Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mí an Eanáir, 1926

Title
Mí an Eanáir, 1926
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1926
Publisher
An Lóchrann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.



Uimh a 3. (An 3adh Srath).
MÍ AN EANAIR, 1926.
Dhá Phinginn a Fhiacha.



CIALL CHEANNAIGH.



Leath-bhliain ó shoin do bhuail sean-chara
an doras isteach chugham lá agus boiscín
'na láimh aige. Chuireas fáilte roimis.
Do leag sé an boiscín ar an úrlár faid a
bhí sé ag baint na casóige dhe.



“Cad é sin?” arsa mise.



“Gadhar,” ar seisean.



“Nár chúitightear do shaothar leat,”
adubhart. “Cad é an gnó atá annso de
ghadhar — ní bím féin sa bhaile — níl éinne
sa tigh a aithneochadh madra ó mhínsigh — ní
féidir é sgaoileadh amach ar an sráid — ní
bheadh sé ach …”



Ní túisge san ná mo bhean chughainn.
Ó dhe, ba bhreágh léi gadhar — bheadh an-
spórt aige féin agus Séamuisín Óg sa
gháirdín ar chúl a' tighe. Thairing sí sgian
ar na córdaí. Shiubhluigh an coileáinín
amach agus do bhain searradh as féin. Ní
raibh oiread do dhuirn ann. Ba chuma é
nó putachán girrfhiaidh. “Éirighim asaibh,”
arsa mise, “mar is dócha nách fearr
bheith libh.”



Bhí gach duine sa tigh i gcúram an
choileáinín sin ó shoin anuas. Cad é ná
fuair sé — biadh agus beathadh agus moladh
agus gríosadh agus cimilt. Go deimhin
níor mhór leat san féin do, mar bhí sé
'na mhaidrín shuairc, ghreanmhar, anamúil —
lán de chleas'íocht agus d'imreas agus gan
uaidh ó éinne ach greas spóirt a dhéanamh
leis. Níor leag éinne riamh aon mhéar air
tré dhroch-mhéinn. Dhein sé cáirdeas le gach
duine, agus cad é glionndar ná bíodh air
a' sgeamhghail agus a' léimrigh agus ag
iarraidh daoine a mhealladh chun grínn.
Níorbh' aithnid do sa tsaoghal ach deagh-
mhéinn agus gile agus síor-shuairceas.



Lá le déannaighe dá rabhas sa bhaile
cheapas go raibh sé i n-am ag an ngadhar
so agam eolas do chur ar an saoghal mór
mar nár chuir sé a shrón thar límistéir an
tighe amach riamh. Seo chun siubhail linn —
é siúd romham amach a' poc-léimrigh agus a
cheann san aer. Rith sé sall 's anall agus
é ag iarraidh gach tráigh a fhreastal — a'
gliúcghail annso agus a' bolathghail annsúd
agus ag cur tuairisg gach uile ruda. Bhí
sé ag imeacht 'na ghligín leis an áthas agus
leis an iongnadh agus leis an taithneamh a
thug sé d'iongtaisí an tsaoghail mhóir.



Níor bh'fhada dúinn sa tsiubhal go bhfeaca
chughainn gluaisteán. Cuir mo mhaidrín an
dá shúil ann. Ba mhór é a thaithneamh d'aon
nidh go mbeadh oiread imeachta fé agus
oiread grithileáin aige agus oiread smúit
'á chaitheamh anáirde aige. Rith sé fé 'na
dhéin chun fáiltiú roimis. Séideadh an
adharc. Ba mhór an sás grínn an gluais-
teán so dar lem' ghaidhrín. Níor chuir sé
aon spéis im' chuid fead'íola-sa ná i
gcomhairle, ná i n-easgainithe an tiomán-
aidhe. Síneadh ar fhleasg a dhroma é sé
troighthe amach ó'n ngluaisteán.



Do ghabhas plámás leis ar mo dhícheall,
'á chimilt 's a' cainnt 's a' comhrádh leis —
gur rud gránna é gluaisteán — gur rud
millteach, mí-dhaona é — gan é a bhac
feasta — a leithéid a sgaoileadh thairis —
gur mairg a raghadh 'na ionntaoibh a bheag
nó a mhór. Ghaibh sé lem' bhréithre go
socair. Mheasas go raibh sé ag iarraidh a
chur i n-iúl dom gur agam a bhí an chiall
go léir.



Ghreadamair arís chun bóthair. Níor
bh'fhada do'n méid sin dul i ndearmad a
ar mo ghadhairín. 'Ghearr dom go raibh sé
a' fiosrú timcheall chomh dícheallach agus
bhí riamh.



Do leath an dá shúil air nuair do ghaibh
chúghainn capall meanmnach spágach a'
sodar fé charráiste. Chomhairligheas do
gan dul 'na ghaor. Sgaoil fear an
charráiste béic fé — comhairle ar dtúis,
mallacht annsan.



Nuair a tháinig mo mhaidrín as achrann
na gcrúb ba mhaol é a chrot. Seo chun
bladair arís liom 'á mhíniú nách d'á dheoin
do dhein an capall san — gur ainmhidhe mór
trom é — go mbíonn ar an mbeag géilleadh
do'n mhór. Ba bhreágh, dar liom féin,
mar do chuaidh mo chuid feallsamhnachta i
gceangal air. Shuidh sé go socair foidhneach
agus cluas le h-éisteacht air. Do bhuail-
eamair bóthar arís. Ba láidir an creideamh
a bhí ag mo mhaidrín i suairceas agus i
soilbhreas an tsaoghail. Níor ghoill an dá
bhuille sin pioc air.



Bhí piarda mór gadhair sínte 'na ailp
taobh amuich de thigh a bhí ar an slí romhainn.
Seo chuige mo mhaidrín. B'é an chéad
chomráduidhe a bhuail riamh leis é. Labhair
sé leis. Do dhírigh an piarda báine na
súl air. Labhair mo ghadhairín arís. Chuir
an piarda dronn air féin. Ní fheacaidh
mo mhadrín-se dronn ná droch-scéimh ar
éinne riamh agus níor thuig. Ba mhór an
sás grínn é seo, dar leis. “Humh! humh!”
arsa mo ghadhar beag. Rug an piarda ar
chúl an chinn air agus do chaith é trí slata
uaidh amach.



“A mhaidrín bhig,” arsa mise, agus me
ag iarraidh é chur chun suaimhnis, “múineadh
an ghluaisteáin, múineadh an chapaill, múin-
eadh an tsaoghail a tugadh ar an bpiarda
sin, agus ná h-agair an feille-ghníomh san
air.” Níor fhan gíog ann. Bhí sé 'na
bhalbhán agus é ar baill-chrith.



D'aithnigheas féin nuair do chuireamair
chun siubhail arís go raibh lagaithe ar an
dtaithneamh a thug mo mhaidrín do'n saoghal.
Ní raibh sé chomh sciúirdiúil agus bhí. Bhí sé
ar a aire féin. “'Gearr dom,” arsa mise,
“go mbeir-se id' phiarda leis ag an saoghal.”



Do ghaibh cat treasna an bhóthair agus
sinn ag gabháil thar brághaid. D'fhéach mo
mhaidrín air. Níor phíosa stáin é. Ní
raibh crúba fé. Ní raibh sé mór, doicheal-
lach. Ainmhidhe beag eaglach a bhí ann,
dar leis, agus cumá ná raghadh sé 'na
dháil. Do chuaidh. Theich an cat. Lean an
madra é. Stad an cat agus do chuir
geannc air féin. Bhí an madra d'iarraidh
súnc do chur ann le na choincín. Dhein an
cat ceirthlín deas de'n laipín tosaigh agus
do chuir gach ionga go smior i bpus mo
ghadhair bhoicht.



Seo chugham arís é. Dheineas peatair-
eacht air. San aighneas dom do chuireas i


L. 18


“SCÁTH DO CHLUAS AR AN gCLAGAR ANUAS”



TAR ISTEACH AGUS DEIN DO THOGHA
SCÁTH AGAINNE DO'N UILE DHUINE, FEAR, BEAN & PÁISDE
IAD AGAINN AR AN mBEAGÁN AGUS AR AN MÓRÁN
AR AN gCORÓIN AGUS AR AN TRÍ PÚINT



TÁID IDIR RAMHAR agus LEABHAIR AGAINN
An “CAOL-ÁRD” agus an “GEARRA-CHOS DEAS.”
AN MAIDE-SIUBHAL DO'N ÓG AGUS DO'N tSEAN



SEOMRA NUA NA RADHARC



An máilín taisce bíonn ar a bais aice
Is gach earradh nach deise deas ná é



M. A. Ó RIAIN, CORCAIGH
TIGH AN BHATA DROIGHIN



DEOCH
BHLASTA
FHOLÁIN



ISEADH



“TANÓRA”



Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar



Scríobh chuig



SEÁN Ó DALAIGH
IS A CHUA. TTA.,



I gCorcaigh



in a thaobh



A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR
gCUID



TÉ, MÍSLEÁIN IS SIÚICRE,
MINCHOIRCE, RÍS IS UBHLA



ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN
[agus a Chua.
a 1, 2 & 15 An Mheadhon-tsráid Theas
(1, 2 & 15, South Main Street),
CORCAIGH



dtuisgint do ná raibh i ngníomh sin an chait
ach gné eile do sgéal an chapaill — an beag
'á chosaint féin ar an mór. Ní mór ná
go raibh an misneach imithe. Bhí an deagh-
ionntaoibh a' trághadh uaidh, diaidh ar ndiaidh.



Ní mór ná go rabhamair thar n-ais sa
bhaile arís — mo mhaidrín a' sodar lem'
shálaibh agus gan fonn reatha ná grinn air.
Bhíos féin ag gabháil leathsgéil leis de
bhárr mí-nádúrthachta an tsaoghail. Thuigeas
gurab' é ba mhó bhí uaidh anois ná bladar
agus bog-chainnt agus laoithe-sonais a
ghabháil leis.



Chonnaic sé bean ag siubhal na slighe
romhainn. Seo leis anonn chúichi — d'fhonn
's an crádh agus an aindise a bhí anuas air
a chur i n-iúl di, is dócha. Tháinig sé roimpi
amach agus d'fhéach anáirde uirthi. “'Migh
as san,” ar sise, agus do bhuail sí flíp sa
leath-chluais air le na sgáth-fearthainne.



Dob' shin bárr ar gach donas. Ba chuma,
do réir deallraimh, inneal nó ainmhidhe —
beag nó mór, nó fiú amháin an daonaidhe
féin — ba mhar a chéile iad uile. Ní fhuair
sé ar a dheagh-ionntaoibh uatha ach brúgh annso
agus buille annsúd. “A ghadhairín,” arsa
mise, agus doras an tighe 'á dhúnadh amach
agam, “bíodh a fhios feasta agat gurab é
teagasc na beathadh-so maireachtaint go
h-iomlán ionnat féin gan cur isteach
ar do chomharsain. Is annsan amháin atá
síocháin.”



M. Ó Siochfhradha.



RÁIMÉIS BHEAG.



Amáireach an Domhnach,
Beimíd go bramhsach*
Cad do bheidh ag'ainn?
Arán seagail
Crúba capaill,
Min ar méisín,
Céisín reamhar,
An dubh 's an donn
'S an bollán breac.



*Bramhsach = Ar a gcúilín tseabhrach.



Deirtear “gramhsach” leis. Bíonn gach aoinne go
gramhsach nó “piocaithe suas” Dé Domhnaig.



ó Dhómhnall, Ó.S.,
Cathair Dómhnall.



AN TROMPALLÁN.



Bhí Seán agus Máire ag tiomáint na
mbó ar an dtuar. Do chualadar “mhú,
mhú,” os a gcionn san aer.



“Cad é sin, a Sheáin,” arsa Máire.



“Trompallán,” arsa Seán.



“Agus cad é an rud trompallán?”
arsa Máire.



“Is gearr go mbeidh a fhios agat,”
arsa Seán. “Féach anonn é. Buailfidh
sé i gcoinnibh an chlaidhe.”



Dob fhíor do. Do bhuail sé i gcoinnibh
an chlaidhe, agus do thuit sé ar an dtalamh.
Do chuaidh an bheirt leanbh anonn chuige. Bhí
sé ag bun an chlaidhe. Ainmhidhe beag mar
a bheadh ciaróg, ach é bheith níos mó; sgiath
cruaidh dubh-ghorm ar a dhrom, agus dhá
sgiathán liatha ar nós an t-síoda. Bhí sé
ag filleadh na sgiathán agus 'á gcur fé'n
sgéith.



“Cad na thaobh gur bhuail sé é féin i
gcoinnibh an chlaidhe,” arsa Máire. “Do
chuala an cnag.”



“Mar ní'l an radharc ar fónamh aige,”
arsa Seán.



“Ar ghortuigh sé é féin?” arsa Máire.



“Níor ghortuigh,” arsa Seán. “Do
chosain an sgiath é.”



“Fág annsan an créatúir,” arsa Máire.



“Fan,” arsa Seán, “inneósaidh sé dhúinn
an mbeidh an lá 'mháireach tirim,” agus do
thóg sé 'n-a láimh é.



“A thrompalláin, a thrompalláin,
Caithfead anáirde tú!
An mbeidh an lá 'mháireach tirim?”



Do chaith sé an trompallán anáirde san
aer, agus nuair a thuit sé bhí sé ar a thár
anáirde.



“Sin é an cómhartha,” arsa Seán, agus
áthas air, “dá mbeadh a dhrom anáirde
bheadh an lá 'máireach fliuch.”



Do thóg Máire an trompallán, agus do
chuir sí isteach i n-aice an chlaidhe ar a
chosaibh é, agus do lean sí Seán abhaile.



[Baineadh so as beart phíosaí ó bhéal oideas
Gaedhal do scríobh “gruagach an Tobair” do'n
tsean “Lóchrann.”]



LEIGHEAS AR AN TRIUCH.



Creidtí fad ó dá bhfeictí marcach ar
chapall bhán ag gabháil thar bráid go mbeadh
leigheas an treacha le fáil uaidh. Tigh go
mbeadh leanbh tinn leis an dtriuch ritheadh
duine amach nuair chídís an capall bán ag
teacht agus cuirtí ceist mar seo chuige:



“'Fhir an chapaill bháin, cad do leighisfeadh
an triuch?”



Aon ní déarfadh sé sin bheadh sé go
ceart, cuir i gcás: “Faigh breac ó'n linn
agus cuir a cheann isteach i mbéal an leinbh
agus cuir thar n-ais san abhainn é n-a
bheathaidh.”



Tadhg Ó Séagha.



SEÁN Ó NÉALAGÁIN, Dúnaraill, an fear agat má theastuíonn uait Té, Siúicre nó Biadh ar bith; Mísleáin, Tobac,
no Páipéar, Áruistí, Glaine nó Rothair nó nithe nách iad agus iad go léir ar an bpinginn is lugha.


L. 19


BRIGHID NÍ CHIONNAIDH.



(Scéal a tharraingeann scéal. Nuair a chuireamair
“Nóirín a' Duilisc” i gcló chuir sé a shamhail de
scéal i gcuimhne d' “Fheargus Finnbhéil.” Seo 'nár
ndiaidh é. An chuid d'ár léightheóirí go bhfuil suim i
sean-scéal'íocht na nGaedhilge aca cuiridís i gcoimh-
meas iad agus bíodh an teagasc atá ionnta ar fagháil
aca. Fear an L.)



Do bhíodh ana éileamh ar sgéaluíocht ag
Gaedhealaibh i gcomhnuí riamh, agus tá fós.
Is é gnás na sgéaluíochta an chéad sgéal
do dhul ar an té is déannaí thagas isteach.
Ná leig-se, a léightheóir, an gnás soin i
ndearmad choidhche, ar eagla go n-eireoch
duit mar d'éirigh do Bhrighid Ní Chionnaidh
tráth.



Is amhlaidh bhí Brighid in aimsir ó thuaidh
thar cnoc gur éirigh idir í féin agus a
máighstireás in árd an tráthnóna. B'éigean
a tuarasdal do thabhairt do Bhrighid anuas
as an dtáirne, agus thug sí a h-aghaidh ar
an mbaile gan stad. Rug an oidhche uirthi
agus í ag cur an chnuic di, agus ní fuláir
nó is seachrán d'imigh uirthi isna ródáin,
mar bhí taca an mheádhoin-oidhche ann sula
bhfuair sí an bóthar cothrom arís fá na cois.



Chonnaic sí solus i dtigh beag i mbéal an
bhóthair, agus an doras ar osgailt. Do
bhuail sí isteach go fonnmhar. Ní fhaca sí
roimpi istigh ach seanduine cnaoidhte, ina
shuidhe i leathtaoibh na teine, agus a cheann
fé. Ní rinne Brighid ach déanamh suas ar
an dteinteán agus suidhe ar shuístín ar an
dtaobh thall de'n teine. Níor iarr sí bheith
istigh amháin. Ba leor léi bheith sa tseilbh,
gan dul in iontaoibh an eiteachais. Níor
bhog an seanduine a cheann, ná níor leig
air go gcualaidh sé aoinne ag teacht isteach.
Bhí Brighid ag á chuimhneamh gur ina chodla
bhí sé, nó gur labhair sé i gcionn tamaill
mhaith, gan fiú an fhéachaint do thabhairt uirthi.



“Seadh, a Bhrighidh Ní Chionnaidh,” ar sé,
“ar ghluais aon scéal nua leat?”



“Níor ghluais ná cuid de sgéal, a fhir
mhaith,” do ráidh Brighid.



Bhíodar ina dtost tamall maith eile,
agus is é bhí ag déanamh iongantais do
Bhrighid cionnus fuair seisean a h-ainm
agus a sloinne, gan féachaint uirthi amháin.
D'fhiafraigh sé arís di an raibh aon sgéal
nua aici, agus dubhairt sise ná raibh I
gcionn tamaill mhaith eile d'fhiafraigh sé
dhi an raibh sgéal nua nó seansgéal aici.



“Drae sgéal, a dhuine chóir,” ar sise,
“nua ná seanda.”



“Seadh, a Bhrighid,” ar seisean, “ó'n
uair ná 'neosfá sgéal dom, bheadh sé chomh
maith agat sgiath mhóna thabhairt isteach i
gcomhair na teine.”



“Déanfad, a nónach, agus fáilte,” ar
sise, agus ba ghearr léi gur h-iarradh uirthi
a leithéid d'áis do dhéanamh do mhuinntir an
tighe. “Cá bhfagad í?” ar sí.



Sa sgioból soin amuich,” ars an duine
críonna.



Rug Brighid ar an mbirdeóig, do chuaidh
isteach mar a raibh an mhóin, agus bhí ag a
líonadh fá na dóirnibh, mar ná raibh léas
soluis aici.



Sula raibh an bhirdeóg lán aici chualaidh
sí tuairt éigin chuichi. Do dhruid sí anonn
mar a bhfuair sí cúil de thuighe bhán, agus
do chuaidh i bhfolach ann. Ní mó ná clúdaithe
bhí sí sa tuighe nuair tháinig ceathrar fear
an dorus isteach, agus comhra ar iomchar
acu, agus coinneal ar lasadh anuas ar an
gcomhrain. Do leagadar an chomhra i lár
an urláir, agus do shuidheadar timcheall
uirthi. Do tharraingeadar chúcha paca cár-
taí agus do chromadar ar iad d'imirt
anuas ar an gcomhrain, lán an cheathrair
díobh. Ba ghearr gur luighdar ar chalaois,
agus ar árdchaint, agus ar mhionnaibh móra,
agus ar bharbaracht do-innste, agus iad
gach uile nóimeat i riochtaibh dul isna
sgórnaibh ag á chéile.



Is amhlaidh bhí Brighid agus leathshúil amach
aici ó n-a clúid, ag faire ortha, í i ndeireadh
an anama le h-eagla rómpa, agus dá
seargadh le náire fán gcainnt bharbartha
bhí acu. Bhí sí an fhaid sin ann, agus a
leithéid d'fhaitíos ina croidhe, nár shíl sí go
bhfeicfeadh sí an lá go deo. Sa deireadh
thiar thall d'éirigheadar chun imeachta.



“Cia bhéaras an corp leis?” arsa
duine dhíobh.



“Beir féin leat é,” arsa duine eile,
“is duit is córa é.”



“Thugais t-éitheach, ní dhom,” ars an
chéad duine arís, “ní mise mhairbh é.”



“Thugais féin é, mar is gnáthach leat,”
ars an tríú fear.



“Bhéarair-se an marbhán leat,” do ráidh
an ceathrú fear le h-eisean, “nó is duit
is measa.”



“Smear an obair sin fá dhuine éigin
eile,” ars an tríú fear. “Tá fhios agam-
sa cia is mó is cionntach ina bhás,”



“Ba dhóigh liom,” ars an chéad duine do
labhair, “go bhfuil Brighid Ní Chionnaidh
annsoin díomhaoin a dóthain chun é dh'iomchar.”



“Seadh go díreach,” adubhairt duine eile,
“ní fearra dhi bheith caithte annsoin ag
féachaint orainn.”



“Ó, a dhaoine uaisle an chroidhe istigh,”
arsa Brighid, “nílim-se annso in ao' chor,
agus ná h-iarraidh orm é; nílim ar
mh'anam!”



“Éirigh amach as soin, a spiadhaire an
fhill,” arsa duine dhíobh léi. “Is saor
atáimíd agad' leigint as agus tú ag
faireadh orainn annsoin ó thángamair
isteach.”



B'éigean do Bhrighid teacht amach as a
clúid. Do h-árduíodh an chomhra thiar uirthi.



“Cá mbéarad é?” ar sise.



TROSCÁN agus LEABTHACHA
ar fheabhas agus ar shaoire



Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!



SEÁN MAC EÓINÍN
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH



Deuntús na h-Éireann



Iarr
COINNLE AGUS
SOILLSEÁIN OIDHCHE



a deintear i gCorcaigh



agus
FEUCH
CHUIGE
GURB
IAD
A GHEOBHAIR!



Is iad lucht a ndeunta —
CUALLACHT COINNLE
AN tSEANDÚNA Tta.



Sráid Shan Seáin,
I gCORCAIGH



C. & M. HEMSWORTH
I gCORCAIGH



Is ann atá
Bagún na hÉireann



Margairín & Blonag na h-Éireann
Iasc uisce na h-Éireann
An Ceann Muice leasuightar i nÉirinn



'Siad na tighthe stóir —
a 3, 4, 5, 6, 7, 8 & 9 ar Sráidín an
Mhargaidh
a 40 Chaladh an Phápa agus



Is é an Árd-Oifig
a 15 ar Shr. an Mhargaidh Arbhair



Tadhg Ó Súilleabháin, an té gur leis an áit go léir



Sranngscéal:
“Hemsworth, Corcaigh.” Guthán 182


L. 20


NA LEANBHAÍ



MÁ'S MAITH LEAT AN GHAEDHEALG DO
THABHAIRT DOD' LEANBHAÍ CUIR GO DTÍ AN
t-AON SCOIL AMHÁIN IN ÉIRINN A nDEUN-
FAR CAINNTEÓIRÍ LÍOMHTHA DHÍOBH IN AON
TEURMA AMHÁIN. CUIMHNIGH GUR EUGCÓIR
MHÓR AR AN LEANBH AN GHAEDHEALG do CHEILT
AIR, AGUS CUIMHNIGH FÓS GUR FEARR
TEANGA NÁ SPRÉ.



ATÁ AN SCOIL AR SIUBHAL ANOIS, AGUS
ATÁ GACH CÚNTAS LE FAGHBHÁIL Ó'N —



bhFEAR MÓR,
Coláiste na Rinne,
DÚNGARBHÁN



LEABHAIR! LEABHAIR!



Tá gach saghas le fagháil



ó
LIAM RUISÉAL
68, 69 SR. AN CHAPAILL BHUIDHE
I gCORCAIGH



Guthán: 1133



MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE -
SAGHAS AR BITH



Gheobhair annso é



Deinimíd



LEABHAIR an ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile



Sinne Muintir



BRÚIN & NUALLÁIN
Sráid Bhuintrop,
I gCORCAIGH



GHEOBHAIDH DO MHAC
TOGHA NA SCOLUIDHEACHTA



I gCOLÁISTE
CHOLMÁIN CLUANA



Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán —
An t-ATHAIR TOMÁS TÓIBÍN



SEÁN Ó CONAILL
Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH
Sgríobh ag triall air



AN LÓCHRANN.



Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochta an pháipéir seo go dtí —



Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh
agus
Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —



Fear Eagair “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.



“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana 3/6



BRIGHID NÍ IONNAIDH (ar leanúint)



“An bóthar soin soir,” ar siad, “go
n-abrochaimíd leat stad; agus muna
mbeir ag an roilig leis roimh glaodh an
choilig cuirfear sa chomhrain ina theannta thu.”



Do ghluais sí roimpi, agus a h-ualach
thiar anáirde uirthi, agus an ceathrar fear
le na cois. Bhíodar san ag bruighean agus
ag easgainí agus ag athnasg ar a chéile,
agus Brighid bhocht ag tuiteam ar gcúl le
tuirse go rabhadar abhfad amach roimpi. D
Nuair bhí sí traochta tabhartha amach, agus
an ceathrar imithe as a radharc, do labhair
an guth ag a cluais, guth caol fannlag, as
an gcomhrain amach.



“Stad a Bhrighid!” ars an guth.



Do baineadh a leithéid de gheit a Brighid
gur thuit an chomhra d'á druim amach.



“Briseadh agus brúth ar do chnámhaibh,
táim martraithe agat!” ars an guth, agus
fuinneamh tagaithe fán am soin ann.



Do chuir Brighid sgread bháis aisti, agus
d'fhan ag greadadh a bas os cionn na
comhran.



“Bog an chomhla dhíom, a chamóg oinsighe,”
ars an guth. “Tabhair gaoth do'n chomhlain
adeirim leat — táim dom mhúchadh annso
istigh.”



Do bhog sise an chomhla. Níor thúisge
sin ná an fear marbh ag suidhe aniar insa
chomhrain, agus é ag spalpadh na mionn.



“Suidh annsoin ar do chromara,” ar
seisean, “agus imir cluiche cártaí liom.”



D'fhreagair Brighid ná féadfadh sí é,
agus ná h-aithneoch sí na cártaí.



“Suidh sa diach duit,” ar seisean, agus
níor chuir sé fiacal ann. “Suidh agus
múinfead duit iad.”



B'éigean di géilleadh. Do leag sí an
chomhla treasna ar an gcomhrain, agus do
shuidh ar a corra giub ina fhiadhnuise. Do
tharraing an fear istigh a phaca cártaí
chuige agus do luighdar ar imirt. Do
luigh seisean san am gcéadna ar chalaois,
agus ar éitheach, agus ar anchúinseacht, mar
dob' eol do. Dá olcas í an chainnt do bhí
ag an gceathrar eile ba mheasa go mór
cainnt fir na comhran, le buirbe agus le
barbarthacht. Céard do rinne Brighid fá
dheoidh, nuair na féadfadh sí an droch
cainnt do sheasamh níoba shia, ach cur sa
rith an bóthar siar, chomh tréan agus tháinig
léithe.



“Fill, sa donas ort,” ars an corp.



Níor fhill.



“Fill, a Bhrighid Ní Chionnaidh,” ar
seisean arís de ghuth imeaglach, “fill,
agus ná bíodh t' anam orm.”



Is amhlaidh tháinig breis choisíochta do
Bhrighid.



“Do bheirim-se sparán,” ars an corp;
agus le na linn sin do chualaidh Brighid an
chomhra ag poc-léimnigh ina diaidh. Do lean
sí uirthi, faid gach nfhaid, agus an croidhe
leis an mbéal aici, agus “poc! poc! poc!”
ag an gcomhrain ar an mbóthar chruaidh ina
diaidh: Bhí an tuirse ag cur uirthi fé
dheireadh, agus an choisíocht ag dul i
muille aici, agus an chomhra ag teacht suas
léi de réir a chéile.



Nuair bhí an chomhra leis na sálaibh aici
do chonnaic sí solus i dtigh bheag i mbéal
an bhóthair, agus an dorus ar osgailt.
Do ghéaraigh sí uirthi sa tsiubhal, an méid
do bhí innti. Do ghéaraigh an chomhra sa
tsiubhal mar an gcéadna, agus eatortha
araon dob' fhearr é, nó go ráinig le
Brighid bheith thar tairsing isteach nuair do
buaileadh pléasg de'n chomhrain i gcoinnibh
an fhárduiris. Do chuir Brighid aon uaill-
bhéic amháin aisdi, do chroth fraitheacha an
tighe bhig, ach níor lean an corp thar
tairsing í.



Bhí an duine críonna san ionad gcéadna
roimpi, ina shuidhe cois na teine, a cheann
fé aige, agus gan húm ná hám as. Do
shuidh Brighid thall arís insa tsuístín, agus í
i ndeireadh na feide. Ní raibh le clos
annsoin aici ach a croidhe bocht féin, agus é
ag preabarnaigh agus ag bualadh i gcoinnibh
a h-uchta.



“Seadh, a Bhrighid,” ars an seanduine
go roighin, i gcionn sgathaimh aimsire, “an
bhfuil aon sgéal nua agat ó shoin?”



“Och, a dhuine an chroidhe istigh, leig dom
féin,” ar sise. “A leithéid de sgannra
agus fuaireas ó ghabhas amach;” agus
d'aithris sí an sgéal go léir do, tríd
agus tríd, ó chonnaic sí an ceathrar fear
gur lean an corp go béal an duiris í.



“Gura slán sgéalaidhe.” ars an duine
críona nuair bhí sé críochnuithe aici. “Is
rí-dheas an sgéal é sin agat, a Bhrighid.
Cumá nár innsis an sgéal soin dom ar
dtúis? agus ní chuirfinn d'iarradh na
móna thu.”



“Cionnus d'inneosainn duit é, a dhuine
na páirte,” arsa Brighid, “agus gan é
tuitithe amach in ao' chor?”



“Má seadh, dar ndóigh, d'fhéadfá sgéal
éigin eile d'innsint dom dá ionad. Raghad
féin d'iarradh na móna anois,” ar seisean.



Agus do chuaidh.



Feargus Finnbhéil.


L. 21


AN GAELACHAS.



Ní dócha go bhfuil san Eoraip fé
láthair aon daoine is lugha go bhfuil
éirim náisiúntachta ag baint leo ná
muinntir na h-Éireann. Taobh amuich de
roinnt bheag Gaedheal níl staid na náisiún-
tachta sroiste ag aon dream eile i nÉirinn.
Is cuma ché mhéid Sasannach nó “Neamh-
rialtach” nó “Státaire” atá marbh ag aon
duine sa tír seo, ní Gaedheal d'á bhrí sin é
maran Gaedhilgeóir d'á thoil é agus mara
bhfuil sé ar n-a líonadh d'eolas agus de
bhéascna a chine agus a thíre 'na theannta
san agus grádh aige do sna neithe sin. Is
mithid dúinn an t-idirdhealú san a dhéanam
i n-ár n-aigne agus is lán mhithid cuspóir
dheimhnitheach náisiúntais a chruthú chun ár
gcoiscéimí a dhíriú fé na dhéin. Is é cuspóir
é sin ná lán-Ghaedhealú ár gcine nó roinnt
dár gcine i nÉirinn.



Is beag i nÉirinn a leig riamh d'á
machtnamh dul chomh fada leis an gcuspóir
sin. Is eol dúinn go bhfuil mór-chuid de
lucht na Gaedhilge féin nár mhachtnuigh fós
air is nár ghaibh go h-iomlán leis an
gcuspóir — tré leisce, b'fhéidir, nó tré
bhrostaitheacht an tsaoghail. Aon rud
atáthar a dhéanamh fé láthair ní ró-dhoimhin
an phréamh a chuirfidh sé óir is mar uachtar ar
chré ghallda atáthar 'á chur, tá an síol —
nó cuid mhór de — ag tuitim ar thaobh
an bhealaigh agus ar na cairrgeacha agus
ameasg fiaile agus ní buan an fás a bhéas
air. Níl an ithir 'á treabhadh doimhin go
leor ná na préamha 'á gcur síos fada go
leor chun sughlach saidhbhir Gaelach a ghluais-
eacht aníos. Dá chúis is bun leis an rud
so .i. uireasbha tuiscionna ag an slua i
dtaobh aon ní i bhfuirm náisiúntais ná an
chultúra is fearr d'oirfeadh do; agus san
dara h-áit uireasbha nirt i n-ár gcreideamh
náisiúnta. Chomh fada agus bhaineann leis
an gcéad chúis aca so níor glacadh fós
dáiríribh leis an ngairm scoile nó an gháir
chatha “An Gaedheal i n-uachtar i nÉirinn.”
Tá glactha go poiblí, ar chuma, leis an
dteagasc “an té gur cheart do bheith 'na
Ghaedheal” gurab é is cóir a bheith i n-uach-
tar agus gan d'údarás aige chun bheith i
n-uachtar ach “gur ceart do” bheith Gaelach.
Ní cuirtear d'iachaibh air a bheith. Ní gádh
dho ach “bú!” a rádh le Sasanna nó a
rádh gur trua leis go bhfuil an “dear
old tongue” ag fagháil bháis. Níl aon
náisiúnta Gaelach ag gabháil le saothrú
cultúra litríochta ná ceóil ná aon chuid
de sna h-ealadhna uaisle eile i nÉirinn.
I gcoinnibh a dtola a mhúineann lucht
stiúrtha na gcoláistí móra i nÉirinn an
Ghaedhilg féin agus tugaid aire mhaith gur
cultúir “Eton” a bhéas i saoghal an
choláiste. Tá na h-Iolscoileanna go mór
níos measa. Ní h-eol dóibh Éire ionnta san.



Níl aon iarracht d'á dhéanamh ag na
daoinibh “gur ceart dóibh” a bheith
Gaelach — agus sin naocha fé'n gcéad de'n
phobal — ar shaoghal iomlán a iarraidh ná a
chruthú i n-aon chultúir ná i n-aon ealadhain
i bhfuirm ar bith go bhfuil comhgus ná baint
aige le Náisiúntacht Ghaelach. Dar le
duine is dream sinn gur baineadh éirim na
neithe sin asainn agus ná tuigimíd a
dtábhacht ná a mbrí agus ná leigimíd dóibh
teacht taobh istigh dár ndílseacht do'n chine
ar díobh sinn; nó marab é sin é, is amhlaidh
go bhfuil sé dulta d' ath-nádúir bunaidh
ionainn a chreidsin ná fuil na neithe sin i
ndán do Ghaedhealaibh ó phréimh a ndúchais
agus ná fuil agus ná beidh againn díobh ach
a bhfuaireamar ar iasacht ó na “Máighistrí”
bhí orainn ó aimsir Eilíse Shasanna.



Ag tagairt do'n dara cúis a luadhmair
thuas — uireasbha nirt 'nár gcreideamh
náisiúnta — is ró shoiléir ná fuil fós
cré ná creideamh cine ar leith againn.
Tá, agus bhí, go leor de chreideamhaibh
polaitíochta againn. Ní gádh gaol idir
an dá rud agus ní raibh de ghnáth i nÉirinn.
Chuaidh Gaedhil as radharc an tsaoghail tar
éis cath Cionn tSáile agus Luimnighe. Níor
chlos a nguth i ndálaibh na tíre go dtí 1916.
Is iad a ghlaoidh an uair sin ar shlua Éireann
agus a threoruigh an slua chun buadha i
n-aghaidh Seáin Bhuidhe i 1921. B'é eiseirghe
dob' iongantaighe thárla i stair an domhain
é. Le racht obann mórtais asta thug an
slua dílse naoi lá do chreideamh Gaedheal.
B'é sin céad mórtas a deineadh as fíor-
náisiúntas i nÉirinn leis na céadta fada
blian. Ach ní as ucht a dtuiscionna ná a
n-eolais a thug an slua an dílse gearr-
shaoghlach san do'n Ghaelachas. Ní gearánta
ar an slua é, ní raibh tuiscint ná eolas ná
aithne aca air, agus nuair d'imigh an racht
díobh thugadar faillighe sa dílse nua-bheirthe
agus d'fhilleadar ar na déithe dob' aithnid
dóibh — an pholaitíocht — agus d'adhradar;
agus dheineadar íobairt loiscithe d'Éirinn.
“Hí for the Free State!” arsa dream;
“Up the Republic!” arsa dream eile.
Tuigeann an slua rudaí beaga suaracha
mar sin. Ní h-eol dóibh dílse níos doimhne.
Tuigeann cuid de lucht na Gaedhilge é
agus is é a ndualgas san a gcreideamh
féin a chur i bhfeidhm ar an gcuid eile.



Ag machtnamh do dhuine ar scéal na tíre
seo do thaidhseochadh sé go h-ait do go
rachaimís chun feirge le duine a chuirfeadh
an “Union Jack” ag folumhain os cionn a
thighe agus ins an uair chéadna go mbeadh
gach rud a bhaineann leis an “Union Jack”
sin i n-uachtar agus i réim gan freasabhra
i dtighthibh, i mbéasaibh, i dteangain, i
gcultúir agus i saoghal lucht na feirge.
Ní gearánta faoi'n bhfeirg i dtaobh bruit
Shasanna; ach i n-ainm na buile diablaidhe
nach fimineacht nochtaithe é an tráth ghlac-
aimíd go toiliúil le E. M. Dell agus le
Charlie Chaplin agus le Mutt and Jeff



An t-Arán
Thar Arán



ARÁN UÍ SHÉAGHDHA



SHRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE
Do'n MHONARCHAIN



Teastuigheann REICEADÓIRÍ uainn
I mbailte tuaithe



Guthán 424



PÁDRAIG Ó h-AODHA
26 Caladh Phádraig Naomhtha,
CORCAIGH



11.4 hp CITROEN



'Na Reiceadóir i gcóir na gcárr so:



AN DODGE
AN ARMSTRONG SIDDLEY
AN CITROEN
AN HILLMAN



“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)



Caith Tobac



“MIC Mc QUAID”



is é is fearr ar domhan



Isiad lucht a dheunta —



P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
DÚNDEALGAN



D. T. Ó SÚILLEABHÁIN
Reiceadóir Rothar & Mótar



Gunnaí agus Ceatrisí!



37 SRÁID CHÚCH i gCORCAIGH



CLÓ-CHUALLACHT MÁGHCHROMDHA
AN CLÓ-BHUALADH



Is tapaidhe agus is saoire



D. Ó MATHÚNA, MághChromdha


L. 22


SAFETY
FIRST



An té mhianuigheas a chuid spártha chur chun sochair sé cheud rud
ritheann chuige ná “an baoghal dom aon phioc de seo a chailliúnt”



A LUACH
INDIU
15/6



ISSUED AND GUARANTEED BY
SAVINGS
CERTIFICATES
SAORSTÁT ÉIREANN



A LUACH
5 BHL.
Ó INDIU
£1



IAD SAOR Ó BAOGHAL



An áis is fearr chun rud a chur in áirithe dhuit
féin agus dob' chúram le h-aghaidh lá na gaoithe



A gCÁILÍOCHTAÍ FÉIN FÉ LEITH:



AN STÁT IN URÚS ORTHA
5¼% DE MHÓR-ÚS ORTHA



IAD SAOR Ó CHÁIN
IS FUIRIS A n-AIRGEAD FHÁIL



Gheobhair pé méid díobh is maith leat ó ceann amháin go 500 ceann (sin
£375 10s.) Iad á ndíol ins na banncaibh agus in oifigí órduithe airgid



gheobhair gach eólas ach scríobhadh (agus ní gádh stampa) chuig
AN ÁRD-OIFIG UM CHOIGILTEACHT,
63 Sráid Dásúin, ÁTH CLIATH.
W.H.Co.



mar dhéithe cultúra agus ealadhna againn,
nuair is é Kensington a stiúruigheas ár
dtuairimí i dtaobh ceoil agus ealadhna
maisighthe, nuair is chomh luath 'á léigheamh ag
ár ndaoine “Daily Mail” nó “Daily
Mirror” galldha Shasanna, agus an “Daily
Independent” atá chomh gallda leo, nuair
a leanaimíd do “Dublin” agus “Dingle”
agus “Cork” agus “Burton Port” ar
ár mbailte móra agus le “Fred” agus
“Bill” agus “Violet” agus “Gladys”
a bhaisteadh ar a chéile i n-ionad “Cathal”
agus “Ciarán” agus “Fionnghuala” agus
“Íde.” Níl i néirim náisiúntais urmhóir ár
ndaoine ach seafóid atá chomh seana-chaithte
le greann lucht pantomím in “Dublin.”



Is damanta an mháchaill é ar an gcine
seo againn-ne go bhfuil na miliúin aca gan
focal Gaedhilge, gan chomhartha Gaedhealach
ortha, gan taisbeánadh so fheicsionna ar bith
ortha gur de chine sheanda na tíre seo iad,
ná aon bhraithstin istig na gcroidhe ná 'na
n-anam ar na comhachtaí íogara do bheir grádh
ag duine do'n chine dár díobh é agus do
imeachtaibh an chine sin agus d'á nósaibh agus
d'á n-iarsmaíbh idir cheolta, béasa, litríocht,
obair a lámh agus saothrú a n-inntleachta.
Tá a leithéidí sin ann — is iad urmhór
ár ndaoine iad — agus táid chomh dall san
ar náisiúntacht dúchais na tíre seo go
gceapaid gur Gaedhil mhaithe iad féin toisc
nach é tuin Oxford nó Billingsgate atá ar
a gcuid Béarla, nó toisc go n-abruighid
siad “Up the Republic!” “Hí for the
Free State!” nó, fós, toisc go gcleachtaid
saghas cluiche le liathróid coise ná cleachtar
i gColáiste na Tríonóide. Is éadoimhin
an náisiúntacht í sin, ach b'aithnid dúinn í
fiche bliain ó shin ar an té mhaoidheadh gur
duine tír-ghrádhach é féin toisc go mbíodh
“a scilling” íoctha aige leis an U.I.L. agus
ar an té mhaoidheadh le linn achrann Pharnaill
gur dhein sé smidiríní de chlarionet le
fuireann ceoil an dreama eile.



Ach gan bhuidheachas do'n mí-thuiscint seo
ar náisiúntacht, tá an fhírinne ar fagháil.
Tá cuid mhaith de fhír-thréithe an ní is
Gaelachas fós ar fagháil i nÉirinn agus is é
an Gaelachas san is comhartha fíor ar
náisiúntacht ár gcine. Tá an náisiúntacht
san ar coimeád go dtí so ag muinntir na
Gaeltachta — is cuma cioca dá ndeoin nó
gan fhios dóibh féin é. Tá sí glacaithe uatha
ag roinnit bheag daoine i nGalldacht
Éireann. Bíodh meas d'á réir ortha.
Agus tuigidís go bhfuil dualgas do-sheach-
anta ortha an oighreacht san a chosaint dóibh
féin agus dá sliocht. An Gaedhilgeóir athar
nó máthar ná tugann an Ghaedhilg atá aca
mar chéad theangain dá leanbh is neimh-dhílse
d'á gcine iad ná an té chrochas anáirde
an “Union Jack.” Níl san leagadh a
rinneadh ar an “Union Jack” againn ach
chun go mbeadh caoi againn sinn féin a
Ghaelú. Sin é ár gcuspóir-ne, lucht
an Ghaelachais. Sí seo againn-ne an
Ghluaiseacht Náisiúnta feasta.



“An Seabhac.”



Bhí cainnt ag gach ainmhidhe i nÉirinn fad ó.
Bhí cainnt ag an gcapall, ag an mbuin, ag
an gcat, agus ag gach ainmhidhe eile chomh
maith agus bhí sí ag daoine. Tháinig droch
obair as an gcainnt seo sa deire, agus is
iad na cait fé ndeara é. Seo mar a thuit
sé sin amach. Nuair a thagadh fear an tighe
abhaile d'innseadh an cat do cad do bhíodh
ag bean an tighe dá dhéanamh faid bhíod an
fear as baile. Do chráidh sé seo na mná.
Do bhailigheadar chun a chéile, agus dubhradar
gur cheart an chainnt a bhaint de gach ain-
mhidhe. Nuair a dubhairt na mná é sin
bainrioghan a bhí i gceannus na hÉireann,
agus bhí báidh leis na mnáibh aici.



Do bhain sí an chainnt díobh, ach gheall sí
do gach ainmhidhe go bhfaghadh sé pé rud a
iarrfadh sé mar dhíol as an gcainnt.



Níorr iarr an bhó ach gan í bhualadh leis
an mbuaraigh ag dul amach as an gcró d'éis
í chrúdh.



Fuair an capall gan é chomáint i gcoinnibh
aon áird.



Fuair an gadhar cead codladh ar a
shuaimhneas i lár an lae.



Fuair an cat dearmhad mná an tighe.
'Sé sin cead aon nidh d'fhágfadh bean an
tighe 'na diaidh d'ithe nó d'ól. Bhí trí
pingine i bfolach aige, agus do cheannuigh
sé ó'n mbainríoghain trí buadha eile, siad
san ciúnas cos, agus radharc san oidhche,
agus an crónán.



[Baineadh as beart phíosaí ó bhéal-oideas Gaedhal do
scríobh “Gruagach an Tobair” do'n tsean Lóchrann.]



Beirt — ceart leabthan,
Le seift — triúrar,
Random — ceathrar,
'S bheirim 'on Diabhal cúigear.



F. E. a fuair.


L. 23


CAOINE MHIC EOGHAIN NA
TUINNE



Mí ó shin chuireamair línte áirithe i gcló de chaoine
fuaireamhair ó S. Ó Longphuirt agus d'iarramair ar
dhaoine an caoine go léir agus a tuairisc a chuardach.
Tá san a dhéanamh. Fuaireamair an litir seo thíos
agus an Caoine — Caoine ar Dhiarmaid Mac Eoghain
na Tuinne. Ba cheart a bheith buidheach de Sheán Ó
Conaill agus do'n mBuachallach a thug leo slán an
méid seo de'n fhilíocht so. Tá ár mbuidheachas-ne ag
dul dóibh. Fear an L.



A Chara,



Do chonnac sa “lóchrann” an mhí seo ghaibh tharainn
cuid de Chaoine Mhic Eoghain na Tuinne agus lorg ar
an gcuid eile. Ó's rud é go ráinig liom é bheith
agam tá áthas orm é chur chughat agus beadh ana-
bhuidheach díot ach é chur i gcló sa chéad uimhir eile.



Seo díreach an Caoine mar fuaireas é ó bhéal fir
chríona de mhuinntir Bhuachalla atá 'na chomhnaidhe i
n-aice na Rátha Móire. Duine ana-léigheannta i
nGaedhilg agus i mBéarla iseadh é agus maireann sé
fós go slán foláin agus do bheinn ag déanamh
éagcóra ar an nduine uasal san mara dtugainn
creidiúint do d'á bharr so.



Seán Ó Conaill, M. G.
Caisleán Ó Liatháin.



AN CAOINE.



Mo chara thu is mo chumann a Dhiarmaid
Mhic Eoghain na Tuinne ba ghile liom tu im'
choinnibh ná an giúistís ná an breitheamh
is ná Méire an chána dheirg ó fuaras
romham tú gan friotal ag Saighn na Bó
nár duireadh nár crúdhadh is nár sniugadh
is nár bhuail riamh fós aon duine.



Mo ghrádh is mo thaithneamh thu 's is beag
a mheasfadh duit id' laogh nó id' leanbh
duit gur annso bheifeá treascartha i
gceann tighe an mhargaidh gan aoinne ag
amharc ort ach búir nó Sasannaigh nó
clanna ceannaithe nó, a Dhiarmaid, a
dhaltha dhil, an amhlaidh a mheathais-se?



Mo ghrádh agus mo rún tu 's dá
mbeitheá-sa id' dhúthaigh ní mustart ná
túrann do bheadh ortha mar chúram ach
mná ann ag liúighrigh agus fearaibh ag
búithrigh na bóithre ba chumhang dóibh ag
teacht ad' thionnlac go Diriseán cúin-
neach an caisleán cumhra mar a mbíonn
ubhla cnó buidhe a' lúbadh orthainn (1)
go súilibh agus ba boga búithrigh maidin
lae drúchta d'iarraidh a gcrúidhte.



Mo ghrádh thu agus mo rún 's dá mbeadh
do shocrú fúm ní mar sin a shocró'inn
fút ach leaba álainn chlúimh piliúr árd
féd' chúl * Ó!
agus is daingean atá do chumha folaighthe
im' chúm mar a bheadh glas ar thrúnc is
go raghadh an eochair amú agus go
dtiocfadh meirg ar an scrú is ná beadh
aon ghabha sa Mhumhain do réidhteochadh é
siúd.



Mo ghrádh is mo chumann tu is éirigh
[ar] t'uilinn chugham go ngabham tré
Mhuisire na bó buininne nár cnósuigh-
eadh punann ann ach fuacht is fliuchra
agus fionnán fiora-ghlas ceo ar a
mhullachaibh is ceol ag fiolaraibh lá breá
soininne 'gabháil d'á imeallaibh.



Mo ghrádh thu is mo chumann do bhí mo
shúil-se leat-sa go bhfaghfá féin ag
bruinneall a comhthrom óir agus tuille
is gurbh' árd do bheadh do luingeas ag
teacht ar bharr an uisce go ndéanfá
ceannaithe a bhriseadh is go mbainfeá
dhíobh tábhacht an ime, á Dhiarmaid Mhic
Eoghain na Tuinne sinnsear mo chlainne.



Mo chara thu agus mo stór dá mbeitheá
againn ar nóin ag Ráithín Dhiarmad'
Óig nó ar Chlárach bheag an spóirt is
mó fear áluinn óg agus maighdean
suaimhneach cóir do leigfeadh anuas a
ndeoir ná fuair do thuairisc fós is ná
faghaidh é go fóil.



Is cá bhfuil bean tighe an Churraigh is
bean tighe Chúil a' Chullaigh nó bean tighe
Chrosaire an tSionnaigh nó bean tighe na
Rátha Bige ná fuil siad annso im' choinnibh
ag Saighn na Bó Duinne ná tálann is ná
tugann ná díolann cíos ná custum
airgead adharc ná ime.



“Is bean anoir í,” arsa duine. Ó! mo
dhiachair is bean aniar me do thál ar
Dhiarmaid is a thug leabaidh 'na cliabh do.



Mo ghrádh thu agus mo chuid is dá
mbeadh agam glaodh nó rith do shroisfeadh
annsúd thar cnoc is gearr go mbeadh
againn lán an yard so 'muich is
cumhang do bheadh bhúr dtigh agus is fliuch
do bheadh bhúr mbruit dá dtigidís aréir
nó indiú.



(1) “orthainn”? fiorthann.



Aguisín: Ní raibh an caoine seo thuas
ach imithe go dtí an cló an tráth tháinig
cóib eile chugham ó Phróinsias Ó Ceallaigh
ó Bhaile Bhoirne agus é focal ar fhocal
cosúil leis an gceann so thuas. Adeir
Phroinsias:—



“Seo cuid eile de'n chaoine úd a bhí i
‘Lóchrann’ na Nodlag mar aon le cúntas
beag ar an bhfear do caoineadh .i. Diarmaid
Mac Carthaigh — Diarmaid 'ac Eoghain na
Tuinne. Ó áit éigin i n-aice Sráid a'
Mhuilinn dob' eadh é agus cailleadh é ar
Mhargadh an Ime i gCorcaigh. A mháthair a
dhein an caoine, thugas na bhéarsaí seo do
Amhlaoibh Ó Loingsigh, M.G. nuair a bhí sé i
gCúil Aodha i mbliana. B'fhéidir gur éirigh
leis tuille dhe d'fhagháil i gceanntar Sráid
a' Mhuilinn.



Deallruigheann sé ó'n gcaoine go raibh
Diarmaid ag gabháil de cheanníocht Ime.



Sé ‘Saighn na Bó Duinne’ nó 'na bó nár
duireadh’ ná dealbh bó atá os cionn dorais
Mhargadh an Ime. ‘Ní mustart (nó mustar)
na túrann a bheadh ortha mar chúram’: sé
cúis go ndubhairt sí é sin ná le linn di
bheith ag caoine tháinig a raibh insna tighthe
amach ag éisteacht léi, thug mná a dtúirní
amach leo chun bheith ag éisteacht léi.



‘Cá bhfuil bean tighe an Churraigh, &rl.
B'iad súd a driféaracha agus tá na
h-áiteann so i n-aice le Sráid a' Mhuilinn.



Próinsias Ó Ceallaigh.



Táimíd féin agus léightheóirí “An Lóchrann” buidheach
do Phróinsias. Tá súil againn go ndéanfaidh daoine
eile cuardach mar sin ar shean-iarsmái cultúra na
nGaedheal.



*D'fhágamair ar lár cúig líne deasa sa chaoine toisc
a mbíonn de dhaoine óga ag léigheamh an pháipéir seo;
ach aoinne fásta gur áil leis é bheith go h-iomlán aige
cuirfear na línte easnamhacha chuige ach clúdach fé
stampa a chur chugainn. Fear an L.



Aguisín eile: Tá litir eile tagaithe chughainn ó
Sheán Ó Conaill a scríobh sé tar éis turus eile
thabhairt ar an seanchaidhe uasal Ó Buachalla. Fr. an L.



SÍOLTA DO'N FHEIRM
NÚ DO'N GHÁIRDÍN:



CRAINN, PLANNDAÍ,
ÚRLAISÍ FEIRME
LEASÚCHÁN, &rl., &rl.



An t-adhbhar ná teipfidh!
Airgead nách daor!



Muinntir



LUASA & CONNAILL
Bóthar Mulgráibh, i gCORCAIGH



RACAIREACHT GHRINN
NA TUAITHE



Eachtraithe Thaidhg Uí Chonchubhair idir dhrámaí
ar nós “Caismirt na gCearc” agus “An Dá
Dhrúncaer,” agallmha agus cluithí i gcóir leanbhaí
is daoine gásta, agus amhráin sgléipiúla ar
nós “Pósadh dob' fheárr liom ná bacfainn é,”
“Inghean an Phailitínig,” “Seán a' bhríste leathair,’
“Ding Dong Dederó,” &rl.



Ana-oireamhnach mar adhbhar do stáidse
Feise nó a leithéid
200 leathanach de ghreann is ghrádhmhaireacht
2/6 a fhiacha



Le fáil saor tríd an bpost ar 2/9 ó
BHRÚN is Ó NUALÁIN, ÁTH CLIATH, nó ó
MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, nó ó
LIAM RUISÉAL, i gCorcaigh



AN TIGH
IS FEARR
I nÉIRINN



i gcomhair na neithe seo:



BUINN DEALGA,
FLEASCÁIN, &C.



OBAIR CHONDUALACH
ar an SEÓD LUACHMHAR
(liosta inaisge)



LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac
Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORCAIGH


L. 24


CHÓMH BLASTA
LE
H-AON-ÍM!



MARGAIRÍN
“LEANDAR”



TÁ 'Á DHÉANAMH
I gCORCAIGH



ag



Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht



Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.



Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh



TADHG Ó CONCHUBHAIR, Liospóil. R.I.P.



Is olc linn a chlos bás Thaidhg Uí Chonchubhair, go
ndearnaidh Dia trócaire ar a anam. Is cuimhin le
lucht léighte “An Lóchrann” a raibh i gcló againn de
dhéantús Thaidhg. Dob' iomadúil iad — “Caismirt na
gCearc,” “An Dá Dhrúncaer,” “Cáit a' Chalaithe,”
“Tréalach is Maighréad” &rl., &rl. Tá siad san
uile slán gan baoghal báis againn sa leabhar a chuir
F. Mac Coluim le chéile .i. “Racaireacht Ghrinn na
Tuaithe,” ach tá an té cheap iad fé'n bhfód.



Níl mórán de shaghas Thaidhg Uí Chonchubhair fágtha
anois againn. Duine de'n tseana-saoghal Ghaedhealach
ab' eadh é agus bhí na tréithe ab' fhearr d'á raibh sa
tsaoghal san 'na mheon agus 'na phearsain. Bhí sé
cliste gan a bheith mórdhálach agus bhí sé lághach gan a
bheith lagbhríoch agus, fairis sin, ba Ghaedheal na
chroidhe é. Gabhaimíd comhbhrón le na mhuinntir uile;
agus guidhimíd Flathas Dé d'á anam.



AN BÁS.



Tá an bás go gnóthach le déannaighe ameasc Gaedheal.
Le mí chuaidh na farairí seo leanas ar na síoraidheacht:



Tadhg Ó Conchubhair, Liospóil.
An Canónach Ó h-Aodha, Baile Chaisleáin Béara.
An Canónach S. Ó Cearmada, An Ráth Mhór.
An t-Athair Tadhg Ó Murchadha, Tuatha Ó Siosta.
Séamas Ó Súilleabháin, O.S., Gort na Cloiche.
Seán Ó Conaill, Dchtr. le Dlighe, Tráighlí.
Nóra Ní Fhoghludha, bean “Thórna,” i gCorcaigh.



Gaedhilgeoirí cliste iad sin uile a bhí lán de
sean-éirim na nGaedheal agus dúthracht mhór ionnta
do chúis na teangan agus ba sheasamhach riamh iad san
obair. Is mór an bhearna iad san a bheith ar lár.
Go dtugaidh Dia áit dóibh ar a dheas láimh ameasc
Naomh na nGaedheal agus go dtugaidh Sé oighrí dhúinn-
ne ar a mór thréithe súd i gcomhair na mór oibre atá
gan chríochnú.



“Oidhche réaltach ghaothmhar gan a bheith
fliuch —
Dá mb' orm-sa bheadh an bríste bheadh
caora againn ó'n gcnoc.”



Cainnt í sin adubhairt bean an ghadaidhe oidhche dá
dtáinig mian feola dhi agus nár bhraith sí aon fhonn
saothair ná siubhail oidhche ar an ngadaidhe.



Maonus Ó Domhnaill a chualaidh
i gCorca Dhuibhne.



“PROSÓID GAEDHILGE” — Is géar agus is mion an
scrúdadh atá déanta ag “Tórna” ar rialacha
an Amhráin insa leabhar so “Prosóid Gaedhilge.”
Níor leig sé le faillighe aon tréith, mór ná mion,
de'n ghné sin filíochta Gaedhilge gan a léiriú
agus a rialacha bunaidh a aimsiú agus a chur ar
taisbeáint do ghnáth-léightheóirí. Dar linn ní
dearnadh ar aon chuid de litríocht na Gaedhilge
scrúdadh chomh mion ná léiríu chomh h-ealadhanta
riamh. Is saothar mór agus buadh do “Thórna”
é agus ó táimíd ag tagairt dó ní leigfeam
tharainn gan a rádh gur buadh eile dho go ndear-
naidh sé an ealadha so i nGaedhilg. Níor lean sé
droch nós na scoláirí eile mór léighinn a ghníos
a gcuid ealadhan ar an nGaedhilg i nAinglis na
Sacsan. Ní teanga mharbh an Ghaedhilg dar le
“Tórna” agus dá bhrí sin deineann sé scoláir-
eacht bheo innti.



Ní foláir nó taithneochaidh obair “Thórna” le
lucht scrúdaithe filíochta i dteangnaibh uile an
domhain. Tá tréithe i n “Amhrán” na Gaedhilge
ná fuil le fagháil i n-aon teangain eile. Gheóbh-
far an t-eolas ar fad i “bProsóid Gaedhilge.’
Níor fhág “Tórna” puinn le rádh ag duine ar
bith a thiocfaidh na dhiaidh.



NA CEOIL BA BHINNE LE FIONN,



“Innis uait dom créad iad na ceoil is
binne leat fuarais riamh?” ar Conán.



“Inneosad,” ar Fionn, “an tan do bhí
seacht gcatha na gnáith-Fhéinne ar aon mháigh,
agus tógbhaid a gcrannghail ós a gceannaibh;
agus gluaiseas an ghaoth ghlórach gháibhtheach
ghlanfhuar tríotha agus társa, is ró bhinn
liom sin. Agus an tan oirleagthar teach
n-óla againn i nAlmhain agus an tan dáilid
na dáileamhain na cuirn chaomhghlana do
mhaithibh na Féinne, an bhlosgbhéim bheirid
a ndeire sin ag buain fá bhórdaibh na
bruighne, is ró bhinn liom sin.



Is binn liom foghar faoileann, agus
coigeadal na gcor, agus fuaim tuinne
Tráighlí agus abhrán trí mac Meardha,
agus fead mhic Lughaidh, agus dord Fears-
garaidh, agus guth na cuaiche an chéad mhí
de Shamhradh, agus sgeamhghail na muc i
Mágh Eithne, agus nuaill na sgol i nDoire.”



Agus adubhairt an laoi:



Dord na feadha barrghlas
Bándíg tuinne ag buain re tráigh;
Nó foghar tuinne Tráighlí
Buain ris an Lí mbric mbáin.



Triar tháinig san bhFéinn
Fear díobh séimh, is fear díobh borb;
Fear eile ag áireamh na neoll
Ba bhinne ná gach ceol a dtoradh.



An ronnsa glan ar an muir
An uair nach faghaidh fear a lorg
Líontán do bheir iasg i dtír
Ceol a chodalta, binn a dtoradh.



Feargaill mac Fhinn, fear ba dian
Fada a léim, leabhair a lorg;
Níor chúm sgéal 'nar sgaoil a rún
Ceol codlata dham a thoradh.



Cormac Ó Cadhlaigh a sholáthruigh.



SNASÁIN “SCIENCE”



“GILE NA GILE”



SNASÁIN Agus SMEARA



Do'n BHRÓIG Do'n ÚRLÁR Do'n TROSCÁN
SNASÁIN GAN LOCHT



Ná glac ach “SCIENCE”



PUNCH is a CHUAL. I gCorcaigh a
dheineann










19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services