Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mí Nodlag, 1926
Title
Mí Nodlag, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN AGUS "AN SCUAB" PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 13. (An 3adh Srath). MÍ NODLAG, 1926. Dhá Phinginn a Fhiacha. MÓIRÍN. "An Seabhac" do scríobh. Cas-úrlaigh ár muinntir-ne agus Móirín a thugaid siad orm-sa. De mhuinntir Shúilleabháin sinn ach ní h-aithneóchadh aoinne sinn-ne fé'n ainm sin. Tá Súilleabhánaigh eile sa pharóiste, agus ní Cas-úrlaigh ach beagán aca, agus tá gaol againn-ne leis an mbeagán san. Dubhairt úncail dom athair liom gur duine éigin a tháinig romhainn go raibh úrla casta air an chéad duine de mhuinntir Shúilleabháin go dtugtaí "Cas-úrla" air, agus gur lean an ainm d'á shliocht. Do lean an t-úrla cas leis dinn — rud a thaithnigheann liom féin — go mór mór ó tháinig sé mar nós sa tsaoghal gan ghruaig fhada a bheith orainn. Bhíodh fearg orm féin, nuair a bhíos óg gan chiall, nuair a thugadh cailíní grána "Móirín Chas-úrla" orm, ach ó dh'fhásas chun tuigsiona — tá dhá bhliain déag anois agam, tá's agat — taithnigheann an leas- ainm go mór liom. Thug Nóra Thaidhg Óig "Móirín Chas-úrla" orm an lá fé dheire agus bhíos chun breith ar scoth cinn uirthe, ach ní mar gheall ar "Chas-úrla" do rádh liom é ach gur theas- tuigh uaithi masla a dhéanamh de. Dá dtugadh duine "aingeal" orainn le masla is dócha go mbeadh fearg orainn sa tslí chéadna. Ruidín grána is eadh Nóra ar aon tslí agus bhí olc aici an lá san chugam, toisc gur mise a cuireadh ag amhrán do'n sagart nuair a bhí sé sa scoil. Is maith leis an sagart sinn do chur ag amhrán féachaint a mbeadh aon chuid des na sean- amhráin againn ón mbaile. Bhí sé de rath orm féin go raibh "Óró sheanduine, leat-sa ní gheobhad-sa!" foghlumtha agam ó araer roimhis sin óm' mháthair chríona, agus do thaithnigh sé go h-iongantach leis an sagart agus bhí sé am' mholadh. Sin é a chuir an t-olc ar Nóra, mar cheap sí gur mhó le rádh go mór an t-amhrán a bhí aici féin a chuala sí ag inghin an bhanncaera ó'n Daingean. Ceann Béarla ab' eadh é mar gheall ar "Péil heans I loved," pé rud é. Nuair a chualaidh an sagart cad a bhí aici do chrom sé ar mhagadh fúithe, agus bhí Nóra 'á agairt sin orm-sa nuair a bhíomar ag teacht abhaile ó'n scoil. Nuair a bhíos ag magadh fúithe agus fé sna "Péil heans" d'éirigh mí-chéadfadh innti agus thug sí "Móirín Chas-úrla" orm. Níor labharamar le chéile go ceann trí lá. Níor tharraing Nóra an t-amhrán Béarla úd chuichi ó shin, áfach. Tá lán tighe againn-ne ann agus m'athair ós ár gcionn go léir, agus pé rud adeir sé sin bíonn sé 'na dhlí, mar cuireann sé cuma ana-údarásach air féin chun gach aoinne gainn-ne. Nuair a deir m'athair "dein é sin" ní bheitheá ar do shuaimhneas go mbeadh sé déanta agat mar bhraithfeá rud éigin, dar leat, ad' thiomáint, is ad' ghríosadh, agus ná leigfeadh duit faillighe thabhairt in órdú Dhaidí. Ach tugaim fé ndeara, áfach, nuair is maith leis go ndéanfadh Maimí rud nach í sin an chainnt a thairringeann sé chuige, ach "cad déarfá, a Mhaimí, len' a leithéid seo?" Agus ar ndóithir, molann Maimí an scéal leis. Tá maimí go h-ana-ghlic. Is minic a ghéilleann sí do chomhairle mo Dhaid agus bíonn fhios agam-sa go maith nach é sin is fearr ar fad a réidhteóchadh léi féin, ach is dócha go dtuigeann sí gur fearr dul tamall de'n bhóthar leis, d'fhonn é mhealladh ar a bóthar féin ar ball arís. Is dócha nuair a bheadh duine d'iarraidh fir a riar gur gádh bheith glic leo. Tugaim fé ndeara nuair a chuireann Maimí rud roimpi go ndeineann m'athair a toil, luath nó mall. Is tréan í Maimí cé gur bean bheag í, agus bíodh gurab é m'athair an rí, is í Maimí, go dearbh, an rialtas. Is sine ár máthair chríona ná aoinne 'gainn-ne agus táimíd ana-cheanúil uirthe agus ise orainn-ne ach ná fuil aon mheas aici ar an ndream atá ag eirighe suas anois adeir sí. Is é a rádh ná fuil aon mhaith anois in aoinne ach chun toitíní do chaitheamh agus fanúint sa leabaidh go h-eadartha buidhe agus bheith ag rith go dtí siopaí An Daingin chun gach aon tsaghas ní a cheannach. Cuireann sí náire orainn, uaireannta, leis an gcainnt a bhíonn aici ar an gcárdáil agus an sníomh agus an cniotáil agus an fhigheadóireacht, a bhíodh ar siubhal fadó nuair a bhí sí féin 'na cailín óg, agus ní foláir liom nó is fíor di, leis, é, mar tá comhra mhór shíos sa tseomra aici agus é lán de phíosaí lín-éadaigh — bairrlíntí breághtha agus éadaighe búird — do figheadh sa Daingean di, dá cuid lín féin, nuair a bhí sí chun mo Dhaid críona do phósadh. "Ní h-é an saghas so a bheireann na gligíní ban anois leo, nuair a phósann siad fear," ar sise. "Ní mór na balcaisí féin a bhíonn ar a gcnámha ach rudaí sciotacha gan foithin, go bhfeicfeá an domhan toir tríotha." Tá Mam chríona ana-dhian ar mhná na h-aimsire seo. "Liobóga gan chrích" a thugann sí orra "ná casfadh turn, is ná déanfadh coigeann is ná crúdhfadh bó ar fónamh." Agus bheir sí ar a cleith lá, chun Eibhlín seo 'gainn-ne a bhualadh nuair a chonnaic sí toitín 'na béal aici. "Beidh óinseach ag an té gheobhaidh tu," ar sise. 'Sí Eibhlín an drifiúr is sine atá agam agus tá sí sin mór fásta anois agus, má's é do thoil é! geáitsí mná óige aici. Labhrann sí chomh h-údarásach liom-sa agus a labhrann mo Mhaimí agus is minic nuair a bhíonn fearg uirthe go dtugann sí clabhta baise dhom. Thabharfadh sí an dá shúil amach as a ceann chun dul mar a mbeadh rinnce, agus aon áit a mbíonn ceann aca ar siubhal bíonn sí ag iarraidh dul ann. Bíonn sí féin agus mo mháthair go minic in earraid le na chéile mar gheall ar na rinncí céadna nuair ná tugtar cead di dul ar aon cheann aca, nó nuair ná tagann sí abhaile ó rinnce An Chrosaire Dia Domhnaigh chun na ba a chrúdh. Ba mhaith liom féin, leis, bheith mór mo dhóthain chun dul ar rinnce agus chun gúna síoda a chaitheamh fé mar bhíonn ar Eibhlín. Tá ceann gleóite aici a fuair sí óm' Aintín Síle in Holyoake — síoda gorm
agus rósanna bána air! Níor stad Dia liom féin an tráthnóna fé dheire gur chuireas orm é, i gan fhios di, agus bhí dhá scáthán socraithe agam chun bheith ag féachaint orm féin nuair a phreab sí isteach orm gan choinne. Tá mo dhá chluais ar lasadh ó shin ó'n stathadh a fuaireadar agus bhí sí chun mé ghearán le Maimí, ach go ndubhart-sa léi dá ndeineadh go 'neófainn gur éaluigh sí féin amach tríd an bhfuinneóig istoidhche Dé Sathairn chun dul ar an gCéilidhe i dtigh Thomáis Mhóir. "Má innseann tú é sin," ar sise, "bainfidh mé an croiceann díot!" "Éist-se i dtaobh do ghúna mar sin," arsa mise, agus dheineamar connradh le chéile ar na coingheallaibh sin, agus chuamar ar na bréithre cneasta le na chéile agus thug sí milseán dom. Tá beirt driféar eile agam — Máire agus Peig. Bíonn Peig ar scoil im' theannta féin, agus is óige í ná mise. Ní'l aon deallramh ag Peig liom-sa, go bhfóiridh Dia orm! Ní'l innti ach maitheas ó bhonn a coise go dtí an ghruaig a bhíonn go deas cíortha ar a ceann. Go deimhin féin bíonn náire orm-sa nuair a chuireann mo mháthair i gcomórtas le Peig mé aon uair a dheinim rud nach ceart — agus gur minic sin, slán mar a n-innstear é. "Ní dhéanfadh Peig é sin." "Cumá ná fuilir go deas slachtmhar ar nós Pheigí?" Bíonn Peigí thall agus Peigí abhus aici idtreo sa deire, dá mhéid cion atá agam ar Pheigí, go mb' fhearr liom i bhfad uaim í — in áit ná beadh sí 'na scáthán chun mo chuid locht a chur i n-iúl dom. Ach tá Peigí go h-an mhaith, agus bíonn mo chroidhe briste a d'iarraidh bheith mar í, ach briseann an toirmeasc amac ionam agus deinim an donas orm féin. Tá Máire imithe ó bhaile ar scoil éigin mar a mbíonn sí ag foghluim rudaí ná bíonn sa scoil againn-ne. Ó! dá bhfeictheá na gúnaí deasa a fuair sí agus í ag imeacht. Bhí dhá ghúna dubha aici agus ceann bán, agus bhí laimhní de chroiceann mionáin do bhronn an máistreás scoile uirthe, agus trí feidhre bróg agus bríste, má's é do thoil é, mar bheadh ar bhuachaill — i gcóir gleacaidh- eachta adubhairt na mná rialta nuair do scríobhadar. Ghoid Micí seo 'gainn-ne an bríste agus bhuail sé suas air féin é, agus b'éigean do Shíle rith na dhiaidh timcheall an gharrdha ag iarraidh breith air chun an bríste do bhaint de, ach bhí sé fánach aici bheith ag fiadhach Mhicí gur bh'fhonn leis féin teacht isteach, agus an bríste do thabhairt di. Tháinig cúpla litir ó Mháire ó imigh sí — i gan fhios do cuireadh amach iad — agus bhí sí ag gearán ar na mná rialta, go mbíonn siad ana — dhian ortha agus go mbíonn an saghas céadna feola trí h-uaire sa tseachtmhain aca agus ná bíonn cead aca cainnt sa chorradóir — pé saghas áite é sin. Gheibhimíd litreacha eile uaithi — ná tagann amach i gan fhios — agus deir sí gur gleoite na daoine na mná rialta. Deir mo mháthair chríona gur maith an scéal mná rialta a bheith ann chun smacht do chur ar thoicí, mar go bhfuil an saoghal imithe chun gliogair. Beidh Eibhlín ag teacht abhaile um Nodlaig agus is dócha go mbeidh scéalta móra aici. (Tuille le teacht). SIAMSA NA "SEAN." Muinntir bhreac-aosta Chonnartha na Gaedhilge na "Seana" so ar siubhal agam. Toisc gan aon oighrí óga 'na bhfarradh, nó aon ró-raidhse dhíobh ar aon chuma, is éigean dóibh fanúint i mbun oibre na teangan agus idir siamsaí agus eile mar do chleachtaidís breis agus fiche bliain ó shoin — iad do chleachtadh i gcomhnaidhe. Maidir leis na siamsaí, ní mó ná ar foghnamh éirigheann leo. Ní Tír na n-Óg í Éire ach oiread le h-aon tír eile, agus, i gcúrsaí rinnce agus ragairne sult, is fuiris fuiliú ar cheann chorrach Gaedheal chomh maith le ceann corrach aon chinidh eile. Ní cuimhin liom cia dubhairt, ach dubhairt duine éigin, gur litríocht daoine fásta litríocht na Gaedhilge, agus ná fuil mórán dí a oireann do'n aosóg. I n-a choinne sin, ní oireann cleasa lúith na nGaedheal do sheandaoine. Ní ró-mhaith oireann na rinncí Gaedhlacha féin dóibh, agus ní fheadar mé nach shin í cúis na rinncí Gallda a bheith ag cur fútha sa tír seo agus na rinncí dúchasacha ag dul ar ceal. Ar aon tslighe, "Seana" so na Gaedhilge a bhfuil a bhfur- mhór pósta agus clann aca, ní spóirt mar mhagadh dóibh é ríl ná port do rinnceadh, ná fiú "Fallaí Luimnighe" féin. Is fearr thiocfadh an Seass leo dá mbadh ná beadh de chúis chuige ach gur mar a chéile (do réir mar airighim) an rinnce sin agus bheith ag tiomáint "praim" romhat an bhóthar. Tá ceist an láithreáin rinnce ann leis, is dócha. Ní gach aon úrlár a sheasochadh céad éigin Gaedheal ar comh-chéim agus ar comh-léim luasctha anuas air, go mór mór nuair nach Gaedhil ró-óga iad ach iad tuitithe go maith chum truime mar na "Seana" so againne, Bail ó Dhia ortha. Agus, donas an scéil, is i n-áirde staighre is minicighe bhíonn rinncí anois. Ba dhóigh leat gur mar olc ar Ghaedhlibh é, agus chum go mbeadh leath-scéal ag lucht leigthe na láithreán gan na rinncí Gaedhlacha do cheadú ortha. Is é brigh mo cheachta nach misde sáir- iarracht a dhéanamh ar an ndream óg Gaedheal, an mhéid atá ann díobh, do mhealladh chum na siamsaí nGaedheal, fé mbeidh sé ró dhéannach againn. Má's deacair an tslat, nuair chríonann sí, do shníomh n-a gad, is deacra ná sin cosa nuair chríonaid do lúbadh ach amháin i rud mar an Seass. "Cloch Labhrais." "MIC MO ROGHA-SA!" ("Mick for me") "MIC Mc QUAID" is é is fearr ar domhan Isiad lucht a dheunta — P. Ó CEARBHAILL is a Chua (Teor) DÚNDEALGAN SEÁN Ó CONAILL Dealbhóir Gaedhlach, SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH Sgríobh ag triall air DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH "TANÓRA" Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar. Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH IS A CHUA. TTA., I gCORCAIGH, in a thaobh. D. T. Ó SÚILLEABHÁIN Reiceadóir Rothar agus Mótar Gunnaí agus Ceatrisí! 37 SRÁID CHÚC i gCORCAIGH
DOMHNAILLÍN DONAIDHE IS SIOBHÁINÍN GAN CHRÍCH. Bhí Siobháinín agus Dómhnaillín ann fadó. Bhíodh Siobháinín ag déanamh gnó an tighe agus bhíodh Dómhnaillín ag obair lasmuigh. Lá dá raibh Dómhnaillín ag obair ag féirmeóir do bhuail sparán leis ar an mbóthar ag teacht abhaile. Do sháidh sé béal na raimhne isteach sa sparán, do bhuail an ramhan ar a ghualainn arís agus thug an sparán abhaile go dtí Siobháinín. Fuair Siobháinín púnt sa sparán. D'imigh sí annsan is do cheannuigh sí leabhar leath- phingne do Dhomhnaillín agus do chuir sí ar scoil é lá ar na bháireach. An chéad lá eile do chuaidh Dómhnaillín ag obair d'fhiafruigh an feirmeóir de a' bhfuair sé aon sparán caillte. "Fuaireas," arsa Dómhnaillín. "Agus ca'il sé?" arsa an feirmeóir. "Airiú, thugas do Shiobháinín é." Tháinig an feirmeóir annsan go dtí Siobháinín ag lorg an sparáin. "Airiú, cadé an sparán?" arsa Siobháinín. "Nár thug Domhnaillín sparán duit-se a fuair sé caillte?" ars an feirmeóir. "Airiú, an breallán, nách sara ndeaghaidh sé riamh ar sgoil é sin?" "Seadh go díreach, mhuise," arsa Dómhnaillín. D'imigh an feirmeóir abhaile gan an sparán. Lá eile do chuaidh Domhnaillín ar an gcnoc ag baint chraobh agus dubhairt sé le Siobháinín císte bheith déanta aice nuair a thiocfadh sé. Bhí an plúr ar an mbórd ag Siobháinín nuair a chonnaic sí dubhán alla ar an maide snadhmtha. "Ní bheir-se annsan ag féachaint orm," ar sise, agus bheir sí ar an scuaib agus thug sí fé agus leag sí súth agus brúscar anuas sa phlúr. "Caithfead é chriathairt 's a cháthadh," arsa Siobháinín, agus siúd amach í leis an bplúr agus bhí sí 'á chriathairt is 'á cháthadh gur shéid an ghaoth an plúr go léir agus ní raibh aon chíste déanta roimh Dómhnaillín agus chaith sé dul a chodladh 'na throsgadh an oidhche sin. Mhairbh Dómhnaillín muc lá agus d'imigh sé ag baint beart aitinn don asal. Sarar imigh sé dubhairt sé le Siobháinín an mhuc do chur ar leasú. Do ghearraigh sí an mhuc 'na smutaibh beaga agus annsan do chuir sí smut den bhfeoil inaice gach plannda chabáiste dá raibh ag fás amuigh san gharrdha. Nuair a tháinig Dómhnaillín abhaile le n-a bheart aitinn agus nuair a chonnaic sé an íde a bhí imithe ar a' bhfeoil bhí lútar aotar aige. "Seadh," arsa Dómhnaillín, "ní fhanfad- sa a thuilleadh sa tigh seo — Imeóchaidh mé liom." "Má imigheann tú," arsa Siobháinín, "leanfad-sa thú." "Má leanann tú," arsa Dómhnaillín, "cuir amach an teine agus tairrig an chómhla id' dhiaidh." D'imigh Dómhnaillín agus do bhailigh Siobháinín an teine isteach na h-aprún. Ba dhóigh an teine an t-aprún go léir agus paiste mór d'á gúna. Annsan do bhain sí an chómhla d'á lúdrachaibh is do thairrig na diaidh í agus do lean sí Dómhnaillín. Do chuadar isteach i gcoill an oidhche sin. Do chuaidh Dómhnaillín i n-áirde ar chrann agus do lean Siobháinín suas é is do thairrig sí an chómhla na diaidh. I gcionn tamaill de'n oidhche tháinig scata bithiúnach go bun an chrainn. Do shuidheadar síos agus bhíodar ag cómhaireamh airgid. Pé útamáil nó ionfhairt a bhí ar Shiobháinín do thuit an chómhla anuas uaithe imeasg na mbithiúnach. Baineadh geit asta. Tháinig scannradh ortha agus theith- eadar. Do lean Siobháinín duine aca agus bhí siosúr na póca aice agus do ghearraigh sí an teanga amach as. Nuair d'fhill sí bhí Domhnaillín roimpe agus bhí corcán mór airgid ann d'fhág na bithiúnaigh na ndiaidh nuair a theitheadar. Thugadar leo abhaile an t-airgead agus do mhaireadar go lán- tsásta as san amach. Séamus Ó Dúbhda, Scoil na Muirbhighe. Daingean Uí Chúise. DUANAIREACHT DO LEANBHAÍ. BULLA, BULLA, BÁISÍN. Fonn: "Ring a ring of rosies." Bulla! Bulla! Báisín! Tá 'n bhó sa gháirdín, Síos libh! Síos libh! Síos libh go léir. (Éirighidh anois! Dírighidh! Déanfam arís é. "Bulla, bulla, agus rl." IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAT. Tá uimhir 22, 1926, d' "Irisleabhar Muighe Nuadhat" ar fagháil le tamall agus dar deimhin is mór an chreidiúint é do'n dream a chuir le chéile agus a chuir amach é. Tá 91 de leathnacha fé Ghaedhilg bhlasta agus fé phictiúirí slachtmhara ann agus gan air ach 1/6. Aistí nua-dhéanta is mó atá ann agus rian an mhachtnaimh agus an fhéith liteardha go soiléir le feic- sint ionnta. Ameasc na coda san tá iarracht leis an Dr. Pádraig Dé Brún ar chuid de'n Iliad i nGaedhilg. Is fír-dheacair an obair é sin a dhéanamh agus is dána an mhaise ar dhuine tabhairt fé. Níl staidéar fada go leór déanta againn ar an ealadhain seo an Dr. De Brún agus níor chóir dúinn labhairt 'á mholadh ná a cháineadh ach le h-eolas. Molaimíd do chách an "Iris" d'fhagháil ar son an píosa so féin. Tá "Cath Cúla Dremne" ann ar 'na chur i n-eagar do'n Athair Pól Breathnach as LS. agus cuid mhór eile de shleachta as láimhscríbhní leabharlainne Chol. Mhuighe Nuadhat. Is fiú an Iris seo do chur ar coimeád mar leabhar litríochta. Ag muinntir Gill, Sr. Ó Conaill atá sé ar díol. P. Ó CH. DO LEIGHEAS AN CHROICINN Faigh GIBSOL ÍCE GAEDHEALACH DO'N LÍNTIGHE Leigheas aon oidhche amháin do lámhaibh gearbacha Má tá gearba ar do lámhaibh nó iad garbh agus tinn, léighisfidh Gibsol i n-aon oidhche amháin iad. Cimil go maith dhíobh é ag dul a chodla dhuit ist oíche agus beidh na lámha i gceart lá 'n a dhiaidh san. Níl leigheas le fagháil do bhruasa, do mhéiscrí, do chroiceann briste, chómh mear agus chómh beag pian, le — Gibsol. Faigh bosca dhe indiu agus cimeád agat i gcóir an Gheimhridh. Leigheasann gach cimilt de. GIBSOL Leigheasann gach cimilt de. Le fagháil ó dhrugadóirí ar 1/3, nó saor leis an bpost ó GIBSOL, Tta, LÁNA CLIARA, BAILE ÁTHA CLIATH. DRÁMAÍ: An Béar 1/- Bean an Mhilliúnaí 1/- Fíoraon le Fiarán 1/- Fear an Sgéilín Grinn 1/- Cluiche Cártaí 1/- Heircileas 1/- An Bheidhlín Buadha 1/- Fé bhrígh na Mionn 1/- Ag Suirghe leis an mBaintrigh 1/- An Craipí Óg (Ceol Dráma Gairid) 3d. An Tobar Naomhtha 9d. Le fagháil ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH 87 Sráid Uach. na Driseóige, ÁTH CLIATH MÁ THEASTUIGHEANN UAIT LEABHAR GAEDHILGE DE SHAGHAS AR BITH Gheobhair annso é Deinimíd LEABHAIR an ATHAR PEADAR do chraobhscaoilte Sinne Muintir BRÚIN AGUS NUALLÁIN 2 Sráid an Chócaire, i gCORCAIGH LEABHARTHA leis "AN SEABHAC." SEANFHOCAIL NA MUIMHNEACH — Bailiú mór de sheanfhoclaibh, a fuarthas san Mumhain, mar aon le nótaí, míniú, tagarthaí, agus rl., 262 pp. + XII, fé chlúdach éadaigh — 3/6, ó Chomhlucht Oideachais na h-Éireann, Baile Átha Cliath agus Corcaigh. SEÁINÍN nó EACHTRA MIC MÍ-RIALTA — Scéal fada grinn. Cur amach speisialta i gcóir an tsluaigh — 1/3, ó Mháire Ní Raghallaigh, 87 Sráid Dorset, Baile Átha Cliath. JIMÍN MHÁIRE THAIDHG — Rí-scéal an tSeabhaic. Fé chlúdach láidir páipéir — 1/3; fé chlúdach clár agus éadaigh — 2/6, ó Chualacht Oideachais na h-Éireann agus ó Mháire Raghallaigh.
AN LÓCHRANN. agus "AN SCUAB." Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí — Bainisteoir "An Lóchrann," 27 Sráid Tucaí i gCorcaigh agus Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus scríbhneóireachta go dtí — Fear Eagair "An Lóchrann," 119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc Bleá Cliath. Oifig Bhainisteóra "An Lóchrann" i n-Áth Cliath — 122A Faithche San Stiofáin, Baile Átha Cliath. Scríobhtar chuige i dtaobh Cóibeanna, Fógraí, agus c., agus c. "An Lóchrann" saor tríd an bpost ar feadh Bliana… 3/6 "An Lóchrann" AGUS "AN SCUAB." Tá socrú déanta idir lucht "An Scuab" agus sinn féin go ndéanfam comh-oibriú le chéile feasta ar chur an pháipéir seo amach. Daoine a bhí ag gabháil de ghnó "An Scuab" agus ag cabhrú leis táid gabhtha isteach linn- ne agus is mór againn iad. Ag tagairt do dhaoinibh a chuir íocíocht roim ré go dtí "An Scuab" gheobhaid siad "An Lóchrann" feasta i n-a áit ar feadh pé méid aimsire gur ceart dóibh "An Scuab" d'fhagháil. Tosnochar leis an uimhir seo. Aon daoine go bhfuil airgead ag lucht "An Scuab" ortha cuiridís é go dtí an Bainisteóir a bhí ar an bpáipéar sin. Cuirtear síntiúsaí nua chugainn-ne. Tá roinn bheag de shrathanna iomlána de'n "Scuab" le díol agus má's áil le léightheóirí ar bith srath aca d'fhagháil scríobh- aidís go dtí An Bainisteoir, 122A Faithche Stiofáin, Baile Átha Cliath. Tá srathanna dá chóib déag de'n "Lóchrann" nua le díol againn saor tríd an bpost ar 3/- an srath. Scríobhtar go dtí: Bainisteóir "An Lóchrann" (Áth Cliath) 122A Faithche Stiofáin, Baile Átha Cliath. BÉAL-OIDEAS. Tháinig gasra daoine le chéile i mBleá Cliath lár na míosa so caithte chun cumann a chur ar bun gurab é a chuspóir Béal- Oideas na Gaedhilge do bhailiú, do scrúdú agus d'fhoillsiú. Is ró-mhithid an cumann san a chur ar bun. Is sinn an cine san Eoraip is faillíthighe i dtaobh Béal-Oideasa ar gcine agus tá a shliocht orainn, tá cuid mhór de imithe chun dearmaid agus chun báis — an Béal-Oideas ba líonmhaire agus ba shaidhbhre dá raibh ag aon chine ar dhruim an domhain. Ní maitheas bheith ag cásamh an bhotúin tubaistigh sin anois. Tá fómhar mór le déanamh fós ar Bhéal-Oideas Ghaedhealach agus tá go leor de ann chuige. Ár gcáirde Gaedheal i n-Albain — ní thug- adar san faillighe 'na mBéal-Oideas dúchais féin agus is slachtmhar mar atá mór-chuid de curtha ar fagháil agus i dtaisce aca. Taobh amuich de'n mhéid a dhein an "Craoibhín Aoibhinn" ní fiú a áireamh a bhfuil eile déanta ar son sean- oideasa ár gcine-ne. Tar éis "An Scéal- aidhe Gaedhealach," "Leabhar Scéalíochta," "Cois na Teine," "Amhráin Grádha" agus "Amhráin Diadha Chúige Chonnacht," "Amhráin an Reachtúraigh" agus "Séalaidhe Fíor na Seachtaine" d'áireamh níl eile le fagháil fé shlacht againn ach an chaol chuid. Tír ghrádh bréagach a bheith fé réim i nÉirinn fé ndeara ná fuil againn ach an méid sin le taisbeáint mar phromhadh gur cine sinn- ne go bhfuil cianta d'aois againn ar an saoghal ó ghlúin go glúin agus ó shinnsear go sinnsear siar go dtéightear thar radharc na staire i gceo doilbhthe tosaigh an domhain. Tá roinnt de'n tsean-oideas béil bailithe i bhfuirm scríbhinní agus nótaí ó thosnuigh gluaiseacht so na Gaedhilge le n-ár linn-ne. Is maith sin féin cé go ndearnadh urmhór an bhailiúcháin go neamh-chruinn, neamh- ealadhanta. Tá na páipéirí agus na leabhairíní láimh-scríobhtha scaipithe ar fuaid na tíre i seilbh bailitheóirí nó caithte ag dreodhadh i mboscaibh. Is é céad gnó a bhéas ar an gcumann nua eolas na neithe sin d'fhagháil agus iarracht a dhéanamh ar iad uile nó cóibeanna dhíobh a bhailiú i n-aon tseomra ionnus go bhféad- faí obair ealadhanta dhéanamh ortha. De bhreis ar sin tá neamhmeón fós de Bhéal- Oideas gan cur síos. Caithfear daoine ghríosadh chun na h-oibre sin a dhéanamh agus caithfidh an cumann nua aithne chur ar shean- chaithibh agus ar bhailitheóirí agus an dara dream sin a theagasc chun dul i mbun an bhailithe go h-eolasach agus go cliste. Tá a lán de lucht na Gaedhilge ar fuaid na tíre, dar linn, a bheidh fonnmhar chun cabhrú agus bheith páirteach leis an gCumann le Béal-Oideas. Is gádh an chabhair sin agus nuair a cuirfear scéala chúcha is maith an dóigh go dtuigfidh Gaedhil tábhacht an ghnótha agus go gcuirfear an obair ar a bonnaibh i dtreó go saorfar ón éag oighreacht sean-oideasa ár gcine. Fear "An Lóchrann." COMHALTAS CEÁRDOIDIS CHONNTAE CHORCAIGHE Beidh Scrúdú fé leith mí an Mheithimh seo chughainn 'na gcóir seo a fuair Árd-theastas an Chomhaltais. Scrúdú scríobhtha a bheidh ann agus litríocht; stair na litríochta, agus stair choitchianta na tíre a bheidh mar adhbhar scrúdtha. Tá gach eolas i dtaobh chláir, agus c., le fagháil ós na teagasgóirí Gaedhilge sa Chonntae. AN RÓIMH Uimhir a 4 1926 IRISLEABHAR GAEDHEAL Imtheachta na bliadna i gcathair na Róimhe, tuairisg a cáirde Gaedheal thall is a bhus AISTÍ, SGEULTA, FILÍOCHT Curtha amach do Ghasra na Róimhe de lucht an Fháinne ag MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH 87 Sr. Uach. na Driseóige ÁTH CLIATH IASC DO'N tSLÁINTE Chun an tsláinte a choimeád agus a bhuanú molaid na dochtúirí iasc d'ithe i n-ionad feola ar a laighead lá amháin sa tseachtain. Is taithneamhach agus is neamh-chostasúil an mhalairt ar bhiadh IASC ÚR ÓN bhFAIRRGE go mór mór nuair is féidir ionntaoibh a tabhairt go h-iomlán leis an iasc atá le fagháil ó MHAC CÁBA TAIRRISCINT SPEISIALTA DO DHAOINIBH FÁ'N dTUAITH IASC ÚR, LEIS AN bPOST, ULLAMH DO'N CHÓCAIRE 3/- agus 5/- an máilín. Postas íochta Innis 1. Ciaca saghas máilín atá uait 2. Ciaca chun beirbhithe nó chun friochta é 3. Cad é an lá is maith leat é d'fhagháil Cuirtear airgead leis an ordú Aire speisialta le fagháil ag órdaithe i mBleá Cliath MC. CABE'S LIMITED Díoltóir Éisc, Géim, Eanlaithe agus Leac-oidhre, 30-33 Margaí na Cathrach Theas, BAILE ÁTHA CLIATH TÁILLÍ FÓGRÍOCHTA. 1 órdlach, colún singil 5/- ¼ órdlach, colún singil 12/6 ½ órdlach, colún singil 22/6 Colún iomlán £2 Líne bun leathnaigh 5/-
AN CHORÓIN MHUIRE. II. Tá sé mar nós fé'n dtuaith i n-áit ná bíonn ach aon Aifreann amháin ar an nDomhnach go bhfanann duine de'n líntighe sa bhaile i mbun an tighe agus na h-áite. Is gnáthach nuair a bhíonn a leithéid ann gurab é an duine críona a fhanann sa bhaile. An duine fhanann is gnáthach leis an Choróin Mhuire a rádh leis féin tuairim aimsir an Aifrinn. Do fágadh duine aosta sa bhaile mar sin lá fad ó. Nuair d'imigh na daoine eile do thiomáin an seanduine na ba amach ar féar agus do bhí 'á n-aodhaireacht go dtáinig am Aifrinn. Nuair a cheap sé go raibh am an Aifrinn ann tháinig sé ar a dhá ghlúin agus do bhí ag rádh na Corónach. Ráinig áiltheóir buachalla ar an mbaile a fágadh istigh, dáltha an tseanduine, an Domhnach céadna. Chonnaic sé an scan- duine ag paidreóireacht agus cheap sé go mbeadh greas grinn aige air. Chuaidh sé i bhfolach agus ghlaoidh sé go h-airthinneach ar an seanduine agus dubhairt go raibh an bhó dhearg sa gharrdha prátaí. D'éirigh an duine bocht chomh tapaidh agus d'fhéad sé agus bhí díomdhá ana-mhór air mar cheap sé go raibh ana-dhamáiste déanta do'n gharrdha. Thug sé fé rith ach le n-a mhí-thapadh agus leis an deabhadh do baineadh leagadh nó dhó as. Nuair tháinig sé go dtí an garrdha ní raibh aon ní ann. Is dócha gur bhain an t-áiltheóir ana-ghreann as an scéal ach bhí an seanduine ana mhíoshásta toisc gur cuireadh amú ar an gCoróin é. Do bhí máighistir scoile san áit agus d'innis an seanduine dho cúrsa an lae. Dubhairt an máighistir nár cheart d'aoinne é chur amú ar an gCoróin. "Ach is cuma dhuit," ar seisean, "b'fhéidir go bhfaghaimís tuairisc an té dhein é agus má gheibhimíd tabharfad-sa sásamh duit sa chúrsa san." Do labhair an máighistir leis an sagart paróiste agus d'innis do an scéal agus dubhairt leis an sagart gan aon bhreithiún- tas aithrighe a chur ar an duine dhein é ach é chur chuige féin. Nuair a chuaidh an t-áiltheóir chun faoistine do chuir an sagart go dtí an máighistir scoile é. D'fhiafruigh an máighistir de'n áiltheóir arbh' é a chuir an seanduine amú ar an gCoróin. D'admhuigh sé gurbh é. Dubhairt an máighistir nár cheart do agus d'fhiafruigh de cad é an bhrí a bhí leis an gCoróin Mhuire. Dubhairt an buachaill ná feadair sé sin. "Cuirim-se de bhreithiúnachas áithrighe ort," ars an máighistir, "gan stad go dtéighir go dtí an Pápa chun go bhfaghair amach cad é an bhrí atá leis an gCoróin Mhuire." D'imigh an buachaill annsan agus gan aon bhuidheachas ar an máighistir aige agus d'innis a scéal do'n Phápa. D'fhiafhruigh an Pápa dhe cé chuir an cúram san air chuige féin. D'innis sé dho. "Abair leis an máighistir scoile sin," ars an Papa, "bheith chugham-sa annso maidin lae Nodlag agus an chéad Aifreann a léigheamh dom." Tháinig an buachaill abhaile agus gan aon bhuidheachas ar an máighistir scoile aige tar éis an chúrsa. Níor innis sé dho, mar olc air, cad dubhairt an Pápa go dtí tar éis suipéir Oidhche Nodlag. "Cad n-a thaobh nár innsis é sin fad ó dhom?" ar seisean. Chuaidh an máighistir scoile annsan agus fuair sé leabhar agus do shuidh ar chathaoir agus do léigh sé stair de. I gcionn tamaill do chualaidh sé an capall ag teacht amuich sa bhannrach go fuinniúil agus ag crothadh a srian is a diallaid. D'éirigh sé agus d'oscail an doras agus d'fhiafhruigh cad a bhí annsan. "Táim-se," ars an capall, "ag teacht ag triall ort-sa." "Cad leis go ritheann tú?" "Rithim le fáinnleóig," ars an capall, "Ní dhéanfá mo ghnó-sa," ars an máighistir. Tháinig sé isteach arís agus do léigh sé stair eile de'n leabhar agus do chualaidh sé arís an capall ag teacht sa bhannrach níos fuinniúla go mór ná an chéad cheann agus do chroth sí a srian agus a diallaid. "Cé tá annsan?" ars an máighistir. "Táim-se," ars an capall, "ag teacht ag triall ort-sa." "Cad leis a ritheann tú?" "Bheirim ar an ngaoith a bhíonn romham agus ní bheireann an ghaoth a bhíonn im' dhiaidh orm." "Ní dhéanfá mo ghnó," ars an máighistir. Tháinig sé isteach agus léigh sé stair eile. Ba ghearr go gcualaidh sé an capall ag teacht amuich agus do chroth sí a srian agus a diallaid. "Cad leis go ritheann tú?" "Rithim le h-intinn mhná," ars an capall. "B'fhéidir go ndéanfá mo ghnó," ars an mháighistir. Tháinig sé annsan agus fuair sé máilín agus do líon sé de ghainnimh thirm é agus dhein sé criathar poll 'na íochtar le snáthaid, do chuir téadán ar a bhéal agus do bhuail ar a dhrom é. Níl cur síos ar an siubhal a bhí fé'n gcapall. Bhí an ghainnimh aige 'á chailliúint i gcomhnaidhe agus ní raibh aon ghráinne dhi aige fé'n am gur bhaineadar an Pápa amach. Tháinig sé anuas de'n chapall annsan agus bhí an Pápa ullamh ar dhul ag léigheamh an Aifrinn roimis. D'fhiafhruigh an capall de cad a bheadh aige féin 'á dhéanamh faid a bheadh sé ag léigheamh an Aifrinn. Dubhairt sé leis imeacht agus an ghainnimh a chaill sé ag teacht a bheith bailithe aige sa mhála. Do rith an máighistir isteach agus do chuir an chulaith air agus do léigh sé an t-Aifreann.
Do bhí an t-Aifreann léighte aige nuair a tháinig an capall agus an ghainnimh bailithe aige ach do bhí sé déannach. Dubhairt an Pápa leis an máighistir gan a leithéid a dhéanamh go bráth arís — iad san mar chúrsaí fhágaint fé sna sagairt. Dob' é an t-áidhbhirseóir an capall a bhí aige agus sin é mar a chuir sé uaidh as an slí é an fhaid a bhí sé ag léigheamh an Aifrinn, mar dá bhfágadh sé díomhaoin é ní leigfeadh sé dho an t-Aifreann a léigheamh. Séamas Ó Conaill a scríobh síos é cúig bliana déag ó shin ó n-a Athair Seán Ó Conaill i gCill "Ríollaigh" i n-Uibh Ráthach. Is cosúil an scéal so romhainn leis an gceann fé'n teideal céadna a bhí sa "Lóchrann" mí ó shin. Ba mhaith linn fios d'fhagháil ó'n lucht léighte an gcual- adar féin aon scéal go raibh toirmeasc na Corónach Muire mar adhbhar ann. Insa scéal a bhí againn mí ó shin bhí an sagart ann "a bhaist a leanbh féin ar dtúis." Tá an chainnt sin 'na shean-rádh le fada sa Ghaedhilg. An mbaineann an chuid sin de leis an gcuid eile de'n scéal nó an amhlaidh atá dhá scéal ann meascaithe ar a chéile? Fagham fios uaibh, a léightheóirí. F. an L.
AN ROINN OIDEACHAIS OIDEACHAS NÁISIÚNTA. COLÁISTE ULLMHUCHÁIN LE h-AGHAIDH DALTAÍ bPROTASTÚNACHA. Fé mar a fógruigheadh cheana, táthar chun Choláistí Comhnuithe Ullmhúcháin do chur ar bun chun cúrsa feiliúnach Meán- Scoluíochta do sholáthar do bhuachaillí agus do chailíní óga gur mian leo iad féin d'ullmhú chun dul i gColáiste Oiliúna le bheith 'na mbun-oidí. Beidh gach Coláiste fé stiúrradh Árd-Easbuig nó Easbuig na Fairche 'na bhfuil an Coláiste Ceithre bliana is faid do chúrsa an Choláiste — dha bhliana fá choinne na Meán-Teistiméireachta, agus dhá bhliain fá choinne na h-Árd Teistiméireachta. Tabharfar teagasc ins na h-ábhair léighinn seo — (1) Gaedhilg; (2) Béarla; (3) Mata- matic; (4) Stair; (5) Tír-Eolas; (6) Tuaith-Eolaiocht; (7) Líniocht; (8) Ceól; (9) Tigheas (Cáilíní) nó Ceard- Oiliúnt (Buachaillí). Sí an Ghaedhilg a bheas mar ghnáth-theanga ins na Coláistí. Ar na Coláistibh seo beidh Coláiste i mBaile Átha Cliath i gcómhair daltaí bProtastúnacha, agus táthar ag bráth air go mbeidh sin ar siubhal ón Eanair seo chughainn. Tá sé ceapaithe gur Protastúnaigh a bheas mar lucht riartha agus ollamhantais ar an gColáiste seo. Táthar ag lorg iarrataisí ó Phrotastúnach- aibh i gcómhair ollamhnachta. Ag so síos an tuarastal atá ag dul le h-ollamhnacht — Fir — £240, agus biseach £10, cúig biseach £12, agus sé biseach £15, go sroisfear £400. Mná — £220, agus biseach £10, go sroisfear £300. Na daoine a ceapfar do na póstanna so gheobhaid freisin — ach amháin nuair a déantar socrú eile — ioctas agus cómhnuidhe mar aon leis an Tuarastal. Má ceaduightear do ollamh, nó má bhíonn de riachtanas air — (a) Ioctas agus cómhnuidhe d'fhagháil leasmuigh de'n Choláiste le linn cúrsa an Choláiste, tabharfar mar dheontas do £60 sa bhliain; agus (b) Cómhnuidhe agus cuid de'n ioctas d'fhagháil leasmuigh de'n Choláiste, le linn cúrsa an Choláiste, tabharfar mar dheon- tas do suas go dtí £40. Níl aon phinsiún ag gabháil leis na póstanna so. Caithfear na h-iarrataisí mar aon le ceithre cóibeanna de gach leitir mholta do sheoladh chuig an Rúnaidhe, Oifig an Bhun-Oideachais, Sráid Mhaoilbríghde, Baile Átha Cliath, roimh an 8adh lá de Mhí na Nodlag, 1926. Ní fuláir an t-eolas so a leanas do chur síos ar an bhfuirm iarratais — (a) An t-ábhar nó na h-ábhair léighinn ar an gClár is féidir leis an iarrathóir do mhúineadh tríd an nGaedhilg. (b) Cáiliocht an iarrathóra ins an ábhar nó ins na h-ábhair léighinn seo do mhúineadh tríd an nGaedhilg. Cuirfear fuirmeacha iarratais mar aon le gach eolus a bhaineas leis an bpost ag triall ar na daoine a bhfuil fútha bheith n-a n-iarrathóirí. Ní mór do sna h-iarrthóirí i bheith reidh chun teacht os cómhair Choisde Róghnathóireachta Toghfar na h-ollamhna ar ndul i gcómhairle do'n Roinn le Bainisteóir an Choláiste.
DÍCHEALL. Meitheal a bhí ag feirmeóir uair a baint phrátaí agus nuair a bhíodar go léir suidhte síos chun dinnéir um eadartha cé bhuailfeadh isteach chucha ach sagart an pharóiste. Bhí dhá fhear dheug éigin aca ann agus iad go léir san itheadh. Bhí duine aca in a shuidhe ag bun an bhúird agus a chasóg de, brollach a léine oscailte siar agus a mhuinthirtlí árdaithe suas aige. "Mhuise! a Thaidhg," ars an sagart, lem' dhuine ag bun an bhúird, "ní fhaca mé go dtí andiu tú agus do chasóg díot. Tá deallramh na h-oibre ort, anois ar aon chuma." Gháir gach aoinne aca mar thuigeadar cad do a bhí an sagart ag tagairt. "Bheil, an bhfuil a fhios agat, a Athair," arsa Tadhg, "ná fuil aoinne dhes na fearaibh seo 'sa meitheal andiu againn ná fuighinn-se coimeád suas leis ag romhar nó ag grafadh nó ag deunamh cruaiche lem' chasóig orm, ach dar bhrígh na scine seo im' láimh agam, a Athair (agus go maithe Dia dhom é rádh leo ach bhain tú asam é), ní fhuil aon Chríostuidhe dhíobh so ná buadhfadh glan orm san obair seo atá idir lámha anois againn gur faobhar a chur orm féin chuige. Sin é a chúis, a Athair, an deallramh neamh- choitchianta so a chíonn tú orm." D'fhág san maolchluasach go leo iad idir shagart agus fhearaibh. Tadhg Gaedhealach. DUAISEANNA. Aon chailín nó buachaill a chuirfidh go dtí Fear Eagair "An Lóchrann" aon bhailiú maith de'n tsean-aimsireacht a gheobhaid ó na seandaoine — seana-scéal, nó filíocht nó seanfhocail nó cainnteanna blasta, beidh leabhar maith slachtmhar le fagháil aici nó aige mar dhuais, agus cuirfeam an chuid is fearr de gach bailiú i gcló sa "Lóchrann." Tá leabhar mar dhuais 'á chur an mhí seo go dtí — 1. Séamas Ó Dubhda, Scoil Smeirbhic, Daingean Uí Chúise. 2. Sibéal Nic Chárthaigh, Clochar Loreto, Litircheannainn. do chuir sean-scéal fada chughainn a bhain- eann le n-a paróiste féin. Fuaireamair píosaí beaga deasa leis ó Eibhlín Ní Chaomháin agus Siobhán Ní Dhubhda ó Scoil an Chlochair sa Daingean. Tá súil agam go leanfaidh na daoine óga so de'n scríbhneóireacht. Do scríobh roinnt eile de dhaoine óga chughainn leis, ach iarrachtaí gearra a chuireadar uatha agus níl leabhair flúirseach go leor agam chun ceann an duine thabhairt dóibh. Tugaim fé ndeara go bhfuil slí mí-cheart ag cuid mhaith daoine chun sean-scéalta a chur síos. Ní h-í cainnt an scéalaidhe féin a bhíonn i n-ao' chor aca ach innsint ar an scéal as a gcuimhne féin. Sé thuiteann amach go ndearmhadaid an scéal nó cuid de agus gan aon amhras dearmhadaid cainnt fhuinniúil bhlasta an scéalaidhe agus cuirid a gcainnt féin na h-ionad. Ní fearrde an scéal ná an Ghaedhilg é agus ní mór gur fiú iarracht mar sin d'fhagháil i n-ao' chor. A Bhuachaillí agus a Chailíní, déinidh mar seo. Faigh bhúr sean-scéalaidhe, cuir ar bhúr n-aghaidh amach é 'na shuidhe go com- pórdach, faigh bhúr bpeann agus bhúr bpáip- éar agus ná cuir aon rud síos ar an bpáipéar san ach cainnt an tseanduine agus é ag innsint an scéil. Muna dtuigidh sibh cuid des na focail tugaidh iarracht ar iad a litriú do réir a nglóir. Scríobh síos ainm an scéalaidhe, a aos, agus ainm na h-áite 'na gcomhnuigheann sé agus bhúr n-ainm agus bhúr seoladh féin ag a bhun shíos agus annsan cuir an scríbhinn go dtí Fear "An Lóchrann." DUAISEANNA. De bharr féile trír de cháirde na Gaedhilge agus na h-Éireann is féidir linn a fhógairt dár gcuid léightheóirí go bhfuil duaiseanna speisialta le bronnadh againn gach mí ar na daoine a chuirfidh chugainn an chnuasacht is fearr de Bhéal- Oideas Ghaedhilge a scríobhadh síos ó bhéal
aithris. Trí duaiseanna atá le tabhairt againn: (a) Duais "Eithne Ní Chairbre" .i. Cóib de'n leabhar, "The Story of the Irish Race," le Séamas Mac Maghnuis (giní a luach). (b) Duais "Conchubhar Mac Neasa" .i. Órdú Puist ar 10/6. (c) Duais Caoimhghin De Barra .i. Cóib de "Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil" (dá leabhar) d'aistrigh Eoghan Ó Neachtain go Gaedhilg. Seo na Coinghealla a ghabhann leis na duaiseanna: (1) Gur Béal-Oideas Gaedhealach a bhéas san iarracht. (2) Gur ó aithris béil a scríobhfar é. (3) go gcuir- fear síos ainm, aois agus ionad comhnaithe an scéalaidhe nó na scéalaithe thug do'n scríbhneóir é. (4) Gur fiú an t-adhbhar a chur i gcló. (5) Go mbeidh cead againn- ne agus ag an gCumann le Béal-Oideas an iarracht nó aon chuid de a chur i gcló. An té a chuirfidh an iarracht is fearr chugainn fá thuairim duaise gheobhaidh sé a rogha de an trí duaiseanna so thuas. Gheobhaidh an dara duine a rogha de'n dá cheann eile. Fear an L.
AGAINN-NE GHEOBHAIR NA BRONNTAISÍ NODLAG IS DEISE agus IS FEARR DEALGANA TEAMHRACH agus SCUABA FUILT UAIREADÓIRÍ, agus rl. Buail isteach nó cuir 6/- chugainn agus cuirfimíd Dealg Órdha Teamhrach chughat (saor tríd an bpost) Catalóg iomlán le fagháil ach a iarraidh ÉAMONN MAC EÓIN TTA., SEÓDÓIRÍ, 94 SRÁID GRAFTON. BLEÁ CLIATH Cabhruigh le Déantúsaí na Tíre FOSGADÁIN UÍ RIAIN Ní féidir iad a shárú ar neart Ar buaine 'ná ar áilneacht I gCORCAIGH A DEINTEAR IAD Ceannuigh ceann díobh is ní bheidh a chathú ort Deintear iad, ath-chlúduightar iad agus deisightar iad SEOMRA NA RADHARC — An máilín taisce bhíonn ar a bais aici Is gach earradh nách deise deas 'ná é M. A. Ó RIAIN Tigh an Bata Droighin, CORCAIGH Guthán — 876 MUINTIR CHRÓINÍN Lucht Sochraidí agus Úinéirí Gluaisteán Cárracha Taistil aca OIFIGÍ AR PHORT UÍ SHÚILLEABHÁIN, i gCORCAIGH Mótarlann agus Carrlann ar Plás Fionnbara, Sr. an Mhidhigh, Port Uí Shúilleabháin agus Sráidín na Manach Guthán — 942
DÚN DO SHÚILE. (Suantraighe.) Gléas F. CURFÁ. Is dún do shúil', a rún mo chroidhe, a chuid de'n tsaol sa ghrádh liom, 's dún do shúil', a rún mo chroidhe, 's gheobhair féirín amáireach BHÉARSA I. Beidh do dhaid a' tigheacht gan mhoill ó'n gcnoc 's cearca fraoigh a láimh dheis. 'S codail go ciúin a laogh chuid, gheobhair féirín amáireach. I. Beidh do dhaid a' tigheacht gan mhoill ó'n gcnoc 'S cearca fraoigh 'na láimh dheis. 'S codail go ciúin a laogh 'sa chuid, 'S gheobhair féirín amáireach. Curfá. Is dún do shúil', a rún mo chroidhe, A chuid de'n tsaol 'sa ghrádh liom, 'S dún do shúil', a rún mo chroidhe, 'S gheobhair féirín amáireach. II. Tá an samhradh a' triall le grian 's teas 'S duilleabhar glas ar phrátaí. Tá'n ghaoth a' teacht go fial aindeas. 'S gheobhaimíd breac amáireach. Máire Nic an Airchinnigh, O.S., Cnoc na n-Éan, Mainistir na h-Ínse, do sholáthruigh (? a dheisigh). RÍGH AGUS DÍGH NA COILLE. Do bhí seanduine ann fadó agus do bhí beirt mhac aige. Do bhíodar na gcómhnuidhe le h-ais coille móire. Do bhíodh an sean- duine i gcomhnuidhe ag trácht ar Rígh agus dígh na Coille. Do bhíodh na fir óga an- fhiosrach a d'iarraidh fhagháil amach cérbh iad féin ach do theip ortha aon cheart a bhaint de'n tseanduine. Ní 'neósfadh sé dhóibh cérbh' iad féin. T'réis tamaill do buaileadh breóithe an seanduine. Oidhche áirithe agus é 'na luighe go buartha brónach ar a leabaidh do rith an mac ba shine isteach agus saothar air. "Ó 'athair," ar seisean, "do leigh Rígh na Coille a bheannacht chúghat." D'oscail an seanduine a shúile go h-obann agus d'fhéach sé 'na thimcheall. "An ndubhraís aon nídh liom?" ar seisean. "Do leigh Rígh na Coille a bheannacht chughat," ars an mac. "Ó Mhuise, cara mo chroidhe an cuileann caoin," ars an seanduine. Le n-a linn sin do rith an tarna mac isteach agus allus na bhraonacha ar a éadan. "Ó, a athair!" ar seisean, "do leigh Dígh na Coille a mhallacht chughat." "Ó mhuise," ars an seanduine, "greadadh 'gus cás ar an gcárthann mbréan." Do bhí fhios ag an mbeirt mhac as san amach cérbh' iad rígh agus dígh na coille. Fuaireas so ó Shíle Ní Luasaigh i nDrom an Ailtigh i mBéal Átha 'n Ghaorthaigh Séamas Ó Séaghdha. CAINNT NA n-ÉAN. (Sean-oideas Béil.) (ar leanmhaint.) Cainnt na bhFaoilean: Bhfuil… iasg… ann? Tá! Tá! Tá! Coinnigh cuid de dhom! Choinnigh cuid de dhom! Slí eile: (go tapaidh) Tá iasg ag-am! Tá iasg ag-am! Tá iasg ag-am! (go mall árd) Coinnigh é! Coinnigh é! Choinnigh é! An Chearc Fhranncach: (go lag bhrigheach) Bhfuil bean a' tighe 'stigh? Níl! Níl! Níl! Ohó! Hó! Hó! An Traodhnach: Meig! Meaig! Mil ar mheas, Lucht an arbhair Do mo mharbhadh, Fá'n ngráinne arbhair D'ith mé aréir. Fuaireas na cainnteanna so ó Mháire Ní Thuathail, Tuar Mhic Céidigh. Fíonán. CISTE NA GAELTACHTA. Liam Ó Domhnaill, £1, chun "An Lóchrann" a chur go dtí dhá scoil sa Ghaeltacht. FÉIRÍNÍ BUANA! Níl féirín Nodlag is fearr ná saghas éigin seoda. Tá togha na bhfáinní, na siogair- líní agus na rí-shlabhraí againn-ne, agus a luach go réasúnta UAIREADÓIRÍ (agus Fúnsaí) le h-aghaidh caol na láimhe. Tá inneal gach uaireadóra acu ar fheabhas. Ceann Airgid ar 30/- Ceann Óir ar £3, agus as san suas. Tar isteach go bhfeicir. GANTER BROTHERS Clogadóirí, Seodóirí agus Gaibhne Airgead 63 SRÁID THEAS SEÓIRSE, i mBAILE ÁTHA CLIATH Ar bun ó bhliain a 1856 BRONN SEODA an NODLAIG SEO FAIGH Ó MHUINTIR AODHGÁIN IAD Gaibhne Óir agus Airgead 31 agus 32 SR. PHÁDRAIG N. i gCORCAIGH De dhéantúisí SHEÁN TÓIBÍN iad so: TÍREÓLUIDHE AR ÉIRINN — Leabhar in a bhfuil Tíreólas, Tlachteólas, Luibheólas agus Stairshean- chus a bhaineann le h-Éirinn. Ar 5/- ó Chualucht Brún agus Nualáin, in Áth Cliath nó i gCorcaigh. Ó FÁILBHE MÓR — Dráma a rinn D. Ó Corcura; ar 1/- ó Chualucht Brún agus Ó Nualáin. URSA AN ANAMA — Leabhar paidreacha a bhfuil pictiúirí léirithe an Aifrinn ann. É oiriúnach mar bhronntanas do'n leanbh nó do'n duine fásta ná fuil ró-láidir sa' Ghaedhilg. 2/-. PAIDIR IS FICHE — Paidreacha beaga bhlasta ó'n nGaedhaltacht; ar 4d. agus ar 1/2. Mac Aodhgáin agus a Chl. Mhac a dhíolan na leabhair sin paidreacha, ag 32 Sráid Pádraig, i gCorcaigh.
BÉARLAGAR NA DLÍ. Tá an Dinntiúir Príntíseachta Atúrnae seo síos d'á chur i gcló againn mar shompla agus mar chabhair do dhaoinibh go mbeadh fonn ortha Cáipéisí Oifigiúla agus Fuirmeacha a bhaineann le Dlí a tharrang i nGaedhilg. Má's linn an tír d'ath-Ghaedhealú caithfear fuirmeacha mar seo a bheith i nGaedhilg. Tá na céadta saghas cáipéis ba cheart a bheith ar úsáid i nGaedhilg ameasc Gaedheal. Tá neamhthaithighe ag an nGaedhilg ar obair de'n tsaghas san a dhéanamh ach níl amhras dá dtugtaí fé go bhféadfaí an obair a dhéanamh go slachtmhar. Ba mhaith linn tuairim daoine atá eolasach ar dhlí nó ar Ghaedhilg d'fhagháil i dtaobh an Dinntiúra so thíos — i dtaobh aon loicht dlí nó cainnte atá ann, nó 'á chur i n-iúl go mbeadh cainnt eile níos slachtmhaire le cur ann. Fear "An Lóchrann." DO Bheir an Dinntiúir so do rinneadh an chéad lá de Mhí na Samhna Míle Naoi gCéad Sé agus Fiche IDIR Thadhg Ó Murchadha a chomhnuigheas ag 16 Sráid an Chnuic Baile na h-Abhann i gConndae Cheatharlach duine d'Atúrnaethibh na h-Árd-Chúirte Bhreitheamhnais i Saorstát Éireann de'n CHÉAD PHÁIRT agus Tomás Ó Súilleabháin a chomhnuigheas ag 28 Sráid an Droichid Áth Í i gConndae Chille Dara mac léighinn Mac Dhomhnaill Uí Shúilleabháin a chomhnuigheas ag 28 Sráid an Droichid réamhráite de'n DARA PÁIRT A FHIADHNAISE go ngabhann an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte air féin d'á shaorthoil é féin a thabhairt agus a cheangal 'na phríntíseach nó 'na chléireach do'n té Tomás Ó Murchadha atá luaidhte agus seirbhís a thabhairt do ó dháta an ní so agus ar feadh agus go dtí foircheann lán-téarma na gcúig mblian is túisce 'na dhiaidh sin d'á shlánú agus dhá chríochnú dho go h-iomlán AGUS do-ghní an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte connradh maille ris seo leis an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte nach ndiongnaidh an té Tomás Ó Súilleabháin aon uair ar feadh an téarma cúig mblian atá luaidhte ídiú scriosadh lot milleadh mí-bhainistighe bradaidheacht caitheamh ná díthiú ar aon chuid de leabhraibh de pháipéaraibh de stampaibh scríbhneóireachta nó de chuid eile an té Tadhg Ó Murchadha nó de chuid a sheiceadúirí a riarathóirí nó a eissighnithe nó de chuid aon d'á dhusaraibh nó d'a fhostóiribh a cuirfear fé n-a láimh nó a fágfar fé n-a chúram nó 'n-a sheilbh nó fé aire nó cúram nó i seilbh an té Tomás Ó Súilleabháin agus fairis sin go ndiongnaidh agus go mbeidh ar an té Tomás Ó Súilleabháin ón tráth go céile agus an uile thráth ar feadh an téarma cúig mblian atá luaidhte coimhéad ar rúnaibh an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte agus go ndiongnaidh umhla agus freastal go luath agus go so-thoilteannach ar a aitheantaibh dleaghthacha réasúnta agus nach bhfágfaidh agus nach mbeidh ar ceal ó sheirbhís ná fostadh an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte aon uair ar feadh an téarma atá luaidhte gan a chead sin d'iarraidh agus d'fhagháil roimhré ach go ndiongnaidh ón tráth go céile agus an uile thráth ar feadh an téarma cúig mblian atá luaidhte é féin d'iomchur le dícheall le macántacht le stuaim agus le measardhacht iomchuibhe AGUS do-ghní an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte maille ris seo thar a chionn agus ar a pháirt féin connradh agus chomhaontadh do agus leis an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte a sheiceadúiribh a riarathóiribh agus a eissighnithibh go dtiubhraidh an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte seirbhís go fírinneach macánta do'n té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte an uile thráth le linn agus ar feadh an téarma cúig mblian atá luaidhte mar is dleacht do chléireach dílis a dhéanamh ins an uile ní san mbith féibh mar atá curtha síos annso romhainn AS A LOS SIN do-ghní an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte ar a shon féin agus ar son a sheiceadúirí agus a riarathóirí connradh agus chomhaontadh do agus leis an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte maille ris seo féibh mar leanas is é sin le rádh go nglacfaidh agus go dtógfaidh an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte i n-a phríntíseach nó i na chléireach chuige agus go ndiongnaidh sé maille ris na modhaibh agus na meodhnaibh is fearr fhéadas agus go h-iomláine a oilteachta agus a eolais é do mhúineadh agus do theagasc nó múineadh agus teagasc do sholáthar don té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte i gcleachtadh nó i ngairm Atúrnae agus fairis sin go ndiongnaidh agus go mbeidh air a dhéanamh ar gcríochnú an téarma atá luaidhte an saotharú agus an dícheall is fearr i n-a chumas ar iarraidh ar chostas agus ar fhiachaibh an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte chun a thabhairt chun críche agus a sholáthar don té Tomás Ó Súilleabháin é leigean isteach i n-a Atúrnae de'n Árd-Chúirt Bhreitheamhnais i Saorstát Éireann ar choinghill go mbeidh seirbhís dílis tugtha ag an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte i n-a phríntíseacht nó i n-a chléireacht MAR FHIADHNAISE air sin atá a lámha agus a séaltaí d'á gcur ag na daoinibh réamhráite leis seo ar an ló agus an bhliain is túisce atá scríobhtha annso romhainn. Ar n-a shíghniú a shéaladh agus a sheachadadh do'n Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte im' láthair-se .i. Ar n-a shíghniú a shéaladh agus a sheachadadh do'n Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte im' láthair-se .i. CHÓMH BLASTA LE h-AON-ÍM! MARGAIRÍN "LEANDAR" TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL Ó MATHÚNA agus a gCualacht Bí 'a lorg ar lucht siopa, led' thoil. SNASÁIN "SCIENCE" "GILE NA GILE" SNASÁIN AGUS SMEARA Do'n BHRÓIG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN SNASÁIN GAN LOCHT NÁ GLAC ACH "SCIENCE" PUNCH IS A CHUAL. I gCORCAIGH a dheineann
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services