Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mí Nodlag, 1926

Title
Mí Nodlag, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
AGUS "AN SCUAB"



PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 13. (An 3adh Srath). MÍ NODLAG, 1926. Dhá Phinginn a Fhiacha.



MÓIRÍN.



"An Seabhac" do scríobh.



Cas-úrlaigh ár muinntir-ne agus Móirín
a thugaid siad orm-sa. De mhuinntir
Shúilleabháin sinn ach ní h-aithneóchadh aoinne
sinn-ne fé'n ainm sin. Tá Súilleabhánaigh
eile sa pharóiste, agus ní Cas-úrlaigh ach
beagán aca, agus tá gaol againn-ne leis
an mbeagán san. Dubhairt úncail dom
athair liom gur duine éigin a tháinig
romhainn go raibh úrla casta air an chéad
duine de mhuinntir Shúilleabháin go dtugtaí
"Cas-úrla" air, agus gur lean an ainm
d'á shliocht. Do lean an t-úrla cas leis
dinn — rud a thaithnigheann liom féin — go
mór mór ó tháinig sé mar nós sa tsaoghal
gan ghruaig fhada a bheith orainn.



Bhíodh fearg orm féin, nuair a bhíos óg
gan chiall, nuair a thugadh cailíní grána
"Móirín Chas-úrla" orm, ach ó dh'fhásas
chun tuigsiona — tá dhá bhliain déag anois
agam, tá's agat — taithnigheann an leas-
ainm go mór liom.



Thug Nóra Thaidhg Óig "Móirín Chas-úrla"
orm an lá fé dheire agus bhíos chun breith
ar scoth cinn uirthe, ach ní mar gheall ar
"Chas-úrla" do rádh liom é ach gur theas-
tuigh uaithi masla a dhéanamh de. Dá
dtugadh duine "aingeal" orainn le masla
is dócha go mbeadh fearg orainn sa tslí
chéadna. Ruidín grána is eadh Nóra ar
aon tslí agus bhí olc aici an lá san chugam,
toisc gur mise a cuireadh ag amhrán do'n
sagart nuair a bhí sé sa scoil. Is maith
leis an sagart sinn do chur ag amhrán
féachaint a mbeadh aon chuid des na sean-
amhráin againn ón mbaile. Bhí sé de rath
orm féin go raibh "Óró sheanduine, leat-sa
ní gheobhad-sa!" foghlumtha agam ó araer
roimhis sin óm' mháthair chríona, agus do
thaithnigh sé go h-iongantach leis an sagart
agus bhí sé am' mholadh. Sin é a chuir an
t-olc ar Nóra, mar cheap sí gur mhó le rádh
go mór an t-amhrán a bhí aici féin a chuala
sí ag inghin an bhanncaera ó'n Daingean.
Ceann Béarla ab' eadh é mar gheall ar
"Péil heans I loved," pé rud é. Nuair a
chualaidh an sagart cad a bhí aici do chrom sé
ar mhagadh fúithe, agus bhí Nóra 'á agairt sin
orm-sa nuair a bhíomar ag teacht abhaile ó'n
scoil. Nuair a bhíos ag magadh fúithe agus
fé sna "Péil heans" d'éirigh mí-chéadfadh
innti agus thug sí "Móirín Chas-úrla" orm.
Níor labharamar le chéile go ceann trí lá.
Níor tharraing Nóra an t-amhrán Béarla
úd chuichi ó shin, áfach.



Tá lán tighe againn-ne ann agus m'athair
ós ár gcionn go léir, agus pé rud adeir
sé sin bíonn sé 'na dhlí, mar cuireann sé
cuma ana-údarásach air féin chun gach
aoinne gainn-ne. Nuair a deir m'athair
"dein é sin" ní bheitheá ar do shuaimhneas
go mbeadh sé déanta agat mar bhraithfeá
rud éigin, dar leat, ad' thiomáint, is ad'
ghríosadh, agus ná leigfeadh duit faillighe
thabhairt in órdú Dhaidí. Ach tugaim fé
ndeara, áfach, nuair is maith leis go
ndéanfadh Maimí rud nach í sin an chainnt
a thairringeann sé chuige, ach "cad déarfá,
a Mhaimí, len' a leithéid seo?" Agus ar
ndóithir, molann Maimí an scéal leis.
Tá maimí go h-ana-ghlic. Is minic a
ghéilleann sí do chomhairle mo Dhaid agus
bíonn fhios agam-sa go maith nach é sin is
fearr ar fad a réidhteóchadh léi féin, ach is
dócha go dtuigeann sí gur fearr dul
tamall de'n bhóthar leis, d'fhonn é mhealladh
ar a bóthar féin ar ball arís. Is dócha
nuair a bheadh duine d'iarraidh fir a riar
gur gádh bheith glic leo. Tugaim fé ndeara
nuair a chuireann Maimí rud roimpi go
ndeineann m'athair a toil, luath nó mall.
Is tréan í Maimí cé gur bean bheag í,
agus bíodh gurab é m'athair an rí, is í
Maimí, go dearbh, an rialtas.



Is sine ár máthair chríona ná aoinne
'gainn-ne agus táimíd ana-cheanúil uirthe
agus ise orainn-ne ach ná fuil aon mheas
aici ar an ndream atá ag eirighe suas
anois adeir sí. Is é a rádh ná fuil aon
mhaith anois in aoinne ach chun toitíní do
chaitheamh agus fanúint sa leabaidh go
h-eadartha buidhe agus bheith ag rith go dtí
siopaí An Daingin chun gach aon tsaghas ní
a cheannach. Cuireann sí náire orainn,
uaireannta, leis an gcainnt a bhíonn aici
ar an gcárdáil agus an sníomh agus an
cniotáil agus an fhigheadóireacht, a bhíodh ar
siubhal fadó nuair a bhí sí féin 'na cailín
óg, agus ní foláir liom nó is fíor di, leis,
é, mar tá comhra mhór shíos sa tseomra
aici agus é lán de phíosaí lín-éadaigh —
bairrlíntí breághtha agus éadaighe búird —
do figheadh sa Daingean di, dá cuid lín
féin, nuair a bhí sí chun mo Dhaid críona do
phósadh. "Ní h-é an saghas so a bheireann
na gligíní ban anois leo, nuair a phósann
siad fear," ar sise. "Ní mór na balcaisí
féin a bhíonn ar a gcnámha ach rudaí sciotacha
gan foithin, go bhfeicfeá an domhan toir
tríotha." Tá Mam chríona ana-dhian ar
mhná na h-aimsire seo. "Liobóga gan
chrích" a thugann sí orra "ná casfadh turn,
is ná déanfadh coigeann is ná crúdhfadh bó
ar fónamh." Agus bheir sí ar a cleith lá,
chun Eibhlín seo 'gainn-ne a bhualadh nuair
a chonnaic sí toitín 'na béal aici. "Beidh
óinseach ag an té gheobhaidh tu," ar sise.
'Sí Eibhlín an drifiúr is sine atá agam agus
tá sí sin mór fásta anois agus, má's é do
thoil é! geáitsí mná óige aici. Labhrann
sí chomh h-údarásach liom-sa agus a labhrann
mo Mhaimí agus is minic nuair a bhíonn
fearg uirthe go dtugann sí clabhta baise
dhom. Thabharfadh sí an dá shúil amach as a
ceann chun dul mar a mbeadh rinnce, agus
aon áit a mbíonn ceann aca ar siubhal bíonn
sí ag iarraidh dul ann. Bíonn sí féin agus
mo mháthair go minic in earraid le na chéile
mar gheall ar na rinncí céadna nuair ná
tugtar cead di dul ar aon cheann aca, nó
nuair ná tagann sí abhaile ó rinnce An
Chrosaire Dia Domhnaigh chun na ba a chrúdh.
Ba mhaith liom féin, leis, bheith mór mo
dhóthain chun dul ar rinnce agus chun gúna
síoda a chaitheamh fé mar bhíonn ar Eibhlín.
Tá ceann gleóite aici a fuair sí óm'
Aintín Síle in Holyoake — síoda gorm


L. 98


agus rósanna bána air! Níor stad Dia
liom féin an tráthnóna fé dheire gur
chuireas orm é, i gan fhios di, agus bhí dhá
scáthán socraithe agam chun bheith ag féachaint
orm féin nuair a phreab sí isteach orm gan
choinne. Tá mo dhá chluais ar lasadh ó shin
ó'n stathadh a fuaireadar agus bhí sí chun mé
ghearán le Maimí, ach go ndubhart-sa léi
dá ndeineadh go 'neófainn gur éaluigh sí
féin amach tríd an bhfuinneóig istoidhche Dé
Sathairn chun dul ar an gCéilidhe i dtigh
Thomáis Mhóir. "Má innseann tú é sin," ar
sise, "bainfidh mé an croiceann díot!"
"Éist-se i dtaobh do ghúna mar sin," arsa
mise, agus dheineamar connradh le chéile
ar na coingheallaibh sin, agus chuamar ar
na bréithre cneasta le na chéile agus thug
sí milseán dom.



Tá beirt driféar eile agam — Máire
agus Peig. Bíonn Peig ar scoil im'
theannta féin, agus is óige í ná mise. Ní'l
aon deallramh ag Peig liom-sa, go bhfóiridh
Dia orm! Ní'l innti ach maitheas ó bhonn a
coise go dtí an ghruaig a bhíonn go deas
cíortha ar a ceann. Go deimhin féin bíonn
náire orm-sa nuair a chuireann mo mháthair
i gcomórtas le Peig mé aon uair a dheinim
rud nach ceart — agus gur minic sin, slán
mar a n-innstear é. "Ní dhéanfadh Peig é
sin." "Cumá ná fuilir go deas slachtmhar
ar nós Pheigí?" Bíonn Peigí thall agus
Peigí abhus aici idtreo sa deire, dá mhéid
cion atá agam ar Pheigí, go mb' fhearr liom
i bhfad uaim í — in áit ná beadh sí 'na scáthán
chun mo chuid locht a chur i n-iúl dom.



Ach tá Peigí go h-an mhaith, agus bíonn
mo chroidhe briste a d'iarraidh bheith mar í,
ach briseann an toirmeasc amac ionam
agus deinim an donas orm féin.



Tá Máire imithe ó bhaile ar scoil éigin
mar a mbíonn sí ag foghluim rudaí ná
bíonn sa scoil againn-ne. Ó! dá bhfeictheá
na gúnaí deasa a fuair sí agus í ag imeacht.
Bhí dhá ghúna dubha aici agus ceann bán, agus
bhí laimhní de chroiceann mionáin do bhronn
an máistreás scoile uirthe, agus trí feidhre
bróg agus bríste, má's é do thoil é,
mar bheadh ar bhuachaill — i gcóir gleacaidh-
eachta adubhairt na mná rialta nuair do
scríobhadar.



Ghoid Micí seo 'gainn-ne an bríste agus
bhuail sé suas air féin é, agus b'éigean do
Shíle rith na dhiaidh timcheall an gharrdha ag
iarraidh breith air chun an bríste do bhaint
de, ach bhí sé fánach aici bheith ag fiadhach
Mhicí gur bh'fhonn leis féin teacht isteach,
agus an bríste do thabhairt di.



Tháinig cúpla litir ó Mháire ó imigh sí —
i gan fhios do cuireadh amach iad — agus bhí
sí ag gearán ar na mná rialta, go mbíonn
siad ana — dhian ortha agus go mbíonn
an saghas céadna feola trí h-uaire sa
tseachtmhain aca agus ná bíonn cead aca
cainnt sa chorradóir — pé saghas áite é sin.
Gheibhimíd litreacha eile uaithi — ná tagann
amach i gan fhios — agus deir sí gur gleoite
na daoine na mná rialta. Deir mo mháthair
chríona gur maith an scéal mná rialta a
bheith ann chun smacht do chur ar thoicí, mar
go bhfuil an saoghal imithe chun gliogair.
Beidh Eibhlín ag teacht abhaile um Nodlaig
agus is dócha go mbeidh scéalta móra aici.



(Tuille le teacht).



SIAMSA NA "SEAN."



Muinntir bhreac-aosta Chonnartha na
Gaedhilge na "Seana" so ar siubhal agam.
Toisc gan aon oighrí óga 'na bhfarradh, nó
aon ró-raidhse dhíobh ar aon chuma, is éigean
dóibh fanúint i mbun oibre na teangan agus
idir siamsaí agus eile mar do chleachtaidís
breis agus fiche bliain ó shoin — iad do
chleachtadh i gcomhnaidhe. Maidir leis na
siamsaí, ní mó ná ar foghnamh éirigheann
leo. Ní Tír na n-Óg í Éire ach oiread
le h-aon tír eile, agus, i gcúrsaí rinnce
agus ragairne sult, is fuiris fuiliú ar
cheann chorrach Gaedheal chomh maith le ceann
corrach aon chinidh eile.



Ní cuimhin liom cia dubhairt, ach dubhairt
duine éigin, gur litríocht daoine fásta
litríocht na Gaedhilge, agus ná fuil mórán
dí a oireann do'n aosóg. I n-a choinne
sin, ní oireann cleasa lúith na nGaedheal
do sheandaoine. Ní ró-mhaith oireann na
rinncí Gaedhlacha féin dóibh, agus ní fheadar
mé nach shin í cúis na rinncí Gallda a bheith
ag cur fútha sa tír seo agus na rinncí
dúchasacha ag dul ar ceal. Ar aon tslighe,
"Seana" so na Gaedhilge a bhfuil a bhfur-
mhór pósta agus clann aca, ní spóirt mar
mhagadh dóibh é ríl ná port do rinnceadh, ná
fiú "Fallaí Luimnighe" féin. Is fearr
thiocfadh an Seass leo dá mbadh ná beadh
de chúis chuige ach gur mar a chéile (do réir
mar airighim) an rinnce sin agus bheith ag
tiomáint "praim" romhat an bhóthar.



Tá ceist an láithreáin rinnce ann leis,
is dócha. Ní gach aon úrlár a sheasochadh
céad éigin Gaedheal ar comh-chéim agus ar
comh-léim luasctha anuas air, go mór mór
nuair nach Gaedhil ró-óga iad ach iad tuitithe
go maith chum truime mar na "Seana" so
againne, Bail ó Dhia ortha. Agus, donas
an scéil, is i n-áirde staighre is minicighe
bhíonn rinncí anois. Ba dhóigh leat gur
mar olc ar Ghaedhlibh é, agus chum go mbeadh
leath-scéal ag lucht leigthe na láithreán
gan na rinncí Gaedhlacha do cheadú ortha.



Is é brigh mo cheachta nach misde sáir-
iarracht a dhéanamh ar an ndream óg
Gaedheal, an mhéid atá ann díobh, do
mhealladh chum na siamsaí nGaedheal, fé
mbeidh sé ró dhéannach againn. Má's
deacair an tslat, nuair chríonann sí, do
shníomh n-a gad, is deacra ná sin cosa
nuair chríonaid do lúbadh ach amháin i rud
mar an Seass.



"Cloch Labhrais."



"MIC MO ROGHA-SA!"



("Mick for me")



"MIC Mc QUAID"



is é is fearr ar domhan



Isiad lucht a dheunta —



P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)



DÚNDEALGAN



SEÁN Ó CONAILL



Dealbhóir Gaedhlach,



SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH



Sgríobh ag triall air



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH



"TANÓRA"



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar.



Scríobh chuig



SEÁN Ó DÁLAIGH
IS A CHUA. TTA.,



I gCORCAIGH,



in a thaobh.



D. T. Ó SÚILLEABHÁIN



Reiceadóir Rothar agus Mótar



Gunnaí agus Ceatrisí!



37 SRÁID CHÚC i gCORCAIGH


L. 99


DOMHNAILLÍN DONAIDHE IS
SIOBHÁINÍN GAN CHRÍCH.



Bhí Siobháinín agus Dómhnaillín ann fadó.
Bhíodh Siobháinín ag déanamh gnó an tighe
agus bhíodh Dómhnaillín ag obair lasmuigh.



Lá dá raibh Dómhnaillín ag obair ag
féirmeóir do bhuail sparán leis ar an
mbóthar ag teacht abhaile. Do sháidh sé
béal na raimhne isteach sa sparán, do
bhuail an ramhan ar a ghualainn arís agus
thug an sparán abhaile go dtí Siobháinín.
Fuair Siobháinín púnt sa sparán. D'imigh
sí annsan is do cheannuigh sí leabhar leath-
phingne do Dhomhnaillín agus do chuir sí ar
scoil é lá ar na bháireach.



An chéad lá eile do chuaidh Dómhnaillín
ag obair d'fhiafruigh an feirmeóir de a'
bhfuair sé aon sparán caillte.



"Fuaireas," arsa Dómhnaillín.



"Agus ca'il sé?" arsa an feirmeóir.



"Airiú, thugas do Shiobháinín é."



Tháinig an feirmeóir annsan go dtí
Siobháinín ag lorg an sparáin.



"Airiú, cadé an sparán?" arsa
Siobháinín.



"Nár thug Domhnaillín sparán duit-se
a fuair sé caillte?" ars an feirmeóir.



"Airiú, an breallán, nách sara ndeaghaidh
sé riamh ar sgoil é sin?"



"Seadh go díreach, mhuise," arsa
Dómhnaillín.



D'imigh an feirmeóir abhaile gan an
sparán.



Lá eile do chuaidh Domhnaillín ar an
gcnoc ag baint chraobh agus dubhairt sé le
Siobháinín císte bheith déanta aice nuair a
thiocfadh sé. Bhí an plúr ar an mbórd ag
Siobháinín nuair a chonnaic sí dubhán alla ar
an maide snadhmtha. "Ní bheir-se annsan
ag féachaint orm," ar sise, agus bheir sí ar
an scuaib agus thug sí fé agus leag sí súth
agus brúscar anuas sa phlúr. "Caithfead
é chriathairt 's a cháthadh," arsa Siobháinín,
agus siúd amach í leis an bplúr agus bhí sí
'á chriathairt is 'á cháthadh gur shéid an ghaoth
an plúr go léir agus ní raibh aon chíste
déanta roimh Dómhnaillín agus chaith sé dul
a chodladh 'na throsgadh an oidhche sin.



Mhairbh Dómhnaillín muc lá agus d'imigh
sé ag baint beart aitinn don asal. Sarar
imigh sé dubhairt sé le Siobháinín an mhuc
do chur ar leasú. Do ghearraigh sí an mhuc
'na smutaibh beaga agus annsan do chuir sí
smut den bhfeoil inaice gach plannda
chabáiste dá raibh ag fás amuigh san gharrdha.



Nuair a tháinig Dómhnaillín abhaile le n-a
bheart aitinn agus nuair a chonnaic sé an
íde a bhí imithe ar a' bhfeoil bhí lútar
aotar aige.



"Seadh," arsa Dómhnaillín, "ní fhanfad-
sa a thuilleadh sa tigh seo — Imeóchaidh mé
liom."



"Má imigheann tú," arsa Siobháinín,
"leanfad-sa thú."



"Má leanann tú," arsa Dómhnaillín,
"cuir amach an teine agus tairrig an
chómhla id' dhiaidh."



D'imigh Dómhnaillín agus do bhailigh
Siobháinín an teine isteach na h-aprún.



Ba dhóigh an teine an t-aprún go léir
agus paiste mór d'á gúna. Annsan do
bhain sí an chómhla d'á lúdrachaibh is do
thairrig na diaidh í agus do lean sí
Dómhnaillín. Do chuadar isteach i gcoill
an oidhche sin. Do chuaidh Dómhnaillín i
n-áirde ar chrann agus do lean Siobháinín
suas é is do thairrig sí an chómhla na diaidh.



I gcionn tamaill de'n oidhche tháinig
scata bithiúnach go bun an chrainn. Do
shuidheadar síos agus bhíodar ag cómhaireamh
airgid. Pé útamáil nó ionfhairt a bhí ar
Shiobháinín do thuit an chómhla anuas uaithe
imeasg na mbithiúnach. Baineadh geit
asta. Tháinig scannradh ortha agus theith-
eadar. Do lean Siobháinín duine aca agus
bhí siosúr na póca aice agus do ghearraigh
sí an teanga amach as. Nuair d'fhill sí bhí
Domhnaillín roimpe agus bhí corcán mór
airgid ann d'fhág na bithiúnaigh na ndiaidh
nuair a theitheadar. Thugadar leo abhaile
an t-airgead agus do mhaireadar go lán-
tsásta as san amach.



Séamus Ó Dúbhda,
Scoil na Muirbhighe.
Daingean Uí Chúise.



DUANAIREACHT DO LEANBHAÍ.



BULLA, BULLA, BÁISÍN.



Fonn: "Ring a ring of rosies."



Bulla! Bulla! Báisín!
Tá 'n bhó sa gháirdín,
Síos libh!
Síos libh!
Síos libh go léir.
(Éirighidh anois! Dírighidh!
Déanfam arís é. "Bulla, bulla, agus rl."



IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAT.



Tá uimhir 22, 1926, d' "Irisleabhar Muighe Nuadhat"
ar fagháil le tamall agus dar deimhin is mór an
chreidiúint é do'n dream a chuir le chéile agus a chuir
amach é. Tá 91 de leathnacha fé Ghaedhilg bhlasta agus
fé phictiúirí slachtmhara ann agus gan air ach 1/6.



Aistí nua-dhéanta is mó atá ann agus rian an
mhachtnaimh agus an fhéith liteardha go soiléir le feic-
sint ionnta. Ameasc na coda san tá iarracht leis
an Dr. Pádraig Dé Brún ar chuid de'n Iliad i
nGaedhilg. Is fír-dheacair an obair é sin a dhéanamh
agus is dána an mhaise ar dhuine tabhairt fé. Níl
staidéar fada go leór déanta againn ar an
ealadhain seo an Dr. De Brún agus níor chóir dúinn
labhairt 'á mholadh ná a cháineadh ach le h-eolas.
Molaimíd do chách an "Iris" d'fhagháil ar son an
píosa so féin. Tá "Cath Cúla Dremne" ann ar
'na chur i n-eagar do'n Athair Pól Breathnach as LS.
agus cuid mhór eile de shleachta as láimhscríbhní
leabharlainne Chol. Mhuighe Nuadhat. Is fiú an Iris
seo do chur ar coimeád mar leabhar litríochta. Ag
muinntir Gill, Sr. Ó Conaill atá sé ar díol.



P. Ó CH.



DO LEIGHEAS AN CHROICINN



Faigh GIBSOL
ÍCE GAEDHEALACH DO'N LÍNTIGHE



Leigheas aon oidhche amháin do lámhaibh gearbacha



Má tá gearba ar do lámhaibh nó iad garbh agus
tinn, léighisfidh Gibsol i n-aon oidhche amháin iad.
Cimil go maith dhíobh é ag dul a chodla dhuit
ist oíche agus beidh na lámha i gceart lá 'n a
dhiaidh san.



Níl leigheas le fagháil do bhruasa, do mhéiscrí,
do chroiceann briste, chómh mear agus chómh beag
pian, le — Gibsol. Faigh bosca dhe indiu agus
cimeád agat i gcóir an Gheimhridh.



Leigheasann
gach
cimilt de.



GIBSOL



Leigheasann
gach
cimilt de.



Le fagháil ó dhrugadóirí ar 1/3, nó saor leis
an bpost ó GIBSOL, Tta, LÁNA CLIARA, BAILE
ÁTHA CLIATH.



DRÁMAÍ:



An Béar 1/-



Bean an Mhilliúnaí 1/-



Fíoraon le Fiarán 1/-



Fear an Sgéilín Grinn 1/-



Cluiche Cártaí 1/-



Heircileas 1/-



An Bheidhlín Buadha 1/-



Fé bhrígh na Mionn 1/-



Ag Suirghe leis an mBaintrigh 1/-



An Craipí Óg (Ceol Dráma Gairid) 3d.



An Tobar Naomhtha 9d.



Le fagháil ó



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH



87 Sráid Uach. na Driseóige,
ÁTH CLIATH



MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH



Gheobhair annso é



Deinimíd



LEABHAIR an ATHAR PEADAR



do chraobhscaoilte



Sinne Muintir



BRÚIN AGUS NUALLÁIN
2 Sráid an Chócaire,
i gCORCAIGH



LEABHARTHA leis "AN SEABHAC."



SEANFHOCAIL NA MUIMHNEACH — Bailiú mór de
sheanfhoclaibh, a fuarthas san Mumhain, mar aon le
nótaí, míniú, tagarthaí, agus rl., 262 pp. + XII,
fé chlúdach éadaigh — 3/6, ó Chomhlucht Oideachais na
h-Éireann, Baile Átha Cliath agus Corcaigh.



SEÁINÍN nó EACHTRA MIC MÍ-RIALTA — Scéal
fada grinn. Cur amach speisialta i gcóir an
tsluaigh — 1/3, ó Mháire Ní Raghallaigh, 87 Sráid
Dorset, Baile Átha Cliath.



JIMÍN MHÁIRE THAIDHG — Rí-scéal an tSeabhaic.
Fé chlúdach láidir páipéir — 1/3; fé chlúdach clár
agus éadaigh — 2/6, ó Chualacht Oideachais na
h-Éireann agus ó Mháire Raghallaigh.


L. 100


AN LÓCHRANN.
agus "AN SCUAB."



Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —



Bainisteoir "An Lóchrann,"
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh
agus
Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —



Fear Eagair "An Lóchrann,"
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.



Oifig Bhainisteóra "An Lóchrann" i n-Áth Cliath —
122A Faithche San Stiofáin,
Baile Átha Cliath.



Scríobhtar chuige i dtaobh Cóibeanna, Fógraí, agus c., agus c.



"An Lóchrann" saor tríd an bpost ar feadh
Bliana… 3/6



"An Lóchrann" AGUS "AN SCUAB."



Tá socrú déanta idir lucht "An Scuab"
agus sinn féin go ndéanfam comh-oibriú le
chéile feasta ar chur an pháipéir seo amach.
Daoine a bhí ag gabháil de ghnó "An Scuab"
agus ag cabhrú leis táid gabhtha isteach linn-
ne agus is mór againn iad. Ag tagairt
do dhaoinibh a chuir íocíocht roim ré go dtí
"An Scuab" gheobhaid siad "An Lóchrann"
feasta i n-a áit ar feadh pé méid aimsire
gur ceart dóibh "An Scuab" d'fhagháil.
Tosnochar leis an uimhir seo. Aon daoine
go bhfuil airgead ag lucht "An Scuab"
ortha cuiridís é go dtí an Bainisteóir a bhí
ar an bpáipéar sin. Cuirtear síntiúsaí
nua chugainn-ne.



Tá roinn bheag de shrathanna iomlána
de'n "Scuab" le díol agus má's áil le
léightheóirí ar bith srath aca d'fhagháil scríobh-
aidís go dtí An Bainisteoir, 122A Faithche
Stiofáin, Baile Átha Cliath.



Tá srathanna dá chóib déag de'n "Lóchrann"
nua le díol againn saor tríd an bpost ar
3/- an srath. Scríobhtar go dtí:



Bainisteóir "An Lóchrann" (Áth Cliath)
122A Faithche Stiofáin,
Baile Átha Cliath.



BÉAL-OIDEAS.



Tháinig gasra daoine le chéile i mBleá
Cliath lár na míosa so caithte chun cumann
a chur ar bun gurab é a chuspóir Béal-
Oideas na Gaedhilge do bhailiú, do scrúdú
agus d'fhoillsiú. Is ró-mhithid an cumann
san a chur ar bun. Is sinn an cine san
Eoraip is faillíthighe i dtaobh Béal-Oideasa
ar gcine agus tá a shliocht orainn, tá cuid
mhór de imithe chun dearmaid agus chun
báis — an Béal-Oideas ba líonmhaire agus
ba shaidhbhre dá raibh ag aon chine ar dhruim
an domhain. Ní maitheas bheith ag cásamh an
bhotúin tubaistigh sin anois. Tá fómhar
mór le déanamh fós ar Bhéal-Oideas
Ghaedhealach agus tá go leor de ann chuige.
Ár gcáirde Gaedheal i n-Albain — ní thug-
adar san faillighe 'na mBéal-Oideas
dúchais féin agus is slachtmhar mar atá
mór-chuid de curtha ar fagháil agus i
dtaisce aca. Taobh amuich de'n mhéid a
dhein an "Craoibhín Aoibhinn" ní fiú a
áireamh a bhfuil eile déanta ar son sean-
oideasa ár gcine-ne. Tar éis "An Scéal-
aidhe Gaedhealach," "Leabhar Scéalíochta,"
"Cois na Teine," "Amhráin Grádha" agus
"Amhráin Diadha Chúige Chonnacht," "Amhráin
an Reachtúraigh" agus "Séalaidhe Fíor na
Seachtaine" d'áireamh níl eile le fagháil fé
shlacht againn ach an chaol chuid. Tír ghrádh
bréagach a bheith fé réim i nÉirinn fé
ndeara ná fuil againn ach an méid sin
le taisbeáint mar phromhadh gur cine sinn-
ne go bhfuil cianta d'aois againn ar an
saoghal ó ghlúin go glúin agus ó shinnsear
go sinnsear siar go dtéightear thar radharc
na staire i gceo doilbhthe tosaigh an domhain.



Tá roinnt de'n tsean-oideas béil bailithe
i bhfuirm scríbhinní agus nótaí ó thosnuigh
gluaiseacht so na Gaedhilge le n-ár linn-ne.
Is maith sin féin cé go ndearnadh urmhór
an bhailiúcháin go neamh-chruinn, neamh-
ealadhanta. Tá na páipéirí agus na
leabhairíní láimh-scríobhtha scaipithe ar
fuaid na tíre i seilbh bailitheóirí nó
caithte ag dreodhadh i mboscaibh. Is é
céad gnó a bhéas ar an gcumann nua
eolas na neithe sin d'fhagháil agus iarracht
a dhéanamh ar iad uile nó cóibeanna dhíobh
a bhailiú i n-aon tseomra ionnus go bhféad-
faí obair ealadhanta dhéanamh ortha. De
bhreis ar sin tá neamhmeón fós de Bhéal-
Oideas gan cur síos. Caithfear daoine
ghríosadh chun na h-oibre sin a dhéanamh agus
caithfidh an cumann nua aithne chur ar shean-
chaithibh agus ar bhailitheóirí agus an dara
dream sin a theagasc chun dul i mbun an
bhailithe go h-eolasach agus go cliste.



Tá a lán de lucht na Gaedhilge ar fuaid
na tíre, dar linn, a bheidh fonnmhar chun
cabhrú agus bheith páirteach leis an gCumann
le Béal-Oideas. Is gádh an chabhair sin
agus nuair a cuirfear scéala chúcha is maith
an dóigh go dtuigfidh Gaedhil tábhacht an
ghnótha agus go gcuirfear an obair ar a
bonnaibh i dtreó go saorfar ón éag
oighreacht sean-oideasa ár gcine.



Fear "An Lóchrann."



COMHALTAS CEÁRDOIDIS
CHONNTAE CHORCAIGHE



Beidh Scrúdú fé leith mí an
Mheithimh seo chughainn 'na gcóir seo
a fuair Árd-theastas an Chomhaltais.
Scrúdú scríobhtha a bheidh ann agus
litríocht; stair na litríochta, agus
stair choitchianta na tíre a bheidh
mar adhbhar scrúdtha. Tá gach eolas
i dtaobh chláir, agus c., le fagháil ós na
teagasgóirí Gaedhilge sa Chonntae.



AN RÓIMH



Uimhir a 4 1926



IRISLEABHAR GAEDHEAL



Imtheachta na bliadna i gcathair
na Róimhe, tuairisg a cáirde
Gaedheal thall is a bhus



AISTÍ, SGEULTA, FILÍOCHT



Curtha amach do Ghasra na Róimhe
de lucht an Fháinne
ag
MÁIRE NÍ RAGHALLAIGH
87 Sr. Uach. na Driseóige
ÁTH CLIATH



IASC DO'N tSLÁINTE



Chun an tsláinte a choimeád agus a bhuanú molaid
na dochtúirí iasc d'ithe i n-ionad feola ar a laighead
lá amháin sa tseachtain. Is taithneamhach agus is
neamh-chostasúil an mhalairt ar bhiadh



IASC ÚR ÓN bhFAIRRGE



go mór mór nuair is féidir ionntaoibh a tabhairt go
h-iomlán leis an iasc atá le fagháil ó MHAC CÁBA



TAIRRISCINT SPEISIALTA DO DHAOINIBH
FÁ'N dTUAITH



IASC ÚR, LEIS AN bPOST, ULLAMH DO'N CHÓCAIRE
3/- agus 5/- an máilín. Postas íochta



Innis 1. Ciaca saghas máilín atá uait



2. Ciaca chun beirbhithe nó chun friochta é



3. Cad é an lá is maith leat é d'fhagháil



Cuirtear airgead leis an ordú



Aire speisialta le fagháil ag órdaithe i mBleá Cliath



MC. CABE'S
LIMITED



Díoltóir Éisc, Géim, Eanlaithe agus Leac-oidhre,
30-33 Margaí na Cathrach Theas,
BAILE ÁTHA CLIATH



TÁILLÍ FÓGRÍOCHTA.



1 órdlach, colún singil 5/-



¼ órdlach, colún singil 12/6



½ órdlach, colún singil 22/6



Colún iomlán £2



Líne bun leathnaigh 5/-


L. 101


AN CHORÓIN MHUIRE.



II.



Tá sé mar nós fé'n dtuaith i n-áit ná
bíonn ach aon Aifreann amháin ar an
nDomhnach go bhfanann duine de'n líntighe
sa bhaile i mbun an tighe agus na h-áite.
Is gnáthach nuair a bhíonn a leithéid ann
gurab é an duine críona a fhanann sa
bhaile. An duine fhanann is gnáthach leis
an Choróin Mhuire a rádh leis féin tuairim
aimsir an Aifrinn.



Do fágadh duine aosta sa bhaile mar sin
lá fad ó. Nuair d'imigh na daoine eile do
thiomáin an seanduine na ba amach ar féar
agus do bhí 'á n-aodhaireacht go dtáinig am
Aifrinn. Nuair a cheap sé go raibh am an
Aifrinn ann tháinig sé ar a dhá ghlúin agus
do bhí ag rádh na Corónach.



Ráinig áiltheóir buachalla ar an mbaile
a fágadh istigh, dáltha an tseanduine, an
Domhnach céadna. Chonnaic sé an scan-
duine ag paidreóireacht agus cheap sé go
mbeadh greas grinn aige air. Chuaidh sé
i bhfolach agus ghlaoidh sé go h-airthinneach
ar an seanduine agus dubhairt go raibh an
bhó dhearg sa gharrdha prátaí. D'éirigh an
duine bocht chomh tapaidh agus d'fhéad sé
agus bhí díomdhá ana-mhór air mar cheap sé
go raibh ana-dhamáiste déanta do'n gharrdha.
Thug sé fé rith ach le n-a mhí-thapadh agus
leis an deabhadh do baineadh leagadh nó dhó
as. Nuair tháinig sé go dtí an garrdha ní
raibh aon ní ann. Is dócha gur bhain an
t-áiltheóir ana-ghreann as an scéal ach bhí
an seanduine ana mhíoshásta toisc gur
cuireadh amú ar an gCoróin é.



Do bhí máighistir scoile san áit agus
d'innis an seanduine dho cúrsa an lae.
Dubhairt an máighistir nár cheart d'aoinne
é chur amú ar an gCoróin. "Ach is cuma
dhuit," ar seisean, "b'fhéidir go bhfaghaimís
tuairisc an té dhein é agus má gheibhimíd
tabharfad-sa sásamh duit sa chúrsa san."
Do labhair an máighistir leis an sagart
paróiste agus d'innis do an scéal agus
dubhairt leis an sagart gan aon bhreithiún-
tas aithrighe a chur ar an duine dhein é
ach é chur chuige féin. Nuair a chuaidh an
t-áiltheóir chun faoistine do chuir an sagart
go dtí an máighistir scoile é.



D'fhiafruigh an máighistir de'n áiltheóir
arbh' é a chuir an seanduine amú ar an
gCoróin. D'admhuigh sé gurbh é. Dubhairt
an máighistir nár cheart do agus d'fhiafruigh
de cad é an bhrí a bhí leis an gCoróin
Mhuire. Dubhairt an buachaill ná feadair
sé sin. "Cuirim-se de bhreithiúnachas
áithrighe ort," ars an máighistir, "gan
stad go dtéighir go dtí an Pápa chun go
bhfaghair amach cad é an bhrí atá leis an
gCoróin Mhuire."



D'imigh an buachaill annsan agus gan aon
bhuidheachas ar an máighistir aige agus
d'innis a scéal do'n Phápa. D'fhiafhruigh
an Pápa dhe cé chuir an cúram san air
chuige féin. D'innis sé dho. "Abair leis
an máighistir scoile sin," ars an Papa,
"bheith chugham-sa annso maidin lae Nodlag
agus an chéad Aifreann a léigheamh dom."



Tháinig an buachaill abhaile agus gan aon
bhuidheachas ar an máighistir scoile aige tar
éis an chúrsa. Níor innis sé dho, mar olc
air, cad dubhairt an Pápa go dtí tar éis
suipéir Oidhche Nodlag. "Cad n-a thaobh
nár innsis é sin fad ó dhom?" ar seisean.



Chuaidh an máighistir scoile annsan agus
fuair sé leabhar agus do shuidh ar chathaoir
agus do léigh sé stair de. I gcionn
tamaill do chualaidh sé an capall ag teacht
amuich sa bhannrach go fuinniúil agus ag
crothadh a srian is a diallaid. D'éirigh sé
agus d'oscail an doras agus d'fhiafhruigh
cad a bhí annsan.



"Táim-se," ars an capall, "ag teacht
ag triall ort-sa."



"Cad leis go ritheann tú?"



"Rithim le fáinnleóig," ars an capall,



"Ní dhéanfá mo ghnó-sa," ars an máighistir.



Tháinig sé isteach arís agus do léigh sé
stair eile de'n leabhar agus do chualaidh sé
arís an capall ag teacht sa bhannrach níos
fuinniúla go mór ná an chéad cheann agus
do chroth sí a srian agus a diallaid.



"Cé tá annsan?" ars an máighistir.



"Táim-se," ars an capall, "ag teacht
ag triall ort-sa."



"Cad leis a ritheann tú?"



"Bheirim ar an ngaoith a bhíonn romham
agus ní bheireann an ghaoth a bhíonn im'
dhiaidh orm."



"Ní dhéanfá mo ghnó," ars an máighistir.



Tháinig sé isteach agus léigh sé stair eile.
Ba ghearr go gcualaidh sé an capall ag
teacht amuich agus do chroth sí a srian agus
a diallaid.



"Cad leis go ritheann tú?"



"Rithim le h-intinn mhná," ars an capall.



"B'fhéidir go ndéanfá mo ghnó," ars
an mháighistir.



Tháinig sé annsan agus fuair sé máilín
agus do líon sé de ghainnimh thirm é agus
dhein sé criathar poll 'na íochtar le snáthaid,
do chuir téadán ar a bhéal agus do bhuail
ar a dhrom é. Níl cur síos ar an siubhal a
bhí fé'n gcapall. Bhí an ghainnimh aige 'á
chailliúint i gcomhnaidhe agus ní raibh aon
ghráinne dhi aige fé'n am gur bhaineadar an
Pápa amach. Tháinig sé anuas de'n
chapall annsan agus bhí an Pápa ullamh
ar dhul ag léigheamh an Aifrinn roimis.
D'fhiafhruigh an capall de cad a bheadh aige
féin 'á dhéanamh faid a bheadh sé ag léigheamh
an Aifrinn. Dubhairt sé leis imeacht agus
an ghainnimh a chaill sé ag teacht a bheith
bailithe aige sa mhála. Do rith an máighistir
isteach agus do chuir an chulaith air agus
do léigh sé an t-Aifreann.


L. 102


Do bhí an t-Aifreann léighte aige nuair
a tháinig an capall agus an ghainnimh bailithe
aige ach do bhí sé déannach.



Dubhairt an Pápa leis an máighistir gan
a leithéid a dhéanamh go bráth arís — iad
san mar chúrsaí fhágaint fé sna sagairt.
Dob' é an t-áidhbhirseóir an capall a bhí
aige agus sin é mar a chuir sé uaidh as an
slí é an fhaid a bhí sé ag léigheamh an
Aifrinn, mar dá bhfágadh sé díomhaoin é ní
leigfeadh sé dho an t-Aifreann a léigheamh.



Séamas Ó Conaill a scríobh síos é cúig bliana
déag ó shin ó n-a Athair Seán Ó Conaill i gCill
"Ríollaigh" i n-Uibh Ráthach.



Is cosúil an scéal so romhainn leis an gceann fé'n
teideal céadna a bhí sa "Lóchrann" mí ó shin. Ba
mhaith linn fios d'fhagháil ó'n lucht léighte an gcual-
adar féin aon scéal go raibh toirmeasc na Corónach
Muire mar adhbhar ann. Insa scéal a bhí againn mí
ó shin bhí an sagart ann "a bhaist a leanbh féin ar
dtúis." Tá an chainnt sin 'na shean-rádh le fada sa
Ghaedhilg. An mbaineann an chuid sin de leis an
gcuid eile de'n scéal nó an amhlaidh atá dhá scéal
ann meascaithe ar a chéile? Fagham fios uaibh, a
léightheóirí.



F. an L.


L. 101


AN ROINN OIDEACHAIS



OIDEACHAS NÁISIÚNTA.



COLÁISTE ULLMHUCHÁIN LE h-AGHAIDH
DALTAÍ bPROTASTÚNACHA.



Fé mar a fógruigheadh cheana, táthar
chun Choláistí Comhnuithe Ullmhúcháin do
chur ar bun chun cúrsa feiliúnach Meán-
Scoluíochta do sholáthar do bhuachaillí
agus do chailíní óga gur mian leo iad
féin d'ullmhú chun dul i gColáiste
Oiliúna le bheith 'na mbun-oidí. Beidh
gach Coláiste fé stiúrradh Árd-Easbuig
nó Easbuig na Fairche 'na bhfuil an
Coláiste



Ceithre bliana is faid do chúrsa an
Choláiste — dha bhliana fá choinne na
Meán-Teistiméireachta, agus dhá bhliain
fá choinne na h-Árd Teistiméireachta.
Tabharfar teagasc ins na h-ábhair léighinn
seo —



(1) Gaedhilg; (2) Béarla; (3) Mata-
matic; (4) Stair; (5) Tír-Eolas;
(6) Tuaith-Eolaiocht; (7) Líniocht;
(8) Ceól; (9) Tigheas (Cáilíní) nó Ceard-
Oiliúnt (Buachaillí).



Sí an Ghaedhilg a bheas mar ghnáth-theanga
ins na Coláistí.



Ar na Coláistibh seo beidh Coláiste i
mBaile Átha Cliath i gcómhair daltaí
bProtastúnacha, agus táthar ag bráth
air go mbeidh sin ar siubhal ón Eanair
seo chughainn. Tá sé ceapaithe gur
Protastúnaigh a bheas mar lucht riartha
agus ollamhantais ar an gColáiste seo.
Táthar ag lorg iarrataisí ó Phrotastúnach-
aibh i gcómhair ollamhnachta. Ag so síos an
tuarastal atá ag dul le h-ollamhnacht —



Fir — £240, agus biseach £10, cúig
biseach £12, agus sé biseach £15, go
sroisfear £400.



Mná — £220, agus biseach £10, go
sroisfear £300.



Na daoine a ceapfar do na póstanna
so gheobhaid freisin — ach amháin nuair
a déantar socrú eile — ioctas agus
cómhnuidhe mar aon leis an Tuarastal.
Má ceaduightear do ollamh, nó má bhíonn
de riachtanas air —



(a) Ioctas agus cómhnuidhe d'fhagháil
leasmuigh de'n Choláiste le linn cúrsa
an Choláiste, tabharfar mar dheontas do
£60 sa bhliain; agus



(b) Cómhnuidhe agus cuid de'n ioctas
d'fhagháil leasmuigh de'n Choláiste, le linn
cúrsa an Choláiste, tabharfar mar dheon-
tas do suas go dtí £40.



Níl aon phinsiún ag gabháil leis na
póstanna so.



Caithfear na h-iarrataisí mar aon le
ceithre cóibeanna de gach leitir mholta
do sheoladh chuig an Rúnaidhe, Oifig an
Bhun-Oideachais, Sráid Mhaoilbríghde,
Baile Átha Cliath, roimh an 8adh lá de Mhí
na Nodlag, 1926.



Ní fuláir an t-eolas so a leanas do
chur síos ar an bhfuirm iarratais —



(a) An t-ábhar nó na h-ábhair léighinn
ar an gClár is féidir leis an iarrathóir
do mhúineadh tríd an nGaedhilg.



(b) Cáiliocht an iarrathóra ins an ábhar
nó ins na h-ábhair léighinn seo do mhúineadh
tríd an nGaedhilg.



Cuirfear fuirmeacha iarratais mar
aon le gach eolus a bhaineas leis an bpost
ag triall ar na daoine a bhfuil fútha bheith
n-a n-iarrathóirí.



Ní mór do sna h-iarrthóirí i bheith reidh chun
teacht os cómhair Choisde Róghnathóireachta
Toghfar na h-ollamhna ar ndul i
gcómhairle do'n Roinn le Bainisteóir
an Choláiste.


L. 102


DÍCHEALL.



Meitheal a bhí ag feirmeóir uair a
baint phrátaí agus nuair a bhíodar go
léir suidhte síos chun dinnéir um eadartha
cé bhuailfeadh isteach chucha ach sagart
an pharóiste.



Bhí dhá fhear dheug éigin aca ann agus
iad go léir san itheadh. Bhí duine aca in a
shuidhe ag bun an bhúird agus a chasóg de,
brollach a léine oscailte siar agus a
mhuinthirtlí árdaithe suas aige.



"Mhuise! a Thaidhg," ars an sagart,
lem' dhuine ag bun an bhúird, "ní fhaca mé
go dtí andiu tú agus do chasóg díot. Tá
deallramh na h-oibre ort, anois ar aon
chuma."



Gháir gach aoinne aca mar thuigeadar
cad do a bhí an sagart ag tagairt.



"Bheil, an bhfuil a fhios agat, a Athair,"
arsa Tadhg, "ná fuil aoinne dhes na
fearaibh seo 'sa meitheal andiu againn ná
fuighinn-se coimeád suas leis ag romhar nó
ag grafadh nó ag deunamh cruaiche lem'
chasóig orm, ach dar bhrígh na scine seo im'
láimh agam, a Athair (agus go maithe Dia
dhom é rádh leo ach bhain tú asam é), ní fhuil
aon Chríostuidhe dhíobh so ná buadhfadh glan
orm san obair seo atá idir lámha anois
againn gur faobhar a chur orm féin chuige.
Sin é a chúis, a Athair, an deallramh neamh-
choitchianta so a chíonn tú orm."



D'fhág san maolchluasach go leo iad idir
shagart agus fhearaibh.



Tadhg Gaedhealach.



DUAISEANNA.



Aon chailín nó buachaill a chuirfidh go dtí
Fear Eagair "An Lóchrann" aon bhailiú
maith de'n tsean-aimsireacht a gheobhaid ó
na seandaoine — seana-scéal, nó filíocht nó
seanfhocail nó cainnteanna blasta, beidh
leabhar maith slachtmhar le fagháil aici nó
aige mar dhuais, agus cuirfeam an chuid is
fearr de gach bailiú i gcló sa "Lóchrann."



Tá leabhar mar dhuais 'á chur an mhí seo
go dtí —



1. Séamas Ó Dubhda,
Scoil Smeirbhic,
Daingean Uí Chúise.



2. Sibéal Nic Chárthaigh,
Clochar Loreto,
Litircheannainn.



do chuir sean-scéal fada chughainn a bhain-
eann le n-a paróiste féin.



Fuaireamair píosaí beaga deasa leis ó
Eibhlín Ní Chaomháin agus Siobhán Ní Dhubhda
ó Scoil an Chlochair sa Daingean. Tá súil
agam go leanfaidh na daoine óga so de'n
scríbhneóireacht. Do scríobh roinnt eile
de dhaoine óga chughainn leis, ach iarrachtaí
gearra a chuireadar uatha agus níl leabhair
flúirseach go leor agam chun ceann an
duine thabhairt dóibh.



Tugaim fé ndeara go bhfuil slí mí-cheart
ag cuid mhaith daoine chun sean-scéalta a
chur síos. Ní h-í cainnt an scéalaidhe féin
a bhíonn i n-ao' chor aca ach innsint ar an
scéal as a gcuimhne féin. Sé thuiteann
amach go ndearmhadaid an scéal nó cuid
de agus gan aon amhras dearmhadaid
cainnt fhuinniúil bhlasta an scéalaidhe
agus cuirid a gcainnt féin na h-ionad.
Ní fearrde an scéal ná an Ghaedhilg é
agus ní mór gur fiú iarracht mar sin
d'fhagháil i n-ao' chor.



A Bhuachaillí agus a Chailíní, déinidh mar
seo. Faigh bhúr sean-scéalaidhe, cuir ar
bhúr n-aghaidh amach é 'na shuidhe go com-
pórdach, faigh bhúr bpeann agus bhúr bpáip-
éar agus ná cuir aon rud síos ar an
bpáipéar san ach cainnt an tseanduine
agus é ag innsint an scéil. Muna dtuigidh
sibh cuid des na focail tugaidh iarracht ar
iad a litriú do réir a nglóir. Scríobh síos
ainm an scéalaidhe, a aos, agus ainm na
h-áite 'na gcomhnuigheann sé agus bhúr
n-ainm agus bhúr seoladh féin ag a bhun
shíos agus annsan cuir an scríbhinn go dtí



Fear "An Lóchrann."



DUAISEANNA.



De bharr féile trír de cháirde na
Gaedhilge agus na h-Éireann is féidir
linn a fhógairt dár gcuid léightheóirí go
bhfuil duaiseanna speisialta le bronnadh
againn gach mí ar na daoine a chuirfidh
chugainn an chnuasacht is fearr de Bhéal-
Oideas Ghaedhilge a scríobhadh síos ó bhéal


L. 103


aithris. Trí duaiseanna atá le tabhairt
againn:



(a) Duais "Eithne Ní Chairbre" .i.
Cóib de'n leabhar, "The Story
of the Irish Race," le Séamas
Mac Maghnuis (giní a luach).



(b) Duais "Conchubhar Mac Neasa" .i.
Órdú Puist ar 10/6.



(c) Duais Caoimhghin De Barra .i. Cóib
de "Irisleabhar Príosúin Sheáin
Mhistéil" (dá leabhar) d'aistrigh
Eoghan Ó Neachtain go Gaedhilg.



Seo na Coinghealla a ghabhann leis
na duaiseanna: (1) Gur Béal-Oideas
Gaedhealach a bhéas san iarracht. (2) Gur
ó aithris béil a scríobhfar é. (3) go gcuir-
fear síos ainm, aois agus ionad comhnaithe
an scéalaidhe nó na scéalaithe thug do'n
scríbhneóir é. (4) Gur fiú an t-adhbhar a
chur i gcló. (5) Go mbeidh cead againn-
ne agus ag an gCumann le Béal-Oideas
an iarracht nó aon chuid de a chur i gcló.



An té a chuirfidh an iarracht is fearr
chugainn fá thuairim duaise gheobhaidh sé a
rogha de an trí duaiseanna so thuas.
Gheobhaidh an dara duine a rogha de'n dá
cheann eile.



Fear an L.


L. 102


AGAINN-NE GHEOBHAIR NA BRONNTAISÍ NODLAG IS DEISE agus IS FEARR



DEALGANA TEAMHRACH agus SCUABA FUILT
UAIREADÓIRÍ, agus rl.



Buail isteach nó cuir 6/- chugainn agus cuirfimíd Dealg Órdha Teamhrach chughat
(saor tríd an bpost)



Catalóg iomlán le fagháil ach a iarraidh



ÉAMONN MAC EÓIN TTA., SEÓDÓIRÍ,
94 SRÁID GRAFTON. BLEÁ CLIATH



Cabhruigh le Déantúsaí na Tíre



FOSGADÁIN UÍ RIAIN



Ní féidir iad a shárú ar neart
Ar buaine 'ná ar áilneacht



I gCORCAIGH A DEINTEAR IAD



Ceannuigh ceann díobh is ní bheidh
a chathú ort



Deintear iad, ath-chlúduightar
iad agus deisightar iad



SEOMRA NA RADHARC —



An máilín taisce bhíonn ar a bais aici
Is gach earradh nách deise deas 'ná é



M. A. Ó RIAIN



Tigh an Bata Droighin,
CORCAIGH



Guthán — 876



MUINTIR CHRÓINÍN



Lucht Sochraidí agus Úinéirí Gluaisteán
Cárracha Taistil aca



OIFIGÍ AR PHORT UÍ SHÚILLEABHÁIN,
i gCORCAIGH



Mótarlann agus Carrlann ar Plás Fionnbara,
Sr. an Mhidhigh, Port Uí Shúilleabháin agus
Sráidín na Manach



Guthán — 942



<l 103>
DÚN DO SHÚILE.



(Suantraighe.)



Gléas F. CURFÁ.



Is dún do shúil', a rún mo chroidhe, a
chuid de'n tsaol sa ghrádh liom, 's
dún do shúil', a rún mo chroidhe, 's
gheobhair féirín amáireach



BHÉARSA I.



Beidh do dhaid a' tigheacht gan mhoill ó'n gcnoc 's
cearca fraoigh a láimh dheis. 'S
codail go ciúin a laogh chuid,
gheobhair féirín amáireach.



I.



Beidh do dhaid a' tigheacht gan mhoill ó'n
gcnoc
'S cearca fraoigh 'na láimh dheis.
'S codail go ciúin a laogh 'sa chuid,
'S gheobhair féirín amáireach.



Curfá.



Is dún do shúil', a rún mo chroidhe,
A chuid de'n tsaol 'sa ghrádh liom,
'S dún do shúil', a rún mo chroidhe,
'S gheobhair féirín amáireach.



II.



Tá an samhradh a' triall le grian 's teas
'S duilleabhar glas ar phrátaí.
Tá'n ghaoth a' teacht go fial aindeas.
'S gheobhaimíd breac amáireach.



Máire Nic an Airchinnigh, O.S., Cnoc na n-Éan,
Mainistir na h-Ínse, do sholáthruigh (? a dheisigh).



RÍGH AGUS DÍGH NA COILLE.



Do bhí seanduine ann fadó agus do bhí
beirt mhac aige. Do bhíodar na gcómhnuidhe
le h-ais coille móire. Do bhíodh an sean-
duine i gcomhnuidhe ag trácht ar Rígh agus
dígh na Coille. Do bhíodh na fir óga an-
fhiosrach a d'iarraidh fhagháil amach cérbh iad
féin ach do theip ortha aon cheart a bhaint
de'n tseanduine. Ní 'neósfadh sé dhóibh
cérbh' iad féin.



T'réis tamaill do buaileadh breóithe an
seanduine. Oidhche áirithe agus é 'na luighe
go buartha brónach ar a leabaidh do rith an
mac ba shine isteach agus saothar air.



"Ó 'athair," ar seisean, "do leigh Rígh
na Coille a bheannacht chúghat."



D'oscail an seanduine a shúile go
h-obann agus d'fhéach sé 'na thimcheall.
"An ndubhraís aon nídh liom?" ar seisean.



"Do leigh Rígh na Coille a bheannacht
chughat," ars an mac.



"Ó Mhuise, cara mo chroidhe an cuileann
caoin," ars an seanduine.



Le n-a linn sin do rith an tarna mac
isteach agus allus na bhraonacha ar a éadan.



"Ó, a athair!" ar seisean, "do leigh
Dígh na Coille a mhallacht chughat."



"Ó mhuise," ars an seanduine, "greadadh
'gus cás ar an gcárthann mbréan."



Do bhí fhios ag an mbeirt mhac as san
amach cérbh' iad rígh agus dígh na coille.



Fuaireas so ó Shíle Ní Luasaigh i nDrom an Ailtigh
i mBéal Átha 'n Ghaorthaigh



Séamas Ó Séaghdha.



CAINNT NA n-ÉAN.



(Sean-oideas Béil.)



(ar leanmhaint.)



Cainnt na bhFaoilean:



Bhfuil… iasg… ann? Tá! Tá! Tá!
Coinnigh cuid de dhom! Choinnigh cuid de
dhom!



Slí eile:



(go tapaidh)



Tá iasg ag-am! Tá iasg ag-am! Tá iasg
ag-am!



(go mall árd)



Coinnigh é! Coinnigh é! Choinnigh é!



An Chearc Fhranncach:



(go lag bhrigheach)



Bhfuil bean a' tighe 'stigh?
Níl! Níl! Níl!
Ohó! Hó! Hó!



An Traodhnach:



Meig! Meaig!
Mil ar mheas,
Lucht an arbhair
Do mo mharbhadh,
Fá'n ngráinne arbhair
D'ith mé aréir.



Fuaireas na cainnteanna so ó
Mháire Ní Thuathail, Tuar Mhic Céidigh.



Fíonán.



CISTE NA GAELTACHTA.



Liam Ó Domhnaill, £1, chun "An Lóchrann" a chur
go dtí dhá scoil sa Ghaeltacht.



FÉIRÍNÍ BUANA!



Níl féirín Nodlag is fearr ná saghas éigin
seoda. Tá togha na bhfáinní, na siogair-
líní agus na rí-shlabhraí againn-ne, agus
a luach go réasúnta



UAIREADÓIRÍ



(agus Fúnsaí) le h-aghaidh caol na láimhe.
Tá inneal gach uaireadóra acu ar fheabhas.



Ceann Airgid ar 30/-



Ceann Óir ar £3, agus as san suas.



Tar isteach go bhfeicir.



GANTER BROTHERS



Clogadóirí, Seodóirí agus Gaibhne Airgead



63 SRÁID THEAS SEÓIRSE,
i mBAILE ÁTHA CLIATH



Ar bun ó bhliain a 1856



BRONN
SEODA
an
NODLAIG
SEO



FAIGH Ó
MHUINTIR
AODHGÁIN
IAD



Gaibhne Óir agus Airgead



31 agus 32
SR. PHÁDRAIG N.
i gCORCAIGH



De dhéantúisí SHEÁN TÓIBÍN
iad so:



TÍREÓLUIDHE AR ÉIRINN — Leabhar in a bhfuil
Tíreólas, Tlachteólas, Luibheólas agus Stairshean-
chus a bhaineann le h-Éirinn. Ar 5/- ó Chualucht
Brún agus Nualáin, in Áth Cliath nó i gCorcaigh.



Ó FÁILBHE MÓR — Dráma a rinn D. Ó Corcura;
ar 1/- ó Chualucht Brún agus Ó Nualáin.



URSA AN ANAMA — Leabhar paidreacha a bhfuil
pictiúirí léirithe an Aifrinn ann. É oiriúnach mar
bhronntanas do'n leanbh nó do'n duine fásta ná
fuil ró-láidir sa' Ghaedhilg. 2/-.



PAIDIR IS FICHE — Paidreacha beaga bhlasta
ó'n nGaedhaltacht; ar 4d. agus ar 1/2. Mac
Aodhgáin agus a Chl. Mhac a dhíolan na leabhair sin
paidreacha, ag 32 Sráid Pádraig, i gCorcaigh.


L. 104


BÉARLAGAR NA DLÍ.



Tá an Dinntiúir Príntíseachta Atúrnae seo síos d'á chur i gcló againn mar shompla agus
mar chabhair do dhaoinibh go mbeadh fonn ortha Cáipéisí Oifigiúla agus Fuirmeacha a bhaineann le Dlí
a tharrang i nGaedhilg. Má's linn an tír d'ath-Ghaedhealú caithfear fuirmeacha mar seo a bheith i
nGaedhilg. Tá na céadta saghas cáipéis ba cheart a bheith ar úsáid i nGaedhilg ameasc Gaedheal. Tá
neamhthaithighe ag an nGaedhilg ar obair de'n tsaghas san a dhéanamh ach níl amhras dá dtugtaí fé go
bhféadfaí an obair a dhéanamh go slachtmhar. Ba mhaith linn tuairim daoine atá eolasach ar dhlí nó ar
Ghaedhilg d'fhagháil i dtaobh an Dinntiúra so thíos — i dtaobh aon loicht dlí nó cainnte atá ann, nó 'á chur i
n-iúl go mbeadh cainnt eile níos slachtmhaire le cur ann.



Fear "An Lóchrann."




DO Bheir an Dinntiúir so do rinneadh an chéad lá de Mhí na Samhna Míle Naoi gCéad
Sé agus Fiche IDIR Thadhg Ó Murchadha a chomhnuigheas ag 16 Sráid an Chnuic Baile na
h-Abhann i gConndae Cheatharlach duine d'Atúrnaethibh na h-Árd-Chúirte Bhreitheamhnais
i Saorstát Éireann de'n CHÉAD PHÁIRT agus Tomás Ó Súilleabháin a chomhnuigheas
ag 28 Sráid an Droichid Áth Í i gConndae Chille Dara mac léighinn Mac Dhomhnaill
Uí Shúilleabháin a chomhnuigheas ag 28 Sráid an Droichid réamhráite de'n DARA PÁIRT
A FHIADHNAISE go ngabhann an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte air féin d'á
shaorthoil é féin a thabhairt agus a cheangal 'na phríntíseach nó 'na chléireach do'n té
Tomás Ó Murchadha atá luaidhte agus seirbhís a thabhairt do ó dháta an ní so agus ar
feadh agus go dtí foircheann lán-téarma na gcúig mblian is túisce 'na dhiaidh sin d'á
shlánú agus dhá chríochnú dho go h-iomlán AGUS do-ghní an té Tomás Ó Súilleabháin
atá luaidhte connradh maille ris seo leis an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte nach
ndiongnaidh an té Tomás Ó Súilleabháin aon uair ar feadh an téarma cúig mblian
atá luaidhte ídiú scriosadh lot milleadh mí-bhainistighe bradaidheacht caitheamh ná
díthiú ar aon chuid de leabhraibh de pháipéaraibh de stampaibh scríbhneóireachta nó de
chuid eile an té Tadhg Ó Murchadha nó de chuid a sheiceadúirí a riarathóirí nó a
eissighnithe nó de chuid aon d'á dhusaraibh nó d'a fhostóiribh a cuirfear fé n-a láimh nó a
fágfar fé n-a chúram nó 'n-a sheilbh nó fé aire nó cúram nó i seilbh an té Tomás Ó
Súilleabháin agus fairis sin go ndiongnaidh agus go mbeidh ar an té Tomás Ó
Súilleabháin ón tráth go céile agus an uile thráth ar feadh an téarma cúig
mblian atá luaidhte coimhéad ar rúnaibh an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte
agus go ndiongnaidh umhla agus freastal go luath agus go so-thoilteannach ar a
aitheantaibh dleaghthacha réasúnta agus nach bhfágfaidh agus nach mbeidh ar ceal ó
sheirbhís ná fostadh an té Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte aon uair ar feadh an téarma
atá luaidhte gan a chead sin d'iarraidh agus d'fhagháil roimhré ach go ndiongnaidh ón
tráth go céile agus an uile thráth ar feadh an téarma cúig mblian atá luaidhte é féin
d'iomchur le dícheall le macántacht le stuaim agus le measardhacht iomchuibhe AGUS
do-ghní an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte maille ris seo thar a chionn agus ar
a pháirt féin connradh agus chomhaontadh do agus leis an té Tadhg Ó Murchadha atá
luaidhte a sheiceadúiribh a riarathóiribh agus a eissighnithibh go dtiubhraidh an té Tomás Ó
Súilleabháin atá luaidhte seirbhís go fírinneach macánta do'n té Tadhg Ó Murchadha
atá luaidhte an uile thráth le linn agus ar feadh an téarma cúig mblian atá luaidhte
mar is dleacht do chléireach dílis a dhéanamh ins an uile ní san mbith féibh mar atá
curtha síos annso romhainn AS A LOS SIN do-ghní an té Tadhg Ó Murchadha atá
luaidhte ar a shon féin agus ar son a sheiceadúirí agus a riarathóirí connradh agus
chomhaontadh do agus leis an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte maille ris seo
féibh mar leanas is é sin le rádh go nglacfaidh agus go dtógfaidh an té Tadhg Ó
Murchadha atá luaidhte an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte i n-a phríntíseach nó
i na chléireach chuige agus go ndiongnaidh sé maille ris na modhaibh agus na meodhnaibh
is fearr fhéadas agus go h-iomláine a oilteachta agus a eolais é do mhúineadh agus
do theagasc nó múineadh agus teagasc do sholáthar don té Tomás Ó Súilleabháin atá
luaidhte i gcleachtadh nó i ngairm Atúrnae agus fairis sin go ndiongnaidh agus go
mbeidh air a dhéanamh ar gcríochnú an téarma atá luaidhte an saotharú agus an dícheall
is fearr i n-a chumas ar iarraidh ar chostas agus ar fhiachaibh an té Tomás Ó Súilleabháin
atá luaidhte chun a thabhairt chun críche agus a sholáthar don té Tomás Ó Súilleabháin é
leigean isteach i n-a Atúrnae de'n Árd-Chúirt Bhreitheamhnais i Saorstát Éireann ar
choinghill go mbeidh seirbhís dílis tugtha ag an té Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte i
n-a phríntíseacht nó i n-a chléireacht MAR FHIADHNAISE air sin atá a lámha agus a
séaltaí d'á gcur ag na daoinibh réamhráite leis seo ar an ló agus an bhliain is túisce
atá scríobhtha annso romhainn.



Ar n-a shíghniú a shéaladh agus a sheachadadh do'n Tomás Ó Súilleabháin atá luaidhte im'
láthair-se .i.



Ar n-a shíghniú a shéaladh agus a sheachadadh do'n Tadhg Ó Murchadha atá luaidhte im'



láthair-se .i.



CHÓMH BLASTA
LE
h-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
"LEANDAR"



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht



Bí 'a lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



SNASÁIN "SCIENCE"



"GILE NA GILE"



SNASÁIN AGUS SMEARA



Do'n BHRÓIG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN



SNASÁIN GAN LOCHT



NÁ GLAC ACH "SCIENCE"



PUNCH IS A CHUAL. I gCORCAIGH a dheineann

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services