaid bhíon sé ad chosaibh."



"A 'ngín ó," ar seisean, "is fíor do chaint agus ní'l am
mhilleadh acht nách féidir liom féin an nídh sin do thuigsint. Tá
neart agus misneach ionam, agus is minic a cheapaim am aigne
aghaidh do thabhairt ar an gcéad thóir eile agus idir ghadhair agus
daoíne do mharbhadh. Measaim an uair sin go marbhóchainn a
bhfuil de ghadharaibh i n-Éirinn, bíon a leithéid sin de chródhacht
agus de mhisneach croídhe ionam. Acht nuair thagan an tóir ní
fhanan a chuímhne sin agam. Gluaisid mo chosa uatha féin, ba
dhóich leat, agus sguabaid siad chum siúbhail mé i dtreó go mbíon
iongna orm cá dtagan an fuinneamh go léir ionta."


L. 22


An Múineadh.



"Is treise dúchas 'ná oileamhaint."



"Brisean an dúchas tré shúilibh an chait."



"An fhaid a mhairfir féin iseadh mhairfidh do bhéas."



"Mar a mhairis riamh iseadh mhairfá choídhche
Ó thúis an chluiche go deire na sgríbe." (An Peacach agus an
Bás).



28. - An León agus an Machtíre agus an Mada Ruadh.



Bhí an león ag dul i n-aoís, agus bhí sé gan bheith ar fóghnamh.
Tháinig na beithígh go léir go h-úmhal 'ghá fhéuchaint acht amháin an
mada ruadh.



"Ní fheadar cad 'tá ag coimeád an mhada ruaidh," arsa'n
león.



"Tá a fhios agamsa cad 'tá 'ghá choimeád," arsa'n machtíre.
"Ceapan sé nách baoghal dó feasda tú, agus ní fhéadfadh sé gan
a dhroch iompur do thaisbeáint."



Bhí an mada ruadh amuich ag éisteacht leis an gcaint. Do
phreab sé isteach láithreach. "A rígh onóraig!" ar seisean, "gabh
mo leathsgéal! Bheinn anso fadó riamh acht tá an dúthaig
siúbhalta agam ag lorg leighis do t'onóir, agus tá an leigheas
agam, le toil t'onóra."



"Is maith é sin! Is maith é sin!" arsa'n león. "Cad é
an leigheas é? Inis é. Inis é."



"Tá," arsa'n mada ruadh, "an croicean do bhaint beó de
mhachtíre agus é fhilleadh teith ar do cheann."



Bhí an machtíre ag éisteacht leis. Do rugadh air agus
baineadh an croicean dé beó.



An Múineadh.



"Díng de'n liobhán a sgoilean í féin."



29. - An Mada Ruadh agus an Machtíre.



Bhailig machtíre stór mór i bpluais, agus ansan cheap sé
fanamhaint sa phluais ar a shástacht an fhaid a leanfadh an lón.
D'airig an mada ruadh an sgéal. Tháinig sé chum na pluaise.


L. 23


Bhí an dorus dúnta. Ghlaoidh sé. "Ó! imthigh leat féin," arsa
'n machtíre. "Táim gan bheith ar fóghnamh."



"Tuigim!" arsa 'n mada ruadh. "Doicheal atá air. Acht
béadsa suas leis."



D'imthigh sé agus do sgéidh sé ar an machtíre. D'inis sé
do'n aodhre go raibh droch bheithídheach éigin sa phluais. Tháinig an
t-aodhre agus píce aige agus mhairbh sé an machtíre.



Ansan do chuaidh an mada ruadh chum cómhnuighthe sa phluais
agus bhí soláthar an mhachtíre aige agus bhí sé ar a shástacht.



Ní ró fhada a bhí. Ba ghearr gur tháinig an t-aodhre céadna
chum na pluaise airís, féuchaint an raibh aon mhachtíre eile ann.
D'fhéuch sé isteach. Chonaic sé an rud beó istig agus ní túisge
chónaic 'ná sháidh sé an píce ann, agus do mhairbh sé an mada ruadh.
Sin mar imthig ar an mada ruadh de bhár a ghliocais.



An Múineadh.



Fillean an feall ar an bhfeallaire.



30. - Na Giorfhithe agus na Frogana agus an Ghaoith.



Tháinig gaoith mhór agus bhí sí ag lúbadh na gcrann, agus
tháinig a leithéid sin d' anfa ar na giorfhithibh gur cheapadar
imtheacht as an saoghal ar fad, mar ná féadfidís an t-éirleach
d'fhulang. Ghluaiseadar chum siúbhail. Thánadar go bruach locha
agus bhíodar chum iad féin do bháth. D' airígheadar an fothram
sa n-uisge. Cad a bheadh ann acht sguainthe frogana agus iad ag
teithe le n-a n-anam ag dul fé uisge sa loch.



Bhí sean ghiorfhiadh tuigsionach ar na giorfhithibh. "Stadaig, a
ghiorfhithe!" ar seisean. "Ní h-againne amháin atá an saoghal
go h-olc. Má's fiú dhóibh siúd a n-anam do bhreith saor leó fé
uisge ba chóir gur bh' fhiú dhúinne aire thabhairt dúinn féin ar an
dtalamh dtirim. Dá olcas atá an sgéal againn anois b'fhéidir
muna bhféuchfimís romhainn go mbéadh an sgéal níos measa
againn."



An Múineadh.



"Is mairg a báitear i n-am an anaiche;
'S go dtigean an ghrian indiaig na fearthana."


L. 24


AESOP
a tháinig go h-Éirinn.



Cuid IV.



31. - Bean na Circe.



Bhí bean ann agus bhí cearc aici, agus bheireadh an chearc ubh
i n-aghaidh an lae. Cheap an bhean bhocht dá dtugadh sí breis le
n-ithe do'n gcirc go mbearfadh an chearc dhá ubh i n-aghaidh an lae.
Chómh maith do thug. Isé rud a dhein an chearc, ámh, 'ná dul i
raímhre agus stad de bhreith.



An Múineadh.



"Níor mheasa do dhuine rud a dhéanfadh díoghbháil dó 'ná rud
fóghanta."



Sáruíghean an tsaint í féin.



Tá daoíne agus ní foláir leó gach aon rud do chur i bhfeabhas.
Má tá rud chómh maith agus is féidir dó bheith, ní foláir dó dul i
n-olcas le h-athrúghadh. Isé a bhuac gan baint leis.



32. - An Áinle agus na h-Éin eile.



Bhí ros lín ag fear d'á chur i bpáirc. Chonaic an áinle é.
D'imthig sí agus bhailig sí na h-éin eile. "Féuch," ar sise leó,
"tá sé siúd ag cur rois. Is as an ros san d'fhásan an líon d'a
ndéintear na líonta le n-a mbeirtar ar éunaibh. Téanaíg
liomsa laithreach agus piocaimís an ros as an ithir sul a mbeidh
uain aige ar phréamhúghadh. Ansan ní bheidh an líon ann agus ní
féadfar na líonta do dhéanamh 'ná iad do chur rómhainn chum ár
marbhthe."



Níor chuireadar suím inti. Níor piocadh an ros agus do
phréamhuig sé agus tháinig an líon os cionn tailimh.



Bhailig an áinle na h-éin airís.



"Féuch," ar sise, "tá sé os cionn tailimh. Acht ní'l sé ró
dhéanach fós againn. Téimís agus stathimís as an dtalamh é sul
a neartuighidh sé."



Níor chuireadar aon tsuím inti, agus d' fhás an líon go raibh
sé 'na loirgnibh árda.


L. 25


"Téimís," ar sise airís leó, "agus bainimís an ceann dé
agus loitfidh san anois féin é." Níor dheineadar acht bheith ag
magadh fúithi agus ag glaodhach "áinle an fheasa" uirthi.



Nuair chonaic sí ná glacfidís cómhairle a leasa uaithi isé
rud a dhéin sí 'ná imtheacht uatha ar fad. Ó shin aleith séanan an
áinle na coillte agus na craobhcha agus déinean sí a nead fé
dhíonaibh agus fé shlíngibh agus fé sgibhéalaibh na dteach, i n-áit
nách baoghal dí líonta.



An Múineadh.



"Is usa an t-olc do chosg i n-am 'ná é leigheas i n-
antráth."



"Ní h-é lá na gaoíthe lá na sgolb."



"Ní h-é am na cneadaíghe am na h-aithríghe."



"Is fearr féuchaint roimhe dhuine 'ná dhá fhéuchaint 'na
dhiaidh."



"An t-é ná déanfaidh a leas seachain é nó ní dhéanfir-se do
leas."



33. - An Sgiathán Leathair agus an Eas.



Do rug eas ar sgiathán leathair. "Ó! ná mairbh mé!
Iaraim ar ghrádh th' oinig é, tabhair faoiseamh dom!" arsa 'n
sgiathán leathair.



"Ní thugaim dul as d' éunaibh," arsa 'n eas.



"Sdó, ní h-éun mise. Féuch, is luch mé," arsa 'n sgiathán
leathair.



D' fhéuch an eas air. "Is dóich liom go bhfuil an ceart
agat," ar sise, agus do sgaoíl sí uaithi é.



Tamal 'na dhiaidh san do rug eas eile air. "Ó!" ar seisean
airís, "ná mairbh mé! Iaraim ar ghrádh th' oinig é, tabhair
faoiseamh dom."



"Ní thugaim dul as do luchaibh," arsa' n eas.



"Sdó, ní luch mise," ar seisean. "Feuch, sin+iad mo dhá
sgiathán. Is éun mé."



"Ní deirim ná go bhfuil an ceart agat," arsa' n eas, agus
do sgaoíl sí uaithi é.



An Múineadh.



Is maith an rud do dhuine dhá shraing do bheith ar a bhogha aige,
acht gan feall do dhéanamh ar aoinne leó.


L. 26


34. - An Príochán agus an Chaora.



Bhí príochán lá ar dhrom caorach agus é ag caint go bladh-
manach agus go droch mhúinte.



"Dá mba gadhar a bhéadh am ineadsa," arsa 'n chaora, "ní
bheadh oiread san buinne fútsa."



"An amhlaidh is dóich leat ná tuigimse féin an méid sin,
a chaileach!" ar seisean. "Déinim caint agus bladhman agus
droch mhúine nuair a leigtar dom é, acht nuair ná leigtar bím
ciúin go leór."



An Múineadh.



Is breágh í an fhoidhne, acht is mairg a leigfadh d'aoinne
gabháil de chosaibh ann.



"Nuair a buailfar ar leacain tu iompuig an leaca eile."
Dúbhairt Sé mar sin é, gan amhras. Acht dubhairt Sé rud eile i
n-a aice sin. "Má chaillean an salan a bhlas caitear sa n-
óileach é agus gabhtar de chosaibh ann."



Ní h-ionan foidhne agus spadántacht.



Nídh uasal iseadh an fhoidhne, acht ní'l i spadántacht acht salan
gan bhlas go ngabhtar de chosaibh ann.



35. - An Sean Duine agus an Bás.



Bhí sean duine cas cancarach amuich lá ar an gcnuc agus
birtín brosnaidh bailighthe aige. Bhí an t-ualach ar a mhuin aige
agus é ag teacht abhaile, agus gach ciscéim dá dtugadh sé bhíodh
sé ag spídiúchán ar an ualach mar gheall ar bheith chómh trom.



D'airig an ghaoith é agus cheap sí go mbeadh spórt aici air.
Dhruid sí chuige suas agus bhain sí únfairt as. "Ó! greadadh
chúgat, mar ghaoith!" ar seisean. "Ní h-amhlaidh a thabharfá
congnamh dom." Tháinig sí laistiar dé, mar 'dh eadh ag tabhairt
conganta dhó, agus do shéid sí amach é i dtreó go mb'éigean
dó ruith tré lochán uisge agus gur fliuchadh go glúinibh é agus
gur dhóbair go leagthí é. Ní "greadadh chugat mar ghaoíth" a
dubhairt sé ansan, acht rud ba mheasa go mór 'ná é. Do sgaoíl
sí leis go ceann tamail bhig go dtí go raibh sé ag gabhail tré
bhearna draoíbe. Ansan do sguab sí mór thímpal air agus thug
sí cor coise dhó agus do leag sí é féin agus an t-ualach sa
draoíb agus chuir sí an cnuc amach di.



D'éirigh sé agus chrom sé ar ghol. Bhí culaith draoíbe ó
mhulach talamh air; an fear bocht!



"B' fhearr liom bheith marbh!" ar seisean, " 'ná bheith ag
stracadh leis an saoghal so níos sia! B' fhearr liom go dtiocfadh
an bás orm an neómat so!"


L. 27


Le n-a línn sin mhothuig sé an rud laistiar dé. D'fheuch sé
thar a ghualainn. Cia bhéadh 'na sheasamh ann acht an bás. D'éirig
a ghruaig ar a cheann le sganra. Do stad an spídiúchán.



"Ghlaoidhis orm," arsan bás. "Cad tá uait?"



"Ó! ní'l faic, a dhuine uasail," ar seisean, "acht go n-
árdófá an bheart bhrosnaidh seo orm."



D' árduig an bás an bheart air agus do sgaradar.



Tháinig an sean duine abhaile agus geallaim duit nár airig
sé fuacht 'ná fliuchra 'ná gaoith an chuid eile de'n tslígh.



An Múineadh.



Nuair a deir duine gur bh'fhearr leis bás d'fhághail 'ná bheith
ag stracadh leis an saoghal, ná creid é.



36. - An Corcán agus an Crúsca.



Bhí corcán agus crúsca ar bruach abhan. Tháinig an tuille
agus do rug sí chum siubhail iad araon. "Ó!" arsa'n crúsca,
"cad dhéanfad! Buailfar i gcoinnibh na gcloch mé agus brisfar
mé!"



"Ná bíodh ceisd ort," arsa 'n corcán, "ní'l baoghal ort.
Tabharfadsa aire dhuit."



"Ó! fan uaim amach!" arsa 'n crúsca. "Is measa dhom
tusa chúgam 'ná na clocha féin. Má buailtear i gcoinnibh a
chéile sinn is mise do brisfar agus ní'l aon bhaoghal ortsa. Fan
uaim amach a deirim leat!"



An Múineadh.



Má's crúsca thu seachain an corcán.



Pé 'cu crúsca nó corcán tu seachain an droch thean
gabhálaídhe.



Ná déin caradas munab é do leas é.



37. - An tSaint agus an Formad.



Bhí an fear santach agus fear an fhormaid lá ag déanamh
ídhbirte chum Iúpiter. Níor bh' áil le Iúpiter bheith 'ghá bhodhradh
féin leó agus chuir sé Apollo ag trial ortha chum pé athchuinge a
bhí uatha do thabhairt dóibh do réir chirt.



Tháinig Apollo. "Seadh!" ar seisean, "tá a fhios agam go
bhfuil grádh mór agaibh d'á chéile; má's fíor bréag. Anois an
t-am agaibh chum é thaisbeáint. Pé rud iarfaidh duine agaibh
gheabhaidh an fear eile ar a dhúbailt é."


L. 28


Do stadadar. Bhí fear na sainte glic. Cheap sé go leig-
fadh sé do'n fhear eile labhairt agus athchuinge d'iaraidh i dtreó
go bhfaghadh sé féin an athchuinge sin ar a dhúbailt. Acht ní raibh
a fhios aige cad a bhain le formad dá mhéid gliocas abhí ann.



Do labhair fear an fhormaid. Ní raibh uaidh acht an chaoi.



"Curtar mise ar leath-shúil!" ar seisean. Le n-a línn sin
do baineadh an dá shúil a' fear na sainte.



Tá formad is measa 'na súd ann, .i. an formad a bhainfadh
an dá shúil as féin chum aon tsúil amháin do bhaint a' duine eile.



An Múineadh.



An t-é dhéanfaidh díoghbháil d'á chómharsain le corp droch
aigne déanfaidh sé díoghbhail is mó 'ná é dó fein, .i. díoghbháil
anama.



38. - Fuar agus Teith.



Bhí fear ag imtheacht tré choill. Lá fuar dob eadh é. Bhí
fuacht agus ocras ar an bhfear. Do bhuail duine fiadhain uime.
Tháinig truagh ag an nduine fiadhain dó. Do rug sé leis isteach
'na phluais féin é. Bhí an fuacht ag cur ar an bhfear chómh mór
san go raibh a mhéireana le 'n-a bhéul aige agus é 'ghá shéideadh.



"Cad chuige go séidean tu do mhéireana?" arsan duine
fiadhain.



"Chum iad do théidh," arsan fear.



Ar ball thug an duine fiadhain bia teith dhó. Bhí an bia ró
theith agus bhí an fear 'ghá shéideadh.



"Cad chuige go séidean tú an bia?" arsan duine fiadhain.



"Chum é fhuaradh," arsan fear.



"Séidean tú rud chum é théidh agus séidean tú rud chum é
fhuaradh!" arsan duine fiadhain. "Imthig as so!" ar seisean.
"Ní thaithnean fear liom a shéidean fuar agus teith," agus
thiomáin sé uaidh amach é.



An Múineadh.



"Seachain teanga liom, leó."


L. 29


39. - An Cat agus an t-Óigfhear.



Tháinig grádh ag cat d' óigfhear. D'iar an caitín ar Bhénus
í chur i riocht mná óige. Do chuir, agus do pósadh í féin agus an
t-óigfhear.



Ansan dob áil le Bhénus a dhéanamh amach ar athruig aigne
an chait fé mar athruig a gné.



Bhí an lánmha ag caitheamh a gcoda lá i bhfochair a chéile.
Chuir Bhénus luch ar an úrlár. Chonaic an bhean an luch. Ní
túisge a chonaic 'ná do léim sí ó'n mbórd. Do leagadh an bórd
agus do briseadh na miasa, acht do rugadh ar an luich.



"Éirighim asat!" arsa Bhénus. "Ní dhéanfadh Éire dhíot
acht cat!" agus chuir sí 'na riocht féin airís í. "Is maith atá
sgartha agatsa léi," arsa Bhénus leis an bhfear.



An Múineadh.



"Brisean an dúchas tré shúilibh an chait."



Seachain-se, a mheic ó, agus ná pós cat i riocht mná óige,
dá bhreághthacht í, nó bain an chluas díom go leagfar an bórd
agus go mbrisfar na miasa lá éigin.



40. An t-Úcaire agus an Gualadóir.



"Tar," arsan gualadóir leis an úcaire, "agus déinimís
aontígheas. Ní'l ann acht beirt againn agus déanfaidh aon tig
amháin ár ngnó."



"Ambasa," arsan t-úcaire, "ní dhéanfadh san an bheart go
deó."



"Cad 'na thaobh?" arsan gualadóir.



"Sdó," arsan t-úcaire, "ní túisge bhéadh rud glan agamsa
'ná bhéadh sé salach agatsa."



An Múineadh.



"Seachain an droch theangabhálaídhe."



41. - An Gadhar agus an Machtíre.



Bhí gadhar ag bhálcaéracht dó féin oídhche bhreágh spéir gheal-
aíghe. Do casadh machtíre air. Bhí an gadhar go cothuighthe láidir
sleamhain. Bhí an machtíre go caol agus go lom agus go h-
ocrach.



"Is mór an ionga liom," arsan machtíre, "tusa chómh beath-
uighthe agus mise chómh lom. Is treise agus is feár chum fiadhaigh


L. 30


mé 'ná thu, agus féuch, is fearr a chothuíghean tusa thú féin 'ná mar
fhéadaim-se mé féin do chothughadh. Conus a dhéinean tú é?"



"Ní'l bac ortsa thu féin do chothughadh chómh maith agus
chothuíghimse mé fein acht go ndéanfair an gnó a dhéinim," arsan
gadhar.



"Cad é an saghas gnótha é?" arsan machtíre. "Ní dheabh-
rúighean sé gur gnó ró chruaidh é. Ní fheuchan tú mar fheuchfadh
gadhar a bhéadh marbh ó obair."



"Neósfadsa dhuit cad é an gnó é," arsan gadhar. "Bíon
orm an tig d'fhaire asdoídhche agus na bitheamhnaig do dhíbirt."



"An mbíon a thuille?" arsan machtíre.



"Ní bhíon a thuille," arsan gadhar, "agus rud is fearr 'ná
san, ní'l aon ghno is fearr a thaithnean liom 'ná é."



"Andaigh," arsan machtíre, "is breágh bog a thuillean tú do
bheatha, agus mise ag sguabadh na gcnuc ar feadh cheithre n-uaire
fichid b'fhéidir, go minic, sul a bhfaghaim lán mo bhéil de bhia."



"Ní'l aoinne 'ghá iaraidh ort," arsan gadhar.



"Ar mhisde dhom dul i n-aonfheacht leatsa anois," arsan
machtíre, "agus déanfad an obair a dhéinean tusa?"



"Téanam ort," arsan gadhar.



Bhí an bheirt ag sodar le cois a chéile, ag déanamh ar an dtig
'nar bhain an gadhar leis. Féuchaint d'á dtug an machtíre ar
mhuineál an ghadhair chonaic sé rud éigin.



"Cad é an rian é sin a chím ar do mhuineál?" ar seisean
leis an ngadhar.



"Ach! ní fiú biorán a's é sin," arsan gadhar. "Ní'l ann
san acht rian an tslabhra a bhíon orm i gcaitheamh an lae. Gadhar
droch mhiotalach iseadh mé, agus caitear mé cheangal i gcaitheamh
an lae le h-eagla dá dtigeadh aon chómharsa isteach go mbéar-
fainn air."



"Agus a'mbíon slabhra ar do mhuineál i gcaitheamh an lae?"
arsan machtíre agus iongna air.



"Bíon," arsan gadhar, "acht nuair bhéadh taithíghe agat air
ní churfá suím ar bith ann."



"Ambasa, a mheic ó," arsan machtíre, "do chuirfinnse suím
ann. Dá gceangaltaí mar sin mé do bhrisfinn an ceangal nó
thachtfinn mé féin. Níor cuireadh aon cheangal ríamh orm agus ní
curfar choídhche. Is fearr liom mo chothúghadh féin dá olcas é agus
cead mo chos, tré chnucaibh agus tré choílltibh, 'ná do chothughadh-sa
dá fheabhas é, agus do shlabhra. Go dtéidhir slán!" Do léim
sé thar claidh agus chuir sé an réidh ó thuaidh dé.



An Múineadh.



Is mairg a dhíolfadh é féin ar a n-íosfadh sé.



Ní fhuilgean saor aicme slabhra.


L. 31


AESOP
a tháinig go h-Éirinn.



Cuid V.



42. - An Capal agus an Fiadh.



Bhí fiadh agus capal i n-aon fhosuígheacht. Throideadar.
Toisg na h-adharca géara do bheith ar an bhfiadh do bhuaidh sé ar
an gcapal agus do dhíbir sé as an bhfosuígheacht é. D'imthigh an
capal ag trial ar an bhfear agus dhéin sé a ghearán leis, agus d'
iar sé air conghnamh do thabhairt dó chum an fhiadh do mharbhadh.



"Conus fhéadfainnse congnamh do thabhairt duit?" arsan
fear. "Tá an fiadh ró ghéar 'na ruith dhom."



"Béarfadsa ar mo mhuin thu," arsan capal, "agus tioc-
faimíd suas leis."



"Tá go maith," arsan fear. "Ní mór dom, ámh, srian agus
ialait do chur ort."



"Táim sásta," arsan capal, "acht go bhfeicfad díoghaltas
d'á imirt ar an rógaire úd na n-adharc."



Do cuireadh srian agus ialait ar an gcapal agus chuaidh an
fear ar a mhuin. Do leanadh an fiadh. Do ruith sé abhfad, acht
do tánathas suas leis agus do marbhadh é.



"Seadh!" arsan capal. "Bíodh san aige! Táim sásta
anois. Sgaoíl uait mé. Táim ana bhuidheach díot."



"Ó! Ambasa," arsan fear, "ní fhéadfainn tú sgaoíleadh
uaim ar an gcuma san. Nuair bheidh an fiadh seo ite agam ní
mór dhom tusa bheith agam chum ceann eile do mharbhadh. Tá árd
choisígheacht agat. Is mór an seans a bhí orm agus tu theacht
chúgam. Tabharfad do dhóithin le n-ithe dhuit, ná bíodh eagal ort."



Tá an capal fé smacht an fhir ó shoin.



An Múineadh.



Is olc é an rún-díoghaltais.



Má's mian leat olc do dhéanamh ar do namhaid agus cong-
namh d' fhághail chuige, seachain sul ar mheasa dhuit chúgat an
congnamh 'ná an namhaid. Seachain sul a ndéanfá mar dhéin
Diarmuid Mhaoil na mbó.


L. 32


43. - An t-Iasgaire agus an Ceól.



Bhí fear ar bruach na h-abhan. Píopaire dob eadh é. Cheap
sé, fé mar bhailígheadh sé na daoíne chum an raince leis an gceól,
go meallfadh sé na h-éisg as an abhainn leis an gceól. Bhí sé
ag seint agus ag seint agus ag seint dóibh, acht níor chuireadar
aon tsuím ann. Fé dheire do chaith sé uaidh an phíb agus do rug
sé ar na líntibh. Thug sé an líon lán leis, an chéad iaracht 'ná
chéile. Bhí an líon ar an bport aige agus é lán d' iasgaibh, agus
iad ag léimrig ann.



"Ach! ní'l aon chiall agaibh," ar seisean. "Ní rainncfadh
sibh le ceól ó chianaibh, agus anois táthí ag raince gan ceól!"



An Múineadh.



"Éist le fuaim na h-abhan a's gheabhaidh tú breac."



44. - Cogar an Bheithir.



Bhí beirt fhear ag siúbhal tré choíll uaigneach. Bhí a fhios acu
go raibh droch ainmhighthe móra ann. Dheineadar margadh le n-a
chéile go gcosnóchaidís a chéile dá dtigheadh aon tóir ortha.



Ba ghearr gur siúd beithir chúcha amach a' tiugh na gcrann. Bhí
duine acu éadtrom luthmhar agus d'imthig sé suas crann mar
dhéanfadh cat. Bhí a fhios ag an bhfear eile ná féadfadh sé an
beithir do throid i n-a aonar. Isé rud a dhéin sé 'ná é féin do
chaitheamh ar an dtalamh agus a anál do choimeád, mar 'dh eadh
gur chorpán é. Bhí a fhios aige ná h-íosfadh an beithir acht an rud
a mharbhóchadh sé féin. Tháinig an beithir i n-a aice. Chuir sé a
shrón chum a chluaise agus chum a bhéil. Choimeád an duine a anál
mar bhí a anam air. Cheap an beithir go raibh sé marbh dáiríribh,
agus d' imthig sé.



Nuair bhí an beithir imighthe tháinig fear an chrainn anuas. Bhí
sé ag mion-gháirídhe agus ag magadh.



"Cad a bhí ag an bhfear mór úd d'á rádh leat?" ar seisean.
"Ba mhór an seó an chogarnach a bhí ar siúbhal agaibh. Chonac a
shrón buailte suas le d' chluais."



"Bhí," arsan fear eile, "cogarnach eadrainn. Dúbhairt sé
liom an fhaid a mhairfinn airís gan iontaoíbh do thabhairt a' fear
meathta, do gheallfadh an fód do sheasamh agus ansan do ruithfadh
chómh luath agus chídhfadh sé an tóir ag teacht."



An Múineadh.



Ná géill do chaint aon duine go bhfeicir a ghníomh.


L. 33


45. - An Mada Ruadh Maol.



Do rugadh ar mhada ruadh i n-innil lá, agus d' fhág sé a
earbal ann. Bhí sé ansan ag imtheacht imeasg a chómharsan gan
giob de'n earbal air, agus isé a bhí go cráidhte. Bhíodh ceisd
agus náire agus ceann fé air nuair chíodh sé an chuid eile agus
na sguaba breághtha troma ag tuitim agus ag luasgadh laistiar
díobh, agus a dheire féin gan tuínte air, an fear bocht!



Tháinig ana mhisneach dó nuair airigh sé an fógradh ó'n bhfrog
úd do leighisfeadh an saoghal, dar leis, acht nuair a chonaic sé
cad é an saghas an frog do thuit an lug ar an lag airís aige.



Fé dheire chuímhnigh sé ar sheift a chuirfadh é, dar leis féin, ó
bheith 'na shampla shaoghalta imeasg a chómharsan. Chuir sé sgéala
amach gur mhaith leis a chómharsain go léir do theacht chuige ar aon
láthair, i lios áirighthe a bhí i lár coille. Thánadar. Ní raibh
blúire cuinne acu leis an ngnó a bhí aige dhíobh.



Tháinig sé anáirde ar thúrtóig a bhí i lár an leasa agus do
labhair sé leó ar an gcuma so.



"Feuch!" ar seisean, "a mhadraí ruadha, tá nídh ag déanamh
mearbhaill dom le fada agus measaim nách ceart dom é choimeád
níos sia ar m' aigne gan cur os bhúr gcómhair. Is iomdha con-
tabhairt agus is iomdha iomárd a bhíon os cionn an mhada ruaidh ó
mhaidin go h-oídhche agus ó Luan go Satharan. Bíon an fiadhach 'na
dhiaig, agus bíon fear na ngéan 'na dhiaig, agus bíon fear na
gcearc 'na dhiaig, agus is deacair dó dul uatha go léir. Ba
dhóich liom gur cheart do na madraíbh ruadha, an chéad nídh 'ná a
chéile, an rud is mó thabharfadh congnamh chum beirtha ortha é
chaitheamh uatha. Ba dhóich liom gur mhaith an chiall dóibh é. Ní
dóich liom go bhfuil ciall is fearr 'ná é." Do stad sé agus d'
fheuch sé 'na thímpal ortha. Ní fheadradar ó thalamh an domhain
cad é an fuadar a bhí féi, nó cad air go raibh sé ag teacht.
D' fhéuchadar air, agus d' fhéuchadar ar a chéile. Níor labhair
aoinne acu.



"Tá," ar seisean, "adharca ar an bhfiadh, agus bíodh gur
congnamh cosanta dhó iad, is fearr 'ná san de chongnamh chum
beirtha air iad. Tá ualach ionta agus tá greidhm maith le fághail
ortha. Tá earbal ar an bhfrancach agus má théidhean leis imtheacht
ó'n stáca agus a cheann do shádh i bpoll, is minic go bhfanan an
t-earbal lasmuich de'n pholl, agus go mbeirtear air, agus go
dtarangthar an francach amach as an bpoll agus go mbuailtear
buille d'á ceann ar an gcloich, rud nár bh' fhéidir a dhéanamh muna
mbéadh an t-earbal. Ní'l adharc ná earbal ar ghiorfhiadh, agus
tá a rian air, téidhean sé as choídhche do dtí go mbeirtar ar
chabhail air. Tá sé buailte isteach am aigne, agus deirim go


L. 34


láidir é, gur iomdha mada ruadh maith atá ite ag gadharaibh le
bliaghain, agus do bhéadh anso beó i n-ár measg indiu, muna
mbéadh an t-earbal. Bhíodh na neithe seo ag teacht am aigne go
minic abhfad sul ar baineadh an t-earbal díom fein, acht ó
sgaras leis an ualach iseadh thuigim an sgéal i gceart. Deirim
gan amhras aon mhada ruadh do bhainfadh an t-earbal dé féin gur
luas reatha dhó é, gur sgaramhaint le h-ualach dó é, gur chompórd
suighte dhó é, gur luighead ar a chontabhairt ó ghadharaibh é, agus
gur bh' fhaid ar a shaoghal é. Is chuige thugas anso sibh chum na
neithe sin do chur os bhur gcómhair. Aon mhada ruadh gur maith
leis saoghal fada, saoghal suairc compórdach do bheith aige
chómhairleóchainn dhó an t-ualach earbail sin do bhaint dé féin
láithreach. Is dómhsa is ceart an chómhairle sin do thabhairt uaim
ar tá fios dá thaoibh an sgéil agam ó baineadh an t-earbal
díom féin. Ní raibh a fhios agam riamh i gceart cad a bhain le
compórd ná le h-éasgacht siúbhail, ná le sástacht aigne, go dtí
gur baineadh an t-ualach san díom. Cheapas gur cheart dom an
sgéal d' ínsint daoíbhse."



Do stad sé. D' éirigh sean mhada ruadh thall agus chuir sé
casachtach bheag as. D'fhéuch sé 'na thímpal gur sult 'na shúilibh.
"Is amhlaidh mar atá an sgéal agamsa," ar seisean. "Tá an
tsean sguab so le fada laistiar orm," agus d'fhéuch sé siar uirthi,
"agus níor bhain aon ghadhar oiread agus ruibe fós aisti. Is
dóich liom gur mór an fhoithin í sa dúbhluachair. Ba dhóich liom
dá mbainfí dhíom í gurabh amhlaidh a bhéadh gach aoinne ag feuchaint
orm a d' iaraidh a dhéanamh amach ciacu mada ruadh mé nó banabh
muice. Má ráiníghean, abhfad uainn an t-olc! trap nó inniol
nó fiacal gadhair 'ghá bhaint díom, is mór an sásamh aigne liom
a fhios do bheith agam uaitse go bhfuil na maithasaí úd go léir am
chóir. Go dtí san is dóich liom go ndéanfad seift ar chur suas
le n-a h-ualach."



Níor leigeadh a thuille cainte as, d' éirig a leithéid sin d'
uail gháirídhe mór thímpal an leasa.



An Múineadh.



Má bhíon dálta an mhada ruaidh mhaoíl ort ná bí a d' iaraidh
daoíne eile dhéanamh chómh dona leat féin. Táid daoíne agus is
beag 'ná gur chuma leó cad é an donas a bhéadh ortha féin acht
go mbeadh donas chómh mór leis ar dhuine éigin eile. Seachain
iad. Ní maith an ara iad.


L. 35


46. - Ciall Cheanaig.



Bhí búistéir ag obair 'na shiopa. Bhí caora aige 'á ghearadh
suas. Bhuail sé croídhe na caorach lastiar dé ar bhloc. "Béar-
faidh gadhar éigin an croídhe leis," arsa bean an bhúistéara.
"Ní'l aon ghadhar ann chuige," arsan búistéir. D' fhan an sgéal
mar sin ar feadh tamail. Ansan, nuair a bhí cúl an bhúistéara
leis an mbloc do shleamhnuig gadhar iasachta isteach agus do
sgiob sé an croídhe leis. Ní raibh sé acht ar an dtaobh amuich de
dhorus nuair a chonaic an búistéir é. "Bíodh sé agat!" arsan
búistéir. "Is ciall cheanaig dom é. Ní bhéarfair-se 'ná do
leithéid, ceann eile uaim."



An Múineadh.



"Is fearr ciall cheanaig 'ná dhá chéill a múintear."



47. - An Príochán agus an Crúsca.



Bhí samhradh brothalach tirim ann. Bhí an talamh 'na bhalc, an
féur 'na shnuís, an ithir 'na ceó, an ghrian ag sgoltadh na gcrann,
agus "an príochán ag cur a theangan amach" le neart gealáin
agus brothail. Bhí aon phríochán amháin ag gluaiseacht tríd an
spéir agus é i rochtaibh tuitim chum tailimh le tart. Chonaic sé
crúsca ar thaobh bóthair. Siúd anuas é féuchaint an raibh uisge
sa chrúsca. Bhí scrugal caol ar an gcrúsca. D'fhéuch an príochán
síos ann. Chonaic se an t-uisge thíos ácht bhí an scrugal ró chaol
agus ní fhéadfadh sé a cheann do chur síos. Chuir sé chum an
chrúsca do leagadh acht ní fhéadfadh sé filleadh ná feacadh bhaint
as. Bhí sé i gcruadh-chás. Ba thruagh an sgéal é. É i ndeire an
anma le tart agus an t-uisge ansúd os cómhair a shúl dá bhféadadh
sé teacht air. D'fhéuch sé 'na thímpal. Bhí gairbhéal leathta ar
an mbóthar. D' imthig an príochán agus chrom sé ar na cloichíní
beaga do phiocadh agus do thabhairt leis 'na ghob agus do chaitheamh
isteach sa chrúsca. Níor bh' fhada gur tháinig an t-uisge ainíos
agus gur ól se a dhóithin.



An Múineadh.



"Is cuma nó muc duine gan seift."



"An t-é ná fuil láidir ní foláir dó bheith glic."


L. 36


48. - An Sliabh i dTeinneas.



Bhí sliabh i dtír éigin iasachta agus d' airig na daoíne, lá,
fothram agus búirtheach uathbhásach ag teacht as, agus é d'á
luasgadh agus d'á lúbadh mar bhéadh rud go mbeadh pian air.



D' ruitheadar na daoíne go léir féuchaint cad a bhí ag imtheacht
ar an sliabh nó cad fé ndeár an t-éirleach. Do bhuail aodhre
úmpa agus é ag teacht ó'n sliabh. "Cad fé ndeár an t-éir-
leach?" ar siad, "nó cad 'tá ar an sliabh?" "Tá teinneas
ar an sliabh," ar seisean, agus d' imthigh sé.



D' fhanadar-san ag féuchaint ar an luasgadh agus ag
éisteacht leis an mbúirtheach.



Ar ball do léim luch amach a' poll a bhí i dtaobh an chnuic
agus do stad an chaismirt.



"Och ón!" arsa cách. "Fothram mór ar bheagán cúise!"



An Múineadh.



Ná déin "mórán cainte ar bheagán cúise."



Ná bíodh "deatach mór as droch theine" agat.



Ná bíodh "an focal mór agus an gníomh beag" agat.



Ná bíodh glór leóin agus croídhe loin agat.



49. - An Dórnán Slat.



Bhí fear ann agus bhí cúigear nó seisear mac aige agus
bhídís coitchianta ag bruíghean agus ag achran agus ag troid le
chéile, i dtreó go raibh an duine bocht ciapaithe acu.



Ghlaoidh sé chuige ortha lá agus thaisbeáin sé dórnán slat
dóibh agus é ceangailte le gad. Dúbhairt sé leó, an t-é
fhéadfadh an dórnán do bhriseadh 'na dhá leath treasna, go
bhfágfadh sé a chuid aige, ag dul chum báis dó.



Do rug duine acu ar an ndórnán. Do lúb sé é agus do
chas sé é, acht do theip air é bhriseadh. Do rug duine eile acu
air agus chuir sé ar a ghlúin chuige é, agus do lúb sé é, acht do
theip air é bhriseadh. Do rug an trímhadh duine air agus chuir sé
fé n-a chois ar an dtalamh é, acht má chuir do theip air é bhriseadh.
Do theip sé ortha go léir.



Ansan do rug an t-athair ar an ndórnán agus do sgur sé
an gad agus do bhris sé gach slat fé leith.



"Féuch, a chlann ó," ar seisean. "Is cuma sibh+se nó an
dórnán slat san. An fhaid a bhí an gad ar an ndórnán agus na
slata dlúite ar achéile níor bh'fhéidir iad do bhriseadh. Acht nuair


L. 37


a sguradh an gad agus do sgaradh na slata le n-a chéile ní raibh
aon bhac ar aoinne iad do bhriseadh 'na gceann a's 'na gceann.
Siné an údhálta agaibhse. An fhaid a chuirfidh sibh le chéile ní
fhéadfaidh aoinne an lámh uachtair d' fhághail oraibh, acht má thagan
fuath agus mioscais eadraibh, agus má thugan sibh druím lámha le
n-a chéile, gheabhfar an lámh uachtair láithreach oraibh."



An Múineadh.



"Is maol-dhualga gan bhráthair, acht is mairg a bhíon gan
dearbhráthair."



50. - An tSeilg.



D'imthig león agus asal agus mada ruadh amach ag fiadhach
lá. B'é an margadh an t-seilg do bheith 'na trí treanaibh eatartha
um thráthnóna. Mharbhadar fiadh. Dúbhairt an león leis an asal
an tseilg do raint. Do dhéin an t-asal trí treana de'n fhiadh.
Ní túisge chonaic an león an raint sin 'ná do rug sé ar an asal
agus mhairbh sé é. "Roinnse an tseilg," arsan león leis an
mada ruadh. "Ní'l acht beirt againn anso anois," arsan mada
ruadh. "Ní'l le déanamh de'n tseilg acht dhá chuid. Bíodh an
corpán agatsa agus beidh an ceann agamsa." Do thaithn san
leis an león. Bhí ocras air agus bhéadh béile mhaith aige.



Ar ball nuair a bhí a dhóithin ite aige agus an mada ruadh ag
glanadh an phlaoísg do labhair sé.



"Cia mhúin duit," ar seisean, leis an mada ruadh, "conus
seilg do roint?"



"Do mhúin an t-asal san thall," arsan mada ruadh.



"Conus fhéadfadh sé sin rud a mhúineadh dhuit-se," arsan
león, "agus gan eólus aige féin air?"



"Sdó, siné díreach a mhúin mé," arsan mada ruadh. "Dhéin
sé dearmhad agus dhíol sé as, os cómhair mo shúl. B' olc uaim
dá ndéininn dom féin láithreach 'na dhiaig an botún a dhéin seisean
dó féin."



An Múineadh.



Ná cuir thu féin i gcomórtas le rígh, muna rígh thu.



Ná h-éilimh do cheart
Go bhfeicir do neart.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services