Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maicín

Title
Maicín
Author(s)
Mac Cumhaill, Mághnus,
Pen Name
Fionn Mac Cumhaill
Compiler/Editor
Ó Brolcháin, Tomas
Composition Date
1923
Publisher
Cumann Liteardha Chúigidh Uladh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MAICÍN.



Indeoin nach rabh Maicín ach corradh
beag le trí bliadhna de aois nuair a fuair
a mháthair bás, ba mhaith a ba chuimhin leis í.
Thiocfadh leis innse duit go dtí an lá bhfuil
indiu caidé dubhairt sí leis an lá thug sé
iarraidh a dhul suas ar an dreisiúr, nuair
a shíl sé nach rabh aon dhuine ag amharc air,
go bhfeicfeadh sé caidé bhí i dtaiscidh i
gcúl na bplátaí.



"A Mhaicín goitse." Thainig Maicín
fhad leithe. Leag sí a lámh ar a chionn
chumtha. "A leinbh mo chroidhe, cad chuige a
rabh tú ag dul suas ar an dreisiúr." "A
mhamaí, shíl mé nach rabh aon dhuine ag amharc
orm." "A chuisle mo chroidhe, is gairid
uaimse anois an bás, agus is gairid uaitse
anois an lá nuair nach mbíonn mamaí
ar bith agat le hinnse duit eadar an maith
is an t-olc. Fásfaidh tusa suas 'do fhear
mhór bhreágh mar is dual le do chineadh,
ach ní bhéidh tú 'do fhear mhaith muna gcoinni-
gheann tú cuimhne ar an chomhairle a bhéarfas
mise duit anois."



Chrom sí anuas le Maicín a phógadh agus
na súile ag teannadh uirthi. Chuir Maicín a
dhá láimh bheaga thart fá n-a muinéal agus
thoisigh sé a ghul. Phóg sí a éadan, a aghaidh,
a bhéal agus a mhuinéal agus na deora ag
tuitim leithe go fras. "A Mhuire is
truagh! A mhullacháin ionmhuin cad chuige
a bhfuil tú ag caoineadh?" "Tá, a mhamaí,
smaointigh mé indiu gur chomhair a bheith gur


L. 4


mhaith liom tusa agus m'athair a bheith marbh,
go dtí go mbéinn ábalta an gunna a fhághail
atá i bhfolach shuas ar an téastar." "Agus
a Mhaicín, nár mhaith leat sinn a bheith marbh
anois?" "Níor mhaith liom, a Mhamaí, nó
níl duine ar bith comh maith nó comh deas
leatsa." "Is measa liomsa thusa, a Mhaicín
'ná a bhfaca mé ariamh, agus ar an ádhbhar sin
níor mhaith liom go ndeánfá thusa rud ar bith
a bhéadh cearr; agus 'sí seo mo chomhairle
anois duit. Ná deán rud ar bith a choidhche
a mbéadh eagla nó náire ort go bhfeicfidhe
thú dh'a dheánamh." "Cuimhneochaidh mé ar sin,
a Mhamaí."



BÁS A MHÁTHARA.



Nuair a bhí siad ar an phaidrín an oidhche
sin, an t-athair ag cur cinn air, a chúl leis an
teinidh agus a dhá uilinn ar shuidheachán na
cathaoire, an mháthair 'san chlúdaigh,'s a taca
leis an bhalla, bhí Maicín beag i n-a shuidhe ar
an urlár, cúl a chinn leagtha ar dhá ghlúin a
mháthara agus é ag amharc suas 'san aghaidh
uirthi. Bhí sí ag guidhe go dúthrachtach agus
anois agus airíst bainfidhe osna aisti.
Mhothuigh Maicín na deora ag tuitim ar a
aghaidh. Thuit an choróin Mhuire as a cuid
lámh. Leag sí lámh ar chionn Mhaicín agus
leis an láimh eile thóg sí an chras a bhí crochta
fá n-a cum go dtí a béal. "Och! mo sheacht
mbeannacht agaibh uile go léir go bráth,
agus mo sheacht míle beannacht agatsa go
deo agus go bráth, a Mhaicín. M'anam do
Dhia agus do Mhuire." Thuit a ceann ar a
hucht agus bhí sí socair.


L. 5


D'éirigh fear an toighe comh gasta agus
thainig leis ó n-a ghlúnaibh agus thug iarraidh
ar an uisce choisreactha. Annsin thóg sé
a chéile eadar a dhá láimh agus d'fhág i n-a
luighe ar a leabaidh í. "Och! a phlúr na
mban Fáil, nach beag a shíl mise, tá cúig
bliadhna ó shoin, an lá a phós an Sagart mór
sinn agus thainig tú 'n an bhaile liomsa
annseo go bhfeicfinn an oidhche seo go bráth.
An lá sin ní rabh do leithéid 'san phobal le
breághthacht, ach breágh agus mar bhí tú ní
rabh do mhaise agus do scéimh ionchurtha
le do áilneacht croidhe. Ba tusa féin an
t-aingeal. Och! a chailín chaoin cheannsa,
tá tú' do luighe annsin romham agus go deo
nó go bráth ní labharfaidh tú liom. Och, mo
léan-scrios ar na tighearnaí is iad is
cionnta le do luath-bhás i gcionn do chúig
mbliadhan fichead. Och! nár aifridh Dia
orm é! Caidé tá mé a rádh! Toil Dé
go rabh deánta."



Ní rabh fhios ag Maicín bocht caidé bhí
cearr; ach óg agus bhí sé bhí fhios aige nach
rabh ghach aon rud mar ba ghnáthach leis a bheith.
Níor chuala sé a athair ariamh roimh ré ag
cainnt ar leithéid de dhóigh agus ní labhar-
fadh a Mhamaí leis ar chor ar bith - an
mháthair sin a mhusclochadh é ar maidin le
n-a cuid póg; a thógfadh aníos chuici é; a
thógfadh a lámh bheag sul a rabh sé féin ábalta
é a dheánamh agus dheánfadh comhartha na
croiche ar a éadan, a bhéal agus a bhrollach.
An mháthair sin adéarfadh leis nuair a
bhéadh sí d'a nighe, "Mo Mhaicín bheag féin,
nach bhfuil fhios agat nach ngortochadh do
Mhamaí thú," agus annsin ní chaoinfeadh
Maicín.


L. 6


Mar dubhairt mé cheana féin, bhí fhios ag
Maicín nach rabh ghach aon rud mar ba ghnáthach
leis a bheith. Scannruigh sé, agus thoisigh sé
ag caoineadh comh hárd agus bhí i n-a chionn.
Mhothuigh cuid de na comhursana é. Isteach
leo go bhfeicfeadh siad caidé bhí cearr.
Ní fada go rabh an teach lán agus ba mhór a
gcumhaidh uile go léir. Thoisigh siad ar an
phaidrín airíst, ach sul a rabh siad réidh
leis an phaidrín bhí Maicín beag i n-a chodladh
agus níor mhuscail sé gur mhuscail sé i
dtoigh de chuid na comhursna lá ar n-a bhárach.
Ní luaithe a mhuscail sé 'ná thoisigh sé ag
scairtigh ar a Mhamaí. "A Mhamhaí! cá
bhfuil tú, a Mhamaí? Caithfidh mise mo
Mhamáí a fhághail." Hinnseadh dó go rabh
a Mhamaí i n-a codladh agus go bhfeicfeadh
sé í gan mhoill, ach ní rabh gar a bheith leis.
Chaithfeadh sé a mháthair a fheiceáil. Tugadh
arais'n an bhaile é. Ní rabh aon dhuine annsin
nach rabh faoi ghruaim. Bhí tábla ag taoibh
an bhalla bhig ar a rabh píopaí tobaca agus
snaoisín. Bhí fear ag taoibh an tábla ag
spíonadh tobaca agus ag líonadh na bpíopaí.
Bhí maidí thart le cois na mballaí ag deánamh
ionad chathaoireach do na fearaibh a bhí i n-a
suidhe ortha.



Bhí leabaidh i gcoirnéal an toighe eadar
binn na teineadh agus an balla beag agus
triúr nó cheathrar ban i n-a suidhe ag colbha
na leabtha. Agus thart ar an taoibh astuigh
den leabaidh bhí cumhdach de línéadach gheal,
agus bhí feisiní den éadach chéadna ar an
téastar agus crochta ón téastar go dtí
an talamh ag bun agus bárr na leabtha.
Annsiud agus annseo bhí cras de éadach
dhubh greamuighthe don líneadach le bioránaibh.


L. 7


FAIRE A MHÁTHARA.



Bhí máthair Mhaicín cóirighthe 'san leabaidh:
culaidh dhonn na scaball uirthi agus córda
naoimh Phroinnsis fá n-a cum. Bhí sí go
díreach mar bhéadh sí i n-a codladh; a dhá
sciathán crasach ar a cliabh; coróin Mhuire i
n-a láimh deis agus coinneal coisreactha i
n-a láimh eile. Comh luath agus thainig Maicín
isteach thoisigh sé ag scairtigh ar a Mhamaí.



"Cá bhfuil mo Mhamaí? Tabhair damh
mo Mhamaí."



Ba mhaith leis fághail isteach 'na leabtha,
ach ní leigfidhe isteach é. Annsin thoisigh
sé ag caoineadh. Agus nuair a thoisigh
Maicín a ghul, ní rabh aon bhean 'san toigh nach
rabh ag gul, agus ní rabh aon fhear 'san toigh
nár bhain an píopa as a bhéal agus chrom a
cheann. Fá dheireadh baineadh faoiseamh as
Maicín agus stad sé den chaoineadh.
Bhítheas d'a mhealladh le ghach aon rud, ach an
rud a b'fheárr le Maicín den iomlán, cos
píopa a tugadh dó, agus nuair a fuair sé
cos an phíopa, síos leis ar chladach na teineadh
agus thoisigh ag tarraingt striócach ar an
leic. Nuair a hamharcadh caidé bhí sé a
tharraingt agus cuireadh ceist air caidé bhí
sé a dheánamh, dubhairt sé gur sin cras a
Mhamaí.



Ba luath a theagasc a mháthair scéal na
craise dó. Ba mhaith a d'éist Maicín beag
leis an scéal, agus ba óg go leór a thuit
a chuid féin den chrais air, ach níor thuig
sé é annsin. Ach faraor! nuair a d'éirigh
sé níos sine, bhí fhios aige gur chaill sé an
mháthair a b'fheárr a d'oil naoidhneán ariamh,
nó níorbh é a dhearmad na scéaltaí a d'innis
sí ná a comhairle dheireannach dó.


L. 8


TÓRRAMH A MHÁTHARA.



Lá ar n-a bhárach nuair a cuireadh a mháthair
'san chomhnair agus bhítheas d'a cur faoi chlár,
choscrochadh sé clocha agus crainn bheith ag
éisteacht le Maicín ag scairtigh ar a mháthair.



"Och, ná-tabhair mo mhamaí uaim!"



"Ná tabhair mo Mhamaí uaim! Ná tabhair
mo Mhamaí uaim!" Ní rabh aon dhuine 'san
toigh nach rabh na deora leis. Thóg cailín
óg amháin Maicín beag ar a gualainn anonn
go dtí an balla, an áit a rabh pictiur de ar
Slánuightheoir agus an choróin spíona ar a
chionn.



"Bhfuil fhios agat a Mhaicín cé sin?"



"Tá fhios agam go maith. D'innis mo
Mhamaí damh gur sin ar Slánuightheoir, agus
gurbh É a shábhail sinn."



"Is É cinnte, a Mhaicín, agus is É thug leis
do Mhamaí féin anois."



"Agus cad chuige a dtug Sé leis mo
Mhamaí-sa?"



"Tá, a Mhaicín, tá an-mheas go bráth Aige
orainn uile go léir, agus b'fheárr leis do
Mhamaí-sa 'ná duine ar bith againn agus
thug Sé Leis í 'n a thoighe féin 'sna flaithis, an
áit a mbéidh sí níos feárr agus níos deise
'ná bhí sí ariamh annseo."



"Agus cad chuige nach dtug Sé mise leis
fósta?"



"Tá, caithfidh tusa bheith maith agus
fanacht annseo go rabh áit Aige fá do
choinne, annsin cuirfidh Sé scéala fá do
choinne agus béidh do Mhamaí ag fanacht
ort."



Anois bhí an tórramh réidh le himtheacht.
Craitheadh an t-uisce coisreactha: tógadh


L. 9


an chomhnair agus tugadh amach í, agus fágadh
í 'n-a luighe ar chathaoireachaibh taoibh amuigh
den doras. Annsin dubhairt ghach aon dhuine
d'a rabh i láthair paidir agus abhe Maria.
'N-a dhiaidh sin tógadh an chomhnair ar ghualan-
nachaibh ceathrar fear a d'iomchar agus d'fhág
ar an charr í a bhí ag fanacht uirthi. Cuireadh
sean-bhean suas ar an charr annsin 'n-a suidhe
ar an chomhnair agus d'imthigh an t-iomlán
leo 'na reilige. Ní rabh aon dhuine a casadh
ortha ar an bhealach nár dhubhairt paidir agus
ní rabh aon fhear d'a rabh ag obair comhgarach
don bhealach mhór nár sheasuigh ar a spáid,
bhain de a hata agus dubhairt paidir.



Fá dheireadh thainig an tórramh ar amharc
toighe an phobail agus le linn sin tugadh
an chead bhuille don chlog, agus buille i
gcionn na bomaite go rabh an tórramh ag
na geaftaí. Bhí an sagart i n-a n-aircis
annsin, a stoc air agus a leabhar in a
láimh. Tógadh an chomhnair ar ghualannachaibh
fear airíst. Thoisigh an sagart ag léigheadh
agus chuir ceann ar an tórramh go rabh siad
astuigh os coinne na haltóra, an áit ar
fágadh an chomhnair 'n-a luighe comh fhad agus
bhí an sagart ag guidhe. Nuair a bhí an
sagart réidh, tógadh an chomhnair agus tugadh
í go dtí uaigh bheag a bhí i gclúid bheag fhascaidh.
Leagadh í go cúramach 'san uaigh. Thoisigh
an sagart a ghuidhe airíst : chuir trí urchar na
sluaiste ar an chomhnair comh fhad agus bhí
sé ag cur i gcuimhne do ghach duine d'a rabh i
láthair gur ó chréafóig a rinneadh sinn agus
go créafóig a leaghfadh sinn. Annsin
i ndiaidh paidir eile a rádh, toisigheadh a líonadh
na huaighe. An chead uair bhí gach lán na
sluaiste ag tuitim comh trom sin go gcuir-


L. 10


feadh a dtuaim uaigneas ar dhuine, agus
go gcuirfeadh a smaointeadh é comh beag 'e
shuim agus bhí an saoghal seo. Annsin do
réir is bhí an uaigh d'a líonadh, bhí an tuaim
ag éirghe níos lugha agus ag éirghe níos lugha
go dtí nach dtiocfadh le duine ach smaoin-
teadh go díreach gur dálta an tuaim a bhí
ag imtheacht leis agus ag imtheacht leis
go dtí 'san deireadh nach rabh sé le cluinstin
ar chor ar bith, bhéadh cuimhne ar an duine
bhí d'a cur. Fá dheireadh bhí an uaigh líonta
agus maoil uirthi. Cuireadh trí scraithe
ghlasa uirthi annsin; ceann ar ghach aon taoibh
agus ceann i n-a mullach. D'imthigh na
daoiní annsin agus d'fág 'san reilig
uaignigh sin Plúr Ban Fáil.



A BHRÓN I N-A DIAIDH.



Ar feadh seachtmhaine nó mar sin, ní rabh
baint faoi le deánamh ar Mhaicín. Chaoin
an leanbh bocht agus chaoin sé ag iarraidh
a mháthara, ach is deacair an óige a chlaoidh.
Stad sé den chaoineadh agus ní rabh ann
anois ach go muscalochadh sé corr-uair as
a chodladh agus go scairteochadh sé, " a
Mhamaí cá bhfuil tú; cia an uair a thiocfas
tú fá choinne Mhaicín?" Oidhche amháin
nuair a bhí sé i n-a shuidhe ar shuisteóig ag
cloich an bhaic agus cuid de na sean daoiní
astuigh ag áirneál thuit sé i n-a chodladh.
)Níorbh fhada dó i n-a chodladh nuair a mhuscail
sé de léim agus scairt. "A Mhamaí
cia an uair a thiocfas tú?"



"Ní fada duit anois go dtig sí, a chroidhe,"
arsa sean-bhean a bhí astuigh.


L. 11


Thoisigh Maicín beag a chuimilt a chuid súl
le n-a dhá chráig.



"Cia an uair a thiocfas sí."



"Tiocfaidh sí oidhche Féil' na marbh."



"Agus cia an uair sin?"



"'San oidhce i mbárach."



"Mo Mhamaí. Oidhche Féil' na marbh.
Oidhche Fhéil' na marbh. Oidhche Fhéil' na
marbh. Féil' na marbh. Mo Mhamaí. Ma-
maí…" ach bhí Maicín beag i n-a chodladh
airíst. Annsin tógadh agus cuireadh a
luighe é agus nach mianair codladh an leinbh
agus an neamh-choirtheach?



OIDHCHE FHÉIL' NA MARBH.



Ní rabh aon teach 'san chomharsnacht lá ar
n-a bárach nach rabh ag deánamh réidh ar son
na hoidhche sin - Oidhche Fhéil' na marbh.
Roimh dhul ó sholas dó, bhí timthireacht
an toighe deánta, neart mónadh astuigh, an
t-urlár scuabtha, go háiridhthe cladach na
teineadh go dtí nach rabh smál fágtha air,
nó nárbh é sin an aon oidhche amháin 'san
bhliadhain a mbíodh cead ag na mairbh pilleadh
agus cuairt a thabhairt ar an tsean-árus.
Bhíodh na mairbh ar a gcois Fhéil na marbh
an uair sin agus bheireadh siad cuairt i
gcomhnuidhe ar a muinntear féin. Ceart go
leor ní leigfeadh siad do dhuine shaoghalta
iad a fheiceáil amach ó go fíor annamh. Ach
ní bhíonn siad ar a gcois anois Fhéil na
marbh ; ma bhíonn ní thig siad chomhair an
tsean-áruis ná a muinntear féin. Ach
nach beag íontas sin. Cá mbéadh siad
ag teacht anois, nuair nach gcuirtear suim


L. 12


ionnta agus nach mbíonn fáilte fá n-a
gcoinne.



Ach níorbh é dó nuair a bhí Maicín i n-a
leanbh. Le luighe gréine cuirfidhe síos teine
a mbéadh scéal fada ar a méid agus suidh-
fidhe bunadh an toighe thart fán teinidh sin
go mbéadh am paidrín ann. Annsin déar-
fidhe paidrín chúig ndeichneabhar déag ar
son anam gach duine ariamh den bhunadh
a chuaidh ar Shluagh na marbh.



Nuair a bhéifidhe réidh le sin agus roimh
dhul a luighe dóbhtha, cuirfidhe oiread eile
mónadh ar an teinidh gheall ar cuideachta a
choinneáil le duine ar bith de na mairbh a
thiocfadh 'un toighe nuair a bhéadh siad uile go
léir i n-a luighe.



MAICÍN OIDHCHE FHÉIL' NA
MARBH.



Bhí Maicín bocht ag feitheamh ar a mháthair
Fhéil na marbh. Bhí oidhche léanmhar ann
amuigh. Thiocfadh leat siorradh na gaoithe
a chluinstin ag casadh na nduilleóg ar an
chrann cuileann a bhí ag fás amach as taoibh
na binne a bhí i gcúl an toighe, agus ní rabh
aon tormán a bhí le mochtail nár shil Maicín
beag gurbh í a mháthair a bhí ag teacht. Shuidh
sé ar an tsuisteóig ag feitheamh agus ag
feitheamh ar a Mhamaí agus a dhá shúil sáithte
'san doras ach ní rabh a mháthair ag teacht.
Fá dheireadh bhí néal ag teacht air agus
thuitfeadh a cheann beag anuas ar a ucht ach
thógfadh sé airíst é. Bhí sé ag deánamh a
dhíchill gan leigint don chodladh buaidh a


L. 13


fhághail air nó bhí eagla air go dtiocfadh a
mháthair agus é i n-a chodladh agus nach bhfeic-
feadh sé í ar chor ar bith. Ach thiar thall
fuair an codladh a bhuaidh agus níor mhuscail
Maicín gur mhuscail sé i n-a leabaidh agus
uair de lá ann lá ar n-a bhárach. Ach mar
sin féin ní theachaidh Oidhche Fhéile na marbh
thart gan Maicín a mháthair a fheiceáil nó bhí
sé ag brionglóidigh. Shíl sé go rabh sé i n-a
chodladh; go dtainig a mháthair agus go
rabh sí ag tabhairt póg dó gur mhuscail sí é;
gur thóg sí aníos chuici é mar ba ghnáthach
leithe a dheánamh; go dteárn sí comhartha na
croiche ar a eádan, a bhéal agus a bhrollach
le n-a láimh bhig agus annsin gur dhubhairt sí,
"a Mhaicín ionmhuin, a chuisle geal mo
chroidhe, bhfuil aithne agat ar do Mhamaí?"
agus go rabh an oireadh sin áthais air féin
nach rabh sé ábalta labhairt go rabh sí ag
imtheacht uadh nuair a d'iarr sí air gan
caoineadh i n-a diaidh-sa nó go dtiocfadh an
lá nuair a thiocfadh sise fá n-a choinne ach
gan é dearmad a dheánamh ar a comhairle
agus gur gheall seisean nach ndeánfadh.



Le sin bhí sí ar shiubhal agus mhuscail
Maicín.



Ón lá sin amach, shíl Maicín má bhí sé i n-a
chodladh féin go rabh a mháthair ag cainnt leis
Fhéil na marbh sin agus rinne sé mar d'iarr
sí air. Char chaoin sé ariamh níos mó i n-a
diaidh, ach munar chaoin féin ní thiocfadh leis
gan bheith ag smaointeadh uirthi.



MAICÍN; SCOIL; MAIGHISTIR



Nuair a thainig an Samhradh cuireadh Maicín
'na scoile. Ní rabh teach na scoile i bhfad


L. 14


uadh agus ní teach ró-mhór a bhí ann ach
oiread. Teach cinn tuighe a bhí ann, sé
troighthe agus fiche ar fad agus ceithre
troighthe fichead ar leithead. Bhí sé deánta
ar fhód an bhealaigh mhóir, soir agus siar,
agus ní rabh díon ariamh ann. Ach caidé
mar thiocfadh le díon a bheith ann? Ceart
go leor cuirfidhe tuighe gach bliadhain air.
Leagfadh an maighistir amach lá a bhéadh
fóirsteanach, agus nuair a thiocfadh an lá sin
bhéarfadh sé cead a gcinn do na scoláirí
agus d'iarrfadh ortha dhul 'n an bhaile agus
iarraidh ar a muinntear theacht agus tuighe
a chur ar an scoil. Ní luaithe a bhainfeadh
na paistí an baile amach agus d'innseochadh
siad caidé dubhairt an maighistir 'ná thigeadh
fearas ghach aon teach a rabh fearann go toigh
na scoile agus batail de chochán scaithte faoi
n-a ascaill. Ba ghnáthach le cuid aca cor
shúgáin agus dréimire a thabhairt leo fósta.
Nuair a gheobhadh siad fhad leis an scoil,
thoiseochadh cuid aca ag scaoileadh an toighe,
cuid aca ag leigean agus ag casadh súgán
agus cuid eile ag cur na tuighe. Ach
caidé an seort tuighe a bhéadh ann?
Cuid de na batlacha a bhéadh de chochán mhaith
fhada, cuid de chochán ghairid agus b'fhéidir
gan é leath-bhuailte, agus cuid a bhí leath
Lobhtha i ndiaidh a bheith i n-a thuighe cruach ó
thainig an geimhreadh. Cuirfidhe an t-iomlán
de nó bhíodh sé uile go léir gann go leor.
Ach ní bhíodh sé mí curtha nuair a bhíodh
laganna annsiud agus annseo an áit a rabh
an sean-chochán ag leaghadh agus an áit nach
rabh an greim céadna ag an dluigheóig
ghairid a bhí curtha le taoibh na dluigheóige
fada agus an rud nach rabh buailte i gceart
thoisigheadh an geamhar a fhás air agus ba


L. 15


mhíniúghadh agus réidhteach an scéil é nár chuir
sé ariamh nach rabh deora anuas 'san scoil.



Ach má bhí deora anuas 'san scoil ní
rabh mórán fuaicht innti, nó bhí dhá theinidh
mhóra innti ar feadh an gheimhridh ach amháin
nuair a bhíodh an ghaoth aniar agus annsin
caithfidhe na teinte a chur as nó plúchfaidhe
ghach aon dhuine 'san scoil leis an tséideadh
anuas. B'fhurust adhbhar na teineadh a fhághail
'sna laethe úd. Bhí móin fairsing agus ní
rabh aon pháiste ag dul 'na scoile nach gcaith-
feadh cúpla fód a bheith leis faoi n-a ascaill,
nó bhí súil ghéar ag an mhaighistir agus slat
níos géire. Ach níor ghnáthach le duine ar
bith theacht gan móin, indeoin go bhfuil
eagla orm gur ar an bhealach 'na scoile
gheibheadh corr rógaire í, nó chuala mé fear
lá amháin ag deánamh casaoide leis an
mhaighistir fá bheith ag cailleadh a chuid
mónadh.



Bhíodh fá thuairim dhá scór go leith ar an
scoil 'san tSamhradh agus fá thuairim scór
dhe bharraidheacht air sin 'san gheimhreadh nuair
a thigeadh siad a bhaile fá Shamhain i ndiaidh
bheith ar fastughadh ar feadh na leith-bhliadhna.
Ach má bhí an scoil ró-bheag ag an oiread
sin páistí agus na deora anuas ag cur
súithche ortha féin agus ar a gcuid leabhar,
bhí rud amháin maith ann. Bhí maighistir
maith aca. Bhí sé géar ach ní rabh sé ró-
throm ar na páistibh. Fear a bhí ann nach
rabh ró-mhór, ach bhí sé i gcionn a chéile. Ní
thug sé órdughadh ath-uair ariamh, agus go
bhfóiridh Dia ar an té nach ndeánfadh an
t-órdughadh sin. Ach ní thug sé órdughadh
ariamh nach rabh ceart, cóir agus mar mhaithe
leo féin.


L. 16


MAICÍN AR AN SCOIL



Sin an seort scoile anois ar cuireadh
Maicín fhad leithe. Tugadh annsin é an
chead lá agus ghach aon lá go cionn seacht-
mhaine ar ghreim láimhe le eolas an bhealaigh
a fhághail. Ag deiread na seachtmhaine bhí
Maicín ábalta a dhul leis féin. Chaith sé
cúig bliadhna ag dhul 'na scoile seo gan lá a
chailleadh agus rith an ama seo, chomhair a bheith
go rabh sé mar ghasúr ar bith eile a bhí uirthi.
Ceart go leor, ní rabh sé cosamhail leo ar
ghach aon dhóigh, nó ní rabh rud ar bith a thoiseochadh
sé a dheánamh nach ndeánfadh sé go maith -
bíodh sé ag gáiridhe, ag foghluim a chuid ceacht,
ag gearradh léim, ag cathamh na cloiche nó ag
troid, agus ar an ádhbhar sin ní rabh sé ariamh
gan a bheith ar toiseach i n-a rang féin agus i
n-a cheannphort nuair a rachadh an "buailim
ort" eadar dhá bhaile. Bhí gasúr amháin 'san
rang a rabh dúil mhór ag Maicín ann.



Bhí sé chomhair a bheith comh maith le Maicín,
ach i n-a dhiaidh sin ní rabh sé ariamh ábalta
buaidh Mhaicín a fhághail nuair a bhéadh an maigh-
istir ag deánamh rogha eadar na páistí gach
Aoine. B'é an bealach céadna bealach na
beirte ghach aon lá 'na scoile. Maidin amháin
Dia hAoine nuair a casadh an bheirt ar a
chéile ar a mbealach 'na scoile, bhí an gasúr
seo ag caoineadh. Chuir Maicín ceist fáth
a chaointe air. "Tá," ars an gasúr,
"bhuail m' athair mé Dia hAoine seo chuaidh
thart nuair nach rabh mé ar thoiseach an ranga
agus dubhairt sé liom go mbuailfeadh sé
dhá oiread orm indiu muna mbím ar toiseach,
agus tá fhios agam féin nach mbím ar
toiseach nó níl mé comh maith leatsa, a
Mhaicín." "Ná caoin," arsa Maicín, "béidh


L. 17


tú ar toiseach indiu." Nuair a bhí an
maighistir ag deánamh rogha eatorra an lá
sin bhí an bhuaidh leis an ghasúr bheag, nó leig
Maicín air féin nach rabh fuascladh chuid
de na ceisteannaibh aige a chuir an maighistir
air.



AG MACHTNADH.



Bhí dúil mhór ag Maicín luighe ar chúl a
chinn 'san tSamhradh ag amharc ar an fhuiseóig
ag dul thart mar bhéadh roithleagán rotha ann
do réir mar bhí sí ag dul 'un áirde agus ag
dul 'un áirde 'san spéir go rabh sí as amharc.
Annsin thoiseochadh sé ag smaointeadh an
rabh na flaithis i bhfad ar shiubhal agus gur
mhianair dó dá mbéadh sé i n-a fhuiseóig go dtí
go dtéidheadh sé dh'amharc ar a Mhamaí.
Agus bhéadh sé ag smaointeadh agus ag
smaointeadh leis ag deánamh go dtiocfadh
leis deánamh amach caidé a rabh an spéir
agus na néaltaí deánta de. Annsin
smaointeochadh sé ar comh beag dhe mhaith agus
bhí sé féin nuair nach dtiocfadh leis an rud
a dheánamh thiocfadh leis an fhuiseóig a
dheánamh. Annsin thigeadh uaigneas mór air
agus chomhair a bheith go gcaillfeadh sé a anál
nuair a smaointeochadh sé dá mbéadh sé
shuas 'san spéir go mb'fhéidir go dtuitfeadh
sé, nó ba mhaith a bhí fhios aige dá mbeadh sé
gan ach a bheith ag brath amharc síos ó bhárr
na binne a bhí ar chúl an toighe, go gcaithfeadh
sé luighe ar a bhéal agus a shrón agus greim
maith a choinneáil ar rud eighinteacht comh
fhad agus bhí sé 'a dheánamh, nó thiocfadh
mearbhallán i n-a chionn. Annsin déarfadh
sé leis féin, "nach uathbhásach Dia."



Bhíodh sé ag smaointeadh mar sin go


L. 18


gcluinfeadh sé ceol na fuiseóige ar a
bealach ag pilleadh. Ar an bhomaite d'imtheo-
chadh an ghruaim de agus bhéadh sé comh h-
éadtrom 'san chroidhe is bhí ariamh agus é ag
fanacht ar an fhuiseóig theacht ar amharc.
Ní bhíodh i bhfad aige le fanacht go bhfeicfeadh
sé an fhuiseóg chuige go díreach mar chuaidh
sí suas, agus choinneochadh Maicín súil ghéar
uirthi go bhfeicfeadh sé cia an áit a luighfeadh
sí ag súil go bhfuigheadh sé a nead.



Ach má bhí rud ar bith is mó chuirfeadh
aoibhneas ar chroidhe Mhaicín 'ná rud eile, ba
hiad na huain óga an rud sin. Nuair a
bhéadh an lá maith 'san Earrach ann ní bhéadh
sé choidhche tuirseach ag amharc ortha ag fiachailt
rásaí trasna páirce go dtí go gceapfadh an
claidhe iad. An chuid a bhéadh ar tús bhéarfadh
siad léim suas ar thaoibh an chlaidhe agus an
dara léim anuas agus arais comh gasta is
thiocfadh leo go dtí an áit ar thoisigh
siad uaithi. Agus na huain nach mbéadh comh
gasta leis an chuid eile ní rachadh siad-san
fhad leis an chlaidhe ar chor ar bith ach sean-
aimsireach go leor phillfeadh siad ins an rása
leis an chuid eile a bhí ar a mbealach arais.
Agus an chuid a bhéadh ar tús ag teacht arais
bhéarfadh siad na trí léim dheireannacha
go dtí an bun ag bualadh na gceithre gcos i
gcuideacht a chéile as an talamh ionann agus
a rádh, "nach maith sinne." Ach bhaineadh sé
racht gáiridhe amach ó n-a chroidhe ar Mhaicín
nuair a thigeadh ceann de na huain a bhéadh
níos dána 'ná an chuid eile aníos fá ghiota
dó, shlíocfadh siar cluas amháin d'a chuid
agus thógfadh an ceann eile i n-áirde agus
d'amharcochadh go róganta air agus annsin
d'imtheochadh de shean-rása chuig n-a mháthair.
Ach ba ghnáthach leis goillstean air go dtí an


L. 19


croidhe nuair a chluineadh sé na huain óga
ag méidhligh go truacanta i ndiaidh a scaithte
ó n-a máithreachaibh i ndeireadh an tSamhraidh
nó chuirfeadh sé é féin i gcomhnuidhe ag
smaointeadh ar a mháthair agus annsin
thuigfeadh sé buaidhreadh na n-uan.



ÁIRD A ÓIGE.



Ní rabh séasúr ar bith den bhliadhain nach
rabh rud eighinteacht ann a thaitneochadh le
Maicín. Nuair a bhéifidhe ag baint an
choirce 'san Fhoghmhar bhéadh scéal fada ar an
ghreann a bhéadh aige fhéin agus páistíbh eile
ag dhul i bhfolach ar a chéile faoi na stúcaibh.
Ins an gheimhreadh nuair a bhéadh an sioc agus
an sneachta amuigh agus an oidhche fhada ann,
agus craos de theinidh mhónadh ar an teallach
agus b'fhéidir cúpla smután ins an teinidh
agus thigeadh sean-daoiní 'un toighe ag áir-
neál, ba mhian croidhe Mhaicín é bheith ag
éisteacht leo ag innse sean-scéal i dtaoibh na
bhFiann nó ag éisteacht leo ag innse fá ghais-
gidheacha óga na hÉireann a shiubhail an
domhan chláir agus rinne éachtaí i ngach uile
thír d'a rabh siad ann. Ach líonfadh sé le bród
ionnas gur ann ach é go mbéadh a chliabhlach
beag i ndán a chroidhe a choinneáil nuair a
chluinfeadh sé caidé mar throid fear d'a
chineadh ar son an phápa, agus gur fear eile
d'a bhunadh tharraing anuas an brat deirean-
nach a bhí ag Sasain ar talamh státaí an
Oileáin Úir. Annsin thigeadh gruaim air nó
b'fhada leis a bhí na bliadhanta ag dhul thart
go mbéadh sé féin mór.


L. 20


MARGADH MALLUIGHTHE



I gcionn a naoi mbliadhain bhí Maicín mór
agus láidir d'a aois agus tugadh go margadh
na Bealtaine é ar an tSrath Bán le fastughadh
a dheánamh cosamhail le mórán eile gasúr
agus giorsach ón cheanntar i n-ar tógadh é.
'Sé sin an margadh malluighthe agus 'sé náire
an tsaoghail é go bhfuil a leithéid i n-
áiteachaibh i n-Éirinn go fóill. Tig fir 'n an
mhargaidh sin a bhfuil gasúr a dhith ortha fá
choinne buachailleachta nó cailín fá choinne
oibre toighe agus ceannuigheann siad gasúr nó
cailin nó an dá chuid do réir mar tá siad ag
foghnamh ortha go díreach mar cheannochadh siad
bó nó muc. Níl de dheifir ann ach nach g-
ceannuigheann siad an searbhantuidhe
ach ar feadh an ráithe nó na leithbhliadhna
agus nach dtig leo a dhíol airíst. Agus is
náireach an scéal é le hinnse go dtéid
daoiní annsin ag amharc agus ag magadh
ar na créatúraibh bochta sin atá fuar fait-
cheach agus cúlta agus ag fághail bháis de
chumhaidh i ndiaidh an baile a fhágail. Tá níos
mó 'na seort amháin sclábhaidheachta i n-
Éirinn go fóill.



Rinne fear as an Lagán Maicín a fhastu-
ghadh agus thug leis 'n an bhaile é an tráthnóna
sin ar charr i gcuideachta cailín a bhí fá
thuairim sé nó seacht déag 'e bhliadhna a
d'fhastuigh sé fósta an lá céadna fá choinne
oibre toighe. B' é chead uair do Mhaicín ar
charr é agus thaitin an mharcaidheacht go mór
leis, ach i n-a dhiaidh sin bhí sé gruamdha agus
uaigneach agus bhí an chumhaidh 'a bhualadh
cheana féin. Bhí sé féin agus an cailín i n-a
suidhe ar thaoibh amháin den charr agus a
maighistir ar an taoibh eile ach focal nó an


L. 21


chuid den fhocal char labhair sé le ceachtar
aca gur bhain siad amharc an toighe amach.
Ach níorbh é do Maicín agus an cailín é.
D'innis duine aca don duine eile a n-ainm
agus cia an áit ar tógadh iad agus do réir
sin. Gheall an cailín go mbéadh sí go maith do
Mhaicín agus gheall seisean go gceannochadh
sé milseáin duithe-se nuair a gheobhadh sé
a thuarastal fá Shamhain.



Le sin thainig siad ar amharc an toighe agus
ars an maighistir. "Sin mur gcomhnuidhe go
cionn leith-bhliadhna."



D'amharc Maicín go géar ar an toigh agus
ar gach rud a bhí fá dtaoibh de, ach ní fhaca
sé rud ar bith a bhí cosamhail leis an bhaile.
Teach mór fada cinn tuighe a bhí ann a
rabh cuma air nach dteachaidh aol leis ó
tógadh é.



Bhí na ballaí cumhdaighthe le caonach agus
cearca, géacha, lachain agus muca uile go
léir fríd a chéile ar an tsráid. Bhí siad
ag doras an toighe anois. Leim an
maighistir anuas ón charr; d'fág an beitheach
agus an carr ar an tsráid; chuaidh isteach
agus sheasuigh i lár an urláir. Isteach le
Maicín agus an cailín i n-a dhiaidh. Bhí bean
an toighe i n-a suidhe ar stól 'san chlúdaigh
agus í ag bogadh an chliabháin. Thog sí a
ceann ar theacht isteach dóbhtha. "Seo,"
ars an maighistir, " beirt a thug mé chugat,
agus ní'l fhios agam maith olc iad ach bhí
siad comh maith agus thiocfadh liom a fhághail
ar an airgead." "Cá hainm iad?" arsa
sise. D'innis an maighistir duithe nó fuair
sé a gcuid ainmneach ar an mhargadh. "Ní'l
droch-chosamhalacht ortha ar chor ar bith,"
arsa sise, "ach béidh fhios againn le h-am
ciaca tá siad maith nó olc."


L. 22


Amach leis an mhaighistir annsin leis an
bheitheach a scaoileadh. Shuidh Maicín go
cúlta ar stól bheag a bhí ag taoibh an dorais.
Labhair bean an toighe annsin airíst, agus
arsa sise leis an chailín. "Gheobhaidh tú
préataí 'san chuinneóig sin shíos, agus má
tá ocras oraibh ithigidh mur sáith."



Thug an cailín leithe mias agus chuaidh
go dtí an pota agus thóg cumhdach éadaigh
a bhí ar na préataibh leis an teas a choinn-
eáil ionnta; líon an mhias leobhtha agus
d'fhág an mhias ar an tábla bhí faoi an
fhuinneóig. Annsin chuaidh sí fhad leis
an dreisiúr; thug leithe dhá bhoul agus líon
leis an bhláthach as an chuinneóig iad agus
d'fhág an bainne ar an tábla fósta. Annsin
thainig Maicín go dtí an tábla agus mar bhí
an tábla go measardha árd, b'éigean dó
seasamh fhad agus bhí se ag ithe. Ach cia bith,
d'ith an bheirt a ndóchain nó bhí an t-ocras
ortha. Nuair a bhí siad réidh ag ithe thoisigh
an cailín agus réidhtigh sí an tábla agus
chuaidh Maicín arais go dtí an doras agus
shuid ar an stól.



"Anois," arsa bean an toighe, "is feárr
damh taisbeaint duit, a Mhaicín, cia an áit a
bhfuil do leabaidh nó is feárr dhuit dhul a
luighe. Thug sí Maicín leithe annsin go dtí
an sciobol agus thaisbean dó leabaidh bheag
annsin i mbocsa. "Sin do leabaidh," ar sa
sise, "agus caithfidh tú éirghe go luath ar
maidin." Níor dhubhairt sí ach sin agus
d'imthigh leithe.



Dhruid Maicín an doras.



Bhí fuinneóg amháin ar an sciobol agus
bhí neart solais ag teacht isteach go fóill.
Dhearc sé thart fá dtaoibh de ach ní rabh le


L. 23


feiceáil ach na ballaí fuara follamha, agus
cúpla ráca agus speal i bhí i n-áirde 'sna
taobháin. Ní rabh oiread agus cat ann le
cuideachta a choinneáil leis. Shuidh sé síos
ar thaoibh na leabtha. Smaointigh sé ar an
bhaile agus ar ghach aon dhuine a rabh aithne
aige ortha agus caidé comh maith agus bhí
siad dó. Smaointigh sé ar a mháthair agus
ar a crais a bhí fa n-a cum.



D'éirigh sé annsin agus chuartuigh thart go
bhfuair sé dhá ghiota de chipín, chuir crasach
ar a chéile iad agus cheangail le barr-iall
iad a bhí i n-a phóca. Chroch sé an chras bheag
sin os cionn a leabtha, chuaidh ar a dhá ghlúin
agus dubhairt a chuid urnaighe níos dúthrach-
taighe 'ná dubhairt sé ariamh iad. "Och! a
Mhuire, mháthair Dé, thug do Mhac leis mo
Mhamaí, agus níl máthair ar bith agam anois
ach cuidigh liom." D'éirigh sé annsin, bhain
de a cheirteach agus chuaidh a luighe.



Ach má chuaidh sé a luighe féin, bhí an
t-uaigneas a bhí thart fá dtaoibh de ag cur
uathbháis air. Ní rabh fhios aige caidé bhí
cearr leis agus do réir mar bhí sé ag éirghe
níos dorchaighe is amhlaidh is mó a bhí sé ag
éirghe uaigneach. Muna ndeánfadh ganndal
ach scread a leigint as amuigh ar an tsráid,
bhainfeadh sé léim as. Toisigh sé a chaoineadh
'san deireadh agus chaoin sé leis gur thuit
sé fá dheireadh i n-a chodladh, maol, marbh
tuirseach.



Shíl sé féin nach rabh ann ach go rabh sé
i n-a chodladh nuair a mhothuigh sé an greadadh
ar an doras ar maidin agus bean an toighe
ag scairtigh air. "Bí 'do shuidhe, a Mhaicín,
comh gasta is thig leat, tá an lá caithte."



D'éirigh Maicín comh gasta is thainig leis:
chuir air a cheirteach; chuaidh síos ar a ghlúnaibh


L. 24


os coinne na craise agus dubhairt a chuid
urnaighe. D'foscail sé an doras annsin
agus amach leis. Go díreach nuair a bhí sé
ag teacht amach ar an doras, bhí a mhaighist-
reas ag teacht fá n-a choinne airíst. Labhair
sí go híontach feargach leis.



"Caidé tá 'do choinneáil?"



"Thainig mé comh gasta agus thainig liom."



"Siubhail leat comh géar gasta agus thig
leat annseo" arsa sise.



Rinne Maicín deifre agus bhí sé comh
luath leithe ag an teach.



"Isteach leat annseo go gasta agus ól
seo" ar sise.



Isteach le Maicín agus thug sí boul
brachain fhuair agus bláthach dó. D'ol
Maicín é i n-a sheasamh taobh astuigh den
doras. Comh luath agus bhí sé réidh, "tabhair
leat an tubán bainne sin," arsa sise,
"agus tabhair don ghamhain é atá amuigh 'san
bhoitheach. Nuair a bhéas an bainne ólta aige
tóg an tubán uadh agus scaoil amach an dá
bhuin, cuir sios 'na páirce sin shíos iad agus
ná leig chomhair na bpréataí ná an choirce
iad ar a bhfaca tú ariamh. Sin do chuid oibre
ghach aon mhaidin agus éirigh comh luath agus
gheobhas tú scairt."



Thug Maicín leis tubán an bhainne chuig
an ghamhain agus ní thiocfadh leis ach an
boladh deas a bhí ón bhainne mhilis a bhí an
gamhain a fhághail a mhochtail, nó ní rabh dúil
ar bith aige féin i mbláthach. Ach i n-a dhiaidh
sin, thainig dúil aige 'san ghamhain nó shíl
sé gurbh é an gamhain ba deise é chonnaic sé
ariamh, bhí sé comh deas breac sin agus comh
slíocaidh sin.



Nuair a bhí an gamhain réidh leis an tubán,
thóg sé uadh é agus scaoil amach an dá bhuin


L. 25


mar a hiarradh air agus chuir síos'na páirce
iad. Ní rabh ach fá thuairim acra talaimh
'san pháirc agus bhí fá thuairim a leath sin
faoi churaidheacht agus gan claidhe ar bith
eadar an chuid sin agus an inghilt. Agus
ba sin obair Mhaicín na ba a choinneáil as
an treabhair.



FASTUGADH



Bhí lúthgháir ar Mhaicín fághail 'na páirce
leis an eallach, nó bhí eagla air roimh a
mhaighistreas agus fósta bhí ghach aon rud 'san
pháirc cosamhail leis an bhaile. Bhí an féar
glas go díreach mar bhí sé ins an bhaile; an
dath céadna ar na préataí agus ar an
choirce a bhíodh ortha 'san bhaile agus annsin
bhí na neoiníní agus na bataí cogaidh agus
eile ann.



I dtráthaibh an chinn dhéag o chlog hiarradh
air an t-eallach a chur isteach 'n an bhoithigh.
Rinne sé sin. Hiarradh air annsin theacht
isteach 'na cistinighe go bhfuighead sé a
chuid. Isteach leis annsin agus d'ith na
préataí agus d'ól an bainne bhí fá n-a
choinne ar an tábla. Nuair a bhí sé réidh le
n-a chuid, cuireadh ag nighe phréataí é bhí fá
choinne na muc agus bhí sé ag tarraingt
uisce agus d'a nighe i dtubán mhór agus d'a
dtógail amach as an tubán agus d'a gcur ar
bhascóid go rabh deireadh nighte aige. Nuair
a bhí deireadh nighte aige bhí sé i dtráthaibh an
dó o chlog. Annsin fuair sé arán coirce
agus bainne agus cuireadh amach leis na
buaibh airíst é, agus bhí sé dh'a mbuachailleacht
gur chuir sé isteach'n an bhoithigh iad ar an naoi
o chlog tráthnóna. B'éigin dó uisce a fhágail
'san teach annsin fá choinne na maidne.


L. 26


Nuair a bhí sin deánta aige fuair sé brachán
agus bláthach mar shuipéar. Annsin bhain sé
an sciobal amach agus a leabaidh bheag.



Ba sin a chuid oibre ghach aon lá agus ba sin
an seort bidh a gheibheadh sé, ach amháin corr
uair nuair a gheobhadh an cailín am air go
dtabhairfeadh sí ceapaire dó, go rabh an
foghmhar ann. B'ionann domhnach agur dálach
aige-sean ach go bhfuigheadh sé braon tae
ar maidin Dia Domhnaigh agus go bhfuigheadh
sé 'un Aifrinn darna ghach aon Dhomhnach.



Nuair a thoisigh an Foghmhar bhéadh sé ag
coinneáil na slaite roimh an speil i n-áit
a bheith ag nighe phréataí.



Níorbh obair ró-throm seo, ach d'fhulaing
Maicín beag aici. D'éirigh a chuid bróg
ró-bheag aige agus nuair a chuirfeadh sé air
iad, bhí siad d'a ghortughadh oiread agus go
gcuirfeadh siad dealán fríd a chroidhe.
Bhainfeadh sé de iad. Annsin bhí an chonnlach
ag baint na gcos de agus leis an rud a
dheánamh níos measa, lá amháin nuair a bhí
sé ag rith i ndiaidh an eallaigh, bhuail sé a
órdóg mhór i n-éadan cloiche agus bhain
léadhb mhór den chraiceann den órdóig.



Chuirfeadh sé truaighe ar do chroidhe é a
fheiceáil ag siubhal ar an chonnlaigh annsin:
ag siubhal ar thaoibh choise amháin, an áit a
rabh poll ar a bonn, agus ar sháil na coise
eile ag iarraidh a bheith ag sábhail na hórdóige.



Nuair a bhí an foghmhar bainte agus an
coirce i n-a chruachaibh ní rabh buachailleacht ar
bith aige le deánamh. Ní rabh aige ach an
t-eallach a chur amach ar maidin agus cead
siubhail a thabhairt dóbhtha. Ach b'éigin dó
a bheith ag toghadh phréataí ó mhaidin go hoidhche
ag béal na spáide. Bhí a dhruim beag
tuirseach crom, agus bhí a mhéara beaga


L. 27


gearrtha an áit ar bhuail an spád iad anois
agus airíst. Ach caidé an neart a bhí air.
Agus leis an rud a dheánamh níos measa
ní rabh aon dhuine le labhairt go caomhamhail
leis anois nó d'fhág an cailín a háit ag
deireadh an fhoghmhair de bhárr nach dtiocfadh
leithe drannadh leis an mhaigistreas níos
fuide.



BUAIDHREADH; UAIGNEAS;
PAIDIR.



An tráthnóna a bhí an cailín ag imtheacht
chuaidh sí fhad le Maicín agus d'innis dó
go rabh sí ag fágail na háite. B'fheárr
leithe gan a bheith aici le hinnse dó go rabh
sí ag imtheacht nó bhí fhios aici go mbéadh
sé uaigneach i n-a diaidh, ach bhí fhios aici
fósta go mbéadh sé dhá uair níos measa
dá n-imtheochadh sí gan fhios dó.



"A Mhaicín tá mise ag dhul a bhaint an
bhaile amach. Ní thig liom féin agus an
mhaighistreas theacht le chéile ar chor ar bith
agus níor mhaith liom imtheacht gan slán a
fhágail agat. Níl ort anois ach mí eile go
rabh tú fhéin ag dhul 'n an bhaile agus ní bhéidh
an mhí sin i bhfad ag dul thart. Ná bíodh
eagla ort, dheánfaidh tú fear maith go fóill.
Slán agus beannacht agat, a Mhaicín."



"Chomairghe an Riogh thú agus go gcuiridh
Dia an t-ádh ort."



Ní rabh Maicín ábalta níos mó a rádh.
Shuidh sé síos ar chloich, chrom a cheann agus
thoisigh a chaoineadh. Ach nár bheag an t-
íontas!



Ní bhéadh duine ar bith anois le ceapaire
a thabhairt dó. Ní bhéadh duine ar bith anois


L. 28


le uisce bog a thabhairt chuige le n-a chosa
agus a lámha 'nighe teacht na hoidhche, agus
an chuid ba mheasa den iomlán - agus bain-
eadh osna as a chroidhe bheag óg - ní bhéadh
duine ar bith le labhairt go cineálta leis
anois.



Níorbh fhada dó i n-a shuidhe ar an chloich
nuair a chuala sé a mhaighistreas ag scairtigh
leis bheith ar shiubhal a luighe comh gasta
agus thiocfadh leis. D'éirigh Maicín beag
agus bhain an sciobol amach agus thoisigh sé a
chaoineadh airíst.



Ach nár bheag íontas! Bhí a chosa nimhneach:
bhí a lámha nimhneach: bhí sé uaigneach agus
ní thiocfadh leis deánamh amach cad chuige
a rabh seisean fá phian gan duine, gan caraid,
gan cúram, gan socamhail, fágtha mar bhí sé.
Le sin shíl sé gur mhothuigh sé tormán ar a chúl.
D'amharc sé thart ach ní fhaca sé caidé rinne
an tormán ach thug sé fá ndeara an chras
a bhí ar an bhalla. Síos ar a dhá ghlúin leis
ar an bhomaite os coinne na craise agus
chuir a dhá láimh bheaga le chéile agus thóg
a aghaidh i n-áirde.



"A Dhia, a aon Mhic Muire, tá fhios agam
anois i ndiaidh amharc ar an chrais nár chóir
damh caoineadh má bhí pian féin orm, agus
uaigneas agus gan duine ar bith le labhairt
go cineálta liom. Tá fhios agam anois
nach bhfuil Tú ach mar mhaithe liom féin. Nó
do réir mar is mó a thiocfas pian agus
trioblóid agus leathtrom ormsa, tá fhios
agam gur amhlaidh is giorra mo sheal ar an
tsaoghal seo. Agus a Dhia, níl dúil ar
bith agam 'san tsaoghal seo, nó b'fhearr
liom i bhfad a bheith shuas Agatsa agus ag
mo Mhamaí. Agus ní labhairfidh mé ar


L. 29


phian, ar uaigneas ná ar bheith fágtha liom
féin.



Tá náire agus leisc agus buaidhreadh orm
anois, a Dhia, cionnus caoineadh, ach go bráth
airíst ní dheánfaidh mé é.



Amharc an mhéid a d'fhulaing Tusa i bhfaras
ar fhulaing mise. Bhí Tú 'san gharraidhe leat
féin ar an uaigneas agus gan duine ar bith le
labhairt Leat ar dhóigh ar bith, nuair a thainig
ualach mór na bpeacadh Ort a bhain allus
na fola as do Chorp, agus cad chuige a
mbéinnse ag cainnt ar uaigneas nó ar gan
duine ar bith a bheith agam le labhairt go
caomhamhail liom, nó ar mhasla.



Baineadh Díot Do cheirteach, ceangladh
don phiolóir Thu agus bhítheas ag dul Duit le
sciúrsaibh go dtí nach rabh aon bhall slán i
Do Chorp, agus go rabh an talamh dearg le
Do chuid fola, agus cad chuige a mbéinnse
ag cainnt ar pholl ar bhonn mo choise, nó
ar léadhb a bheith ó bhárr mo órdóige móire,
nó ar mo mhéaraibh a bheith gearrtha.



Cuireadh an choróin spíona ar Do chionn
agus greadadh isteach na deilg fhad agus
thiocfadh leo dhul, agus ní thainig a dhath
ariamh ar mo chionnsa.



B'éigin Duit an chras mhór throm a iomchar
suas go bárr cnuic: cras a bhí comh trom
sin gur ghearr sí Do ghualainn agus gur
thuit Tú trí huaire fuithe, agus ní rabh
fhiacha ormsa rud trom mar sin a iomchar
ariamh. Ach, a Dhia, nár mhillteanach an
rud a rinne siad Leat i ndiaidh sin uile go
léir a fhuilstin, agus an chras a thabhairt go
bárr an chnuic, nuair a chuir siad Thu i
bhfastughadh ar an chrais le tairgnibh, agus
annsin chuir an chras i n-a seasamh agus d'fhág
Thusa crochta uirthi go bhfuair Tú bás.


L. 30


A Dhia, dá mbéinnse 'mo fhear mhór agus
mé annsin an lá bhí siad dh'a dheánamh sin Leat
ní leigfinn dóbhtha, nó b'fhearr liom iad é a
dheánamh liom féin 'ná Leatsa. Ach, a Dhia,
rinne mé dearmad, ba hiad na peacaidh a
ba chionnta le n-ar fhulaing Tú. Agus, a
Dhia, a Dhia, go deo nó go bráth ní dheánfaidh
mise peacadh."



D'éirigh Maicín ó n-a ghlúnaibh, bhain de a
chuid éadaigh agus chuaidh a luighe. Bhí
íontas air an sólás a bhí i n-a chroidhe
anois agus ní rabh sé ábalta smaointeadh
caidé ba ádhbhar dó; ach comh fhad agus bhí
sé ag smaointeadh thuit sé i n-a chodladh.



'N AN BHAILE AIRÍST.



D'éirigh Maicín ar maidin lá ar n-a bhárach
agus chuaidh ar aghaidh le n-a chuid oibre mar
ba ghnáthach.



Ní luaithe d'éirigheadh sé anois ar maidin
'ná bhéadh sé ag cunntas cá mhéad lá bhí le
cur isteach aige agus cá mhéad lá bhí caithte
aige 'san áit. Chead uair nuair a thainig
sé 'na háite, níor mhaith leis na laethe a
chunntas ar chor ar bith, nó shíl sé go rabh an
t-am comh fada sin roimhe nach mbéadh sé
astuigh go bráth. Ach anois do réir mar
bhí sé ag teacht comhgarach do dheireadh a
ama, bhí sé ag coimhéad na gréine go géar
ar a bealach siar gach lá agus ba minic ba
fhada leis a bhí sí ag deánamh a turais.



Ach fá dheireadh thiar thall thainig an oidhche
dheireannach agus bhí a chead fhastughadh astuigh
ag Maicín. Bhí an chead leith-bhliadhain
caithte aige ar an Lagán.



Nuair a chuaidh Maicín 'n an scioboil an
oidhche sin agus chuaidh sé a luighe, bhí an oireadh
sin áthais air nach rabh sé ábalta codladh.


L. 31


Agus nuair a d'éirigh sé ar maidin, bhí an
oiread sin lúthgáire air nach rabh sé ábalta
a bhriocfasta a dheánamh. An lá roimh ré
cheannuigh a mhaighistir péire úr bróg dó
le n-a thabhairt 'n an bhaile agus choinnigh
an luach as a thuarastal.



Ach nár chuma le Maicín. Bhí na bróga
úra air anois agus ní rabh siad ceangailte
i gceart air nuair a rinne an maighistir
scairt isteach 'n an toighe air.



"Seo do thuarastal duit, a Mhaicín, an
deich agus punnta agus sé pighne. Chosain
na bróga an chuid eile de do thuarastal, an
ceathair agus sé pighne. Tabhair aire anois
agus ná caill an t-airgead."



"Ní chaillfidh," arsa Maicín, "agus go
rabh maith agat."



Ní rabh níos mó cainnte ar thaoibh ar bith
agus bhog Maicín leis ag tarraingt ar an
tSrath Bán.



Ní fada chuaidh sé gur bhuail sé suas le
gasraibh beaga agus giorsachaibh beaga go
leor i ndiaidh a bhfastughadh achur isteach agus
iad ag tarraingt ar an tSrath Bán agus
annsin 'n an bhaile cosamhail leis féin.
Is iomdha maidin le leith-bhliadhain a d'éirigh
siad agus iad tuirseach go leor, comh
tuirseach sin nach mbéadh ann ach é go
mbéadh siad i dán a gceirteach a chur ortha.



Ach ní rabh siad tuirseach an mhaidin seo.
Bhí siad ag gáiridhe, ag cainnt, ag rith, ag
léimnigh agus ag ithe brioscaí agus milseán.
Bhí a gcroidhe éadtrom ach caidé bhéadh air,
nach rabh siad ag baint an bhaile amach.
Fá dheireadh bhí siad ar an tSrath Bán.



Níor fhan Maicín i bhfad ar an aonach,
ach bhain an baile amach i gcuideachta gasúir
eile as an chomhursain a rabh eolas an
bhealaigh aige. Nuair a fuair Maicín an


L. 32


chead amharc ar an bhaile, chomhair a bheith gur
léim a chroidhe as a chliabh le neart a lúthgáire.
Chuir na sean-chlaidheacha, na clocha, na
dígeacha, na páirceanna agus na puill ar
ghnáthach leis clára a chur ag snámh ortha,
chuir na háiteacha uile go léir a rabh eolas
aige órtha aoibhneas ar a chroidhe, agus lá
ar n-a bhárach nuair a mhuscail sé i n-a
leabaidh bheag féin, bhí eagla air ar feadh
fada go leor nach rabh sé ach ag brionglóidigh
agus nach rabh sé 'san bhaile ar chor an bith.



AN DEIREADH GO CIONN
TAMAILL.



Chuaidh Maicín 'na scoile annsin ar feadh
an gheimridh. B'éigin dó dhul go bun an
ranga, ach sul a dtainig an t-Earrach, bhí
sé i n-a shean-áit féin ar toiseach.



Chaith Maicín na bliadhanta go rabh sé trí
bliadhna déag eadar an Lagán agus an
scoil, leith-bhliadhain ar an Lagán agus leith-
bhliadhain ar an scoil.



Is minic a d'fhás crann breágh ar thalamh
lom. Agus ba é do Maicín é. Indeoin
go bhfuair sé cruaidhtean, d'fhás sé aníos
i n-a ghasúr bhreágh, glan, díreach agus láidir.
Bhí sé ar thoiseach a ranga an lá a d'fhág sé
scoil, agus an lá sin, ní rabh aon ghasúr 'san
phobal d'a aois, nó dhá bhliadhain níos sine
'ná é nach dtiocfadh leis é a ghreadadh ag
seort ar bith lúth-ghaisgidheachta ba chuma
caidé an cleas é.



Ach maidin amháin d'fhág Maicín an baile
ach ní theachaidh sé 'na scoile an lá sin agus
níor phill sé 'n an bhaile ariamh níos mó, nó
ní rabh baile ar bith aige anois. Cuireadh


L. 33


a athair an lá roimh-ré 'san uaigh chéadna ar
cuireadh a mháthair innti, deich mbliadhna
roimh sin.



Chuir an maighistir agus na comhursana
cuartughadh air ach sin a rabh aca ar a shon.
Ní rabh Maicín le fághail ná scolb na scéala
i n-a thaoibh.



Is iomdha sean-bhean a shil deora i ndiaidh
Mhaicín agus is iomdha sean-fhear adubhairt
"go rabh slán dó. Ba bhreágh an t-ádhbhar
fir é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services