Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mí na Nodlag, 1925
Title
Mí na Nodlag, 1925
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
An Lóchrann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LÓCHRANN PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ. Uimh. a 2. (An 3adh Srath). MÍ NA NODLAG, 1925. Dhá Phinginn a Fhiacha. “Ná 'nneosthá Scéal?” Bhí bean i gCeathramhain an Fhirtéaraigh fadó gurbh ainm di Nóirín a' Duilisc. Tugtí an ainm sin uirthi toisc gur ag díol duilisc a bhíodh sí mar shlí bheathadh. Sa Daingean a bhíodh sí á dhíol. Bhí sí uair amháin agus ba bheag léi a raibh sí ag fagháil air agus dubhairt sí léi féin go raghadh sí 'á dhíol i gConntae éigin eile. D'imigh sí uirthi gur bhuail sí isteach i ndúthaigh éigin ná raibh aithne aici ar aoinne ná aithne ag aoinne uirthi. Dúthaigh ab eadh é ná raibh aon bhlaiseadh duilisc ann agus bhí a rian air bhí airgead mór aici 'á fhagháil ar a cuid féin. Tráthnóna airithe d'á raibh sí ar an margadh bheir dorchadas agus déannaighe na h-oidhche uirthi agus í ag teacht abhaile agus chuaidh sí amú. Ní raibh fhios aici soir seachas siar cá ngeobhadh sí ná cá raibh sí. I gcionn tamaillín chonnaic sí soluisín beag uaithe. Dubhairt sí ná raibh an solus ann gan duine éigin 'na bhun agus seo léi fé n-a dhéin. Casadh isteach i sliabh í agus bhí gach 'ra leagadh 'á bhaint as an gcréatúir go dtáinig sí mar a raibh an solus. Chonnaic sí gur seanntáinín tighe a bhí ann. Chuaidh sí isteach. Ní raibh aon duine ann ach seanduine bhí cois na teine. “Céad míle fáilte rómhat, a Nóirín a' Duilisc, agus suidh aníos chun na teine,” ar seisean. “Mhuise!” arsa Nóirín, “cheapas ná raibh aithne ag aoinne insan áit seo orm-sa.” Nuair a bhí sí tamall 'na suidhe cois na teine agus í breagh te — “Mhuise, a Nóirín,” ar seisean, “ná 'nneosthá scéal?” “M'anam mhuis'! ná fuil aon scéal agam,” ar sise, “agus nár thógas riamh é.” “Caithfir scéal éigin a rádh nó gheobhair amach,” ars an seanduine. “Deirim leat ná féadfainn é rádh,” arsa Nóirín. “Bí amuich mar sin,” ar seisean, agus chuir sé amach í. Nuair a bhí sí tamall amuich chonnaic sí cruach féir san iothlainn. Dhein sí poll sa chruach chun go bhfanadh sí ann go maidin. I gcionn tamaill tháinig an seanduine go dtí an chruach d'iarraidh gabhál féir agus chonnaic sé Nóirín sa chruaich. “Annsan ataoir, a Nóirín?” ar seisean. “Iseadh,” arsa Nóirín. “Ná tiocfá isteach agus tu féin a théigheamh,” ar seisean. Tháinig. Ní fada bhí sí istigh nuair d'iarr sé uirthi scéal a rádh. “Deirim leat nach aon mhaith dhuit bheith liom,” ar sise, “mar ná fuil aon scéal agam adéarfainn.” “Seo amach leat mar sin,” ar seisean, “agus cuimhnigh gan dul san áit go rabhais cheana ann.” D'imigh sí uirthi ón áit agus i gcionn tamaill chonnaic sí soluisín eile. Nuair a tháinig sí chomh fada leis an solus san chonnaic sí gur seanntáinín tighe bhí ann. Chuaidh sí isteach. Ní raibh aoinne roimpi ach seanduine beag liath bhí suidhte ar chathaoir cois na teine agus fear ar bior aige 'á róstadh. “Céad míle fáilte rómhat, a Nóirín a' Duilisc,” ar seisean. “Mhuise!” arsa Nóirín, “cheapas ná beadh aithne ag aoinne annso orm.” “Tar aníos chun na teine,” ar seisean, “agus beir ar an mbior so uaim mar táim leachta ag an dteas agus b'fhéidir go bhfuil fuacht ort-sa.” Bheir sí ar an mbior mar bhí scannradh uirthi go marbhochadh sé í féin. “A Nóirín,” ars an fear a bhí ar an mbior, “ná loisc ar fad me.” Nuair a chualaidh sí an fear ag cainnt thuit an bior uaithe agus seo léi an doras amach agus seo an bior 'na diaidh agus é 'á bualadh ins na sálaibh. Níor stad Nóirín go dtáinig sí thar n-ais go dtí an chéad tigh. “Seadh 'Nóirín, a bhfuil aon scéal agat ó shin?” “Tá scéal iongantach,” ar sise, agus d'innis sí dho ó thúis deire. “Tá san go maith,” ars an seanduine “ach dá mbeadh aon scéal agat-sa le h-innsint ó chianibh domh-sa ní gheobhthá an dtrioblóid sin.” Nuair a bhí Nóirín ag tuitim d'á codla chuir sí an máilín duilisc fé n-a ceann. Nuair a dhúisigh sí ar maidin cá mbeadh sí ach ar bharra Trágha Báine agus an culaith éadaigh ba bhreaghtha d'á bhfeacaidh súil duine riamh uirthi, agus i n-ionad an duilisc is amhlaidh a bhí mála lán d'airgead aici. Nuair a tháinig sí abhaile d'fhiafruigh mná an bhaile dhi cá bhfuair sí an saidhbhreas. Dubhairt sí gur ó Dhia a fuair sí é. D'fhiafruigheadar di ab amhlaidh a chonnaic sí É. Dubhairt sí go bhfeacaidh sí sean- duine “Is dócha gurab é sin É,” arsa bean aca, “mar deirtear go bhfuil Sé ar an saoghal riamh agus is dócha go bhfuil Sé ana-chríona.” D'imigh dáréag aca 'on Tráigh lá ar na mháireach chun go mbeidís chomh saidhbhir léi ach ní tháinig aon duine aca thar n-ais mar gur báthadh iad i bhFaill Criaidh agus is annsúd atá Log an Duilisc mar a mbíodh Nóirín ag baint. Siobhán Ní Fhiannachta, a sholáthruigh i nDún Chaoin. Is neamh choitchianta an saghas seana-scéil é seo. Is é a bhrí agus a mhúineadh, dar linn, ná gur ceart a bheith i gcumas gach duine scéal d'innsint. Ní h-eol dúinn an bhfuil aon bhearna sa scéal so nó an bhfuil cor nár cheart ann. An gcualaidh léightheóir ar bith mac a shamhail i n-aon áit eile? Fear an L. Siúd í siar mo churraichín, 'S is aici bhéas an geall, Rachaidh sí go Meiriocá, Is thar ais arís anall. “Mo Churraichin” ó Oileán Árann. Ceannuigh biadhta ár dtíre féin ó Thomás Ó Murchadha (ar aghaidh príomh-oifig an phuist i gCorcaigh do).
“Scáth do chluas ar an gclagar anuas” TAR ISTEACH AGUS DEIN DO THOGHA SCÁTH AGAINNE DO'N UILE DHUINE, FEAR, BEAN & PÁISDE IAD AGAINN AR AN MBEAGÁN AGUS AR AN MÓRÁN AR AN gCORÓIN AGUS AR AN TRÍ PÚINT TÁID IDIR RAMHAR agus LEABHAIR AGAINN An “CAOL-ÁRD” agus an “GEARRA-CHOS DEAS.” AN MAIDE-SIUBHAL DO'N ÓG AGUS DO'N tSEAN SEOMRA NUA NA RADHARC An máilín taisce bíonn ar a bais aice. Is gach earradh nach deise deas ná é. M. A. Ó RIAIN, CORCAIGH TIGH AN BHATA DROIGHIN Deoch Bhlasta Fholáin iseadh “TANÓRA” Sugh Óráistí atá ann agus Cois Laoi a deintar Scríobh chuig SEÁN Ó DALAIGH is a chua. tta., I gCORCAIGH in a thaobh A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR gCUID Té, Mísleáin is Siúicre, Minchoirce, Rís is Ubhla ó MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN [agus a Chua. a 1, 2 & 15 An Mheadhon-tsráid Theas (1, 2 & 15, South Main Street), CORCAIGH GREADADH AR AN nGRÁDH. Bhain sí crothadh as a ceann ruadh. “A Shéamaisín Brún, ní maith liom thu,” ar sise. Níor labhair Séamaisín. “Ní deas tú,” arsa Mal Ruadh. Bhí dubhshlán agus mioscais 'na guth. D'fhéach Séamaisín soir ar Chnoc Bréanainn. Bhí an cnoc san seacht míle ó bhaile uaidh. Dhein Mal gáire. “Ó! Fair é!” ar sise, “agus muc ar gach malainn aige. Níl aon teanga aige. Labhair. Cuir drannadh asat mar dhéanfadh beithir go mbeadh ceann tinn aige. Ó! an bheithir bhocht!” D'fhéach Séamaisín ar chnoc a bhí níos sia ó bhaile ná Cnoc Bréanainn. Bhí fearg 'á brúgh fé aige. “A Shéamaisín?” Níor fhreagair. “Séamaisín bocht!” ar sise, “tá sé ar buile;” agus dhein sí gáire magaidh fé. Thug sé a chúl uirthi agus d'fhéach siar ar Shliabh an Fhiolair. “Ó! Tá sé ag corraighe, buidheachas le Dia,” ar sí. “Nach breágh an radharc Sliabh an Fhiolair. Ciaca is deise é nó mise, a Shéamaisín? Ná féachfá orm-sa, a Shéamaisín. 'Bhfuilim-se go deas? Is dóigh le Donncha Bán go bhfuil súile gleóite agam. Ní mór ná go ndubhairt sé araer é. Is maith liom Donncha san. Ní bheadh sé ag féachaint ar Shliabh an Fhiolair nuair a bheinn-se ann.” Do bhog Séamaisín a shúil ó'n gcnoc. Bhí sé ar fiuchaidh istigh ann. Bhí fuath fraochda aige do'n stiúsaidhe fonóideach so i n-aice leis a bhí tar éis é mhaslú. Thug sé féachaint mhillteach uirthi agus do ghluais tháirsi agus cheapfadh duine air gurbh é Bleá Cliath ba cheann cúrsa dhó agus ná fillfeadh go bráth breithe. Ní bheadh sé 'na giolla coise feasta aici ná 'na mhata dorais. Bheadh sé 'na fhear, dar fia! Mar do bheadh an nimh ar an aithne do ghaibh An Guardal thársta ar an nómait céadna agus chonnaic sé an scarúint agus thuig go raibh sranng réabtha i gcláirsigh an Ghrádha. Fear grinn dob 'eadh An Guardal. Cúig coiscéim ar chúlaibh Shéamaisín a bhí sé an bóthar síos agus do chrom ar amhrán: “Greadadh ar an ngrádh 'gus treighid air, 'S is mairg go dtéigheann sé i bhfeidhm air Mar d'fhág sé breóite tinn me, Is mo leigheas níl le fagháil” — Ach ní dheaghaidh sé thairis sin sa cheol. Chonnaic Mal Ruadh Séamaisín ag tabhairt fé'n nGuardal isteach agus fraoch nimhe air. “Mara n-éistir,” ar seisean, “cuir- fidh mé mo dhorn tríd' chroidhe siar agus trí chnámh do dhroma amach!” Bhí fearg éigcéillidhe ar Shéamaisín. D'éist An Guardal. Do gháir an óigbhean — gáire mná mios- caise. An rinnce bhí ar siubhal tar éis an Chuirm Cheoil sa scoil an oidhche roimhe sin, b'in é fé ndeara an mí-shásamh mór a bhí ar Shéamaisín Brún. Dhein sé Ríl agus Rinnce Fada le Mal Ruadh agus bhí sí chomh lághach san leis gur cheap sé gur leis féin ar fad í agus bhí fonn air bheith údarásach d'á réir. Ach ba chorrach an tseilbh a bhí ag aoinne riamh ar dheigh-mhéinn na mná óige céadna. Bhí stríoc mioscaire i Mal Ruadh agus is minic a ghríosadh sé chun spairrnge í. Bhí rud eile sa scéal. Thárla dhi an oidhche sin comhrádh beag a dhéanamh, de'n chéad uair, le Donncha Bán. B'é Donncha Bán an t-oide Gaedhilge, agus fear deigh-scéimhe dob' eadh é go bhféachfadh cailín óg an dara h-uair air. Dar le Mal níorbh é an Donncha Bán céadna i n-ao' chor é a bhíodh d'iarraidh smacht a chur sa rang uirthi le nimh a shúl agus gur ró olc d'eirigheadh leis. I gcúrsaí caoin-chomhrádha agus caidrimh, áfach, do bhraith sí go lághach é agus do thaithnigh a mheon léi. Dheineadar Port Ceathrair le chéile. Chuaidh draoidheacht an rinnce fúithe agus nuair a bhí deire leis an gCéilidh, do shleamhnaigh an focal uaithe ar shlí éigin — agus ní abróchainn gur d'á deóin é — ná raibh aoinne ann a thionnlaiceochadh abhaile í. Duine uasal dob' eadh Donncha Bán go dtí smior a chnámh isteach agus dar ndóigh níor fhulaing an bhruinneal uaigneach a bheith gan giolla coimhdeachta go doras a tighe féin; agus ba ghairid leo araon faid an turais sin le caoineas comhrádha agus bréithre taithneamhacha. Tráthnóna l'ar n-a mháireach nuair thárla Mal Ruadh agus Séamaisín ar a chéile sa bhóithrín — is minic a thárluighidís ann ar a chéile — do chas sé léi go dtug sí faillighe ann féin ar son fiadhaire feadha de dhuine ó Mhúscraidhe anoir. Theastuigh uaidh a chur i dtuiscint di ná raibh cead aici faillighe thabhairt ann féin ná duine eile d'fhagháil chun í thionnlacan abhaile istoidhche. Gheóbhair Togha an Tobac & Píopaí le n-ais ó LIAM MAC GEARAILT, Siopa an Droichid, Feara Muighe.
Dá mba fhear tar éis pósta bheadh 'á éileamh san mar cheart ar mhnaoi is dóigh go ngéillfí dhó ach ba rud dí-céillidhe do Shéamaisín Brún bheith d'iarraidh an smacht san a chur i bhfeidhm ar Mhal Ruadh agus gan d'údarás aige chuige ach é bheith i ngrádh léi. Nuair a bhraith sise an bhuanacht san á cur uirthi thug sí diúltadh iomlán do'n scéal. Dubhairt sí leis gan bheith ag déanamh cró roime na h-orcaibh. Do ghoill an chainnt sin go mór ar Shéamaisín; agus do ghríosuigh an t-éad chun feirge é nuair adubhairt Mal leis gur duine ar a comhairle féin í agus go mbeadh a rogha duine 'á tionnlacan aon tráth ba mhaith léi. Nuair a bhíonn fear i bhfeirg le mnaoi sin é an uair is mó théigheann an cath 'na choinnibh muna dtéighidh sé i muinghin a dhorn chúichi. Níl ann ach díth céille dho dul i muinghin a theangan. Bhí an tuiscint sin tagaithe do Shéamaisín nuair ghluais sé an bóithrín síos le linn do'n Ghuardal bocht teacht ortha araon. Bhí mí-shásamh na tuis- cionna san ag goilliúint chomh mór san air gur bhreágh leis An Guardal a mharbhú toisc an amhráin mí-ádhmhair a chan sé. Bhí an buadh le Mal Ruadh ins an easaontas san ach cé go raibh thabharfadh duine fé ndeara uirthi ag gabháil suas an bóithrín abhaile ná raibh a gáire chomh h-éadtrom agus bhí nuair a bhí sí ag tiomáint Shéamaisín chun feirge. An tráth, áfach, go dtagadh fearg an duine sin chun a cuimhne thagadh greann 'na súile agus bhíodh sí ag gabháil de'n amhrán d'fhoghluim sí ar an rang Ghaedhilge. Thaithnigh léi go bhféadfadh sí fearg a chur air — an t-amadán. Cad chuige dho bheith feargach? Dar ndóigh, ní dubhairt sí féin ach an ceart. Cad dob' áil leis bheith ag cur na gceangal uirthi, bíodh go raibh sé i ngrádh léi. Ní dubhairt sí féin go raibh aon ghrádh aici dho, níor dhein sí ach siubhal sa bhóithrín leis. A leithéid de bhuachaill! Ní fhéadfadh sí dhá fhocal a rádh ná déanfadh sé leith-scéal de chun a bheith go stuacach. “Ní bhead-sa ag fulaing leis féin ná le n-a rachtaí mí- réasúin — ní bhead san. Brón air! Táim cráidhte aige … Hi-Hi-Hi! An Guardal bocht! Is maith a scar sé leis nár síneadh fuar marbh é. Nach tráthúil gurbh é sin an t-amhrán a rith chuige.” “‘Ó! Greadadh ar an ngrádh 'gus treighid air!’ N'fheadar an mbéarfaidh Donncha Bán ag rinnce istoidhche Diardaoin' me. Beidh Séamaisín ann is dócha. Caith- fead é mhealladh chun suilbhreachta arís, pé slí dhéanfad é. Ach bainfidh mé rinnce ar dtúis as;” agus chrom sí ar “Inghean a' Phailitínigh” agus í ag coigilt na teine roim dul a chodla. Bhí an rang Ghaedhilge ar siubhal istoidhche Diardaoin' i dtigh na scoile. Bhí Séamaisín arbha indé roimhe sin go daingean ar aigne gan dul arís go bráth ann le h-olc chun Donncha Bháin agus chun an ghligín mhná do thréig é féin. Ar feadh an lae roim ré bhí sé idir dhá chomhairle. Ar deire chuaidh sé ann chun a thaisbeáint dóibh araon ná raibh aon chorabhuais air féin. Thuigfeadh duine chífeadh é go raibh dásacht dhúr agus daingne tola ann ó'n tslí shiubhail sé isteach agus an tslí shuidh sé síos agus an tslí d'oscail sé a leabhar. Bhí Mal ann agus ba lághach geal-gháireach le cách í — níos gile ná mar ba ghnáth, dar deimhin — ach níor fhéach sí ar Shéamaisín ar chor ar bith agus d'aindeóin a raibh d'olc aige dhi ní ró mhaith do thaithnigh an neamh- aithne leis. Bhí Donncha Bán go gnóthach leis an obair agus gan aon eolas aige ar an gcluiche a bhí 'á imirt annsúd. Nuair d'iarr sé ar Mhal Ruadh greas a léigheamh do gheal a gnúis sin ar fad leis an ngáire lághach a dhein sí 'á fhreagairt. Nuair a chonnaic Séamaisín an gáire sin do bhraith sé teas feirge ag eirghe istigh ann. Nuair adubharthas leis féin léigheamh is neamh- shlachtmhar mar do dhein sé é le méid an suathadh aigne a bhí air; agus ní feabhas ar an scéal é é do chlos Mal ag gáirí ós íseal fé n-a chuid dearmhad. Nuair tháinig tráth na n-amhrán d'iarr Mal ar Dhonncha Bán “Greadadh ar an ngrádh 'gus treighid air,” a mhúineadh dhóibh. Do dhein Donncha sin agus ní raibh aon duine istigh is binne chan é ná Mal. Níor chan Séamaisín é ar chor ar bith. Ní mian ceoil a bhí ar uachtar ann an tráth san ach mian marbhaithe daoine. Do mhúin Donncha rinnce nua an oidhche sin, “Ionnsaighe na h-Ínse?” I gcúrsaí an rinnce nuair a bhuail Mal agus Séamaisín le chéile bhíodar go deighbhéasach neamh-aithnidiúil fé mar ba dhual do bheirt nár casadh ar a chéile go dtí sin, agus d'fhéachfaidís i n-aon áit ach i súilibh a chéile. Bhí Donncha Bán d'iarraidh gach aoinne do fhreasdal. Bhíodh sé ag cainnt tamall leis an duine seo agus tamall leis an duine úd ach is baoghal gur eirigh le Mal macánta cuid mhaith dá aimsir a chur amú air. Ní fheadfadh fear déigh-bhéasach óg neamh-thor' a thabhairt d' óg-mhnaoi mhaisiúil, go mór mór nuair a bheadh súile gorma aici agus ceann ruadh uirthi uirthi agus an gob grádhmhar 'na theannta san. Ní raibh Donncha oilte i gcluainireacht bhan. Tháinig tráth scuir. Bhí gach duine ag cur chun bóthair agus Donncha ag cur slán leo agus á' rádh leo bheith ann gan teip an chéad oidhche eile. Thug Mal aire go mbeadh sé ag cainnt léi féin nuair a bheadh Séamaisín ag gabháil tháirse. Chuir sí amach a lámh go h-obann chuig Donncha “Go dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit,” ar sise. Tháinig san gan choinne ar Donncha, gan amhras. Níorbh fhearr leis rud eile ná í thionnlacan an oidhche sin arís. “Ná beidh eagla ort bheith it' aonar?” ar seisean. TROSCÁN agus LEABHTHACHA ar fheabhas agus ar shaoire Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat! SEÁN MAC EÓINÍN ‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN’ Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63, CORCAIGH Deuntús na h-Éireann Iarr COINNLE AGUS SOILLSEÁIN OIDHCHE a deintear i gCorcaigh agus FEUCH CHUIGE GURB IAD A GHEOBHAIR! Is iad lucht a ndeunta — CUALLACHT COINNLE AN tSEANDÚNA Tta. Sráid Shan Seáin. I gCORCAIGH C. & M. HEMSWORTH I gCORCAIGH Is ann atá Bagún na hÉireann Margairín & Blonag na h-Éireann Iasc uisce na h-Éireann An Ceann Muice leasuightar i nÉirinn 'Siad na tighthe stóir — a 3, 4, 5, 6, 7, 8 & 9 ar ráidín an Mhargaidh a 40 Chaladh an Phápa agus Is é an Árd-Oifig a 15 ar Shr. an Mhargaidh Arbhair Tadhg Ó Súilleabháin, an té gur leis an áit go léir Sranngscéal: “Hemsworth, Corcaigh.” Guthán 182
CÓIR CLÓSCRÍOBHTHA CHAPPEL GAEDHILG a's BÉARLA ar AON GHLÉAS — AMHÁIN — “NÍ MEAR MÉAR go MÉARÚ na MÉARÁN SO” Deunfar socrú fé leith le lucht Scol & Oideachais Cúig bhliana ag clóscríobhadh na Gaedhilge dhúinn-ne .i. GENERAL TYPEWRITER & SUPPLIES CO. 28 An Meal Theas i gCORCAIGH LEABHAIR! LEABHAIR! Tá gach saghas le fagháil ó LIAM RUISÉAL 68, 69 Sr. an Chapaill Bhuidhe i gCorcaigh Guthán: 1133 MÁ THEASTUIGHEANN UAIT LEABHAR GAEDHILGE DE — SHAGHAS AR BITH — Gheobhair annso é Déinimíd LEABHAIR an ATHAR PEADAR do chraobhscaoile Sinne Muintir BRÚIN & NUALLÁIN Sráid Bhuintrop, i gCORCAIGH GHEOBHAIDH DO MHAC TOGHA NA SCOLUIDHEACHTA i gCOLÁISTE CHOLMÁIN CLUANA Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán — An t-ATHAIR TOMÁS TÓIBÍN SEÁN Ó CONAILL Dealbhóir Gaedhlach, SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH Sgríobh ag triall air An Lóchrann. Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó díolacháin nó fógríochtha an pháipéar seo go dtí — Bainisteoir “An Lóchrann,” 27 Sráid Tucaí i gCorcaigh agus Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus scríbhneóireachta go dtí — Fear Eagair “An Lóchrann,” 119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc Bleá Cliath. “An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh Bliana … 3/6 GREADADH AR AN nGRÁDH (ar leanúint) “Ó! Ní bhead im' aonar,” arsa Mal na mioscaire, “beidh Séamaisín annso faram,” agus an gáire lághach agus an tsoilbhreacht shéimh a bhí sí a chaitheamh ar feadh an tráth- nóna le Donncha bhocht d'iompuigh sí ar fad iad ar Shéamaisín. Cleas é sin a bhí aici ón nádúir bunaidh mná a bhí innte. Ní raibh ag Donncha bocht ach a bheith thíos leis ach b'ait leis gur ghoill air aon rud a dhéanfadh toice beag ruadh mar í. An cor nua so tháinig sa scéal bhain sé geit bheag as Séamaisín. Ní fheadfadh an duine, gan coir a dhéanamh i n-aghaidh deigh- bhéas, cur suas de thionnlacan na mná óige do chuir í féin fé n-a chomairce. Thug sé chun a chuimhne an fhearg a bhí aige dhi 'na chroidhe. Chuir sé roimhis gan an fhearg sin a thréigean. Bíodh go dtionnlaiceochadh sé abhaile í, chothochadh sé a chuid feirge 'na coinne. Ghluaiseadar. Níor labhradh aon fhocal eatartha ar feadh ceathrú mhíle slí. Bhí mí- fhoidhne ag teacht ar Mhal Ruadh. “Tá an oidhche go breágh,” ar sise. D'fhan Séamaisín 'na thost. Shiubhluigheadar céad slat eile. Bhí Séamaisín go seasmhach, dúr 'na h-aghaidh. Ní leigfeadh sé dhi amadán a dhéanamh a thuille dhe. Chuir sí lámh ar a uilinn. “Ná labharfá le duine?” ar sise, agus bain sí crothadh as a uilinn. Níor labhair. Thóg sé an lámh go rug sí air as a phóca agus bhí 'á luascadh ag freagairt d'á shiubhal. Bhí sé go dúr. Bhí an buadh leis, thuig sé. Thóg Mal bhocht a lámh d'á uilinn. Shiubhluigheadar fiche coiscéim eile. Ann- san cheap Séamaisín go gcualaidh sé rud éigin. D'fhéach sé ar Mhal Ruadh. D'fhéach Mal uaidh. Annsan tharraing sí chúichi ciarsúir agus stad sí agus tháinig osnaí guil ón gciarsúir a bhí le n-a súile aici. Bhí deallramh eile tagaithe anois ar an scéal — go deimhin, bhí an scéal imithe ar seachrán — agus baineadh na cosa ó Shéamais- ín bocht. Chuaidh an cath air d'aon bhuille amháin — thuit fallaí an dúna bhí déanta aige. I n-aon nómait amháin bhí sé ag congbháil Mhal le 'na láimh chlé agus ag tiormú a súl leis an gciarsúir 'na láimh dheis agus é go baoth ag lot a scéil féin le 'na theangain, 'á chur i n-iúl di gurbh' amadán é agus búiste gan eolas — rud dob' fhíor do; agus bhí sise 'á rádh gurbh' í féin an cuirbtheóir gan chroidhe agus gur duine breágh ciallmhar é sin; agus eisean 'á rádh gurbh' ainglín bán ise agus ciall do bheith aici — agus a lán eile cainnte gan chiall fé mar is gnáth ar ócáid de'n tsaghas. Nuair d'fhág sé ag á doras féin í leath- uair a chluig 'na dhiaidh sin bhí sí gan osna, gan deor. Nuair a dhún sí an doras amach do stad sí taobh istigh de ag éisteacht le n-a choiscéimibh siubhail ag imeacht. Do leath-oscail sí an doras arís. Chuala sí an bóithrín síos é agus a chroidhe ar sciatháin ag gabháil — “Ó! Greadadh ar an ngrádh 'gus treighid air.” “An Seabhac.” CAOINE. Do chuir Séamas Ó Longphuirt cuid de shean- chaoine chughainn a fuair sé i gCluain Droichid (an chéad chuid de) agus na coda briste eile ó sheana- mhnaoi dhaill i dTigh na mBocht i gCorcaigh. Ní raibh aici ach coda beaga briste dhe agus níor éirigh le Séamas Ó Longphuirt an caoine a shlánú ná puinn d'á scéala d'fhagháil. B'fhéidir go mbeadh ameasc ár léightheóirí duine éigin a chualaidh go h-iomlán é nó a chualaidh cuid éigin de. Táimíd á iarraidh go gcuirfí chughainn aon eolas a gheobhthar 'na thaobh. Seo cuid Shéamais Uí L. de: Éirigh aniar chugham a thuile Trí Mhuisire na bó baininne, Nár treabhadh riamh umair(e) air, Nár ceangluigheadh riamh punann air Ach fraochán burra gluis Suas go h-ioscadaibh, Ceó ar a mhullachaibh Is ceól ag fiolaraibh Ag gabháil dá iomallaibh. Is beag a shaoileas go mbeinn at thórramh Nuair a bhíossa a bailiú dot [nóchar] Gloiní dá bórdaibh is fáinní dhá dóirnibh. Do shaoileas go mbeifeá at phósadh, Ag codlad 'na clúid go n-eirigheadh an drúcht 'S go mbeadh do bha boga dá gcrúdh. Ní raibh aoinne at aice agat Ach búire Sasanaigh is clann ceannuighthe; Gura maith agaibh-se ó bhí sé d'easba 'rainn Go dtángamar eadraibh! (1) “Ceó ar a mhullachaibh, &c?” Is taithneamhach na trí línte iad so ar Mhuirsire an Cheoidh. (2) “Clann ceannaithe” .i. Ar mhargadh an Ime i gCorcaigh a fuair an duine bás — pé duine é. I Múscraidhe ba dhóichí a bheadh scéala an chaointe seo le fagháil. Fr. an L.
Seán agus an t-Asal. Bhí an lá so scuabach tirm agus bhí gach nduine á phropáil féin chun cnuic d'iarraidh móna. Pé breallaighe bhí ar Sheán, d'imigh an t-asal uaidh agus thug aghaidh an casán siar, Seán 'na dhiaidh ag spalpóireacht agus gach spalpadh aca ag guidhe chun an asail a dh'ídeach. Do cheap an t-asal gur gainnimh a bhí ó n-a Mháistir agus nuair a shroich sé crosaire na Trágha Báine d'iompaigh sé síos. Nuair a shroich Seán an crosaire 'na dhiaidh agus toisc ná raibh tásc ná tuairisc an asail aige do ghaibh sé an bóthar díreach. Nuair ná raibh an t-asal le fagháil aige, shuidh sé agus do thairrig sé 'anál — agus gádh aige leis. Preabann Seán 'na shuidhe i gceann tamaill agus casann ar an dtigh agus bíonn sean-Eoghan 'na choinne siar. “Cad a thug an treo seo thu?” arsa Eoghan. “Fánaire asail atá agam,” arsa Seán, “agus an diabhach á bhreith uaim pé rud a dhéanfad a cheal cinn aca!” ar seisean. “Tá gach aon áit mór dtimcheall loirgithe agam do gan a thuairisc. Is dócha gur leis an bhfaill a chaith sé é féin.” “Ar mh'anam nach eadh,” arsa Eoghan, “agus an chluas a bhaint díom-sa gurab é an t-asal dubh atá siar agus aniar age briseadh na tuinne ar an dTráigh Bháin é.” “Ó Mhuise im baiste, má tá aon asal dubh ann, is é, mar dob fhearr leis a bhurlach (brollach) a thabhairt do'n bhfairrge féin ná do ghruadh an chnuic aon lá riamh. Dar Muire! B'fhéidir gur cheap sé gur paca gainnimhe bhí uaim agus an diabhach rud is fearra dhom ná dul abhaile agus mála thabhairt liom agus lán an mhála dhi a chur ar an diabhal!” B'eo leis abhaile de'n ráib sin agus beireann ar mhála. “Cabhail (cá bhfuil) a t-asal uait?” arsa Méinní. “Cá mbeadh sé ach sa donas, san áit go mbíonn sé gach lá sa tseachtain,” ar seisean, “ach ní h-air atá an locht ach orm-sa ná tugann an ghuala do agus é chur i n-áit a choinneochadh é,” arsa Seán ag bualadh an doras amach. Do stad sé “Hé, a Mhéinní!” ar seisean, “beannacht Dé dhuit agus tar amach go bhfeicir an buachaill.” Tagann. Chíd siad uatha siar ar an dtráigh é agus é ag rith ar feadh na trágha agus i mbéal na tuinne agus a eirball san aer aige ag spórt leis an dtuinn bhriste fé mar thagadh sí ar dtráigh. “Dar mo chorp & m'anam!” arsa Seán, “tá sciorta de'n Diabhal san asal san.” “Mo mhallacht go bráth ort, mar asal.” arsa Méinní, “beam gan aon fhód móna anocht mar gheall ort.” Buaileann Seán siar agus a mhála aige. Nuair a shroicheann sé an tráigh cuireann sé gainnimh sa mhála agus annsan buaileann síos fé dhéin an asail agus is dócha nach aon ghuidhe chóir a chuireann é 'na bhun. Tagann an t-asal aníos chomh macánta le h-uan go dtagann chomh fada leis an mála. Nuair a thagann árduigheann a chluasa agus a eirball agus buaileann chun siubhail ar cosa-anáirde agus fágann Seán agus a mhála annsan. “Mór-mhallacht go leanaidh tú,” arsa Seán, “agus imeacht gan filleadh ort, a dhalta, maran moch ar maidin a chromais ar mhagadh fúm,” agus do lean sé an t-asal agus olc air chuige. Ana-mhaidean grinn. Tomás Ó Criomhthain. CAILÍN DEAS CRÚIDHTE NA MBÓ. I. As mo chasadh trí mhachaí bó crúidhte Is me tuirseach tinn túirseach go leor Mo charabat cast' ar mo shúiste Agus allus ag púscadh * trím' bhróig; Seadh do dhearcas an ainnir mhilis mhúinte Bhí maisiúil deagh-chúmtha 'na cló, Agus d'iarras deoch bhainne le dúthracht Ar chailín deas crúidhte na mbó. II. Achraim ar Mhuire 's ar a h-Úr-Mhac Nár chaillir-se crúdh do chuid bó, Nár laghduighe sé do channa ná do chrúsca Má olaim-se piúnt de nó dhó; Sé dubhairt sí “Suidh farm agus tabharfad, Dá gcosnuigheadh gach piúnt de sin coróin Mar is gairid a bheadh canna dhi i Lunndain † D'á chur bun os cionn linn gan seoid.” * Púscadh .i. ag sileadh as mar bheadh uisce as púscán nuair a fáiscfí é. † Is do'n tiarna talmhan a bhí 'na chomhnaidhe i Sasanna atá sí ag tagairt. Liam Bradlaí, Fearann na h-Abhan, i n-Nibh Ráthach. CRÓNÁN DO'N BHÓ. Ó cuireadh an uimhir dheireanach de'n “Lóchrann” amach taisbeánadh dúinn leagan eile de'n “Crónán” so a bhí i n-“Irisleabhar Muighe Nuadhat” i 1914. An t-Athr. Ó Nualáin a sholáthruigh do'n Iris sin é. Tá dhá líne 'na thosach ná raibh sa “Lóchrann” .i. Croidhe ón 'caithiseach Croidhe óg is Pheadair thu. Tá cuid mhaith sa “Lóchrann” ná raibh san “Iris- leabhar;” agus tá malairt i roinnt línte atá sa dá leagan cé gur beag é. Ins na línte seo síos is mó atá malairt: Nárab eagal duit Poll ná madra Ná aon féith bhaiscitheach A bhainfeadh leagadh asat Ag teacht abhaile dhuit Le linn an eadartha. Fr. an L.
An t-Arán Thar Arán ARÁN UÍ SHÉAGHDHA ar SHRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE Do'n MHONARCHAIN Teastuigheann REICEADÓIRÍ uainn — i mbailte tuaithe — Guthán 424 Pádraig Ó h-Aodha 26 Caladh Phádraig Naomhtha, CORCAIGH 'Na Reiceadóir i gcóir na gcárr so: AN DODGE AN ARMSTRONG SIDDLEY AN CITROEN AN HILLMAN “MIC MO ROGHA!” (“Mick for me”) Caith Tobac “MIC McQUAID” is é is fearr ar domhan Isiad lucht a dheunta — P. Ó CEARBHAILL is a Chua (Teor) Dúndealgan An Chéad duais Oireachtas, 1924 AMHRÁIN SHÉAMUIS MHÓIR UÍ MHUIMHNEACHÁIN maille le gearrsheanchas ar a bheathaidh 1/- a fhiacha 2/- tríd an bpost Le fagháil ó'n “Kilkenny People” i gCill Chainnigh PÁDRAIG DE BÚRCA 10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE, TOITÍNÍ, &c., ag teastáil uaibh ceannuighidh uaim-se iad.
Safety First An té mhianuigheas a chuid spártha chur chun sochair sé cheud rud ritheann chuige ná “an baoghal dom aon phioc de seo a chailliúnt” A Luach Indiu 15/6 ISSUED AND GUARANTEED BY SAVINGS CERTIFICATES SAORSTÁT ÉIREANN A Luach 5 bhl. ó Indiu £1 Iad Saor ó bhaoghal An áis is fearr chun rud a chur in áirithe dhuit féin agus dod' chúram le h-aghaidh lá na gaoithe A gCáilíochtaí féin fé leith: AN STÁT IN URÚS ORTHA 5¼% DE MHÓR-ÚS ORTHA IAD SAOR Ó CHÁIN IS FUIRIS A n-AIRGEAD FHÁIL Gheobhair pé méid díobh is maith leat ó ceann amháin go 500 ceann (sin £375 10s.) Iad á ndíol ins na banncaibh agus in oifigí airgid gheobhair gach eólas ach scríobhadh (agus ní gádh stampa) chuig AN ÁRD-OIFIG UM CHOIGILTEACHT, 63 Sráid Dásúin, ÁTH CLIATH. 47/C.H. 1332 W.H.Co. Seanfhocail (ó Óileán Cléire). 1. Eochair tighe mhóir gan córda bíonn sé ró shleamhain. 2. An gaol atá ag an mboin leis an mbláthaigh. (.i. gaol sínte). 3. Tá an solus idir shúilibh na méar agam. 4. Prátaí tura teo; gan aon ní i n-ao' chor leo. 5. Eirball óir ar mhuic; lán a h-adhairce [ar] an mbuin. * 6. Iasacht an roilligh do'n fhaoilinn iasacht ná fillfidh go deo. 7. Caraid na mban lámh le teas, Caraid na bhfear sa chúil. 8. Bó aonaigh nó caille Domhnaigh. 9. An sórt san bidh — an sórt san daoine. 10. Deoch uisce gan iarraidh leigheas faile. Domhnall Ó Ceocháin do bhailigh. * Sé an scéal atá ar innsint i dtaobh an tsean- fhocail seo i gCorca Dhuibhne ná go raibh an fhaoileann fadó agus gan aon chroicean idir mheireanna a chos agus d'á bhrí sin níorbh' fhéidir di snámh ar chor ar bith. Chuaidh sí go dtí an roilleach go raibh cosa snáimh aige agus d'iarr a cosa ar iasacht air agus fuair. Fuair an roilleach cosa na faoilinne agus chuaidh ar snámh. Do thaithnigh cosa an roilligh chomh mór san leis an bhfaoilinn nár fhill sí riamh í shin leo. Ta an roilleach ag siubhal na trágha ó shin gan fagháil ar snámh aige. Fr. an L. Leisge chun codlata, Leisge chun éirghe, Leisge chun na h-oibre, Agus sodar chun a' bhíd. M. Ó G. RÍ NA gCNOC (An chuid eile). Máirín: Féach anois leat! Micil: Seadh ní foláir nó tánn tú sásta anois. Máirín: Táim … ach fan … am briathar, gur dóigh liom gur scaoileas ró bhog uaim é gan feirm thalmhan d'iarraidh, leis. Preab, a riaigh! agus glaoidh thar n-ais air. Brostuigh! Micil: Glaodhach thar n-ais air! Máirín: Dar ndóigh, seadh. Brostuigh, a dhuine! Corruigh tu féin. [Micil do dhul amach agus do ghlaodhach ós árd agus é d'fhilleadh arís.] [Rí na gCnoc do theacht isteach.] Rí na gCnoc: Cad é seo anois oraibh? Máirín: A Rí ró-uasail, bhíos 'á cheapadh, dá mb'é an dá mhar a chéile dhuit-se é, gur bh'fhearr liom go mór feirm ná an tigh slinne úd. Dá mbeadh feirm agam d'fhéadfainn cearca bheith agam agus muca, agus ba. D'fhéadfainn, b'fhéidir, braon uachtair a chur ar chupán té chughat nuair a thiocfá ag eitilt ar an dtaobh so 'rís. Rí na gCnoc: Tá go maith. Bronnaim an fheirm ort. (Dul do amach.) Micil: Cad é seo anois? Feirm! Seadh, d'imigh an donas ort mara bhfuilir sásta anois. Máirín: Táim agus nílim. Ar a shon san is mór an duagh feirm thalmhan. Ba dheise go mór liom comhnaidhe i gcathair agus bheith ag gabháil na sráide go h-uasal istigh im' chóiste. Micil: Istigh id' chóiste! Ar son Dia, 'óinsigh, bíodh éifeacht éigin leat. Máirín: Tá éifeacht liom. Cár chóra do dhuine eile ná domhsa cóiste breá bheith aige. Seo leat amach agus glaoidh ar an Rí sin. Micil: 'S dóigh féach! Níl aon réasún i n-ao' chor leat. Máirín: Nach cuma dhuit-se ach rud a dhéanamh orm. Imigh! Corruigh! Brostuigh! Micil: (dul do amach le neamhfhonn): A Rí na gCnoc! A Rí na gCnoc! (teacht do isteach arís). Rí na gCnoc (teacht isteach do): Cad dob áil libh díom anois? Máirín: A Rí Onóraigh, ní dóigh liom, tar éis an tsaoghail, gurbh' í an fheirm sin ba dheise liom. B'é b'fhearr a
réidhteochadh liom ná tigh áluinn sa chathair agus bheith i gcóiste breá ar mo shocracht ag gabháil síos agus suas an tsráid. Rí na gCnoc: Bíodh amhlaidh. I gcionn na h-uaire beir it' bheanuasal agus tigh mór sa chathair agat. (É do dhul amach.) Micil: Tigh mór sa chathair agat! Dar fia, a bhean bheag, ach go bhfuil fuadar árd fút. Máirín: Níl! níl! Níl aon mhaith ionnam. Ba chirte dhom caisleán d'iarraidh air agus bheith im Bhan-Iarla ar nós Ban- Iarla an Dúna. Och nach me scaoil uaim go h-aindeis é! Micil: Tá sé ráidhte riamh, a bhean bheag, nuair a théigheann an gabhar 'on team- pall ná stadann — Máirín: Deirim leat éisteacht. 'Migh ort amach agus glaoidh air siúd arís. Preab! Micil: Faid a mhairfidh me beo, ní raghad. Maran tu an óinseach agam. Máirín: 'S dóigh deirim leat dul. Nach dána thu ná déanfadh rud orm, mhuis'. Micil: Sé an turus deiridh agam é, mhuise (é do dhul amach agus a ghlaodhach), A Rí na gCnoc! A Rí na gCnoc! Thar n-ais arís leat. (É do theacht isteach.) Rí na gCnoc (é do theacht isteach): Cad tá uaibh anois? Máirín: Féach, a Rí, ba mhaith liom go ndéanfá bean uasal cheart díom. Ba mhaith liom bheith im' Bhan-Iarla agus comhnaidhe i gcaisleán breá. Ba chumhang liom tigh d'aon tsaghas. Ní bhfaghainn mo shláinte ach i gcaisleán. Rí na gCnoc: Tá go maith. Beir it' Bhan-Iarla. (É d'imeacht.) Máirín: Seadh, féach anois duit! Mise im' Bhan-Iarla! Micil: 'S dóigh mhuise, a bhean bheag, pé gradam a tabharfar duit gur ró mhór is baoghal liom go n-aithneofar choidhche ort gur tú inghean Pheig Mhuirfí. Máirín: Fan go bhfeicir me im' chaisleán breá agus bíodh geall ná h-aithneochair ó Bhan-Diúc me. Ó nach é an scrios é nár iarras Ban-Diúc a dhéanamh díom! Micil: Ó grásta Dé chughainn! Tánn tú gan aon splannc. Féach ná déanfá gnó glan de agus a iarraidh Ban phrionnsa a dhéanamh díot — nó Bainríon ar Éirinn. Máirín: Im' bhainrín ar Éirinn. É? Féach, im' briathar gur agat atá an ceart. Ó Dia go deo linn! Nach me scaoil an doras amach uaim é? Rith, a Mhicil, rith agus beir thar n-ais arís é. Micil: Cos liom ní raghaidh arís thar doras na dhiaidh, a ghligín óinsighe. Tá deire 'gamsa leis. Máirín: Déanfad féin é (í do dhul do'n doras). A Rí na gCnoc! A Rí na gCnoc! Rí na gCnoc (a teacht do ): Cad dob' áil leat anois díom! Máirín: Tá, a Rí, nach fiú liom gabháil le bheith im' Bhan-Iarla gan Bainríon ar fad a dhéanamh díom ar Éirinn. Rí na gCnoc: Bíodh amhlaidh. Beir it' Bhainrín ar Éirinn; ach aire dhuit, a Mháirín, ná leig do mhian thar teorainn. (É d'imeacht.) Máirín: Seadh, cad tá le rádh anois agat? Féach anois me — Máirín, Bainríon uasal na h-Éireann. Anois cad deireann tu liom? Micil: Adeirim, a Mháirín, go bhfeaca droch-fhuadar i súil an Rí úd nuair a dh'fhéach sé ort. Máirín: Is cuma san nuair a bhead-sa im' bhainrín agus an saoghal ar mo thoil agam. Go deo 'rís ní bheidh orm éirighe le breacadh an lae chun gnó an tighe dhéanamh. Caithfead an lá go léir sa leabaidh go sámh dom fhéin. Ní bhead a thuille fé smacht na gréine. Micil: Sé an scrios cráidhte gan tu id' Bhainrín ar an ngréin, leis, chun do thoil a dhéanamh léi. Máirín: Ó féach! Níor chuimhnigheas riamh air sin! Sin é díreach a dhéanfad (í do ghlaodhach) A Rí na gCnoc! A Rí na gCnoc! Fill aon uair amháin eile. Rí na gCnoc: (teacht do): Aire dhuit, a Mháirín. Dein mo chomhairle. Cad tá uait orm? Máirín: A Rí Uasail, i n-ionad bheith im' Bhainrín ar Éirinn amháin, ba mhaith liom bheith im' Bhainrín ar an domhan uile agus smacht agam ar an ngréin agus ar an ngealaigh agus ar na réilthíní go léir. Rí na gCnoc: Á! A Mháirín, dubhart leat é aire thabhairt agus gan do mhian a dhul thar teorainn. Tá a raibh fachta agat caillte arís agat! Máirín: Á! A Rí Uasail, dein truagh dhom. Á! Ná creach me. Cuimhnigh ar an gcomaoin a chuir m'fhear pósta ort. Rí na gCnoc: Ní rabhais-se sásta le cúiteamh uasal d'fhagháil ann gan cuid d'á chomhacht a bhaint de Dhia féin. Chuais thar teorainn. Fanfair it' bhotháinín shuarach annso díreach mar fuaireas ar dtúis ann tú. (É d'imeacht.) [Máirín do chromadh le brón. Micil d'fhéachaint uirthi agus amach an doras, agus arís ar Mháirín.] brat. (Ar n-a thionntó ó theangain iasachta). AN TIGH IS FEARR I nÉIRINN I gcomhair na neithe seo: BUINN DEALGA, FLEASCÁIN, &c. OBAIR CHONDUALACH ar an SEÓD LUACHMHAR (Liosta inaisge) LIAM MAC AODHGÁIN Is a Chl. Mhac Seódoirí agus Gaibhne geala, 31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA I gCORGAIGH SIUBHAIL! SIUBHAIL! An Tobac agus na Toitíní agus gach nídh eile is fearr le fághail táid dá ndíol ag ÉAMONN Ó COCHLÁIN, Sráid an Phínigh i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA le h-AON-ÍM! MARGAIRÍN “LEANDAR” Tá 'á dhéanamh I gCORCAIGH ag Ó DUBHDAILL Ó MATHÚNA agus a gCualacht Bí 'á lorg ar lucht siopa, led' thoil. MEAR-SMAOINEAMH. Is iongantach é smaoineamh an duine ar a mhéid a dheineann sé de'n tsiubhal. I bhfiadhnaise Dé féin ní fhanann socair, agus is cuma leis ar uathadh nó ar iomad daoine an ball, nó olc maith an chuideachta ann, tugann Sé cuaird air. Is ionann leis cian is comhgar, muir agus mágh; ní cosc air cuibhreach ná carcair, daingean ná dún, agus é ag síor-imtheacht ar mire gan máchail. Is truagh an t-é gur leis an seachránaidhe seo agus ní h-iongnadh an t-é sin ag iarraidh conganta ar Dhia dá chosc. Aistriú an méid seo síos ar shean-chainnt atá le fáil in “Ériu” III, Leath. a 13. Is náire dom mhearsmaoineamh An méid éaluíonn uaim. Is baoghal liom mo mhearchaoineadh I ló brátha buain. Is na salma imthigheann-sé Ar chonair nách cóir. Ritheann, buaidhreann, imrigheann-sé Fé roscaibh Dé Mhóir. Trí oireachta achrancha, Trí buidheanta ban mbaoth, Trí choillte, trí chathracha, Níos luaithe ná 'n ghaoth. Trí slighte na subháilce An turus so dho Trí doimhneas na dubháilce Uair eile ní gó. Gan tuisle na claoin-chéime A chéim thar gach lear. Caoin caitheamh na h-aen-léime Ó thalamh go neamh. Ritheann, ní rith ró-ghaoise, I bhfogus, i gcéin. Déis réimeanna ró-bhaoise Tagann dá thigh féin. Cé trialltar a chuibhreach-san Nó ceangal a chos, Ní ciallmhar, ní cuimhneach-san Gur sochar do sos. An faobhar nó fuaim fleasc-bhuille * Ní thraochann go tailc, Sleamhain mar eirball eascuinge Ag dul as mo ghlaic. Glas nó carcair crom-dhaingean, Nó cuibhreach ar bith, Dún, nó lear, nó lom-dhaingean, Ní choisceann dá rith. Tar a Chríost chaoin, cheart-gheanmaigh, Darab léir gach rosc. Rath an spioraid sheacht-dhealbhaigh Dá choimeád dá chosc. Caoin-rialaigh mo chlaon-chroidhe-se A Dhé na ndúl dhéin. Gurab tu mo léir-dhílse, Go ndéintar dod réir. Gur le Críost 'na chaomh-chumann A bhean in aon le, Ná fuil siubhlach saobh-chumach Ní h-ionann is me. Is náire. * Buille fuipe. P. Ó D. Dearbhráthair agus deirbhshiúr ab' eadh Séamas agus Brighid. Do pósadh Seán, mac Bhrighde, agus Nóra, inghean Shéamais. Tamall maith na dhiaidh sin fuair Séamas bás. Lá na sochraide bhí Seán go dubhach dubhrónach uchlánach os cionn na h-uagha. Bhí oiread san gleo agus tré chéile aige 'á dhéanamh go dtáinig duine des na comhar- sanaibh chuige. “Arú, a Sheáin,” ar seisean, “is mithid duit stad. An duine atá bailithe leis (go ndeinidh Dia trócaire air) ná raibh sé aosta go maith agus é i n-am aige imeacht.” “Ná fuil mo dhóthain mhór de chúis agam,” arsa Seán bocht, “Nach shin marbh m'uncail féin agus dearbhráthair mo mháthar agus athair mo chéile agus sean-athair mo leanbh!” An Mada Ruadh. A “Lóchrainn,” céad fáilte óm' chroidhe rómhat Go mairir fé réim is deagh-cháil, 'Ghár spreagadh 's ár dtógaint ó'n daoirse 'Na rabhamar, mo léir, 'dul dá'r mbáthadh; Ghár n-oiliúint i dtréithibh ár sinnsear — Sean-nósa, sean-bhéasa a's amhráin; Go bhfeiceam an Ghaoluinn d'á síor-labh'irt Ameasc aosta agus óg i dTír Fáil. An Mada Ruadh. LEABHAR NUA. Do léigheamar le déannaighe an leabhar do scríobh Seán Tóibín ar Thireolas agus, gan amhras ar bith, ba mhór mar thug sé taithneamh dúinn mar is neamh- choitcheannta an saghas leabhair i nGaedhilg é agus is neamh-choitcheannta an leabhar é ar Thíreolas na hÉireann. Do bhris Seán Tóibín an sean-nós tur tirm ba ghnáth le linn ár n-óige-ne. Chuir sé beócht, léireacht, taithneamhacht agus eolas tairbheach san méid a scríobh sé ionnus gur chomh-deas de leabhar leightheóireachta agus de leabhar tíreolais é. Tá stair fighte isteach ann agus tagarthaí do neithe inspéise a bhaineann le gach áit. Aon duine gur mhaith leis Bronntanas Nodlag nó Aithbhliana thabhairt d'á charaid ní fhéadfadh sé a shárú so d'fhéirín d'fhagháil .i. “TÍREOLAIDHE AR ÉIRINN,” le Seán Tóibín, ar 5/-, ó Chualacht Brún, Ó Nualáin agus Ó Fallúin tta. i mBleá Cliath. “AN GLÉAS CLÓSCRÍOBHTHA IS FEARR CHOIDHCHE” MÉARÁIN AIR I gCÓIR GAEDHILGE & BÉARLA Deunfar socrú fé leith le lucht scol agus oideachais GRAFADÁIN GESTETNER Reiceadóirí sinn-ne i gcóir an dá ghléas: CUALLACHT CLÓSCRÍOBHÁIN NA MUMHAN 28 SRÁID MHARLBHORO' I gCORCAIGH UINSION MAC CÁBA, CILL na MULLACH, Fear Rothar agus Mótar agus Leictrise. Gheobhair mótar ar aimsir uaidh. Cuir srannsceul chuige. Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services