Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Toradh na Gaeilge ar Aitheasc agus ar Ghréithribh na nGaedheal
Title
Toradh na Gaeilge ar Aitheasc agus ar Ghréithribh na nGaedheal
Author(s)
Ó Briain, Liam,
Pen Name
Seandún (aistr.)
Translator
Ó Murchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TORADH NA GAEDHILGE AR AITHEASC AGUS AR GHRÉITHRIBH NA nGAEDHEAL. Tá a fhios agam, go maith, gur deacair suim do bheith ag cruinniughadh d'Éireannachaibh óga i moladh nó i gcúrsaíbh teangadh na Gaedhilge. Is le lag-mhisneach do thoghas an seana-scéal tnáithte seo mar adhbhar óráide do chumann go bhfuil a smaointe dírighthe ar fad aca ar na gnóthaíbh a bhaineas le n-a linn féin. Gheobhfar an freagra so ó dhaoinibh chiallmhara: “An bhfuilir i ndáiríribh, agus a chur mar fhromhadh ar náisiúntacht Ghaedhealaigh, nach fuláir d'Éireannachaibh, faillighe do thabhairt i n-urlabhra Shéicspiar — i n-urlabhra an Bhúrcaigh, i n-urlabhra Mhilton & Neúman, ar son urlabhra na mbothán atá suidhte ar fuid cheanntair Chuain na Mara?” Ní leor leo mar fhreagra a rádh: “Ní mó iarrfainn ar Chlannaibh Gaedheal ar fuid an domhain a gcúl do thabhairt ar an rachtmas agus ar an réim atá buaidhte aca le dian-saothar ins na tíorthaibh móra i n-a bhfuil
an Sacs-bhéarla fé áird-réim, agus cur fútha imeasc na gcurrach & na gcarraig i gConnachtaibh.” “Cad chuige, ar an adhbhar soin,” adéarfaidh an duine stuamdha, go beo-ghlórach, “i n-aois mar í seo, atá ag claonadh chun aon teangadh amháin do fhoir- leathanughadh, & na hil-theangthacha do chur ar ceal? Cad é an tairbhthe, iarracht do thabhairt ar theangaidh do sgiobadh ó'n mbás, go bhfuil a líomhthacht & a brígh caillte aici leis na ciantaibh, agus mara mbeadh baoth- ghlór buidhne bige éaganta, go bhfaghadh sí bás le neart a laige féin? Cad é an fághaltas dúinn bheith d'ár mbodhradh féin, ag caoineadh na sean-aimsire, & ar neamh-spleádhchas le baint amach againn — ar gcurracha le tiormughadh againn, & ár seolta olna le cur ar siubhal againn, & ár gcuid tailimh ag brúchtaigh chun saidhbhris táinte & foghmhair buidhe do thabhairt dúinn go hiomadamhail?” Sidé mo fhreagra-sa ar na ceisteannaibh seo: Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil lucht coimeádtha na dteangan & na náisiúntachta ag claonadh chun slighe coitchinne do chur ar bun chun a leasa go léir, chomh maith & ná beadh ins an domhan uile acht aon chineadh amháin, is treise ná soin an claonadh atá: an t-idir- dhealughadh cáilidheachta fola & teangan & béasa do choinneáil beo, mar gurab iad a ghríosas inntleacht na náisiúntachta — agus táid chomh riachtanach, chun iad do choinneáil fé leith, & atá a ghnáth-bhéasa féin do gach duine fé leith. I n-agaidh an duine — tá céad bliadhan ó shoin ann —
ná raibh eolas aige acht ar aon teangaidh amháin, tá míle duine anois ann go bhfuil eolas aca ar dhá theangaidh. Ins an dara háit, cé ná hiarrfainn ar fhearaibh óga na hÉireann an fhaillighe budh lugha do thabhairt ins an dian-chomhrac atá ar siubhal aca chun a neamh- spleádhchais do bhaint amach, nó i ngnóthaíbh móra sochracha ath-chruthuighthe a dtíre do bheidh aca de bharr an neamh-spleádhchais sin, is táir iad na daoine do mhúchfadh claon naomhtha na náisiúntachta, mar gurab innte atá anam & fuinneamh & comhacht ar gcomhraic & an dóthchas do neartuigheann & d'árduigh- eann sinn go hárd, os cionn easaontais so-imighthe na haimsire seo, & do bhíonn 'na thaca againn i n-am ár ndubróin. Is i dteangaidh ársa na nGaedheal atá ceann-tobar a mbeathadh & a n-anma le fagháil; & ní fhéadaim a mheas gur dóigh le cumann d'fhearaibh óga i gCorcaigh, gur mian leo náisiúntacht na hÉireann a bheith ar a gcoimirc aca go mbeadh uair nó dhó caithte go neam- thairbhtheach aca ar lorg cionnus mar atá an spioraid Gaedhealach fighte isteach ins an gcáilidheacht náisiúnta, & nach fuláir do bheith fighte i n-éin-litiridheacht náisiúnta leithlighe. Agus ag machtnamh, cionnus mar do thuit an nídh ait seo amach, & a rádh go bhfuil sé riachtanach a iarradh ar shluagh d'Éireannachaibh óga, atá ar lán-lasadh le tír- ghrádh, machtnamh a dhéanamh go ceannsa ar an dteang- aidh náisiúnta soin, an oighreacht is ársaidhe dá bhfuil
againn, & ar bprímh-theideal gur cineadh ar leith linn féin sinn. Machtnuighmíd go geanamhail ar sheana-oighreachaibh eile, & gan de fhagháltas dúinn ionnta acht go gcuirid an tsean-aimsir i gcuimhne dhúinn. Do bheadh an phuiblidheacht ar lasadh le feirg i dtaobh oibre milltighe an té d'fhuadóchadh leis clocha mion-shnuidhte a sean-theampall cun falla botháin do chur suas dó féin leo — nó do dhéanfadh coiréal de roiligíbh ríoghdha na Bóinne, chun bóthar do dheisiughadh leo. Is mian le gach Éireannach deagh-oilte clocha cillíní an Chunga do chur le chéile go hurramach, an t-ionad adhlactha i n-a bhfuil Ruaidhrí Ó Conchubhair, an t-árd- rí deiridh do bhí ar Éirinn, 'na luighe 'na shuan go lá an Luain. Preabann ar gcroidhthe, ar fhéachaint dúinn ar an madhm i seana-bhallaíbh cathrach Luimnigh, as ar raideadh slóighte Rí Liam 'na ngiotaíbh fogha i n-áirde sa spéir; & an áit i n-ar threascair an gabha groidhe calma na hallmhuraigh le n-a órd. Is le mór-urraim a leanaimíd coiscéimí an Dochtúra Peitrí, ar fuid rátha na Teamhrach, & é ag foillsiughadh dhúinn ionad an Tighe Mhíodhchuarta, tráth dá raibh sí go haoibhinn fé ragairne ríoghamhail; & an grianán i n-a raibh Gráinne 'na suidhe, an chéad uair do fuair sí lán a súl de Dhiarmuid, & é ag cur an bháire ar iománaidhthibh Laighean ar an bhfaithche fhéar-uaithne, &, dá bharr, gur thug sí searc a cléibh dó. Cuireann túr briste, nó sean-ainm áite, nó ionad adhlactha na sean-laochraidhe i gcuimhne dhúinn na
fleadha ríoghdha & na saor-chleasa lúthgháireacha do thaithigh ar sinsir na mílte bliadhain ó shoin. Tá duine ceapaithe ag Bórd na nOibreach gCoit- cheann, chun a bheag nó a mhór de dheisiughadh — agus is gnáthaighe leis an chuid is lugha dhe a dhéanamh, — ar gach scoilt & caitheamh a thagann leis an aimsir ar ár gcloig- theachaibh, & ar ár seana-chillíníbh; acht cionnus a thár- luigheann sé go bhfuil an oighreacht is ársaidhe & is luachmhaire dá bhfuil againn ag dul i n-éag os comhair ár súl, & gan neach le fagháil chun a báis do chaoineadh, acht fo-thruaghthán fánach dubhrónach? Acht cad é an chabhair dhúinn ar sean-fhotharacha chun léir-thuigsinte a thabhairt dúinn ar theasaidheacht na fola do ghluais go luaimneach tré fhéitheachaibh ár sinsear il-bhéasacha do thug a saoghal romhainn i nInis na bhFíodhbhadh — cionnus mar a chuireadar díobh é — sealad go grádhmhar, sealad go hachrannach, & sealad go fialmhar, i gcóimh-mheas leis an dteangain do labhradar le beodhacht a n-anamann agus ar chloisint a fuama dhóibh, go bpreabadh a gcroidhthe le haiteas? — & gurab innte atá taisgithe smaointe agus caomh-uaim na ndán do chan Oisín le linn a óige — agus gur le n-a comhacht do dhin Brian an briseadh ar shlóightibh na nDanar, ar mhachairíbh Chluana Tairbh; agus le n-ar thug Colm Cille leath-iarthar na hEórpa fé n-a chaoin-riaghail, ó n-a chillín mhór-chlúmhail i n-Í. Machtnuighmís ar chuma eile 'na bhfuil teanga Fódla 'na ciste náisiúnta. Tá cúis mhórdhála ag cineadh na
nGaedheal, a bhaineas leo féin amháin — 'sé sin, go bhfuil seanchas chomh fírinneach & chomh mór-is-fiú, oighrighthe ar a sinsear ag an líon tighe is úirísle aca, & is féidir a chur síos ar urmhór de nua-mhaithibh na linne seo. Acht tá an seanchas soin curtha bun os cionn chomh mór soin, le trí chéad bliadhain gur dh'fhóbair dó bheith imighthe gan tuairisc. An seanchas fíor-chruinn a deintí gach re dtrí mbliadhain ar gheinealachaibh na nGaedheal i bhFeiseannaibh móra na Teamhrach ag na bárdaibh & ag na seanchaidhthibh, & curtha 'na luighe go beacht agus go buan aca i gcuimhne na ndaoine, — tá an seanchas soin go léir suaidhte chomh mór soin anois, go bhfuil sé 'na chúis mhóir aithise d'ár gcineadh. Tá misneach ag teacht dúinn anois, ámhthach, & is féidir dhúinn féachaint siar, de dhruim adhgáin fhuiltigh na dtrí gcéad mbliadhan so. Féadfam dul ar lorg an tseanchais sin arís, a thabharfaidh cunntas chomh cruinn dúinn cé'r díobh sinn & cad as dúinn & is féidir a thabhairt ar éin-nidh a bhaineas le stair an chinidh dhaonna. Féad. fam leanamhaint orainn siar, ar lorg cúrsa gach móir-threibhe dhe'n chineadh Gaedhealach, tré iol-stair chríche Ealga, — i bhfad siar i gcéin, go bhfagham cunntas ar Chlannaibh Mhileadh na bhfolt mbuidhe ag gabháil seilbhe Scotia — i laethibh níosa ársaidhe ná tráth mhóir-réime Cathrac na hAithne — le linn na haimsire, b'fhéidir, gur cuireadh ar bun múir Cathrach na Trae. Níl i maoidheamh an deagh-oilte seo ár gcinidh éin-
nídh do thabharfadh an masla is lugha d éin-treabh eile dhe'n chineadh dhaonna. Is fánach é an té 'nár measc d'fhéadfadh seanchas gan beárna a dhéanamh ar a shinsear, cé gur mór é mian na nuadh-uaisleachta é dhéanamh. Tá cúis mhaoidhte mhacánta le déanamh ag ár gcineadh: cé go rabhamar, idir íseal & uasal, rannpháirteach i mbochtaineacht iargcúlda & i gcóimh-mheascadh fola, do chuireamar dínn iad, ámh, gan dul d'ar bhfuinneamh; acht a atharrach, lán de dheigh-mhianaibh, chun sinn féin d'aith- bheodhughadh le gach subháilce, d'ar bh'fhéidir a fhagháil imeasc na huaisleachta is aoirde le fagháil chun miana an duine d'árdughadh i ngach nídh a bhaineas le cineadh laochraidhe, & dealbh ionnraic cinidh naomhtha. 'Na fhochair sin tá cosaint déanta orainn ar bhaoth- mhaoidheamh a deagh-oileadh ar gcinidh, ins an gcéill 'na dtuigtear é imeasc na nuadh-uaisleachta; 'sé sin, gurab ar éigin d'fhág mearthal na dtrí gcéad mbliadhan so éin-deifir idir shliocht an taoisigh & sliocht a lucht leanamhna. Tá sólás le fagháil ag an dream is boichte againn, ar léigheadh staire ár dtíre dhúinn ar mhéid ár mbochtaineachta — gur deamhraithighe gur b'é an trúig fé ndeara léi, gur rogha le n-ár sinsearaibh fuil a gcroidhe do thabhairt ag troid go calma i n-aghaidh Carew nó Cromwell, níosa thúisge ná táir-bheart d'imirt i n-aghaidh a gcreidimh ná a dtíre. Ní hoighreacht shuarach do náisiún i seo. An dóigh leat go bhféadfadh tuathach i gcurrachaibh Lancashire
léir-sheanchas a dhéanamh ar a thúismightheóiríbh imeasc na slóighte do bhí ag cath Hastings chomh mórdhálach leis an Howard nó leis an De Winton, ba mhó le rádh dhíobh go léir? Acht tar éis áir & léir-screasa do-labhartha ar gcinidh, ní ag dul thar fóir é a rádh go bhfuil na céadta treabh Gaedhealach ag lonnughadh fós, go neamh-spleádhach, ar theorannaibh fearann a sean. Cá bhfaghfar imeasc nua-uaisleachta na hÉireann, an té gur féidir leis seanchas a shinsir do chur síos chomh fírinneach le pór ríoghdha Shasana, & leanamhaint ortha chomh fada siar le linn daor-bhruide na hEórpa fé cheannas na Rómhánach. Tá an cineadh Gaedhealach i bhfus ins na tíorthaibh seo, & thar lear i nAimeirice, & iad gríosuighthe le gach subháilce d'ar bhain le n-a sean-sinsearaibh, & iad i bhfíor-thosach gach deagh-ghnótha chun leasa an chinidh dhaonna. Is í an teanga Ghaedhilge ár dteideal ar an oighreacht arsa ríoghdha so. Is i ngeinealachaibh Dhubhaltaigh Mhic Fhirbisigh & 'na leithéidíbh, cé gur mór díobh atá ag dreoghughadh i láimh- scríbhinnibh, gan bheith curtha i n-eagar fós, do gheobham cunntas for-lán ar gach mhóir-shliocht threibhe Eóchadh & Chuinn — ní hé amháin ar righthibh & ar laochraíbh gach treibhe dhíobh, acht ar chruitiríbh, ar liaighthibh ar ollamhn- aibh & ar ghrinn-sheanchaidhthibh, ar lucht iomchurtha na gcorn, & ar lucht il-cheárd oilte gach treibhe aca. Acht ar nós Charles Surface, an caithteach gan chéill, sgaoileann sliocht Mhíleadh ionnmhus seanchais a sinsear
uatha ar neamhnídh, gan an oiread & osna bróin baotháin Uí Shrudáin do chur asta, ar sgaramhaint leis dóibh. 'Sé toradh na táir-bheirte seo — ní hé amháin gur dhin sí deighilt idir sinn féin & stair ar n-aithreach, atá chomh greanta le héin-nídh atá curtha síos ag Scott, & níosa fhírinnighe ná mar a aithristear ar Heredótus, acht ná raibh náisiúntacht Ghaedhealach curtha ar bun go dtí a bhfuil le céad bliadhain ó shoin, an tráth do dhírigheamar ar urlabhra an scriosadóra do labhairt, & sgaramhaint le comharthaíbh ár náisiúntachta ársaidhe, do tugadh dhúinn tré shuidheamh dlighthe, atá chomh hársa do-atharruighthe nach mór, le haillthíbh na Fódla atá ag déanamh síor-choimirce ar ár ndúthchas, i lár na bóchna. Níl d'eolas againn ar na nidhthibh a bhaineas le bun- riaghlughadh ar dtíre, acht amháin a bhfuil againn ó Lucas nó ó Wolf Tone. Ní mór go bhfuil éin-litiridh- eacht eile againn acht amháin amhráin & ealadhna Chumainn na Nua-Éireannach. Ná beireadh éinne leis go measaim-se a chur i dtuigsint gur bhféidir inntleacht aosa óig na hÉireann do chur fé theagascóireacht thír-ghrádhaigh bhuan-seasmhaigh dob' fhearr ná teagasc Tone & Davis. Níl sé ceapaithe agam labhairt anois i dtaobh an ghábha atá le hiarracht níosa bhfearr do thabhairt, nó scrúdughad neamh- thairbhtheach do dhéanamh, ar scríbhneóiríbh na Nua- Éireannach, má tá iomadamhlacht na litiridheachta le bheith nochtaighthe choidhche ná raibh de shaoghal ag Davis acht súil-fhéachaint do thabhairt uirthe. Níl uaim do'n chor so, acht go dtabharfaidhe fé
ndeara cionnus mar a rith le Davis comhacht níosa threise do bheith aige ar aos óg na hÉireann, atá 'na mbeathaidh anois, ná mar do bhí aige ar a chomh-mhair- theannaidhthibh féin. Is é an fáth atá leis ná teasuidheacht so-ghluaiste a mheoin shuairc féin do bhíodh gac re dtráth go duairc & go soilbhir — tráth chomh ceannsa le hainnir fé chaoin- spioraid ghrádha, tráth eile ar lasadh le haiteas an chatha & arís eile chomh meidhreach & dá mbeadh sé ag íbhe fíona i bhfochair seana-churaidhe na hÉireann fad ó. Bí na smaointe seo aige de bharr an mhóir-gheana do bhí aige do shean-theangaidh na hÉireann & as an mbáidh aigeanta do bhí aige & do chlaon le na heachtraidhibh draoidheachta do chuireann sean-litridh- eacht na Gaedhilge uaithe chomh nádúrtha & a chuireann sgoth an mhóinfhéir boladh cumhra as, fé dhrúcht na maidne um Bhealtaine. Níor bhféidir le héan-duine, go raibh an Ghaedhilg i n-ainbhfios air, “Caoineadh Eoghain Ruaidh” nó “Uaill- chumha na nIarla” do chanadh. Ní fuláir ná gur tré mhachtnamh mhearthail ar mhóir- intleacht ghasta na mbeo & na marbh é, ná beadh i dtír- grádhthóir Ghaedhealach na haimsire seo acht mar a bheadh duine gan éisteacht aige ag Feis na Teamhrach, nó duine ag tabhairt cluaise dhon Niallach agus é ag gríosughadh a shlóighte & gan focal d'á chainnt do thuigsint. Ní bheadh ann acht coigchríoch cois teine i bhfoslongphort Shléibhe Chaisil. Agus ar an dtaobh eile, dá mb'fhéidir le Cúchulainn
& le Fionn, le Rígh Niall & le Brian, le Naomh Colm Cille & le Naomh Colmán — dá mb'fhéidir le hArt Mac Murchadha & le Fiacha Ó Broin & le hAodh Ruadh Ó Domhnaill, gan a lan eile nach iad d'áireamh, gur dhin subháilcí a mbeathadh úir na hÉireann do chois- ricean — dá mb'fheidir le lucht na n-éacht-ghníomh ar mhuir & ar thír, gurab i gcuimhne a dtréithe atá seasamh náisiúntachta Gaedhealaighe — dá mb'fhéidir leo so uile ath-chuaird do thabhairt ar bheannaibh lán-tsruthacha Fáilbhe, do bheadh sé air aca teicheadh leo féin siar imeasc na mbothán & na gcairrgeach, ar lorg duine éigin do thuigfeadh a n-urlabhra — nó, b'fhéidir, ar eagla go mbeifí ag deanamh cnáide fútha. Is é an chúis fé ndeara dhóibh seo ná fuil sé d'fhonn ortha teanga na hÉireann do sgiobadh ó'n mbás, go ndeirid gur teanga neamhthairbhtheach í & gur deacair í fhoghluim. Níl éin-nidh le fagháil de bharr bheith ag ceilt na fírinne: 'sé sin go gcuirtear na mic léighinn i n-éadóchas ar an gcéad iarracht do thugaid ar í fhogluim. An tuisce bhíonn graiméar na Gréigise foghlumtha ag duine, féadfaidh sé leabhair d'oscailt 'na bhfuighidh sé nua-litiridheacht Romanach dá bhreaghtha & dá thaith- neamhaighe, scríbhte i dteangthaibh eile, go soiléir so-thuigsionnach & inleighte le haiteas thar barr. Tá a atharrach le radh i dtaobh na Gaedhilge, ámhthach. Sin í ar leith léi féin í, ag greamughadh go dílis, gan claochlódh, dá préamh-fhocail, & do-scaoilte ó shuidheamh ársa a fuama féin; agus an fhairrge choimhtheach 'na
crios dá síor-chosaint, ar chuma go gcloistear fuama a guthanna ag síor-bhreith buadha ar na consonaibh; agus í ag sgéidheadh le fuaim neamh-choitchinn, gan de chosamhlacht aici le deise mhion-chanamhainte na Frainncise ná na hIodáilise, acht an oiread & atá idir Suantraidhe Gaedhilge & ceol lag-bhrigheach “La Fille de Madame Angot.” Bíonn an mac léighinn ag déanamh gearáin i dtaobh gan éin-deamhramh deifiridheachta a bheith idir chríoch- nuighthibh trátha na bhfocal. Tagann mearthal inchinne air, mar gheall ar an neamh-chosamhlacht a gheibheann sé idir litiriughadh & canamhaint na bhfocal, & cuireann sé ar fad i gcoinnibh mor-iomadamhlacht na bhforainm & na réamhfhocal. Crapann a theanga, ar an gcéad iarracht do thugann sé ar chanamhaint do bhaint as na foclaibh so, samhluighthear dhó gan a bheith ionnta acht consona gan suidheamh, ná féadfaí a gcur i bhfeidhm labhartha. Is mó de dheamhramh deacaireachta ná de dheacair- eacht atá annso ar fad. Is í canamhaint na Gaedhilge, do réir mo bharamhla-sa, an docamhlacht is mó atá ag baint léi. Ní bheidh puinn de bharr a shaothair ag an mac léighinn nó go raghaidh an chanamhaint i n-achrann 'n-a chluais, agus ní féidir di a dhul acht ó bhéal Gaedhilgeóra dúthchasaigh — as soin amach beidh rith an ráis leis. B'fhéidir nár mhisde dham cur síos a dhéanamh ar mo chuid stuidéir féin, d'fhonn lucht an mhí-mhisnigh a ghríosadh. Tá os cionn fiche bliadhain ó shoin anois ann ó chuireas eolas ar ghraiméar & ar riaghlachaibh na
teangadh dem' stuidéar féin, le cungnamh foclóra Uí Bhriain do fuaireas i gColáiste na Bainríoghna i gCorcaigh, ar chor go bhféadainn seana-láimhscríbhinn a léigheadh níosa usa ná mar a fhéadfadh garsún scoile stair Livy do léigheadh, acht gan bheith chomh taithneamhach liom. Dá dhéine iarracht do thugainn ar bhinneas do bhaint as na foclaibh seo do bhí ag síor-chur mearthail orm, ní fhóirfeadh éin-riaghlacha orm chuige. Bhí fhios agam nár bhfuláir ná go raibh tobar an bhinnis do chuir aiteas ar chroidhthibh scoláirí Gaedhilge le ciantaibh foluighthe i mball éigin, acht níor bhraitheas-sa an t-aiteas. Bhí eolas na teangan agam, acht ní raibh ann acht mar aithneoghainn mala corpáin sa chomhrainn dob' aithnid dam i ló a bheathadh. An chrích do bheir dam bheith i bpríosún na Gaillimhe, thug sí caoi dham ar chomhluadar do bheith agam, idir dhá linn, le sagart, go raibh fuaim na Gaedhilge aige ó lacht chíche a mháthar. An teanga do shamhluigh im' shúilibh bheith marbh go dtí so, ba léir dam fé dheire a hanam & a brígh, fé mar do ghabh cnámha dreoighte aislinge an fháidh beodhacht & maiseacht umpa fé theas na gréine. Na consona, do shíleas, ná féadfaí a gcur i bhfeidhm labhartha, chuala a bhfuaim ó n-a bhéal, amhail ceol na sruthann ag rith le fánaidh na gcnoc, nó gleo na leomhan chun catha. Do b'in é an draoidheacht imighthe dhíom. Ní raibh de dheamhramh ag teangaidh bhailbh na leabhar le canamhaint bhreagh bhuig an chainnteora, acht an oiread & do bhíonn ag scoth fraoigh an tsléibhe,
oidhche dhíth-ré leis féin, fé lán-tsoillse gréine na maidne. Ní leigim orm a bheith agam d'eolas na Gaedhilge, acht an saghas eolais do bheadh ag taistealaidhe ar thír iasachta ná bheadh sé acht ar chuaird innte. Acht b'fhéidir go gcuirfeadh sé misneach ar na macaibh léighinn gur lugha é a n-eolas ná m'eolas-sa ar an dteangain, a fhios do bheith aca, dá luighead é ar fhoghlumuigheas di, gur ró-mhaith a chuaidh sé dham faoiseamh d'fhagháil & bheith réidh le cúramaíbh buadhartha phuiblidhe, do thug caoi dham chun stuidéir a dhéanamh uirthe, & gur ró-mhaith liom mar chúiteamh é ar an leath-bhliadhain phríosún- tachta úd ar chuireas d'eolas uirthe. Budh mhaith liom aon chomhairle amháin eile a thabhairt do na macaibh léighinn, má's mian leo bheith i ndáiríribh, i dtaobh an urlabhra atá i mbéalaibh na ndaoine, gur bh'fhearra dhóibh gan tosnughadh a dhéanamh ar leabhar chomh léigheanta le “Tóraidheacht Dhiarmuda & Ghrainne” do léigheadh, ar eagla go n-imtheóchadh maolughadh mhisnigh ortha i dtaobh mór-chuid focal a casfaidhe ortha ann do bheadh do-thuigsionnach do Ghaedhilgeóir tuathach. An té go dteastóchadh uaidh eolas do chur ar an Sacsbhéarla, & tosnughadh a dhéanamh ar litiridheacht Chaucer agus Shakespeare, budh bheag an tairbhthe dho na hughdair úd; agus tá an chuid is mó de shean- litiridheacht na Gaedilge níosa ársaidhe go mór ná ré Chaucer. Do b'fhearra dhóibh tosnughadh ar leabhar chomh hinléighte le “Leabhar Scéaluidheachta” an Chraoibhín Aoibhinn mar a bhfuighid an chainnt ghrinn shímplidhe atá
i mbéalaibh na ndaoine, & roinnt mhaith Bhéarlachais, so- thuigsionnach do na macaibh léighinn, suaidhte tríthe, d'fhóirfidh go mór ortha oidhche sgoruidheachta sa gheimh- readh, le hais bhéile bhreagh mhóna agus iad ag éisteacht le heachtraíbh ar na daoinibh maithe, & ar an ngaisgidheach ar leath-shúil & í i gclár a éadain; agus ar an mbain- ríoghain mhaisigh agus an biorán suain 'na cluais & í fé dhraoidheact aige, do chloisimís le huamhan & le haiteas i laethibh ár leanbaidheachta. Ní gabhádh do dhuine níosa mhó aimsire do thabhairt ar stuidéar na Gaedhilge, i dtreo go dtiocfadh dúil do chun fíor-eolais do chur uirthe, ná mar is gábhádh a a thabhairt ag foghluim Frainncise nó ceol an bheidhlín nó eolas chun bheith 'na shnámhaidhe fhoghanta nó éin- chleasaidheacht ionmholta eile go bhfuil aos óg na hÉireann tugtha go meanmnach dhóibh & gan doicheall na dtaobh ortha. Tá an cheist seo le réidhteach ag an dtír-ghrádhthóir óg: An fiú leis air é, an iarracht bheag so do thabhairt chun eolais do chur ar theangain Ollamh Fódla — teanga ár mbárd & ár dtaoiseach; teanga ár sinsear géir- leanta le n-ar chuireadar a n-impidhe i láthair an Éin-Mhic is A Mháthair ghil naomhtha, i dtráthaibh a gcéasta — teanga ár ngrádha & ár n-iolsmaointe, do ¬inn orainn ar feadh ré ár sonais ar fad, & do ghreamuigh go dlúith dhínn i ló ár n-anacra do-innste? Ní beag de chúis aithise an cheist seo do luadh amháin, mar gurab ar éigin atá dul uaithe ag éinne againn.
Ní hiongnadh do ghrádhthóiríbh na Gaedhilge bheith ag síor-chasaoid ar aicme curtha a foghlumtha fé chois 'n-a cliabhán féin, mar theanga neamh-léigheannta ná fuil oireamhnach acht do thuathachaibh ain-eolgacha, acht a mbíonn de bhaoth-mhaoidheamh aca a Fionn Mac Cumhaill — agus a fhios ag buidhin a cumhdachta go bhfuil athar- rughadh ó'n nGearmáinis ar cheann de na hádhbharaíbh is fearr, le haghaidh foclóra Gaedhilge do scríobhadh; agus go bhfuighid scoláirí mór-cháileacha 'sa bhFrainnc & 'sa Ghearmáin bun-eolas ar stair & ar theangthaibh, & ar chinthibh ársaidhe, agus ar shuidheamh dlighthe atá chomh luachmhar le Pandects of Justinian; agus go dtabharfadh sean-staraidhthe na hAlban nó na Brea- taine na súile amach as a gcinn uatha ar scríbhinníbh mar iad so do bheith aca féin, agus iad caithte i leath-taoibh go faillightheach i gcoláiste na Tríonóide & i n-Acadaimh Ríoghamhail na hÉireann. Acht déarfar gur do'n lucht léigheannta atá an cheist seo ag tagairt. Níl amhras ná gur cheart d'iol- scoileannaibh na hÉireann níosa mhó ealadhan Gaedhilge bunudhasaighe d'fhoillsiughadh dhúinn, cé go mbeadh sé air aca níosa lugha ealadhan coitchinne, & í sin féin aith-innste, do chur 'na leabhraíbh imtheachta. Ní ceart bheith ag braith go mbeidh an phuiblidheacht ag déanamh píordála tré láimh-scríbhinníbh na tarna haoise déag nó ag cur mearthail ortha féin, ag iarraidh suidhimh seana-dhlighthe do mhíniughadh, agus nach féidir acht fír-bheagán scoláirí d'fhagháil ó aois go haois go bhfuil a eolas aca
Is fonnmhaire go mór súgradh ná cruadh-obair le hurmhór na ndaoine. Taréis a ndeintear de bhladh- mann a litiridheacht na Gaedhilge, an bhfuil éin-nídh le fagháil innte chomh tabháchtach & chomh taithneamhach do'n duine & do bheadh dráma ag Ben Johnson nó éin-nídh chomh inléighte do léightheóiríbh i leabharlannaibh puiblidhe le húirscéaltaibh Fielding nó Thackeray, agus do chuirfeadh ortha sealad do thabhairt go haiteasach dá léigheadh? Sidé mo fhreagra ar an gceist seo, & gan eagla a bhréagnuighthe orm — gur b'iad an dream is lugha eolais ar litiridheacht na Gaedhilge is mó bhíos dá tarcuis- niughadh. Níor bhuail an té sin umam fós, go raibh eolas aige ar an nGaedhilg, do staon dá léigheadh, de dheascaibh gan ádhbhar litiridheachta do bheith le fagháil innte. Admhuighim ná fuil éin-litiridheacht nua-Ghaedhilge d'fhéadfaí a chur i gcóimh-mheas leis an litiridheacht do scríobhadh ins an Iodáil i hallaíbh Medici nó i Sasana i linn móir-réime Eilíse & Anna nó 'sa bhFrainnc fé chúram mhacnais Laoisigh. Na scríbhneóirí Gaedhilge gur bh'fhéidir a bheith ar a gcumas aca litiridheacht do cheapadh ar nós na bPetrarchs nó na Molieres nó na Johnsons, fóríor, bhí atharrach cúraim ortha i n-éaghmais bheith ag cleachtadh cantachta a dteangadh, nó léir-chruinneas gastachta a laoidhthe, i dtreo a bpáirt do ghabháil i n-aithbeodhughadh litridheacta árd-léigheanta Pactelion. Bain naoi dtrian as an deichmheadh chuid d'fhilidheacht
& de dhrámannaibh, de stairidheacht & de fheallsamhnacht dá bhfuil cnuasuighthe isteach i litridheacht an tSacsbhéarla ó ré Plowman & bíodh cúram na teangan ar feadh na gcianta fada so fé thuathachaibh ruagtha ar fuaid fásacha Cornwall, & sin é go beacht agat aoide na Gaedhilge; & nach móide an t-iongnadh é go bhfuil a bheag nó a mhór dá litridheacht le fagháil i n-éan- chor? Níor bh'é seo an scéal a bhí le hinnsint i gcomhnuidhe 'na taobh, ámhthach. Téimís siar ar an sean-aimsir go bhfagham tásc ar an dtreo bhí uirthe le linn na haimsire do ceapadh an duan aiteasach úd “Tír na nÓg” & an tráth do deineadh aithris ar an gcomhrac do bhí idir Chúchulainn & Ferdiadh; agus gan i rith na hEórpa ar feadh na haimsire sin acht ainbhfios agus dorchadas intleachta. Cuir i gcás agus go gcuir- feadh drámaidhthe mór-ghreanta na hIodáile fútha i nÉirinn, nár dhein drámaidhthe linne Eilíse acht aithris a dhéanamh ortha; nó drámaidhthe gasta na Frainnce do chuir a n-éirmí féin i litridheacht na Bainrioghna Anna, agus go mbeadh ríghthe na hÉireann fé réim agus fé rachtmas rómpa chun tíodhlaicí do bhronnadh ar lucht laoidhthe agus léighinn i n-ionad na malluightheoirí do ghaibh ceannas uirthi, go raibh fuath chomh nimhneach sain aca, do bhárdaibh na hÉireann agus gráin mhairbh- theach chomh mór sain aca ortha, gur réiseamhla an luach saothair do bhronnfaidís ar mhalluightheóiribh a ndúnmharbhtha ná mar do bhronnfaidís ar lucht díbeartha na bhfaolchon.
Agus da mb'í an teanga Gaedhilge do bheadh ar eolas ag an mBúrcach, ag an Srudánach, ag an gCúrnánach agus ag an Mórdhach agus ag a lán eile nach iad d'éigsibh na hÉireann le ciantaibh i n-ionad teanga choighchriche, agus toradh a mór-intleachta agus a mór-eolais agus greantacht a n-uchtach do chur síos innti, cá bhfuil an té d'fhéadfadh teora a chur le méid agus le maise litridheachta úrlabhra Oisín 'san naomhadh haois déag? Bhí léir-sgrios déanta ag na hallmhuraigh úd na Gótaigh ar litridh- eacht áluinn ná Róimhe i gcionn dá chéad bliadhan, níl acht trí chéad bhliadhan áirimhthe de ré na hainbhfiosa agus taréis a bheith caithte dho, do b'éigean sibhialtacht d'athchruthughadh fé mar deineadh tar éis an dílinn mhóir. Tá míle bliadhain ó shoin ó chuir na Lochlannaigh, — agus 'na ndiaidh sain sliocht Strongbó, — cosg le fás intleachta na nGaedheal agus le hoideachas a n-ollamh, acht, taréis áir agus léirsgreasa agus mear- thail na míle bliadhain so, tá cur síos againn ar dhlighthibh, ar chearduigheacht, ar ealadhantaibh agus ar mhór-chuid eile litrdheachta ná fuil éin-nídh le cur i gcóimh-meas leo, chomh fada agus a théidheann m'eolas- sa, ag éin-treibh eile chomh-aimsearach leo. Ag áireamh na sibhialtachta do fuair cuid aca de bharr réime na Rómhánach féin, gheobhaidh an léightheoir adhbhar léigh- theoireachta níosa aiteasaighe a' Dlighthibh na mBreath- eamhan amháin ná mar a bhfaghadh a leabhair ag trácht ar thaisdealaidheacht thar lear, nó i suidheamh na
dtreabh do cheangail muinntir gach barúntachta le chéile i gcáirdeas ar nós aon lín tighe amháin, nó i reachtaibh na féile do dheineadh fóirithint ar na bochtaibh, nó i suidheamh talmhan na sean-Ghaedheal do bhí líonta de ghach nidh, dá fheabhas, atá i n-éirimíbh bainistidhe coitchinne na Críostaidheachta, agus do bhí níosa ghéar-chúisighe go mór ná éin-nidh atá curtha síos ins na dlighthibh a thugann cóimh-cheart do na tighearnaíbh tailimh agus do na tionóntaidhthibh, agus ag déanamh stuidéir ar bhéasaibh na nGaedheal n-ársaidh ar a dteaghlachaibh, ar a mbiadh nó ar a gcaitheamh aimsire. Ní gabhadh dho'n té is cíocraighe ar lorg grinn litridheachta a chúl a thabhairt go mí-shásta le n-ár leabhraibh stardha, mar go bhfuil aithris déanta ionnta go dtugann éigse na hEórpa creideamhaint anois dóibh ar eachtraíbh maraidheachta, ar ghrádhthóireacht & ar ghníomharthaibh mór-éachta ná fuil foillsighthe fós, agus go meastar go bhféadfaidhe céad leabhar deagh- thaidhbhseach — 'na mbeadh dhá chéad leathanach i ngach leabhar aca do líonadh leo — eachtraí draoidheachta, eachtraí cródhachta, & eachtraí grádha, — acht, is oth liom a rádh, grádh ná raibh dílis gan claon i gcomhnuidhe. Cé ná fuil grinn-litridheacht na Gaedhilge gan smál, tá folláine na fírinne le fagháil innte. Budh mhaith le léightheóir Eachtra Ghráinne cunntas d'fhagháil ar throm-dhíoghaltas a bheith imeartha ar an té ba bhun le léirscrios a céid-seirce. Ní maith linn a bheith le rádh gur thug sé uirthe é féin do phósadh, Acht
tá aithris ar ghníomharthaibh dá shaghas, dáltha mar a dhin Risteárd, an rígh druinneach, feall mairbhtheach ar a dhearbhráthair & do thug ar a mhnaoi, é féin do phósadh d'éin-bheirt; & sin mar a chuireann an scéaluidhe Gaedhealach an fhírinne síos ar an gcor aithiseach do thug Gráinne dhi féin, & Fionn a phósadh, & triatha na Féinne ag déanamh gártha cnáide fúithe, tar éis feill mairbhthigh an bháis uathbhásaigh do bhí déanta ag Fionn ar Dhiarmuid. Acht tá a atharrach innste ar ghrádh chaoin bhuan- seasmhach mná, gur rogha léi bás ná aithis, i gcumha Dhéirdre tar éis bháis Naoise; agus ag tagairt do dhlúth-charadas idir fear & fear — caradas do théidh- eann an oiread sain i gceannsacht gur chosamail le grádh caoin mhná é, — acht ná stríocann sé ó chomhrac do chur ar charaid, nuair is dual do laoch é dhéanamh, ní heol dam éin-ghníomh i stair an chinidh dhaonna, & stair Dháibhí & a mhic Jonathan do chur chuige, éin-nídh níosa thruaighmhéilighe, ná níosa fhírinnighe, ná an comhrac do bhí idir Chúchulainn & comh-dhalta a óige ag Árd Átha. Ceann do na hachmhusánaibh a chastar le n-ár gcineadh — nár cheap meon na nGaedheal éan-duan chlúmhail riamh. Agus na hachmhusáin bhréagacha go léir a chur chuige, ní fhéadfadh ar namhaid mí-náireacha éan- achmhusán níosa bhréagaighe ná níosa thuathalaighe ná sain do chasadh linn. Do bhí dhá dhuan ceapaithe ag éigsibh na nGaedheal, ceann ar Mheadhbh & ceann ar Fionn, le ciantaibh, sul a
raibh éin-nidh, gur fiú é áireamh, ceapaithe i dteangthaibh na nua-eachtraí. Ní bréag a rádh nár bhain éin-fhile mar Homer nó Dante le n-ar gcineadh do cheap duan gonta gan cháim, tríd is tríd, & d'fhág mar oighreacht againne é, le saoghal na ré. Tá cunntas chomh cruinn againn gur b'é Oisín do cheap eachtraí na Féinne & gur b'é Homer is ughdar do'n Iliad; acht, i dtaobh na ndaoine do chan mórdhacht laochraidhe na Craoibhe Ruaidhe, ní mór ná gur mar a chéile an cunntas atá againn ar cé'r bh'iad féin, & na daoine do chuir suas rathanna Dubhaidh nó na crom-leacacha. Ní fo-dhuine dá saghas so do bhí i nÉirinn ins an aimsir ársaidh, acht bhíodar ann n-a slóightibh. Bhí na báird ar feadh na gcianta chomh chomhachtach, & ní ba chomhachtaighe go minic ná na righte féin. 'Sé toradh na hárd-intleachta so go bhfuil mór-chuid filidheachta sár-uaisle oighrithe againn — filidheacht ag adhradh na háilleachta, filidheacht ag gríosadh lucht an rachtmais chun na mbocht do chaomhnadh, filidheacht na haoireadh, ag tabhairt aithise dho'n chlaon-bheartach, & filidheacht ag dian-mholadh laochais atá chomh huasal le laochas na Trae, do chuir Homer i nduain, do lonnóchaidh le ré na gréine — filidheacht chomh dúthchasach, chomh caoin-chroidheamhail, simplidhe, fíor- Ghaedhealach, & chomh ceolmhar le ceileabhar an luin- duibh 'sa choill. Ní'l sé ar a gcumas ag lucht na cnáide ná na mailíse fírinne na staire seo do
bhréagnughadh feasda, de bhrígh go bhfuil dearbhughadh déanta air ag scolairíbh Gaedhilge mór-eolgacha gan cúiteamh. Tá eachtra Dhiarmuda & Ghráinne againne anois, fé mar aithristí ins an naomhadh haois é. Is ionann sain & a rádh, sul a raibh éin-scríbhneóireacht ar bith i dtean- gaidh na hIodáile & céad bliadhain sul ar ceapadh eachtraí ar laochas na Spáinneach. Is dearbhtha ná fuil ins an láimhscríbhinn is ársaidhe dá bhfuil againn acht aith-scríobhadh a deineadh ar eachtraíbh bhéalairiste do cuireadh síos na céadta bliadhain roimhe sin. Do bheadh sé chomh tairbhtheach do dhuine braith a bheith aige le greanntacht niamhrach litridheachta Gréigise do fhagháil i scéaltaibh mar iad so, do cuireadh síos ó bhéal-aithris seanchuidhe nach fios dúinne ciarbh' iad, ná na scríbhneóirí le bheith ag braith ar chaomh-uaim Tennyson i rannaibh an tSacsbhéarla ársaidh. Ní i bhfeabhas scríbhneóireachta na Gaedhilge atá a brígh acht 'na céill. B'fhéidir gur mó í a tairbhthe i leimhe na naomhadh haoise déag so ná mar is dóigh leo so atá go cíocrach d'á cosaint. Tá an duine ag dul i dtuirse le mí-shástacht de dheascaibh a ionnracas a bheith caillte aige. Ní'l éan- mhuinighin aige as an saoghal so, & tá sé ag dul i ndíchreidheamh i dtaobh an tsaoghail atá le teacht. An méid dá aimsir ná tugann sé go hamplach ar lorg saidhbhris, nó ag cur a cháile i n-airde, nó ag cur le n-a shámhairidheacht shaoghalta, caitheann sé é ag
déanam dúr-mhachtnaimh ar ghalaraibh a chuirp & a intleachta. Cá bhfuil leigheas is fearr le fagháil ar an ngalar nimhneach so na hintleachta, atá ag cur éadóchais ar an saoghal, ná i n-eachtráibh laochais aiteasaigh na sean-Ghaedheal — leigheas folláin láidir iomlán sim- plidhe a thabharfaidh aiseag dó ar a dhóchas, ar a lúth- gháire, & ar a éadromacht chroidhe? Maran duadh le dhaoinibh dul go tuaisceart na hEórpa, ar lorg breis eolais ar mhallaightheacht, & ar anacraibh an duine, de dhruim a dhroich-thréithe féin, cad chuige ná tagaid go hÉirinn, & sealad do chaitheamh sa tseilg i bhfochair na bhFiann, i gcoilltibh Bheann Gulban, nó cuaird do thabhairt ar Tír aoibhinn draoidheachta na Tairngire, nó páirt do ghabháil i n-ilchleasaibh aonaigh an Charmain, nó machtnamh a dheanamh ar shuairc-bheathaidh ár sean, iar ngéilleadh dhóibh do chreideamh na Tríonóide ró-naomhtha, agus an grádh gan teora do ghabhadar do'n Mhaighdin mhánla, máthair an Éin-Mhic, agus an ionntaoibh do-labhartha do tháinig dóibh aiste agus iad ag éisteacht le binn-fhuaim chluig na naomh, ag scaipeadh tré chiúineas na ngleann, ar theacht am codlata; nó ag éisteacht le geal-gháire flaith Fódla, ist-oidhche, ag cur fáilte roimh an gcoigcríoch, agus ag tabhairt cuireadh dhó, bheith istigh agus lonnughadh n-a bhfochair an fhaid agus dob' áil leis é. Is i meon na nGaedheal atá slánughadh na haoise saoghaltánaighe seo le fagháil. Do rug clanna
Gaedheal ar linne féin lasair an fhír-chreidimh leo siar go hAmerice, chomh bríoghmhar neamhthruaillighthe agus do bhí sé an oidhche do chuir Pádraig naomhtha ar lasadh ar Chnoc Shlainge é. Is ionann buan-ghreamughadh chlanna Gaedheal dá gcreideamh agus a ndlúth-aithris ar éirimíbh ársa a gcinidh. Táid ag claonadh go dlúth gan claochlódh le baidhibh, le lochtaibh, agus le subháilcíbh a gceap- sinnsear, ar chuma na fuil iontuighthe d'éin-treibh eile. Má tá éin-nídh níosa shoiléire ná gur maol leamh- fhuar a bhíonn éirimí na nGaedheal nuair a bhíonn an Sacsbhéarla 'n-a bhrat umpa, isé gur beo meanmnach a bhíd i dteangaidh agus i seana-úirscéaluidheacht na Gaedhilge, dáltha an deoraidhe ar chasadh a-bhaile dhó — gur aiteasaighe leis radharc dheataigh mhóna ag éirghe as a bhothán féin láimh le lios draoidheachta éigin ná ar bhraith sé riamh d'aoibhneas imeasc na gcathrach i gcéin. Má's nídh é go bhfuil éan-tSacsbhéarla le fagháil, gan bheith truaillighthe, gurab as a ceaptar pé litridheacht Bhéarla ar fheabhas atá le fagháil, is mó ná soin go mór a bhfuil le fagháil de Ghaedhilg gan bheith truaillighthe, agus is aiste nach fuláir litridheacht Ghaedhilge do cheapadh. Is mór le rádh scríbhneóireacht Dháibhis, an Mhongánaigh agus Mhic Fhearghuis, do réir mar atá teasaidheacht mheoin na nGaedheal le fagháil ionnta; agus is beag le rádh an méid de scríbhneóireacht Uí Mhórdha atá 'na héagmuis. Ní sa Rúise ná san Orbhuaidh ná i n-eachtraíbh lom-
chaithte an domhain toir is féidir le hintleacht tnáithte an tsaoghail éin-fhionnfhuaradh d'fhagháil, acht ag éis- teacht le seana-Ghaedhilgeóiríbh ag cur síos ar sheal- gaibh Dhiarmuda agus Oscair, nó i gcillíníbh Bhreandáin agus Cholmáin i n-aice na mara coimhthighe, nó i mín- bhéasaibh na seana-Ghaedheal, atá foluighte ar nós an adhainn óir atá i bhfolach fé lic an teinnteáin sa chaisleán draoidheachta; agus an té go mbeidh sé de bharr-bhuadh aige gnáth-bhéasa na seana-Ghaedheal do thabhairt thar n-ais ar an saoghal, ná deineadh sé aithris ar nósaibh atá do-aithriste le móir-chiantaibh, acht ar chuma do bheadh ionaithriste do'n ré nua so i dtreo go dtuigfear an mór-shonas a bhí ar ár sean agus a aeraighe agus a mhío-shaoghalaighe mar ar thugadar a saoghal — a chruinne agus a líonmhaire mar ar mhothuigheadar mór-aoibhneas na cruinne — díograis a ngrádha agus a gcródhachta i gcomhlann — agus an t-uamhan do chuireadh iaraidheacht na hoidhche ortha, agus a gcreideamh diongmháltha i mbeathaidh spriodálta do-choimsighthe bioth-bhuan an tsaoghail thall. Sid iad na nidhthe fé ndeara do sheana-scéaluidheacht na nGaedheal bheith aiteasach thar barr, agus do thug ré do — mharbhtha dho'n gcineadh. Acht déarfaidh an fear thall, cad chuige dhúinn beith ag caoi i dtaobh nídh do-leighiste? Tá ré Phan ar ceal le ciantaibh. Tá lucht labhartha na Gaedhilge ag fagháil bháis 'n-a míltibh. Ní mór eile aca atá fágtha. Cad é an bhreith atá ar theangaidh do choimeád i
mbéalaibh na ndaoine, atá chom mór soin i n-éag- chruth an bháis? A fhir úd thall, ní baoghal báis di é, chomh mór agus is dóigh leat-sa. Measaimís go bhfuil cloidhe teorann déanta tré lár an oileáin ó'n gceann thuaidh go dtí an gceann theas de. Labhrann isteach is amach le leath na ndaoine atá 'na gcomhnuidhe lastiar dhe an Ghaedhilg, agus tá na céadta mílte dhíob ná tuigeann í, do chuireann a gnás i ngnáth-úsáid, ag labhairt an Bhéarla dhóibh — tá modh canamhainte aca atá oireamhnach d'urlabhra tuilteach na nGaedheal. Do réir an chóimhrimh a dineadh i n-uraidh bhí seacht agus trí chéad míle dhuine do labhair Gaedhilg i gCúige Mumhan, agus naoi déag agus céad míle duine i gConntae Chorcaighe amháin. Cuir leis sin milliún ar a bheag dar gcineadh atá 'na gcomhnuidhe i dtuaisceart agus i n-oileánaibh na hAlban, do labhrann teanga ar sinsear, gur lugha í an deifiridh- eacht atá idir a n-urlabhra agus ar n-urlabhra-na ná mar atá idir urlabhra mhuinntir' Lunndain agus urlabhra mhuinntir' Lancashire. Is ionann soin agus a rádh go bhfuil an Ghaedhilg i mbéalaibh níos mó daoine ná mar atá ag labhairt éin-cheann de shé theangthachaibh áirighthe san Eóraip. Acht dá luighead daoine atá dá labhairt, táid fós fé bhláth, agus a dheamhramh ortha gur fada uatha anonn atá feochadh an bháis. Is í an fhírinne í, nach le neart a laige féin atá an Ghaedhilg ag dul i ndísc, acht de neart nóis, agus de
bhrígh ná fuil ann acht nós, is lughaide baoghal di bheith traochta é go fóil ná go fóil eile. Ba mhinic, le deich mbliadhna is dachad do labhradh go trom ar lucht cnáide leanbh Gaedhealach scoile nuair a bheirtí ortha ag labhairt na teangan do thug- adar leó ó lacht chíche a máthar, agus níl amhras ná gur bh'aithiseach an bheart í. Ní hé an cipín scóir do cuireadh ar chrochadh fé bhrághaid leanbh labhartha na Gaedhilge, mar tharcuisne ar a dteangain, fé ndeara dhi bheith ar gcúl, acht teicheadh na ndaoine thar sáile. Ní túisce thugann an tuathach Gaedhealach a shúile thar fairrge siar, le hintinn a shlighe bheathadh a bhaint amach ins na roinnibh móra 'n-a bhfuil an teanga Bhéarla fé áird-réim, nách follus dó, as a ghéarchúise féin, — & gan comhairle lucht a stiúrtha d'áireamh, nach gábhataraighe dhó long & fiacha a thaistil a bheith aige ná eolas ar Bhéarla, chun teicheadh leis féin ó'n mbochtaineacht, agus cur fé i dtíorthaibh 'n-a bhfuil luach a shaothair agus a neamh-spleádhchais i n-áirighthe dhó. Ní bheadh acht neamh-nídh i n-éin-iarracht dá dtabhar — faidhe ar an nGaedhilg d'aithbheodhughadh do chuirfeadh lucht a labhartha bun os cionn le deigh-eolas ar Bhéarla d'fhagháil, mar nár bh'féidir dhóibh a slighe mhaireamhna do bhaint amach 'na éaghmuis. Acht nach ait an nídh é, gur ar lucht labhartha na Gaedhilge is mó chuireann suidheamh ár n-oideachais cosg ar éin-eolas fhóganta d'fhagháil ar Bhéarla, mar ná múinfidhe dhóibh é tríd an dteangain atá ar eolas
aca, acht tré theangain atá i n-ainbhfios ar fad ortha, agus curtha os a gcomhair ar chuma atá chomh do-thuig- sionach soin dóibh gur b'amhlaidh chuireann sé fuath ortha roimis i n-ionad flosc a chur ortha chun é fhogluim? Níl de bharr an tsaghais sin teagaisc, acht mar a bheifidhe ag cur sios ar ár na Trae i n-urlabhra Hómer, chun eolais ar bhréithribh na Gréigise do chur i dtuigsint do leanbh a bheadh i dtaoibh le heolas ar Bhéarla amháin. Ní bhfaghann leanbh labhartha na Gaedhilge de theagasc acht a ghéarchúise do dhalladh, agus a chur n-a luighe air gur tuathalan dúr gan intleacht é. Is í an éagcóir is mó í atá déanta ag aicme fuatha na Gaedhilge, nach beag leo eolas gan áird ar Bhéarla do bheith ag an dtuathach Ghaedhealach. Acht ní hé réidhteach na ceiste é cosg do chur leis an muinteoireacht náirigh a tugtar do leanbhaíbh Gaedheal- acha atá láimh leis an bhfairrge go gcoisgthear ortha de ghnó Gaedhilg ná Béarla d'fhoghluim ar fognamh, ar eagla gur rogha leo an Ghaedhilg; acht is ar lucht labhartha an dá theangan atá a réidhteach, mar gurab iad so an dream is iomadamhla go mór. Agus mar dhearbhughadh air sin, do réir an chóimhrimh a dineadh i n-uraidh tá cheithre mhíle, cheithre chéad, is cheithre fichid duine i gConntae Chiarraidhe ná labhrann acht Gaedhilg amháin. Níl fé bhun trí fichid is naoi míle agus seacht gcéad duine as cóimhreamh na ndaoine curtha le chéile, 'sé sin, céad, naoi déag is trí fichid míle duine, go bhfuil eolas aca ar dhá theangain.
Is ortha so, lucht labhartha an dá theangan, atá buan- ughadh na Gaedhilge ag braith. Cá bhfuil an té a déarfadh gur maolughadh intleachta ortha é, nó a shéanfadh ná gur líonmhaire agus ná gur cruinne i ngéarchúise é de bharr a gcuid eolais ar an dá theangain? Ní bhraithid de dhuadh ag déanamh a smaointe dhóibh ionnta araon, acht mar a bhraithid idir an eolas atá aca ar áireamh a dhéanamh agus a n-eolas ar an dTeagasc Chríostuidhe. Cé gur fios dóibh nach gábhataraighe airgead ná urlabhra Shasana dhóibh i ngnóthaíbh an tsaoghail, is eol dóibh mar an gcéadna gur b'í an Ghaedhilg is dual dóibh sa bhaile imeasc a gcumann nGaedhealach féin, gurab innte atá dlúth-cháirdeas naomhtha agus luibh-leigheas do'n chroidhe bhrónach le fagháil — gurab uaithe is binne a cloistear ceol na sean-aimsire, gur b'í teanga na féile í, gur b'í teanga a dteinnteáin féin í agus an teanga is fearr chun tír-grádhthóireachta do ghríosadh agus do chur ar lán-lasadh í — gur b'í an teanga is caoine i do na grádhthóiríbh óga agus iad fé bhláth bhán na n-áirne, nóin lae Bhealltaine, agus iad ag caomh-chogarnaigh ag cur a gcumainn i n-umhail dá chéile, le brigh ná tiocfadh leis an mBéarla leamh fhuar croidhe an Ghaedhil choidhche do shásamh. Is iad na daoine seo buan-taca na Gaedhilge feasta, do réir mo bharamhla-sa. Beidh an lá buaidhte aici, an tráth a cuirfear n-a luighe ar lucht a labhartha nach trúig aithise ná ceann-fé dhóibh í bheith ar eolas aca, acht mór-is-fiú agus árdughadh cinn a
bheith ortha mar gheall uirthe, agus go bhfuiltear ag tnúth leo n-a taoibh, agus go bhfuil sé ceangailte ortha, í fhágaint mar oighreacht sár-luachmhair ag á gclainn. Cuirfead dhá sholuíd síos díbh, atá ar m'eolas féin, ag dearbhughadh ar a dhéine mar atá nós ag cur go dian i n-aghaidh na teangan. Ógánach dar casadh orm, ar Chruaich Phádraig, sa bhfoghmhar so imthigh thorainn, d'innis dam, go dtugadh na sean-daoine an chéad chuid de'n choróin Mhuire as Gaedhilg uatha gach oidhche i mbothán a athar, & gur as Béarla do thugadh an t-aos óg na freagarthaí uatha. Is furus a thuigsint as an tsoluíd seo a mhire mar atá an teanga dhúthchas ag dul i bhfeochadh agus a usa, mar an gcéadna, mar a fhéadfaidhe cosg do chur leis an bhfeochadh so, fós amháin. Dá gcuirtí n-a luighe ar na leanbhaíbh, gurab é an cleite badh mhór-chúisighe dhóibh é, bheith n-a gcaipínibh aca, a bheith ar a gcumas na freagarthaí a thabhairt uatha as a dteangain féin, níl amhras ná gur gearr gur bheag aca a mBéarla briste agus gur rogha leo go mór teanga thuilteach a sean. Is soiléire ná soin a tuigfear éagadh na teangan as an dtarna sholuíd. Easpog gur mhór é a chuid eolais ar an nGaedhilg, do bhuail umam, & é ag dul d'fhiosrughadh paróiste leis, go raibh a heolas ag óg agus ag aosta beagnach dá raibh n-a gcomhnuidhe innte. D'fhiafruigheas de, an mbeadh sé de shásamh orainn seanmóin a chlos uaidh as Gaedhilg. “Níl éin-nídh,” ars' eisean dom fhreagradh. “dob' áile liom ná é,
mar ná fuil sé ar chumas éin-teangan eile iomláine cráibhtheachta an chroidhe Ghaedhealaigh do chur ar lán- lasadh mar í; acht,” ars eisean, “ní fhéadfaidhe masla ní budh mhó do chur ar phobal go mbeadh a heolas aca ná labhairt leo aiste, mar gur b'í an chiall a bhainfidís as ná, ná raibh de mheas ortha acht gur scata tuathalán iad, gan éin-eolas aca ar Bhéarla.” Ní ceart dúinn bheith ag tromuidheacht ortha n-a thaobh soin. Ní héin-iongnadh gur beag ar thuathachaibh mí-shaoghalacha an iarthair teanga a mbothán súigh, mar ná feicid ag lucht a labhartha acht an dealbhas agus ainbhfios agus aithis d'á leanmhaint mar leannán sidhe ó aois go bás dóibh, seachas teanga chath-bhuadhach Shasana, urlabhra na scol is na gcúirt agus lucht áird-réime, agus é fé litridheacht chomh háluinn sin nach féidir a mhaise do shárughadh, — urlabhra atá dá fhoir-leathanughadh ar fuid ríoghachta na cruinne le toradh claidheamh. Acht seo nídh eile fé ndeara dhon teangain bheith ag dul i n-éag: gur daoine lucht a labhartha ná fuil léir- thuigsint sa cheist aca, acht an léisín eolais atá ag teacht dóibh innte dá dhalladh, lé comhacht nóis, agus ag cur a fuatha ortha níosa mhó ná mar atá a ngéir- riachtanas. Ní gábhadh a dhéanamh, acht a chur 'na luighe ar thuath- achaibh dealbha láimh leis an bhfairrge nach mó bhí an Ghaedhilg fé tharcuisne ag maithibh na tíre roimhe seo ná mar atá sí fé árd-mheas anois aca; agus nach cíoc- raighe atá aos óg na gcathrach, chun eolais do chur ar
Fhrainncis ná ar an nGaedhilg féin, agus go dtéidheann na sluaighte aca gach bliadhain ar chuaird go dtí na ceanntraibh Gaedhealacha, ina a bhfuil sí go beó fós, i mbéalaibh na ndaoine, gan truailliughadh dhul uirthi; agus nach taithneamhaighe leó síneadh folláin binn an tsléibhe nó fothram borb na bóchna ag dul 'na gcluas- aibh, agus í ag borradh is ag briseadh tré chuasaibh Aicle nó Cliara, ná ceol binn na Gaedhilge a béalaibh na dtuathach. Chífear annsoin gur móide mór-chúis thuathaigh an iarthair é n-a thaobh féin agus i dtaobh a theangan. Cuirtar i n-umhail dó, nídh nach iongnadh, nach fuláir dó eolas ar Bhéarla do bheith aige i ngnóthaíbh an tsaoghail; agus gur ró-riachtanach dá chlainn a eolas a bheith aca i gcomhair lae bhuainte an fhoghmhair i Sasana nó i gcathrachaibh móra Aimerice. Bíodh a fhios aige nach trúig ceann-fé dhó a bheith air é, acht cúis mhór-is-fiú, géilleadh a thabhairt dá chlaontaibh nádúrtha, agus cluas a thabhairt go hurramach don gcléir & é ghá chomhairliughadh ar a leas a teangain sean-naomh a chinidh; agus gur móide subháilce & grinn a lín tighe é na sean-sgoruidheachta do chur ar siubhal arís, le geoin meidhreachta na Gaedhilge, atá chomh suairc leis an mil do bhíodh ar bhórdaibh fleadh na sean-Ghaedheal, agus í ag cur scaipeadh ar an gciúin- eas mhairbhtheach do bhí le fada ar fuid a bhótháin, de dheascaibh leamh-urlabhra an choigcríchigh do chleachtadh. Curtar i dtuigsint go soiléir do lucht labhartha na Gaedhilge go bhfuil tabharthas mór-luachmhar ar sheilbh
aca, agus nach fearr a théidheann báire camáin dá sláinte ná mar a théidheann eólas ar theangain a sin- sear d'á n-intleacht; annsain ní baoghal báis feasta dhi é. Acht ní leór an méid sin amháin. Más mian leis na Gaedhealaibh seo go bhfuil treo mhaith ortha go luigh- feadh na tuathaigh Ghaedhealacha ar aithris a dhéanamh ar nós, cromaidís féin ar dtúis air. An té cháinfeadh nó a mholfadh an teanga Ghaedhilge, ní fuláir dó eólas do chur uirthe ar dtúis. Ní bhaineann sé liom-sa, san aitheasc so ná fuil ceapaithe agam acht chun Éireannaigh óga do chur ag machtnamh, éan-chur síos a dhéanamh ar an modh budh dheamhraithige go bhféadfaidhe an teanga do aithbheodhughadh. Éan-pharóiste gur b'í an Ghaedhilg atá ar eolas ag an gceathramhadh chuid de na leanbhaíbh scoile, dá gcuirtí oide innte do bheadh eolgach ar í labhairt agus tuaras- tal do thabhairt dó de bharr a chuid eolais ar an dá theangain, agus gan éin-ghiústís ná éan-oifigeach phuiblidhe eile do chur ins na ceanntraibh Gaedhealacha ná beadh eolas ar Ghaedhilg aige — ní bheadh ann acht mar a deintar sa Bhreatain agus i dtuaisceart na hAlban. Téimís níosa shia ar an gceist: níl éan-chúis tabháchtach i dtaobh tairbhthe nó teagaisc, ná cuirfidhe teanga na hÉireann ar chlár an Scrúduighthe Mheadhón- aigh, i n-ionad Laidne nó Gréigise nó Frainncise féin. Ní túisce bhíonn toradh stúidéir na mac léighinn foillsighthe ná mar a mbíonn eolas neamhthairbhthighe ná
Laidne agus na Frainncise bhí foghlumtha aca imighthe as a gcuimhne uatha, seachas eolas ar a dteangain féin do thabhairt dóibh, ionnus go bhféadfaidís cainnt a dhéanamh le lucht a labhartha, agus eolas d'fhagháil ó n-a mbéal-aithris ar bheathaidh ghrinn a sean do chuirfeadh aiteas le n-a saoghal ortha. Ní raibh fé bhun cheithre chéad mac léighinn na Gaedhilge istigh ar an Scrúdughadh Mheadhónach i n-uraidh. Is é is dóichighe go raibh dá chéad míle d'ár ndaoinibh óga ag casadh le saghas éigin eolais do chur ar Fhrainncis agus ar Laidin. Dá mbadh ag claoi le heolas d'fhagháil ar a dteangaidh dhúthchais féin do bheidís, nár mhór mar thaca iad chun úirscéaluidheacht ghrinn na Gaedhilge do thabhairt leo aniar ó n-a mbothán- aibh, agus í fhoirleathanughadh go buan agus go bríoghmhar ar fuid críche Fódla. Is mór ar fad an lámh chabhartha atá tabhartha ag Easpuig na hÉireann uatha agus ollamhnacht Ghaedhilge do chur ar bun i gColáiste Mhagh-Nuadhat. Ní ag dul thar fóir é a rádh, dá mbeadh sé ar a chumas ag an Athair Eoghan Ua Gramhna, gach a ndeintar de shagairt óga i gColáiste Mhagh Nuadhat gach bliadhain do ghríosadh le n-a theas-ghrádh féin, ná beadh de bhreith ar urlabhra Oisín do dhíth-phréamhughadh a fearann na Féinne ná an creideamh do phlannduigh Pádraig na mbachall innte do stracadh as a phréamhachaibh. Acht do réir mar chítear dhamh-sa 'sé an nídh é is riachtanaighe chun buan-aithbheodhughadh & foir-leathan-
ughadh na teangan do chur chun chinn ná atharrughadh do dhéanamh ar an Acadaimh Ghaedhealaigh fé lathair nó ceann nua do chur ar bun, ar chor go bhféadfaidhe comhacht intleachta na Gaedhealtachta do chur le chéile i n-aon chumann amháin ná beadh a atharrach intinne aca acht a bheith go síor-imnidheach ar son na teangan & ná beadh chomh beag-anmach & iarsmaí ársa sár-luachmhara na nGaedheal, d'fhág scoláirí tír- ghrádhacha mar Hudson, Mac Uí Argadáin agus Bhilde mar oighreacht ag Clannaibh Gaedheal, do scaoileadh uatha anonn go South Censington, chomh maith & nár bhfiú iad spéis a chur ionnta; cumann gur bh'eol dóibh cionnus cúrsa na teangan do stiúrughadh mar budh chóir a dhéanam & go mbeadh gean a ndóthain aca uirthe, agus meanma chun breaghthacht a filidheachta agus gach saghas stairidheachta eile, dá thaithneamhaighe agus dá thábhachtaighe, d'fhoillsiughadh os comair súl lucht léighinn an tsaoghail. Dá gcuirfidhe Acadamh nua ar bun, do bheadh fé chúram scoláire, mar chuid aca so atá n-a mbeathaidh fós — cuirim i gcás Gilbert — go mbeadh eolas cruinn aca ar cheisteannaibh cruadha do réidhteach, nó go mbeadh teas-ghrádh an Chraoibhín Aoibhinn aca chun stuidéir a dhéanamh ar an dteangain fé mar atá sí i mbéalaibh na ndaoine, agus do thabharfadh canamhaint agus scríbhneóireacht gach cúige fé riaghail aon ughdar- tháis amháin, agus slacht do chur ar a bhfuil fágtha againn de scríbhinníbh agus de sheanchuidheacht neamh- shlachtmhair ar chuma do bheadh oireamhnach don ré seo,
agus réim nua-litridheachta do chruthughadh, ciaca as Gaedhilg nó as Béarla é, acht go mbeadh cuma agus crut agus greann na sean-aimsire uirthe. Do bheadh tuilleadh nach é le déanamh aca. Níor mhór dhóibh dlúith-cheangal caradais do dhéanamh idir Chlannaibh Gaedheal atá scaipithe ar fuid an domhain agus a ndeigh-thréithe do chur fé mheas arís os comhair an tsaoghail; agus ceol a sean do bheith dh'á chleachtadh aca, agus drámaidheacht dhúthchasach fhíor-Ghaedhealach do cheapadh — rud ná fuil fós le fagháil; agus láimh- scríbhinní luachmhara stardha do chnuasach go bhfuil na leoghain dá gcogaint i leabharlannaibh Shasana agus i mainistríbh i gcéin; agus an cómhtholán do chur ar siubhal arís chun scaipeadh do chur ar ghruaim na ndaoine, i n-éinfeacht le féileamhlacht ársaidh, lúith- chleasa agus gártha na Teamhrach do chur fé réim arís ar fuid na Banban. An é an bhraich gan lionn é do Ghaedhealaibh na hÉireann bheith ag braith go mbéarfaidh an tráth ortha go sroichfidh siad oileáin agus gleannta na hAlban, tar éis tulcaí garbha na Maoile a chur dhíobh, agus ceangal cáirdis do dhéanamh níosa dhlúithe ná mar a deineadh le déidheanaighe é idir shliocht na laochraidhe do shealbhuigh iad agus do rug buadh fé Aonghus agus do thug umhlacht do Cholm Cille agus dul níosa shia ná soin féin, ar mhuir & ar mhachaire, ar lorg treabhachais gur gairid é ar ngaol leó atá n-a gcomhnuidhe i nOileán Mhanann, & i measc sléibhte ceoigh na Breat- aine, agus cathrach ársa Breataine na Frainnce, & a
subháilcí agus a dtréithe do chur leis an nGaedhealtacht eile atá ag dul i méid & i dtreise sa ré nua so, agus leigheas a dhéanamh ar an gcnaoidh mhairbhthigh atá ag cur éadóchais ar an sean-aois tnáithte seo, i dtaobh anma & cuirp, le spriodáltacht chomh beo agus cródhacht chomh neamh-eaglach agus meon chomh neamh- thruaillighthe & do bhíodar le linn mí-shaoghaltachta agus macántachta na sean-aimsire. Nílim dá iarraidh ar mo chomhdhúthchaisíbh faillighe do thabhairt ins na nidhthibh is riachtanaighe fé láthair, agus imnidhe do bheith aca ionnta so ná fuil dul ar a gcur chun cinn fós. Acht táim dá iarraidh ortha go lán dáiríribh gan a mheas a thuilleadh nach mian le héin-neach ar dteanga náisiúnta do chosaint ar an mbás acht le daoinibh atá ar bheagán céille, acht a fhios a bheith aca ná beidh éin-nidh níosa usa le déanamh ag Feis na hÉireann ná is mó a bheidh de fhonn ortha chuige ná is dualgaisighe dhóibh a dhéanamh ná teanga na Teamhrach do chur fé ghradam arís. Ní beag de chúis ghuil é dhon Ghaedheal machtnamh a dhéanamh ar stair-chúrsaíbh a theangan. Ní raibh d'a barr aige ar feadh na gcianta acht tarcuisne agus bheith fé dhaor-smacht na dlighe, agus cuir a bháis amháin. Bhí sé coisgithe ar Chlannaibh Gaedheal tabhairt suas do bheith ortha. Bhí clódóireacht leabhar i n-ainbhfios ortha, agus iarsmaí litridheachta a dteangan scaipithe agus curtha i bhfolach aca, agus ag feochadh i láimh- scríbhinníbh, ar eagla go ndaorfaidhe le ceannairc iad, dá mbéarfaidhe ortha agus iad do bheith aca.
Acht níor chuir an daor-smacht go léir eagla ar na filíbh í chanadh ná ar na scoláiríbh í scríobhadh ná ar an gcléir teagasc a thabhairt d'á dtréid aiste, ná níor chás leo aghaidh do thabhairt ar gach amhgar dá ghéire agus an bás féin d'fhulaing de fhonn í chosaint, de bhrígh gur bh'é an greim dubhach leo é droich-chrích d'á breith. I laethibh na bainrioghna mallaighthe úd, Eilís, dob' é an sár-staraidhe úd Dubhaltach Mac Firbisigh do bhí n-a cúram, agus é ag cur le chéile an leabhair iongantaigh úd, na Geinealacha, i n-onóir dá fhlaith, nuair do chaoin sé go fuigheach ar an gcreich do bhí imighthe ar fhlaithibh na nGaedheal, agus gan an oiread agus ionad a n-adhlactha de sheilbh aca d'fhearann a sean. Tráth eile dob' é Micheál Ó Cléirigh bhí n-a cúram n-a chillín dhealbh, agus é go caomh cíocrach ag aith- scríobhadh na sean-leabhar do bhí cnuasuighthe aige, nuair a chuir sé i n-umhail brón a chroidhe n-a fhoclaibh mí-shaoghalacha féin, gur trúig truaigh-mhéile agus taise do ghlóir Dé agus d'onóir na hÉireann é mar bhí treabh Gaedhil mhic Néill curtha le fán. Tar éis an dá ár d'imir an t-an-spioraid úd Cromail & an tríomhadh rí Liam ar Éirinn agus a fearann a roinnt, & a ath-roinnt ar an aicme mhalluighthe do thaobhuigh leo, dob' éigean do cheannas na Gaedhealtachta stríocadh de bhrígh ná raibh éan-dul aige ar cur i n-aghaidh dlighthe ifreannda Shasana. Acht i lár an léir-screasa go léir níor tháinig an maolughadh ba lugha ar mhisneach chroidhe an Chéitinnigh agus é
i bhfolach i nGleann Eatharlaigh, cé go raibh an mac mallachtan droich-bheartach úd Cairiú go fraochmhar ar a thóir; agus níor lugha ná ar tháinig de mhisneach ar an bhFlaithbheartach 'na bhóthán i gCuan na Mara ná ar an Loingseach n-a chillín sa Lobháin. Acht do leanadar ortha go caoin-dúthrachtach ag cur litridheachta na Gaedhilge le chéile le súil go n-eireochadh breacadh lae na síothchána uirthe. Acht i n-ionad na síothcána, ba sheacht mí-ádhmharaighe an aoide do bhí i ndán di. Níor mhó brobh agus ár Dhroichead-Átha nó briseadh na Bóinne seachas na reachtaí diablaidhe do ceapadh i n-aghaidh Clanna Gaedheal le linn cheannais na bain- ríoghna Anna agus an chéad rí Sheoirse. Do dheineadar ruagairí reatha dhen tsagart agus den oide scoile. Dob' éigean dóibh teicheadh leo féin, & dul i bhfolach ar fuid fiadhantais na ngleann, agus gan d'ionad ná de chóir ag an sagart chun aifrinn Dé a thabhairt uaidh ná ag an oide chun múin- teorachta acht fé dhíon bhotháin anacraigh éigin, nó fothrach gan fiú na dtaobhán air — nó cois chlaidhe, nó cliathán carraige, agus gan a atharrach scátha ortha ó loscadh gréine an tsamhraidh ná d'fhothain aca ó thaca nimhneach nó ó chlagarnaigh an dubhluachair. Acht chuaidh sé dhíobh go léir chroidhe do-chlaoidhte an fhileadh agus an scoláire Ghaedhilge do chlaoi; agus mar fhínné fhírinneach air sin, is i gcaitheamh aoise na daor- bhruide sin do scaoil an Cearbhallánach a chuid cheoil agus duan sídhe-bhinne ar fuid na Banban, agus do
chloiseadh “An Londubh,” “An Druim-fhionn Donn Dílis” agus “Fáinne Geal an Lae” ó'n mbuidhin iongantaigh úd “Báird agus Filí na Mumhan” do bh, scaipithe ar fuid na cúige sin, agus gan dh'á ngríosadh acht ná raibh dul ag croidhe an Ghaedhil gan tocht mhór a ghéar-chrádha do scaoileadh uaidh i ndán nó briseadh dhul air. Feirmeoir i Ráth Luirc do b'eadh duine aca. Oide scoile i gConntae an Chláir duine eile aca. Ceoltóir caoch i dTiobraid Arann do b'eadh duine eile aca — daoine go bhfuil a n-ainmne i n-ainbhfios anois ar na daoinibh a ghabhann a n-amhrán, an tráth is caoine a bhíonn a smaointe agus is mó bhíonn aiteas ar a gcroidhthibh. I gcionn scaithimh d'eirigh tír-ghrádhthóirí agus scol- áirí i measc lucht an nua-cheannais agus an Sacs- bhéarla mar urlabhra aca. Do thosnuigheadar go mall ar a thabhairt fé ndeara a ársaidhe agus a thaithneamh- aighe a bhí litridheacht na Gaedhilge do bhí curtha ar gcúl ag fuid na gcnoc le fada bhliadhantaibh, agus do bhí mar chúis chnáide ag lucht léighinn. Le linn na haimsire sin iseadh do sholáthair Éamonn De Búrca do Choláiste na Tríonóide an leabhar iongantach úd nach féidir a luach d'áireamh, “Reachtaí na mBreitheamh,” taréis bheith céad bliadhan ar fán dó agus ar ceal ar fuid bothán Tiobrad Arann, agus do ceannuigheadh Ogygia Uí Fhlaithbheartaigh ar fiche ghiní, agus an leabhar iolstarthach úd, “An Leabhar Breac,” ar thrí phuint, trí déag is dhá thuistiún.
Dob' é an tuitim amach truaigh-mhéileach é, i stair theangan do bhí imighthe nach beag, do réir mar a saoil- eadh, gur b'é sin an tráth do thángthas ar an “Seanchus Mór” go míorbhuilteach, mar adéarfá, & gan a thuairisc le fagháil le ciantaibh, agus a rádh go raibh na scoláirí dob' fhearr a bhí n-a mbeathaidh an tráth soin i n-ainbhfios ar an saghas cainnte do bhí scríobhtha ann. Fé dheire do tháinig ughdarthás scoláire iltheangadh na Frainnce agus na Gearmáine 'gá radh go raibh bun- eolas comh tábhachtach le fagháil sa tSean-Ghaedhilg ar stair na hEórpa roimh ré na Rómhánach le stair na gCaesar ar mhór-cháil cathrach na Róimhe féin. Le linn na haimsire sin, d'eirigh buidhean scoláire cruinn-eolgach sár-imnidheach Gaedhilge i bhfus againn féin — Peitrí, Seaghán Ó Donnabháin, agus Eoghan Ó Comhraidhe, do dhein craobhscaoileadh go soiléir ar stair-chúrsaíbh na teangan agus do chuir aicme a cáinte agus cnáide n-a gcomhnuidhe. Chuireadar n-a luighe ar scoláiríbh an tsaoghail choidhche arís nár bh'iongnadh do Chlannaibh Gaedheal greamughadh d'á sean-leabhraibh le greim do-scaoilte duine do bheadh i nguais a bháidhte, agus nár bh'éan-ghlafairneach é a bhí scríbhte ionnta ag daoinibh tuathalacha neamh-eolgacha, acht fínnidhthe fírinneacha ar staraidheacht agus ar litiridheacht níosa ársaidhe & níosa aiteasaighe ná mar atá ar sheilbh ag éin-treibh Eorpaigh eile ar an dtaobh amuigh de na Gréagachaibh & de na Rómhánachaibh féin. Do bhí an lá le lucht cosanta na teangan fé dheireadh, acht cé gur mhór ag an lucht léigheannta í,
bhí na cainteoirí ar fuid na gcnoc d'á scaoileadh chun báis. Ba mhór é meas lucht teangthacha uirthe; acht i dtaobh an Ghaedhil óig gurab aiste do deineadh é oileadh & gurab innte do cumadh & do neartuigheadh a mheabhair chinn agus do chuir a chuid fola ag gluais- eacht go luaimneach tré n-a chuisleannaibh, níl de mheas aige uirthe ná de shuim aige innte acht mar a bheadh i gcoigcríoch droch-chúmtha agus gan uime acht brat lom-chaithte nó duine dealbh gaolmhar dó do bheadh n-a chomhnuidhe i mbéal a dhoruis aige. Nílim dá iarraidh an oiread suime do chur innte fé láthair agus do chuirfeadh an toirmeasc budh lugha ar an ngnó atá dá chur chun cinn againn anois, mar ná féad- fadh éin-nídh do raghadh chun ár dtairbhthe do chur chun cinn mar budh cheart acht fé churam macnais Feise Náisiúnta. Táim lán-deimhnightheach ná déanfar éan-aithbheodh- ughadh coitchionn de fhonn cúiteamh a dhéanamh i bhfaillighe na haimsire atá imighthe agus is lugha ná soin a déanfar é le hintinn an Béarla do chur ar gcúl. Is ait an nídh é, go gcaithfear a dhearbhughadh go bhfuil urlabhra ar n-athrach chomh oireamhnach mar chainnt agus chomh taithneamhach le hintleacht na Gaedhealtachta atá suas anois agus do bhí báire camáin agus fiaguidheacht do shláinte chuirp na sean-Ghaedheal. Ní fuláir a chur n-a luighe ar Ghaedhealaibh na linne seo mar an gcéadna nach cúis aithise dhóibh eolas do bheith aca ar theangain a dtíre féin, agus gan bheith dá
ceilt, chomh maith agus da mbadh táir-oighreachas í atá de sheilbh aca ó n-a sinsear, acht cúis na mór-chúise budh mhó d'fhéadfaidís a bheith aca, a bheith ar a gcumas í labhairt, agus gurab aiteasach thar barr í mar adhbhar stuidéir, agus gurab í a thabharfaidh aithne dhóibh ar na sean-leasaibh do mheasadar a bheith fé dhraoidheacht, le linn a leanbaidheachta, agus gurab aiste a gheobhaid ceol na salm do chan sean-naoimh na hÉireann i n-allód ag gabháil moladh le Rígh mór na gComhacht is na bhFeart; gurab uaithe a gheobhaid fuaim gár-chatha na seana-laoch, agus caoin-chogarnach na gcumannach n-óg, agus iad ar scáth thobair dhraoidheachta éigin. Cá bhfuil a fhios ná gur b'é toradh mhachtnaimh na hóg-Ghaedhealtachta so é ná coimhlíonadh a dhéanamh ar an dtairngreacht úd go mbeidh teanga na Teamhrach agus Chinn Choradh fé mheas fós i nÉirinn, agus go mbeidh sé de luach saothair ag na daoinibh agus de shólás ortha a dhílse mar a dheineadar í chaomhnadh & í i gcontabhairt a báis — mar badh mheasa leo a bás ná a mbás féin, a rádh gur rith leo, gur rug ré na síothchána uirthe, agus go mbeidh sí mar cheangal chaomh-charadais idir Chlannaibh Gaedheal le ré an tsaoghail, agus mar cheann-tobar aca, d'á ngríosadh chun filidheachta agus ceoil a sean do aithbheodhughadh, agus d'á mbrostughadh chun aithris a dhéanamh ar a mbeathaidh mí-shaoghalaigh macánta deigh- mhéinnigh agus ar a n-éirimíbh uaisle, mar is deamh- rathach gurab ionnta amháin atá leigheas le fagháil ar inntleacht tnáithte an tsaoghail. (A dheire.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services