Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Maicín
Title
Maicín
Author(s)
Mac Cumhaill, Mághnus,
Pen Name
Fionn Mac Cumhaill
Compiler/Editor
Ó Brolcháin, Tomas
Composition Date
1923
Publisher
Cumann Liteardha Chúigidh Uladh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MAICÍN. Indeoin nach rabh Maicín ach corradh beag le trí bliadhna de aois nuair a fuair a mháthair bás, ba mhaith a ba chuimhin leis í. Thiocfadh leis innse duit go dtí an lá bhfuil indiu caidé dubhairt sí leis an lá thug sé iarraidh a dhul suas ar an dreisiúr, nuair a shíl sé nach rabh aon dhuine ag amharc air, go bhfeicfeadh sé caidé bhí i dtaiscidh i gcúl na bplátaí. "A Mhaicín goitse." Thainig Maicín fhad leithe. Leag sí a lámh ar a chionn chumtha. "A leinbh mo chroidhe, cad chuige a rabh tú ag dul suas ar an dreisiúr." "A mhamaí, shíl mé nach rabh aon dhuine ag amharc orm." "A chuisle mo chroidhe, is gairid uaimse anois an bás, agus is gairid uaitse anois an lá nuair nach mbíonn mamaí ar bith agat le hinnse duit eadar an maith is an t-olc. Fásfaidh tusa suas 'do fhear mhór bhreágh mar is dual le do chineadh, ach ní bhéidh tú 'do fhear mhaith muna gcoinni- gheann tú cuimhne ar an chomhairle a bhéarfas mise duit anois." Chrom sí anuas le Maicín a phógadh agus na súile ag teannadh uirthi. Chuir Maicín a dhá láimh bheaga thart fá n-a muinéal agus thoisigh sé a ghul. Phóg sí a éadan, a aghaidh, a bhéal agus a mhuinéal agus na deora ag tuitim leithe go fras. "A Mhuire is truagh! A mhullacháin ionmhuin cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?" "Tá, a mhamaí, smaointigh mé indiu gur chomhair a bheith gur
mhaith liom tusa agus m'athair a bheith marbh, go dtí go mbéinn ábalta an gunna a fhághail atá i bhfolach shuas ar an téastar." "Agus a Mhaicín, nár mhaith leat sinn a bheith marbh anois?" "Níor mhaith liom, a Mhamaí, nó níl duine ar bith comh maith nó comh deas leatsa." "Is measa liomsa thusa, a Mhaicín 'ná a bhfaca mé ariamh, agus ar an ádhbhar sin níor mhaith liom go ndeánfá thusa rud ar bith a bhéadh cearr; agus 'sí seo mo chomhairle anois duit. Ná deán rud ar bith a choidhche a mbéadh eagla nó náire ort go bhfeicfidhe thú dh'a dheánamh." "Cuimhneochaidh mé ar sin, a Mhamaí." BÁS A MHÁTHARA. Nuair a bhí siad ar an phaidrín an oidhche sin, an t-athair ag cur cinn air, a chúl leis an teinidh agus a dhá uilinn ar shuidheachán na cathaoire, an mháthair 'san chlúdaigh,'s a taca leis an bhalla, bhí Maicín beag i n-a shuidhe ar an urlár, cúl a chinn leagtha ar dhá ghlúin a mháthara agus é ag amharc suas 'san aghaidh uirthi. Bhí sí ag guidhe go dúthrachtach agus anois agus airíst bainfidhe osna aisti. Mhothuigh Maicín na deora ag tuitim ar a aghaidh. Thuit an choróin Mhuire as a cuid lámh. Leag sí lámh ar chionn Mhaicín agus leis an láimh eile thóg sí an chras a bhí crochta fá n-a cum go dtí a béal. "Och! mo sheacht mbeannacht agaibh uile go léir go bráth, agus mo sheacht míle beannacht agatsa go deo agus go bráth, a Mhaicín. M'anam do Dhia agus do Mhuire." Thuit a ceann ar a hucht agus bhí sí socair.
D'éirigh fear an toighe comh gasta agus thainig leis ó n-a ghlúnaibh agus thug iarraidh ar an uisce choisreactha. Annsin thóg sé a chéile eadar a dhá láimh agus d'fhág i n-a luighe ar a leabaidh í. "Och! a phlúr na mban Fáil, nach beag a shíl mise, tá cúig bliadhna ó shoin, an lá a phós an Sagart mór sinn agus thainig tú 'n an bhaile liomsa annseo go bhfeicfinn an oidhche seo go bráth. An lá sin ní rabh do leithéid 'san phobal le breághthacht, ach breágh agus mar bhí tú ní rabh do mhaise agus do scéimh ionchurtha le do áilneacht croidhe. Ba tusa féin an t-aingeal. Och! a chailín chaoin cheannsa, tá tú' do luighe annsin romham agus go deo nó go bráth ní labharfaidh tú liom. Och, mo léan-scrios ar na tighearnaí is iad is cionnta le do luath-bhás i gcionn do chúig mbliadhan fichead. Och! nár aifridh Dia orm é! Caidé tá mé a rádh! Toil Dé go rabh deánta." Ní rabh fhios ag Maicín bocht caidé bhí cearr; ach óg agus bhí sé bhí fhios aige nach rabh ghach aon rud mar ba ghnáthach leis a bheith. Níor chuala sé a athair ariamh roimh ré ag cainnt ar leithéid de dhóigh agus ní labhar- fadh a Mhamaí leis ar chor ar bith - an mháthair sin a mhusclochadh é ar maidin le n-a cuid póg; a thógfadh aníos chuici é; a thógfadh a lámh bheag sul a rabh sé féin ábalta é a dheánamh agus dheánfadh comhartha na croiche ar a éadan, a bhéal agus a bhrollach. An mháthair sin adéarfadh leis nuair a bhéadh sí d'a nighe, "Mo Mhaicín bheag féin, nach bhfuil fhios agat nach ngortochadh do Mhamaí thú," agus annsin ní chaoinfeadh Maicín.
Mar dubhairt mé cheana féin, bhí fhios ag Maicín nach rabh ghach aon rud mar ba ghnáthach leis a bheith. Scannruigh sé, agus thoisigh sé ag caoineadh comh hárd agus bhí i n-a chionn. Mhothuigh cuid de na comhursana é. Isteach leo go bhfeicfeadh siad caidé bhí cearr. Ní fada go rabh an teach lán agus ba mhór a gcumhaidh uile go léir. Thoisigh siad ar an phaidrín airíst, ach sul a rabh siad réidh leis an phaidrín bhí Maicín beag i n-a chodladh agus níor mhuscail sé gur mhuscail sé i dtoigh de chuid na comhursna lá ar n-a bhárach. Ní luaithe a mhuscail sé 'ná thoisigh sé ag scairtigh ar a Mhamaí. "A Mhamhaí! cá bhfuil tú, a Mhamaí? Caithfidh mise mo Mhamáí a fhághail." Hinnseadh dó go rabh a Mhamaí i n-a codladh agus go bhfeicfeadh sé í gan mhoill, ach ní rabh gar a bheith leis. Chaithfeadh sé a mháthair a fheiceáil. Tugadh arais'n an bhaile é. Ní rabh aon dhuine annsin nach rabh faoi ghruaim. Bhí tábla ag taoibh an bhalla bhig ar a rabh píopaí tobaca agus snaoisín. Bhí fear ag taoibh an tábla ag spíonadh tobaca agus ag líonadh na bpíopaí. Bhí maidí thart le cois na mballaí ag deánamh ionad chathaoireach do na fearaibh a bhí i n-a suidhe ortha. Bhí leabaidh i gcoirnéal an toighe eadar binn na teineadh agus an balla beag agus triúr nó cheathrar ban i n-a suidhe ag colbha na leabtha. Agus thart ar an taoibh astuigh den leabaidh bhí cumhdach de línéadach gheal, agus bhí feisiní den éadach chéadna ar an téastar agus crochta ón téastar go dtí an talamh ag bun agus bárr na leabtha. Annsiud agus annseo bhí cras de éadach dhubh greamuighthe don líneadach le bioránaibh.
FAIRE A MHÁTHARA. Bhí máthair Mhaicín cóirighthe 'san leabaidh: culaidh dhonn na scaball uirthi agus córda naoimh Phroinnsis fá n-a cum. Bhí sí go díreach mar bhéadh sí i n-a codladh; a dhá sciathán crasach ar a cliabh; coróin Mhuire i n-a láimh deis agus coinneal coisreactha i n-a láimh eile. Comh luath agus thainig Maicín isteach thoisigh sé ag scairtigh ar a Mhamaí. "Cá bhfuil mo Mhamaí? Tabhair damh mo Mhamaí." Ba mhaith leis fághail isteach 'na leabtha, ach ní leigfidhe isteach é. Annsin thoisigh sé ag caoineadh. Agus nuair a thoisigh Maicín a ghul, ní rabh aon bhean 'san toigh nach rabh ag gul, agus ní rabh aon fhear 'san toigh nár bhain an píopa as a bhéal agus chrom a cheann. Fá dheireadh baineadh faoiseamh as Maicín agus stad sé den chaoineadh. Bhítheas d'a mhealladh le ghach aon rud, ach an rud a b'fheárr le Maicín den iomlán, cos píopa a tugadh dó, agus nuair a fuair sé cos an phíopa, síos leis ar chladach na teineadh agus thoisigh ag tarraingt striócach ar an leic. Nuair a hamharcadh caidé bhí sé a tharraingt agus cuireadh ceist air caidé bhí sé a dheánamh, dubhairt sé gur sin cras a Mhamaí. Ba luath a theagasc a mháthair scéal na craise dó. Ba mhaith a d'éist Maicín beag leis an scéal, agus ba óg go leór a thuit a chuid féin den chrais air, ach níor thuig sé é annsin. Ach faraor! nuair a d'éirigh sé níos sine, bhí fhios aige gur chaill sé an mháthair a b'fheárr a d'oil naoidhneán ariamh, nó níorbh é a dhearmad na scéaltaí a d'innis sí ná a comhairle dheireannach dó.
TÓRRAMH A MHÁTHARA. Lá ar n-a bhárach nuair a cuireadh a mháthair 'san chomhnair agus bhítheas d'a cur faoi chlár, choscrochadh sé clocha agus crainn bheith ag éisteacht le Maicín ag scairtigh ar a mháthair. "Och, ná-tabhair mo mhamaí uaim!" "Ná tabhair mo Mhamaí uaim! Ná tabhair mo Mhamaí uaim!" Ní rabh aon dhuine 'san toigh nach rabh na deora leis. Thóg cailín óg amháin Maicín beag ar a gualainn anonn go dtí an balla, an áit a rabh pictiur de ar Slánuightheoir agus an choróin spíona ar a chionn. "Bhfuil fhios agat a Mhaicín cé sin?" "Tá fhios agam go maith. D'innis mo Mhamaí damh gur sin ar Slánuightheoir, agus gurbh É a shábhail sinn." "Is É cinnte, a Mhaicín, agus is É thug leis do Mhamaí féin anois." "Agus cad chuige a dtug Sé leis mo Mhamaí-sa?" "Tá, a Mhaicín, tá an-mheas go bráth Aige orainn uile go léir, agus b'fheárr leis do Mhamaí-sa 'ná duine ar bith againn agus thug Sé Leis í 'n a thoighe féin 'sna flaithis, an áit a mbéidh sí níos feárr agus níos deise 'ná bhí sí ariamh annseo." "Agus cad chuige nach dtug Sé mise leis fósta?" "Tá, caithfidh tusa bheith maith agus fanacht annseo go rabh áit Aige fá do choinne, annsin cuirfidh Sé scéala fá do choinne agus béidh do Mhamaí ag fanacht ort." Anois bhí an tórramh réidh le himtheacht. Craitheadh an t-uisce coisreactha: tógadh
an chomhnair agus tugadh amach í, agus fágadh í 'n-a luighe ar chathaoireachaibh taoibh amuigh den doras. Annsin dubhairt ghach aon dhuine d'a rabh i láthair paidir agus abhe Maria. 'N-a dhiaidh sin tógadh an chomhnair ar ghualan- nachaibh ceathrar fear a d'iomchar agus d'fhág ar an charr í a bhí ag fanacht uirthi. Cuireadh sean-bhean suas ar an charr annsin 'n-a suidhe ar an chomhnair agus d'imthigh an t-iomlán leo 'na reilige. Ní rabh aon dhuine a casadh ortha ar an bhealach nár dhubhairt paidir agus ní rabh aon fhear d'a rabh ag obair comhgarach don bhealach mhór nár sheasuigh ar a spáid, bhain de a hata agus dubhairt paidir. Fá dheireadh thainig an tórramh ar amharc toighe an phobail agus le linn sin tugadh an chead bhuille don chlog, agus buille i gcionn na bomaite go rabh an tórramh ag na geaftaí. Bhí an sagart i n-a n-aircis annsin, a stoc air agus a leabhar in a láimh. Tógadh an chomhnair ar ghualannachaibh fear airíst. Thoisigh an sagart ag léigheadh agus chuir ceann ar an tórramh go rabh siad astuigh os coinne na haltóra, an áit ar fágadh an chomhnair 'n-a luighe comh fhad agus bhí an sagart ag guidhe. Nuair a bhí an sagart réidh, tógadh an chomhnair agus tugadh í go dtí uaigh bheag a bhí i gclúid bheag fhascaidh. Leagadh í go cúramach 'san uaigh. Thoisigh an sagart a ghuidhe airíst : chuir trí urchar na sluaiste ar an chomhnair comh fhad agus bhí sé ag cur i gcuimhne do ghach duine d'a rabh i láthair gur ó chréafóig a rinneadh sinn agus go créafóig a leaghfadh sinn. Annsin i ndiaidh paidir eile a rádh, toisigheadh a líonadh na huaighe. An chead uair bhí gach lán na sluaiste ag tuitim comh trom sin go gcuir-
feadh a dtuaim uaigneas ar dhuine, agus go gcuirfeadh a smaointeadh é comh beag 'e shuim agus bhí an saoghal seo. Annsin do réir is bhí an uaigh d'a líonadh, bhí an tuaim ag éirghe níos lugha agus ag éirghe níos lugha go dtí nach dtiocfadh le duine ach smaoin- teadh go díreach gur dálta an tuaim a bhí ag imtheacht leis agus ag imtheacht leis go dtí 'san deireadh nach rabh sé le cluinstin ar chor ar bith, bhéadh cuimhne ar an duine bhí d'a cur. Fá dheireadh bhí an uaigh líonta agus maoil uirthi. Cuireadh trí scraithe ghlasa uirthi annsin; ceann ar ghach aon taoibh agus ceann i n-a mullach. D'imthigh na daoiní annsin agus d'fág 'san reilig uaignigh sin Plúr Ban Fáil. A BHRÓN I N-A DIAIDH. Ar feadh seachtmhaine nó mar sin, ní rabh baint faoi le deánamh ar Mhaicín. Chaoin an leanbh bocht agus chaoin sé ag iarraidh a mháthara, ach is deacair an óige a chlaoidh. Stad sé den chaoineadh agus ní rabh ann anois ach go muscalochadh sé corr-uair as a chodladh agus go scairteochadh sé, " a Mhamaí cá bhfuil tú; cia an uair a thiocfas tú fá choinne Mhaicín?" Oidhche amháin nuair a bhí sé i n-a shuidhe ar shuisteóig ag cloich an bhaic agus cuid de na sean daoiní astuigh ag áirneál thuit sé i n-a chodladh. )Níorbh fhada dó i n-a chodladh nuair a mhuscail sé de léim agus scairt. "A Mhamaí cia an uair a thiocfas tú?" "Ní fada duit anois go dtig sí, a chroidhe," arsa sean-bhean a bhí astuigh.
Thoisigh Maicín beag a chuimilt a chuid súl le n-a dhá chráig. "Cia an uair a thiocfas sí." "Tiocfaidh sí oidhche Féil' na marbh." "Agus cia an uair sin?" "'San oidhce i mbárach." "Mo Mhamaí. Oidhche Féil' na marbh. Oidhche Fhéil' na marbh. Oidhche Fhéil' na marbh. Féil' na marbh. Mo Mhamaí. Ma- maí…" ach bhí Maicín beag i n-a chodladh airíst. Annsin tógadh agus cuireadh a luighe é agus nach mianair codladh an leinbh agus an neamh-choirtheach? OIDHCHE FHÉIL' NA MARBH. Ní rabh aon teach 'san chomharsnacht lá ar n-a bárach nach rabh ag deánamh réidh ar son na hoidhche sin - Oidhche Fhéil' na marbh. Roimh dhul ó sholas dó, bhí timthireacht an toighe deánta, neart mónadh astuigh, an t-urlár scuabtha, go háiridhthe cladach na teineadh go dtí nach rabh smál fágtha air, nó nárbh é sin an aon oidhche amháin 'san bhliadhain a mbíodh cead ag na mairbh pilleadh agus cuairt a thabhairt ar an tsean-árus. Bhíodh na mairbh ar a gcois Fhéil na marbh an uair sin agus bheireadh siad cuairt i gcomhnuidhe ar a muinntear féin. Ceart go leor ní leigfeadh siad do dhuine shaoghalta iad a fheiceáil amach ó go fíor annamh. Ach ní bhíonn siad ar a gcois anois Fhéil na marbh ; ma bhíonn ní thig siad chomhair an tsean-áruis ná a muinntear féin. Ach nach beag íontas sin. Cá mbéadh siad ag teacht anois, nuair nach gcuirtear suim
ionnta agus nach mbíonn fáilte fá n-a gcoinne. Ach níorbh é dó nuair a bhí Maicín i n-a leanbh. Le luighe gréine cuirfidhe síos teine a mbéadh scéal fada ar a méid agus suidh- fidhe bunadh an toighe thart fán teinidh sin go mbéadh am paidrín ann. Annsin déar- fidhe paidrín chúig ndeichneabhar déag ar son anam gach duine ariamh den bhunadh a chuaidh ar Shluagh na marbh. Nuair a bhéifidhe réidh le sin agus roimh dhul a luighe dóbhtha, cuirfidhe oiread eile mónadh ar an teinidh gheall ar cuideachta a choinneáil le duine ar bith de na mairbh a thiocfadh 'un toighe nuair a bhéadh siad uile go léir i n-a luighe. MAICÍN OIDHCHE FHÉIL' NA MARBH. Bhí Maicín bocht ag feitheamh ar a mháthair Fhéil na marbh. Bhí oidhche léanmhar ann amuigh. Thiocfadh leat siorradh na gaoithe a chluinstin ag casadh na nduilleóg ar an chrann cuileann a bhí ag fás amach as taoibh na binne a bhí i gcúl an toighe, agus ní rabh aon tormán a bhí le mochtail nár shil Maicín beag gurbh í a mháthair a bhí ag teacht. Shuidh sé ar an tsuisteóig ag feitheamh agus ag feitheamh ar a Mhamaí agus a dhá shúil sáithte 'san doras ach ní rabh a mháthair ag teacht. Fá dheireadh bhí néal ag teacht air agus thuitfeadh a cheann beag anuas ar a ucht ach thógfadh sé airíst é. Bhí sé ag deánamh a dhíchill gan leigint don chodladh buaidh a
fhághail air nó bhí eagla air go dtiocfadh a mháthair agus é i n-a chodladh agus nach bhfeic- feadh sé í ar chor ar bith. Ach thiar thall fuair an codladh a bhuaidh agus níor mhuscail Maicín gur mhuscail sé i n-a leabaidh agus uair de lá ann lá ar n-a bhárach. Ach mar sin féin ní theachaidh Oidhche Fhéile na marbh thart gan Maicín a mháthair a fheiceáil nó bhí sé ag brionglóidigh. Shíl sé go rabh sé i n-a chodladh; go dtainig a mháthair agus go rabh sí ag tabhairt póg dó gur mhuscail sí é; gur thóg sí aníos chuici é mar ba ghnáthach leithe a dheánamh; go dteárn sí comhartha na croiche ar a eádan, a bhéal agus a bhrollach le n-a láimh bhig agus annsin gur dhubhairt sí, "a Mhaicín ionmhuin, a chuisle geal mo chroidhe, bhfuil aithne agat ar do Mhamaí?" agus go rabh an oireadh sin áthais air féin nach rabh sé ábalta labhairt go rabh sí ag imtheacht uadh nuair a d'iarr sí air gan caoineadh i n-a diaidh-sa nó go dtiocfadh an lá nuair a thiocfadh sise fá n-a choinne ach gan é dearmad a dheánamh ar a comhairle agus gur gheall seisean nach ndeánfadh. Le sin bhí sí ar shiubhal agus mhuscail Maicín. Ón lá sin amach, shíl Maicín má bhí sé i n-a chodladh féin go rabh a mháthair ag cainnt leis Fhéil na marbh sin agus rinne sé mar d'iarr sí air. Char chaoin sé ariamh níos mó i n-a diaidh, ach munar chaoin féin ní thiocfadh leis gan bheith ag smaointeadh uirthi. MAICÍN; SCOIL; MAIGHISTIR Nuair a thainig an Samhradh cuireadh Maicín 'na scoile. Ní rabh teach na scoile i bhfad
uadh agus ní teach ró-mhór a bhí ann ach oiread. Teach cinn tuighe a bhí ann, sé troighthe agus fiche ar fad agus ceithre troighthe fichead ar leithead. Bhí sé deánta ar fhód an bhealaigh mhóir, soir agus siar, agus ní rabh díon ariamh ann. Ach caidé mar thiocfadh le díon a bheith ann? Ceart go leor cuirfidhe tuighe gach bliadhain air. Leagfadh an maighistir amach lá a bhéadh fóirsteanach, agus nuair a thiocfadh an lá sin bhéarfadh sé cead a gcinn do na scoláirí agus d'iarrfadh ortha dhul 'n an bhaile agus iarraidh ar a muinntear theacht agus tuighe a chur ar an scoil. Ní luaithe a bhainfeadh na paistí an baile amach agus d'innseochadh siad caidé dubhairt an maighistir 'ná thigeadh fearas ghach aon teach a rabh fearann go toigh na scoile agus batail de chochán scaithte faoi n-a ascaill. Ba ghnáthach le cuid aca cor shúgáin agus dréimire a thabhairt leo fósta. Nuair a gheobhadh siad fhad leis an scoil, thoiseochadh cuid aca ag scaoileadh an toighe, cuid aca ag leigean agus ag casadh súgán agus cuid eile ag cur na tuighe. Ach caidé an seort tuighe a bhéadh ann? Cuid de na batlacha a bhéadh de chochán mhaith fhada, cuid de chochán ghairid agus b'fhéidir gan é leath-bhuailte, agus cuid a bhí leath Lobhtha i ndiaidh a bheith i n-a thuighe cruach ó thainig an geimhreadh. Cuirfidhe an t-iomlán de nó bhíodh sé uile go léir gann go leor. Ach ní bhíodh sé mí curtha nuair a bhíodh laganna annsiud agus annseo an áit a rabh an sean-chochán ag leaghadh agus an áit nach rabh an greim céadna ag an dluigheóig ghairid a bhí curtha le taoibh na dluigheóige fada agus an rud nach rabh buailte i gceart thoisigheadh an geamhar a fhás air agus ba
mhíniúghadh agus réidhteach an scéil é nár chuir sé ariamh nach rabh deora anuas 'san scoil. Ach má bhí deora anuas 'san scoil ní rabh mórán fuaicht innti, nó bhí dhá theinidh mhóra innti ar feadh an gheimhridh ach amháin nuair a bhíodh an ghaoth aniar agus annsin caithfidhe na teinte a chur as nó plúchfaidhe ghach aon dhuine 'san scoil leis an tséideadh anuas. B'fhurust adhbhar na teineadh a fhághail 'sna laethe úd. Bhí móin fairsing agus ní rabh aon pháiste ag dul 'na scoile nach gcaith- feadh cúpla fód a bheith leis faoi n-a ascaill, nó bhí súil ghéar ag an mhaighistir agus slat níos géire. Ach níor ghnáthach le duine ar bith theacht gan móin, indeoin go bhfuil eagla orm gur ar an bhealach 'na scoile gheibheadh corr rógaire í, nó chuala mé fear lá amháin ag deánamh casaoide leis an mhaighistir fá bheith ag cailleadh a chuid mónadh. Bhíodh fá thuairim dhá scór go leith ar an scoil 'san tSamhradh agus fá thuairim scór dhe bharraidheacht air sin 'san gheimhreadh nuair a thigeadh siad a bhaile fá Shamhain i ndiaidh bheith ar fastughadh ar feadh na leith-bhliadhna. Ach má bhí an scoil ró-bheag ag an oiread sin páistí agus na deora anuas ag cur súithche ortha féin agus ar a gcuid leabhar, bhí rud amháin maith ann. Bhí maighistir maith aca. Bhí sé géar ach ní rabh sé ró- throm ar na páistibh. Fear a bhí ann nach rabh ró-mhór, ach bhí sé i gcionn a chéile. Ní thug sé órdughadh ath-uair ariamh, agus go bhfóiridh Dia ar an té nach ndeánfadh an t-órdughadh sin. Ach ní thug sé órdughadh ariamh nach rabh ceart, cóir agus mar mhaithe leo féin.
MAICÍN AR AN SCOIL Sin an seort scoile anois ar cuireadh Maicín fhad leithe. Tugadh annsin é an chead lá agus ghach aon lá go cionn seacht- mhaine ar ghreim láimhe le eolas an bhealaigh a fhághail. Ag deiread na seachtmhaine bhí Maicín ábalta a dhul leis féin. Chaith sé cúig bliadhna ag dhul 'na scoile seo gan lá a chailleadh agus rith an ama seo, chomhair a bheith go rabh sé mar ghasúr ar bith eile a bhí uirthi. Ceart go leor, ní rabh sé cosamhail leo ar ghach aon dhóigh, nó ní rabh rud ar bith a thoiseochadh sé a dheánamh nach ndeánfadh sé go maith - bíodh sé ag gáiridhe, ag foghluim a chuid ceacht, ag gearradh léim, ag cathamh na cloiche nó ag troid, agus ar an ádhbhar sin ní rabh sé ariamh gan a bheith ar toiseach i n-a rang féin agus i n-a cheannphort nuair a rachadh an "buailim ort" eadar dhá bhaile. Bhí gasúr amháin 'san rang a rabh dúil mhór ag Maicín ann. Bhí sé chomhair a bheith comh maith le Maicín, ach i n-a dhiaidh sin ní rabh sé ariamh ábalta buaidh Mhaicín a fhághail nuair a bhéadh an maigh- istir ag deánamh rogha eadar na páistí gach Aoine. B'é an bealach céadna bealach na beirte ghach aon lá 'na scoile. Maidin amháin Dia hAoine nuair a casadh an bheirt ar a chéile ar a mbealach 'na scoile, bhí an gasúr seo ag caoineadh. Chuir Maicín ceist fáth a chaointe air. "Tá," ars an gasúr, "bhuail m' athair mé Dia hAoine seo chuaidh thart nuair nach rabh mé ar thoiseach an ranga agus dubhairt sé liom go mbuailfeadh sé dhá oiread orm indiu muna mbím ar toiseach, agus tá fhios agam féin nach mbím ar toiseach nó níl mé comh maith leatsa, a Mhaicín." "Ná caoin," arsa Maicín, "béidh
tú ar toiseach indiu." Nuair a bhí an maighistir ag deánamh rogha eatorra an lá sin bhí an bhuaidh leis an ghasúr bheag, nó leig Maicín air féin nach rabh fuascladh chuid de na ceisteannaibh aige a chuir an maighistir air. AG MACHTNADH. Bhí dúil mhór ag Maicín luighe ar chúl a chinn 'san tSamhradh ag amharc ar an fhuiseóig ag dul thart mar bhéadh roithleagán rotha ann do réir mar bhí sí ag dul 'un áirde agus ag dul 'un áirde 'san spéir go rabh sí as amharc. Annsin thoiseochadh sé ag smaointeadh an rabh na flaithis i bhfad ar shiubhal agus gur mhianair dó dá mbéadh sé i n-a fhuiseóig go dtí go dtéidheadh sé dh'amharc ar a Mhamaí. Agus bhéadh sé ag smaointeadh agus ag smaointeadh leis ag deánamh go dtiocfadh leis deánamh amach caidé a rabh an spéir agus na néaltaí deánta de. Annsin smaointeochadh sé ar comh beag dhe mhaith agus bhí sé féin nuair nach dtiocfadh leis an rud a dheánamh thiocfadh leis an fhuiseóig a dheánamh. Annsin thigeadh uaigneas mór air agus chomhair a bheith go gcaillfeadh sé a anál nuair a smaointeochadh sé dá mbéadh sé shuas 'san spéir go mb'fhéidir go dtuitfeadh sé, nó ba mhaith a bhí fhios aige dá mbeadh sé gan ach a bheith ag brath amharc síos ó bhárr na binne a bhí ar chúl an toighe, go gcaithfeadh sé luighe ar a bhéal agus a shrón agus greim maith a choinneáil ar rud eighinteacht comh fhad agus bhí sé 'a dheánamh, nó thiocfadh mearbhallán i n-a chionn. Annsin déarfadh sé leis féin, "nach uathbhásach Dia." Bhíodh sé ag smaointeadh mar sin go
gcluinfeadh sé ceol na fuiseóige ar a bealach ag pilleadh. Ar an bhomaite d'imtheo- chadh an ghruaim de agus bhéadh sé comh h- éadtrom 'san chroidhe is bhí ariamh agus é ag fanacht ar an fhuiseóig theacht ar amharc. Ní bhíodh i bhfad aige le fanacht go bhfeicfeadh sé an fhuiseóg chuige go díreach mar chuaidh sí suas, agus choinneochadh Maicín súil ghéar uirthi go bhfeicfeadh sé cia an áit a luighfeadh sí ag súil go bhfuigheadh sé a nead. Ach má bhí rud ar bith is mó chuirfeadh aoibhneas ar chroidhe Mhaicín 'ná rud eile, ba hiad na huain óga an rud sin. Nuair a bhéadh an lá maith 'san Earrach ann ní bhéadh sé choidhche tuirseach ag amharc ortha ag fiachailt rásaí trasna páirce go dtí go gceapfadh an claidhe iad. An chuid a bhéadh ar tús bhéarfadh siad léim suas ar thaoibh an chlaidhe agus an dara léim anuas agus arais comh gasta is thiocfadh leo go dtí an áit ar thoisigh siad uaithi. Agus na huain nach mbéadh comh gasta leis an chuid eile ní rachadh siad-san fhad leis an chlaidhe ar chor ar bith ach sean- aimsireach go leor phillfeadh siad ins an rása leis an chuid eile a bhí ar a mbealach arais. Agus an chuid a bhéadh ar tús ag teacht arais bhéarfadh siad na trí léim dheireannacha go dtí an bun ag bualadh na gceithre gcos i gcuideacht a chéile as an talamh ionann agus a rádh, "nach maith sinne." Ach bhaineadh sé racht gáiridhe amach ó n-a chroidhe ar Mhaicín nuair a thigeadh ceann de na huain a bhéadh níos dána 'ná an chuid eile aníos fá ghiota dó, shlíocfadh siar cluas amháin d'a chuid agus thógfadh an ceann eile i n-áirde agus d'amharcochadh go róganta air agus annsin d'imtheochadh de shean-rása chuig n-a mháthair. Ach ba ghnáthach leis goillstean air go dtí an
croidhe nuair a chluineadh sé na huain óga ag méidhligh go truacanta i ndiaidh a scaithte ó n-a máithreachaibh i ndeireadh an tSamhraidh nó chuirfeadh sé é féin i gcomhnuidhe ag smaointeadh ar a mháthair agus annsin thuigfeadh sé buaidhreadh na n-uan. ÁIRD A ÓIGE. Ní rabh séasúr ar bith den bhliadhain nach rabh rud eighinteacht ann a thaitneochadh le Maicín. Nuair a bhéifidhe ag baint an choirce 'san Fhoghmhar bhéadh scéal fada ar an ghreann a bhéadh aige fhéin agus páistíbh eile ag dhul i bhfolach ar a chéile faoi na stúcaibh. Ins an gheimhreadh nuair a bhéadh an sioc agus an sneachta amuigh agus an oidhche fhada ann, agus craos de theinidh mhónadh ar an teallach agus b'fhéidir cúpla smután ins an teinidh agus thigeadh sean-daoiní 'un toighe ag áir- neál, ba mhian croidhe Mhaicín é bheith ag éisteacht leo ag innse sean-scéal i dtaoibh na bhFiann nó ag éisteacht leo ag innse fá ghais- gidheacha óga na hÉireann a shiubhail an domhan chláir agus rinne éachtaí i ngach uile thír d'a rabh siad ann. Ach líonfadh sé le bród ionnas gur ann ach é go mbéadh a chliabhlach beag i ndán a chroidhe a choinneáil nuair a chluinfeadh sé caidé mar throid fear d'a chineadh ar son an phápa, agus gur fear eile d'a bhunadh tharraing anuas an brat deirean- nach a bhí ag Sasain ar talamh státaí an Oileáin Úir. Annsin thigeadh gruaim air nó b'fhada leis a bhí na bliadhanta ag dhul thart go mbéadh sé féin mór.
MARGADH MALLUIGHTHE I gcionn a naoi mbliadhain bhí Maicín mór agus láidir d'a aois agus tugadh go margadh na Bealtaine é ar an tSrath Bán le fastughadh a dheánamh cosamhail le mórán eile gasúr agus giorsach ón cheanntar i n-ar tógadh é. 'Sé sin an margadh malluighthe agus 'sé náire an tsaoghail é go bhfuil a leithéid i n- áiteachaibh i n-Éirinn go fóill. Tig fir 'n an mhargaidh sin a bhfuil gasúr a dhith ortha fá choinne buachailleachta nó cailín fá choinne oibre toighe agus ceannuigheann siad gasúr nó cailin nó an dá chuid do réir mar tá siad ag foghnamh ortha go díreach mar cheannochadh siad bó nó muc. Níl de dheifir ann ach nach g- ceannuigheann siad an searbhantuidhe ach ar feadh an ráithe nó na leithbhliadhna agus nach dtig leo a dhíol airíst. Agus is náireach an scéal é le hinnse go dtéid daoiní annsin ag amharc agus ag magadh ar na créatúraibh bochta sin atá fuar fait- cheach agus cúlta agus ag fághail bháis de chumhaidh i ndiaidh an baile a fhágail. Tá níos mó 'na seort amháin sclábhaidheachta i n- Éirinn go fóill. Rinne fear as an Lagán Maicín a fhastu- ghadh agus thug leis 'n an bhaile é an tráthnóna sin ar charr i gcuideachta cailín a bhí fá thuairim sé nó seacht déag 'e bhliadhna a d'fhastuigh sé fósta an lá céadna fá choinne oibre toighe. B' é chead uair do Mhaicín ar charr é agus thaitin an mharcaidheacht go mór leis, ach i n-a dhiaidh sin bhí sé gruamdha agus uaigneach agus bhí an chumhaidh 'a bhualadh cheana féin. Bhí sé féin agus an cailín i n-a suidhe ar thaoibh amháin den charr agus a maighistir ar an taoibh eile ach focal nó an
chuid den fhocal char labhair sé le ceachtar aca gur bhain siad amharc an toighe amach. Ach níorbh é do Maicín agus an cailín é. D'innis duine aca don duine eile a n-ainm agus cia an áit ar tógadh iad agus do réir sin. Gheall an cailín go mbéadh sí go maith do Mhaicín agus gheall seisean go gceannochadh sé milseáin duithe-se nuair a gheobhadh sé a thuarastal fá Shamhain. Le sin thainig siad ar amharc an toighe agus ars an maighistir. "Sin mur gcomhnuidhe go cionn leith-bhliadhna." D'amharc Maicín go géar ar an toigh agus ar gach rud a bhí fá dtaoibh de, ach ní fhaca sé rud ar bith a bhí cosamhail leis an bhaile. Teach mór fada cinn tuighe a bhí ann a rabh cuma air nach dteachaidh aol leis ó tógadh é. Bhí na ballaí cumhdaighthe le caonach agus cearca, géacha, lachain agus muca uile go léir fríd a chéile ar an tsráid. Bhí siad ag doras an toighe anois. Leim an maighistir anuas ón charr; d'fág an beitheach agus an carr ar an tsráid; chuaidh isteach agus sheasuigh i lár an urláir. Isteach le Maicín agus an cailín i n-a dhiaidh. Bhí bean an toighe i n-a suidhe ar stól 'san chlúdaigh agus í ag bogadh an chliabháin. Thog sí a ceann ar theacht isteach dóbhtha. "Seo," ars an maighistir, " beirt a thug mé chugat, agus ní'l fhios agam maith olc iad ach bhí siad comh maith agus thiocfadh liom a fhághail ar an airgead." "Cá hainm iad?" arsa sise. D'innis an maighistir duithe nó fuair sé a gcuid ainmneach ar an mhargadh. "Ní'l droch-chosamhalacht ortha ar chor ar bith," arsa sise, "ach béidh fhios againn le h-am ciaca tá siad maith nó olc."
Amach leis an mhaighistir annsin leis an bheitheach a scaoileadh. Shuidh Maicín go cúlta ar stól bheag a bhí ag taoibh an dorais. Labhair bean an toighe annsin airíst, agus arsa sise leis an chailín. "Gheobhaidh tú préataí 'san chuinneóig sin shíos, agus má tá ocras oraibh ithigidh mur sáith." Thug an cailín leithe mias agus chuaidh go dtí an pota agus thóg cumhdach éadaigh a bhí ar na préataibh leis an teas a choinn- eáil ionnta; líon an mhias leobhtha agus d'fhág an mhias ar an tábla bhí faoi an fhuinneóig. Annsin chuaidh sí fhad leis an dreisiúr; thug leithe dhá bhoul agus líon leis an bhláthach as an chuinneóig iad agus d'fhág an bainne ar an tábla fósta. Annsin thainig Maicín go dtí an tábla agus mar bhí an tábla go measardha árd, b'éigean dó seasamh fhad agus bhí se ag ithe. Ach cia bith, d'ith an bheirt a ndóchain nó bhí an t-ocras ortha. Nuair a bhí siad réidh ag ithe thoisigh an cailín agus réidhtigh sí an tábla agus chuaidh Maicín arais go dtí an doras agus shuid ar an stól. "Anois," arsa bean an toighe, "is feárr damh taisbeaint duit, a Mhaicín, cia an áit a bhfuil do leabaidh nó is feárr dhuit dhul a luighe. Thug sí Maicín leithe annsin go dtí an sciobol agus thaisbean dó leabaidh bheag annsin i mbocsa. "Sin do leabaidh," ar sa sise, "agus caithfidh tú éirghe go luath ar maidin." Níor dhubhairt sí ach sin agus d'imthigh leithe. Dhruid Maicín an doras. Bhí fuinneóg amháin ar an sciobol agus bhí neart solais ag teacht isteach go fóill. Dhearc sé thart fá dtaoibh de ach ní rabh le
feiceáil ach na ballaí fuara follamha, agus cúpla ráca agus speal i bhí i n-áirde 'sna taobháin. Ní rabh oiread agus cat ann le cuideachta a choinneáil leis. Shuidh sé síos ar thaoibh na leabtha. Smaointigh sé ar an bhaile agus ar ghach aon dhuine a rabh aithne aige ortha agus caidé comh maith agus bhí siad dó. Smaointigh sé ar a mháthair agus ar a crais a bhí fa n-a cum. D'éirigh sé annsin agus chuartuigh thart go bhfuair sé dhá ghiota de chipín, chuir crasach ar a chéile iad agus cheangail le barr-iall iad a bhí i n-a phóca. Chroch sé an chras bheag sin os cionn a leabtha, chuaidh ar a dhá ghlúin agus dubhairt a chuid urnaighe níos dúthrach- taighe 'ná dubhairt sé ariamh iad. "Och! a Mhuire, mháthair Dé, thug do Mhac leis mo Mhamaí, agus níl máthair ar bith agam anois ach cuidigh liom." D'éirigh sé annsin, bhain de a cheirteach agus chuaidh a luighe. Ach má chuaidh sé a luighe féin, bhí an t-uaigneas a bhí thart fá dtaoibh de ag cur uathbháis air. Ní rabh fhios aige caidé bhí cearr leis agus do réir mar bhí sé ag éirghe níos dorchaighe is amhlaidh is mó a bhí sé ag éirghe uaigneach. Muna ndeánfadh ganndal ach scread a leigint as amuigh ar an tsráid, bhainfeadh sé léim as. Toisigh sé a chaoineadh 'san deireadh agus chaoin sé leis gur thuit sé fá dheireadh i n-a chodladh, maol, marbh tuirseach. Shíl sé féin nach rabh ann ach go rabh sé i n-a chodladh nuair a mhothuigh sé an greadadh ar an doras ar maidin agus bean an toighe ag scairtigh air. "Bí 'do shuidhe, a Mhaicín, comh gasta is thig leat, tá an lá caithte." D'éirigh Maicín comh gasta is thainig leis: chuir air a cheirteach; chuaidh síos ar a ghlúnaibh
os coinne na craise agus dubhairt a chuid urnaighe. D'foscail sé an doras annsin agus amach leis. Go díreach nuair a bhí sé ag teacht amach ar an doras, bhí a mhaighist- reas ag teacht fá n-a choinne airíst. Labhair sí go híontach feargach leis. "Caidé tá 'do choinneáil?" "Thainig mé comh gasta agus thainig liom." "Siubhail leat comh géar gasta agus thig leat annseo" arsa sise. Rinne Maicín deifre agus bhí sé comh luath leithe ag an teach. "Isteach leat annseo go gasta agus ól seo" ar sise. Isteach le Maicín agus thug sí boul brachain fhuair agus bláthach dó. D'ol Maicín é i n-a sheasamh taobh astuigh den doras. Comh luath agus bhí sé réidh, "tabhair leat an tubán bainne sin," arsa sise, "agus tabhair don ghamhain é atá amuigh 'san bhoitheach. Nuair a bhéas an bainne ólta aige tóg an tubán uadh agus scaoil amach an dá bhuin, cuir sios 'na páirce sin shíos iad agus ná leig chomhair na bpréataí ná an choirce iad ar a bhfaca tú ariamh. Sin do chuid oibre ghach aon mhaidin agus éirigh comh luath agus gheobhas tú scairt." Thug Maicín leis tubán an bhainne chuig an ghamhain agus ní thiocfadh leis ach an boladh deas a bhí ón bhainne mhilis a bhí an gamhain a fhághail a mhochtail, nó ní rabh dúil ar bith aige féin i mbláthach. Ach i n-a dhiaidh sin, thainig dúil aige 'san ghamhain nó shíl sé gurbh é an gamhain ba deise é chonnaic sé ariamh, bhí sé comh deas breac sin agus comh slíocaidh sin. Nuair a bhí an gamhain réidh leis an tubán, thóg sé uadh é agus scaoil amach an dá bhuin
mar a hiarradh air agus chuir síos'na páirce iad. Ní rabh ach fá thuairim acra talaimh 'san pháirc agus bhí fá thuairim a leath sin faoi churaidheacht agus gan claidhe ar bith eadar an chuid sin agus an inghilt. Agus ba sin obair Mhaicín na ba a choinneáil as an treabhair. FASTUGADH Bhí lúthgháir ar Mhaicín fághail 'na páirce leis an eallach, nó bhí eagla air roimh a mhaighistreas agus fósta bhí ghach aon rud 'san pháirc cosamhail leis an bhaile. Bhí an féar glas go díreach mar bhí sé ins an bhaile; an dath céadna ar na préataí agus ar an choirce a bhíodh ortha 'san bhaile agus annsin bhí na neoiníní agus na bataí cogaidh agus eile ann. I dtráthaibh an chinn dhéag o chlog hiarradh air an t-eallach a chur isteach 'n an bhoithigh. Rinne sé sin. Hiarradh air annsin theacht isteach 'na cistinighe go bhfuighead sé a chuid. Isteach leis annsin agus d'ith na préataí agus d'ól an bainne bhí fá n-a choinne ar an tábla. Nuair a bhí sé réidh le n-a chuid, cuireadh ag nighe phréataí é bhí fá choinne na muc agus bhí sé ag tarraingt uisce agus d'a nighe i dtubán mhór agus d'a dtógail amach as an tubán agus d'a gcur ar bhascóid go rabh deireadh nighte aige. Nuair a bhí deireadh nighte aige bhí sé i dtráthaibh an dó o chlog. Annsin fuair sé arán coirce agus bainne agus cuireadh amach leis na buaibh airíst é, agus bhí sé dh'a mbuachailleacht gur chuir sé isteach'n an bhoithigh iad ar an naoi o chlog tráthnóna. B'éigin dó uisce a fhágail 'san teach annsin fá choinne na maidne.
Nuair a bhí sin deánta aige fuair sé brachán agus bláthach mar shuipéar. Annsin bhain sé an sciobal amach agus a leabaidh bheag. Ba sin a chuid oibre ghach aon lá agus ba sin an seort bidh a gheibheadh sé, ach amháin corr uair nuair a gheobhadh an cailín am air go dtabhairfeadh sí ceapaire dó, go rabh an foghmhar ann. B'ionann domhnach agur dálach aige-sean ach go bhfuigheadh sé braon tae ar maidin Dia Domhnaigh agus go bhfuigheadh sé 'un Aifrinn darna ghach aon Dhomhnach. Nuair a thoisigh an Foghmhar bhéadh sé ag coinneáil na slaite roimh an speil i n-áit a bheith ag nighe phréataí. Níorbh obair ró-throm seo, ach d'fhulaing Maicín beag aici. D'éirigh a chuid bróg ró-bheag aige agus nuair a chuirfeadh sé air iad, bhí siad d'a ghortughadh oiread agus go gcuirfeadh siad dealán fríd a chroidhe. Bhainfeadh sé de iad. Annsin bhí an chonnlach ag baint na gcos de agus leis an rud a dheánamh níos measa, lá amháin nuair a bhí sé ag rith i ndiaidh an eallaigh, bhuail sé a órdóg mhór i n-éadan cloiche agus bhain léadhb mhór den chraiceann den órdóig. Chuirfeadh sé truaighe ar do chroidhe é a fheiceáil ag siubhal ar an chonnlaigh annsin: ag siubhal ar thaoibh choise amháin, an áit a rabh poll ar a bonn, agus ar sháil na coise eile ag iarraidh a bheith ag sábhail na hórdóige. Nuair a bhí an foghmhar bainte agus an coirce i n-a chruachaibh ní rabh buachailleacht ar bith aige le deánamh. Ní rabh aige ach an t-eallach a chur amach ar maidin agus cead siubhail a thabhairt dóbhtha. Ach b'éigin dó a bheith ag toghadh phréataí ó mhaidin go hoidhche ag béal na spáide. Bhí a dhruim beag tuirseach crom, agus bhí a mhéara beaga
gearrtha an áit ar bhuail an spád iad anois agus airíst. Ach caidé an neart a bhí air. Agus leis an rud a dheánamh níos measa ní rabh aon dhuine le labhairt go caomhamhail leis anois nó d'fhág an cailín a háit ag deireadh an fhoghmhair de bhárr nach dtiocfadh leithe drannadh leis an mhaigistreas níos fuide. BUAIDHREADH; UAIGNEAS; PAIDIR. An tráthnóna a bhí an cailín ag imtheacht chuaidh sí fhad le Maicín agus d'innis dó go rabh sí ag fágail na háite. B'fheárr leithe gan a bheith aici le hinnse dó go rabh sí ag imtheacht nó bhí fhios aici go mbéadh sé uaigneach i n-a diaidh, ach bhí fhios aici fósta go mbéadh sé dhá uair níos measa dá n-imtheochadh sí gan fhios dó. "A Mhaicín tá mise ag dhul a bhaint an bhaile amach. Ní thig liom féin agus an mhaighistreas theacht le chéile ar chor ar bith agus níor mhaith liom imtheacht gan slán a fhágail agat. Níl ort anois ach mí eile go rabh tú fhéin ag dhul 'n an bhaile agus ní bhéidh an mhí sin i bhfad ag dul thart. Ná bíodh eagla ort, dheánfaidh tú fear maith go fóill. Slán agus beannacht agat, a Mhaicín." "Chomairghe an Riogh thú agus go gcuiridh Dia an t-ádh ort." Ní rabh Maicín ábalta níos mó a rádh. Shuidh sé síos ar chloich, chrom a cheann agus thoisigh a chaoineadh. Ach nár bheag an t- íontas! Ní bhéadh duine ar bith anois le ceapaire a thabhairt dó. Ní bhéadh duine ar bith anois
le uisce bog a thabhairt chuige le n-a chosa agus a lámha 'nighe teacht na hoidhche, agus an chuid ba mheasa den iomlán - agus bain- eadh osna as a chroidhe bheag óg - ní bhéadh duine ar bith le labhairt go cineálta leis anois. Níorbh fhada dó i n-a shuidhe ar an chloich nuair a chuala sé a mhaighistreas ag scairtigh leis bheith ar shiubhal a luighe comh gasta agus thiocfadh leis. D'éirigh Maicín beag agus bhain an sciobol amach agus thoisigh sé a chaoineadh airíst. Ach nár bheag íontas! Bhí a chosa nimhneach: bhí a lámha nimhneach: bhí sé uaigneach agus ní thiocfadh leis deánamh amach cad chuige a rabh seisean fá phian gan duine, gan caraid, gan cúram, gan socamhail, fágtha mar bhí sé. Le sin shíl sé gur mhothuigh sé tormán ar a chúl. D'amharc sé thart ach ní fhaca sé caidé rinne an tormán ach thug sé fá ndeara an chras a bhí ar an bhalla. Síos ar a dhá ghlúin leis ar an bhomaite os coinne na craise agus chuir a dhá láimh bheaga le chéile agus thóg a aghaidh i n-áirde. "A Dhia, a aon Mhic Muire, tá fhios agam anois i ndiaidh amharc ar an chrais nár chóir damh caoineadh má bhí pian féin orm, agus uaigneas agus gan duine ar bith le labhairt go cineálta liom. Tá fhios agam anois nach bhfuil Tú ach mar mhaithe liom féin. Nó do réir mar is mó a thiocfas pian agus trioblóid agus leathtrom ormsa, tá fhios agam gur amhlaidh is giorra mo sheal ar an tsaoghal seo. Agus a Dhia, níl dúil ar bith agam 'san tsaoghal seo, nó b'fhearr liom i bhfad a bheith shuas Agatsa agus ag mo Mhamaí. Agus ní labhairfidh mé ar
phian, ar uaigneas ná ar bheith fágtha liom féin. Tá náire agus leisc agus buaidhreadh orm anois, a Dhia, cionnus caoineadh, ach go bráth airíst ní dheánfaidh mé é. Amharc an mhéid a d'fhulaing Tusa i bhfaras ar fhulaing mise. Bhí Tú 'san gharraidhe leat féin ar an uaigneas agus gan duine ar bith le labhairt Leat ar dhóigh ar bith, nuair a thainig ualach mór na bpeacadh Ort a bhain allus na fola as do Chorp, agus cad chuige a mbéinnse ag cainnt ar uaigneas nó ar gan duine ar bith a bheith agam le labhairt go caomhamhail liom, nó ar mhasla. Baineadh Díot Do cheirteach, ceangladh don phiolóir Thu agus bhítheas ag dul Duit le sciúrsaibh go dtí nach rabh aon bhall slán i Do Chorp, agus go rabh an talamh dearg le Do chuid fola, agus cad chuige a mbéinnse ag cainnt ar pholl ar bhonn mo choise, nó ar léadhb a bheith ó bhárr mo órdóige móire, nó ar mo mhéaraibh a bheith gearrtha. Cuireadh an choróin spíona ar Do chionn agus greadadh isteach na deilg fhad agus thiocfadh leo dhul, agus ní thainig a dhath ariamh ar mo chionnsa. B'éigin Duit an chras mhór throm a iomchar suas go bárr cnuic: cras a bhí comh trom sin gur ghearr sí Do ghualainn agus gur thuit Tú trí huaire fuithe, agus ní rabh fhiacha ormsa rud trom mar sin a iomchar ariamh. Ach, a Dhia, nár mhillteanach an rud a rinne siad Leat i ndiaidh sin uile go léir a fhuilstin, agus an chras a thabhairt go bárr an chnuic, nuair a chuir siad Thu i bhfastughadh ar an chrais le tairgnibh, agus annsin chuir an chras i n-a seasamh agus d'fhág Thusa crochta uirthi go bhfuair Tú bás.
A Dhia, dá mbéinnse 'mo fhear mhór agus mé annsin an lá bhí siad dh'a dheánamh sin Leat ní leigfinn dóbhtha, nó b'fhearr liom iad é a dheánamh liom féin 'ná Leatsa. Ach, a Dhia, rinne mé dearmad, ba hiad na peacaidh a ba chionnta le n-ar fhulaing Tú. Agus, a Dhia, a Dhia, go deo nó go bráth ní dheánfaidh mise peacadh." D'éirigh Maicín ó n-a ghlúnaibh, bhain de a chuid éadaigh agus chuaidh a luighe. Bhí íontas air an sólás a bhí i n-a chroidhe anois agus ní rabh sé ábalta smaointeadh caidé ba ádhbhar dó; ach comh fhad agus bhí sé ag smaointeadh thuit sé i n-a chodladh. 'N AN BHAILE AIRÍST. D'éirigh Maicín ar maidin lá ar n-a bhárach agus chuaidh ar aghaidh le n-a chuid oibre mar ba ghnáthach. Ní luaithe d'éirigheadh sé anois ar maidin 'ná bhéadh sé ag cunntas cá mhéad lá bhí le cur isteach aige agus cá mhéad lá bhí caithte aige 'san áit. Chead uair nuair a thainig sé 'na háite, níor mhaith leis na laethe a chunntas ar chor ar bith, nó shíl sé go rabh an t-am comh fada sin roimhe nach mbéadh sé astuigh go bráth. Ach anois do réir mar bhí sé ag teacht comhgarach do dheireadh a ama, bhí sé ag coimhéad na gréine go géar ar a bealach siar gach lá agus ba minic ba fhada leis a bhí sí ag deánamh a turais. Ach fá dheireadh thiar thall thainig an oidhche dheireannach agus bhí a chead fhastughadh astuigh ag Maicín. Bhí an chead leith-bhliadhain caithte aige ar an Lagán. Nuair a chuaidh Maicín 'n an scioboil an oidhche sin agus chuaidh sé a luighe, bhí an oireadh sin áthais air nach rabh sé ábalta codladh.
Agus nuair a d'éirigh sé ar maidin, bhí an oiread sin lúthgáire air nach rabh sé ábalta a bhriocfasta a dheánamh. An lá roimh ré cheannuigh a mhaighistir péire úr bróg dó le n-a thabhairt 'n an bhaile agus choinnigh an luach as a thuarastal. Ach nár chuma le Maicín. Bhí na bróga úra air anois agus ní rabh siad ceangailte i gceart air nuair a rinne an maighistir scairt isteach 'n an toighe air. "Seo do thuarastal duit, a Mhaicín, an deich agus punnta agus sé pighne. Chosain na bróga an chuid eile de do thuarastal, an ceathair agus sé pighne. Tabhair aire anois agus ná caill an t-airgead." "Ní chaillfidh," arsa Maicín, "agus go rabh maith agat." Ní rabh níos mó cainnte ar thaoibh ar bith agus bhog Maicín leis ag tarraingt ar an tSrath Bán. Ní fada chuaidh sé gur bhuail sé suas le gasraibh beaga agus giorsachaibh beaga go leor i ndiaidh a bhfastughadh achur isteach agus iad ag tarraingt ar an tSrath Bán agus annsin 'n an bhaile cosamhail leis féin. Is iomdha maidin le leith-bhliadhain a d'éirigh siad agus iad tuirseach go leor, comh tuirseach sin nach mbéadh ann ach é go mbéadh siad i dán a gceirteach a chur ortha. Ach ní rabh siad tuirseach an mhaidin seo. Bhí siad ag gáiridhe, ag cainnt, ag rith, ag léimnigh agus ag ithe brioscaí agus milseán. Bhí a gcroidhe éadtrom ach caidé bhéadh air, nach rabh siad ag baint an bhaile amach. Fá dheireadh bhí siad ar an tSrath Bán. Níor fhan Maicín i bhfad ar an aonach, ach bhain an baile amach i gcuideachta gasúir eile as an chomhursain a rabh eolas an bhealaigh aige. Nuair a fuair Maicín an
chead amharc ar an bhaile, chomhair a bheith gur léim a chroidhe as a chliabh le neart a lúthgáire. Chuir na sean-chlaidheacha, na clocha, na dígeacha, na páirceanna agus na puill ar ghnáthach leis clára a chur ag snámh ortha, chuir na háiteacha uile go léir a rabh eolas aige órtha aoibhneas ar a chroidhe, agus lá ar n-a bhárach nuair a mhuscail sé i n-a leabaidh bheag féin, bhí eagla air ar feadh fada go leor nach rabh sé ach ag brionglóidigh agus nach rabh sé 'san bhaile ar chor an bith. AN DEIREADH GO CIONN TAMAILL. Chuaidh Maicín 'na scoile annsin ar feadh an gheimridh. B'éigin dó dhul go bun an ranga, ach sul a dtainig an t-Earrach, bhí sé i n-a shean-áit féin ar toiseach. Chaith Maicín na bliadhanta go rabh sé trí bliadhna déag eadar an Lagán agus an scoil, leith-bhliadhain ar an Lagán agus leith- bhliadhain ar an scoil. Is minic a d'fhás crann breágh ar thalamh lom. Agus ba é do Maicín é. Indeoin go bhfuair sé cruaidhtean, d'fhás sé aníos i n-a ghasúr bhreágh, glan, díreach agus láidir. Bhí sé ar thoiseach a ranga an lá a d'fhág sé scoil, agus an lá sin, ní rabh aon ghasúr 'san phobal d'a aois, nó dhá bhliadhain níos sine 'ná é nach dtiocfadh leis é a ghreadadh ag seort ar bith lúth-ghaisgidheachta ba chuma caidé an cleas é. Ach maidin amháin d'fhág Maicín an baile ach ní theachaidh sé 'na scoile an lá sin agus níor phill sé 'n an bhaile ariamh níos mó, nó ní rabh baile ar bith aige anois. Cuireadh
a athair an lá roimh-ré 'san uaigh chéadna ar cuireadh a mháthair innti, deich mbliadhna roimh sin. Chuir an maighistir agus na comhursana cuartughadh air ach sin a rabh aca ar a shon. Ní rabh Maicín le fághail ná scolb na scéala i n-a thaoibh. Is iomdha sean-bhean a shil deora i ndiaidh Mhaicín agus is iomdha sean-fhear adubhairt "go rabh slán dó. Ba bhreágh an t-ádhbhar fir é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services