Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Meadhon Foghmhair, 1926

Title
Meadhon Foghmhair, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh. a 10. (An 3adh Srath).
MEADHON FOGHMHAIR, 1926.
Dhá Phinginn a Fhiacha.



COIMISIÚN NA GAEDHILGE.



Tá tuarasgabháil Coimisiúin na Gael-
tachta ar fagháil ag an bpobal fé dheire.
Is imnidheach a bhí cáirde na Gaedhilge ag
feitheamh leis d'fhéachaint cad é an fios a
bheadh le fagháil ann ar staid na teangan
mar a maireann sí fós beo — agus is mór
atá an fios san 'na dhíth orainn — agus
d'fhéachaint cad é an moladh thiocfadh ón
gCoimisiún de thoradh an scrúdaithe a
deineadh ar gach cuid de'n scéal agus de
thoradh an eolais do bailigheadh chomh mion
agus chomh fairsing sin.



Níl an tarna tuairim ná go ndearnaidh
an Coimisiún a ngnó go slachtmhar chomh
fada agus bhain sé le soláthar feasa agus
le léiriú an cháis agus le h-éileamh leighis.
Tá eolas ar fagháil 'na ndiaidh, i dtaobh na
Gaedhilge, ba cheart dúinn a bheith againn
le tríocha bliain — agus dá mbeadh aon
tslacht chun gnótha ar ghluaiseacht na
Gaedhilge do bheadh cuid de'n eolas san
ar fagháil fadó riamh. Tá “cás” déanta
ag an gCoimisiún ar son na teangan agus
na Gaeltachta ná dearnadh a dheachmhadh
cuid riamh, ar threise agus ar fhuaimean-
túlacht na n-argóintí atá déanta aca ar
scáth cruinn-eolais agus uimhreacha fuara.
Tá méar curtha aca ar chúis an uilc atá ag
goilliúint ar an nGaedhilg — do réir mar
do bhí le linn na Sasannach agus mar atá
fós agus an Sasannach imithe; agus molaid
neithe chun an meath a chosc — rudaí móra
gur maith an dóigh go dtiocfadh cosc ar an
meath dá gcuirtí i bhfeidhm iad le fonn
agus le dúthracht, agus nár ró dheacair a
chur i bhfeidhm má tá grádhtíre nó Gaedheal-
achas ar bith ionainn.



Ar na rudaí is tábhachtaighe atá molta
tá na neithe seo leanas:



(a) An riarachán poiblí ar fad a dhéanamh
tré Ghaedhilg amháin sa bhFíor-
Ghaeltacht.



(b) Oideachas idirmheadhnach a thabhairt i
mbéal an dorais go dtí muinntir
na Gaeltachta; Oideachas tala-
mhíochta agus tighis, agus ceard-
oideachas mar an gcéadna, chomh
maith le teagasc cultúra agus
Gaedhealachais i gcomhair daoine
thar aois scoile. Iad san uile i
nGaedhilg.



(c) Uimhir áirithe de phostanna fé'n Rial-
tas a chongbháil ar leith do lucht na
Gaeltachta agus biseach a chur ar
thuarastal seirbhíseacha poiblí a thug-
ann deigh-sheirbhís Ghaedhealach innte.



(d) Ainmneacha áiteanna agus daoine
d'athGhaedhealú go h-oifigiúl.



(e) Airgead a thabhairt chun talmhaintí
agus tighthe d'fheabhasú.



(f) Gan ach Gaedhilgeóirí a chur ar thalamh
a bheifí a roinnt sa Ghaeltacht; agus
leirgí áirithe talmhan síos i lár na
h-Éireann a chongbháil do Ghaedhilg-
eóirí a bheadh sásta aistriú as na
feirmeacha beaga cumhanga atá aca
i gcuid de'n Ghaeltacht — ionnus go
ndéanfaí Gaeltacht nua agus ná
rachadh a gcuid Gaedhilge chun báis
ameasc lucht na h-Ainglise.



(g) Báid agus gléas a sholáthar d'ias-
cairí na Gaeltachta go cothromúil
agus scoileanna iascaigh a chur ar
bun i n-áiteanna áirithe chun slighte
nua a mhúineadh d'iascairí óga a
chuirfeadh ar a gcumas bheith chomh
h-eolgaiseach, ábalta le h-iascairí
i dtíortha eile.



Ní fhéadfaí i n-aon aiste ghairid eolas
iomlán a thabhairt ar a bhfuil sa tuaras-
gabháil mhóir seo — ach tá moladh eile ann
agus sáruigheann sé ar thábhachtaighe gach rud
eile do h-iarradh. Sé é — go gcuirfí Buan-
Choimisiún ar bun gurbh é a chúram aire
thabhairt do'n Ghaeltacht agus a stiúrochadh
agus a chomhairleóchadh gach Rialtas d'á
dtiocfadh chun go dtéigheadh obair an
Rialtais chun tairbhe na Gaeltachta agus
na Gaedhilge agus a choimeádfadh faire
géar ar gach rud, poiblí agus príomháideach,
go mbeadh baint ar bith aige le leas na
teangan náisiúnta. Tá práinn le Coimisiún
seasamhach dá shaghas go ceann fiche bliain
agus ní bheidh ach iarrachtaí iomrallacha ins
na moltaí eile gan an lucht faire agus
stiúrtha so do bheith ann chun fuinneamh na
n-iarrachtaí ar fad a threorú go tuigseannach.



Má ghlacann an Rialtas le moladh (a)thuas
ní féidir a mheas an t-atharú a thiocfadh dá
bhárr agus an t-árdú céime agus údaráis
a bhéarfadh sé do'n Ghaedhilg. Ní fhéadfadh
aon Rialtas nua cúladh ón “bpolasaí” sin.
Is dearbh go mbeidh naimhde na Gaedhilge
ag bagairt ar an Rialtas gan an moladh
san a chur i bhfeidhm. Is é gnó cáirde na
teangan cabhrú leis an Rialtas chun é chur
i bhfeidhm.



Molaimíd dár léightheóirí fios a chur
láithreach ar chóib de'n tuarasgabháil agus
ar na trí mapaí breághtha atá ag gabháil
leis. Sé an leabhar is mó tábhacht i dtaobh
na Gaedhilge é dár cuireadh amach riamh.
Tá sé le fagháil ó Mhuinntir Éason, Sráid
Ó Conaill, Áth Cliath, ar 2/6 agus costas
puist — ar neamh-ní go fírinneach.



Daod.



TADHG NA SÚL mBEAG.



Ceithearnach d'fheirmeóir láidir dob' eadh
Tadhg na Súl mBeag a bhí i n-aice Bhaile
Mhúirne. Bhí sé postúil mórálach ann féin.
Lá dá raibh sé i dtigh mhuinntire a mhná
thárla dall bocht a bheith ann. File dob'
eadh an dall. Bhí Tadhg ag tathant ar an
dall bhéarsa a dhéanamh ag moladh a mhuinn-
tire féin. Ní rabhadar le moladh do réir
deáraimh agus do dhiúltuigh an dall an
bhéarsa a dhéanamh. Leis sin do bhuail Tadhg
le buile 'dhorn é. Ceap Tadhg féin bhéarsa
annsan ar a mhuinntir:



Is dubhach liom an chumhangracht 'n-a n-airighim iad,
Na h-úir-fhir ón Rúscaigh do bheathuigheadh cliar;
Cúmplacht nár dúnadh a ngeataí riamh
Is nár túrnadh i súgradh ná i ngleacíocht iad.



Do ghoill an masla tugadh do féin ar
an dall. Do labhair sé:



Sé cúis nár túrnadh i ngleacíocht iad —
Mar i bhfiúntar an phúdair ní bhfachtaí iad,
Úr-mhairt thar triúchaibh do bheathuigheadh iad,
Is i ngioll ar choir-chionnta do crochtaí 'dtrian.


L. 74


“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)



Caith Tobac
“MIC Mc QUAID”



Is é is fearr ar domhan



Isiad lucht a dheunta —



P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
DÚNDEALGAN



PÁDRAIG DE BÚRCA
10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH



A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE,
TOITÍNÍ, &c., ag teastáil uaibh ceannuighidh
uaim-se iad



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH
“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar



Scríobh chuig
SEÁN Ó DÁLAIGH



IS A CHUA. TTA.,



I gCORCAIGH



in a thaobh



D. T. Ó SÚILLEABHÁIN
Reiceadóir Rothar & Mótar



Gunnaí agus Ceatrisí!



37 SRÁID CHÚC I gCORCAIGH



SEAN-OIDHCHE BHEALTAINE.



Bhí fiolar ann fadó agus bhí sé cúig céad
bliain d'aois agus bhí trí cinn do ghearcaigh
aige. Do bhí Domhnall Dubh sa n-áit chéana,
agus bhí sé féin seacht gcéad bliain d'aois,
agus bhí ag dul de aon tslí mhaireachtaint
a bhaint amach ach sé rud a dhéin sé ná dul
go dtí nead an fhiolair agus na gearcaigh
a chaitheamh le faill, agus dul isteach 'on
nid é féin agus fanacht ann. Bhí san go maith
go dtáinig an fiolar, agus níor chuir sé
aon tsuim ann mar cheap sé gurbh eadh thuit
na gearcaigh eile le faill agus ná'r fhan
ann ach an t-aon cheann. Bhí saol breágh ag
an nDomhnall Dubh ó'n bhfiolar, agus dá
mbeadh an fiolar ag tarrac go deo chuige
ní bheadh borra ná méid a teacht ar an
ngearcach; ach ceann desna h-oidhcheannta
tháinig an fiolar isteach 'on nid bhí sé ana-
ghearánach ar fad ar an bhfuacht, agus á rádh
ná feacaidh sé riamh aon oidhche chomh fuar
léi dá fhaid 'na bheathaidh do.



“Is fuirist aithint,” arsa an gearcach
leis, “nár bheir Seana-Oidhche Bhealtaine
amuth riamh ort.”



“Is fíor san, a bhioránaigh!” arsa an
fiolar leis féin, “agus stad ná staona ní
bheidh orm-sa nó go mbeidh 'ios agam cad é
an sgéal age Seana-Oidhche Bhealtaine é.”



Ar bhreaca an lae bhailibh sé leis agus
stad ná staona ní dhearnaidh go dtáinig sé
ar bharra caisleáin go raibh bean a bhí chomh
críona leis féin. Do labhair sé amuth, agus
tháinig an tseana-chailleach amach chuige ach
má tháinig ní raibh aon chur amach aice-sin
ar Sheana-Oidhche Bhealtaine.



“Ach,” ar sise, “téire go dtí n-a leithéid
seo do ghruagach, agus mara bhfuil cur amach
aige-sin uirthi níl fhios agam cá bhfaighir
tuairisc uirthi.”



D'imigh sé air agus chuaidh go dtí an
gruagach, agus b'é an dá mar a chéile é.



“Ach,” ars an gruagach, “tá bardán
ansa loch san thuas agus tá leigheas agus
fios gach aon ruda aige agus táim-se le
seacht mbliana ag faire ar é mharbhú mar
an té bheadh crapuighthe ag an aois agus a
dh'íosfadh blúire dhe bheadh sé in' fhear
óg arís.”



Siúd leis an bhfiolar, agus chuaidh 'on
loch agus ní fada a bhí sé ann nuair a
tháinig an bardán ar bhárr an uisce agus
labhair mar leanas:



“Tá fhios agam-sa go maith cad tá uait,”
ar seisean, “agus níl réidhteach na ceiste
sin ag aoinne ar dhruim an domhain ach
agam-sa amháin. Bhíos Oidhche Bhealtaine
annso, agus mé a léimrigh aníos as an
uisce, agus a dul síos aríst agus gruagach
ar an bport san a faire orm ar feadh
seacht mblian — cé ná raibh sé ann an oidhche
seo chuige mar bhí sí ró fhuar do — ach go
h-áirighthe nuair a léimeas aníos ní raibh sé
ar mo chumas dul síos mar bhí brat leac-
oireach tagaithe ar an uisce, agus ní fada
bhíos mar sin gur ghaibh Domhnall Dubh an
treó agus tagann agus árduigheann leis
ceann dem' shúile agus imigheann leis, agus
an fhuil a tháinig as mo shúil leagh sí poll
sa leac-oidhir, agus tríd síos a chuas-sa
'on uisce arís, agus táim ann fós, agus is
sé an Domhnall Dubh céana atá agat-sa dá
chothú ó shoin i leith mar ghearcach, agus ach a
raghair abhaile beidh sé imithe rómhat agus
é bháithte.”



“Ach mar sin féin,” ars an fiolar, “bhí
an oidhche sin ann.”



“Bhí go deimhin,” ars an bardán.



Seán Ó Criomhthain, an bloscaod.
Domhnall Dubh — Fiach dubh.
Ach a raghair — nuair a raghair.



TREABHDÓIREACHT.
(Bailiú ón nGaeltacht).



Ní h-oireamh go caolfhód





Gach treabhaidhe go caolfhód cam.



Seisreach — sé capaill ag treabhadh.
Ceathrach — ceithre capaill.
Dísreach — dhá chapall.



Seo rann de'n duanaireacht do-ghníthí
fadó do'n tseisrigh:



Ho-hó, ho-hó, ho-hó!
Le chéile sibh, a bhuidheanach!



Ho-hó, ho-hó, ho-hó!
Rath Dé oraibh, a bhuidheanach!



Bhíodh duanaire ar leith chun ceol a dhéanamh do sna
caplaibh. Sheinneadh sé ceol breá bog dóibh agus
cheapadh sé ranna dhóibh dá ngríosadh chun díchill.
Céacht adhmaid a bhíodh aca sa tsaoghal san.



Beirt treabhdóirí bhí ag maoidheamh i
láthair mná óige as an gclisteacht a bhí
ionnta seachas a chéile.



An chéad treabhdóir:



“Nuair a bhrisim-se mo chéachta ní néim-
se (ghním-se) ach é chaitheam 'on chúil,
Imighim 'on ghaorthadh is gléasaim a
atharach liúm,
Treabhaim-se le béim dheas réidh a
thaithnigheas lem' shúil,
Is 'ainnir a' tséimh ní dhéanfadh fear
eile é siúd.



An dara duine:



“Dá bhfaghainn-se céachta ná beadh
leathan ná cumhang
'Na dhéidh sin clár scéithe, gad ama
'gus ughaim,
Le chéile do léigfinn sé capaill chun
siubhail.”



An giolla capall:



“Dá bhfaghainn-se seisreach glas óg ar
iomaire báin,
An chleithóid (?) im' chiotóig is do
phiocfainn a meádhon,
Do chorrochainn an chorród (? corr-fhód)
is do chasfainn i mbárr
Is ní comórtas mar a bheathochainn-se
'gus tusa na mná.”



ó Thomás Ó Murchadha, ar an mBaile Loiscithe,
i gCorca Dhuibhne iseadh fuarthas,
“An Seabhac.”


L. 75


AN SGRÍBHNEÓIR LE PLÉISIÚR.



“Fear dána ag deunamh dána
Is dána an gníomh do-ghní sé;
An fear nach déan dán díreach
Fear dána dá ríribh é!” (Sean-fhile).



Bhíos im' shuidhe im' sheomra — seomra bidh,
seomra codladhta, seomra le stuidéar
agus gach rud do dheunamh; mar bíodh fhios
agat nach acfuinn dom a mhalairt do bheith
agam — agus bhíos ag sgríobhadh nuair a
bhuail Micil isteach.



“Th'anam ó'n Riabhach! a Shéamuis, ag
sgríobhadh i gcómhnuidhe; nach mbíonn tú
cortha dhe choidhche?” ar sé.



“Masa, 'Sé do bheatha! a Mhicil,” arsa
mise, ag eirighe agus ag cur mo cháipéisí
i leath-taoibh.



“Go mairir-se!” ar seisean. “Cad
athá ar siubhal agat anois? Rud éigin
do'n ‘Lampa’ is dócha.”



“Ní h-eadh,” arsa mise, “ach thug fear
an phuist a lán beart chúgham ar maidin.
Ba iad na h-aistí agus na sgeulta a sgríobh
mé tá coithcigheas ó shoin d'Fháinne an Lae,’
do'n ‘Stoc’ do'n ‘Lóchrann,’ do'n ‘Reult’
agus do'n ‘Sguab,’ agus 'sé an sgeul
ceudna i gcómhnuidhe é:



“Is oth liom go mór nach mbeidh se seo
oireamhnach d'ár bpáipéar agus cuirim thar
n-ais chúghat é.



Le gach deagh-mhéinn,
Mise,
Fear Eagair.’”



“Dhera,” arsa Micil, “nach mithid duit
é chaitheamh uait, ná fuil fhios agat gur
rugadh sgríbhneóirí, agus …”



“Go réidh,” arsa mise, “ní cheisim ar
mo chuid ach bhí litir dheas agam ó fhear
eagar ‘An Sguab’ agus thug sé cómhairle
mo leasa dhom innte.”



“Ghá rádh leat gan a thuilleadh drabhfuigh-
eall a sgríobhadh, is dócha,” arsa Micil, go
searbhasach.



“Ní gádh dhuit bheith chómh searbhasach,”
arsa mise, “agus má's mian leat éisteacht,
'neosfaidh mé dhuit cad dubhairt sé. Gurab
é rud a bhí uaim ach cruinneas agus do
mhol sé dhom conus é sin do sholáthar .i.
cnámhna an sgéil do thógaint ar dtúis
díreach mar a dheineann fear tógaint tighe
ar bun ar dtúis agus na fallaí do thógaint
annsan mór-thimcheall air, ach gan dada
ná baineann leis an sgeul do chur ann.
Dubhairt sé liom cuimhneamh ar an sean-
fhocal — “‘An méid 'n-a luighead.’”



“Ó, seadh, sástar an sanntach le bréig,”
arsa Micil.



“Ach,” arsa mise, gan suim do chur 'n-a
dheas-chainnt, “'sé rud a bhí mé ag deunamh
nuair a tháinig tú isteach ná sgeul a dh'iarr
fear eagar ‘Irisleabhar Sgríbhneóirí re
Pléisiúr’ do sgríobh do.”



“Molaim thu,” arsa Micil, “is dócha go
bhfaighidh tú trí giní ar an ndréacht sin. Ach
níor airigheas riamh a leithéid d'Irisleabhar
do bheith ann.”



“Ná mise, nach oiread, go dtí ar maidin,”
arsa mise, “agus ní fheadar mé conus a
fuaireadar m'ainm-se. Ach maidir le do
thuairim go bhfaighidh mé airgead as, tá
breall ort. Dar ndóigh, maran dall tú,
nach léir do'n tsaoghal ó ainm an Irisleabhair
go sgríobhann a lucht sgríobhtha leis an sult
agus an pléisiúr a bhaineann siad as. Cuir-
tear gach rud a sgríobhtar ann — olc, maith
nó donaidhe.”



“Ha — há — ha! Tuigim anois,” arsa
Micil. “Maran bhfuil páipéar do dhiong-
bhálta agat anois, ní lá fós é. Dar fiadh!
cuirfidh mé monarcha pháipéir ar bun agus
ní baoghal go dteipfidh sé orm fhaid is tá
do leithéidí 'sa tsaoghal. Imbasa mar
adubhairt an file:



Is buaine bladh ná sgríbhinn,
Buaine sgríbhinn ná meabhair,
Is buaine bladh ná saoghal,
Buaine ná daoine leabhair.



“Gheobhfaidh mise aithris a dheunamh ar an
bhfile agus ‘Buaine ná maoin Irisleabhar,’
do rádh. Fágaim mo bheannacht agat anois
agus go dtugaidh Dia maoin dhomh-sa agus
ciall duit-se.”



Séamus.



CÓMHRÁDH NA BHFILLÍ.



Tháinig file chun doruis file eile ist
oidhche agus seo mar a thuit amach eatora:



Fear a' tige: Cé h-é sin amuigh?



File: File na tíre agus an cheanntair,
atá ag teacht i gceannsacht na ndaoine.



Fear: Ní h-eadh ach file buile agus breall
air, agus bheith amuigh an t-am so d'oidhche.



File: Is minic a ghaibh fear buile trí thuile
'n-a thán-rith.



Fear: Agus is minic a sgiob an tuile
fear buile le fánaidh.



File: Má's bás a ceapadh dúinn, tá an
t-Athair-Mhac cómhachtach, agus bhéar-
faidh sé m'anam go Flaitheas na Glóire.



Fear: Ná tréig-se na h-aitheanta is ná
masluigh do chomharsain, is annsan
raghaidh t'anam go Flaitheas na Glóire.



File: Comhairle mhaith chómhgarach neamh-
chongantach, ó dhuine beag doicheallach
's a dhoruisín dúnta.



Fear: “Ní le doicheall ná bochtaineacht
tá mo dhorus sa dúnta. A's a ráigidhe
duine! cad a bheir dhuit me a dhúiseacht.



File: Nár órduigheadh óstaidheacht do'n
deoraidhe fánach.



Fear: Bíonn file gan cómhnuidhe i gcomh-
nuidhe fánach.”



ó Bhríd Ní Shíothcháin,
Oileán Cléire.



AN ROINN OIDEACHAIS



OIDEACHAS
NÁISIÚNTA



Tá ceapaighthe Scoil Nuadh do bhunú
i Sráid Maolbhrighde, Baile Átha Cliath,
ar a mbeidh an Dr. Sár-Oirmhidhneach Ó
Broin, Árd-Easpog Bhaile Átha Cliath,
agus ionadach de Roinn an Oideachais
mar bhainisteóirí.



Beidh Príomh-Oide agus duine nó
beirt Oidí Conganta (mná uile) ag
teasdáil i gcómhair na scoile seo.
Iarrtar ar Oidí Náisiúnta go bhfuil
an Ghaedhealg aca ó dhuthchas, nó oidí
atá sár-oilte i nGaedhilg, agus atá
go h-Éifeachtach, iarrataisí a chur
isteach ar na postanna so.



Ní thoghfar aoinne i gcómhair na
bpostanna so ach daoine atá i n-ann
adhbhair uile an Chláir Nuaidh do mhúin-
eadh tré Ghaedhilg amháin.



Is féidir le lucht iarratais fuirm-
eacha d'fhagháil ach scríobhadh chun an
Rúnaidhe, Oifig an Oideachais Náisiún-
ta, Sr. Maolbhrighde, Baile Átha Cliath.



Caithfear na fuirmeacha do líonadh
agus do chasadh chun na h-Oifige seo i
dtreo go mbeidh siad istigh roimh an
3adh lá de Mheadhon Fógair. 1926.



Oifig an Oideachais Náisiúnta,
Sráid Maolbhrighde,
Átha Cliath.



MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE
SHAGHAS AR BITH



Gheobhair annso é



Deinimíd



LEABHAIR an ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile



Sinne Muintir



BRÚIN & NUALLÁIN
2 Sráid an Chócaire,
I gCORCAIGH



SEÁN Ó CONAILL



Dealbhóir Gaedhlach,



SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH
Sgríobh ag triall air



Ceist do cuireadh ar dhuine a bhí ar
phósadh: “Cad é an chóir bidh a cuireadh
oraibh?”



“Arán agus léim girr-fhéidh d'im air
agus feoil go maidí scean.”


L. 76


AN LÓCHRANN.



Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —



Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh



agus



Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —



Fear Eagair “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.



Seoltar síntiúsaí oinigh go dtí —



Tadhg Ó Tuama,
Muirebhille, Bhóthar Bhictória,
Corcaigh.



“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana 3/6



AN GEIMHREADH SEO ROMHAINN.



Ní fada uainn Meitheamh an Fhómhair
agus an Geimhreadh — saosúr eile chun oibre
do'n Ghaedhilg agus do'n náisiúntacht. Is
mór a mbeidh de ranganna Ghaedhilge ann
fé'n gConnradh, fé na Comhairlí Conndae i
scoileannaibh agus i gcoláistibh ar fuaid
na tíre. Na dteannta san beidh daoine
go príomháideach ag staidéar ar an dteangain
náisiúnta agus beidh fóirne drámíochta
agus lucht ceoil agus lucht na rinncí
nGaedhealach ag déanamh a gcuid. Aon
chuspóir amháin atá ag an obair sin uile .i.
d'iarraidh náisiúntacht Gaedheal a chur ar
ais arís i n-uachtar i n-Éirinn. D'iarraidh
é sin a chur i n-ionad an ruda atá ar
uachtar againn — an náisiúntacht iasachta
d'fhan againn tar éis a h-údar do dhul
uainn. Is deacra fá seacht an náisiúntacht
Ghaedhealach a chur ar fagháil ná na Saor-
stáit nó na Stáit Phoblachtacha so go bhfuil
an clisiam go léir ar siubhal mar gheall
ortha ameasc lucht polaitíochta i n-Éirinn.
Is dóigh gurbh é sin cúis fár tréigeadh an
náisiúntas ag a lán aca. Tá teanga,
nósa, litríocht, lúth-chleasa agus síbhialtacht
Shasanna ar uachtar “gan freasabhra”
againn. Ní thugamair cúl riamh leo, ná
ní thugamair fuath dhóibh, is baoghal.



Caithfear cúl a thabhairt leo. Is chun
cúl a thabhairt leo san a bheifear ag tosnú
arís ar na rangaibh Gaedhilge ar fuaid na
tíre uile gach lá feasta. Is fada trom an
gnó atá le déanamh ach déanfar é má bhíonn
an toil ann; agus múinfear do mhuinntir
na h-Éireann, sa deire, gur mó an cháil
náisiúntachta dhóibh é Gaedhilg a bheith aca
agus a labhairt ná dá gcaithidís saoghal
Chaillighe Béara ag cáineadh agus ag
maslú a gcomharsan i n-Ainglis tré
stainncín polaitíochta. An Gaedheal ná
tuigeann é sin níl ann ach guagán gliogair.



Anois nó riamh is cóir do lucht na
Gaedhilge iad féin agus a dteagasc a
chur i n-iúl. Do réir gach scéil tá Toghadh
Mór ag teacht an bhliain seo chughainn agus
do réir an fhuadair atá fé rudaí ní h-uais-
leacht náisiúntachta atá ag cur tinnis ar
urmhór lucht polaitíochta. Tá dreamanna
nua ag cur a gceann aníos agus ní ró-mhaith
an dóchas do'n teangain náisiúnta iad.
Sé slí atá an scéal ag an nGaedhilg sa
tsaoghal atá anois i nÉirinn — go bhfuil
beagán cáirde aici atá dáiríribh agus a
thuigeann “feallsúníocht” na h-oibre. Is
aithnid iad toisc a laighead atá ann díobh.
Tá pobal mór ann ná tuigeann tábhacht an
scéil ar aon chor ach go bhfuil mian caoch
éigin 'á dtabhairt ar thaobh neithe a innstear
dóibh a bheith “náisiúnta.” Pobal mór
iseadh iad. Tá pobal eile beagnach chomh
mór leo ná tugann dílse ar bith d'Éirinn
ná do náisiúntacht, agus ortha san tá
naimhde do'n Ghaedhilg agus do náisiún-
tacht Ghaedhealaigh — urmhór de lucht speilpe
agus teaspaigh na tíre agus gach bastún
gan eolas i n-Éirinn do-ghní sodar na
ndiaidh.



Is maith an rud troid leis an dream
deiridh sin — deintear é — ach is tábhachtaighe
é greim d'fhagháil ar an dream go bhfuil an
soi-mhian ionnta chun náisiúntachta, agus
iad-san a thabhairt chun creidimh. Téigheadh
an chuid eile leis an ngaoith fé mar raghadh
géagáin bhriste an chrainn lá na stoirme.
Deinimís teagasc ar an dream mór mar
sin, agus bíodh fios an scéil go cruinn aca
agus a dtoil ar aon dul le n-ár gcomhairle-
na. Beidh gádh géar le na gcabhair an
bhliain seo chughainn.



Milis glór gach fir
Ag a mbí cuid agus spréidh.
Searbh glór an duine lom (luim)
Bun os cionn 'seadh labhrann sé.



Fearr múine ná buirbe mhór,
Fearr cóir ná dul chun dlighe;
Fearr teach beag agus teann lón,
Ná teach mór agus beagan bídh



NA SCRÍBHNEÓIRÍ ÓGA.



Táimíd á iarraidh ar na h-Oidí Scoile sa
Ghaeltacht “An Lóchrann” a chur i n-aithne
do sna leanbhaí fásta 's na scoileanna
agus iad a ghríosú agus a stiúradh chun dul
ag cuardach sean-scéalta, &c., ameasc na
ndaoine. Ba cheart na leanbhaí a theagasc i
dtaobh an oidis béil agus an tsean-chultúra
agus connus é aithint — agus connus é
scríobhadh síos. Ní fearr slí ar bith eile
chun dúil sa litríocht a mhúscailt ionnta
agus grádh tuiscionnach d'Éirinn. Tá rud
bréagach seasc ag dul i gcluasaibh leanbh
le tamall ó theagasc an phobail ná fágfaidh
náisiúntacht ná grádh tíre ionnta. Bíodh
leanbhaí na Gaeltachta, ar a laighead lán
d'eolas ar Éirinn. Sean-tír í agus sean-
naisiún sinn-ne a bhí ann i bhfad roimh 1922!



DUAISEANNA.



Aon chailín nó buachaill a chuirfidh go
dtí Fear Eagair “An Lóchrann” aon
bhailiú maith de'n tsean-aimsireacht a
gheobhaid ó na seandaoine — seana-scéal,
nó filíocht nó seanfhocail nó cainnteanna
blasta, beidh leabhar maith slachtmhar le
fagháil aici nó aige mar dhuais, agus cuir-
feam an chuid is fearr de gach bailiú i
gcló sa “Lóchrann.”



Deinidh na seandaoine a cheistiú i dtaobh
rudaí mar seo — Fianna Éireann, Cúchulainn,
Domhnall na nGeimhleach, An Púca, An
Gobán Saor, An Ghlas Ghaibhneach, Balar
Béimneach, An Mhurdhúch, Siobháinín is
Domhnaillín, an Rón, Ainmneacha na gcnoc
is na mball nbhur dtimcheall, na h-ainm-
neacha a ghabhann le cine daoine seachas a
chéile — na céadta rúd go bhfuil eolas aca
ortha agus ná fuil an t-eolas san fós
agaibh-se. Deinidh an fios a mhealladh
uatha le ceistiúchán nó le plámás nó le
cleas — ach bíodh sé agaibh ar shlí éigin.
Tá súil againn go mbeidh orainn a lán
de sna leabhraibh sin a bhronnadh oraibh.



Fear “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton,
Domhnach Broc,
Bleá Cliath.



SEANFHOCAIL Ó CHONNACHTAIBH.



1. Ná mol luath é ar eagla go gcáinfeá
mall.



2. Mara bhfuil rud agat féin
Déin do ghoradh leis an ngréin.



3. Buail mise is cuir tu féin ag gol.



4. Ní lughaide an trócaire í roinnt.



5. Is measa aghaidh an duine sin ná
próiseas.



6. Ní gleann follamh a dtagann an
bháisdeach fhéin as.



F.



Ós duine tu a folcadh i dtobar na naoi mbéithe,
Is gur léir gur fogus duit cogar na fíor-éigre,
Cuir chughain-ne agallamh, aiste nó stuadh Ghaedhilge
I gcuimhne ar sheana-stoc ana-mhoch chlainn Éilge.


L. 77


AN TOST.



VI — 1975.



“Fionnbarra Ó Suibhne le bheith i n'Aire
um Ghnóthaí Aeir.”



Dubhairt a bhean gur mhaith a thuill sé an
gradam, ach gur i n'uachtarán ba chóra dhó
bheith. Dubhairt a chlann ná béadh bac ortha
feasta dul go Nua Eabhrach gach seachtmhain.
Dubhairt an choitchiantacht, mar is béas le
n-a leithéid ó ceapadh Noé mar aire um.
loingseoiréacht, ná raibh aoinne ba lugha
teideal chun na h-aireachta san ná an té do
ceapadh. Maidir leis an nduine bhocht
féin, do b'é do b'fheárr a thuig cad do bhí i
ndán dó.



Thug sé a chéad chuaird ar an aireacht an
lá dár gcionn d'fhonn ughdarás d'fhagháil
go feidhmeamhail ó'n aire do bhí ag éirighe
as, an Taoiseach Ó Maoileóin. Tar éis
dóibh tamall do thabhairt ag pléidh cúrsaí
aerlong agus eiteallán, d'éirigh an Taois-
each agus do chuir an glas ar an dorus.



“A leithéid seo,” ar seisean. “Tá
stóras mór íle agus innleachta i bhfolach
againn ag cuid des na caladhphuirt thiar.
Dá ráinigheadh cogadh do theacht orainn, do
bheidís sin luachmhar thar mheodhan dúinn — nó
d'aoinne eile a gheobhad iad. Ach ni féidir
teacht ortha gan eólus áirithe atá fé chimeád
na nglas sa tseómra so amháin. Féach go
h-aireach anois ar a ndéanfad.”



Chuaidh sé anonn mar a raibh leabhragán
mór agus do thóg cúpla ceann des na
leabhra as. Annsan do bhog sé i leathtaoibh
comhla bheag do bhí taobh thiar díobh, agus do
nochtadh poll eochrach.



“Féach,” ar seisean, “dá ndeininn-se
an daingean d'osgailt ar an bpuinnte,
bhéadh an bheirt againn marbh fé chionn
neómait, mar is amhlaidh a sgaoilfí gal
mharbhthach a líonfadh an seómra. Ach tá
cnaipe beag sa taracán láir sa chrinnlín
sin, féach” — agus do chas sé é. “Is féidir
an daingean d'osgailt gan baoghal anois,
mar seo. Cuid de'n bhfalla iseadh an
leabhragán. Do cheapas féin seift na
gaile d'eagla aoinne do teacht ar an
eochair. Seo dhuit í — agus cuimhnigh ar an
gcnaipe.”



“Tá súil agam ná beidh gádh le ceachtar
aca fhaid a bhéad-sa annso,” arsa Fionnbarra.



“B'fhearra dhuit gan codladh ar an
gcluais sin. Má's inchreidte na tuairiscí
atá fachta againn, ní h-aon fhuadar foghanta
atá fés na Seapánaigh. Ag dul i n-olcas
atá an chaismirt idir iad san agus an dá
America; agus deirtear go bhfuil ár
seana-chara Seán Duibhe ag séideadh fúta.
Má bhíonn sé 'n-a chogadh ba dheacair dúinne
dul saor, dá mhéid fonn a bhéad orainn
fanamhaint ar an gclaidhe. Do chuirfinn
geall go n-éileochadh Sasana ceart siubhail
d'á loingeas aeir annso, ar a luighead.
Cad do dhéanfadh mac an chait ach luch do
mharbhú?”




Do ghluais an aimsear. Má ghluais, bhí
na sgamaill ag éirighe níba dhuibhe sa
domhan toir, agus ba mhinic Fionnbarra ag
machtnamh ar an gcaint adubhairt an Taois-
each leis. Fé dheire do tháinig an splannc
tóirthnighe: fógairt chogaidh ó'n Seapáin
agus ó Shasana ar an dá America.



Níor bheag an imnidhe agus an chorraighil
do bhí i nÉirinn mar gheall ar an sgéal.
Na céadta daoine ag filleadh go dithneasach
ó n-a saoire sul a mbéarfadh an t-ár ortha.
Daoine ag sáthadh pinginní isteach ins na
h-éisteacháin ag gach ceann sráide chun na
sgéalta ba dhéanaighe do chlos. Na
comhluchtaí aersgéala ag lorg breis fuirne.
Na fir ná béadh i nfheadhma d'aon arm ghá
áiteamh go dian gur chóir d'Éirinn bheith ag
troid ar an dtaobh so nó ar an dtaobh eile.
Agus — an gádh é luadh? — na siopadóirí ag
daoirsiú a gcuid earraí go spéir “mar
gheall ar an gcogadh.”



Tionóladh cruinniú speisialta de'n Dáil
agus do chraol an t-uachtarán caingean an
Riaghaltais.



“Ní bhaineann an cogadh so linne,” ar
seisean, “agus ní mian linne baint leis.
Taimíd ghá fhógairt do'n domhan uile, agus go
h-áirithe dos na tíortha atá ag troid, ná fuil-
imíd agus ná beimíd ar aon taobh, an faid ná
cuirfear cath orainn. Má tá báidh ag Éirean-
naigh le h-aon taobh aca nó má tá fuath aca
d'aon taobh aca isé a mbuac gan an bháid sin
ná an fuath san do nochtadh. Béal iadhta, obair
dhícheallach, agus muinighin as Dia — siní mo
chomhairle-se dhíbh.”



Má fíoradh an chéad chuid de chaint an
Taoisigh Ó Maoileóin, ba gheárr gur fíoradh
an tarna cuid mar a gcéadna. Fuarthas
ultimatum ós na cáirde buidhe, mar a
thugadh lucht magaidh ortha, ghá éileamh go
dtabharfaí ceart siubhail dóibh i nÉirinn
agus ós a cionn, agus go mbéadh neart aca
tarrac ar an stóras san iarthar agus lonú
ins na cuanta ann. Mura bhfuighdís an
cead san taobh istigh de dhá uair déag a
chluigh, go dtuigfí an Phoblacht do bheith ar
thaobh a namhad.



Ar a naoi-déag a chlog iseadh fuarthas an
t-ultimatum, agus tionóladh an Riaghaltas
láithreach bonn baill. I gcionn trí n-uaire
a chluig do cuireadh thar n-ais an freagra
ba dhual do Ghaedhil agus do séideadh an
rosc catha.



Ar sgaipeadh do'n árd-chomhairle do thug
Fionnbarra aghaidh ar a oifig. Ní raibh fios
an sgéil ag a lucht comhairle fós agus bhí
éacht le déanamh laistigh de bheagán aimsire.
Bhí an oifig fé dhoircheacht agus a sheomra
féin fé ghlas mar ba ghnáth. Bhí sé ar tí an
dorus d'osgailt nuair a chonaic sé, ar feadh
neómaitín amháin, an léas beag soluis ag
teacht tré pholl na h-eochrach. Bhí duine
éigin istigh!



Cad do dhéanfadh sé? Imtheacht ar lorg
congnaimh? Ach dá n-imthigheadh, b'fhéidir
go mbéadh an díoghbháil déanta sar a
bhfilleadh sé. Air féin amháin do bhéadh a
sheasamh, má's eadh.



Do tharraing sé a ghunnán amach, do chuir
ar tinniol é, agus do chas an eochair go
breágh réidh sa ghlas. Buidheachas le Dia,
níor dhein sí díoscán! An dorus d'osgailt
annsan, gan fothram dá luighead do dhéan-
amh, agus an fearras 'n-a láimh dheis aige.



Bhí sé nach mór istigh nuair a ghluais an
t-urchar agus mhothuigh sé an piléar ag
imtheacht thar a chluais. Do phreab sé isteach
agus do sgaoil fé dhó leis an bhfear do bhí
'n-a sheasamh le h-ais an leabhragáin. Thuit
sé sin agus níor chorruigh a thuille. Do leath
lochán fola amach go righin fé sholas na
gealaighe.



Do las Fionnbarra an solas teinntrighe.
An chéad nidh do thug sé fé ndeara, ná go
raibh cúpla leabhar tógtha as an leabhragán.
Bhí an chomhla gan osgailt, ach bhí eochair —
macsamhail d'á eochair féin — le h-ais an
spiaire. Do chrom sé agus do chuardaigh
pócaí an mhairbh. An té a chuardochadh iad
agus a bhéadh dall ar an saghas duine do bhí
aige, ní thabharfadh sé aon áird ar an méid
do bhí ionnta. Ach ba leór d'Fhionnbarra
nóta beag amháin do fuair sé.



“Beimíd ann anocht. Bíodh an t-eólus
agat fé mheadhon-oidhche. F. B. H.”



F. B. H.? F. B. H. —? Cá bhfeacaidh sé
na cinn litreacha san cheana? Annsan do
tháinig sé chun a chuimhne. F. B. Hoxton, do
bhíodh i n-a cheann ar aerloingeas na
h-Éireann go dtí trí bliadhna ó shoin. Árd-
mhainighin ag an Riaghaltas as, agus eólus
aige dá réir. Annsan d'éirigh sé as a phost
i bhfus agus do fuair ceann do b'aoirde
thall. Thuig Fionnbarra an sgéal anois,
agus go raibh an chonntabhairt abhfad níba
ghiorra dhóibh ná mar a mheasadar. Bhéadh
loingeas na namhad ann fé mheadhon-oidhche.
Bhí sé a 23 anois, agus gan aon chipí
cosanta ag an gcathair gur bh'fhiú trácht
ortha. Thiar do bhí a neart go léir.



Do phreab sé chun an ghutháin agus d'innis
do'n uachtarán a raibh fachta amach aige.
Annsan do labhair sé le muinntir an Airm
agus an Aeir, ghá iarraidh ortha congnamh
do chur chucha ar an dá luathas, agus cabhair
na bPonncánach d'fhagháil dá mb'fhéidir é.
Bhéadh sé fuar ag Éirinn bheith ad' iarraidh
an fód do sheasamh 'n-a h-aonar feasta.



Bhí sé ag tabhairt na n-órduithe do cheann
na loingeas nuair airigh sé tormán na
n-aerlong anoir. Bhí an oifig ar imeall
theas na cathrach agus í ar an árd, i gcás
go raibh radharc aige soir agus siar.



“An gcloiseann tú mé, a Phádraig?
Táid chughainn anois … Fan go bhfeicead
cé mhéid … Go bhféachaidh Dia orainn,
tá dhá cheann fichead ann des na longa
móra dearga … Seadh, chúig céad
fear i ngach ceann aca. Táthar chughainn
dáiríribh! … Fan go fóill …
An gcloiseann tú mé, ná h-imthigh go
fóill … bhfuil tú ann fós? Éist
go h-aireach anois. Nílid ag leanmhaint


L. 78


ortha siar i n-aon chor ach túirliocan ag an
Aerstad Theas … Seadh, an uile
cheann aca. Ar nóin, táid chun an chathair
do ghabháil ar dtúis agus greim d'fhagháil
ar chroidhe na tíre … Féach, táid
uile go léir lonuithe ag an Aerstad Theas,
agus má thagann sibh suas le cuid d'oll-
loingeas America beidh agaibh … Go
maith, go maith. Ach ar son Dé, brostuighidh
chughainn!”



Do chuir sé an guthán uaidh agus critheán
'n-a bhallaidh beatha go léir. A leithéid de
phráinn uathbhásach níor tháinig ar aoinne
chomh h-obann riamh. Bhí sé ad' iarraidh a
mheabhair do chruinniú arís nuair airigh sé an
fothrom aníos ó'n sráid. Na gluaisteáin
Ghallda agus iad lán de shaighdiúirí!



Do rith leis de phreib go raibh sé féin i
gconntabhairt — é féin agus an t-eólus
sár-luachmhar úd. Do phioc sé suas an
eochair do bhí le h-ais an mhairbh, do sháidh na
leabhra go dithneasach thar n-ais sa leabhragán
agus do dhún é. Do chaill sé leath-neómat
ag lorg a eochrach féin, agus an t-allus ag
tuitim de le neart deabhaidh agus imnidhe.
“A Dhia, cá gcuirfead iad!” ar seisean
leis féin, agus le n-a linn sin do chonnaic
sé an porrán beag idir íochtar an chrinnlín
agus an t-urlár. Do rop sé isteach an
dá eochair.



Ar éigean do bhí an méid sin déanta
aige nuair do sgiúrd ceathrar fear an
dorus isteach agus saothar ortha. Oifigigh
ghallda iad agus gradam árd aca, do réir
a n-éide. D'aithin sé duine aca — General
Walsingham, duine de lucht ceannuis an
Aeir thall. Bhí gnó ag Fionnbarra leis i
Lonnduin tamall roimis sin.



Do léim Walsingham le h-áthas nuair a
chonaic sé cé bhí aige. “An t-Aire féin, a
bhráithre! Ambasa, tá an t-ádh linn. Seo,
Smith” (le fear do bhí sa phasáiste lasmuich)
“cuir an glas ar an ndorus so istigh agus
cuir do dhrom féin leis chomh maith. Tá éan
againn annso gur fiú é chimeád.”



Idir an dá linn bhí duine eile aca tar
éis an corpán do thabhairt fé ndeara.
D'iompuigh sé ar a dhrom é. “An
Beirneach!” ar seisean. “An fear do
b'fheárr do bhí againn i bhfus. Bhí fhios agam
gur chuir Hoxton annso é ar thóir na léar-
sgála úd.” D'iompuigh sé go fíochmhar ar
Fhionnbarra. “Dar so is súd, ach go
ndíolfaidh tú féin as!” ar seisean.



Do thóg Walsingham lámh leis. “Go
réidh, go réidh,” ar seisean. “Ní gádh an
bhuirbe ar fad. Is fíor go gcaithfidh an
Suibhneach anam do thabhairt ar anam, ach tá
gnó againn de idir an dá linn. Tá sé
chomh maith dhúinn suidhe.” Do shuidheadar.
Bhí Walsingham mar a bhéadh breitheamh ag
ceann an bhúird, agus Fionnbarra 'n-a
phríosúnach i lár baill. Do chrom Walsing-
ham ar é cheistiú.



“Is dócha go bhfuil tuairim éigin agat
do'n ghnó do thug do chuairteóir annso — an
cuairteóir nach maireann, atáim a rádh?”



“Tuigim go h-áluinn cad do thug ann é.
Agus tá tuairim agam go dteipfidh mar a
gcéadna ar na cuairteóirí do tháinig 'n-a
dhiaidh.”



“Mol an lá um thráthnóna, a chara.
Tuig an méid seo go h-áirithe má theipeann,
imtheochaidh ort-sa mar d'imthigh air siúd.”



Do gháir Fionnbarra. “Ná deinidh aon
dá chuid d'bhur ndícheall,” ar seisean. “Ach
má's é an bás atá i ndán dom ar aon
chuma, mar a dubhraís ó chianaibh, ní thuigim
go bhfuilim fé chomaoin chomh mór san agaibh
go ndéanfainn rud oraibh.”



“Nach deisbhéalach an diabhal thú! Ach
bainfimíd an deisbhéalaighe dhíot — Smith,
faigh cúpla fear eile agus cuardaighidh é.”



Do cuardaigheadh, agus do fuarthas raint
eochrach i gceann des na pócaí aige. Siúd
ag tástáil na n-eochrach iad féachaint an
osclochadh aon cheann aca an crinnlín.
D'osgail, agus do chrom na h-oifigigh ar a
raibh sna taracáin d'iniúchadh. Bhí dhá eagla
ar Fhionnbarra: go bhfeicfí na h-eochracha do
bhí foluithe aige, agus go bhfuighdís amach an
cnaipe do bhain leis an ndaingean. Ach ar
ádhbharaighe an tsaoghail ní sa taracán féin
do bhí sé sin ach suidhte san adhmad lastuas
ar an dtaobh istigh.



Ba gheárr go bhfuaradar bosca cruaidhe
agus é fé ghlas. Níor oireamhnuigh aon
cheann des na h-eochracha é. Tugadh ceár-
duidhe isteach agus do h-órduigheadh dó é
d'osgailt, ach do chuaidh d'á dhícheall.



Do labhair duine des na h-oifigigh. “Dá
mbéadh gléas lasrach againn,” arsa sé, “is
dóigh liom go leaghfadh sé an chruaidh agus
go n-osclochaimís ar an gcuma san é.”



“Máith an áit a rabhais! — Smith, faigh
gléas dúinn.”



D'imthigh an saighdiúir agus do tháinig
isteach arís i gcionn tamaillín agus rud
éigin aige do bhí cosamhail le griangrafán,
ach cúpla roithín bheith lasmuigh air. Do shín
sé chun an Taoisigh é, do chuir an glas ar
an ndorus arís agus do chuir a dhrom leis
sin, mar a dhéanfadh saighdiúir maith.



Níorbh' fhada go raibh an glas gearrtha
glan as an mbosca cruaidhe agus é ar
osgailt aca. Páipéirí do bhí istigh — do
thogh Walsingham amach iad go dúilmhar
dithneasach. Má thóg, ní bhfuair sé ionnta
ach cáipéisí gan tairbhe. Tháinig néal buile
ann.



“An amhlaidh a mheasann tú ceap magaidh
do dhéanamh dínn?” ar seisean, go fíochmhar.
“Má mheasann, tá dearmhad mór ort.
Innis dom láithreach cá bhfuil an léarsgáil
úd, nó tá rud éigin is measa ná an bás i
ndán duit.”



“Dubhart leat ná béadh an t-eólus le
fagháil.”



“Smith, sín chugham an gléas lasrach san
arís — Sibh-se, cuiridh an príosúnach i n-a
sheasamh leis an bhfalla san thall. Cean-
gluighidh a chosa agus a lámh chlé, ach ná
bacaidh a lámh dheas go fóill — Seadh. Sín
amach a lámh dheas anois agus ceangal de'n
chrúca san é.” Do rith sé le Fionnbarra,
nuair a bhí an méid sin déanta aca, gur
minic do bhí sé díreach mar sin agus é ar
sgoil fadó, nuair a bhíodh cluiche na gcaipíní
ar siubhal aca, agus a lámh sínte amach chun
go mbuailfí leis an liathróid í.



Do labhair Walsingnam leis arís. “An
gléas beag seo,” ar seisean. “Níor mhiste
triail do bhaint as ar dtúis chun a fheidhm
do theasbáint duit. Féach ar an gcathaoir
sin neómat.”



Do bhain sé cúpla casadh as roth ar an
mbosca bheag. B'shiúd amach as an lasair
nimhe, deich dtroighthe ar faid, agus ar
leagadh na súl bhí cos de'n chathaoir 'n-a
luaithrigh agus poll maith mór loisgithe san
urlár. Do bhánuigh Fionnbarra.



“An dtaithneann san leat? Ach táimíd
ag cur ama amú. Teastuigheann léarsgáil
áirithe uainn — tá's agat cad é an ceann.
Is eól dúinn í bheith i mball éigin sa tseómra
so. An 'neósair dúinn cá bhfuil sí?”



“Ní 'neósad.”



“Is truagh liom tú bheith chomh dícéillidhe
sin. D'fhéadfaimís an seómra do réabach
as a chéile ach is usa dhúinn an t-eólus
d'fhagháil uait-se. An mór agat do lámh
dheas?”



Níor labhair an cime.



“Abraimís gur mór, má's eadh. Nach
mó rud a dhéanfadh sí dhuit? Dá mbeitheá
ag suirighe nó ag rinnce, cuir i gcás, nár
mhór an truagh í bheith de dhith ort? Nó má's
ag obair a bhíonn tú, nár mhór an truagh
gan í bheith agat chun t'ainm mór-chomhachtach
Aire do shighniú? Seadh, má's eadh. Cia'ca
is measa leat — an lámh nó an léarsgáil?”



“Deirim leat ná fuighfir an t-eólus.”



(Tuille le teacht.)



CAINNT NA n-ÉAN IS NA n-AINMHITHE.



An Coileach fraoigh (leis an gCirc fraoigh):



A Mháiréad! a Mháiréad! sparáil an
fraoch! An bhfeiceann tú an cnoc sin
agus an cnoc sin agus an cnoc údan
thall!



Máiréad (á fhreagairt): Agus an cnoc a
bhfuilimíd ann!



[Is ó nós san na gcearc fraoigh a tháinig an sean-
fhocal “sparáil na circe fraoigh ag an bhfraoch” ag
tagairt do sparáil mhí-thuiscionnach gan gádh.]



F.


L. 79


CLÓDHANNA NUA.



SEANFHOCAIL NA MUIMHNEACH — Is
fada sinn san Mumhain 'á chásamh ná raibh
ár gcuid seanfhocal ar fagháil againn ach
pé ceann aca d' fhéadfaimís a bhreith linn
'n-ár gcuimhne. Ach seo anois againn sean
ráidhte ár sínsear bailithe, eagaraithe,
uimhrithe, mínithe ag “An Seabhac” i gcló
leabhair mhóir 275 leathnach. Sé an bailiú é
is fearr dá ndearnadh riamh ar na seoda
cainnte atá tagaithe anuas chughainn ó na
daoine a labhradh an Ghaedhilg — agus
Gaedhilg amháin — agus a chuir a dtuairimí
ar ghnóthaí an tsaoghail agus na beathadh i
bhfuirmibh cainnte nár sáruigheadh i n-aon
teangain ar chruinneas, ar chomhgaracht ná
ar bhinneas. Sé an leabhar so an saothar is
mó agus is deacra dá ndearnaidh “An
Seabhac” agus tá scoláirí agus lucht
foghluma na Gaedhilge fé chomaoin go bráth
aige; agus tá seod-leabhar tugtha aige do
gach Muimhneach gur féidir leis an teanga
mháthardha a léigheamh.



“Cualacht Oideachais na h-Éireann,” i
mBleá Cliath & i gCorcaigh atá 'á fhoillsiú,
fé chlúdach éadaigh agus clár agus 3/6
a fhiacha.



M. Ó. F.



CATH RUIS NA RÍ FOR BÓINN — Leabh-
rán beag slachtmhar é seo. An t-Athair
Peadar a scríobh é, ar aithris an tsein-scéil.
Is cosúil é leis na mílte leathnach eile
de'n tsaghas céadna oibre d'fhág an t-athair
Peadar i ndiaidh a láimhe. Badh “dul le
cnósacht trágha go h-Ínse” dhúinn bheith ag
moladh na Gaedhilge atá ann. Nuair a
léigheamair é tháinig arís i n-ár n-aigne an
ní go mairfidh cáil an Athar Peadar 'na
thaobh .i. gurbh é, le treise a inntleachta
agus a thola agus le feabhas a dheagh-shompla
a thug chun críche é gurbh í an chainnt a
labhraid na daoine a bheidh mar mheodhoin
litríochta sa Ghaedhilg.



Tá nótaí ó láimh an Athar Peadar féin
ann. Brún agus Ó Nóláin a fhoillsigh. Tá
deallramh slachtmhar ar an gclúdach éadaigh
atá air.



Fr. an L.



GUNTACHT CAINNTE — Domhnall Ó
Mathghamhna do cheap an leabhar so. I
gcomhair lucht foghluma é agus tá tais-
beánadh maith ann ar an mbóthar is ceart a
ghabháil chun go mbeadh cuma nádúrtha ar
an nGaedhilg a foghlmochaí. I “bhFáinne an
Lae” bhí na ceachtanna so ar dtúis. Is
ait linn an neamh-shuim atá ag an údar i
modh fo-shuidhteach na mbriathar. Raol atá
ar an leabhar ó Bhrún agus Ó Nóláin.



Fr. an L.



TRIÚR MAC NA BÁRDSCOLÓIGE



Nuair do bhí an aimsir dhéanach ag teacht
ar an mBárdscolóig do chuaidh an mac ba
shine chuige féachaint cad d'fhágfadh sé aige
féin. “Níl aon rud agam d'fhágfainn agat,”
ar an Bárdscológ, “ach crann athá lasmuich
do'n chúirt agus bíodh a bhfuil os cionn
talmhan agus fé bhun talmhan agat de.”



Do chuaidh an dara mac go dtí é féachaint
cad d'fhágfadh sé aige féin. “Níl dada
agam d'fhágfainn agat ach crann,” ar sé
“agus bíodh a bhfuil críon agus glas
agat de.”



Do chuaidh an tríomhadh mac go dtí é
agus d'fhiafruigh sé dhe cad d'fhágfadh sé
aige féin. “Níl dada agam d'fhágfainn
agat ach crann athá amuich annsan agus bíodh
a bhfuil cam is díreach agat de.



Cuireadh an t-athair annsan agus an crann
tabhartha do'n triúr aca. Do bhí gach aoinne
aca ag rádh gur leis féin é agus do bhí sé
na throid eatorra. Do bhí fear cirt ar an
mbaile agus do chuadar go dtí é agus
d'innis gach aoinne a scéal fhéin do.



“Ní bhfaghainn aon réidhteach do dhéanamh
eadraibh,” ar fear an chirt, “mar is le gach
aoinne 'gaibh an crann d'réir uadhacht bhur
n-athar ach cib é duine agaibh is fearr gaisce
is leis a gheobhaidh an crann. “Cad é an
gaisce is mó do rinne tusa aon lá amháin
riamh?” ar fear an chirt leis an gcéad
fhear.



“Sé an gaisce is mó do rinne mé,” ar
sé sin, “ach páirc naoi n-acra do bheith ann
agus naoi ngeata do bheith ar an bpáirc:
girrfhiadh do leogaint dá rámhan déag uaim
ar maidin agus mo chos deas do cheangal
dom ghualainn, ní leigfinn an girrfhiadh
amach i n-aon gheata dhíobh ó mhaidin go dtí
an oidhche.”



D'fhiafruigh fear an chirt de'n dara fear
cad a bhí sé inneamhail ar a dhéanamh. “Sé
rud atáim-se inneamhail ar a dhéanamh,”
ar an dara fear, “ach mé do bheith anáirde
ag marcaidheacht ar an gcapall is mire do
rioth cúrsa ráis riamh do chuirfinn ceithre
crúdh fé gan aon choiscéim dá chuid reatha
do chur amugha air.”



D'fhiafruigh fear an chirt de'n tríomhadh
fear cad a bhí sé inneamhail ar a dhéanamh.
“Fear d'fhagháil lán cairt capaill de lóchán
coirce agus dul ar an gcnoc is aoirde
gheobhthaí an lá gaoithe is mó gheobhadh teacht
agus d'réir mar do chaithfeadh sé amach as
an gcairt é le sprann (.i. píce) mise dhá
líonadh isteach i málaí. Ní leigfinn,” ar
sé sin, “aon bhilleóg de ar an dtalamh
agus nuair a bheadh sé ag caitheamh na
bhilleóige deiridh de amach do bheinn-se ghá
chur isteach sa mhála.”



“Ní bhfaghainn an crann a bhuachaint le
h-aoinne 'gaibh,” ar fear an chirt, “ach cib é
duine 'gaibh is mó leisce is é a gheobhaidh an
crann.” Do cheistigh sé an chéad fhear arís.



“Sí an leisce is mó a bhí riamh orm-sa,”
ar an chéad fhear, “ach me bheith im' luighe
idir dá dhoras agus sioc agus sneachta do
bheith ag séideadh; ní leigfeadh leisce dhom
éirghe agus dul isteach i n-aon doras díobh.”



IRISLEABHAR MUIGHE
NUADHAD
1926



Gaedhilg ó chuirr go cuirr



DÁNTA,



SCÉALTA,



TRÁCHTAISÍ,



LSS EAGARTHA, &c.



1/6



Le fagháil ó



MHUINNTIR GUILL nó ó
MHUINNTIR EASON, Áth Cliath.



AN BONN
a's
AN CORN
a's
AN CHRAOBH DO'N
LÚTHAIDHE



AN SEÓD LUACHMHAR
& obair chondualach air



An stoc so againn-ne níl
a shárú in Éirinn
breághthacht agus buaine



LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac



Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORCAIGH



De dhéantúisí SHEÁN TÓIBÍN
iad so:



TÍREÓLUIDHE AR ÉIRINN — Leabhar in a bhfuil
Tíreólas, Tlachteólas, Luibheólas agus Stairshean-
chus a bhainean le h-Éirinn. Ar 5/- ó Chualucht
Brún & Ó Nualáin, in Áth Cliath nó i gCorcaigh.



Ó FÁILBHE MÓR — Dráma a rinn D. Ó Corcura;
ar 1/- ó Chualucht Brún & Ó Nualáin.



URSA AN ANAMA — Leabhar paidreacha a bhfuil
pictiúirí léirithe an Aifrinn ann. É oiriúnach mar
bhronntanas do'n leanbh nó do'n duine fásta ná
fuil ró-láidir sa' Ghaedhilg. 2/-.



PAIDIR IS FICHE — Paidreacha beaga bhlasta
ó'n nGaedhaltacht; ar 4d. agus ar 1/2. Mac
Aodhgáin & a Chl. Mhac a dhíolan na leabhair sin
paidreacha, ag 32 Sráid Pádraig, i gCorcaigh.


L. 80


CHÓMH BLASTA
LE
H-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh



SOLÁTHRUIGH CÓIB DE
“SEAN-FHOCAIL NA MUIMHNEACH”



“AN SEABHAC” do bhailigh agus do chur i n-eagar, maille le
nótaí, tagarthaí ranna, béal-oidis, réamh-thagradh, &c., &c. Bláth
agus cruinneas agus “Blas” fíor na Gaedhilge ann. Mianach
Óir an leabhar so do lucht litríochta agus staidéir agus go
mór mór d'aon duine gur mhian leis slachtmhaire agus cruth
Gaedhealach a bheith ar a chuid cainnte aige



CULTÚIR AIGNE agus CAINNTE na nGAEDHEAL



2152 seanfhocail, 262 pp. + XII,. fé chlúdach éadaigh, 3/6



le fagháil ó CHUALACHT OIDEACHAIS NA h-ÉIREANN
89 Sráid Talbot, Áth Cliath; 11 Sráid Pádraig, Corcaigh



“'D í an leisce,” ar fear an chirt leis
an dara duine, “is mó do bhí riamh ort-sa?”



“Me do bheith sínte ar chnámh mo chúil fé
bhun simné,” ar sé sin, “a mbeadh an súgh
ag tuitim anuas ann agus me do bheith am
chaochadh aige, ní leigfeadh leisce dhom mo
shúile do dhúnadh air.”



D'fhiafruigh fear an chirt de'n tríomhadh
fear “'d í an leisce is mó do ghaibh riamh é?”



“Sí an leisce is mó do bhí orm-sa,” ar
sé sin, “ach beirt bhan do bheith i ngrádh liom
agus ná leigfeadh leisce dhom póg do bhaint
d'aoinne 'ca.”



“Do leisce-se sí leisce is mó dhíobh í,”
ar fear an chirt, “agus athá a bhfuil os
cionn talmhan agus fé na bhun, cam agus
díreach, críon agus glas agat de'n chrann.



Seán Ó Curráin, An Rinn.



AN MIASMA.



A Mhic an Daill, éirigh it' shuidhe,
Tá na ba sa mhaorabhán
I mbarra guirt Uí Mhaolabháin.



Bhí Mac an Daill 'na chomhnaidhe i mBaile
Mhic an Daill i n-aice an Daingin. Cailleadh
a bhean nó a inghean agus cuireadh i dteam-
pal Fionntrágha í. Chuaidh sé maidin Lae
na Miasmaí go dtí an roilig agus tháinig
sé chun na h-uagha agus d'iarr miasma —



“Miasma seadh iarraim-se, 'rún chroidhe!
Mar is fada liom ataoi'nn tú id'
dhubhluighe,



I dTeampaillín Fionntrágha cúl le tráigh.”
Ní raibh aon oidhche 'na dhiaidh san ná go
mbíodh sí lasmuich d'á thigh ag faire air chun
rud éigin a thabhairt do a thabharfadh chúiche
féin é. Sin é thuas ar tosach an chainnt
adubhairt sí maidin mhoch leis d'iarraidh é
mhealladh thar doras.



Tomás Ó Murchadha,
ar an mBaile Loiscithe, d'innis do'n “Seabhac.”



Maorabhán — cruithneacht ag fás.
Lá na Miasmaí — an lá tar éis Lae Nodlag.
Miasma — bronntanas nó athchuinge.



Deirtear i gCorca Dhuibhne fós “fógraim
miasma ort.” Sé freagra a tugtar go
magúil air sin ná “bronnaim an t-Oileán
Tiar ort agus a bhfuil d'iasc ann?”



COIS TAOIBH NA CARRAIGE BÁINE.



Gléas A.



D'éirigh mé féin ar maidin go moch,
I bhfad amach 'sa bhfógh-mhar,
Cé chífinn chugham ach stór mo chroidhe,
Is í gléasta suas n-a cóiriú.
Bhí sí siúd lághach, inntinniúil,
Bhí a gruadh ar dhath na rósaí
Do rinncfinn ríl le stór mo chroidhe
Cois taoibh na Carraige Báine.



II.



Is treabhadóir mise, do threabhfainn is
d'fhuirsfinn,
Tá's é siúd ag na cómharsain,
Is mó sin páirc do threabh mé riamh
Níor bhain sé dhíom mo shláinte.
Do bhainfinn féar ar íochtar cruic,
Is do dhéanfainn cruach nó stáca;
Do rinncfinn ríl le stór mo chroidhe
Cois taoibh na Carraige Báine.



III.



Is measa liom féin ná Éire 'leog [uileog]
'S ná saidhbhreas rí na Spáinne,
'S ná a bhfeaca mé riamh d'ór a' tsaoghail
Go mbeinn-se ag ól do shláinte.
Tusa 's mise bheith pósta, 'ghrádh,
Le h-aon toil athar is máthar;
A mhaighdean óg is mílse póg,
Is tú grian na Carraige Báine.



Is ó Dhómhnall Ó Ríoghbhardáin, Tamhain, a fuaireas
an fonn ceóil seo. Scríobhas síos na bhéarsaí ó
bheidhleadóir i Liosdúin Bheárna go dtugtar “Blazer
Considine” air. Fonn eile do bhí cosúil leis an
“Peeler and the Goat” do bhí aige sean.



Finghin na Leamhna.



SNASÁIN “SCIENCE”
“GILE NA GILE”



SNASÁIN agus SMEARA
Do'n BHRÓIG



Do'n ÚRLÁR



Do'n TROSCÁN



SNASÁIN GAN LOCHT
Ná glac ach “SCIENCE”



PUNCH is a CHUAL. I gCORCAIGH a dheineann

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services