AN LÓCHRANN
PÁIPÉAR GAEDHILGE IN AGHAIDH GACHA MÍ.
Uimh. a 2. (An 3adh Srath). MÍ NA NODLAG, 1925. Dhá Phinginn a Fhiacha.
“Ná 'nneosthá Scéal?”
Bhí bean i gCeathramhain an Fhirtéaraigh
fadó gurbh ainm di Nóirín a' Duilisc.
Tugtí an ainm sin uirthi toisc gur ag
díol duilisc a bhíodh sí mar shlí bheathadh.
Sa Daingean a bhíodh sí á dhíol. Bhí sí
uair amháin agus ba bheag léi a raibh sí ag
fagháil air agus dubhairt sí léi féin go
raghadh sí 'á dhíol i gConntae éigin eile.
D'imigh sí uirthi gur bhuail sí isteach i
ndúthaigh éigin ná raibh aithne aici ar aoinne
ná aithne ag aoinne uirthi. Dúthaigh ab eadh
é ná raibh aon bhlaiseadh duilisc ann agus
bhí a rian air bhí airgead mór aici 'á fhagháil
ar a cuid féin.
Tráthnóna airithe d'á raibh sí ar an
margadh bheir dorchadas agus déannaighe
na h-oidhche uirthi agus í ag teacht abhaile
agus chuaidh sí amú. Ní raibh fhios aici soir
seachas siar cá ngeobhadh sí ná cá raibh sí.
I gcionn tamaillín chonnaic sí soluisín beag
uaithe. Dubhairt sí ná raibh an solus ann
gan duine éigin 'na bhun agus seo léi fé
n-a dhéin. Casadh isteach i sliabh í agus bhí
gach 'ra leagadh 'á bhaint as an gcréatúir
go dtáinig sí mar a raibh an solus.
Chonnaic sí gur seanntáinín tighe a bhí
ann. Chuaidh sí isteach. Ní raibh aon
duine ann ach seanduine bhí cois na teine.
“Céad míle fáilte rómhat, a Nóirín a'
Duilisc, agus suidh aníos chun na teine,”
ar seisean.
“Mhuise!” arsa Nóirín, “cheapas ná
raibh aithne ag aoinne insan áit seo
orm-sa.”
Nuair a bhí sí tamall 'na suidhe cois na
teine agus í breagh te —
“Mhuise, a Nóirín,” ar seisean, “ná
'nneosthá scéal?”
“M'anam mhuis'! ná fuil aon scéal
agam,” ar sise, “agus nár thógas riamh é.”
“Caithfir scéal éigin a rádh nó gheobhair
amach,” ars an seanduine.
“Deirim leat ná féadfainn é rádh,”
arsa Nóirín.
“Bí amuich mar sin,” ar seisean, agus
chuir sé amach í.
Nuair a bhí sí tamall amuich chonnaic sí
cruach féir san iothlainn. Dhein sí poll sa
chruach chun go bhfanadh sí ann go maidin.
I gcionn tamaill tháinig an seanduine go
dtí an chruach d'iarraidh gabhál féir agus
chonnaic sé Nóirín sa chruaich.
“Annsan ataoir, a Nóirín?” ar seisean.
“Iseadh,” arsa Nóirín.
“Ná tiocfá isteach agus tu féin a
théigheamh,” ar seisean.
Tháinig.
Ní fada bhí sí istigh nuair d'iarr sé uirthi
scéal a rádh.
“Deirim leat nach aon mhaith dhuit bheith
liom,” ar sise, “mar ná fuil aon scéal
agam adéarfainn.”
“Seo amach leat mar sin,” ar seisean,
“agus cuimhnigh gan dul san áit go rabhais
cheana ann.”
D'imigh sí uirthi ón áit agus i gcionn
tamaill chonnaic sí soluisín eile. Nuair
a tháinig sí chomh fada leis an solus san
chonnaic sí gur seanntáinín tighe bhí ann.
Chuaidh sí isteach. Ní raibh aoinne roimpi
ach seanduine beag liath bhí suidhte ar
chathaoir cois na teine agus fear ar bior
aige 'á róstadh.
“Céad míle fáilte rómhat, a Nóirín a'
Duilisc,” ar seisean.
“Mhuise!” arsa Nóirín, “cheapas ná
beadh aithne ag aoinne annso orm.”
“Tar aníos chun na teine,” ar seisean,
“agus beir ar an mbior so uaim mar táim
leachta ag an dteas agus b'fhéidir go bhfuil
fuacht ort-sa.”
Bheir sí ar an mbior mar bhí scannradh
uirthi go marbhochadh sé í féin.
“A Nóirín,” ars an fear a bhí ar an
mbior, “ná loisc ar fad me.”
Nuair a chualaidh sí an fear ag cainnt
thuit an bior uaithe agus seo léi an doras
amach agus seo an bior 'na diaidh agus é 'á
bualadh ins na sálaibh. Níor stad Nóirín
go dtáinig sí thar n-ais go dtí an chéad tigh.
“Seadh 'Nóirín, a bhfuil aon scéal agat
ó shin?”
“Tá scéal iongantach,” ar sise, agus
d'innis sí dho ó thúis deire.
“Tá san go maith,” ars an seanduine
“ach dá mbeadh aon scéal agat-sa le
h-innsint ó chianibh domh-sa ní gheobhthá
an dtrioblóid sin.”
Nuair a bhí Nóirín ag tuitim d'á codla
chuir sí an máilín duilisc fé n-a ceann.
Nuair a dhúisigh sí ar maidin cá mbeadh sí
ach ar bharra Trágha Báine agus an culaith
éadaigh ba bhreaghtha d'á bhfeacaidh súil duine
riamh uirthi, agus i n-ionad an duilisc is
amhlaidh a bhí mála lán d'airgead aici.
Nuair a tháinig sí abhaile d'fhiafruigh mná
an bhaile dhi cá bhfuair sí an saidhbhreas.
Dubhairt sí gur ó Dhia a fuair sí é.
D'fhiafruigheadar di ab amhlaidh a chonnaic
sí É. Dubhairt sí go bhfeacaidh sí sean-
duine “Is dócha gurab é sin É,” arsa
bean aca, “mar deirtear go bhfuil Sé ar
an saoghal riamh agus is dócha go bhfuil Sé
ana-chríona.”
D'imigh dáréag aca 'on Tráigh lá ar na
mháireach chun go mbeidís chomh saidhbhir léi
ach ní tháinig aon duine aca thar n-ais mar
gur báthadh iad i bhFaill Criaidh agus is
annsúd atá Log an Duilisc mar a mbíodh
Nóirín ag baint.
Siobhán Ní Fhiannachta,
a sholáthruigh i nDún Chaoin.
Is neamh choitchianta an saghas seana-scéil é seo.
Is é a bhrí agus a mhúineadh, dar linn, ná gur ceart
a bheith i gcumas gach duine scéal d'innsint. Ní h-eol
dúinn an bhfuil aon bhearna sa scéal so nó an bhfuil
cor nár cheart ann. An gcualaidh léightheóir ar bith
mac a shamhail i n-aon áit eile?
Fear an L.
Siúd í siar mo churraichín,
'S is aici bhéas an geall,
Rachaidh sí go Meiriocá,
Is thar ais arís anall.
“Mo Churraichin” ó Oileán Árann.
Ceannuigh biadhta ár dtíre féin ó Thomás Ó Murchadha (ar aghaidh príomh-oifig an phuist i gCorcaigh do).
“Scáth do chluas ar an gclagar anuas”
TAR ISTEACH AGUS DEIN DO THOGHA
SCÁTH AGAINNE DO'N UILE DHUINE, FEAR, BEAN & PÁISDE
IAD AGAINN AR AN MBEAGÁN AGUS AR AN MÓRÁN
AR AN gCORÓIN AGUS AR AN TRÍ PÚINT
TÁID IDIR RAMHAR agus LEABHAIR AGAINN
An “CAOL-ÁRD” agus an “GEARRA-CHOS DEAS.”
AN MAIDE-SIUBHAL DO'N ÓG AGUS DO'N tSEAN
SEOMRA NUA NA RADHARC
An máilín taisce bíonn ar a bais aice.
Is gach earradh nach deise deas ná é.
M. A. Ó RIAIN, CORCAIGH
TIGH AN BHATA DROIGHIN
Deoch
Bhlasta
Fholáin
iseadh
“TANÓRA”
Sugh Óráistí atá ann agus
Cois Laoi a deintar
Scríobh chuig
SEÁN Ó DALAIGH
is a chua. tta.,
I gCORCAIGH
in a thaobh
A GHAEDHEALA! CEANNUIGH BHÚR
gCUID
Té, Mísleáin is Siúicre,
Minchoirce, Rís is Ubhla
ó
MHÍCHEÁL Ó RÍOGHARDÁIN
[agus a Chua.
a 1, 2 & 15 An Mheadhon-tsráid Theas
(1, 2 & 15, South Main Street),
CORCAIGH
GREADADH AR AN nGRÁDH.
Bhain sí crothadh as a ceann ruadh.
“A Shéamaisín Brún, ní maith liom thu,”
ar sise.
Níor labhair Séamaisín.
“Ní deas tú,” arsa Mal Ruadh. Bhí
dubhshlán agus mioscais 'na guth. D'fhéach
Séamaisín soir ar Chnoc Bréanainn. Bhí
an cnoc san seacht míle ó bhaile uaidh.
Dhein Mal gáire.
“Ó! Fair é!” ar sise, “agus muc ar
gach malainn aige. Níl aon teanga aige.
Labhair. Cuir drannadh asat mar dhéanfadh
beithir go mbeadh ceann tinn aige. Ó! an
bheithir bhocht!”
D'fhéach Séamaisín ar chnoc a bhí níos sia
ó bhaile ná Cnoc Bréanainn. Bhí fearg 'á
brúgh fé aige.
“A Shéamaisín?”
Níor fhreagair.
“Séamaisín bocht!” ar sise, “tá sé
ar buile;” agus dhein sí gáire magaidh fé.
Thug sé a chúl uirthi agus d'fhéach siar ar
Shliabh an Fhiolair.
“Ó! Tá sé ag corraighe, buidheachas
le Dia,” ar sí. “Nach breágh an radharc
Sliabh an Fhiolair. Ciaca is deise é nó
mise, a Shéamaisín? Ná féachfá orm-sa, a
Shéamaisín. 'Bhfuilim-se go deas? Is dóigh
le Donncha Bán go bhfuil súile gleóite
agam. Ní mór ná go ndubhairt sé araer
é. Is maith liom Donncha san. Ní bheadh
sé ag féachaint ar Shliabh an Fhiolair nuair
a bheinn-se ann.”
Do bhog Séamaisín a shúil ó'n gcnoc.
Bhí sé ar fiuchaidh istigh ann. Bhí fuath
fraochda aige do'n stiúsaidhe fonóideach
so i n-aice leis a bhí tar éis é mhaslú.
Thug sé féachaint mhillteach uirthi agus do
ghluais tháirsi agus cheapfadh duine air
gurbh é Bleá Cliath ba cheann cúrsa dhó
agus ná fillfeadh go bráth breithe. Ní
bheadh sé 'na giolla coise feasta aici ná
'na mhata dorais. Bheadh sé 'na fhear,
dar fia!
Mar do bheadh an nimh ar an aithne do
ghaibh An Guardal thársta ar an nómait
céadna agus chonnaic sé an scarúint agus
thuig go raibh sranng réabtha i gcláirsigh an
Ghrádha. Fear grinn dob 'eadh An Guardal.
Cúig coiscéim ar chúlaibh Shéamaisín a bhí sé
an bóthar síos agus do chrom ar amhrán:
“Greadadh ar an ngrádh 'gus treighid air,
'S is mairg go dtéigheann sé i bhfeidhm air
Mar d'fhág sé breóite tinn me,
Is mo leigheas níl le fagháil” —
Ach ní dheaghaidh sé thairis sin sa cheol.
Chonnaic Mal Ruadh Séamaisín ag tabhairt
fé'n nGuardal isteach agus fraoch nimhe
air. “Mara n-éistir,” ar seisean, “cuir-
fidh mé mo dhorn tríd' chroidhe siar agus
trí chnámh do dhroma amach!”
Bhí fearg éigcéillidhe ar Shéamaisín.
D'éist An Guardal.
Do gháir an óigbhean — gáire mná mios-
caise.
An rinnce bhí ar siubhal tar éis an
Chuirm Cheoil sa scoil an oidhche roimhe
sin, b'in é fé ndeara an mí-shásamh mór a
bhí ar Shéamaisín Brún. Dhein sé Ríl agus
Rinnce Fada le Mal Ruadh agus bhí sí
chomh lághach san leis gur cheap sé gur leis
féin ar fad í agus bhí fonn air bheith
údarásach d'á réir. Ach ba chorrach an
tseilbh a bhí ag aoinne riamh ar dheigh-mhéinn
na mná óige céadna. Bhí stríoc mioscaire
i Mal Ruadh agus is minic a ghríosadh sé
chun spairrnge í. Bhí rud eile sa scéal.
Thárla dhi an oidhche sin comhrádh beag a
dhéanamh, de'n chéad uair, le Donncha Bán.
B'é Donncha Bán an t-oide Gaedhilge,
agus fear deigh-scéimhe dob' eadh é go
bhféachfadh cailín óg an dara h-uair air.
Dar le Mal níorbh é an Donncha Bán
céadna i n-ao' chor é a bhíodh d'iarraidh
smacht a chur sa rang uirthi le nimh a shúl
agus gur ró olc d'eirigheadh leis. I gcúrsaí
caoin-chomhrádha agus caidrimh, áfach, do
bhraith sí go lághach é agus do thaithnigh a
mheon léi. Dheineadar Port Ceathrair le
chéile. Chuaidh draoidheacht an rinnce fúithe
agus nuair a bhí deire leis an gCéilidh, do
shleamhnaigh an focal uaithe ar shlí éigin —
agus ní abróchainn gur d'á deóin é — ná
raibh aoinne ann a thionnlaiceochadh abhaile í.
Duine uasal dob' eadh Donncha Bán go
dtí smior a chnámh isteach agus dar ndóigh
níor fhulaing an bhruinneal uaigneach a bheith
gan giolla coimhdeachta go doras a tighe
féin; agus ba ghairid leo araon faid an
turais sin le caoineas comhrádha agus
bréithre taithneamhacha.
Tráthnóna l'ar n-a mháireach nuair thárla
Mal Ruadh agus Séamaisín ar a chéile sa
bhóithrín — is minic a thárluighidís ann ar a
chéile — do chas sé léi go dtug sí faillighe
ann féin ar son fiadhaire feadha de dhuine
ó Mhúscraidhe anoir. Theastuigh uaidh a chur
i dtuiscint di ná raibh cead aici faillighe
thabhairt ann féin ná duine eile d'fhagháil
chun í thionnlacan abhaile istoidhche.
Gheóbhair Togha an Tobac & Píopaí le n-ais ó LIAM MAC GEARAILT, Siopa an Droichid, Feara Muighe.
Dá mba fhear tar éis pósta bheadh 'á
éileamh san mar cheart ar mhnaoi is dóigh
go ngéillfí dhó ach ba rud dí-céillidhe do
Shéamaisín Brún bheith d'iarraidh an smacht
san a chur i bhfeidhm ar Mhal Ruadh agus
gan d'údarás aige chuige ach é bheith i ngrádh
léi. Nuair a bhraith sise an bhuanacht san á
cur uirthi thug sí diúltadh iomlán do'n
scéal. Dubhairt sí leis gan bheith ag
déanamh cró roime na h-orcaibh. Do ghoill
an chainnt sin go mór ar Shéamaisín; agus
do ghríosuigh an t-éad chun feirge é nuair
adubhairt Mal leis gur duine ar a comhairle
féin í agus go mbeadh a rogha duine 'á
tionnlacan aon tráth ba mhaith léi.
Nuair a bhíonn fear i bhfeirg le mnaoi
sin é an uair is mó théigheann an cath 'na
choinnibh muna dtéighidh sé i muinghin a dhorn
chúichi. Níl ann ach díth céille dho dul i
muinghin a theangan. Bhí an tuiscint sin
tagaithe do Shéamaisín nuair ghluais sé an
bóithrín síos le linn do'n Ghuardal bocht
teacht ortha araon. Bhí mí-shásamh na tuis-
cionna san ag goilliúint chomh mór san air
gur bhreágh leis An Guardal a mharbhú toisc
an amhráin mí-ádhmhair a chan sé.
Bhí an buadh le Mal Ruadh ins an
easaontas san ach cé go raibh thabharfadh
duine fé ndeara uirthi ag gabháil suas
an bóithrín abhaile ná raibh a gáire chomh
h-éadtrom agus bhí nuair a bhí sí ag
tiomáint Shéamaisín chun feirge. An tráth,
áfach, go dtagadh fearg an duine sin chun
a cuimhne thagadh greann 'na súile agus
bhíodh sí ag gabháil de'n amhrán d'fhoghluim
sí ar an rang Ghaedhilge. Thaithnigh léi go
bhféadfadh sí fearg a chur air — an t-amadán.
Cad chuige dho bheith feargach? Dar ndóigh,
ní dubhairt sí féin ach an ceart. Cad dob'
áil leis bheith ag cur na gceangal uirthi,
bíodh go raibh sé i ngrádh léi. Ní dubhairt
sí féin go raibh aon ghrádh aici dho, níor
dhein sí ach siubhal sa bhóithrín leis. A
leithéid de bhuachaill! Ní fhéadfadh sí dhá
fhocal a rádh ná déanfadh sé leith-scéal de
chun a bheith go stuacach. “Ní bhead-sa ag
fulaing leis féin ná le n-a rachtaí mí-
réasúin — ní bhead san. Brón air! Táim
cráidhte aige … Hi-Hi-Hi! An
Guardal bocht! Is maith a scar sé leis
nár síneadh fuar marbh é. Nach tráthúil
gurbh é sin an t-amhrán a rith chuige.”
“‘Ó! Greadadh ar an ngrádh 'gus
treighid air!’ N'fheadar an mbéarfaidh
Donncha Bán ag rinnce istoidhche Diardaoin'
me. Beidh Séamaisín ann is dócha. Caith-
fead é mhealladh chun suilbhreachta arís, pé
slí dhéanfad é. Ach bainfidh mé rinnce ar
dtúis as;” agus chrom sí ar “Inghean a'
Phailitínigh” agus í ag coigilt na teine
roim dul a chodla.
Bhí an rang Ghaedhilge ar siubhal istoidhche
Diardaoin' i dtigh na scoile. Bhí Séamaisín
arbha indé roimhe sin go daingean ar aigne
gan dul arís go bráth ann le h-olc chun
Donncha Bháin agus chun an ghligín mhná
do thréig é féin. Ar feadh an lae roim ré
bhí sé idir dhá chomhairle. Ar deire chuaidh
sé ann chun a thaisbeáint dóibh araon ná
raibh aon chorabhuais air féin. Thuigfeadh
duine chífeadh é go raibh dásacht dhúr agus
daingne tola ann ó'n tslí shiubhail sé isteach
agus an tslí shuidh sé síos agus an tslí
d'oscail sé a leabhar.
Bhí Mal ann agus ba lághach geal-gháireach
le cách í — níos gile ná mar ba ghnáth, dar
deimhin — ach níor fhéach sí ar Shéamaisín ar
chor ar bith agus d'aindeóin a raibh d'olc
aige dhi ní ró mhaith do thaithnigh an neamh-
aithne leis. Bhí Donncha Bán go gnóthach
leis an obair agus gan aon eolas aige ar an
gcluiche a bhí 'á imirt annsúd. Nuair
d'iarr sé ar Mhal Ruadh greas a léigheamh
do gheal a gnúis sin ar fad leis an ngáire
lághach a dhein sí 'á fhreagairt. Nuair a
chonnaic Séamaisín an gáire sin do bhraith
sé teas feirge ag eirghe istigh ann. Nuair
adubharthas leis féin léigheamh is neamh-
shlachtmhar mar do dhein sé é le méid an
suathadh aigne a bhí air; agus ní feabhas ar
an scéal é é do chlos Mal ag gáirí ós
íseal fé n-a chuid dearmhad.
Nuair tháinig tráth na n-amhrán d'iarr
Mal ar Dhonncha Bán “Greadadh ar an
ngrádh 'gus treighid air,” a mhúineadh dhóibh.
Do dhein Donncha sin agus ní raibh aon
duine istigh is binne chan é ná Mal. Níor
chan Séamaisín é ar chor ar bith. Ní mian
ceoil a bhí ar uachtar ann an tráth san ach
mian marbhaithe daoine. Do mhúin Donncha
rinnce nua an oidhche sin, “Ionnsaighe na
h-Ínse?” I gcúrsaí an rinnce nuair a
bhuail Mal agus Séamaisín le chéile bhíodar
go deighbhéasach neamh-aithnidiúil fé mar ba
dhual do bheirt nár casadh ar a chéile go
dtí sin, agus d'fhéachfaidís i n-aon áit ach
i súilibh a chéile.
Bhí Donncha Bán d'iarraidh gach aoinne
do fhreasdal. Bhíodh sé ag cainnt tamall
leis an duine seo agus tamall leis an
duine úd ach is baoghal gur eirigh le Mal
macánta cuid mhaith dá aimsir a chur amú
air. Ní fheadfadh fear déigh-bhéasach óg
neamh-thor' a thabhairt d' óg-mhnaoi mhaisiúil,
go mór mór nuair a bheadh súile gorma
aici agus ceann ruadh uirthi uirthi agus an gob
grádhmhar 'na theannta san. Ní raibh Donncha
oilte i gcluainireacht bhan.
Tháinig tráth scuir. Bhí gach duine ag
cur chun bóthair agus Donncha ag cur slán
leo agus á' rádh leo bheith ann gan teip
an chéad oidhche eile. Thug Mal aire go
mbeadh sé ag cainnt léi féin nuair a bheadh
Séamaisín ag gabháil tháirse. Chuir sí amach
a lámh go h-obann chuig Donncha “Go
dtugaidh Dia oidhche mhaith dhuit,” ar sise.
Tháinig san gan choinne ar Donncha, gan
amhras. Níorbh fhearr leis rud eile ná í
thionnlacan an oidhche sin arís. “Ná beidh
eagla ort bheith it' aonar?” ar seisean.
TROSCÁN agus LEABHTHACHA
ar fheabhas agus ar shaoire
Deunfad-sa gnó a' Gaedhilg leat!
SEÁN MAC EÓINÍN
‘CUALUCHT TROSCÁIN NA MUMHAN’
Sráid a' Chapaill Bhuidhe a 63,
CORCAIGH
Deuntús na h-Éireann
Iarr
COINNLE AGUS
SOILLSEÁIN OIDHCHE
a deintear i gCorcaigh
agus
FEUCH
CHUIGE
GURB
IAD
A GHEOBHAIR!
Is iad lucht a ndeunta —
CUALLACHT COINNLE
AN tSEANDÚNA Tta.
Sráid Shan Seáin.
I gCORCAIGH
C. & M. HEMSWORTH
I gCORCAIGH
Is ann atá
Bagún na hÉireann
Margairín & Blonag na h-Éireann
Iasc uisce na h-Éireann
An Ceann Muice leasuightar i nÉirinn
'Siad na tighthe stóir —
a 3, 4, 5, 6, 7, 8 & 9 ar ráidín an
Mhargaidh
a 40 Chaladh an Phápa agus
Is é an Árd-Oifig
a 15 ar Shr. an Mhargaidh Arbhair
Tadhg Ó Súilleabháin, an té gur leis an áit go léir
Sranngscéal:
“Hemsworth, Corcaigh.”
Guthán 182
CÓIR CLÓSCRÍOBHTHA
CHAPPEL
GAEDHILG a's
BÉARLA ar
AON GHLÉAS
— AMHÁIN —
“NÍ MEAR MÉAR go MÉARÚ na MÉARÁN SO”
Deunfar socrú fé leith le lucht Scol & Oideachais
Cúig bhliana ag clóscríobhadh
na Gaedhilge dhúinn-ne .i.
GENERAL TYPEWRITER
& SUPPLIES CO.
28 An Meal Theas i gCORCAIGH
LEABHAIR! LEABHAIR!
Tá gach saghas le fagháil
ó
LIAM RUISÉAL
68, 69 Sr. an Chapaill Bhuidhe
i gCorcaigh
Guthán: 1133
MÁ THEASTUIGHEANN UAIT
LEABHAR GAEDHILGE DE —
SHAGHAS AR BITH —
Gheobhair annso é
Déinimíd
LEABHAIR an ATHAR PEADAR
do chraobhscaoile
Sinne Muintir
BRÚIN & NUALLÁIN
Sráid Bhuintrop,
i gCORCAIGH
GHEOBHAIDH DO MHAC
TOGHA NA SCOLUIDHEACHTA
i gCOLÁISTE
CHOLMÁIN CLUANA
Gheobhair gach eolas ó'n Uachtarán —
An t-ATHAIR TOMÁS TÓIBÍN
SEÁN Ó CONAILL
Dealbhóir Gaedhlach,
SRÁID MHIC CHURTÁIN, CORCAIGH
Sgríobh ag triall air
An Lóchrann.
Seoltar i dtaobh cúrsaí gnótha nó airgid nó
díolacháin nó fógríochtha an pháipéar seo go dtí —
Bainisteoir “An Lóchrann,”
27 Sráid Tucaí i gCorcaigh
agus
Seoltar litreacha i dtaobh eagarthóireachta agus
scríbhneóireachta go dtí —
Fear Eagair “An Lóchrann,”
119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc
Bleá Cliath.
“An Lóchrann” saor tríd an bpost ar feadh
Bliana … 3/6
GREADADH AR AN nGRÁDH (ar leanúint)
“Ó! Ní bhead im' aonar,” arsa Mal na
mioscaire, “beidh Séamaisín annso faram,”
agus an gáire lághach agus an tsoilbhreacht
shéimh a bhí sí a chaitheamh ar feadh an tráth-
nóna le Donncha bhocht d'iompuigh sí ar
fad iad ar Shéamaisín. Cleas é sin a bhí
aici ón nádúir bunaidh mná a bhí innte. Ní
raibh ag Donncha bocht ach a bheith thíos leis
ach b'ait leis gur ghoill air aon rud a
dhéanfadh toice beag ruadh mar í.
An cor nua so tháinig sa scéal bhain sé
geit bheag as Séamaisín. Ní fheadfadh an
duine, gan coir a dhéanamh i n-aghaidh deigh-
bhéas, cur suas de thionnlacan na mná óige
do chuir í féin fé n-a chomairce. Thug sé
chun a chuimhne an fhearg a bhí aige dhi 'na
chroidhe. Chuir sé roimhis gan an fhearg sin
a thréigean. Bíodh go dtionnlaiceochadh sé
abhaile í, chothochadh sé a chuid feirge 'na
coinne.
Ghluaiseadar. Níor labhradh aon fhocal
eatartha ar feadh ceathrú mhíle slí. Bhí mí-
fhoidhne ag teacht ar Mhal Ruadh.
“Tá an oidhche go breágh,” ar sise.
D'fhan Séamaisín 'na thost.
Shiubhluigheadar céad slat eile. Bhí
Séamaisín go seasmhach, dúr 'na h-aghaidh.
Ní leigfeadh sé dhi amadán a dhéanamh a
thuille dhe.
Chuir sí lámh ar a uilinn. “Ná labharfá
le duine?” ar sise, agus bain sí crothadh
as a uilinn.
Níor labhair. Thóg sé an lámh go rug sí
air as a phóca agus bhí 'á luascadh ag
freagairt d'á shiubhal. Bhí sé go dúr. Bhí
an buadh leis, thuig sé. Thóg Mal bhocht a
lámh d'á uilinn.
Shiubhluigheadar fiche coiscéim eile. Ann-
san cheap Séamaisín go gcualaidh sé rud
éigin. D'fhéach sé ar Mhal Ruadh. D'fhéach
Mal uaidh. Annsan tharraing sí chúichi
ciarsúir agus stad sí agus tháinig osnaí
guil ón gciarsúir a bhí le n-a súile aici.
Bhí deallramh eile tagaithe anois ar an
scéal — go deimhin, bhí an scéal imithe ar
seachrán — agus baineadh na cosa ó Shéamais-
ín bocht. Chuaidh an cath air d'aon bhuille
amháin — thuit fallaí an dúna bhí déanta
aige. I n-aon nómait amháin bhí sé ag
congbháil Mhal le 'na láimh chlé agus ag
tiormú a súl leis an gciarsúir 'na láimh
dheis agus é go baoth ag lot a scéil féin
le 'na theangain, 'á chur i n-iúl di gurbh'
amadán é agus búiste gan eolas — rud
dob' fhíor do; agus bhí sise 'á rádh gurbh'
í féin an cuirbtheóir gan chroidhe agus gur
duine breágh ciallmhar é sin; agus eisean
'á rádh gurbh' ainglín bán ise agus ciall do
bheith aici — agus a lán eile cainnte gan
chiall fé mar is gnáth ar ócáid de'n
tsaghas.
Nuair d'fhág sé ag á doras féin í leath-
uair a chluig 'na dhiaidh sin bhí sí gan osna,
gan deor. Nuair a dhún sí an doras amach
do stad sí taobh istigh de ag éisteacht le
n-a choiscéimibh siubhail ag imeacht. Do
leath-oscail sí an doras arís. Chuala sí
an bóithrín síos é agus a chroidhe ar
sciatháin ag gabháil —
“Ó! Greadadh ar an ngrádh 'gus
treighid air.”
“An Seabhac.”
CAOINE.
Do chuir Séamas Ó Longphuirt cuid de shean-
chaoine chughainn a fuair sé i gCluain Droichid (an
chéad chuid de) agus na coda briste eile ó sheana-
mhnaoi dhaill i dTigh na mBocht i gCorcaigh. Ní raibh
aici ach coda beaga briste dhe agus níor éirigh le
Séamas Ó Longphuirt an caoine a shlánú ná puinn
d'á scéala d'fhagháil. B'fhéidir go mbeadh ameasc ár
léightheóirí duine éigin a chualaidh go h-iomlán é nó a
chualaidh cuid éigin de. Táimíd á iarraidh go gcuirfí
chughainn aon eolas a gheobhthar 'na thaobh. Seo cuid
Shéamais Uí L. de:
Éirigh aniar chugham a thuile
Trí Mhuisire na bó baininne,
Nár treabhadh riamh umair(e) air,
Nár ceangluigheadh riamh punann air
Ach fraochán burra gluis
Suas go h-ioscadaibh,
Ceó ar a mhullachaibh
Is ceól ag fiolaraibh
Ag gabháil dá iomallaibh.
Is beag a shaoileas go mbeinn at thórramh
Nuair a bhíossa a bailiú dot [nóchar]
Gloiní dá bórdaibh is fáinní dhá dóirnibh.
Do shaoileas go mbeifeá at phósadh,
Ag codlad 'na clúid go n-eirigheadh an
drúcht
'S go mbeadh do bha boga dá gcrúdh.
Ní raibh aoinne at aice agat
Ach búire Sasanaigh is clann ceannuighthe;
Gura maith agaibh-se ó bhí sé d'easba 'rainn
Go dtángamar eadraibh!
(1) “Ceó ar a mhullachaibh, &c?” Is taithneamhach
na trí línte iad so ar Mhuirsire an Cheoidh.
(2) “Clann ceannaithe” .i. Ar mhargadh an Ime i
gCorcaigh a fuair an duine bás — pé duine é.
I Múscraidhe ba dhóichí a bheadh scéala an chaointe
seo le fagháil.
Fr. an L.
<Prós>
Seán agus an t-Asal.
Bhí an lá so scuabach tirm agus bhí gach
nduine á phropáil féin chun cnuic d'iarraidh
móna. Pé breallaighe bhí ar Sheán, d'imigh
an t-asal uaidh agus thug aghaidh an casán
siar, Seán 'na dhiaidh ag spalpóireacht agus
gach spalpadh aca ag guidhe chun an asail a
dh'ídeach. Do cheap an t-asal gur gainnimh
a bhí ó n-a Mháistir agus nuair a shroich sé
crosaire na Trágha Báine d'iompaigh sé
síos. Nuair a shroich Seán an crosaire 'na
dhiaidh agus toisc ná raibh tásc ná tuairisc
an asail aige do ghaibh sé an bóthar díreach.
Nuair ná raibh an t-asal le fagháil aige,
shuidh sé agus do thairrig sé 'anál — agus
gádh aige leis.
Preabann Seán 'na shuidhe i gceann
tamaill agus casann ar an dtigh agus
bíonn sean-Eoghan 'na choinne siar.
“Cad a thug an treo seo thu?” arsa
Eoghan.
“Fánaire asail atá agam,” arsa Seán,
“agus an diabhach á bhreith uaim pé rud a
dhéanfad a cheal cinn aca!” ar seisean.
“Tá gach aon áit mór dtimcheall loirgithe
agam do gan a thuairisc. Is dócha gur
leis an bhfaill a chaith sé é féin.”
“Ar mh'anam nach eadh,” arsa Eoghan,
“agus an chluas a bhaint díom-sa gurab é
an t-asal dubh atá siar agus aniar age
briseadh na tuinne ar an dTráigh Bháin é.”
“Ó Mhuise im baiste, má tá aon asal
dubh ann, is é, mar dob fhearr leis a
bhurlach (brollach) a thabhairt do'n bhfairrge
féin ná do ghruadh an chnuic aon lá riamh.
Dar Muire! B'fhéidir gur cheap sé gur
paca gainnimhe bhí uaim agus an diabhach
rud is fearra dhom ná dul abhaile agus
mála thabhairt liom agus lán an mhála dhi a
chur ar an diabhal!”
B'eo leis abhaile de'n ráib sin agus
beireann ar mhála.
“Cabhail (cá bhfuil) a t-asal uait?”
arsa Méinní.
“Cá mbeadh sé ach sa donas, san áit go
mbíonn sé gach lá sa tseachtain,” ar
seisean, “ach ní h-air atá an locht ach
orm-sa ná tugann an ghuala do agus é
chur i n-áit a choinneochadh é,” arsa Seán
ag bualadh an doras amach. Do stad sé
“Hé, a Mhéinní!” ar seisean, “beannacht
Dé dhuit agus tar amach go bhfeicir an
buachaill.”
Tagann. Chíd siad uatha siar ar an
dtráigh é agus é ag rith ar feadh na trágha
agus i mbéal na tuinne agus a eirball san
aer aige ag spórt leis an dtuinn bhriste
fé mar thagadh sí ar dtráigh.
“Dar mo chorp & m'anam!” arsa Seán,
“tá sciorta de'n Diabhal san asal san.”
“Mo mhallacht go bráth ort, mar asal.”
arsa Méinní, “beam gan aon fhód móna
anocht mar gheall ort.”
Buaileann Seán siar agus a mhála aige.
Nuair a shroicheann sé an tráigh cuireann
sé gainnimh sa mhála agus annsan buaileann
síos fé dhéin an asail agus is dócha nach
aon ghuidhe chóir a chuireann é 'na bhun.
Tagann an t-asal aníos chomh macánta le
h-uan go dtagann chomh fada leis an mála.
Nuair a thagann árduigheann a chluasa agus
a eirball agus buaileann chun siubhail ar
cosa-anáirde agus fágann Seán agus a
mhála annsan.
“Mór-mhallacht go leanaidh tú,” arsa
Seán, “agus imeacht gan filleadh ort, a
dhalta, maran moch ar maidin a chromais ar
mhagadh fúm,” agus do lean sé an t-asal
agus olc air chuige. Ana-mhaidean grinn.
Tomás Ó Criomhthain.
CAILÍN DEAS CRÚIDHTE NA MBÓ.
I.
As mo chasadh trí mhachaí bó crúidhte
Is me tuirseach tinn túirseach go leor
Mo charabat cast' ar mo shúiste
Agus allus ag púscadh * trím' bhróig;
Seadh do dhearcas an ainnir mhilis mhúinte
Bhí maisiúil deagh-chúmtha 'na cló,
Agus d'iarras deoch bhainne le dúthracht
Ar chailín deas crúidhte na mbó.
II.
Achraim ar Mhuire 's ar a h-Úr-Mhac
Nár chaillir-se crúdh do chuid bó,
Nár laghduighe sé do channa ná do chrúsca
Má olaim-se piúnt de nó dhó;
Sé dubhairt sí “Suidh farm agus tabharfad,
Dá gcosnuigheadh gach piúnt de sin coróin
Mar is gairid a bheadh canna dhi i Lunndain †
D'á chur bun os cionn linn gan seoid.”
* Púscadh .i. ag sileadh as mar bheadh uisce as
púscán nuair a fáiscfí é.
† Is do'n tiarna talmhan a bhí 'na chomhnaidhe i
Sasanna atá sí ag tagairt.
Liam Bradlaí,
Fearann na h-Abhan,
i n-Nibh Ráthach.
CRÓNÁN DO'N BHÓ.
Ó cuireadh an uimhir dheireanach de'n “Lóchrann”
amach taisbeánadh dúinn leagan eile de'n “Crónán”
so a bhí i n-“Irisleabhar Muighe Nuadhat” i 1914. An
t-Athr. Ó Nualáin a sholáthruigh do'n Iris sin é. Tá
dhá líne 'na thosach ná raibh sa “Lóchrann” .i.
Croidhe ón 'caithiseach
Croidhe óg is Pheadair thu.
Tá cuid mhaith sa “Lóchrann” ná raibh san “Iris-
leabhar;” agus tá malairt i roinnt línte atá sa dá
leagan cé gur beag é. Ins na línte seo síos is mó
atá malairt:
Nárab eagal duit
Poll ná madra
Ná aon féith bhaiscitheach
A bhainfeadh leagadh asat
Ag teacht abhaile dhuit
Le linn an eadartha.
Fr. an L.
<Prós>
An t-Arán
Thar Arán
ARÁN UÍ SHÉAGHDHA
ar
SHRÁID AN CHAPAILL BHUIDHE
Do'n MHONARCHAIN
Teastuigheann REICEADÓIRÍ uainn
— i mbailte tuaithe —
Guthán 424
Pádraig Ó h-Aodha
26 Caladh Phádraig Naomhtha,
CORCAIGH
'Na Reiceadóir i gcóir na gcárr so:
AN DODGE
AN ARMSTRONG SIDDLEY
AN CITROEN
AN HILLMAN
“MIC MO ROGHA!”
(“Mick for me”)
Caith Tobac
“MIC McQUAID”
is é is fearr ar domhan
Isiad lucht a dheunta —
P. Ó CEARBHAILL
is a Chua (Teor)
Dúndealgan
An Chéad duais
Oireachtas, 1924
AMHRÁIN SHÉAMUIS MHÓIR
UÍ MHUIMHNEACHÁIN
maille le gearrsheanchas ar a bheathaidh
1/- a fhiacha
2/- tríd an bpost
Le fagháil ó'n “Kilkenny People” i gCill Chainnigh
PÁDRAIG DE BÚRCA
10 SRÁID CHÚC, CORCAIGH
A GHAEDHEALA! Nuair a bheidh TAE, SIÚICRE,
TOITÍNÍ, &c., ag teastáil uaibh ceannuighidh
uaim-se iad.
Safety
First
An té mhianuigheas a chuid spártha chur chun sochair sé cheud rud
ritheann chuige ná “an baoghal dom aon phioc de seo a chailliúnt”
A Luach
Indiu
15/6
ISSUED AND GUARANTEED BY
SAVINGS
CERTIFICATES
SAORSTÁT ÉIREANN
A Luach
5 bhl.
ó Indiu
£1
Iad Saor ó bhaoghal
An áis is fearr chun rud a chur in áirithe dhuit
féin agus dod' chúram le h-aghaidh lá na gaoithe
A gCáilíochtaí féin fé leith:
AN STÁT IN URÚS ORTHA
5¼% DE MHÓR-ÚS ORTHA
IAD SAOR Ó CHÁIN
IS FUIRIS A n-AIRGEAD FHÁIL
Gheobhair pé méid díobh is maith leat ó ceann amháin go 500 ceann
(sin £375 10s.) Iad á ndíol ins na banncaibh agus in oifigí airgid
gheobhair gach eólas ach scríobhadh (agus ní gádh stampa) chuig
AN ÁRD-OIFIG UM CHOIGILTEACHT,
63 Sráid Dásúin, ÁTH CLIATH.
47/C.H. 1332
W.H.Co.
Seanfhocail
(ó Óileán Cléire).
1. Eochair tighe mhóir gan córda bíonn sé
ró shleamhain.
2. An gaol atá ag an mboin leis an
mbláthaigh.
(.i. gaol sínte).
3. Tá an solus idir shúilibh na méar agam.
4. Prátaí tura teo; gan aon ní i n-ao'
chor leo.
5. Eirball óir ar mhuic; lán a h-adhairce
[ar] an mbuin.
* 6. Iasacht an roilligh do'n fhaoilinn iasacht
ná fillfidh go deo.
7. Caraid na mban lámh le teas,
Caraid na bhfear sa chúil.
8. Bó aonaigh nó caille Domhnaigh.
9. An sórt san bidh — an sórt san daoine.
10. Deoch uisce gan iarraidh leigheas faile.
Domhnall Ó Ceocháin do bhailigh.
* Sé an scéal atá ar innsint i dtaobh an tsean-
fhocail seo i gCorca Dhuibhne ná go raibh an fhaoileann
fadó agus gan aon chroicean idir mheireanna a chos
agus d'á bhrí sin níorbh' fhéidir di snámh ar chor ar bith.
Chuaidh sí go dtí an roilleach go raibh cosa snáimh aige
agus d'iarr a cosa ar iasacht air agus fuair. Fuair
an roilleach cosa na faoilinne agus chuaidh ar snámh.
Do thaithnigh cosa an roilligh chomh mór san leis an
bhfaoilinn nár fhill sí riamh í shin leo. Ta an roilleach
ag siubhal na trágha ó shin gan fagháil ar snámh aige.
Fr. an L.
Leisge chun codlata,
Leisge chun éirghe,
Leisge chun na h-oibre,
Agus sodar chun a' bhíd.
M. Ó G.
RÍ NA gCNOC
(An chuid eile).
Máirín: Féach anois leat!
Micil: Seadh ní foláir nó tánn tú sásta
anois.
Máirín: Táim … ach fan … am briathar,
gur dóigh liom gur scaoileas ró bhog
uaim é gan feirm thalmhan d'iarraidh,
leis. Preab, a riaigh! agus glaoidh
thar n-ais air. Brostuigh!
Micil: Glaodhach thar n-ais air!
Máirín: Dar ndóigh, seadh. Brostuigh, a
dhuine! Corruigh tu féin.
[Micil do dhul amach agus do ghlaodhach ós árd agus
é d'fhilleadh arís.]
[Rí na gCnoc do theacht isteach.]
Rí na gCnoc: Cad é seo anois oraibh?
Máirín: A Rí ró-uasail, bhíos 'á cheapadh,
dá mb'é an dá mhar a chéile dhuit-se é,
gur bh'fhearr liom go mór feirm ná
an tigh slinne úd. Dá mbeadh feirm
agam d'fhéadfainn cearca bheith agam
agus muca, agus ba. D'fhéadfainn,
b'fhéidir, braon uachtair a chur ar
chupán té chughat nuair a thiocfá ag
eitilt ar an dtaobh so 'rís.
Rí na gCnoc: Tá go maith. Bronnaim
an fheirm ort.
(Dul do amach.)
Micil: Cad é seo anois? Feirm! Seadh,
d'imigh an donas ort mara bhfuilir
sásta anois.
Máirín: Táim agus nílim. Ar a shon
san is mór an duagh feirm thalmhan.
Ba dheise go mór liom comhnaidhe i
gcathair agus bheith ag gabháil na
sráide go h-uasal istigh im' chóiste.
Micil: Istigh id' chóiste! Ar son Dia,
'óinsigh, bíodh éifeacht éigin leat.
Máirín: Tá éifeacht liom. Cár chóra
do dhuine eile ná domhsa cóiste breá
bheith aige. Seo leat amach agus
glaoidh ar an Rí sin.
Micil: 'S dóigh féach! Níl aon réasún
i n-ao' chor leat.
Máirín: Nach cuma dhuit-se ach rud a
dhéanamh orm. Imigh! Corruigh!
Brostuigh!
Micil: (dul do amach le neamhfhonn): A
Rí na gCnoc! A Rí na gCnoc!
(teacht do isteach arís).
Rí na gCnoc (teacht isteach do): Cad
dob áil libh díom anois?
Máirín: A Rí Onóraigh, ní dóigh liom,
tar éis an tsaoghail, gurbh' í an fheirm
sin ba dheise liom. B'é b'fhearr a
réidhteochadh liom ná tigh áluinn sa
chathair agus bheith i gcóiste breá ar
mo shocracht ag gabháil síos agus suas
an tsráid.
Rí na gCnoc: Bíodh amhlaidh. I gcionn
na h-uaire beir it' bheanuasal agus
tigh mór sa chathair agat.
(É do dhul amach.)
Micil: Tigh mór sa chathair agat! Dar
fia, a bhean bheag, ach go bhfuil
fuadar árd fút.
Máirín: Níl! níl! Níl aon mhaith ionnam.
Ba chirte dhom caisleán d'iarraidh air
agus bheith im Bhan-Iarla ar nós Ban-
Iarla an Dúna. Och nach me scaoil
uaim go h-aindeis é!
Micil: Tá sé ráidhte riamh, a bhean bheag,
nuair a théigheann an gabhar 'on team-
pall ná stadann —
Máirín: Deirim leat éisteacht. 'Migh
ort amach agus glaoidh air siúd arís.
Preab!
Micil: Faid a mhairfidh me beo, ní raghad.
Maran tu an óinseach agam.
Máirín: 'S dóigh deirim leat dul. Nach
dána thu ná déanfadh rud orm, mhuis'.
Micil: Sé an turus deiridh agam é,
mhuise (é do dhul amach agus a
ghlaodhach), A Rí na gCnoc! A Rí
na gCnoc! Thar n-ais arís leat.
(É do theacht isteach.)
Rí na gCnoc (é do theacht isteach): Cad
tá uaibh anois?
Máirín: Féach, a Rí, ba mhaith liom go
ndéanfá bean uasal cheart díom.
Ba mhaith liom bheith im' Bhan-Iarla
agus comhnaidhe i gcaisleán breá. Ba
chumhang liom tigh d'aon tsaghas. Ní
bhfaghainn mo shláinte ach i gcaisleán.
Rí na gCnoc: Tá go maith. Beir it'
Bhan-Iarla.
(É d'imeacht.)
Máirín: Seadh, féach anois duit! Mise
im' Bhan-Iarla!
Micil: 'S dóigh mhuise, a bhean bheag, pé
gradam a tabharfar duit gur ró mhór
is baoghal liom go n-aithneofar choidhche
ort gur tú inghean Pheig Mhuirfí.
Máirín: Fan go bhfeicir me im' chaisleán
breá agus bíodh geall ná h-aithneochair
ó Bhan-Diúc me. Ó nach é an scrios
é nár iarras Ban-Diúc a dhéanamh
díom!
Micil: Ó grásta Dé chughainn! Tánn
tú gan aon splannc. Féach ná
déanfá gnó glan de agus a iarraidh
Ban phrionnsa a dhéanamh díot — nó
Bainríon ar Éirinn.
Máirín: Im' bhainrín ar Éirinn. É?
Féach, im' briathar gur agat atá an
ceart. Ó Dia go deo linn! Nach
me scaoil an doras amach uaim é?
Rith, a Mhicil, rith agus beir thar n-ais
arís é.
Micil: Cos liom ní raghaidh arís thar
doras na dhiaidh, a ghligín óinsighe.
Tá deire 'gamsa leis.
Máirín: Déanfad féin é (í do dhul do'n
doras). A Rí na gCnoc! A Rí na
gCnoc!
Rí na gCnoc (a teacht do ): Cad dob'
áil leat anois díom!
Máirín: Tá, a Rí, nach fiú liom gabháil
le bheith im' Bhan-Iarla gan Bainríon
ar fad a dhéanamh díom ar Éirinn.
Rí na gCnoc: Bíodh amhlaidh. Beir it'
Bhainrín ar Éirinn; ach aire dhuit, a
Mháirín, ná leig do mhian thar teorainn.
(É d'imeacht.)
Máirín: Seadh, cad tá le rádh anois agat?
Féach anois me — Máirín, Bainríon
uasal na h-Éireann. Anois cad
deireann tu liom?
Micil: Adeirim, a Mháirín, go bhfeaca
droch-fhuadar i súil an Rí úd nuair a
dh'fhéach sé ort.
Máirín: Is cuma san nuair a bhead-sa
im' bhainrín agus an saoghal ar mo
thoil agam. Go deo 'rís ní bheidh orm
éirighe le breacadh an lae chun gnó an
tighe dhéanamh. Caithfead an lá go
léir sa leabaidh go sámh dom fhéin.
Ní bhead a thuille fé smacht na gréine.
Micil: Sé an scrios cráidhte gan tu id'
Bhainrín ar an ngréin, leis, chun do
thoil a dhéanamh léi.
Máirín: Ó féach! Níor chuimhnigheas riamh
air sin! Sin é díreach a dhéanfad
(í do ghlaodhach) A Rí na gCnoc!
A Rí na gCnoc! Fill aon uair
amháin eile.
Rí na gCnoc: (teacht do): Aire dhuit, a
Mháirín. Dein mo chomhairle. Cad
tá uait orm?
Máirín: A Rí Uasail, i n-ionad bheith im'
Bhainrín ar Éirinn amháin, ba mhaith liom
bheith im' Bhainrín ar an domhan uile
agus smacht agam ar an ngréin agus
ar an ngealaigh agus ar na réilthíní
go léir.
Rí na gCnoc: Á! A Mháirín, dubhart leat
é aire thabhairt agus gan do mhian a
dhul thar teorainn. Tá a raibh fachta
agat caillte arís agat!
Máirín: Á! A Rí Uasail, dein truagh
dhom. Á! Ná creach me. Cuimhnigh
ar an gcomaoin a chuir m'fhear
pósta ort.
Rí na gCnoc: Ní rabhais-se sásta le
cúiteamh uasal d'fhagháil ann gan
cuid d'á chomhacht a bhaint de Dhia
féin. Chuais thar teorainn. Fanfair
it' bhotháinín shuarach annso díreach
mar fuaireas ar dtúis ann tú.
(É d'imeacht.)
[Máirín do chromadh le brón. Micil d'fhéachaint
uirthi agus amach an doras, agus arís ar Mháirín.]
brat.
(Ar n-a thionntó ó theangain iasachta).
AN TIGH
IS FEARR
I nÉIRINN
I gcomhair na neithe seo:
BUINN DEALGA,
FLEASCÁIN, &c.
OBAIR CHONDUALACH
ar an SEÓD LUACHMHAR
(Liosta inaisge)
LIAM MAC AODHGÁIN
Is a Chl. Mhac
Seódoirí agus Gaibhne geala,
31 & 32 SR. PHÁDRAIG NAOMHTHA
I gCORGAIGH
SIUBHAIL! SIUBHAIL!
An Tobac agus na Toitíní agus gach nídh eile is fearr le fághail táid dá ndíol ag ÉAMONN Ó COCHLÁIN,
Sráid an Phínigh i gCorcaigh.
CHÓMH BLASTA
le
h-AON-ÍM!
MARGAIRÍN
“LEANDAR”
Tá 'á dhéanamh
I gCORCAIGH
ag
Ó DUBHDAILL
Ó MATHÚNA
agus a gCualacht
Bí 'á lorg ar lucht siopa,
led' thoil.
MEAR-SMAOINEAMH.
Is iongantach é smaoineamh an duine ar a mhéid a
dheineann sé de'n tsiubhal. I bhfiadhnaise Dé féin ní
fhanann socair, agus is cuma leis ar uathadh nó ar
iomad daoine an ball, nó olc maith an chuideachta
ann, tugann Sé cuaird air. Is ionann leis cian is
comhgar, muir agus mágh; ní cosc air cuibhreach ná
carcair, daingean ná dún, agus é ag síor-imtheacht
ar mire gan máchail. Is truagh an t-é gur leis an
seachránaidhe seo agus ní h-iongnadh an t-é sin ag
iarraidh conganta ar Dhia dá chosc.
Aistriú an méid seo síos ar shean-chainnt atá le
fáil in “Ériu” III, Leath. a 13.
Is náire dom mhearsmaoineamh
An méid éaluíonn uaim.
Is baoghal liom mo mhearchaoineadh
I ló brátha buain.
Is na salma imthigheann-sé
Ar chonair nách cóir.
Ritheann, buaidhreann, imrigheann-sé
Fé roscaibh Dé Mhóir.
Trí oireachta achrancha,
Trí buidheanta ban mbaoth,
Trí choillte, trí chathracha,
Níos luaithe ná 'n ghaoth.
Trí slighte na subháilce
An turus so dho
Trí doimhneas na dubháilce
Uair eile ní gó.
Gan tuisle na claoin-chéime
A chéim thar gach lear.
Caoin caitheamh na h-aen-léime
Ó thalamh go neamh.
Ritheann, ní rith ró-ghaoise,
I bhfogus, i gcéin.
Déis réimeanna ró-bhaoise
Tagann dá thigh féin.
Cé trialltar a chuibhreach-san
Nó ceangal a chos,
Ní ciallmhar, ní cuimhneach-san
Gur sochar do sos.
An faobhar nó fuaim fleasc-bhuille *
Ní thraochann go tailc,
Sleamhain mar eirball eascuinge
Ag dul as mo ghlaic.
Glas nó carcair crom-dhaingean,
Nó cuibhreach ar bith,
Dún, nó lear, nó lom-dhaingean,
Ní choisceann dá rith.
Tar a Chríost chaoin, cheart-gheanmaigh,
Darab léir gach rosc.
Rath an spioraid sheacht-dhealbhaigh
Dá choimeád dá chosc.
Caoin-rialaigh mo chlaon-chroidhe-se
A Dhé na ndúl dhéin.
Gurab tu mo léir-dhílse,
Go ndéintar dod réir.
Gur le Críost 'na chaomh-chumann
A bhean in aon le,
Ná fuil siubhlach saobh-chumach
Ní h-ionann is me.
Is náire.
* Buille fuipe.
P. Ó D.
Dearbhráthair agus deirbhshiúr ab' eadh
Séamas agus Brighid. Do pósadh Seán,
mac Bhrighde, agus Nóra, inghean Shéamais.
Tamall maith na dhiaidh sin fuair Séamas
bás. Lá na sochraide bhí Seán go dubhach
dubhrónach uchlánach os cionn na h-uagha.
Bhí oiread san gleo agus tré chéile aige 'á
dhéanamh go dtáinig duine des na comhar-
sanaibh chuige.
“Arú, a Sheáin,” ar seisean, “is mithid
duit stad. An duine atá bailithe leis (go
ndeinidh Dia trócaire air) ná raibh sé aosta
go maith agus é i n-am aige imeacht.”
“Ná fuil mo dhóthain mhór de chúis agam,”
arsa Seán bocht, “Nach shin marbh m'uncail
féin agus dearbhráthair mo mháthar agus
athair mo chéile agus sean-athair mo leanbh!”
An Mada Ruadh.
A “Lóchrainn,” céad fáilte óm' chroidhe
rómhat
Go mairir fé réim is deagh-cháil,
'Ghár spreagadh 's ár dtógaint ó'n daoirse
'Na rabhamar, mo léir, 'dul dá'r mbáthadh;
Ghár n-oiliúint i dtréithibh ár sinnsear —
Sean-nósa, sean-bhéasa a's amhráin;
Go bhfeiceam an Ghaoluinn d'á síor-labh'irt
Ameasc aosta agus óg i dTír Fáil.
An Mada Ruadh.
LEABHAR NUA.
Do léigheamar le déannaighe an leabhar do scríobh
Seán Tóibín ar Thireolas agus, gan amhras ar bith, ba
mhór mar thug sé taithneamh dúinn mar is neamh-
choitcheannta an saghas leabhair i nGaedhilg é agus
is neamh-choitcheannta an leabhar é ar Thíreolas na
hÉireann. Do bhris Seán Tóibín an sean-nós tur
tirm ba ghnáth le linn ár n-óige-ne. Chuir sé beócht,
léireacht, taithneamhacht agus eolas tairbheach san
méid a scríobh sé ionnus gur chomh-deas de leabhar
leightheóireachta agus de leabhar tíreolais é. Tá
stair fighte isteach ann agus tagarthaí do neithe
inspéise a bhaineann le gach áit.
Aon duine gur mhaith leis Bronntanas Nodlag nó
Aithbhliana thabhairt d'á charaid ní fhéadfadh sé a shárú
so d'fhéirín d'fhagháil .i.
“TÍREOLAIDHE AR ÉIRINN,” le Seán Tóibín, ar
5/-, ó Chualacht Brún, Ó Nualáin agus Ó Fallúin tta.
i mBleá Cliath.
“AN GLÉAS CLÓSCRÍOBHTHA IS FEARR CHOIDHCHE”
MÉARÁIN AIR I gCÓIR GAEDHILGE & BÉARLA
Deunfar socrú fé leith le lucht scol agus oideachais
GRAFADÁIN GESTETNER
Reiceadóirí sinn-ne i gcóir an dá ghléas:
CUALLACHT CLÓSCRÍOBHÁIN NA MUMHAN
28 SRÁID MHARLBHORO' I gCORCAIGH
UINSION MAC CÁBA, CILL na MULLACH, Fear Rothar agus Mótar agus Leictrise. Gheobhair mótar ar aimsir uaidh.
Cuir srannsceul chuige.
Cló-chualacht Seandúna, Corcaigh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11