Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mí an Eanáir, 1926
Title
Mí an Eanáir, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh a 3. (An 3adh Srath). MÍ AN EANAIR, 1926. Dhá Phinginn a Fhiacha. CIALL CHEANNAIGH. Leath-bhliain ó shoin do bhuail sean-chara an doras isteach chugham lá agus boiscín 'na láimh aige. Chuireas fáilte roimis. Do leag sé an boiscín ar an úrlár faid a bhí sé ag baint na casóige dhe. “Cad é sin?” arsa mise. “Gadhar,” ar seisean. “Nár chúitightear do shaothar leat,” adubhart. “Cad é an gnó atá annso de ghadhar — ní bím féin sa bhaile — níl éinne sa tigh a aithneochadh madra ó mhínsigh — ní féidir é sgaoileadh amach ar an sráid — ní bheadh sé ach …” Ní túisge san ná mo bhean chughainn. Ó dhe, ba bhreágh léi gadhar — bheadh an- spórt aige féin agus Séamuisín Óg sa gháirdín ar chúl a' tighe. Thairing sí sgian ar na córdaí. Shiubhluigh an coileáinín amach agus do bhain searradh as féin. Ní raibh oiread do dhuirn ann. Ba chuma é nó putachán girrfhiaidh. “Éirighim asaibh,” arsa mise, “mar is dócha nách fearr bheith libh.” Bhí gach duine sa tigh i gcúram an choileáinín sin ó shoin anuas. Cad é ná fuair sé — biadh agus beathadh agus moladh agus gríosadh agus cimilt. Go deimhin níor mhór leat san féin do, mar bhí sé 'na mhaidrín shuairc, ghreanmhar, anamúil — lán de chleas'íocht agus d'imreas agus gan uaidh ó éinne ach greas spóirt a dhéanamh leis. Níor leag éinne riamh aon mhéar air tré dhroch-mhéinn. Dhein sé cáirdeas le gach duine, agus cad é glionndar ná bíodh air a' sgeamhghail agus a' léimrigh agus ag iarraidh daoine a mhealladh chun grínn. Níorbh' aithnid do sa tsaoghal ach deagh- mhéinn agus gile agus síor-shuairceas. Lá le déannaighe dá rabhas sa bhaile cheapas go raibh sé i n-am ag an ngadhar so agam eolas do chur ar an saoghal mór mar nár chuir sé a shrón thar límistéir an tighe amach riamh. Seo chun siubhail linn — é siúd romham amach a' poc-léimrigh agus a cheann san aer. Rith sé sall 's anall agus é ag iarraidh gach tráigh a fhreastal — a' gliúcghail annso agus a' bolathghail annsúd agus ag cur tuairisg gach uile ruda. Bhí sé ag imeacht 'na ghligín leis an áthas agus leis an iongnadh agus leis an taithneamh a thug sé d'iongtaisí an tsaoghail mhóir. Níor bh'fhada dúinn sa tsiubhal go bhfeaca chughainn gluaisteán. Cuir mo mhaidrín an dá shúil ann. Ba mhór é a thaithneamh d'aon nidh go mbeadh oiread imeachta fé agus oiread grithileáin aige agus oiread smúit 'á chaitheamh anáirde aige. Rith sé fé 'na dhéin chun fáiltiú roimis. Séideadh an adharc. Ba mhór an sás grínn an gluais- teán so dar lem' ghaidhrín. Níor chuir sé aon spéis im' chuid fead'íola-sa ná i gcomhairle, ná i n-easgainithe an tiomán- aidhe. Síneadh ar fhleasg a dhroma é sé troighthe amach ó'n ngluaisteán. Do ghabhas plámás leis ar mo dhícheall, 'á chimilt 's a' cainnt 's a' comhrádh leis — gur rud gránna é gluaisteán — gur rud millteach, mí-dhaona é — gan é a bhac feasta — a leithéid a sgaoileadh thairis — gur mairg a raghadh 'na ionntaoibh a bheag nó a mhór. Ghaibh sé lem' bhréithre go socair. Mheasas go raibh sé ag iarraidh a chur i n-iúl dom gur agam a bhí an chiall go léir. Ghreadamair arís chun bóthair. Níor bh'fhada do'n méid sin dul i ndearmad a ar mo ghadhairín. 'Ghearr dom go raibh sé a' fiosrú timcheall chomh dícheallach agus bhí riamh. Do leath an dá shúil air nuair do ghaibh chúghainn capall meanmnach spágach a' sodar fé charráiste. Chomhairligheas do gan dul 'na ghaor. Sgaoil fear an charráiste béic fé — comhairle ar dtúis, mallacht annsan. Nuair a tháinig mo mhaidrín as achrann na gcrúb ba mhaol é a chrot. Seo chun bladair arís liom 'á mhíniú nách d'á dheoin do dhein an capall san — gur ainmhidhe mór trom é — go mbíonn ar an mbeag géilleadh do'n mhór. Ba bhreágh, dar liom féin, mar do chuaidh mo chuid feallsamhnachta i gceangal air. Shuidh sé go socair foidhneach agus cluas le h-éisteacht air. Do bhuail- eamair bóthar arís. Ba láidir an creideamh a bhí ag mo mhaidrín i suairceas agus i soilbhreas an tsaoghail. Níor ghoill an dá bhuille sin pioc air. Bhí piarda mór gadhair sínte 'na ailp taobh amuich de thigh a bhí ar an slí romhainn. Seo chuige mo mhaidrín. B'é an chéad chomráduidhe a bhuail riamh leis é. Labhair sé leis. Do dhírigh an piarda báine na súl air. Labhair mo ghadhairín arís. Chuir an piarda dronn air féin. Ní fheacaidh mo mhadrín-se dronn ná droch-scéimh ar éinne riamh agus níor thuig. Ba mhór an sás grínn é seo, dar leis. “Humh! humh!” arsa mo ghadhar beag. Rug an piarda ar chúl an chinn air agus do chaith é trí slata uaidh amach. “A mhaidrín bhig,” arsa mise, agus me ag iarraidh é chur chun suaimhnis, “múineadh an ghluaisteáin, múineadh an chapaill, múin- eadh an tsaoghail a tugadh ar an bpiarda sin, agus ná h-agair an feille-ghníomh san air.” Níor fhan gíog ann. Bhí sé 'na bhalbhán agus é ar baill-chrith. D'aithnigheas féin nuair do chuireamair chun siubhail arís go raibh lagaithe ar an dtaithneamh a thug mo mhaidrín do'n saoghal. Ní raibh sé chomh sciúirdiúil agus bhí. Bhí sé ar a aire féin. “'Gearr dom,” arsa mise, “go mbeir-se id' phiarda leis ag an saoghal.” Do ghaibh cat treasna an bhóthair agus sinn ag gabháil thar brághaid. D'fhéach mo mhaidrín air. Níor phíosa stáin é. Ní raibh crúba fé. Ní raibh sé mór, doicheal- lach. Ainmhidhe beag eaglach a bhí ann, dar leis, agus cumá ná raghadh sé 'na dháil. Do chuaidh. Theich an cat. Lean an madra é. Stad an cat agus do chuir geannc air féin. Bhí an madra d'iarraidh súnc do chur ann le na choincín. Dhein an cat ceirthlín deas de'n laipín tosaigh agus do chuir gach ionga go smior i bpus mo ghadhair bhoicht. Seo chugham arís é. Dheineas peatair- eacht air. San aighneas dom do chuireas i
“SCÁTH DO CHLUAS AR AN gCLAGAR ANUAS” TAR ISTEACH AGUS DEIN DO THOGHA SCÁTH AGAINNE DO'N UILE DHUINE, FEAR, BEAN & PÁISDE IAD AGAINN AR AN mBEAGÁN AGUS AR AN MÓRÁN AR AN gCORÓIN AGUS AR AN TRÍ PÚINT TÁID IDIR RAMHAR agus LEABHAIR AGAINN An “CAOL-ÁRD” agus an “GEARRA-CHOS DEAS.” AN MAIDE-SIUBHAL DO'N ÓG AGUS DO'N tSEAN SEOMRA NUA NA RADHARC An máilín taisce bíonn ar a bais aice Is gach earradh nach deise deas ná é M. A. Ó RIAIN, CORCAIGH TIGH AN BHATA DROIGHIN DEOCH BHLASTA FHOLÁIN ISEADH “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar Scríobh chuig SEÁN Ó DALAIGH IS A CHUA. TTA., I gCorcaigh in a thaobh A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR gCUID TÉ, MÍSLEÁIN IS SIÚICRE, MINCHOIRCE, RÍS IS UBHLA ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN [agus a Chua. a 1, 2 & 15 An Mheadhon-tsráid Theas (1, 2 & 15, South Main Street), CORCAIGH dtuisgint do ná raibh i ngníomh sin an chait ach gné eile do sgéal an chapaill — an beag 'á chosaint féin ar an mór. Ní mór ná go raibh an misneach imithe. Bhí an deagh- ionntaoibh a' trághadh uaidh, diaidh ar ndiaidh. Ní mór ná go rabhamair thar n-ais sa bhaile arís — mo mhaidrín a' sodar lem' shálaibh agus gan fonn reatha ná grinn air. Bhíos féin ag gabháil leathsgéil leis de bhárr mí-nádúrthachta an tsaoghail. Thuigeas gurab' é ba mhó bhí uaidh anois ná bladar agus bog-chainnt agus laoithe-sonais a ghabháil leis. Chonnaic sé bean ag siubhal na slighe romhainn. Seo leis anonn chúichi — d'fhonn 's an crádh agus an aindise a bhí anuas air a chur i n-iúl di, is dócha. Tháinig sé roimpi amach agus d'fhéach anáirde uirthi. “'Migh as san,” ar sise, agus do bhuail sí flíp sa leath-chluais air le na sgáth-fearthainne. Dob' shin bárr ar gach donas. Ba chuma, do réir deallraimh, inneal nó ainmhidhe — beag nó mór, nó fiú amháin an daonaidhe féin — ba mhar a chéile iad uile. Ní fhuair sé ar a dheagh-ionntaoibh uatha ach brúgh annso agus buille annsúd. “A ghadhairín,” arsa mise, agus doras an tighe 'á dhúnadh amach agam, “bíodh a fhios feasta agat gurab é teagasc na beathadh-so maireachtaint go h-iomlán ionnat féin gan cur isteach ar do chomharsain. Is annsan amháin atá síocháin.” M. Ó Siochfhradha. RÁIMÉIS BHEAG. Amáireach an Domhnach, Beimíd go bramhsach* Cad do bheidh ag'ainn? Arán seagail Crúba capaill, Min ar méisín, Céisín reamhar, An dubh 's an donn 'S an bollán breac. *Bramhsach = Ar a gcúilín tseabhrach. Deirtear “gramhsach” leis. Bíonn gach aoinne go gramhsach nó “piocaithe suas” Dé Domhnaig. ó Dhómhnall, Ó.S., Cathair Dómhnall. AN TROMPALLÁN. Bhí Seán agus Máire ag tiomáint na mbó ar an dtuar. Do chualadar “mhú, mhú,” os a gcionn san aer. “Cad é sin, a Sheáin,” arsa Máire. “Trompallán,” arsa Seán. “Agus cad é an rud trompallán?” arsa Máire. “Is gearr go mbeidh a fhios agat,” arsa Seán. “Féach anonn é. Buailfidh sé i gcoinnibh an chlaidhe.” Dob fhíor do. Do bhuail sé i gcoinnibh an chlaidhe, agus do thuit sé ar an dtalamh. Do chuaidh an bheirt leanbh anonn chuige. Bhí sé ag bun an chlaidhe. Ainmhidhe beag mar a bheadh ciaróg, ach é bheith níos mó; sgiath cruaidh dubh-ghorm ar a dhrom, agus dhá sgiathán liatha ar nós an t-síoda. Bhí sé ag filleadh na sgiathán agus 'á gcur fé'n sgéith. “Cad na thaobh gur bhuail sé é féin i gcoinnibh an chlaidhe,” arsa Máire. “Do chuala an cnag.” “Mar ní'l an radharc ar fónamh aige,” arsa Seán. “Ar ghortuigh sé é féin?” arsa Máire. “Níor ghortuigh,” arsa Seán. “Do chosain an sgiath é.” “Fág annsan an créatúir,” arsa Máire. “Fan,” arsa Seán, “inneósaidh sé dhúinn an mbeidh an lá 'mháireach tirim,” agus do thóg sé 'n-a láimh é. “A thrompalláin, a thrompalláin, Caithfead anáirde tú! An mbeidh an lá 'mháireach tirim?” Do chaith sé an trompallán anáirde san aer, agus nuair a thuit sé bhí sé ar a thár anáirde. “Sin é an cómhartha,” arsa Seán, agus áthas air, “dá mbeadh a dhrom anáirde bheadh an lá 'máireach fliuch.” Do thóg Máire an trompallán, agus do chuir sí isteach i n-aice an chlaidhe ar a chosaibh é, agus do lean sí Seán abhaile. [Baineadh so as beart phíosaí ó bhéal oideas Gaedhal do scríobh “gruagach an Tobair” do'n tsean “Lóchrann.”] LEIGHEAS AR AN TRIUCH. Creidtí fad ó dá bhfeictí marcach ar chapall bhán ag gabháil thar bráid go mbeadh leigheas an treacha le fáil uaidh. Tigh go mbeadh leanbh tinn leis an dtriuch ritheadh duine amach nuair chídís an capall bán ag teacht agus cuirtí ceist mar seo chuige: “'Fhir an chapaill bháin, cad do leighisfeadh an triuch?” Aon ní déarfadh sé sin bheadh sé go ceart, cuir i gcás: “Faigh breac ó'n linn agus cuir a cheann isteach i mbéal an leinbh agus cuir thar n-ais san abhainn é n-a bheathaidh.” Tadhg Ó Séagha. SEÁN Ó NÉALAGÁIN, Dúnaraill, an fear agat má theastuíonn uait Té, Siúicre nó Biadh ar bith; Mísleáin, Tobac, no Páipéar, Áruistí, Glaine nó Rothair nó nithe nách iad agus iad go léir ar an bpinginn is lugha.
BRIGHID NÍ CHIONNAIDH. (Scéal a tharraingeann scéal. Nuair a chuireamair “Nóirín a' Duilisc” i gcló chuir sé a shamhail de scéal i gcuimhne d' “Fheargus Finnbhéil.” Seo 'nár ndiaidh é. An chuid d'ár léightheóirí go bhfuil suim i sean-scéal'íocht na nGaedhilge aca cuiridís i gcoimh- meas iad agus bíodh an teagasc atá ionnta ar fagháil aca. Fear an L.) Do bhíodh ana éileamh ar sgéaluíocht ag Gaedhealaibh i gcomhnuí riamh, agus tá fós. Is é gnás na sgéaluíochta an chéad sgéal do dhul ar an té is déannaí thagas isteach. Ná leig-se, a léightheóir, an gnás soin i ndearmad choidhche, ar eagla go n-eireoch duit mar d'éirigh do Bhrighid Ní Chionnaidh tráth. Is amhlaidh bhí Brighid in aimsir ó thuaidh thar cnoc gur éirigh idir í féin agus a máighstireás in árd an tráthnóna. B'éigean a tuarasdal do thabhairt do Bhrighid anuas as an dtáirne, agus thug sí a h-aghaidh ar an mbaile gan stad. Rug an oidhche uirthi agus í ag cur an chnuic di, agus ní fuláir nó is seachrán d'imigh uirthi isna ródáin, mar bhí taca an mheádhoin-oidhche ann sula bhfuair sí an bóthar cothrom arís fá na cois. Chonnaic sí solus i dtigh beag i mbéal an bhóthair, agus an doras ar osgailt. Do bhuail sí isteach go fonnmhar. Ní fhaca sí roimpi istigh ach seanduine cnaoidhte, ina shuidhe i leathtaoibh na teine, agus a cheann fé. Ní rinne Brighid ach déanamh suas ar an dteinteán agus suidhe ar shuístín ar an dtaobh thall de'n teine. Níor iarr sí bheith istigh amháin. Ba leor léi bheith sa tseilbh, gan dul in iontaoibh an eiteachais. Níor bhog an seanduine a cheann, ná níor leig air go gcualaidh sé aoinne ag teacht isteach. Bhí Brighid ag á chuimhneamh gur ina chodla bhí sé, nó gur labhair sé i gcionn tamaill mhaith, gan fiú an fhéachaint do thabhairt uirthi. “Seadh, a Bhrighidh Ní Chionnaidh,” ar sé, “ar ghluais aon scéal nua leat?” “Níor ghluais ná cuid de sgéal, a fhir mhaith,” do ráidh Brighid. Bhíodar ina dtost tamall maith eile, agus is é bhí ag déanamh iongantais do Bhrighid cionnus fuair seisean a h-ainm agus a sloinne, gan féachaint uirthi amháin. D'fhiafraigh sé arís di an raibh aon sgéal nua aici, agus dubhairt sise ná raibh I gcionn tamaill mhaith eile d'fhiafraigh sé dhi an raibh sgéal nua nó seansgéal aici. “Drae sgéal, a dhuine chóir,” ar sise, “nua ná seanda.” “Seadh, a Bhrighid,” ar seisean, “ó'n uair ná 'neosfá sgéal dom, bheadh sé chomh maith agat sgiath mhóna thabhairt isteach i gcomhair na teine.” “Déanfad, a nónach, agus fáilte,” ar sise, agus ba ghearr léi gur h-iarradh uirthi a leithéid d'áis do dhéanamh do mhuinntir an tighe. “Cá bhfagad í?” ar sí. Sa sgioból soin amuich,” ars an duine críonna. Rug Brighid ar an mbirdeóig, do chuaidh isteach mar a raibh an mhóin, agus bhí ag a líonadh fá na dóirnibh, mar ná raibh léas soluis aici. Sula raibh an bhirdeóg lán aici chualaidh sí tuairt éigin chuichi. Do dhruid sí anonn mar a bhfuair sí cúil de thuighe bhán, agus do chuaidh i bhfolach ann. Ní mó ná clúdaithe bhí sí sa tuighe nuair tháinig ceathrar fear an dorus isteach, agus comhra ar iomchar acu, agus coinneal ar lasadh anuas ar an gcomhrain. Do leagadar an chomhra i lár an urláir, agus do shuidheadar timcheall uirthi. Do tharraingeadar chúcha paca cár- taí agus do chromadar ar iad d'imirt anuas ar an gcomhrain, lán an cheathrair díobh. Ba ghearr gur luighdar ar chalaois, agus ar árdchaint, agus ar mhionnaibh móra, agus ar bharbaracht do-innste, agus iad gach uile nóimeat i riochtaibh dul isna sgórnaibh ag á chéile. Is amhlaidh bhí Brighid agus leathshúil amach aici ó n-a clúid, ag faire ortha, í i ndeireadh an anama le h-eagla rómpa, agus dá seargadh le náire fán gcainnt bharbartha bhí acu. Bhí sí an fhaid sin ann, agus a leithéid d'fhaitíos ina croidhe, nár shíl sí go bhfeicfeadh sí an lá go deo. Sa deireadh thiar thall d'éirigheadar chun imeachta. “Cia bhéaras an corp leis?” arsa duine dhíobh. “Beir féin leat é,” arsa duine eile, “is duit is córa é.” “Thugais t-éitheach, ní dhom,” ars an chéad duine arís, “ní mise mhairbh é.” “Thugais féin é, mar is gnáthach leat,” ars an tríú fear. “Bhéarair-se an marbhán leat,” do ráidh an ceathrú fear le h-eisean, “nó is duit is measa.” “Smear an obair sin fá dhuine éigin eile,” ars an tríú fear. “Tá fhios agam- sa cia is mó is cionntach ina bhás,” “Ba dhóigh liom,” ars an chéad duine do labhair, “go bhfuil Brighid Ní Chionnaidh annsoin díomhaoin a dóthain chun é dh'iomchar.” “Seadh go díreach,” adubhairt duine eile, “ní fearra dhi bheith caithte annsoin ag féachaint orainn.” “Ó, a dhaoine uaisle an chroidhe istigh,” arsa Brighid, “nílim-se annso in ao' chor, agus ná h-iarraidh orm é; nílim ar mh'anam!” “Éirigh amach as soin, a spiadhaire an fhill,” arsa duine dhíobh léi. “Is saor atáimíd agad' leigint as agus tú ag faireadh orainn annsoin ó thángamair isteach.” B'éigean do Bhrighid teacht amach as a clúid. Do h-árduíodh an chomhra thiar uirthi. “Cá mbéarad é?” ar sise. TROSCÁN agus LEABTHACHA ar fheabhas agus ar shaoire Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat! SEÁN MAC EÓINÍN ‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN’ Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, CORCAIGH Deuntús na h-Éireann Iarr COINNLE AGUS SOILLSEÁIN OIDHCHE a deintear i gCorcaigh agus FEUCH CHUIGE GURB IAD A GHEOBHAIR! Is iad lucht a ndeunta — CUALLACHT COINNLE AN tSEANDÚNA Tta. Sráid Shan Seáin, I gCORCAIGH C. & M. HEMSWORTH I gCORCAIGH Is ann atá Bagún na hÉireann Margairín & Blonag na h-Éireann Iasc uisce na h-Éireann An Ceann Muice leasuightar i nÉirinn 'Siad na tighthe stóir — a 3, 4, 5, 6, 7, 8 & 9 ar Sráidín an Mhargaidh a 40 Chaladh an Phápa agus Is é an Árd-Oifig a 15 ar Shr. an Mhargaidh Arbhair Tadhg Ó Súilleabháin, an té gur leis an áit go léir Sranngscéal: “Hemsworth, Corcaigh.” Guthán 182
NA LEANBHAÍ MÁ'S MAITH LEAT AN GHAEDHEALG DO THABHAIRT DOD' LEANBHAÍ CUIR GO DTÍ AN t-AON SCOIL AMHÁIN IN ÉIRINN A nDEUN- FAR CAINNTEÓIRÍ LÍOMHTHA DHÍOBH IN AON TEURMA AMHÁIN. CUIMHNIGH GUR EUGCÓIR MHÓR AR AN LEANBH AN GHAEDHEALG do CHEILT AIR, AGUS CUIMHNIGH FÓS GUR FEARR TEANGA NÁ SPRÉ. ATÁ AN SCOIL AR SIUBHAL ANOIS, AGUS ATÁ GACH CÚNTAS LE FAGHBHÁIL Ó'N — bhFEAR MÓR, Coláiste na Rinne, DÚNGARBHÁN LEABHAIR! LEABHAIR! Tá gach saghas le fagháil ó LIAM RUISÉAL 68, 69 SR. AN CHAPAILL BHUIDHE I gCORCAIGH Guthán: 1133 MÁ THEASTUIGHEANN UAIT LEABHAR GAEDHILGE DE - SAGHAS AR BITH Gheobhair annso é Deinimíd LEABHAIR an ATHAR PEADAR do chraobhscaoile Sinne Muintir BRÚIN & NUALLÁIN Sráid Bhuintrop, I gCORCAIGH GHEOBHAIDH DO MHAC TOGHA NA SCOLUIDHEACHTA I gCOLÁISTE CHOLMÁIN CLUANA Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán — An t-ATHAIR TOMÁS TÓIBÍN SEÁN Ó CONAILL Dealbhóir Gaedhlach, SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH Sgríobh ag triall air AN LÓCHRANN. Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí — Bainisteoir “An Lóchrann,” 27 Sráid Tucaí i gCorcaigh agus Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus scríbhneóireachta go dtí — Fear Eagair “An Lóchrann,” 119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc Bleá Cliath. “An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh Bliana 3/6 BRIGHID NÍ IONNAIDH (ar leanúint) “An bóthar soin soir,” ar siad, “go n-abrochaimíd leat stad; agus muna mbeir ag an roilig leis roimh glaodh an choilig cuirfear sa chomhrain ina theannta thu.” Do ghluais sí roimpi, agus a h-ualach thiar anáirde uirthi, agus an ceathrar fear le na cois. Bhíodar san ag bruighean agus ag easgainí agus ag athnasg ar a chéile, agus Brighid bhocht ag tuiteam ar gcúl le tuirse go rabhadar abhfad amach roimpi. D Nuair bhí sí traochta tabhartha amach, agus an ceathrar imithe as a radharc, do labhair an guth ag a cluais, guth caol fannlag, as an gcomhrain amach. “Stad a Bhrighid!” ars an guth. Do baineadh a leithéid de gheit a Brighid gur thuit an chomhra d'á druim amach. “Briseadh agus brúth ar do chnámhaibh, táim martraithe agat!” ars an guth, agus fuinneamh tagaithe fán am soin ann. Do chuir Brighid sgread bháis aisti, agus d'fhan ag greadadh a bas os cionn na comhran. “Bog an chomhla dhíom, a chamóg oinsighe,” ars an guth. “Tabhair gaoth do'n chomhlain adeirim leat — táim dom mhúchadh annso istigh.” Do bhog sise an chomhla. Níor thúisge sin ná an fear marbh ag suidhe aniar insa chomhrain, agus é ag spalpadh na mionn. “Suidh annsoin ar do chromara,” ar seisean, “agus imir cluiche cártaí liom.” D'fhreagair Brighid ná féadfadh sí é, agus ná h-aithneoch sí na cártaí. “Suidh sa diach duit,” ar seisean, agus níor chuir sé fiacal ann. “Suidh agus múinfead duit iad.” B'éigean di géilleadh. Do leag sí an chomhla treasna ar an gcomhrain, agus do shuidh ar a corra giub ina fhiadhnuise. Do tharraing an fear istigh a phaca cártaí chuige agus do luighdar ar imirt. Do luigh seisean san am gcéadna ar chalaois, agus ar éitheach, agus ar anchúinseacht, mar dob' eol do. Dá olcas í an chainnt do bhí ag an gceathrar eile ba mheasa go mór cainnt fir na comhran, le buirbe agus le barbarthacht. Céard do rinne Brighid fá dheoidh, nuair na féadfadh sí an droch cainnt do sheasamh níoba shia, ach cur sa rith an bóthar siar, chomh tréan agus tháinig léithe. “Fill, sa donas ort,” ars an corp. Níor fhill. “Fill, a Bhrighid Ní Chionnaidh,” ar seisean arís de ghuth imeaglach, “fill, agus ná bíodh t' anam orm.” Is amhlaidh tháinig breis choisíochta do Bhrighid. “Do bheirim-se sparán,” ars an corp; agus le na linn sin do chualaidh Brighid an chomhra ag poc-léimnigh ina diaidh. Do lean sí uirthi, faid gach nfhaid, agus an croidhe leis an mbéal aici, agus “poc! poc! poc!” ag an gcomhrain ar an mbóthar chruaidh ina diaidh: Bhí an tuirse ag cur uirthi fé dheireadh, agus an choisíocht ag dul i muille aici, agus an chomhra ag teacht suas léi de réir a chéile. Nuair bhí an chomhra leis na sálaibh aici do chonnaic sí solus i dtigh bheag i mbéal an bhóthair, agus an dorus ar osgailt. Do ghéaraigh sí uirthi sa tsiubhal, an méid do bhí innti. Do ghéaraigh an chomhra sa tsiubhal mar an gcéadna, agus eatortha araon dob' fhearr é, nó go ráinig le Brighid bheith thar tairsing isteach nuair do buaileadh pléasg de'n chomhrain i gcoinnibh an fhárduiris. Do chuir Brighid aon uaill- bhéic amháin aisdi, do chroth fraitheacha an tighe bhig, ach níor lean an corp thar tairsing í. Bhí an duine críonna san ionad gcéadna roimpi, ina shuidhe cois na teine, a cheann fé aige, agus gan húm ná hám as. Do shuidh Brighid thall arís insa tsuístín, agus í i ndeireadh na feide. Ní raibh le clos annsoin aici ach a croidhe bocht féin, agus é ag preabarnaigh agus ag bualadh i gcoinnibh a h-uchta. “Seadh, a Bhrighid,” ars an seanduine go roighin, i gcionn sgathaimh aimsire, “an bhfuil aon sgéal nua agat ó shoin?” “Och, a dhuine an chroidhe istigh, leig dom féin,” ar sise. “A leithéid de sgannra agus fuaireas ó ghabhas amach;” agus d'aithris sí an sgéal go léir do, tríd agus tríd, ó chonnaic sí an ceathrar fear gur lean an corp go béal an duiris í. “Gura slán sgéalaidhe.” ars an duine críona nuair bhí sé críochnuithe aici. “Is rí-dheas an sgéal é sin agat, a Bhrighid. Cumá nár innsis an sgéal soin dom ar dtúis? agus ní chuirfinn d'iarradh na móna thu.” “Cionnus d'inneosainn duit é, a dhuine na páirte,” arsa Brighid, “agus gan é tuitithe amach in ao' chor?” “Má seadh, dar ndóigh, d'fhéadfá sgéal éigin eile d'innsint dom dá ionad. Raghad féin d'iarradh na móna anois,” ar seisean. Agus do chuaidh. Feargus Finnbhéil.
AN GAELACHAS. Ní dócha go bhfuil san Eoraip fé láthair aon daoine is lugha go bhfuil éirim náisiúntachta ag baint leo ná muinntir na h-Éireann. Taobh amuich de roinnt bheag Gaedheal níl staid na náisiún- tachta sroiste ag aon dream eile i nÉirinn. Is cuma ché mhéid Sasannach nó “Neamh- rialtach” nó “Státaire” atá marbh ag aon duine sa tír seo, ní Gaedheal d'á bhrí sin é maran Gaedhilgeóir d'á thoil é agus mara bhfuil sé ar n-a líonadh d'eolas agus de bhéascna a chine agus a thíre 'na theannta san agus grádh aige do sna neithe sin. Is mithid dúinn an t-idirdhealú san a dhéanam i n-ár n-aigne agus is lán mhithid cuspóir dheimhnitheach náisiúntais a chruthú chun ár gcoiscéimí a dhíriú fé na dhéin. Is é cuspóir é sin ná lán-Ghaedhealú ár gcine nó roinnt dár gcine i nÉirinn. Is beag i nÉirinn a leig riamh d'á machtnamh dul chomh fada leis an gcuspóir sin. Is eol dúinn go bhfuil mór-chuid de lucht na Gaedhilge féin nár mhachtnuigh fós air is nár ghaibh go h-iomlán leis an gcuspóir — tré leisce, b'fhéidir, nó tré bhrostaitheacht an tsaoghail. Aon rud atáthar a dhéanamh fé láthair ní ró-dhoimhin an phréamh a chuirfidh sé óir is mar uachtar ar chré ghallda atáthar 'á chur, tá an síol — nó cuid mhór de — ag tuitim ar thaobh an bhealaigh agus ar na cairrgeacha agus ameasg fiaile agus ní buan an fás a bhéas air. Níl an ithir 'á treabhadh doimhin go leor ná na préamha 'á gcur síos fada go leor chun sughlach saidhbhir Gaelach a ghluais- eacht aníos. Dá chúis is bun leis an rud so .i. uireasbha tuiscionna ag an slua i dtaobh aon ní i bhfuirm náisiúntais ná an chultúra is fearr d'oirfeadh do; agus san dara h-áit uireasbha nirt i n-ár gcreideamh náisiúnta. Chomh fada agus bhaineann leis an gcéad chúis aca so níor glacadh fós dáiríribh leis an ngairm scoile nó an gháir chatha “An Gaedheal i n-uachtar i nÉirinn.” Tá glactha go poiblí, ar chuma, leis an dteagasc “an té gur cheart do bheith 'na Ghaedheal” gurab é is cóir a bheith i n-uach- tar agus gan d'údarás aige chun bheith i n-uachtar ach “gur ceart do” bheith Gaelach. Ní cuirtear d'iachaibh air a bheith. Ní gádh dho ach “bú!” a rádh le Sasanna nó a rádh gur trua leis go bhfuil an “dear old tongue” ag fagháil bháis. Níl aon náisiúnta Gaelach ag gabháil le saothrú cultúra litríochta ná ceóil ná aon chuid de sna h-ealadhna uaisle eile i nÉirinn. I gcoinnibh a dtola a mhúineann lucht stiúrtha na gcoláistí móra i nÉirinn an Ghaedhilg féin agus tugaid aire mhaith gur cultúir “Eton” a bhéas i saoghal an choláiste. Tá na h-Iolscoileanna go mór níos measa. Ní h-eol dóibh Éire ionnta san. Níl aon iarracht d'á dhéanamh ag na daoinibh “gur ceart dóibh” a bheith Gaelach — agus sin naocha fé'n gcéad de'n phobal — ar shaoghal iomlán a iarraidh ná a chruthú i n-aon chultúir ná i n-aon ealadhain i bhfuirm ar bith go bhfuil comhgus ná baint aige le Náisiúntacht Ghaelach. Dar le duine is dream sinn gur baineadh éirim na neithe sin asainn agus ná tuigimíd a dtábhacht ná a mbrí agus ná leigimíd dóibh teacht taobh istigh dár ndílseacht do'n chine ar díobh sinn; nó marab é sin é, is amhlaidh go bhfuil sé dulta d' ath-nádúir bunaidh ionainn a chreidsin ná fuil na neithe sin i ndán do Ghaedhealaibh ó phréimh a ndúchais agus ná fuil agus ná beidh againn díobh ach a bhfuaireamar ar iasacht ó na “Máighistrí” bhí orainn ó aimsir Eilíse Shasanna. Ag tagairt do'n dara cúis a luadhmair thuas — uireasbha nirt 'nár gcreideamh náisiúnta — is ró shoiléir ná fuil fós cré ná creideamh cine ar leith againn. Tá, agus bhí, go leor de chreideamhaibh polaitíochta againn. Ní gádh gaol idir an dá rud agus ní raibh de ghnáth i nÉirinn. Chuaidh Gaedhil as radharc an tsaoghail tar éis cath Cionn tSáile agus Luimnighe. Níor chlos a nguth i ndálaibh na tíre go dtí 1916. Is iad a ghlaoidh an uair sin ar shlua Éireann agus a threoruigh an slua chun buadha i n-aghaidh Seáin Bhuidhe i 1921. B'é eiseirghe dob' iongantaighe thárla i stair an domhain é. Le racht obann mórtais asta thug an slua dílse naoi lá do chreideamh Gaedheal. B'é sin céad mórtas a deineadh as fíor- náisiúntas i nÉirinn leis na céadta fada blian. Ach ní as ucht a dtuiscionna ná a n-eolais a thug an slua an dílse gearr- shaoghlach san do'n Ghaelachas. Ní gearánta ar an slua é, ní raibh tuiscint ná eolas ná aithne aca air, agus nuair d'imigh an racht díobh thugadar faillighe sa dílse nua-bheirthe agus d'fhilleadar ar na déithe dob' aithnid dóibh — an pholaitíocht — agus d'adhradar; agus dheineadar íobairt loiscithe d'Éirinn. “Hí for the Free State!” arsa dream; “Up the Republic!” arsa dream eile. Tuigeann an slua rudaí beaga suaracha mar sin. Ní h-eol dóibh dílse níos doimhne. Tuigeann cuid de lucht na Gaedhilge é agus is é a ndualgas san a gcreideamh féin a chur i bhfeidhm ar an gcuid eile. Ag machtnamh do dhuine ar scéal na tíre seo do thaidhseochadh sé go h-ait do go rachaimís chun feirge le duine a chuirfeadh an “Union Jack” ag folumhain os cionn a thighe agus ins an uair chéadna go mbeadh gach rud a bhaineann leis an “Union Jack” sin i n-uachtar agus i réim gan freasabhra i dtighthibh, i mbéasaibh, i dteangain, i gcultúir agus i saoghal lucht na feirge. Ní gearánta faoi'n bhfeirg i dtaobh bruit Shasanna; ach i n-ainm na buile diablaidhe nach fimineacht nochtaithe é an tráth ghlac- aimíd go toiliúil le E. M. Dell agus le Charlie Chaplin agus le Mutt and Jeff An t-Arán Thar Arán ARÁN UÍ SHÉAGHDHA SHRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE Do'n MHONARCHAIN Teastuigheann REICEADÓIRÍ uainn I mbailte tuaithe Guthán 424 PÁDRAIG Ó h-AODHA 26 Caladh Phádraig Naomhtha, CORCAIGH 11.4 hp CITROEN 'Na Reiceadóir i gcóir na gcárr so: AN DODGE AN ARMSTRONG SIDDLEY AN CITROEN AN HILLMAN “MIC MO ROGHA!” (“Mick for me”) Caith Tobac “MIC Mc QUAID” is é is fearr ar domhan Isiad lucht a dheunta — P. Ó CEARBHAILL is a Chua (Teor) DÚNDEALGAN D. T. Ó SÚILLEABHÁIN Reiceadóir Rothar & Mótar Gunnaí agus Ceatrisí! 37 SRÁID CHÚCH i gCORCAIGH CLÓ-CHUALLACHT MÁGHCHROMDHA AN CLÓ-BHUALADH Is tapaidhe agus is saoire D. Ó MATHÚNA, MághChromdha
SAFETY FIRST An té mhianuigheas a chuid spártha chur chun sochair sé cheud rud ritheann chuige ná “an baoghal dom aon phioc de seo a chailliúnt” A LUACH INDIU 15/6 ISSUED AND GUARANTEED BY SAVINGS CERTIFICATES SAORSTÁT ÉIREANN A LUACH 5 BHL. Ó INDIU £1 IAD SAOR Ó BAOGHAL An áis is fearr chun rud a chur in áirithe dhuit féin agus dob' chúram le h-aghaidh lá na gaoithe A gCÁILÍOCHTAÍ FÉIN FÉ LEITH: AN STÁT IN URÚS ORTHA 5¼% DE MHÓR-ÚS ORTHA IAD SAOR Ó CHÁIN IS FUIRIS A n-AIRGEAD FHÁIL Gheobhair pé méid díobh is maith leat ó ceann amháin go 500 ceann (sin £375 10s.) Iad á ndíol ins na banncaibh agus in oifigí órduithe airgid gheobhair gach eólas ach scríobhadh (agus ní gádh stampa) chuig AN ÁRD-OIFIG UM CHOIGILTEACHT, 63 Sráid Dásúin, ÁTH CLIATH. W.H.Co. mar dhéithe cultúra agus ealadhna againn, nuair is é Kensington a stiúruigheas ár dtuairimí i dtaobh ceoil agus ealadhna maisighthe, nuair is chomh luath 'á léigheamh ag ár ndaoine “Daily Mail” nó “Daily Mirror” galldha Shasanna, agus an “Daily Independent” atá chomh gallda leo, nuair a leanaimíd do “Dublin” agus “Dingle” agus “Cork” agus “Burton Port” ar ár mbailte móra agus le “Fred” agus “Bill” agus “Violet” agus “Gladys” a bhaisteadh ar a chéile i n-ionad “Cathal” agus “Ciarán” agus “Fionnghuala” agus “Íde.” Níl i néirim náisiúntais urmhóir ár ndaoine ach seafóid atá chomh seana-chaithte le greann lucht pantomím in “Dublin.” Is damanta an mháchaill é ar an gcine seo againn-ne go bhfuil na miliúin aca gan focal Gaedhilge, gan chomhartha Gaedhealach ortha, gan taisbeánadh so fheicsionna ar bith ortha gur de chine sheanda na tíre seo iad, ná aon bhraithstin istig na gcroidhe ná 'na n-anam ar na comhachtaí íogara do bheir grádh ag duine do'n chine dár díobh é agus do imeachtaibh an chine sin agus d'á nósaibh agus d'á n-iarsmaíbh idir cheolta, béasa, litríocht, obair a lámh agus saothrú a n-inntleachta. Tá a leithéidí sin ann — is iad urmhór ár ndaoine iad — agus táid chomh dall san ar náisiúntacht dúchais na tíre seo go gceapaid gur Gaedhil mhaithe iad féin toisc nach é tuin Oxford nó Billingsgate atá ar a gcuid Béarla, nó toisc go n-abruighid siad “Up the Republic!” “Hí for the Free State!” nó, fós, toisc go gcleachtaid saghas cluiche le liathróid coise ná cleachtar i gColáiste na Tríonóide. Is éadoimhin an náisiúntacht í sin, ach b'aithnid dúinn í fiche bliain ó shin ar an té mhaoidheadh gur duine tír-ghrádhach é féin toisc go mbíodh “a scilling” íoctha aige leis an U.I.L. agus ar an té mhaoidheadh le linn achrann Pharnaill gur dhein sé smidiríní de chlarionet le fuireann ceoil an dreama eile. Ach gan bhuidheachas do'n mí-thuiscint seo ar náisiúntacht, tá an fhírinne ar fagháil. Tá cuid mhaith de fhír-thréithe an ní is Gaelachas fós ar fagháil i nÉirinn agus is é an Gaelachas san is comhartha fíor ar náisiúntacht ár gcine. Tá an náisiúntacht san ar coimeád go dtí so ag muinntir na Gaeltachta — is cuma cioca dá ndeoin nó gan fhios dóibh féin é. Tá sí glacaithe uatha ag roinnit bheag daoine i nGalldacht Éireann. Bíodh meas d'á réir ortha. Agus tuigidís go bhfuil dualgas do-sheach- anta ortha an oighreacht san a chosaint dóibh féin agus dá sliocht. An Gaedhilgeóir athar nó máthar ná tugann an Ghaedhilg atá aca mar chéad theangain dá leanbh is neimh-dhílse d'á gcine iad ná an té chrochas anáirde an “Union Jack.” Níl san leagadh a rinneadh ar an “Union Jack” againn ach chun go mbeadh caoi againn sinn féin a Ghaelú. Sin é ár gcuspóir-ne, lucht an Ghaelachais. Sí seo againn-ne an Ghluaiseacht Náisiúnta feasta. “An Seabhac.” Bhí cainnt ag gach ainmhidhe i nÉirinn fad ó. Bhí cainnt ag an gcapall, ag an mbuin, ag an gcat, agus ag gach ainmhidhe eile chomh maith agus bhí sí ag daoine. Tháinig droch obair as an gcainnt seo sa deire, agus is iad na cait fé ndeara é. Seo mar a thuit sé sin amach. Nuair a thagadh fear an tighe abhaile d'innseadh an cat do cad do bhíodh ag bean an tighe dá dhéanamh faid bhíod an fear as baile. Do chráidh sé seo na mná. Do bhailigheadar chun a chéile, agus dubhradar gur cheart an chainnt a bhaint de gach ain- mhidhe. Nuair a dubhairt na mná é sin bainrioghan a bhí i gceannus na hÉireann, agus bhí báidh leis na mnáibh aici. Do bhain sí an chainnt díobh, ach gheall sí do gach ainmhidhe go bhfaghadh sé pé rud a iarrfadh sé mar dhíol as an gcainnt. Níorr iarr an bhó ach gan í bhualadh leis an mbuaraigh ag dul amach as an gcró d'éis í chrúdh. Fuair an capall gan é chomáint i gcoinnibh aon áird. Fuair an gadhar cead codladh ar a shuaimhneas i lár an lae. Fuair an cat dearmhad mná an tighe. 'Sé sin cead aon nidh d'fhágfadh bean an tighe 'na diaidh d'ithe nó d'ól. Bhí trí pingine i bfolach aige, agus do cheannuigh sé ó'n mbainríoghain trí buadha eile, siad san ciúnas cos, agus radharc san oidhche, agus an crónán. [Baineadh as beart phíosaí ó bhéal-oideas Gaedhal do scríobh “Gruagach an Tobair” do'n tsean Lóchrann.] Beirt — ceart leabthan, Le seift — triúrar, Random — ceathrar, 'S bheirim 'on Diabhal cúigear. F. E. a fuair.
CAOINE MHIC EOGHAIN NA TUINNE Mí ó shin chuireamair línte áirithe i gcló de chaoine fuaireamhair ó S. Ó Longphuirt agus d'iarramair ar dhaoine an caoine go léir agus a tuairisc a chuardach. Tá san a dhéanamh. Fuaireamair an litir seo thíos agus an Caoine — Caoine ar Dhiarmaid Mac Eoghain na Tuinne. Ba cheart a bheith buidheach de Sheán Ó Conaill agus do'n mBuachallach a thug leo slán an méid seo de'n fhilíocht so. Tá ár mbuidheachas-ne ag dul dóibh. Fear an L. A Chara, Do chonnac sa “lóchrann” an mhí seo ghaibh tharainn cuid de Chaoine Mhic Eoghain na Tuinne agus lorg ar an gcuid eile. Ó's rud é go ráinig liom é bheith agam tá áthas orm é chur chughat agus beadh ana- bhuidheach díot ach é chur i gcló sa chéad uimhir eile. Seo díreach an Caoine mar fuaireas é ó bhéal fir chríona de mhuinntir Bhuachalla atá 'na chomhnaidhe i n-aice na Rátha Móire. Duine ana-léigheannta i nGaedhilg agus i mBéarla iseadh é agus maireann sé fós go slán foláin agus do bheinn ag déanamh éagcóra ar an nduine uasal san mara dtugainn creidiúint do d'á bharr so. Seán Ó Conaill, M. G. Caisleán Ó Liatháin. AN CAOINE. Mo chara thu is mo chumann a Dhiarmaid Mhic Eoghain na Tuinne ba ghile liom tu im' choinnibh ná an giúistís ná an breitheamh is ná Méire an chána dheirg ó fuaras romham tú gan friotal ag Saighn na Bó nár duireadh nár crúdhadh is nár sniugadh is nár bhuail riamh fós aon duine. Mo ghrádh is mo thaithneamh thu 's is beag a mheasfadh duit id' laogh nó id' leanbh duit gur annso bheifeá treascartha i gceann tighe an mhargaidh gan aoinne ag amharc ort ach búir nó Sasannaigh nó clanna ceannaithe nó, a Dhiarmaid, a dhaltha dhil, an amhlaidh a mheathais-se? Mo ghrádh agus mo rún tu 's dá mbeitheá-sa id' dhúthaigh ní mustart ná túrann do bheadh ortha mar chúram ach mná ann ag liúighrigh agus fearaibh ag búithrigh na bóithre ba chumhang dóibh ag teacht ad' thionnlac go Diriseán cúin- neach an caisleán cumhra mar a mbíonn ubhla cnó buidhe a' lúbadh orthainn (1) go súilibh agus ba boga búithrigh maidin lae drúchta d'iarraidh a gcrúidhte. Mo ghrádh thu agus mo rún 's dá mbeadh do shocrú fúm ní mar sin a shocró'inn fút ach leaba álainn chlúimh piliúr árd féd' chúl * Ó! agus is daingean atá do chumha folaighthe im' chúm mar a bheadh glas ar thrúnc is go raghadh an eochair amú agus go dtiocfadh meirg ar an scrú is ná beadh aon ghabha sa Mhumhain do réidhteochadh é siúd. Mo ghrádh is mo chumann tu is éirigh [ar] t'uilinn chugham go ngabham tré Mhuisire na bó buininne nár cnósuigh- eadh punann ann ach fuacht is fliuchra agus fionnán fiora-ghlas ceo ar a mhullachaibh is ceol ag fiolaraibh lá breá soininne 'gabháil d'á imeallaibh. Mo ghrádh thu is mo chumann do bhí mo shúil-se leat-sa go bhfaghfá féin ag bruinneall a comhthrom óir agus tuille is gurbh' árd do bheadh do luingeas ag teacht ar bharr an uisce go ndéanfá ceannaithe a bhriseadh is go mbainfeá dhíobh tábhacht an ime, á Dhiarmaid Mhic Eoghain na Tuinne sinnsear mo chlainne. Mo chara thu agus mo stór dá mbeitheá againn ar nóin ag Ráithín Dhiarmad' Óig nó ar Chlárach bheag an spóirt is mó fear áluinn óg agus maighdean suaimhneach cóir do leigfeadh anuas a ndeoir ná fuair do thuairisc fós is ná faghaidh é go fóil. Is cá bhfuil bean tighe an Churraigh is bean tighe Chúil a' Chullaigh nó bean tighe Chrosaire an tSionnaigh nó bean tighe na Rátha Bige ná fuil siad annso im' choinnibh ag Saighn na Bó Duinne ná tálann is ná tugann ná díolann cíos ná custum airgead adharc ná ime. “Is bean anoir í,” arsa duine. Ó! mo dhiachair is bean aniar me do thál ar Dhiarmaid is a thug leabaidh 'na cliabh do. Mo ghrádh thu agus mo chuid is dá mbeadh agam glaodh nó rith do shroisfeadh annsúd thar cnoc is gearr go mbeadh againn lán an yard so 'muich is cumhang do bheadh bhúr dtigh agus is fliuch do bheadh bhúr mbruit dá dtigidís aréir nó indiú. (1) “orthainn”? fiorthann. Aguisín: Ní raibh an caoine seo thuas ach imithe go dtí an cló an tráth tháinig cóib eile chugham ó Phróinsias Ó Ceallaigh ó Bhaile Bhoirne agus é focal ar fhocal cosúil leis an gceann so thuas. Adeir Phroinsias:— “Seo cuid eile de'n chaoine úd a bhí i ‘Lóchrann’ na Nodlag mar aon le cúntas beag ar an bhfear do caoineadh .i. Diarmaid Mac Carthaigh — Diarmaid 'ac Eoghain na Tuinne. Ó áit éigin i n-aice Sráid a' Mhuilinn dob' eadh é agus cailleadh é ar Mhargadh an Ime i gCorcaigh. A mháthair a dhein an caoine, thugas na bhéarsaí seo do Amhlaoibh Ó Loingsigh, M.G. nuair a bhí sé i gCúil Aodha i mbliana. B'fhéidir gur éirigh leis tuille dhe d'fhagháil i gceanntar Sráid a' Mhuilinn. Deallruigheann sé ó'n gcaoine go raibh Diarmaid ag gabháil de cheanníocht Ime. Sé ‘Saighn na Bó Duinne’ nó 'na bó nár duireadh’ ná dealbh bó atá os cionn dorais Mhargadh an Ime. ‘Ní mustart (nó mustar) na túrann a bheadh ortha mar chúram’: sé cúis go ndubhairt sí é sin ná le linn di bheith ag caoine tháinig a raibh insna tighthe amach ag éisteacht léi, thug mná a dtúirní amach leo chun bheith ag éisteacht léi. ‘Cá bhfuil bean tighe an Churraigh, &rl. B'iad súd a driféaracha agus tá na h-áiteann so i n-aice le Sráid a' Mhuilinn. Próinsias Ó Ceallaigh. Táimíd féin agus léightheóirí “An Lóchrann” buidheach do Phróinsias. Tá súil againn go ndéanfaidh daoine eile cuardach mar sin ar shean-iarsmái cultúra na nGaedheal. *D'fhágamair ar lár cúig líne deasa sa chaoine toisc a mbíonn de dhaoine óga ag léigheamh an pháipéir seo; ach aoinne fásta gur áil leis é bheith go h-iomlán aige cuirfear na línte easnamhacha chuige ach clúdach fé stampa a chur chugainn. Fear an L. Aguisín eile: Tá litir eile tagaithe chughainn ó Sheán Ó Conaill a scríobh sé tar éis turus eile thabhairt ar an seanchaidhe uasal Ó Buachalla. Fr. an L. SÍOLTA DO'N FHEIRM NÚ DO'N GHÁIRDÍN: CRAINN, PLANNDAÍ, ÚRLAISÍ FEIRME LEASÚCHÁN, &rl., &rl. An t-adhbhar ná teipfidh! Airgead nách daor! Muinntir LUASA & CONNAILL Bóthar Mulgráibh, i gCORCAIGH RACAIREACHT GHRINN NA TUAITHE Eachtraithe Thaidhg Uí Chonchubhair idir dhrámaí ar nós “Caismirt na gCearc” agus “An Dá Dhrúncaer,” agallmha agus cluithí i gcóir leanbhaí is daoine gásta, agus amhráin sgléipiúla ar nós “Pósadh dob' fheárr liom ná bacfainn é,” “Inghean an Phailitínig,” “Seán a' bhríste leathair,’ “Ding Dong Dederó,” &rl. Ana-oireamhnach mar adhbhar do stáidse Feise nó a leithéid 200 leathanach de ghreann is ghrádhmhaireacht 2/6 a fhiacha Le fáil saor tríd an bpost ar 2/9 ó BHRÚN is Ó NUALÁIN, ÁTH CLIATH, nó ó MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, nó ó LIAM RUISÉAL, i gCorcaigh AN TIGH IS FEARR I nÉIRINN i gcomhair na neithe seo: BUINN DEALGA, FLEASCÁIN, &C. OBAIR CHONDUALACH ar an SEÓD LUACHMHAR (liosta inaisge) LIAM MAC AODHGÁIN Is a Chl. Mhac Seódoirí agus Gaibhne geala, 31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA I gCORCAIGH
CHÓMH BLASTA LE H-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” TÁ 'Á DHÉANAMH I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL Ó MATHÚNA agus a gCualacht Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh TADHG Ó CONCHUBHAIR, Liospóil. R.I.P. Is olc linn a chlos bás Thaidhg Uí Chonchubhair, go ndearnaidh Dia trócaire ar a anam. Is cuimhin le lucht léighte “An Lóchrann” a raibh i gcló againn de dhéantús Thaidhg. Dob' iomadúil iad — “Caismirt na gCearc,” “An Dá Dhrúncaer,” “Cáit a' Chalaithe,” “Tréalach is Maighréad” &rl., &rl. Tá siad san uile slán gan baoghal báis againn sa leabhar a chuir F. Mac Coluim le chéile .i. “Racaireacht Ghrinn na Tuaithe,” ach tá an té cheap iad fé'n bhfód. Níl mórán de shaghas Thaidhg Uí Chonchubhair fágtha anois againn. Duine de'n tseana-saoghal Ghaedhealach ab' eadh é agus bhí na tréithe ab' fhearr d'á raibh sa tsaoghal san 'na mheon agus 'na phearsain. Bhí sé cliste gan a bheith mórdhálach agus bhí sé lághach gan a bheith lagbhríoch agus, fairis sin, ba Ghaedheal na chroidhe é. Gabhaimíd comhbhrón le na mhuinntir uile; agus guidhimíd Flathas Dé d'á anam. AN BÁS. Tá an bás go gnóthach le déannaighe ameasc Gaedheal. Le mí chuaidh na farairí seo leanas ar na síoraidheacht: Tadhg Ó Conchubhair, Liospóil. An Canónach Ó h-Aodha, Baile Chaisleáin Béara. An Canónach S. Ó Cearmada, An Ráth Mhór. An t-Athair Tadhg Ó Murchadha, Tuatha Ó Siosta. Séamas Ó Súilleabháin, O.S., Gort na Cloiche. Seán Ó Conaill, Dchtr. le Dlighe, Tráighlí. Nóra Ní Fhoghludha, bean “Thórna,” i gCorcaigh. Gaedhilgeoirí cliste iad sin uile a bhí lán de sean-éirim na nGaedheal agus dúthracht mhór ionnta do chúis na teangan agus ba sheasamhach riamh iad san obair. Is mór an bhearna iad san a bheith ar lár. Go dtugaidh Dia áit dóibh ar a dheas láimh ameasc Naomh na nGaedheal agus go dtugaidh Sé oighrí dhúinn- ne ar a mór thréithe súd i gcomhair na mór oibre atá gan chríochnú. “Oidhche réaltach ghaothmhar gan a bheith fliuch — Dá mb' orm-sa bheadh an bríste bheadh caora againn ó'n gcnoc.” Cainnt í sin adubhairt bean an ghadaidhe oidhche dá dtáinig mian feola dhi agus nár bhraith sí aon fhonn saothair ná siubhail oidhche ar an ngadaidhe. Maonus Ó Domhnaill a chualaidh i gCorca Dhuibhne. “PROSÓID GAEDHILGE” — Is géar agus is mion an scrúdadh atá déanta ag “Tórna” ar rialacha an Amhráin insa leabhar so “Prosóid Gaedhilge.” Níor leig sé le faillighe aon tréith, mór ná mion, de'n ghné sin filíochta Gaedhilge gan a léiriú agus a rialacha bunaidh a aimsiú agus a chur ar taisbeáint do ghnáth-léightheóirí. Dar linn ní dearnadh ar aon chuid de litríocht na Gaedhilge scrúdadh chomh mion ná léiríu chomh h-ealadhanta riamh. Is saothar mór agus buadh do “Thórna” é agus ó táimíd ag tagairt dó ní leigfeam tharainn gan a rádh gur buadh eile dho go ndear- naidh sé an ealadha so i nGaedhilg. Níor lean sé droch nós na scoláirí eile mór léighinn a ghníos a gcuid ealadhan ar an nGaedhilg i nAinglis na Sacsan. Ní teanga mharbh an Ghaedhilg dar le “Tórna” agus dá bhrí sin deineann sé scoláir- eacht bheo innti. Ní foláir nó taithneochaidh obair “Thórna” le lucht scrúdaithe filíochta i dteangnaibh uile an domhain. Tá tréithe i n “Amhrán” na Gaedhilge ná fuil le fagháil i n-aon teangain eile. Gheóbh- far an t-eolas ar fad i “bProsóid Gaedhilge.’ Níor fhág “Tórna” puinn le rádh ag duine ar bith a thiocfaidh na dhiaidh. NA CEOIL BA BHINNE LE FIONN, “Innis uait dom créad iad na ceoil is binne leat fuarais riamh?” ar Conán. “Inneosad,” ar Fionn, “an tan do bhí seacht gcatha na gnáith-Fhéinne ar aon mháigh, agus tógbhaid a gcrannghail ós a gceannaibh; agus gluaiseas an ghaoth ghlórach gháibhtheach ghlanfhuar tríotha agus társa, is ró bhinn liom sin. Agus an tan oirleagthar teach n-óla againn i nAlmhain agus an tan dáilid na dáileamhain na cuirn chaomhghlana do mhaithibh na Féinne, an bhlosgbhéim bheirid a ndeire sin ag buain fá bhórdaibh na bruighne, is ró bhinn liom sin. Is binn liom foghar faoileann, agus coigeadal na gcor, agus fuaim tuinne Tráighlí agus abhrán trí mac Meardha, agus fead mhic Lughaidh, agus dord Fears- garaidh, agus guth na cuaiche an chéad mhí de Shamhradh, agus sgeamhghail na muc i Mágh Eithne, agus nuaill na sgol i nDoire.” Agus adubhairt an laoi: Dord na feadha barrghlas Bándíg tuinne ag buain re tráigh; Nó foghar tuinne Tráighlí Buain ris an Lí mbric mbáin. Triar tháinig san bhFéinn Fear díobh séimh, is fear díobh borb; Fear eile ag áireamh na neoll Ba bhinne ná gach ceol a dtoradh. An ronnsa glan ar an muir An uair nach faghaidh fear a lorg Líontán do bheir iasg i dtír Ceol a chodalta, binn a dtoradh. Feargaill mac Fhinn, fear ba dian Fada a léim, leabhair a lorg; Níor chúm sgéal 'nar sgaoil a rún Ceol codlata dham a thoradh. Cormac Ó Cadhlaigh a sholáthruigh. SNASÁIN “SCIENCE” “GILE NA GILE” SNASÁIN Agus SMEARA Do'n BHRÓIG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN SNASÁIN GAN LOCHT Ná glac ach “SCIENCE” PUNCH is a CHUAL. I gCorcaigh a dheineann
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services