Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Meadhon Foghmhair, 1926
Title
Meadhon Foghmhair, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 10. (An 3adh Srath). MEADHON FOGHMHAIR, 1926. Dhá Phinginn a Fhiacha. COIMISIÚN NA GAEDHILGE. Tá tuarasgabháil Coimisiúin na Gael- tachta ar fagháil ag an bpobal fé dheire. Is imnidheach a bhí cáirde na Gaedhilge ag feitheamh leis d'fhéachaint cad é an fios a bheadh le fagháil ann ar staid na teangan mar a maireann sí fós beo — agus is mór atá an fios san 'na dhíth orainn — agus d'fhéachaint cad é an moladh thiocfadh ón gCoimisiún de thoradh an scrúdaithe a deineadh ar gach cuid de'n scéal agus de thoradh an eolais do bailigheadh chomh mion agus chomh fairsing sin. Níl an tarna tuairim ná go ndearnaidh an Coimisiún a ngnó go slachtmhar chomh fada agus bhain sé le soláthar feasa agus le léiriú an cháis agus le h-éileamh leighis. Tá eolas ar fagháil 'na ndiaidh, i dtaobh na Gaedhilge, ba cheart dúinn a bheith againn le tríocha bliain — agus dá mbeadh aon tslacht chun gnótha ar ghluaiseacht na Gaedhilge do bheadh cuid de'n eolas san ar fagháil fadó riamh. Tá “cás” déanta ag an gCoimisiún ar son na teangan agus na Gaeltachta ná dearnadh a dheachmhadh cuid riamh, ar threise agus ar fhuaimean- túlacht na n-argóintí atá déanta aca ar scáth cruinn-eolais agus uimhreacha fuara. Tá méar curtha aca ar chúis an uilc atá ag goilliúint ar an nGaedhilg — do réir mar do bhí le linn na Sasannach agus mar atá fós agus an Sasannach imithe; agus molaid neithe chun an meath a chosc — rudaí móra gur maith an dóigh go dtiocfadh cosc ar an meath dá gcuirtí i bhfeidhm iad le fonn agus le dúthracht, agus nár ró dheacair a chur i bhfeidhm má tá grádhtíre nó Gaedheal- achas ar bith ionainn. Ar na rudaí is tábhachtaighe atá molta tá na neithe seo leanas: (a) An riarachán poiblí ar fad a dhéanamh tré Ghaedhilg amháin sa bhFíor- Ghaeltacht. (b) Oideachas idirmheadhnach a thabhairt i mbéal an dorais go dtí muinntir na Gaeltachta; Oideachas tala- mhíochta agus tighis, agus ceard- oideachas mar an gcéadna, chomh maith le teagasc cultúra agus Gaedhealachais i gcomhair daoine thar aois scoile. Iad san uile i nGaedhilg. (c) Uimhir áirithe de phostanna fé'n Rial- tas a chongbháil ar leith do lucht na Gaeltachta agus biseach a chur ar thuarastal seirbhíseacha poiblí a thug- ann deigh-sheirbhís Ghaedhealach innte. (d) Ainmneacha áiteanna agus daoine d'athGhaedhealú go h-oifigiúl. (e) Airgead a thabhairt chun talmhaintí agus tighthe d'fheabhasú. (f) Gan ach Gaedhilgeóirí a chur ar thalamh a bheifí a roinnt sa Ghaeltacht; agus leirgí áirithe talmhan síos i lár na h-Éireann a chongbháil do Ghaedhilg- eóirí a bheadh sásta aistriú as na feirmeacha beaga cumhanga atá aca i gcuid de'n Ghaeltacht — ionnus go ndéanfaí Gaeltacht nua agus ná rachadh a gcuid Gaedhilge chun báis ameasc lucht na h-Ainglise. (g) Báid agus gléas a sholáthar d'ias- cairí na Gaeltachta go cothromúil agus scoileanna iascaigh a chur ar bun i n-áiteanna áirithe chun slighte nua a mhúineadh d'iascairí óga a chuirfeadh ar a gcumas bheith chomh h-eolgaiseach, ábalta le h-iascairí i dtíortha eile. Ní fhéadfaí i n-aon aiste ghairid eolas iomlán a thabhairt ar a bhfuil sa tuaras- gabháil mhóir seo — ach tá moladh eile ann agus sáruigheann sé ar thábhachtaighe gach rud eile do h-iarradh. Sé é — go gcuirfí Buan- Choimisiún ar bun gurbh é a chúram aire thabhairt do'n Ghaeltacht agus a stiúrochadh agus a chomhairleóchadh gach Rialtas d'á dtiocfadh chun go dtéigheadh obair an Rialtais chun tairbhe na Gaeltachta agus na Gaedhilge agus a choimeádfadh faire géar ar gach rud, poiblí agus príomháideach, go mbeadh baint ar bith aige le leas na teangan náisiúnta. Tá práinn le Coimisiún seasamhach dá shaghas go ceann fiche bliain agus ní bheidh ach iarrachtaí iomrallacha ins na moltaí eile gan an lucht faire agus stiúrtha so do bheith ann chun fuinneamh na n-iarrachtaí ar fad a threorú go tuigseannach. Má ghlacann an Rialtas le moladh (a)thuas ní féidir a mheas an t-atharú a thiocfadh dá bhárr agus an t-árdú céime agus údaráis a bhéarfadh sé do'n Ghaedhilg. Ní fhéadfadh aon Rialtas nua cúladh ón “bpolasaí” sin. Is dearbh go mbeidh naimhde na Gaedhilge ag bagairt ar an Rialtas gan an moladh san a chur i bhfeidhm. Is é gnó cáirde na teangan cabhrú leis an Rialtas chun é chur i bhfeidhm. Molaimíd dár léightheóirí fios a chur láithreach ar chóib de'n tuarasgabháil agus ar na trí mapaí breághtha atá ag gabháil leis. Sé an leabhar is mó tábhacht i dtaobh na Gaedhilge é dár cuireadh amach riamh. Tá sé le fagháil ó Mhuinntir Éason, Sráid Ó Conaill, Áth Cliath, ar 2/6 agus costas puist — ar neamh-ní go fírinneach. Daod. TADHG NA SÚL mBEAG. Ceithearnach d'fheirmeóir láidir dob' eadh Tadhg na Súl mBeag a bhí i n-aice Bhaile Mhúirne. Bhí sé postúil mórálach ann féin. Lá dá raibh sé i dtigh mhuinntire a mhná thárla dall bocht a bheith ann. File dob' eadh an dall. Bhí Tadhg ag tathant ar an dall bhéarsa a dhéanamh ag moladh a mhuinn- tire féin. Ní rabhadar le moladh do réir deáraimh agus do dhiúltuigh an dall an bhéarsa a dhéanamh. Leis sin do bhuail Tadhg le buile 'dhorn é. Ceap Tadhg féin bhéarsa annsan ar a mhuinntir: Is dubhach liom an chumhangracht 'n-a n-airighim iad, Na h-úir-fhir ón Rúscaigh do bheathuigheadh cliar; Cúmplacht nár dúnadh a ngeataí riamh Is nár túrnadh i súgradh ná i ngleacíocht iad. Do ghoill an masla tugadh do féin ar an dall. Do labhair sé: Sé cúis nár túrnadh i ngleacíocht iad — Mar i bhfiúntar an phúdair ní bhfachtaí iad, Úr-mhairt thar triúchaibh do bheathuigheadh iad, Is i ngioll ar choir-chionnta do crochtaí 'dtrian.
“MIC MO ROGHA!” (“Mick for me”) Caith Tobac “MIC Mc QUAID” Is é is fearr ar domhan Isiad lucht a dheunta — P. Ó CEARBHAILL is a Chua (Teor) DÚNDEALGAN PÁDRAIG DE BÚRCA 10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE, TOITÍNÍ, &c., ag teastáil uaibh ceannuighidh uaim-se iad DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar Scríobh chuig SEÁN Ó DÁLAIGH IS A CHUA. TTA., I gCORCAIGH in a thaobh D. T. Ó SÚILLEABHÁIN Reiceadóir Rothar & Mótar Gunnaí agus Ceatrisí! 37 SRÁID CHÚC I gCORCAIGH SEAN-OIDHCHE BHEALTAINE. Bhí fiolar ann fadó agus bhí sé cúig céad bliain d'aois agus bhí trí cinn do ghearcaigh aige. Do bhí Domhnall Dubh sa n-áit chéana, agus bhí sé féin seacht gcéad bliain d'aois, agus bhí ag dul de aon tslí mhaireachtaint a bhaint amach ach sé rud a dhéin sé ná dul go dtí nead an fhiolair agus na gearcaigh a chaitheamh le faill, agus dul isteach 'on nid é féin agus fanacht ann. Bhí san go maith go dtáinig an fiolar, agus níor chuir sé aon tsuim ann mar cheap sé gurbh eadh thuit na gearcaigh eile le faill agus ná'r fhan ann ach an t-aon cheann. Bhí saol breágh ag an nDomhnall Dubh ó'n bhfiolar, agus dá mbeadh an fiolar ag tarrac go deo chuige ní bheadh borra ná méid a teacht ar an ngearcach; ach ceann desna h-oidhcheannta tháinig an fiolar isteach 'on nid bhí sé ana- ghearánach ar fad ar an bhfuacht, agus á rádh ná feacaidh sé riamh aon oidhche chomh fuar léi dá fhaid 'na bheathaidh do. “Is fuirist aithint,” arsa an gearcach leis, “nár bheir Seana-Oidhche Bhealtaine amuth riamh ort.” “Is fíor san, a bhioránaigh!” arsa an fiolar leis féin, “agus stad ná staona ní bheidh orm-sa nó go mbeidh 'ios agam cad é an sgéal age Seana-Oidhche Bhealtaine é.” Ar bhreaca an lae bhailibh sé leis agus stad ná staona ní dhearnaidh go dtáinig sé ar bharra caisleáin go raibh bean a bhí chomh críona leis féin. Do labhair sé amuth, agus tháinig an tseana-chailleach amach chuige ach má tháinig ní raibh aon chur amach aice-sin ar Sheana-Oidhche Bhealtaine. “Ach,” ar sise, “téire go dtí n-a leithéid seo do ghruagach, agus mara bhfuil cur amach aige-sin uirthi níl fhios agam cá bhfaighir tuairisc uirthi.” D'imigh sé air agus chuaidh go dtí an gruagach, agus b'é an dá mar a chéile é. “Ach,” ars an gruagach, “tá bardán ansa loch san thuas agus tá leigheas agus fios gach aon ruda aige agus táim-se le seacht mbliana ag faire ar é mharbhú mar an té bheadh crapuighthe ag an aois agus a dh'íosfadh blúire dhe bheadh sé in' fhear óg arís.” Siúd leis an bhfiolar, agus chuaidh 'on loch agus ní fada a bhí sé ann nuair a tháinig an bardán ar bhárr an uisce agus labhair mar leanas: “Tá fhios agam-sa go maith cad tá uait,” ar seisean, “agus níl réidhteach na ceiste sin ag aoinne ar dhruim an domhain ach agam-sa amháin. Bhíos Oidhche Bhealtaine annso, agus mé a léimrigh aníos as an uisce, agus a dul síos aríst agus gruagach ar an bport san a faire orm ar feadh seacht mblian — cé ná raibh sé ann an oidhche seo chuige mar bhí sí ró fhuar do — ach go h-áirighthe nuair a léimeas aníos ní raibh sé ar mo chumas dul síos mar bhí brat leac- oireach tagaithe ar an uisce, agus ní fada bhíos mar sin gur ghaibh Domhnall Dubh an treó agus tagann agus árduigheann leis ceann dem' shúile agus imigheann leis, agus an fhuil a tháinig as mo shúil leagh sí poll sa leac-oidhir, agus tríd síos a chuas-sa 'on uisce arís, agus táim ann fós, agus is sé an Domhnall Dubh céana atá agat-sa dá chothú ó shoin i leith mar ghearcach, agus ach a raghair abhaile beidh sé imithe rómhat agus é bháithte.” “Ach mar sin féin,” ars an fiolar, “bhí an oidhche sin ann.” “Bhí go deimhin,” ars an bardán. Seán Ó Criomhthain, an bloscaod. Domhnall Dubh — Fiach dubh. Ach a raghair — nuair a raghair. TREABHDÓIREACHT. (Bailiú ón nGaeltacht). Ní h-oireamh go caolfhód nó Gach treabhaidhe go caolfhód cam. Seisreach — sé capaill ag treabhadh. Ceathrach — ceithre capaill. Dísreach — dhá chapall. Seo rann de'n duanaireacht do-ghníthí fadó do'n tseisrigh: Ho-hó, ho-hó, ho-hó! Le chéile sibh, a bhuidheanach! Ho-hó, ho-hó, ho-hó! Rath Dé oraibh, a bhuidheanach! Bhíodh duanaire ar leith chun ceol a dhéanamh do sna caplaibh. Sheinneadh sé ceol breá bog dóibh agus cheapadh sé ranna dhóibh dá ngríosadh chun díchill. Céacht adhmaid a bhíodh aca sa tsaoghal san. Beirt treabhdóirí bhí ag maoidheamh i láthair mná óige as an gclisteacht a bhí ionnta seachas a chéile. An chéad treabhdóir: “Nuair a bhrisim-se mo chéachta ní néim- se (ghním-se) ach é chaitheam 'on chúil, Imighim 'on ghaorthadh is gléasaim a atharach liúm, Treabhaim-se le béim dheas réidh a thaithnigheas lem' shúil, Is 'ainnir a' tséimh ní dhéanfadh fear eile é siúd. An dara duine: “Dá bhfaghainn-se céachta ná beadh leathan ná cumhang 'Na dhéidh sin clár scéithe, gad ama 'gus ughaim, Le chéile do léigfinn sé capaill chun siubhail.” An giolla capall: “Dá bhfaghainn-se seisreach glas óg ar iomaire báin, An chleithóid (?) im' chiotóig is do phiocfainn a meádhon, Do chorrochainn an chorród (? corr-fhód) is do chasfainn i mbárr Is ní comórtas mar a bheathochainn-se 'gus tusa na mná.” ó Thomás Ó Murchadha, ar an mBaile Loiscithe, i gCorca Dhuibhne iseadh fuarthas, “An Seabhac.”
AN SGRÍBHNEÓIR LE PLÉISIÚR. “Fear dána ag deunamh dána Is dána an gníomh do-ghní sé; An fear nach déan dán díreach Fear dána dá ríribh é!” (Sean-fhile). Bhíos im' shuidhe im' sheomra — seomra bidh, seomra codladhta, seomra le stuidéar agus gach rud do dheunamh; mar bíodh fhios agat nach acfuinn dom a mhalairt do bheith agam — agus bhíos ag sgríobhadh nuair a bhuail Micil isteach. “Th'anam ó'n Riabhach! a Shéamuis, ag sgríobhadh i gcómhnuidhe; nach mbíonn tú cortha dhe choidhche?” ar sé. “Masa, 'Sé do bheatha! a Mhicil,” arsa mise, ag eirighe agus ag cur mo cháipéisí i leath-taoibh. “Go mairir-se!” ar seisean. “Cad athá ar siubhal agat anois? Rud éigin do'n ‘Lampa’ is dócha.” “Ní h-eadh,” arsa mise, “ach thug fear an phuist a lán beart chúgham ar maidin. Ba iad na h-aistí agus na sgeulta a sgríobh mé tá coithcigheas ó shoin d'Fháinne an Lae,’ do'n ‘Stoc’ do'n ‘Lóchrann,’ do'n ‘Reult’ agus do'n ‘Sguab,’ agus 'sé an sgeul ceudna i gcómhnuidhe é: “Is oth liom go mór nach mbeidh se seo oireamhnach d'ár bpáipéar agus cuirim thar n-ais chúghat é. Le gach deagh-mhéinn, Mise, Fear Eagair.’” “Dhera,” arsa Micil, “nach mithid duit é chaitheamh uait, ná fuil fhios agat gur rugadh sgríbhneóirí, agus …” “Go réidh,” arsa mise, “ní cheisim ar mo chuid ach bhí litir dheas agam ó fhear eagar ‘An Sguab’ agus thug sé cómhairle mo leasa dhom innte.” “Ghá rádh leat gan a thuilleadh drabhfuigh- eall a sgríobhadh, is dócha,” arsa Micil, go searbhasach. “Ní gádh dhuit bheith chómh searbhasach,” arsa mise, “agus má's mian leat éisteacht, 'neosfaidh mé dhuit cad dubhairt sé. Gurab é rud a bhí uaim ach cruinneas agus do mhol sé dhom conus é sin do sholáthar .i. cnámhna an sgéil do thógaint ar dtúis díreach mar a dheineann fear tógaint tighe ar bun ar dtúis agus na fallaí do thógaint annsan mór-thimcheall air, ach gan dada ná baineann leis an sgeul do chur ann. Dubhairt sé liom cuimhneamh ar an sean- fhocal — “‘An méid 'n-a luighead.’” “Ó, seadh, sástar an sanntach le bréig,” arsa Micil. “Ach,” arsa mise, gan suim do chur 'n-a dheas-chainnt, “'sé rud a bhí mé ag deunamh nuair a tháinig tú isteach ná sgeul a dh'iarr fear eagar ‘Irisleabhar Sgríbhneóirí re Pléisiúr’ do sgríobh do.” “Molaim thu,” arsa Micil, “is dócha go bhfaighidh tú trí giní ar an ndréacht sin. Ach níor airigheas riamh a leithéid d'Irisleabhar do bheith ann.” “Ná mise, nach oiread, go dtí ar maidin,” arsa mise, “agus ní fheadar mé conus a fuaireadar m'ainm-se. Ach maidir le do thuairim go bhfaighidh mé airgead as, tá breall ort. Dar ndóigh, maran dall tú, nach léir do'n tsaoghal ó ainm an Irisleabhair go sgríobhann a lucht sgríobhtha leis an sult agus an pléisiúr a bhaineann siad as. Cuir- tear gach rud a sgríobhtar ann — olc, maith nó donaidhe.” “Ha — há — ha! Tuigim anois,” arsa Micil. “Maran bhfuil páipéar do dhiong- bhálta agat anois, ní lá fós é. Dar fiadh! cuirfidh mé monarcha pháipéir ar bun agus ní baoghal go dteipfidh sé orm fhaid is tá do leithéidí 'sa tsaoghal. Imbasa mar adubhairt an file: Is buaine bladh ná sgríbhinn, Buaine sgríbhinn ná meabhair, Is buaine bladh ná saoghal, Buaine ná daoine leabhair. “Gheobhfaidh mise aithris a dheunamh ar an bhfile agus ‘Buaine ná maoin Irisleabhar,’ do rádh. Fágaim mo bheannacht agat anois agus go dtugaidh Dia maoin dhomh-sa agus ciall duit-se.” Séamus. CÓMHRÁDH NA BHFILLÍ. Tháinig file chun doruis file eile ist oidhche agus seo mar a thuit amach eatora: Fear a' tige: Cé h-é sin amuigh? File: File na tíre agus an cheanntair, atá ag teacht i gceannsacht na ndaoine. Fear: Ní h-eadh ach file buile agus breall air, agus bheith amuigh an t-am so d'oidhche. File: Is minic a ghaibh fear buile trí thuile 'n-a thán-rith. Fear: Agus is minic a sgiob an tuile fear buile le fánaidh. File: Má's bás a ceapadh dúinn, tá an t-Athair-Mhac cómhachtach, agus bhéar- faidh sé m'anam go Flaitheas na Glóire. Fear: Ná tréig-se na h-aitheanta is ná masluigh do chomharsain, is annsan raghaidh t'anam go Flaitheas na Glóire. File: Comhairle mhaith chómhgarach neamh- chongantach, ó dhuine beag doicheallach 's a dhoruisín dúnta. Fear: “Ní le doicheall ná bochtaineacht tá mo dhorus sa dúnta. A's a ráigidhe duine! cad a bheir dhuit me a dhúiseacht. File: Nár órduigheadh óstaidheacht do'n deoraidhe fánach. Fear: Bíonn file gan cómhnuidhe i gcomh- nuidhe fánach.” ó Bhríd Ní Shíothcháin, Oileán Cléire. AN ROINN OIDEACHAIS OIDEACHAS NÁISIÚNTA Tá ceapaighthe Scoil Nuadh do bhunú i Sráid Maolbhrighde, Baile Átha Cliath, ar a mbeidh an Dr. Sár-Oirmhidhneach Ó Broin, Árd-Easpog Bhaile Átha Cliath, agus ionadach de Roinn an Oideachais mar bhainisteóirí. Beidh Príomh-Oide agus duine nó beirt Oidí Conganta (mná uile) ag teasdáil i gcómhair na scoile seo. Iarrtar ar Oidí Náisiúnta go bhfuil an Ghaedhealg aca ó dhuthchas, nó oidí atá sár-oilte i nGaedhilg, agus atá go h-Éifeachtach, iarrataisí a chur isteach ar na postanna so. Ní thoghfar aoinne i gcómhair na bpostanna so ach daoine atá i n-ann adhbhair uile an Chláir Nuaidh do mhúin- eadh tré Ghaedhilg amháin. Is féidir le lucht iarratais fuirm- eacha d'fhagháil ach scríobhadh chun an Rúnaidhe, Oifig an Oideachais Náisiún- ta, Sr. Maolbhrighde, Baile Átha Cliath. Caithfear na fuirmeacha do líonadh agus do chasadh chun na h-Oifige seo i dtreo go mbeidh siad istigh roimh an 3adh lá de Mheadhon Fógair. 1926. Oifig an Oideachais Náisiúnta, Sráid Maolbhrighde, Átha Cliath. MÁ THEASTUIGHEANN UAIT LEABHAR GAEDHILGE DE SHAGHAS AR BITH Gheobhair annso é Deinimíd LEABHAIR an ATHAR PEADAR do chraobhscaoile Sinne Muintir BRÚIN & NUALLÁIN 2 Sráid an Chócaire, I gCORCAIGH SEÁN Ó CONAILL Dealbhóir Gaedhlach, SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH Sgríobh ag triall air Ceist do cuireadh ar dhuine a bhí ar phósadh: “Cad é an chóir bidh a cuireadh oraibh?” “Arán agus léim girr-fhéidh d'im air agus feoil go maidí scean.”
AN LÓCHRANN. Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí — Bainisteoir “An Lóchrann,” 27 Sráid Tucaí i gCorcaigh agus Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus scríbhneóireachta go dtí — Fear Eagair “An Lóchrann,” 119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc Bleá Cliath. Seoltar síntiúsaí oinigh go dtí — Tadhg Ó Tuama, Muirebhille, Bhóthar Bhictória, Corcaigh. “An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh Bliana 3/6 AN GEIMHREADH SEO ROMHAINN. Ní fada uainn Meitheamh an Fhómhair agus an Geimhreadh — saosúr eile chun oibre do'n Ghaedhilg agus do'n náisiúntacht. Is mór a mbeidh de ranganna Ghaedhilge ann fé'n gConnradh, fé na Comhairlí Conndae i scoileannaibh agus i gcoláistibh ar fuaid na tíre. Na dteannta san beidh daoine go príomháideach ag staidéar ar an dteangain náisiúnta agus beidh fóirne drámíochta agus lucht ceoil agus lucht na rinncí nGaedhealach ag déanamh a gcuid. Aon chuspóir amháin atá ag an obair sin uile .i. d'iarraidh náisiúntacht Gaedheal a chur ar ais arís i n-uachtar i n-Éirinn. D'iarraidh é sin a chur i n-ionad an ruda atá ar uachtar againn — an náisiúntacht iasachta d'fhan againn tar éis a h-údar do dhul uainn. Is deacra fá seacht an náisiúntacht Ghaedhealach a chur ar fagháil ná na Saor- stáit nó na Stáit Phoblachtacha so go bhfuil an clisiam go léir ar siubhal mar gheall ortha ameasc lucht polaitíochta i n-Éirinn. Is dóigh gurbh é sin cúis fár tréigeadh an náisiúntas ag a lán aca. Tá teanga, nósa, litríocht, lúth-chleasa agus síbhialtacht Shasanna ar uachtar “gan freasabhra” againn. Ní thugamair cúl riamh leo, ná ní thugamair fuath dhóibh, is baoghal. Caithfear cúl a thabhairt leo. Is chun cúl a thabhairt leo san a bheifear ag tosnú arís ar na rangaibh Gaedhilge ar fuaid na tíre uile gach lá feasta. Is fada trom an gnó atá le déanamh ach déanfar é má bhíonn an toil ann; agus múinfear do mhuinntir na h-Éireann, sa deire, gur mó an cháil náisiúntachta dhóibh é Gaedhilg a bheith aca agus a labhairt ná dá gcaithidís saoghal Chaillighe Béara ag cáineadh agus ag maslú a gcomharsan i n-Ainglis tré stainncín polaitíochta. An Gaedheal ná tuigeann é sin níl ann ach guagán gliogair. Anois nó riamh is cóir do lucht na Gaedhilge iad féin agus a dteagasc a chur i n-iúl. Do réir gach scéil tá Toghadh Mór ag teacht an bhliain seo chughainn agus do réir an fhuadair atá fé rudaí ní h-uais- leacht náisiúntachta atá ag cur tinnis ar urmhór lucht polaitíochta. Tá dreamanna nua ag cur a gceann aníos agus ní ró-mhaith an dóchas do'n teangain náisiúnta iad. Sé slí atá an scéal ag an nGaedhilg sa tsaoghal atá anois i nÉirinn — go bhfuil beagán cáirde aici atá dáiríribh agus a thuigeann “feallsúníocht” na h-oibre. Is aithnid iad toisc a laighead atá ann díobh. Tá pobal mór ann ná tuigeann tábhacht an scéil ar aon chor ach go bhfuil mian caoch éigin 'á dtabhairt ar thaobh neithe a innstear dóibh a bheith “náisiúnta.” Pobal mór iseadh iad. Tá pobal eile beagnach chomh mór leo ná tugann dílse ar bith d'Éirinn ná do náisiúntacht, agus ortha san tá naimhde do'n Ghaedhilg agus do náisiún- tacht Ghaedhealaigh — urmhór de lucht speilpe agus teaspaigh na tíre agus gach bastún gan eolas i n-Éirinn do-ghní sodar na ndiaidh. Is maith an rud troid leis an dream deiridh sin — deintear é — ach is tábhachtaighe é greim d'fhagháil ar an dream go bhfuil an soi-mhian ionnta chun náisiúntachta, agus iad-san a thabhairt chun creidimh. Téigheadh an chuid eile leis an ngaoith fé mar raghadh géagáin bhriste an chrainn lá na stoirme. Deinimís teagasc ar an dream mór mar sin, agus bíodh fios an scéil go cruinn aca agus a dtoil ar aon dul le n-ár gcomhairle- na. Beidh gádh géar le na gcabhair an bhliain seo chughainn. Milis glór gach fir Ag a mbí cuid agus spréidh. Searbh glór an duine lom (luim) Bun os cionn 'seadh labhrann sé. Fearr múine ná buirbe mhór, Fearr cóir ná dul chun dlighe; Fearr teach beag agus teann lón, Ná teach mór agus beagan bídh NA SCRÍBHNEÓIRÍ ÓGA. Táimíd á iarraidh ar na h-Oidí Scoile sa Ghaeltacht “An Lóchrann” a chur i n-aithne do sna leanbhaí fásta 's na scoileanna agus iad a ghríosú agus a stiúradh chun dul ag cuardach sean-scéalta, &c., ameasc na ndaoine. Ba cheart na leanbhaí a theagasc i dtaobh an oidis béil agus an tsean-chultúra agus connus é aithint — agus connus é scríobhadh síos. Ní fearr slí ar bith eile chun dúil sa litríocht a mhúscailt ionnta agus grádh tuiscionnach d'Éirinn. Tá rud bréagach seasc ag dul i gcluasaibh leanbh le tamall ó theagasc an phobail ná fágfaidh náisiúntacht ná grádh tíre ionnta. Bíodh leanbhaí na Gaeltachta, ar a laighead lán d'eolas ar Éirinn. Sean-tír í agus sean- naisiún sinn-ne a bhí ann i bhfad roimh 1922! DUAISEANNA. Aon chailín nó buachaill a chuirfidh go dtí Fear Eagair “An Lóchrann” aon bhailiú maith de'n tsean-aimsireacht a gheobhaid ó na seandaoine — seana-scéal, nó filíocht nó seanfhocail nó cainnteanna blasta, beidh leabhar maith slachtmhar le fagháil aici nó aige mar dhuais, agus cuir- feam an chuid is fearr de gach bailiú i gcló sa “Lóchrann.” Deinidh na seandaoine a cheistiú i dtaobh rudaí mar seo — Fianna Éireann, Cúchulainn, Domhnall na nGeimhleach, An Púca, An Gobán Saor, An Ghlas Ghaibhneach, Balar Béimneach, An Mhurdhúch, Siobháinín is Domhnaillín, an Rón, Ainmneacha na gcnoc is na mball nbhur dtimcheall, na h-ainm- neacha a ghabhann le cine daoine seachas a chéile — na céadta rúd go bhfuil eolas aca ortha agus ná fuil an t-eolas san fós agaibh-se. Deinidh an fios a mhealladh uatha le ceistiúchán nó le plámás nó le cleas — ach bíodh sé agaibh ar shlí éigin. Tá súil againn go mbeidh orainn a lán de sna leabhraibh sin a bhronnadh oraibh. Fear “An Lóchrann,” 119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc, Bleá Cliath. SEANFHOCAIL Ó CHONNACHTAIBH. 1. Ná mol luath é ar eagla go gcáinfeá mall. 2. Mara bhfuil rud agat féin Déin do ghoradh leis an ngréin. 3. Buail mise is cuir tu féin ag gol. 4. Ní lughaide an trócaire í roinnt. 5. Is measa aghaidh an duine sin ná próiseas. 6. Ní gleann follamh a dtagann an bháisdeach fhéin as. F. Ós duine tu a folcadh i dtobar na naoi mbéithe, Is gur léir gur fogus duit cogar na fíor-éigre, Cuir chughain-ne agallamh, aiste nó stuadh Ghaedhilge I gcuimhne ar sheana-stoc ana-mhoch chlainn Éilge.
AN TOST. VI — 1975. “Fionnbarra Ó Suibhne le bheith i n'Aire um Ghnóthaí Aeir.” Dubhairt a bhean gur mhaith a thuill sé an gradam, ach gur i n'uachtarán ba chóra dhó bheith. Dubhairt a chlann ná béadh bac ortha feasta dul go Nua Eabhrach gach seachtmhain. Dubhairt an choitchiantacht, mar is béas le n-a leithéid ó ceapadh Noé mar aire um. loingseoiréacht, ná raibh aoinne ba lugha teideal chun na h-aireachta san ná an té do ceapadh. Maidir leis an nduine bhocht féin, do b'é do b'fheárr a thuig cad do bhí i ndán dó. Thug sé a chéad chuaird ar an aireacht an lá dár gcionn d'fhonn ughdarás d'fhagháil go feidhmeamhail ó'n aire do bhí ag éirighe as, an Taoiseach Ó Maoileóin. Tar éis dóibh tamall do thabhairt ag pléidh cúrsaí aerlong agus eiteallán, d'éirigh an Taois- each agus do chuir an glas ar an dorus. “A leithéid seo,” ar seisean. “Tá stóras mór íle agus innleachta i bhfolach againn ag cuid des na caladhphuirt thiar. Dá ráinigheadh cogadh do theacht orainn, do bheidís sin luachmhar thar mheodhan dúinn — nó d'aoinne eile a gheobhad iad. Ach ni féidir teacht ortha gan eólus áirithe atá fé chimeád na nglas sa tseómra so amháin. Féach go h-aireach anois ar a ndéanfad.” Chuaidh sé anonn mar a raibh leabhragán mór agus do thóg cúpla ceann des na leabhra as. Annsan do bhog sé i leathtaoibh comhla bheag do bhí taobh thiar díobh, agus do nochtadh poll eochrach. “Féach,” ar seisean, “dá ndeininn-se an daingean d'osgailt ar an bpuinnte, bhéadh an bheirt againn marbh fé chionn neómait, mar is amhlaidh a sgaoilfí gal mharbhthach a líonfadh an seómra. Ach tá cnaipe beag sa taracán láir sa chrinnlín sin, féach” — agus do chas sé é. “Is féidir an daingean d'osgailt gan baoghal anois, mar seo. Cuid de'n bhfalla iseadh an leabhragán. Do cheapas féin seift na gaile d'eagla aoinne do teacht ar an eochair. Seo dhuit í — agus cuimhnigh ar an gcnaipe.” “Tá súil agam ná beidh gádh le ceachtar aca fhaid a bhéad-sa annso,” arsa Fionnbarra. “B'fhearra dhuit gan codladh ar an gcluais sin. Má's inchreidte na tuairiscí atá fachta againn, ní h-aon fhuadar foghanta atá fés na Seapánaigh. Ag dul i n-olcas atá an chaismirt idir iad san agus an dá America; agus deirtear go bhfuil ár seana-chara Seán Duibhe ag séideadh fúta. Má bhíonn sé 'n-a chogadh ba dheacair dúinne dul saor, dá mhéid fonn a bhéad orainn fanamhaint ar an gclaidhe. Do chuirfinn geall go n-éileochadh Sasana ceart siubhail d'á loingeas aeir annso, ar a luighead. Cad do dhéanfadh mac an chait ach luch do mharbhú?” Do ghluais an aimsear. Má ghluais, bhí na sgamaill ag éirighe níba dhuibhe sa domhan toir, agus ba mhinic Fionnbarra ag machtnamh ar an gcaint adubhairt an Taois- each leis. Fé dheire do tháinig an splannc tóirthnighe: fógairt chogaidh ó'n Seapáin agus ó Shasana ar an dá America. Níor bheag an imnidhe agus an chorraighil do bhí i nÉirinn mar gheall ar an sgéal. Na céadta daoine ag filleadh go dithneasach ó n-a saoire sul a mbéarfadh an t-ár ortha. Daoine ag sáthadh pinginní isteach ins na h-éisteacháin ag gach ceann sráide chun na sgéalta ba dhéanaighe do chlos. Na comhluchtaí aersgéala ag lorg breis fuirne. Na fir ná béadh i nfheadhma d'aon arm ghá áiteamh go dian gur chóir d'Éirinn bheith ag troid ar an dtaobh so nó ar an dtaobh eile. Agus — an gádh é luadh? — na siopadóirí ag daoirsiú a gcuid earraí go spéir “mar gheall ar an gcogadh.” Tionóladh cruinniú speisialta de'n Dáil agus do chraol an t-uachtarán caingean an Riaghaltais. “Ní bhaineann an cogadh so linne,” ar seisean, “agus ní mian linne baint leis. Taimíd ghá fhógairt do'n domhan uile, agus go h-áirithe dos na tíortha atá ag troid, ná fuil- imíd agus ná beimíd ar aon taobh, an faid ná cuirfear cath orainn. Má tá báidh ag Éirean- naigh le h-aon taobh aca nó má tá fuath aca d'aon taobh aca isé a mbuac gan an bháid sin ná an fuath san do nochtadh. Béal iadhta, obair dhícheallach, agus muinighin as Dia — siní mo chomhairle-se dhíbh.” Má fíoradh an chéad chuid de chaint an Taoisigh Ó Maoileóin, ba gheárr gur fíoradh an tarna cuid mar a gcéadna. Fuarthas ultimatum ós na cáirde buidhe, mar a thugadh lucht magaidh ortha, ghá éileamh go dtabharfaí ceart siubhail dóibh i nÉirinn agus ós a cionn, agus go mbéadh neart aca tarrac ar an stóras san iarthar agus lonú ins na cuanta ann. Mura bhfuighdís an cead san taobh istigh de dhá uair déag a chluigh, go dtuigfí an Phoblacht do bheith ar thaobh a namhad. Ar a naoi-déag a chlog iseadh fuarthas an t-ultimatum, agus tionóladh an Riaghaltas láithreach bonn baill. I gcionn trí n-uaire a chluig do cuireadh thar n-ais an freagra ba dhual do Ghaedhil agus do séideadh an rosc catha. Ar sgaipeadh do'n árd-chomhairle do thug Fionnbarra aghaidh ar a oifig. Ní raibh fios an sgéil ag a lucht comhairle fós agus bhí éacht le déanamh laistigh de bheagán aimsire. Bhí an oifig fé dhoircheacht agus a sheomra féin fé ghlas mar ba ghnáth. Bhí sé ar tí an dorus d'osgailt nuair a chonaic sé, ar feadh neómaitín amháin, an léas beag soluis ag teacht tré pholl na h-eochrach. Bhí duine éigin istigh! Cad do dhéanfadh sé? Imtheacht ar lorg congnaimh? Ach dá n-imthigheadh, b'fhéidir go mbéadh an díoghbháil déanta sar a bhfilleadh sé. Air féin amháin do bhéadh a sheasamh, má's eadh. Do tharraing sé a ghunnán amach, do chuir ar tinniol é, agus do chas an eochair go breágh réidh sa ghlas. Buidheachas le Dia, níor dhein sí díoscán! An dorus d'osgailt annsan, gan fothram dá luighead do dhéan- amh, agus an fearras 'n-a láimh dheis aige. Bhí sé nach mór istigh nuair a ghluais an t-urchar agus mhothuigh sé an piléar ag imtheacht thar a chluais. Do phreab sé isteach agus do sgaoil fé dhó leis an bhfear do bhí 'n-a sheasamh le h-ais an leabhragáin. Thuit sé sin agus níor chorruigh a thuille. Do leath lochán fola amach go righin fé sholas na gealaighe. Do las Fionnbarra an solas teinntrighe. An chéad nidh do thug sé fé ndeara, ná go raibh cúpla leabhar tógtha as an leabhragán. Bhí an chomhla gan osgailt, ach bhí eochair — macsamhail d'á eochair féin — le h-ais an spiaire. Do chrom sé agus do chuardaigh pócaí an mhairbh. An té a chuardochadh iad agus a bhéadh dall ar an saghas duine do bhí aige, ní thabharfadh sé aon áird ar an méid do bhí ionnta. Ach ba leór d'Fhionnbarra nóta beag amháin do fuair sé. “Beimíd ann anocht. Bíodh an t-eólus agat fé mheadhon-oidhche. F. B. H.” F. B. H.? F. B. H. —? Cá bhfeacaidh sé na cinn litreacha san cheana? Annsan do tháinig sé chun a chuimhne. F. B. Hoxton, do bhíodh i n-a cheann ar aerloingeas na h-Éireann go dtí trí bliadhna ó shoin. Árd- mhainighin ag an Riaghaltas as, agus eólus aige dá réir. Annsan d'éirigh sé as a phost i bhfus agus do fuair ceann do b'aoirde thall. Thuig Fionnbarra an sgéal anois, agus go raibh an chonntabhairt abhfad níba ghiorra dhóibh ná mar a mheasadar. Bhéadh loingeas na namhad ann fé mheadhon-oidhche. Bhí sé a 23 anois, agus gan aon chipí cosanta ag an gcathair gur bh'fhiú trácht ortha. Thiar do bhí a neart go léir. Do phreab sé chun an ghutháin agus d'innis do'n uachtarán a raibh fachta amach aige. Annsan do labhair sé le muinntir an Airm agus an Aeir, ghá iarraidh ortha congnamh do chur chucha ar an dá luathas, agus cabhair na bPonncánach d'fhagháil dá mb'fhéidir é. Bhéadh sé fuar ag Éirinn bheith ad' iarraidh an fód do sheasamh 'n-a h-aonar feasta. Bhí sé ag tabhairt na n-órduithe do cheann na loingeas nuair airigh sé tormán na n-aerlong anoir. Bhí an oifig ar imeall theas na cathrach agus í ar an árd, i gcás go raibh radharc aige soir agus siar. “An gcloiseann tú mé, a Phádraig? Táid chughainn anois … Fan go bhfeicead cé mhéid … Go bhféachaidh Dia orainn, tá dhá cheann fichead ann des na longa móra dearga … Seadh, chúig céad fear i ngach ceann aca. Táthar chughainn dáiríribh! … Fan go fóill … An gcloiseann tú mé, ná h-imthigh go fóill … bhfuil tú ann fós? Éist go h-aireach anois. Nílid ag leanmhaint
ortha siar i n-aon chor ach túirliocan ag an Aerstad Theas … Seadh, an uile cheann aca. Ar nóin, táid chun an chathair do ghabháil ar dtúis agus greim d'fhagháil ar chroidhe na tíre … Féach, táid uile go léir lonuithe ag an Aerstad Theas, agus má thagann sibh suas le cuid d'oll- loingeas America beidh agaibh … Go maith, go maith. Ach ar son Dé, brostuighidh chughainn!” Do chuir sé an guthán uaidh agus critheán 'n-a bhallaidh beatha go léir. A leithéid de phráinn uathbhásach níor tháinig ar aoinne chomh h-obann riamh. Bhí sé ad' iarraidh a mheabhair do chruinniú arís nuair airigh sé an fothrom aníos ó'n sráid. Na gluaisteáin Ghallda agus iad lán de shaighdiúirí! Do rith leis de phreib go raibh sé féin i gconntabhairt — é féin agus an t-eólus sár-luachmhar úd. Do phioc sé suas an eochair do bhí le h-ais an mhairbh, do sháidh na leabhra go dithneasach thar n-ais sa leabhragán agus do dhún é. Do chaill sé leath-neómat ag lorg a eochrach féin, agus an t-allus ag tuitim de le neart deabhaidh agus imnidhe. “A Dhia, cá gcuirfead iad!” ar seisean leis féin, agus le n-a linn sin do chonnaic sé an porrán beag idir íochtar an chrinnlín agus an t-urlár. Do rop sé isteach an dá eochair. Ar éigean do bhí an méid sin déanta aige nuair do sgiúrd ceathrar fear an dorus isteach agus saothar ortha. Oifigigh ghallda iad agus gradam árd aca, do réir a n-éide. D'aithin sé duine aca — General Walsingham, duine de lucht ceannuis an Aeir thall. Bhí gnó ag Fionnbarra leis i Lonnduin tamall roimis sin. Do léim Walsingham le h-áthas nuair a chonaic sé cé bhí aige. “An t-Aire féin, a bhráithre! Ambasa, tá an t-ádh linn. Seo, Smith” (le fear do bhí sa phasáiste lasmuich) “cuir an glas ar an ndorus so istigh agus cuir do dhrom féin leis chomh maith. Tá éan againn annso gur fiú é chimeád.” Idir an dá linn bhí duine eile aca tar éis an corpán do thabhairt fé ndeara. D'iompuigh sé ar a dhrom é. “An Beirneach!” ar seisean. “An fear do b'fheárr do bhí againn i bhfus. Bhí fhios agam gur chuir Hoxton annso é ar thóir na léar- sgála úd.” D'iompuigh sé go fíochmhar ar Fhionnbarra. “Dar so is súd, ach go ndíolfaidh tú féin as!” ar seisean. Do thóg Walsingham lámh leis. “Go réidh, go réidh,” ar seisean. “Ní gádh an bhuirbe ar fad. Is fíor go gcaithfidh an Suibhneach anam do thabhairt ar anam, ach tá gnó againn de idir an dá linn. Tá sé chomh maith dhúinn suidhe.” Do shuidheadar. Bhí Walsingham mar a bhéadh breitheamh ag ceann an bhúird, agus Fionnbarra 'n-a phríosúnach i lár baill. Do chrom Walsing- ham ar é cheistiú. “Is dócha go bhfuil tuairim éigin agat do'n ghnó do thug do chuairteóir annso — an cuairteóir nach maireann, atáim a rádh?” “Tuigim go h-áluinn cad do thug ann é. Agus tá tuairim agam go dteipfidh mar a gcéadna ar na cuairteóirí do tháinig 'n-a dhiaidh.” “Mol an lá um thráthnóna, a chara. Tuig an méid seo go h-áirithe má theipeann, imtheochaidh ort-sa mar d'imthigh air siúd.” Do gháir Fionnbarra. “Ná deinidh aon dá chuid d'bhur ndícheall,” ar seisean. “Ach má's é an bás atá i ndán dom ar aon chuma, mar a dubhraís ó chianaibh, ní thuigim go bhfuilim fé chomaoin chomh mór san agaibh go ndéanfainn rud oraibh.” “Nach deisbhéalach an diabhal thú! Ach bainfimíd an deisbhéalaighe dhíot — Smith, faigh cúpla fear eile agus cuardaighidh é.” Do cuardaigheadh, agus do fuarthas raint eochrach i gceann des na pócaí aige. Siúd ag tástáil na n-eochrach iad féachaint an osclochadh aon cheann aca an crinnlín. D'osgail, agus do chrom na h-oifigigh ar a raibh sna taracáin d'iniúchadh. Bhí dhá eagla ar Fhionnbarra: go bhfeicfí na h-eochracha do bhí foluithe aige, agus go bhfuighdís amach an cnaipe do bhain leis an ndaingean. Ach ar ádhbharaighe an tsaoghail ní sa taracán féin do bhí sé sin ach suidhte san adhmad lastuas ar an dtaobh istigh. Ba gheárr go bhfuaradar bosca cruaidhe agus é fé ghlas. Níor oireamhnuigh aon cheann des na h-eochracha é. Tugadh ceár- duidhe isteach agus do h-órduigheadh dó é d'osgailt, ach do chuaidh d'á dhícheall. Do labhair duine des na h-oifigigh. “Dá mbéadh gléas lasrach againn,” arsa sé, “is dóigh liom go leaghfadh sé an chruaidh agus go n-osclochaimís ar an gcuma san é.” “Máith an áit a rabhais! — Smith, faigh gléas dúinn.” D'imthigh an saighdiúir agus do tháinig isteach arís i gcionn tamaillín agus rud éigin aige do bhí cosamhail le griangrafán, ach cúpla roithín bheith lasmuigh air. Do shín sé chun an Taoisigh é, do chuir an glas ar an ndorus arís agus do chuir a dhrom leis sin, mar a dhéanfadh saighdiúir maith. Níorbh' fhada go raibh an glas gearrtha glan as an mbosca cruaidhe agus é ar osgailt aca. Páipéirí do bhí istigh — do thogh Walsingham amach iad go dúilmhar dithneasach. Má thóg, ní bhfuair sé ionnta ach cáipéisí gan tairbhe. Tháinig néal buile ann. “An amhlaidh a mheasann tú ceap magaidh do dhéanamh dínn?” ar seisean, go fíochmhar. “Má mheasann, tá dearmhad mór ort. Innis dom láithreach cá bhfuil an léarsgáil úd, nó tá rud éigin is measa ná an bás i ndán duit.” “Dubhart leat ná béadh an t-eólus le fagháil.” “Smith, sín chugham an gléas lasrach san arís — Sibh-se, cuiridh an príosúnach i n-a sheasamh leis an bhfalla san thall. Cean- gluighidh a chosa agus a lámh chlé, ach ná bacaidh a lámh dheas go fóill — Seadh. Sín amach a lámh dheas anois agus ceangal de'n chrúca san é.” Do rith sé le Fionnbarra, nuair a bhí an méid sin déanta aca, gur minic do bhí sé díreach mar sin agus é ar sgoil fadó, nuair a bhíodh cluiche na gcaipíní ar siubhal aca, agus a lámh sínte amach chun go mbuailfí leis an liathróid í. Do labhair Walsingnam leis arís. “An gléas beag seo,” ar seisean. “Níor mhiste triail do bhaint as ar dtúis chun a fheidhm do theasbáint duit. Féach ar an gcathaoir sin neómat.” Do bhain sé cúpla casadh as roth ar an mbosca bheag. B'shiúd amach as an lasair nimhe, deich dtroighthe ar faid, agus ar leagadh na súl bhí cos de'n chathaoir 'n-a luaithrigh agus poll maith mór loisgithe san urlár. Do bhánuigh Fionnbarra. “An dtaithneann san leat? Ach táimíd ag cur ama amú. Teastuigheann léarsgáil áirithe uainn — tá's agat cad é an ceann. Is eól dúinn í bheith i mball éigin sa tseómra so. An 'neósair dúinn cá bhfuil sí?” “Ní 'neósad.” “Is truagh liom tú bheith chomh dícéillidhe sin. D'fhéadfaimís an seómra do réabach as a chéile ach is usa dhúinn an t-eólus d'fhagháil uait-se. An mór agat do lámh dheas?” Níor labhair an cime. “Abraimís gur mór, má's eadh. Nach mó rud a dhéanfadh sí dhuit? Dá mbeitheá ag suirighe nó ag rinnce, cuir i gcás, nár mhór an truagh í bheith de dhith ort? Nó má's ag obair a bhíonn tú, nár mhór an truagh gan í bheith agat chun t'ainm mór-chomhachtach Aire do shighniú? Seadh, má's eadh. Cia'ca is measa leat — an lámh nó an léarsgáil?” “Deirim leat ná fuighfir an t-eólus.” (Tuille le teacht.) CAINNT NA n-ÉAN IS NA n-AINMHITHE. An Coileach fraoigh (leis an gCirc fraoigh): A Mháiréad! a Mháiréad! sparáil an fraoch! An bhfeiceann tú an cnoc sin agus an cnoc sin agus an cnoc údan thall! Máiréad (á fhreagairt): Agus an cnoc a bhfuilimíd ann! [Is ó nós san na gcearc fraoigh a tháinig an sean- fhocal “sparáil na circe fraoigh ag an bhfraoch” ag tagairt do sparáil mhí-thuiscionnach gan gádh.] F.
CLÓDHANNA NUA. SEANFHOCAIL NA MUIMHNEACH — Is fada sinn san Mumhain 'á chásamh ná raibh ár gcuid seanfhocal ar fagháil againn ach pé ceann aca d' fhéadfaimís a bhreith linn 'n-ár gcuimhne. Ach seo anois againn sean ráidhte ár sínsear bailithe, eagaraithe, uimhrithe, mínithe ag “An Seabhac” i gcló leabhair mhóir 275 leathnach. Sé an bailiú é is fearr dá ndearnadh riamh ar na seoda cainnte atá tagaithe anuas chughainn ó na daoine a labhradh an Ghaedhilg — agus Gaedhilg amháin — agus a chuir a dtuairimí ar ghnóthaí an tsaoghail agus na beathadh i bhfuirmibh cainnte nár sáruigheadh i n-aon teangain ar chruinneas, ar chomhgaracht ná ar bhinneas. Sé an leabhar so an saothar is mó agus is deacra dá ndearnaidh “An Seabhac” agus tá scoláirí agus lucht foghluma na Gaedhilge fé chomaoin go bráth aige; agus tá seod-leabhar tugtha aige do gach Muimhneach gur féidir leis an teanga mháthardha a léigheamh. “Cualacht Oideachais na h-Éireann,” i mBleá Cliath & i gCorcaigh atá 'á fhoillsiú, fé chlúdach éadaigh agus clár agus 3/6 a fhiacha. M. Ó. F. CATH RUIS NA RÍ FOR BÓINN — Leabh- rán beag slachtmhar é seo. An t-Athair Peadar a scríobh é, ar aithris an tsein-scéil. Is cosúil é leis na mílte leathnach eile de'n tsaghas céadna oibre d'fhág an t-athair Peadar i ndiaidh a láimhe. Badh “dul le cnósacht trágha go h-Ínse” dhúinn bheith ag moladh na Gaedhilge atá ann. Nuair a léigheamair é tháinig arís i n-ár n-aigne an ní go mairfidh cáil an Athar Peadar 'na thaobh .i. gurbh é, le treise a inntleachta agus a thola agus le feabhas a dheagh-shompla a thug chun críche é gurbh í an chainnt a labhraid na daoine a bheidh mar mheodhoin litríochta sa Ghaedhilg. Tá nótaí ó láimh an Athar Peadar féin ann. Brún agus Ó Nóláin a fhoillsigh. Tá deallramh slachtmhar ar an gclúdach éadaigh atá air. Fr. an L. GUNTACHT CAINNTE — Domhnall Ó Mathghamhna do cheap an leabhar so. I gcomhair lucht foghluma é agus tá tais- beánadh maith ann ar an mbóthar is ceart a ghabháil chun go mbeadh cuma nádúrtha ar an nGaedhilg a foghlmochaí. I “bhFáinne an Lae” bhí na ceachtanna so ar dtúis. Is ait linn an neamh-shuim atá ag an údar i modh fo-shuidhteach na mbriathar. Raol atá ar an leabhar ó Bhrún agus Ó Nóláin. Fr. an L. TRIÚR MAC NA BÁRDSCOLÓIGE Nuair do bhí an aimsir dhéanach ag teacht ar an mBárdscolóig do chuaidh an mac ba shine chuige féachaint cad d'fhágfadh sé aige féin. “Níl aon rud agam d'fhágfainn agat,” ar an Bárdscológ, “ach crann athá lasmuich do'n chúirt agus bíodh a bhfuil os cionn talmhan agus fé bhun talmhan agat de.” Do chuaidh an dara mac go dtí é féachaint cad d'fhágfadh sé aige féin. “Níl dada agam d'fhágfainn agat ach crann,” ar sé “agus bíodh a bhfuil críon agus glas agat de.” Do chuaidh an tríomhadh mac go dtí é agus d'fhiafruigh sé dhe cad d'fhágfadh sé aige féin. “Níl dada agam d'fhágfainn agat ach crann athá amuich annsan agus bíodh a bhfuil cam is díreach agat de. Cuireadh an t-athair annsan agus an crann tabhartha do'n triúr aca. Do bhí gach aoinne aca ag rádh gur leis féin é agus do bhí sé na throid eatorra. Do bhí fear cirt ar an mbaile agus do chuadar go dtí é agus d'innis gach aoinne a scéal fhéin do. “Ní bhfaghainn aon réidhteach do dhéanamh eadraibh,” ar fear an chirt, “mar is le gach aoinne 'gaibh an crann d'réir uadhacht bhur n-athar ach cib é duine agaibh is fearr gaisce is leis a gheobhaidh an crann. “Cad é an gaisce is mó do rinne tusa aon lá amháin riamh?” ar fear an chirt leis an gcéad fhear. “Sé an gaisce is mó do rinne mé,” ar sé sin, “ach páirc naoi n-acra do bheith ann agus naoi ngeata do bheith ar an bpáirc: girrfhiadh do leogaint dá rámhan déag uaim ar maidin agus mo chos deas do cheangal dom ghualainn, ní leigfinn an girrfhiadh amach i n-aon gheata dhíobh ó mhaidin go dtí an oidhche.” D'fhiafruigh fear an chirt de'n dara fear cad a bhí sé inneamhail ar a dhéanamh. “Sé rud atáim-se inneamhail ar a dhéanamh,” ar an dara fear, “ach mé do bheith anáirde ag marcaidheacht ar an gcapall is mire do rioth cúrsa ráis riamh do chuirfinn ceithre crúdh fé gan aon choiscéim dá chuid reatha do chur amugha air.” D'fhiafruigh fear an chirt de'n tríomhadh fear cad a bhí sé inneamhail ar a dhéanamh. “Fear d'fhagháil lán cairt capaill de lóchán coirce agus dul ar an gcnoc is aoirde gheobhthaí an lá gaoithe is mó gheobhadh teacht agus d'réir mar do chaithfeadh sé amach as an gcairt é le sprann (.i. píce) mise dhá líonadh isteach i málaí. Ní leigfinn,” ar sé sin, “aon bhilleóg de ar an dtalamh agus nuair a bheadh sé ag caitheamh na bhilleóige deiridh de amach do bheinn-se ghá chur isteach sa mhála.” “Ní bhfaghainn an crann a bhuachaint le h-aoinne 'gaibh,” ar fear an chirt, “ach cib é duine 'gaibh is mó leisce is é a gheobhaidh an crann.” Do cheistigh sé an chéad fhear arís. “Sí an leisce is mó a bhí riamh orm-sa,” ar an chéad fhear, “ach me bheith im' luighe idir dá dhoras agus sioc agus sneachta do bheith ag séideadh; ní leigfeadh leisce dhom éirghe agus dul isteach i n-aon doras díobh.” IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD 1926 Gaedhilg ó chuirr go cuirr DÁNTA, SCÉALTA, TRÁCHTAISÍ, LSS EAGARTHA, &c. 1/6 Le fagháil ó MHUINNTIR GUILL nó ó MHUINNTIR EASON, Áth Cliath. AN BONN a's AN CORN a's AN CHRAOBH DO'N LÚTHAIDHE AN SEÓD LUACHMHAR & obair chondualach air An stoc so againn-ne níl a shárú in Éirinn breághthacht agus buaine LIAM MAC AODHGÁIN Is a Chl. Mhac Seódoirí agus Gaibhne geala, 31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA I gCORCAIGH De dhéantúisí SHEÁN TÓIBÍN iad so: TÍREÓLUIDHE AR ÉIRINN — Leabhar in a bhfuil Tíreólas, Tlachteólas, Luibheólas agus Stairshean- chus a bhainean le h-Éirinn. Ar 5/- ó Chualucht Brún & Ó Nualáin, in Áth Cliath nó i gCorcaigh. Ó FÁILBHE MÓR — Dráma a rinn D. Ó Corcura; ar 1/- ó Chualucht Brún & Ó Nualáin. URSA AN ANAMA — Leabhar paidreacha a bhfuil pictiúirí léirithe an Aifrinn ann. É oiriúnach mar bhronntanas do'n leanbh nó do'n duine fásta ná fuil ró-láidir sa' Ghaedhilg. 2/-. PAIDIR IS FICHE — Paidreacha beaga bhlasta ó'n nGaedhaltacht; ar 4d. agus ar 1/2. Mac Aodhgáin & a Chl. Mhac a dhíolan na leabhair sin paidreacha, ag 32 Sráid Pádraig, i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA LE H-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL Ó MATHÚNA agus a gCualacht Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh SOLÁTHRUIGH CÓIB DE “SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH” “AN SEABHAC” do bhailigh agus do chur i n-eagar, maille le nótaí, tagarthaí ranna, béal-oidis, réamh-thagradh, &c., &c. Bláth agus cruinneas agus “Blas” fíor na Gaedhilge ann. Mianach Óir an leabhar so do lucht litríochta agus staidéir agus go mór mór d'aon duine gur mhian leis slachtmhaire agus cruth Gaedhealach a bheith ar a chuid cainnte aige CULTÚIR AIGNE agus CAINNTE na nGAEDHEAL 2152 seanfhocail, 262 pp. + XII,. fé chlúdach éadaigh, 3/6 le fagháil ó CHUALACHT OIDEACHAIS NA h-ÉIREANN 89 Sráid Talbot, Áth Cliath; 11 Sráid Pádraig, Corcaigh “'D í an leisce,” ar fear an chirt leis an dara duine, “is mó do bhí riamh ort-sa?” “Me do bheith sínte ar chnámh mo chúil fé bhun simné,” ar sé sin, “a mbeadh an súgh ag tuitim anuas ann agus me do bheith am chaochadh aige, ní leigfeadh leisce dhom mo shúile do dhúnadh air.” D'fhiafruigh fear an chirt de'n tríomhadh fear “'d í an leisce is mó do ghaibh riamh é?” “Sí an leisce is mó do bhí orm-sa,” ar sé sin, “ach beirt bhan do bheith i ngrádh liom agus ná leigfeadh leisce dhom póg do bhaint d'aoinne 'ca.” “Do leisce-se sí leisce is mó dhíobh í,” ar fear an chirt, “agus athá a bhfuil os cionn talmhan agus fé na bhun, cam agus díreach, críon agus glas agat de'n chrann. Seán Ó Curráin, An Rinn. AN MIASMA. A Mhic an Daill, éirigh it' shuidhe, Tá na ba sa mhaorabhán I mbarra guirt Uí Mhaolabháin. Bhí Mac an Daill 'na chomhnaidhe i mBaile Mhic an Daill i n-aice an Daingin. Cailleadh a bhean nó a inghean agus cuireadh i dteam- pal Fionntrágha í. Chuaidh sé maidin Lae na Miasmaí go dtí an roilig agus tháinig sé chun na h-uagha agus d'iarr miasma — “Miasma seadh iarraim-se, 'rún chroidhe! Mar is fada liom ataoi'nn tú id' dhubhluighe, I dTeampaillín Fionntrágha cúl le tráigh.” Ní raibh aon oidhche 'na dhiaidh san ná go mbíodh sí lasmuich d'á thigh ag faire air chun rud éigin a thabhairt do a thabharfadh chúiche féin é. Sin é thuas ar tosach an chainnt adubhairt sí maidin mhoch leis d'iarraidh é mhealladh thar doras. Tomás Ó Murchadha, ar an mBaile Loiscithe, d'innis do'n “Seabhac.” Maorabhán — cruithneacht ag fás. Lá na Miasmaí — an lá tar éis Lae Nodlag. Miasma — bronntanas nó athchuinge. Deirtear i gCorca Dhuibhne fós “fógraim miasma ort.” Sé freagra a tugtar go magúil air sin ná “bronnaim an t-Oileán Tiar ort agus a bhfuil d'iasc ann?” COIS TAOIBH NA CARRAIGE BÁINE. Gléas A. D'éirigh mé féin ar maidin go moch, I bhfad amach 'sa bhfógh-mhar, Cé chífinn chugham ach stór mo chroidhe, Is í gléasta suas n-a cóiriú. Bhí sí siúd lághach, inntinniúil, Bhí a gruadh ar dhath na rósaí Do rinncfinn ríl le stór mo chroidhe Cois taoibh na Carraige Báine. II. Is treabhadóir mise, do threabhfainn is d'fhuirsfinn, Tá's é siúd ag na cómharsain, Is mó sin páirc do threabh mé riamh Níor bhain sé dhíom mo shláinte. Do bhainfinn féar ar íochtar cruic, Is do dhéanfainn cruach nó stáca; Do rinncfinn ríl le stór mo chroidhe Cois taoibh na Carraige Báine. III. Is measa liom féin ná Éire 'leog [uileog] 'S ná saidhbhreas rí na Spáinne, 'S ná a bhfeaca mé riamh d'ór a' tsaoghail Go mbeinn-se ag ól do shláinte. Tusa 's mise bheith pósta, 'ghrádh, Le h-aon toil athar is máthar; A mhaighdean óg is mílse póg, Is tú grian na Carraige Báine. Is ó Dhómhnall Ó Ríoghbhardáin, Tamhain, a fuaireas an fonn ceóil seo. Scríobhas síos na bhéarsaí ó bheidhleadóir i Liosdúin Bheárna go dtugtar “Blazer Considine” air. Fonn eile do bhí cosúil leis an “Peeler and the Goat” do bhí aige sean. Finghin na Leamhna. SNASÁIN “SCIENCE” “GILE NA GILE” SNASÁIN agus SMEARA Do'n BHRÓIG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN SNASÁIN GAN LOCHT Ná glac ach “SCIENCE” PUNCH is a CHUAL. I gCORCAIGH a dheineann
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services